TUARASCÁIL maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ríocht Aontaithe
26.2.2019 - (13123/2018 – C8‑0474/2018 – 2018/0812(CNS)) - *
An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Branislav Škripek
(Nós imeachta simplithe – Riail 50(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an dréachtchinneadh cur chun feidhme ón gComhairle maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ríocht Aontaithe
(13123/2018 – C8‑0474/2018 – 2018/0812(CNS))
(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréacht ón gComhairle (13123/2018),
– ag féachaint d’Airteagal 39(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, mar a leasaítear le Conradh Amstardam, agus d’Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 36 maidir le forálacha idirthréimhseacha, ar dá mbun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C8-0164/2018),
– ag féachaint do Chinneadh 2008/615/CGB ón gComhairle an 23 Meitheamh 2008 maidir le dlús a chur le comhar trasteorann, go háirithe chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht trasteorann[1] a chomhrac, agus go háirithe Airteagal 33 de,
– ag féachaint do Riail 78c dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A8-0092/2019),
1. Ag formheas an dréacht ón gComhairle;
2. Á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;
3. Á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;
4. Á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
- [1] IO L 210, 6.8.2008, lch. 1.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Cinneadh cur chun feidhme maidir le tús a chur le malartú uathoibríoch sonraí i ndáil le sonraí DNA sa Ríocht Aontaithe |
||||
Tagairtí |
13123/2018 – C8-0474/2018 – 2018/0812(CNS) |
||||
Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint |
9.11.2018 |
|
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
LIBE 15.11.2018 |
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Branislav Škripek 7.1.2019 |
|
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
19.11.2018 |
||||
Pléite sa choiste |
19.2.2019 |
|
|
|
|
Dáta an ghlactha |
19.2.2019 |
|
|
|
|
Dáta don chur síos |
26.2.2019 |
||||