MOLADH maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine
12.12.2018 - (10302/2018 – C8‑0433/2018 – 2018/0241(NLE)) - ***
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Bodil Valero
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine
(10302/2018 – C8‑0433/2018 – 2018/0241(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10302/2018),
– ag féachaint don dréacht i dtaca le Comhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine (10290/2018),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 77(2), pointí (b) agus (d), Airteagal 79(2) pointe (c) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0433/2018),
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0463/2018),
1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na hAlbáine.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
a. Cúlra
Tá sé mar aidhm leis an gCinneadh a mholtar ón gComhairle formheas a dhéanamh ar an gComhaontú Stádais idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine mar a fhoráiltear dó i Rialachán (AE) 2016/1624 maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach.
Tá féidearthachtaí éagsúla beartaithe sa Rialachán thuasluaite don chomhar a dhéanfaidh an Ghníomhaireacht le tríú tíortha. Is é atá i gceist le comhaontú stádais ná creat atá ceangailteach ó thaobh dlí a chur ar fáil d’oibríochtaí na Gníomhaireachta ina n-imlonnófaí baill foirne ag a bhfuil cumhachtaí feidhmiúcháin go dtí críoch tríú tíre. Foráiltear go sainráite in Airteagal 54(4) de Rialachán (AE) 2016/1624, i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe go n-imlonnófaí foirne ón nGarda Teorann agus Cósta Eorpach go dtí tríú tír i ngníomhaíochtaí ina mbeadh cumhachtaí feidhmiúcháin ag na baill foirne, nó inar gá sin de thoradh gníomhaíochtaí eile i dtríú tíortha, go dtabharfaidh an tAontas comhaontú stádais i gcrích leis an tríú tír atá i gceist.
Is é an cuspóir atá ag an gcomhaontú ná go gcuimseofaí gach gné is gá chun gníomhaíochtaí na Gníomhaireachta a dhéanamh i dtríú tíortha. Anuas air sin, ba cheart go leagfaí amach raon feidhme na hoibríochta, dliteanas sibhialta agus coiriúil agus cúraimí agus cumhachtaí bhaill na bhfoirne. Ba cheart go ráthófaí leis na comhaontuithe stádais lánurraim na gceart bunúsach agus bunú sásraí tiomnaithe chun gearáin a dhéanamh a d’úsáidfí i gcás ina mbeadh sáruithe déanta ar chearta bunúsacha le linn na n-oibríochtaí sin.
I gcomhréir leis an Rialachán maidir leis an nGarda Teorann agus Cósta Eorpach agus dá dtagraítear in Airteagal 54(5) den Rialachán, thíolaic an Coimisiún i dteachtaireacht COM(2016) 747 uaidh an 22 Samhain 2016, samhail de chomhaontú stádais ina bhfuil forálacha sonracha maidir le gníomhaíochtaí a dhéanamh ar chríoch tríú tíortha.
Tugadh achoimre don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile an 1 Feabhra 2018 faoin dul chun cinn atá déanta sna caibidlíochtaí idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na hAlbáine faoi chomhaontú stádais.
b. Seasamh an Rapóirtéara
Measann an Rapóirtéir go bhfuil sé ríthábhachtach go dtabharfaí i gcrích comhaontuithe foirmiúla atá ceangailteach ó thaobh dlí faoi chuimsiú comhair le tríú tíortha, seachas socrú oibre neamhfhoirmiúil a thabhairt i gcrích, chun trédhearcacht, grinnscrúdú poiblí agus maoirseacht dhaonlathach i dtaca le comhar den sórt sin a áirithiú. Mar sin féin, ba cheart aon chomhaontú a thugtar i gcrích idir AE agus tríú tíortha maidir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag Gníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta a mheas go cúramach, ba cheart breisluach a bheith aige agus géarghá a bheith leis agus ba cheart dó a bheith comhréireach de réir cuspóra agus ábhair.
Dá bhrí sin, tá ríthábhacht leis an gComhaontú Stádais seo agus na cinn a thagann ina dhiaidh, ní hamháin chun trédhearcacht agus cuntasacht chomhar oibríochtúil na Gníomhaireachta Eorpaí um an nGarda Teorann agus Cósta le tríú tíortha a áirithiú, ach chun go n-áiritheofaí creat soiléir le haghaidh comhair le tríú tíortha maidir le teorainneacha seachtracha AE a bhainistiú. Ba cheart don Chomhaontas Stádais cosaint na gCeart Bunúsach a áirithiú agus béim a chur ar dhualgas na mball foirne cearta bunúsacha agus saoirsí bunúsacha a urramú go hiomlán, go háirithe i dtaca le rochtain ar nósanna imeachta tearmainn, dínit an duine agus toirmeasc ar chéasadh, íde atá mídhaonna nó táireach, ceart chun saoirse, prionsabal an non-refoulement agus toirmeasc ar ionnarbadh comhchoiteann, cearta an linbh agus an ceart go ndéanfaí an saol príobháideach agus teaghlaigh a urramú laistigh de raon an chomhaontais. Thairis sin, ba cheart oibleagáid a leagan síos leo ar bhonn córasach maidir le sásraí um ghearáin a chur ar bun agus a oibríochtú i gcomhréir le hAirteagal 72 de Rialachán (AE) 2016/1624, rud a d’áiritheodh an fhéidearthacht sásamh a fháil i gcás sárú a bheith déanta ar chearta bunúsacha agus oibríochtaí á ndéanamh faoi chuimsiú an chomhair sin.
Chun oibríochtú feidhmiúil agus fónta na Gníomhaireachta maidir le comhar tríú tír a éascú amach anseo, ba cheart urramú iomlán na gceart bunúsach, na cosanta sonraí agus na príobháideachta a chur san áireamh go hiomlán i gcomhaontuithe amach anseo freisin. Is gá stádas dlíthiúil sásúil na mball foirne i dteannta rialacha soiléire maidir le dliteanas coiriúil, sibhialta agus riaracháin a chur san áireamh chun cuntasacht leormhaith a áirithiú. Ó thaobh caibidlíochtaí chun comhaontuithe stádais a bhunú amach anseo, iarrann an Rapóirtéir ar an gCoimisiúin measúnú maidir le cearta an duine/cearta bunúsacha a dhéanamh ar an tríú tír i dtrácht roimh dhul i mbun caibidlíochta agus toradh an mheasúnaithe sin a chur in iúl láithreach do Pharlaimint na hEorpa.
Maidir le forbairt an Rialacháin i dtaca le Garda Teorann agus Cósta Eorpach i réimse an chomhair le tríú tír, leagann an rapóirtéir béim air go gcaithfear teorainn a chur leis an gcomhar le tríú tíortha nach bhfuil teorainn sheachtrach talún acu le Ballstát, i gcomhréir le sainordú na Gníomhaireachta tacú le Ballstáit i mbainistiú ar theoireannacha seachtracha AE.
I ngeall ar thabhairt i gcrích na gComhaontuithe Stádais le tríú tíortha, iarrann an Rapóirtéir ar an gCoimisiún gach doiciméad is gá a chur ar fáil don phobal gan mhoill ionas gur féidir leis an bParlaimint a cuid oibre institiúidí a dhéanamh agus nósanna imeachta ábhartha an toilithe i gcomhréir le Riail 99(1) agus (4), agus Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta a thionscnamh, lena n-áirítear na dréachtleaganacha den Chomhaontú Stádais sula dtabharfar i gcrích é. D’áiritheodh sé sin trédhearcacht agus grinnscrúdú poiblí cuí agus maoirseacht dhaonlathach ar na comhaontuithe sin.
Mar chonclúid, measann an Rapóirtéir go bhfuil an comhaontú stádais atá beartaithe comhsheasmhach leis an samhail-chomhaontú stádais dá bhforáiltear sa teachtaireacht ón gCoimisiún faoin ábhar agus sna forálacha ar cheart iad a bheith san áireamh sa chomhaontú deiridh.
Nuair a bheidh an comhaontú seo i gcéim a chur chun feidhme, iarrann an Pharlaimint go gcuirfeadh an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta na gníomhaíochtaí arna ndéanamh mar chuid de chur chun feidhme an Chomhaontaithe Stádais a chur in iúl gan mhoill don Pharlaimint agus meabhraíonn sí don Ghníomhaireacht an dualgas atá uirthi measúnú ar an gcomhar le tríú tíortha a chur san áireamh ina tuarascálacha bliantúla i gcomhréir le hAirteagal 54(11) de Rialachán (EU) 2016/1624.
I bhfianaise a bhfuil thuasluaite, molann an Rapóirtéir don Pharlaimint tacú le téacs an Dréachtchinnidh ón gComhairle.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe Stádais idir AE agus Poblacht na hAlbáine maidir leis na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag an nGníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta i bPoblacht na hAlbáine |
||||
Tagairtí |
10302/2018 – C8-0433/2018 – COM(2018)0458 – 2018/0241(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / iarraidh ar thoiliú |
9.10.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 22.10.2018 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET 22.10.2018 |
BUDG 22.10.2018 |
PECH 22.10.2018 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
AFET 20.6.2018 |
BUDG 28.6.2018 |
PECH 20.6.2018 |
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Bodil Valero 14.5.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
19.11.2018 |
10.12.2018 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
10.12.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
28 3 0 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Martina Anderson, Monika Beňová, Michał Boni, Cornelia Ernst, Romeo Franz, Nathalie Griesbeck, Jussi Halla-aho, Monika Hohlmeier, Sophia in ‘t Veld, Dietmar Köster, Juan Fernando López Aguilar, Roberta Metsola, Claude Moraes, Péter Niedermüller, Ivari Padar, Giancarlo Scottà, Birgit Sippel, Csaba Sógor, Helga Stevens, Bodil Valero, Harald Vilimsky, Josef Weidenholzer |
||||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Marek Jurek, Jean Lambert, Angelika Mlinar, Maite Pagazaurtundúa Ruiz, Barbara Spinelli, Axel Voss |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Lucy Anderson, Margrete Auken, Anthea McIntyre |
||||
Dáta don chur síos |
13.12.2018 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
28 |
+ |
|
ALDE |
Nathalie Griesbeck, Sophia in 't Veld, Angelika Mlinar, Maite Pagazaurtundúa Ruiz |
|
ECR |
Jussi Halla-aho, Marek Jurek, Anthea McIntyre, Helga Stevens |
|
ENF |
Giancarlo Scottà, Harald Vilimsky |
|
PPE |
Michał Boni, Monika Hohlmeier, Roberta Metsola, Csaba Sógor, Axel Voss |
|
S&D |
Lucy Anderson, Monika Beňová, Dietmar Köster, Juan Fernando López Aguilar, Claude Moraes, Péter Niedermüller, Ivari Padar, Birgit Sippel, Josef Weidenholzer |
|
VERTS/ALE |
Margrete Auken, Romeo Franz, Jean Lambert, Bodil Valero |
|
3 |
- |
|
GUE/NGL |
Martina Anderson, Cornelia Ernst, Barbara Spinelli |
|
0 |
0 |
|
|
|
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh