Nós Imeachta : 2019/0818(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0046/2019

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0046/2019

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2019)0094

<Date>{06/12/2019}6.12.2019</Date>
<NoDocSe>A9-0046/2019</NoDocSe>
PDF 338kWORD 110k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh</Titre>

<DocRef>(C9‑0173/2019 – 2019/0818(NLE))</DocRef>


<Commission>{ECON}An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Irene Tinagli</Depute>

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 IARSCRÍBHINN 1: CURRICULUM VITAE Isabel Schnabel
 IARSCRÍBHINN 2: FREAGRAÍ Ó Ms. Isabel Schnabel AR AN gCEISTNEOIR
 AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Comhalta a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh.

(C9‑0173/2019 – 2019/0818 (NLE))

(Comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 (13651/2019)[1],

 ag féachaint d’Airteagal 283(2), an dara fomhír, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle Eorpach i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa (C9‑0173/2019),

 ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019, maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíochta agus airgeadaíochta AE[2],

 ag féachaint do Riail 130 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0046/2019),

A. de bhrí go ndeachaigh an Chomhairle Eorpach, i litir an 14 Samhain 2019, i gcomhairle leis an bParlaimint maidir le Isabel Schnabel a cheapadh mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh ar feadh téarma oifige ocht mbliana, le héifeacht ón 1 Eanáir 2020;

B. de bhrí go ndearna Coiste Pharlaimint na hEorpa um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta meastóireacht ansin ar dhintiúir an iarrthóra, go háirithe i bhfianaise na gceanglas a leagtar síos in Airteagal 283(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus i bhfianaise an ghá le haghaidh neamhspleáchas iomlán BCE de bhun Airteagal 130 den Chonradh sin; de bhrí go bhfuair an coiste, agus an mheastóireacht sin á déanamh aige, curriculum vitae ón iarrthóir chomh maith lena freagraí ar an gceistneoir i scríbhinn a bhí curtha chuici;

C. de bhrí go raibh éisteacht leis an iarrthóir ina dhiaidh sin an 3 Nollaig 2019, éisteacht ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an choiste ina dhiaidh sin;

D. de bhrí go bhfuil ar Chomhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh comhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannas Eorpaigh agus na naoi ngobharnóir déag de bhainc cheannais náisiúnta na mBallstát a bhfuil an euro mar airgeadra acu; de bhrí, go dtí seo, gur fir iad na gobharnóirí uile sin;

E. de bhrí go bhfuil a míshástacht curtha in iúl arís agus arís eile ag an bParlaimint maidir leis an nós imeachta ceapacháin do chomhaltaí Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus gur iarr sí go gcuirfí feabhas ar nósanna imeachta ina leith sin; de bhrí gur iarr an Pharlaimint go bhfaigheadh sí, in am trátha, gearrliosta de dhá ainm ar a laghad atá cothrom ó thaobh inscne de;

F. de bhrí gur thug an Pharlaimint tuairim fhabhrach uaithi, an 17 Meán Fómhair 2019, maidir leis an moladh ón gComhairle i ndáil le Christine Lagarde a cheapadh ina céad-Uachtarán mná ar an mBanc Ceannais Eorpach;

G.  de bhrí go bhfuil mná fós faoi ghannionadaíocht i gComhairle Rialaithe an Bhainc Cheannais Eorpaigh; de bhrí gur mór is saoth leis an bParlaimint nár thug na Ballstáit aird ar an iarraidh sin agus go n-iarrann sí ar na hinstitiúidí náisiúnta agus ar institiúidí AE obair ghníomhach a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sna chéad ainmniúcháin eile;

H. de bhrí gur cheart d’institiúidí agus do chomhlachtaí uile AE agus náisiúnta bearta nithiúla a chur chun feidhme chun cothromaíocht inscne a áirithiú;

1. Ag tabhairt tuairim fhabhrach ar an moladh ón gComhairle i ndáil le Isabel Schnabel a cheapadh do Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh;

2. Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig rialtais na mBallstát.

 


 

IARSCRÍBHINN 1: CURRICULUM VITAE Isabel Schnabel

Samhain 2019

Leagan iomlán: https://www.finance.uni-bonn.de/members/schnabel/vita/

 

Ollamh le hEacnamaíocht Airgeadais

An Institiúid Airgeadais & Staitisticí

Ollscoil Bonn

53012 Bonn

An Ghearmáin
Uimhir theileafóin: +49-(0) 228 / 73 9202

Ríomhphost: isabel.schnabel@uni-bonn.de

Idirlíon: http://www.finance.uni-bonn.de/schnabel
Twitter: @Isabel_Schnabel

Sonraí pearsanta

Dáta breithe: Lúnasa 9, 1971

Áit Bhreithe Dortmund, an Ghearmáin

Ainm breithe Gödde

Saoránacht Gearmánach

Leanaí Triúr páistí (2004, 2006, 2008)

 

Post reatha: Ollamh (W3) le hEacnamaíocht Airgeadais, An Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Bonn, ó mhí na Nollag 2015

Comhalta de Chomhairle Saineolaithe Eacnamaíocha na Gearmáine (Sachverständigenrat zur Begutachtung der gesamtwirtschaftlichen Entwicklung), ó mhí an Mheithimh, 2014

Urlabhraí thar ceann Cnuasach Barr Feabhais 2126 “ECONtribute – Markets & Public Policy” (Ollscoileanna Bonn agus Cologne), ó mhí Eanáir 2019

Comhchathaoirleach Comhairle Fhranc-Ghearmánach na Saineolaithe Eacnamaíochta, ó mhí Dheireadh Fómhair 2019

Cleamhnaí Taighde ag Institiúid Max Planck um Thaighde ar Earraí Comhchoiteanna, Bonn, ó mhí Mheán Fómhair 2007

 Comhalta Taighde ag Lárionad Taighde ar Bheartais Eacnamaíocha (CEPR), Réimse cláir “Eacnamaíocht Airgeadais,” ó mhí Eanáir 2015 (Cleamhnaí ó mhí na Nollag 2006)

Cleamhnaí Taighde agus Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin Institiúid Reinhard Selten. Bonn agus Cologne, ó mhí Aibreáin 2017

Spéiseanna taighde Baincéireachta (cobhsaíocht agus rialáil baincéireachta, “rómhór le cliseadh,” riosca sistéamach)

Airgeadas idirnáisiúnta (géarchéimeanna airgeadais, comhtháthú airgeadais, sreafaí caipitil)

Stair eacnamaíoch (géarchéimeanna agus institiúidí airgeadais)

Dlí airgeadais agus eacnamaíocht

Gairm acadúil agus oideachas

Márta 2009 – Samhain 2015 Ollamh (W3) le hEacnamaíocht Airgeadais, Dámh an Dlí, Bainistíocht agus Eacnamaíocht, Ollscoil Johannes Gutenberg Mainz

Aibreán 2007 – Feabhra 2009  Ollamh (W2) le hEacnamaíocht Airgeadais, Dámh an Dlí, Bainistíocht agus Eacnamaíocht, Ollscoil Johannes Gutenberg Mainz

Bealtaine 2004 – Lúnasa 2007  Comhalta Taighde Sinsearach (Iardhochtúireacht) ag Institiúid Max Planck um Thaighde ar Earraí Comhchoiteanna, Bonn

Meán Fómhair 2004 – Márta 2005 Comhalta Iardhochtúireachta ar cuairt, an Roinn Eacnamaíochta ag Ollscoil Harvard, Cambridge , SAM

Feabhra 2003 – Aibreán 2004 Ollamh Cúnta le hEacnamaíocht, An Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mannheim

Feabhra 2003 Tráchtas (Dr. rer. pol.), an Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mannheim ( summa cum laude), Teideal an Tráchtais: “Macroeconomic Risks and Financial Crises - A Historical Perspective,“ Céad Chomhairleoir: Martin Hellwig

1998 - 2003 Staidéar dochtúireachta i gclár céimithe DFG “Leithdháileadh maidir le margaí airgeadais” ag an Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mannheim

 Cúntóir taighde agus teagaisc ag Cathaoirleach na hEacnamaíochta, Teoiric Eacnamaíoch (Martin Hellwig), Ollscoil Mannheim

Samhain 1998  Dioplóma san Eacnamaíocht (“Diplom-Volkswirtin”), Ollscoil Mannheim (duine is fearr sa rang) 

1997 – 1998 Staidéar Ph.D., An Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil California, Berkeley, SAM (bliain amháin)

1995 – 1997 Staidéir Eacnamaíochta, an Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mannheim

1995 Staidéir Rúisise, Cathair Pheadair, an Rúis (seimeastar amháin)

1994 – 1995 Staidéir Eacnamaíochta, Sorbonne (Páras I), Ollscoil Pháras , an Fhrainc (seimeastar amháin)

1992 – 1994 Staidéir Eacnamaíochta, an Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mannheim

1990 – 1992  Oiliúint ghairmiúil (“Banklehre”) ag Deutsche Bank , Dortmund

1990 Céimniú ón meánscoil (“Abitur”)

Gníomhaíochtaí gairmiúla eile (gníomhaíochtaí reatha amháin)

ó mhí Mheán Fómhair 2019 Comhalta de Bhord Comhairleach Eolaíoch IZA — Institiúid Eacnamaíochta Saothair agus Deutsche Post Stiftung

ó mhí an Mheithimh 2019 Leas-Chathaoirleach Choiste Comhairligh Eolaíoch (ASC) an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (ESRB) (Comhalta ó mhí an Mhárta 2015)

Ó mhí Eanáir 2017 Leas-Chathaoirleach an Bhoird Comhairligh Eolaíoch den Lárionad Taighde um Shonraí agus um Sheirbhísí (RDSC) ag Deutsche Bundesbank (comhalta ó mhí an Mheithimh 2016)

Ó mhí Aibreáin 2016 Cathaoirleach Bhord Comhairleach (Fachbeirat) BaFin (Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht) (Comhalta ó mhí Eanáir 2008)

Ó mhí an Mhárta 2014 Comhalta taighde CESifo Network

Ó mhí na Bealtaine 2013 comhalta de Chomhairle Riaracháin Verwaltungsrat) BaFin (Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht)

Ó mhí Iúil 2012 Comhalta de Chomhairle Chomhairleach Eolaíoch an Lárionaid um Thaighde Eacnamaíoch Eorpaigh (ZEW), Mannheim (neamhghníomhach faoi láthair)

Rogha Gradam 

Ó 2019 Comhalta de North Rhine-Westphalian Academy of Sciences, Humanities and the Arts

Ó 2018 Comhalta de Berlin-Brandenburg Academy of Sciences and Humanities

2018 Duais Stolper, Verein für Socialpolitik

2018 Duais na Ceardlainne Airgeadaíochta  “as obair rannchuidithe le teoiric an mhargaidh airgeadais agus rialáil baincéireachta chomh maith le hanailísí ar ghéarchéimeanna sistéamacha airgeadais”

2010 Gradam don Teagasc is Fearr, an Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Goethe Frankfurt

2000 Gradam don Teagasc is Fearr, an Roinn Eacnamaíochta, Ollscoil Mannheim

1993 – 1998 Scoláireacht Fhondúireacht Acadúil Náisiúnta na Gearmáine (“Studienstiftung des Deutschen Volkes”)

 

Scileanna teanga Gearmáinis (cainteoir dúchais), Béarla (líofa), Fraincis (an-mhaith), Rúisis (bunúsach)

ROGHA FOILSEACHÁN

Foilseacháin in irisí measúnaithe (rogha)

“Asset Price Bubbles and Systemic Risk,” le Markus K. Brunnermeier agus Simon Rother, Review of Financial Studies, le foilsiú.

“Foreign banks, financial crises and economic growth in Europe,” le Christian Seckinger, Journal of International Money and Finance, 2019, 95, 70-94.

“A new IV approach for estimating the efficacy of macroprudential measures,” le Niklas Gadatsch agus Lukas Mann, Economics Letters, 2018, 168, 107-109.

“Financial Sector Reform After the Crisis: Has Anything Happened?”, le Alexander Schäfer agus Beatrice Weder di Mauro, Review of Finance, 2016, 20(1), 77-125.

“Financial Integration and Growth – Why Is Emerging Europe Different?”, le Christian Friedrich agus Jeromin Zettelmeyer, Journal of International Economics, 2013, 89, 522-538.

“Competition, Risk-Shifting, and Public Bail-out Policies,” le Reint Gropp agus Hendrik Hakenes, Review of Financial Studies, 2011, 24(6), 2084-2120.

“Bank Size and Risk-Taking under Basel II,” le Hendrik Hakenes, Journal of Banking and Finance, 2011, 35, 1436-1449.

“The Threat of Capital Drain: A Rationale for Regional Public Banks?”, le Hendrik Hakenes, Journal of Institutional and Theoretical Economics, 2010, 166(4), 662-689.

“How Do Official Bailouts Affect the Risk of Investing in Emerging Markets?,” le Giovanni dell’Ariccia agus Jeromin Zettelmeyer, Journal of Money, Credit, and Banking, 38(7), Deireadh Fómhair 2006, 1689-1714.

“Liquidity and Contagion: The Crisis of 1763,” le Hyun Song Shin, Journal of the European Economic Association, 2(6), Nollaig 2004, 929-968.

“The German Twin Crisis of 1931,” Journal of Economic History, 64(3), Meán Fómhair 2004, 822-871.

Foilseacháin a bhaineann le beartais (rogha)

Target-Salden, Leistungsbilanzsalden, Geldschöpfung, Banken und Kapitalmärkte [Target Balances, Current Account Balances, Money Creation, Banks and Capital Markets], le Martin Hellwig, Wirtschaftsdienst, 99(9), 2019, 632–640.

Verursachen Target-Salden Risiken für die Steuerzahler? [Do Target Balances Create Risks for Taxpayers?], le Martin Hellwig, Wirtschaftsdienst, 99(8), 2019, 553–561.

Completing Europe’s Banking Union means breaking the bank-sovereign vicious circle, ;le Nicolas Véron, Colún VoxEU, 16 Bealtaine 2018, ar fáil ag http://www.voxeu.org.

Breaking the stalemate on European deposit insurance, le Nicolas Véron, Colún VoxEU, 6 Aibreán 2018, ar fáil ag http://www.voxeu.org.

Reconciling risk sharing with market discipline: A constructive approach to euro area reform, le Agnès Bénassy-Quéré, Markus K. Brunnermeier, Henrik Enderlein, Emmanuel Farhi, Marcel Fratzscher, Clemens Fuest, Pierre-Olivier Gourinchas, Philippe Martin, Jean Pisani-Ferry, Hélène Rey, Nicolas Véron, Beatrice Weder di Mauro, Jeromin Zettelmeyer, CEPR Policy Insight No. 91.


 

IARSCRÍBHINN 2: FREAGRAÍ Ó Ms. Isabel Schnabel AR AN gCEISTNEOIR

A. Cúlra pearsanta agus gairmiúil

1. Déan cur síos, le do thoil, ar phríomhghnéithe do scileanna gairmiúla i gcúrsaí airgeadaíochta, airgeadais agus gnó agus ar phríomhghnéithe do thaithí Eorpaí agus idirnáisiúnta.

Is Ollamh le hEacnamaíocht Airgeadais ó 2007 mé, ar dtús in Ollscoil Mainz agus go dtí seo in Ollscoil Bonn. Tá dlúthbhaint i gcónaí ag mo chuid taighde le hábhair airgeadaíochta agus airgeadais.

I measc go leor nithe eile, d’oibrigh mé ar na cúiseanna le géarchéimeanna airgeadais agus ar na freagairtí orthu, ag díriú go háirithe ar cheist na mbanc a bheith rómhór le cliseadh agus ar na himpleachtaí do rialáil na mbanc. Ina theannta sin, tá anailís déanta agam ar a mhinice a tharlaíonn bolgáin airgeadais agus ar a n-iarmhairtí agus tá sé léirithe agam go gcuireann laigí san earnáil airgeadais leis na leochaileachtaí a eascraíonn as bolgáin praghsanna sócmhainní. Bhreithnigh mé freisin an ról a d’fhéadfadh a bheith ag bainc cheannais chomh maith le beartais mhacrastuamachta i ndéileáil le bolgáin airgeadais. Rinne páipéir eile machnamh ar mhéadú an tsuaite airgeadais trí dhíolacháin phráinne sócmhainní agus conas is féidir le bainc cheannais déileáil le dinimic mhargaidh neamh-inmhianaithe den sórt sin. Réimse eile de mo chuid taighde is ea tionchar an chomhtháthaithe airgeadais ar fhás eacnamaíoch a mheas. I gceann de mo pháipéir tugadh aird ar an damáiste eacnamaíoch a tháinig as an miondealú ar chomhtháthú airgeadais i ngéarchéim an limistéir euro. Ar deireadh, díríodh i gcuid den taighde a rinne mé ar ábhair a bhaineann go dlúth leis an Aontas Baincéireachta, amhail deitéarmanaint idirthuilleamaíocht na mbanc agus an fhiachais cheannasaigh agus tionchar réimis réitigh na mbanc ar an riosca sistéamach.

Tá gné theoiriciúil agus eimpíreach araon ag baint le mo chuid oibre, ach béim níos láidre ar an ngné eimpíreach. Mar chuid den obair atá déanta agam, dhírigh mé ar eachtraí stairiúla, ag dul siar chomh fada leis an 17ú haois, ag féachaint mar shampla ar an ról a bhí ag luathbhainc agus ag bainc cheannais i dtaca le cobhsaíocht airgeadaíochta agus airgeadais. Tá mo chuid taighde, a bhfuil a lán taighdeoirí náisiúnta agus idirnáisiúnta ina gcomhúdar air, foilsithe in irisí eolaíocha a bhfuil cáil idirnáisiúnta orthu agus a bhfuil maoiniú tábhachtach acadúil tríú páirtí bronnta orthu, mar shampla tríd an gCnuasach Barr Feabhais ECONtribute – Margaí & Beartas Poiblí, atá á mhaoiniú ag Fondúireacht Taighde na Gearmáine i gcomhthéacs Straitéis Barr Feabhais na Gearmáine.

Ina theannta sin, tá go leor taithí bheartais faighte agam trí mo bhallraíocht i gComhairle Ghearmánach na Saineolaithe Eacnamaíochta, an príomhchomhlacht neamhspleách comhairleach eacnamaíoch le rialtas na Gearmáine, a bhfuil mé i mo chomhalta de ó 2014 i leith. Sa cháil sin, tá dianobair déanta agam ar ábhair a bhaineann le cobhsaíocht airgeadais agus airgeadaíochta, go háirithe maidir le hathchóiriú ollstruchtúr an limistéir euro (an tAontas Baincéireachta, Aontas na Margaí Caipitil agus athchóiriú SCE). Mar shampla, tá tograí forbartha againn maidir le conas a d’fhéadfaí neamhchosaintí ceannasacha a rialáil, rud a dhealraíonn a bheith ar cheann de na príomh-chomhábhair i bpacáiste a mbeidh tabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta mar thoradh air. Bhain ábhair eile leis na dúshláin atá os comhair na n-earnálacha baincéireachta sa Ghearmáin agus san Eoraip, lena n-áirítear iad siúd a d’eascair as an athrú struchtúrach a rinneadh le linn an digitithe.

Bhí mé i mo chomhalta de go leor coistí eile i réimse na heacnamaíochta airgeadaíochta agus airgeadais. ó 2015, táim i mo chomhalta de Choiste Comhairleach Eolaíoch (ASC) an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (ESRB) agus ó 2019, táim i mo Leas-Chathaoirleach air. Sa cháil sin, bhí mé mar chuid den Tascfhórsa um Rátaí Úis Íseal agus bhí mé ar dhuine d’údair thuarascáil ASC a foilsíodh le déanaí ina bpléitear le castacht (b’fhéidir iomarcach) na rialála airgeadais. Ó mhí Eanáir 2016 i leith, táim i mo chomhalta de Bhord Comhairleach Eolaíoch an Lárionaid um Shonraí agus um Sheirbhísí Taighde (RDSC) in Deutsche Bundesbank, agus ó 2017 i leith táim i mo Leas-Chathaoirleach air. Ó 2008 i leith, táim i mo chomhalta de Bhord Comhairleach (Fachbeirat) BaFin (Bundesanstalt für Finanzdienstleistungsaufsicht), maoirseoir airgeadais na Gearmáine, agus ó 2016 i leith táim i mo Chathaoirleach air. Trí na gníomhaíochtaí sin agus gníomhaíochtaí eile, bhí mé in ann líonra leathan a thógáil sa réimse baincéireachta ceannais agus maoirseachta ar fud na hEorpa agus níos faide i gcéin.

Chuir mé leis an iliomad foilseachán a bhaineann le beartais freisin. Ba mhaith liom béim a leagan ar mo rannpháirtíocht sa “7 plus 7 Report”, tuarascáil Fhrancach-Ghearmánach, ina moltar sraith leathan athchóirithe ar an limistéar euro, tuarascáil ar ghlac idir lucht léinn agus lucht déanta beartas go maith léi. Sa tuarascáil seo cuirtear béim ar mo rannpháirtíocht don Eoraip, agus léirítear í sin freisin i mórán foilseachán eile a bhaineann le beartais. Mar shampla, d’fhorbair mé samhail le haghaidh árachas taiscí Eorpach (i gcomhpháirt le Nicolas Véron). I bhfianaise na hoibre a rinne mé roimhe seo maidir le saincheisteanna Eorpacha, ainmníodh mé le déanaí mar chomhalta de Chomhairle Fhrancach-Ghearmánach na Saineolaithe Eacnamaíochta, ar comhairle í a bhunaigh rialtais na Fraince agus na Gearmáine ar bhonn Chonradh Aachen, agus toghadh mé mar Chomhchathaoirleach uirthi.

Bronnadh roinnt gradam orm as mo chuid obair eolaíoch agus bheartais, lena n-áirítear, i measc daoine eile, ballraíocht Acadamh Eolaíochtaí, Daonnachtaí agus Ealaíon na Réine Thuaidh-Viostfáile chomh maith le hAcadamh Eolaíochtaí agus Daonnachtaí Beirlín-Brandenburg, Duais Stolper an Verein für socialpolitik (comhlachas eacnamaithe airgeadaíochta ar cainteoirí Gearmáinise iad) as mo rannchuidiú leis an mbeartas eacnamaíoch trí mo chuid taighde, agus duais na Ceardlainne Airgeadaíochta, ar duais bhliantúil í le haghaidh éachtaí eolaíocha nó praiticiúla den chéad scoth i réimse na hairgeadaíochta.

Labhraím amach i gcónaí i ndíospóireachtaí poiblí, agus tá sé sin léirithe san iliomad agallamh agus ailt nuachtáin, agus i gcuntas gníomhach Twitter chomh maith. Le déanaí, d’áirigh an nuachtán Gearmánach FAZ mé mar an eacnamaí mná ba mhó tionchar i réimse na Gearmáinise. Thar aon ní eile, táim sásta i gcónaí éisteacht le dea-argóintí, agus na tuairimí a mheasaim a bheith iomchuí á gcosaint agam ag an am céanna.

2. An bhfuil aon sealúchais ghnó nó airgeadais agat nó aon ghealltanais eile a d’fhéadfadh a bheith i gcoinbhleacht le do chúraimí ionchasacha, agus an bhfuil aon tosca pearsanta nó tosca ábhartha eile ann a chaithfidh an Pharlaimint a chur i gcuntas agus d’ainmniúchán á bhreithniú?

Níl.

3. Cad iad na príomhchuspóirí a shaothróidh tú le linn do théarma oifige ag an mBanc Ceannais Eorpach?

Is é an príomhchuspóir a bheadh agam ná sainordú cobhsaíochta praghsanna BCE a chomhlíonadh, agus neamhspleáchas an bhainc cheannais á chaomhnú ag an am céanna. Is é an dara cuspóir a bheadh agam ná rannchuidiú le cultúr anailíse críochnúla sonraíbhunaithe a chothú chun machnamh a dhéanamh ar bheartas airgeadaíochta agus chun an beartas sin a fheabhsú agus chun aghaidh a thabhairt ar fhorbairtí nua, amhail an t-athrú digiteach nó an t-athrú aeráide. Bheadh cur chuige den sórt sin úsáideach san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar an gcreat beartais airgeadaíochta. Ar deireadh, ba mhaith liom beartais BCE a chur in iúl don phobal ar bhealach níos fearr chun cur leis an tuiscint atá ag daoine ar chinntí BCE agus ar an mbunréasúnaíocht, ach san am céanna a bheith i gcónaí réidh le héisteacht le cáineadh.

B. Beartas airgeadaíochta BCE

4. Conas ba cheart do BCE a bheartas airgeadaíochta a fheidhmiú sna dálaí reatha maicreacnamaíocha, dar leat? Conas mar a sheasfaidh feidhmíocht BCE, dar leat, i ndáil le gnóthú a phríomhchuspóra, eadhon cobhsaíocht praghsanna a chothabháil? Ó 2017 i leith, tá Comhairle Saineolaithe Eacnamaíocha na Gearmáine ag áiteamh go ndéanfaí “athrú ó bhonn ar bheartas airgeadaíochta”. Cén tuairim atá agat? An bhféadfá an t-athrú ó bhonn seo a mhíniú?  

Le 20 bliain anuas, d’éirigh go han-mhaith le BCE a phríomhchuspóir, is é sin, cobhsaíocht praghsanna, a bhaint amach. Go deimhin, bhí meánbhoilsciú ICPT ag 1.7 % le linn na tréimhse ama sin, rud a thagann tríd is tríd le ráta boilscithe faoi bhun, ach gar do, 2 %. Is díol suntais é sin toisc gur thréimhse ama dhúshlánach a bhí ann, lena n-áirítear na géarchéimeanna airgeadais is mó a tharla ó bhí an Spealadh Mór ann. Níor róbhoilsciú an phríomhbhagairt a bhí ann le linn na tréimhse sin, rud a chuir imní ar roinnt daoine ar dtús, ach brúnna díbhoilscitheacha tar éis na ngéarchéimeanna airgeadais. Bhí beartas daingean BCE in ann na rioscaí díbhoilscitheacha sin a sheachaint. Nuair a shroich na rátaí úis “cuimse íochtair nialais”, bhí ar BCE filleadh ar “bheartas airgeadaíochta neamhghnách”, agus d’éirigh go han-mhaith leis sin ar an iomlán. Sna blianta sin ar fad, bhí a shainordú ina threoir do bheartas BCE agus d’fhan an beartas go daingean i gcónaí laistigh de theorainneacha a shainordaithe. Léirítear sa taighde gur rannchuidigh beartas BCE ní hamháin le boilsciú níos airde ach le fás eacnamaíoch níos airde agus le dífhostaíocht níos ísle freisin.

Is é príomhthréith na staide reatha cor chun donais domhanda, rud a bhaineann le héiginnteacht atá ag eascairt as an gcoinbhleacht trádála agus as Brexit atá ar tí titim amach, ar éiginnteacht í atá ag dul i méid. Léirítear an moilliú i laige na tionsclaíochta agus i laghdú ar an éileamh ar infheistíocht. Mar thoradh air sin, tá moill tagtha ar an bhfás sa limistéar euro freisin. Go dtí seo, i roinnt mhaith tíortha, tá an fás san earnáil seirbhísí cobhsaí go fóill, agus tá fás láidir ag teacht ar thomhaltas agus ar mhargadh an tsaothair. Tá an baol ann, áfach, go bhféadfadh an laige san earnáil monaraíochta imeacht go codanna eile den gheilleagar, rud a chuirfeadh isteach ar mhuinín na dtomhaltóirí agus na ngnólachtaí agus, dá bhrí sin, ar thomhaltas agus ar infheistíocht.

Ós rud é go bhfuil BCE tiomanta cobhsaíocht praghsanna a choinneáil sa limistéar euro, ní mór dó súil ghéar a choinneáil ar na forbairtí sin. Táthar tar éis brúnna boilscitheacha a mhaothú agus d’fhéadfadh tuilleadh brú ar an taobh thíos a bheith mar thoradh ar an bhforbairt eacnamaíoch atá ann faoi láthair. Léirítear sna réamh-mheastacháin atá ann faoi láthair don chéad chúpla bliain eile nach bhfuil an boilsciú fós i gcomhréir le cuspóir BCE. Dá bhrí sin, tá gá go fóill le beartas airgid réidh. Ag an am céanna, ní mór féachaint go cúramach ar fho-éifeachtaí chun a áirithiú go mbeidh an chothromaíocht atá ann idir éifeachtaí dearfacha agus fo-éifeachtaí go fóill i dearfach i gcónaí.

Bhí dearcadh eacnamaíoch Chomhairle Saineolaithe Eacnamaíochta na Gearmáine in 2017 agus in 2018 an-éagsúil leis an staid atá romhainn inniu. Ag an am sin, thuar Comhairle Saineolaithe Eacnamaíocha na Gearmáine méadú suntasach ar phraghsanna do thomhaltóirí sa ghearrthéarma. In 2017, rinneadh méadú de 0.6 pointe céatadáin ar an réamh-mheastachán maidir le boilsciú sa limistéar euro idir Samhain 2016 agus Márta 2017, ó 1.3 % go 1.9 %.

Mar gheall ar an moilliú suntasach atá tagtha ar dhinimic fáis an limistéir euro, níor tháinig an luasghéarú sin chun cinn i ndinimicí praghsanna. D’aithin Comhairle Saineolaithe Eacnamaíocha na Gearmáine an méid sin freisin sa tuarascáil is déanaí uathu a foilsíodh i mí na Samhna 2019. Dá bhrí sin, ní bheadh athrú beartais airgeadaíochta iomchuí ag an gcéim seo. Ba cheart rialacha an bheartais airgeadaíochta (amhail gnáthriail Taylor) a thíolaic Comhairle Saineolaithe Eacnamaíocha na Gearmáine a léamh mar choincheapa dearfacha seachas coincheapa normatacha. Go háirithe, braitheann meastachán na rialacha sin ar struchtúr seasta foluiteach. Má tá sos struchtúrach sa tsraith fholuiteach, ní féidir na rialacha a úsáid chun a mheas an iomchuí an seasamh beartais atá ann faoi láthair.

Leag Comhairle na Gearmáine béim ar fho-éifeachtaí ionchasacha an bheartais airgeadaíochta, a pléadh freisin sa Chomhairle Rialaithe toisc go bhféadfadh tionchar a bheith acu ar tharchur airgeadaíochta. Sampla amháin is ea na fo-éifeachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann don chobhsaíocht airgeadais. Déanann tréimhse sínithe de rátaí úis ísle difear do phraghsanna réadmhaoine, agus tá rabhaidh agus moltaí tugtha ag BERS do roinnt Ballstát mar gheall ar rómhéideanna a d’fhéadfadh a bheith ann i margadh na réadmhaoine cónaithe. Is le beartais mhacrastuamachta go príomha a thabharfar aghaidh ar leochaileachtaí den sórt sin, ar féidir iad freisin a chur in oiriúint do na cásanna sonracha i dtíortha aonair. Ina theannta sin, léiríonn luachálacha sínte, go háirithe i limistéir uirbeacha, imirce i gcathracha móra agus tearcsholáthar tithíochta. Dá bhrí sin, tá gá le freagairt beartais i bhfad níos leithne, lena n-áirítear beartais mhacrastuamachta agus tithíochta.

5. Cad a cheapann tú faoin bpacáiste spreagthaí ó Chomhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh an 12 Meán Fómhair, agus faoin gcinneadh maidir le réamhthreoir? Cad é do thuairim faoin mbealach a rinneadh an cinneadh sin, go háirithe i bhfianaise an chuir i gcoinne poiblí ó roinnt comhaltaí de Chomhairle BCE tar éis an chinnidh? Ar bhonn níos ginearálta, cad é do thuairim faoin mbealach a rinneadh cinntí airgeadais san am atá thart agus an dóigh leat gur cheart é a athrú agus, más dóigh, conas?

Is léiriú iad na cinntí a rinne Comhairle Rialaithe BCE i mí Mheán Fómhair ar an moilliú ar an bhfás eacnamaíoch a chonacthas le roinnt míonna anuas. I bhfianaise brú boilscitheach níos ísle, is féidir na cinntí sin a chosaint le sonraí reatha an bhoilscithe chomh maith leis an tuar boilscithe sa mheántéarma, rud nach bhfuil ag teacht go fóill leis an gcuspóir dar mhéid níos lú ná 2%, cé go bhfuil sé gar dó sin.

Léirítear sna cinntí freisin a dheacra atá sé an spreagadh airgeadaíochta a choinneáil in airde nuair atá na rátaí úis gar don íoschuimse éifeachtach. Ba cheart go mbeadh an tacar beart a cinneadh in ann tuilleadh tacaíochta a thabhairt don fhíorearnáil trí choinníollacha fabhracha cistithe a choinneáil. Rinneadh réamhthreoir a choigeartú ar bhealach cliste trí bhearta a dhéanfar amach anseo a nascadh go díreach leis an tuar boilscithe, rud a sholáthraíonn níos mó trédhearcachta maidir le feidhm fhrithghnímh BCE agus a fhágann gur fusa do ghníomhaithe sa mhargadh a bheith ag súil leis an gcaoi a bhfreagróidh BCE d’athruithe sna sonraí foluiteacha. Pléitear na cinntí maidir le rátaí úis sa chéad cheist eile.

Ó thuairiscí sna meáin, glacaim leis gur aontaigh an Chomhairle Rialaithe d’aon ghuth go bhfuil gá le beartas airgid réidh sa staid reatha. Glacaim go hiomlán leis an tuairim seo. Bhí tuairimí éagsúla ann, áfach, maidir le huirlisí sonracha beartais airgeadaíochta, go háirithe maidir leis an ngá na ceannacháin sócmhainní a atosú. Léirítear in easaontais den sórt sin an staid atá deacair ó nádúr seachas na fadhbanna a bhaineann le dul chun cinn sa phróiseas cinnteoireachta. Chun an fhírinne a rá, táim den tuairim go bhfuil próiseas cinnteoireachta na Comhairle Rialaithe an-dearfach. Tuigim gur glacadh na cinntí i gcomhréir leis na rialacha i ndiaidh an deis a bheith ag gach duine, lena n-áirítear comhaltaí na Comhairle nach raibh vóta acu, éisteacht a fháil.

6. Conas mar a dhéanann tú meastóireacht ar éifeachtaí ráta ísle úis? Is iomaí rabhadh atá tugtha Comhairle Saineolaithe Eacnamaíochta na Gearmáine i gcoinne brúnna boilscitheacha mar gheall ar sheasamh beartais airgeadaíochta BCE agus mar gheall ar mhéaduithe ar rátaí úis. Conas a mhíníonn tú nár tháinig na brúnna boilscitheacha sin chun cinn agus cad iad na hiarmhairtí a bhaineann leis na tuartha frithfhíorasacha sin, i do thuairim?

Ar an iomlán, dealraíonn sé go raibh toradh dearfach ar rátaí úis ísle, agus diúltacha fiú, sa limistéar euro. Is cosúil gur éirigh go seolta le rátaí beartais a tharchur chuig dálaí maoiniúcháin, rud a théann chun sochair don gheilleagar.

Tá rátaí úis ísle, áfach, ina gcúis imní don chuid den phobal a bhfuil faitíos orthu go gcuirfidh na rátaí ísle sin a gcumas airgead a shábháil i mbaol, go háirithe i gcás seanaoise. Le fírinne, léiríonn rátaí úis ísle treochtaí foluiteacha fadtéarmacha, amhail sochaithe atá ag dul in aois agus an t-aistriú i dtreo earnálacha nach bhfuil chomh dian ar chaipiteal, agus ní féidir é a leagan ar bheartas airgeadaíochta amháin. In aon chás, is ar éigean a chuirfeadh méadú ar rátaí beartais BCE feabhas ar imthosca an phobail.

Tá an Chomhairle Rialaithe ag breathnú go cúramach ar na fo-éifeachtaí diúltacha agus tá sé léirithe aici go bhfuil sí toilteanach gníomhú ina gcoinne. Is féidir breathnú ar chinneadh BCE córas simplithe a thabhairt isteach do luach saothair cúltaca sa chomhthéacs sin, mar laghdaíonn sé an t-ualach ar bhainc ó chúlchistí farasbairr a bhfuil luach saothair diúltach ag dul leo a bheith acu sa bhanc ceannais.

Is léir ón taithí atá faighte le blianta beaga anuas go bhfuil an íoschuimse nialais éifeachtach níos ísle ná ráta ainmniúil nialais. D’fhéadfadh ráta úis a bheith ann, áfach, ar faoina bhun a d’fhéadfadh sé tarlú nach mbeadh an beartas airgeadaíochta chomh héifeachtach céanna. Léiríonn sé sin na fo-éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ag rátaí ísle agus diúltacha úis ar bhrabúsacht na mbanc, rud a d’fhéadfadh teorainn a chur le tarchur an bheartais airgeadaíochta chuig an bhfíorgheilleagar. Ar ndóigh, braitheann na héifeachtaí sin freisin ar an gceist an féidir rátaí úis diúltacha a chur ar aghaidh chuig gnólachtaí agus teaghlaigh, rud a dhealraíonn a bheith deacair, go háirithe i gcás custaiméirí miondíola. Tríd is tríd, is dócha go mbeadh tionchar níos mó ag claonadh an chuair toraidh ar an mbrabúsacht, ná a mbeadh ag leibhéal na rátaí úis. Ina theannta sin, is dócha go rachadh líon níos ísle mainneachtana iasachtaí i ngeall ar thimpeallacht eacnamaíoch níos fabhraí chun tairbhe do bhrabúsacht na mbanc, mar a léiríodh i dtaighde a rinneadh le déanaí. Cé nach sprioc de chuid an bheartais airgeadaíochta í brabúsacht na mbanc, d’fhéadfadh earnáil baincéireachta neamhbhrabúsach a bheith ina constaic ar tharchur airgeadaíochta.

Bhí an-difríocht idir an tuar in 2017 agus 2018 — nuair a rinne Comhairle Saineolaithe Eacnamaíochta na Gearmáine argóint chun ceannacháin sócmhainní a fhoirceannadh ní ba luaithe agus straitéis normalaithe a chur in iúl — agus an lá atá inniu ann. Ag an am sin, bhí fás an aschuir cothrom lena acmhainneacht, nó b’fhéidir os a cionn. Le himeacht ama, d’fhéadfadh dinimic níos láidre i bpraghsanna tomhaltóirí a spreagadh dá mba rud é go raibh sé cruthaithe go raibh siad inbhuanaithe agus fadmharthanach, agus chomh maith leis sin, bheadh bonn cirt le seasamh an bheartais airgeadaíochta a ghéarú ag pointe éigin. Tabhair do d’aire, áfach, nár labhair Comhairle na Gearmáine i bhfabhar méaduithe ar an ráta úis ag an am sin. Bhí imní uirthi, agus sin uile, go bhféadfadh - am éigin ina dhiaidh sin - gur ródhéanach a tharlódh na méaduithe sin. Tríd is tríd bhí tuartha boilscithe Chomhairle na Gearmáine sa réimse céanna le tuartha eile, lena n-áirítear tuartha BCE.

I bhfianaise m’ainmniúcháin, staon mé ó na codanna sin den tuarascáil is déanaí a thagraíonn don bheartas airgeadaíochta a shíniú. Tabhair do d’aire nár áitíodh sa tuarascáil an uair sin i bhfabhar normalú a dhéanamh. Bíodh sin mar atá, ní raibh Comhairle na Gearmáine i bhfabhar ceannacháin sócmhainní a atosú.

7. Fiche bliain tar éis thabhairt isteach an euro, an dóigh leat go bhfuil sé in am athbhreithniú a dhéanamh ar chreat beartais airgeadaíochta an Bhanc Ceannais Eorpaigh?

Le linn na tréimhse ó bunaíodh an euro, is léir go bhfuil an-rath ar chreat beartais airgeadaíochta BCE. Bhí an BCE in ann cuspóir na cobhsaíochta praghsanna a choimeád fiú in ainneoin géarchéimeanna doimhne, ilroinnt na margaí agus chliseadh na mbanc. Le fiche bliain anuas, áfach, tá athrú suntasach tagtha ar an macraigheilleagar agus ar an mbeartas airgeadaíochta. Tá an tsraith straitéisí airgeadaíochta leathnaithe chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an bheartais airgeadaíochta atá gar don chuimse íochtair nialais. Cé gur éirigh go maith leis an gcreat atá ann faoi láthair ó thaobh cobhsaíocht praghsanna a choinneáil sa limistéar euro, tá sé ag éirí níos dúshlánaí anois na huirlisí a chalabrú.

Rinneadh an t-athbhreithniú roimhe seo ar chreat beartais airgeadaíochta BCE in 2003. Dá bhrí sin, is cosúil gurb iomchuí athbhreithniú cuimsitheach a chur i gcrích, agus é mar chuspóir leis deimhin a dhéanamh de gur féidir le hoibríochtaí airgeadaíochta BCE sprioc na cobhsaíochta praghsanna a bhaint amach ar an mbealach is fearr is féidir. Dá bhrí sin, tacaím go hiomlán leis an rún atá ag Christine Lagarde athbhreithniú straitéiseach a sheoladh go luath amach anseo agus beidh mé sásta cur leis sin. Go tábhachtach, ní mór an t-athbhreithniú sin a bhunú ar mheastóireacht chúramach ar bhearta beartais airgeadaíochta a bhí ann roimhe sin i bhfianaise a gcumais rannchuidiú le comhlíonadh an tsainordaithe. Ba cheart go n-áireofaí leis sin freisin anailís ar fho-éifeachtaí a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do tharchur airgeadaíochta.

Mar chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin, bheinn sásta na hábhair sin a phlé go hoscailte laistigh den Chomhairle Rialaithe, agus i gcomhpháirt le foireann BCE. Tá sé tábhachtach go dtiocfadh, i bhfírinne, feabhas ar aon athruithe ar an gcreat beartais airgeadaíochta. I gcásanna áirithe, d’fhéadfadh soiléiriú a bheith inmhianaithe. Tríd is tríd, ba cheart go dtuigfí go bhféadfaí difear diúltach a dhéanamh d’inchreidteacht an bhainc ceannais nuair a dhéantar an cuspóir oibríochtúil a choigeartú tráth a bhíonn sé deacair é a bhaint amach. Dá bhrí sin, ba cheart aon choigeartuithe a dhéanamh go han-chúramach agus ar bhonn bonn taca eimpíreach láidir.

8. Conas a áiritheoidh tú trédhearcacht a mhéid a bhaineann leis an gClár Ceannaithe Sócmhainní (CCS) a chur chun feidhme? An aontaíonn tú go bhféadfaí a bheith níos trédhearcaí i ndáil leis an gClár Ceannaithe um Urrúis Shócmhainn-Bhunaithe (CCUSB) agus i ndáil leis an tríú Clár Ceannaithe Bannaí faoi Chumhdach (CCBC3)?

Tá trédhearcacht ríthábhachtach d’aon oibríocht bainc ceannais agus áirithítear léi cuntasacht, rud a d’aithin BCE i gcónaí. Ag an am céanna, gníomh cothromaíochta do BCE is ea leibhéal iomchuí trédhearcachta a áirithiú.

Ar thaobh amháin, tá údar le teorainneacha le trédhearcacht má tá an baol ann go gcuirfeadh trédhearcacht teorainn le héifeachtacht an bheartais airgeadaíochta. Go sonrach, ní mór a sheachaint go rachadh gníomhaithe airgeadais chun tosaigh ar an mbanc ceannais, rud a d’fhéadfadh a bheith amhlaidh dá bhfoilseofaí sonraí ar ghabháltais urrús aonair.

Os a choinne sin, ba cheart do BCE an fhaisnéis is gá chun a chuid gníomhaíochtaí a mheas a sholáthar. Ar an gcúis sin, léiríonn BCE ardleibhéal trédhearcachta maidir le cur chun feidhme beartais airgeadaíochta, lena n-áirítear an Clár Ceannaithe Sócmhainní (APP). Go háirithe, foilsíonn BCE méideanna míosúla na gceannachán, gabháltais iomlána, chomh maith le fuascailtí, agus gach ceann acu de réir cláir, ar a shuíomh gréasáin.

Ar an iomlán, dar liom, is léiriú é an leibhéal trédhearcachta atá ann faoi láthair ar an gcomhbhabhtáil idir cuntasacht agus imní faoi éifeachtúlacht beartais airgeadaíochta a theorannú ar bhealach réasúnta.

9. Cén dearcadh atá agat i leith na rioscaí a bhaineann le Clár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CSPP)? Cad é do mheasúnú ar an sciar méadaitheach de CSPP sa bhunmhargadh agus an tráth céanna an sciar íslitheach de chlár ceannaigh na hearnála poiblí ar an margadh tánaisteach?

Ó 2016 i leith, tá bannaí de chuid na hearnála príobháidí neamhairgeadais á gceannach ag BCE faoi Chlár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CSPP) Ar an iomlán, is é is aidhm do CSPP go ndéanfar dálaí maoiniúcháin do chorparáidí sa limistéar euro a fheabhsú ar bhealach níos dírí, rud dá réir sin a mbeidh tionchar aige ar an infheistíocht agus ar an bhfíorgheilleagar.

Déantar na ceannacháin ar an mbunmhargadh agus ar an margadh tánaisteach, bunaithe ar chritéir incháilitheachta áirithe, lena n-áirítear teorainneacha ar sciar na n-eisiúintí agus na n-eisitheoirí. Áirithítear leis sin nach gceannaítear ach sócmhainní ag a bhfuil cáilíocht chreidmheasa leordhóthanach.

De réir dhálaí an mhargaidh, féadfaidh éagsúlacht a bheith i gceist le sciar na gceannachán ar an mbunmhargadh agus ar an margadh tánaisteach agus ar fud na n-ionstraimí BCE. Léiríonn luaineachtaí den sórt sin go gcaithfear a bheith solúbtha chun cur chun feidhme rianúil APP a áirithiú, agus nach mór breithnithe ar leachtacht an mhargaidh agus patrúin eisiúna a chur san áireamh chun é sin a dhéanamh. Caithfidh coigeartú na punainne idir ionstraimí beartais agus dlínsí do pharaiméadar na gclár a bheith de réir a chéile chun dálaí margaidh ordúla a choimirciú. Ní thugann na luaineachtaí sin le fios go bhfuil athrú ar chalabrú APP ann: Tá curtha in iúl ag BCE go bhféadfaidh sé leanúint lena ghlancheannacháin go ceann tréimhse fadaithe ama laistigh de pharaiméadair reatha an chláir.

Ar thaobh CSPP, áfach, tá baol ann go dtabharfar tosaíocht do ghnólachtaí áirithe thar ghnólachtaí eile, go háirithe go dtabharfar tosaíocht do chuideachtaí móra thar chuideachtaí beaga. Dá bhrí sin, cinntíonn BCE go gceannaíonn sé raon leathan bannaí corparáideacha, lena n-áirítear eisiúintí níos lú. Is minic, áfach, nach n-eisíonn cuideachtaí beaga bannaí in aon chor. Ach tá fianaise ann a léiríonn go mbíonn éifeachtaí iarmharta ar chuideachtaí beaga agus meánmhéide trí chéile ag an dea-thionchar ar chostais chistiúcháin.

Is gnách go mbíonn raon feidhme CSPP ag brath ar an ról atá ag an maoiniú margaidh i dtaobh gnólachtaí sa limistéar euro. Ós rud é go bhfuil ról réasúnta beag ag bannaí i dtaca le maoiniú daingean, tá raon feidhme CSPP teoranta chomh maith.

10. Conas is féidir le BCE rannchuidiú le fás eacnamaíoch, le haistriú éiceolaíoch agus le lánfhostaíocht, agus a phríomhchuspóir á chomhlíonadh aige, eadhon cobhsaíocht praghsanna a choinneáil, dar leat? I do thuairim, an bhfuil bearta beartais airgeadaíochta breise féideartha ann a chuirfeadh feabhas ar an bhfíorgheilleagar?

Cé nach mór a áirithiú go bhfuil beartas BCE á threorú ag a phríomhchuspóir thar aon ní eile, is é sin an chobhsaíocht praghsanna a choinneáil, mar atá cumhdaithe in Airteagal 127(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar le fios freisin san Airteagal céanna, “[g]an dochar do chuspóir na cobhsaíochta praghsanna, tacóidh CEBC leis na beartais ghinearálta eacnamaíocha san Aontas d'fhonn rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar atá siad leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach”.

Tríd is tríd, seans maith go dtacóidh beartas airgeadaíochta a chothaíonn cobhsaíocht praghsanna le fás eacnamaíoch agus le fostaíocht chomh maith. Gan beartais BCE, ní bheadh an oiread céanna post cruthaithe sa limistéar euro le blianta beag anuas; tá na milliúin post ann a bhuíochas dó. Tá caiteachas tomhaltóirí agus infheistíocht phríobháideach treisithe sa limistéar euro mar gheall ar bheartas airgeadaíochta ardgharach BCE, agus ar an gcaoi sin tá fás eacnamaíoch á chur chun cinn agus an dífhostaíocht á laghdú. A bhuí le bearta i mbeartas airgeadaíochta BCE a rinneadh i mí Mheán Fómhair, tá dálaí maoiniúcháin an-fhabhrach ann. Dá bhrí sin, leanann bearta BCE de bheith ag dul chun tairbhe don fhíorgheilleagar.

Tá tuairimí éagsúla á bplé ag BCE faoi láthair faoin gcaoi ar féidir leis tacú le beartais aeráide. Chun na críche sin, tá BCE rannpháirteach sa Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NFGS), comhoibriú idir grúpa mór de bhainc cheannais, maoirseoirí agus institiúidí idirnáisiúnta. Laistigh den ghrúpa sin, déanann BCE tuairimí a phlé faoi ghnéithe ábhartha den athrú aeráide agus faoin gcaoi ar féidir leis an mbanc ceannais agus na beartais mhaoirseachta dul in oiriúint don athrú aeráide agus na tionchair lena mbaineann a laghdú. Ós rud é go bhfuil an chuma ar an scéal nach bhfuil an obair seo ach ina tús, táim ag tnúth le bheith páirteach sa díospóireacht seo.

Cé gur cosúil faoin tráth seo go bhfuil na bainc cheannais dírithe níos mó ar fhaireachán agus bainistiú a dhéanamh ar na rioscaí a eascraíonn as an athrú aeráide, tá ceist le réiteach i dtaobh bheartas airgeadaíochta BCE agus is é sin conas is féidir forbairtí a bhaineann leis an athrú aeráide a chomhtháthú ina chuid anailíse agus cibé acu an féidir le BCE rannchuidiú leis an maolú ar an athrú aeráide nó nach féidir, lena n-áirítear trína chlár ceannaithe sócmhainní.

Gné amháin nach mór aghaidh a thabhairt uirthi is ea measúnú riosca ar shócmhainní i dtaca le rioscaí a bhaineann leis an aeráid (CRRanna) agus na hiarmhairtí atá ag an athrú aeráide ar chobhsaíocht airgeadais. Is gá riosca aeráide a ionchorprú i samhlacha riosca. Tá tuilleadh oibre fós le déanamh chun tuiscint a fháil ar conas is féidir é sin a dhéanamh. Bunaithe ar shamhlacha den sórt sin, ba cheart do BCE tosca riosca a áireamh chomh maith ina chúraimí maoirseachta micreastuamachta agus macrastuamachta agus ina mheasúnú ar chaolchorrlaigh i gcláir ceannaithe sócmhainní. Ceist níos deacra is ea ar cheart do BCE tosaíocht a thabhairt do bhannaí “glasa” thar bhannaí “donna” ina chuid cláir ceannaithe sócmhainní (féach an chéad fhreagra eile maidir leis bpointe sin).

11. Céard é do thuairim maidir leis na céimeanna is gá a thógáil chun an Comhshocrú Glas don Eoraip a mhaoiniú?  Cad iad do thuairimí faoin tionchar atá ag beartas BCE ar athrú aeráide? An dóigh leat gur cheart do BCE a chuid ceannachán sócmhainne a thabhairt i gcomhréir le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus le Comhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide? Ar cheart cláir ceannaithe sócmhainní BCE a bheith i gcomhréir le creat tacsanomaíochta an Aontais. Cén ról a bheadh ag BCE sa Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais?

Tá an Comhaontú Glas don Eoraip ar cheann de na príomhthosaíochtaí atá ag an gCoimisiún Eorpach nua agus an ceart ar fad aige. Ós rud é gur fadhb dhomhanda é an t-athrú aeráide, tá gá le comhar ní hamháin ar an leibhéal Eorpach ach ar an leibhéal domhanda chomh maith. Cibé ar bith, i bhfianaise a phráinne atá an t-ábhar, ní mór do ghníomhaithe uile an bheartais eacnamaíoch, lena n-áirítear na bainc cheannais, an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide a ionchorprú ina gcláir oibre.

Is féidir le lucht ceaptha beartas an Aontais tionchar mór a bheith acu más i dteannta a chéile a théann siad i ngleic leis an dúshlán. Mar shampla, beidh ról tábhachtach ag BEI i maoiniú na n-infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid. De réir phleananna an Choimisiúin, déanfaidh buiséad an Aontais na gníomhaíochtaí sin a threisiú agus, freisin i gcomhthéacs an phlean infheistíochta d’Eoraip inbhuanaithe, ciallaíonn sé sin go bhféadfaidh tacaíocht ríthábhachtach a bheith i gceist leis sin chun an t-aistriú a mhaoiniú. Beidh gá le hiarrachtaí breise chun cistí príobháideacha a shlógadh, a bhféadfar é sin a dhéanamh trí struchtúir chómhaoinithe. Gné thábhachtach eile is ea Plean Gníomhaíochta an Aontais maidir le Maoiniú Inbhuanaithe chun rannchuidiú le maoiniú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip.

Is ríthábhachtach go ndéanfar aicmiú cuí ar shócmhainní de réir a n-inbhuanaitheachta chun cinntí infheistíochta a threorú. Dlúthchuid de na gníomhaíochtaí sin is ea tacsanamaíocht na n-infheistíochtaí glasa, rud a thugann cosaint in aghaidh an “snas glas”. A luaithe a ghlacfar an tacsanamaíocht sin agus a chuirfear chun feidhme í, réiteofar an bealach d’aon bheartas infheistíochta inbhuanaithe agus do bhearta breise sa réimse sin.

Aontaíonn formhór na n-eacnamaithe gurb é tabhairt isteach na praghsála carbóin an bealach is éifeachtúla chun beartais aeráide a shaothrú agus spriocanna Chomhaontú Pháras a bhaint amach (féach freisin an tuarascáil speisialta ó Chomhairle Saineolaithe Eacnamaíocha na Gearmáine i mbliana maidir leis an bpraghsáil carbóin). Trí ghníomhaíochtaí ar mó a lorg carbóin a dhéanamh níos costasaí, déanann an phraghsáil carbóin na dreasachtaí cearta a shocrú do dhaoine aonair agus do ghnólachtaí agus freisin don nuálaíocht. Sa bhreis air sin, fágann an t-aistriú éiceolaíoch go bhfuil infheistíocht phríobháideach agus phoiblí (e.g. i mbonneagar agus i dtaighde & forbairt) ag teastáil, chomh maith le gearradh siar sóisialta ar éifeachtaí dáileacháin neamh-inmhianaithe. Ar an ábhar sin, táthar mórán ar aon fhocal gur cheart go mbeadh aon ioncam ó phraghsáil carbóin ag teacht den chuid is mó ó chaiteachas athdháilte. I bprionsabal, tugann córas cuimsitheach praghsála carbóin dreasachtaí cuí chun sreafaí caipitil a atreorú sa treo inmhianaithe. Dá bhrí sin, ba cheart do na rialtais tosaíocht a thabhairt do phraghsáil carbóin a thabhairt isteach i ngach earnáil den gheilleagar.

Beidh tionchar ag an aistriú éiceolaíoch ar an timpeallacht mhaicreacnamaíoch ina bhfeidhmíonn BCE. Dá bhrí sin, ní mór do BCE a mharana a dhéanamh ar an ról atá aige sa timpeallacht athraitheach sin, agus cloí go docht le teorainneacha a shainordaithe ag an am céanna. I ndáil leis sin, is céim thosaigh é an cinneadh dul i bpáirt leis an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais, mar atá luaite thuas, agus léiríonn sé go soiléir tiomantas BCE chun bheith rannpháirteach san idirphlé agus beartais a fhorbairt do na bainc cheannais agus do na maoirseoirí. Tuigim go nglacann BCE ról gníomhach sa Líonra, agus is díol sásaimh dom an méid sin. Tá léirithe ag Christine Lagarde go bhfuil sí an-oscailte do shaincheist an athraithe aeráide, agus gan aon amhras cuirfidh sí tús le díospóireacht faoin gcaoi ar féidir le BCE rannchuidiú chun dul i ngleic leis an athrú aeráide laistigh dá shainordú. Táim breá sásta a bheith rannpháirteach sa díospóireacht sin.

Go dtí seo, tá ceannacháin sócmhainní BCE bunaithe ar phrionsabal neodracht an mhargaidh. Mar a scríobh Christine Lagarde i litir a scríobh sí chuig an Uasal Urtasun le déanaí, Feisire de Pharlaimint na hEorpa, “measadh gurb é coincheap oibríochtúil neodracht an mhargaidh an coincheap is iomchuí chun, ar lámh amháin, éifeachtacht bhearta beartais airgeadaíochta BCE a áirithiú ó thaobh cobhsaíocht praghsanna de agus, ar an lámh eile, chun prionsabal geilleagar an mhargaidh oscailte a urramú.” Mar a luaitear sa litir sin, bainfear úsáid as an athbhreithniú ar an gcreat beartais airgeadaíochta chun machnamh a dhéanamh ar an gceist faoi cé mar is féidir cúinsí inbhuanaitheachta a chomhtháthú.

Ba cheart a thabhairt faoi deara go bhfuil dálaí fabhracha maoiniúcháin á gcur ar fáil cheana ag an gclár ceannaithe sócmhainní atá ann do chuideachtaí agus do rialtais chun an t-aistriú éiceolaíoch a mhaoiniú. Go deimhin, tá méid as cuimse de bhannaí glasa poiblí agus príobháideacha á gceannach ag BCE. Agus na bannaí glasa sa mhargadh ag éirí níos tábhachtaí, cuirfidh sé sin feabhas ar leachtacht margaí áirithe agus mar thoradh air sin is mó tábhacht a bheidh ag baint le bannaí glasa in APP.

Agus tosaíocht á tabhairt do bhannaí glasa, ní mór é sin a mheasúnú go cúramach. D’fhéadfadh sé go gcuirfeadh sé ualach rómhór ar an mbanc ceannais, a bhfuil a chinntí á dtreorú ag an sainordú cobhsaíochta praghsanna atá aige.

12. I do thuairimse féin, ar cheart do BCE níos mó bannaí BEI a cheannach chun cabhrú le hinfheistíochtaí Eorpacha a mhaoiniú i gcomhréir le cuspóirí príomha agus tánaisteacha BCE?

Tá bannaí a eisíonn BEI agus institiúidí fornáisiúnta eile mar chuid de chlár ceannaithe sócmhainní na hearnála poiblí cheana féin agus ceannófar iad freisin mar chuid de cheannacháin sócmhainní a tosaíodh an athuair. De réir na rialacha, ceannaíonn BCE na bannaí sin sa mhargadh tánaisteach faoi réir uasteorainneacha ceannaigh, arb ionann iad agus 50% anois. Faoi láthair, is ionann bannaí den sórt sin agus 12 % de na ceannacháin foriomlána. Agus níos mó eisiúna bannaí á ndéanamh ag BEI, d'fhéadfaí an sciar de bhannaí BEI i gceannacháin sócmhainní a ardú faoi chuimsiú na rialacha atá ann.

13. Cad é do thuairim faoi chur chun feidhme an Chúnaimh Leachtachta Éigeandála (ELA)? Cad a d’fhéadfaí a fheabhsú sa phróiseas cinnteoireachta maidir le deonú ELA?

Tá ról ríthábhachtach ag Cúnamh Leachtacha Éigeandála (ELA) i ngéarchéimeanna. Tugtar an cúnamh sin ar bhonn eisceachtúil do bhainc shócmhainneacha a bhfuil fadhbanna leachtacha gearrthéarmacha acu agus nach féidir leo brath ar na príomhoibríochtaí athmhaoiniúcháin, e.g. mar gheall ar easpa comhthaobhachta incháilithe.

Cinneadh go seoltar gníomhaíochta ELA ar an leibhéal náisiúnta (féach Airteagal 14.4 de Reacht CEBC). Tugann sé sin le tuiscint gur ar an leibhéal náisiúnta a iompraítear na costais agus na rioscaí a bhaineann le ELA chomh maith. Ionas nach gcuirfidh ELA isteach ar chuspóirí BCE, tá roinnt coimircí ann, a bhraitheann ar mhéid na tacaíochta atá beartaithe, a fhágfaidh go bhféadfaidh sé tarlú go gcuirfear cosc ar fhorghníomhú na n-oibríochtaí má mheastar go gcuirfidh siad isteach ar bheartas airgeadaíochta aonair an Eurochórais. Sa chomhaontú maidir le ELA a glacadh i mí Iúil 2017, sainítear leithdháileadh na bhfreagrachtaí agus an creat maidir le faisnéis a chomhroinnt chun aon chur isteach den sórt sin a chosc.

Ar an mórgóir, tá léirithe ag ELA go bhfuil sé éifeachtach chun aghaidh a thabhairt ar ghanntanais leachtachta ghearrthéarmacha ag institiúidí airgeadais an limistéir euro. Amach anseo, i bhfianaise a ábhartha atá iarmhairtí trasteorann, go háirithe maidir le strus leachtachta, d’fhéadfadh plé a bheith ann i dtaobh cibé ar cheart ELA a chur ar fáil ar an leibhéal Eorpach. Ós rud é go bhfuil baincéireacht agus margadh caipitil na hEorpa chun bheith níos comhtháite sa phróiseas chun an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche agus Aontas na Margaí Caipitil a chur ar bun, tá argóintí breise ann ar mhaithe leis an ról tábhachtach atá ag soláthar leachtachta éigeandála a aistriú chuig an leibhéal fornáisiúnta. D'fhéadfadh sé go n-éascódh sé sin an comhordú le húdaráis eile, amhail an Bord Réitigh Aonair (BRA), i ngéarchéimeanna. Ba chúis imní do roinnt páirtithe go bhféadfadh sé sin moill a chur ar sholáthar leachtachta i lár géarchéime. Ní mór ábhair imní den sórt sin a chur san áireamh.

14. Cén ról is dóigh leat ba cheart do BCE a imirt agus aghaidh á tabhairt aige ar airgeadraí fíorúla? Cad iad na deiseanna agus na rioscaí a bhaineann le sócmhainní fíorúla, dar leat? Cad a bheidh i gceist le creat rialála iomchuí le haghaidh airgeadraí fíorúla (le haghaidh “cripteamhonaí cobhsaí” go háirithe) i do thuairimse?  

Le roinnt mhaith blianta anuas, forbraíodh lear mór airgeadraí fíorúla atá bunaithe ar bhlocshlabhraí agus ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte. Go dtí seo, ní raibh na hairgeadraí fíorúla sin in ann feidhmeanna airgid a chomhlíonadh, i ngeall ar luaineacht ard a luachálacha go príomha. Dá bhrí sin, níl formhór na n-airgeadraí fíorúla á n-úsáid go héifeachtach mar mhodh malartaithe agus, ina ionad sin, is féidir breathnú orthu mar shócmhainní amhantracha.

Rinne tionscnaimh phríobháideacha le déanaí, go mór mór tionscnamh Libra ag Facebook agus Comhlachas Libra, airgeadraí fíorúla a bhí ann roimhe seo amhail Bitcoin a fheabhsú ar dhá bhealach: tá sócmhainní mar thaca leis na hairgeadraí sin, rud a dhéanann an luach a ghabhann leo a chobhsú (is é sin an chúis a dtugtar “cripteamhonaí cobhsaí” orthu); agus is féidir leis na hairgeadraí sin brath ar líonraí ollmhóra a soláthraithe, amhail Facebook. Tá de bhua ag cripteamhonaí cobhsaí go ndéanann siad íocaíochtaí a éascú, go háirithe i gcomhthéacs domhanda, trí chostais a laghdú agus luas a mhéadú. Thairis sin, d’fhéadfadh ról fónta a bheith ag cripteamhonaí cobhsaí sa chuid den domhan atá i mbéal forbartha, áit nach bhfuil rochtain ag cuid mhaith daoine ar bhainc ainneoin go bhfuil rochtain acu ar ghléasanna móibíleacha chun íocaíochtaí a dhéanamh.

Mar sin féin, baineann rioscaí móra le cripteamhonaí cobhsaí. Teicneolaíocht nua is ea cripteamhonaí cobhsaí ar beag tástáil atá déanta go fóill orthu. Ionas gur féidir lántairbhe a bhaint as cripteamhonaí cobhsaí, ní mór aghaidh a thabhairt ar na rioscaí ar gné dílis díobh iad. Tá rioscaí éagsúla ag bagairt ar thomhaltóirí, rioscaí a bhaineann le luach agus leachtacht an airgeadra agus rioscaí a bhaineann le príobháideachas, ós rud é go bhféadfar idirbhearta íocaíochta a nascadh, i bprionsabal, le faisnéis eile sa líonra féin. An dara riosca mór a bhaineann le cripteamhonaí cobhsaí ná an baol a bhaineann le híocaíochtaí neamhdhleathacha, amhail maoiniú na sceimhlitheoireachta nó sciúradh airgid, a d'fhéadfadh a bheith deacair a smachtú sna cásanna sin. An tríú riosca a bhíonn i gceist le cripteamhonaí cobhsaí ná an chobhsaíocht airgeadais. Ag brath ar an gcur chun feidhme féin, d’fhéadfadh sé go mbeadh baol ann go dtarlódh ollráchairtí, rud a bheadh ina chúis le díolacháin phráinne agus a d’fhéadfadh leathnú amach sa chuid eile den chóras airgeadais. Ar deireadh, agus arís ag brath ar an dearadh beacht féin, d’fhéadfadh tionchar a bheith ag na cripteamhonaí cobhsaí ar an tarchur airgeadaíochta.

Dá bhrí sin, ní mór obair a dhéanamh chun an rialáil iomchuí a shainiú. Ar na réimsí tábhachtachta atá ann, tá an méid seo a leanas: rialachas, sláine airgeadais, sábháilteacht (lena n-áirítear cosaint ar chibear-riosca), cosaint sonraí agus tomhaltóirí, mar aon le cobhsaíocht airgeadais. Ag an am céanna, níor cheart go mbeadh an nuálaíocht á plúchadh ar an rialáil, ar cheart di sin déanamh de réir an phrionsabail go mbeadh na rialacha céanna ann don ghnó céanna, de réir phrionsabal neodracht na teicneolaíochta agus de réir phrionsabal na comhréireachta.

D’fhéadfadh sé gur ar bhonn sistéamach a dhéanfaí na socruithe a bhaineann leis na cripteamhonaí cobhsaí, i bhfianaise an mhéid ionchasaigh atá i gceist agus a scaipthe atá siad ar fud an domhain. Tugann an méid sin le tuiscint go dtiocfadh an fhormhaoirseacht a dhéanfaí orthu faoi shaincúram an Eurochórais. Is é BCE atá freagrach as feidhmiú rianúil, sábháilteacht agus éifeachtúlacht an chórais íocaíochta a chur chun cinn. I bhfianaise scála domhanda na socruithe a bhaineann le cripteamhonaí cobhsaí a fheidhmíonn ar bhonn trasteorann, ní mór d’aon chur chuige rialála a bheith bunaithe ar chomhar domhanda. Dá bhrí sin, is ríthábhachtach na tionscnaimh atá ar bun faoi láthair ar leibhéal G7.

Agus airgeadraí fíorúla ag teacht ar an bhfód – is é sin airgeadraí fíorúla go ginearálta agus cripteamhonaí cobhsaí go sonrach – is léir go bhfuil neamhéifeachtúlachtaí sa chóras íocaíochta faoi láthair nach mór aghaidh a thabhairt orthu. Bhí rún daingean ag BCE san am a caitheadh na córais íocaíochta a fheabhsú agus ba cheart dó leanúint de bheith á dhéanamh sin amach anseo agus a chuid feidhmeanna mar oibreoir córais íocaíochtaí, mar fhormhaoirseoir agus mar thionscnóir á gcomhlíonadh aige.

15. Conas a dhéanann tú measúnú ar na hidirghníomhaíochtaí idir córais íocaíochta agus beartas airgeadaíochta? Cén ról ba cheart a bheith ag BCE, mar an banc ceannais eisiúna, i dtaobh Tithe Imréitigh na Lár-Chontrapháirtithe (CPLanna)?

Tá ról tábhachtach ag córais íocaíochta ó thaobh an bheartais airgeadaíochta de. Dá mba rud é, mar shampla, gur mó úsáid a bhainfí as cripteamhonaí cobhsaí mar stór luacha agus go mbeadh iasachtú i gcripteamhonaí cobhsaí ag tarlú chomh maith, d’fhéadfadh tarchur airgeadaíochta intíre lagú go mór. Bhraithfeadh a thromchúisí a bheadh an lagú sin, sa chás áirithe seo, ar na hairgeadraí a bheadh sa bhascaed cúltaca. Cibé ar bith, is mór chun leas BCE é faireachán a dhéanamh ar fhorbairt córas íocaíochta príobháidí le go gcoimeádfaidh sé an smacht atá aige ar an mbeartas airgeadaíochta.

Gníomhaí tábhachtach eile sa chóras airgeadais is ea na contrapháirtithe lárnacha (CCPanna). Le deich mbliana anuas, i ngeall ar an mborradh faoin imréiteach lárnach, tá méadú tagtha ar an tábhacht shistéamach atá ag roinnt le CCPanna i ndlínsí iomadúla. Dá bhrí sin, beidh an creat rialála athbhreithnithe (EMIR 2) ríthábhachtach chun riosca a laghdú, agus chun cuidiú le cosc a chur ar chliseadh na gcóras airgeadais amach anseo. Déanfaidh EMIR 2, go háirithe, maoirseacht an Aontais ar CCPanna a bhfuil tábhacht shistéamach leo a neartú, ar CCPanna iad atá lasmuigh den limistéar euro, agus déanfar méideanna suntasacha ionstraimí a shloinntear in euro a imréiteach. A bhuí leis sin, áiritheofar go mbeidh na bainc cheannais eisiúna (i.e. BCE sa limistéar euro) rannpháirteach, agus go mbeidh sé ar a gcumas gníomhaíochtaí formhaoirseachta a dhéanamh.

Luaitear go follasach i Rialachán SSM nach é BCE an maoirseoir ar CCPanna. Mar sin féin, tá dlúthnaisc idir an t-imréiteach lárnach, an córas íocaíochta agus sainordú BCE.

Ar an gcéad dul síos, bíonn feidhmiú mhargadh athcheannaigh an euro, rud atá fíorthábhachtach do tharchur beartais airgeadaíochta, ag brath go mór ar CCPanna. Dá bhrí sin, is mór chun leasa BCE é aon chur isteach ar mhargadh athcheannaigh an euro a bhaineann le CCPanna nó a mbíonn aige tionchar orthu a sheachaint nó a mhaolú. Ar an dara dul síos, tá ról tábhachtach ag CCPanna sa chóras íocaíochta toisc go mbíonn méideanna móra leachtachta á dtreorú acu, agus iad ag feidhmiú mar mhoil don mhargadh airgeadais trína bhféadfadh an t-anás scaipeadh go mear dá dtitfeadh a leithéid de rud amach. Ar an tríú dul síos, féadfar a iarraidh ar BCE tacaíocht leachtachta éigeandála a chur ar fáil do bhainc a bhíonn rannpháirteach sna CCPanna nó do na CCPanna iad féin.

16. Cén ról a d’fhéadfadh a bheith ann, dar leat, d’idirbhearta atá bunaithe ar airgead tirim i gcomparáid le hidirbhearta digiteacha amach anseo?

Cé gur dócha go dtiocfaidh laghdú breise ar an úsáid a bhaintear as airgead tirim, creidim féin go mbeadh sé ann go fóill sna blianta amach romhainn.

Léirítear sna sonraí go bhfuil méadú suntasach tagtha ar idirbhearta gan airgead tirim le blianta beaga anuas. Is iad an digiteáil agus an nuálaíocht is mó is cúis leis sin. Ag an am ceánna, tá ilchineálacht mhór ann ar fud na mBallstát, agus is é an t-airgead tirim go príomha an ionstraim íocaíochta is mó tóir i gcomhair cineálacha áirithe d’idirbhearta. Is iad na saintréithe a bhaineann le hairgead tirim a úsáid, amhail an príobháideachas, is cúis leis an teacht aniar sin. Ina theannta sin, ní theastaíonn bonneagair TF chun é a úsáid. Féadfaidh ról a bheith ag gnéithe cultúir chomh maith.

Dá bhrí sin, cé go bhféadfar a bheith ag dréim leis go dtiocfaidh athrú ar nósanna íocaíochta go tapa, go háirithe agus sparáin dhigiteacha á n-úsáid againn níos minice, creidim gur cosúil go mbeidh tóir ar airgead tirim go fóill i dtíortha áirithe agus i measc grúpaí úsáideoirí faoi leith.

17. Cad iad do thuairimí  faoi nótaí ardainmníochta euro?

I bhformhór na gcásanna is annamh a úsáideann saoránaigh nótaí ardainmníochta euro sa ghnáthshaol. Mar sin féin, d'fhéadfadh sé go bhfuil tábhacht leo ó thaobh stór luacha de agus mar mhodh íocaíochta chun nithe costasacha a cheannach. Ag an am céanna, d’fhéadfaidís éascú a dhéanamh ar ghníomhaíochta aindleathacha, ós rud é go bhféadfar méideanna móra airgid a aistriú ar chostais iompair ísle.

Ar an ábhar sin, d’éirigh bainc ceannais an Eurochórais as nótaí bainc 500 euro a eisiúint ag tús na bliana. Is den tábhacht é a shoiléiriú go bhfuil a luach coinnithe ag na nótaí bainc 500 euro i gcónaí agus gur airgead dlítháirgthe iad. Tiocfaidh laghdú ar chúrsaíocht na nótaí bainc sin de réir a chéile agus, ar deireadh, ní bheidh siad i gcúrsaíocht a thuilleadh.

Ar an mórgóir, is beag tionchar a bheidh aige sin ar shaoránaigh. Is ar bhonn nótaí bainc ar ainmníocht níos lú a dhéanfar gníomhaíochtaí dlisteanacha, rud a fhágfadh go bhféadfadh sé go rachadh gníomhaíochtaí mídhleathacha i dtreo an réimse dhigitigh. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh ról níos mó a bheith ag rialú córas íocaíochta digití sa chomhrac i gcoinne idirbhearta íocaíochta neamhdhleathaí amach anseo ná mar a bheadh ag an gcinneadh droim láimhe a thabhairt le nótaí bainc ardainmníochta.

18. Cad é do dhearcadh i leith ilchineálacht na ndálaí airgeadaíochta agus an rochtain ar chreidmheas ar fud an limistéir euro agus a thionchar ar bheartas airgeadaíochta aonadach BCE?  

Roimh an ngéarchéim airgeadais dhomhanda, bhí an chuma ar an scéal go raibh dálaí airgeadaíochta agus an rochtain ar chreidmheas comhtháite den chuid is mó, rud a d’éascaigh tarchur an bheartais airgeadaíochta. Mar gheall ar an ngéarchéim, áfach, bhí dálaí iasachtaithe an-éagsúil ann ar fud na mBallstát, rud a rinne dochar do tharchur an bheartais airgeadaíochta chuig gnólachtaí agus teaghlaigh.

Le blianta beaga anuas, tá feabhas mór tagtha ar dhálaí airgeadaíochta agus ar an rochtain ar chreidmheas sa limistéar euro, a bhuí le bearta garacha BCE den chuid is mó. D’éirigh leis na bearta éascaithe ar cuireadh tús leo i lár na bliana 2014 rátaí iasachtaithe na mbanc sa limistéar euro a laghdú chuid mhaith. Ina theannta sin, tháinig laghdú ar éagsúlacht ó thír go tír chomh maith, rud a d’fhág gurbh ann d'éascú substaintiúil i ndálaí airgeadais do ghnólachtaí agus do theaghlaigh ar fud an limistéar euro. A bhuí leis na coinníollacha fabhracha cistiúcháin sin, bhí borradh faoi na hiasachtaí bainc, a raibh tionchar dearfach ina shea aige sin ar an infheistíocht phríobháideach agus ar an tomhaltas agus ar an gcaoi sin a rannchuidigh le fás eacnamaíoch níos láidre.

Ar an mórgóir, a bhuíochas do bhearta BCE tá beartas airgeadaíochta aonair an limistéir euro, a bhí tite ar gcúl le linn na géarchéime, ag téarnamh. Bhí na dálaí airgeadaíochta níos aonchineálaí ina gcuidiú ag BCE chun a shásra tarchuir beartais airgeadaíochta a choimirciú.

19. Tá roinnt de Bhallstáit AE ag ullmhú chun bheith páirteach sa limistéar euro. Conas is féidir éagothromaíochtaí breise a sheachaint idir Ballstáit an limistéir euro sna deich mbliana seo chugainn i bhfianaise dhálaí eacnamaíocha na stát is iarrthóirí, dar leat? Cad é an cás eacnamaíoch is fearr do mhéadú an limistéir euro?  

Le gur féidir an euro a ghlacadh tá leibhéal iomchuí cóineasaithe ag teastáil. Dá bhrí sin, foilsíonn BCE agus an Coimisiún Eorpach tuarascálacha rialta ina bpléitear an dul chun cinn atá déanta ó thaobh cóineasú de sna tíortha nach bhfuil sa limistéar euro. Áirítear air sin an dul chun cinn atá déanta ag gach tír ar mhaithe le critéir Maastricht a bhaint amach. Thairis sin, déantar a mheas sna tuarascálacha cé acu atá próiseas an chóineasaithe inbhuanaithe nó nach bhfuil, rud a bhraitheann ar thosca institiúideacha chomh maith.

Thairis sin, i bhfianaise bhunú an Aontais Baincéireachta, tugtar le tuiscint gurb é is ciall leis an euro a ghlacadh ná go mbeifear rannpháirteach i maoirseacht bhaincéireachta comhchoiteann, i.e. rannpháirtíocht in SSM. Ar an ábhar sin, beifear ag dréim leis i gcás na dtíortha sin ar mian leo teacht isteach sa limistéar euro go mbeidh siad ag obair i ndlúthchomhar le maoirseacht bhaincéireachta BCE sula ndéanfar an euro a ghlacadh, agus go gcomhlíonfar na ceanglais athchóirithe shonracha. Tá an próiseas chun an dlúthchomhar a bhunú leagtha amach i Rialachán SSM agus sa Chinneadh ó BCE maidir leis an ábhar. A luaithe a bheidh an dlúthchomhar bunaithe, déanfaidh BCE maoirseacht ar na bainc is mó tábhacht sa tír trí na treoracha a thabharfar don údarás inniúil náisiúnta. Déanfar an t-ullmhúchán críochnúil agus cúramach sin ionas gur féidir aistriú rianúil a áirithiú i dtreo sásra ráta malartaithe agus ar deireadh thiar, i dtreo an euro.

De réir na gConarthaí, cé is moite den Ríocht Aontaithe agus den Danmhairg atá faoi réir clásal um rogha gan a bheith páirteach, beifear ag dréim leis go nglacfaidh gach Ballstát de chuid an Aontais an euro i ndeireadh báire.

20. Cad iad na príomhrioscaí/príomhdheiseanna atá i ndán don euro?  

Tá an euro ar an bhfód le fiche bliain anois, bhí dúshláin mhóra roimh an airgeadra comhchoiteann i gcaitheamh na tréimhse sin. Ainneoin na ndúshlán sin ar fad, d’éirigh go seoigh leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (AEA) agus é ag dul i ngleic leo. I ndiaidh 20 bliain, tá tacaíocht na saoránach don euro ag an leibhéal is airde riamh, le 76% de na saoránaigh ag cur in iúl go dtacaíonn siad leis an airgeadra aonair. I lár na géarchéime, fiú, bhí leibhéal ard tacaíochta don airgeadra aonair ann i measc an phobail agus i measc formhór cheannairí na hEorpa.

Is iomaí slí a théann an euro chun tairbhe na mBallstát agus a gcuid saoránach: margadh mór intíre a bhfuil cobhsaíocht airgeadais, costais chistiúcháin níos ísle, chomh maith le costais idirbhirt níos ísle agus gan ann do riosca malairte i dtrádáil agus infheistíocht trasteorann, mar bhonn taca leis. Tháinig roinnt laigí chun solais, gan amhras, i dtaobh ollstruchtúr an euro sa réimse airgeadais, fioscach agus eacnamaíoch. Dúshlán mór don limistéar euro ab ea ilroinnt airgeadais, beartais fhioscacha fhrith-thimthriallacha neamhleora agus luas mall ó thaobh athchóirithe struchtúracha de. Ina ainneoin sin, rinneadh dul cun cinn substaintiúil; bunaíodh an tAontas Baincéireacht, cuir i gcás, an mhaoirseacht chomhchoiteann agus sásra réitigh aonair, mar aon le SCE.

Mar sin féin, ní mór tuilleadh bearta a dhéanamh chun gur féidir an limistéar euro a chobhsú ar bhealach inbhuanaithe agus chun lántairbhe a bhaint as an Margadh Aonair. Mar a chuireamar i bhfios go láidir sa "Tuarascáil 7 móide 7", mar a thugtar air, tá gá le cur chuige cothrom lena gcomhcheanglaítear comhroinnt rioscaí agus disciplín an mhargaidh. Go nithiúil, is é atá i gceist leis sin ná an tAontas Baincéireachta a chomhlánú, lena n-áirítear scéim árachais taiscí chomhpháirteach agus rialáil iomchuí ar neamhchosaintí ceannasacha, Aontas na Margaí Caipitil níos doimhne a bheith ann, mar aon le creat fioscach modhnaithe. Ní mór do bheartais eacnamaíocha fónta agus inbhuanaithe a bheith ag gabháil leis na hathchóirithe sin, lena gcothaítear an nuálaíocht, an cuimsiú agus an fás eacnamaíoch, agus fós go mbíonn tosaíocht á tabhairt don bheartas aeráide.

De bharr na dúshláin gheopholaitiúla a eascraíonn as aistriú cumhachtaí domhanda, tugtar le tuiscint nach mór don Eoraip agus don limistéar Euro bonn láidir a thógáil sa bhaile chun an t-ord iltaobhach a chaomhnú.

Tá roinnt athruithe struchturacha roimh an limistéar euro chomh maith a bhaineann le teacht chun cinn na gcriptea-airgeadraí, na digiteála agus na cibearslándála agus a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid.

Is féidir le BCE rannchuidiú san iarracht chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna sin, laistigh dá shainordú, trí ghlacadh go fonnmhar le hathrú agus trí anailís agus comhairle fhónta a chur ar fáil.

21. Cad iad na rioscaí agus na dúshláin is tábhachtaí a mbeidh ar BCE aghaidh a thabhairt orthu, dar leat?

Sa ghearrthéarma, is amhlaidh atá sé go raibh an limistéar euro ag fás ar feadh tréimhse fhada ach go bhfuil an geilleagar ag laghdú beagán le déanaí. Dealraíonn sé gurb í an neamhchinnteacht mhéadaithe an toisc chriticiúil is mó is cúis leis sin. I gcás ina dtiocfadh aon cheann de na rioscaí ar an taobh thíos sin i gceist, mar shampla géarú ar an gcoinbhleacht trádála, d’fhéadfadh sé gur deacra a bheadh sé cúlú eacnamaíochta a sheachaint. Mar sin féin, i ngeall ar an ardleibhéal de gharaíocht airgeadaíochta is lú seans go dtarlódh a leithéid de rud.

Go fadtéarmach, beidh ar BCE oiriúnú d’athruithe struchtúracha faoi mar a dhéanann aon ghníomhaire eile sa gheilleagar. Baineann sé sin leis an digiteáil agus leis an athrú aeráide, thar aon cheo eile, cé go mbaineann sé freisin leis an meath struchtúrach atá tagtha ar rátaí úis – feiniméan domhanda – a eascraíonn as sochaithe atá ag dul in aois agus an claochlú atá tagtha ar struchtúir táirgthe.

Chuirfeadh an méadú ar an riosca don ionchas agus rátaí níos ísle ó thaobh struchtúir de lena dhúshlánaí a bheidh sé an beartas airgeadaíochta a stiúradh. Ós rud é go bhfuil na príomhrátaí beartais íseal cheana féin, is beag acmhainn bhreise atá ag gnáthionstraimí beartais airgeadaíochta BCE.

Dá réir sin, ní mór go mbeadh bearta i mbeartas airgeadaíochta BCE á dtreorú ag measúnú cúramach ar na tairbhí agus na costais a ghabhann leo, i bhfianaise an tionchair a bheadh acu siúd ar an ionchas eacnamaíochta agus boilscithe agus ar na himpleachtaí a bheadh acu ar an gcobhsaíocht airgeadais. Agus na dúshláin fhadtéarmacha á gcur sa mheá, beidh ar BCE plé a dhéanamh faoin gcaoi ar féidir leis rannchuidiú chun déileáil leis na hathruithe struchtúracha laistigh dá shainordú. Deis iontach atá san athbhreithniú a dhéanfar go luath ar straitéis beartais airgeadaíochta agus creat oibríochtúil BCE chun machnamh a dhéanamh ar na saincheisteanna sin.

Ar deireadh, ciallaíonn a chasta atá cúrsaí faoi láthair nach mór ról níos mó a bheith ag an gcumarsáid leis an bpobal amach anseo. I roinnt tíortha, bíonn siad an-cháinteach faoi rátaí úis ísle agus cuirtear an milleán ar BCE faoi sin. Tá baol ann go mbainfeadh sé sin an bonn den mhuinín as an airgeadra comhchoiteann san fhadtéarma. San am a caitheadh, bhí an chumarsáid dírithe ar na margaí airgeadais den chuid is mó. Amach anseo, ba cheart ról níos mó a bheith ag an bpobal i gcoitinne. I bhfianaise an tionchar atá ag an mbeartas airgeadaíochta ar an bpobal, ní mór tuiscint níos fearr a bheith acu ar an ról atá ag beartas an bhainc ceannais agus ar na teorainneacha a ghabhann leis. Baineann an méid sin freisin leis an ngá atá le meascán beartas eacnamaíoch níos fearr a bheith ann d’fhonn forbairt eacnamaíoch an limistéir euro a chothú.

 

22. Cad iad na rioscaí le haghaidh cobhsaíocht airgeadais a bhaineann le Brexit? Cén ról, dar leat, atá ag BCE chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin?

Mar gheall ar an gcaibidlíocht fhada nár tháinig aon tátal aisti go fóill, tá go leor neamhchinnteachta ann i ngeilleagar an Aontais. Is dócha gur tháinig laghdú ar an infheistíocht agus ar an bhfás eacnamaíoch sa Ríocht Aontaithe dá bharr, agus gur leathnaigh sé sin amach go dtí an limistéar euro i roinnt cásanna. In ainneoin gur cuireadh fadú le ballraíocht na Ríochta Aontaithe go dtí an 31 Eanáir 2020, tá neamhchinnteacht pholaitiúil ann i gcónaí, agus ní féidir Brexit gan mhargadh a chur as an áireamh go fóill. Ina leithéid sin de chás, d’fhéadfadh luaineacht shuntasach a bheith sa mhargadh agus ní féidir iarmhairtí sistéamacha a chur as an áireamh go hiomlán faoin tráth seo.

Is cosúil go bhfuil bainc cheannais agus institiúidí airgeadais dea-ullmhaithe do chás den sórt sin agus dá réir sin is féidir a mheas gur beag é an riosca go dtarlóidh teagmhas sistéamach. Tá bearta coimirce glactha ag an Aontas agus ag na rialtais náisiúnta chun go bhféadfar aghaidh a thabhairt ar aon chur isteach a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe i gcás seirbhísí airgeadais trasteorann. Ar na saincheisteanna is tábhachtaí, tá leanúnachas conarthaí agus gníomhaíochtaí imréitigh trí CCPanna.

Tá BCE rannpháirteach sa phróiseas sin, agus ba cheart dó leanúint de dhlúthfhaireachán a dhéanamh ar na forbairtí sin agus measúnú a dhéanamh ar an rioscaí atá ann do gheilleagar an limistéir euro agus don chóras airgeadais. Iarradh ar bhainc agus ar ghníomhaithe príobháideacha eile na pleananna teagmhais a chur chun feidhme agus ullmhúchán a dhéanamh do Brexit gan mhargadh. Ba cheart na coimircí a bheith i bhfeidhm go dtí go mbeidh lánchinnteacht faoi Brexit ann. In aon chás, tá coinníollacha fabhracha leachtachta agus leibhéal fairsing de gharaíocht airgeadaíochta ag BCE, agus féadfaidh sé gníomhaíocht iomchuí a dhéanamh chun an chobhsaíocht airgeadais a choimirciú dá rachadh dálaí maoiniúcháin agus leachtachta in olcas.

23. An dóigh leat go spreagtar beartais fhioscacha chomhthimthriallacha leis an gcreat rialachais eacnamaíoch reatha? An leagtar síos leis na dreasachtaí cearta le haghaidh infheistíocht phoiblí? Céard iad na hathchóirithe, dar leat, is gá a dhéanamh ar an gcreat sin? Cad é do bharúil de bhreis comhchuibhithe Eorpaigh i réimse na gcánacha corparáide?

Is bunriachtanach don chobhsaíocht mhaicreacnamaíoch é beartas fioscach fritimthriallach éifeachtach. In aontas airgeadaíochta, is é an beartas fioscach an phríomhionstraim atá ann chun rúscadh neamhshiméadrach a sheasamh, ós rud é go bhfuil an beartas aonair airgeadaíochta dírithe ar an limistéar euro ina iomláine agus nach féidir an ráta malairte a úsáid a thuilleadh chun na críche sin. Chuige sin, is gá go mbeadh rialacha fioscacha solúbtha a dhóthain chun go bhféadfar foráil a dhéanamh do bheartas fritimthriallach agus cosc a chur le fiachas poiblí iomarcach agus neamh-inbhuanaithe agus clásal inchreidte a dhéanamh de chlásal an toirmisc ar tharrtháil airgeadais (Art. 125 CFAE).

Tríd is tríd, taibhsíonn sé nach staid dhochrach é an staid reatha. Rinne mórán tíortha sa limistéar euro a gcuid cuspóirí buiséadacha meántéarmacha (MTO), mar a leagadh síos leis an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, a bhaint amach, agus níl Nós Imeachta um Easnamh Iomarcach (EDP) leanúnach ann. Bíodh sin mar atá, ní leor an dul chun cinn atá déanta i roinnt tíortha i leith leibhéal an fhiachais rialtais a laghdú, ar an ábhar nach bhfuil na rialacha fioscacha á gcomhlíonadh ná á bhforfheidhmiú ar an mbealach is fearr. Siúd is gur tháinig laghdú mór ar thorthaí bannaí ceannasacha i gcomórtas leis an am a chuaigh thart, d’fhéadfadh na forbairtí sin dul ar gcúl go gasta i gcás rúscadh polaitiúil nó eacnamaíoch.

Ar an iomlán, níl creat fioscach AE, lena n-áirítear rialacha CCF, ag cruthú chomh maith agus a bhíothas ag súil leis. De bhreis ar an róchastacht atá ag roinnt leis, is léir nach furasta easnaimh struchtúracha a mheas go hiontaofa ar an toirt. Dá bhrí sin, b’fhéidir rialacha fioscacha a bheith ródhian tráth ainnise, agus a bheith róscaoilte tráth ratha. Is léir chomh maith nach inchreidte riail an toirmisc ar tharrtháil airgeadais ar an ábhar go mbeadh mórchostais ag roinnt le mainneachtain cheannasach. Ar deireadh, tá AEA ar díth uirlisí i gcomhair comhroinnt rioscaí agus i gcomhair cobhsaíochta. Tá ceangal idir na saincheisteanna sin go léir:  a mhéid a bhaineann le téama na ‘Tuarascála 7 móide 7’, ní fhéadfadh disciplín an mhargaidh a bheith inchreidte óir níl a ndóthain comhroinnte riosca ann chun teorainn a chur le tógálacht agus chun na costais a ghabhann le hathstruchtúrú fiachais a ísliú.

Is cosúil go bhfuil gá le hathchóirithe a dhéanamh ar chreat fioscach AE ina thrí ghné. Ar an gcéad dul síos, ó thaobh na rialacha féin, is é an rogha is suntasaí atáthar a mholadh ná an t-aistriú ionsar sprioc fhadtéarmach fiachais maille le riail chaiteachais. Ar an dara dul síos, taibhsíonn sé go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfadh na rialtais sciar na hinfheistíochta feabhsaithe táirgiúlachta a ardú ina gcaiteachas foriomlán. Ar an tríú dul síos, ba cheart go ngabhfadh leis na hathchóirithe sin acmhainneacht fhioscach a bheith ag an limistéar euro foráil a dhéanamh do chomhroinnt riosca. D’fhéadfadh an acmhainneacht sin a bheith ina scéim athárachais dífhostaíochta atá comhoiriúnach maidir le dreasachtaí, ach tá roghanna eile ann. Is é an ghné bhuntábhachtach ná go gcuideodh ionstraim ar leibhéal an limistéir euro le hiarmhairtí a inmheánú ar fud na mBallstát, nach ndéanann na Ballstáit féin iad a chur san áireamh.

Ar deireadh, d’fhéadfadh sé gurbh úsáideach tionscnaimh  a bhfuil sé mar aidhm leo íoschánacha corparáide a thabhairt isteach chun cleachtais chánach atá ró-ionsaitheach agus creimeadh an bhoinn cánach a sheachaint. D’fhéadfadh ról tairbheach a bheith ag an iomaíocht cánach ina dhiaidh sin féin, áfach, agus níor cheart í a mhúchadh scun scan.

24. An dóigh leat go dteastaíonn Sócmhainn Shábháilte Eorpach ón limistéar euro, ní hamháin chun cabhrú leis na margaí airgeadais a chobhsú agus chun ligean do bhainc a neamhchosaint ar fhiachas náisiúnta a laghdú, ach chomh maith leis sin, mar bhealach le traschur ceart an bheartais airgeadais a éascú? Conas a d’fhéadfaí an méid sin a bhaint amach?

Tá roinnt tairbhe le baint as ‘sócmhainní sábháilte’: tá siad ina ráta úis tagarmhairc don chuar iomlán toraidh, stór luacha is ea iad agus foinse shaor chistiúcháin is ea iad don úsáideoir. Tréith lárnach eile is ea go mbíonn sábháilteacht ann dá mbarr tráth géarchéime, má cheaptar go maith iad.

D’fhéadfadh tairbhe a bheith ann do stiúradh an bheartais neamhchaighdeánaigh airgeadaíochta dá bhféadfadh sé brath ar shócmhainn shábháilte amháin de chuid an limistéir euro. D’fhéadfadh sócmhainn shábháilte rannchuidiú freisin le traschur bheartas airgeadaíochta BCE a chur i riocht is aonfhoirmí ar fud na mBallstát trí ilroinnt a sheachaint. Ar deireadh, d’fhéadfadh sócmhainn nach bhfuil íogair i leith forbairtí maidir le riosca ceannasach i mBallstáit aonair cuidiú freisin leis na lúba diúltacha aiseolais a mhaolú idir flaithiúnais agus bainc cheannasacha  – mar aon le teitheadh chun sabháilteachta – a tugadh faoi deara le linn na géarchéime deireanaí, agus comhtháthú airgeadais a éascú. D’fhéadfadh sé sin an bealach a réiteach freisin do chomhlánú an Aontais Baincéireachta óir is lú ábharthacht a ghabhann le hábhair imní faoi neamhchosaintí ceannasacha a bheith á rialáil agus sócmhainn shábhailte de chuid an limistéir euro ann.

Mar gheall ar an ngéarchéim airgeadais a bhí ann roimhe seo, rinneadh athmheasúnú géar ar rioscaí, rud a d’fhág gur laghdaíodh soláthar na sócmhainní sábháilte. Ag an am céanna, mar gheall ar iliomad tosc (e.g. rialacha nua rialála, amhail ceanglais leachtachta do bhainc, nó forbairtí déimeagrafacha sna hardgheilleagair), tá éileamh níos mó ann ar shócmhainní sábháilte. Ar na cúiseanna sin, meastar sócmhainní sábháilte a bheith gann san am i láthair, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar diúltach ag a ngainne sin ar mhargaí airgeadais, ar earnáil na baincéireachta, ar chur chun feidhme an bheartais airgeadaíochta agus ar an bhfás eacnamaíoch.

D’fhéadfadh sócmhainn shábháilte chomhchoiteann gainne na sócmhainní sábháilte sa limistéar euro a mhaolú go héifeachtach, d’fhéadfadh sí dul chun sochair do struchtúr AEA agus d’fhéadfadh sí ról idirnáisiúnta an euro a neartú. Rinneadh an-chúram de dhearadh shócmhainní sábháilte an limistéir euro, áfach, chun frithpháirtiú riosca a sheachaint, rud nach mbeadh iomchuí i bhfianaise struchtúr reatha AEA mar aontas de stáit cheannasacha. Is iad SBBSanna agus ríomhbhannaí na tograí is mó a bhítear a phlé i gcás sócmhainní sábháilte. Cé go mbraitheann an chéad togra ar thráinsiú, braitheann an dara togra ar thánaistiú. Tá laigí ag roinnt leis an dá thogra, ach léiriú is ea iad go bhfuil dearaí cliste indéanta agus nach siocair iad le frithpháirtiú fiachais. Is gá tuilleadh oibre a dhéanamh.

Cé go bhféadfaidh BCE anailís a dhéanamh ar shócmhainn shábháilte agus comhairle a thabhairt ina taobh, ní faoi BCE atá a tabhairt isteach ná a dearadh.

25. Cad é do bharúil den díospóireacht atá ar siúl faoi ardleibhéil dhianseasmhacha an fhiachais phoiblí agus phríobháidigh sa limistéar euro? Cad é do thuairim faoin Státchiste don limistéar euro atá beartaithe ag an gCoimisiún Eorpach chun rochtain a fháil ar mhargaí airgeadais ar son a mball chun cuid dá riachtanais rialta athmhaoinithe a chistiú?

Leochaileacht mhór amháin atá ag roinnt leis an limistéar euro is ea ardleibhéil fiachais phríobháidigh agus phoiblí. Sa lá atá inniu ann, tá an staid pas beag níos soithimhe ná mar a bhí sé sna blianta a lean an ghéarchéim. Tháinig laghdú ar chóimheasa an fhiachais phríobháidigh le OTI ó bhuaicleibhéal de 147% in 2015 go tuairim is 137% inniu, fad is a laghdaigh cóimheasa an fhiachais phoiblí le OTI den limistéar euro ina iomláine go tuairim is 87% de OTI in 2018, ar laghdú ó 94.4% in 2014 é. Ach tá na méideanna sin substaintiúil ina dhiaidh sin féin.

Dá bhrí sin, níl fáth ar bith ann go mbeifí siléigeach. Tharla gur leochaileacht shuntasach i mórchuid Ballstát a bhí i leibhéil arda an fhiachais phoiblí agus an fhiachais phríobháidigh roimh an ngéarchéim airgeadais. Thairis sin, ceilt ar an ilchineálacht fholuiteach láidir is ea an staid atá ag dul i bhfeabhas ar an mórgóir. Tá na leibhéil fiachais phríobháidigh fós níos airde ná mar a mheastar a bheith ciallmhar faoin Nós Imeachta um Míchothromaíochtaí Maicreacnamaíocha, agus tá na leibhéil fiachais phoiblí fós níos airde ná mar a cheadaítear faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis i dtíortha éagsúla, agus cóimheasa fiachais phoiblí is mó ná 100% de OTI ag roinnt Ballstát. Tá roinnt Ballstát ann nár bhain leas as na blianta roimhe seo, ina raibh rátaí ísle úis agus fás láidir, chun a leibhéil fiachais phoiblí a laghdú. D’fhéadfadh sé sin a bheith ina bhagairt ar chobhsaíocht an limistéir euro dá rachadh an staid in olcas sa chor chun donais.

Ní féidir laghdú i gcóimheasa an fhiachais phoiblí agus an fhiachais phríobháidigh araon a sheachaint. Ar an leibhéal náisiúnta, éilíonn sé sin beartais fhioscacha fhónta a bheith ann mar aon le hionstraimí macrastuamachta a úsáid. Le linn céimeanna de chomhdhlúthú, is den tábhacht cé na cineálacha caiteachas a chiorraítear. D’fhágfadh comhdhéanamh airgeadais phoiblí a bheith ann lena ndéanfaí an fás a chothú níos mó go ndéanfaí acmhainní a iompú i dtreo na hinfheistíochta poiblí. Maidir leis an taobh príobháideach, d’fhéadfadh sé a bheith ina chuidiú le dálaí creata is fabhraí a chur i bhfeidhm chun ró-ualaí fiachais phríobháidigh a laghdú.

Thar aon ní eile, éilíonn sé go gcuirfí borradh faoin bhfás eacnamaíoch chun ainmneoir na rátaí fiachais a ardú. I dtaca leis sin, is den bhunriachtanas é cur chun feidhme athchóirithe struchtúracha feabhsaithe tairgíochta lena n-áirithítear rathúnas fadtéarmach. Slí thábhachtach amháin chun tairgíocht a chothú is ea an Margadh Aonair a chothú.

Is féidir tacú le beartais náisiúnta ar an leibhéal Eorpach, trí fheabhas a chur ar na dreasachtaí do lucht ceaptha beartas náisiúnta beartais fhioscacha agus eacnamaíocha fónta a shaothrú. Céim fhíormhór a bheadh ann, áfach, oifig cistíochta a chruthú don limistéar euro. D’éileodh sé go ndéanfaí breis ceannasachta a iompú ón leibhéal náisiúnta chuig an leibhéal Eorpach chun aontacht an dliteanais agus an rialaithe a choinneáil.

26. Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis an gcáineadh nach bhfuil creat comhthaobhachta BCE céimnitheach go leor agus go mbraitheann sé an iomarca ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa seachtracha (CRAnna)?

Is gné thábhachtach de cheann ar bith d’oibríochtaí creidmheasa BCE iad ceanglais chomhthaobhachta. Go deimhin, tá sé sin éigeantach faoi Airteagal 18.1 de Reacht CEBC agus BCE. Thairis sin, is stuama ag BCE comhthaobhacht a éileamh chun é féin a chosaint ar an riosca airgeadais a ghabhann leis na hoibríochtaí sin. Faoin gcreat reatha comhthaobhachta, is féidir le BCE réimse leathan sócmhainní a ghlacadh agus, leis an gcreat sin, cuirtear caolchorrlaigh shonracha i bhfeidhm maidir leo, ag brath ar mheasúnú riosca. Chun na críche sin, ní ar ghníomhaireachtaí rátála creidmheasa seachtracha, agus orthu siúd amháin, a bhraitheann BCE, ach freisin ar chórais rátála creidmheasa inmheánacha banc ceannais náisiúnta agus ar chórais inmheánacha rátáilbhunaithe contrapháirtithe. Is cosúil gur léiriú measartha maith iad sin ar rioscaí foluiteacha.

Ag an am céanna, ba cheart go leanfadh BCE de bheith i bhfách le tionscnaimh chun trédhearcacht measúnuithe creidmheasa seachtracha, nó trédhearcacht measúnuithe creidmheasa inmheánacha, a fheabhsú tuilleadh, óir d’fhéadfaidís cosaint níos fearr fós a thabhairt do chlár comhardaithe BCE.

27. Cad é do mheas ar an éabhlóid a tháinig le déanaí ar ráta malairte USD/EUR?  Cé chomh mór ba cheart do riachtanais trádála ról a imirt ar stiúradh beartais airgeadaíochta?

Is gá faireachán a dhéanamh ar fhorbairtí rátaí malairte óir d’fhéadfaidís difear a dhéanamh do bhoilsciú. Ní dhíríonn BCE ar an ráta malairte. Tá sé sin ag teacht leis an gcomhdhearcadh idirnáisiúnta agus cuidíonn sé le héifeachtaí dochracha cogaí airgeadra a sheachaint. Is é sin le rá, seachas mar ionchur anailíseach chun an t-ionchas eacnamaíochta a thuiscint, níor cheart go mbeadh ról ag riachtanais trádála ina chinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta. Os a choinne sin, ba cheart go bhfágfaí faoi fhórsaí an mhargaidh é an ráta malairte a chinneadh, i gcomhréir le buntosca an gheilleagair, chun iomaíocht chóir a éascú agus trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn.

28. Cad é do mheas dá bhfuil bainte amach ag G20? Cad iad do thuairimí faoin leibhéal comhordúcháin reatha idir na príomhbhainc cheannais?

Mar gheall ar idirnaisc éagsúla agus dhochta i measc tíortha sa gheilleagar domhanda, is bunriachtanach é an comhar idirnáisiúnta chun an leas foriomlán a mhéadú. Bhí an choinbhleacht trádála ina léiriú ar an díobháil is féidir a dhéanamh má chuirtear beartais ‘mo thíre chun tosaigh’ in ionad comhaontuithe iltaobhacha. Baineann an moilliú reatha sa limistéar euro le tosca seachtracha go príomha, rud atá ina léiriú ar a thábhachtaí atá cobhsaíocht an gheilleagair dhomhanda agus an chórais airgeadais don limistéar euro. Éilíonn an chobhsaíocht sin, dá réir sin, go mbeadh comhar idirnáisiúnta láidir ann, lena n-áirítear eagraíochtaí  ilnáisiúnta láidre, chun faireachán agus laghdú a dhéanamh ar mhíchothromaíochtaí, chun uirlisí bainistithe géarchéime a neartú agus chun anailís a dhéanamh ar threochtaí fadtéarmacha a dhéanann difear don ionchas eacnamaíochta domhanda.

Go háirithe, cloch choirnéil is ea G20 agus an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais i ndáil le comhordú a dhéanamh ar an bhfreagairt beartais eacnamaíochta don ghéarchéim airgeadais dhomhanda agus leis an gclár oibre um athchóiriú a mhúnlú. Ar na cúraimí nua a bheidh ar G20, áireofar conas aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda arb iad éiginnteachtaí trádála agus geopholaitiúla is siocair leo, digitiú agus nuálaíocht in íocaíochtaí.

Tá G20 ina ardán tábhachtach freisin le haghaidh idirghníomhaíochtaí i measc bainc cheannais, i dteannta G7 agus an Bhainc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta (BIS). Ar an gcuma sin, bealach is ea iad chun ceachtanna a foghlaimíodh a mhalartú, ar féidir cineálacha cur chuige comhchoiteann a bheith i gceist leo i roinnt cásanna.

29. Ar cheart do BCE céimeanna nithiúla a ghlacadh chun borradh a chur faoin euro mar airgeadra idirnáisiúnta? Más ea, cad iad na bearta atá i gceist agat?

Trí threisiú le ról idirnáisiúnta an euro, is é is dóichí go mbeadh impleachtaí tábhachtacha ann do stiúradh an bheartais airgeadaíochta. Orthu sin áirítear cinntí maidir leis an mbeartas airgeadaíochta a tharchur ar bhealach a d’fhéadfadh a bheith níos láidre, tionchar níos laige a bheith ag forbairtí rátaí malairte ar bhoilsciú, agus éifeachtaí ar leibhéal an ráta malairte agus na dtorthaí bannaí ceannasacha. Tríd is tríd, is léir ó thátal BCE glanéifeacht dhearfach a bheith ar gheilleagar an limistéir euro mar gheall ar ról idirnáisiúnta níos láidre a bheith ag an airgeadra aonair.

Rachadh Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta níos comhtháite le margaí caipitil níos láidre chun sochair do ról idirnáisiúnta an euro. Mar thoradh ar sheasmhacht níos láidre a bheith ann i dtuairim infheisteoirí idirnáisiúnta, anuas ar Aontas Baincéireachta lánfhorbartha agus ar sheasaimh fhioscacha agus struchtúir eacnamaíocha fhónta náisiúnta, thacófaí le ról idirnáisiúnta an euro freisin. D’fhéadfaí bonn taca níos daingne a chur faoi sin trí shócmhainn shábháilte a thabhairt isteach.

30. Cad iad, dar leat, na príomhdhúshláin agus príomhdheiseanna do chumarsáid na mbanc ceannais san am atá romhainn?  

Trí ionchais a threorú agus iontaoibh a chur chun cinn, tacaíonn an chumarsáid le héifeachtacht bheartais BCE. Le linn na géarchéime, agus i ngeall ar ionstraimí neamhchaigdeánacha casta a úsáid, ba mhó go mór an gá a bhí le cumarsáid fhónta a bheith á déanamh ag bainc cheannais. Go deimhin, a bhuí le réamhthreoir, ionstraim beartais airgeadaíochta inti féin is ea an chumarsáid feasta.

Bhí an aird a tarraingíodh ar bhainc cheannais agus castacht na n-ionstraimí nua ina siocair le héilimh a bheith á ndéanamh ar dhlús a chur leis an gcumarsáid, ní hamháin le margaí airgeadais, ach leis an bpobal freisin, Rud nach beag a thábhacht, éilíonn sé agus leanfaidh sé de bheith ag éileamh go mbeadh cuntasacht láidir ag bainc cheannais dá bparlaimintí. Chun éilimh ar bhreis trédhearcachta a shásamh, tá BCE ag tosú ar a chuntais beartais airgeadaíochta a fhoilsiú, agus tá feabhas curtha aige ar nochtadh a shealúchas sócmhainní.

Chun dul i dteagmháil le réimse níos leithne gníomhaithe, is gá don institiúid iarracht a dhéanamh ar a cuid gníomhaíochtaí a mhíniú ar bhealaí níos simplí. Agus í ag déanamh amhlaidh, beidh uirthi a thaispeáint conas a bhaineann siad le saol laethúil na saoránach agus conas a dhéanann siad difear dearfach dó. Ciallaíonn sé sin freisin dul i mbun plé maidir le conas is féidir le BCE, laistigh den sainordú atá aige, rannchuidiú le dúshláin atá ag teacht chun cinn.

31. Cén chaoi a ndéanfá measúnú ar iarmhairtí beartais airgeadaíochta, go háirithe ó na Stáit Aontaithe, le haghaidh stiúradh beartais airgeadaíochta sa limistéar euro?

Tá dlúthcheangal idir na hardgheilleagair trí naisc trádála agus margaí domhanda airgeadais ina ndéantar sócmhainní gach tíre a thrádáil. Tuigtear as sin go ndéanann beartas airgeadaíochta na Stát Aontaithe, trí dhifear a dhéanamh do mhargaí airgeadais SAM agus don ráta malairte, difear don limistéar euro freisin. Tá na tionchair sin le sonrú i margaí airgeadais go háirithe, ach tá siad le sonrú sna margaí uile eile freisin.

Ba cheart do BCE féachaint ar iarmhairtí agus measúnú á dhéanamh aige ar ionchais fáis agus boilscithe don limistéar euro agus iad a chur san áireamh agus an beartas airgeadaíochta á cheapadh. Ba cheart go mbeadh sé soiléir i gcónaí, áfach, nach cás leis an mbeartas airgeadaíochta an ráta malairte agus go bhfuil BCE dírithe ar chobhsaíocht praghsanna intíre a choinneáil sa limistéar euro.

32. Agus aird á tarraingt aici ar chás na Gréige, d’áitigh Comhairle Saineolaithe Eacnamaíochta na Gearmáine nach foláir imeacht as an limistéar euro a bheith ina rogha chun nach féidir leis an tír atá ag streachailt dúmhál a dhéanamh ar Ballstáit eile den limistéar euro. Cén tuairim atá agat? Cén cur síos a dhéanfá ar an dlúthpháirtíocht Eorpach sa chomhthéacs sin? Céard é do mheas de na héifeachtaí is dócha a bheidh ag an neamhchinnteacht sna margaí airgeadais?

Ceapadh an euro ar shlí is gur dochúlaithe é. Is í an dochúlaitheacht sin, maille le haonmheanma a bheartais airgeadaíochta, a dhealaíonn an euro ó shocruithe eile i dtaobh rátaí malairte amhail boird airgeadra nó aontais neamhfhoirmiúla airgeadra. Fad a bheidh sí inchreidte, cosnóidh sí an limistéar euro ar ionsaithe amhantracha. Mar thoradh ar Bhallstát amháin imeacht as an limistéar euro, d’fheadfaí damáiste tromchúiseach a dhéanamh don inchreidteacht sin agus d’fhéadfadh sé a bheith ina shiocair le hamhantraíocht a bheith á déanamh i gcoinne Ballstáit eile. Dá bhrí sin, níor cheart go measfaí imeacht Ballstáit a bheith ina rogha fheidhmiúil.

C. Cobhsaíocht agus maoirseacht airgeadais

33. Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis an ngá atá ann le deighilt dhocht idir beartas airgeadaíochta agus maoirseacht bhaincéireachta a áirithiú agus cad iad na hathchóirithe, dar leat, lena gcuirfí feabhas ar an deighilt sin agus lena ndéanfaí í a éascú?

Ba é an gá a bhí le maoirseacht Eorpach a bhunú laistigh de shrianta an Chonartha reatha ba shiocair, cuid mhór, leis an gcinneadh chun cúraimí maoirseachta a shannadh do BCE nuair a bunaíodh SSM. Chuir sé ar chumas SSM dul dá chuid gníomhaíochtaí go gasta a bhuí le heagrú agus acmhainneachtaí BCE agus CEBC.

A priori, ní léir cé acu córas deighilte nó teaglaim is fearr laistigh d’aon institiúid amháin. Ar láimh amháin, d’fhéadfadh an teaglaim de bheartas airgeadaíochta agus maoirseacht baincéireachta a bheith ina siocair le buntáistí faisnéise. D’fhéadfaí feabhas a chur ar ghníomhaíochtaí iasachtóir na dála deiridh agus ar an mbeartas airgeadaíochta dá bhféadfaí iad a bhunú ar fhaisnéis maoirseachta. D’fhéadfadh sé sin cobhsaíocht airgeadais a chothú agus feabhas a chur ar an mbeartas airgeadaíochta. Ar an láimh eile, d’fhéadfadh cuspóirí an bheartais airgeadaíochta agus na maoirseachta baincéireachta a bheith bunoscionn le chéile, ar dhóigh go bhféadfaí ceann amháin nó ceann eile de na cuspóirí a chur i mbaol dá ndéanfaí é a chomhcheangal laistigh d’institiúid amháin. Thairis sin, is féidir rioscaí a bheith ann do cháil nuair a dhéantar difear d’inchreidteacht an bheartais airgeadais de dheasca mainneachtain maoirseachta.

Is é atá i ndearadh SSM ná iarracht ar chomhréiteach a aimsiú tríd an mbeartas airgeadaíochta agus an mhaoirseacht baincéireachta a chur le chéile laistigh d’aon institiúid amháin, agus prionsabal deighilte á choinneáil ag an am céanna. Áirithíonn an prionsabal sin deighilt eagraíochtúil na foirne, rialacha rúndachta le haghaidh comhroinnt faisnéise, mar aon le nósanna imeachta éagsúla cinnteoireachta idir codanna na maoirseacht baincéireachta agus na hairgeadaíochta de BCE. Measaim go bhfuil na coimircí sin an-tábhachtach agus iomchuí. Mar sin féin, beidh sé fíorthábhachtach a dhearbháil go rialta cé acu a d’fhéadfaí nó nach bhféadfaí an córas reatha a fheabhsú. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chur i bhfeidhm phrionsabal na deighilte. Go dtí seo, ní fhacthas dom comhartha ar bith a bheith ann gur gá athruithe a dhéanamh ar an gcóras atá i réim.

34. Cad é do bharúil de leagan amach idirinstitiúideach reatha BERS faoi scáth BCE i dtaca lena bhfuil bainte amach go hiarbhír aige maidir le maoirseacht macrastuamachta?  

Ba é rialáil agus maoirseacht mhacrastuamachta a chruthú ceann de na príomhchéimeanna a glacadh chun athchóiriú a dhéanamh ar an struchtúr airgeadais tar éis na géarchéime domhanda airgeadais. Tá ról lárnach ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) sa struchtúr maoirseachta Eorpach, agus institiúid fhónta is ea é le haghaidh maoirseacht a dhéanamh ar na rioscaí cobhsaíochta airgeadais a eascraíonn as forbairtí maicreacnamaíocha agus as an gcóras airgeadais.

Tríd is tríd, bhí bláth ar an struchtúr institiúideach atá ann faoi láthair, faoinarb é an Bord Ginearálta an príomhchomhlacht cinnteoireachta agus an Coiste Stiúrtha, an Rúnaíocht, an Coiste Comhairleach Teicniúil agus an Coiste Comhairleach Eolaíoch mar chúltaca aige. Sa bhreis air sin, ba mhór an cuidiú le feidhmiú BERS saineolas acadúil, taighde agus anailís BCE a úsáid agus rannpháirtíocht réimse leathan de dhéantóirí beartas airgeadais. Mar sin féin, d’fhéadfadh BERS tairbhe a bhaint as móracmhainní agus as rochtain níos dírí a bheith aige ar shonraí chun a bheith in ann a chúraimí a chur i gcrích ar dhóigh is go mbeadh níos mó neamhspleáchais aige le linn a dhéanta. Ina theannta sin, cé gurb inmhianaithe é dlúthchomhar le BCE, d’fhéadfadh breis neamhspleáchais a áirithiú go ndéanfaí bagairtí ar an gcobhsaíocht airgeadais a chur san áireamh go leormhaith fiú dá n-eascróidís ón mbeartas airgeadaíochta é féin.

Ó thaobh a éachtaí nithiúla de, bhí cur chuige trasearnála BERS, lena n-áirítear bainc, cuideachtaí árachais mar aon le margaí airgeadais agus bonneagair mhargaidh, an-éifeachtach. Bonn tábhachtach do cheapadh an bheartais macrastuamachta in AE ba ea a gcuid anailísí agus foilseachán. Bonn do mholtaí, rabhaidh agus tuairimí iomadúla, lenar éilíodh go rachadh na húdaráis náisiúnta i mbun gnímh, ba ea BERS rioscaí sistéamacha atá ag teacht chun cinn agus atá cheana ann a shainaithint.

35. Conas is féidir linn aghaidh a thabhairt ar ardleibhéal stoc iasachtaí neamhthuillmheacha agus ar na rioscaí i sreabhadh na n-iasachtaí neamhthuillmheacha? Cad é do mheas d’fhadhb na n-iasachtaí neamhthuillmheacha i gclár comhardaithe institiúidí creidmheasa beaga agus meánmhéide? Cén ról, dar leat, atá ag BCE/ag an Sásra Maoirseachta Aonair ó thaobh aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin?  

Bhí ról tábhachtach ag BCE sna hiarrachtaí ar iasachtaí neamhthuillmheacha (NPLanna) a laghdú, agus leis an Sásra Maoirseachta Aonair (SSM), leagadh síos go luath gur thosaíocht é iasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú. Céadchéim thábhachtach ba ea sainmhínithe ar iasachtaí neamhthuillmheacha a chomhchuibhiú ar fud an limistéir euro. Trína mhaoirseacht mhicreastuamachta, rinne BCE ionchais shoiléire a leagan síos maidir le conas ba cheart do bhainc aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb agus d’éirigh leis a thathant ar bhainc straitéisí laghdaithe NPLanna a chur chun feidhme. Nuair a bunaíodh SSM, ba é 1 trilliún euro, geall leis, suim NPLanna na mbanc. A bhuí leis an timpeallacht eacnamaíoch shoithimh agus le ghníomhaíocht dhiongbháilte maoirseachta, thit stoc na NPLanna go 560 billiún euro.

Tá éagsúlacht shuntasach ann i gcónaí, áfach, idir leibhéil na NPLanna ar fud na mBallstát, agus go háirithe i mbunáite na dtíortha a bhí thíos leis an ngéarchéim, tá an cóimheas NPL fós os cionn na leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim. Dá bhrí sin, cúram tábhachtach i gcónaí is ea NPLanna a laghdú tuilleadh. Sa bhreis air sin, tá sé tábhachtach cosc a chur le carnadh NPLanna amach anseo.  Céim sa treo ceart atá sna rialacha nua maidir le NPLanna a sholáthar ar bhealach níos gasta.

Go dtí seo, níor tugadh dóthain airde ar shaincheist na NPLanna in institiúidí ar lú tábhacht iad, arb institiúidí iad nach ndéanann BCE maoirseacht dhíreach orthu agus nach bhfuil, dá bhrí sin, faoi réir threoir BCE maidir le NPLanna. Ós rud é gur díríodh ar institiúidí tábhachtacha, agus orthu siúd amháin, sa mheasúnú cuimsitheach roimh thús SSM, tá níos lú trédhearcachta ann freisin maidir le troime na faidhbe. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh i dtaobh measúnú cuimsitheach ar LSIanna, go háirithe agus é á mheas arb amhlaidh atá bainc ar lú tábhacht iad ag comhlíonadh na réamhriachtanas chun druidim chun cinn san Aontas Baincéireachta.

Ar aon chuma, tá bainc bheaga faoi réir chúlstop Cholún 1 sa CRR athbhreithnithe freisin chun leibhéil leormhaithe soláthair a áirithiú do NPLanna nua. Tá sé sin ina léiriú ar an ngá atá le machaire chomhréidh a bheith ann do na bainc go léir san Aontas Baincéireachta, lena n-áirítear na hinstitiúidí ar lú tábhacht iad, agus prionsabal na comhréireachta á urramú ag an am céanna.

36. Cad é do mheas den ardleibhéal sócmhainní ar leibhéal 2 agus ar leibhéal 3 atá ar chláir chomhardaithe de chuid roinnt mhaith banc? An bhfuil na sócmhainní sin á gcur san áireamh go cuí leis an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair?

Is suntasach méid sócmhainní leibhéal 2 agus leibhéal 3 i gcláir chomhardaithe banc. De réir staidreamh maoirseachta BCE, sa dara ráithe de 2019, b’ionann sócmhainní leibhéal 3 bhainc SSM agus EUR 194 billiún agus b’ionann sócmhainní leibhéal 2 agus EUR 3,174 billiún. I bhfianaise na méideanna sin, ba cheart go mbeadh rioscaí luachála ó shócmhainní leibhéal 2 agus leibhéal 3 faoi réir grinnscrúdú maoirseachta. Is cosúil SSM a bheith den tuairim sin freisin toisc gur tosaíocht maoirseachta don bhliain 2020 i gcónaí iad  riosca trádála agus luacháil sócmhainní.

Fadhb le fada an lá is ea an cur chuige cuntasaíochta i leith sócmhainní nach ngabhann praghsanna iontaofa margaidh leo. Ní minic a thrádáiltear sócmhainní (ná dliteanais) leibhéal 2 ach, de dhroim na sócmhainní sin ina dhiaidh sin féin, is féidir luach cóir a chinneadh bunaithe ar ionchuir inbhraite. Is an-deacair déanamh amhlaidh i gcás sócmhainní leibhéal 3, atá ‘marcáilte de réir samhla’ bunaithe ar ionchuir dhobhraite agus ar thoimhdí. Is intuigthe as sin go bhfuil leibhéal ard éiginnteachta ann a mhéid a bhaineann le hoiriúnacht a luachála. Ní fhágann sé sin, dar ndóigh, go bhfuil siad contúirteach ná gur bagairt ar an gcobhsaíocht airgeadais iad. Bíodh sin mar atá, i bhfianaise na ndeacrachtaí a bhaineann le luacháil shócmhainní leibhéal 2 agus leibhéal 3, tá gá le faireachán leanúnach a dhéanamh.

37. Cad iad do thuairimí maidir le heintitis scáthbhaincéireachta a rialáil? An dóigh leat go bhfuil bealaí éalaithe rialaitheacha agus maoirseoireachta ann ar ceart do reachtóirí aghaidh a thabhairt orthu sa ghearrthéarma?  

Tar éis na géarchéime airgeadais, is é rud go ndeachaigh idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc, go háirithe bainisteoirí sócmhainní, i dtábhacht. I bprionsabal, is inmhianaithe an rud é an córas airgeadais a éagsúlú tuilleadh óir na córais airgeadais sin ina bhfuil bainc i réim, ba bheag teacht aniar a bhí iontu le linn na géarchéime. Mar sin de, an fás atá faoi idirghabhálaithe airgeadais neamhbhainc, léiriú is ea é, go pointe áirithe, ar aistriú inmhianaithe ionsar airgeadas atá bunaithe níos mó ar an margadh, rud is féidir a bheith ina chuidiú le teacht aniar foriomlán an fhíorgheilleagair a mhéadú.

Tá imní ann, áfach, faoi arbatráiste rialála óir d’fhéadfadh sé gur aistrigh gníomhaíochtaí priaclacha ón earnáil baincéireachta inar mó an méid rialála go ‘scáthbhainc’. Cé nach fíor nach ndéantar rialú ar chodanna eile de na córais airgeadais, is le deireanas amháin atáthar ag díriú ar rioscaí sistéamacha, a d’fhéadfadh a bheith ann, ó na hearnálacha sin. Tá obair fhónta déanta ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais, ag BERS agus ag ESMA chun rioscaí sistéamacha in institiúidí airgeadais neamhbhainc a shainaithint agus chun déileáil leo, go háirithe i ndáil le rioscaí leachtachta agus na rioscaí ó institiúidí giaráilte. Tá gá le breis oibre a dhéanamh chun gurbh fhearr a thuigfí iarmhairtí ó institiúidí airgeadais neamhbhainc go codanna eile den earnáil airgeadais, lena n-áirítear an earnáil bhaincéireachta thraidisiúnta.

D’fhéadfadh na léargais sin a bheith ina n-ionchuir fhónta le haghaidh bearnaí a shainaithint agus a iamh i rialáil mhicreastuamachta agus mhacrastuamachta earnáil na n-institiúidí airgeadais neamhbhainc.

38. Cad iad na tuairimí atá agat maidir leis na céimeanna ionsar chomhlánú an Aontais Baincéireachta lena ngabhfaidh Scéim Eorpach Ráthaithe Taiscí agus cúlstop fioscach, lena n-áirítear cur chun feidhme riachtanach reachtaíocht sin an Aontais Baincéireachta atá ann cheana?  

Cuid dhílis agus fhíor-riachtanach den Aontas Baincéireachta is ea Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT). Ba é sprioc uileghabhálach an Aontais Baincéireachta ná an dlúthnasc idir stáit agus bainc a mhaolú. Céimeanna inmhianaithe sa treo sin is ea maoirseacht chomhchoiteann agus réiteach comhchoiteann. Tá bearnaí tábhachtacha fós ann, áfach. I bhfianaise an mhéid sin, díol mór sásaimh dom is ea an dlús atá á chur athuair le comhaontú a dhéanamh ar Threochlár do SEÁT.

Trí scéimeanna náisiúnta árachais taiscí, tá dlúthcheangal ann idir bainc agus a bhflaithiúnais náisiúnta óir, i ndeireadh na dála, braitheann inchreidteacht an árachais taiscí ar chúlstop fioscach intuigthe. Dá bhrí sin, tá inchreidteacht an árachais taiscí ag brath ar riocht an fhlaithiúnais, díreach faoi mar a d’fhéadfaí difear diúltach a dhéanamh do fhlaithiúnas mar gheall ar anás san earnáil bhaincéireachta. Bac is ea árachas náisiúnta taiscí ar chomhtháthú na hearnála baincéireachta toisc go leagann sé síos dreasachtaí d’imfhálú tráth géarchéime. De dheasca earnáil ilroinnte bhaincéireachta, is deacra do bhainc leas a bhaint as tairbhí an mhórmhargaidh Eorpaigh, margadh is ábhartha fós mar gheall ar theacht chun cinn samhlacha digiteacha gnó.

Ba cheart SEÁT a cheapadh mar chóras athárachais lena ngabhann urranna náisiúnta buana, ar gá leas a bhaint astu ar dtús sula mbíonn rochtain ann ar chistí Eorpacha. Ba cheart go mbeadh préimheanna árachais ag brath ar thosca riosca bancshonracha agus tírshonracha. Amach anseo, ba cheart go mbeadh an Treochlár ina shiocair le cúlstop poiblí coiteann do SEÁT freisin, arbh é an chéim dheiridh a mbeadh gá leis é chun deireadh a chur le hidirthuilleamaíocht na gcóras náisiúnta bhaincéireachta agus a bhflaithiúnas.

Beidh gá le céimeanna breise rialála a bheith ag gabháil le SEÁT. Cuimsítear leis sin, thar aon ní eile, rialú iomchuí ar neamhchosaintí ceannasacha chun a sheachaint go bhféadfaí mainneachtain cheannasach a aistriú chuig an leibhéal Eorpach trí árachas coiteann taiscí. D’fhéadfadh muirir rioscabhunaithe cheannasacha comhchruinnithe a bheith i gceist leis sin, is infheidhme os cionn leibhéal áirithe de neamhchosaintí ceannasacha i leith flaithiúnas áirithe, agus os a chionn sin amháin.

Thairis sin, chun an tAontas Baincéireachta a chomhlánú, tá gá le breis laghdaithe riosca, mar shampla laghdú breise in NPLanna agus carnadh an chaipitil atá intarrthála go hinmheánach (TLAC agus ICI). D’fhéadfadh sócmhainn shábháilte Eorpach (a pléadh thuas) cuidiú le haistriú a éascú go córas nua trí shócmhainn shábháilte atá maith éagsúlaithe a thairiscint do bhainc, agus d’fhéadfadh sí ábhair imní a mhaolú maidir le héifeachtaí láimhseála iomlaoidí rialála ar chobhsaíocht margaí fiachais cheannasaigh.

Cé gur éirigh leis an gcóras nua réitigh ina chéad  tástálacha, tá bearnaí fós ann sa chreat réitigh. I bhfianaise an chórais reatha, is iad na mórchásanna réitigh, agus iad siúd amháin, a bpléitear leo ar an leibhéal Eorpach, agus is faoi chúram na mBallstát atá na cásanna beagshistéamacha. Bíodh sin mar atá, ní comhchuibhithe atá córais dócmhainneachta banc náisiúnta, rud a thugann le fios nach córas réitigh aonair atá ann ach de facto 19 gcóras ar leith. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh comhchuibhiú córas dócmhainneachta banc náisiúnta ina mhórthosaíocht. Baineann saincheist eile le leachtacht sa réiteach a sholáthar. Cé gur chéim thábhachtach é an comhaontú maidir leis an gcúlstop fioscach don Chiste Réitigh Aonair (SRF), ní bheidh SRF in ann déileáil le héilimh leachtachta ina ainneoin sin toisc go sroicheann siad scála gan dua is mó go mór ná méid an Chiste Réitigh Aonair lena n-áirítear an cúlstop.

39. Cé na rioscaí a bhaineann le hiasachtaí giaráilte a d’fhéadfadh a bheith ann, dar leat, don chobhsaíocht airgeadais agus conas ba cheart aghaidh a thabhairt orthu?

I bhfianaise rátaí ísle úis, tá infheisteoirí ag lorg infheistíochtaí tromthoraidh. Tugtar iasachtaí giaráilte do chuideachtaí a bhfuil fiacha troma cheana orthu nó do dhaoine a bhfuil stair chreidmheasa sách dona acu. Mar sin de, is mó an riosca creidmheasa ann féin a ghabhann leo agus íocann siad sochair arda.

De réir Nuachtlitir Mhaoirseacht Baincéireachta BCE ó Bhealtaine 2019, ag deireadh na bliana anuraidh, bhí, as measc na mbanc a ndearnadh maoirseacht orthu, neamhchosaintí de 321 bhilliún ag na hocht mbanc déag ba ghníomhaí sa mhargadh sin. Is ísle i bhfad i gcónaí é sin ná margadh na n-iasachtaí giaráilte sna Stáit Aontaithe. Bíodh sin mar atá, chuir BCE i bhfáth arís is arís eile a chontúirtí atá míphraghsáil agus a bhaolaí atá sé caighdeáin fhrithgheallta a ísliú i margadh na n-iasachtaí giaráilte. Mar sin de, in 2017, d’eisigh BCE Treoir maidir le hiasachtú giaráilte agus tá an t-airgeadas giaráilte ar cheann de na tosaíochtaí maoirseachta atá aige don bhliain 2020. Go deimhin, le linn cúlú eacnamaíochta, is gasta mar a d’fhéadfadh rátaí méadaitheacha mainneachtana a bheith ag roinnt le hiasachtaí giaráilte.  Tá ann freisin gné riosca sistéamaigh a d’fhéadfadh a bheith ann, óir tá infheisteoirí thar a bheith idirnasctha agus tá neamhchosaintí indíreacha ag bainc, lena n-áirítear trí CLOanna (Oibleagáidí Iasachta atá Comhthaobhaithe).

40. Céard iad na dúshláin, dar leat, a bheadh le sárú ag BCE dá ndéanfaí an Sásra Cobhsaíochta Eorpach (SCE) a thiontú ina Chiste Airgeadaíochta Eorpach (CAE)? Cen ról a leagann tú ar disciplín an mhargaidh airgeadais ó thaobh praghsáil flaithiúnas?  

Forás ba bhunriachtanach don bhainistiú géarchéime sa limistéar euro ba ea bunú an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh (SCE) agus bunú a réamhtheachtaithe, an tSaoráid Eorpach um Chobhsaíocht Airgeadais (EFSF). Léiriú ar a thábhachtaí atá an Sásra Cobhsaíochta Eorpach is ea suim iomlán de 295 bhilliún de chúnamh airgeadais a bheith eisíoctha faoi ó bhí 2010 ann.

D’ainneoin ról éifeachtach an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh, mar thoradh ar an ngéarchéim, foilsíodh go bhféadfaí feidhmiú SCE a fheabhsú tuilleadh. De dhá shaghas na hathchóirithe sin. Ar an gcéad dul síos, tá sraith athchóirithe ann, a bhfuil plé á dhéanamh ina leith faoi láthair, a bhfuil sé mar aidhm leo dlús a chur le rialachas SCE agus a shraith straitéisí a chomhlánú. Baineann sé sin le ról níos lárnaí an tSásra Cobhsaíochta Eorpaigh i gcláir chúnaimh airgeadais agus le modhnuithe ar línte creidmheasa réamhchúraim SCE, nár úsáideadh go dtí seo. (Ní fhágann sé sin, áfach, go bhfuil siad neamhéifeachtach – níor úsáideadh OMT ach oiread ach is léir éifeachtaí cobhsaíochta a bheith aige.) Ar an dara dul síos, tá sraith athchóirithe ann trína bhfuil ról SCE á athrú chun tacaíocht a thabhairt do chodanna eile de struchtúr an limistéir euro. Áirítear air sin, go háirithe, an ról a bheidh ag SCE agus é ina chúlstop don Chiste Réitigh Aonair, rud a fhágfaidh go neartófar an creat um réiteach banc.

I bhfianaise na bhfeabhsuithe atá beartaithe sa dá ghné, ba mhór an díol sásaimh comhaontú polaitiúil ar athchóiriú SCE i Nollaig 2019, agus próisis daingniúcháin náisiúnta ina dhiaidh in 2020.

Maidir le claochlú SCE, áfach, ní dóigh liom go mbeadh sé cruinn tagairt do SCE claochlaithe mar ‘Ciste Airgeadaíochta Eorpach’, óir ní bheadh sé sin ina chur síos fóirsteanach ar fheidhmeanna SCE.

Is den riachtanas é beartais fhioscacha fhónta a bheith ann chun a áirithiú go leanfaidh leibhéil an fhiachais cheannasaigh de bheith inbhuanaithe agus go mbeidh dóthain spáis fhioscaigh ag na rialtais náisiúnta chun freagairt do ghéarchéimeanna eacnamaíocha. B’fhéidir préimheanna riosca a bheith ag dul i méid a bheith ina rabhadh go bhfuil inbhuanaitheacht an fhiachais cheannasaigh faoi bhagairt. Is léir ónar tharla san am a chuaigh thart, áfach, nach i gcónaí a fheidhmíonn margaí gan locht agus gur féidir cliseadh a bheith ann sa mhargadh, tráth géarchéime go háirithe, is siocair le dinimic dhochracha an bhorrtha agus an chliste. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh gnéithe de dhisciplín an mhargaidh ag gabháil le creat fioscach ar bith chun cosc a chur le míchothromaíochtaí fioscacha a bheith ag teacht chun cinn, ach ba cheart go mbeadh creat éifeachtach bainistithe géarchéime ina chuid de freisin. Tá siad dís bunriachtanach do chobhsaíocht an limistéir euro.

41. Cad é do mheas ar rannpháirtíocht BCE i gcomhthéacs cláir cúnaimh airgeadais? Cén forás, dar leat, a thiocfaidh amach anseo ar an bpáirt a d’fhéadfadh BCE glacadh i gcláir cúnaimh airgeadais agus i bhfaireachas iarchláir?

I ngéarchéim an limistéir euro, bhí BCE rannpháirteach go dlúth sna cláir cúnaimh airgeadais. Ag an am céanna, ní raibh aon chumhacht chinnteoireachta fhoirmiúil aige le haghaidh gníomhaíochtaí agus cinntí a rinneadh i gcomhthéacs an chláir agus níor shínigh sé na Meabhráin Tuisceana leis na tíortha a raibh rochtain á fáil acu ar chúnamh airgeadais.  Chun an tacaíocht dhlíthiúil a mheabhrú: leis an Rialachán Dé-Phaca, agus Conradh SCE, leithdháiltear an cúram ar BCE comhairle a sholáthar don Choimisiún Eorpach ina chuid oibre a bhaineann le cláir cúnaimh airgeadais. Déanann rannpháirtíocht BCE i bhfaireachas iarchláir a áirithiú freisin go bhfuil BCE in ann na himpleachtaí dá chuid cúraimí a mheas agus a shaineolas a sholáthar do na páirtithe go léir lena mbaineann.

I mo thuairimse, áfach, d’fhéadfadh rannpháirtíocht BCE i gcláir cúnaimh airgeadais agus i bhfaireachas iarchláir a bheith ina gcúis le coinbhleachtaí leasa – cé nach bhfuil i gceist lena ról ach ról comhairleach. Thairis sin, ba cheart gníomhaíochtaí BCE i gcláir den sórt sin a nascadh chomh dlúth agus is féidir lena shainordú.

Chuige sin, cuirtear fáilte roimhe go bhfuil srian curtha ag BCE lena réimse oibríochtaí trí dhíriú níos mó ar shaincheisteanna maicreacnamaíocha agus airgeadais. Leis sin, lamháiltear do BCE an úsáid is fearr a bhaint as a shaineolas agus a ghiaráil maidir le beartais leith na hearnála airgeadais i dtíortha atá rannpháirteach i gcláir, rud a éascaíonn stiúradh an bheartais airgeadaíochta.

42. Cad é do mheas de chur chun feidhme an tsásra um réiteach bainc in AE? Cad iad do thuairimí maidir le hinstitiúidí “ró-mhór nó idirnasctha le teip”, maidir le bainc agus comharchumainn choigiltis, agus maidir leis an tsaincheist iomlán faoi bhrabúsacht na hearnála baincéireachta in AE, agus cad é do thuairim faoin mbealach chun cinn dá hailtireacht chun riachtanais an gheilleagair réadaigh agus an mhaoinithe fhadtéarmaigh a chomhlíonadh?

Ceann de phríomhspriocanna na n-athchóirithe iar-ghéarchéime ab ea na bainc a dhéanamh inréitithe gan cur isteach sistéamach a dhéanamh agus gan airgead na gcáiníocóirí a úsáid. Chuige sin, chruthaigh AE córas nua réitigh banc bunaithe ar an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD), a tháinig i bhfeidhm in 2015 (bhí a nósanna imeachta tarrthála inmheánaigh infheidhme amhail ón 1 Eanáir, 2016). Sa limistéar euro, rinneadh é sin a institiúdú tríd an Sásra Réitigh Aonair (SRA), lena n-áirítear an Ciste Réitigh Aonair (CRA). Is é an t-aistriú paraidíme bunúsach atá ann tarrtháil inmheánach creidiúnaithe a chur in ionad an ghnáthchleachtais tarrtháil airgeadais a bheith ann ó na bainc.

Is céim mhór sa treo ceart é an creat nua réitigh. Taispeánadh, áfach, le blianta anuas nach leor fós é. Cé go bhfuil roinnt tarrthálacha inmheánacha ar fhofhiachas (i.e. fiachas fo-ordaithe) feicthe againn, is iondúil nach bhfacthas fiachas sinsearach. D'fhéadfaí córais náisiúnta dócmhainneachta a úsáid chun teacht timpeall ar na rialacha Eorpacha níos déine. Agus ba léir go tapa go raibh an CRA róbheag chun déileáil le géarchéimeanna níos mó, a raibh an moladh cúltaca fioscach a bheith ann mar thoradh air.

Dá bhrí sin, caithfear an córas réitigh a fhorbairt tuilleadh, ag féachaint le comhchuibhiú a fháil ar chórais dócmhainneachta banc náisiúnta agus cúltaca fioscach a chur ar bun chomh maith le saoráid le haghaidh leachtacht sa réiteach.

I bhfianaise na taithí a fuarthas is léir gur féidir tarrtháil inmheánach a bheith conspóideach fiú ag tráthanna neamh-ghéarchéime ag bainc inchomparáide níos lú. Tugann sé seo le fios go bhféadfadh tarrtháil inmheánach i mbanc mór i lár géarchéime i bhfad níba dheacra. Maidir leis an bhféidearthacht easpa réitigh a bheith ann i gcás bainc níos (maidir lena méid – rómhór le cliseadh – nó a n-idirnascthacht –  ró-idirnasctha le cliseadh) ba cheart cur ina haghaidh trí cheanglais chaipitil i bhfad níos airde a fhorchur ar bhainc atá deacair le réiteach. Leis an gcarnadh ar acmhainn bhreise ionsúcháin caillteanais chomh maith le maoláin chaipitil bhreise do bhainc atá tábhachtach go córasach, rannchuidíodh cheana féin le dul i ngleic leis an bhfadhb sin. Ach dar liom, tá na ceanglais bhreise chaipitil do bhainc atá ábhartha go córasach fós ró-bheag.

I gcomparáid le brabúsacht go hidirnáisiúnta, tá brabúsacht bhainc an limistéir euro réasúnta íseal. Is ábhar imní é sin ó thaobh na cobhsaíochta airgeadais de bhrí go bhfuil deacrachtaí ag bainc le brabúsacht íseal caipiteal a thiomsú trí thuilleamh coimeádta. D’fhéadfadh sé é a dhéanamh níos deacra do bhainc dul in iomaíocht le hiontrálaithe margaidh nua sa gheilleagar digiteach, toisc go gcuireann brabúis ísle bac ar infheistíochtaí i samhlacha gnó digiteacha agus i gcórais TF, rud a laghdaíonn iomaíochas na mbanc tuilleadh.

Ní feiniméan atá ann le déanaí é brabúsacht íseal, ach téann sé siar go dtí na blianta roimh an ngéarchéim, rud a léiríonn cúiseanna struchtúracha. Is iondúil go mbíonn na cóimheasa idir ioncam agus costais ard agus tá méadú tagtha orthu go páirteach le blianta beaga anuas. Is mar gheall ar dhianiomaíocht go páirteach é sin, rud a chuirfeadh ró-acmhainneacht in iúl. Go deimhin, is mar thoradh, go páirteach, nach rabhthas sásta ligean do bhainc an margadh a fhágáil tar éis na géarchéime airgeadais a tharla sé sin. Agus an chuid is mó de na bainc tarrtháilte agus iomaitheoirí nua lena n-áirítear neamhbhainc ag teacht isteach sa mhargadh, b’iondúil corrlaigh bhrabúis a bheith ag laghdú, in ainneoin an phróisis chomhdhlúthaithe leanúnaigh in earnáil bhaincéireachta na hEorpa.

Chun ró-acmhainneacht a laghdú, is cosúil comhdhlúthú breise a bheith dosheachanta. Sa bhreis air sin, ba cheart lamháil do bhainc laga an margadh a fhágáil seachas iad a choinneáil beo le hairgead na gcáiníocóirí. I margadh baincéireachta Eorpach, d’fhéadfadh cumaisc thrasteorann a bheith ina rogha tharraingteach. Is deacair na cumaisc sin a dhéanamh, áfach, mar gheall ar an gcleachtas fochuideachtaí intíre na mbanc coigríche a imfhálú. Chuideodh críochnú an Aontais Baincéireachta le maolú a dhéanamh ar na heasaontais i gcumaisc thrasteorann. Chuideodh sé sin le bainc a neartú agus dá bhrí sin rannchuideodh sé le cur ar chumas na hearnála baincéireachta a cúram a chomhlíonadh maidir leis an bhfíorgheilleagar a mhaoiniú.

43. Conas a d’fhéadfaí aghaidh a thabhairt, ar bhealach níos éifeachtaí, ar sciúradh airgid, ar sheachaint cánach agus ar mhaoiniú sceimhlitheoireachta ar fud an Aontais Baincéireachta?  Conas ba cheart rioscaí sciúrtha airgid a chur san áireamh agus measúnú á dhéanamh ag BCE ar chobhsaíocht airgeadais na mbanc? An bhfuil gá le maoirseacht frith-sciúrtha airgid (MFA) a lárú i ngníomhaireacht nó i sásra aonair AE?  

Is ceann de na rioscaí oibriúcháin is mó i margaí baincéireachta é an sciúradh airgid. Nuair a bhíonn baint ag bainc le sciúradh airgid, ní hamháin gur cion coiriúil é sin, ach d’fhéadfadh cliseadh bainc a bheith mar thoradh air freisin, rud a dhearbhaíonn cásanna a tharla le déanaí.

Sa ghéarchéim airgeadais, fuaireamar amach nach stopann rioscaí airgeadais ag teorainneacha náisiúnta agus thugamar freagairt air nuair a bunaíodh córas comhtháite le haghaidh maoirsiú baincéireachta. B’fhéidir go mbeadh gá le céim chomhchosúil chun éifeachtúlacht i gcreat AML/CFT (Frithsciúradh Airgid/Maoiniú na Sceimhlitheoireachta a Chomhrac). Is saincheist trasteorann go bunúsach iad idirbhearta maoinithe neamhdhleathacha, rud a chaithfear a réiteach ar an leibhéal fornáisiúnta. Tá an iomarca ilroinnte fós ag baint leis an gcóras reatha agus ní thugann sé a cheart do réaltacht margaidh baincéireachta chomhtháite Eorpaigh. Le céimeanna a bheidh le glacadh amach anseo, ba cheart go n-áiritheofaí ní hamháin comhlacht láraithe AE a chur ar bun a bheadh freagrach as maoirseacht AML/CFT ach freisin as comhchuibhiú breise rialála, go háirithe trí Threoir AML a athrú ina Rialachán.

Thairis sin, ní mór do AE agus do BCE cur chuige comhsheasmhach a fhorbairt faoi conas is féidir rioscaí maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta a chomhtháthú i maoirseacht stuamachta. Nuair a ghlacann bainc páirt i ngníomhaíochtaí neamhdhleathacha, is léiriú é sin freisin ar chreataí laga rialachais agus ar chreataí neamhleora comhlíonta, rialaithe agus bainistíochta riosca. Mhínigh BCE go mion cad atá déanta aige chun a rannpháirtíocht i limistéar AML agus CFT a neartú.

Ní cúram stuamachta é AML, áfach, rud a chiallaíonn nach bhfuil rochtain dhíreach ag an maoirseoir stuamachta ar fhaisnéis ach go gcaithfidh sé brath ar fhaisnéis arna soláthar ag údaráis eile. Is forbairt an-dearfach é na comhaontuithe comhair a síníodh le déanaí idir údaráis BCE agus AML ar an leibhéal náisiúnta chun go bhféadfaí faisnéis a roinnt níos tráthúla.

Leagtar amach le Plean Gníomhaíochta na Comhairle roinnt gníomhaíochtaí tábhachtacha neamhreachtacha chun aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna agus tugann an Teachtaireacht ó ÚBE teachtaireacht shoiléir faoi thábhacht rioscaí sciúrtha airgid do mhaoirseacht stuamachta ar fud an Mhargaidh Aonair.

44. An dóigh leat gur cheart do Bhallstáit nach bhfuil sa limistéar euro coinníollacha breise a chomhlíonadh sula n-éireodh leo ballraíocht den limistéar euro a bhaint amach agus, ar an gcaoi sin, a bheith ina mball den Aontas Baincéireachta, coinníollacha amhail rialú éifeachtach a dhéanamh ar rioscaí maidir le sciúradh airgid, margaí maoine atá sách cobhsaí a léiriú agus éilliú a rialú go héifeachtach?

Mar a pléadh thuas, foilseoidh BCE gus an Coimisiún Eorpach tuarascálacha rialta um chóineasú, chun measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá dul chun cinn déanta ag gach tír nach bhfuil sa limistéar euro i dtreo na gcritéar a leagtar síos sa Chonradh agus an bhfuil an cóineasú sin inbhuanaithe. Ós rud é go dtugann glacadh an euro le tuiscint freisin go bhfuiltear ag glacadh páirte sa Sásra Aonair Leictreachais, iarrtar ar thíortha ar mian leo dul isteach san euro dul isteach i ndlúthchomhar le maoirseacht bhaincéireachta BCE sula nglacfaidh siad an euro. Cuimsíonn sé sin cheana féin measúnú ar an gcreat dlíthiúil náisiúnta chun lamháil do BCE a chúraimí maoirseachta a fheidhmiú chomh maith le measúnú cuimsitheach ar na bainc a ndéanfar maoirseacht dhíreach orthu. Tá sé tábhachtach go mbeadh malartuithe diana leis na páirtithe go léir lena mbaineann sna próisis sin. D'fhéadfadh sé go n-áireofaí leis sin plé ar ghnéithe neamhstuamachta, amhail frithsciúradh airgid, mar is féidir leo tionchar suntasach a imirt ar rioscaí na mbanc.

45. An mbíonn comhtháthú airgeadais níos doimhne comhsheasmhach i gcónaí le cuspóir na cobhsaíochta airgeadais? An gcreideann tú go neartaíonn banchumaisc threasteorann leis an bhfadhb rómhór le cliseadh? Céard iad na spriocanna ba cheart a bheith ag Aontas na Margaí Caipitil (CMU)?  

Is féidir leis an ngaol idir comhtháthú airgeadais agus cobhsaíocht airgeadais dul sa dá threo.

Ar thaobh amháin, d'fhéadfadh comhtháthú airgeadais cur isteach ar chobhsaíocht airgeadais. Nuair a bhíonn margaí airgeadais comhtháite go láidir, méadaítear a gcumas chun riosca a leathnú. Cothaíonn sé sin tógálacht airgeadais agus, dá réir sin, méadaíonn sé an dóchúlacht go dtarlóidh géarchéimeanna córasacha. Braitheann sé sin, áfach, ar athléimneacht na sreafaí caipitil trasteorann. Léiríonn taighde go mbíonn sreafaí cothromais níos athléimní ná sreafaí fiachais, sreafaí fadtéarmacha níos athléimní ná sreafaí gearrthéarmacha, agus sreafaí miondíola níos athléimní ná sreafaí mórdhíola.

Ar an taobh eile, trí chomhroinnt riosca a chur chun cinn, d’fhéadfadh comhtháthú airgeadais cur le hathléimneacht agus le cobhsaíocht an chórais airgeadais. D’fhéadfadh sé táirgiúlacht agus fás eacnamaíoch a ardú freisin trí leithdháileadh níos éifeachtaí acmhainní a chur chun cinn ar fud na dtíortha. Ar deireadh, ó thaobh bainc ceannais de, chuirfeadh comhtháthú trasteorann níos láidre leis an sásra tarchurtha airgeadaíochta.

Sin an fáth go bhfuil tionscadail an Aontais Baincéireachta agus Aontas na Margaí Caipitil chomh tábhachtach sin maidir le dea-fheidhmiú an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta. Go deimhin, trí na tionscadail a chomhlíonadh, beifear in ann cothromaíocht, is deacair a aimsiú, a fháil idir comhtháthú níos airde agus cobhsaíocht airgeadais níos fearr. Chun go réadófar na sochair sin, tá sé tábhachtach go mbeadh córas institiúideach ag feidhmiú go maith ar leibhéal na hEorpa.

Tá sé indéanta anois don Aontas Baincéireachta, le maoirseacht agus réiteach na mbanc a bheith aistrithe ón leibhéal náisiúnta go dtí an leibhéal Eorpach an chonair i dtreo margadh baincéireachta Eorpach atá comhtháite go fírinneach a dhíbhlocáil, agus ag an céanna na rioscaí a bhaineann le déileáil le mórbhainc threasteorann i ngéarchéim á mbainistiú. I margadh baincéireachta fíor-Eorpach, bheadh gnáthcheangail trasteorann ina noirm. Ós rud é go bhféadfadh institiúidí den sórt sin a bheith an-mhór, d’fhéadfadh ceist rómhór le cliseadh a bheith ann. Ach seachas na cumaisc sin a thoirmeasc, ba cheart na bainc sin a bheith faoi réir rialáil agus maoirseachta níos déine, mar shampla, i bhfoirm riachtanas caipitil níos airde. Ba cheart a choinneáil i gcuimhne freisin, i gcoibhneas le hearnáil baincéireachta na hEorpa, go mbeadh na bainc chumaiscthe ábhairín beag. Gan an tAontas Baincéireachta a chomhlánú, ní bheidh margadh baincéireachta fíor-Eorpach ann.

Ar an gcaoi chéanna, le fíor-CMU, laghdófaí an spleáchas ar bhainc, agus thabharfaí spreagadh d’fhoinsí airgeadais margadhbhunaithe. Chuirfeadh sé sin le hathléimneacht an chórais airgeadais agus chuirfeadh sé feabhas ar fheidhmiú bealaí príobháideacha um chomhroinnt riosca nuair a bhuailfeadh suaití an geilleagar. Chun na spriocanna sin a bhaint amach, ba cheart an príomhfhócas a bheith ar chineálacha athléimneacha cistiúcháin, go háirithe sreafaí cothromais. Chuige sin, tá clár oibre uaillmhianach CMU tábhachtach. Ba cheart go leanfadh tograí beartais nithiúla as an tionscal sin, ar tograí iad a chuirfear chun feidhme go héifeachtach, tosc nach cúram éasca é an tírdhreach airgeadais a athrú. Ba cheart fáilte a chur roimh an dul chun cinn a rinneadh go dtí seo, ach tá tuilleadh le déanamh fós. Tá sé tábhachtach plean uaillmhianach a bheith ann chun cóineasú maoirseachta ar fud AE a neartú Faoi dheireadh, d’fhéadfadh go mbeadh gá le maoirseoir láraithe chun leabhar rialacha aonair neartaithe a chur chun feidhme do mhargaí caipitil AE. Thairis sin, caithfear comhchuibhiú ar chreataí dócmhainneachta náisiúnta a bhrú chun tosaigh tuilleadh. Ar deireadh, chun maoiniú cothromais a chothú, ba cheart aghaidh a thabhairt ar chlaontacht fiachais i gcánachas.

46. Saintréithe de roinnt bannaí suntasacha de chuid na hearnála príobháidí agus de chuid na hearnála poiblí san Eoraip is ea torthaí diúltacha. An bhfuil impleachtaí aige sin i dtaca le cobhsaíocht airgeadais de agus, más ea, conas ba cheart aghaidh a thabhairt orthu?  

Tá an timpeallacht toraidh ísil reatha ag cur brú ar bhrabúis na n-institiúidí airgeadais, agus fadhbanna struchtúracha bunúsacha á dtreisiú. Ina theannta sin, is é a leanann as ná iompar um thoradh a lorg a bhféadfadh comhbhrú préimheanna riosca teacht de. Cuireann an timpeallacht íseal ar feadh achar fada bagairt ar shamhlacha gnó idirghabhálaithe airgeadais traidisiúnta.

Maidir le bainc atá gníomhach sa ghnó baincéireachta traidisiúnta, ní hé an phríomhcheist atá ann an leibhéal rátaí úis ach claonadh an chuair toraidh  Thairis sin, is den tábhacht é an méid is féidir rátaí diúltacha a chur ar aghaidh chuig custaiméirí na mbanc. Is féidir, i gcoitinne, neamhréir aibíochta atá ag dul i méid in earnáil na baincéireachta a aithint, rud a thugann neamhchosaint do na bainc sin ar riosca ráta úis suntasach. Ní chuimsítear é sin le Colún 1 de rialachán Basel agus ba cheart, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt air trí bhearta Cholún 2.

Chun íoc as oibleagáidí agus scéimeanna sochair shainithe a eascraíonn ó ghealltanais san am a caitheadh, ní mór go mbeadh toradh ard go leor ar a gcuid infheistíochtaí ag cistí pinsin agus ag cuideachtaí árachais saoil, rud is féidir a bheith deacair i dtimpeallacht ísealrátaí ainmniúla. Is iad na meicníochtaí atá taobh thiar de seo ná, nuair a thiteann torthaí siar níos faide, go dtiteann an ráta lascaine a chuirtear i bhfeidhm ar na sreafaí todhchaíocha airgid agus go méadaíonn sé sin luach reatha na sócmhainní agus na ndliteanas. De ghnáth, bíonn méadú níos mó ann do na dliteanais. I gcás árachóirí AE, is iondúil go maireann na dliteanais 11 bhliain ar an meán, fad is a mhaireann sócmhainní thart ar 6.7 bliain. Sa chomhthéacs sin, is féidir, go deimhin, le torthaí ísle a bheith dúshlánach d’árachóirí agus do chistí pinsin agus tá go leor de na gnólachtaí sin tar éis aistriú chuig scéimeanna ranníocaíochta sainithe.

Thairbhigh idir árachóirí agus bhainc de thionchar dearfach a bheith ag rátaí úis ísle ar fhás geilleagrach agus gur chabhraigh siad le rioscaí sa gheilleagar a laghdú. Mar shampla, laghdaíonn dífhostaíocht níos ísle agus dearcadh boilscithe cobhsaí an neamhchinnteacht maidir le hioncaim agus coigilteas teaghlaigh, rud a éascaíonn táirgí árachais saoil agus ciste pinsin nua a dhíol. Tá na fórsaí céanna tairbheach freisin do na rioscaí ar chláir chomhardaithe na mbanc, trí mhainneachtainí iasachta a laghdú go príomha.

Tríd is tríd, caithfear anailís a dhéanamh go cúramach agus ar bhealach cothrom ar bheartais BCE maidir leis an earnáil airgeadais. Sa deireadh, tá sé tábhachtach a mheabhrú nach bhfuil BCE freagrach as brabúis na hearnála airgeadais a áirithiú, ach as a áirithiú go bhfeidhmíonn an earnáil mar chainéal le haghaidh beartas airgeadaíochta agus cobhsaíocht praghsanna. Is é an aidhm atá ag a chuid beartas go deimhin ná dreasachtaí a chruthú do ghníomhaithe airgeadais chun sócmhainní níos baolaí agus neamhleachtacha a lorg chun cabhrú le dálaí maoinithe do chorparáidí neamhairgeadais a mhaolú.

Ní mór a bheith ar an eolas gur féidir leis seo cur le rioscaí agus leochaileachtaí i gcláir chomhardaithe na mbanc agus na neamhbhanc, rud a éilíonn dá réir sin uirlisí macrastuamachta a chur i bhfeidhm in earnáil na baincéireachta agus an creat sin a fhorbairt do earnáil neamhbhanc, lena n-áirítear do chuideachtaí árachais.

47. Cad é do thuairim faoi bheartais reatha BCE maidir le coinbhleachtaí leasa a chosc laistigh de BCE? An gá aon athruithe a bheith ann?

Is í an mhuinín príomhshócmhainn BCE. Dá bhrí sin, tá sé thar a bheith tábhachtach go n-urramaíonn sé na caighdeáin is airde i dtéarmaí ionracais, cuntasachta agus trédhearcachta. Ba cheart feidhm a bheith aige sin ar gach leibhéal, i.e. Maidir lena chomhlachtaí cinnteoireachta (an Chomhairle Rialaithe agus an Bord Feidhmiúcháin) chomh maith le foireann iomlán BCE. Ba cheart do BCE obair leanúnach a dhéanamh ar a chaighdeáin eiticiúla, agus ba cheart dó féachaint le dea-chleachtais a léiriú ina chreatlach eiticiúil inmheánach, agus sainiúlachtaí BCE mar bhanc ceannais, mar mhaoirseoir baincéireachta agus institiúid de chuid AE á gcur san áireamh.

Is é mo thuairim go bhfuil feabhas mór curtha ag ECB ar a rialacha chun coinbhleachtaí leasa a chosc. Mar shampla, níos luaithe i mbliana ghlac BCE le Cód Iompair Aonair, a bhfuil an fheidhm chothrom chéanna aige maidir le comhaltaí na Comhairle Rialaithe, leis an bhFeidhmeannas agus leis an mBord Maoirseachta. Tuigim gur fhreagairt é sin go páirteach ar an aiseolas a fuair Parlaimint na hEorpa, ar mholtaí an Ombudsman Eorpaigh agus ar thuarascálacha neamhspleácha a d’fhoilsigh eagraíochtaí neamhrialtasacha Eorpacha.

D. Feidhmiú BCE agus cuntasacht dhaonlathach agus trédhearcacht dhaonlathach

48. Cad é an cur chuige a ghlacfaidh tú i leith an idirphlé shóisialta in BCE?

Is fostóir BCE a bhfuil tóir air ag a bhfuil dálaí maithe oibre i gcoitinne. Glacaim leis, áfach, go bhfuil an timpeallacht oibre an-éilitheach ag an am céanna. Ionas rath a bheith ar institiúid, measaim go bhfuil sé an-tábhachtach go bhfuil na fostaithe sásta lena ndálaí oibre. Mura bhfuil sé sin amhlaidh, ní mór go mbeadh idirphlé oscailte agus cuiditheach ann idir an fhoireann, lena n-áirítear a n-ionadaithe, agus a gceannaireacht, agus beidh mé sásta páirt a ghlacadh ann. Ós rud é go bhfuil BCE tiomanta d’aschur ardchaighdeáin a sholáthar, caithfidh sé timpeallacht oibre ardchaighdeáin a chinntiú dá fhoireann. De réir mar a thuigim, tá bearta glactha ag an BCE cheana féin chun ualach oibre, am oibre agus socruithe solúbthachta a fhoirne a fheabhsú, agus is díol sásaimh é sin.

49. Tá ról nach beag ag Parlaimint na hEorpa i ndáil le cuntasacht BCE. Cad é an tátal a bhaineann tú as an gcomparáid le dlínsí eile? (e.g. Comhdháil SAM/Cúlchiste Feidearálach SAM vs Parlaimint na hEorpa/BCE vs Parlaimint na Ríochta Aontaithe/Banc Shasana)? Céard iad na bearta agus na hathchóirithe a d’fhéadfaí a dhéanamh amach anseo lena ndéanfaí, dar leat, cuntasacht dhaonlathach BCE i leith Pharlaimint na hEorpa a threisiú?  

Tá an gá le bainc cheannais neamhspleácha seanbhunaithe. Éilítear frithbheart leis sin ó thaobh na cuntasachta de. Chun na críche sin, míníonn BCE a chinntí agus an réasúnaíocht bhunúsach do shaoránaigh AE agus dá n-ionadaithe tofa. Ar an mbonn sin, is féidir leo seo breithiúnas a dhéanamh maidir le feidhmíocht BCE de réir a chuspóirí, go háirithe maidir le cobhsaíocht praghsanna a chothabháil, ar cuspóirí iad a shonraítear sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Faoin gConradh, tá BCE freagrach go príomha do Pharlaimint na hEorpa mar ionadaíocht shaoránaigh AE, ach ní mór dó tuairisciú go tráthrialta do Chomhairle AE, a dhéanann ionadaíocht ar rialtais na mBallstát. De réir Airteagal 284(3) CFAE agus Airteagal 15(3) de Reacht CEBC, tá na gnéithe seo a leanas sa chreat cuntasachta:

- tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí CEBC agus an bheartais airgeadaíochta a dhíreofar chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig an gComhairle Eorpach agus a bheidh le tíolacadh ag Uachtarán an Bhainc Ceannais Eorpaigh don Chomhairle agus do Pharlaimint na hEorpa;

- éisteachtaí féideartha Uachtarán an Bhainc Cheannais Eorpaigh agus chomhaltaí eile an Bhoird Feidhmiúcháin ag coistí inniúla Pharlaimint na hEorpa arna iarraidh sin do Pharlaimint na hEorpa nó ar a dtionscnamh féin.

Go praiticiúil, tá forbairt i bhfad níos faide déanta ar bhealaí cuntasachta ECB ná riachtanais an Chonartha agus áirítear orthu sin na nithe seo a leanas:

- éisteachtaí ráithiúla Uachtarán BCE i gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta Pharlaimint na hEorpa, atá ar fáil mar chraoltaí gréasáin agus a bhfoilsítear tras-scríbhinn scríofa iomlán ina leith;

- freagraí ar cheisteanna scríofa ó Chomhaltaí Pharlaimint na hEorpa chuig BCE, atá ar fáil le híoslódáil ar shuíomh gréasáin BCE;

- aiseolas scríofa chuig rún Pharlaimint na hEorpa maidir le Tuarascáil Bhliantúil BCE, arna foilsiú ar shuíomh gréasáin BCE.

Thairis sin, tá cuntasacht BCE as a chuid cúraimí maoirseachta baincéireachta faoi réir córas sonrach a leagtar síos i Rialachán an tSásra Maoirseachta Aonair (SMA).

Leis an gcreat cuntasachta leathan sin, áirithítear go mbíonn an deis ag na hionadaithe tofa faisnéis a fháil agus cáineadh a dhéanamh. Is bunús bunriachtanach é sin do dhlisteanacht agus d’éifeachtacht na mbanc ceannais maidir lena sainorduithe a shaothrú.

Cé go bhfuil comparáidí idirnáisiúnta dúshlánach, níl aon difríochtaí móra i méid cuntasachta BCE, Banc Shasana (BoE) nó Cúlchiste Feidearálach SAM idir le malartuithe parlaiminteacha de réir na doiciméadachta. Áirítear orthu sin éisteachtaí ráithiúla poiblí os comhair an choiste inniúil. Difríocht amháin is ea go dtagann Uachtarán BCE uair sa bhliain chuig cruinniú iomlánach freisin chun Tuarascáil Bhliantúil BCE a phlé. Murab ionann agus ECB agus Cúlchiste Feidearálach SAM, bíonn comhalta eile den Choiste um Beartas Airgeadaíochta ag tionlacan Ghobharnóir BoE.

Sa bhreis ar an gcreat cuntasaíochta foirmiúil sin, feicim go bhfuil freagracht ar Chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin cur i láthair a dhéanamh go tráthrialta don phobal i gcoitinne. D’fhéadfadh ról a bheith freisin ag láithreacht na meán mar uirlis chun cumarsáid a dhéanamh leis an bpobal i gcoitinne. Mheasfainn é sin a bheith mar chuid de mo straitéis cumarsáide (agus cuntasachta) pearsanta.

50. Cad a dhéanfaidh BCE go nithiúil chun gearrliostaí cothromaithe ó thaobh inscne a bheith ann do na poist is sinsearaí amach anseo agus feabhas foriomlán a chur ar níos mó éagsúlachta inscne in BCE, ós rud é nach mná iad ach beirt as 25 Chomhalta de chomhairle rialaithe BCE faoi láthair? Cad atá beartaithe agat féin a dhéanamh chun feabhas a chur ar an gcothromaíocht inscne in BCE? Cá huair atá súil agat a bheidh céad torthaí do chuid gníomhaíochtaí le sonrú ina leith sin ?

Is cuspóir mór sa tsochaí, lena n-áirítear i mbainc cheannais, é an comhionannas inscne a chur chun cinn, . Léiríonn taighde go mbíonn torthaí níos fearr ag foirne ilchineálacha, agus níl aon chúis a chreidiúint gur cheart go mbeadh sé sin difriúil i mbaincéireacht cheannais. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh cothú an chomhionannais inscne ard ar chlár oibre BCE.

Tá an deacracht ag bainc cheannais go bhfaightear gannionadaíocht ar mhná ní hamháin i mbainc cheannais ach i ngairm iomlán na heacnamaíochta. Sin é an fáth go gcaithfear comhionannas deiseanna a chothú ag céim luathghairme. Is cosúil go bhfuil gealladh ar leith faoi chláir a dhéanann iarracht go luath a bheith tarraingteach do mhná. Dá bhrí sin, tacaím go díograiseach le Scoláireacht nua BCE i leith Mná san Eacnamaíocht. Sampla amháin is ea é faoi conas tacú le gairmréim na mban a fhorbairt ón tús. Ba mhaith liom mo chuid eolais ar an gcomhthéacs acadúil agus mo líonra ina leith a úsáid chun forbairt bhreise a dhéanamh ar chláir sa treo sin.

Mar sin féin, tá sé tábhachtach na cúiseanna atá le neamhionannas inscne a thuiscint. Taispeánann taighde áirithe go bhféadfadh ról tábhachtach a bheith ag claontacht intuigthe, rud a chiallaíonn go measann idir fhir agus mhná go bhfuil mná níos neamhinniúla mar gheall ar chineálacha áirithe iompair. Chun dul i ngleic le chlaontacht den sórt sin, d'fhéadfadh sé go mbeadh sé úsáideach oiliúint a chur ar earcaithe chun feasacht a ardú maidir le saobhadh féideartha. Tá a lán fianaise ann gur féidir le heiseamláirí a bheith úsáideach chun mná óga a spreagadh féachaint le gairm a bhaint amach. Tugann sé seo le tuiscint go dtéann an éifeacht a bhíonn ag cinntí duine a fhostú thar an duine atá i gceist. Mar fhocal scoir, d’fhéadfaí beartas a bhreithniú nach nglacann aon chomhalta den Chomhairle Rialaithe páirt i bpainéil bheartais d’fhir amháin. Chonaic mé institiúidí eile agus an beartas sin á leanúint acu. Ar ndóigh, ba cheart an gealltanas sin a dhéanamh ar bhonn aonair.

Tríd is tríd is cosúil go bhfuil sé tábhachtach a bheith ina thosaíocht straitéiseach talann na mban a tharraingt agus a fhorbairt ar gach leibhéal, agus tacaím go hiomlán leis an straitéis sin.

Ar an leibhéal eagraíochtúil, níl sé furasta cur le héagsúlacht inscne agus í a ghiaráil agus níl aon aicearraí ann, ach caithfimid leanúint de bheith ag obair air. Tá sé tábhachtach go leanfaidh BCE ar aghaidh ag tarraingt agus ag forbairt thalann na mban ar gach leibhéal.

Ba cheart a chur i bhfáth go bhfuil tionchar teoranta ag BCE maidir le ceapadh gobharnóirí náisiúnta na mbanc ceannais. Faoi láthair, is fir iad go léir. Ba cheart don Chomhairle Rialaithe a rá go soiléir gur cuspóir tábhachtach é an comhionannas inscne agus gur cheart é a fheabhsú freisin sa Chomhairle Rialaithe.

Ba cheart do BCE freisin gnéithe eile den éagsúlacht a chur chun cinn, ó náisiúntacht go heitneachas go cúlraí oideachais agus éagsúlacht na smaointeoireachta san áireamh freisin. Is iondúil gur fearr a chruthaíonn foirne ilchineálacha agus cuimsitheacha, ós rud é go gcabhraíonn siad le smaointeoireacht an ghrúpa a sheachaint. Go deimhin, is beag cabhair atá ann má leanann foireann institiúide an rud a mheastar gurb é “tuairim an tí” é. Ina ionad sin, ba cheart próisis a bheith ann lena lamháiltear malartuithe inmheánacha tuairimí a bheith ann.

51. Conas a d’fhéadfaí, dar leat, cuntasacht BCE i leith Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) a fheabhsú ó thaobh a éifeachtúlachta oibríochtúla de? Cad is geis, dar leat, a mhéid a bhaineann le sainordú CIE?

Ba cheart do BCE, amhail aon institiúid eile, a áirithiú go bhfuil sé éifeachtúil ó thaobh na hoibríochta de, nach gcuireann sé airgead an cháiníocóra, i ndeireadh báire, amú agus go gcomhlíonann a struchtúir oibríochtúla a shainordú. Mar sin is díol mór sásaimh é go ndéanann Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) éifeachtúlacht oibríochtúil BCE a mheasúnú go rialta.

De réir sainmhíniú, áfach, is é ról BCE dlúth agus inneach bheartais airgeadaíochta agus bheartais eile BCE. Ní cuid de shainordú iniúchóireachta CIE iad na réimsí sin. Dar liom, tá an breisluach is airde ag CIE má fhéachann sé ar an éifeachtúlacht a úsáideann BCE na próisis chun teacht ar a chinntí.

52.An dóigh leat gur cheart do BCE caighdeáin na Treorach nua maidir le cosaint do dhaoine a thuairiscíonn sáruithe ar dhlí an Aontais a chur i bhfeidhm go hinmheánach? Cá huair atá súil agat a bhunódh BCE nósanna imeachta sonracha le haghaidh sceithirí a chosaint?  

Is é an tuiscint atá agam go n-aithníonn Bord Feidhmiúcháin BCE creat na sceithireachta a fheabhsú mar thosaíocht straitéiseach agus go ndúirt siad go dtugann sé sin deis freisin na caighdeáin a leagtar síos sa “Treoir” nua “maidir le Sceithirí”, in éineacht le dea-chleachtais, beartais agus próisis instititiúidí eile. Tá coimirciú bealaí tuairiscithe agus cosaint sceithirí ríthábhachtach chun bainistíocht riosca a áirithiú agus chun cultúr na hoibre a fheabhsú.

53. Cad é do bharúil faoi go ndearna an Chomhairle uair, san am a chuaigh thart, neamhshuim den tuairim ó Pharlaimint na hEorpa maidir le ceapachán comhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE? An nglacfaidh tú le do cheapachán mar chomhalta den Bhord Feidhmiúcháin má vótálann Parlaimint na hEorpa ina choinne?

Tá ról nach beag ag Parlaimint na hEorpa i ndáil le BCE a thabhairt chun cuntais. Gan an chuntasacht sin, ní bheadh neamhspleáchas an bhainc ceannais ann. Dá bhrí sin, tá rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa i bpróiseas ceapacháin Chomhaltaí an Bhoird Feidhmiúcháin ríthábhachtach.

Is mór agam an malartú tuairimí le Parlaimint na hEorpa mar chuid thábhachtach den phróiseas ceapacháin agus tá súil agam go ndéanfar measúnú dearfach ar m’inniúlacht agus ar m’oiriúnacht don phost mar chomhalta de Bhord Feidhmiúcháin BCE. Bheadh sé sin mar bhonn le caidreamh oscailte agus iontaofa amach anseo.

54. An dóigh leat gurbh iomchuí duitse nó do bhaill shinsearacha foirne eile de chuid BCE a bheith rannpháirteach sa ‘Ghrúpa Tríocha’ de bhaincéirí ceannais agus de cheannairí sa tionscal airgeadais nó i ngrúpaí nó comhlachais chomhchosúla?  

Ba cheart do gach ionadaí de chuid BCE caighdeáin eiticiúla a shaothrú ag BCE, agus ba cheart go mbeidís, dá réir sin, i gcomhréir leis an dea-chleachtas idirnáisiúnta.

Os a choinne sin, is féidir, dar ndóigh, an gá a bheith ann idirghníomhú le réimse leathan geallsealbhóirí, lena n-áirítear ionadaithe ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach chun tuairimí a mhalartú agus chun faisnéis a roinnt. Go deimhin, d’fhéadfadh sé sin a bheith ríthábhachtach chun an sainordú a chomhlíonadh.

Chuir an Cód Iompair Aonair a ghlac BCE in 2019 feabhas ar bhainistiú coinbhleachtaí leasa féideartha trí rialacha sonracha a thabhairt isteach maidir le caidreamh le grúpaí leasmhara éagsúla. Ba cheart do gach comhalta den Bhord Feidhmiúcháin, i gcónaí agus go háirithe ina n-idirghníomhaíochtaí le grúpaí sainleasa, a neamhspleáchas chomh maith lena n-oibleagáidí maidir le rúndacht ghairmiúil a chur san áireamh. Cloífidh mé go dlúth leis na rialacha a leagtar síos sa Chód Iompair Aonair.

55. San am atá caite, sheol BCE tionscnaimh amhail AnaCredit agus an Tionscnamh Eorpach um Dháileadh Fiach (EDDI)., nach raibh i gcroílár shainordú BCE. Cén ról, dar leat, atá ag BCE sna tionscnaimh sin agus cad is geis, dar leat, a mhéid a bhaineann le sainchumais an reachtóra?  

Mar thaighdeoir, tuigim go maith go bhfuil sonraí ríthábhachtach. Lamháiltear go háirithe le bunachair sonraí micreashonraí léas léargais a chaitheamh ar naisc eacnamaíocha agus airgeadais nua trí fhaisnéis a leathnú chuig aon leibhéal imdhealaithe atá ag teastáil. Is féidir freisin an tionchar a bhíonn ag suaitheadh ar leith ar an ngeilleagar a rianú go cúramach.

Trí thuiscint níos fearr a fháil ar an sásra bunúsach, cuireann sonraí ardchaighdeáin ar chumas lucht déanta beartas cinntí níos fearr a dhéanamh. Dá fheabhas iad na sonraí, is amhlaidh is mó a bheidh an t-eolas, agus is amhlaidh is fearr a bheidh na cinntí beartais a thig as.

Baineann sé sin, ar ndóigh, le BCE freisin. Sin an fáth go n-éilítear ar BCE leis an Reacht faisnéis staidrimh a bhailiú atá riachtanach chun tabhairt faoina chúraimí. Beidh eolas mionsonraithe ar iasachtaí banc aonair sa limistéar euro in AnaCredit. De bharr na faisnéise mionsonraithe sin, is féidir liom a fheiceáil conas is féidir uasghrádú a dhéanamh go ciallmhar ar chumas BCE tuiscint a fháil ar dhinimic chreidmheasa i ngeilleagar an limistéir euro. Cuideoidh sé sin le BCE, ina dhiaidh sin, gus cinntí beartais airgeadaíochta á ndéanamh aige.

Le sainordú an Chonartha ó thaoibh BCE agus an Eurochórais maidir le margaí airgeadais, lamháiltear don fhéidearthacht tabhairt faoi thionscnaimh rialála i gcórais íocaíochta. Sa chomhthéacs sin, tá BCE ag féachaint ar an bhféidearthacht tacú le heisiúint agus dáileadh comhchuibhithe ionstraimí fiachais euro in AE (tionscnamh EDDI).

Creidim gur cheart do BCE - agus a mhéid is eol dom, go ndearna sa dá chás - tuairimí agus ionchur ó phríomhgheallsealbhóirí a bhailiú maidir le tionscadail staidrimh agus bonneagair margaidh. Ina theannta sin, ba cheart go ndéanfadh na tionscnaimh sin reachtaíocht AE agus na hinniúlachtaí a shainítear sa Chonradh a chur san áireamh go hiomlán.


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Ceapacháin Comhalta de Bhord Feidhmiúcháin an Bhainc Ceannais Eorpaigh

Tagairtí

13651/2019 – C9-0173/2019 – 2019/0818(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

14.11.2019

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

ECON

25.11.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Irene Tinagli

14.11.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

3.12.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

3.12.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

41

13

4

Comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Marek Belka, Stefan Berger, Gilles Boyer, Cristian-Silviu Buşoi, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, Luis Garicano, Valentino Grant, José Gusmão, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Luděk Niedermayer, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Jake Pugh, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Robert Rowland, Martin Schirdewan, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Carmen Avram, Gabriele Bischoff, Damien Carême, Fabio Massimo Castaldo, Richard Corbett, Agnès Evren, Eugen Jurzyca, Pedro Marques, Fulvio Martusciello, Ville Niinistö, Bogdan Rzońca, Stéphane Séjourné, Monica Semedo, Antonio Tajani, Julie Ward

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rosa D’Amato, Anna Deparnay-Grunenberg, Dino Giarrusso

Dáta don chur síos

6.12.2019

 

 

[1] Nár foilsíodh go fóill san Iris Oifigiúil.

[2] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.

An nuashonrú is déanaí: 13 Nollaig 2019Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais