TUARASCÁIL ina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais
24.1.2019 - (15375/2018 – C8‑0026/2019 – 2018/0403M(NLE))
An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
Rapóirtéir: Antonio López‑Istúriz White
PR_Consent_Motion
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais
(15375/2018 – C8‑0026/2019 – 2018/0403M(NLE))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (15375/2018),
– ag féachaint don Dréachtchomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (08224/2014),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 212, in éineacht le hAirteagal 218(6)(a) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8-0026/2019);
– ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (PCA), arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,
– ag féachaint don Chomhaontú Saorthrádála (FTA) agus don Chomhaontú um Chosaint Infheistíochta (IPA), arna shíniú sa Bhruiséil an 19 Deireadh Fómhair 2018,
– ag féachaint do Chomhaontú ASEAN-CEE arna shíniú i Márta 1980, arb é an creat dlíthiúil é do chaidreamh AE-ASEAN[1],
– ag féachaint don 12ú Cruinniú Mullaigh den Áise-Eoraip (ASEM), arna chomóradh sa Bhruiséil an 18 agus 19 Deireadh Fómhair 2018,
– ag féachaint don 10ú cruinniú idirpharlaiminteach de AE-Singeapór, arna thionól i Singeapór an 23 Bealtaine 2017,
– ag féachaint don Straitéis Dhomhanda maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh, arna foilsiú ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) i Meitheamh 2016,
– ag féachaint do na Treoirlínte maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh san Áise Thoir, arna fhormheas ag an gComhairle an 15 Meitheamh 2012,
– ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 28 Bealtaine 2018 maidir le comhar slándála feabhsaithe AE san Áise agus leis an Áise,
– ag féachaint don stráitéis AE maidir leis an Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile, atá bunaithe ar choincheap na nascachta inbhuanaithe,
– ag féachaint do na rúin le deanaí ó ASEAN, go háirithe na rúin sin ón 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le caidreamh polaitiúil AE le ASEAN[2] agus ón 15 Eanáir 2014 maidir le todhchaí na gcaidreamh AE-ASEAN[3],
– ag féachaint dá rún reachtach an ...[4] ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Riail 99(2) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha(A8-0023/2019),
A. de bhrí go bhfuil an caidreamh AE-Singeapór ann leis na blianta fada agus go bhfuil an caidreamh sin tógtha ar stair fhada de chairdeas agus de dhlúthcheangail stairiúla, polaitiúla agus eacnamaíocha; de bhrí go bhfuil an caidreamh déthaobhach fothaithe ar luachanna comhroinnte agus ar thiomantas i leith domhan faoi shíocháin agus rathúil a bheith ann;
B. de bhrí go n-athdhearbhaíonn an dá pháirtí i gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair (PCA) AE-Singeapór a n-urraim do phrionsabail an daonlathais, d’fhorlámhas an dlí, do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha, faoi mar a leagtar síos i nDearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus in ionstraimí eile maidir le cearta idirnáisiúnta an duine is infheidhme;
C. de bhrí go bhfuil Singeapór ar cheann de chomhaltaí bunaitheacha Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas (ASEAN), a cheiliúir 40 bliain a bhunaithe in 2017;
D. de bhrí go ndearna Singeapór, le linn dó a bheith i gcúram Cathaoirleachta ar ASEAN in 2018 leis an mana ‘Athléimneach agus Nuálach’, dhá Chruinniú Mullaigh de ASEAN a óstáil agus go ndearna sé aontacht, slándáil agus comhar eacnamaíoch in ASEAN a chur chun cinn, agus sheol sí tionscnaimh amhail Cumann na nÓg ASEAN;
E. de bhrí go bhfuil Singeapór ina dhlúth-chomhghuaillí leis na Stáit Aontaithe, ar thug sé FTA i gcrích leo in 2003, agus go measann sé go bhfuil na Stáit Aontaithe fíor-riachtanach don tslándáil, cobhsaíocht agus cóimheá i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise;
F. de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 9ú háit in Innéacs um Fhorbairt Dhaonna Chlár Forbartha NA in 2017;
G. de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 6ú háit in Innéacs na Braistinte i dtaca le hÉilliú de chuid ‘Transparency International’ in 2017, á fhágáil ar cheann de na tíortha ar domhan is lú éilliú ann;
H. de bhrí go raibh an chéad Fhóram na gCeannairí Óga AE-ASEAN ar siúl i mí Feabhra 2018;
I. de bhrí go bhfuil taithí ag Singeapór ar bharrleibhéil truaillithe aeir mar gheall ar dhóiteáin foraoise i dtíortha comharsanachta, mar thoradh, den chuid is mó, ar dhó a bhí déanta d’aon turas chun talamh a réiteach le haghaidh saothrú na n-ola phailme agus fáschoillte;
J. de bhrí go bhfuil na cearta chun saoirse cainte, chun tionól faoi shíocháin agus chun comhlachais deimhnithe i mBunreacht Shingeapór, ach go gcuirtear srianta diana orthu ar fhorais na slándála, do chosaint an oird phoiblí, don mhoráltacht, do phribhléid pharlaiminteach agus do chomhbheithsine chiníoch agus reiligiúnach; de bhrí gur rangaíodh Singeapór sa 151ú háit as 180 in Innéacs Domhanda de Shaoirse an Phreasa 2018; de bhrí go mbaintear úsáid as dlíthe Shingeapór maidir le díspeagadh, ceannairc agus leabhal chun cáineadh ó ghníomhaithe, ó bhlagálaithe agus ó na meáin a theorannú;
K. de bhrí go mbaineann Singeapór úsáid as phionós an bháis go fóill; de bhrí, cé go raibh tréimhse ghairid ann nár cuireadh éinne chun báis, go bhfuil méadú ag teacht ar líon na mbásuithe ó 2014;
L. de bhrí go gcuirtear srianta diana ar chearta phobal LGBTI Shingeapór; de bhrí go bhfuil caidreamh gnéasach comhthoiliúil idir beirt fhear neamhdhleathach agus go ngabhann pionós suas le dhá bhliain sa phríosún leis; de bhrí nach n-aithnítear caidrimh chomhghnéis faoi dhlí Shingeapór;
M. de bhrí nár dhaingnigh Singeapór dhá chroíchoinbhinsiúin de chuid EIS fós, go háirithe an Coinbhinsiún maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus an Coinbhinsiún maidir le Idirdhealú;
Comhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair AE-Singeapór
1. ag cur fáilte roimh an bhfíoras go bhfuil an PCA tugtha chun críche, ar Comhaontú é a bhfuil tábhacht straitéiseach leis agus a bheidh mar chreat dlíthiúil don chaidreamh déthaobhach buan agus don tiomantas i leith comhar a neartú agus a leathnú i bhfóraim réigiúnacha agus idirnáisiúnta agus i réimsí amhail, cosaint an chomhshaoil, cobhsaíocht idirnáisiúnta, ceartas, slándáil agus forbairt;
2. ag tabhairt chun suntais go bhfuil an PCA ag soláthar deiseanna le haghaidh réimsí nua comhair, amhail cearta an duine, ceartas, saoirse agus slándáil agus neamhleathadh arm núicléach, agus le haghaidh comhar eolaíochta agus teicneolaíochta i réimsí amhail fuinneamh, an comhshaol, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide, cosaint acmhainní nádúrtha, agus iompar, go háirithe iompar muirí agus aeir;
3. ag cur fáilte roimh an gcomhar maidir le naisc daoine le daoine, leis an tsochaí faisnéise, leis na réimsí closamhairc agus meán, le malartuithe oideachais agus cultúrtha, le gnóthaí fostaíochta agus sóisialta, le sláinte agus le staidreamh a chuideoidh chun meastóireacht a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéanfar faoin gcomhaontú;
4. ag meas go bhfuil an PCA, i.e. an creat-chomhaontú, comhlachaithe go dlúth ar bhonn polaitiúil leis an FTA agus an IPA agus go gcomhlánaíonn sé iad sin; ag meabhrú gur féidir le hAirteagal 44 den PCA neamhfhorghníomhú na gcomhaontuithe a cheadú i gcásanna ina ndéantar sárú tromchúiseach córasach ar na gnéithe bunriachtanacha, lena n-áirítear prionsabail dhaonlathacha, forlámhas an dlí agus cearta an duine;
5. ag cur fáilte roimh shíniú Shingeapór an 21 Meitheamh 2017 den Chomhaontú Iltaobhach na nÚdarás Inniúil (MCAA) maidir le caighdeán domhanda d’uathmhalartú faisnéise chun críocha cánach a chur chun feidhme agus roimh an bhfógra a chuir sé isteach chuig ECFE an 30 Meitheamh 2017 á rá go raibh rún aige uathmhalartuithe faoin gcomhaontú sin a chur i bhfeidhm leis na Ballstáit uile nach raibh comhaontú déthaobhach chun na críche céanna i bhfeidhm ina leith; ag moladh do Chomhpháirtithe lánúsáid a bhaint as na forálacha maidir le comhar cánach sa PCA;
Cearta an duine agus saoirsí bunúsacha
6. ag athdhearbhú an tiomantais agus na rannpháirtíochta riachtanacha a mhéid a bhaineann le hurraim do chearta an duine, cearta sóisialta san áireamh, don daonlathas, do shaoirsí bunúsacha, do dhea-rialachas agus don smacht reachta, agus freisin don chomhoibriú ina leith seo; ag meabhrú go bhfuil cearta an duine i gcroílár chaidreamh AE le tríú tíortha; ag iarraidh ar údaráis Shingeapór meas ar an dlí idirnáisiúnta, an daonlathas, cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a áirithiú i ngach cás, i gcomhréir le Cairt na Náisiún Aontaithe agus le Dearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus ag meas gur cheart do AE leanúint de thacaíocht a thabhairt do Shingeapór maidir le cuimsiú sóisialta, cearta an duine agus forlámhas an dlí, agus an tsíocháin, an tslándáil agus athchóiriú breithiúnach a chur chun cinn; ag cur fáilte roimh an díospóireacht phoiblí oscailte maidir le athbhreithniú ar an dlí neamhforfheidhmithe i ndáil le pionós a ghabhann le caidrimh chomhghnéis chomhthoiliúla agus ag iarraidh ar rialtas Shingeapór cearta an phobail LGBTI a chosaint go hiomlán; ag áitiú go gcuirfeadh rialtas Shingeapór deireadh leis na dlíthe a ghearrann pionós ar chaidrimh ghnéis idir daoine den inscne chéanna; ag cur i dtreis go bhfuil gá le tuilleadh comhair maidir le cearta na mban agus ag tathant ar rialtas Shingeapór glacadh reachtaíochta a éascú lena gcuirtear cosc ar gach sórt idirdhealaithe i gcoinne mná agus ar idirdhealú bunaithe ar ghnéaschlaonadh;
7. á iarraidh ar AE dul i mbun caibidlíochta le rialtas Shingeapór d’fhonn moratóir láithreach maidir le pionós an bháis a thabhairt isteach mar chéim i dtreo dhíothú phionós an bháis;
8. ag iarraidh ar rialtas Shingeapór saoirse cainte agus saoirse comhthionóil a chosaint, is bunghnéithe iad de dhaonlathas atá ag feidhmiú go maith;
9. ag iarraidh ar an Aontas Eorpach dul i mbun caibidlíochta leis na húdaráis Shingeapóracha d’fhonn daingniú ionstraimí chearta an duine agus chroíchoinbhinsiún EIS sa tír a éascú; ag tabhairt dá haire nár dhaingnigh Singeapór na Coinbhinsiúin maidir le Saoirse Comhlachais agus Cosaint an Chirt Eagrúcháin agus gur cháin sé an Coinbhinsiún maidir le Saothar Éignithe; ag súil go mbeidh Singeapór i dteagmháil níos dlúithe le EIS d’fhonn dul chun cinn a dhéanamh i dtreo ailíniú iomlán leis an ábhar agus ar deireadh daingniú na gcoinbhinsiún sin;
Caidreamh AE-Singeapór
10. ag cur i dtreis tríd an PCA a thabhairt i gcrích go soláthraítear spreagadh láidir le haghaidh tuilleadh rannpháirtíochta idir AE, Singeapór agus réigiún na hÁise Thoir Theas trí chéile;
11. ag tabhairt chun suntais an luach polaitiúil a bhaineann le caidreamh láidir trádála agus infheistíochta idir Singeapór agus an tAontas;
12. ag cur béim ar thaithí áirithe AE maidir le forbairt institiúidí, an margadh aonair, cóineasú rialála, bainistiú géarchéime, cabhair dhaonnúil agus fóirithint anachaine, agus cearta an duine agus an daonlathas; ag cur i dtreis gur cheart do AE idirphléití beartais agus comhar a neartú maidir le saincheisteanna amhail cearta bunúsacha agus ábhair leasa choitinn, forlámhas an dlí agus an tslándáil agus cosaint saoirse cainte;
13. ag cur fáilte roimh an bhfíoras go dtacaíonn an PCA le malartuithe daoine le daoine, amhail soghluaisteacht acadúil faoi Chlár Erasmus Mundus, agus go n-éascaíonn sé tuilleadh forbartha ar mhalartuithe cultúrtha chun tuiscint agus eolas frithpháirteach ar na cultúir éagsúla a mhéadú;
14. ag cur béim ar an ról atá ag Fondúireacht na hÁise agus na hEorpa (ASEF), atá lonnaithe i Singeapór, mar an phríomhionstraim le haghaidh malartuithe cultúrtha idir an Áise agus Eoraip; ag cur fáilte roimh a ról féin i gcur san áireamh imní na sochaí sibhialta mar chuid lárnach de na pléití ag ASEM;
15. ag tabhairt chun suntais go ndéanann Lárionad an Aontais Eorpaigh i Singeapór, a bunaíodh in 2009 i gcomhpháirtíocht le hOllscoil Náisiúnta Singeapór agus le hOllscoil Teicneolaíochta Nanyang, eolas agus tuiscint ar AE, mar aon lena chuid beartas, a chur chun cinn agus gur cuid é de líonra domhanda Ionaid Barr Feabhais AE;
16. ag moladh do thaighdeoirí i Singeapór taighde comhpháirteach agus tionscadail nuálaíochta a dhéanamh in éineacht le heintitis AE faoi thionscnaimh taighde AE amhail clár ‘Fís 2020’, agus aghaidh a thabhairt ar dhúsláin dhomhanda chomhchoiteanna a bhaineann le hathrú aeráide, leis an gcomhshaol, le biteicneolaíocht, le sláinte, le pobail atá ag dul in aois, le fuinneamh, le hacmhainní nádúrtha agus le soláthar slán bia;
Caidreamh réigiúnach agus idirnáisiúnta
17. ag meas gur comhpháirtí tábhachtach é Singeapór a mhéid a bhaineann le freagairt ar thubaistí daonnúla san Áise Thoir Theas, agus go bhfuil ról tábhachtach aige maidir le cobhsaíocht pholaitiúil an réigiúin ar fad;
18. ag cur in iúl gur ábhar imní di go mbeidh tionchar mór ag an athrú aeráide ar Singeapór agus ar réigiún ASEAN; ag cur fáilte roimh rannchuidiú dearfach Shingeapór i leith Spriocanna Forbartha na Mílaoise agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; ag cur fáilte roimh dhaigniú Shingeapór ar Chomhaontú Pháras an 21 Meán Fómhair 2016 agus ag súil go mbainfidh sé amach na spriocanna laghdaithe astaíochtaí atá beartaithe faoi 2030; ag cur in iúl a haidhm dul i mbun oibre le Singeapór agus ASEAN chun dlús a chur le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide; ag cur chun suntais an gá atá ann cúnamh a thabhairt do Shingeapór agus na tíortha ASEAN eile chun cosaint agus úsáid inbhuanaithe na bithéagsúlachta a fheabhsú, go háirithe maidir le sceireacha coiréil agus athshlánú córasach na n-éiceachóras foraoise; ag cur fáilte roimh ról Shingeapór sa saincheist réigiúnach maidir le laghdú dífhoraoisithe; ag moladh tuilleadh comhair idir an tAontas agus Singeapór chun srian éifeachtach a chur le dóiteáin foraoise agus chun teicneolaíochtaí don iompar agus d’fhoirgnimh a ghlacadh nach bhfuil chomh díobhálach céanna don chomhshaol;
19. ag cur in iúl go gcreideann sí go bhfuil raon feidhme, suim agus gá ann go mbeadh AE agus ASEAN ag obair le chéile chun straitéis chomhpháirteach maidir le geilleagar ciorclach a fhorbairt;
20. ag cur fáilte roimh bhunú Fhóram na gCeannairí Óga AE-ASEAN, lena n-údarófar do cheannairí óga ó AE agus ó thíortha ASEAN smaointe a mhalartú agus caidrimh a chothú chun tacaíocht a thabhairt do chaidreamh AE-ASEAN;
21. ag cur i dtreis go dtabharfaidh an PCA deis do AE a rannchuidiú le cur chun feidhme comhchuspóirí sa limistéar Ind-Chiúin-Aigéanach a neartú; á iarraidh comhiarrachtaí neartaithe maidir le réigiún Ind-Chiúin-Aigéanach atá saor agus oscailte;
22. á iarraidh comhar le Singeapór chun comhleasanna a bhaint amach maidir le cur chun feidhme pholasaí nascachta ASEAN agus AE; ag cur i dtreis an gá atá le comhoibriú maidir le Tionscamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ chun oibriú i dtreo cur chun feidhme maidir le spriocanna nascachta agus critéir nascachta a comhaontaíodh le linn Chruinniú Mullaigh idir an tAontas agus an tSín le déanaí; ag athdhearbhú an gá atá le rialachas iltaobhach a chur chun cinn;
23. ag cur i dtreis go bhfuil iltaobhachas réigiúnach san Áise Thoir Theas á mholadh ag Singeapór; ag tabhairt dá haire an ról atá ag Singeapór in idirphléití idir-réigiúnacha taidhleoireachta, eacnamaíochta agus institiúideacha AE-ASEAN agus ag cur béim ar an tacaíocht a thugann Singeapór don lánpháirtiú réigiúnach san Áise Thoir Theas;
24. ag tabhairt dá haire go bhfuil suíomh Shingeapór straitéiseach; ag tabhairt dá haire an rannchuidiú atá déanta ag Singeapór i leith na slándála réigiúnaí agus domhanda; ag cur fáilte roimh Chruinniú Mullaigh Slándála na hÁise, ar a dtugtar Idirphlé ‘Shangri-La’ freisin, a dhéantar a thionól in Óstán ‘Shangri-La’ i Singeapór ó 2002 i leith;
25. ag cur in iúl gur cúis mhór imní di an teannas atá ag méadú i Muir na Síne Theas; ag iarraidh ar ASEAN dlús a chur le comhairliúcháin maidir le Cód Iompair do réiteach síochánta na ndíospóidí agus na gconspóidí sa limistéar sin agus ag iarraidh ar AE tacaíocht a thabhairt dó; ag áitiú gur cheart an tsaincheist a réiteach de réir an dlí idirnáisiúnta faoi Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS); sásta go bhfuil Singeapór, tír nach éilitheoir, tar éis ugach a thabhairt do na páirtithe féachaint leis an easaontas eatarthu a réiteach go síochánta agus i gcomhréir leis an dlí idirnáisiúnta, lena n-áirítear Coinbhinsiún NA maidir le Dlí na Farraige (UNCLOS);
26. á iarraidh, i dteannta Shingeapór, go mbeadh saoirse loingseoireachta agus traseitilte sa limistéar agus ag cur i bhfios go bhfuil leas láidir ag AE i ndáil le cobhsaíocht a chur chun cinn san Áise Thoir Theas; ag tabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag Fóram Réigiúnach ASEAN agus ag Cruinniú Mullaigh na hÁise Thoir i dtaca le hidirphléití slándála a chur chun cinn idir an réigiún agus cumhachtaí seachréigiúnacha na Síne agus na Stát Aontaithe;
27. ag cur fáilte roimh Chlár Cibearacmhainneachta ASEAN a seoladh ar thionscnamh Shingeapór, agus a bhfuil sé mar aidhm leis cúnamh a thabhairt do náisiúin ASEAN chun cibearbhagairtí a shainaithint agus freagairt dóibh; ag tuiscint nach ann do noirm fhrithpháirteacha cibearchosanta in ASEAN, agus gur rud é sin a d’fhéadfadh cur isteach ar an gcomhar cibearshlándála sa réigiún; á iarraidh ar AE a thaithí i ndéileáil le cibearbhagairtí agus le bagairtí hibrideacha a roinnt le ASEAN agus tacaíocht a thabhairt dó i bhfothú acmhainneachta sa réimse sin;
28. ag moladh Shingeapór as trúpaí agus ábhar a leithscaradh chun tacú leis an gcomhfhórsa ilnáisiúnta san Iaráic ó 2002 go 2008 agus an rannchuidiú a rinne sé ina dhiaidh sin leis na hoibríochtaí frith-ISIS san Iaráic agus sa tSiria;
29. ag aithint a ullmhaithe atá Singeapór chun cruinnithe mullaigh a óstáil, agus an ról atá aige in óstáil na gcruinnithe mullaigh sin, chun síocháin agus forbairt muiníne a chur chun cinn san Áise agus thar theorainneacha na hÁise amach;
Creat institiúideach faoin PCA
30. ag cur fáilte roimh an bhfíoras go ndéantar Coiste Comhpháirteach atá comhdhéanta d’ionadaithe ón dá thaobh ar ardleibhéal iomchuí a bhunú faoin PCA ar mhaithe le feidhmiú agus cur chun feidhme cuí an chomhaontaithe a áirithiú, le tosaíochtaí a leagan síos agus le moltaí a dhéanamh chun cuspóirí an chomhaontaithe a chur chun cinn;
31. á iarraidh malartuithe rialta idir an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí agus an Pharlaimint, ionas go mbeidh sé ar chumas na Parlaiminte obair leantach a dhéanamh ar chur chun feidhme an PCA agus baint amach a chuspóirí;
°
° °
32. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí, chuig Leas-Uachtarán an Choimisiúin / Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus chuig Rialtas agus Parlaimint Shingeapór.
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Comhpháirtíochta agus Comhair idir AE agus Poblacht Shingeapór a thabhairt i gcrích |
||||
Tagairtí |
|||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
8.11.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AFET 17.1.2019 |
|
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 17.1.2019 |
|
|
|
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
INTA 21.1.2019 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Antonio López-Istúriz White 9.10.2018 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
22.1.2019 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
49 2 6 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Michèle Alliot-Marie, Francisco Assis, Petras Auštrevičius, Amjad Bashir, Goffredo Maria Bettini, Mario Borghezio, Klaus Buchner, James Carver, Aymeric Chauprade, Javier Couso Permuy, Arnaud Danjean, Georgios Epitideios, Knut Fleckenstein, Eugen Freund, Michael Gahler, Sandra Kalniete, Manolis Kefalogiannis, Wajid Khan, Andrey Kovatchev, Eduard Kukan, Ilhan Kyuchyuk, Ryszard Antoni Legutko, Barbara Lochbihler, Sabine Lösing, Andrejs Mamikins, Ramona Nicole Mănescu, David McAllister, Clare Moody, Pier Antonio Panzeri, Demetris Papadakis, Ioan Mircea Paşcu, Tonino Picula, Julia Pitera, Cristian Dan Preda, Jozo Radoš, Alyn Smith, Jordi Solé, Dobromir Sośnierz, Dubravka Šuica, Charles Tannock, László Tőkés, Ivo Vajgl, Geoffrey Van Orden |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Asim Ademov, Doru-Claudian Frunzulică, Elisabetta Gardini, Rebecca Harms, Patricia Lalonde, Juan Fernando López Aguilar, Antonio López-Istúriz White, Bodil Valero, Marie-Christine Vergiat, Janusz Zemke, Željana Zovko |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Norbert Erdős, Axel Voss, Martina Werner |
||||
Dáta don chur síos |
24.1.2019 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
49 |
+ |
|
ALDE |
Petras Auštrevičius, Ilhan Kyuchyuk, Patricia Lalonde, Jozo Radoš, Ivo Vajgl |
|
ECR |
Amjad Bashir, Ryszard Antoni Legutko, Charles Tannock, Geoffrey Van Orden |
|
PPE |
Asim Ademov, Michèle Alliot-Marie, Arnaud Danjean, Norbert Erdős, Michael Gahler, Elisabetta Gardini, Sandra Kalniete, Manolis Kefalogiannis, Andrey Kovatchev, Eduard Kukan, Antonio López-Istúriz White, David McAllister, Ramona Nicole Mănescu, Julia Pitera, Cristian Dan Preda, Dubravka Šuica, László Tőkés, Axel Voss, Željana Zovko |
|
S&D |
Francisco Assis, Goffredo Maria Bettini, Knut Fleckenstein, Eugen Freund, Doru-Claudian Frunzulică, Wajid Khan, Juan Fernando López Aguilar, Andrejs Mamikins, Clare Moody, Pier Antonio Panzeri, Demetris Papadakis, Ioan Mircea Paşcu, Tonino Picula, Martina Werner, Janusz Zemke |
|
VERTS/ALE |
Klaus Buchner, Rebecca Harms, Barbara Lochbihler, Alyn Smith, Jordi Solé, Bodil Valero |
|
2 |
- |
|
NI |
Georgios Epitideios, Dobromir Sośnierz |
|
6 |
0 |
|
EFDD |
James Carver, Aymeric Chauprade |
|
ENF |
Mario Borghezio |
|
GUE/NGL |
Javier Couso Permuy, Sabine Lösing, Marie-Christine Vergiat |
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh