TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís na hEorpa – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht
27.11.2018 - (COM(2018)0437 – C8‑0380/2018 – 2018/0226(NLE)) - *
An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Miapetra Kumpula‑Natri
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ón gComhairle lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís na hEorpa – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht
(COM(2018)0437 – C8‑0380/2018 – 2018/0226(NLE))
(Comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2018)0437),
– ag féachaint d’Airteagal 7 den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle leis an bParlaimint (C8‑0380/2018),
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A8-0406/2018),
1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach;
3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl do Pharlaimint na hEorpa má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs atá formheasta ag an bParlaimint;
4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint athuair má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
Leasú 1 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 1 a (nua) | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1 a) Ba cheart dul i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa ag gach céim ábhartha le linn chur chun feidhme agus mheastóireacht an Chláir. D’iarr an Chomhairle tuairim ar Pharlaimint na hEorpa maidir le Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025. Ós rud é, áfach, nach bhfuil feidhm ag an ngnáthnós imeachta reachtach faoin gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, ní mheastar Parlaimint na hEorpa a bheith ar comhchéim leis an gComhairle agus reachtaíocht á glacadh aici a bhaineann le fuinneamh adamhach. I bhfianaise Parlaimint na hEorpa a bheith ina comhreachtóir maidir le cúrsaí buiséid agus chun dearadh agus cur chun feidhme comhleanúnach Chlár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht an Aontais a áirithiú, ba cheart, amach anseo, Clár Taighde agus Oiliúna Euratom a ghlacadh freisin trí bhíthin an ghnáthnóis imeachta reachtaigh. |
Leasú 2 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 2 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Nuclear research can contribute to social well-being, economic prosperity and environmental sustainability by improving nuclear safety, security and radiation protection. Radiation protection research has led to improvements in medical technologies from which many citizens benefit and that research can now lead to improvements in other sectors such as industry, agriculture, environment and security. Equally important is the potential contribution of nuclear research to the long-term decarbonisation of the energy system in a safe, efficient and secure way. |
(2) Is féidir leis an taighde núicléach rannchuidiú leis an bhfolláine shóisialta agus leis an rathúnas eacnamaíoch trí fheabhas a chur ar an tsábháilteacht núicléach, ar an gcosaint núicléach agus ar an gcosaint ar radaíocht. Is tábhachtach mar a rannchuidíonn an taighde núicléach le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil agus leis an gcomhrac chun dul i ngleic leis an athrú aeráide trí spleáchas an Aontais ar fhuinneamh allmhairithe a laghdú, agus, ag an am céanna, tá, mar gheall ar thaighde ar an gcosaint ar radaíocht, feabhas tagtha ar theicneolaíochtaí leighis a théann chun sochair do go leor saoránach agus is féidir leis an taighde sin a bheith ina chúis le feabhsuithe ar earnálacha eile amhail tionscal, talmhaíocht, comhshaol agus slándáil. Den tábhacht chéanna is ea rannchuidiú an taighde núicléach le dícharbónú fadtéarmach an chórais fuinnimh ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus slán. |
Leasú 3 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) The Commission's Report on the interim evaluation of the 2014-18 Euratom Research and Training Programme (COM(2017) 697 final) provides a set of guiding principles for the Programme. These include: to continue supporting nuclear research focused on nuclear safety, safeguards, security, waste management, radiation protection and development of fusion; to further improve, together with beneficiaries, the organisation and management of the European Joint Programmes in the nuclear field; to continue and reinforce the Euratom education and training actions for developing relevant competencies which underpin all aspects of nuclear safety, security and radiation protection; to further exploit synergies between Euratom programme and other thematic areas of the Union Framework Programme; and to further exploit synergies between direct and indirect actions of the Euratom programme. |
(4) Sa Tuarascáil ón gCoimisiún maidir leis an meastóireacht eatramhach ar Clár Taighde agus Oiliúna Euratom 2014-18 (COM(2017) 697 final), tá sraith de phrionsabail threoracha don Chlár. Áirítear orthu sin: leanúint de bheith ag tacú leis an taighde núicléach atá dírithe ar an tsábháilteacht núicléach, ar an bhfeidhmhíocht núicléach, ar choimircí núicléacha, ar an tslándáil núicléach, ar bhainistíocht dramhaíola radaighníomhaí, ar an gcosaint ar radaíocht agus ar chomhleá a fhorbairt; in éineacht le tairbhithe, breis feabhais a chur ar eagrú agus bainistiú Clár Comhpháirteach Eorpach sa réimse núicléach; leanúint de ghníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna Euratom i dtaca le forbairt a dhéanamh ar inniúlachtaí ábhartha is bun le gach gné den taighde núicléach, den tslándáil núicléach agus den chosaint ar radaíocht chun ardleibhéal scileanna a áirithiú, go háirithe i gcás na glúine nua d’innealtóirí; breis sochair a bhaint as sineirgí idir clár Euratom agus réimsí téamacha eile de Chreatchlár an Aontais Eorpaigh; agus breis sochair a bhaint as sineirgí idir bearta díreacha agus indíreacha faoi chlár Euratom, agus cabhrú, ar an mbealach sin, chun comhsheasmhacht agus éifeachtacht a áirithiú i ngach gné de chlár Euratom. |
Leasú 4 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 4 a (nua) | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) Rannchuidíonn tionscadail bhainistithe dramhaíola Euratom le tuiscint níos fearr ar shaincheisteanna bainistithe dramhaíola radaighníomhaí san Aontas, amhail sábháilteacht saoráidí diúscartha geolaíocha a bheidh ann amach anseo, cóiriú dramhaíola radaighníomhaí agus iompraíocht fhadtéarmach breosla spíonta i líonadh talún. |
Leasú 5 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) The conception and design of the Programme is set against the need to establish a critical mass of supported activities. This is achieved by establishing a limited number of specific objectives focussed on safe use of nuclear fission for power and non-power applications, maintaining and developing necessary expertise, fostering fusion energy and supporting policy of the Union on nuclear safety, safeguards and security |
(5) Déantar an Clár a cheapadh agus a dhearadh in aghaidh an ghá atá le mais chriticiúil a bhunú de ghníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh. Déantar amhlaidh trí líon teoranta de chuspóirí sonracha atá dírithe ar úsáid shábháilte a bhaint as eamhnú núicléach i gcomhair feidhmeanna cumhachtacha agus neamhchumhachta, ar shaineolas riachtanach a fhorbairt agus a choinneáil, ar fhuinneamh comhleá a chothú agus ar thacaíocht a thabhairt do bheartas an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach , lena n-áirítear eolas a fhorbairt ar díchoimisiúnú sábháilte, éifeachtach agus costéifeachtúil suiteálacha atá tagtha go deireadh a saolré, ar réimse é ina bhfuil forálacha agus infheistíocht chun deiridh; |
Leasú 6 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 a (nua) | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5a) Tá an Clár ina chuid ríthábhachtach d’iarrachtaí an Aontais an cheannaireacht eolaíoch agus tionsclaíoch atá aige i réimse na dteicneolaíochtaí fuinnimh a choinneáil agus a fheabhsú. Chun tacú le feidhmiú sábháilte na cumhachta eamhnaithe atá ann cheana agus chun dícharbónú an chórais cumhachta a éascú, ba cheart go leanfadh an taighde ar eamhnú de bheith ina chuid dhílis de chlár Euratom. |
Leasú 7 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 5 b (nua) | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(5b) Úsáid shábháilte agus slán fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht agus díchoimisiúnú núicléach, ba cheart tacú leo trí bhíthin iniúchtaí trasteorann struchtúracha agus comhroinnt eolais agus dea-chleachtas a bhaineann le sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla atá in úsáid faoi láthair, go háirithe i gcás saoráidí núicléacha atá lonnaithe i gcóngar teorainn amháin nó níos mó idir na Ballstáit. |
Leasú 8 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 7 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) Trí thacú le taighde núicléach, ba cheart do Chlár Euratom rannchuidiú le cuspóirí Chlár Réime Fís 2020 um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘Fís na hEorpa’) a bhaint amach, ar clár réime é arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, go háirithe trí bharr feabhais agus eolaíocht oscailte a chur chun cinn, agus ba cheart go n-éascódh sé cur chun feidhme stráitéis Eoraip 2020 agus neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde. |
(7) Trí thacú le taighde núicléach, ba cheart go rannchuideodh an Clár le cuspóirí Fhís na hEorpa - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘Fís na hEorpa’) a bhaint amach, ar clár réime é arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle20, go háirithe trí bharr feabhais agus eolaíocht oscailte a chur chun cinn, agus ba cheart go n-éascódh sé cur chun feidhme stráitéis Eoraip 2030 agus neartú an Limistéir Eorpaigh Taighde. |
__________________ |
__________________ |
20 Rialachán (AE) Uimh. […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] lena mbunaítear AE FP9 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2021-2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO […]). |
20 Rialachán (AE) Uimh. […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an […] lena mbunaítear AE FP9 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2021-2027) agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 (IO […]). |
Leasú 9 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 8 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Ba cheart don Chlár sineirgíochtaí agus ailíniú níos dlúithe a lorg le Fís na hEorpa agus le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus pleanáil straitéise, go roghnú tionscadal, bainistíocht, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, go faireachán, iniúchadh agus rialachas. D’fhonn forluí agus dúbailt a sheachaint agus chun giaráil mhaoiniú AE a mhéadú, is féidir aistrithe a dhéanamh ó chláir eile de chuid an Aontais go gníomhaíochtaí Fhís na hEorpa. I gcásanna den sórt sin leanfaidh siad rialacha Fhís na hEorpa. |
(8) Ba cheart don Chlár sineirgíochtaí agus ailíniú níos dlúithe a lorg le Fís na hEorpa agus le cláir eile de chuid an Aontais, óna ndearadh agus pleanáil straitéise, go roghnú tionscadal, bainistíocht, cumarsáid, leathadh agus saothrú torthaí, go faireachán, iniúchadh agus rialachas. Is den ríthábhacht é go gcoimeádfaí, sna cláir, na bunphrionsabail maidir le barr feabhais agus eolaíocht oscailte. D’fhonn forluí agus dúbailt a sheachaint agus chun giaráil mhaoiniú AE a mhéadú, is féidir aistrithe a dhéanamh ó chláir eile de chuid an Aontais go gníomhaíochtaí de chuid Fhís na hEorpa. I gcásanna den sórt sin leanfaidh siad rialacha Fhís na hEorpa. |
Leasú 10 Togra le haghaidh rialacháin Aithris 17 a (nua) | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(17a) Cuireann an tAirmheán Chomhpháirtigh Taighde tacaíocht ar fáil do chaighdeánú, do rochtain oscailte ag eolaithe de chuid an Aontais ar shaoráidí aonair núicléacha agus do ghníomhaíochtaí oiliúna i réimsí amhail ráthaíochtaí núicléacha, fóiréinsic núicléach agus díchoimisiúnú núicléach. |
Leasú 11 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 1 – pointe b | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) to potentially contribute to the long-term decarbonisation of the energy system in a safe, efficient and secure way. |
(b) rannchuidiú le dícharbónú fadtéarmach an chórais fuinnimh ar bhealach sábháilte, éifeachtúil agus slán. |
Leasú 12 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 2 – pointe a | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) improve the safe and secure use of nuclear energy and non-power applications of ionizing radiation, including nuclear safety, security, safeguards, radiation protection, safe spent fuel and radioactive waste management and decommissioning; |
(a) feabhas a chur ar úsáid shábháilte, slán agus éifeachtúil fuinnimh núicléach agus feidhmeanna neamhchumhachtacha radaíochta ianúcháin, lena n-áirítear sábháilteacht núicléach, slándáil núicléach, coimircí núicléacha, cosaint ar radaíocht, breosla spíonta sábháilte agus bainistiú dramhaíola radaighníomhaí agus díchoimisiúnú; |
Leasú 13 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 3 – mír 2 – pointe d | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(d) support the policy of the Community on nuclear safety, safeguards and security. |
(d) tacú le beartas an Aontais maidir le sábháilteacht núicléach, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, lena n-áirítear eolas a fhorbairt ar díchoimisiúnú sábháilte, éifeachtach agus costéifeachtúil suiteálacha atá tagtha go deireadh a saolré. |
Leasú 14 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 1 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Is é EUR [XXX]i bpraghsanna seasta an clúdach airgeadais a bheidh ann chun an Clár a chur chun feidhme. |
1. Is é EUR 1 516 000 000 i bpraghsanna 2018 (EUR 1 675 000 000 i bpraghsanna reatha) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir. |
Leasú 15 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – an chuid réamhráiteach | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is é a bheidh i ndáileadh táscach na suime dá dtagraítear i mír 1 ná: |
Is é a bheidh i ndáileadh na suime dá dtagraítear i mír 1 ná: |
Leasú 16 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe a | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(a) EUR 724 563 000 for fusion research and development; |
(a) 43 % le haghaidh taighde agus forbairt a dhéanamh ar an gcomhleá núicléach; |
Leasú 17 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe b | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) EUR 330 930 000 le haghaidh eamhnú núicléach, sábháilteacht núicléach, agus cosaint ar radaíocht; |
(b) 25% le haghaidh eamhnú núicléach, sábháilteacht núicléach, agus cosaint ar radaíocht; |
Leasú 18 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 1 – pointe c | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) EUR 619 507 000 le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha arna ngabháil ar láimh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde. |
(c) 32 % le haghaidh gníomhaíochtaí díreacha arna ngabháil ar láimh ag an Airmheán Comhpháirteach Taighde. |
Leasú 19 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 4 – mír 2 – fomhír 2 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
The Commission may not deviate, within the annual budgetary procedure, from the amount referred to in paragraph 2 (c) of this Article. |
Ní fhéadfaidh an Coimisiún, laistigh den nós imeachta buiséadach bliantúil, diall ó na méideanna dá dtagraítear sa chéad fhomhír de mhír 2 den Airteagal seo suas le 10 % ar a mhéad. |
Leasú 20 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 5 – mír 1 – fomhír 1 – pointe c – fleasc 3 a (nua) | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
– an urraim do phrionsabail an smachta reachta; |
Leasú 21 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 1 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) The recipients of the Programme funding shall acknowledge the origin and ensure the visibility of the Community funding (in particular when promoting the actions and their results) by providing coherent, effective and proportionate targeted information to multiple audiences, including the media and the public. |
(1) Tabharfaidh faighteoirí cistithe ón gClár aitheantas d’fhoinse an chistithe ón Aontas, agus sonróidh siad bunús an chistithe, i riocht is go n-áiritheofar a infheictheacht (go háirithe nuair a bhíonn na gníomhaíochtaí agus a dtorthaí á bpoibliú) trí fhaisnéis spriocdhírithe atá comhleanúnach, éifeachtach agus comhréireach a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena n-áirítear na meáin agus an pobal. |
Leasú 22 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 13 – mír 2 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) The Commission shall implement activities on information and communication relating to the Programme, and its actions, and results. Financial resources allocated to the Programme shall also contribute to the corporate communication of the political priorities of the Community, as far as they are related to the objectives referred to in Article 3. |
(2) Cuirfidh an Coimisiún chun feidhme gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an gClár, agus a bhaineann le gníomhaíochtaí agus torthaí an Chláir atá beartaithe do shainfhaighteoirí agus don phobal araon. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an gClár, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Chomhphobail freisin, a fhad a bhaineann siad sin leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3. |
Leasú 23 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 1 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Déanfar meastóireachtaí ar bhealach tráthúil chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta ar an gclár féin, ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air agus ar thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht. |
1. Déanfar meastóireachtaí gach dhá bhliain chun fónamh don phróiseas cinnteoireachta ar an gclár féin, ar an gclár a thiocfaidh i gcomharbacht air agus ar thionscnaimh eile is ábhartha maidir le taighde agus nuálaíocht. |
Leasú 24 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 2 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Déanfar meastóireacht eatramhach ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná trí bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe agus is air sin a bheidh aon athrú maidir le síntí agus cur chun feidhme an chláir bunaithe, de réir mar is iomchuí. |
2. Déanfar an chéad meastóireacht ar an gClár a luaithe a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil ar chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó thosach chur chun feidhme an Chláir. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe agus is air sin a bheidh aon athrú maidir le síntí agus cur chun feidhme an chláir bunaithe, de réir mar is iomchuí. |
Leasú 25 Togra le haghaidh rialacháin Airteagal 14 – mír 3 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe. |
3. I ndeireadh chur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár. Áireofar air sin measúnú ar thionchar fadtéarmach na gCreatchlár a chuaigh roimhe. |
Leasú 26 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 2 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach, tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí tras-earnálacha lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Déanfar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha, a áirithiú le Fís na hEorpa. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na Cistí faoin Rialachán [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] sa mhéid isgo bhfuil siad i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gCistí sin. |
Chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach, tacóidh an Clár le gníomhaíochtaí tras-earnálacha lena n-áirithítear sineirge na n-iarrachtaí taighde maidir le dúshláin chomhchoiteanna a réiteach. Déanfar naisc agus idirphlé iomchuí, amhail glaonna comhpháirteacha, a áirithiú le Fís na hEorpa. Féadfaidh gníomhaíochtaí taighde agus nuálaíochta gaolmhara tairbhe a bhaint as tacaíocht airgeadais arna soláthar ag na Cistí faoin Rialachán [Rialachán na bhForálacha Coiteanna] nó ag cláir agus ionstraimí airgeadais eile de chuid an Aontais, sa mhéid is go bhfuil siad i gcomhréir le cuspóirí agus rialacháin na gCistí, na gclár agus na n-ionstraimí sin. |
Leasú 27 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 4 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Beidh tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún bunaithe ar a thosaíochtaí beartais, ar ionchuir ó údaráis phoiblí náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí taighde núicléach a bheidh roinnte ina gcomhlachtaí nó ina gcreata amhail ardáin teicneolaíochta, comhlachais, tionscnaimh agus fóraim theicniúla Eorpacha maidir le córais núicléacha agus sábháilteacht núicléach, bainistiú dramhaíle radaighníomhaí, breosla núicléach spíonta agus cosaint ar radaíocht/riosca maidir le hísealdáileoga, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, taighde ar an gcomhleá, nó eagraíocht nó fóram ábhartha ar bith eile de gheallsealbhóirí núicléacha. |
Beidh tosaíochtaí na gclár oibre le bunú ag an gCoimisiún bunaithe ar a thosaíochtaí beartais, ar ionchuir ó údaráis phoiblí náisiúnta agus ó gheallsealbhóirí taighde núicléach a bheidh roinnte ina gcomhlachtaí nó ina gcreata amhail ardáin teicneolaíochta, comhlachais, tionscnaimh agus fóraim theicniúla Eorpacha maidir le córais núicléacha reatha agus todhchaíocha agus sábháilteacht núicléach, bainistiú dramhaíle radaighníomhaí, breosla núicléach spíonta agus cosaint ar radaíocht/riosca maidir le hísealdáileoga, coimircí núicléacha agus slándáil núicléach, taighde ar an gcomhleá, nó eagraíocht nó fóram ábhartha ar bith eile de gheallsealbhóirí ábhartha. |
Leasú 28 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 5 – pointe a – pointe 1 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(1) Sábháilteacht núicléach: sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas leathan maidir le sábháilteacht núicléach sa Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt, na cineálacha imoibritheoirí agus timthriall breosla sin, a fhéadfar a úsáid amach anseo, ag díriú go heisiach ar ghnéithe den tsábháilteacht, lena n-áirítear gach gné den timthriall breosla amhail scaradh agus claochlú. |
(1) Sábháilteacht núicléach: sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla, atá in úsáid sa Chomhphobal, a mhéid is gá chun saineolas leathan maidir le sábháilteacht núicléach sa Chomhphobal a chothabháil agus a fhorbairt, na cineálacha imoibritheoirí agus timthriall breosla sin, a fhéadfar a úsáid amach anseo, ag díriú go heisiach ar ghnéithe den tsábháilteacht, lena n-áirítear gach gné den timthriall breosla amhail scaradh agus claochlú. Tacaíocht do chomhroinnt eolais agus dea-chleachtas a bhaineann le sábháilteacht córas imoibritheora agus timthriall breosla atá in úsáid faoi láthair, go háirithe i gcás saoráidí núicléacha atá lonnaithe i gcóngar teorainn amháin nó níos mó idir na Ballstáit. |
Leasú 29 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn I – mír 5 – pointe a – pointe 3 | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Díchoimisiúnú: taighde chun críocha forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus feabhsúchán comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a mhalartú. |
(3) Díchoimisiúnú: taighde chun críocha forbairt agus meastóireacht a dhéanamh ar theicneolaíochtaí um dhíchoimisiúnú agus feabhsúchán comhshaoil saoráidí núicléacha; tacaíocht a thabhairt maidir le dea-chleachtais agus eolas ar an díchoimisiúnú a chomhroinnt, lena n-áirítear comhroinnt eolais i gcás saoráidí núicléacha atá lonnaithe i gcóngar teorainn amháin nó níos mó idir na Ballstáit agus trí bhíthin acmhainní agus pearsanra in ionaid barr feabhais a chomhthiomsú. |
Leasú 30 Togra le haghaidh rialacháin Iarscríbhinn II - fo-cheannteideal 4 – tábla | |
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Táscairí nuálaíochta na gconairí tionchair |
Táscairí nuálaíochta na gconairí tionchair |
An dul chun cinn atá déanta ag AE, de bharr chlár Euratom, ionsar 3% OTI |
An dul chun cinn atá déanta ag AE, de bharr chlár Euratom, ionsar an sprioc caiteachais de 3% OTI ar an taighde agus ar an bhforbairt (R&D) |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Is díol sásaimh don Rapóirtéir é an togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le clár taighde agus oiliúna EURATROM do na blianta 2021-2025. Tá an togra ar aon dul leis na cláir a bhí ann cheana, ach tugtar aghaidh ann ar roinnt de na mórábhair imní a chuir Parlaimint na hEorpa in iúl san am a chuaigh thart, eadhon simpliú an chláir agus ailíniú níos fearr le clár taighde Fhís na hEorpa trí chéile.
Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil an fhorbairt leanúnach ar an tsábháilteacht in oibríochtaí núicléacha ríthábhachtach chun tairbhe a bhaint as an teicneolaíocht agus, san am céanna, na rioscaí a bhaineann léi a íoslaghdú. I ngeall ar fhlít shaoráidí núicléacha AE a bheith ag dul in aois, beidh gá le breis taighde ar an díchoimisiúnú, agus ní hamháin sin, ach bealaí nua, níos sábháilte agus níos éifeachtúla chun na himoibreoirí atá ann cheana a oibriú agus a chothabháil.
Chun spriocanna aeráide Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, ní mór don Aontas gach teicneolaíocht agus nuálaíocht sábháilte agus inbhuanaithe a úsáid. An fuinneamh núicléach, mar fhoirm ísealcharbóin cumhachta, is cuid thábhachtach é den mheascán fuinnimh i roinnt Ballstát agus tá sé d’acmhainneacht aige rannchuidiú le dícharbónú chóras fuinnimh AE ina iomláine. Tá fíorthábhacht, áfach, le hoibriú sábháilte na múnlaí imoibreoirí atá ann cheana agus leis an ullmhúchán i dtaobh teicneolaíochta nua.
Ceannaire domhanda is ea an Eoraip maidir le saincheisteanna i dtaca le taighde núicléach, sábháilteacht núicléach agus slándáil núicléach a bhaineann le hábhair núicléacha agus dramháil núicléach. Ba cheart dúinn leanúint d’infheistíocht a dhéanamh i dtaighde ceannródaíoch ar na topaicí sin chun go gcoinneofaí na scileanna agus an t-eolas is gá chun an chumhacht núicléach a oibriú ar bhealach sábháilte agus slán. Thairis sin, tá gá le hinfheistíochtaí i bhforbairt na dteicneolaíochta comhleá agus le treochlár Chomhleá a thabhairt chun críche. An sciar is mó de chistí faoin gclár seo, ba cheart go leanfaí de bheith á húsáid chun críocha taighde ar an gcomhleá.
Toisc go dtagann sé faoi chonradh Euratom, leanann an clár de bheith ar deighilt ó na cláir maidir le heolaíocht agus taighde atá faoi chuimsiú chreat ginearálta AE. Is dóigh leis an Rapóirtéir go bhfuil an t-idirdhealú sin iomlán treallach agus go bhféadfaí níos mó sineirgíochtaí agus eolaíocht níos fearr a bhaint amach tríd an dá chlár a chomhtháthú. Ba thábhachtach, thar aon ní eile, na cumhachtaí grinnscrúdaithe agus reachtacha atá ag Parlaimint na hEorpa a leathnú chun clár taighde agus oiliúna Euratom a chumhdach, mar is dual don ról atá ag an bParlaimint mar chomhreachtóir maidir le cúrsaí buiséid.
Leis an togra seo, áfach, táthar ag dul sa treo ceart maidir leis an gclár a ailíniú, ar bhealach de facto, le rialacha agus rialacháin Fhís na hEorpa. Sa bhreis ar an ailíniú teicniúil, is den ríthábhacht freisin é go gcoimeádfaí, sa dá chlár, na prionsabail chéanna maidir le barr feabhais agus eolaíocht oscailte.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Lena mbunaítear Clár Taighde agus Oiliúna an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach don tréimhse 2021-2025 lena gcomhlánaítear Fís na hEorpa – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0437 – C8-0380/2018 – 2018/0226(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / iarraidh ar thoiliú |
16.7.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 10.9.2018 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 10.9.2018 |
|
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
BUDG 28.6.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Miapetra Kumpula-Natri 13.6.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
9.10.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
21.11.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
43 12 7 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Zigmantas Balčytis, Bendt Bendtsen, Xabier Benito Ziluaga, David Borrelli, Jonathan Bullock, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Edward Czesak, Jakop Dalunde, Christian Ehler, Fredrick Federley, Ashley Fox, Adam Gierek, Igor Gräzin, Theresa Griffin, András Gyürk, Rebecca Harms, Barbara Kappel, Krišjānis Kariņš, Jaromír Kohlíček, Peter Kouroumbashev, Zdzisław Krasnodębski, Miapetra Kumpula-Natri, Christelle Lechevalier, Janusz Lewandowski, Paloma López Bermejo, Edouard Martin, Tilly Metz, Angelika Mlinar, Csaba Molnár, Nadine Morano, Dan Nica, Angelika Niebler, Morten Helveg Petersen, Miroslav Poche, Carolina Punset, Paul Rübig, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Neoklis Sylikiotis, Dario Tamburrano, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Vladimir Urutchev, Kathleen Van Brempt, Henna Virkkunen, Lieve Wierinck, Hermann Winkler, Anna Záborská, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho |
||||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Amjad Bashir, Soledad Cabezón Ruiz, Françoise Grossetête, Olle Ludvigsson, Marian-Jean Marinescu, Clare Moody, Dennis Radtke, Davor Škrlec |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Michael Detjen, John Procter, Bronis Ropė |
||||
Dáta don chur síos |
27.11.2018 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
43 |
+ |
|
ALDE |
Fredrick Federley, Morten Helveg Petersen, Lieve Wierinck |
|
ECR |
Edward Czesak, Zdzisław Krasnodębski, Evžen Tošenovský |
|
ENF |
Christelle Lechevalier |
|
GUE/NGL |
Jaromír Kohlíček |
|
PPE |
Bendt Bendtsen, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Christian Ehler, Françoise Grossetête, András Gyürk, Krišjānis Kariņš, Janusz Lewandowski, Marian-Jean Marinescu, Nadine Morano, Angelika Niebler, Dennis Radtke, Massimiliano Salini, Algirdas Saudargas, Vladimir Urutchev, Henna Virkkunen, Hermann Winkler, Anna Záborská |
|
S&D |
Zigmantas Balčytis, Soledad Cabezón Ruiz, Michael Detjen, Adam Gierek, Theresa Griffin, Peter Kouroumbashev, Miapetra Kumpula-Natri, Olle Ludvigsson, Edouard Martin, Csaba Molnár, Clare Moody, Dan Nica, Miroslav Poche, Patrizia Toia, Kathleen Van Brempt, Flavio Zanonato, Carlos Zorrinho |
|
12 |
- |
|
EFDD |
Jonathan Bullock, Dario Tamburrano |
|
ENF |
Barbara Kappel |
|
GUE/NGL |
Xabier Benito Ziluaga, Paloma López Bermejo, Neoklis Sylikiotis |
|
NI |
David Borrelli |
|
VERTS/ALE |
Jakop Dalunde, Rebecca Harms, Tilly Metz, Bronis Ropė, Davor Škrlec |
|
7 |
0 |
|
ALDE |
Igor Gräzin, Angelika Mlinar, Carolina Punset |
|
ECR |
Amjad Bashir, Ashley Fox, John Procter |
|
PPE |
Paul Rübig |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh