Tuarascáil - A9-0023/2019Tuarascáil
A9-0023/2019

TUARASCÁIL ar an iarraidh ar dhíolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh

12.11.2019 - (2019/2005(IMM))

An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Rapóirtéir: Ibán Garcia Del Blanco

Nós Imeachta : 2019/2005(IMM)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0023/2019
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0023/2019
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an iarraidh ar dhíolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh

(2019/2005(IMM))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don iarraidh ar dhíolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh, a chuir an Rannóg um Imscrúdú agus Ionchúiseamh Coiriúil in Porto ar aghaidh an 26 Samhain 2018, i dtaca le nós imeachta Uimh. 1406/14.3TDPRT agus a fógraíodh sa seisiún iomlánach an 31 Eanáir 2019,

 tar éis éisteacht le José Manuel Fernandes i gcomhréir le Riail 9(6) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint d’Airteagail 8 agus 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh, agus d’Airteagal 6(2) de Ghníomh an 20 Meán Fómhair 1976 maidir le toghadh fheisirí Pharlaimint na hEorpa trí vótáil chomhchoiteann dhíreach,

 ag féachaint do bhreithiúnais Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh an 12 Bealtaine 1964, an 10 Iúil 1986, an 15 agus an 21 Deireadh Fómhair 2008, an 19 Márta 2010, an 6 Meán Fómhair 2011 agus an 17 Eanáir 2013[1],

 ag féachaint d’Airteagal 157 de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile,

 ag féachaint do Riail 5(2), Riail 6(1) agus Riail 9 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0023/2019),

A. de bhrí gur iarr an Rannóg um Imscrúdú agus um Ionchúiseamh Coiriúil in Porto go dtarscaoilfí díolúine José Manuel Fernandes, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, i dtaca le caingean dlí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le coir líomhnaithe de mhí-iompair oifigiúil, dá bhforáiltear in Airteagal 11 de dhlí 34/87 na Portaingéile an 16 Iúil, agus atá inphionóis faoin Airteagal sin, a ngabhann téarma príosúin idir dhá bhliain agus ocht mbliana leis;

B. de bhrí nach mbaineann an t-imeacht dlíthiúil le tuairimí a nochtadh nó vótaí a caitheadh le linn don Fheisire de Pharlaimint na hEorpa a bheith i mbun a chuid dualgas chun críocha Airteagal 8 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh;

C. de bhrí go sonraítear in Airteagal 9 de Phrótacal Uimh. 7 ar Phribhléidí agus Díolúintí an Aontais Eorpaigh go bhfuil ag Feisirí Pharlaimint na hEorpa, i gcríoch a stáit féin, na díolúintí a thugtar do chomhaltaí pharlaimint an stáit sin;

D. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 157(2) agus (3) de Bhunreacht Phoblacht na Portaingéile:

‘2. Ní fhéadfaidh Feisirí Thionól na Poblachta teacht i láthair mar fhinnéithe ná mar chúisithe gan údarú ón Tionól. Sa chás deireanach sin, ní mór don Tionól údarú a thabhairt nuair atá comharthaí láidre ann go ndearnadh cion coiriúil atá inphionóis le huastéarma príosúnachta níos mó ná trí bliana.

3. Ní fhéadfar Feisirí Thionól na Poblachta a choinneáil, a ghabháil ná a chur i bpríosún gan údarú an Tionóil, seachas i gcás cion coiriúil atá inphionóis leis an gcineál téarma príosúnachta dá dtagraitear sa mhír roimhe seo agus in flagrante delicto.’;

E. de bhrí go bhfuil José Manuel Fernandes – ina cháil mar Mhéara Vila Verde agus é i mbun a chuid dualgas sa ról sin agus i gclaonpháirt le daoine eile – faoi imscrúdú as sárú líomhnaithe a dhéanamh ar phrionsabail ghinearálta na rialacha maidir le soláthar poiblí, agus go sonrach, prionsabail na neamhchlaontachta, na neodrachta, na hiomaíochta agus na trédhearcachta, trí bhuntáiste a thabhairt do chuideachta amháin thar a cuid iomaitheoirí, agus trí rannpháirtíocht líomhnaithe i réamhullmhú agus comhlánú doiciméid is gá don nós imeachta tairisceana; de bhrí gur bronnadh an tairiscint ar an gcuideachta sin an 22 Nollaig 2008;

F. de bhrí, de bhun Riail 9(8) de na Rialacha Nós Imeachta, nach ndéanfaidh an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, in imthosca ar bith, tuairim a thabhairt faoi chiontacht nó neamhchiontacht an Fheisire, ná faoi cibé acu an údar cuí ionchúisimh iad na tuairimí nó na gníomhartha a chuirtear ina leith nó nach ea, fiú amháin más rud é, agus an iarraidh á breithniú aige, go bhfaigheann an Coiste eolas mionsonraithe faoi fhíorais an cháis;

G. de bhrí, i gcomhréir le Riail 5(2) de na Rialacha Nós Imeachta, nach pribhléid phearsanta d’Fheisire díolúine pharlaiminteach ach gur ráthaíocht í ar neamhspleáchas na Parlaiminte ina hiomláine agus a cuid Feisirí;

H. de bhrí gur iarr José Manuel Fernandes go dtarscaoilfí a dhíolúine; de bhrí gur faoin bParlaimint féin atá sé, agus faoin bParlaimint amháin, an cinneadh a dhéanamh, i gcás ar leith, cibé acu ar cheart an díolúine a tharscaoileadh nó nár cheart; de bhrí gur bhféadfaidh an Pharlaimint seasamh an Fheisire a chur san áireamh go réasúnach chun cinneadh a dhéanamh cibé acu ar cheart an díolúine a tharscaoileadh nó nár cheart[2];

I. de bhrí gurb é an cuspóir atá le díolúine pharlaiminteach ná an Pharlaimint agus a cuid Feisirí a chosaint ar imeachtaí dlíthiúla a bhaineann le gníomhaíochtaí a dhéantar nuair a bhítear i mbun dualgais pharlaiminteacha, gníomhaíochtaí nach féidir a scaradh ó na dualgais sin;

J. de bhrí nár aimsigh an Pharlaimint, sa chás seo, aon fhianaise ar fumus persecutionis, i.e. gnéithe fíorasacha a thugann le fios go bhféadfadh sé gurb é rún an nós imeachta dlíthiúil ná dochar a dhéanamh do ghníomhaíocht pholaitiúil an Fheisire agus, dá bhrí sin, do Pharlaimint na hEorpa;

1. Ag cinneadh díolúine José Manuel Fernandes a tharscaoileadh;

2. Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo agus an tuarascáil óna coiste freagrach a chur ar aghaidh láithreach chuig údaráis na Portaingéile agus chuig José Manuel Fernandes.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

12.11.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

22

0

0

Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Patrick Breyer, Geoffroy Didier, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Esteban González Pons, Jackie Jones, Mislav Kolakušić, Sergey Lagodinsky, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Lucy Nethsingha, Sabrina Pignedoli, Liesje Schreinemacher, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, József Szájer, Axel Voss, Tiemo Wölken, Lara Wolters

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Daniel Buda, Nicola Danti, Evelyne Gebhardt

 

 

An nuashonrú is déanaí: 13 Samhain 2019
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais