MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar cheann an Aontais Eorpaigh
30.1.2019 - (07979/2018 – C8‑0447/2018 – 2018/0095(NLE)) - ***
An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: David Martin
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile, a thabhairt i gcrích thar cheann an Aontais Eorpaigh
(07979/2018 – C8‑0447/2018 – 2018/0095(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (07979/2018),
– ag féachaint don Dréachtchomhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile (07980/2018),
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 207(4) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C8‑0447/2018),
– ag féachaint do thuairim ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 16 Bealtaine 2017[1],
– ag féachaint dá rún neamhreachtach an ...[2] ar an dréachtchinneadh,
– ag féachaint do Rialacha 99(1) agus (4), agus do Riail 108(7) de na Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A8-0054/2019),
1. ag tabhairt a toiliú chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Shingeapór.
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
In 2014, i bhfianaise inniúlacht eisiach AE ar infheistíocht dhíreach choigríche lena n-áirítear cosaint infheistíochta a fuarthas le Conradh Liospóin, chomhaontaigh AE agus Singeapór forálacha maidir le cosaint infheistíochta agus chuir siad isteach sa chomhaontú saorthrádála (FTA) déthaobhach iad, ar cuireadh inisealacha leis an bhliain roimhe sin. In 2015, chinn an Coimisiúin tuairim ó Chúirt Bhreithiúnais AE a iarraidh maidir le hinniúlacht AE chun FTA a shíniú agus a chomhaontú é féin nó cibé acu an mbeadh gá le rannpháirtíocht na mBallstát nó nach mbeadh. Eisíodh an tuairim an 16 Bealtaine 2017 agus, ar an mbonn sin, tar éis an phlé a rinneadh idir institiúidí AE maidir leis an struchtúr nua a bheidh ar FTAnna sa todhchaí, roinneadh an comhaontú i gcomhaontú saorthrádála de chuid an Aontais amháin agus i gcomhaontú cosanta infheistíochta measctha.
Ina theannta sin, tar éis do AE a chur chuige nua maidir le cosaint infheistíochta a ghlacadh mar aon lena shásra um fhorfheidhmiú (Córas Cúirte Infheistíochta, ICS) a léirítear sa chomhaontú trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada (CETA), chomhaontaigh Singeapór athbhreithniú a dhéanamh ar fhorálacha cosanta infheistíochta a ndearnadh caibidlíocht orthu in 2014 agus dá bhrí sin comhaontú a bhí dúnta a athoscailt.
I measc phríomhghnéithe an chomhaontaithe chosanta infheistíochta (IPA) sin, tá:
• Caighdeáin i dtaca le déileáil chóir agus chothrom agus forálacha frith-idirdhealaithe;
• Rialacha maidir le díshealbhú díreach nó indíreach;
• Binse Infheistíochta Céadchéime buan agus Binse Achomhairc a bheidh comhdhéanta de chomhaltaí a cheapfaidh na Páirtithe;
• Ní mór do chomhaltaí na mBinsí saineolas sa dlí idirnáisiúnta poiblí a bheith léirithe acu agus na cailíochtaí is gá a bheith acu chun a gceaptha do na hoifigí breithiúnacha is airde ina dtíortha féin nó chun go mbeidh siad ina ndlí-eolaithe a n-aithnítear a n-inniúlacht . Chomh maith leis sin, beidh siad faoi réir rialacha dochta neamhspleáchais, ionracais agus iompraíochta eiticiúla trí chód iompair ceangailteach atá sa chomhaontú;
• Áiritheofar trédhearcacht na n-imeachtaí trí fhoilsiú doiciméad agus éisteachtaí atá ar oscailt don phobal;
• An ceart chun airteagal a rialú lena ndéantar coimirciú ar cheart na bPáirtithe chun bearta a dhéanamh agus chun cuspóirí beartais phoiblí dlisteanacha, amhail sláinte phoiblí agus cosaint an chomhshaoil, a shaothrú; leis sin, ba cheart go ndéanfaí éifeacht an fhuaraithe rialála a theorannú;
• Toirmeasc ar imeachtaí comhthreomhara agus imeachtaí iomadúla;
• Forálacha in aghaidh mhí-úsáid an chórais, amhail rialacha chun éilimh chalaoiseacha nó chúblála a chosc;
• Gealltanas a thug na Páirtithe chun bunú cúirte iltaobhaí infheistíochta (MIC) a shaothrú;
Téann an comhaontú thar na forálacha maidir le cosaint infheistíochta in CETA a mhéid a áirítear ann Binse Achomhairc lánfheidhmiúil, cód iompair do chomhaltaí na mBinsí atá ionchorpraithe sa téacs cheana agus a mhéid atá forálacha maidir le hoibleagáidí iar-bhreithiúna ann.
Is léiriú iad na gnéithe nua ar ráiteas 36 ón gCoimisiún agus ón gComhairle maidir le cosaint infheistíochta agus an ICS a rinneadh i gcomhthéacs an chinnidh ón gComhairle chun síniú CETA a údarú agus a cuireadh isteach i miontuairiscí na Comhairle ag an am sin (IO L11 Imleabhar 60, 14 Eanáir 2017).
Tá sé tábhachtach a chur in iúl go láidir go gcuirfear an comhaontú seo in ionad na gconarthaí déthaobhacha infheistíochta atá ann cheana idir 13 Bhallstát de chuid AE agus Singeapór. Tá na conarthaí sin bunaithe ar fhorálacha cosanta infheistíochta atá as dáta agus tá réiteach díospóide idir infheisteoirí agus an stát (ISDS) iontu atá conspóideach.
Mar sin féin, ar an drochuair, níl gach ceann de na forálacha maidir le hoibleagáidí infheisteoirí sa chomhaontú. Measann an rapóirtéir, ar thaobh amháin, má tá sé dlisteanach cosaintí dár n-infheisteoirí i dtríú tíortha a áirithiú gur cheart, ar an taobh eile, do AE a áirithiú go mbeadh caighdeáin cheangailteacha maidir le freagracht shóisialta chorparáideach agus, ar bhonn níos ginearálta, oibleagáidí i ndáil le hurraim do chearta an duine mar chuid de chomhaontaithe cosanta infheistíochta
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhaontú Cosanta Infheistíochta idir an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit, de pháirt amháin, agus Poblacht Shingeapór, den pháirt eile |
||||
Tagairtí |
07979/2018 – C8-0447/2018 – COM(2018)0194 – 2018/0095(NLE) |
||||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
19.10.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
INTA 22.10.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
David Martin 16.5.2018 |
|
|
|
|
Pléite sa choiste |
4.12.2017 |
10.7.2018 |
5.11.2018 |
3.12.2018 |
|
Dáta an ghlactha |
24.1.2019 |
|
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
26 11 0 |
|||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Maria Arena, David Campbell Bannerman, Salvatore Cicu, Santiago Fisas Ayxelà, Eleonora Forenza, Karoline Graswander-Hainz, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Yannick Jadot, France Jamet, Jude Kirton-Darling, Bernd Lange, David Martin, Emmanuel Maurel, Anne-Marie Mineur, Sorin Moisă, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Helmut Scholz, Joachim Schuster, Joachim Starbatty, Adam Szejnfeld, William (The Earl of) Dartmouth, Jan Zahradil |
||||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Syed Kamall, Frédérique Ries, Fernando Ruas, Paul Rübig, Pedro Silva Pereira, Ramon Tremosa i Balcells, Jarosław Wałęsa |
||||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
José Blanco López, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Jozo Radoš, Kārlis Šadurskis, Jasenko Selimovic, Mihai Ţurcanu, Anna Záborská |
||||
Dáta don chur síos |
30.1.2019 |
||||
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
26 |
+ |
|
ALDE |
Jozo Radoš, Frédérique Ries, Jasenko Selimovic, Ramon Tremosa i Balcells |
|
ECR |
David Campbell Bannerman, Syed Kamall, Joachim Starbatty, Jan Zahradil |
|
EFDD |
William (Iarla) Dartmouth, |
|
PPE |
Salvatore Cicu, Santiago Fisas Ayxelà, Christophe Hansen, Teresa Jiménez-Becerril Barrio, Sorin Moisă, Godelieve Quisthoudt-Rowohl, Fernando Ruas, Paul Rübig, Kārlis Šadurskis, Adam Szejnfeld, Mihai Ţurcanu, Jarosław Wałęsa, Anna Záborská |
|
S&D |
José Blanco López, Bernd Lange, David Martin, Pedro Silva Pereira |
|
11 |
- |
|
ENF |
France Jamet |
|
GUE/NGL |
Eleonora Forenza, Emmanuel Maurel, Anne-Marie Mineur, Helmut Scholz |
|
S&D |
Maria Arena, Karoline Graswander-Hainz, Jude Kirton-Darling, Joachim Schuster |
|
VERTS/ALE |
Heidi Hautala, Yannick Jadot |
|
0 |
0 |
|
|
|
|
Eochair na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh