Tuarascáil - A9-0022/2019Tuarascáil
A9-0022/2019

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach Uimh. 98/700/CGB, Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

8.11.2019 - (COM(2018)0631 – C8‑0150/2019 – 2018/0330B(COD)) - ***I

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Roberta Metsola


Nós Imeachta : 2018/0330B(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0022/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0022/2019
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Garda Teorann agus Cósta Eorpach lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach Uimh. 98/700/CGB, Rialachán (AE) Uimh. 1052/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 2016/1624 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle

(COM(2018)0631 – C8‑0150/2019 – 2018/0330B(COD))

(Gnáthnós Imeachta Reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2018)0631),

 ag féachaint don chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 21 Márta 2019 an togra ón gCoimisiún a scoilteadh, á údarú don Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile tuarascáil reachtach ar leithligh a tharraingt suas le haghaidh na bhforálacha a bhaineann leis an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (FADO), eadhon aithrisí 80 go 83, 102, 114 agus 115 agus Airteagal 80 den togra ón gCoimisiún;

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus do phointí (b) agus (d) d’Airteagal 77(2) agus do phointe (c) d’Airteagal 79(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8‑0150/2019),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 12 Nollaig 2018[1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 6 Feabhra 2019[2],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0022/2019),

1. ag glacadh a seasamh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

Leasú  1

LEASUITHE Ó PHARLAIMINT NA hEORPA[*]

ar an togra ón gCoimisiún

---------------------------------------------------------

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

 

maidir leis ▌an gcóras do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (‘FADO’)

 

agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle ▌PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 77(2)(b) agus (d) agus Airteagal (79)(2)(c) de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa[3],

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún[4],

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

 

(80) Bunaíodh an córas do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (‘FADO’) le Gníomhaíocht Chomhpháirteach Uimh. 98/700/CGB[5] laistigh d’Ardrúnaíocht na Comhairle. Bunaíodh FADO chun éascú a dhéanamh ar mhalartú faisnéise, idir údaráis na mBallstát, ar dhoiciméid shamplacha agus modhanna brionnaithe aitheanta. Forálann FADO maidir le stóráil leictreonach, malartú gasta agus bailíochtú faisnéise faoi dhoiciméid bharántúla agus faoi dhoiciméid bhréagacha. Ós rud é go bhfuil sé tábhachtach freisin do shaoránaigh, d’eagraíochtaí agus do ghnólachtaí go ndéanfaí doiciméid bhréagacha a bhrath, tá Ardrúnaíocht na Comhairle tar éis doiciméid bharántúla a chur ar fáil i gClár Poiblí de Dhoiciméid Bharántúla Taistil agus Aitheantais ar Líne (PRADO).

 

(81a) Is é atá sa Rialachán seo an bunús reachtach nua is gá chun FADO a rialú.

 

(81b) Cé gur minic a bhraitear doiciméid bhréagacha nó calaois aitheantais ag teorainneacha seachtracha an Aontais, tá an comhrac in aghaidh doiciméid bhréagacha ina réimse a chumhdaítear faoin gcomhar póilíneachta. Tá méadú suntasach tagtha ar úsáid chalaoiseach doiciméad i limistéar Schengen le blianta beaga anuas. Is éard atá i gceist le calaois doiciméad agus aitheantais ná doiciméid bhrionnaithe a tháirgeadh agus a úsáid, falsú a dhéanamh ar dhoiciméid bharántúla, agus úsáid a bhaint as doiciméid bharántúla a fuarthas ar mhodh amhail meabhlaireacht nó mífhaisnéis. Tá doiciméid bhréagacha ina n-uirlis ilchuspóra choiriúil mar gur féidir iad a úsáid arís is arís eile chun tacú le gníomhaíochtaí éagsúla coiriúla, lena n-áirítear sciúradh airgid agus sceimhlitheoireacht. Bíonn na teicnící a úsáidtear chun doiciméid bhréagacha a tháirgeadh ag éirí níos sofaisticiúla i gcónaí agus bíonn gá le faisnéis ardcháilíochta maidir le pointí braite féideartha, go háirithe gnéithe slándála agus saintréithe calaoise, agus bíonn gá freisin le nuashonrú rialta. Úsáideann iarrthóirí tearmainn doiciméid aitheantais bhréagacha nó bhrionnaithe freisin i gcúinsí áirithe, áfach, agus iad ag iarraidh rochtain a fháil ar chríoch Bhallstáit.

 

(81c) Cruthaíodh FADO go sonrach ar mhaithe le hóstáil a dhéanamh ar dhoiciméid shamplacha agus ar shamplaí de dhoiciméid fhalsaithe a áiríonn cur síos ar mhodhanna falsaithe agus brionnaithe, arna soláthar ag na Ballstáit. Ina theannta sin, féadfaidh FADO óstáil a dhéanamh ar dhoiciméid as tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta. Mar thoradh díreach ar an gcuspóir ar cruthaíodh FADO go sonrach lena aghaidh, ba cheart sonraí pearsanta a stóráil in FADO i bhfoirm na ngnéithe éagsúla a thagann chun solais i ndoiciméid shamplacha agus i ndoiciméid fhalsaithe. Ba cheart go mbeadh na sonraí pearsanta sin teoranta do na nithe a mbeidh gá leo chun críocha FADO agus chuige sin amháin. Níor cheart go mbeadh sonraí pearsanta i bhfoirm íomhá den aghaidh nó sonraí alfa-uimhriúla in FADO ach amháin sa mhéid a bhaineann siad le gnéithe slándála i ndoiciméad samplach nó leis an modh falsaithe a bhaineann le doiciméad falsaithe. Ba cheart don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (an ‘Ghníomhaireacht’), a bhunaítear le Rialachán (AE) 2019/... ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle pé beart is gá a dhéanamh chun gnéithe de shonraí pearsanta a anaithnidiú ar gnéithe iad nach bhfuil gá leo chun na gcríoch dá bhfuil na sonraí á bpróiseáil i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí, dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 4(1) de Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (AE) 2018/1725[6]. Níor cheart go mbeadh sé indéanta aon ghnéithe de shonraí pearsanta a aisghabháil nó a chuardach in FADO agus níor cheart úsáid a bhaint as na sonraí sna doiciméid shamplacha ná sna doiciméid fhalsaithe chun duine nádúrtha a shainaithint.

 

(81d) I ndeireadh na dála féadfaidh calaois doiciméad an bonn a bhaint ó shlándáil inmheánach Limistéar Schengen mar limistéar gan rialú ag teorainneacha inmheánacha. Tá úsáid FADO mar chóras stórála leictreonach a chuireann síos ar phointí braite féideartha, do dhoiciméid bharántúla agus do dhoiciméid bhréagacha araon, ina uirlis thábhachtach sa chomhrac in aghaidh na calaoise doiciméad, go háirithe ag teorainneacha seachtracha limistéar Schengen. Ós rud é go rannchuidíonn FADO le leibhéal ard slándála a choinneáil laistigh de limistéar Schengen trí thacú leis an gcomhrac in aghaidh calaois doiciméad, ar comhrac é a bhíonn ar bun ag na póilíní, ag an ngarda teorann, ag na custaim agus ag údaráis eile um fhorfheidhmiú an dlí de chuid na mBallstát, is uirlis thábhachtach é FADO do chur i bhfeidhm fhorálacha acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais.

 

(81e) Ba cheart faisnéis a bheith in FADO maidir le gach cineál samplaí de dhoiciméid taistil, aitheantais, chónaithe agus doiciméid maidir le stádas sibhialta, ceadúnais tiomána agus ceadúnais feithiclí arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus leaganacha falsaithe eile de dhoiciméid den chineál sin atá ina seilbh, agus ba cheart go mbeadh sé féideartha freisin go mbeadh doiciméid oifigiúla ghaolmhara eile san áireamh a d’fhéadfaí a úsáid chun cur isteach ar dhoiciméid taistil, cónaithe nó aitheantais arna n-eisiúint ag na Ballstáit. Ba cheart a bheith in ann freisin faisnéis a bheith ann maidir le haon doiciméid arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ag eintitis chríochacha, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta.

 

(81f)  Cé go bhféadfaidh na Ballstáit a gcórais náisiúnta féin a chothabháil nó a fhorbairt, ar córais iad ina bhfuil faisnéis faoi dhoiciméid bharántúla agus bhréagacha, ba cheart dóibh a bheith faoi oibleagáid an fhaisnéis atá ina seilbh maidir le doiciméid taistil, aitheantais, cónaithe agus doiciméid maidir le stádas sibhialta, ceadúnais tiomána agus ceadúnais feithiclí bharántúla arna n-eisiúint acu, agus leaganacha falsaithe den chineál sin atá ina seilbh a sholáthar don Ghníomhaireacht. Ba cheart don Ghníomhaireacht ansin an fhaisnéis sin a uaslódáil chuig FADO chun aonfhoirmeacht agus cáilíocht na faisnéise a ráthú. Ba cheart do na Ballstáit, go háirithe, gach gné shlándála a bhaineann le leaganacha nua de dhoiciméid bharántúla arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus atá faoi chuimsiú an Rialacháin seo a sholáthar.

 

(81g) Ionas go mbeidh leibhéal ard de rialú calaoise doiciméad ag na Ballstáit, ba cheart rochtain ar FADO a sholáthar d’údaráis na mBallstát ar údaráis iad atá inniúil i réimse na calaoise doiciméad amhail na póilíní teorann agus údaráis eile um fhorfheidhmiú an dlí nó tríú páirtithe eile le leibhéil dhifriúla rochtana ag brath ar a riachtanais. Toisc gur eilimintí neamhriachtanacha den Rialachán seo iad na coinníollacha agus na bearta chun rochtain den sórt sin a thabhairt, ba cheart iad a bheith leagtha síos trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Chomh maith céanna, ba cheart do FADO a chur ar chumas úsáideoirí faisnéis a bheith ar fáil dóibh maidir le haon mhodhanna nua brionnaithe a bhraitear agus maidir le doiciméid bharántúla nua atá i gcúrsaíocht.

 

(82) Ba cheart do ▌FADO leibhéil éagsúla rochtana ar dhoiciméid a sholáthar do gheallsealbhóirí éagsúla, agus don phobal i gcoitinne freisin, le leibhéil éagsúla rochtana ar dhoiciméid ag brath ar a ngá acu rochtain a fháil ar an gcóras agus an íogaireacht a bhaineann leis na sonraí sin.

 

(82a) Le roinnt blianta anuas, tá saineolas gnóthaithe ag an nGníomhaireacht i réimse na calaoise doiciméad. Dá bhrí sin, ba cheart don Ghníomhaireacht, amhail dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2019/..., cúram an riaracháin mar aon le bainistíocht oibríochtúil theicniúil chóras FADO a ghlacadh uirthi féin ó Ardrúnaíocht na Comhairle. Chomh maith le haistriú FADO, ba cheart don Ghníomhaireacht cúnamh gar d’fhíor-am a sholáthar do na Ballstáit maidir le brath agus sainaithint doiciméad falsaithe.

 

(83) Ba cheart a áirithiú, le linn na hidirthréimhse, ▌go bhfanfaidh córas FADO ag feidhmiú go hiomlán go dtí go mbeidh an t-aistriú curtha i gcrích go hiomlán agus go dtí go mbeidh an fhaisnéis aistrithe chuig an gcóras nua. Ba cheart úinéireacht na sonraí atá ann cheana a aistriú chuig an nGníomhaireacht ansin.

 

(83a) Níor cheart go ndéanfaí difear leis an Rialachán seo d'inniúlacht na mBallstát a bhaineann le pasanna, doiciméid taistil, víosaí nó doiciméid aitheantais eile a aithint.

 

(101a) Chun cur chun feidhme éifeachtach FADO a áirithiú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean don Choimisiún i ndáil le sonraíochtaí teicniúla a leagan amach maidir le faisnéis a chur in FADO agus a stóráil ann, de réir caighdeáin arda agus nósanna imeachta um rialú agus um bailíochtú na faisnéise atá in FADO, i leith bhunaíocht beart a sholáthraíonn rochtain d’údaráis inniúla na mBallstát a bhíonn ag feidhmiú i réimse na calaoise doiciméad, i leith bearta a bhunú chun rochtain shrianta ar FADO a thabhairt do thríú páirtithe amhail aerlínte, institiúidí , comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta, agus i leith cinneadh an dáta ar a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme éifeachtach ar FADO. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[7]. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, ba cheart do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle na doiciméid uile a fháil ag an am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus rochtain chórasach a bheith ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

 

(102a)  I gcomhréir le hAirteagal 1 agus le hAirteagal 2 de Phrótacal Uimh. 22 maidir le seasamh na Danmhairge, atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, níl an Danmhairg rannpháirteach i nglacadh an Rialacháin seo agus níl sí faoi cheangal aige ná faoi réir a chur i bhfeidhm. Ós rud é go gcuireann an Rialachán seo le acquis Schengen, cinnfidh an Danmhairg, i gcomhréir le hAirteagal 4 den Phrótacal sin, laistigh de thréimhse sé mhí tar éis don Chomhairle cinneadh a dhéanamh ar an Rialachán seo, an gcuirfidh sí chun feidhme ina dlí náisiúnta é.

 

(102b) Tá an Ríocht Aontaithe rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 8(2) de Chinneadh 2000/365/CE[8] ón gComhairle.

 

(102c) Tá Éire rannpháirteach sa Rialachán seo i gcomhréir le hAirteagal 5(1) de Phrótacal Uimh. 19 maidir le acquis Schengen arna lánpháirtiú i gcreat an Aontais Eorpaigh atá i gceangal leis an gConradh ar an Aontas Eorpach agus leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus i gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh 2002/192/CE ón gComhairle[9].

 

(102d) Maidir leis an Íoslainn agus leis an Iorua, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus Poblacht na hÍoslainne agus Ríocht na hIorua maidir le comhlachas an dá thír sin le acquis Schengen[10] a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle [11].

 

(102e) Maidir leis an Eilvéis, is é atá sa Rialachán seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Chomhaontaithe arna thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen[12] a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear in Airteagal 1, pointe H de Chinneadh 1999/437/CE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/849/CE ón gComhairle agus le hAirteagal 4(1) de Chinneadh 2004/860/CE ón gComhairle.

 

(102f) Maidir le Lichtinstéin, is é atá sa Chinneadh seo forbairt ar fhorálacha acquis Schengen de réir bhrí an Phrótacail idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach, Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin i ndáil le haontachas Phrionsacht Lichtinstéin leis an gComhaontú idir an tAontas Eorpach, an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le comhlachas Chónaidhm na hEilvéise le acquis Schengen a chur chun feidhme, a chur i bhfeidhm agus a fhorbairt, ar forálacha iad a thagann faoi réim an réimse dá dtagraítear i bpointe H d'Airteagal 1, de Chinneadh 1999/437/CE ón gComhairle arna léamh i gcomhar le hAirteagal 3 de Chinneadh 2011/349/AE[13] agus Airteagal 3 de Chinneadh 2011/350/AE[14] ón gComhairle.

 

(113a) Tá an Rialachán seo gan dochar do na hoibleagáidí a eascraíonn as Coinbhinsiún na Ginéive a bhaineann le stádas Dídeanaithe an 28 Iúil 1951, arna fhorlíonadh le Prótacal Nua-Eabhrac an 31 Eanáir 1967.

 

(114)  Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 28(2) de Rialachán (CE) Uimh. ▌45/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Samhain 2018[15] agus thug sé ▌tuairim an 30 Samhain 2018.

 

(115) Is é is aidhm don Rialachán seo ▌Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB ón gComhairle a chur in oiriúint don chreat institiúideach a leagtar síos in CFAE. I bhfianaise a shuntasaí atá na leasuithe atá le déanamh ina líon agus ina gcineál, ba cheart, ar mhaithe leis an tsoiléireacht, an Ghníomhaíocht Chomhpháirteach sin a aisghairm.

 

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 80a
Ábhar agus cuspóir FADO

 

Bunaítear leis an Rialachán seo an Córas do Dhoiciméid Bhréagacha agus Doiciméid Bharántúla ar Líne (‘FADO’).

 

An cuspóir atá le FADO ná faisnéis atá cothrom le dáta a sholáthar maidir le doiciméid bharántúla agus bhréagacha agus rannchuidiú leis an gcomhrac in aghaidh calaois doiciméad agus calaois aitheantais trí fhaisnéis a chomhroinnt idir údaráis náisiúnta inniúla, tríú páirtithe, amhail institiúidí , comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, agus, i gcás inarb infheidhme, tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta, eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta agus eintitis phríobháideacha, maidir le gnéithe slándála agus saintréithe calaoise i ndoiciméid bharántúla agus bhréagacha agus faisnéis a chomhroinnt leis an bpobal i gcoitinne maidir le doiciméid bharántúla.

 

Airteagal 80b
Raon feidhme

 

Beidh faisnéis le fáil in FADO maidir le doiciméid shamplacha taistil, aitheantais, chónaithe agus doiciméid shamplacha maidir le stádas sibhialta, ceadúnais tiomána agus ceadúnais feithiclí arna n-eisiúint ag na Ballstáit agus leaganacha bréagacha de dhoiciméid den chineál sin atá ina seilbh. Féadfaidh faisnéis a bheith le fáil in FADO freisin maidir le doiciméid oifigiúla ghaolmhara eile a úsáidtear nuair atáthar ag cur isteach ar dhoiciméid taistil, cónaithe agus aitheantais arna n-eisiúint ag na Ballstáit, agus i gcás inarb infheidhme, arna n-eisiúint ag tríú tíortha, ag eintitis chríochacha, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ag eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, agus faisnéis maidir le falsú na ndoiciméad sin.

 

Airteagal 80c
Catagóirí na ndoiciméad agus na sonraí a bheidh san áireamh in FADO

 

1. Beidh na nithe seo a leanas san áireamh in FADO:

 

(a) faisnéis, lena n-áirítear íomhánna, faoi dhoiciméid shamplacha agus faoina ngnéithe slándála;

 

(b) faisnéis, lena n-áirítear íomhánna, faoi dhoiciméid bhréagacha, bhrionnaithe, ghóchumtha nó súda-dhoiciméid agus a saintréithe calaoiseacha;

 

(c) faisnéis achomair faoi theicnící brionnaithe;

 

(d) faisnéis achomair maidir leis na gnéithe slándála a bhaineann le doiciméid bharántúla;

 

(e) staidreamh ar dhoiciméid bhréagacha a bhraitear;

 

(f) moltaí maidir le bealaí éifeachtacha chun modhanna sonracha brionnaithe a bhrath.

 

Féadfaidh lámhleabhair, liostaí teagmhálacha agus faisnéis faoi dhoiciméid bhailí taistil agus a n-aitheantas ag na Ballstáit, mar aon le faisnéis úsáideach ghaolmhar eile a bheith in FADO freisin.

 

2. Déanfaidh na Ballstáit na sonraí ar fad a bhaineann le doiciméid shamplacha agus bhréagacha taistil, aitheantais, chónaithe agus doiciméid maidir le stádas sibhialta, ceadúnais tiomána agus ceadúnas feithiclí, a bhfuil siad ina rialaitheoir sonraí orthu faoin dlí is infheidhme maidir le cosaint sonraí de chuid an Aontais, a chur ar aghaidh gan mhoill chuig an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (an ‘Ghníomhaireacht’). Nuair a bheidh feidhm ag na Ballstáit mar rialaitheoir sonraí maidir le sonraí breise faoi dhoiciméid agus ceadúnais den chineál sin, déanfaidh siad iad a chur ar aghaidh chuig an Ghníomhaireacht freisin gan mhoill. Féadfaidh na Ballstáit sonraí maidir le samplaí de dhoiciméid oifigiúla eile a úsáidtear nuair atáthar ag cur isteach ar dhoiciméid taistil, chónaithe nó aitheantais arna n-eisiúint ag Ballstáit nó sonraí maidir le leaganacha bréagacha de na doiciméid sin a chur ar aghaidh chuig an Ghníomhaireacht.

 

Déanfaidh na Ballstáit a áirithiú go gcosnófar na daoine a n-úsáidfear a sonraí pearsanta i ndoiciméid shamplacha nó bhréagacha i gcomhréir leis na rialacha infheidhme iomchuí, lena n-áirítear rialacha maidir lena sonraí pearsanta a phróiseáil in FADO. Ní bheifear in ann duine a aithint ó a shonraí pearsanta gan faisnéis bhreise ná sonraí pearsanta a chuardach in FADO.

 

3. Féadfaidh na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 eisithe ag tríú tíortha, eintitis chríochacha, eagraíochtaí idirnáisiúnta agus eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta, agus faisnéis maidir le falsú na ndoiciméad sin a bheith in FADO freisin.

 

Airteagal 80d
Freagrachtaí na Gníomhaireachta

 

1. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as FADO a bhunú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go bhfeidhmeoidh FADO 24 uair an chloig in aghaidh an lae, 7 lá na seachtaine agus go bhforálfaidh sí maidir lena chothabháil agus lena choinneáil cothrom le dáta.

 

2. Cuirfidh an Ghníomhaireacht cúnamh gar d’fhíor-am ar fáil d’údaráis inniúla na mBallstát maidir le brath agus sainaithint doiciméad falsaithe.

 

3. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as faisnéis a fhaigheann sí ó na Ballstáit a uaslódáil ar bhealach tráthúil agus éifeachtach chun aonfhoirmeacht agus cáilíocht na sonraí a ráthú fad is a áiritheoidh sí go n-urramaítear prionsabal an íoslaghdaithe sonraí dá bhforáiltear i bpointe (c) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

 

4. Beidh an Ghníomhaireacht freagrach as faisnéis maidir le doiciméid ó thríú tíortha, ó eintitis chríochacha, ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus ó eintitis eile atá faoi réir an dlí idirnáisiúnta agus faisnéis maidir le falsú na ndoiciméad sin a uaslódáil.

 

5. I gcás inarb iomchuí, soláthróidh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh chun Bainistiú Oibríochtúil a dhéanamh ar Chórais Mhórscála TF sa Limistéar Saoirse, Slándála agus Ceartais cúnamh teicniúil don Ghníomhaireacht chun a cúram a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

 

Airteagal 80e
Ollstruchtúr FADO agus rochtain ar an gcóras

 

1. Éascóidh Ollstruchtúr FADO leibhéil dhifriúla de chearta rochtana ar FADO. Ní bheidh cead ach ag saineolaithe doiciméad ó údaráis inniúla na mBallstát a bhíonn ag plé le réimse na calaoise doiciméad, amhail póilíní teorann agus údaráis eile um fhorfheidhmiú an dlí, rochtain a fháil ar an gcóras ar bhealach neamhshrianta.

 

2. Beidh rochtain shrianta ar FADO ag:

 

(a) údaráis na mBallstát nach bhfuil gá acu le faisnéis mhionsonraithe i ndáil le sainghnéithe slándála agus falsú doiciméad;

 

(b) institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais;

 

(c) tríú páirtithe, amhail tríú tíortha, eintitis chríochacha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

 

(d) eintitis phríobháideacha, amhail aerlínte agus iompróirí eile;

 

(e) an pobal i gcoitinne.

 

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 80h i ndáil le cearta rochtana a shainmhíniú faoin mhír seo. Déanfaidh na gníomhartha tarmligthe an chuid den chóras a mbeidh rochtain uirthi curtha ar fáil agus aon nósanna imeachta agus coinníollacha ar leith a bhféadfadh gá a bheith leo a leagan amach do gach grúpa dá dtagraítear sa mhír seo.

 

3. Tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiúin agus don Ghníomhaireacht maidir leis na húdaráis náisiúnta dá dtagraítear i mír 1.

 

Trí mhí i ndiaidh an dáta an córas a bheith curtha chun feidhme go héifeachtach ag an nGníomhaireacht, foilseoidh an Ghníomhaireacht liosta comhdhlúite de na húdaráis dá dtagraítear i mír 1 in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún agus don Ghníomhaireacht gan mhoill maidir le haon athruithe ar na húdaráis sin. I gcás ina ndéanfar athruithe den sórt sin air, foilseoidh an Ghníomhaireacht leagan comhdhlúite nuashonraithe den fhaisnéis sin uair sa bhliain. Coinneoidh an Ghníomhaireacht ar bun suíomh poiblí gréasáin, a nuashonrófar go leanúnach, ar a mbeidh an fhaisnéis sin.

 

Airteagal 80f
Próiseáil sonraí pearsanta ag an nGníomhaireacht

 

Cuirfidh an Ghníomhaireacht Rialachán (AE) 2018/1725 i bhfeidhm agus sonraí pearsanta á bpróiseáil aici. Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin sonraí pearsanta a bhfuil gá iad a phróiseáil chun gur féidir cúram a chomhlíonadh ar chun leas an phobail é nó i bhfeidhmiú údaráis oifigiúil atá dílsithe di de bhun phointe (a) d'Airteagal 5(1) de Rialachán (AE) 2018/1725.

 

Féadfaidh sonraí pearsanta a bheith in FADO, ach ní bheidh siad ann ach a mhéid a bheidh siad le feiceáil ar dhoiciméid shamplacha agus fhalsaithe. Ní dhéanfaidh an Ghníomhaireacht sonraí pearsanta a uaslódáil ach amháin i gcás ina bhfuil fíorghá leis sin chun cur síos nó léiriú a dhéanamh ar ghnéithe nó ar mhodh falsaithe. Áiritheoidh an Ghníomhaireacht go mbeidh sonraí den sórt sin anaithnidithe agus íoslaghdaithe de réir chuspóir FADO a mhéid is féidir ar bhealach a chuireann cosc ar aon duine aonair a aithint trí FADO gan sonraí breise. Cuirfear cosc ar aon duine aonair a aithint trí FADO.

 

Déanfaidh tríú páirtithe agus eintitis phríobháideacha dá dtagraítear i bpointí (c) agus (d) dAirteagal 80e(2) den Rialachán sin a bhfuil rochtain acu ar FADO seachas an rochtain dá dtagraítear i bpointe (e) d'Airteagal 80e(2) den Rialachán seo comhaontuithe riachtanacha leis an nGníomhaireacht de bhun Airteagal 9 agus Airteagal 48 de Rialachán (AE) 2018/1725, de réir mar is infheidhme, a fhorálfaidh, inter alia, maidir le cosc ar dhaoine aonair a aithint a bhfuil a sonraí pearsanta in FADO.

 

Airteagal 80g
Gníomhartha tarmligthe

 

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 80h maidir leis an méid seo a leanas:

 

(a) sonraíochtaí teicniúla a bhunú maidir le faisnéis a chur isteach agus a stóráil in FADO i gcomhréir le caighdeáin arda;

 

(b) na nósanna imeachta a bhunú chun an fhaisnéis atá in FADO a rialú agus a fhíorú.

 

(c) bearta a bhunú lena dtabharfar rochtain ar FADO d’údaráis inniúla na mBallstát a bhíonn ag feidhmiú i réimse na calaoise doiciméad;

 

(d) bearta a bhunú lena dtabharfar rochtain shrianta ar FADO do thríú páirtithe amhail aerlínte, institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais, tríú tíortha nó eagraíochtaí idirnáisiúnta;

 

(e) cinneadh an dáta ar a ndéanfaidh an Ghníomhaireacht cur chun feidhme éifeachtach ar FADO.

 

Airteagal 80h
Tarmligean a fheidhmiú

 

1. Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

 

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear sa dara fomhír d’Airteagal 80e(2) agus in Airteagal 80g(1) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ón ... [dáta theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo].

 

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle an tarmligean cumhachta dá dtagraítear sa dara fomhír d'Airteagal 80e(2) agus in Airteagal 80g(1) a chúlghairm tráth ar bith. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

 

4. Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le saineolaithe arna n-ainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

 

5. A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

 

6. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun an dara mír d'Airteagal 80e(2) nó Airteagal 80g(1) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

 

Airteagal 80j
Aisghairm agus forálacha idirthréimhseacha

 

1. Aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB le héifeacht ó dháta chur chun feidhme éifeachtach an chórais ag an nGníomhaireacht, a bheidh le cinneadh le gníomh tarmligthe dá bhforáiltear in Airteagal 80g(e).

 

2. Déanfaidh Ardrúnaíocht na Comhairle na sonraí reatha maidir le doiciméid shamplacha agus bhréagacha in FADO, mar a bhunaigh Gníomhaíocht Chomhpháirteach Uimh. 98/700/CGB, a aistriú chuig FADO mar a bhunaigh an Rialachán sin.

 

Airteagal 80k
Teacht i bhfeidhm

 

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh. Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát i gcomhréir leis na Conarthaí.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

An Garda Teorann agus Cósta Eorpach: maidir leis an gcóras do dhoiciméid bhréagacha agus doiciméid bharántúla ar líne (‘FADO’) agus lena n-aisghairtear Gníomhaíocht Chomhpháirteach 98/700/CGB

Tagairtí

COM(2018)0631 – C8-0150/2019 – 2018/0330B(COD)

Dáta a thíolactha don Pharlaimint

12.9.2018

 

 

 

An coiste freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

LIBE

28.3.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

BUDG

28.3.2019

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

BUDG

23.7.2019

 

 

 

Rapóirtéir/rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Roberta Metsola

24.7.2019

 

 

 

Arna phlé i gcoiste

21.10.2019

 

 

 

Dáta a ghlactha

7.11.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

48

5

7

Comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Konstantinos Arvanitis, Malik Azmani, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Vasile Blaga, Saskia Bricmont, Damien Carême, Caterina Chinnici, Tudor Ciuhodaru, Clare Daly, Lena Düpont, Sylvie Guillaume, Antony Hook, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Magid Magid, Roberta Metsola, Claude Moraes, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Kostas Papadakis, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sylwia Spurek, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Javier Zarzalejos

Comhalta ionaid/comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Damian Boeselager, Claire Fox, Monika Hohlmeier, Beata Kempa, Jan-Christoph Oetjen, Kris Peeters, Sabrina Pignedoli, Karlo Ressler, Robert Roos, Miguel Urbán Crespo, Petar Vitanov, Irina Von Wiese, Axel Voss

Dáta an chur síos

11.11.2019

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

48

+

ID

Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

NI

Sabrina Pignedoli, Milan Uhrík

PPE

Vasile Blaga, Lena Düpont, Monika Hohlmeier, Jeroen Lenaers, Roberta Metsola, Kris Peeters, Emil Radev, Paulo Rangel, Karlo Ressler, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Axel Voss, Javier Zarzalejos

RENEW

Malik Azmani, Antony Hook, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Jan-Christoph Oetjen, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Dragoş Tudorache, Irina Von Wiese

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Caterina Chinnici, Tudor Ciuhodaru, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Claude Moraes, Javier Moreno Sánchez, Birgit Sippel, Sylwia Spurek, Petar Vitanov, Bettina Vollath

VERTS/ALE

Damian Boeselager, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Magid Magid, Terry Reintke, Diana Riba i Giner

 

5

-

GUE/NGL

Konstantinos Arvanitis, Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Miguel Urbán Crespo

NI

Kostas Papadakis

 

7

0

ECR

Patryk Jaki, Assita Kanko, Beata Kempa, Nicola Procaccini, Robert Roos

ID

Peter Kofod

NI

Claire Fox

 

Eochair na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 22 Samhain 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais