TUARASCÁIL ar togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
23.1.2019 - (COM(2018)0892 – C8‑0512/2018 – 2018/0432(COD)) - ***I
An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Iskra Mihaylova
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach
(COM(2018)0892 – C8‑0512/2018 – 2018/0432(COD))
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0892),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 178 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0512/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
– tar éis dóibh dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A8-0021/2019),
A. de bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar cuí ann le dul ar aghaidh chuig an vótáil roimh dhul in éag an spriocdháta ocht seachtaine a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
I gcomhréir le nós imeachta a leagtar amach in Airteagal 50 CAE, tá an Ríocht Aontaithe le tarraingt siar as an Aontas Eorpach an 30 Márta 2019. Tríd an gcaibidlíocht thángthas ar chomhaontú um tharraingt siar chun déileáil le go leor de na fadhbanna praiticiúla agus dlíthiúla le linn na hidirthréimhse: déantar foráil sa chomhaontú freisin maidir le leanúint de na cláir comhtháthaithe trasteorann idir Éirinn agus Tuaisceart Éireann.
É sin ráite, ní léir faoi láthair an ndaingneoidh an Ríocht Aontaithe an comhaontú um tharraingt siar. Chuirfeadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe gan chomhaontú isteach go mór ar Thuaisceart Éireann agus réigiúin teorann na hÉireann, toisc go bhfuil a stádas faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta, lena ráthaítear suíochán, ag brath ar bhallraíocht an dá chríoch san Aontas Eorpach agus ar theorainneacha oscailte.
I gcás ina dtarraingeodh an Ríocht Aontaithe siar gan chomhaontú, is é beart tábhachtach amháin a d’fhéadfadh AE a dhéanamh ná foráil a dhéanamh maidir le maolú chun go bhféadfar leanúint de na cláir um chomhar PEACE IV agus An Ríocht Aontaithe-Éire, cláir a bhfuil ról tábhachtach acu i gcothú an dea-chaidrimh trasteorann agus trasphobail.
Tá sé mar aidhm leis an togra ón gCoimisiún cead a thabhairt go leanfaí den dá chlár sin, go dtí deireadh na tréimhse cláreagraithe reatha 2014-2020 ar a laghad. (Ní chumhdaítear na 13 chlár eile um chomhar de chuid na Ríochta Aontaithe nach bhfuil baint acu le Tuaisceart Éireann faoin eisceacht sin, agus, go teoiriciúil, cuirfear deireadh leis an maoiniú a thugtar dóibh an 29 Márta 2019.)
Baintear an méid sin amach sa togra trí fhoráil a dhéanamh go leanfaí ar aghaidh leis an maoiniú do Thuaisceart Éireann (agus do na háiteanna sin in iarthar na hAlban atá cumhdaithe i gclár um chomhar na Ríochta Aontaithe/na hÉireann) amhail dá bhforáiltear i Rialachán INTERREG (Uimh. 1299/2013). Ina theannta sin, ní bheidh feidhm ag an riail chaighdeánach, lena bhforáiltear nach bhféadfar níos mó ná 20% de bhuiséad an chláir um chomhar a chaitheamh lasmuigh de AE, maidir leis an dá chlár sin, toisc go gcuirfí srian leis an gcaiteachas i dTuaisceart Éireann seachas sin (Airteagal 20(2)(b) de Rialachán Uimh. 1299/2013).
Beidh Comhlacht na gClár Speisialta AE fós ina údarás bainistíochta agus deimhniúcháin don dá chlár sin, agus leanfaidh Roinn Airgeadais Thuaisceart Éireann de bheith ina húdarás iniúchóireachta orthu. Tá sé beartaithe go dtiocfadh an Coimisiún agus an Ríocht Aontaithe ar chomhaontú maidir leis an mbealach a dhéanfar rialuithe agus iniúchtaí, agus tá coimircí beartaithe i gcás nach bhfuil sé sin indéanta.
Chuaigh an Coiste um Fhorbairt Réigiúnach ar mhisean go dtí Tuaisceart Éireann i mí an Mhárta 2018, agus d’ullmhaigh sé tuarascáil ar chur chun feidhme i ndiaidh sin: deimhníodh sa tuarascáil sin an tábhacht a bhaineann leis an gClár PEACE IV don saol ansin go háirithe. Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir go bhformheasfaí gan leasú an reachtaíocht phráinneach seo, faoin nós imeachta simplithe (Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta). Tá súil aici, ar ndóigh, go gcuirfear comhaontú uileghabhálach níos sásúla in ionad an rialacháin atá beartaithe, amhail an comhaontú um tharraingt siar.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Leanúint de na cláir um chomhar críochach PEACE IV (Éire-an Ríocht Aontaithe) agus An Ríocht Aontaithe-Éire (Éire-Tuaisceart Éireann agus Albain) i gcomhthéacs tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach |
||||
Tagairtí |
COM(2018)0892 – C8-0512/2018 – 2018/0432(COD) |
||||
Dáta tíolactha chun PE |
20.12.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
REGI 14.1.2019 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 14.1.2019 |
CONT 14.1.2019 |
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
BUDG 23.1.2019 |
CONT 22.1.2019 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Iskra Mihaylova 22.1.2019 |
|
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
22.1.2019 |
||||
Pléite sa choiste |
22.1.2019 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
22.1.2019 |
|
|
|
|
Dáta don chur síos |
23.1.2019 |
||||