MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile
18.12.2018 - (10593/2018 – C8-0463/2018– 2018/0256(NLE)) - ***
An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Marietje Schaake
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile
(10593/2018 – C8-0463/2018– 2018/0256(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (10593/2018),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(i), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0463/2018),
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an ...[1] maidir le togra le haghaidh cinneadh,
– ag féachaint do Riail 99(1) agus (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus do na tuairimí ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha agus ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A8/‑0000/2018),
1. Ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus pairlimintí na mBallstát agus Maracó.
- [1] Téacsanna a glacadh an dáta sin, P8_TA(0000)0000.
TUAIRIM ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (21.11.2018)
chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile
(10593/2018 – C8-0463/2018 – 2018/0256(NLE))
Rapóirtéir don tuairim: Anders Primdahl Vistisen
RÉASÚNÚ GEARR
Tá sé mar aidhm leis an gcomhaontú seo - lena leasaítear Prótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara - ráthaíochtaí a thabhairt maidir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear cearta an duine, agus leis an bhforbairt inbhuanaithe sna críocha lena mbaineann.
Tá sé tábhachtach a chur i dtreis nach dtugann an comhaontú seo le tuiscint go n-aithnítear ceannasacht Mharacó ar an Sahára Thiar. Tá sé fós mar sheasamh ag AE tacaíocht a thabhairt d’iarrachtaí NA socrú ar choinbhleacht an tSahára Thiar a aimsiú atá cothrom, marthanach agus inghlactha don dá thaobh, ar bhonn cheart féinchinntiúcháin na Sachrámhach agus i gcomhréir le rúin ábhartha NA.
Mar a luaitear sa tuairim a ghabhann leis an rún, aithníonn an rapóirtéir iarrachtaí an Choimisiúin agus na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), i réimse a gcuid inniúlachtaí faoi seach, an tairbhe don phobal a mheasúnú agus toiliú an phobail a fháil amach i ndáil leis an gcomhaontú seo. Ba mhór ag an rapóirtéir freisin na comhairliúcháin chuimsitheacha a tharla faoi cheannas an Choimisiúin agus SEGS, le réimse leathan ionadaithe áitiúla ón Sahára Thiar, leis an tsochaí shibhialta agus le heagraíochtaí agus comhlachtaí eile, agus inar cuireadh in iúl tacaíocht leathan do na tairbhí socheacnamaíocha a bhaineann leis an bhfabhar taraife atá molta.
******
Iarann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gcomhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile |
||||
Tagairtí |
10593/2018 – C8-0463/2018 – COM(2018)0481 – 2018/0256(NLE) |
||||
An Coiste Freagrach
|
INTA
|
|
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET 12.11.2018 |
||||
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Anders Primdahl Vistisen 5.9.2018 |
||||
Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Michèle Alliot-Marie, Nikos Androulakis, Petras Auštrevičius, Bas Belder, Victor Boştinaru, Elmar Brok, Klaus Buchner, James Carver, Lorenzo Cesa, Georgios Epitideios, Eugen Freund, Michael Gahler, Iveta Grigule-Pēterse, Sandra Kalniete, Tunne Kelam, Wajid Khan, Andrey Kovatchev, Eduard Kukan, Arne Lietz, Barbara Lochbihler, Sabine Lösing, Andrejs Mamikins, David McAllister, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Pier Antonio Panzeri, Demetris Papadakis, Ioan Mircea Paşcu, Alojz Peterle, Tonino Picula, Kati Piri, Julia Pitera, Cristian Dan Preda, Jozo Radoš, Michel Reimon, Sofia Sakorafa, Jean-Luc Schaffhauser, Anders Sellström, Alyn Smith, Jordi Solé, Dobromir Sośnierz, Jaromír Štětina, Dubravka Šuica, Charles Tannock, László Tőkés, Miguel Urbán Crespo, Ivo Vajgl, Anders Primdahl Vistisen |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Doru-Claudian Frunzulică, Ana Gomes, Takis Hadjigeorgiou, Marek Jurek, Patricia Lalonde, Antonio López-Istúriz White, David Martin, Gilles Pargneaux, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Marietje Schaake, Eleni Theocharous, Bodil Valero, Mirja Vehkaperä, Željana Zovko |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
44 |
+ |
|
ALDE |
Petras Auštrevičius, Iveta Grigule-Pēterse, Patricia Lalonde, Javier Nart, Jozo Radoš, Marietje Schaake, Mirja Vehkaperä |
|
ECR |
Bas Belder, Charles Tannock, Anders Primdahl Vistisen |
|
ENF |
Jean-Luc Schaffhauser |
|
PPE |
Michèle Alliot-Marie, Elmar Brok, Lorenzo Cesa, Michael Gahler, Sandra Kalniete, Tunne Kelam, Andrey Kovatchev, Eduard Kukan, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Francisco José Millán Mon, Alojz Peterle, Julia Pitera, Cristian Dan Preda, José Ignacio Salafranca Sánchez-Neyra, Anders Sellström, Jaromír Štětina, Dubravka Šuica, László Tőkés, Željana Zovko |
|
S&D |
Nikos Androulakis, Victor Boştinaru, Doru-Claudian Frunzulică, Wajid Khan, Arne Lietz, Andrejs Mamikins, David Martin, Pier Antonio Panzeri, Demetris Papadakis, Gilles Pargneaux, Ioan Mircea Paşcu, Tonino Picula, Kati Piri |
|
17 |
- |
|
ALDE |
Ivo Vajgl |
|
ECR |
Marek Jurek, Eleni Theocharous |
|
GUE/NGL |
Takis Hadjigeorgiou, Sabine Lösing, Sofia Sakorafa, Miguel Urbán Crespo |
|
NI |
Georgios Epitideios, Dobromir Sośnierz |
|
S&D |
Eugen Freund, Ana Gomes |
|
VERTS/ALE |
Klaus Buchner, Barbara Lochbihler, Michel Reimon, Alyn Smith, Jordi Solé, Bodil Valero |
|
1 |
0 |
|
NI |
James Carver |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe. (29.11.2018)
chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
ar an dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú a thabhairt i gcrích i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir le leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile
(10593/2018 – C8-0463/2018 – 2018/0256(NLE))
Rapóirtéir don tuairim: Michel Dantin
RÉASÚNÚ GEARR
Thug AE agus Maracó Comhaontú Comhlachais Eora-Mheánmhara i gcrích in 2000. In 2012, tugadh bearta i ndáil le léirscaoileadh táirgí talmhaíochta, táirgí talmhaíochta próiseáilte, iasc agus táirgí iascaigh isteach sa Chomhaontú Comhlachais sin le comhaontú trí mhalartú litreacha.
Tar éis caingean ó Frente Polisario chun neamhniú a dhéanamh ar an gComhaontú sin ar an mbonn go raibh sé ag sárú an dlí idirnáisiúnta a mhéid a bhain leis an Sahára Thiar, thug Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh breithiúnas uaithi an 21 Nollaig 2016 (ar achomharc) inar thángthas ar an gconclúid gurbh é an léirmhíniú nach mór a dhéanamh ar an gComhaontú ná nach mbaineann sé leis an Sahára Thiar. Níor chuir an Chúirt as an áireamh an fhéidearthacht go gcumhdófaí an Sahára Thiar ach, faoin bprionsabal ginearálta i dtaca le héifeacht choibhneasta na gConarthaí sa dlí idirnáisiúnta, cheistigh sí an tairbhe a bheadh le comhaontú den sórt sin do phobal an tSahára Thiar agus shonraigh sí go mbeadh gá le toiliú sainráite an phobail sin chun an comhaontú a chur chun feidhme ar bhonn níos leithne.
An phríomhaidhm a bhí leis an gcaibidlíocht a tharla, tar éis an bhreithiúnais sin, idir an Coimisiún agus Maracó, ar bhonn an tsainordaithe a ghlac an Chomhairle ag deireadh mhí Bealtaine 2017, ná an comhaontú Comhlachais a choigeartú chun an bunús dlí a thabhairt ar ais don trádáil fhabhrach idir AE, ar thaobh amháin agus Maracó agus an Sahára Thiar, ar an taobh eile, ag áirithiú nach ndéanfaí ach an saobhadh is lú ab fhéidir ar an trádáil i dtrácht. Leis an gComhaontú i bhfoirm malartú litreacha, ar moladh don Chomhairle é a thabhairt i gcrích agus a bhfuil iarrtha ar an bParlaimint a toiliú a thabhairt ina leith, déantar leasú ar Phrótacail uimh. 4 agus uimh. 1 a ghabhann le Comhaontú Comhlachais AE-Maracó ina bhforáiltear go mbeidh na fabhair thrádála chéanna a dheonaíonn AE do tháirgí (Maracacha) arna gcumhdach ag an gComhaontú Comhlachais á ndeonú do tháirgí de thionscnamh an tSahára Thiar. Thairis sin, cuirtear bealaí ar bun leis an gComhaontú maidir le measúnú a dhéanamh ar thairbhí na bhfabhar don phobal i dtrácht agus maidir le socruithe comhairliúcháin.
Ar ndóigh, ní theastaíonn ón Rapóirtéir don tuairim ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe dul i bhfiontar meastóireacht pholaitiúil ar an gComhaontú i dtrácht (a thagann faoi inniúlacht coistí eile). Tá sé den tuairim gur cheart don Pharlaimint an comhaontú a fhormheas, ar an ábhar go gcuirfeadh sé sin creat cobhsaí agus dosháraithe ar fáil do thrádáil le príomh-chomhpháirtí de chuid AE. Agus a thuairim féin á cur in iúl aige, áfach, maidir le rún neamhreachtach a bheith á tharraingt suas ag gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ceapann sé gur cheart dó aird a tharraingt air gur saincheist an-íogair d’éarnáil ghairneoireachta na hEorpa atá in allmhairí de chineálacha áirithe torthaí agus glasraí (trátaí, cúcamair, mealbhacáin, etc.) ó Mharacó agus ón Sahára Thiar. Tá amhras áirithe air agus ceisteanna áirithe aige freisin maidir leis an dóigh a ndéantaí táirgí a allmhairíodh ón Sahára Thiar a bhainistiú chun críocha custaim ó tugadh an breithiúnas Cúirte an 21 Nollaig 2016. Ba cheart don Choimisiún fanacht ar a airdeall maidir leis na míshocrachtaí sa mhargadh a d’fhéadfadh a bheith mar thoradh ar allmhairí torthaí agus glasraí ó Mharacó agus ón Sahára Thiar isteach san Aontas agus níor cheart aon drogall a bheith air tráth ar bith an clásal coimirce dá bhforáiltear sa chomhaontú a chur i bhfeidhm. Ar deireadh, bheadh sé an-inmhianaithe ar fad dá ndéanfaí an nós imeachta i dtaca le comhaontú AE-Maracó a thabhairt i gcrích maidir le cosaint do thásca geografacha agus sonrúcháin tionscnaimh a chur i gcrích a luaithe is féidir.
******
Iarann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an Coiste atá freagrach, a mholadh go dtabharfaí formheas don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an chomhaontaithe i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis am leasú ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora‑Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile.
NÓS IMEACHTA - COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile |
||||
Tagairtí |
10593/2018 – C8-0463/2018 – COM(2018)0481 – 2018/0256(NLE) |
||||
An Coiste Freagrach
|
INTA
|
|
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AGRI 12.11.2018 |
||||
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Michel Dantin 21.8.2018 |
||||
Dáta a ghlactha |
12.11.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
23 10 1 |
|||
Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
John Stuart Agnew, Clara Eugenia Aguilera García, Eric Andrieu, José Bové, Daniel Buda, Matt Carthy, Jacques Colombier, Michel Dantin, Paolo De Castro, Albert Deß, Diane Dodds, Norbert Erdős, Luke Ming Flanagan, Karine Gloanec Maurin, Martin Häusling, Peter Jahr, Jarosław Kalinowski, Zbigniew Kuźmiuk, Norbert Lins, Philippe Loiseau, Giulia Moi, Ulrike Müller, Maria Noichl, Marijana Petir, Maria Lidia Senra Rodríguez, Czesław Adam Siekierski, Tibor Szanyi, Maria Gabriela Zoană, Marco Zullo |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Franc Bogovič, Angélique Delahaye, Anthea McIntyre, Momchil Nekov, Hilde Vautmans, Miguel Viegas, Thomas Waitz |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
23 |
+ |
|
ALDE |
Ulrike Müller, Hilde Vautmans |
|
ECR |
Zbigniew Kuzmiuk, Anthea McIntyre |
|
EFDD |
Marco Zullo |
|
ENF |
Jacques Colombier, Philippe Loiseau |
|
NI |
Diane Dodds |
|
PPE |
Franc Bogovič, Daniel Buda, Michel Dantin, Angélique Delahaye, Albert Deß, Norbert Erdős, Peter Jahr, Norbert Lins, Marijana Petir, Czesław Adam Siekierski |
|
S&D |
Clara Eugenia Aguilera García, Paolo De Castro, Karine Gloanec Maurin, Tibor Szanyi, Maria Gabriela Zoană |
|
10 |
- |
|
EFDD |
John Stuart Agnew |
|
GUE/NGL |
Matt Carthy, Luke Ming Flanagan, Maria Lidia Senra Rodríguez, Miguel Viegas |
|
S&D |
Eric Andrieu, Maria Noichl |
|
VERTS/ALE |
José Bové, Martin Häusling, Thomas Waitz |
|
1 |
0 |
|
EFDD |
Giulia Moi |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú i bhfoirm Malartú Litreacha idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Mharacó maidir leis na leasuithe ar Phrótacal 1 agus Prótacal 4 den Chomhaontú Eora-Mheánmhara lena mbunaítear comhlachas idir na Comhphobail Eorpacha agus a mBallstáit, de pháirt amháin, agus Ríocht Mharacó, den pháirt eile |
||||
Tagairtí |
10593/2018 – C8-0463/2018 – COM(2018)0481 – 2018/0256(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / iarraidh ar thoiliú |
26.10.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 12.11.2018 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET 12.11.2018 |
AGRI 12.11.2018 |
PECH 12.11.2018 |
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
PECH 24.9.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Marietje Schaake 10.12.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí roimhe seo |
Patricia Lalonde |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
29.8.2018 |
5.11.2018 |
|
|
|
Dáta a ghlactha |
10.12.2018 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
25 9 2 |
|||
Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Laima Liucija Andrikienė, Maria Arena, Tiziana Beghin, David Borrelli, Daniel Caspary, Salvatore Cicu, Karoline Graswander-Hainz, Christophe Hansen, France Jamet, Elsi Katainen, Jude Kirton-Darling, Bernd Lange, Anne-Marie Mineur, Sorin Moisă, Alessia Maria Mosca, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández, Tokia Saïfi, Marietje Schaake, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Joachim Starbatty, Adam Szejnfeld, Iuliu Winkler |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Sajjad Karim, Gabriel Mato, Georg Mayer, Ralph Packet, Johannes Cornelis van Baalen, Jarosław Wałęsa |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Paloma López Bermejo, Javier Nart, Anders Sellström, Miguel Urbán Crespo, Marco Zullo |
||||
Dáta don chur síos |
18.12.2018 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
25 |
+ |
|
ALDE |
Johannes Cornelis van Baalen, Elsi Katainen, Javier Nart, Marietje Schaake |
|
ECR |
Sajjad Karim, Joachim Starbatty |
|
EFDD |
Tiziana Beghin, Marco Zullo |
|
ENF |
Georg Mayer |
|
PPE |
Laima Liucija Andrikienė, Daniel Caspary, Salvatore Cicu, Christophe Hansen, Gabriel Mato, Sorin Moisă, Franck Proust, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Tokia Saïfi, Anders Sellström, Adam Szejnfeld, Jarosław Wałęsa, Iuliu Winkler |
|
S&D |
Bernd Lange, Alessia Maria Mosca, Inmaculada Rodríguez-Piñero Fernández |
|
9 |
- |
|
ENF |
France Jamet |
|
GUE/NGL |
Paloma López Bermejo, Anne-Marie Mineur, Helmut Scholz, Miguel Urbán Crespo |
|
S&D |
Maria Arena, Karoline Graswander-Hainz, Jude Kirton-Darling, Joachim Schuster |
|
2 |
0 |
|
ECR |
Ralph Packet |
|
NI |
David Borrelli |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh