TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le gnéithe áirithe de shábháilteacht eitlíochta maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas
4.2.2019 - (COM(2018)0894 – C8‑0514/2018 – 2018/0434(COD)) - ***I
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Kosma Złotowski
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(2) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle i ndáil le gnéithe áirithe de shábháilteacht eitlíochta maidir le tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas
(COM(2018)0894 – C8‑0514/2018 – 2018/0434(COD))
(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0894),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 100(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0514/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an ...[1],
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an ...[2],
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A8-0061/2019),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh faoi mar a leagtar amach anseo ina dhiaidh seo;
2. Á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna theoiriciúla dá dtagraítear in Airteagal 5. |
3. Le cois na ndeimhnithe a liostaítear i mír 2, beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na modúil oiliúna dá dtagraítear in Airteagal 5. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 4 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós chun gur féidir leanúint dá n-úsáid mar aerárthaí nó in aerárthaí. |
Na deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2)(b) maidir le húsáid táirgí, comhpháirteanna agus fearas, beidh siad bailí fós. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Modúil oiliúna theoiriciúla a aistriú |
Modúil oiliúna a aistriú |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
|
||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|||
De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/20111 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/20142 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit. |
De mhaolú ar Rialachán (AE) Uimh. 1178/20111 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1321/20142 ón gCoimisiún, cuirfidh údaráis inniúla na mBallstát nó an Ghníomhaireacht, de réir an cháis, san áireamh na scrúduithe a rinneadh in eagraíochtaí oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil na Ríochta Aontaithe ach nach raibh eisiúint an cheadúnais mar thoradh air fós roimh an dáta cur i bhfeidhm dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 10(2) an Rialacháin seo, mar a dhéanfaí iad le heagraíocht oiliúna faoi mhaoirseacht údarás inniúil Ballstáit. |
|||
__________________ |
__________________ |
|||
1 Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1. |
1 Rialachán (AE) Uimh. 1178/2011 ón gCoimisiún an 3 Samhain 2011 lena leagtar síos ceanglais theicniúla agus nósanna imeachta riaracháin a bhaineann le foirne eitlíochta sibhialta de bhun Rialachán 216/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. IO L 311, 25.11.2011, lch. 1. |
|||
2 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1. |
2 Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014 ón gCoimisiún an 26 Samhain 2014 maidir le haeracmhainneacht leanúnach aerárthaí agus táirgí, comhpháirteanna agus fearais aerloingseoireachta, agus maidir le formheas na n‑eagraíochtaí agus an phearsanra a bhfuil baint acu leis na cúraimí sin. IO L 362, 17.12.2014, lch. 1. |
|||
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis. |
2. Ar iarraidh ón nGníomhaireacht, tabharfaidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 agus eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4, tabharfaidh siad di cóipeanna de na tuarascálacha iniúchóireachta uile, de na torthaí iniúchóireachta uile agus de na pleananna beart ceartaitheach uile a bhaineann leis an deimhniú agus a eisíodh le trí bliana roimh an iarraidh. I gcás nár seachadadh na doiciméid sin roimh na sprioc-amanna a leag an Ghníomhaireacht síos ina hiarraidh, féadfaidh an Ghníomhaireacht an sochar a fuarthas de bhun Airteagal 3 nó Airteagal 4 a aistarraingt, de réir an cháis. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 6 – mír 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139. |
3. Cuirfidh sealbhóirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 3 nó eisitheoirí na ndeimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 4 den Rialachán seo an Ghníomhaireacht ar an eolas gan mhoill faoi aon bheart a rinne údaráis na Ríochta Aontaithe ar féidir go mbeidh siad ag teacht salach ar a n-oibleagáidí faoin Rialachán seo nó faoi Rialachán (AE) 2018/1139. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 7 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008. |
Chun críocha an Rialacháin seo agus chun maoirseacht a dhéanamh ar na sealbhóirí nó eisitheoirí deimhnithe dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo, gníomhóidh an Ghníomhaireacht i gcáil an údaráis inniúil dá bhforáiltear le haghaidh eintitis tríú tír faoi Rialachán (AE) 2018/1139 agus faoi na gníomhartha cur chun feidhme agus na gníomhartha tarmligthe arna nglacadh dá bhua nó de bhua Rialachán (AE) Uimh. 216/2008. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 8 – mír 1
|
||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|||
Rialachán (AE) Uimh. 319/20141 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír. |
Rialachán (AE) Uimh. 319/20141 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta, beidh feidhm aige maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a mbeidh deimhnithe ina seilbh nó á eisiúint acu dá dtagraítear in Airteagal 1(2) den Rialachán seo faoi na coinníollacha céanna a bhaineann le sealbhóirí deimhnithe comhfhreagracha arna n-eisiúint do dhaoine dlítheanacha agus daoine nádúrtha as tríú tír. |
|||
__________________ |
__________________ |
|||
1 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 593/2007. IO L95, 28.3.2014, lch. 58 |
1 Rialachán (AE) Uimh. 319/2014 an 27 Márta 2014 maidir le táillí agus muirir a thoibhíonn an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Eitlíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 593/2007. IO L95, 28.3.2014, lch. 58 |
|||
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Iarscríbhinn – Roinn 2 – pointe 2.6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
2.6 a Rialachán (AE) Uimh. 1321/2014, Cuid-M, Fochuid H, Pointí M.A.801(b) 2, 3 agus (c) (Deimhnithe um scaoileadh chun seirbhíse maidir le críochnú cothabhála). |
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Sábháilteacht eitlíochta ó thaobh tharraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann as an Aontas |
|||
Tagairtí |
COM(2018)0894 – C8-0514/2018 – 2018/0434(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
20.12.2018 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 14.1.2019 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Kosma Złotowski 10.1.2019 |
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
10.1.2019 |
|||
Pléite sa choiste |
22.1.2019 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
22.1.2019 |
|
|
|
Dáta don chur síos |
4.2.2019 |