Tuarascáil - A8-0453/2018Tuarascáil
A8-0453/2018

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2019

10.12.2018 - (COM(2018)0281 – C8‑0221/2018 – 2018/2074(BUD))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Lefteris Christoforou

Nós Imeachta : 2018/2074(BUD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A8-0453/2018
Téacsanna arna gcur síos :
A8-0453/2018
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2019

(COM(2018)0281 – C8‑0221/2018 – 2018/2074(BUD))

Tá Parlaimint na hEorpa,

–  ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2018)0281 – C8‑0221/2018),

–  ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002 lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[1],

–  ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020[2], agus go háirithe Airteagal 10 de,

–  ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais[3], agus go háirithe pointe 11 de,

–  ag féachaint do thorthaí idirphlé tríthaobhach an 4 Nollaig 2018,

–  ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A8-0453/2018),

A.  de bhrí gurb amhlaidh, i gcomhréir le Rialachán (AE) Uimh. 661/2014 lenar leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002, go ndéantar méid is ionann agus EUR 50 000 000 a chur ar fáil chun réamhíocaíochtaí a íoc trí leithreasuithe i mbuiséad ginearálta an Aontais;

1.  ag formheas an chinnidh a ghabhann leis an rún seo;

2.  á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;

3.  á threorú dá hUachtarán an rún seo, lena n-áirítear an Iarscríbhinn, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

  • [1]  IO L 311, 14.11.2002, lch. 3.
  • [2]  IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
  • [3]  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.

IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir le leas a bhaint as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun foráil a dhéanamh maidir le réamhíocaíochtaí a íoc i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2019

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle an 11 Samhain 2002, lena mbunaítear Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh[1], agus go háirithe Airteagal 4a(4) de,

ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i gcúrsaí buiséid agus le bainistíocht fhónta airgeadais[2], agus go háirithe pointe 11 de,

ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)  Tá sé d’aidhm ag Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (‘an Ciste’) a chur ar chumas an Aontais freagairt ar bhealach tapa, éifeachtúil agus solúbtha do staideanna éigeandála agus dlúthpháirtíocht a léiriú le muintir na réigiún atá thíos le tubaistí nádúrtha.

(2)  Ní rachaidh an Ciste thar uasmhéid EUR 500 000 000 (praghsanna 2011), mar a leagtar síos in Airteagal 10 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle[3].

(3)  In Airteagal 4a(4) de Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 foráiltear, i gcás inar gá sin chun a áirithiú go mbeidh acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil, go bhféadfar leas a bhaint as an gCiste suas le EUR 50 000 000 le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc, agus na leithreasuithe comhfhreagracha a iontráil i mbuiséad ginearálta an Aontais.

(4)  Chun a áirithiú go mbeidh a dhóthain acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil do bhuiséad ginearálta an Aontais do 2019, ba cheart leas a bhaint as an gCiste suas le EUR 50 000 000 le haghaidh réamhíocaíochtaí a íoc.

(5)  D’fhonn an méid ama a íoslaghdú is gá a thógáil chun leas a bhaint as an gCiste, beidh feidhm ag an gCinneadh seo ó thús na bliana airgeadais 2019.

TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2019, bainfear leas as Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun méid EUR 50 000 000 a sholáthar i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus i leithreasuithe íocaíochta chun réamhíocaíochtaí a íoc.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2019.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa      Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán          An tUachtarán

  • [1]   IO L 189, 27.6.2014, lch. 143.
  • [2]  IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
  • [3]   Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Bunaíodh Ciste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh (CDAE) chun a chur ar chumas an Aontais freagairt do staideanna éigeandála de bharr mórthubaistí nádúrtha agus chun dlúthpháirtíocht na hEorpa a léiriú le réigiúin a bhíonn thíos le tubaistí san Eoraip. Tá sé d’acmhainn ag an gCiste cúnamh airgeadais a sholáthar do na Ballstáit agus do thíortha atá páirteach i gcaibidlíochtaí aontachais i gcás ina dtarlódh ‘mórthubaiste nádúrtha’, i.e. i gcás inar mó ná EUR 3 bhilliún i bpraghsanna 2011 nó 0.6 % d’OIN na tíre – cibé acu is ísle – an damáiste díreach iomlán de bharr na tubaiste. Is féidir leas a bhaint as freisin i gcás tubaiste réigiúnach. Leagtar amach na coinníollacha maidir le leas a bhaint as CDAE sa bhunghníomh ábhartha (Rialachán (CE) Uimh. 2012/2002 ón gComhairle), a leasaíodh in 2014 (Rialachán (AE) Uimh. 661/2014).

Faoi Airteagal 10 den Rialachán maidir le CAI don tréimhse 2014-2020[1], ceadaítear leas a bhaint as an gCiste faoin uasmhéid bhliaintúil de EUR 500 milliún (praghsanna 2011), de bhreis ar cheannteidil ábhartha an chreata airgeadais.

Níl an togra seo le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nasctha le tubaiste ar leith. Ina áit sin, is é is aidhm leis méid is ionann agus EUR 50 milliún i leithreasuithe faoi chomhair oibleagáidí agus i leithreasuithe íocaíochta a iontráil go tráthúil agus go héifeachtúil i mbuiséad ginearálta an Aontais do 2019 i gcás ina dtarlódh tubaiste an bhliain seo chugainn.

Is toradh díreach é sin ar fhoráil nua in Airteagal 4a de Rialachán Leasaitheach 2014[2], ar thug Parlaimint na hEorpa cosaint láidir di agus arb é is aidhm léi go ndéanfaí cabhair a thabhairt do na tíortha atá thíos ar bhealach níos tapúla, trí réamhíocaíocht a íoc sula ndéanfaí an cinneadh deiridh faoi dhámhachtain, rud a chuirfeadh feabhas ar éifeachtúlacht an Chiste. Ós rud é gur áitigh an Pharlaimint ar a shon, cuireadh san áireamh dá bhrí sin sa chomhréiteach deiridh maidir leis an Rialachán Leasaitheach, a glacadh den chéad uair faoin ngnáthnós imeachta reachtach, foráil lena moltar buiséad is ionann agus EUR 50 milliún i ngealltanais agus in íocaíochtaí gach bliain chun a áirithiú go mbíonn acmhainní buiséadacha ar fáil go tráthúil.

Ba cheart a thabhairt ar aird gur féidir réamhíocaíocht a dhámhachtain arna iarraidh sin do Bhallstát agus tar éis réamh-mheasúnú a bheith déanta ar iarratas CDAE comhfhreagrach an Choimisiúin. Níor cheart go sáródh an réamhíocaíocht 10 % den ranníocaíocht airgeadais a bhfuil súil léi ná níor cheart go sáródh sí EUR 30 milliún. Íoctar an réamhíocaíocht gan dochar don chinneadh deiridh faoi leas a bhaint as an gCiste, agus déanfaidh an Ballstát réamhíocaíochtaí a íoctar go míchuí a aisghabháil ón mBallstát.

Meabhraíonn an Rapóirtéir nach é amháin gur cineál eile tacaíochta airgeadais ón Aontas é CDAE ach go rannchuidíonn sé freisin chun teachtaireacht pholaitiúil shoiléir dlúthpháirtíochta a thabhairt agus cúnamh á thabhairt, san am céanna, do dhaoine atá thíos. Ach acmhainneacht mhearfhreagartha a bheith ann, lena n-áirítear trí réamhíocaíochtaí a íoc, cuideofar leis an Aontas na cuspóirí sin a bhaint amach.

Tá sé á mholadh ag an Rapóirtéir, dá bhrí sin, go gcuirfí na méideanna sin san áireamh i mBuiséad 2019.

  • [1]  IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
  • [2]  IO L 189, 27.6.2014, lch. 143.

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

10.12.2018

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

0

1

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Jean Arthuis, Richard Ashworth, Lefteris Christoforou, Manuel dos Santos, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Ingeborg Gräßle, John Howarth, Siegfried Mureşan, Liadh Ní Riada, Jan Olbrycht, Paul Rübig, Petri Sarvamaa, Jordi Solé, Patricija Šulin, Indrek Tarand, Monika Vana, Daniele Viotti, Marco Zanni

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Xabier Benito Ziluaga, Karine Gloanec Maurin, Marco Valli

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Claudia Schmidt

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

23

+

ALDE

Jean Arthuis

ENF

Marco Zanni

GUE/NGL

Xabier Benito Ziluaga, Liadh Ní Riada

PPE

Richard Ashworth, Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Ingeborg Gräßle, Siegfried Mureşan, Jan Olbrycht, Paul Rübig, Petri Sarvamaa, Claudia Schmidt, Patricija Šulin

S&D

Eider Gardiazabal Rubial, Jens Geier, Karine Gloanec Maurin, John Howarth, Daniele Viotti, Manuel dos Santos

VERTS/ALE

Jordi Solé, Indrek Tarand, Monika Vana

0

-

1

0

EFDD

Marco Valli

Eochair na siombailí:

+  :  i bhfabhar

-  :  i gcoinne

0  :  staonadh

An nuashonrú is déanaí: 11 Nollaig 2018
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais