TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú ainm Fearainn Barrleibhéil .eu agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialacháin (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún
26.11.2018 - (COM(2018)0231 – C8‑0170/2018 – 2018/0110(COD)) - ***I
An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Fredrick Federley
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cur chun feidhme agus feidhmiú ainm Fearainn Barrleibhéil .eu agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 733/2002 agus Rialacháin (CE) Uimh. 874/2004 ón gCoimisiún
(COM(2018)0231 – C8‑0170/2018 – 2018/0110(COD))
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0231),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 172 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0170/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 11 Iúil 2018[1],
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an ...,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0394/2018),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(1 a) An éabhlóid thapa ar mhargadh an fhearainn barrleibhéil (TLD) agus ar an tírdhreach digiteach dinimiciúil, éilíonn sé timpeallacht rialála a bheith ann a sheasfaidh an aimsir agus a bheidh solúbtha. Tá sé mar aidhm le Fearann Barrleibhéil .eu (TLD .eu), trí dhea-bhainistiú, cabhrú chun féiniúlacht an Aontais a fheabhsú agus chun luachanna an Aontais, amhail an t-ilteangachas, an urraim do phríobháideacht agus do shlándáil úsáideoirí agus an urraim do chearta an duine, mar aon le tosaíochtaí ar líne, a chur chun cinn. |
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(2 a) Is é an TLD .eu an t-ochtú TLD cóid tíre is mó ar domhan agus bhí níos mó ná 3.8 milliún clárúchán aige in 2017. Baineann institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais feidhm as an TLD .eu, lena n-áirítear le haghaidh tionscadal agus tionscnamh. |
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4) Ba cheart a bheith sa TLD .eu nasc leis an Aontas agus leis an margadh Eorpach atá sainaitheanta go soiléir. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas gnóthais, eagraíochtaí agus daoine nádúrtha laistigh den Aontas ainm fearainn a chlárú faoin TLD .eu. Ba cheart go gceadófaí do shaoránaigh an Aontais ainm fearainn .eu a chlárú, beag beann ar a n-áit chónaithe. |
(4) An TLD .eu, mar ainm fearainn sonrach ar an Aontas faoi lipéad atá soiléir agus so-aitheanta, ba cheart go mbeadh sé ina nasc leis an Aontas, agus leis an margadh Eorpach, atá sainaitheanta go soiléir, agus féiniúlacht ar líne don Aontas, ag cruthú féiniúlacht láidir don mhargadh aonair digiteach, faoi réir dhlí an Aontais agus caighdeáin trádála. Ba cheart go gcuirfeadh sé ar chumas gnóthais agus eagraíochtaí arna mbunú laistigh den Aontas nó laistigh den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch (LEE), agus daoine nádúrtha a bhfuil cónaí orthu i mBallstát nó i dtríú tír atá ina ball de LEE, ainm fearainn a chlárú faoin TLD .eu. Ba cheart go gceadófaí do shaoránaigh an Aontais ainm TLD .eu a chlárú, gan beann ar a n-áit chónaithe. Is cuid thábhachtach den fhéiniúlacht Eorpach é fearann den sórt sin a bheith ann, agus tá úsáideoirí freagrach as é a úsáid mar is cuí. |
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5) Ba cheart ainmneacha fearainn sa TLD .eu a leithdháileadh ar na páirtithe incháilithe ach iad a bheith ar fáil. |
(5) Ba cheart ainmneacha fearainn sa TLD .eu a leithdháileadh, ar phraghas réasúnta, ar na páirtithe incháilithe ach iad a bheith ar fáil. |
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(5 a) Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) maidir le hainmneacha fearainn a chlárú sa TLD .eu chun go soláthrófaí d’iarratasóirí ar thrádmharcanna an Aontais Eorpaigh (EUTM) nó ar dhearaí cláraithe Comhphobail (DCC) leithdháileadh de na TLDanna .eu is infheidhme maidir lena dtrádmharcanna nó lena ndearadh, faoi réir iad a bheith ar fáil. Ba cheart a áireamh sa mheasúnú sin freisin bearta eile nó gníomhaireachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag gabháil do chosc cláruithe amhantracha agus míchuí (‘cibearshuiteoireacht’) a agus a d’fhéadfadh nósanna imeachta simplí riaracháin a éascú, go háirithe i gcomhair fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna). |
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9) Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, Clárlann a ainmniú don TLD .eu. Ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh leis an gClárlann roghnaithe agus ba cheart a áireamh sa chonradh sin na prionsabail agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhaineann leis an gClárlann maidir le heagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu. Ba cheart teorainn ama a bheith leis an gconradh agus é a bheith in-athnuaite. |
(9) Ba cheart don Choimisiún, ar bhonn nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach, agus éifeachtúlacht costais agus simplíocht riaracháin á gcur san áireamh aige, Clárlann a ainmniú don TLD .eu. Chun na critéir a bhunú le haghaidh clárlann a ainmniú agus nós imeachta roghnúcháin oscailte, trédhearcach agus neamh-idirdhealaitheach don ainmniú sin, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfaí na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 9 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(9a) Ba cheart don Choimisiún conradh a dhéanamh leis an gClárlann roghnaithe agus ba cheart a áireamh sa chonradh sin na prionsabail agus na nósanna imeachta mionsonraithe a bhfuil feidhm acu maidir leis an gClárlann i dtaca le heagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu. Ba cheart fad cinnte a bheith leis an gconradh agus ba cheart é a bheith inathnuaite. |
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 22 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(22) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an TLD .eu. Ba cheart don mheastóireacht féachaint do chleachtais oibre na Clárlainne ainmnithe agus ábharthacht a cuid cúraimí. |
(22) Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar éifeachtacht agus ar fheidhmiú an TLD .eu. Ba cheart don mheastóireacht féachaint do chleachtais oibre na Clárlainne ainmnithe agus ábharthacht a cuid cúraimí. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún, gach trí bliana, togra a thíolacadh maidir le feidhmiú ainm an TLD .eu. |
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 1 – mír -1 (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
-1. Is é is aidhm don Rialachán seo tacaíocht a thabhairt don mhargadh aonair digiteach, féiniúlacht Eorpach ar líne a chruthú agus gníomhaíochtaí trasteorann ar líne a spreagadh, trí iomaíochas ainm an TLD .eu a chur chun cinn. |
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 2 – mír 1 – pointe a | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(a) ciallaíonn “Clárlann” an t-eintiteas a gcuirtear de chúram air eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu, lena n-áirítear cothabháil na mbunachar sonraí comhfhreagrach agus na seirbhísí um cheisteanna poiblí a bhaineann leo, clárú ainmneacha fearainn, feidhmiú Chlárlann na n-ainmneacha fearainn, oibriú freastalaithe ainmneacha TLS na Clárlainne agus scaipeadh comhad creasa TLD; |
(a) ciallaíonn “Clárlann” an t-eintiteas a gcuirtear de chúram air eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu, lena n-áirítear cothabháil na mbunachar sonraí comhfhreagrach agus na seirbhísí um cheisteanna poiblí a bhaineann leo, clárú ainmneacha fearainn, feidhmiú Chlárlann na n-ainmneacha fearainn, oibriú freastalaithe ainmneacha TLS na Clárlainne agus scaipeadh comhad creasa TLD, i gcás inarb infheidhme; |
Réasúnú | |
Tá srianta le scaipeadh comhad creasa TLD á n-úsáid ag TLDanna mar bheart slándála agus is gá an tsolúbthacht sin a chaomhnú trí chruthú oibleagáide a sheachaint. | |
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – pointe ii | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(ii) duine nádúrtha nach saoránach de chuid an Aontais é agus atá ina chónaí i mBallstát; nó |
(ii) náisiúnach tríú tír atá ina chónaí i mBallstát nó i dtríú tír atá ina ball de LEE; |
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – pointe iii | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(iii) gnóthas a bunaíodh laistigh den Aontas; nó |
(iii) gnóthas arna bhunú i mBallstát nó i dtríú tír atá ina ball de LEE; |
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – pointe iv | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(iv) eagraíocht a bunaíodh laistigh den Aontas gan dochar d’fheidhmiú an dlí náisiúnta. |
(iv) eagraíocht arna bunú i mBallstát nó i dtríú tír atá ina ball de LEE gan dochar d’fheidhmiú an dlí náisiúnta. |
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 3 – an chuid réamhráiteach | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Féadfaidh an Chlárlann ainm fearainn a chúlghairm ar a tionscnamh féin agus gan an díospóid a chur faoi bhráid aon socrú seachbhreithiúnach ar choinbhleachtaí, ar na forais seo a leanas: |
3. Féadfaidh an Chlárlann ainm fearainn a chúlghairm nó a chur ar fionraí ar a tionscnamh féin agus gan an díospóid a chur faoi bhráid aon socrú seachbhreithiúnach ar choinbhleachtaí, ar na forais seo a leanas: |
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – an chuid réamhráiteach | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4. Féadfar ainm fearainn a chúlghairm freisin agus, más gá, é a aistriú ina dhiaidh sin chuig páirtí eile, faoi réir nós imeachta um réiteach malartach díospóidí nó nós imeachta breithiúnach, i gcás ina bhfuil an t-ainm sin comhionann nó ina bhfuil cosúlacht mhearbhallach idir é agus ainm a mbunaítear ceart ina leith ag dlí náisiúnta nó dlí an Aontais, agus i gcás ina bhfuil sé: |
4. Féadfar ainm fearainn a chúlghairm freisin agus, i gcás inar gá, é a aistriú ina dhiaidh sin chuig páirtí eile, faoi réir nós imeachta um réiteach malartach díospóidí nó nós imeachta breithiúnach, i gcás ina bhfuil an t-ainm sin comhionann nó ina bhfuil cosúlacht mhearbhallach idir é agus ainm a mbunaítear ceart ina leith ag dlí náisiúnta nó dlí an Aontais, agus i gcás ina bhfuil sé: Déanfar ainm fearainn a chúlghairm i gcás ina bhfuil sé: |
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 4 – fomhír 1 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
Tar éis di dul i gcomhairle leis an gCoimisiún agus le Grúpa Comhairleach na bPáirtithe leasmhara .eu de bhun phointe (ca) d’Airteagal 14(3), glacfaidh an Chlárlann beartais thrédhearcacha agus intuartha chun sainaithint thráthúil aon chlárúcháin dá dtagraítear i bpointe (a) nó i bpointe (b) den chéad fhomhír den mhír seo, a áirithiú. Chuige sin, i gcás inar gá, comhoibreoidh an Chlárlann le gníomhaireachtaí forfheidhmithe dlí agus le foirne náisiúnta phráinnfhreagartha ríomhaire. |
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
5. I gcás ina measfaidh cúirt Ballstáit go bhfuil ainm fearainn clúmhillteach, ciníoch nó contrártha do bheartas poiblí, blocálfaidh an Chlárlann é nuair a gheobhaidh sé fógra faoi chinneadh na cúirte, agus déanfar é a chúlghairm nuair a gheofar an fógra faoi chinneadh críochnaitheach na cúirte. Blocálfaidh an Chlárlann clárú sa todhchaí na n-ainmneacha sin a bhí faoi réir ordú cúirte den sórt sin chomh fada agus a bheidh an t-ordú sin fós bailí. |
5. I gcás ina measfaidh cúirt Ballstáit, agus faoi dhlí an Aontais nó faoin dlí náisiúnta, go bhfuil ainm fearainn clúmhillteach, ciníoch nó contrártha do bheartas poiblí nó don tslándáil phoiblí, blocálfaidh an Chlárlann é nuair a gheobhaidh sí fógra faoi chinneadh na cúirte. Nuair a gheobhaidh sé fógra faoi chinneadh sin na cúirte, déanfaidh an Chlárlann an t-ainm fearainn a chúlghairm. |
|
|
De mhaolú ar an gcéad fhomhír, ní bhlocálfaidh an Chlárlann an t-ainm fearainn más ábhartha cinneadh na cúirte chun críche gníomh tarmligthe nó cinneadh ón gComhairle arna nglacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán .../... [maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, 2018/0136 (COD)]. Déanfaidh an Chlárlann an t-ainm fearainn sin a chúlghairm nuair a gheobhaidh sí fógra faoi chinneadh críochnaitheach na cúirte. |
|
|
Blocálfaidh an Chlárlann ó chlárú a dhéanamh sa todhchaí na hainmneacha fearainn sin, a bhí faoi réir ordú cúirte den sórt sin chomh fada agus a bheidh an t-ordú sin fós bailí. |
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 5 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
5 a. Ní bheidh ainmneacha fearainn arna gclárú faoin TLD .eu in-aistrithe ach amháin chuig páirtithe atá incháilithe chun ainmneacha fearainn .eu a chlárú |
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Déanfar clárú ainmneacha fearainn i gcarachtair aibítreacha uile theangacha oifigiúla an Aontais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ar fáil de réir mar a cheadaítear leis na prótacail ábhartha Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnta (IDN). |
1. Déanfar clárú ainmneacha fearainn i gcarachtair aibítreacha uile theangacha oifigiúla an Aontais i gcomhréir leis na caighdeáin idirnáisiúnta atá ar fáil de réir mar a cheadaítear leis na prótacail ábhartha Ainmneacha Fearainn Idirnáisiúnta (IDNanna). |
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 6 – mír 3 – pointe b | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(b) ainmneacha fearainn a fhéadfaidh na Ballstáit a chlárú nó a fhorchoimeád faoi fhearann dara leibhéal amháin. Ní mór na hainmneacha fearainn sin a bheith teoranta do théarmaí geografacha agus/nó geopholaitiúla a aithnítear go forleathan a dhéanann difear d’eagraíocht pholaitiúil nó chríochach na mBallstát. |
(b) ainmneacha fearainn a fhéadfaidh na Ballstáit a chlárú nó a fhorchoimeád ag fearann dara leibhéal, agus aige sin amháin. Beidh na hainmneacha fearainn sin teoranta do théarmaí geografacha agus/nó geopholaitiúla a aithnítear go forleathan a dhéanann difear d’eagraíocht pholaitiúil nó chríochach na mBallstát. |
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 1 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Bunóidh an Coimisiún na critéir agus an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme. Glacfar na gníomhartha cur chun feidhme sin i gcomhréir leis an nós imeachta scrúdúcháin dá dtagraítear in Airteagal 17(2). |
1. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 17a chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na critéir agus an nós imeachta le haghaidh ainmniú na Clárlainne a bhunú, agus critéir lena mbunófar íosriachtanais le haghaidh imthosca seachas na cinn dá dtagraítear in Airteagal 4, faoina ndéanfaidh an chlárlann ainm fearainn a bhlocáil, a chur ar fionraí nó a chúlghairm, chun luachanna an Aontais, amhail an t-ilteangachas, an urraim do phríobháideacht agus do shlándáil úsáideoirí, agus an urraim do chearta an duine, a choimirciú. |
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 8 – mír 3 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Déanfaidh an Coimisiún conradh leis an gClárlann ainmnithe. Sonrófar sa chonradh na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta maidir le soláthar seirbhísí ag an gClárlann agus na coinníollacha dá réir a mhaoirseoidh an Coimisiún eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann. Beidh teorainn ama leis an gconradh agus beidh sé in-athnuaite, agus beidh san áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu arna leagan síos ar bhonn Airteagal 11. |
3. Déanfaidh an Coimisiún conradh leis an gClárlann ainmnithe. Sonrófar sa chonradh na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta maidir le soláthar seirbhísí ag an gClárlann agus na coinníollacha dá réir a mhaoirseoidh an Coimisiún eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann. Beidh teorainn ama leis an gconradh agus beidh sé in-athnuaite, agus beidh san áireamh ann na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu arna leagan síos ar bhonn Airteagal 10 agus Airteagal 11 den Rialachán seo. |
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe -a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(-a) an TLD .eu a chur chun cinn ar fud an Aontais agus i dtríú tíortha chun a iomaíochas a áirithiú; |
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe a | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(a) na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo agus sa chonradh dá dtagraítear in Airteagal 8(3) a chomhlíonadh; |
(a) na rialacha, na beartais agus na nósanna imeachta a leagtar síos sa Rialachán seo agus sa chonradh dá dtagraítear in Airteagal 8(3), agus go háirithe i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, a chomhlíonadh; |
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe b | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(b) an TLD .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú ar mhaithe leis an leas ginearálta agus ar bhonn prionsabail cáilíochta, éifeachtachta, iontaofachta, trédhearcachta, inrochtaineachta agus neamh-idirdhealaithe agus trí dhálaí córa iomaíochta a áirithiú; |
(b) an TLD .eu a eagrú, a riar agus a bhainistiú ar mhaithe leis an leas poiblí ginearálta; |
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe b a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(b a) a áirithiú, i ngach gné de riar agus de bhainistiú an TLD .eu, ardcháilíocht, trédhearcacht, intuarthacht, iontaofacht, inrochtaineacht, éifeachtúlacht, neamh-idirdhealú, dálaí córa iomaíochta agus cur i bhfeidhm beart cosanta tomhaltóirí i gcomhair ainm TLD .eu; |
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe i | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(i) cuspóirí an Aontais a chur chun cinn i réimse bhainistíocht an idirlín; |
(i) cuspóirí an Aontais a chur chun cinn i réimse bhainistíocht an idirlín inter alia trí bheith rannpháirteach i bhfóraim idirnáisiúnta; |
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 10 – mír 1 – pointe k | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(k) comhlacht neamhspleách a fháil le hiniúchadh a dhéanamh, ar chostas na Clárlainne, gach dhá bhliain ar a laghad chun a dheimhniú go gcomhlíontar an Rialachán seo agus an toradh a sheoladh chuig an gCoimisiún; |
(k) comhlacht neamhspleách a fháil chun iniúchadh a dhéanamh, ar chostas na Clárlainne, gach dhá bhliain ar a laghad chun a dheimhniú go gcomhlíontar an Rialachán seo, agus an toradh a sheoladh chuig an gCoimisiún; |
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 1 – an chuid réamhráiteach | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
Beidh sa chonradh a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus an Chlárlann ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 8(3), na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu, i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: |
1. Beidh sa chonradh a thabharfar i gcrích idir an Coimisiún agus an Chlárlann ainmnithe i gcomhréir le hAirteagal 8(3), na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu, i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena n-áirítear na nithe seo a leanas: |
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 1 – pointe b | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(b) ceanglais agus nósanna imeachta i dtaobh iarrataí ar chlárú, beartas maidir le sonraí cláraithe a fhíorú agus clárú amhantrach ainmneacha fearainn; |
(b) ceanglais agus nósanna imeachta i dtaobh iarrataí ar chlárú, córais chun a fhíorú go bhfuil an critéar don chlárú á chomhlíonadh, lena n-áirítear céannacht na gcláraithe a fhíorú, sonraí agus clárú amhantrach ainmneacha fearainn; |
Leasú 31 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 1 – pointe f | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(f) bearta atá dírithe ar rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla ar na sonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta. |
(f) bearta lena ndírítear ar rochtain a thabhairt do na húdaráis inniúla ar na sonraí atá sa Chlárlann chun críocha coireanna a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh, dá bhforáiltear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta, faoi réir na srianta agus ceartúchán iomchuí; |
Leasú 32 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 11 – mír 1 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
1a. Bíodh sin mar atá, bearta amhail dá dtagraítear i bpointe (f) de mhír 1, dá bhforáiltear leis an dlí náisiúnta, ní dhéanfar iad a chur i bhfeidhm má bhíonn siad ábhartha chun críche gníomh tarmligthe nó cinneadh ón gComhairle arna nglacadh de bhun Airteagal 5 de Rialachán .../... [maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit, 2018/0136 (COD)]. Féadfar an beart sin a úsáid ar bhonn cinneadh críochnaitheach cúirte nó gníomhaíocht chríochnaitheach riaracháin eile. |
Leasú 33 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 1 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Déanfaidh an Chlárlann saoráid bhunachar sonraí WHOIS a bhunú agus a bhainistiú chun faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar faoi na hainmneacha fearainn a chláraítear faoin TLD .eu. |
1. Déanfaidh an Chlárlann saoráid bhunachar sonraí WHOIS a chur ar bun agus, le dícheall cuí, a bhainistiú chun faisnéis chruinn agus cothrom le dáta a sholáthar maidir leis na hainmneacha fearainn a chláraítear faoin TLD .eu. |
Leasú 34 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 12 – mír 2 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Beidh faisnéis ábhartha sa bhunachar sonraí WHOIS, nach bhfuil iomarcach maidir le cuspóir an bhunachair sonraí, faoi na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoin TLD .eu agus faoi shealbhóirí na n-ainmneacha fearainn. Nuair is duine nádúrtha é sealbhóir an ainm fearainn, beidh an fhaisnéis atá le cur ar fáil go poiblí faoi réir thoiliú shealbhóir an ainm fearainn de réir bhrí Rialachán 2016/679. |
2. Beidh faisnéis ábhartha sa bhunachar sonraí WHOIS, i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679. Go háirithe, an fhaisnéis a bhaileofar maidir leis na pointí teagmhála a riarann na hainmneacha fearainn faoin TLD .eu agus le sealbhóirí na n-ainmneacha fearainn, ní bheidh sí iomarcach a mhéid a bhaineann le cuspóir an bhunachair sonraí. I gcás inar duine nádúrtha é sealbhóir an ainm fearainn, beidh an fhaisnéis a bheidh le cur ar fáil go poiblí faoi réir thoiliú shealbhóir an ainm fearainn de réir bhrí Rialachán 2016/679. |
Leasú 35 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 4 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
4. Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, dul i gcomhairle le páirtithe leasmhara agus comhairle saineolaithe a lorg maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta dá bhforáiltear san Airteagal seo agus ar bhealaí chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann a fheabhsú. |
4. Féadfaidh an Coimisiún, de réir mar is iomchuí, dul i gcomhairle le Grúpa Comhairleach na bPáirtithe leasmhara .eu agus le páirtithe leasmhara eile agus comhairle saineolaithe a lorg maidir le torthaí na ngníomhaíochtaí maoirseachta dá bhforáiltear san Airteagal seo agus ar bhealaí chun eagrú, riar agus bainistiú an TLD .eu ag an gClárlann a fheabhsú. |
Leasú 36 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 1 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Bunófar Comhairle na bpáirtithe leasmhara .eu chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. |
1. Bunófar Grúpa Comhairleach Páirtithe leasmhara .eu chun comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo. Tabharfaidh an Coimisiún aird ar aon chomhairle agus moltaí ó Ghrúpa Comhairleach na bPáirtithe leasmhara .eu agus na gnéithe uile den Rialachán seo á gcur chun feidhme aige. |
Leasú 37 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 2 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. I gComhairle na bpáirtithe leasmhara .eu beidh ionadaithe arna dtarraingt ón earnáil phríobháideach, ón bpobal teicneolaíochta, ó na Ballstáit agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, ón tsochaí shibhialta agus acadúil agus arna gceapadh ag an gCoimisiún ar bhonn nós imeachta oscailte trédhearcach. |
2. Beidh Grúpa Comhairleach na bPáirtithe leasmhara .eu comhdhéanta d’ionadaithe arna dtarraingt ón earnáil phríobháideach, ón bpobal teicneolaíochta, ó na Ballstáit agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta, ón tsochaí shibhialta agus ón lucht léinn, arna gceapadh ag an gCoimisiún ar bhonn nós imeachta oscailte trédhearcach, agus lánaird á tabhairt ar phrionsabal an chomhionannais inscne. |
Leasú 38 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 3 – an chuid réamhráiteach | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
3. Beidh na cúraimí seo a leanas ar Chomhairle na bpáirtithe leasmhara .eu: |
3. Beidh na cúraimí seo a leanas ar Ghrúpa Comhairleach na bpáirtithe leasmhara .eu: |
Leasú 39 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 3 – pointe b | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(b) tuairimí a eisiúint maidir le cúrsaí bainistíochta, eagrúcháin agus riaracháin an TLD .eu; |
(b) tuairimí a eisiúint maidir le cúrsaí bainistíochta, eagrúcháin agus riaracháin an TLD .eu, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann leis an gcibearshlándáil agus le cosaint sonraí; |
Leasú 40 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 3 – pointe c | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(c) comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cúrsaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClárlann. |
(c) comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le cúrsaí faireacháin agus maoirseachta ar an gClárlann, go háirithe i dtaca leis an iniúchadh dá dtagraítear i bpointe (k) d’Airteagal 10. |
Leasú 41 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 3 – pointe c a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
(c a) comhairle a thabhairt don Choimisiún maidir le dea-chleachtais a mhéid a bhaineann le beartais agus bearta lena gcuirtear ar chumas an Choimisiúin ainmneacha fearainn arna gclárú ag a sealbhóir gan cearta ná leas dlisteanach san ainm aige, ainmneacha fearainn a bheith á n-úsáid de mheon mímhacánta, lena n-áirítear maidir le comhar le gníomhaireacht forfheidhmithe dlí agus le foirne náisiúnta phráinnfhreagartha ríomhaire, a shainaithint agus, i gcás inar gá, gníomhaíochtaí iomchuí a dhéanamh ina gcoinne. |
Leasú 42 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 1 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
1. Tráth nach déanaí ná cúig bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme, éifeachtacht agus feidhmiú an TLD .eu. |
1. Tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo, agus gach trí bliana ina dhiaidh sin, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar chur chun feidhme, éifeachtacht agus feidhmiú an TLD .eu, bunaithe, go háirithe, ar an bhfaisnéis arna tíolacadh ag an gClárlann de bhun phointe (k) d’Airteagal 10. |
Leasú 43 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 1 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
1 a. Déanfaidh an Coimisiún, faoi ... [cuir isteach an dáta trí bliana tar éis dháta cur i bhfeidhm an Rialacháin seo], measúnú ar ról an Rialacháin seo maidir le cibearshuiteoireacht a chosc agus nósanna imeachta simplí riaracháin a sholáthar, go háirithe i gcás FBManna. Ina theannta sin, déanfaidh sé measúnú ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag EUIPO agus ag gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais maidir le hainmneacha .eu TLD a chlárú agus, más iomchuí, déanfaidh sé gníomhaíocht iomchuí, amhail bearta reachtacha iomchuí a mholadh. |
Leasú 44 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 16 – mír 2 | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle faoi thorthaí an mheasúnaithe dá dtagraítear i mír 1. |
2. Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le toradh na meastóireachta dá dtagraítear i mír 1 agus mír 1a, agus, más gá, beidh tograí reachtacha iomchuí ag gabháil léi. |
Leasú 45 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 17 a (nua) | |
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
|
Airteagal 17 a |
|
|
An tarmligean a fheidhmiú |
|
|
1. Déantar an chumhacht chun gníomh tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thabhairt don Choimisiún faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo. |
|
|
2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana ó ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. |
|
|
3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 8(1) a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana. |
|
|
4. Sula nglacfaidh sé gníomh tarmligthe, rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. |
|
|
5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi. |
|
|
6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 8(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Cuirfear síneadh dhá mhí leis an tréimhse sin ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. |
- [1] Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Tá sé mar aidhm leis an togra nua maidir le Fearann Barrleibhéil .eu (TLD .eu), a d’fhoilsigh an Coimisiún an 24 Aibreán 2018, an reachtaíocht atá ann cheana a aisghairm. Cé go leanann an TLD .eu de bheith ag feidhmiú mar is cóir, ní mór an creat dlíthiúil lena rialaítear é a oiriúnú do chomhshaol agus margadh ar líne atá ag athrú.
I gcomhréir le cuspóirí Straitéis an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, tá sé mar aidhm leis an tionscnamh seo go mbeidh TLD atá ag feidhmiú go measartha maith go sea fós ag déanamh amhlaidh amach anseo chun a áirithiú gur féidir an oiread saoránach de chuid an Aontais agus is féidir cohar a bhaint as na tairbhí a ghabhann leis, go luath amach anseo.
Is díol sásaimh don Rapóirtéir é an togra agus tá sé i bhfách leis an aidhm maidir le coinneáil bord ar bhord leis an éabhlóid thapa ar an margadh TLD agus ar an tírdhreach digiteach dinimiciúil a éilíonn timpeallacht rialála a bheith ann a sheasfaidh an aimsir agus a bheidh solúbtha.
Is bunchloch thábhachtach é d’fhéiniúlacht ar líne an Aontais gurb ann d’ainm fearainn sainiúil don Aontas Eorpach. Creideann an Rapóirtéir gur deis é d’Institiúidí, do chuideachtaí nó do shaoránaigh an fhéidearthacht a bheith acu rochtain a fháil ar TLD .eu. Dá bhrí sin, sainaithneofar go héasca iad mar chuid de phobal AE a bhfuil an tsraith cheánna rialacha agus luachanna i bpáirt acu.
Leagtar amach sa togra na prionsabail ghinearálta maidir le hainm fearainn barrleibhéil .eu a chlárú. Leagtar amach na critéir incháilitheachta, na coinníollacha ginearálta maidir le hainmneacha fearainn a chlárú agus a chúlghairm, na teangacha, an dlí is infheidhme agus an dlínse, na nósanna imeachta chun go ndéanfadh an Chlárlann, an Coimisiún agus na Ballstáit ainmneacha fearainn a fhorchoimeád, agus na nósanna imeachta creidiúnúcháin do Chláraitheoir.
Clárlann: ar na forálacha tá a hainmniúchán ón gCoimisiún, agus na saintréithe dá príomhoibleagáidí. Leagtar síos sa togra freisin liosta de na prionsabail agus na nósanna imeachta maidir le feidhmiú an TLD .eu a bheidh le háireamh sa chonradh leis an gClárlann, lena n-áirítear na nithe seo a leanas.
Siúd is go dtacaíonn sé leis na prionsabail ghinearálta, is mian leis an Rapóirtéir béim a leagan ar luachanna AE amhail ilteangachas, urraim do phríobháideacht agus do shlándáil úsáideoirí, cosaint tomhaltóirí agus cearta an duine, a chur chun cinn. Go háirithe maidir leis an tsaincheist i dtaca leis an smacht reachta a chosaint, molann an Rapóirtéir cosaintí breise a bheith ann.
Is mian leis an Rapóirtéir rialú níos fearr a bheith ann freisin ó Pharlaimint na hEorpa maidir leis na critéir a bhunú agus maidir leis an nós imeachta chun an Chlárlann a ainmniú trí ghníomhartha tarmligthe a úsáid.
IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR
Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an rapóirtéara. Tá ionchur faighte ag an rapóirtéir ó na heintitis nó na daoine seo a leanas agus an tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh í sa choiste:
|
Eintiteas agus/nó duine |
|
|
An Coimisiún Eorpach |
|
|
EUrid |
|
|
EDRI |
|
|
EUIPO |
|
|
Cónaidhm na nGnóthas Eorpach |
|
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
|
Teideal |
Cur chun feidhme agus feidhmiú ainm fearainn barrleibhéil .eu |
||||
|
Tagairtí |
COM(2018)0231 – C8-0170/2018 – 2018/0110(COD) |
||||
|
Dáta tíolactha chun PE |
25.4.2018 |
|
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 28.5.2018 |
|
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 28.5.2018 |
IMCO 28.5.2018 |
JURI 28.5.2018 |
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
BUDG 16.5.2018 |
IMCO 19.6.2018 |
JURI 15.5.2018 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Fredrick Federley 30.5.2018 |
|
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
24.9.2018 |
|
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
21.11.2018 |
|
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
53 2 0 |
|||
|
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Zigmantas Balčytis, Xabier Benito Ziluaga, David Borrelli, Jonathan Bullock, Jerzy Buzek, Edward Czesak, Jakop Dalunde, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, Fredrick Federley, Adam Gierek, Igor Gräzin, Theresa Griffin, András Gyürk, Eva Kaili, Krišjānis Kariņš, Jeppe Kofod, Jaromír Kohlíček, Peter Kouroumbashev, Zdzisław Krasnodębski, Miapetra Kumpula-Natri, Christelle Lechevalier, Janusz Lewandowski, Paloma López Bermejo, Edouard Martin, Tilly Metz, Nadine Morano, Dan Nica, Angelika Niebler, Morten Helveg Petersen, Carolina Punset, Julia Reda, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Sven Schulze, Neoklis Sylikiotis, Dario Tamburrano, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Vladimir Urutchev, Kathleen Van Brempt, Henna Virkkunen, Martina Werner, Lieve Wierinck, Hermann Winkler, Anna Záborská, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho |
||||
|
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Pilar Ayuso, Amjad Bashir, Gunnar Hökmark, Luděk Niedermayer, Davor Škrlec, Pavel Telička |
||||
|
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
John Flack |
||||
|
Dáta don chur síos |
26.11.2018 |
||||
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
|
53 |
+ |
|
|
ALDE |
Fredrick Federley, Igor Gräzin, Morten Helveg Petersen, Carolina Punset, Pavel Telička, Lieve Wierinck |
|
|
ECR |
Amjad Bashir, Edward Czesak, John Flack, Zdzisław Krasnodębski, Evžen Tošenovský |
|
|
EFDD |
Dario Tamburrano |
|
|
GUE/NGL |
Xabier Benito Ziluaga, Jaromír Kohlíček, Paloma López Bermejo, Neoklis Sylikiotis |
|
|
NI |
David Borrelli |
|
|
PPE |
Pilar Ayuso, Jerzy Buzek, Pilar del Castillo Vera, Christian Ehler, András Gyürk, Gunnar Hökmark, Krišjānis Kariņš, Janusz Lewandowski, Nadine Morano, Angelika Niebler, Luděk Niedermayer, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Sven Schulze, Vladimir Urutchev, Henna Virkkunen, Hermann Winkler, Anna Záborská |
|
|
S&D |
Zigmantas Balčytis, Adam Gierek, Theresa Griffin, Eva Kaili, Jeppe Kofod, Peter Kouroumbashev, Miapetra Kumpula-Natri, Edouard Martin, Dan Nica, Patrizia Toia, Kathleen Van Brempt, Martina Werner, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho |
|
|
VERTS/ALE |
Jakop Dalunde, Tilly Metz, Julia Reda, Davor Škrlec |
|
|
2 |
- |
|
|
EFDD |
Jonathan Bullock |
|
|
ENF |
Christelle Lechevalier |
|
|
0 |
0 |
|
|
|
|
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh