Nós Imeachta : 2018/0427(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0004/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0004/2020

Díospóireachtaí :

PV 29/01/2020 - 16
CRE 29/01/2020 - 16

Vótaí :

PV 29/01/2020 - 17.1
CRE 29/01/2020 - 17.1
Mínithe ar vótaí

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0018

<Date>{23/01/2020}23.1.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0004/2020</NoDocSe>
PDF 386kWORD 124k

<TitreType>MOLADH</TitreType>     <RefProcLect>***</RefProcLect>

<Titre>ar an Dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre>

<DocRef>(XT 21105/3/2018 – C9‑0148/2019 – 2018/0427(NLE))</DocRef>


<Commission>{AFCO}An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Guy Verhofstadt</Depute>

EARRÁIDÍ/AGUISÍNÍ
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA
 LITIR ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA
 LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA
 LITIR ÓN gCOISTE UM AN GCOMHSHAOL, UM SHLÁINTE PHOIBLÍ AGUS UM SHÁBHÁILTEACHT BIA
 LITIR ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA
 LITIR ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
 LITIR ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE
 LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
 LITIR ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE
 LITIR ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA
 AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an Dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

(XT 21105/3/2018 – C9‑0148/2019 – 2018/0427(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don fhógra dar dáta an 29 Márta 2017 a thug an Ríocht Aontaithe don Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus de bhun Airteagal 106a den Chonradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach,

 ag féachaint don dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (XT 21105/3/2018),

 ag féachaint don dréacht-chomhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach[1],

 ag féachaint don dearbhú polaitiúil lena leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus Ríocht Aontaithe na Breataine Móire[2],

 ag féachaint do Chinntí (AE) 2019/476 an 22 Márta 2019[3], (AE) 2019/584 an 11 Aibreán 2019[4] agus (AE) 2019/1810 an 29 Deireadh Fómhair 2019 ón gComhairle Eorpach[5], arna ndéanamh i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, lenar fadaíodh an tréimhse faoi Airteagal 50(3) CAE go dtí an 12 Aibreán 2019, go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 agus go dtí an 31 Eanáir 2020, faoi seach,

 ag féachaint dá rúin an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go bhfuil sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach[6], an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe[7], an 13 Nollaig 2017 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe[8], an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe[9], agus an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le staid na gcaibidlíochtaí i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach[10],

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (C9‑0148/2019),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 88 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na litreacha ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha, ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus ón gCoiste um Achainíocha,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (A9-0004/2020),

1. ag tabhairt a toilithe an dréacht-chomhaontú um tharraingt siar a thabhairt i gcrích;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, agus chuig na parlaimintí náisiúnta agus chuig Rialtas na Ríochta Aontaithe chomh maith.

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Réamhrá

 

An próiseas um tharraingt siar

 

Is é an toradh a bhí ar reifreann an 23 Meitheamh 2016 sa Ríocht Aontaithe i dtaobh ar cheart di fanacht mar Bhallstát de AE nó imeacht as AE ná go raibh tromlach de 51.9 % i bhfabhar fágála.

 

An 29 Márta 2017, thug Rialtas na Ríochta Aontaithe an fógra á rá go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas, i gcomhréir le hAirteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE).

 

An 5 Aibreán 2017, ghlac Parlaimint na hEorpa a rún maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach[11], ina leagtar amach an seasamh a ghlac an Pharlaimint le haghaidh Treoirlínte ón gComhairle Eorpach faoi Airteagal 50(2) CAE. Tá an rún sin ina bhunús freisin do mheasúnú na Parlaiminte ar an bpróiseas caibidlíochta agus ar aon chomhaontú a thiocfar air idir AE agus an Ríocht Aontaithe. Sa rún sin, shainigh an Pharlaimint a seasamh maidir leis na saincheisteanna bunúsacha go léir a bhain le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe: maidir le prionsabail ghinearálta na gcaibidlíochtaí, a raibh ina measc sin an gá a bhí le himeacht rianúil a áirithiú, leasanna shaoránaigh AE-27 a chosaint agus inniúlacht AE do na saincheisteanna a bhain leis an tarraingt siar; maidir le hord na gcaibidlíochtaí; maidir le raon feidhme an chomhaontaithe um tharraingt siar; maidir le socruithe idirthréimhseacha agus maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

I gcomhréir le hAirteagal 50(2) CAE, d’eisigh an Chomhairle Eorpach Treoirlínte le haghaidh na gcaibidlíochtaí an 29 Aibreán 2017[12], inar leagadh síos cur chuige céimnithe do na caibidlíochtaí: ba í an chéad chéim a bhí ann ná féachaint le soiléireacht agus deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar agus freisin idirscaradh na Ríochta Aontaithe ó AE a shocrú. Dúirt an Chomhairle Eorpach go raibh sé ar intinn aici dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus a chinneadh cén uair a bheadh dul chun cinn leordhóthanach déanta a d’fhágfadh go bhféadfaí dul ar aghaidh chuig an gcéad chéim eile de na caibidlíochtaí, céim ag a mbeifí ag déileáil le pléití tosaigh agus ullmhúcháin maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí.

 

Cuireadh tús leis na caibidlíochtaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe an 19 Meitheamh 2017, le Michel Barnier, Príomh-Idirbheartaí AE, ag déanamh ionadaíocht ar AE agus David Davis, an Státrúnaí um Imeacht ón Aontas Eorpach, ag déanamh ionadaíocht ar an Ríocht Aontaithe.

 

An 8 Nollaig 2017, d’eisigh idirbheartaithe AE agus Rialtas na Ríochta Aontaithe Tuarascáil Chomhpháirteach maidir leis an dul chun cinn i rith chéim 1 de na caibidlíochtaí, ina ndúirt na hidirbheartaithe, i gcomhpháirt le chéile, go rabhthas tar éis teacht ar chomhaontú i bprionsabal ar fud na trí réimse a bhí á mbreithniú sa chéad chéim de na caibidlíochtaí: cosaint do chearta shaoránaigh AE sa Ríocht Aontaithe agus do chearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe in AE, an creat chun aghaidh a thabhairt ar an himthosca uathúla atá i dTuaisceart Éireann, agus socraíocht airgeadais.

 

An 15 Nollaig 2017, chinn an Chomhairle Eorpach go raibh dul chun cinn leordhóthanach déanta chun dul ar aghaidh go dtí an dara céim a bhain le socruithe idirthréimhseacha agus tuiscint fhoriomlán ar an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí, agus d’eisigh sí Treoirlínte forlíontacha. Chuir an Chomhairle Eorpach i bhfáth nach bhféadfadh na caibidlíochtaí sa dara céim dul chun cinn a dhéanamh ach amháin sa chás go léireofaí lán-urraim do na tiomantais a rinneadh sa chéad chéim agus go ndéanfaí na tiomantais sin a aistriú go dílis isteach i dtéarmaí dlíthiúla.

 

An 23 Márta 2018, rinne an Chomhairle Eorpach Treoirlínte breise maidir le hoscailt na gcaibidlíochtaí i dtaobh tuiscint fhoriomlán ar an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí a shainiú, agus bhí an méid sin le léiriú i ndearbhú polaitiúil a bheadh ag gabháil leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus a mbeadh tagairt ann dó.

 

Tar éis sé bhabhta caibidlíochta agus cruinnithe eile ar leibhéal na n-idirbheartaithe agus ar an leibhéal teicniúil, rinneadh dréacht-chomhaontú um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE a chomhaontú ar leibhéal na n-idirbheartaithe an 14 Samhain 2018. Sheol Uachtarán na Comhairle Eorpaí an dréachtdearbhú polaitiúil inar leagadh amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe, arna chomhaontú ar leibhéal na n-idirbheartaithe agus arna chomhaontú i bprionsabal ar an leibhéal polaitiúil, chuig Ballstáit AE-27 an 22 Samhain 2018. Ar deireadh, an 25 Samhain 2018, d’fhormhuinigh ceannairí AE-27 an Comhaontú um Tharraingt Siar agus d’fhormheas siad an dearbhú polaitiúil.

 

Ar an dáta sin, d’iarr an Chomhairle Eorpach ar an gCoimisiún, ar Pharlaimint na hEorpa agus ar an gComhairle na bearta is gá a dhéanamh chun a áirithiú go bhféadfadh an comhaontú teacht i bhfeidhm an 30 Márta 2019, ionas go bhforálfaí do tharraingt siar rianúil ag an Ríocht Aontaithe.

 

An 11 Eanáir 2019, ghlac an Chomhairle Cinneadh (AE) 2019/274[13] maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, chomh maith le dréachtchinneadh maidir leis an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach a thabhairt i gcrích, agus fógraíodh iad sin sa suí iomlánach an 30 Eanáir 2019.

 

Dhiúltaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe, áfach, don Chomhaontú um Tharraingt Siar a bhí comhaontaithe ar leibhéal na n-idirbheartaithe i vótáil trí huaire i ndiaidh a chéile, i.e. an 15 Eanáir, an 12 Márta agus an 29 Márta 2019.

 

Léirigh toradh na vótálacha éagsúla ar an gComhaontú um Tharraingt Siar idir AE agus an Ríocht Aontaithe go raibh tromlach soiléir ann a bhí in aghaidh AE a fhágáil gan margadh a bheith déanta, ach nach raibh aon tromlach dearfach ann i leith aon rogha mhalartach, lena n-áirítear aontas custaim cuimsitheach ar fud na Ríochta Aontaithe le AE nó i dtaobh vóta dearbhaithe poiblí a bheith ann ar an gComhaontú um Tharraingt Siar, agus d’fhág sé sin cúrsaí ina sáinn.

 

Thíolaic an Ríocht Aontaithe trí cinn d’iarrataí ag leanúint a chéile chuig AE chun síneadh a chur leis an tréimhse dá bhforáiltear in Airteagal 50(3) CAE. Deonaíodh an chéad síneadh go dtí an 12 Aibreán 2019 (Cinneadh (AE) 2019/476 ón gComhairle Eorpach), an dara ceann go dtí an 31 Deireadh Fómhair 2019 (Cinneadh (AE) 2019/584 ón gComhairle Eorpach), agus an ceann deiridh go dtí an 31 Eanáir 2020 (Cinneadh (AE) 2019/1810 ón gComhairle Eorpach).

 

Idir an dá linn, leanadh de na cainteanna idir idirbheartaithe AE agus na Ríochta Aontaithe ar mhaithe le teacht slán ó na hagóidí a rinne an Ríocht Aontaithe i dtaobh réiteach an chúlstop, ach fós ag cloí le prionsabail chaibidlíochta AE. Dúirt AE go soiléir, thar nithe eile, nach bhféadfaí athchaibidliú a dhéanamh ar an gComhaontú um Tharraingt Siar agus gur cheart foráil do réiteach a bheadh inoibrithe de réir an dlí lena seachnófaí teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann.

 

Neartaíodh ar na cainteanna i rith mhíonna Mheán Fómhair agus Dheireadh Fómhair 2019, agus thángthas ar chomhaontú faoi dheireadh ar an 17 Deireadh Fómhair 2019 maidir le hathbhreithniú ar an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann a bhí ar áireamh sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar agus maidir leis na hoiriúnuithe teicniúla riachtanacha ar Airteagail 184 agus 185 den chomhaontú, agus freisin maidir le hathbhreithniú ar an dearbhú polaitiúil. Chomh maith leis sin, an 17 Deireadh Fómhair 2019, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an Comhaontú um Tharraingt Siar leasaithe agus d’fhormheas sí téacs athbhreithnithe an dearbhaithe pholaitiúil.

 

Le Cinneadh (AE) 2019/1750 an 21 Deireadh Fómhair 2019[14], agus Cinneadh (AE) 2020/48 an 21 Eanáir 2020[15] leasaigh an Chomhairle a dréachtchinneadh maidir le síniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Rinne an Chomhairle togra athbhreithnithe le haghaidh cinneadh maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a fhormheas an dáta céanna sin[16], a ndearnadh é a tharchur, in éineacht le téacs nuashonraithe den chomhaontú, chuig an bParlaimint agus a fhógairt sa suí iomlánach an 21 Deireadh Fómhair 2019.

 

Bhí cruinniú ag Comhdháil na nUachtarán i bParlaimint na hEorpa an lá céanna sin chun na chéad chéimeanna nós imeachta eile a phlé, lena n-áirítear an téacs a tharchur chuig na coistí parlaiminteacha inniúla.

 

De réir Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, is é an Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO) an coiste inniúil le haghaidh toiliú. Sa chomhthéacs sin, chinn Comhdháil na nUachtarán go bhféadfaí nós imeachta an toilithe a thabhairt i gcrích a thúisce a bheadh an próiseas a ghabhann le daingniú parlaiminteach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar tugtha chun críche sa Ríocht Aontaithe.

 

Chinn Comhdháil na nUachtarán go bhféadfadh na coistí eile a raibh baint ag an nós imeachta um tharraingt siar leo tuairimí i bhfoirm litreacha a sholáthair i dtaca leis an dréachtmholadh maidir le toiliú ó AFCO. Rinne deich gcinn de na coistí tuairimí i bhfoirm litreacha a eisiúint, agus tá siad sin i gceangal leis an moladh maidir le toiliú seo. Áirítear ar na coistí sin: an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET), an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA), an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (EMPL), an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (ENVI), an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (IMCO), an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN), an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe (AGRI), an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (JURI), an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (LIBE) agus an Coiste um Achainíocha (PETI).

 

I gcomhréir le Riail 88 dá Rialacha Nós Imeachta, déanann Parlaimint na hEorpa an Comhaontú um Tharraingt Siar a fhormheas le tromlach simplí. Faoi Riail 105(4) de na Rialacha Nós Imeachta, is trí vótáil aonair ar thoiliú, gan beann ar cibé acu an moladh é an moladh ón gcoiste freagrach an gníomh a fhormheas nó a dhiúltú, a cinneann an Pharlaimint. Ní fhéadfar aon leasú a chur síos. Sa vótáil ar leibhéal an choiste agus ar leibhéal an tsuí iomlánaigh, tá lánchead ag na Feisirí a toghadh sa Bhallstát atá ag tarraingt siar páirt a ghlacadh sa díospóireacht agus vóta a chaitheamh.

 

Chun go mbeidh an Comhaontú um Tharraingt Siar tugtha i gcrích ag AE, caithfidh na 27 Ballstát eile fós an Comhaontú sin a rith le tromlach cáilithe sa Chomhairle, arna shainiú i gcomhréir le hAirteagal 238(3)(b) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), eadhon 20 de na Ballstáit sin a chuimsíonn 65% de dhaonra na stát sin.

 

Ról Pharlaimint na hEorpa

 

Níl Parlaimint na hEorpa páirteach go foirmiúil sna caibidlíochtaí le haghaidh tarraingt siar Ballstáit. Is institiúid ag a bhfuil inniúlachtaí i rialú polaitiúil mar a fhoráiltear in Airteagal 14 CAE í an Pharlaimint, áfach, agus, ní hamháin sin, ach is cuid í den nós imeachta cinnteoireachta faoi Airteagal 50 CAE, mar go bhfuil toiliú ón bParlaimint ina réamhchoinníoll chun Comhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt i gcrích.

 

Ó thús an phróisis um tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, tá ról láidir agus gníomhach á imirt dá réir sin ag an bParlaimint sna caibidlíochtaí, i bhfianaise an chumhacht atá aici toiliú don Chomhaontú um Tharraingt Siar de réir mar a fhoráiltear dó in Airteagal 50 CAE.

 

Tá an cheist sin á plé sa Pharlaimint ó bhí an reifreann ann. Go deimhin, bhí cruinniú urghnách ag Comhdháil na nUachtarán díreach i ndiaidh an reifrinn, an 24 Meitheamh 2016, chun ullmhú do chruinniú idir Uachtarán na Parlaiminte agus Uachtaráin na n-institiúidí eile i ndiaidh an reifrinn, ach ní hamháin sin ach chun na chéad chéimeanna eile sa phróiseas ag an bParlaimint a chíoradh freisin.

 

I rith an chruinnithe sin a bhí ag Comhdháil na nUachtarán, cinneadh páirtseisiún urghnách a shocrú don 28 Meitheamh 2016 ar mhaithe le díospóireacht a dhéanamh ar thoradh an reifrinn sa Ríocht Aontaithe.

 

Ag tús an pháirtseisiúin sin, chuir an tUachtarán i bhfáth go láidir gur suí urghnách a bhí sa suí sin agus go ndearnadh é a chomóradh de dhroim reifreann an 23 Meitheamh 2016 sa Ríocht Aontaithe, a raibh toradh an reifrinn sin ina ábhar leasa do shaoránaigh uile AE.

 

I rith an pháirtseisiúin chéanna sin, agus i ndiaidh na ráiteas ón gComhairle agus ón gCoimisiún, ghlac an Pharlaimint a rún maidir le cinneadh na Ríochta Aontaithe imeacht ó AE mar thoradh ar an reifreann sa Ríocht Aontaithe[17], le 395 vóta i bhfabhar, 200 vóta i gcoinne agus 71 staonadh.

 

Ina rún, mheabhraigh an Pharlaimint go raibh gá lena toiliú faoi na Conarthaí agus gur cheart go mbeadh sí páirteach go hiomlán sna céimeanna uile de na nósanna imeachta éagsúla a bheadh ag baint leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus le haon ghaolmhaireacht sa todhchaí.

 

Go praiticiúil, is é a lean as rannpháirtíocht na Parlaiminte sa phróiseas um tharraingt siar ná gur bunaíodh an teagmháil ba dhlúithe leis na hinstitiúidí eile an-luath sa phróiseas agus gur coimeádadh sreafaí faisnéise rialta ar an dul chun cinn a rinneadh i gcaitheamh na dtimthriallacha ullmhúcháin agus caibidlíochta.

 

Bhí obair na Parlaiminte comhordaithe ar leibhéal Chomhdháil na nUachtarán i bhfianaise na saincheisteanna casta polaitiúla, na saincheisteanna dlíthiúla ar an leibhéal cothrománach agus na saincheisteanna beartais a bhí i gceist. Chinn Comhdháil na nUachtarán cur chuige i gcéimeanna a bhunú don phróiseas, agus leag sí síos go mbeadh an chéad chéim ann go dtí go mbeadh na Treoirlínte ón gComhairle Eorpach sainithe agus go ndéanfaí an obair a choinneáil ar leibhéal na Comhdhála le linn na céime sin, le Guy Verhofstadt (Renew Europe[18], BE) mar chomhordaitheoir ar na caibidlíochtaí i dtaobh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, tar éis é a cheapadh chuig an bpost sin ag cruinniú na Comhdhála an 8 Meán Fómhair 2016. Bhí an dara céim le bheith ann do na caibidlíochtaí, tráth a dhéanfadh Guy Verhofstadt comhordú ar an obair le Cathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO), agus an tríú céim, faoi stiúir AFCO agus na gcoistí eile, a bheadh ag comhfhreagairt do nós imeachta an toilithe.

 

Sa chomhthéacs sin agus é fós mar aidhm go ndéanfaí rannpháirtíocht struchtúrtha na Parlaiminte sa phróiseas um tharraingt siar a áirithiú, cruthaíodh Grúpa Stiúrtha Brexit (GSB). Rinne Comhdháil na nUachtarán GSB a bhunú go foirmiúil ag an gcruinniú a bhí aici an 6 Aibreán 2017, agus chinn sí go mbeadh an grúpa comhdhéanta de Guy Verhofstadt, mar chomhordaitheoir ar an ngrúpa stiúrtha, Elmar Brok (PPE, DE), Roberto Gualtieri (S&D, IT), Gabriele Zimmer (GUE/NGL, DE), Philippe Lamberts (Verts/ALE, BE), agus Danuta Hübner, mar Chathaoirleach an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (AFCO) (PPE, PL), chun comhordú agus ullmhú a dhéanamh ar phléití, breithnithe agus rúin na Parlaiminte i dtaca le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe faoi choimirce Chomhdháil na nUachtarán.

 

I ndiaidh Thoghcháin Eorpacha 2019, d’athraigh comhdhéanamh GSB do PPE, arb í Danuta Hübner anois a bhí ina hionadaí dó, do S&D, arb é Pedro Silva Pereira (PT) anois a bhí ina ionadaí dó, do GUE/NGL, arb é Martin Schirdewan (DE) anois a bhí ina ionadaí dó, agus do AFCO, arb é Cathaoirleach an Choiste sin, Antonio Tajani (PPE, IT) anois a bhí mar ionadaí dó.

 

Bhí an Pharlaimint freisin páirteach i gcónaí sna modhanna agus struchtúir a bhí ag déileáil leis na caibidlíochtaí, trí chainéil faisnéise nó trí rannpháirtíocht ghníomhach. Ag teacht leis an Ráiteas a eisíodh i ndiaidh chruinniú neamhfhoirmiúil Chinn Stáit nó Rialtais na 27 mBallstát an 15 Nollaig 2016, tugadh cuireadh ‘d’ionadaithe na Parlaiminte’ chuig cruinnithe ullmhúcháin na Comhairle Eorpaí. Chiallaigh sé sin go raibh an Pharlaimint páirteach go héifeachtach, lena n-áirítear ag cruinnithe Seirpigh agus cruinnithe na Comhairle Gnóthaí Ginearálta.

 

I níos mó ná 100 cruinniú a raibh Príomh-Idirbheartaí AE, Michel Barnier, i láthair ag a bhformhór, rannchuidigh GSB leis an bParlaimint a bheith páirteach go buan sa nós imeachta agus í ar thús cadhnaíochta sa nós imeachta trí rúin agus ráitis a dhéanamh go tráthúil, ina raibh seasaimh chuí-réasúnaithe ar na caibidlíochtaí agus ar na mórfhorbairtí a tharla ón uair a thug an Ríocht Aontaithe fógra go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar.

 

Á aithint dó a thábhachtaí a bhí sé a áirithiú go mbeadh idirphlé neamhfhoirmiúil leanúnach, saineolas teicniúil agus comhar sna coistí go léir sa nós imeachta um tharraingt siar, eagraíodh roinnt cruinnithe de GSB agus seimineáir theicniúla i láthair na gcoistí sin a bhí freagrach go díreach as beartais earnála a bhí ábhartha do raon feidhme an chomhaontaithe um tharraingt siar. Rinneadh an t-idirphlé sin freisin trí Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, a phléigh an nós imeachta um tharraingt siar i gcuid dá cuid cruinnithe. 

 

Mar chomhordaitheoir ar GSB, ghlac Guy Verhofstadt páirt i roinnt cruinnithe le geallsealbhóirí éagsúla (ionadaithe do na hinstitiúidí, don tsochaí shibhialta, do shaoránaigh agus do ghnólachtaí, parlaimintí náisiúnta etc.), agus fuair sé agus d’fhreagair sé níos mó ná 4 500 ríomhphost agus litir i dtaobh Brexit le dhá bhliain anuas.

 

Ról AFCO

 

De réir Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, is é AFCO an coiste inniúil le haghaidh ullmhú do thoiliú ón bParlaimint faoi Airteagal 50 CAE. Go deimhin, forálann Riail 88 de Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte, a mhéid a bhaineann le tarraingt siar ón Aontas, an méid seo a leanas: ‘má chinneann Ballstát, de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, tarraingt siar ón Aontas, cuirfear an cheist faoi bhráid an choiste fhreagraigh’. I gcomhréir le Roinn XVIII d’Iarscríbhinn VI a ghabhann leis na Rialacha Nós Imeachta ina ndéantar trácht ar chumhachtaí agus freagrachtaí na mbuanchoistí, is é AFCO an coiste inniúil chun déileáil leis na hiarmhairtí institiúideacha a ghabhann le tarraingt siar ón Aontas agus, dá bhrí sin, is é atá freagrach i leith nós imeachta an toilithe tar éis na caibidlíochtaí a thabhairt i gcrích.

 

Tá ról cothrománach ag AFCO, gan dochar do na hinniúlachtaí sonracha atá ag coistí eile maidir le saincheisteanna earnálacha a bhaineann leis na réimsí beartais a bhfuil siadsan freagrach ina leith. Is ar AFCO atá an cúram moladh a eisiúint lena ndéantar Comhaontú um Tharraingt Siar, faoi mar atá sé caibidlithe ag AE agus ag an mBallstát atá ag tarraingt siar, a fhormheas nó a dhiúltú.

 

Le linn a chuid oibre ullmhúcháin, a bhí fada agus cuimsitheach, rinne AFCO fianaise, comhairle agus saineolas a bhailiú ó earnálacha agus geallsealbhóirí éagsúla, idir phoiblí agus phríobháideach, bídís sin ar an mór-roinn nó sa Ríocht Aontaithe. D’eagraigh AFCO, chomh maith le coistí parlaiminteacha eile, díospóireachtaí agus éisteachtaí i dtaobh na n-impleachtaí a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE do na réimsí beartais a bhain lena réimsí cúraim féin, ag teacht leis na treoirlínte a bhí tugtha ag Comhdháil na nUachtarán.

 

Ón 3 Meán Fómhair 2015, tá níos mó ná 20 imeacht shonracha eagraithe ag AFCO, lena n-áirítear éisteachtaí, ceardlanna agus cuir i láthair ar staidéir agus ar pháipéir faisnéisíochta, ag déileáil le saincheisteanna a bhí ag réimsiú ó athchaibidliú a dhéanamh ar an ngaolmhaireacht bhunreachtúil a bheadh ag an Ríocht Aontaithe leis an Aontas Eorpach agus an comhaontú ar thángthas air leis an gComhairle Eorpach an 18 agus 19 Feabhra 2016[19], go dtí an ghaolmhaireacht bhunreachtúil sa todhchaí idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach, cearta na saoránach agus na himpleachtaí a bheadh ag Brexit don teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann. Bhí AFCO páirteach freisin in éisteachtaí na gcoistí eile ar shaincheisteanna a bhain leis an tarraingt siar nó leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe, nó bhí sé bainteach go díreach leis na héisteachtaí sin.

 

Lasmuigh de na himeachtaí speisialta sin, rinneadh plé ar shaincheisteanna a bhain leis an tarraingt siar agus, go háirithe, le staid reatha an phróisis i mórán gach uile chruinniú coiste a bhí ann tar éis eisiúint an fhógra go raibh sé ar intinn tarraingt siar.

 

Bhí Cathaoirleach AFCO, agus comhalta de GSB, páirteach i níos mó ná 500 cruinniú dhéthaobhacha le geallsealbhóirí poiblí agus príobháideacha i ndáil le saincheisteanna a bhain leis an tarraingt siar agus an tionchar a bheadh aige ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe.

 

Bhí rannpháirtíocht phras agus chuimsitheach Pharlaimint na hEorpa agus a cuid comhlachtaí fíor-riachtanach, mar nach féidir Comhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt i gcrích ach amháin lena toiliú i gcomhréir le hAirteagal 50 CAE.

 

Airteagal 50 CAE

 

Forálann Airteagal 50 CAE do nós imeachta trína bhféadfaidh Ballstát AE imeacht go dlíthiúil ó AE trí chomhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích le AE ina leagtar síos na socruithe don tarraingt siar, ag féachaint don chreat dá ghaolmhaireacht sa todhchaí le AE.

 

Tá sé ráite go seasta ag an bParlaimint go bhfuil tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE gan fasach agus gur trua di é a bheith ag tarlú agus gurbh fhearr dá leanfadh an Ríocht Aontaithe de bhallraíocht sa mhargadh inmheánach agus san aontas custaim a bheith aici, go háirithe más mian leis an Ríocht Aontaithe trádáil shaoráideach nó tairbhí eile atá dlúthghaolmhar le ballraíocht AE a choimeád.

 

Thug an Pharlaimint dá haire freisin ón tús gurbh é ba chuspóir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar ná foráil do tharraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ó AE, trí aghaidh a thabhairt ar thrí shaincheist bhunúsacha a bhain leis an idirscaradh: cearta shaoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí in AE-27, an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann agus socrú oibleagáid airgeadais na Ríochta Aontaithe i leith AE.

 

Maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí, faoi mar a fhoráiltear dó in Airteagal 50(2) CAE, bhí an Pharlaimint soiléir faoi go ndéileálfaí le haon chomhaontú ar an ábhar sin mar chuid dhílis den socrú foriomlán don tarraingt siar agus, dá bhrí sin, go mbeadh inneachar an chomhaontaithe sin á mheasúnú freisin ag an bParlaimint laistigh de nós imeachta an toilithe, cé gurb é an Comhaontú um Tharraingt Siar amháin is ábhar don toiliú.

 

Tarraingt siar rianúil

 

Don Pharlaimint, bhí imeacht rianúil bunriachtanach chun leasanna an Aontais Eorpaigh agus a shaoránaigh a chosaint. Chiallaigh sé sin, de réir mar a fhoráiltear dó in Airteagal 50 CAE, gur bhain na caibidlíochtaí leis na socruithe do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, ag féachaint don chreat do ghaolmhaireacht na Ríochta Aontaithe le AE sa todhchaí, agus go raibh siad dírithe ar chobhsaíocht dhlíthiúil a sholáthar agus an cur isteach ar chúrsaí a íoslaghdú.

 

Trína cuid rún, leag an Pharlaimint síos go forchéimnitheach an chaoi a raibh léirthuiscint aicise ar fhorálacha Airteagal 50 CAE, lena n-áirítear líon ceanglas bunúsach a bhí ag teastáil le haghaidh na gcaibidlíochtaí, a mhéid a bhain lena raon feidhme agus na céimeanna éagsúla díobh.

 

Maidir leis an bParlaimint, de réir mar ar tugadh cuntas orthu ina rún an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach, ba iad na saincheisteanna tosaíochta a raibh aghaidh le tabhairt orthu ná:

 

 Stádas dlíthiúil shaoránaigh AE-27 atá nó a bhí ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá nó a bhí ina gcónaí i mBallstáit eile, lena n-áirítear cóir chothrom dóibh agus ráthaíocht go mbeidh a stádas faoi réir phrionsabail na cómhalartachta, an chothromais, na siméadrachta agus an neamh-idirdhealaithe;

 Socrú na n-oibleagáidí airgeadais idir an Ríocht Aontaithe agus AE, ar bhun chuntais bhliantúla AE arna n-iniúchadh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, lena n-áirítear a cuid dliteanas dlíthiúil go léir a eascraíonn as gealltanais atá fós uirthi, chomh maith le foráil a dhéanamh d’ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, do dhliteanais theagmhasacha agus do chostais airgeadais eile a eascraíonn go díreach mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe;

 Aitheantas don staid uathúil agus do na himthosca speisialta atá ag oileán na hÉireann, chun na héifeachtaí a bheadh ag an tarraingt siar ar an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann a mhaolú, chun leanúnachas agus cobhsaíocht an phróisis síochána a áirithiú agus chun cruachan na teorann a sheachaint.

 

I measc saincheisteanna eile a bhí ábhartha ó thaobh na Parlaiminte de, bhí soiléiriú ar an stádas atá ag tiomantais idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe a rinne sí mar Bhallstát, ráthaíochtaí deimhneachta dlíthiúla d’eintitis dhlíthiúla, lena n-áirítear cuideachtaí, agus ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE).

 

Ina rún an 3 Deireadh Fómhair 2017[20] maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe[21], dúirt an Pharlaimint go soiléir gur ghá dul chun cinn substaintiúil a dhéanamh ar chearta na saoránach, ar Éirinn agus Tuaisceart Éireann agus ar shocrú oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe sula bhféadfaí tús a chur leis an dara céim de chainteanna i dtaobh comhpháirtíocht nua agus dlúth idir AE agus an Ríocht Aontaithe. Thairis sin, thug an Pharlaimint dá haire nach mbeadh sé indéanta comhaontú i dtaobh gaolmhaireacht sa todhchaí a thabhairt i gcrích ach amháin nuair a bheadh an Ríocht Aontaithe tar éis tarraingt siar ó AE.

 

Rinne an Chomhairle Eorpach an cur chuige sin a dhaingniú ina Conclúidí an 15 Nollaig 2017. Chuir an Chomhairle Eorpach i bhfáth nach bhféadfadh na caibidlíochtaí dul chun cinn go dtí an dara céim ach amháin sa chás go léireofaí lán-urraim do na tiomantais a bhí déanta sa chéad chéim agus go ndéanfaí na tiomantais sin a aistriú go dílis isteach i dtéarmaí dlíthiúla.

 

Mar a thuairiscigh an Coimisiún ina Theachtaireacht chuig an gComhairle Eorpach (Airteagal 50) an 8 Nollaig 2017 maidir leis an dul chun cinn sa chaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe faoi Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach[22], tugadh tosaíocht do ‘thrí shaincheist ar sainaithníodh ina dtaobh tábhacht ar leith a bheith ag baint leo le haghaidh tarraingt siar rianúil a áirithiú’ sa chéad chéim de na caibidlíochtaí:

(a) Cearta na saoránach;

(b) An t-idirphlé maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann; agus

(c) An socrú airgeadais.’

 

Déileálann an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar leis na saincheisteanna sin go léir, lena n-áirítear cuid i dtaobh chearta na saoránach (Cuid a Dó), cuid i dtaobh na bhforálacha airgeadais (Cuid a Cúig) agus Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus a chuid iarscríbhinní. Maidir leis an tsaincheist faoi ról CBAE, forálann an Comhaontú um Tharraingt Siar do dhlínse ar leibhéil éagsúla, agus déanfar an tsaincheist sin a phlé anseo thíos sa rannóg faoi rialachas.

 

Maidir le stádas thiomantais idirnáisiúnta na Ríochta Aontaithe a rinne sí mar Bhallstát di, tugann an Comhaontú um Tharraingt Siar soiléiriú ar an scéal, á rá go leanfadh an Ríocht Aontaithe de bheith faoi cheangal ag comhaontuithe idirnáisiúnta AE i rith na hIdirthréimhse. Thabharfaí cead, áfach, don Ríocht Aontaithe comhaontuithe idirnáisiúnta a chaibidliú, a shíniú agus a dhaingniú, ar comhaontuithe iad a dhéanfadh sí ina cáil féin i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, ar choinníoll nach dtiocfadh na comhaontuithe sin i bhfeidhm ná nach gcuirfí i bhfeidhm iad le linn na hIdirthréimhse, mura rud é go ndéanfadh AE é sin a údarú amhlaidh.

 

Ar an gcaoi chéanna, foráiltear go cuí do ráthaíochtaí deimhneachta dlíthiúla d’eintitis dhlíthiúla, lena n-áirítear cuideachtaí, i gCuid a Trí den Chomhaontú um Tharraingt Siar ina bhfuil forálacha an idirscartha, rud a fhágann gur féidir na nósanna imeachta reatha agus an gnó reatha go léir a bhaineann le rochtain ag earraí ar an margadh, le custaim, le gnóthaí CBL agus máil, le maoin intleachtúil, le comhar póilíneachta agus breithiúnacha in ábhair choiriúla agus in ábhair shibhialta/thráchtála araon, le cosaint sonraí arna bhfáil roimh dheireadh na hIdirthréimhse, le nósanna imeachta soláthair phoiblí, le saincheisteanna Euratom agus le próisis, pribhléidí agus díolúintí breithiúnacha/riaracháin AE a thabhairt i gcrích go réidh.

 

Forálann an Comhaontú um Tharraingt Siar do tharraingt siar rianúil, arb é sin an sprioc a bhí á shaothrú ag idirbheartaithe AE agus na Ríochta Aontaithe le trí bliana anuas.

 

Le tabhairt i gcrích agus daingniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar cuireadh an t-imeacht gan mhargadh as an áireamh. Tá sé seo fíorthábhachtach go deo, mar go mbeadh impleachtaí an-suntasacha do AE agus don Ríocht Aontaithe araon ag tarraingt siar gan aon mhargadh a bheith déanta.

 

Cearta na saoránach

 

Ní fhorálann Airteagal 50 CAE do ráthaíocht stádais a bheith ag saoránaigh AE. Is féidir, áfach, na cearta sin a chosaint sa Chomhaontú um Tharraingt Siar arna thabhairt i gcrích faoi Airteagal 50 CAE. Ina rún an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht idir AE agus an Ríocht Aontaithe sa todhchaí[23], measann an Pharlaimint go bhfuil oibleagáid sháraitheach ag AE agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú gur ann do chur chuige cuimsitheach agus cómhalartach i leith cosaint a thabhairt do chearta shaoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus do chearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí orthu in AE-27.

 

Bhíothas soiléir ón tús faoi phríomhthosaíocht na Parlaiminte cosaint a thabhairt do shaoránaigh AE, agus leagadh amach é sin ina rún an 28 Meitheamh 2016 ar an gcinneadh i dtaobh fhágáil AE a tháinig ann de dhroim reifreann na Ríochta Aontaithe[24], agus rinneadh é seo a athrá i rúin uile na Parlaiminte ar Brexit ó sin. Ina cáil mar an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh uile AE, gheall an Pharlaimint go mbeadh sí gníomhach i rith an phróisis iomláin um tharraingt siar chun leasanna na saoránach a chosaint agus d’éiligh sí go seolfaí na caibidlíochtaí agus é mar aidhm leo cobhsaíocht dhlíthiúil a sholáthar agus cur isteach a íoslaghdú, chomh maith le fís shoiléir a thabhairt i dtaobh thodhchaí na saoránach agus na n-eintiteas dlítheanach.

 

Ba é príomhfhócas na Parlaiminte ná cosaint a thabhairt do shaoránaigh ó thaobh urraim a thabhairt dá mianta faoi mar a léiríodh go daonlathach i reifreann na Ríochta Aontaithe agus, níos tábhachtaí, ó thaobh maolú a dhéanamh ar an neamhchinnteacht a bhí ag eascairt as an tarraingt siar chomh maith le, a mhéid ab fhéidir é, na cearta a bhí díortha chuig na saoránaigh óna stádas roimh an tarraingt siar a choinneáil slán. Is mó go mór tábhacht atá leis seo nuair a chuirtear san áireamh go bhfuil os cionn 3 mhilliún saoránach AE sa Ríocht Aontaithe agus go bhfuil níos mó ná milliún náisiúnach de chuid na Ríochta Aontaithe san Aontas.

 

Bhí cosaint do chearta na saoránach a ndéanfadh tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ó AE difear dóibh freisin mar thosaíocht do na hinstitiúidí is mó a bhí páirteach sa phróiseas um tharraingt siar.

 

Is cur chuige mórán mar a chéile le cur chuige na Parlaiminte a bhí ag an gComhairle Eorpach sa mhéid gur leag sí síos mar cheann dá cuid príomhthosaíochtaí do na caibidlíochtaí go dtabharfaí cosaint do shaoránaigh a raibh a saol leagtha amach acu dóibh féin bunaithe ar na cearta a bhí ag gabháil le ballraíocht na Ríochta Aontaithe san Aontas.

 

Dá réir sin, dúirt an Chomhairle go soiléir sa sainordú do na caibidlíochtaí go raibh cosaint a thabhairt don stádas agus do na cearta atá ag saoránaigh AE-27 agus a dteaghlaigh sa Ríocht Aontaithe agus ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe agus ag a dteaghlaigh i mBallstáit AE-27 ina chéadtosaíocht sna caibidlíochtaí mar gheall ar an líon daoine a ndéanann an tarraingt siar difear dóibh agus mar gheall ar a thromchúise atá iarmhairtí an tarraingt siar dóibh. Ba cheart go soláthródh an Comhaontú na ráthaíochtaí éifeachtacha, in-fhorfheidhmithe, neamh-idirdhealaitheacha agus cuimsitheacha is gá le haghaidh na gceart saoránach sin, lena n-áirítear an ceart chun buanchónaí a fháil i ndiaidh thréimhse leanúnach cúig bliana de chónaí dlíthiúil agus na cearta a ghabhann leis sin’.

 

Ina dTuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017 maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim 1 den chaibidlíocht faoi Airteagal 50 CAE maidir le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as an Aontas Eorpach, thug na hidirbheartaithe forléargas mionsonraithe ar an gcomhthuiscint a thángthas air i ndáil le cearta na saoránach.

 

An 26 Meitheamh 2017, d’fhoilsigh an Ríocht Aontaithe doiciméad dar teideal ‘The United Kingdom’s exit from the European Union – Safeguarding the Position of EU Citizens Living in the UK and UK Nationals Living in the EU’, inar thug an Rialtas le fios go raibh sé mar chéadtosaíocht aige teacht ar chomhaontú i dtaobh staid shaoránaigh AE a raibh cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus staid náisiúnach na Ríochta Aontaithe a raibh cónaí orthu i dtíortha eile AE i ndiaidh an imeachta, á léiriú dó go raibh sé ar intinn aige tús áite a thabhairt do na saoránaigh sin.

 

Dá réir sin bhí aird mhór á tabhairt ag an dá pháirtí ó chéimeanna fíorluaithe na gcaibidlíochtaí ar chearta na saoránach. Go deimhin, rinneadh an chaibidil ar chearta na saoránach a chomhaontú luath go maith sa phróiseas, sa mhéid go raibh Cuid a Dó, arna comhaontú ina hiomláine, maidir le cearta na saoránach, lena n-áirítear éifeacht dhíreach a cuid forálacha, agus maidir le dlínse CBAE i leith na bhforálacha ábhartha maidir le cearta na saoránach ar fáil sa leagan tosaigh den dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar a foilsíodh an 19 Márta 2018.

 

Ina cuid rún, rinne an Pharlaimint roinnt ceanglais íosta a leagan síos a mhéid a bhain leis an inneachar ón gComhaontú um Tharraingt siar a bhí sa chaibidil ar chearta na saoránach, agus bhí an méid seo a leanas ina measc:

 

(a) Ba cheart do chónaitheoirí náisiúnta AE agus leanaí a shaolaítear i ndiaidh tharraingt siar na Ríochta Aontaithe atá incháilithe amhlaidh teacht faoi raon feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar mar dhaoine den teaghlach agus ní mar shealbhóirí cirt neamhspleácha. Thairis sin, ba cheart go bhféadfadh daoine den teaghlach sa todhchaí leanúint de thairbhe a bhaint as an gceart cónaí faoi na forálacha céanna agus atá infheidhmithe i leith daoine den teaghlach faoi láthair.

 

Sa sainmhíniú ar an raon feidhme pearsanta in Airteagal 10(1)(e) agus (f) den Chomhaontú um Tharraingt Siar áirítear daoine den teaghlach ina gceart féin, lena n-áirítear iad sin a shaolaítear do na príomhshealbhóirí cirt nó a ndéanann na príomhshealbhóirí cirt iad a uchtú go dlíthiúil i ndiaidh dheireadh na hIdirthréimhse faoi na coinníollacha a shainítear san airteagal sin. Déantar stádas daoine den teaghlach a threisiú tuilleadh le hAirteagal 17(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar ina bhforáiltear do leanúnachas na gceart atá ag daoine cleithiúnacha den teaghlach tar éis dóibh scor de bheith ina gcleithiúnaithe.

 

(b) Maidir leis an nós imeachta riaracháin, ba cheart dó a bheith ina nós imeachta tadhall-éadrom, bunaithe ar dhearbhuithe a dhéanamh agus é a bheith saor in aisce, a d’fhágfadh go mbeadh teaghlaigh in ann an nós imeachta a thionscnamh trí bhíthin dearbhú aonair agus gur ar údaráis na Ríochta Aontaithe a bheadh ualach an chruthúnais.

 

Ceadaíonn an comhaontú don stát óstach córas bunaithe ar dhearbhaithe nó córas sainbhunaitheach a roghnú. Go dtí seo, tá an Ríocht Aontaithe agus thart ar leath na mBallstát tar éis córas sainbhunaitheach a roghnú.

 

In Airteagal 18 den Chomhaontú um Tharraingt Siar sainítear an nós imeachta riaracháin is infheidhme, agus foráiltear ann gurb é is cuspóir dó ná a fhíorú cibé an bhfuil an t-iarratasóir i dteideal cearta cónaithe arna ndeonú ag an gComhaontú um Tharraingt Siar. Bunaítear ann na ceanglais don nós imeachta iarratais, agus fós féachtar ann lena áirithiú go bhfuil an nós imeachta chomh simplithe agus is féidir agus chomh hoiriúnach agus is féidir don iarratasóir.

 

Mar shampla, déanfar iarratais a dhéanann teaghlaigh san aon am amháin a bhreithniú in éineacht.

 

Thairis sin, de réir phointí (g) agus (h) d’Airteagal 18(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar tá na doiciméid a chruthaíonn stádas na ndaoine atá cumhdaithe leis an gComhaontú um Tharraingt Siar le heisiúint saor in aisce.

 

(c) Ba cheart go mbeadh na sochair uile a shainítear i reachtaíocht AE in-onnmhairithe.

 

De réir Airteagal 31 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, beidh Rialachán (CE) Uimh. 883/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2004 maidir le comhordú na gcóras slándála sóisialta[25] fós infheidhme dóibh siúd atá cumhdaithe leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

 

Na daoine sin a bheidh cumhdaithe amhlaidh, coimeádfaidh siad a gceart chun sochair slándála sóisialta, agus má tá siad i dteideal sochair in aon tír amháin beidh siad, i bprionsabal, i dteideal é a fháil má aistríonn siad go tír eile.

 

(d) Maidir le cinntí ó CBAE a bhaineann le léirmhíniú ar fhorálacha a bhaineann le cearta na saoránach, ba cheart go mbeidís ceangailteach.

 

Is féidir le saoránaigh AE brath go díreach ar an gComhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann le cearta na saoránach i gcúirteanna na Ríochta Aontaithe agus is féidir le náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe déanamh amhlaidh i mBallstáit AE.

 

Thairis sin, caithfidh cúirteanna na Ríochta Aontaithe, i gcomhréir le hAirteagal 4(4) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, cásdlí CBAE a eascraíonn as rialú na Cúirte sin go dtí deireadh na hIdirthréimhse a léirthuiscint go leanúnach agus aird chuí a thabhairt ar an gcásdlí a eascróidh as rialú na Cúirte i ndiaidh an dáta sin (Airteagal 4(5) den Chomhaontú um Tharraingt Siar). Féadfaidh cúirteanna na Ríochta Aontaithe réamhrialuithe a iarraidh ar CBAE maidir le léirmhíniú a thabhairt ar an gcuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar a bhaineann le saoránaigh ar feadh ocht mbliana ó dheireadh na hIdirthréimhse. Beidh na héifeachtaí dlíthiúla sa Ríocht Aontaithe a bheidh ag rialuithe den sórt sin mar a chéile leis na héifeachtaí dlíthiúla a bheidh ag réamhrialuithe a thugtar faoi Airteagal 267 CFAE (Airteagal 158(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar).

 

(e) Foráil a dhéanamh don ról a bheidh ag údarás náisiúnta neamhspleách sa todhchaí, a chruthófar chun gníomhú de dhroim gearáin ó shaoránaigh.

 

I gcomhréir le hAirteagal 159 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, déanfaidh an Coimisiún san Aontas agus, sa Ríocht Aontaithe, údarás ag a mbeidh cumhachtaí atá coibhéiseach leo sin atá ag an gCoimisiún, faireachán ar chur chun feidhme agus ar chur i bhfeidhm na coda den Chomhaontú um Tharraingt Siar a bhaineann le cearta na saoránach. Ba cheart go mbeadh údarás den sórt sin ina chomhlacht atá go fírinneach neamhspleách. In aon chás, faoi Airteagal 159(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá sé d’oibleagáid ar an gCoimisiún agus ar an Údarás Faireacháin Neamhspleách faisnéis a sholáthar don Choiste speisialta um chearta na saoránach (Airteagal 165(1) den Chomhaontú um Tharraingt Siar) i dtaobh chur chun feidhme na coda den chomhaontú a bhaineann le cearta na saoránach in AE agus sa Ríocht Aontaithe, faoi seach.

 

Níl cur ar bun, comhdhéanamh agus feidhmeanna an údaráis neamhspleách sainithe, áfach, sa Chomhaontú um Tharraingt Siar ach tá siad bunaithe sa Bhille um an Aontas Eorpach (Comhaontú um Tharraingt Siar) de chuid na Ríochta Aontaithe. Ina rún an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bhforálacha maidir le cearta na saoránach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar[26] dúirt an Pharlaimint gurbh ábhar buartha di na forálacha ar an údarás a bhí sa Bhille, go háirithe a mhéid a bhain lena bheith dáiríre neamhspleách.

 

Is comhréiteach idir AE agus an Ríocht Aontaithe atá sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, lena n-áirítear i gcás chearta na saoránach. Ní fhéadfadh na forálacha ar chearta na saoránach atá ann a bheith ag féachaint leis an stádas iomlán a thugtar do shaoránaigh AE faoi CAE agus CFAE a dheonú, ar stádas é sin atá bunaithe ar bhallraíocht de AE. Is é príomhchuspóir an chomhaontaithe ná formhór na gceart sin a choimirciú agus a ráthú agus, go háirithe, na cearta sin a thugann an deis d’fhormhór na saoránach a ndéanfar difear dóibh an rogha saoil a rinne siad bunaithe ar shaorghluaiseacht go dtí deireadh na hIdirthréimhse a choimeád.

 

An 12 Samhain 2019, d’eisigh GSB ráiteas i dtaobh na bhforálacha maidir le cearta na saoránach atá sa Chomhaontú um Tharraingt siar a chur chun feidhme sa Ríocht Aontaithe agus in AE-27, i bhfianaise go raibh roinnt réimsí buartha ann a mhéid a bhain le Scéim Lonnaíochta AE na Ríochta Aontaithe. Dhearbhaigh an Pharlaimint na buarthaí sin i rún an 15 Eanáir 2020 thuasluaite, maidir le cur chun feidhme Chuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus go háirithe i dtaca leis na saincheisteanna seo a leanas:

 

 An cion ard iarratasóirí ar Scéim Lonnaíochta AE nár tugadh ach stádas réamhlonnaithe dóibh;

 Neamhspleáchas an Údaráis Faireacháin Neamhspleách dá dtagraítear in Airteagal 159 den Chomhaontú um Tharraingt Siar;

 Na hiarmhairtí féideartha a bheadh ann do shaoránaigh AE a mhainneodh iarratas a dhéanamh ar an Scéim Lonnaíochta AE roimh an sprioc-am den 30 Meitheamh 2021;

 Gan aon doiciméad fisiceach a bheith á eisiúint ag deireadh an nós imeachta iarratais, rud a mhéadaíonn an baol neamhchinnteachta i dtaca le cruthúnas stádais agus an baol go ndéanfaí idirdhealú in aghaidh shaoránaigh AE-27;

 Na bearta a bhí i bhfeidhm chun aghaidh a thabhairt ar chás saoránach soghonta i gcomhthéacs an nós imeachta iarratais;

 Infheidhmeacht Scéim Lonnaíochta AE i leith shaoránaigh AE-27 i dTuaisceart Éireann nach ndearna saoránacht na Breataine a lorg faoi Chomhaontú Aoine an Chéasta.

 

Leanfaidh Parlaimint na hEorpa d’fhaireachán an-dlúth a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar ina iomláine, agus ar an gcaibidil faoi chearta na saoránach go háirithe.

 

Éire agus Tuaisceart Éireann

 

Comhaontú Aoine an Chéasta a choimirciú

 

Bhí buairt ar leith ar an Aontas Eorpach agus a chuid institiúidí, go háirithe an Pharlaimint, i dtaobh na n-iarmhairtí a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar Thuaisceart Éireann agus a ghaolmhaireacht sa todhchaí le hÉirinn. Go deimhin, d’fhéadfadh imeacht cheann de chomhráthóirí Chomhaontú Aoine an Chéasta ó AE a bheith ina chúis le dibhéirseachtaí eacnamaíocha agus dlíthiúla as a leanfadh deacrachtaí i gcur chun feidhme an chomhaontaithe sin atá ina chreat bunriachtanach don tsíocháin, don chomhar agus don tuiscint ar oileán na hÉireann.

 

D’fhéadfadh éifeachtaí trioblóideacha a bheith ag Brexit, go bunúsach i ndáil le trí ghné ar leith: cobhsaíocht an phróisis síochána, nádúr na teorann agus an comhar trasteorann, agus comhionannas agus cearta[27].

 

Dúirt an Pharlaimint go soiléir go raibh sé ríthábhachtach an tsíocháin a choimirciú agus Comhaontú Aoine an Chéasta a chaomhnú san uile ghné de, agus gach rud ab fhéidir a dhéanamh chun cruachan na teorann a sheachaint. Dá bhrí sin tá sé ráite arís agus arís eile aici, ina cuid rún agus ina cuid ráiteas trí GSB, gur cheart go mbeadh cúlstop atá inoibrithe, oibríochtúil de réir an dlí agus uilefhóinteach ann le haghaidh na teorann idir Éire agus Tuaisceart Éireann a bheadh in ann aghaidh a thabhairt ar na himthosca uathúla a bhí ar na bacáin d’oileán na hÉireann.

 

D’áitigh an Pharlaimint freisin go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh tiomantas ann ón Ríocht Aontaithe; á áirithiú di nach dtarlóidh aon laghdú ar na cearta, coimircí agus comhionannas deiseanna mar a leagtar amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, agus fós á áitiú di go n-urramófar trasuí na n-eilimintí uile den Chomhlimistéar Taistil agus cearta saorghluaiseachta shaoránaigh AE, mar atá neadaithe i ndlí AE agus i gComhaontú Aoine an Chéasta[28].

 

Óna taobh siúd de, d’iarr an Chomhairle Eorpach, ina Treoirlínte an 29 Aibreán 2017, go n-aimseofaí ‘réiteach solúbtha, cruthaitheach’ chun aghaidh a thabhairt ar ‘na cúinsí uathúla ar oileán na hÉireann, a mbeidh sé ar cheann dá chuid aidhmeanna teorainn chrua a sheachaint, agus iomláine dhlíchóras an Aontais á hurramú ag an am céanna.’

 

Tháinig Comhaontú Aoine an Chéasta i bhfeidhm in 1998 agus leis sin cruthaíodhna dálaí a chuir deireadh le beagnach tríocha bliain de choinbhleacht i dTuaisceart Éireann’; ‘réitigh sé an bealach do thréimhse mharthanach sách síochánta a ndearnadh Tionól Thuaisceart Éireann a thoghadh lena linn, mar aon le Feidhmeannas comhroinnte cumhachta a bhunú chomh maith le feabhas suntasach a chur ar an gcaidreamh polaitiúil idir Tuaisceart Éireann agus Éire, cur chun cinn ar chearta an duine agus ar chomhionannas, méadú as cuimse ar chomhar trasteorann agus samplaí suntasacha de chomhtháthú eacnamaíoch, chomh maith le hidirspleáchas méadaithe ar oileán na hÉireann’[29].

 

Cé gur chuir an dá pháirtí sna caibidlíochtaí um tharraingt siar i bhfáth go láidir agus go leanúnach go raibh siad tiomanta seasamh le Comhaontú Aoine an Chéasta ina ghnéithe uile, tharla sé go raibh an tsaincheist faoi Éirinn/Tuaisceart Éireann thar a bheith íogair ar an leibhéal polaitiúil agus go deimhin gur tháinig sé chun bheith ar an gceann is casta de na trí phríomhthosaíocht a bhí ann don tarraingt siar rianúil.

 

Réiteach tosaigh an chúlstop

 

Ina dTuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017 maidir leis an dul chun cinn a rinneadh le linn chéim 1 den chaibidlíocht, dhearbhaigh AE agus an Ríocht Aontaithe go mbeadh gnóthachain, tairbhithe agus tiomantais an phróisis síochána fós ríthábhachtach don tsíocháin, don chobhsaíocht agus don athmhuintearas agus chomhaontaigh siad go gcaithfí Comhaontú Aoine an Chéasta a chosaint ina ghnéithe uile. Is tiomantais chomhpháirteacha a bhí ansin a bhí comhaontaithe ag an dá pháirtí.

 

Maidir le réiteach a cheapadh do na saincheisteanna a bhí idir chamáin, áfach, chruthaigh sé sin a bheith fíorchasta mar gheall ar an gcomhthéacs mórpholaitithe agus freisin mar gheall ar dheacrachtaí praiticiúla. Mórdheacracht a bhí ann ná modhanna inoibrithe[30] a fháil nach ndéanfadh aon chruachan ar an teorainn agus, ar lámh amháin, urraim a léiriú ag an am céanna do na línte dearga a bhí leagtha síos ag an Ríocht Aontaithe – eadhon nach bhféadfadh sí a thuilleadh a bheith ina páirt den mhargadh aonair agus den aontas custaim – agus ar an lámh eile, urraim a léiriú do threoirphrionsabail AE sna caibidlíochtaí. Is é a bhí anseo go bunúsach, mar a sainíodh i dTreoirlínte an 29 Aibreán 2017 ón gComhairle Eorpach, ná ‘teorainn chrua a sheachaint, agus iomláine dhlíchóras an Aontais á hurramú ag an am céanna’.

 

I dTuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017 thuasluaite, tháinig an dá pháirtí ar chomhaontú go molfadh an Ríocht Aontaithe réitigh shonracha, mar dhara rogha, chun aghaidh a thabhairt ar imthosca uathúla oileán na hÉireann, mura bhféadfaí mian na Ríochta Aontaithe a shásamh go ndéanfadh sí a cuspóirí d’Éirinn/Tuaisceart Éireann a ghnóthú tríd an ngaolmhaireacht fhoriomlán sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

In éagmais réiteach comhaontaithe den chineál sin, an tríú rogha a bheadh ann ná go gcaomhnódh an Ríocht Aontaithe ailíniú iomlán le rialacha an mhargaidh inmheánaigh agus an aontais custaim, a thacaíonn le comhar thuaidh-theas, geilleagar uile-oileánda agus cosaint Chomhaontú Aoine an Chéasta. Sna himthosca uile, leanfadh an Ríocht Aontaithe de bheith ag áirithiú go mbeadh an rochtain chéanna gan srian ag gnólachtaí i dTuaisceart Éireann ar mhargadh inmheánach na Ríochta Aontaithe ina iomláine.

 

Bhí an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar, arna fhoilsiú an 19 Márta 2018, deartha ar bhonn na tríú rogha sa Tuarascáil Chomhpháirteach – an réiteach cúlstop mar a thugtar air – a raibh sé mar aidhm leis comhar thuaidh-theas a chosaint agus teorainn chrua a sheachaint. Rinneadh foráil sa téacs do chosaint an Chomhlimistéir Taistil, ar thángthas ar chomhaontú idir AE agus an Ríocht Aontaithe i leith a chaomhnaithe.

 

Chun seiceálacha teorann a sheachaint, bhí ailíniú iomlán le dlí an Aontais i dtaca le hearraí, rialacha maidir le tréidliacht agus sláinte plandaí, agus cur i bhfeidhm chód custaim AE i leith Thuaisceart Éireann, san áireamh sa réiteach molta.

Bhí sé mar thiomantas fós, áfach, plé a dhéanamh ar gach ceann den trí rogha a leagtar amach i mír 49 den Tuarascáil Chomhpháirteach. Mar sin féin, níor comhaontaíodh cuid shubstaintiúil de théacs an Phrótacail, arna chur isteach, ag an am sin.

An réiteach cúlstop arna mholadh ag Rialtas na Ríochta Aontaithe

 

Bhí sé deacair teacht ar réiteach saincheaptha ‘solúbtha agus cruthaitheach’, ar chúiseanna polaitiúla a raibh nasc idir iad agus línte dearga Rialtas na Ríochta Aontaithe agus ar chúiseanna dlíthiúla freisin, a d’eascair as ollstruchtúr bunreachtúil AE agus na Ríochta Aontaithe araon.

 

Ós rud é gurbh é ‘mian’ na Ríochta Aontaitheimeacht ón margadh aonair, ón aontas custaim agus ó dhlínse Chúirt Bhreithiúnais AE (CBAE)’, ba shuntasach an dúshlán ó thaobh cúrsaí polaitiúla de[31]. Ó thaobh cúrsaí dlíthiúla de, ba theorainneacha suntasacha ar réitigh dhifreálaithe iad sláine ord dlíthiúil AE agus, don Ríocht Aontaithe, sláine na Ríochta Aontaithe mar chríoch chustaim aonair. Go deimhin, i dTuarascáil Chomhpháirteach an 8 Nollaig 2017, gheall na páirtithe sásraí a bhunú lena n-áiritheofaí go ndéanfaí sláine mhargadh inmheánach AE agus an aontais custaim a choimirciú le cur chun feidhme nó formhaoirseacht aon socraithe ar leith. Chomh maith leis sin, mheabhraigh an Ríocht Aontaithe a tiomantas sláine a margaidh inmheánaigh agus áit Thuaisceart Éireann sa mhargadh sin a chaomhnú, agus í ag imeacht ó mhargadh inmheánach AE agus ón aontas custaim.

 

Lean an obair ar aghaidh ar bhonn cleachtadh mapála de chomhar trasteorann thuaidh-theas[32], agus ar mheasúnú ar na forálacha is gá chun téacs a bheadh inoibrithe de réir an dlí a áirithiú maidir le saincheist na hÉireann/Thuaisceart Éireann. Sa ráiteas comhpháirteach uathu an 19 Meitheamh 2018, d’aithin na páirtithe go raibh gá le forálacha maidir le hailíniú custaim agus rialála do chúlstop na hÉireann/Thuaisceart Éireann, i gcomhréir le mír 49 de Thuarascáil Chomhpháirteach Nollaig 2017.

 

Dearadh an cúlstop ar bhonn moltaí ó Rialtas na Ríochta Aontaithe, a bhí ag lorg ‘réitigh shaincheaptha’ ar ‘imthosca uathúla Thuaisceart Éireann’ mar ‘chuid chomhtháite de gheilleagar na Ríochta Aontaithe (...) atá lán-chomhtháite le geilleagar na hÉireann, go háirithe i réimsí amhail an earnáil agraibhia’, ag aithint, ag an am céanna, go raibh sé ‘deacair a shamhlú conas a d’fhéadfadh Tuaisceart Éireann fanacht ar bhealach éigin nuair a d’imeodh an chuid eile den tír’[33].

 

Bhí sé mar aidhm leis an téacs arna chomhaontú ar deireadh ar leibhéal na n-idirbheartaithe an 14 Samhain 2018, ag deireadh na gcaibidlíochtaí, freagairt do na dúshláin thuasluaite atá cruthaithe ag imthosca uathúla na hÉireann agus Thuaisceart Éireann do AE agus don Ríocht Aontaithe.

 

Rinneadh foráil sa téacs do réiteach cúlstop bunaithe ar mholadh na Ríochta Aontaithe go mbeadh críoch chustaim aonair ann idir AE agus an Ríocht Aontaithe ina hiomláine. Ní thiocfadh an réiteach i bhfeidhm ach amháin mura mbeadh comhaontú ina dhiaidh sin ar an ngaolmhaireacht sa todhchaí tugtha i gcrích ag AE agus an Ríocht Aontaithe faoin 1 Iúil 2020.

 

Dá bhrí sin, leagadh amach i ndréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar Shamhain 2018 mian comhroinnte na bpáirtithe caibidlíocht a dhéanamh maidir le comhaontú todhchaíoch a ghlacfadh áit an Phrótacail, rud a chuir oibleagáid orthu iarracht a dhéanamh comhaontú den chineál sin a thabhairt chun críche agus a dhaingniú.

 

Cuireadh an cúlstop isteach sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar mar chosaint, agus dearadh é sa chaoi nach dtiocfadh sé i bhfeidhm ach amháin mura mbeadh aon chomhaontú todhchaíoch ann ag deireadh na hIdirthréimhse.

 

Is é an aidhm a bhí ag na páirtithe dá bhrí sin, agus é luaite go soiléir le foráil leordhóthanach dó sa téacs reachtach, ná nach mbeadh gá ann an cúlstop a thionscnamh, ar thaobh amháin, agus gealltanas a thabhairt go n-oibreoidís go gasta ar an gcomhaontú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí, ar an taobh eile.

 

Agus aghaidh á tabhairt aige ar an gconspóid i ndáil leis an gcúlstop tar éis thabhairt i gcrích na gcaibidlíochtaí, rinne an tAontas Eorpach gach dícheall soiléiriú a thabhairt dá chontrapháirtithe sa Ríocht Aontaithe maidir leis an tábhacht a bhain le forálacha an Phrótacail, go dtí an oíche roimh an gcéad vótáil thábhachtach i dTeach na dTeachtaí sa Ríocht Aontaithe, agus ag an am céanna, dhiúltaigh sé gurbh ann d’fhéidearthacht na caibidlíochtaí a athoscailt, a raibh soiléiriú tugtha ina leith ag an gComhairle Eorpach (Airteagal 50) le linn an chruinnithe speisialta a bhí aici an 13 Nollaig 2018.

 

Go deimhin, i litir ó Uachtarán na Comhairle Eorpaí agus Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh chuig an bPríomh-Aire Theresa May an 14 Eanáir 2019, tugadh soiléiriú maidir leis an gcúlstop, trí athdhearbhú a thabhairt don Ríocht Aontaithe nár theastaigh ón Aontas Eorpach go dtiocfadh an cúlstop i bhfeidhm, agus go raibh sé de rún aige comhaontú a chur in áit an chúlstop ina dhiaidh sin a luaithe agus arbh fhéidir.

 

Dhiúltaigh Parlaimint na Ríochta Aontaithe, áfach, don leagan sin den Chomhaontú um Tharraingt Siar i vótáil trí huaire i ndiaidh a chéile, i.e. an 15 Eanáir, an 12 Márta agus an 29 Márta 2019.

 

Athrú cur chuige ag Rialtas na Ríochta Aontaithe

 

Tar éis don Phríomh-Aire Theresa May éirí as agus tar éis Rialtas nua a chur le chéile sa Ríocht Aontaithe, dúirt an Príomh-Aire nua, Boris Johnson, sa ráiteas uaidh an 25 Iúil 2019 maidir le tosaíochtaí an rialtais, nach bhféadfadh an Ríocht Aontaithe glacadh leis an margadh arna chaibidliú leis an bPríomh-Aire a bhí ann roimhe. Mheas an Príomh-Aire nua go gcaithfí an cúlstop a bhaint agus saincheisteanna na teorann in Éirinn a réiteach i gcomhthéacs comhaontú todhchaíoch idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

Sna conclúidí uaithi an 10 Aibreán 2019, dúirt an Chomhairle Eorpach ‘nach bhféadfaí an Comhaontú um Tharraingt Siar a oscailt agus gur cheart d’aon ghealltanas nó ráiteas aontaobhach nó aon ghníomh aontaobhach eile a bheith comhoiriúnach le brí agus meon an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus gan a chur chun feidhme a bhacadh’. Sa chomhthéacs sin, dheimhnigh an Príomh-Idirbheartaí, Michel Barnier, go raibh AE toilteanach fós anailís a dhéanamh ar mholtaí a bheadh oibríochtúil de réir an dlí ón Ríocht Aontaithe a bheadh comhoiriúnach leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Lean na cainteanna idir AE agus an Ríocht Aontaithe ar aghaidh dá bhrí sin d’fhonn teacht ar shocruithe eile, ina bhféadfaí réiteach inoibrithe, a d’fheidhmeodh de réir an dlí do na himthosca uathúla ar oileán na hÉireann, a chur sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

 

Ag tús mhí Dheireadh Fómhair 2019, thíolaic Rialtas na Ríochta Aontaithe moltaí nua i gcomhair Prótacal athbhreithnithe maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, inar áiríodh an méid seo a leanas: (1) crios rialála aonair d’earraí ar oileán na hÉireann, (2) dhéanfaí dhá chríoch chustaim éagsúla ar leith as AE agus an Ríocht Aontaithe, agus dhéanfaí na seiceálacha custaim uile amach ón teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann, agus (3) bheadh sé de chumhacht ag Tionól Thuaisceart Éireann agus ag a Fheidhmeannas, ar an gcéad dul síos, a dtoiliú a thabhairt go dtiocfadh an crios rialála aonair i bhfeidhm, agus ina dhiaidh sin, gach ceithre bliana, a fhormheas go leanfadh sé ar aghaidh.

 

Is iad na príomhchuspóirí a bhí ag Rialtas na Ríochta Aontaithe ná a áirithiú go mbeadh an Ríocht Aontaithe iomlán i gcríoch chustaim aonair, chun smacht ar a bheartas trádála seachtraí a fháil ar ais agus chun díriú níos lú ar leanúint ar aghaidh le trádáil shaoráideach idir AE agus an Ríocht Aontaithe i gcoitinne.

 

Mheas Príomh-Idirbheartaí AE, Michel Barnier, go n-ardaítear mórfhadhbanna le moltaí na Ríochta Aontaithe, toisc go gcuirfidís sláine mhargadh inmheánach AE agus an aontais custaim i mbaol dáiríre toisc nach ndéantar foráil leo do sheiceálacha custaim agus rialála atá oibríochtúil agus inchreidte ag an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann, a ndéanfaí dhá dhlínse dhifriúla díobh.

 

Maidir le toiliú daonlathach, cé gur ghlac sé le hiniúchadh a dhéanamh ar an tuairim ról níos tábhachtaí a thabhairt d’institiúidí Thuaisceart Éireann i gcur i bhfeidhm an Phrótacail, mheas Príomh-Idirbheartaí AE go gciallódh an moladh go mbeadh cur i bhfeidhm an Phrótacail coinníollach ar chinneadh aontaobhach ó institiúidí Thuaisceart Éireann.

 

Ar na cúiseanna sin, ní fhéadfaí glacadh leis na moltaí sin, toisc gurb é a bheadh i gceist leo ná réiteach iomlán hipitéiseach agus sealadach a chur in ionad réiteach oibríochtúil, praiticiúil agus dlíthiúil.

 

D’fhreagair GSB do mholtaí na Ríochta Aontaithe thar cheann na Parlaiminte le ráiteas an 3 Deireadh Fómhair 2019, lenar fógraíodh nárbh ionann moltaí na Ríochta Aontaithe agus bunús i gcomhair comhaontú a dtabharfadh an Pharlaimint a toiliú ina leith. Go bunúsach, is iad na cúiseanna imní a bhí ag GSB ná go ndearna moltaí na Ríochta Aontaithe maidir le custaim agus gnéithe rialála foráil go sainráite do bhonneagar, rialuithe agus seiceálacha, a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh don gheilleagar uile-oileánda. Maidir le toiliú Thionól Thuaisceart Éireann a bheith de dhíth, chiallódh sé go mbeadh an comhaontú éiginnte agus go mbeadh sé ag brath ar chinntí sealadacha agus aontaobhacha, agus go mbeadh sé coinníollach orthu, in ionad na deimhneachta a bheadh ann leis an gcúlstop. Bhí an Pharlaimint sásta éisteacht le gach moladh, áfach, ar choinníoll go mbeidís inchreidte, go bhfeidhmeoidís de réir an dlí agus go mbeadh an éifeacht chéanna acu agus a bhí ag na comhréitigh arna ngnóthú sa Chomhaontú um Tharraingt Siar.

 

An téacs deiridh comhaontaithe

 

Lean dian-chainteanna na laethanta dar gcionn go dtí gur fhógair an Coimisiún, an 17 Deireadh Fómhair 2019, go raibh comhairle tugtha aige don Chomhairle Eorpach (Airteagal 50) an comhaontú arna ghnóthú ar leibhéal na nIdirbheartaithe maidir le téacs athbhreithnithe den Chomhaontú um Tharraingt Siar a fhormhuiniú, lenar áiríodh Prótacal athbhreithnithe maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus formheas a thabhairt do dhearbhú polaitiúil athbhreithnithe maidir le creat na gaolmhaireachta sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

Maidir leis na hIdirbheartaithe, dúirt an Príomh-Idirbheartaí ‘gur éirigh leo réitigh a aimsiú a thug lán-urraim do shláine an Mhargaidh Inmheánaigh [agus] a chruthaigh réiteach nua a bheadh inoibrithe de réir an dlí chun teorainn chrua a sheachaint, agus chun síocháin agus cobhsaíocht ar oileán na hÉireann a chosaint. Is réiteach é a oibríonn do AE, don Ríocht Aontaithe agus do dhaoine agus gnólachtaí i dTuaisceart Éireann’.

 

An t-athrú is suntasaí ná go ndearna an Prótacal athbhreithnithe réiteach an ‘chúlstop’ agus an t-aontas custaim aonair idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bhaint as. Faoin bPrótacal athbhreithnithe, tá Tuaisceart Éireann go hiomlán páirteach i gcríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, agus reachtaíocht chustaim AE á cur i bhfeidhm ann (Airteagal 5(3) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann). Ní bheidh taraifí infheidhme i leith earraí agus iad ag gluaiseacht ón mBreatain Mhór go dtí Tuaisceart Éireann, mura rud é go mbeadh baol ann go ngluaisfeadh na hearraí sin isteach in AE, agus sa chás go mbeadh an baol sin ann bheadh na hearraí sin faoi réir dhleachtanna custaim AE agus faoi réir rialacha AE maidir le CBL. Leis sin, d’áiritheofaí nach mbeadh gá le seiceálacha nó rialuithe custaim, ach go mbeadh gá le nósanna imeachta riaracháin chun a chinntiú go gcomhlíonfadh earraí a ghluaisfeadh isteach in AE an reachtaíocht ábhartha.

 

Tríd an gcríoch chustaim aonair idir AE agus an Ríocht Aontaithe a bhaint as, fágadh gur thit na rialacha maidir le machaire chomhréidh ar lár. Mar sin féin, fanfaidh Tuaisceart Éireann ailínithe le tacar sainithe rialacha a bhaineann leis an margadh aonair, lena n-áirítear reachtaíocht maidir le hearraí, rialacha sláintíochta do rialuithe tréidliachta, rialacha maidir le táirgeadh/margaíocht talmhaíochta, CBL agus dleachtanna máil ar earraí agus rialacha Státchabhrach, agus iad sin uile chun teorainn chrua a sheachaint. Beidh feidhm freisin ag rialacha Státchabhrach AE maidir leis an Ríocht Aontaithe a mhéid a bhaineann le bearta a dhéanann difear don trádáil idir Tuaisceart Éireann agus AE.

 

Déanfar seiceálacha agus rialuithe riachtanacha ar earraí a ‘chur chun feidhme ag an teorainn idir Tuaisceart Éireann agus an Chuid Eile den Domhan nó ar thrádáil a ghluaiseann ón Oirthear chuig an Iarthar idir an Bhreatain Mhór agus Tuaisceart Éireann [...] Beidh nádúr leictreonach ag na próisis sin den chuid is mó agus beidh baint ag aon seiceálacha ar earraí le hailíniú rialála go príomha, seachas le comhlíonadh custaim’[34].

 

Beidh an Ríocht Aontaithe freagrach as forálacha dhlí AE is infheidhme mar thoradh ar an bPrótacal a chur chun feidhme ach beidh sé de cheart ag ionadaithe AE maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na Ríochta Aontaithe sa chomhthéacs sin. Coimeádfaidh CBAE a dlínse maidir le cur chun feidhme fhorálacha an Phrótacail a bhaineann le custaim agus ailíniú rialála[35].

 

Tá sé mar aidhm leis na réitigh arna mbunú sa Phrótacal nua seiceálacha a sheachaint ag an teorainn idir Éire agus Tuaisceart Éireann, lena ráthófar nach mbeidh teorainn chrua eatarthu agus lena gcosnófar sláine an mhargaidh aonair agus aontas custaim AE ag an am céanna. Déantar foráil leis do bhuanstádas in ionad ‘cosaint’ atá coinníollach ar chomhaontú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí a thabhairt i gcrích.

 

Rud nua suntasach atá sa Phrótacal athbhreithnithe ná go mbeidh sé coinníollach ar ‘thoiliú’ na gComhaltaí de Thionól Thuaisceart Éireann, a chinnfidh an leanfar le cur i bhfeidhm dhlí ábhartha AE i dTuaisceart Éireann. Tá difríocht mhór idir na téarmaí don toiliú sin agus na téarmaí a mhol an Ríocht Aontaithe ar dtús, agus áirithítear intuarthacht agus cobhsaíocht go ceann roinnt blianta ar a laghad leis an téacs.

 

Tiocfaidh an Prótacal i bhfeidhm ó dheireadh na hIdirthréimhse, i gcomhréir le mír 5 d’Airteagal 185 den Chomhaontú um Tharraingt Siar. Faoi Airteagal 18 den Phrótacal, áfach, i bpáirt le dearbhú aontaobhach na Ríochta Aontaithe maidir le hoibriú na forála i dtaca le ‘Toiliú daonlathach i dTuaisceart Éireann’ sa Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann[36], ceithre bliana tar éis dheireadh na hIdirthréimhse, déanfaidh Tionól Thuaisceart Éireann cinneadh maidir le cé acu leanúint nó gan leanúint d’Airteagail 5 go 10 den Phrótacal (socruithe rialála, custaim agus margaidh) a chur i bhfeidhm. I gcás formheasta i ndiaidh na tréimhse tosaigh sin, athnuafar an toiliú ceithre bliana ina dhiaidh sin, má fhormheasann tromlach na gComhaltaí de Thionól Thuaisceart Éireann é ó thús, nó ocht mbliana ina dhiaidh sin, má fhormheastar é le tacaíocht trasphobail, de réir bhrí Airteagal 18(6)(a) den Phrótacal. I gcás ina ndiúltaítear leanúint le cur i bhfeidhm na bhforálacha sin, ní bheidh feidhm acu a thuilleadh dhá bhliain tar éis an vóta.

 

Cé nach bhfuil an Prótacal coinníollach ar chomhaontú todhchaíoch a thuilleadh, is léir ó Airteagal 13(8) ann go bhféadfadh comhaontú den sórt sin teacht ina áit, go hiomlán nó go páirteach.

 

Leis an bPrótacal, soláthraítear réiteach a bheadh oibríochtúil de réir an dlí agus a bheidh buan, lena seachnaítear teorainn chrua agus lena gcosnaítear geilleagar an oileáin uile agus gach gné de Chomhaontú Aoine an Chéasta, agus coimirciú á dhéanamh ag an am céanna ar an margadh aonair.

 

Thairis sin, déantar foráil ann maidir le caomhnú an Chomhlimistéir Taistil, le lán-urraim do chearta shaoránaigh na hÉireann i dTuaisceart Éireann a eascraíonn as dlí AE.

 

Socrú oibleagáidí airgeadais na Ríochta Aontaithe

 

Bhí conspóid mhór ann maidir le socrú oibleagáidí airgeadais an dá pháirtí mar thoradh ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ag fíorthús an phróisis mar gheall ar an méid a luadh sna meáin a bhí le socrú (EUR 60 billiún) agus mheas daoine áirithe i ndáil leis sin ‘go bhféadfadh sé gurb é an chonstaic is mó a bhí roimh Brexit rianúil’[37].

 

Ó thaobh AE de, in ionad teacht ar fhigiúr, is é an aidhm a bhí ann ná modheolaíocht a shainiú lena n-áiritheofaí go ndéanfadh AE agus an Ríocht Aontaithe araon gach oibleagáid a urramú, ar oibleagáidí iad a d’eascair as ballraíocht na Ríochta Aontaithe in AE, ar bhonn an phrionsabail gur gá do 28 mBallstát gealltanais 28 mBallstát a sheasamh. Comhaontaíodh an mhodheolaíocht sin go luath sna caibidlíochtaí.

 

Mar a tharlaíonn sé, ina hóráid i bhFlórans an 22 Meán Fómhair 2017, thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe ag an am, Theresa May, le fios go soiléir go gcomhlíonfadh an Ríocht Aontaithe na gealltanais a bhí déanta aici le linn a ballraíochta in AE.

 

Ar thaobh AE, chinn an Chomhairle Eorpach, i dTreoirlínte an 29 Aibreán 2017 uaithi, go mbeadh gá le socrúchán airgeadais aonair ionas go mbeadh tarraingt siar rianúil ann, lena n-áiritheofaí go ndéanfadh AE agus an Ríocht Aontaithe araon na hoibleagáidí a d’eascair as tréimhse iomlán bhallraíocht na Ríochta Aontaithe in AE, lena gcumhdófaí gach gealltanas agus dliteanas, a urramú.

 

Ó thaobh na Parlaiminte de, ba léir gur cheart don Ríocht Aontaithe a hoibleagáidí dlíthiúla, airgeadais agus buiséadacha uile a chomhlíonadh, lena n-áirítear a gealltanais faoi chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) 2014-2020, go dtí agus tar éis an dáta ar a dtarraingeodh sí siar. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh ar na hoibleagáidí sin sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, lena n-áirítear na hoibleagáidí arna dtabhú ag AE, trí shocrúchán airgeadais aonair bunaithe ar chuntais bhliantúla AE arna n-iniúchadh ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, lena gcumhdófaí a cuid dliteanais dhlíthiúla go léir a eascraíonn as gealltanais atá fós uirthi, chomh maith le foráil a dhéanamh d’ítimí lasmuigh den chlár comhardaithe, do dhliteanais theagmhasacha agus do chostais airgeadais eile a bhaineann go díreach leis an tarraingt siar.

 

Leis an sainordú do na caibidlíochtaí a ghlac an Chomhairle an 22 Bealtaine 2017, sainíodh na prionsabail ar cheart dóibh a bheith mar bhunús le modheolaíocht an tsocrúcháin airgeadais a bheidh le bunú i gcéad chéim na gcaibidlíochtaí. Ar an mbonn sin, an 24 Bealtaine 2017 dhréachtaigh an Coimisiún páipéar oibre maidir le prionsabail an tsocrúcháin airgeadais, a bhí bunaithe, go bunúsach, ar an bprionsabal go gcaithfeadh an Ríocht Aontaithe a sciar de na hoibleagáidí uile a ndeachaigh sí ina mbun mar Bhallstát a sheasamh.

 

Sa Tuarascáil Chomhpháirteach uathu an 8 Nollaig 2017, d’fhógair na hIdirbheartaithe go raibh modheolaíocht don socrúchán airgeadais comhaontaithe, ina raibh tacar prionsabal chun ríomh a dhéanamh ar luach an tsocrúcháin airgeadais agus na modúlachtaí íocaíochta, ar shocruithe i gcomhair rannpháirtíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe i gcláir CAI 2014-2020 go dtí go gcuirfí clabhsúr orthu, agus ar shocruithe airgeadais a bhain le comhlachtaí agus cistí AE a bhaineann le beartais AE (an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Ceannais Eorpach, cistí iontaobhais de chuid an Aontais Eorpaigh, an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc, gníomhaireachtaí na Comhairle agus an Ciste Eorpach Forbraíochta).

 

Rinne dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar an 28 Márta 2018 téarmaí dlíthiúla as na socruithe sin, lena n-áirítear módúlachtaí praiticiúla áirithe agus spriocdhátaí íocaíochta. I rún uaithi an 14 Márta 2018[38], chuir an Pharlaimint in iúl gur léiriú ab ea an téacs den chuid is mó ar a tuairimí agus níor chuir sí barúlacha nó éilimh bhreise leis i ndáil leis an socrúchán airgeadais. Ní dhearnadh aon athrú ar an gcuid sin den téacs sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar athbhreithnithe.

 

I gCuid a Cúig den Chomhaontú um Tharraingt Siar, pléitear na forálacha airgeadais, lena gcumhdaítear, go háirithe, na nithe seo a leanas:

 Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i mbuiséid AE 2019 agus 2020, cur chun feidhme chláir agus ghníomhaíochtaí AE faoi CAI 2014-2020, agus rialacha dhlí AE is infheidhme tar éis dheireadh na hIdirthréimhse;

 Aon ghealltanais a bheidh fós uirthi an 31 Nollaig 2020;

 Fíneálacha arna mbailiú ag AE agus na haisíocaíochtaí gaolmhara atá dlite don Ríocht Aontaithe;

 Ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le maoiniú dhliteanais AE a thabhófar go dtí an 31 Nollaig 2020, lena n-áirítear dliteanais airgeadais theagmhasacha a bhaineann le hoibríochtaí airgeadais a ndearnadh cinneadh nó formheas ina leith sular tháinig an Comhaontú um Tharraingt Siar i bhfeidhm agus cásanna dlí a bhaineann le leasanna airgeadais AE a bhaineann leis an mbuiséad;

 Dliteanais AE don Ríocht Aontaithe go ginearálta, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann leis an gComhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

 Sceideal na n-íocaíochtaí tar éis 2020;

 Aisíocaíocht an chaipitil íoctha a sholáthair an Ríocht Aontaithe don Bhanc Ceannais Eorpach;

 Dliteanais na Ríochta Aontaithe maidir leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus aisíocaíocht an chaipitil íoctha shuibscríofa a thug an Ríocht Aontaithe do BEI;

 Dliteanais na Ríochta Aontaithe maidir leis an gCiste Eorpach Forbraíochta (CEF) agus rannpháirtíocht leanúnach na Ríochta Aontaithe sa chiste sin go dtí go gcuirfear clabhsúr ar an 11ú CEF;

 Gealltanais na Ríochta Aontaithe i dtaca le Ciste Iontaobhais Éigeandála an Aontais Eorpaigh don chobhsaíocht agus lena dtugtar aghaidh ar na cúiseanna bunúsacha leis an imirce neamhrialta agus daoine easáitithe san Afraic;

 Rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe sna comhlachtaí ábhartha a bhaineann leis an tSaoráid do Dhídeanaithe sa Tuirc;

 Dliteanais na Ríochta Aontaithe a mhéid a bhaineann le maoiniú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála, Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh agus oibríochtaí a bhaineann leis an gComhbheartas Slándála agus Cosanta.

 

Idirthréimhse

 

I measc na saincheisteanna substainteacha a chruthaigh dian-díospóireacht pholaitiúil agus dhlíthiúil bhí an fhéidearthacht go mbeadh socruithe idirthréimhseacha ann.

 

Níl aon tagairt shainráite in Airteagal 50 CAE a bhaineann leis an bhféidearthacht idirthréimhse a bheith ann, agus mar thoradh air sin, ardaíodh ceisteanna maidir le cé acu an bhféadfadh nó nach bhféadfadh an fhoráil a bheith ina bunús dlíthiúil do shocruithe idirthréimhseacha, nó cé acu an mbeidís nó nach mbeidís ag brath ar bhunúis dhlíthiúla earnálacha ar leithligh.

 

Ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Eorpach seasamh ar an tsaincheist sin go luath sa phróiseas. D’aontaigh an Chomhairle Eorpach go raibh gá ann idirthréimhse a chaibidliú, a chumhdódh acquis iomlán AE, cé nach mbeadh an Ríocht Aontaithe, mar thríú tír, rannpháirteach a thuilleadh in institiúidí AE, nach n-ainmneodh nó nach dtoghadh sí comhaltaí na n-institiúidí sin, ná nach mbeadh sí rannpháirteach i bpróiseas cinnteoireachta chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE.

 

Sa rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017[39], mheas an Pharlaimint go raibh gá le hIdirthréimhse chun cliseadh tobann ar an dáta a dtarraingeodh sí siar a sheachaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil agus leanúnachas a áirithiú. Chuige sin, bheadh gá ionstraimí agus struchtúir rialála, bhuiséadacha, mhaoirseachta, bhreithiúnacha agus forfheidhmithe atá ann cheana féin a choinneáil, rud arbh ionann agus leanúint leis an acquis communautaire ina iomláine agus lán-chur i bhfeidhm na gceithre shaoirse (saorghluaiseacht daoine, chaipitil, seirbhísí agus earraí), faoi lán-dlínse CBAE.

 

Tá luaite go soiléir ag an dá institiúid gur cheart teorainn dhian a chur leis na socruithe idirthréimhseacha ó thaobh ama agus raon feidhme de araon, agus iad sainithe go soiléir agus ag cur leis an obair i dtreo na gaolmhaireachta sa todhchaí. Le ceanglais den sórt sin, thiocfadh aon idirthréimhse faoi raon feidhme Airteagal 50 CAE mar ghné de phróiseas an tarraingt siar[40].

 

Tugadh coinníollacht áirithe isteach trí cheanglas a dhéanamh d’idirthréimhse i gcomhair Comhaontú um Tharraingt Siar críochnaithe lena gcumhdaítear na saincheisteanna uile a bhaineann leis an tarraingt siar. Gan chomhaontú, ní bheadh idirthréimhse ann. Tá an idirthréimhse sin, a nascann an tréimhse idir deireadh bhallraíocht AE agus gaolmhaireacht sa todhchaí, ríthábhachtach i gcomhair tharraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe as AE.

 

Áiríodh idirthréimhse sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar, Cuid a Ceathair, ina bhforáiltear go dtosóidh idirthréimhse nó tréimhse cur chun feidhme ar dháta theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus go gcríochnóidh sí an 31 Nollaig 2020 (Airteagal 126 den Chomhaontú um Tharraingt Siar). Le linn na tréimhse sin, cé go dtiocfaidh deireadh le rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe in institiúidí, comhlachtaí, oifigí, agus gníomhaireachtaí AE toisc nach mbeidh an Ríocht Aontaithe ina Ballstát a thuilleadh, beidh feidhm fós ag formhór dhlí AE sa Ríocht Aontaithe, agus, mar riail ghinearálta (liostaítear na heisceachtaí in Airteagal 127 den Chomhaontú um Tharraingt Siar), beidh an éifeacht chéanna aige agus atá sna Ballstáit, chun go seachnófar suaitheadh agus an comhaontú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí á chaibidliú. Féadfar síneadh a mhairfidh aon nó dhá bhliain a chur leis an tréimhse le cinneadh ón gComhchoiste roimh an 1 Iúil 2020 (Airteagal 132 den Chomhaontú um Tharraingt Siar).

 

Sa rún uaithi an 14 Márta 2018[41], chuir an Pharlaimint a tacaíocht do Chuid a Ceathair den dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar maidir le socruithe idirthréimhseacha in iúl.

 

Ba cheart a aithint, áfach, go ‘soláthraítear deis faoisimh áirithe’ leis an idirthréimhse ach ní fhéadfaidh sí ‘dara cliseadh tobann’ a sheachaint, ‘toisc nach gcumhdaítear lena forálacha ach amháin módúlachtaí an imeachta’, agus ‘beidh sé thar a bheith dhúshlánach [...] comhaontú fadtéarmach a aimsiú’, toisc ‘go dtógann sé i bhfad níos faide comhaontuithe trádála casta, cuimsitheacha agus uaillmhianacha a chaibidliú agus d’fhéadfaí a rá go bhfuil [an comhaontú todhchaíoch idir AE agus an Ríocht Aontaithe] ar an gceann is casta a bhí ar AE a thabhairt i gcrích riamh’[42].

 

Leis na síntí a tharla i ndiaidh a chéile faoi Airteagal 50(3) CAE, tá an dúshlán sin níos mó fós, toisc nár athraíodh spriocdháta na hIdirthréimhse sa dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar athbhreithnithe. Mura ndéanfar cinneadh i ndáil le síneadh roimh an 1 Iúil 2020, ní mhairfidh an idirthréimhse níos faide ná 11 mhí.

 

Rialachas

 

Creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar

 

Is ábhar ríthábhachtach don Pharlaimint é creat institiúideach an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, ar thaobh amháin, agus an ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe ar an taobh eile. Sa rún uaithi, an 18 Meán Fómhair 2019[43], mheas an Pharlaimint gurb é an luach atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, i measc nithe eile, ná, a mhéid is féidir, ‘go mbeidh forálacha rialachais ann a dhéanfaidh ról Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) a choimirciú i léirmhíniú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar’.

 

Ní hamháin go bhfuil tábhacht ról CBAE mar an t-údarás inniúil do léirmhíniú agus forfheidhmiú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar athdhearbhaithe arís agus arís ag an bParlaimint, ach chomh maith leis sin, an tábhacht a bhaineann le creat rialachais ag a bhfuil sásra um réiteach díospóidí láidir agus neamhspleách i gcomhthéacs an chomhaontaithe maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí. Is táscaire bunriachtanach é ról CBAE i gcomhair uathriail agus sláine ord dlíthiúil AE.

 

Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, moltar córas rialachas caolchúiseach a bhraitheann ar chodanna aonair an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, agus ar an bpointe ama ar leith, toisc nach n-athrófar cur i bhfeidhm dhlí AE le linn na hIdirthréimhse. Tugann sé ról lárnach do CBAE i roinnt cásanna.

 

Idirthréimhse

 

Le linn na hIdirthréimhse, beidh CBAE fós inniúil maidir le gach nós imeachta arna chlárú roimh dheireadh na hIdirthréimhse agus go dtí go dtabharfar breithiúnas ceangailteach deiridh (Airteagal 131 den Chomhaontú um Tharraingt Siar). Coimeádfaidh CBAE a dlínse freisin i gcásanna atá ar feitheamh go dtí deireadh na hIdirthréimhse (Airteagal 86 den Chomhaontú um Tharraingt Siar), agus i nósanna imeachta nua maidir le sárú arna dtabhairt laistigh de cheithre bliana tar éis dheireadh na hIdirthréimhse i gcás sáruithe ar dhlí AE nó neamh-chomhlíonadh chinntí riaracháin AE roimh dheireadh na hIdirthréimhse nó, i gcásanna áirithe, fiú tar éis dheireadh na hIdirthréimhse (Airteagal 87 den Chomhaontú um Tharraingt Siar).

 

Cearta na saoránach

 

Maidir le Cuid a Dó den Chomhaontú um Tharraingt Siar, i ndáil le cearta na saoránach, beidh inniúlacht ag CBAE i leith iarrataí ar réamhrialuithe ó chúirteanna na Ríochta Aontaithe go ceann ocht mbliana tar éis dheireadh na hIdirthréimhse (má chuirtear síneadh leis an idirthréimhse, cuirfear síneadh de líon comhfhreagrach míonna leis an tréimhse sin).

 

Díospóidí a réiteach

 

A mhéid a bhaineann le réiteach díospóidí ginearálta an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, réiteoidh an Comhchoiste nó binse eadrána aon díospóidí. Má bhaineann an díospóid le léirmhíniú coincheapa nó forálacha de chuid dhlí an Aontais, áfach, faoi Airteagal 174, ní mór don bhinse eadrána an díospóid a tharchur chuig CBAE chun rialú a dhéanamh ar an gceist.

 

An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

 

I gcomhthéacs an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, déantar foráil in Airteagal 12(4) do dhlínse na Cúirte i ndáil le feidhmiú chumhachtaí institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí AE a mhéid a bhaineann le hAirteagail áirithe den Phrótacal a chur chun feidhme agus leis an bhféidearthacht réamhrialuithe a bheith ann faoi Airteagal 267 CFAE.

 

An ghaolmhaireacht sa todhchaí

 

A mhéid a bhaineann leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí, sa rún uaithi an 14 Márta 2018[44], thug an Pharlaimint mionsonraí suntasacha maidir le saincheist an rialachais, agus chuir sí a tuairim in iúl gur cheart go n-áireofaí in aon chomhaontú todhchaíoch idir AE agus an Ríocht Aontaithe ina mbeadh an Ríocht Aontaithe mar thríú tír go mbunófaí córas rialachais stuama agus stóinsithe mar chreat uileghabhálach, lena gcumhdófaí maoirseacht/bainistiú comhpháirteach leanúnach ar an gcomhaontú agus réiteach díospóidí, agus sásraí forfheidhmithe i dtaca le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm fhorálacha an chomhaontaithe.

 

Níl imlíne na gaolmhaireachta sa todhchaí chomh soiléir sin anois. Baineadh tagairtí as dearbhú polaitiúil athbhreithnithe an 17 Deireadh Fómhair 2019 a bhain le socruithe an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar a úsáid mar bhonn do réiteach díospóidí agus forfheidhmiú sa todhchaí (seanmhír 132). Fágtar amach an tagairt do CBAE i gcomhthéacs na sásraí forfheidhmithe sa dearbhú polaitiúil nua freisin, cé go gcoimeádtar a ról a mhéid a bhaineann le léirmhíniú ar fhorálacha agus coincheapa dhlí an Aontais. Tugtar ar aird ann go sainráite, áfach, nár cheart go mbeadh an Chúirt páirteach mura n-ardaítear ceist a bhaineann le dlí AE i ndíospóid. Go ginearálta, tá an cur chuige nua atá sa dearbhú polaitiúil, eadhon gaolmhaireacht atá níos scaoilte agus gan a bheith chomh dlúth céanna, léirithe sa chreat institiúideach atá beartaithe.

 

Ról na Parlaiminte maidir le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar

 

Seachas na struchtúir a bhunaítear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, tá a dícheall déanta ag an bParlaimint ról níos substaintiúla a bheith aici i dtaca le faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Go deimhin, bhí a himní curtha in iúl ag an bParlaimint maidir leis na cumhachtaí suntasacha a tugadh don Chomhchoiste arna bhunú in Airteagal 164 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, agus nach é an Comhaontú um Tharraingt Siar an gnáthchineál comhaontaithe idirnáisiúnta le tríú tír, ach gur conradh é idir AE agus Ballstát atá ag tarraingt siar.

 

Bhí gá leis sin chun socruithe cuí i dtaca le cuntasacht agus grinnscrúdú parlaiminteach a áirithiú maidir le cinnteoireacht sa Chomhchoiste.

 

Ar bhonn sainordú ó Chomhdháil na nUachtarán, tá GSB agus a Chathaoirleach tar éis dul i mbun plé leis an gComhairle d’fhonn dlúthchomhar a bhunú maidir le feidhmiú an Chomhchoiste arna bhunú leis an gComhaontú um Tharraingt Siar. Bhí na pléití dírithe ar rannpháirtíocht PE i bpríomhchinntí an Chomhchoiste, lena n-áirítear maidir le síneadh a chur leis an idirthréimhse agus ranníocaíochtaí na Ríochta Aontaithe sa chás sin, agus foirceannadh údarás faireacháin neamhspleách na Ríochta Aontaithe.

 

Deimhníodh rannpháirtíocht PE sna hábhair sin i ráiteas ó Jean-Claude Juncker, Uachtarán an Choimisiúin ag an am, le linn an tseisiúin dheireanaigh den 8ú téarma reachtach, i bpáirtseisiún an 10 Aibreán 2019. Rinne Uachtarán an Choimisiúin a áirithiú go leanfadh an Coimisiún de bheith ag obair i ndlúthchomhar leis an bParlaimint i gcomhthéacs chur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, agus áirithíodh freisin go gcinnteodh an Coimisiún, aon uair a ndéanfaí cinneadh sa Chomhchoiste, go mbeadh dlúthbhaint ag an bParlaimint leis agus go dtabharfaí an-aird ar thuairimí na Parlaiminte.

 

Tá an Comhchoiste comhdhéanta d’ionadaithe ó AE agus ón Ríocht Aontaithe agus tá sé freagrach as cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Tá cinntí an Chomhchoiste ceangailteach ar AE agus ar an Ríocht Aontaithe, leis an éifeacht dhlíthiúil chéanna atá ag an gComhaontú um Tharraingt Siar, agus tá cumhachtaí fairsinge aige a mhéid a bhaineann le hoibriú an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar. Áirítear orthu sin an chumhacht cinneadh a dhéanamh maidir le síneadh a chur leis an idirthréimhse agus an tionchar a bheadh aige sin, agus go háirithe, méid na ranníocaíochta ón Ríocht Aontaithe le buiséad AE.

 

Sa Phrótacal athbhreithnithe maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, tá cumhachtaí tábhachtacha ag an gComhchoiste freisin i gcomhthéacs socruithe custaim, go sonrach an chumhacht na critéir a chinneadh a d’fhágfadh i gcás earraí a thugtar isteach i dTuaisceart Éireann ó lasmuigh de AE nach mbeadh an baol ann go mbogfaí isteach san Aontas ina dhiaidh sin iad (Airteagal 5(2) den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann). Tá an chumhacht ag an gComhchoiste freisin leibhéal uasta foriomlán bliantúil thacaíocht na Ríochta Aontaithe a chinneadh i dtaca le táirgeadh agus trádáil in earraí talmhaíochta i dTuaisceart Éireann, nach mbeidh forálacha dhlí AE maidir le Státchabhair infheidhme faoi (Airteagal 10(2) agus Iarscríbhinn 6 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann). Tá na saincheisteanna sin go háirithe ábhartha ós rud é go bhfuil baint acu le hábhair a bhfuil baol féideartha ag gabháil leo do mhargadh aonair AE.

 

Déantar foráil i leagan athbhreithnithe an 18 Deireadh Fómhair 2019 den chinneadh ón gComhairle maidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a thabhairt i gcrích, in Airteagal 2(4), maidir le tuairisciú bliantúil ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar agus, go háirithe, Cuid a Dó de, le linn na gcéad chúig bliana tar éis dó teacht i bhfeidhm.

 

Déantar foráil le hAirteagal 2(3) den dréacht-Chinneadh ón gComhairle go mbeidh an Pharlaimint in ann lánfheidhm a bhaint as na sainphribhléidí institiúideacha atá aici le linn imeachtaí an Choiste Chomhpháirtigh.

 

De réir Airteagail 3(5) agus 4(8) den chinneadh céanna, tá sé de cheart ag an bParlaimint freisin go gcuirfí í ar an eolas maidir le cinntí ón gComhairle lena n-údaraítear an Ríocht Aontaithe a toiliú a thabhairt a bheith faoi cheangal ag comhaontú idirnáisiúnta le linn na hIdirthréimhse nó údarú a thabhairt d’Éirinn, don Chipir agus don Spáinn comhaontuithe déthaobhacha a chaibidliú leis an Ríocht Aontaithe i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag AE, a mhéid a bhaineann leis na prótacail ábhartha a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

 

Creat do ghaolmhaireacht sa todhchaí

 

Bhí nádúr agus cineál an chreata do ghaolmhaireacht sa todhchaí i measc na saincheisteanna a bhí conspóideach go maith le linn na gcaibidlíochtaí, toisc nach bhfuil siad sin sainithe in aon chor i bhforálacha Airteagal 50 CAE.

 

Le linn fhormhór phróiseas an tarraingt siar, d’fhéadfaí a rá go raibh an ghaolmhaireacht sa todhchaí le AE ar na saincheisteanna is ábhartha don Ríocht Aontaithe, le linn phríomh-aireacht Theresa May ar a laghad.

 

Bhí an ghaolmhaireacht sa todhchaí a bhí á lorg ag an Ríocht Aontaithe ag an am an-uaillmhianach ó thaobh rochtain ar chláir, comhlachtaí, bunachair sonraí agus fiú cruinnithe AE, cé go raibh rannpháirtíocht sa mhargadh inmheánach agus san aontas custaim á diúltú. Rinne an Ríocht Aontaithe a dícheall freisin an ghaolmhaireacht sa todhchaí a chaibidliú i gcomhthráth leis na socruithe um tharraingt siar.

 

Thug Parlaimint na hEorpa soiléiriú ón tús ar fad ina rún an 5 Aibreán 2017[45] go raibh gá, cé go raibh gaolmhaireacht sa todhchaí chomh dlúth agus ab fhéidir á lorg aici, cothromaíocht a aimsiú i ndáil le cearta agus oibleagáidí agus an méid sin bunaithe ar an mbuntuiscint nach féidir le stát atá ag tarraingt siar ó AE leas a bhaint as na sochair chéanna atá ag Ballstát.

 

Sa rún uaithi an 13 Nollaig 2017 maidir leis an staid mar atá i ndáil le caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe[46], thug Parlaimint na hEorpa dá haire thairis sin go raibh gá ann tuiscint fhoriomlán maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí a bheith comhaontaithe idir AE agus an Ríocht Aontaithe, agus an tuiscint sin i bhfoirm dearbhú polaitiúil a bheadh in iarscríbhinn a ghabhfadh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, faoi réir líon prionsabal arna liostú sa rún céanna.

 

Bhí an Chomhairle Eorpach den tuairim chéanna, ina Treoirlínte an 15 Nollaig 2017, a thug faoi cheist na gaolmhaireachta sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe mar cheist a bhain le tuiscint fhoriomlán a aithint i ndearbhú polaitiúil a ghabhfadh leis an gComhaontú um Tharraingt Siar agus a dtagrófaí dó sa Chomhaontú sin.

 

Ní raibh imlíne fhéideartha le haghaidh gaolmhaireacht sa todhchaí soiléir ar chor ar bith do chách sa Ríocht Aontaithe. Chuir earnálacha agus geallsealbhóirí difriúla moltaí éagsúla chun cinn, ó chomhaontú trádála bunúsach go dtí stádas ‘an Iorua plus’, nó fiú aontachas le LEE, cé go raibh Rialtas na Ríochta Aontaithe soiléir ón tús nár theastaigh uaidh a bheith páirteach sa mhargadh inmheánach, in LEE nó san aontas custaim. I gcás ar bith, bhí tuiscint dhaingean ann sa Ríocht Aontaithe go raibh comhaontú soiléir maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí éigeantach, chun ‘ceann scríbe’ an tarraingt siar a chinneadh.

 

Mhol an Pharlaimint go mbeadh aon ghaolmhaireacht sa todhchaí bunaithe ar Airteagal 217 CFAE, agus go mbeadh sé cuimsitheach, chomh dlúth agus ab fhéidir, ach cothrom i ndáil le cearta agus oibleagáidí, agus go ndéanfadh sé sláine an mhargaidh inmheánaigh agus na ceithre shaoirse a choimirciú, agus cur chuige earnáil ar earnáil á sheachaint. Thug an Chomhairle Eorpach foláireamh nach bhféadfaí na tairbhí céanna le ballraíocht AE a thairiscint in aon ghaolmhaireacht sa todhchaí, cé gurbh é a bhí mar chuspóir leis ná dlúth-chomhpháirtíocht, mar a thug an Pharlaimint le fios freisin. Agus í ag tagairt do chomhaontú saorthrádála, leag an Chomhairle Eorpach béim ar an ngá a bheadh le cothromaíocht agus uaillmhian sna réimsí arna gcumhdach, gan an bonn a bhaint ó shláine agus dea-fheidhmiú AE.

 

Sna prionsabail arna leagan amach ag AE dá réir sin, diúltaíodh aon sórt ‘scothroghnóireachta’ i gcomhthéacs gaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

Sa rún uaithi an 14 Márta 2018[47], d’athdhearbhaigh an Pharlaimint go bhféadfadh comhaontú comhlachais i gcomhréir le hAirteagal 8 CAE agus Airteagal 217 CFAE creat iomchuí a sholáthar don ghaolmhaireacht sa todhchaí, agus creat seasmhach rialachais a áirithiú, ar cheart sásra láidir um réiteach díospóidí a bheith ar áireamh ann, lena seachnófaí boilsciú ar chomhaontuithe déthaobhacha agus na heasnaimh atá léirithe i gcaidreamh AE leis an Eilvéis.

 

Mhol an Pharlaimint go mbunófaí an ghaolmhaireacht sa todhchaí seo ar na ceithre cholún seo a leanas:

– caidreamh trádála agus eacnamaíoch,

– beartas eachtrach, comhar slándála agus comhar don fhorbairt,

– slándáil inmheánach,

– comhar téamach.

 

Tháinig comhaontú i dtaca le dearbhú polaitiúil as na caibidlíochtaí ar deireadh, a ndearna roinnt daoine é a cháineadh mar gheall ar a dhoiléire agus a nádúr neamh-cheangailteach[48].

 

Go deimhin, is doiciméad neamh-cheangailteach é an dearbhú polaitiúil, a ghabhann leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, ach ní cuid dílis den Chomhaontú é. Foilsíodh an chéad leagan den téacs leis an dréacht-Chomhaontú um Tharraingt Siar in Iris Oifigiúil an 19 Feabhra 2019[49]. I mír 3 den dearbhú, luadh gurbh é a bhí mar chuspóir leis ná na paraiméadair a bhunú do chomhpháirtíocht a bheadh uaillmhianach, leathan, domhain agus solúbtha feadh réimsí na réimsí seo a leanas: an comhar trádála agus eacnamaíoch, forfheidhmiú dlí agus ceartas coiriúil, an beartas eachtrach, slándáil agus cosaint agus réimsí níos forleithne comhair.

 

I gcomhthéacs tús a chur an athuair leis na cainteanna ar théacs an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, agus dlúthbhaint aige sin leis na hathruithe arna ndéanamh ar an bPrótacal sin, d’athraigh Rialtas na Ríochta Aontaithe an cur chuige a bhí aige i gcomparáid leis an gcur chuige a bhí ag an sean-rialtas maidir leis an ngaolmhaireacht don todhchaí. Chuir an Príomh-Aire Boris Johnson an t-athrú sin in iúl ina litir an 2 Deireadh Fómhair chuig iar-Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Jean-Claude Juncker. Sa litir sin, thug Príomh-Aire na Ríochta Aontaithe soiléiriú ar an bhfíoras gurb é a bhí sa ‘chúlstop ná céim i dtreo gaolmhaireacht sa todhchaí le AE ina mbeadh an Ríocht Aontaithe lánpháirtithe go dlúth le socruithe custaim AE agus ailínithe le dlí AE i mórán réimsí. Ní hí an ghaolmhaireacht sa todhchaí sin atá mar sprioc ag Rialtas reatha na Ríochta Aontaithe. Tá sé i gceist ag an Rialtas go mbeadh an ghaolmhaireacht sa todhchaí bunaithe ar Chomhaontú Saorthrádála ina nglacfadh an Ríocht Aontaithe smacht ar a gnóthaí rialála agus a beartas trádála féin’.

 

I ndearbhú polaitiúil athbhreithnithe an 17 Deireadh Fómhair 2019, arna fhoilsiú in Iris Oifigiúil an 12 Samhain 2019[50], cé nach bhfuil na cuspóirí athraithe a mhéid a bhaineann leis na réimsí a bheidh le cumhdach (mír 3 den dearbhú polaitiúil), sainítear go sainráite anois an tsamhail don ghaolmhaireacht sa todhchaí: ‘Comhaontú Saorthrádála cuimsitheach agus cothrom mar chroílár ann’, bunaithe ar tharaifí nialais agus cuótaí nialais. Baineann athruithe tábhachtacha eile sa téacs le baint an chúlstop as an gComhaontú um Tharraingt Siar agus, dá bhrí sin freisin, baint na tagartha don chríoch chustaim aonair idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

Léirítear an t-athrú bunúsach sa chur chuige agus sa leibhéal uaillmhéine sna hathruithe atá sa téacs: baineadh tagairtí d’ailíniú rialacha ó na codanna den téacs a bhain le gnéithe rialála, custaim agus seiceálacha agus rialuithe; baineadh ról CBAE i gcomhthéacs na sásraí do dhíospóidí agus forfheidhmiú seachas i gcás ina n-ardaítear ceisteanna maidir le léirmhíniú ar dhlí AE. A mhéid a bhaineann le machaire chomhréidh, tagraíonn an téacs anois do ‘gealltanais stóinsithe chun a áirithiú go mbeidh machaire chomhréidh ann [ar cheart dó a bheith] i gcomhréir le raon agus doimhneacht an chaidrimh sa todhchaí agus le gaolmhaireacht eacnamaíoch na bPáirtithe’.

 

Is saincheist riachtanach í machaire chomhréidh do AE i gcoitinne, agus don Pharlaimint go háirithe. Sa chomhthéacs seo, is fiú cuimhneamh ar Threoirlínte na Comhairle Eorpaí (Airteagal 50) an 23 Márta 2018, a dheimhnigh ullmhacht na Comhairle Eorpaí i dtaca le ‘teacht ar chomhaontú cothrom, uaillmhianach, fairsing saorthrádála, a mhéid is leor na ráthaíochtaí go mbeidh machaire chomhréidh le fáil ag cách’ agus nach mbeidh ‘an caidreamh a bheidh ann amach anseo chun a sástachta ag an dá pháirtí mura mbíonn ráthaíochtaí daingne i gceist leis a thabharfaidh machaire chomhréidh do chách’.

 

Ar an gcaoi chéanna, thug an Pharlaimint le fios go soiléir, sa rún uaithi an 18 Meán Fómhair 2019[51], go mbeadh gá le coimircí láidre agus forálacha maidir le cothroime iomaíochta sna caibidlíochtaí maidir le gaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe d’fhonn margadh inmheánach AE a choimirciú agus d’fhonn a sheachaint go gcuirfí gnólachtaí AE faoi mhíbhuntáiste iomaíochta féideartha, agus nach ndaingneodh an Pharlaimint aon chomhaontú saorthrádála nach n-urramódh leibhéil chosanta den sórt sin.

 

 

 

Seasamh an Rapóirtéara

 

Is mór an trua don Aontas Eorpach tarraingt siar na Ríochta Aontaithe agus is trua é dár bpróiseas lánpháirtithe, ach ní mór dúinn urraim a thabhairt do chinneadh ceannasach mhuintir na Breataine agus foráil a dhéanamh do chomhaontú um tharraingt siar lena n-eagraítear an t-idirscaradh leis an méid is lú díobhála agus is féidir don dá pháirtí.

 

Tá an comhaontú um tharraingt siar i gcomhréir leis na prionsabail ghinearálta atá leagtha amach ag na hinstitiúidí, agus go háirithe ag an bParlaimint, maidir le seoladh na gcaibidlíochtaí agus tabhairt i gcrích an chomhaontaithe. De thoradh an chomhaontaithe, comhlíontar an cuspóir bunúsach go n-áirithítear imeacht rianúil na Ríochta Aontaithe agus go leagtar amach bealach le haghaidh caibidlíochtaí i gcomhair gaolmhaireacht sa todhchaí atá cothrom agus meáite idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

I bhfianaise an mhéid sin thuas, molann an Rapóirtéir gur cheart do Choiste AFCO moladh fabhrach a thabhairt i leith thabhairt i gcrích an Comhaontaithe um Tharraingt Siar.

 

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

Ábhar: <Titre>Tuairim ar an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

A Cathaoirligh, a chara,

Le haiféala, iarradh ar an gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach tuairim a chur faoi bhráid do Choiste faoin nós imeachta thuasluaite. Mar thoradh ar phráinne an ábhair, chinn Comhordaitheoirí AFET an 4 Nollaig 2019 tuairim i bhfoirm litreach a sheoladh agus a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an Coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thuarascáil.

Le dea-mhéin,

David McAllister

 

 

MOLTAÍ

 ag féachaint d’Airteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

 ag féachaint do rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 5 Aibreán 2017 maidir leis na caibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe tar éis fógra a fháil uaithi go raibh sé ar intinn aici tarraingt siar ón Aontas Eorpach, an 3 Deireadh Fómhair 2017, an 13 Nollaig 2017 agus an 18 Meán Fómhair 2019 maidir le staid na gcaibidlíochtaí leis an Ríocht Aontaithe,

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach (Airteagal 50) ó chruinnithe an 21 Márta 2019 (PE 639.609/CPG), an 10 Aibreán 2019 (PE 639.538/CPG) agus an 17 Deireadh Fómhair 2019 (EUCO XT 20018/19);

 ag féachaint don téacs athbhreithnithe den Dearbhú Polaitiúil, ina leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe, faoi mar a bhí comhaontaithe ar leibhéal na n-idirbheartaithe an 17 Deireadh Fómhair 2019 agus foilsithe in IO C 384 I an 12.11.2019 chun teacht in áit an chinn a foilsíodh in IO C 66I an 19.2.2019;

 

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Meán Fómhair 2019, lenar cuireadh bailchríoch leis na hullmhúcháin do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 1 Samhain 2019 (PE 639.554/CPG);

 ag féachaint do Riail 56 de Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa,

A. de bhrí go n-iarrtar le hAirteagal 184 den Chomhaontú um Tharraingt Siar ar an Aontas agus ar an Ríocht Aontaithe a ndícheall a dhéanamh na bearta is gá a dhéanamh chun caibidlíocht ghasta a dhéanamh ar na comhaontaithe lena rialófar a ngaolmhaireacht sa todhchaí;

 

B. de bhrí, de réir Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, go bhfuil an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla “freagrach as beartas eachtrach an Aontais a chur chun cinn, a chur chun feidhme agus as faireachán a dhéanamh air maidir le [inter alia] neartú an chaidrimh pholaitiúil le tríú tíortha trí chláir chuimsitheacha chomhair agus chúnaimh nó trí chomhaontuithe idirnáisiúnta ar nós comhaontuithe comhlachais agus comhpháirtíochta”;

 

C. de bhrí, mar a tugadh le fios sa rún uaithi an 18 Meán Fómhair 2019, go bhfuil PE ag tabhairt dá haire go bhfuil an Dearbhú Polaitiúil, ina leagtar amach an creat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe, i gcomhréir le rún PE an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe, agus go n-iarrann sí comhaontú comhlachais a bheith ann mar aon leis an ionchur mionsonraithe óna coistí, agus go léirítear ann na roghanna a rinne an Ríocht Aontaithe maidir le raon feidhme agus doimhneacht na gaolmhaireachta a bheidh aici le AE sa todhchaí;

 

D. de bhrí go n-áirítear in Airteagal 129 den Chomhaontú um Tharraingt Siar “socruithe sonracha a bhaineann le gníomhaíocht sheachtrach an Aontais” lena mbeidh an Ríocht Aontaithe, go háirithe, faoi cheangal le linn na hIdirthréimhse ag na hoibleagáidí a eascraíonn as comhaontuithe idirnáisiúnta arna dtabhairt i gcrích ag an Aontas; de bhrí go dtugtar soiléireacht agus intuarthacht leis an oibleagáid sin do pháirtithe leasmhara, lena n-áirítear comhpháirtithe idirnáisiúnta; de bhrí nach féidir leis an Ríocht Aontaithe a bheith faoi cheangal ag comhaontaithe nua dá stuaim féin, le linn na hIdirthréimhse, i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach ag an Aontas, mura rud é go dtugann AE údarú di a bheith amhlaidh; de bhrí go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe freisin, le linn na hIdirthréimhse, bearta sriantacha an Aontais a chur chun feidhme, ar bearta iad a bheidh i bhfeidhm nó a chinnfear le linn na hIdirthréimhse, go dtacóidh sí le ráitis agus seasaimh AE i dtríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta agus go mbeidh sí rannpháirteach de réir an cháis in oibríochtaí míleata agus misin shibhialta AE arna mbunú faoin gComhbheartas Slándála agus Cosanta (CBSC), ach gan aon acmhainneacht ceannais a bheith aici trí Chreatchomhaontú Rannpháirtíochta; de bhrí go mbeadh comhaontú mar sin gan dochar d’uathriail chinnteoireachta an Aontais nó do cheannasacht na Ríochta Aontaithe, agus go gcoimeádfaidh an Ríocht Aontaithe an ceart atá aici a chinneadh cén fhreagairt a thabharfaidh sí ar aon chuireadh nó rogha a bheith páirteach in oibríochtaí nó i misin;

E. de bhrí go n-áirítear foráil in Airteagal 127(2) den Chomhaontú um Tharraingt Siar do chomhaontuithe luatha maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe i réimse CBES agus CBSC; de bhrí gur gné an-tábhachtach agus an-dearfach í an fhoráil sin ós rud é gur réimse í sin ina bhfuil leasanna AE agus na Ríochta Aontaithe ag teacht le chéile den chuid is mó agus ina soláthródh comhaontuithe luatha den chineál sin creat cobhsaí do chomhar na Ríochta Aontaithe le AE maidir le gníomhaíocht sheachtrach; de bhrí, mar sin féin, gur cheart go mbeadh comhaontuithe den chineál sin faoi réir grinnscrúdú parlaiminteach dá bhforáiltear in Airteagal 218 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, lena n-áirítear trí Pharlaimint na hEorpa a choimeád ar an eolas go hiomlán agus ar bhonn láithreach, ag gach céim de chaibidliú agus de thabhairt i gcrích na gcomhaontuithe sin;

F. de bhrí go n-áirithítear le hAirteagal 156 den Chomhaontú um Tharraingt Siar, go dtí an 31 Nollaig 2020, go mbeidh an Ríocht Aontaithe ag rannchuidiú le maoiniú na Gníomhaireachta Eorpaí um Chosaint, Institiúid an Aontais Eorpaigh um Staidéar Slándála, agus Lárionad Satailítí an Aontais Eorpaigh, chomh maith le costais oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta;

1. Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, a mholadh don Pharlaimint a toiliú a thabhairt don dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM THRÁDÁIL IDIRNÁISIÚNTA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar an togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

A Cathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, chinn an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta tuairim a chur faoi bhráid do choiste. Ag a chruinniú an 21 Eanáir 2020, chinn an Coiste an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Ag an gcruinniú sin, rinne an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta bhreithniú ar an ábhar agus chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

Le dea-mhéin,

Bernd Lange

 

MOLTAÍ

A. de bhrí go raibh an próiseas caibidlíochta i ndáil leis na téarmaí do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe fada agus dian;

 

B. de bhrí gurb é daingniú an chomhaontaithe ag an dá pháirtí agus a theacht i bhfeidhm tráthúil an cás is fearr a d’fhéadfadh a bheith ann ó thaobh leanúnachas na trádála agus an chaidrimh eacnamaíoch idir AE agus an Ríocht Aontaithe.

 

C. de bhrí gur léirigh eintitis stáit agus phríobháideacha éagsúla go maith le blianta beaga anuas go mbeadh iarmhairtí tromchúiseacha ann dá n-imeodh an Ríocht Aontaithe ó AE gan comhaontú um tharraingt siar a bheith caibidlithe, ó thaobh cur isteach ar an trádáil agus ar an gcaidreamh eacnamaíoch agus thairis sin in earnálacha eile araon.

 

D. de bhrí go measann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, cé gur céim fhoirmiúil é an comhaontú seo i dtreo tharraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe, gur cheart don dá thaobh díriú níos mó ar chaibidliú ar an ngaolmhaireacht eacnamaíoch agus trádála sa todhchaí chun an toradh fad-téarmach is fearr is féidir a bhaint amach;

 

E. de bhrí, faoin bPrótacal leasaithe maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann go mbeidh sé de chúram ar an Ríocht Aontaithe, cé gur tríú tír a bheidh inti, codanna de Chód Custaim an Aontais a chur chun feidhme, agus go bhféadfadh saincheist teacht chun cinn maidir le cur i bhfeidhm agus forfheidhmiú cuí;

 

F. de bhrí nach bhfuil an frása “má tá aon baol ann go n-aistreofar [earraí] isteach san Aontas ” a úsáidtear in Airteagal 5 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann soiléir agus go bhfuil sé ag brath ar chinntí ina dhiaidh sin ag an gComhchoiste atá díolmhaithe ó ghrinnscrúdú foirmiúil ar bith ag Parlaimint na hEorpa agus nach ndéanfar ach amháin roimh dheireadh na hIdirthréimhse;

 

1. Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, a mholadh don Pharlaimint a toiliú a thabhairt don dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

 

2. Iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta ar an gCoimisiún seiceálacha agus rialuithe éifeachtúla a dhéanamh lena ndéanfar formhaoirseacht ar chur chun feidhme Chód Custaim an Aontais ag údaráis na Ríochta Aontaithe. Thairis sin, iarrann an Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta go gcoimeádfar é go hiomlán ar an eolas maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 5 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus aon mholtaí ina dhiaidh sin le haghaidh cinneadh ón gComhchoiste arna ndéanamh faoin bhforáil sin.


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

 

 

Ábhar: <Titre>Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre><DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

 

 

A Cathaoirligh, a chara,

 

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, chinn an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta tuairim a chur faoi bhráid do choiste. Ag a chruinniú an 3 Meán Fómhair 2019, chinn an Coiste an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Rinne an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta breithniú ar an ábhar ag a chruinniú an 22 Eanáir 2020. Sa chruinniú sin, chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dhréachtmholadh.

Le dea-mhéin,

Lucia Ďuriš Nicholsonová

MOLTAÍ

A. de bhrí go ndéanfaidh tarraingt siar Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann ón Aontas Eorpach agus ón gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Tarraingt Siar”) difear do na milliúin saoránach – idir shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí, ag taisteal nó ag obair san Aontas agus shaoránaigh an Aontais atá ina gcónaí, ag taisteal nó ag obair sa Ríocht Aontaithe, chomh maith le daoine nach saoránaigh de chuid an Aontais agus na Ríochta Aontaithe iad; de bhrí gur gá cosaint chómhalartach a thabhairt do shaoránaigh an Aontais agus do shaoránaigh na Ríochta Aontaithe, maille leis na daoine dá dteaghlach, i gcás ina mbeidh a gcearta a bhaineann le saorghluaiseacht daoine á dteachtadh acu roimh dháta a leagtar síos i gComhaontú an 19 Deireadh Fómhair 2019 maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (“an Comhaontú”); de bhrí nach mór cearta na saoránach uile, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as tréimhsí de ranníocaíochtaí árachais slándála sóisialta, a chosaint go hiomlán;

B. de bhrí go bhfuil sé riachtanach acquis AE a chosaint ina iomláine agus go háirithe maidir le fostaíocht agus gnóthaí sóisialta i gcomhthéacs socruithe idirthréimhseacha agus i gcomhaontuithe idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe amach anseo;

C. de bhrí go bhfuil sé fíorthábhachtach saoirse ghluaiseachta d’oibrithe a áirithiú, lena n-áirítear oibrithe taistil, oibrithe trasteorann, oibrithe teorann agus oibrithe ar postú, agus ag tabhairt dá haire, i dtaca leis sin, cás sonrach na n-oibrithe sin atá ag obair i dtíortha atá i gcomharsanacht na Ríochta Aontaithe;

D. de bhrí go ndearna Coiste EMPL scrúdú níos mine ar Airteagail 24 go 39 den Chomhaontú agus ar Iarscríbhinn 1 a ghabhann leis, agus ar théacs Dhearbhú Polaitiúil an 17 Deireadh Fómhair 2019, lena leagtar amach an Creat don Ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe (“an Dearbhú Polaitiúil”), agus go háirithe míreanna 17 agus 77 de;

1. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go bhfuil sé mar aidhm leis an gComhaontú tarraingt siar rianúil a áirithiú, rud a d’fhágfadh go mbeadh an méid is lú cur isteach is féidir ann;

2. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go ráthaítear cearta oibrithe agus daoine féinfhostaithe i gCaibidil 2 den Chomhaontú (Airteagail 24, 25 agus 26);

3. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na forálacha mionsonraithe maidir le haitheantas cáilíochtaí gairmiúla mar a leagtar síos i gCaibidil 3 den Chomhaontú (Airteagail 27, 28 agus 29);

4. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na forálacha mionsonraithe maidir le comhordú córas slándála sóisialta i dTeideal III den Chomhaontú (Airteagail 30 go 36), lena gcosnaítear cearta a dhíorthaíonn ó thréimhsí de ranníocaíochtaí árachais slándála sóisialta;

5. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go sonraítear in Airteagal 135 den Chomhaontú go rannchuideoidh an Ríocht Aontaithe le cur chun feidhme bhuiséid an Aontais do na blianta 2019 agus 2020 agus go nglacfaidh sí páirt sa chur chun feidhme sin agus ag cur i bhfios go láidir go bhfuil sé sin tábhachtach i gcás chláir CSE, FEAD, EaSI agus CED reatha agus i gcás na socruithe atá le teacht ina n-ionad;

6. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go bhfuil, faoi Airteagal 137 den Chomhaontú, cláir agus gníomhaíochtaí an Aontais a gealladh faoin gcreat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 nó peirspictíochtaí airgeadais roimhe sin le cur chun feidhme in 2019 agus in 2020 maidir leis an Ríocht Aontaithe ar bhonn dhlí an Aontais;

7. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go bhfuil sé ar intinn ag an Ríocht Aontaithe a bheith rannpháirteach i gcláir an Aontais agus iad a chómhaoiniú, faoi réir na gcoinníollacha a leagtar amach in ionstraimí comhfhreagracha sin an Aontais, i réimsí amhail an eolaíocht agus an nuálaíocht, an óige, an cultúr agus an t-oideachas mar chuid den ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, mar a luaitear sa Dearbhú Polaitiúil; ag cur in iúl gur cúis imní di an vóta a chaith Parlaimint na Breataine le déanaí agus na barúlacha a thug Rúnaí Oideachais na Ríochta Aontaithe a chaitheann amhras ar rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe amach anseo i gClár Erasmus; á chur i dtreis go mbeidh fógra leordhóthanach roimh ré ag teastáil ó iarratasóirí ón Aontas agus ón Ríocht Aontaithe araon maidir leis na coinníollacha agus na hamlínte do na cláir sin tar éis na hIdirthréimhse;

8. ag cur in iúl gur díol sásaimh di freisin é go mbeidh an Ríocht Aontaithe, faoi Airteagal 140 den Chomhaontú, faoi dhliteanas don Aontas i leith a sciar de ghealltanais bhuiséadacha bhuiséad an Aontais agus bhuiséid ghníomhaireachtaí díláraithe an Aontais a bheidh fós le híoc an 31 Nollaig 2020 agus i leith a sciar de na gealltanais a rinneadh do 2021 maidir le tabhairt anonn leithreasaí faoi chomhair gealltanas ón mbuiséad do 2020;

9. ag aithint gur scriosadh pointe 3 d’Iarscríbhinn 4 ón gComhaontú, inar pléadh caighdeáin shóisialta agus saothair a bhaineann leis an sásra “cúlstop”; ag cur in iúl gur díol sásaimh di an réiteach nua a aimsíodh maidir le saincheist na hÉireann/Thuaisceart Éireann, trína mbeidh críoch Thuaisceart Éireann ina cuid de jure de chríoch chustaim na Ríochta Aontaithe, ach a bheidh fós de facto i gcrios custaim an Aontais trí tharaifí agus rialacha custaim an Aontais a chur i bhfeidhm;

10. ag cur in iúl gur oth léi, áfach, nach ndéantar aon tagairt do chaighdeáin shóisialta agus saothair sa Chomhaontú agus gur scriosadh Clásal 34 agus Sceideal 4 sa Bhille athbhreithnithe um an gComhaontú um Tharraingt Siar lenar tugadh cosaintí breise nós imeachta do chearta oibrithe atá mar chuid de dhlí an Aontais faoi láthair le linn na hIdirthréimhse nó na tréimhse cur chun feidhme; ag cur in iúl gur ábhar imní di freisin é, sa bhreis ar aon tagairt shainráite do chearta oibrithe a bheith bainte as an gComhaontú anois, go bhfuil féidearthacht dáiríre ann i gcás cearta oibrithe atá ann cheana sa Ríocht Aontaithe, agus a dhíorthaíonn ó dhlí an Aontais, nach ndéanfar iad a chosaint ar mhodhnú, ar aisghairm ná ar chúlghairm sa dlí náisiúnta a luaithe a bheidh deireadh leis an idirthréimhse nó leis an tréimhse cur chun feidhme agus ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, go bhfuil sé beartaithe ag Rialtas na Ríochta Aontaithe reachtaíocht ar leith a rith chun cearta oibrithe a chosaint agus a fheabhsú i mBille nua Fostaíochta; á chur i dtreis nach bhféadfar leibhéal na cosanta dá bhforáiltear faoi láthair sa dlí, i rialacháin agus i gcleachtais a laghdú faoi bhun an leibhéil dá bhforáiltear leis na comhchaighdeáin is infheidhme laistigh den Aontas agus den Ríocht Aontaithe ag deireadh na hIdirthréimhse i réimse an tsaothair agus na cosanta sóisialta agus a mhéid a bhaineann le cearta bunúsacha ag an obair, sábháilteacht agus sláinte cheirde, dálaí córa oibre agus caighdeáin chóra fostaíochta, cearta faisnéise agus comhairliúcháin ar leibhéal na cuideachta, agus athstruchtúrú; ag cur in iúl gur ábhar imní di é sa chomhthéacs sin, gur ar éigean atá iarracht á déanamh ag an Ríocht Aontaithe faoi láthair reachtaíocht an Aontais a ritheadh le déanaí i réimse na ngnóthaí sóisialta agus fostaíochta a chur chun feidhme, amhail an leasú ar an Treoir maidir le hOibrithe a Phostú, an Treoir maidir le cothromaíocht oibre agus saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí agus an Treoir maidir le Dálaí Oibre Trédhearcacha agus Intuartha san Aontas Eorpach;

11. ag cur in iúl gur oth léi go háirithe nach mbeidh, faoin gComhaontú, feidhm ag formhór na bhforálacha um mhachaire chomhréidh atá i sean-Iarscríbhinn 4 a bhí ag gabháil leis an bPrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, rud a d’fhéadfadh margadh inmheánach an Aontais agus an geilleagar uile-oileánda a chur i mbaol;

12.  ag cur in iúl gur oth léi freisin gur tugadh isteach fo-alt nua (1) i gClásal 26 den Bhille athbhreithnithe um an gComhaontú um Tharraingt Siar, lena gceadaítear do Rialtas na Ríochta Aontaithe imthosca a shonrú ina bhféadfadh íoschúirteanna agus íosbhinsí áirithe imeacht ó rialuithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) i ndiaidh na hIdirthréimhse agus a bhféadfadh sé gurb é a leanfadh as sin nach mbeadh íoschúirteanna faoi cheangal a thuilleadh ag cásdlí socraithe Aontais CBAE maidir le cearta oibrithe a dhíorthaítear ó dhlí an Aontais Eorpaigh;

13. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é go bhfuil an tAontas agus an Ríocht Aontaithe tiomanta do chomhaontú saorthrádála a dhéanamh amach anseo faoi Airteagal 184 den Chomhaontú;

14. ag cur in iúl gur díol sásaimh di idirphlé a bheith ar bun idir Parlaimint na hEorpa agus Parlaimint na Ríochta Aontaithe chun gur féidir leis an dá reachtóir tuairimí agus saineolas a chomhroinnt maidir le saincheisteanna a bhaineann leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí; ag cur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, i gcomhréir leis an Dearbhú Polaitiúil, idirphlé leis an tsochaí shibhialta a spreagadh freisin agus gur cheart go gcuimseofaí ann go háirithe eagraíochtaí don óige agus comhlachais fostaithe a dhéanann ionadaíocht do shaoránaigh sin an Aontais atá ag obair sa Ríocht Aontaithe agus do shaoránaigh sin na Ríochta Aontaithe atá ag obair san Aontas;

15. á chur i dtreis gur gá a áirithiú, le haon chomhaontú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí, go n-urramóidh an Ríocht Aontaithe caighdeáin shóisialta agus saothair an Aontais ina n-iomláine chun machaire chomhréidh a choimirciú don iomaíocht oscailte agus chothrom, mar a léirítear i bpointe XIV, mír 77 den Dearbhú Polaitiúil;

16. ag cur in iúl gur díol sásaimh di é, dá bhrí sin, go gcuimsítear i mír 77 den Dearbhú Polaitiúil na príomhghnéithe d’Iarscríbhinn 4 den seanleagan den Chomhaontú ach ag cur in iúl gur ábhar imní di é nach bhfuil sa Dearbhú Polaitiúil ach dearbhú intinne, tar éis go raibh Iarscríbhinn 4, mar Iarscríbhinn a bhí ag gabháil le Prótacal an tsean-Chomhaontaithe, ceangailteach ó thaobh dlí;

17. á chur i dtreis agus á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, go gcaithfidh na trí phrionsabal lena rialaítear aon comhaontú saorthrádála sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe, eadhon gan cuótaí a bheith ann, gan taraifí a bheith ann agus gan dumpáil a bheith á déanamh, agus freisin i ndáil le caighdeáin shóisialta agus fostaíochta, a bheith doroinnte agus á thathant ar idirbheartaí an Aontais a bheith an-airdeallach i dtaca leis sin le linn na caibidlíochta, agus ag gach céim di, maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe;

18. ag cur in iúl gur oth léi go mór gur thug rialtas na Ríochta Aontaithe isteach clásal nua 33 den Bhille athbhreithnithe um an gComhaontú um Tharraingt Siar lena dtoirmisctear go sainráite aon síneadh a chur leis an idirthréimhse tar éis 2020; ag tabhairt rabhadh láidir go bhféadfadh sé gurb é a bheadh mar thoradh ar an bhforáil sin go mbeadh ‘Brexit gan mhargadh’ ann, rud a mbeadh tionchar tubaisteach aige ar dhaoine agus ar chuideachtaí san Aontas agus sa Ríocht Aontaithe araon toisc gur róghearr atá an tréimhse chun comhaontú cuimsitheach a chaibidliú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á thathant go láidir ar Rialtas na Ríochta Aontaithe agus ar Pharlaimint na Breataine athmhachnamh a dhéanamh ar a seasamh; á chur i dtreis nach mór forálacha maidir le machaire chomhréidh i ndáil le caighdeáin shóisialta agus saothair a bheith san áireamh in aon chomhaontú maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe; á thathant ar Rialtas na Ríochta Aontaithe Bille nua Fostaíochta a chur chun feidhme roimh dheireadh na hIdirthréimhse chun aon bhearnaí a sheachaint i gcás nach ndéantar cearta oibrithe a chosaint le reachtaíocht an Aontais atá ann cheana ná le Bille Fostaíochta na Ríochta Aontaithe; á chur i dtreis nár cheart go mbeadh caighdeáin shóisialta agus saothair sa Bhille Fostaíochta ina gcaighdeáin shocra, ach gur cheart go leanfaidís go díreach aon fheabhsuithe a dhéantar ar chaighdeáin shóisialta agus saothair san Aontas Eorpach, chun machaire chomhréidh a áirithiú idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe.

Dá bhrí sin, iarrann Coiste EMPL ar Choiste AFCO, mar an coiste atá freagrach, a sheasamh mar a leagtar amach thuas é a chur san áireamh agus a mholadh don Pharlaimint a toiliú a thabhairt don dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM AN GCOMHSHAOL, UM SHLÁINTE PHOIBLÍ AGUS UM SHÁBHÁILTEACHT BIA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar Thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

A Chathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, iarradh ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia tuairim a chur faoi bhráid do choiste. Ag a chruinniú an 6 Samhain 2019, chinn an Coiste an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Rinne an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia breithniú ar an ábhar ag a chruinniú an 21 Eanáir 2020. Ag an gcruinniú sin, chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

Le dea-mhéin,

Pascal Canfin

 

MOLTAÍ

1. ag cur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur saincheist é Brexit a bhfuil impleachtaí doimhne agus fadtéarmacha aige i gcás AE agus na Ríochta Aontaithe araon. Bhí saincheisteanna a bhaineann le sláinte phoiblí, sábháilteacht bia agus an comhshaol i lár an aonaigh ó thaobh na caibidlíochta de agus sa díospóireacht phoiblí a bhí ann maidir le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe. I bhfianaise na n-ábhar imní sin, bhí ENVI ag coimeád súil ghéar ar na caibidlíochtaí.

 

2. ag cur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil bunchuspóir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, arna leasú, fós ag rannchuidiú le síocháin a chaomhnú ar oileán na hÉireann agus le Comhaontú Aoine an Chéasta a choimeád slán agus a choimirciú, go háirithe trí theorainn chrua a sheachaint agus geilleagar uile-oileánda a chosaint. Áirithíonn an comhaontú freisin go mbreathnaítear ar oileán na hÉireann mar eintiteas comhshaoil aonair agus go bhfuil caighdeáin chomhshaoil á gcaomhnú ar an dá thaobh de theorainn dhofheicthe. Ó dhearcadh ENVI de, tá sé seo thar a bheith tábhachtach, mar go n-áirítear an comhshaol agus an tsláinte sna réimsí comhaontaithe de chomhar Thuaidh-Theas atá i gComhaontú Aoine an Chéasta.

 

3. ag moladh na haontachta a thaispeáin AE le linn na gcaibidlíochtaí go léir agus an iarracht a rinne sé chun na hiarmhairtí díobhálacha a bheadh ag tarraingt siar gan mhargadh a sheachaint; ag cur in iúl gur díol sásaimh di gur thángthas ar chomhaontú, ach tugann sí dá haire nach dtugann an comhaontú reatha ráthaíocht ar bith i dtaobh comhshocraíochtaí lena rialaítear an ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an Ríocht Aontaithe – gan Tuaisceart Éireann ar áireamh inti – agus AE-27 ag deireadh na hIdirthréimhse ar an 31 Nollaig 2020. Cé go bhfuil an fhéidearthacht ann síneadh a chur ar leis an idirthréimhse, beidh ar rialtas na Ríochta Aontaithe iarraidh a dhéanamh ina leith sin roimh mhí an Mheithimh 2020.

 

4. ag tabhairt dá haire gurb é an cás atá ann tar éis cúlstop ar fud na Ríochta Aontaithe a bhaint as an gComhaontú ná go bhfuil forálacha ceangailteacha comhshaoil áirithe tar éis titim ar lár freisin; ag tabhairt dá haire go háirithe nach bhfuil feidhm a thuilleadh ag na clásail neamh-chúlchéimnithe i gcomhthéacs chosaint an chomhshaoil. Níl prionsabail chomhshaoil seanbhunaithe de chuid AE, amhail prionsabal an réamhchúraim nó an prionsabal gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as, sa Phrótacal athbhreithnithe a thuilleadh.

 

5. Bhí cúlstop ar fud na Ríochta Aontaithe ina treoir freisin don Aontas agus don Ríocht Aontaithe na bearta is gá a dhéanamh chun a gcuid gealltanas faoi seach i leith comhaontuithe idirnáisiúnta a chomhlíonadh chun dul i ngleic leis an athrú aeráide, lena n-áirítear iad sin lena ndéantar Creat-Choinbhinsiúin na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) a chur chun feidhme, amhail Comhaontú Pháras 2015. Cé go bhfuil tagairt do Chomhaontú Pháras sa Dearbhú Polaitiúil, níl an tagairt sin anois sa Phrótacal athbhreithnithe.

 

6. Thairis sin, cinneadh sa Phrótacal bunaidh gur cheart don Ríocht Aontaithe córas praghsála carbóin a chur chun feidhme ag a mbeadh, ar a laghad, an éifeachtacht agus an raon feidhme céanna agus atá ag Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí agus bhí foráil ann a bhí á chur de cheangal ar an Ríocht Aontaithe córas trédhearcach a chur chun feidhme trína ndéanfaidh comhlacht neamhspleách agus cuí-acmhainnithe faireacháin, tuairisciú, formhaoirseacht agus forfheidhmiú, ar an leibhéal náisiúnta, ar a cuid oibleagáidí. Tá na forálacha sin bainte amach anois freisin.

 

7. ag tabhairt dá haire freisin i dtaca leis an gcéad eagrán den Phrótacal, go raibh cumhacht le tabhairt do Chomhchoiste, a bheadh comhdhéanta d’ionadaithe ó AE agus ón Ríocht Aontaithe agus a bheadh freagrach as cur chun feidhme an Chomhaontaithe, chun cinntí a ghlacadh lena ndéanfaí gealltanais íosta a leagan síos maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, maidir leis an uasmhéid sulfair i mbreoslaí muirí agus maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil, lena n-áirítear teorainnluachanna astaíochtaí, i dtaca le hastaíochtaí tionsclaíocha. I gcás díospóidí maidir le léirmhíniú agus cur chun feidhme na bhforálacha comhshaoil, d’fhéadfaí an t-ábhar a chur faoi bhráid an Chomhchoiste. Níl feidhm ag na forálacha sin a thuilleadh.

 

8. sa bhreis air sin, tugann sí dá haire i dtaobh na coda sa Dearbhú Polaitiúil athbhreithnithe a bhaineann le Machaire Chomhréidh atá dírithe ar iomaíocht éagórach a sheachaint, go bhfuil friotal teanga níos láidre inti i dtaobh comhchaighdeáin arda atá infheidhme in AE agus sa Ríocht Aontaithe a chomhlíonadh ag deireadh na hIdirthréimhse agus ansin, inter alia, caighdeáin chomhshaoil ar ardleibhéal a choimeád. Beidh ar AE agus an Ríocht Aontaithe a áirithiú go mbeidh na hardchaighdeáin sin á gcoimeád amach anseo i bhfianaise gur doiciméad neamhcheangailteach atá sa Dearbhú Polaitiúil, agus gurb ann don fhéidearthacht go bhféadfadh an Ríocht Aontaithe comhshocruithe a dhéanamh sa todhchaí le tríú tíortha ag a bhfuil caighdeáin níos ísle; tugann sí dá haire go mbeadh forálacha láidre i dtaca le machaire chomhréidh ag teastáil i gcás daingniú ar aon Chomhaontú Saorthrádála sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe, rud a bheidh á ghrinnscrúdú ag Coiste ENVI.

 

9. ag moladh go láidir go mbeadh sé mar aidhm ag AE agus an Ríocht Aontaithe comhoibriú chomh dlúth agus is féidir le chéile ó thaobh an bheartais comhshaoil de, rud a chiallaíonn go hidéalach gur cheart go mbeadh an Ríocht Aontaithe páirteach i ngach aon ionstraim bheartais sa réimse seo amach anseo.

 

10. ag iarraidh go háirithe go dtabharfar isteach gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun rochtain leanúnach agus mhear ar chógais shábháilte agus feistí leighis d’othair a áirithiú, lena n-áirítear soláthar slán agus comhsheasmhach ar raidiseatóip. Chun sábháilteacht othar a áirithiú, ba cheart go n-oibreoidh AE agus an Ríocht Aontaithe i dtreo aitheantas frithpháirteach ar cháilíochtaí gairmiúla chun saorghluaiseacht gairmithe leighis a áirithiú.

 

Measann Coiste ENVI gur ríthábhachtach é go dtabharfar aird chuí ar a thuairimí agus ar a ábhair imní, agus go dtabharfar aghaidh orthu, agus, dá bhrí sin, iarrann sé ar Choiste AFCO, mar an coiste atá freagrach, a sheasamh mar a leagtar amach thuas a chur san áireamh.

Iarrann Coiste ENVI ar Choiste AFCO, mar an coiste atá freagrach, a mholadh don Pharlaimint a toiliú a thabhairt don dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

 

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

PHS 08B043

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>((2018/0427(NLE))</DocRef>

A Chathaoirligh, a chara,

Faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, iarradh ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra tuairim i bhfoirm litreach a chur faoi bhráid do choiste.

 

 

Rinne an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra breithniú ar an ábhar ag a chruinniú an 4 Nollaig 2019. Ag an gcruinniú sin[52], chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

Le dea-mhéin,

Petra De Sutter MD, PhD
Cathaoirleach

 

MOLTAÍ

An margadh inmheánach

1. ag meabhrú di go n-áirithítear saorghluaiseacht earraí laistigh den Mhargadh Inmheánach leis an Aontas Custaim agus na rialacha maidir le comhchuibhiú agus aitheantas frithpháirteach táirgí, mar aon le cásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Dá bhrí sin, tá faireachas margaidh agus caighdeáin táirgí láidre bunriachtanach agus ní féidir iad a ionadú le haon ghaolmhaireacht sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe ar mhaithe le machaire chomhréidh do ghnólachtaí AE agus cosaint leormhaith do thomhaltóirí AE a áirithiú;

2. á áitiú go mbeadh sé mar aidhm leis na nósanna imeachta oibríochtúla a ghlacfar le linn na hIdirthréimhse rialacha mhargadh inmheánach an Aontais d’earraí agus an tAontas Custaim a chaomhnú. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach an dóigh go mbíonn earraí ag comhlíonadh rialacha an Mhargaidh Aonair a choimirciú;

3. ag cur béim le teann sásaimh ar an bhfíoras go bhfuil na prionsabail bhunúsacha fós infheidhme faoin gComhaontú, go ginearálta, a mhéid a bhaineann le saorghluaiseacht seirbhísí, bunú agus aithint cáilíochtaí gairmiúla le linn na hIdirthréimhse, chun suaitheadh i bhfeidhmiú an Mhargaidh Aonair a sheachaint;

4. ag meabhrú, i ndáil leis an méid sin, go mbeidh, de bhun Airteagal 25 den Chomhaontú, daoine féinfhostaithe ag teachtadh na gceart a ráthaítear leis an gConradh a mhéid a bhaineann le saoirse bhunaíochta agus an tsaoirse seirbhísí a sholáthar, ach go mbeidh siad faoi réir srianta áirithe. Daingnítear an ceart gairm a shaothrú in Airteagal 27 den Chomhaontú, ós rud é go gcaomhnófar na héifeachtaí atá ag aithint cáilíochtaí gairmiúla roimh dheireadh na hIdirthréimhse, rud atá ag teacht leis na forálacha ábhartha den Treoir maidir le Cáilíochtaí Gairmiúla nó den Treoir maidir le Bunaíocht i gcás Dlíodóirí. Chun cur chun feidhme na bhforálacha sin a éascú i gcleachtas, foráiltear do chomhar riaracháin maidir le haithint cáilíochtaí gairmiúla in Airteagal 29 den Chomhaontú;

5. ag cur in iúl gur díol sásaimh di an fíoras go dtugann an Comhaontú soiléiriú ar na rialacha is infheidhme maidir le nósanna imeachta soláthair phoiblí arna seoladh roimh dheireadh na hIdirthréimhse agus nach mbeidh tugtha chun críche le linn na hIdirthréimhse, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le leigheasanna.

Beartas Tomhaltóirí

6. ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh feidhm iomlán ag cearta tomhaltóirí a eascraíonn as dlí an Aontais agus rialacha ábhartha eile AE le linn na hIdirthréimhse agus ag cur i bhfios go bhfuil sé tábhachtach go gcuirfí tomhaltóirí ar an eolas go leordhóthanach má tá siad ag ceannach sa Ríocht Aontaithe nó ó thrádálaí de chuid na Ríochta Aontaithe, cé nár cheart go n-athródh an staid do thomhaltóirí agus do thrádálaithe, a bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu le linn na hIdirthréimhse;

Custaim

7. ag meas go bhféadfaí a bheith ag súil le teannas sa trádáil agus i slabhraí soláthair cuideachtaí mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe ón Aontas Custaim; ag cur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart suaitheadh tromchúiseach i sreabhadh earraí a sheachaint; de bhrí gur cheart grinnmheasúnú a dhéanamh ar an gcleachtadh ullmhachta arna dhéanamh ag Ballstáit AE-27 le tacaíocht ón gCoimisiún Eorpach, gur cheart cur leis agus acmhainní a cheadú dó i gcás inar gá, chun go mbeidh an cleachtadh ullmhachta ina thosaíocht i bpróiseas Brexit;

8. ag cur in iúl gur díol sásaimh di mar chéim chun cinn na forálacha a bhfuil sé mar aidhm leo saorchúrsaíocht tríd an mBreatain Mhór a éascú i gcomhair earraí atá á n-aistriú idir dhá phointe a bhaineann leis an Aontas Custaim;

An Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann

9. ag tabhairt dá haire go bhfuil go leor éiginnteachta fós ann maidir leis na socruithe nithiúla a bheidh mar bhonn taca le feidhmiú an chomhaontaithe chun Tuaisceart Éireann a choimeád laistigh de chreat an Aontais Custaim (mar aon le laistigh de rialacha an Mhargaidh Aonair) i gcomhair earraí agus táirgí talmhaíochta. Beidh ar Chomhchoiste an chuid is mó de na socruithe sin a shainiú. Ní mór gach dícheall a dhéanamh chun a áirithiú, i gcás na nósanna imeachta agus na rialuithe arna gcur ar bun ag an gComhchoiste, go mbeifear in ann brath éifeachtach a dhéanamh, as measc na n-earraí a thabharfar ón mBreatain Mhór go Tuaisceart Éireann, ar na cinn sin a sainítear ina leith go bhfuil “baol ann go n-aistreofar [iad] isteach san Aontas”. An tábhacht atá le haithint chuí na n-earraí a bhaineann leis an gcatagóir sin, luíonn sé sin leis an bhfíoras go mbeidh siad faoi réir tharaifí, dhleachtanna máil nó CBL AE, agus go gcaithfidh siad rialacha na Mhargaidh Aonair a chomhlíonadh;

10. ag áitiú di, sa chás gur ar iontaoibh na Ríochta Aontaithe a chuirfí bailiú acmhainní dílse Bhuiséad an Aontais a bheadh le híoc ar ais leis an Aontas, gur beart nádúrtha cosanta le haghaidh leigheasanna airgeadais an Aontais a bheadh i sásra leordhóthanach a chur ar bun le haghaidh faireachán ar chur chun feidhme cuí an nós imeachta chun earraí a bhrath a bhfuil “baol ann go n-aistreofar [iad] isteach san Aontas”. Ní mór go ráthófaí leis na socruithe nach lú an láidreacht a bheadh ag na rialuithe ar tháirgí talmhaíochta agus bia – e.g. rialuithe fíteashláintíochta – ná na cinn atá ann ag aon phointe iontrála i mBallstát de chuid AE. Ar an gcuma chéanna, níor cheart go bhféadfaí leas a bhaint as lúbanna ar lár agus rialacha nuair a bhíonn rialacháin an Mhargaidh Aonair á gcomhlíonadh. Ní féidir go mbeadh ann don fhéidearthacht go mbainfeadh oibreoirí trádála tairbhí as oibríochtaí a aistriú go suíomhanna ina bhféadfaí oibleagáidí rialála caighdeánacha a sheachaint;

11. ag cur i dtreis gur cheart grinnscrúdú iomchuí a ráthú do Pharlaimint na hEorpa ar chomhleanúnachas agus ailíniú na socruithe arna gceapadh ag an gComhchoiste, chomh maith le héifeachtacht na réiteach a chuirfear ar bun.

Dá bhrí sin, iarrann Coiste IMCO ar Choiste AFCO, mar an coiste atá freagrach, a mholadh don Pharlaimint a toiliú a thabhairt don dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2018/0427(NLE)).

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL


Ábhar: <Titre>Comhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2018/0427(NLE))</Titre>

 

A Chathaoirligh, a chara,

 

I gcomhréir leis an moladh ó Chomhdháil na nUachtarán an 7 Feabhra 2019, chinn an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht a iarraidh Rial 56(1) a chur i bhfeidhm chun tuairim a chur faoi bhráid an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla agus tá an tuairim á cur in iúl sa litir seo. 

 

Is mian leis an gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht na barúlacha seo a leanas a chur in iúl:

1. Meabhraíonn sé a thábhachtaí atá an earnáil iompair do dheiseanna fáis agus fostaíochta; cuireann sé béim ar an bhfíoras go mbeidh an Comhchoiste, arna bhunú leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, ag díriú ar cheanglas neamhchoinníollach na cómhalartachta i gcás rochtain fhrithpháirteach ar na margaí iompair, go háirithe sna hearnálacha eitlíochta, iarnróid, bóithre agus muirí, le lánurraim do chearta paisinéirí AE agus do shaorghluaiseacht daoine, earraí agus seirbhísí;

2. Cuireann sé béim ar an ngá atá le comhaontuithe a chur i gcrích chun leanúnachas na seirbhísí iompair idir AE agus an Ríocht Aontaithe a ráthú;

3. Tarraingíonn sé aird ar an ngá atá le maoiniú leanúnach a áirithiú do thionscadail bhonneagair comhaontuithe, go háirithe faoi chuimsiú TEN-T, CEF agus SES, agus freisin do Chomhthionscnaimh Teicneolaíochta amhail Spéir Ghlan I agus Spéir Ghlan II; agus measann sé go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Ríocht Aontaithe a cuid gealltanas agus oibleagáidí airgeadais a chomhlíonadh ina n-iomláine, fiú amháin má bhíonn siad fós ar marthain tar éis ré bhallraíochta na Ríochta Aontaithe in AE;

Tar éis na barúlacha thuasluaite a chur san áireamh, molann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht don Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla a thoiliú a thabhairt do dhaingniú an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach.

 

Le dea-mhéin,

((Sínithe)) [Karima Delli]

 

 

 

 

CC:  D. Sassoli, Uachtarán

A. Tajani, Cathaoirleach CCC

Comhordú Reachtach

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar an Togra le haghaidh Cinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>(COM(2019/0194); COM(2018/0841); COM(2018/0834); COM(2018/0833) – C9-0148/2019 – 2018/0427(NLE))</DocRef>

A Chathaoirligh, a chara,

Rinne an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe breithniú ar an ábhar ag a chruinniú an 22 Eanáir 2020. Ag an gcruinniú sin[53], chinn sé, d’aon ghuth, a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina mholadh.

Le dea-mhéin,

(sínithe) Norbert Lins

MOLTAÍ

Ba mhaith le Coiste AGRI na pointí ríthábhachtacha seo a leanas a chur i dtreis go láidir i dtaobh thionchar Brexit ar thalmhaíocht AE agus na réitigh a mholtar sa Chomhaontú um Tharraingt Siar agus sa Dearbhú Polaitiúil.

 

1. Maidir le beartas talmhaíochta per se, dealraíonn sé nach gcruthaíonn tarraingt siar na Ríochta Aontaithe fadhbanna dosháraithe ós rud é gur féidir deireadh a chur le cur i bhfeidhm shásraí agus íocaíochtaí CBT chuig an Ríocht Aontaithe go measartha simplí. Ós rud é go bhfuil deireadh na hIdirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar ag teacht ag an am céanna le deireadh an CAI reatha (2014-2020) d’fhéadfadh sé rudaí a éascú ina leith seo;

 

2. Mar sin féin, ba mhaith linn a chur in iúl go gcaithfeadh forálacha maoinithe agus cuntais chuí arna socrú i gceart ag deireadh na tréimhse sin, mar a fhoráiltear in Airteagal 132 den Chomhaontú, a bheith ag gabháil le haon síneadh ar an idirthréimhse, d’ainneoin go measfar an Ríocht Aontaithe mar thríú tír faoin CAI ón mbliain 2021;

 

3. Ba chúis mhór cúraim do Choiste AGRI le linn na gcaibidlíochtaí ar an gComhaontú an chosaint leanúnach sa Ríocht Aontaithe ar an iliomad Tásca Geografacha (TGanna) (níos mó ná 3 000) a bhaineann le táirgí talmhaíochta, bia nó dí ar de thionscnamh an Aontais iad. I ndáil leis sin, tá an Coiste sásta go ndaingníonn an téacs reatha cosaint do TGanna AE i dTuaisceart Éireann, agus cosaint TGanna AE a fhormheasfar faoi dheireadh na hIdirthréimhse i gcodanna eile den Ríocht Aontaithe;

 

4. Ba mhaith linn béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé an chosaint sin a chaomhnú sna socruithe lena rialaítear an ghaolmhaireacht sa todhchaí. Chomh maith leis sin, ní hamháin gur cheart do na socruithe sin gach TG de chuid AE atá ann cheana a chumhdach, ba cheart go n-áireofaí leo freisin, dar linn, sásraí déthaobhacha comhair i ndáil le haitheantas frithpháirteach ag an Ríocht Aontaithe agus ag AE-27 i gcás aon TGanna nua a dhéanfar a fhormheas tar éis na hIdirthréimhse agus, más ábhartha, i gcás ina scoirfeadh an Prótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann d’fheidhm a bheith aige de bhun Airteagal 18 den Phrótacal sin;

 

5. Tuigimid go rímhaith go bhfuil impleachtaí ag saincheist na hÉireann agus Thuaisceart Éireann atá i bhfad níos leithne ná an earnáil talmhaíochta. Mar sin féin, i bhfianaise a thábhachtaí atá bacainní taraife agus neamhtharaife sa talmhaíocht, ghné chomhtháite agus idirspleách mhargaí talmhaíochta na hÉireann agus Thuaisceart Éireann, agus síor-chúrsaíocht trasteorann ainmhithe beo, táirgí críochnaithe agus táirgí a dteastaíonn tuilleadh próiseála uathu, tá sé thar a bheith tábhachtach don earnáil sin an tsaincheist seo a láimhseáil go réidh. I ndáil leis sin, is díol sásaimh do Choiste AGRI go bhfuil an status quo á chothabháil, mar aon leis an teorainn dhofheicthe reatha agus comhar Thuaidh-Theas ar oileán na hÉireann mar a leagadh amach i gComhaontú Aoine an Chéasta, ar choinníoll go ndeonaítear an toiliú daonlathach dá dtagraítear in Airteagal 18 den Phrótacal maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann;

 

6. Ag an am céanna, ba mhaith linn an dearbhriachtanas cur chun feidhme cuí an Phrótacail a áirithiú a chur i dtreis, ní hamháin chun an status quo thuas a choinneáil, ach freisin chun cosc a chur ar chruthú bealaí éalaithe i gcosaint taraife agus neamhtharaife AE. Beidh obair an Chomhchoiste chun socruithe faoin bPrótacal a thabhairt chun críche ríthábhachtach. Ba cheart an dá chuspóir sin a léiriú agus a fhorfheidhmiú freisin trí aon socruithe maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí i gcás ina scoirfeadh an Prótacal d’fheidhm a bheith aige de bhun Airteagal 18;

 

7. Baineann na príomh-shaincheisteanna talmhaíochta a thagann chun cinn de bharr Brexit le trádáil. Is ag táirgí talmhaíochta agus táirgí agraibhia atá an leibhéal is airde cosanta taraife agus neamhtharaife in AE mar atá i bhformhór na dtíortha ar fud an domhain, agus is dócha gurb amhlaidh a bheidh an cás sa Ríocht Aontaithe. Dá bharr sin, is í an earnáil sin is mó a fhulaingeoidh le tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Custaim agus ón Margadh Aonair ag deireadh na hIdirthréimhse, go háirithe ós rud é go bhfuil na méideanna trádála atá i gceist suntasach: ar bhonn na sreafaí trádála reatha, d’fhéadfadh an Ríocht Aontaithe a bheith ina phríomh-chomhpháirtí trádála agraibhia ag AE-27 le haghaidh onnmhairí agus allmhairí araon tar éis Brexit;

 

8. Ba mhian linn, mar sin, a chur in iúl má thagann an Comhaontú i bhfeidhm, go mbeidh sé ríthábhachtach leas a bhaint as an idirthréimhse chun caibidlíocht a dhéanamh maidir le socruithe cuimsitheacha a chruthóidh limistéar saorthrádála, mar atá beartaithe faoin Dearbhú Polaitiúil. Ina éagmais sin, bheadh “cás tubaisteach” dáiríre ag an earnáil talmhaíochta maidir le trádáil dhéthaobhach, leis an Ríocht Aontaithe agus le AE-27 ag trádáil faoi rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála, gan aon rochtain fhabhrach ar mhargaí a chéile, agus b’fhéidir freisin go dtosóidís ag scaradh óna chéile ó thaobh a gcreataí rialála faoi seach. Is mian linn béim láidir a leagan, ó thaobh Choiste AGRI de, gur cheart an uile ní a dhéanamh chun a leithéid de chás a sheachaint. Dá mba rud é nach bhféadfaí é sin a dhéanamh, molann Coiste AGRI don Choimisiún acmhainní leordhóthanacha a sholáthar chun na héifeachtaí d’fheirmeoirí agus don tionscal agraibhia a mhaolú má tharlaíonn “cás tubaisteach” ag deireadh na hIdirthréimhse, díreach mar a bhí beartaithe i gcás mainneachtain an Comhaontú um Tharraingt Siar a dhaingniú;

 

9. Beidh tionchar cinntitheach ag an mbeartas talmhaíochta náisiúnta nua a chuirfidh an Ríocht Aontaithe i bhfeidhm tar éis di tarraingt siar ó AE chomh maith leis na comhaontuithe trádála nua a aontóidh sí le tríú tíortha eile ar an earnáil. Mar sin féin, tá siad lasmuigh de raon feidhme na tuairime seo ar an gComhaontú;

 

10. Dá bhrí sin, tacaíonn Coiste AGRI go láidir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar mar a chomhaontaigh idirbheartaithe AE agus na Ríochta Aontaithe agus a cuireadh faoi bhráid na Parlaiminte le toiliú a fháil, le súil go n-osclóidh a theacht i bhfeidhm agus a chur chun feidhme cuí socruithe maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí lena gcaomhnófar, a oiread agus is féidir, leasanna talmhaíochta AE.

 

 

 


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gComhaontú maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

 

Ag cruinniú an 6 Samhain 2019, bheartaigh Comhordaitheoirí an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla tuairim a thabhairt i bhfoirm litreach, i gcomhréir le Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta, i leith an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach[54] (an “Comhaontú um Tharraingt Siar”) le béim ar inniúlachtaí ár gCoiste. De réir an chinnidh ó Chomhdháil na nUachtarán an 24 Deireadh Fómhair 2019, rinneadh mise a cheapadh an 6 Samhain 2019 i mo Rapóirtéir don tuairim i mo cháil mar Chathaoirleach an Choiste agus i bhfoirm litreach atá an tuairim ón gcoiste.

 

An moladh:

 

Ag a chruinniú an 16 Eanáir 2020, chinn an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, le 17 vóta i bhfabhar, 1 vóta i gcoinne agus 2 staonadh[55], a mholadh don Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla gan toiliú a thabhairt don Chomhaontú um Tharraingt Siar chomh fada is nach bhfuil Bille na Ríochta Aontaithe um an gComhaontú um Tharraingt Siar, lena dtabharfar éifeacht don Chomhaontú um Tharraingt Siar, glactha agus sínithe go críochnaitheach ag gach céim sa Ríocht Aontaithe agus measúnú déanta ar a éifeachtaí dlíthiúla d’fhonn an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme amach anseo.

 

Tugtar an moladh agus aird chuí á tabhairt ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar fhorálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, go háirithe Airteagail 4 agus 5, Cuid II de maidir le cearta na saoránach, forálacha Theideal IV de Chuid III de, maidir le maoin intleachtúil, Teideal VI de maidir le comhar breithiúnach leanúnach in ábhair shibhialta agus thráchtála agus an dlúthghaol atá acu leis na tarluithe roimh dheireadh na hIdirthréimhse; Teideal X maidir le nósanna imeachta breithiúnacha agus riaracháin an Aontais; Teideal XII maidir le pribhléidí agus díolúintí, go háirithe na forálacha maidir le díolúine Fheisirí Pharlaimint na hEorpa; agus Teideal XIII maidir le saincheisteanna a bhaineann le feidhmiú institiúidí, chomhlachtaí, oifigí agus ghníomhaireachtaí an Aontais, Cuid IV maidir leis an Idirthréimhse, agus Cuid VI maidir le forálacha institiúideacha agus críochnaitheacha ag féachaint go háirithe do Theideal I de maidir le léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach.

 

Thar ceann an Choiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, ba mhaith liom aird an Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla a tharraingt ar na nithe seo a leanas a mheastar a bheith bunriachtanach chun críche toilithe:

 

1. Maidir le tarraingt siar Ballstáit ón Aontas Eorpach, cé gurb é ceart ceannasach an Bhallstáit sin é, ba cheart é a shocrú ar an mbealach is eagraithe agus is féidir ionas nach mbeadh tionchar diúltach aige ar an Aontas Eorpach, ar a shaoránaigh ná ar phróiseas lánpháirtithe na hEorpa ar thaobh amháin agus teorainn a chur, a mhéid is féidir, leis na hiarmhairtí díobhálacha láithreacha ar an mBallstát atá ag tarraingt siar agus a shaoránaigh, ar an taobh eile;

 

2. In éagmais an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, d’imeodh an Ríocht Aontaithe ón Aontas Eorpach go huathoibríoch an 31 Eanáir 2020 agus dhéanfadh sí é sin ar bhealach mí-ordúil;

 

3. San fhógra uaithi an 29 Márta 2017, thug an Ríocht Aontaithe le fios go raibh sé ar intinn aici gan teacht faoi dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh.  Sa rún uaithi an 3 Deireadh Fómhair 2017 maidir le staid na caibidlíochta leis an Ríocht Aontaithe, leag an Pharlaimint béim, go háirithe maidir le cearta saoránach, ar an bhfíoras gur cheart éifeacht a thabhairt don ghealltanas go dtabharfar éifeacht dhíreach do chearta shaoránaigh AE-27 atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe trí bhíthin an comhaontú um tharraingt siar a ionchorprú i ndlí na Ríochta Aontaithe, agus gur cheart é sin a dhéanamh ar bhealach lena gcuirtear cosc ar é a athrú go haontaobhach, lena gceadaítear do shaoránaigh AE cearta an chomhaontaithe um tharraingt siar a agairt díreach os comhair chúirteanna agus riarachán poiblí na Ríochta Aontaithe, agus lena dtugtar tosaíocht dó ar dhlí na Ríochta Aontaithe agus – chun comhleanúnachas agus sláine ord dlíthiúil AE a ráthú – leag sí béim ar an bhfíoras nach mór do Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) leanúint de bheith ar an aon údarás atá inniúil as dlí an Aontais Eorpaigh agus an comhaontú um tharraingt siar a léirmhíniú agus a fhorfheidhmiú.  Sa chomhthéacs sin, ba cheart a thabhairt ar aire go ndearna an Ríocht Aontaithe, faoi na téarmaí agus na coinníollacha sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, forálacha sonracha a chomhaontú maidir le dlínse CBAE agus léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais.  Is gné bhunriachtanach é sin den Chomhaontú um Tharraingt Siar agus ní mór go mbeadh mar thoradh ar aon mhalairt slí aontaobhach óna fhorálacha i ndáil leis sin, go háirithe trí fhorálacha cur chun feidhme a ghlacadh, amhail an Bille um an gComhaontú um Tharraingt Siar chuige sin, go ndéanfadh Parlaimint na hEorpa a toiliú a choinneáil siar.  Dá bhrí sin, fágann sin nach féidir toiliú na Parlaiminte a thabhairt ach amháin leis an tuiscint go ndéanfaidh na comhpháirtithe an réiteach atá cothromaithe go cúramach agus ar thángthas air sa Chomhaontú um Tharraingt Siar a mhéid a bhaineann le dlínse CBAE agus a ról i léirmhíniú agus cur i bhfeidhm dhlí an Aontais agus an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar féin a urramú go hiomlán agus de mheon macánta.

 

4. Tá sé fíorthábhachtach cearta shaoránaigh AE-27 atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe agus cearta shaoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí in AE a chaomhnú go deireadh na hIdirthréimhse go hiomlán agus tar éis na tréimhse sin a mhéid is féidir, go háirithe teaghlaigh agus saoránaigh leochaileacha agus go háirithe a mhéid a bhaineann leis na cearta faighte.  Ó thús na gcaibidlíochtaí, bhí sé sin ar an treoirlíne agus ar an gcoinníoll príomha caibidlíochta a bhí ag an bParlaimint dá toiliú agus ní mór dó fanacht amhlaidh.

 

5. Is rud bunúsach do Thuaisceart Éireann agus don chaidreamh a bheidh aige le hÉirinn amach anseo é tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach d’fhonn an tsíocháin a choimirciú agus, dá bhrí sin, Comhaontú Aoine an Chéasta ina iomláine a chaomhnú.  I ndáil leis sin, ní mór a thabhairt ar aire go bhféadfadh cur chun feidhme na bhforálacha leasaithe den Phrótacal athbhreithnithe maidir le hÉirinn agus Tuaisceart Éireann a bheith ina dhúshlán agus caithfear é a chur le chéile go cúramach agus faireachán a dhéanamh air.  Tá ceann de na gnéithe ar ina leith a theastóidh grinnscrúdú agus breithniú cúramach bainteach le dlínse cuideachtaí atá bunaithe agus ag oibriú i dTuaisceart Éireann.

 

6. Tá Bille fán gComhaontú um Tharraingt Siar na Ríochta Aontaithe lena dtabharfar éifeacht don Chomhaontú um Tharraingt Siar ina ghníomh de chuid ord dlíthiúil baile na Ríochta Aontaithe agus tá na héifeachtaí dlíthiúla atá aige d’fhonn an Comhaontú um Tharraingt Siar a chur chun feidhme ríthábhachtach don toiliú.  Ba cheart anailís chúramach a dhéanamh orthu sula ndéanfar cinneadh maidir le toiliú agus beidh ar an Ríocht Aontaithe agus an tAontas Eorpach dlúthfhaireachán a dhéanamh orthu ina dhiaidh sin i gcás ina dtugtar toiliú.

 

7. Beidh an tÚdarás Faireacháin Neamhspleách atá á chur ar bun faoi láthair ag an Ríocht Aontaithe inniúil chun gearáin a fháil ó shaoránaigh AE-27 maidir le sáruithe féideartha ar a gcearta faoin gComhaontú um Tharraingt Siar. Beidh sé inniúil chun fiosrúcháin a sheoladh agus caingne dlí a thionscnamh. I bhfianaise ról lárnach an chomhlachta amach anseo i dtaca lena áirithiú go gcomhlíonfar an Comhaontú um Tharraingt Siar agus, dá bhrí sin, dlí an Aontais, tá sé thar a bheith tábhachtach go gcuirfí an t-údarás sin ar bun ar bhealach lena gceadaítear dó gníomhú go gasta agus go hiomlán neamhspleách maidir le gearáin ó shaoránaigh de chuid an Aontais.

 

8. Foráiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar d’idirthréimhse go dtí deireadh 2020 ar féidir síneadh suas le bliain amháin nó dhá bhliain a chur léi; De bhun an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, le linn na hIdirthréimhse sin, beidh ag institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais na cumhachtaí arna dtabhairt dóibh le dlí an Aontais i ndáil leis an Ríocht Aontaithe agus le daoine nádúrtha agus dlítheanacha atá ina gcónaí nó atá bunaithe sa Ríocht Aontaithe. Go háirithe, beidh dlínse ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh amhail dá bhforáiltear sna Conarthaí.  Ba cheart a thabhairt ar aird gur cheart aird chuí a thabhairt ar an bhféidearthacht go ndéanfar síneadh a chur leis an idirthréimhse mar bhealach le tarraingt siar rianúil na Ríochta Aontaithe a éascú tuilleadh trí chaibidlíocht a thabhairt chun críche maidir leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí idir an Ríocht Aontaithe an tAontas Eorpach.

 

Tá súil agam go mbeidh an méid thuas ina rannchuidiú fónta leis an tuarascáil atá á dréachtú ag an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla.

 

Le dea-mhéin,

Lucy Nethsingha


 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach</Titre> <DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

A Chathaoirligh, a chara,

Is cúis áthais dom a chur in iúl duit gur chinn Coiste LIBE an 26 Feabhra 2019, de thoradh an chinnidh ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí an 12 Feabhra 2019, mar a d’fhormhuinigh Comhdháil na nUachtarán é an 14 Feabhra 2019, a iarraidh go bhféadfadh sé tuairim i bhfoirm litreach a chur faoi bhráid Choiste AFCO faoin nós imeachta dá dtagraítear thuas, de bhun Riail 56(1) de na Rialacha Nós Imeachta.

Ghlac ár gCoiste an tuairim sin sa chruinniú a bhí aige an 13 Eanáir 2020. Sa chruinniú sin, chinn sé a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a áireamh ina dhréachtmholadh.

 

Dá bhrí sin, tarchuirim leis seo an tuairim ó Choiste LIBE ina bhfuil dhá chuid, eadhon cuid A (Barúlacha ginearálta) agus cuid B (Barúlacha téamacha de réir réimsí inniúlachta LIBE). Sa tuairim, tugtar aghaidh ar na saincheisteanna sin a thagann faoi inniúlacht Choiste LIBE agus atá bunriachtanach do phróiseas tarraingt siar atá rianúil agus atá ullmhaithe go hiomchuí, eadhon cás agus cearta shaoránaigh AE agus na Ríochta Aontaithe, cosaint sonraí pearsanta, tearmann, imirce agus bainistiú teorainneacha, maille le slándáil, comhar i bhforfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla. Chun na críche sin, ní thráchtar ann ach ar théacs an dréacht-Chomhaontaithe um Tharraingt Siar, lena n-áirítear maidir leis an ionchas i dtaobh comhar a bheith ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe.

 

 

Le dea-mhéin,

Juan Fernando López Aguilar

MOLTAÍ

A. Barúlacha ginearálta

Leagann Coiste LIBE béim ar an ngá atá ann lena áirithiú go mbeidh tionchar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas chomh teoranta agus is féidir. Tá tábhacht ar leith ag roinnt leis sin i gcás na n-ábhar a thagann faoi shainchúram Choiste LIBE dá dtagraítear thuas, mar go ndéanann siad difear do ghnéithe bunúsacha de shaol daoine. 

Measann Coiste LIBE go bhfuil sé mar aidhm leis an gComhaontú um Tharraingt Siar a bheith ina chreat le haghaidh tarraingt siar rianúil lena maolaítear na héifeachtaí díobhálacha a bheidh ag imeacht na Ríochta Aontaithe a mhéid is féidir.

Ar deireadh, tá ár gCoiste den tuairim gur cheart go mbeadh aon chomhar idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe ina léiriú i gcónaí ar an urraim chomhroinnte don dlí idirnáisiúnta, do chearta an duine agus don smacht reachta.

B. Barúlacha téamacha

1.  Cearta saoránach

De réir an rúin ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Bealtaine 2018[56], ba cheart go n-áiritheofaí “nach ndéanfaidh Brexit difear do chearta shaoránaigh AE atá ina gcónaí go dlíthiúil sa Ríocht Aontaithe ná do chearta shaoránaigh RA atá ina gcónaí go dlíthiúil in AE-27”, agus is díol sásaimh dár gCoiste an Comhaontú um Tharraingt Siar toisc gur céim mhór atá ann i dtreo príomhéileamh sin na Parlaiminte a thabhairt chun fíre. Rud dearfach freisin is ea go bhfuil na hoibleagáidí atá ar an Ríocht Aontaithe agus ar an Aontas ina leith sin bunaithe ar chómhalartacht.

Dá bhrí sin, is ríthábhachtach le Coiste LIBE go ndéanfar, faoin gComhaontú um Tharraingt Siar, cearta saoránach, lena n-áirítear a léirmhíniú breithiúnach, a choinneáil le linn na hIdirthréimhse, lena dtugtar freisin an tslí agus an t-am is gá do shaoránaigh ar an dá thaobh chun a saol a bheartú. Ráthaítear ‘cosaint ar feadh an tsaoil’ freisin faoi Airteagal 39 den Chomhaontú, agus rud dearfach i ndáil leis sin freisin is ea an leathnú ar dhlínse Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) tar éis an tarraingt siar agus nádúr ceangailteach an chásdlí a tugadh isteach roimh dheireadh na hIdirthréimhse. Is díol sásaimh dár gCoiste freisin é daoine reatha den teaghlach agus leanaí a bheidh ann amach anseo a bheith á gcumhdach go foriomlán leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, agus na ráthaíochtaí gaolmhara maidir le hathaontú teaghlaigh, cosaint ar dhíbirt, coimircí maidir leis na ceanglais chun an ceart fanachta agus cearta ábhartha nós imeachta a chruthú, maille le dearbhú gaolmhar rialtas na Ríochta Aontaithe nach ndéanfaidh sí, le linn na hIdirthréimhse, agus murab ionann agus an cleachtas a bhí aici le déanaí, an ceanglas um Árachas Cuimsitheach Breoiteachta a chur i bhfeidhm maidir le saoránaigh sin an Aontais a dhéanann iarratas ar stádas réamhlonnaithe nó ar stádas lonnaithe.

 

Tá foláirimh áirithe sa Chomhaontú um Tharraingt Siar freisin, toisc, mar shampla, nach dtiocfaidh catagóirí áirithe saoránach a chumhdaítear faoi dhlí an Aontais faoi láthair, mar a léirmhíníonn Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh iad, faoi fhorálacha an Chomhaontaithe (e.g. náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe atá ag filleadh ar an Ríocht Aontaithe i dteannta daoine dá dteaghlach nach den Aontas iad, daoine faoi mhíchumas agus cúramóirí, náisiúnaigh tríú tír a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe agus a bhfuil dlúthnaisc dhlíthiúla acu leis na Ballstáit amhail náisiúnaigh tríú tír a rugadh san Aontas, dídeanaithe aitheanta agus daoine gan stát). Ar an iomlán, áfach, leagtar amach i bhforálacha an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar córas lena soláthrófar, ar a laghad, deimhneacht dhlíthiúil agus intuarthacht, agus lena gcosnófar, cuid mhór, cearta shaoránaigh sin an Aontais Eorpaigh agus na Ríochta Aontaithe a bhain leas as na cearta a eascraíonn ón tsaorghluaiseacht agus ó shaoránacht an Aontais.

Tá imní ar Choiste LIBE go mbeidh cearta éagsúla ag saoránaigh i dTuaisceart Éireann ag brath ar a náisiúntacht; áitíonn sé ar údaráis na Ríochta Aontaithe a áirithiú nach ndéanfar maolú ar chearta na saoránach i dTuaisceart Éireann agus Comhaontú Aoine an Chéasta ina iomláine a urramú.

Faoi mar atá nithe suite, ní bheidh aon chearta saorghluaiseachta ag náisiúnaigh na Ríochta Aontaithe a thuilleadh, ón mBallstát ina raibh cónaí orthu go Ballstát eile, tar éis dheireadh na hIdirthréimhse, agus, chun saorghluaiseacht a theachtadh tuilleadh, ní bheidís in ann iarratas a dhéanamh ar shaoránacht Ballstáit ach faoin dlí náisiúnta ábhartha ná ar stádas fadtéarmach cónaitheora ach faoi dhlí an Aontais. Is é tuairim an Choiste seo gur cheart go mbeadh sa chomhaontú idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo caomhnú iomlán chearta sin na saoránach a ráthaítear faoin gComhaontú um Tharraingt Siar do shaoránaigh an Aontais agus na Ríochta Aontaithe araon, tar éis na hIdirthréimhse freisin. Sa bhreis air sin, is tábhachtach le Coiste LIBE go mbeadh daingniú breise chearta na saoránach – lena n-áirítear saorghluaiseacht do náisiúnaigh den Ríocht Aontaithe san Aontas Eorpach bunaithe ar chur chuige cómhalartach – ar an gcloch choirnéil agus an chuid dhoroinnte de théacs an chomhaontaithe idirnáisiúnta a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Tá sé riachtanach freisin go soiléireodh Ballstáit AE-27 an creat a bheidh le cur i bhfeidhm ag gach ceann acu maidir le saoránaigh sin na Ríochta Aontaithe ar mian leo stádas cónaitheora a fháil. Ba cheart go mbeadh na bearta sin so-úsáidte agus trédhearcach, chun an próiseas a éascú, agus ba cheart go mbeidís saor in aisce chomh maith.

Ina theannta sin, is ábhar imní do Choiste LIBE Scéim Lonnaíochta reatha AE arna chur i bhfeidhm ag údaráis na Ríochta Aontaithe, ar dá barr is féidir le saoránaigh an Aontais agus le daoine dá dteaghlach iarratas a dhéanamh ar stádas lonnaithe agus ar stádas réamhlonnaithe sa Ríocht Aontaithe. Ba cheart aghaidh a thabhairt ar na gnéithe seo a leanas go háirithe a luaithe is féidir, agus ar a dhéanaí faoi dheireadh na hIdirthréimhse.

i)   A áirithiú gur cheart d’údaráis na Ríochta Aontaithe aghaidh a thabhairt, trí bhearta sonracha, ar fhadhbanna a thagann chun cinn i dtaca le cineál leictreonach an iarratais (deacrachtaí catagóirí áirithe saoránach den Aontas rochtain a fháil ar an iarratas, sannadh uathoibríoch mícheart stádais réamhlonnaithe in ionad stádas lonnaithe, gan a bheith in ann leaganacha páipéir de dhoiciméid éagsúla a chur isteach), chomh maith le dúshláin eile a bhaineann le rochtain a fháil ar an iarratas;

ii)  A áirithiú go mbeidh neamhspleáchas iomlán ag an Údarás Neamhspleách Faireacháin nuair a dhéanann sé athbhreithniú agus maoirseacht ar fheidhmiú an chórais agus go mbeidh sé in ann gníomhú go tapa ar ghearáin ó shaoránaigh an Aontais agus ó dhaoine dá dteaghlach;

iii)  A áirithiú go ndéanfar bearta chun teacht i gcabhair ar shaoránaigh leochaileacha agus chun aghaidh a thabhairt ar a gcás roimh an spriocdháta agus ina dhiaidh, agus na hiarmhairtí a mhaolú do na saoránaigh sin de chuid an Aontais nach ndéanann, gan aon neart acu féin air, iarratas le Scéim Lonnaíochta AE roimh an spriocdháta d’iarratais; ní mór go seachnófaí coiriúlú, idirdhealú, coinneáil agus díbirt saoránach a bheadh i dteideal cónaithe de ghnáth.

2.  Cosaint sonraí

Maidir le cosaint sonraí, aontaíonn Coiste LIBE le cuspóir an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar maidir le leanúnachas na cosanta a thugtar do dhaoine aonair san Aontas a ndéanfar a gcuid sonraí pearsanta a phróiseáil sa Ríocht Aontaithe tar éis dháta an tarraingt siar a áirithiú. Soláthraítear le hAirteagail 70-71 den Chomhaontú creat lena mbainfí an cuspóir sin amach, le linn na hIdirthréimhse agus ina diaidh. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an Coimisiún tús gan mhoill leis an measúnú ar leordhóthanacht chreat dlíthiúil cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe.

Cé gur leagadh amach go soiléir i bhforálacha an Chomhaontaithe an oibleagáid sin maidir le cosaint daoine aonair AE a áirithiú tar éis Brexit, is gá, áfach, go ndéanfadh na módúlachtaí praiticiúla a chuirfear chun feidhme an cuspóir sin a urramú go hiomlán. Leagann Coiste LIBE béim ar an ngá atá le mionanailís chúramach a dhéanamh ar chreat dlíthiúil cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe chun a léiriú go bhfuil na coinníollacha uile a cheanglaítear le dlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, go háirithe Rialacháin (AE) 2016/679 agus (AE) 2018/1725 agus Treoir (AE) 2016/680, agus cásdlí CBAE á gcomhlíonadh chun a áirithiú go mbeidh leibhéal cosanta ann atá coibhéiseach, go bunúsach, leis sin a thugann an tAontas Eorpach. Aithníonn Coiste LIBE go ndearna an Ríocht Aontaithe pacáiste cosanta sonraí AE a chur chun feidhme ina dlí náisiúnta. Bheadh sé ina bhonn don mheasúnú ar an leordhóthanacht. Measann Coiste LIBE gur cheart aird ar leith a thabhairt ar an gcreat dlíthiúil atá i bhfeidhm sa Ríocht Aontaithe i réimsí na slándála náisiúnta nó na próiseála sonraí pearsanta ag údaráis forfheidhmithe dlí nó d’ábhair a bhaineann le himirce. Meabhraíonn sé go bhféadfadh sé nach mbeadh cláir ollfhaireachais amhail Tempora coibhéiseach le rialacha AE maidir le cosaint sonraí agus molann sé go láidir go gcuirfí san áireamh cásdlí sa réimse sin, amhail cás Schrems[57].

Más rud é nach mbeidh creat dlíthiúil cosanta sonraí na Ríochta Aontaithe cáilithe le haghaidh cinneadh leordhóthanachta, ba cheart go leagfadh an tAontas Eorpach béim ar an ngá atá le rialacha cosanta sonraí maidir le haistrithe idirnáisiúnta a urramú chun leanúnachas riachtanach na cosanta a leagtar amach i ndlí cosanta sonraí an Aontais a áirithiú.

Iarrann Coiste LIBE ar údaráis cosanta sonraí na mBallstát freisin an próiseas iomlán um tharraingt siar a leanúint go réamhghníomhach chun rannchuidiú le tarraingt siar rathúil agus rianúil gan bac a chur ar chearta ábhar sonraí. 

3.  Slándáil, forfheidhmiú an dlí agus comhar breithiúnach in ábhair choiriúla

I réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla, déantar foráil sa Chomhaontú um Tharraingt Siar do shocruithe soiléire agus mionsonraithe i gcás na n-imeachtaí coiriúla uile atá ar feitheamh. Mar gheall ar idirthréimhse a bheith ann ar lena linn a leanfaidh dlí ar leith, arna léiriú go soiléir, sin an Aontais d’fheidhm a bheith aige, beifear in ann na himeachtaí sin a thabhairt chun críche i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla — prionsabal uileghabhálach sa dlí coiriúil agus sa nós imeachta coiriúil.

A mhéid a bhaineann le forfheidhmiú an dlí agus an tslándáil inmheánach, i gcomhréir leis an gComhaontú um Tharraingt Siar, tar éis an tarraingt siar, scoirfidh an Ríocht Aontaithe de rochtain a bheith aici ar aon chóras faisnéise de chuid an Aontais, arb é Córas Faisnéise Schengen an ceann is tábhachtaí díobh, ar córas é ina bhfuil faisnéis maidir le náisiúnaigh as tríú tíortha agus náisiúnaigh de chuid an Aontais araon. Sa Chomhaontú um Tharraingt Siar, leagtar amach rialacha maidir le bearta le linn na hIdirthréimhse a mbeidh an Ríocht Aontaithe in ann dá mbarr leanúint d’fhaisnéis a mhalartú trí na córais go dtí deireadh na hIdirthréimhse sin. A mhéid a bhaineann le roinnt córas tábhachtach, amhail SIS agus SIENA, foráiltear leis an gComhaontú go bhféadfaí, faoi choinníollacha áirithe, faisnéis oibríochtúil a mhalartú go ceann tréimhse teoranta i ndiaidh dheireadh na hIdirthréimhse chun a áirithiú nach mbeidh luach oibríochtúil na faisnéise atá sna córais ag deireadh na hIdirthréimhse ar díth. Leis na socruithe sin sa Chomhaontú, ba cheart go laghdófaí an tionchar a bheadh ag dícheangal tobann ó chórais faisnéise an Aontais. Is fiú a thabhairt ar aird go mbeidh, i gcás roinnt de chórais an Aontais amhail PNR, an t-am is gá ann na socruithe a dhéanfar amach anseo maidir le malartú sonraí PNR idir an Ríocht Aontaithe agus an tAontas a chaibidliú, ar cheart do CBAE measúnú a dhéanamh orthu freisin.

A mhéid a bhaineann leis an ngaolmhaireacht sa todhchaí leis an Ríocht Aontaithe, meabhraíonn an Pharlaimint go ndéantar tagairt sa Dearbhú Polaitiúil lena leagtar amach an creat don chaidreamh a bheidh ann amach anseo idir an tAontas Eorpach agus an Ríocht Aontaithe do chomhpháirtíocht slándála leathan, chuimsitheach agus chothromaithe lena ndéanfar foráil do shocruithe cómhalartacha chun sonraí as an Taifead Ainmneacha Paisinéirí (PNR) a mhalartú go tráthúil, go héifeachtach agus go héifeachtúil agus chun go ndéanfar torthaí phróiseáil na sonraí sin a stóráil i gcórais náisiúnta próiseála PNR faoi seach, agus chun ADN, méarloirg agus sonraí cláraithe feithiclí (Prüm) a phróiseáil, chomh maith le comhar oibríochtúil trí Europol agus Eurojust. Ní mór a mheabhrú, áfach, gur roghnaigh an Ríocht Aontaithe, tar éis nach raibh oibleagáid uirthi a thuilleadh a bheith rannpháirteach in ionstraimí de chuid an Aontais i réimse an chomhair póilíneachta agus bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla trí bhíthin sásra um rogha gan a bheith páirteach dá bhforáiltear i gConradh Liospóin, a bheith rannpháirteach ina dhiaidh sin féin i mbearta reachtacha ar bhonn cás ar chás, agus in ainneoin an vóta a caitheadh in 2016 an tAontas a fhágáil, is cosúil gur mian leis an Ríocht Aontaithe a bheith páirteach i gcónaí i gcodanna áirithe den chomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla tar éis di an tAontas a fhágáil. Ní mór creat soiléir agus buan a bheith ann do rannpháirtíocht na Ríochta Aontaithe i gcomhar póilíneachta agus breithiúnach in ábhair choiriúla, seachas cinntí ad hoc.  Is réamhriachtanais riachtanacha iad urraim fhóinteach a thabhairt do chearta bunúsacha daoine aonair, lena n-áirítear go leanfaí de bheith ag cloí leis an gCoinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus go dtabharfaí éifeacht don Choinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine, agus cosaint leordhóthanach do shonraí pearsanta, agus coimircí dlíthiúla éifeachtacha, chun an comhar sin a cheadú. Measann Coiste LIBE nach mór don chomhar sin a bheith go hiomlán coinníollach ar na prionsabail sin a bheith á n-urramú. Meabhraíonn an Pharlaimint go ndearna údaráis na Ríochta Aontaithe cóipeanna de shonraí pearsanta a próiseáladh i gCóras Faisnéise Schengen de shárú tromchúiseach ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí agus nár réitíodh an sárú sin go dtí seo; dá bhrí sin, i gcomhréir leis na réamhriachtanais thuasluaite, iarrann an Pharlaimint ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún an sárú tromchúiseach sin agus sáruithe tromchúiseacha eile a leigheas sula ndéanfar aon chaibidlíocht maidir le módúlachtaí an chomhair tar éis meastóireacht thapa agus mhionsonraithe a dhéanamh ar an gcás agus tuairisc ábhartha a thabhairt don Pharlaimint ina leith.

4.  Tearmann, imirce agus bainistiú teorainneacha

Mar bharúil ghinearálta, is ar éigean a luaitear sa chomhaontú um tharraingt siar an comhar a bheidh ann amach anseo i réimse an tearmainn, na himirce agus an bhainistithe teorainneacha.

Sa chreat sin, ba ghá a shoiléiriú a mhéid ba mhaith leis an Ríocht Aontaithe leanúint de bheith ag comhoibriú leis an Aontas Eorpach maidir leis an gComhchóras Eorpach Tearmainn, go háirithe Rialachán Bhaile Átha Cliath, mar go bhfuil an Ríocht Aontaithe rannpháirteach i roinnt ionstraimí faoi láthair.  Ar an gcaoi chéanna, i réimse na himirce, lena n-áirítear comhar idirnáisiúnta, bheadh gá le soiléirithe ábhartha ar an gcomhar a bheidh ann amach anseo idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe. Ag brath ar rannpháirtíocht leanúnach i gcláir de chuid an Aontais, ba cheart socruithe a áireamh freisin sa chomhaontú a bheidh ann amach anseo maidir leis an gCiste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht mar go bhfuil an méid is airde á fháil ag an Ríocht Aontaithe faoi láthair (maidir le bearta i réimse an fhillte).

A mhéid a bhaineann le bainistiú teorainneacha, níl cead ag an Ríocht Aontaithe faoi láthair a bheith ina comhalta iomlán de Frontex ar na forais nár roghnaigh sí a bheith páirteach i gcodanna gaolmhara de acquis Schengen. Oibríonn sí i gcomhar le Frontex ar bhealaí éagsúla, áfach, lena n-áirítear tacaíocht oibríochtúil i réimsí an fhillte agus an bhainistithe teorainneacha agus ról ionadaíochta mar bhreathnóir ar an mBord Bainistíochta. Bheadh sé tábhachtach an caidreamh idir Frontex agus an Ríocht Aontaithe mar thríú tír a shoiléiriú amach anseo. Tá an chonclúid chéanna ábhartha don ghá atá ann an ghaolmhaireacht sa todhchaí idir an tAontas agus an Ríocht Aontaithe a chinneadh le haghaidh malartú faisnéise agus úsáid córas mórscála faisnéise le haghaidh bainistiú teorainneacha, go háirithe chun na módúlachtaí nua a shoiléiriú ó thaobh rialachais agus deimhneacht dhlíthiúil de.

Dá bhrí sin, iarrann Coiste LIBE ar Choiste AFCO, mar an coiste atá freagrach, a mholadh don Pharlaimint a toiliú a thabhairt don dréachtchinneadh ón gComhairle ar thabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2018/0427(NLE)).


 

 

 

LITIR ÓN gCOISTE UM ACHAINÍOCHA

An tUasal Antonio Tajani

An Cathaoirleach

An Coiste um Ghnóthaí Bunreachtúla

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar an gCinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach </Titre> <DocRef>(2018/0427(NLE))</DocRef>

A Chathaoirligh, a chara,

Táim ag scríobh chugat i dtaca le toiliú do Choiste leis an gCinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach (2018/0427(NLE)). Ag a chruinniú an 21 Eanáir 2020, ghlac an Coiste um Achainíocha tuairim i bhfoirm litreach, ar cúis áthais dom í a chur faoi do bhráid leis seo.

Ag an gcruinniú sin[58], bheartaigh an Coiste um Achainíocha a iarraidh ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, mar an coiste atá freagrach as an gcomhad, a mholadh go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú don Chinneadh ón gComhairle.

Le hAirteagal 227 CFAE, tugtar an Ceart chun Achainí a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa do shaoránaigh uile AE agus do chomhlachtaí nó daoine aonair a bhfuil cónaí orthu ar chríoch AE. Ciallaíonn sé sin nach mbeidh de cheart a thuilleadh ag saoránaigh na Ríochta Aontaithe atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe i ndiaidh Brexit páirt a ghlacadh i dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh, achainí a dhéanamh chuig PE, ná iarratas a dhéanamh leis an Ombudsman tar éis dheireadh na hIdirthréimhse (31 Nollaig). Beidh na cearta sin uile fós ag saoránaigh AE a bhfuil cónaí orthu sa Ríocht Aontaithe ach caillfidh saoránaigh na Ríochta Aontaithe a bhfuil cónaí orthu in AE an ceart chun páirt a ghlacadh i dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh cé go gcoinneoidh siad an ceart chun achainí a dhéanamh.

Dar leis an gCoiste um Achainíocha, tá tábhacht mhór ag baint leis an 210 achainí a fuarthas ó na saoránaigh ina gcuireann siad a gcuid údair imní thromchúiseacha in iúl faoin gcaoi ina ndéanfaidh Brexit difear dá gcearta, go háirithe, maidir leis an gceart chun iarratas a dhéanamh leis an Ombudsman agus chun páirt a ghlacadh i dTionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh. Chomh maith leis sin, fuair an Coiste um Achainíocha go leor achainíocha maidir le cearta chun athaontú teaghlaigh, cúram sláinte, cearta vótála agus cearta cónaithe. Dá bhrí sin, ba mhaith leis an gCoiste um Achainíocha béim a leagan ar a thábhachtaí atá sé cearta na saoránach a chosaint mar a ráthaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar.

Meabhraíonn an Coiste um Achainíocha gurb í an phríomhthosaíocht atá aige i gcónaí ná cearta na saoránach a chosaint. Tugann sé dá aire go leagtar síos sa Chomhaontú na forálacha maidir le coimirciú an stádais agus na gceart arna n-eascairt as dlí an Aontais atá ag saoránaigh agus teaghlaigh AE agus saoránaigh agus teaghlaigh den Ríocht Aontaithe a ndéanann tarraingt siar na Ríochta Aontaithe difear dóibh. Tugann an Coiste um Achainíocha dá aire go gcosnaítear leis an gComhaontú um Tharraingt Siar cearta na saoránach sin agus cearta na ndaoine dá dteaghlaigh, a d’fheidhmigh a gceart saorghluaiseachta sa Ríocht Aontaithe i gcomhréir le dlí an Aontais roimh dheireadh na hIdirthréimhse agus a leanann de bheith ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe ina dhiaidh sin, chomh maith le cearta shaoránaigh den Ríocht Aontaithe a bhfuil na cearta céanna á bhfeidhmiú acu i mBallstát de AE-27.

Meabhraíonn an Coiste um Achainíocha gur ceart bunúsach é an ceart chun vótáil i dtoghcháin ar ceart é atá i gcoiteann ag traidisiúin bhunreachtúla na mBallstát, agus a aithnítear i gconarthaí AE faoin gceart chun rannpháirtíochta pholaitiúla. Is minic a d’ardaigh achainígh ceisteanna faoi pháirt a bheith á glacadh ag saoránaigh AE sa saol daonlathach agus faoi na cearta vótála atá acu agus iad ina gcónaí i mBallstát eile.

Dá bhrí sin, is oth leis an gCoiste um Achainíocha gur baineadh an ceart vótála ó go leor saoránach den Ríocht Aontaithe tar éis dóibh a bheith ina gcónaí i mBallstát eile ar feadh breis agus 15 bliana. Bhain an Ríocht Aontaithe an ceart sin dá shaoránaigh ar an mbun nach ndéanann cinntí polaitiúla arna nglacadh ina dtír bhaile difear dá saoránaigh atá ina gcónaí ar an gcoigríoch. Baineann an Ríocht Aontaithe an ceart vótála dá saoránaigh i dtoghcháin Eorpacha más rud é go bhfuil buanchónaí orthu i dtríú tír, lena n-áirítear i mBallstáit fiú.

Is oth leis an gCoiste nár ceadaíodh do go leor saoránach den Ríocht Aontaithe agus nár ceadaíodh do gach saoránach de AE-27 vótáil sa reifreann maidir le Brexit fiú agus go raibh toradh na vótála ríthábhachtach dá saoil. Is ceart bunúsach é an ceart vótáil i dtoghcháin agus i reifrinn dhleathacha agus is gá é a chosaint i ngach uile imthosca. Níor cheart é a aistarraingt ó shaoránaigh a chinneann ar lonnú i mBallstát eile agus gluaiseacht faoi shaoirse ann.

Agus ar deireadh, cuireann an Coiste um Achainíocha i bhfios gur cheart go n-áiritheodh an stát óstach go mbeidh aon nós imeachta riaracháin le haghaidh iarratais ar stádas cónaitheora rianúil, trédhearcach agus simplí agus go seachnófar aon ualaí neamhriachtanacha. Measann an Coiste nach bhfuil an córas atá molta ag Oifig Gnóthaí Baile na Ríochta Aontaithe, maidir leis an ‘nós imeachta clárúcháin’, do shaoránaigh AE-27 chun iarratas a dhéanamh ar stádas cónaithe, chomh trédhearcach agus simplí agus ba cheart dó a bheith agus go gcruthaítear ualaí riaracháin neamhriachtanacha agus mhíchóra leis do shaoránaigh AE-27, agus go bhfuil an baol ann go mbainfear cearta cónaithe de shaoránaigh atá go dlisteanach ina dteideal fiú.

Cuireann an Coiste um Achainíocha in iúl gur cúis imní dó cur chun feidhme reatha na Scéime Lonnaíochta, go príomha úsáid threallach an stádais ‘réamhlonnaithe’ chun stádais ‘lonnaithe’ iomlána a shéanadh mar gheall ar mhionsonraí teicniúla, agus na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ann dóibh siúd nach gcuireann iarratas isteach roimh an spriocdháta. Tá an chúis imní sin bunaithe ar a bhfuil ráite ag an Oifig Gnóthaí Baile faoin bhféidearthacht go bhféadfaí saoránaigh de AE a dhíbirt agus ar an easpa beart chun cuidiú le saoránaigh leochaileacha.

Ag féachaint don mhéid thuasluaite, iarrann an Coiste um Achainíocha ar údaráis na Ríochta Aontaithe na bearta is gá a dhéanamh chun a ráthú go gcosnófar agus go ráthófar go cuí cearta shaoránaigh AE atá ina gcónaí sa Ríocht Aontaithe.

Iarrann an Coiste um Achainíocha ar an gCoiste um Ghnóthaí Bunreachtúla, a mholadh go dtabharfaidh an Pharlaimint a toiliú don Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach.

 

 

Le dea-mhéin,

 

 

 

Dolors Montserrat

An Cathaoirleach

An Coiste um Achainíocha

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach

Tagairtí

21105/3/2018 – C9-0148/2019 – 21105/1/2018 – C8-0031/2019 – 2018/0427(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

11.1.2019

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFCO

30.1.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

14.2.2019

INTA

14.2.2019

EMPL

11.3.2019

ENVI

14.2.2019

 

IMCO

14.11.2019

TRAN

11.3.2019

AGRI

14.11.2019

JURI

14.2.2019

 

LIBE

11.3.2019

PETI

14.11.2019

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Guy Verhofstadt

23.1.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

23.1.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

23.1.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

3

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Martina Anderson, Gerolf Annemans, Catherine Bearder, Geert Bourgeois, Richard Corbett, Pascal Durand, Daniel Freund, Esteban González Pons, Laura Huhtasaari, Rupert Lowe, Aileen McLeod, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira, Antonio Tajani, László Trócsányi, Guy Verhofstadt, Loránt Vincze, Rainer Wieland

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gwendoline Delbos-Corfield, Danuta Maria Hübner, Miapetra Kumpula-Natri, Jaak Madison, Mairead McGuinness, Maite Pagazaurtundúa

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Robert Rowland

Dáta don chur síos

23.1.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

23

+

ECR

Geert Bourgeois

GUE/NGL

Martina Anderson

ID

Gerolf Annemans, Laura Huhtasaari, Jaak Madison

NI

Rupert Lowe, Robert Rowland

PPE

Esteban González Pons, Danuta Maria Hübner, Mairead McGuinness, Antonio Tajani, László Trócsányi, Loránt Vincze, Rainer Wieland

RENEW

Pascal Durand, Maite Pagazaurtundúa, Guy Verhofstadt

S&D

Miapetra Kumpula-Natri, Giuliano Pisapia, Domènec Ruiz Devesa, Pedro Silva Pereira

VERTS/ALE

Gwendoline Delbos-Corfield, Daniel Freund

 

3

-

RENEW

Catherine Bearder

S&D

Richard Corbett

VERTS/ALE

Aileen McLeod

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1]  IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.

[2]  IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 178.

[5]  IO L 278 I, 30.10.2019, lch. 1.

[6]  IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.

[7]  IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

[8]  IO C 369, 11.10.2018, lch. 32.

[9]  IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[10]  Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0016.

[11] IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.

[12] Treoirlínte ón gComhairle Eorpach a glacadh tar éis don Ríocht Aontaithe fógra a thabhairt faoi Airteagal 50 CAE (EUCO XT 20004/17).

[13] Cinneadh (AE) 2019/274 ón gComhairle an 11 Eanáir 2019 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. (IO L 47 I, 19.2.2019, lch. 1). Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/274 in IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 1.

[14] Cinneadh (AE) 2019/1750 ón gComhairle an 21 Deireadh Fómhair 2019 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. (IO L 274 I, 28.10.2019, lch. 1). Foilsíodh téacs an Chomhaontaithe um Tharraingt Siar atá i gceangal le Cinneadh (AE) 2019/1750 in IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 1.

[15] Cinneadh (AE) 2020/48 ón gComhairle an 21 Eanáir 2020 lena leasaítear Cinneadh (AE) 2019/274 maidir le síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh agus an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach. (IO L 16 I, 21.1.2020, lch. 1).

[16] Dréacht-Chinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe maidir le Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Thuaisceart Éireann a bheith ag tarraingt siar as an Aontas Eorpach agus as an gComhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, Doiciméad XT 21105/3/18 REV 3 ón gComhairle

[17] IO C 91, 9.3.2018, lch. 40.

[18] Grúpa ALDE sa téarma roimhe seo, ach anois ina chomhalta den ghrúpa Renew Europe.

[19] Socrú Nua don Ríocht Aontaithe Laistigh den Aontas Eorpach, IO C 69 I, 23.2.2016, lch. 1.

 

[20] IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

[21] IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

[23] IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[24] IO C 91, 9.3.2018, lch. 40.

[25] IO L 166, 30.4.2004, lch. 1.

[26] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0006, Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme agus faireachán na bhforálacha maidir le cearta na saoránach sa Chomhaontú um Tharraingt Siar (2020/2505(RSP))

[27] ‘Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe (‘Brexit’) agus Comhaontú Aoine an Chéasta’, Parlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Samhain 2017. Ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/596826/IPOL_STU(2017)596826_EN.pdf

[28] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe, IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[29] ‘Tarraingt Siar na Ríochta Aontaithe (‘Brexit’) agus Comhaontú Aoine an Chéasta’, Parlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Samhain 2017. Ar fáil ag: https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/596826/IPOL_STU(2017)596826_EN.pdf

[30] I bhfianaise an mhéid sin, rinneadh roinnt moltaí éagsúla sa doiciméadacht ar an tsaincheist seo, lena n-áirítear moladh le haghaidh ‘Teorainn Chliste 2.0’, a bhí ag moladh ‘réiteach nua teorann a chur chun feidhme a bheadh ag fónamh don dá thaobh den teorainn ag a mbeadh an leibhéal is airde intuarthachta, luais agus slándála agus fós an leibhéal is ísle ualaigh agus costais do thrádálaithe agus do thaistealaithe’, trí úsáid a bhaint as ‘teaglaim de chaighdeáin idirnáisiúnta, dea-chleachtais dhomhanda agus teicneolaíocht úrscothach’. Teorainn Chliste 2.0: Teorainn chrua ar oileán na hÉireann i gcomhair rialú custaim agus saorghluaiseacht daoine a sheachaint, Parlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Samhain 2017. Ar fáil ag https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/596828/IPOL_STU(2017)596828_EN.pdf

[31] Teorainn Chliste 2.0: Teorainn chrua ar oileán na hÉireann i gcomhair rialú custaim agus saorghluaiseacht daoine a sheachaint, Parlaimint na hEorpa, An Roinn Beartais um Chearta na Saoránach agus um Ghnóthaí Bunreachtúla, An Ard-Stiúrthóireacht um Beartais Inmheánacha an Aontais, Samhain 2017. Ar fáil ag https://www.europarl.europa.eu/RegData/etudes/STUD/2017/596828/IPOL_STU(2017)596828_EN.pdf

[32] An aidhm a bhí leis an gcleachtadh mapála ná ‘measúnú a dhéanamh ar leithne agus doimhne an chomhair sin, mar aon le ról bhallraíocht AE ina oibriú agus a fhorbairt. (...) Is cás sonrach ar oileán na hÉireann é comhar Thuaidh-Theas agus tagann sé faoi shainchúram Rialtas na hÉireann agus Fheidhmeannas Thuaisceart Éireann. Soláthraítear an comhar sin le Sraith a Dó de Chomhaontú Bhéal Feirste/Aoine an Chéasta’. Féach: ‘Mapáil ar chomhar Thuaidh-Theas & Comhlachtaí Cur Chun Feidhme – Tuarascáil agus príomhthorthaí an chleachtaidh, an Coimisiún Eorpach, an Tascfhórsa um an gCaibidlíocht leis an Ríocht Aontaithe a Ullmhú agus a Sheoladh faoi Airteagal 50 CAE’, 21 Meitheamh 2019.

[33] Óráid ó James Brokenshire, Státrúnaí Thuaisceart Éireann, in Ionad Beartais na hEorpa, 6 Samhain 2017.

[34] Míniú ar an bPrótacal Nua maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann agus an Dearbhú Polaitiúil maidir leis an nGaolmhaireacht sa Todhchaí, An Roinn um Imeacht ón Aontas Eorpach, Rialtas na Ríochta Aontaithe, 18 Deireadh Fómhair 2019. Ar fáil ag: https://assets.publishing.service.gov.uk/government/uploads/system/uploads/attachment_data/file/840653/EXPLAINER_FOR_THE_NEW_IRELAND_NORTHERN_IRELAND_PROTOCOL_AND_THE_POLITICAL_DECLARATION_ON_THE_FUTURE_RELATIONSHIP.pdf

[35] Chun tuilleadh mionsonraí a fháil maidir le forálacha athbhreithnithe an Phrótacail, féach ‘Brexit: Cad atá comhaontaithe agat leis an Ríocht Aontaithe inniu?’, an Coimisiún Eorpach, Ceisteanna agus Freagraí, 17 Deireadh Fómhair 2019. Ar fáil ag: https://ec.europa.eu/commission/presscorner/detail/ga/QANDA_19_6122

[37] ‘Áirítear dliteanais airgeadais sa bhille a mhairfidh na deicheanna de bhlianta amach romhainn, níos faide, go deimhin, ná an 40 bliain a chaith an Ríocht Aontaithe mar Bhallstát de AE. Gealltanais phinsin, pleananna caiteachais bonneagair, díchoimisiúnú suíomhanna núicléacha, fiú sócmhainní amhail satailítí agus foirgneamh Berlaymont – ní mór iad seo uile a roinnt suas i socrúchán ionas nach mbeidh imeacht chrua, neamhbhainistithe, eascairdiúil i gceist le Brexit.’, luaite in Bille €60 billiún Brexit: Conas an Bhreatain a dhínascadh ó bhuiséad AE, Alex Barker, Nóta Beartais, an Lárionad um Athchóiriú Eorpach, 6 Feabhra 2017. Ar fáil ag: https://www.cer.eu/publications/archive/policy-brief/2017/%e2%82%ac60-billion-brexit-bill-how-disentangle-britain-eu-budget

 

[38] IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[39] IO C 346, 27.9.2018, lch. 2.

[40] Tobias Lock agus Fabian Zuleeg, ‘Síneadh a chur leis an idirthréimhse’, Plépháipéar EPC, 28 Meán Fómhair 2018, lch. 6.

[41] IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[42] Tobias Lock agus Fabian Zuleeg, ‘Síneadh a chur leis an idirthréimhse’, Plépháipéar EPC, 28 Meán Fómhair 2018, lch. 3.

[43] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0016.

[44] IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[45] IO C 298, 23.8.2018, lch. 24.

[46] IO C 369, 11.10.2018, lch. 32.

[47] IO C 162, 10.5.2019, lch. 40.

[48] Féach, sa chomhthéacs seo, blagphostáil maidir le Dlí AE Steve Peers an 8 Nollaig 2018, inar tugadh ar aird ‘gur eascair cáineadh as nádúr an-neamhcheangailteach agus doiléir an dearbhaithe pholaitiúil’. I bpostáil níos déanaí, an 12 Márta 2019, d’athdhearbhaigh Steve Peers go bhfuil ‘an dearbhú polaitiúil, sa bhreis ar a stádas neamhcheangailteach, doiléir nó neamhcheangailteach maidir le gnéithe tábhachtacha áirithe den ghaolmhaireacht sa todhchaí. D’fhéadfaí athbhreithniú a dhéanamh air (...) chun foráil a dhéanamh do ghealltanais níos daingne agus níos beaichte’. Tá an dá phostáil ar fáil ag http://eulawanalysis.blogspot.com

[49] IO C 66 I, 19.2.2019, lch. 185.

[50] IO C 384 I, 12.11.2019, lch. 178.

[51] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0016.

[52] Bhí na daoine seo a leanas i láthair don vótáil chríochnaitheach: Pierre Karleskind (Cathaoirleach Gníomhach), Róża Thun und Hohenstein (Leas-Chathaoirleach), Maria Manuel Leitão Marques (Leas-Chathaoirleach), Petra De Sutter (rapóirtéir don tuairim), Adam Bielan, Carlo Fidanza, Alex Agius Saliba, Clara Aguilera, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Pascal Arimont, Anna‑Michelle Asimakopoulou, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Hynek Blaško, Biljana Borzan, Vlad‑Marius Botoş, Markus Buchheit, Dita Charanzová, David Cormand, Dinesh Dhamija, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, John Longworth, Morten Løkkegaard, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Dan‑Ştefan Motreanu, Anne‑Sophie Pelletier, Jiří Pospíšil, Christel Schaldemose, Tomislav Sokol, Edina Tóth, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann agus Ivan Štefanec.

[53] Bhí na daoine seo a leanas i láthair don vótáil chríochnaitheach: Norbert Lins (Cathaoirleach), Mairead McGuinness (rapóirtéir don tuairim), Álvaro Amaro, Franc Bogovič, Daniel Buda, Herbert Dorfmann, Balázs Hidvéghi, Peter Jahr, Marlene Mortler, Anne Sander, Simone Schmiedbauer, Juan Ignacio Zoido Álvarez, Clara Aguilera, Eric Andrieu, Attila Ara‑Kovács, Carmen Avram, Adrian‑Dragoş Benea, Isabel Carvalhais, Paolo De Castro, Juozas Olekas, Massimiliano Smeriglio, Atidzhe Alieva‑Veli, Asger Christensen, Jérémy Decerle, Martin Hlaváček, Elsi Katainen, Ulrike Müller, Sheila Ritchie, Mara Bizzotto, Angelo Ciocca, Ivan David, Gilles Lebreton, Maxette Pirbakas, Benoît Biteau, Martin Häusling, Pär Holmgren, Bronis Ropė, Sarah Wiener, Mazaly Aguilar, Krzysztof Jurgiel, Zbigniew Kuźmiuk, Bert‑Jan Ruissen, Veronika Vrecionová, Luke Ming Flanagan, Petros Kokkalis, Dino Giarrusso, Ivan Vilibor Sinčić

[54] IO CI 384/1, 12.11.2019, lch.1.

[55] Bhí na daoine seo a leanas i láthair don vótáil chríochnaitheach: Lucy Nethsingha (Cathaoirleach), Ibán García Del Blanco, Sergey Lagodinsky, Marion Walsmann (Leas-Chathaoirligh), Patrick Breyer, Geoffroy Didier, Angel Dzhambazki, Heidi Hautala, Jackie Jones, Mislav Kolakušić; Gilles Lebreton, Karen Melchior, Lefteris Nikolaou‑Alavanos, Sabrina Pignedoli, Jiří Pospíšil, Emil Radev, Franco Roberti, Liesje Schreinemacher, Stéphane Séjourné, Axel Voss, Lara Wolters, Tiemo Wölken, Juan Ignacio Zoido Álvarez (mar ionadaí ar Esteban González Pons de bhun Riail 209(7)).

[56] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2018 maidir leis an gcreat don ghaolmhaireacht sa todhchaí idir AE agus an Ríocht Aontaithe (2018/2573(RSP))

[57] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 6 Deireadh Fómhair 2015 i gCás C-362/14, Maximillian Schrems v An Coimisinéir Cosanta Sonraí

[58] Bhí na daoine seo a leanas i láthair don vótáil chríochnaitheach: Dolors Montserrat (Cathaoirleach), Tatjana Ždanoka (Leas-Chathaoirleach), Yana Toom (Leas-Chathaoirleach), Asim Ademov, Alex Agius Saliba, Isabel Benjumea Benjumea, Martin Buschmann, Angel Dzhambazki, Peter Jahr, Manolis Kefalogiannis, Ádám Kósa, Adriana Maldonado López, Ulrike Müller, Lefteris Nikolaou‑Alavanos, Demetris Papadakis, Sira Rego, Diana Riba i Giner, Alfred Sant, Nico Semsrott, Andrey Slabakov, Ramona Strugariu, Loránt Vincze, Rainer Wieland, Kosma Złotowski.

An nuashonrú is déanaí: 28 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais