TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an smacht airgeadais ó bhliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil le bliain féilire 2020
5.12.2019 - (COM(2019)0580 – C9‑0163/2019 – 2019/0253(COD)) - ***I
An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
Rapóirtéir: Norbert Lins
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an smacht airgeadais ó bhliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil le bliain féilire 2020
(COM(2019)0580 – C9‑0163/2019 – 2019/0253(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2019)0580),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0163/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
– ag féachaint don ghealltanas a thug ionadaí na Comhairle ina litir an 25 Samhain 2019, go ndéanfaí seasamh Pharlaimint na hEorpa a fhormheas, i gcomhréir le hAirteagal 294(4) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don litir ón gCoiste um Buiséid,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (A9-0042/2019),
A. de bhrí, ar chúiseanna práinne, go bhfuil údar cuí ann le dul ar aghaidh chuig an vótáil roimh dhul in éag an spriocdháta ocht seachtaine a leagtar síos in Airteagal 6 de Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm;
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh, lena nglacann sí ceannas ar an togra ón gCoimisiún;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
LITIR ón gCoiste um Buiséid
An tUas. Norbert Lins
Cathaoirleach
An Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe
AN BHRUISÉIL
Ábhar: Tuairim maidir leis an Smacht airgeadais amhail ó bhliain airgeadais 2021 agus maidir le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil le bliain féilire 2020 (COM(2019)0580 – C9‑0163/2019 – 2019/0253(COD))
A Chathaoirligh,
Tá tuarascáil á hullmhú ag an gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (AGRI) ar an togra ón gCoimisiún le haghaidh rialachán lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 a mhéid a bhaineann leis an smacht airgeadais amhail ó bhliain airgeadais 2021 agus le Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil le bliain féilire 2020.
Chinn an Coiste um Buiséid tuairim i bhfoirm litreach a thíolacadh:
A. de bhrí gur thíolaic an Coimisiún sraith tograí reachtacha buiséadacha agus earnála i mí na Bealtaine/an Mheithimh 2018 i bhfianaise an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile le haghaidh 2021-2027, lena n-áirítear rialacháin nua le haghaidh athchóiriú ar an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus ar an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT);
B. de bhrí go bhfuil aistriú rathúil chuig an gcéad ghlúin eile de chláir chaiteachais agus scéimeanna tacaíochta faoi chlárthréimhse airgeadais 2021-2027 ag brath ar ghlacadh tráthúil reachtaíocht uileghabhálach CAI mar aon leis na bunghníomhartha le haghaidh ionstraimí athchóirithe airgeadais;
C. de bhrí go bhfuil dul chun cinn as cuimse déanta sa chaibidlíocht reachtach idir an Chomhairle agus Parlaimint na hEorpa ar fhormhór na reachtaíochta earnála; de bhrí, áfach, go bhfuil mórmhoilleanna nós imeachta ar an gcaibidlíocht ar an gComhbheartas Talmhaíochta athchóirithe;
D. de bhrí nach bhfuil ach dul chun cinn an-mhall á dhéanamh ag an gComhairle i dtreo comhaontú ar an bpacáiste airgeadais don chéad CAI eile;
E. de bhrí nár cheart go ndéanfadh moilleanna reachtacha agus éideimhneachtaí dlíthiúla dochar d’fhaighteoirí agus tairbhithe deiridh airgead AE, arb iad a chuireann na beartais agus na bunchláir chun feidhme go hiarbhír;
F. de bhrí, taobh amuigh de bhunús bailí dlí, gur gá roinnt pleananna oibríochtúla agus straitéiseacha a ullmhú fiú roimh an 1 Eanáir 2021, chun go seolfar na beartais nua;
G. de bhrí, sa chomhthéacs sin, gur ghlac Parlaimint na hEorpa Rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 dar teideal ‘Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: is mithid anois ionchais na saoránach a chomhlánú’, ina n-iarrtar líontán sábhála chun tairbhithe chláir AE a chosaint agus ina n-iarrtar ar an gCoimisiún tús a chur le plean teagmhais CAI a ullmhú d’fhonn leanúnachas cistithe a áirithiú i gcás ina mbeadh sé riachtanach fadú a chur leis an CAI reatha;
I. de bhrí go bhfuil na Ballstáit ar mian leo úsáid a bhaint as an tsolúbthacht idir colúin an Chomhbheartais Talmhaíochta ag brath ar infhaighteacht leithdháiltí CETFT do 2021 chun go dtabharfar fógra faoi dheireadh mhí na Nollag 2019 faoi chéatadán íocaíochtaí díreacha na n-imchlúdach forbartha tuaithe atá le haistriú;
J. de bhrí go n-urramófar, le caiteachas faoi CERT laistigh de bhliain airgeadais ar leith, an fho-uasteorainn do chaiteachas a bhaineann leis an margadh agus d’íocaíochtaí díreacha mar a leagtar síos i gcomhthéacs CAI; de bhrí gur gá an tagairt do rialachán CAI, atá ábhartha i leith an ráta coigeartaithe don sásra um smacht airgeadais, a mhodhnú le bheith bailí tar éis 2020;
ag aithint dó na moilleanna sna nósanna imeachta dlíthiúla agus ag obair go dian dó chun aistriú inmharthana ó thréimhse creata airgeadais amháin go dtí an chéad cheann eile a áirithiú, agus é feasach ar na rioscaí atá ann do Bhallstáit agus do thairbhithe deiridh a d’fhéadfadh eascairt as éideimhneachtaí dlíthiúla, tá an Coiste um Buiséad dá bhrí sin:
1. ag tacú le cuspóirí an rialacháin um sholúbthacht agus á iarraidh go nglacfar é go pras chun na forálacha is gá a leasú sa reachtaíocht atá ann faoi láthair;
2. á iarraidh fáisnéis thrédhearcach agus thráthúil a thabhairt dó maidir le haon athruithe ar bhunúis dlí CBT a thiocfadh as sin agus a mbeadh tionchar acu ar nósanna imeachta buiséadacha bliantúla in 2020 agus ina dhiaidh sin;
3. ag dréim leis go mbeidh na bearta solúbthachta sin gan dochar don phróiseas reachtach earnála i dtreo athchóiriú ar an gComhbheartas Talmhaíochta, agus nach mbeidh moilleanna breise ann dá bharr.
Le dea-mhéin,
Johan Van Overtveldt
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Teideal |
Smacht airgeadais ó bhliain airgeadais 2021 agus Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 a mhéid a bhaineann leis an tsolúbthacht idir colúin i ndáil le bliain féilire 2020 |
|||
Tagairtí |
COM(2019)0580 – C9-0163/2019 – 2019/0253(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
31.10.2019 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
AGRI 13.11.2019 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim uathu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
BUDG 13.11.2019 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Norbert Lins 5.11.2019 |
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
5.11.2019 |
|||
Pléite sa choiste |
4.12.2019 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
4.12.2019 |
|
|
|
Dáta don chur síos |
5.12.2019 |
|||