Tuarascáil - A8-0414/2018Tuarascáil
A8-0414/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

29.11.2018 - (COM(2018)0373 – C8‑0228/2018 – 2018/0198(COD)) - ***I

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Matthijs van Miltenburg

Nós Imeachta : 2018/0198(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0414/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0414/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

(COM(2018)0373 – C8‑0228/2018 – 2018/0198(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0373),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus go háirithe an tríú mír d’Airteagal 175 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C8‑0228/2018),

–  ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018[1],

–  ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an ... [2],

–  ag féachaint do na tuairimí i scríbhinn agus na tuairimí réasúnaithe a thíolaic Parlaimint na Sualainne, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

–  ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach agus don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A8-0414/2018),

1.  ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;

2.  á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Chun saol na saoránach i réigiúin thrasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin thrasteorann idir na Ballstáit agus tríú tíortha a fheabhsú, ba cheart go leathnófaí chuig réigiúin uile an Aontais cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus úsáid sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach, agus dlí an Aontais á urramú ag an am céanna.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8)  Cé go bhfuil roinnt sásraí éifeachtacha le haghaidh comhar trasteorann ann cheana ar leibhéal idir-rialtasach, leibhéal réigiúnach agus leibhéal áitiúil i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, ní chumhdaíonn siad gach réigiún teorann san Aontas. Chun na córais atá ann cheana a chomhlánú, is gá sásraí deonacha a chur ar bun chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i ngach réigiún teorann (‘an Sásra’).

(8)  Cé go bhfuil roinnt sásraí éifeachtacha le haghaidh comhar trasteorann ann cheana ar leibhéal idir-rialtasach, leibhéal réigiúnach agus leibhéal áitiúil i réigiúin áirithe de chuid an Aontais, ní chumhdaíonn siad gach réigiún teorann san Aontas. Chun na córais atá ann cheana a chomhlánú, is gá, dá bhrí sin, sásra deonach a chur ar bun chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i ngach réigiún teorann (‘an Sásra’), ach ní chuireann sé sin cosc ar chruthú sásraí inchomparáide malartacha i gcomhréir le riachtanais shonracha ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil.

Leasú    3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9)  Chun leagan amach bunreachtúil agus institiúideach na mBallstát a urramú, ba cheart úsáid an tSásra a bheith ar bhonn deonach i ndáil leis na réigiúin teorann sin de chuid Bhallstáit ina bhfuil sásra éifeachtach eile nó ina bhféadfaí ceann a bhunú leis an mBallstát comharsanachta. Ba cheart dhá bheart a bheith ann: síniú agus tabhairt i gcrích Gealltanais Trasteorann Eorpaigh (an ‘Gealltanas’) nó síniú Ráitis Trasteorann Eorpaigh (an ‘Ráiteas’).

(9)  Is ar bhonn deonach atá úsáid an tSásra, i lánchomhlíonadh le leagan amach bunreachtúil agus institiúideach na mBallstát. Ba cheart dhá bheart a bheith ann: síniú agus tabhairt i gcrích Gealltanais Trasteorann Eorpaigh (an ‘Gealltanas’) nó síniú Ráitis Trasteorann Eorpaigh (an ‘Ráiteas’). Ba cheart go bhféadfadh na Ballstáit a roghnú ionstraim a úsáid ar dóigh leo í a bheith níos tairbhiúla ná cinn eile.

Leasú    4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)  Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, tíortha, eintitis nó réigiúin lena mbaineann, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí sonracha a shainmhínítear go bunreachtúil agus go dlíthiúil, an réiteach dlí ad hoc atá molta a ghlacadh sula ndéanfar an nGealltanas a thabhairt chun críche agus a shíniú, nó sula ndéanfar an Ráiteas de bhun an Rialacháin seo a shíniú.

Leasú    5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  Bheadh gá le nós imeachta reachtach go fóill sa Bhallstát i dtaca leis an Ráiteas. Ba cheart don údarás atá ag tabhairt an Ráiteas i gcrích ráiteas foirmiúil a thabhairt go spreagfaidh sé, faoi spriocdháta faoi leith, an nós imeachta reachtach is gá chun an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth a leasú agus dlí Ballstáit comharsanachta a chur i bhfeidhm, de mhaolú sainráite.

(11)  Bheadh gá le nós imeachta reachtach go fóill sa Bhallstát i dtaca leis an Ráiteas. Ba cheart don údarás atá ag tabhairt an Ráiteas i gcrích ráiteas foirmiúil a thabhairt go spreagfaidh sé, faoi spriocdháta faoi leith, an nós imeachta reachtach is gá chun an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth a leasú agus dlí Ballstáit comharsanachta a chur i bhfeidhm, de mhaolú sainráite, chun bacainní ar chur chun feidhme comhthionscadal trasteorann a bhaint.

Leasú    6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12)  Is ag daoine a bhíonn ag idirghníomhú ar theorainneacha talún is mó a bhíonn baic dlí le sárú, mar go dtrasnaíonn daoine teorainneacha ar bhonn laethúil nó ar bhonn seachtainiúil. Chun éifeacht an Rialacháin seo a dhíriú ar na réigiúin is gaire don teorainn agus leis an leibhéal is airde lánpháirtíochta agus idirphlé idir Ballstáit chomharsanachta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le réigiúin trasteorann de réir bhrí na críche a chumhdaítear le réigiúin teorann chomharsantacha talún in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 326. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar Bhallstáit an Sásra a chur i bhfeidhm freisin maidir le teorainneacha muirí agus teorainneacha seachtracha seachas na teorainneacha le tíortha CSTE.

(12)  Is ag daoine a bhíonn ag idirghníomhú ar theorainneacha talún, amhail oibrithe trasteorann, is mó a bhíonn baic dlí le sárú, mar go dtrasnaíonn daoine teorainneacha ar bhonn laethúil nó ar bhonn seachtainiúil. Chun éifeacht an Rialacháin seo a dhíriú ar na réigiúin is gaire don teorainn agus leis an leibhéal is airde lánpháirtíochta agus idirphlé idir Ballstáit chomharsanachta, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le réigiúin trasteorann de réir bhrí na críche a chumhdaítear le réigiúin teorann chomharsantacha talún nó muirí in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 326. Níor cheart don mhéid sin cosc a chur ar Bhallstáit an Sásra a chur i bhfeidhm freisin maidir le teorainneacha muirí agus teorainneacha seachtracha seachas na teorainneacha le tíortha CSTE, ar bhonn deonach maidir leis na comhpháirtithe uile lena mbaineann.

_________________

_________________

26 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).

26 Rialachán (CE) Uimh. 1059/2003 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 26 Bealtaine 2003 maidir le haicmiú coiteann d’aonaid chríochacha ar mhaithe le staidreamh (NUTS) a bhunú (IO L 154, 21.6.2003. lch. 1).

Leasú    7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13)  Chun tascanna na n-údarás éagsúil a chomhordú, a mbeidh comhlachtaí reachtacha náisiúnta agus réigiúnacha ina meas i roinn Ballstát, laistigh de Bhallstát ar leith agus idir údaráis i mBallstáit chomharsanachta, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát a roghnaíonn an Sásra Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus, nuair is infheidhme, réigiúnacha a bhunú agus a dtascanna agus a n-inniúlachtaí a shainiú le linn chéimeanna éagsúla an tSásra lena gcumhdaítear tionscnamh, tabhairt chun críche, cur chun feidhme agus faireachán na nGealltanas agus na Ráiteas.

(13)  Chun tascanna na n-údarás éagsúil a chomhordú, a mbeidh comhlachtaí reachtacha náisiúnta agus réigiúnacha ina meas i roinn Ballstát, laistigh de Bhallstát ar leith agus idir údaráis i mBallstáit chomharsanachta, ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar gach Ballstát a roghnaíonn an Sásra Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, réigiúnacha a bhunú agus a dtascanna agus a n-inniúlachtaí a shainiú le linn chéimeanna éagsúla an tSásra lena gcumhdaítear tionscnamh, tabhairt chun críche, cur chun feidhme agus faireachán na nGealltanas agus na Ráiteas.

Réasúnú

Forchuirtear ar na Ballstáit uile an oibleagáid Pointí Comhordúcháin Trasteorann Náisiúnta a chur ar bun.

Leasú    8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17)  Ba cheart gur na príomhghníomhaithe sna Ballstáit ar iarradh orthu Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích a bheidh mar na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnacha faoi seach atá le hidirchaidreamh a dhéanamh le gach údarás inniúil ina Bhallstát agus lena chontrapháirtí sa Bhallstát comharsanachta. Ba cheart a leagan síos go soiléir freisin gur féidir leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann cinneadh a dhéanamh an bhfuil nós imeachta lena dtabharfar i gcrích Gealltanas nó Ráiteas le seoladh nó an bhfuil réiteach aimsithe cheana a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le bac dlí amháin nó níos mó. Ar an taobh eile, ba cheart a leagan síos freisin, maidir leis an mBallstát a bhfuil a fhorálacha dlí le cur i bhfeidhm sa Bhallstát eile, go bhféadfadh an Ballstát sin an cur i bhfeidhm sin lasmuigh dá chríoch a dhiúltú. Ba cheart údar a bheith le haon chinneadh agus é a chur in iúl.

(17)  Ba cheart gur na príomhghníomhaithe sna Ballstáit ar iarradh orthu Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích a bheidh mar na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó réigiúnacha faoi seach atá le hidirchaidreamh a dhéanamh le gach údarás inniúil ina Bhallstát agus lena chontrapháirtí sa Bhallstát comharsanachta. Ba cheart a leagan síos go soiléir freisin gur féidir leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann cinneadh a dhéanamh an bhfuil nós imeachta lena dtabharfar i gcrích Gealltanas nó Ráiteas le seoladh nó an bhfuil réiteach aimsithe cheana a d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm maidir le bac dlí amháin nó níos mó. Ar an taobh eile, ba cheart a leagan síos freisin, maidir leis an mBallstát a bhfuil a fhorálacha dlí le cur i bhfeidhm sa Bhallstát eile, go bhféadfadh an Ballstát sin an cur i bhfeidhm sin lasmuigh dá chríoch a dhiúltú. Ba cheart údar cuí a bheith le haon chinneadh agus ba cheart é a chur in iúl in am trátha do na comhpháirtithe uile.

Leasú    9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19)  Is éard ba cheart a bheidh i gcur chun feidhme Gealltanais is infheidhme go díreach forálacha náisiúnta Ballstáit eile a chur i bhfeidhm. Is éard ba cheart a bheith i gceist leis sin leasú a dhéanamh ar ghníomh reachtach atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a glacadh cheana i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth nó, murab ann don ghníomh sin, gníomh reachtach nua a ghlacadh bunaithe ar reachtaíocht Ballstáit eile. I gcás ina bhfuil údaráis éagsúla inniúil maidir le gnéithe éagsúla de bac casta dlí, ba cheart clár ama do gach ceann de na gnéithe sin a bheith ag gabháil leis an nGealltanas. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, ba cheart do ghlacadh agus tarchur na ngníomhartha riaracháin leasaithe sin nó na ngníomhartha riaracháin nua sin an dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin a leanúint.

(19)  Is éard ba cheart a bheith i gcur chun feidhme Gealltanais is infheidhme go díreach forálacha náisiúnta Ballstáit eile a chur i bhfeidhm agus comhthionscadail á gcur chun feidhme. Is éard ba cheart a bheith i gceist leis sin leasú a dhéanamh ar ghníomhartha reachtacha atá ceangailteach ó thaobh dlí de agus a glacadh cheana i gcomhréir leis an dlí náisiúnta is infheidhme de ghnáth nó, i gcás nach bhfuil sé sin déanta fós, gníomh reachtach nua a ghlacadh bunaithe ar reachtaíocht Ballstáit eile faoi cheann de sprioc-am arna chomhaontú ag na comhpháirtithe uile chun comhthionscadail thrasteorann a sheoladh in am trátha. I gcás inarb inniúil iad údaráis éagsúla maidir le gnéithe éagsúla de bhac casta dlí, ba cheart clár ama do gach ceann de na gnéithe sin a bheith ag gabháil leis an nGealltanas. Chun prionsabal na coimhdeachta a urramú, ba cheart do ghlacadh agus tarchur na ngníomhartha riaracháin leasaithe sin nó na ngníomhartha riaracháin nua sin an dlí náisiúnta maidir le nósanna imeachta riaracháin a leanúint.

Leasú    10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24)  Chun bunachar sonraí a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 8, ba chóir cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún le rialacha a leagan síos maidir lena reáchtáil, maidir le cosaint sonraí agus maidir leis an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28. Chun críocha praiticiúla agus comhordúcháin, ba cheart don ‘Choiste Comhordúcháin do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’ a bheith ina choiste is inniúil don phróiseas chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

(24)  Chun bunachar sonraí a bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a thabhairt don Choimisiún rialacha a leagan síos maidir lena reáchtáil, maidir le cosaint sonraí agus maidir leis an tsamhail a bheidh le húsáid nuair a dhéanfaidh Pointí Comhordúcháin Trasteorann faisnéis a chur isteach maidir le cur chun feidhme agus úsáid an tSásra. Ba cheart na cumhachtaí sin a fheidhmiú i gcomhréir leis an nós imeachta comhairliúcháin faoi Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle28. Chun críocha praiticiúla agus comhordúcháin, ba cheart don ‘Choiste Comhordúcháin do Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa’ a bheith ina choiste is inniúil don nós imeachta chun gníomhartha cur chun feidhme a ghlacadh.

__________________

__________________

28 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

28 Rialachán (AE) Uimh. 182/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Feabhra 2011 lena leagtar síos na rialacha agus na prionsabail ghinearálta a bhaineann leis na sásraí maidir le rialú ag na Ballstáit ar fheidhmiú cumhachtaí cur chun feidhme ag an gCoimisiún (IO L 55, 28.2.2011, lch. 13).

Leasú    11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25)  Ní mór do na rialacha náisiúnta cur chun feidhme na réigiúin teorann de Bhallstát ar leith atá cumhdaithe leis an nGealltanas nó leis an Ráiteas a shonrú. Dá bhrí sin, beidh an Coimisiún in ann a mheas an bhfuil an Ballstát tar éis sásra éagsúil eile a roghnú i leith na teorann nach bhfuil luaite.

scriosta

Leasú    12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26)  Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo mar aon leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun oideachais (Airteagal 14), an tsaoirse chun gairm bheatha a roghnú agus an ceart chun dul i mbun oibre (Airteagal 15), go háirithe an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, agus chun an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát a fheidhmiú, an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 ), rochtain ar an tslándáil shóisialta agus ar an gcúnamh sóisialta (Airteagal 34), rochtain ar chúram sláinte (Airteagal 35) agus rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas ginearálta eacnamaíoch (Airteagal 36).

(26)  Urramaítear na cearta bunúsacha leis an Rialachán seo agus cloítear ann leis na prionsabail a aithnítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint (Airteagal 8), an ceart chun oideachais (Airteagal 14), an tsaoirse chun gairm bheatha a roghnú agus an ceart chun dul i mbun oibre (Airteagal 15), go háirithe an tsaoirse chun fostaíocht a lorg, chun obair a dhéanamh, an ceart chun gnóthas a chur ar bun agus seirbhísí a sholáthar in aon Bhallstát a fheidhmiú, an tsaoirse chun gnó a sheoladh (Airteagal 16 ), rochtain ar an tslándáil shóisialta agus ar an gcúnamh sóisialta (Airteagal 34), rochtain ar chúram sláinte (Airteagal 35) agus rochtain ar sheirbhísí ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch i gcoitinne (Airteagal 36) agus ardleibhéal cosanta don chomhshaol i gcomhréir le prionsabal na forbartha inbhuanaithe (Airteagal 37).

Leasú    13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 28

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(28)  I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais a dhul thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Is ar bhonn deonach a bhainfear úsáid as an sásra sonrach arna bhunú faoin Rialachán seo. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, leanúint de bhaic dlí i réigiún sonrach trasteorann a réiteach faoi na sásraí éifeachtacha atá curtha ar bun aige ar an leibhéal náisiúnta nó atá curtha ar bun aige go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ní gá an Sásra atá curtha ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i sásra éifeachtach atá ann cheana arna bhunú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ar choinníoll go gceadaítear aontachas leis an sásra sin, arís, ní gá an Sásra arna bhunú faoin Rialachán seo a roghnú. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach do na réigiúin trasteorann sin, réigiúin nach bhfuil aon sásraí éifeachtúla i bhfeidhm ag na Ballstáit ina leith chun baic dlí a réiteach.

(28)  I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, mar a leagtar amach in Airteagal 5(4) CAE, níor cheart go rachadh inneachar agus foirm ghníomhaíocht an Aontais thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí na gConarthaí a ghnóthú. Is ar bhonn deonach a bhainfear úsáid as an sásra sonrach arna chur ar bun faoin Rialachán seo chun constaicí trasteorann i réigiúin thrasteorann a réiteach agus ní chuireann sé sin, ar shlí ar bith, cosc ar ionstraimí inchomparáide malartacha a úsáid. I gcás ina ndéanfaidh Ballstát cinneadh, i gcás comhthionscadal sonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, leanúint de bhaic dlí i réigiún sonrach trasteorann a réiteach faoi na sásraí éifeachtacha atá curtha ar bun aige ar an leibhéal náisiúnta nó atá curtha ar bun aige go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ní gá an Sásra arna chur ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Ar an gcaoi chéanna, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh, maidir le comhthionscadal sonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i sásra éifeachtach atá ann cheana arna chur ar bun go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, ar choinníoll go gceadaítear aontachas leis an sásra sin, arís, ní gá an Sásra arna chur ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Ar deireadh, i gcás ina ndéanann Ballstát cinneadh, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, sásra éifeachtach nua a chur ar bun, go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil, chun baic dhlíthiúla atá ina mbac ar chomhthionscadal a chur chun feidhme i réigiúin thrasteorann a réiteach, ní gá an Sásra arna chur ar bun faoin Rialachán seo a roghnú. Dá bhrí sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun a chuspóirí a bhaint amach do na réigiúin trasteorann sin, ar ina leith nach bhfuil aon sásraí éifeachtúla i bhfeidhm ag na Ballstáit chun baic dlí a réiteach.

Leasú    14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30a)  Ba cheart go ndéanfadh an Rialachán seo prionsabal na coimhdeachta a chomhlíonadh. Ní dhéanann sé difear, ar shlí ar bith, do cheannasacht na mBallstát, ná níl sé contrártha dá mbunreachtanna.

Leasú    15

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Leis an Rialachán seo cuirtear ar bun sásra le gur féidir forálacha dlí ó Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, maidir le réigiún trasteorann, i gcás ina gcruthófaí bac dlí ar chur chun feidhme comhthionscadail dá gcuirfí forálacha dlí an dara Ballstáit i bhfeidhm (‘an Sásra’).

1.  Leis an Rialachán seo, cuirtear ar bun sásra deonach chun gur féidir, maidir le comhthionscadal aonair i réigiún trasteorann, forálacha dlí ó Bhallstát amháin a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, i gcás ina gcruthófaí baic dhlíthiúla amháin nó níos mó ar chur chun feidhme comhthionscadail (‘an Sásra’) dá gcuirfí forálacha dlí an dara Ballstáit i bhfeidhm.

Réasúnú

Mar gheall ar an bhfoclaíocht sa togra, tá amhras ann faoin léirmhíniú i dtaobh cibé acu a fhéadfaidh Ballstát an Sásra Trasteorann Eorpach a roghnú le haghaidh gach “comhthionscadail” nó an bhfuil sé d’oibleagáid air cinneadh a dhéanamh maidir le cur chun feidhme an tsásra le haghaidh na “gcomhthionscadal” féideartha uile feadh teorann. Maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil sásra ar bith acu faoi láthair, is mian leis an Rapóirtéir nach dtarlódh sé nach mbeadh an dara rogha acu ach an Sásra Trasteorann Eorpach a roghnú. Ba cheart gur ar bhonn deonach a bheadh cur chun feidhme an tSásra Trasteorann Eorpaigh, bunaithe ar mheasúnú de réir an cháis arna dhéanamh ag an mBallstát.

Leasú    16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 3 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  cosaint dhlíthiúil ar dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún trasteorann i ndáil leis an Sásra.

(c)  cosaint dhlíthiúil do dhaoine a bhfuil cónaí orthu i réigiún nó dóibh siúd atá ina gcónaí ann ar feadh tréimhse teoranta i ndáil leis an Sásra.

Leasú    17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1)  ciallaíonn ‘réigiún trasteorann’ an críoch arna chumhdú ag réigiúin chomharsanachta teorann talún in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 3;

(1)  ciallaíonn ‘réigiún trasteorann’ an críoch arna cumhdach ag réigiúin chomharsanachta teorann talún nó muirí in dhá Bhallstát nó níos mó ag réigiúin leibhéal NUTS 3;

Leasú    18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2)  ciallaíonn ‘comhthionscadal’ aon mír bonneagair ag a bhfuil tionchar i réigiún trasteorann ar leith nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear i réigiún trasteorann ar leith;

(2)  ciallaíonn ‘comhthionscadal’ aon mír bonneagair ag a bhfuil tionchar i réigiún trasteorann ar leith nó aon seirbhís ar mhaithe leis an leas eacnamaíoch ginearálta a sholáthraítear i réigiún trasteorann ar leith, gan beann ar cé acu atá nó nach bhfuil an tionchar sin le sonrú ar dhá thaobh na teorann nó ar thaobh amháin di;

Leasú    19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 5

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  ciallaíonn ‘tionscnóir’ an gníomhaí a shainaithníonn an baic dlí agus a chuireann an Sásra i ngnímh trí dhoiciméad tionscnaimh a chur isteach;

(5)  ciallaíonn ‘tionscnóir’ an gníomhaí a shainaithníonn baic dlí amháin nó níos mó agus a chuireann an Sásra i ngnímh trí dhoiciméad tionscnaimh a chur isteach;

Leasú    20

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Roghnóidh Ballstát an Sásra roghnóidh sé bealaí atá ann cheana chun baic dlí a réiteach atá ag cur bac ar chur chun feidhme comhthionscadail i réigiúin trasteorann ar theorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó.

1.  Féadfaidh na Ballstáit an Sásra a roghnú nó bealaí eile a roghnú chun réiteach a fháil ar chonstaicí dlíthiúla atá ina mbac ar chur chun feidhme comhthionscadail i réigiúin thrasteorann le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó.

Leasú    21

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Féadfaidh Ballstát cinneadh a dhéanamh freisin, maidir le teorainn shonrach le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i mbealach éifeachtach atá ann cheana arna bhunú go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó.

2.  Maidir le comhthionscadal i réigiúin thrasteorann, féadfaidh Ballstát, in éineacht le Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó, bheith páirteach i mbealach éifeachtach atá ann cheana arna chur ar bun go foirmiúil nó go neamhfhoirmiúil ag Ballstát comharsanachta amháin nó níos mó nó cuirfidh sé an Sásra i bhfeidhm maidir leis an Ráiteas.

Leasú    22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  Féadfaidh na Ballstáit an Sásra a úsáid i réigiúin trasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó nó tír agus críoch amháin nó níos mó thar lear.

3.  Féadfaidh na Ballstáit an Sásra a chur i bhfeidhm maidir le comhthionscadal i réigiún trasteorann idir Ballstát amháin nó níos mó agus tríú tír amháin nó níos mó nó tír agus críoch amháin nó níos mó thar lear, ar bhonn deonach i ndáil leis na comhpháirtithe uile lena mbaineann.

Leasú    23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina roghnóidh Ballstát an Sásra, bunóidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann amháin nó níos mó ar cheann de na bealaí seo a leanas:

1.  Bunóidh nó ainmneoidh gach Ballstát Pointe Comhordúcháin Trasteorann amháin nó níos mó ar cheann de na bealaí seo a leanas:

Réasúnú

Sa togra ón Rapóirtéir, beidh fíorthábhacht leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann chun measúnú a dhéanamh i dtaobh ar cheart constaicí dlíthiúla a réiteach agus conas na constaicí sin a réiteach. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir go mbeadh sé éigeantach Pointí Comhordúcháin Trasteorann a chur ar bun i ngach Ballstát. Ós rud é gur ar bhonn deonach a dhéanfar cur i bhfeidhm an tSásra Trasteorann Eorpaigh a spreagadh, is faoi na Ballstáit a bheidh sé cinneadh a dhéanamh maidir le cé chomh substaintiúil is gá d’acmhainneacht riaracháin na bPointí Comhordúcháin Trasteorann sin a bheith.

Leasú    24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann, i gcás inarb ann dóibh, sa Bhallstát comharsanachta nó sna Ballstáit chomharsanachta agus leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann in eintitis chríochacha eile le cumhachtaí reachtacha a Bhallstáit féin nó Bhallstát eile;

(d)  idirchaidreamh a dhéanamh leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann, i gcás inarb ann dóibh, sa Bhallstát comharsanachta nó sna Ballstáit chomharsanachta agus leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann in eintitis chríochacha eile le cumhachtaí reachtacha a Bhallstáit féin nó Bhallstát eile;

Leasú    25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 2 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  ar iarratas ó údarás inniúil áirithe an ghealltanais atá lonnaithe i mBallstát eile nach bhfuil a Phointe Comhordúcháin Trasteorann féin aige, réamhanailís a dhéanamh ar dhoiciméad tionscnaimh;

(c)  ar iarratas ó údarás inniúil áirithe gealltanais atá lonnaithe i mBallstát eile, réamhanailís a dhéanamh ar dhoiciméad tionscnaimh;

Leasú    26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  liosta de na Pointí Comhordúcháin Trasteorann uile idir náisiúnta agus réigiúnach a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta;

(b)  bunachar sonraí de na Pointí Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta agus réigiúnacha uile a chruthú, a fhoilsiú agus a choinneáil cothrom le dáta;

Leasú    27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Déanfaidh an Coimisiún straitéis chumarsáide tacaíochta a ullmhú chun:

 

(a) malartú dea-chleachtas a chur chun cinn;

 

(b) faisnéis phraiticiúil agus léirmhíniú a sholáthar ar réimse ábhair agus fócas téamach an Rialacháin seo agus

 

(c) soiléiriú a thabhairt ar an nós imeachta beacht chun Gealltanas nó Ráiteas a thabhairt i gcrích

Réasúnú

Ba cheart a bheith ag gabháil le cur chun feidhme an Rialacháin feachtas faisnéise trína dtugtar faisnéis shoiléir phraiticiúil a éascóidh a chur chun feidhme ag geallsealbhóirí.

Leasú    28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Sainaithneoidh an tionscnóir an bac dlí i ndáil le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail.

1.  Sainaithneoidh an tionscnóir bac dlí amháin nó níos mó i ndáil le pleanáil, forbairt, soláthar foirne, maoiniú nó feidhmiú comhthionscadail.

Leasú    29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar an mbac dlí comhfhreagrach i mBallstát an ghealltanais chomh maith leis réasúnaíocht leis an mbac dlí a réiteach;

(a)  tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar bhac dlí comhfhreagrach amháin nó níos mó i mBallstát an ghealltanais chomh maith leis an réasúnaíocht chun bac dlí amháin nó níos mó a réiteach;

Leasú    30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  liosta d’fhorálacha sonracha dlí Bhallstát an aistrithe lean réitítear an bac dlí nó, i gcás nach bhfuil aon fhoráil iomchuí dlí ann, togra le haghaidh réiteach dlí ad hoc;

(b)  liosta d’fhorálacha sonracha dlí Bhallstát an aistrithe lean réitítear bac dlí amháin nó níos mó nó, i gcás nach bhfuil aon fhoráil iomchuí dlí ann, togra le haghaidh réiteach dlí ad hoc;

Leasú    31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – teideal

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Réamhanailís Bhallstáit an ghealltanais ar an doiciméad tionscnaimh

Réamhanailís Bhallstá(i)t an ghealltanais agus an aistrithe ar an doiciméad tionscnaimh

Leasú    32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil anailís ar an doiciméad tionscnaimh. Déanfaidh sé idirchaidreamh le gach údarás inniúil gealltanais agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha eile sa Bhallstát agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta i mBallstát an aistrithe.

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais anailís ar an doiciméad tionscnaimh. Déanfaidh sé idirchaidreamh le gach údarás inniúil gealltanais agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta nó, i gcás inarb ábhartha, leis na Pointí Comhordúcháin Trasteorann réigiúnacha eile sa Bhallstát agus leis an bPointe Comhordúcháin Trasteorann náisiúnta i mBallstát an aistrithe.

Leasú    33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a.  Laistigh de thrí mhí tar éis do Phointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe doiciméad tionscnaimh a fháil, cuirfidh sé a réamhthuairimí chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais.

Leasú    34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Laistigh de thrí mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh a fháil, déanfaidh an Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas, a bheidh le tarchur chuig an tionscnóir i scríbhinn:

2.  Laistigh de shé mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh a fháil, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais ceann amháin nó níos mó de na gníomhartha seo a leanas, a bheidh le tarchur chuig an tionscnóir i scríbhinn:

Réasúnú

B’fhéidir go mbeadh an measúnú ar an doiciméad tionscnaimh casta agus go mbeadh níos mó ama ag roinnt leis ná na trí mhí atá beartaithe, go háirithe agus tréimhsí samhraidh nó tréimhsí saoire á gcur san áireamh.

Leasú    35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear an bac dlí i gceann de na cásanna atá liostaithe in Airteagal 12(4) agus tuairisc ar ghealltanas an údaráis inniúil ghealltanais an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint;

(d)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear bac dlí amháin nó níos mó i gceann de na cásanna a liostaítear in Airteagal 12(4) agus tuairisc ar ghealltanas an údaráis inniúil ghealltanais an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint;

Leasú    36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe e

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear an bac dlí i gceann de na cúinsí faoi Airteagal 12(4), ag leagan amach na cúiseanna le diúltú an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint agus ag tagairt do na modhanna sásaimh dhlíthiúil atá ann in aghaidh an chinnidh sin faoi dhlí Bhallstát an ghealltanais;

(e)  an tionscnóir a chur ar an eolas faoina mheasúnú go gcuimsítear bac dlí amháin nó níos mó i gceann de na cúinsí faoi Airteagal 12(4), ag leagan amach na cúiseanna le diúltú an bac dlí sin a athrú nó a chur in oiriúint agus ag tagairt do na modhanna sásaimh dhlíthiúil atá ann in aghaidh an chinnidh sin faoi dhlí Bhallstát an ghealltanais;

Leasú    37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa)  an tionscnóir a atreorú chun sásra atá ann cheana a roghnú, amhail dá dtagraítear in Airteagal 4(2), chun constaic dlí amháin nó níos mó atá ina bac ar chur chun feidhme an chomhthionscadail a réiteach nó chun an doiciméad tionscnaimh a tharchur go díreach chuig an gcomhlacht inniúil faoin sásra comhfhreagrach;

Leasú    38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 2 – pointe f b (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb)  an tionscnóir a chur ar an eolas go bhfuil ceann amháin nó níos mó de na Ballstáit lena mbaineann tar éis a chinneadh gan ceann amháin nó níos de na baic dlí a shainaithin an tionscnóir a réiteach, agus, san am céanna, na cúiseanna leis an gcinneadh sin a thabhairt i scríbhinn.

Leasú    39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 11

scriosta

Réamhanailís Bhallstáit an aistrithe ar an doiciméad tionscnaimh

 

Nuair a fhaigheann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe doiciméad tionscnaimh, déanfaidh sé na cúraimí a liostaítear in Airteagal 10(2) freisin agus féadfaidh sé a réamhthuairimí chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais.

 

Leasú    40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  I gcás ina n-iarrfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais doiciméad tionscnaimh leasaithe nó faisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé anailís ar an doiciméad tionscnaimh leasaithe nó ar an bhfaisnéis shonrach bhreise nó orthu araon agus déanfaidh sé na bearta, laistigh de thrí mhí ón doiciméad a fháil, oiread is go raibh an doiciméad tionscnaimh á sheoladh isteach den chéad uair.

1.  I gcás ina n-iarrfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais doiciméad tionscnaimh leasaithe nó faisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé anailís ar an doiciméad tionscnaimh leasaithe nó ar an bhfaisnéis shonrach bhreise nó orthu araon agus déanfaidh sé na bearta, laistigh de shé mhí ón doiciméad a fháil, oiread is go raibh an doiciméad tionscnaimh á sheoladh isteach den chéad uair.

Leasú    41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  I gcás ina measann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais nach bhfuil an doiciméad tionscnaimh leasaithe go fóill ullmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 nó nach leor go fóill an fhaisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé a chinneadh deireadh a chur leis an nós imeachta a chur in iúl don tionscnóir laistigh de thrí mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh leasaithe a fháil. Tabharfar bonn cirt cuí leis an gcinneadh sin.

2.  I gcás ina measann Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstáit an ghealltanais nach bhfuil an doiciméad tionscnaimh leasaithe go fóill ullmhaithe i gcomhréir le hAirteagal 10 nó nach leor go fóill an fhaisnéis shonrach bhreise, déanfaidh sé a chinneadh deireadh a chur leis an nós imeachta a chur in iúl don tionscnóir laistigh de shé mhí tar éis an doiciméad tionscnaimh leasaithe a fháil. Tabharfar bonn cirt cuí leis an gcinneadh sin.

Leasú    42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3.  I gcás inarb é conclúid na hanailíse a dhéanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais nó an t-údarás gealltanais go bhfuil an bac dlí a bhfuil tuairisc air sa doiciméad tionscnaimh bunaithe ar mhíthuiscint nó ar mhíléiriú ar an reachtaíocht ábhartha nó ar easpa faisnéis ábhartha faoin reachtaíocht ábhartha, cuirfear deireadh leis an nós imeachta tríd an tionscnóir a chur ar an eolas faoin measúnú nach bhfuil aon bhac dlí ann.

3.  I gcás inarb é conclúid na hanailíse a dhéanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais nó an t-údarás gealltanais go bhfuil bac dlí amháin nó níos mó a bhfuil tuairisc air sa doiciméad tionscnaimh bunaithe ar mhíthuiscint nó ar mhíléiriú ar an reachtaíocht ábhartha nó ar easpa faisnéis ábhartha faoin reachtaíocht ábhartha, cuirfear deireadh leis an nós imeachta tríd an tionscnóir a chur ar an eolas faoin measúnú nach bhfuil aon bhac dlí ann.

Leasú    43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 4

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4.  I gcás nach bhfuil sa bhac dlí ach foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin de chuid Bhallstát an ghealltanais nó foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ar soiléir nach foráil arna glacadh faoi nós imeachta reachta é agus, dá bhrí sin, is féidir a athrú nó a oiriúnú gan nós imeachta reachtach, déanfaidh údarás inniúil an ghealltanais an tionscnóir a chur ar an eolas laistigh d’ocht mí go ndiúltaíonn sé nó go bhfuil sé toilteanach an fhoráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ábhartha a athrú nó a oiriúnú.

4.  I gcás nach bhfuil i mbac dlí amháin nó níos mó ach foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin de chuid Bhallstát an ghealltanais nó foráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ar soiléir nach foráil arna glacadh faoi nós imeachta reachta é agus, dá bhrí sin, is féidir a athrú nó a oiriúnú gan nós imeachta reachtach, déanfaidh údarás inniúil an ghealltanais an tionscnóir a chur ar an eolas laistigh d’ocht mí go ndiúltaíonn sé nó go bhfuil sé toilteanach an fhoráil riaracháin, riail nó cleachtas riaracháin ábhartha a athrú nó a oiriúnú.

Leasú    44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar an mbac dlí chomhfhreagrach agus ar an réasúnaíocht leis an mbac dlí a réiteach;

(a)  tuairisc ar an gcomhthionscadal agus ar a chomhthéacs, ar bhac dlí comhfhreagrach amháin nó níos mó chomh maith leis an réasúnaíocht chun bac dlí amháin nó níos mó a réiteach;

Leasú    45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – fomhír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  liosta de na forálacha sonracha dlíthiúla atá sa bhac dlí agus nach mbeidh feidhm acu dá réir sin maidir leis an gcomhthionscadal;

(b)  liosta de na forálacha sonracha dlíthiúla atá i mbac dlí amháin nó níos mó agus nach mbeidh feidhm acu dá réir sin maidir leis an gcomhthionscadal;

Leasú    46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 15 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  laistigh de thrí mhí ar a mhéad tar éis faisnéis a bheith tarchurtha aige faoi Airteagal 10(2) nó Airteagal 12(1) agus (2);

(a)  laistigh de shé mhí ar a mhéad tar éis faisnéis a bheith tarchurtha aige faoi Airteagal 10(2) nó Airteagal 12(1) agus (2);

Leasú    47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas arna fháil de bhun Airteagal 15 a scrúdú agus, laistigh de thrí mhí ar a mhéad tar éis dó an dréacht a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an aistrithe, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas arna fháil de bhun Airteagal 15 a scrúdú agus, laistigh de shé mhí ar a mhéad tar éis dó an dréacht a fháil agus tar éis dó dul i gcomhairle le húdaráis inniúla an aistrithe, déanfaidh sé ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas:

Leasú    48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Sna Ballstáit ina síneoidh údarás inniúil an aistrithe Gealltanas nó Ráiteas, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe, i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, an dá chóip bhunaidh arna síniú ag údarás inniúil an aistrithe a sheoladh.

2.  Sna Ballstáit ina síneoidh údarás inniúil an aistrithe Gealltanas nó Ráiteas, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe, i gcomhréir le pointe (a) agus pointe (b) de mhír 1, ceann amháin den dá chóip bhunaidh arna síniú ag údarás inniúil an aistrithe a chur chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais.

Leasú    49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an freagra arna tharchur ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe a scrúdú agus déanfaidh, laistigh d’aon mhí amháin ar a mhéad tar éis dó é a fháil, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, nach mór a tharchur chuig údarás inniúil an aistrithe i scríbhinn:

1.  Déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an freagra arna tharchur ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe a scrúdú agus déanfaidh, laistigh thrí mhí ar a mhéad tar éis dó é a fháil, ceann amháin nó níos mó de na bearta seo a leanas, nach mór a tharchur chuig údarás inniúil an aistrithe i scríbhinn:

Leasú    50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe a

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a)  i gcás phointe (a) de mhír 2, bailchríoch a chur ar an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, dhá chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

(a)  i gcás phointe (a) d’Airteagal 16(1), bailchríoch a chur ar an dréacht-Ghealltanas nó an dréacht-Ráiteas, trí chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an ghealltanais;

Leasú    51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe b

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b)  i gcás phointe (b) de mhír 2, leasú a dhéanamh dá réir ar an nGealltanas nó an Ráiteas, maidir leis an bhfaisnéis sa dréacht-Ghealltanas nó sa dréacht-Ráiteas a chumhdaítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 14(1), bailchríoch a chur ar an nGealltanas nó an Ráiteas, dhá chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe lena síniú.

(b)  i gcás phointe (b) d’Airteagal 16(1), leasú a dhéanamh dá réir ar an nGealltanas nó an Ráiteas, maidir leis an bhfaisnéis sa dréacht-Ghealltanas nó sa dréacht-Ráiteas a chumhdaítear i bpointe (f) agus i bpointe (h) d’Airteagal 14(1), bailchríoch a chur ar an nGealltanas nó an Ráiteas, trí chóip bhunaidh a shíniú agus ceann acu a chur ar ais chuig Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an aistrithe lena síniú.

Leasú    52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe c

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c)  i gcás phointe (c) de mhír 2, an tionscnóir agus an Coimisiún a chur ar an eolas, agus an réasúnú arna leagan amach ag údarás inniúil an aistrithe a chur leis;

(c)  i gcás phointe (c) d’Airteagal 16(1), an tionscnóir agus an Coimisiún a chur ar an eolas, agus an réasúnú arna leagan amach ag údarás inniúil an aistrithe a chur leis;

Leasú    53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 1 – pointe d

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d)  i gcás phointe (d) de mhír 2, na leasuithe a mheas agus, an nós imeacht faoi phointe (b) den mhír seo a leanúint nó an dara nós imeachta faoi Airteagal 9 a sheoladh ag leagan amach cén fáth nárbh fhéidir le húdarás inniúil an ghealltanais glacadh le roinnt de na leasuithe nó leis na leasuithe ar fad.

(d)  i gcás phointe (d) d’Airteagal 16(1), na leasuithe a mheas agus leanúint ar aghaidh mar atá faoi phointe (b) den mhír seo nó leanúint ar aghaidh mar atá faoi phointe (c) den mhír seo ag leagan amach cén fáth nárbh fhéidir le húdarás inniúil an ghealltanais glacadh le roinnt de na leasuithe nó leis na leasuithe ar fad.

Leasú    54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2.  Nuair a gheobhaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an Gealltanas nó an Ráiteas, arna shíniú freisin ag an bPointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil nó ag údarás inniúil an aistrithe i gcás phointe (a) nó phointe (b) de mhír 1 nó, i gcás ina bhfuil freagra dearfach tugtha ag Pointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil Bhallstát an aistrithe faoin dara nós imeachta faoi phointe (d) de mhír 1, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an méid seo a leanas:

2.  Nuair a gheobhaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an Gealltanas nó an Ráiteas, arna shíniú freisin ag an bPointe Comhordúcháin Trasteorann inniúil nó ag údarás inniúil an aistrithe i gcás phointe (a) nó phointe (b) de mhír 1, déanfaidh Pointe Comhordúcháin Trasteorann Bhallstát an ghealltanais an méid seo a leanas:

Leasú    55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 25

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 25

Airteagal 25

Tuairisciú

Tuairisciú

Faoin ll mm bbb [i.e. an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + cúig bliana; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán], tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste na Réigiún ina mbeidh measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe ar tháscairí maidir lena éifeachtacht, éifeachtúlacht, ábharthacht, breisluach Eorpach agus scóip le haghaidh simpliú.

1.  Faoin ll mm bbb [i.e. an 1ú den mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo + trí bliana; le líonadh isteach ag Oifig na bhFoilseachán], tíolacfaidh an Coimisiún tuarascáil do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle agus do Choiste na Réigiún ina mbeidh measúnú ar chur i bhfeidhm an Rialacháin seo bunaithe ar tháscairí maidir lena héifeachtacht, lena héifeachtúlacht, lena hábharthacht, lena bhreisluach Eorpach agus leis an deis atá ann simpliú a dhéanamh air.

 

2.  Sa tuarascáil dá dtagraítear i mír 1, tagróidh an Coimisiún go háirithe do raon feidhme geografach agus téamach an Rialacháin seo, mar a shainmhínítear i bpointí (1) agus (2) d’Airteagal 3 faoi seach.

 

3.  Sula ndéanfar an tuarascáil a ullmhú, déanfaidh an Coimisiún comhairliúchán poiblí leis na gníomhaithe éagsúla lena mbaineann, lena n-áirítear údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus eagraíochtaí na sochaí sibhialta.

  • [1]  IO C ... / Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.
  • [2]  IO C ... / Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil.

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Réamhrá

San Aontas Eorpach, is ionann réigiúin thrasteorann agus tuairim is 40% de chríoch an Aontais, agus tá beagnach an trian de 512 milliún saoránach an Aontais ina gcónaí sna réigiúin sin. Ag an am céanna, i gcomparáid le réigiúin atá lonnaithe in áit níos lárnaí sna Ballstáit, is gnách nach n-éiríonn chomh maith céanna le réigiúin teorann ó thaobh an gheilleagair de, go mbíonn rátaí dífhostaíochta níos airde iontu agus go mbíonn bonneagar measartha tearcfhorbartha iontu. Meastar go mbeadh mar thoradh ar 20% de na bacainní teorann atá ann cheana a bhaint, go ngnóthódh réigiúin teorann 2% ó thaobh OTI de, arbh ionann é agus tuairim is EUR 91 bhilliún in aghaidh na bliana ó thaobh OTI de. San am a chuaigh thart, bhí cogaíocht agus coinbhleacht ar siúl idir tíortha ar mhórán réigiún teorann san Eoraip.

Ar na cúiseanna sin, in Airteagal 174 de Chonradh Liospóin, ní hé amháin é go liostaítear an comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta mar chuspóir sainráite atá aige, ach liostaítear freisin an comhtháthú críochach (agus aird ar leith ar réigiúin thrasteorann). I bhfianaise an mhéid sin, ba cheart go ndéanfaí an togra le haghaidh Sásra Trasteorann Eorpach a mheas mar chomhlánú ar Ghrúpálacha Interreg agus Grupálacha Eorpacha um Chomhar Críochach. Is é is aidhm don Sásra Trasteorann Eorpach atá beartaithe ná constaicí trasteorann de chineál dlíthiúil nó riaracháin a réiteach, trí na forálacha dlí ó Bhallstát comharsanachta a chur i bhfeidhm maidir le comhthionscadal sonrach i réigiún trasteorann i mBallstát ar leith, ar réigiún é atá idir an dá Bhallstát.

An sásra trasteorann Eorpach

Is díol sásaimh don Rapóirtéir é an aidhm atá leis an togra ón gCoimisiún “le haghaidh sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann” (An Sásra Trasteorann Eorpach), agus tacaíonn sé leis an aidhm sin. D’fhéadfadh sé go mbeadh an Sásra Trasteorann Eorpach ina uirlis i measc uirlisí eile trína ndéantar comhar éifeachtach trasteorann a chur chun cinn agus, dá thoradh sin, feabhas a chur ar rachmas agus folláine na n-áitritheoirí, agus ar a gcaighdeán maireachtála, i réigiúin thrasteorann AE.

Tá gá le soiléiriú ar roinnt saincheisteanna, go háirithe maidir le cineál deonach agus raon feidhme an tSásra Trasteorann Eorpaigh, agus le coimhdeacht agus comhréireacht an togra.

Ba cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an togra uirlis dheonach a chur leis an mbosca uirlisí atá ar fáil d na Ballstáit chun dlús a chur leis an gcomhar trasteorann. Ba cheart go mbeadh an focal deiridh ag na Ballstáit i gcónaí i dtaobh an sásra a úsáid nó gan é a úsáid.

Dá réir sin, tá sé riachtanach go mbeadh na Ballstáit in ann rogha a dhéanamh cé acu an Sásra Trasteorann Eorpach nó sásra atá cheana ann a úsáid le haghaidh gach comhthionscadail aonair, ar bhonn cás ar chás. Dá mbeadh ar na Ballstáit rogha den sórt sin a dhéanamh i gcás teorann iomlán, maidir leis na Ballstáit sin nach bhfuil sásraí acu chun constaicí dlíthiúla i gcomhthéacs trasteorann a réiteach, bheadh orthu, a bheag nó a mhór, an Sásra Trasteorann Eorpach a úsáid. Baintear an bonn ó chineál deonach an togra, dá thoradh sin.

Leis na hathruithe atá beartaithe, pléitear, ar bhealach iomchuí, le haon saincheisteanna a bhaineann le comhréireacht agus le coimhdeacht. Mar gheall air sin, tagann an Sásra Trasteorann Eorpach chun bheith ina uirlis dheonach agus is féidir úsáid a bhaint as ar bhealach à-la-carte, i riocht is go gcinneann na Ballstáit, gach uair a bhíonn constaic dhlíthiúil i gcomhthéacs trasteorann sainaitheanta acu, cibé acu sásra atá cheana ann a úsáid, sásra nua a chur ar bhun, nó an Sásra Trasteorann Eorpach a úsáid. Féadfaidh na Ballstáit, ar chúiseanna a bhfuil údar cuí leo, diúltú sásra ar bith a chur ar obair chun críocha constaic dhlíthiúil nó riaracháin a réiteach. Chun an Sásra Trasteorann Eorpach a chur ar obair agus chun a cheadú do Bhallstát amháin a gcuid forálacha dlíthiúla a chur i bhfeidhm i mBallstát eile, tá gá le fíorghrinnscrúdú ó na páirtithe uile lena mbaineann. Dá bhrí sin, b’fhéidir go raibh na sprioc-amanna a mhol an Coimisiún ródhocht. Mar sin de, tá leasú déanta ar sprioc-amanna áirithe.

Ar deireadh, déantar, a mhéid is féidir, raon feidhme téamach an togra a choinneáil. Nuair a bheidh, mar thoradh ar an raon feidhme, bunús deonach an togra neartaithe agus athrú déanta ar an mbealach a ndéanann na Ballstáit rogha idir an sásra agus sásraí atá cheana ann, is féidir leis an raon feidhme leanúint de bheith leathan i riocht is go ndéanfar cur chun feidhme praiticiúil an tSásra Trasteorann Eorpaigh a áirithiú, i gcás na dtionscadal uile a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo, agus a bhféadfadh constaicí dlíthiúla nó riaracháin i réigiún trasteorann a bheith ina mbac orthu.

Tá an Rapóirtéir den tuairim nach bhfuil sé indéanta an Sásra Trasteorann Eorpach a chur i bhfeidhm go héifeachtach ach amháin má dhéanann na Ballstáit uile agus na húdaráis inniúla uile sna Ballstáit an deis a thapú constaicí dlíthiúla agus riaracháin a réiteach trí oibriú i gcomhar le chéile de mheon an dea-chomhair agus na dea-chomharsanachta. Le cineál deonach an tSásra Trasteorann Eorpaigh, rannchuideofar le hacmhainneacht réigiúin theorann na hEorpa a scaoileadh.

TUAIRIM ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (26.10.2018)

chuig an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

(COM(2018)0373 – C8‑0228/2018 – 2018/0198(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Adina‑Ioana Vălean

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú    1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a)  Chun saol na saoránach i réigiúin trasteorann ar theorainneacha muirí nó i réigiúin trasteorann idir na Ballstáit agus tríú tíortha a fheabhsú, ba cheart cur i bhfeidhm an Rialacháin seo agus úsáid an tSásra a leathnú go dtí na réigiúin sin, agus dlí an Aontais á urramú ag an am céanna.

Leasú    2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9 a (nua)

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9a)  Ba cheart d’údaráis inniúla na mBallstát, tíortha, eintitis nó réigiúin lena mbaineann, i gcomhréir lena n-inniúlachtaí sonracha a shainmhínítear go bunreachtúil agus go dlíthiúil, an réiteach dlí ad hoc atá molta a ghlacadh sula ndéanfar an nGealltanas a thabhairt chun críche nó a shíniú, nó sula ndéanfar an Ráiteas de bhun Airteagal 16 agus Airteagal 17 a shíniú.

NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

Tagairtí

COM(2018)0373 – C8-0228/2018 – 2018/0198(COD)

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

11.6.2018

 

 

 

Tuairim ó

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

5.7.2018

Rapóirtéir

       Dáta an cheapacháin

Adina-Ioana Vălean

21.6.2018

Dáta an ghlactha

25.10.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

27

2

9

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Affronte, Paul Brannen, Nessa Childers, Birgit Collin-Langen, Miriam Dalli, Mark Demesmaeker, Bas Eickhout, José Inácio Faria, Francesc Gambús, Elisabetta Gardini, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, Jytte Guteland, György Hölvényi, Benedek Jávor, Karin Kadenbach, Kateřina Konečná, Urszula Krupa, Giovanni La Via, Susanne Melior, Miroslav Mikolášik, Massimo Paolucci, Bolesław G. Piecha, John Procter, Julia Reid, Nils Torvalds, Adina-Ioana Vălean, Damiano Zoffoli

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Linnéa Engström, Eleonora Evi, Norbert Lins, Sirpa Pietikäinen, Christel Schaldemose, Keith Taylor

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jaromír Kohlíček, Tonino Picula

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAOS ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

27

+

EFDD

Eleonora Evi

GUE/NGL

Jaromír Kohlíček, Kateřina Konečná

PPE

Birgit Collin‑Langen, José Inácio Faria, Francesc Gambús, Elisabetta Gardini, Jens Gieseke, Julie Girling, Françoise Grossetête, Andrzej Grzyb, György Hölvényi, Giovanni La Via, Norbert Lins, Miroslav Mikolášik, Sirpa Pietikäinen Adina Ioana Vălean

S&D

Paul Brannen, Nessa Childers, Miriam Dalli, Jytte Guteland, Karin Kadenbach, Susanne Melior, Massimo Paolucci, Tonino Picula, Christel Schaldemose, Damiano Zoffoli

2

-

ALDE

Nils Torvalds

EFDD

Julia Reid

9

0

ECR

Mark Demesmaeker, Urszula Krupa, Bolesław G. Piecha, John Procter

VERTS/ALE

Marco Affronte, Bas Eickhout, Linnéa Engström, Benedek Jávor, Keith Taylor

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Sásra chun constaicí dlí agus riaracháin a réiteach i gcomhthéacs trasteorann

Tagairtí

COM(2018)0373 – C8-0228/2018 – 2018/0198(COD)

Dáta tíolactha chun PE

30.5.2018

 

 

 

An Coiste freagrach

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

REGI

11.6.2018

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

       Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

5.7.2018

JURI

11.6.2018

 

 

Gan tuairim a thabhairt

       Dáta an chinnidh

JURI

9.7.2018

 

 

 

Rapóirtéirí

       Dáta an cheapacháin

Matthijs van Miltenburg

20.6.2018

 

 

 

Pléite sa choiste

20.6.2018

27.9.2018

15.10.2018

 

Dáta an ghlactha

22.11.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

14

1

15

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Franc Bogovič, Victor Boştinaru, Rosa D’Amato, John Flack, Iratxe García Pérez, Krzysztof Hetman, Marc Joulaud, Sławomir Kłosowski, Constanze Krehl, Iskra Mihaylova, Andrey Novakov, Mirosław Piotrowski, Stanislav Polčák, Terry Reintke, Fernando Ruas, Monika Smolková, Maria Spyraki, Ruža Tomašić, Matthijs van Miltenburg, Lambert van Nistelrooij, Kerstin Westphal, Joachim Zeller

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Martina Anderson, Petras Auštrevičius, John Howarth, Ivana Maletić, Dimitrios Papadimoulis, Bronis Ropė, Milan Zver

Dáta don chur síos

29.11.2018

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

14

+

ALDE

Petras Auštrevičius, Iskra Mihaylova, Matthijs van Miltenburg

EFDD

Rosa D'Amato

GUE/NGL

Martina Anderson, Dimitrios Papadimoulis

S&D

Victor Boştinaru, Iratxe García Pérez, John Howarth, Constanze Krehl, Monika Smolková, Kerstin Westphal

VERTS/ALE

Terry Reintke, Bronis Ropė

1

-

PPE

Joachim Zeller

15

0

ECR

John Flack, Sławomir Kłosowski, Mirosław Piotrowski, Ruža Tomašić

PPE

Pascal Arimont, Franc Bogovič, Krzysztof Hetman, Marc Joulaud, Ivana Maletić, Lambert van Nistelrooij, Andrey Novakov, Stanislav Polčák, Fernando Ruas, Maria Spyraki, Milan Zver

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 12 Nollaig 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais