TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cheapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh
24.1.2020 - (C9‑0006/2020 – 2020/0901(NLE))
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Irene Tinagli
PR_NLE_EconGov
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cheapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh
(C9‑0006/2020 – 2020/0901(NLE))
(Formheas)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ó Bhord Maoirseachta an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh an 14 Eanáir 2020 (C9‑0006/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 51(2) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Baincéireachta Eorpach), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/78/CE ón gCoimisiún[1],
– ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE[2],
– ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc[3],
– ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0008/2020),
A. de bhrí gur fhógair Stiúrthóir Feidhmiúcháin reatha an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh go n-éireodh sé as an bpost, rud a dhéanfaidh sé an 31 Eanáir 2020;
B. de bhrí gur mhol Bord Maoirseoirí an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh, an 14 Eanáir 2020, tar éis nós imeachta oscailte roghnúcháin, Gerry Cross a cheapadh ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin go ceann téarma oifige cúig bliana, i gcomhréir le Airteagal 51(2) agus (3) de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010;
C. de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Gerry Cross, an 22 Eanáir 2020, éisteacht ina ndearna sé ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sé ceisteanna ó chomhaltaí den Choiste ina dhiaidh sin;
1. Ag diúltú ceapachán Gerry Cross ina Stiúrthóir Feidhmiúcháin ar Údarás Baincéireachta Eorpach a fhormheas, agus ag iarraidh go dtarraingeofaí siar an togra agus go gcuirfí ceann nua faoi bhráid na Parlaiminte;
2. Á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Baincéireachta Eorpach agus chuig rialtais na mBallstát.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Ceapachán Stiúrthóir Feidhmiúcháin an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) |
|||
Tagairtí |
N9-0003/2020 – C9-0006/2020 – 2020/0901(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
14.1.2020 |
|
|
|
An Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ECON
|
|
|
|
Rapóirtéir/Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Irene Tinagli 14.1.2020 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
22.1.2020 |
|
|
|
Dáta a ghlactha |
23.1.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
27 24 0 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marek Belka, Stefan Berger, Gilles Boyer, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Neena Gill, Valentino Grant, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Herve Juvin, Othmar Karas, Billy Kelleher, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Costas Mavrides, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Dragoş Pîslaru, Luisa Porritt, Antonio Maria Rinaldi, Robert Rowland, Alfred Sant, Martin Schirdewan, Joachim Schuster, Molly Scott Cato, Pedro Silva Pereira, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin |
|||
Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Francesca Donato, Eugen Jurzyca, Fulvio Martusciello, Bogdan Rzońca, Julie Ward |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
César Luena, Cristina Maestre Martín De Almagro, Rob Rooken, Anna Zalewska |
|||
Dáta don chur síos |
24.1.2020 |
- [1] IO L 331, 15.12.2010, lch. 12.
- [2] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
-
[3] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.