Tuarascáil - A9-0024/2020Tuarascáil
A9-0024/2020

MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích.

26.2.2020 - (08662/1/2019 – C9‑0004/2019 – 2019/0078(NLE)) - ***

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Cláudia Monteiro de Aguiar

Nós Imeachta : 2019/0078(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0024/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0024/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích.

(08662/1/2019 – C9‑0004/2019 – 2019/0078(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (08662/1/2019),

 ag féachaint don Phrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an tAontas Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) (08668/2019),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43, Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), agus Airteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0004/2019),

 ag féachaint dá rún neamhreachtach an ...[1] ar an dréachtchinneadh,

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhorbairt agus ón gCoiste um Buiséid,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Iascach (A9-0024/2020),

1. ag tabhairt a toilithe chun an Prótacal a thabhairt i gcrích;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht Cabo Verde.


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT (3.12.2019)

chuig an gCoiste um Iascach

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

(08662/1/2019 – C9‑0004/2019 – 2019/0078(NLE))

Rapóirtéir don tuairim: Catherine Chabaud

 

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Is comhaontú tuinníní é an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh a tugadh i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Cabo Verde in 2006. An prótacal roimhe seo, a tugadh i gcrích do thréimhse ceithre bliana, chuaigh sé in éag i mí na Nollag 2018. 

 

Dála an phrótacail roimhe seo, ní mór go gcomhlíonfaí leis an bPrótacal Nua do 2019-2024 an Rialachán maidir leis an gComhbheartas Iascaigh (CBI), lena leagtar béim ar inbhuanaitheacht na hiascaireachta agus ar dhea-rialachas go háirithe, agus lena n-aithnítear, ag an am céanna, an tábhacht atá le comhleanúnachas beartas idir CBI agus spriocanna an Aontais maidir le comhar um fhorbairt agus forbairt inbhuanaithe, go háirithe Sprioc 14.

 

Is é EUR 1 750 000 sa bhliain an ranníocaíocht airgeadais a leithdháiltear ar an bprótacal nua. Tá an tsuim sin roinnte idir suim bhliantúil 400 000 EUR le haghaidh rochtain ar an limistéar iascaigh (le tonnáiste tagartha de 8 000 tonna sa bhliain) agus 350 000 EUR do chur chun feidhme na straitéise náisiúnta maidir le hiascach agus an gheilleagair ghoirm.

 

Maidir le tacaíocht earnála, ba cheart a thabhairt ar aird go léirítear ardú leis an tsuim seo i gcomparáid leis an bprótacal a bhí ann roimhe sin, mar chúiteamh ar an ardú 60% sa tonnáiste tagartha.

 

I bhfianaise a thábhachtaí atá na dúshláin eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil atá os comhair Cabo Verde, tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart go dtacódh an Prótacal seo agus ranníocaíocht airgeadais iomlán an Chomhphobail leis na tosaíochtaí seo a leanas:

 

- geilleagar gorm inbhuanaithe a chur chun, agus aird ar leith á tabhairt ar na hiascaigh áitiúla ar mhionscála, ar bhonneagar calafoirt a nuachóiriú agus ar sheasamh na mban, a bhfuil ról fíorthábhachtach acu i gcúrsaí margaíochta agus próiseála; chuige sin, agus mar a thug ENR CFFC-CAPE dá haire[2], bheadh tacaíocht d’oiliúint nó don bhonneagar beag sa slabhra fuar go háirithe ábhartha;

 

- feabhas a chur ar an riocht eolais maidir leis an réigiún aigéin sin agus ar an gcomhar eolaíoch; go háirithe trína chur ar chumas eolaithe áitiúla dul ar bord báid iascaigh atá ag oibriú sa cheantar sin; ciallaítear leis sin freisin eolas sonrach ar éifeachtaí carnacha na gcomhaontuithe iascaigh éagsúla atá tugtha chun críche ag Cabo Verde le tríú tíortha maidir le riocht na n-acmhainní iascaigh sa réigiún aigéin sin, chun a áirithiú go bhféadfaidh tionscal áitiúil na hiascaireachta leanúint den fhorbairt;

 

- a bheith rannpháirteach i rannchuidiú uaillmhianach AE agus Cabo Verde le Deich mBliana na hEolaíochta Aigéin don Fhorbairt Inbhuanaithe;

 

- faireachán, rialú agus faireachas a athneartú chun cosc níos mó a chur ar iascach NNN; i ndáil leis sin, ní mór dlúthchomhordú a bheith ann idir gníomhaíochtaí tacaíochta earnála agus cláir eile an Aontais Eorpaigh sa réimse sin, go háirithe tríd an gclár réigiúnach maidir le rialachas réigiúnach iascaigh a fheabhsú san Afraic Thiar;

 

- an truailliú a chomhrac trí thacú le bailiú plaisteach ag iascairí áitiúla.

 

Measann an Rapóirtéir freisin gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na pointí seo a leanas:

 

ní leor na sonraí maidir le gabhálacha siorcanna peiligeacha ag báid iascaigh Eorpacha áirithe; i bhfianaise leochaileacht na speiceas sin atá doiciméadaithe go heolaíoch, tá sé bunriachtanach go bhfeabhsófar bailiú agus anailís na sonraí chun a áirithiú nach mbeidh báid iascaigh Eorpacha rannpháirteach ina ndúshaothrú;

 

- leibhéal níos airde trédhearcachta a bhaint amach maidir le húsáid ranníocaíocht airgeadais an Aontais, chun an tionchar ar fhorbairt an gheilleagair ghoirm a mheas ar bhonn níos fearr, a théann chun tairbhe do phobal Cabo Verde ina iomláine.

 

Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhféadfadh an prótacal nua saothrú freagrach agus inbhuanaithe na n-acmhainní iascaigh a chur chun cinn agus gur féidir leis a bheith i gcomhréir le cuspóirí na gcomhaontuithe iascaigh inbhuanaithe agus an chomhair um fhorbairt, ós rud é go soláthraítear faisnéis níos sonraithe maidir le húsáid chistí AE.

******

Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go bhformheasfaí an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

Tagairtí

08662/2019 – C9-0004/2019 – 2019/0078(NLE)

Coiste freagrach

 

PECH:

 

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

15.7.2019

Rapóirtéir don tuairim

 Dáta an cheapacháin

Catherine Chabaud

17.9.2019

Pléite sa choiste

7.11.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

3.12.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

22

2

0

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Hildegard Bentele, Dominique Bilde, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Martin Horwood, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Pierfrancesco Majorino, Lukas Mandl, Norbert Neuser, Michèle Rivasi, Louis Stedman-Bryce, Marc Tarabella, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo, Chrysoula Zacharopoulou, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alessandra Basso, Stéphane Bijoux, Marlene Mortler, Caroline Roose, Carlos Zorrinho

 

 


 

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

22

+

ECR

Beata Kempa

GUE/NGL

Miguel Urbán Crespo

ID

Alessandra Basso, Bernhard Zimniok

PPE

Hildegard Bentele, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Lukas Mandl, Marlene Mortler, Tomas Tobé

Renew

Stéphane Bijoux, Charles Goerens, Martin Horwood, Chrysoula Zacharopoulou

S&D

Mónica Silvana González, Pierfrancesco Majorino, Norbert Neuser, Marc Tarabella, Carlos Zorrinho

VERTS/ALE

Pierrette Herzberger-Fofana, Michèle Rivasi, Caroline Roose

 

2

-

ID

Dominique Bilde

NI

Louis Stedman-Bryce

 

 

 

0

0

 

 

 

Key:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (12.12.2019)

chuig an gCoiste um Iascach

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

(08662/1/2019 – C9‑0004/2019 – 2019/0078(NLE))

Rapóirtéir don tuairim: Margarida Marques

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde[3] i bhfeidhm an 30 Márta 2007[4]. Tháinig an Prótacal reatha a ghabhann leis an gComhaontú i bhfeidhm an 23 Nollaig 2014 agus chuaigh sé in éag an 22 Nollaig 2018.

Ar bhonn na dtreoracha ábhartha caibidlíochta[5], chuaigh an Coimisiún i mbun caibidlíochta le Rialtas Phoblacht Cabo Verde (dá ngairtear ‘Cabo Verde’ anseo feasta) d’fhonn Prótacal nua don Chomhaontú a thabhairt i gcrích. I ndiaidh na gcaibidlíochtaí sin, cuireadh inisileacha le Prótacal nua an 12 Deireadh Fómhair 2018. Cumhdaíonn an Prótacal tréimhse cúig bliana ón dáta a chuirtear i bhfeidhm go sealadach é, i.e. ón dáta ar a shínítear é, mar a shonraítear in Airteagal 15 de.

I gcomhréir le tosaíochtaí athchóiriú an Bheartais Iascaigh[6], tugann an Prótacal nua deiseanna do shoithí an Aontais iascach a dhéanamh in uiscí Cabo Verde, ar bhonn na comhairle eolaíche is fearr a bhfuil fáil uirthi agus i gcomhréir le moltaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT). Cuireann an Prótacal nua sin san áireamh torthaí na meastóireachta a rinneadh ar an bPrótacal roimhe sin (2014-2018) agus ar mheasúnú réamhbhreathnaitheach ar cibé ar cheart Prótacal nua a thabhairt i gcrích nó nár cheart. Is saineolaithe seachtracha a rinne an mheastóireacht agus an measúnú sin. Is éard is aidhm leis an bPrótacal, ná a chur ar chumas an Aontais Eorpaigh agus Phoblacht Cabo Verde oibriú níos dlúithe i gcomhar le chéile ar shaothrú fónta acmhainní iascaigh a chur chun cinn in uiscí Cabo Verde agus chun tacú le hiarrachtaí Cabo Verde a gheilleagar gorm a fhorbairt, ar mhaithe leis an dá pháirtí.

Forálann an Prótacal maidir le deiseanna iascaireachta sna catagóirí seo a leanas:

 28 mbád saighne tuinnín ina bhfuil saoráidí reoiteora,

 27 mbád spiléireachta dromchla.

 14 shoitheach tuinníní le cuaille agus líne.

 

Tá an chaibidlíocht phrótacail nua a bheidh ag gabháil leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh le Cabo Verde ina cuid de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais maidir le tíortha ACC agus cuirtear san áireamh léi, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail an daonlathais agus cearta an duine a urramú.

EUR 750 000 is ea ranníocaíocht airgeadais bhliantúil an Aontais Eorpaigh, bunaithe orthu seo a leanas:

 tonnáiste tagartha 8 000 tona in aghaidh na bliana, ar socraíodh méid rochtainbhainteach ag EUR 400 000 sa bhliain lena aghaidh, ó thús deireadh an Phrótacail.

 tacaíocht d’fhorbairt ar bheartas earnála iascaigh agus geilleagar gorm Cabo Verde, do mhéid arb ionann é agus EUR 350 000 in aghaidh na bliana, ó thús deireadh an Phrótacail. Comhlíontar leis an tacaíocht sin cuspóirí bheartas náisiúnta Cabo Verde maidir le bainistiú inbhuanaithe acmhainní iascaigh ilchríochacha agus muirí dá chuid, ó thús deireadh an Phrótacail.

Déantar méid bliantúil na leithreasuithe faoi chomhair gealltanais agus leithreasuithe íocaíochta a leagan síos le linn an nós imeachta buiséadaigh bhliantúil, lena n-áirítear an cúlchiste le haghaidh prótacal nach mbeidh tagtha i bhfeidhm ag tús na bliana[7].

 

Dhéanfaí an Coimisiún a údarú, thar ceann an Aontais, na leasuithe ar an bPrótacal a fhormheas arna nglacadh ag an gComhchoiste arna chur ar bun faoin gComhaontú Comhpháirtíochta.

 

******

 

Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go bhformheasfaí an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (20192024) a thabhairt i gcrích.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

An Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

Tagairtí

08662/2019 – C9-0004/2019 – 2019/0078(NLE)

Coiste freagrach

 

PECH

 

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

15.7.2019

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Margarida Marques

23.7.2019

Pléite sa choiste

25.11.2019

 

 

 

Dáta an ghlactha

12.12.2019

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

19

1

2

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Clotilde Armand, Robert Biedroń, Lefteris Christoforou, David Cormand, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Valentino Grant, Francisco Guerreiro, Valerie Hayer, Monika Hohlmeier, John Howarth, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Dimitrios Papadimoulis, Bogdan Rzońca

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Sylvie Guillaume, Herve Juvin

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

19

+

ECR

Zbigniew Kuźmiuk, , Bogdan Rzońca

GUE/NGL

Dimitrios Papadimoulis

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Monika Hohlmeier, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan,

RENEW

Clotilde Armand, Valerie Hayer, Moritz Körner

S&D

Robert Biedroń, Eider Gardiazabal Rubial, Sylvie Guillaume, John Howarth

VERTS/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro

 

1

-

ID

Herve Juvin

 

2

0

ID

Valentino Grant, Joachim Kuhs

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

An Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir an Comhphobal Eorpach agus Poblacht Cabo Verde (2019-2024) a thabhairt i gcrích

Tagairtí

08662/2019 – C9-0004/2019 – 2019/0078(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

23.5.2019

 

 

 

Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

PECH

15.7.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

15.7.2019

BUDG

15.7.2019

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Cláudia Monteiro de Aguiar

24.7.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

23.7.2019

2.12.2019

20.1.2020

 

Dáta an ghlactha

19.2.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

19

5

1

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, François-Xavier Bellamy, Isabel Carvalhais, Rosa D’Amato, Giuseppe Ferrandino, João Ferreira, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Grace O’Sullivan, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Ruža Tomašić, Peter van Dalen

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Benoît Biteau, Nicolás González Casares, Gabriel Mato, Annalisa Tardino, Javier Zarzalejos

Dáta don chur síos

26.2.2020

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

19

+

ECR

Bert-Jan Ruissen, Ruža Tomašić

GUE/NGL

João Ferreira

ID

Annalisa Tardino

PPE

François-Xavier Bellamy, Peter van Dalen, Niclas Herbst, Gabriel Mato, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Javier Zarzalejos

RENEW

Søren Gade, Pierre Karleskind

S&D

Clara Aguilera, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Nicolás González Casares, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro

 

5

-

GUE/NGL

Anja Hazekamp

ID

France Jamet

VERTS/ALE

Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose

 

1

0

NI

Rosa D'Amato

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 18 Márta 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais