MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích
23.1.2019 - (13111/2018 – C8‑0473/2018 – 2018/0282(NLE)) - ***
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Karima Delli
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais, maidir leis an Conradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích
(13111/2018 – C8‑0473/2018 – 2018/0282(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13111/2018),
– ag féachaint don Chonradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach[1],
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 90 agus le hAirteagal 100(2), i gcomhar le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), agus le hAirteagal 218(7), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0473/2018),
– ag féachaint do Riail 99(1) agus do Riail (4) agus do Riail 108(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0022/2019),
1. Ag tabhairt a toiliú chun an conradh a thabhairt i gcrích;
2. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Poblacht na hAlbáine, chuig an mBoisnia agus an Heirseagaivéin, chuig Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, chuig an gCosaiv[2], chuig Montainéagró agus chuig Poblacht na Seirbia.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Réamhrá
Rialaíodh comhar iompair le tíortha na mBalcán Thiar le Faireachlann Iompair Oirdheisceart na hEorpa (SEETO), Meabhrán Tuisceana an 11 Meitheamh 2004 a shínigh an Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Chróit, Poblacht iar-Iúgslavach na Macadóine, Montainéagró, an tSeirbia, Misean na Náisiún Aontaithe sa Chosaiv agus an Coimisiún. Ba é príomhchuspóir an Mheabhráin Tuisceana an Gréasán Tras-Eorpach Iompair (TEN-T) agus beartais lena mbaineann a leathnú go dtí na Balcáin Thiar. Léiríodh teorainneacha an Mheabhráin Tuisceana ina dhiadh sin, agus in 2008 mhol an Coimisiún caibidlíocht a dhéanamh ar chomhaontú lena bhforáiltear go mbeidh an reachtaíocht, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla a chuireann na Balcáin Thiar i bhfeidhm ag luí le reachtaíocht, caighdeáin agus sonraíochtaí teicniúla an Aontais, bunaithe ar an taithí dhearfach maidir le cur chun feidhme an Chonartha um Chomhphobal Fuinnimh.
Inneachar an chomhaontaithe
Tá sé d’aidhm ag an gConradh lena mbunaítear Comhphobal Fuinnimh (TCT) cur chuige comhordaithe níos cuimsithí a ghlacadh – lena mbaineann beartais iompair agus limistéir iompair eile. Tá sé d’aidhm ag an gConradh Comhphobal Iompair a chruthú i réimse an iompair de bhóthar, d'iarnród agus d’uiscebhealaí intíre agus an mhuiriompair, chomh maith leis an ngréasán iompair a fhorbairt idir an Aontas Eorpach agus na Balcáin Thiar, dá ngairtear ‘an Comhphobal Iompair’. Beidh an Comhphobal Iompair bunaithe ar mhargaí iompair na mBalcán Thiar Theas a chomhtháthú de réir a chéile i margadh iompair an Aontais Eorpaigh ar bhonn an acquis ábhartha, lena n-áirítear i réimsí na gcaighdeán teicniúil, na hidir-inoibritheachta, na sábháilteachta, na slándála, na bainistíochta tráchta, an bheartais shóisialta, an tsoláthair phoiblí agus an chomhshaoil, do na modhanna iompair go léir seachas an t-aeriompar.
Tá TCT tairbheach do na próisis aontachais sna Balcáin Thiar, agus le TCT déantar comhar réigiúnach agus an próiseas athchóirithe a chothú i gcomhthéacs an tionscnaimh maidir le Sé na mBalcán Thiar chomh maith le cur chun feidhme TEN-T dar réir mar a leathnaítear é do na Balcáin Thiar.
Nós imeachta
D’údaraigh an Chomhairle don Choimisiún tús a chur le caibidlíocht in 2008 agus in 2009. Tugadh an plé ar an leibhéal teicniúil i gcrích go rathúil i mí Iúil 2010. Mar gheall ar an dodhéantacht a bhaineann le teacht ar chomhaontú i dtaca le hainmniú iomchuí ceann amháin de na páirtithe, tháinig stad le tabhairt chun críche TCT ar feadh beagnach trí bliana, áfach. Tosaíodh an plé arís in 2013 agus thángthas ar chomhaontú maidir le leagan deiridh TCT in 2016.
Síníodh TCT ar son an Aontais an 12 Iúil agus an 9 Deireadh Fómhair 2017, faoi réir a thabhairt i gcrích ag dáta níos déanaí, i gcomhréir le Cinneadh 2017/1937 ón gComhairle, lenar údaraíodh a shíniú agus a chur i bhfeidhm sealadach. Dhaingnigh na Páirtithe go léir ó Oirdheisceart na hEorpa TCT cheana féin seachas an Chosaiv. Idir an dá linn, cuirtear TCT i bhfeidhm go sealadach i measc na bPáirtithe i gcomhréir le hAirteagal 41(3) de TCT.
I bhfianaise an mhéid sin thuas, molann bhur Rapóirtéir gur cheart do choiste TRAN tuairim fhabhrach a thabhairt maidir le tabhairt i gcrích an Chonartha seo.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle, thar ceann an Aontais Eorpaigh, maidir leis an gConradh um Chomhphobal Iompair a thabhairt i gcrích |
||||
Tagairtí |
13111/2018 – C8-0473/2018 – COM(2018)0532 – 2018/0282(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
9.11.2018 |
|
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 15.11.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Karima Delli 19.2.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
22.1.2019 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
35 3 1 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Daniela Aiuto, Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Georges Bach, Izaskun Bilbao Barandica, Deirdre Clune, Michael Cramer, Luis de Grandes Pascual, Andor Deli, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Jacqueline Foster, Dieter-Lebrecht Koch, Innocenzo Leontini, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Georg Mayer, Gesine Meissner, Gabriele Preuß, Christine Revault d’Allonnes Bonnefoy, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Claudia Țapardel, Keith Taylor, Pavel Telička, Marita Ulvskog, Wim van de Camp, Marie-Pierre Vieu, Janusz Zemke, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Jakop Dalunde, Maria Grapini, Karoline Graswander-Hainz, Peter Kouroumbashev, João Pimenta Lopes |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Christelle Lechevalier |
||||
Dáta don chur síos |
23.1.2019 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
35 |
+ |
|
ALDE |
Izaskun Bilbao Barandica, Gesine Meissner, Dominique Riquet, Pavel Telička |
|
ECR |
Jacqueline Foster, Innocenzo Leontini, Peter Lundgren, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
|
ENF |
Georg Mayer |
|
GUE/NGL |
Marie-Pierre Vieu |
|
PPE |
Georges Bach, Wim van de Camp, Deirdre Clune, Andor Deli, Luis de Grandes Pascual, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Massimiliano Salini |
|
S&D |
Lucy Anderson, Inés Ayala Sender, Isabella De Monte, Ismail Ertug, Maria Grapini, Karoline Graswander-Hainz, Peter Kouroumbashev, Bogusław Liberadzki, Gabriele Preuß, Christine Revault d'Allonnes Bonnefoy, Claudia Țapardel, Marita Ulvskog, Janusz Zemke |
|
VERTS/ALE |
Michael Cramer, Jakop Dalunde, Keith Taylor |
|
3 |
- |
|
ENF |
Christelle Lechevalier |
|
GUE/NGL |
João Pimenta Lopes |
|
PPE |
Dieter-Lebrecht Koch |
|
1 |
0 |
|
EFDD |
Daniela Aiuto |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh