Nós Imeachta : 2019/0108(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0007/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0007/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

OJ 10/03/2020 - 24

Téacsanna arna nglacadh :


<Date>{24/01/2020}24.1.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0007/2020</NoDocSe>
PDF 198kWORD 79k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>     <RefProcLect>***I</RefProcLect>

<Titre>ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír</Titre>

<DocRef>(COM(2019)0223 – C9 0002/2019 – 2019/0108(COD))</DocRef>


<Commission>{TRAN}An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Markus Ferber</Depute>

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA MAIDIR LEIS AN mBUNÚS DLÍ
 AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír

(COM(2019)0223 – C9 0002/2019 – 2019/0108(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2019)0223),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagail 2(1) agus 91 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra don Pharlaimint (C9‑0002/2019),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019[1],

 tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint do Rialacha 59 agus 40 de na Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0007/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

 

 

<RepeatBlock-Amend><Amend>Leasú  <NumAm>1</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh cinnidh</DocAmend>

<Article>Lua 1</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 2(1) agus Airteagal 91 de,

ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 91 de,

</Amend></RepeatBlock-Amend>

 

 

 

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Moltar an cinneadh mar fhreagairt ar iarraidh ón Iodáil go dtabharfaí de chumhacht di i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE chun comhaontú déthaobhach leis an Eilvéis maidir le hiompar de bhóthar a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír. I gcruinniú de Choiste um Iompar Intíre an Aontais-na hEilvéise i mí an Mheithimh 2018, chuir an Eilvéis in iúl don Choimisiún gur mhian léi comhaontú den sórt sin a thabhairt i gcrích freisin.

 

Maidir le hoibríochtaí cabatáiste atá beartaithe a bheith á ndéanadh laistigh den Aontas ag iompróirí tríú tír nach bhfuil ceadúnas Comhphobail acu, déanfaidh siad difear d’fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh do sheirbhísí cóiste agus bus, mar a bhunaítear le Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009. Déanfaidh siad difear freisin don Chomhaontú um Iompar de Thalamh idir an tAontas Eorpach agus an Eilvéis, nach ndéantar oibríochtaí cabatáiste a údarú faoi, ach amháin i gcás cearta a bhí ann cheana i gcomhaontuithe déthaobhacha idir Ballstáit agus an Eilvéis tráth a tugadh an Comhaontú sin i gcrích (ní dhearnadh foráil do chearta cabatáiste le haon chomhaontuithe, áfach). Faoi láthair, is í an Fhrainc amháin a bhfuil comhaontú den sórt sin aici leis an Eilvéis, ar comhaontú é lena n-údaraítear cabatáiste (comhaontú déthaobhach arna leasú in 2007).

 

Tagann gealltanais atá beartaithe ag an Iodáil faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, féadfaidh an tAontas é a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhú i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach aige. Ní mór do reachtóir an Aontais aon chumhachtú den sórt sin a thabhairt i gcomhréir leis an nós imeachta reachtach dá dtagraítear in Airteagal 91 CFAE.

 

Tugann an Rapóirtéir ar aire go bhfuil, faoin togra ón gCoimisiún, an t-údarú faoi réir na gcoinníollacha nach ndéanfaí aon idirdhealú idir na hiompróirí atá bunaithe laistigh den Aontas agus nach ndéanfaí an iomaíocht a shaobhadh. Tá raon feidhme geografach ag na hoibríochtaí cabatáiste freisin atá teoranta go soiléir, mar ní cheadófar iad ach amháin sna réigiúin ar theorainn na hIodáile atá sonraithe i dtéacs an chinnidh atá beartaithe - réigiúin Phíodmant agus na Lombairde agus réigiúin féinrialaitheacha Valle d’Aosta agus Trentino-Alto Adige - le linn soláthar seirbhísí cóistí agus bus idir an Iodáil agus an Eilvéis.

 

Molann an Rapóirtéir tacaíocht a thabhairt don togra ón gCoimisiún mar chuirfí feabhas ar naisc iompair phoiblí trasteorann idir an dá thír, dhéanfaí taisteal de bhus agus de chóiste níos inrochtana agus níos mealltaí agus chuirfí tuilleadh roghanna ar fáil do na daoine a bhfuil cónaí orthu agus atá obair ar an dá thaobh den teorainn.

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA MAIDIR LEIS AN mBUNÚS DLÍ

Karima Delli

An Cathaoirleach

An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht.

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim maidir leis an mbunús dlí atá leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír</Titre> <DocRef>(COM(2019)0223 – C9‑0002/2019 – 2019/0108(COD))</DocRef>

A Chathaoirligh, a chara,

I litir dar dáta an 13 Samhain 2019[2], d’iarr do Choiste, de bhun Riail 40(2) de na Rialacha Nós Imeachta, tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla faoina iomchuí atá bunús dlí an Togra ón gCoimisiún le haghaidh cinneadh lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú um iompar de bhóthar leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair idirnáisiúnta paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír[3].

Scrúdaigh an coiste an cheist thuasluaite sa chruinniú a bhí aige an 9 Eanáir 2020.

I - Cúlra

Is iad Airteagail 2(1) agus 91 CFAE a d’úsáid an Coimisiún mar bhunúis dlí don togra. Sa chur chuige ginearálta uaithi, leasaigh an Chomhairle na bunúis dlí tríd an tagairt d’Airteagal 2(1) CFAE a scriosadh.

 

II - Na hAirteagail ábhartha ón gConradh

Seo a leanas forálacha ábhartha an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh:

Airteagal  2

1. Nuair a dhéanfar inniúlacht eisiach i réimse sonrach a thabhairt don Aontas leis na Conarthaí, is é an tAontas amháin a fhéadfaidh reachtú agus gníomhartha a ghlacadh a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí, gan na Ballstáit a bheith in ann gníomhú amhlaidh ach amháin má chumhachtaíonn an tAontas amhlaidh iad nó chun gníomhartha an Aontais a chur chun feidhme.

(...)

Airteagal 3

(...)

2. Beidh inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

Airteagal 91

(sean-Airteagal 71 CCE)

 

1. D’fhonn Airteagal 90 a chur chun feidhme agus ag cur sainghnéithe an iompair san áireamh, leagfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle síos, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCoiste Eacnamaíoch agus Sóisialta agus le Coiste na Réigiún:

(a) comhrialacha is infheidhme maidir le hiompar idirnáisiúnta chuig críoch Bhallstáit nó uaithi nó ag gabháil trí chríoch Bhallstáit amháin nó níos mó;

(b) na coinníollacha faoina bhféadfaidh carraeirí nach bhfuil cónaí orthu ann seirbhísí iompair a oibriú laistigh de Bhallstát;

(c) na bearta ar mhaithe le feabhas a thabhairt ar shábháilteacht an iompair;

(d) aon fhorálacha eile is fóinteach.

2. Agus na bearta dá dtagraítear i mír 1 á nglacadh, cuirfear san áireamh na cásanna sin ina bhféadfadh a gcur i bhfeidhm éifeacht thromchúiseach a bheith aige ar an gcaighdeán maireachtála agus ar leibhéal na fostaíochta i réigiúin áirithe, agus ar oibriú saoráidí iompair.

III – Cásdlí CBAE maidir le roghnú an bhunúis dlí

Riamh anall is é an dearcadh a bhí ag an gCúirt Bhreithiúnais ar an gceist i dtaca leis an mbunús dlí iomchuí ná gur saincheist de thábhacht bhunreachtúil í, trína ráthaítear comhlíontacht le prionsabal na gcumhachtaí arna dtabhairt (Airteagal 5 CAE) agus trína gcinntear cineál agus raon feidhme inniúlacht an Aontais[4].

De réir chásdlí socair na Cúirte, ní mór an bunús dlí do bheart de chuid an Aontais a roghnú ar bhonn gnéithe oibiachtúla a bhféadfaí athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh orthu, go háirithe cuspóir agus ábhar an bhirt ina measc[5].

Tríd an mbunús dlí mícheart a roghnú, d’fhéadfaí údar cuí a thabhairt leis an ngníomh a chur ar ceal. Sa chomhthéacs sin, i gcás inar mian le hinstitiúid rannpháirtíocht níos gníomhaí a bheith aici i dtaca le beart faoi leith a ghlacadh, na himthosca inar glacadh beart agus an obair a rinneadh ar ghnéithe eile faoi raon feidhme na gníomhaíochta arna chumhdach ag beart faoi leith, ní bhaineann siad le hábhar i dtaobh an bunús dlí ceart a shainaithint[6].

I gcás ina léirítear le scrúdú a dhéantar ar bheart go bhfuil dhá chuspóir á saothrú leis nó go bhfuil dhá chomhpháirt aige, a bhfuil ceann amháin díobh sin inaitheanta mar phríomhchuspóir nó mar phríomh-chomhpháirt an bhirt, agus nach bhfuil sa cheann eile ach cuspóir teagmhasach nó comhpháirt theagmhasach, ní mór an beart sin a bheith bunaithe ar bhunús aonair dlí, eadhon an bunús sin a cheanglaítear leis an bpríomhchuspóir nó leis an bpríomh-chomhpháirt[7].

I gcás ina bhfuil roinnt cuspóirí nó comhpháirteanna comhaimseartha ag beart, atá nasctha ar bhealach doscartha, gan cuspóirí nó comhpháirt amháin díobh a bheith tánaisteach agus indíreach i ndáil leis an gceann eile (nó leis na cinn eile), caithfidh beart den sórt sin a bheith bunaithe ar na bunúis dlí chomhfhreagracha éagsúla[8], ar choinníoll nach bhfuil na nósanna imeachta arna leagan síos do na bunúis dlí faoi seach ar neamhréir le cearta Pharlaimint na hEorpa agus nach mbaineann siad an bonn uathu[9].

IV – Aidhm agus Ábhar an bhirt atá á bheartú

Faoin gComhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar (‘Comhaontú an Aontais’ anseo feasta)[10], ní údaraítear cabatáiste nuair is é paisinéirí a iompar i mbus atá i gceist.

D’iarr an Iodáil cumhachtú ón Aontas chun comhaontú déthaobhach leis an Eilvéis a thabhairt i gcrích lena n-údaraítear cabatáiste den sórt sin i réigiúin teorann na dtíortha sin.

Is é is bunbhrí leis an togra foráil aonair lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú déthaobhach leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údaraítear oibríochtaí cabatáiste sna réigiúin teorann san Iodáil agus san Eilvéis le linn soláthar seirbhísí cóiste agus bus idir an dá thír, ar an gcoinníoll nach ndéanfar aon idirdhealú idir na hiompróirí atá lonnaithe san Aontas ná aon saobhadh ar an iomaíocht.

V – Anailís agus bunú an bhunúis dlí iomchuí

Maidir le roghnú an bhunúis dlí, léirítear an méid seo a leanas sa mheabhrán míniúcháin ón gCoimisiúin:

Leagtar síos in Airteagal 3(2) [CFAE] go mbeidh “inniúlacht eisiach freisin ag an Aontas comhaontú idirnáisiúnta a thabhairt i gcrích nuair a fhorálfar dá thabhairt i gcrích i ngníomh reachtach de chuid an Aontais, nó nuair atá sé riachtanach chun a chumasú don Aontas a inniúlacht inmheánach a fheidhmiú, nó a mhéid ar dóigh dá thabhairt i gcrích difear a dhéanamh do na comhrialacha nó a raon feidhme a athrú.

Faoi Rialachán (CE) Uimh. 1073/2009, féadfaidh iompróirí a bhfuil ceadúnas Comhphobail acu go heisiach oibríochtaí cabatáiste laistigh den Aontas a dhéanamh faoi choinníollacha áirithe. Gealltanais idirnáisiúnta lena gceadaítear d’iompróirí eile, iompróirí ó thríú tíortha go háirithe, na hoibríochtaí sin a dhéanamh, bíonn tionchar acu ar an Rialachán thuasluaite, de réir bhrí Airteagal 3(2) CFAE.

Ar a bharr sin, beidh tionchar ag na gealltanais idirnáisiúnta sin ar Chomhaontú an Aontais freisin, go háirithe Airteagal 20 de. Ní údaraítear iad i mír 1 den Airteagal sin, seachas mar a leagtar amach i mír 2 de. 

Dá réir sin, gealltanais amhail na gealltanais sin atá beartaithe ag an Iodáil, tagann siad faoi raon feidhme inniúlacht eisiach an Aontais. Mar sin féin, i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE, féadfaidh an tAontas é a thabhairt de chumhacht do na Ballstáit gníomhú i réimsí ina bhfuil inniúlacht eisiach aige.

Is é is aidhm don togra seo é a thabhairt de chumhacht don Iodáil comhaontú a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair trasteorann paisinéirí de bhóthar i gcóiste agus i mbus i réigiún na teorann sa dá thír.[11]  

Ar an bhforas sin, bhain an Coimisiúin de thátal as gurb é “Airteagal 2(1) CFAE agus Airteagal 91 CFAE an bunús dlí don togra seo.” [12]

(a) A iomchuí atá Airteagal 91 CFAE

Déantar foráil in Airteagal 91 maidir le bunúis dlí i réimse an bheartais iompair d’iompar d’iarnród, de bhóthar agus d’uiscebhealach intíre. I bhfianaise aidhm agus ábhar an togra, is léir go bhfuil nasc idir an togra agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh in earnáil an iompair. Dá réir sin, tá an dealramh ar Airteagal 91 CFAE go bhfuil sé ina bhunús dlí iomchuí don togra.

(b) Ní féidir Airteagal 2(1) a chur leis mar bhunús dlí

Ag an am céanna, níl bunús dlí le hAirteagal 2(1) CFAE. Go deimhin, ní thugann an fhoráil sin aon inniúlacht do na hinstitiúidí chun gníomh de chuid an Aontais a ghlacadh. Dá bhrí sin, ní féidir leas a bhaint as mar bhunús dlí.

Ar mhaithe le bheith críochnúil, féadfar an méid seo a leanas a chur leis go meabhraítear mar is ceart in aithris 5 de na tograí go dtagann “[Gealltanais idirnáisiúnta lena gceadaítear d’iompróirí ó thríú tíortha, nach bhfuil ceadúnas acu, oibríochtaí cabatáiste a dhéanamh] faoi inniúlacht eachtrach eisiach an Aontais. Ní fhéadfaidh na Ballstáit na gealltanais sin a shocrú le caibidlíocht ná a thabhairt ach amháin má thugann an tAontas de chumhacht dóibh an méid sin a dhéanamh i gcomhréir le hAirteagal 2(1) CFAE”.

Sa chás seo, tugtar an cumhachtú sin tríd an ngníomh reachtach arna ghlacadh faoin ngnáthnós imeachta reachtach i gcomhréir le hAirteagal 91 CFAE.

VI - Conclúid agus moladh

Ag an gcruinniú a bhí aige an 9 Eanáir 2020, dá réir sin, chinn an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, le 21 vóta i bhfabhar, gan vóta ar bith ina choinne agus 1 staonadh[13], a mholadh go gcoinneodh an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht Airteagal 91 mar an t-aon bhunús dlí a bheidh leis an cinneadh atá beartaithe.

Le dea-mhéin,

 

 

 

Lucy Nethsingha

 

 

 

 


 

 

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin na teorann idir an dá thír

Tagairtí

COM(2019)0223 – C9-0002/2019 – 2019/0108(COD)

Dáta tíolactha chun PE

13.5.2019

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

TRAN

15.7.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

EMPL

15.7.2019

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

EMPL

24.7.2019

 

 

 

Rapóirtéir/Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Markus Ferber

26.8.2019

 

 

 

Bunús dlí á dhíospóid

 Dáta na tuairime ó JURI

JURI

9.1.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

21.1.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

47

0

2

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Scott Ainslie, Izaskun Bilbao Barandica, David Bull, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Johan Danielsson, Andor Deli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Cláudia Monteiro de Aguiar, June Alison Mummery, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Dominique Riquet, Vera Tax, Barbara Thaler, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Clotilde Armand, Leila Chaibi, Angel Dzhambazki, Markus Ferber, Maria Grapini, Pierre Karleskind, Andrey Novakov, Catherine Rowett, Henna Virkkunen

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Tiziana Beghin, Elena Lizzi, Juozas Olekas, Tsvetelina Penkova

Dáta don chur síos

24.1.2020

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

47

+

ECR

Angel Dzhambazki, Peter Lundgren, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Leila Chaibi, Kateřina Konečná, Elena Kountoura

ID

Marco Campomenosi, Julie Lechanteux, Elena Lizzi, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

NI

Tiziana Beghin

PPE

Andor Deli, Gheorghe Falcă, Markus Ferber, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Andrey Novakov, Barbara Thaler, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

RENEW

Clotilde Armand, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Pierre Karleskind, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Juozas Olekas, Tsvetelina Penkova, Vera Tax, Petar Vitanov

VERTS/ALE

Scott Ainslie, Ciarán Cuffe, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz, Catherine Rowett

 

0

-

 

 

 

2

0

NI

David Bull, June Alison Mummery

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1]  IO C 14, 15.1.2020, lch. 118.

[2] D 315855/ Tuairim JURI maidir leis an mbunús dlí i gcomhréir le Riail 40 de na Rialacha Nós Imeachta.

[3] Togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena dtugtar de chumhacht don Iodáil comhaontú leis an Eilvéis a chaibidliú agus a thabhairt i gcrích lena n-údarófar oibríochtaí cabatáiste le linn soláthar seirbhísí iompair paisinéirí i gcóiste agus i mbus i réigiúin teorann an dá thír [2019/0108(COD)].

[4] Tuairim 2/00, ECLI:AE:C:2001:664, mír 5.

[5] Féach Cás C-411/06 an Coimisiún v. Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, an 8 Meán Fómhair 2009, AE:C:2009:518, mír 45.

[6] Breithiúnas i gCás C-269/97, an Coimisiún v an Chomhairle, ECLI:AE:C:2000:183, mír 44.

[7] Breithiúnas i gCásanna C-137/12, an Coimisiún v an Chomhairle, AE:C:2013:675, mír 53; C-411/06 AE:C:2009:518, mír 46 agus an cásdlí a luaitear ann; an Pharlaimint v an Chomhairle, C-490/10, AE:C:2012:525, mír 45; an Pharlaimint v an Chomhairle, C 155/07, AE:C:2008:605, mír 34.

[8] Cás C-211/01, an Coimisiún v an Chomhairle, ECLI:AE:C:2003:452, mír 40; Cás C-178/03 an Coimisiún v Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ECLI:AU:C:2006:4, míreanna 43-56;

[9] Cás C-300/89 an Coimisiún v an Chomhairle (“Dé-ocsaíd tíotáiniam”), ECLI:AU:C:1991:244, míreanna 17-25; Cás C-268/94, an Phortaingéil v an Chomhairle, ECLI:AU:C:1996:461.

[10] An Comhaontú idir an Comhphobal Eorpach agus Cónaidhm na hEilvéise maidir le hIompar Earraí agus Paisinéirí d’Iarnród agus de Bhóthar, (IO L 114, 30.4.2002 lch. 91).

[11] Féach leathanach 2 den mheabhrán míniúcháin.

[12] Féach leathanach 3 den mheabhrán míniúcháin.

[13] Bhí na daoine seo a leanas i láthair don vótáil chríochnaitheach: Lucy Nethsingha (Cathaoirleach), Marion Walsmann (Leas-Chathaoirleach), Ibán García Del Blanco (Leas-Chathaoirleach), Raffaele Stancanelli (Leas-Chathaoirleach), Franco Roberti (rapóirtéir don tuairim), Gunnar Beck, Patrick Breyer, Geoffroy Didier, Angel Dzhambazki, Evelyne Gebhardt, Esteban Gonzáles Pons, Jackie Jones, Mislav Kolakušić, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Sabrina Pignedoli, Jiří Pospíšil, Liesje Schreinemacher, Marie Toussaint, Edina Tóth (do József Szájer de bhun Riail 209(7)), Bettina Vollath and Axel Voss.

An nuashonrú is déanaí: 10 Feabhra 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais