TUARASCÁIL ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: An Fhostaíocht agus Gnéithe Sóisialta i Straitéis Bhliantúil Fáis Inbhuanaithe 2020
28.2.2020 - (2019/2212(INI))
An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir: Klára Dobrev
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: an fhostaíocht agus gnéithe sóisialta i Straitéis Bhliantúil Fáis Inbhuanaithe 2020
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 maidir le ‘Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020 (COM( 2019) 0650),
– ag féachaint don togra le haghaidh tuarascáil chomhpháirteach ar fhostaíocht ón gCoimisiún agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2019 a ghabhann leis an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe 2020(COM(2019)0653),
– ag féachaint don mholadh ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 le haghaidh moladh ón gComhairle maidir le beartas eacnamaíoch an limistéir euro (COM(2019)0652),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 17 Nollaig 2019 dar teideal ‘Tuarascáil 2020 maidir leis an Sásra Foláirimh’ (COM(2019)0651),
– ag féachaint don chumarsáid ón gCoimisiún an 20 Samhain 2019 maidir le Dréachtphleananna Buiséadacha 2020: Measúnú Foriomlán (COM(2019)0900),
– ag féachaint do Chinneadh (AE) 2019/1181 ón gComhairle an 8 Iúil 2019 maidir le treoirlínte i ndáil le beartais fostaíochta na mBallstáit[1],
– ag féachaint dá rún an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le beartais fostaíochta agus shóisialta an limistéir euro[2],
– ag féachaint dá rún an 13 Márta 2019 maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú na mbeartas eacnamaíoch: gnéithe fostaíochta agus sóisialta de Shuirbhé Bliantúil Fáis 2019[3],
– ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Coimisiún Eorpach eile 2019- 2024: Aontas níos Uaillmhianaí (A Union that Strives for more), a thíolaic Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen,
– ag féachaint do na Spriocanna NA Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a ghlac ceannairí domhanda i mí Mheán Fómhair 2015 agus atá formhuinithe ag an Chomhairle, a rinne a gealltanas maidir lena gcur chun feidhme a chur in iúl,
– ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta (CECS) a d’fhógair an Chomhairle Eorpach, an Pharlaimint agus an Coimisiún i mí na Samhna 2017,
– ag féachaint dá rún an 19 Eanáir 2017 maidir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta[4],
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 8 Samhain 2019 dar teideal ‘Margadh an tSaothair agus Forbairtí Pá san Eoraip - Athbhreithniú Bliantúil 2019’ (‘Labour Market and Wage Developments in Europe – Annual Review 2019’),
– ag féachaint do chonclúidí na Comhairle maidir le Geilleagar na Dea-bhaile an 24 Meán Fómhair 2019[5],
– ag féachaint dá rún an 16 Samhain 2017 maidir le neamhionannais a chomhrac mar mhodh éifeachtach chun borradh a chur faoi chruthú post agus faoin bhfás[6],
– ag féachaint don staidéir ó OECD an 15 Meitheamh 2018 dar teideal ‘Ardaitheoir Sóisialta Briste? (‘A Broken Social Elevator? Conas Soghluaiseacht Shóisialta a Chur Chun Cinn’,
– ag féachaint dá rún an 24 Deireadh Fómhair 2017 maidir le beartais ioncaim íosta a úsáid mar uirlis chun an bhochtaineacht a chomhrac[7],
– ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann le lánpháirtiú na Romach in AE: frithghiofógachas a chomhrac[8],
– ag féachaint don chumarsáid ón gCoimisiún an 10 Meitheamh 2016 maidir le clár oibre nua scileanna don Eoraip – ag comhoibriú le chéile chun an caipiteal daonna, an infhostaitheacht agus an t-iomaíochas a neartú (COM(2016)0381),
– ag féachaint dá rún an 11 Nollaig 2018 maidir leis an oideachas sa ré dhigiteach: dúshláin, deiseanna agus ceachtanna do cheapadh bheartais an Aontais Eorpaigh[9],
– ag féachaint dá rún an 14 Meán Fómhair 2017 maidir le clár oibre nua scileanna don Eoraip[10],
– ag féachaint dá rún an 26 Bealtaine 2016 maidir leis an mbochtaineacht: gné inscne[11],
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 19 Meán Fómhair 2018 maidir leis an mbearna inscne san earnáil digiteach[12],
– ag féachaint dá rún an 15 Samhain 2018 maidir le seirbhísí cúraim in AE le haghaidh comhionannas inscne níos fearr a bhaint amach[13],
– ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe[14],
– ag féachaint dá seasamh an 2 Feabhra 2016 maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na Eorpa agus ón gComhairle maidir leis an Ardán Eorpach a bhunú chun feabhas a chur ar an gcomhar i ndáil le hobair neamhdhearbhaithe a chosc agus a dhíspreagadh[15],
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2016 maidir leis an gClár Oibre Eorpach don Gheilleagar Comhoibríoch (COM(2016)0356),
– ag féachaint do chonclúidí na Comhairle an 20 Meitheamh 2016 maidir leis an gCothromas agus an tSláinte i ngach beartas: An Dlúthpháirtíocht sa tSláinte,
– ag féachaint don tionscnamh ó ECFE agus ón gCoimisiún dar teideal ‘Staid na Sláinte san Aontas’,
– ag féachaint dá rún an 11 Meán Fómhair 2018 maidir le conairí d’oibrithe atá ag téarnamh ó ghortú agus ó thinneas a athimeascadh i bhfostaíocht d’ardchaighdeán[16],
– ag féachaint dá rún an 25 Samhain 2015 maidir le Creat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014- 2020[17],
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Feabhra 2013 dar teideal ‘I dtreo Infheistíocht Shóisialta le haghaidh Fáis agus Comhtháthú - lena n-áirítear Ciste Sóisialta na hEorpa 2014-2020 a chur chun feidhme’ (COM(2013)0083), agus na Doiciméid Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Teachtaireacht dar teideal ‘Infheistiú sa tSláinte’ (SWD(2013)0043) agus ‘Cúram fadtéarmach i sochaithe atá ag dul in aois - Dúshláin agus roghanna beartais’ (SWD (2013) 0041),
– ag féachaint don Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 4 Meán Fómhair 2013 dar teideal ‘Tuarascáil ar éagothromaíochtaí sláinte san Aontas Eorpach’ (SWD(2013)0328),
– ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Aibreán 2014 maidir le córais sláinte éifeachtacha, inrochtana agus athléimneacha (COM( 2014) 0215),
– ag féachaint do chonclúidí ón gComhairle an 20 Meitheamh 2014 maidir leis an ngéarchéim eacnamaíoch agus cúram sláinte[18],
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas (CRPD),
– ag féachaint do bharúlacha deiridh Choiste na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine faoi Mhíchumas an 3 Meán Fómhair 2015 maidir leis an tuarascáil tosaigh ón Aontas Eorpach chuig an gCoiste an 5 Meitheamh 2014 maidir le cur chun feidhme CRPD,
– ag féachaint dá rún an 29 Samhain 2018 maidir le staid na mban faoi mhíchumas[19],
– ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),
– ag féachaint don chumarsáid ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir le hEoraip shóisialta láidir d’aistrithe córa (COM(2020)0014),
– ag féachaint don Phacáiste don Gheilleagar Ciorclach (Treoracha (AE) 2018/849[20], 2018/850[21], 2018/851[22] agus 2018/852[23]),
– ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[24],
– ag féachaint don díospóireacht le hionadaithe de chuid na bparlaimintí náisiúnta maidir le tosaíochtaí Sheimeastar Eorpach 2020,
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,
– ag féachaint don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0025/2020),
A. de bhrí gur shroich an ráta fostaíochta i measc daoine idir 20 agus 64 bliana d’aois 73.9 % in AE sa dara ráithe de 2019, agus 72.7 % i limistéar an euro; de bhrí go raibh 241.9 milliún duine fostaithe in AE sa tríú ráithe de 2019, an leibhéal is airde riamh; de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht mhór i margadh an tsaothair ina réamhriachtanas chun Eoraip shóisialta a bheith ann; de bhrí go bhféadfadh an ráta fostaíochta teacht gar do sprioc na straitéise Eoraip 2020, ach ní dócha go sroichfidh sé í; de bhrí gur shroich na huaireanta iomlána an chloig a oibríodh leibhéal 2008; de bhrí gurb ísle i bhfad ráta fostaíochta na ngrúpaí leochaileacha, amhail daoine faoi mhíchumas (50.6 % in 2017), na daoine gan dídean agus na Romaigh (43 %);
B. de bhrí gur mhéadaigh ráta fostaíochta na n-oibrithe scothaosta (55-64) go 58.7 % sa bhliain 2018; de bhrí gurb iad na hoibrithe scothaosta is mó go fóill a spreagann an fás fostaíochta; de bhrí go gcuireann an easpa seirbhísí cúraim leormhaithe, amhail cúram leanaí agus cúram do dhaoine cnagaosta, bacainn ar oibrithe scothaosta, go háirithe mná, a choinneáil i margadh an tsaothair.
C. de bhrí go bhfuil méadú i bhfostaíocht neamhthipiciúil agus neamhfhoirmiúil ag gabháil leis an méadú ar an ráta fostaíochta, lena n-áirítear conarthaí gan íosmhéid uaireanta; de bhrí nach mbíonn oibrithe forbhásacha in ann a gcearta a fhorfheidhmiú de ghnáth, gur beag slándáil poist agus cosaint árachais shóisialaigh atá acu, gurb airde rioscaí sláinte agus sábháilteachta atá os a gcomhair agus go bhfaigheann siad ioncam nach leor do chaighdeán réasúnta maireachtála; de bhrí go bhfuil céatadán na n-oibrithe páirtaimseartha níos airde fós ná leibhéal 2008; de bhrí gur suntasach go fóill sciar na n-oibrithe páirtaimseartha ainneonacha; de bhrí gurb ard go fóill sciar na bhfostaithe sealadacha;
D. de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar ráta fostaíochta na hóige, ach is ísle go fóill é, mar ráta, ná an leibhéal a bhí ann roimh an ngéarchéim; de bhrí go bhfuil difríochtaí suntasacha idir rátaí dífhostaíochta i measc daoine óga idir Ballstáit agus laistigh díobh;
E. de bhrí gur thit an dífhostaíocht go 6.3 % sa tríú ráithe de 2019 in AE agus go 7.5 % i limistéar an euro; de bhrí go bhfuil sé go fóill ard i roinnt Ballstát agus réigiún; de bhrí gurb ard ar fad an dífhostaíocht fhadtéarmach i leath na mBallstát;
F. de bhrí go bhfuil leibhéil chriticiúla bainte amach le ganntanais saothair agus le himirce daoine oilte i roinnt Ballstát agus go bhfuil siad ina mbacainn ar thuilleadh fás eacnamaíoch; de bhrí go mbeidh réitigh shaincheaptha de dhíth i saol na hoibre amach anseo, ar réitigh iad a bheidh oiriúnach do mhargaí saothair agus traidisiúin éagsúla, agus ag an am céanna a chosnóidh oibrithe taistil;
G. de bhrí gur cuid lárnach de mhúnla sóisialta na hEorpa é an t-idirphlé sóisialta agus gur riachtanach é chun réitigh shaincheaptha a aimsiú le haghaidh mhargadh an tsaothair; de bhrí gur soiléir an comhghaol deimhneach idir an t-idirphlé sóisialta agus an t-iomaíochas agus an éifeachtúlacht thionsclaíoch; de bhrí go mbíonn comhpháirtithe sóisialta láidre agus ionadaíocha de dhíth don idirphlé sóisialta; de bhrí gur lagaigh an t-idirphlé sóisialta agus gur laghdaigh an cumhdach cómhargála ar fud na hEorpa, agus go bhfuil éagothromaíochtaí óllmhóra ann idir Ballstáit; de bhrí go raibh sciar na bhfostaithe idir 98 % agus 7.1 % in 2016 sna Ballstáit atá clúdaithe ag cineál ar bith socraíochta pá comhchoitinne; de bhrí go leathnaíonn idirphlé sibhialta atá neamhleor an bhearna idir saoránaigh agus institiúidí;
H. de bhrí go bhfuil neamhionannais ioncaim fós ar ardleibhéil; de bhrí go bhfuil stad i leibhéal na dtuarastal i roinnt mhaith Ballstát; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar líon na bhfostaithe ar phá íseal de dheasca na géarchéime eacnamaíche; de bhrí gur díobhálach don mhargadh aonair agus don chomhtháthú i measc na mBallstát an iomaíocht i gcúrsaí cánach agus i gcostais saothair; de bhrí go méadaítear neamhionannais de dheasca cánachas ard ar fhostaithe ar phá íseal; de bhrí go bhfuil an tsoghluaisteacht shóisialta teoranta i mbunús na mBallstát; de bhrí go measann ECFE, fiú amháin sna tíortha is fearr feidhmíocht, go dtógfadh sé dhá nó trí ghlúin ar pháistí i dteaghlaigh ar ioncam íseal chun meánioncam a dtíre féin a bhaint amach;
I. de bhrí go bhfuil breis agus cónaitheoir Eorpach amháin as cúigear i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta; de bhrí go bhfuil príomhsprioc Eoraip 2020, is é sin, líon na ndaoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta a laghdú faoi 20 milliún, doshroichte go fóill; de bhrí go raibh 9.5 % d'oibrithe ina gcónaí i dteaghlaigh a bhí i mbaol na bochtaineachta in 2018; de bhrí go mbíonn leanaí i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta ar fad agus gurbh é 24.3 % meánráta riosca na bochtaineachta i measc leanaí in 2018, agus rátaí scanrúla de bhreis agus 30% á gclárú i roinnt Ballstát; de bhrí gurb ard go fóill an bhochtaineacht lucht oibre; de bhrí go bhfuil 6 % de dhaonra AE ina gcónaí i ngéardhíth ábhartha;
J. de bhrí go raibh cónaitheoir amháin de chuid AE as gach deichniúr ina chónaí i dtithíocht faoi bhun caighdeáin agus gur chaith siad 40 % nó níos mó dá ioncam teaghlaigh ar thithíocht in 2017; de bhrí go bhfuil costas tithíochta ina ró-ualach ar chónaitheoir amháin de chuid AE as gach deichniúr, go háirithe ar theaghlaigh ar ioncam íseal agus ar mhuintir na cathrach; de bhrí go bhféadfadh tionchar breise a bheith ag an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide ar chostais tithíochta; de bhrí go bhfuil tithíocht inacmhainne ina fadhb thromchúiseach atá ag fás agus go bhfuil méadú ag teacht ar líon na ndaoine a bhfuil éiginnteacht tithíochta ag cur orthu nó atá gan dídean dá dheasca;
K. de bhrí go bhfuil méadú ar an easpa dídine le deich mbliana anuas i mbunús na mBallstát agus go bhfuil costais tithíochta ina ró-ualach atá ag dul i méid ar theaghlaigh bhochta; de bhrí go bhfuil an tithíocht agus an cúnamh do dhaoine gan dídean ar cheann de na tosaíochtaí a leagtar amach i gcolún Eorpach na gceart sóisialta; de bhrí gur ceist sláinte ríthábhachtach í an easpa dídine ráite an t-ionchas saoil a bheith i bhfad níos ísle i measc daoine gan dídean ná i measc an phobail i gcoitinne;
L. de bhrí gur bacainní ar an bhfostaíocht agus ar an bhfás eacnamaíoch iad luathfhágáil na scoile agus drochthorthaí oideachasúla agus go bhfuil dlúthnasc eatarthu féin agus an bhochtaineacht, an eisiamh sóisialta agus an leithscaradh; de bhrí gurb airde i bhfad na rátaí do Romaigh, mar atá 70 %, ná i gcás catagóirí eile daltaí; de bhrí gur cheart do chórais oideachais tacaíocht leordhóthanach a thabhairt le haghaidh na soghluaisteachta sóisialta; de bhrí gur shroich ráta na foghlama aosaí in AE 11.1 % in 2018 - i bhfad níos ísle ná sprioc 2020 de 15 %,
M. de bhrí gur féidir teicneolaíocht agus nuálaíocht deiseanna nua a chruthú chun fás agus poist a chruthú; de bhrí go bhfuil scileanna digiteacha riachtanach sa ré dhigiteach, ach má tá féin, nach bhfuil scileanna bunúsacha digiteacha ag breis agus 40 % de dhaoine fásta in AE; de bhrí gur féidir an digiteáil a bheith ina deis chun neamhionannais shóisialta a laghdú, ach nach mór bearta a bheith ag gabháil léi chun eisiamh digiteach agus foirmeacha oibre neamhbhuana a chosc agus a laghdú;
N. de bhrí gurb ionann fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus tuilleadh ar 90% de ghnólachtaí san Eoraip agus dá bhrí sin go bhfuil siad tábhachtach maidir le forbairt inbhuanaithe, fás cuimsitheach agus cruthú post; de bhrí gur cheart don Choimisiún tacú le forbairt fiontar agus díriú ar FBManna;
O. de bhrí gur bunluach de chuid AE é prionsabal an chomhionannais agus go gcumhdaítear é in Airteagail 2 agus 3(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh; de bhrí go luaitear go soiléir in Airteagail 8 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus in Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha tiomantas AE do phríomhshruthú inscne ina bheartais agus ina ghníomhaíochtaí uile;
P. de bhrí gur bunriachtanach d’fhás eacnamaíoch, táirgiúlacht, inbhuanaitheacht fhioscach fhadtéarmach agus cobhsaíocht shochaíoch AE iad, an comhionannas inscne a chur chun cinn, deiseanna fostaíochta do mhná a fheabhsú, pá comhionann a áirithiú, comhréiteach idir obair, cúram agus an saol príobháideach a éascú do na mná agus do na fir, agus foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac;
Q. de bhrí go bhfuil easpa ban in earnálacha a bhfuil pá maith ag gabháil leo agus i bpoist chinnteoireachta agus go bhfuil bearnaí inscne leanúnacha in AE, amhail an bhearna fostaíochta (11.5 %) idir na hinscní, an bhearna phá (16 %) idir na hinscní agus an bhearna phinsin (35.7 %), idir na hinscní, agus – rud atá ina shiocair leis na mná a chur i staideanna leochaileacha nó éiginnte; de bhrí gurb airde an bhearna phá agus an bhearna phinsin do mhná imirceacha agus do mhná de bhunadh mionlaigh eitnigh; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí uaillmhianacha chun na bearnaí pá agus pinsin a dhúnadh;
R. de bhrí gur cúis amháin leis na bearnaí sin iad freagrachtaí cúraim díréireacha, rochtain theoranta ar sheirbhísí cúraim do leanaí agus do dhaoine cnagaosta agus tréimhsí neamhláithreachta ón margadh saothair mar thoradh air sin; de bhrí nach bhfuil ach 3 as 10 leanbh faoi bhun trí bliana d'aois faoi chúram leanaí; de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ann laistigh de na Ballstáit agus ina measc maidir le cáilíocht seirbhísí cúraim agus rochtain orthu;
S. de bhrí go sonraítear i gColún Eorpach na gCeart Sóisialta go mbeidh cóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir fir agus mná, pá comhionann as obair ar comhionann a luach, agus rochtain ar sheirbhísí cúraim inacmhainne ar ardcháilíocht; de bhrí gur cheart faireachán a dhéanamh ar phrionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta i gcomhthéacs an tSeimeastair Eorpaigh;
T. de bhrí go bhfuil easpa ban san oideachas agus sna gairmeacha a bhaineann leis an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (ETIM); de bhrí go bhfuil rannpháirtíocht mhéadaithe na mban in oideachas ETIM ríthábhachtach chun an bhearna idir na hinscní i ngairmeacha ETIM a laghdú;
U. de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 168 de CFAE, go ndéanfar ‘ardleibhéal cosanta le haghaidh sláinte an duine a áirithiú i sainiú agus i gcur chun feidhme bheartais agus ghníomhaíochtaí uile an Aontais’; de bhrí go bhfuil timpeallacht oibre shláintiúil, shábháilte agus dhea-oiriúnaithe, agus cúram sláinte san áireamh i 20 prionsabal an EPSR;
V. de bhrí gurb é ceann de na príomhspriocanna atá ag an gComhaontú Glas don Eoraip sláinte agus folláine daoine a chosaint ar rioscaí agus iarmhairtí a bhaineann leis an gcomhshaol; de bhrí gur bunriachtanach an clúdach uilíoch sláinte freisin chun na spriocanna forbartha inbhuanaithe a bhaint amach;
W. de bhrí gur infheistíocht i gcaipiteal daonna agus i bhforbairt shóisialta agus eacnamaíoch í an tsláinte agus is príomhchinntitheach í maidir le dea-bhail an duine; de bhrí go bhfuil neamhionannais mhóra sláinte ann ar fud AE go fóill, go bhfuil nasc láidir acu leis an neamhionannas ioncaim agus rachmais, leis an bhochtaineacht agus leis an eisiamh sóisialta, go ndéanann siad difear d’ionchas saoil agus go gcuireann siad teorainn le deiseanna chun páirt iomlán a ghlacadh sa tsochaí;
X. de bhrí gur eisíodh moltaí tírshonracha faoi chórais náisiúnta sláinte chuig 16 Bhallstát in 2019;
Y. de bhrí go meastar go méadófar go suntasach ar an gcóimheas cleithiúnais seanaoise in AE sna blianta amach romhainn; de bhrí go bhfuil gá le cur chuige cuimsitheach a bhunófar ar mheascán de réitigh bheartais i réimsí na bpinsean, na slándála sóisialta, an chúraim fhadtéarmaigh, na gcóras sláinte, an chuimsithe shóisialta agus na cothromaíochta oibre is saoil chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le fás cuimsitheach a áirithiú i sochaithe atá ag dul in aois agus in éagsúlacht;
Z. de bhrí go bhfuil míchumas ar 80 milliún cónaitheoir de chuid AE; de bhrí nach leor go fóill cur chun feidhme na mbeart inrochtaineachta; de bhrí gurb é 50.6 % ráta fostaíochta na ndaoine faoi mhíchumas in 2017 i gcomparáid le ráta iomlán fostaíochta de 74.8%; de bhrí gur dóichí daoine faoi mhíchumas a bheith thíos le bochtaineacht lucht oibre;
AA. de bhrí gur léirigh an beartas comhtháthaithe, mar phríomhbheartas infheistíochta AE d'fhorbairt shóisialta, eacnamaíoch agus chríochach, a éifeachtúlacht maidir le neamhionannais agus difríochtaí réigiúnacha a laghdú, go háirithe maidir leis na réigiúin is boichte;
AB. de bhrí go bhfuil córais cosanta sóisialta agus beartais mhargadh an tsaothair fréamhaithe go domhain i dtraidisiúin náisiúnta agus go bhfuil éagsúlacht mhór idir na Ballstáit, ar cheart í a choinneáil nuair a bheifear ag obair i dtreo spriocanna sóisialta comhchoiteanna tríd an Seimeastar Eorpach; de bhrí go bpléitear le saincheisteanna nach bhfuil gné thrasnáisiúnta acu ar an leibhéal náisiúnta i gcomhréir leis na conarthaí agus le prionsabal na coimhdeachta;
AC. de bhrí go mbeidh éagsúlú agus athrú suntasach eacnamaíoch ar shamhlacha gnó agus ar dhéanamh beartas i gceist leis an aistriú glas agus le digiteáil an gheilleagar; de bhrí gurb é rud a thiocfaidh as sin deiseanna nua chomh maith le dúshláin shocheacnamaíocha shuntasacha i roinnt mhaith réigiún agus earnálacha tionsclaíocha; de bhrí go bhfuil comhstraitéis de dhíth ar AE chun oibrithe agus gnólachtaí lena mbaineann a fhothú chun a áirithiú nach bhfágfar duine ar bith ar gcúl;
AD. de bhrí gurb ísle i bhfad fás táirgiúlachta in AE ná mar atá ag iomaitheoirí domhanda; de bhrí gur ríthábhachtach táirgiúlacht fheabhsaithe don dea-bhail fheabhsaithe; de bhrí gur cheart gur mochean d’athchóirithe a bhféadfadh táirgiúlacht fheabhsaithe a bheith mar thoradh orthu, lena n-áirítear laghdú ar ualaí riaracháin neamhriachtanacha, mar go gcuireann siad le cruthú post cothrom, fás inbhuanaithe agus cosaint shóisialta;
AE. de bhrí gur riachtanach airgeadas poiblí fónta; de bhrí go raibh ar na tíortha ba throime a buaileadh leis an ngéarchéim airgeadais na ciorruithe ba dhéine a dhéanamh freisin ar chaiteachas poiblí lena bhféadfaí an fás a fheabhsú; de bhrí go mbíonn tionchar díobhálach ag ciorruithe sóisialta ar dhaoine leochaileacha agus cuireann siad isteach ar an bhfostaíocht, ar an tomhaltas agus ar an bhfás inbhuanaithe agus uileghabhálach, go háirithe trí rochtain ar sheirbhísí riachtanacha a laghdú (sláinte, tithíocht, oideachas);
AF. de bhrí gur féidir bochtaineacht lucht oibre a laghdú, neamhionannais a laghdú agus éileamh a ghiniúint trí phá cothrom, córais láidre cómhargála, an daonlathas a bheith ar obair, an trédhearcacht pá, uaireanta oibre intuartha, cosaint shóisialta leormhaith agus sochair chánach;
1. á chur in iúl gur geal léi an Straitéis Bhliantúil maidir le Fás Inbhuanaithe (ASGS) 2020 agus an aidhm atá ag an gCoimisiún cur chuige reatha an tSeimeastair Eorpaigh a chomhlánú trí na spriocanna forbartha inbhuanaithe agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chur san áireamh; á chur i bhfios go gcaithfear cur le cruthú post inbhuanaithe ardchaighdeáin agus leis an iomaíochas, an nuálaíocht agus an táirgiúlacht a neartú agus na buntáistí don tsláinte, do cháilíocht na beatha agus don athléimneacht a uasmhéadú agus druidim le geilleagar ciorclach agus neodrach ó thaobh carbóin de le straitéis nua AE don fhás; á athdhearbhú gur gá an inbhuanaitheacht, an cuimsiú sóisialta agus dea-bhail na ndaoine a chur i gcroílár cheapadh beartais eacnamaíoch AE, á áirithiú go dtabharfar an tosaíocht chéanna do chuspóirí sóisialta, comhshaoil agus geilleagair;
2. á iarraidh ar an gCoimisiúin spriocanna agus táscairí ceannlíne a bhaineann go sonrach le AE a shainaithint i ndáil leis na spriocanna forbartha inbhuanaithe chun na réaltachtaí agus na dúshláin atá os comhair an Aontais i réimse na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta a léiriú, chun éifeachtacht cinntí beartais a thomhas, agus chun chun a áirithiú go ndéanfar cistiú a spriocdhíriú ar bhealach is fearr agus go ndéanfar obair leantach chuí, chomhleanúnach ar an straitéis Eoraip 2020;
3. á chur in iúl gur díol sásaimh di go cuireadh CECS san áireamh sa Straitéis Bhliantúil don Fhás Inbhuanaithe (ASGS) 2020; á iarraidh go mbeadh an tábhacht chéanna ag gabháil leis an gcothroime agus le cearta sóisialta sa tsamhail nua gheilleagrach agus a théann leis an inbhuanaitheacht comhshaoil agus cobhsaíocht mhaicreacnamaíoch; ag cur béim ar an ról lárnach atá ag an Scórchlár Sóisialta sa Seimeastar Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún tógáil ar tháscairí atá ann cheana agus an scórchlár a threisiú trí tháscairí breise agus spriocanna soiléire a chomhtháthú lena léireofar gach ceann de 20 prionsabal CECS, amhail rochtain chuimsitheach ar an oideachas, an tsláinte, an cothú, an fhostaíocht, an tithíocht, agus caomhnú ceart sóisialta, agus a áirithiú go ndéanfar anailís ar tháscairí den sórt sin ar bhonn imdhealaithe (e.g. leanaí, daoine óga, seanóirí, inscne, imircigh agus daoine faoi mhíchumas); á iarraidh ar an gCoimisiún éagsúlacht na gcóras náisiúnta sóisialta agus na samhlacha i margadh an tsaothair a chosaint agus plean gníomhaíochta sóisialta a chur ar aghaidh chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus an Chairt Shóisialta Eorpach athbhreithnithe a chur chun feidhme tuilleadh trí bhearta tiomnaithe a ghlacadh ar an leibhéal iomchuí;
4. á iarraidh go mbeadh níos mó rannpháirtíochta ag na hairí ábhartha atá i gceannas ar ghnóthaí sóisialta, sláinte agus comhshaoil i bPróiseas an tSeimeastair ar leibhéal na Comhairle; á chur in iúl gurb oth léi maidir le go leor moltaí tírshonracha nár cuireadh chun feidhme ar chor ar bith iad nó nár cuireadh chun feidhme go hiomlán iad; á iarraidh ar na Ballstáit gach moladh tírshonrach a chur chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd faoi ghnéithe fostaíochta agus sóisialta;
An Dífhostaíocht
5. á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil rátaí dífhostaíochta, rátaí dífhostaíochta i measc na hóige agus rátaí dífhostaíochta fadtéarmaí ard go fóill i roinnt Ballstát; á chur i bhfáth, mar sin, gur gá bearta atá saincheaptha ina n-aonar chun daoine dífhostaithe a chomhtháthú i margadh an tsaothair, go háirithe i bhfiontair shóisialta agus sa gheilleagar glas, agus chun an bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta a chomhrac; á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht leormhaith a dhéanamh i mbeartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair agus úsáid iomlán a bhaint as ionstraimí cistithe AE atá ann cheana chun dífhostaíocht i measc na hóige agus dífhostaíocht fhadtéarmach a chosc; á chreidiúint gur cheart machnamh a dhéanamh ar athchóirithe struchtúracha ar mhargadh an tsaothair chun infheistíocht sa tsochaí agus i saoránaigh a choinneáil agus chun todhchaí agus cobhsaíocht na mBallstát agus AE ina iomláine a chosaint; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Ciste Sóisialta na hEorpa Plus atá feabhsaithe ó thaobh airgid de agus Ciste um Aistriú Cóir atá láidir sa chomhthéacs sin;
Comhionannas deiseanna
6. á chur in iúl gur cúis imní di go bhfuil an tsoghluaisteacht shóisialta idir na glúnta teoranta agus go bhfuil méadú ar an neamhionannas ioncaim i gcomparáid leis na leibhéil a bhí ann roimh an ngéarchéim; á chur i bhfios go laghdaíonn leibhéil arda éagothroime an t-aschur geilleagrach agus an acmhainneacht don fhás inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le neamhionannais agus an t-idirdhealú a chomhrac, lena n-áirítear trí phá leormhaith, cumhdach ard cómhargála, comhdheiseanna san oideachas agus san oiliúint, an comhionannas inscne agus rochtain uilíoch ar sheirbhísí ardchaighdeáin a chur chun cinn; á chur i bhfáth nach mór córais náisiúnta chánach agus sochair a dhearadh ar bhealach lena n-áiritheofar inbhuanaitheacht airgeadais, ní hé amháin sin ach lena ndéanfar neamhionannais a laghdú, an chothroime agus an trédhearcacht a chur chun cinn, agus dreasachtaí a chur ar fáil do rannpháirtíocht i margadh an tsaothair;
Pá íosta agus an chómhargáil
7. á chur in iúl gur cúis sásaimh di an comhairliúchán ón gCoimisiún leis na comhpháirtithe sóisialta maidir le creat Eorpach um pá íosta; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh a bheidh ceaptha chun cóineasú sóisialta méadaithe a chothú bunaithe ar thorthaí an chomhairliúcháin; á iarraidh go socrófaí leibhéil pá íosta leormhaith a bheidh os cionn thairseach na bochtaineachta trí chomhaontuithe comhchoiteanna nó tríd an dlí náisiúnta, i gcomhréir le traidisiúin náisiúnta agus urraim chuí á tabhairt do neamhspleáchas comhpháirtithe sóisialta náisiúnta agus do shamhlacha cómhargála atá ag feidhmiú go maith; á iarraidh go mbeadh cur chuige comhordaithe ann ar leibhéal AE chun iomaíocht aimhleasach faoi chostais lucht oibre a sheachaint agus chun cóineasú sóisialta aníos a mhéadú do chách;
8. á mheas go bhfuil pá i roinnt Ballstát ina stád agus gur díobhálach an tionchar atá aige sin ar gheilleagar AE agus ar an margadh aonair; á chur i bhfáth gur chóir gur leordhóthanach pá lánaimseartha chun caighdeán maireachtála réasúnta a áirithiú;
An tIdirphlé sóisialta
9. á thabhairt chun suntais gur uirlis thábhachtach é an t-idirphlé sóisialta agus é ag feidhmiú go maith chun coinníollacha oibre agus fostaíochta a mhúnlú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le forbairt cumais ag comhpháirtithe sóisialta, chun an t-idirphlé sóisialta, cearta agus cumhdach cómhargála ar gach leibhéal a chosaint agus a neartú, agus tuairimí na gcomhpháirtithe sóisialta a chur san áireamh i gceapadh beartas, lena n-áirítear don Seimeastar Eorpach; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, a thábhachtaí atá plé struchturtha córasach leis an tsochaí shibhialta ar an leibhéal náisiúnta d’fhonn úinéireacht a mhéadú.
An bhochtaineacht agus an t-eisiamh sóisialta
10. á athdhearbhú gur cúis imní di an líon ard daoine atá i mbaol na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta; á chur in iúl gur cúis imní di, go háirithe, na rátaí arda bochtaineachta leanaí agus bochtaineachta lucht oibre; á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach AE in aghaidh na bochtaineachta a chur i láthair a bhunófar ar chuimsiú gníomhach comhtháite agus Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a bhunú a mbeidh cistiú leormhaith agus seirbhísí tacaíochta dea-dheartha ag gabháil léi, chun cur le rochtain chothrom ag leanaí ar chúram sláinte saor in aisce atá ar chaighdeán ard, ar oideachas saor in aisce atá ar chaighdeán ard, cúram leanaí saor in aisce atá ar chaighdeán ard, ar thithíocht mhaith agus ar chothú leormhaith;
11. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá maoiniú a mhéadú faoin gCiste Sóisialta Eorpach nua Plus do na daoine is díothaí mar phríomhghné de dhlúthpháirtíocht na hEorpa agus ar bhealach chun cuidiú le dul i ngleic leis na cineálacha bochtaineachta is measa in AE, amhail díothacht bia agus bochtaineacht leanaí; á chur i bhfáth nár cheart an Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a chistiú ar bhealach a mbeadh ionstraimí airgeadais atá ann cheana thíos leis;
12. á iarraidh go mbeadh creat nua AE do straitéisí náisiúnta um chuimsiú na Romach a bhfuil cuspóirí nithiúla aige;
13. ag tabhairt dá haire go bhfuil cineálacha éagsúla scéimeanna ioncaim íosta ann i ngach Ballstát chun bunchosaint shóisialta agus líontán sábhála a sholáthar dóibh siúd atá i ngátar; á chur i bhfios go láidir nár cheart scéimeanna ioncaim íosta a mheascadh le coincheap an bhunioncaim do chách; á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar comparáideach a dhéanamh ar na scéimeanna éagsúla ioncaim íosta sna Ballstáit agus aird a tharraingt ar chásanna dea-chleachtais d'fhonn creat a thíolacadh ina leith sin; á chur i bhfáth gur cheart an t-ioncam íosta a chomhlánú le bearta gníomhacha cuimsithe;
An tithíocht agus an easpa dídine
14. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit freagairt ar bhealach láidir comhtháite trí phlean gníomhaíochta a dhréachtú chun dul i ngleic leis an easpa tithíocht inacmhainne, le drochdhálaí tithíochta, leis an tithíocht neamh-inrochtana agus leis an eisiamh tithíochta; á thabhairt dá haire go bhfuil méadú ar líon na ndíshealbhuithe agus á mholadh do na Ballstáit dul i ngleic leis an bhfadhb sin;
15. á iarraidh ar an gCoimisiún creat AE a mholadh do straitéisí náisiúnta i leith easpa dídine, agus á iarraidh ar na Ballstáit a gcuid straitéisí i leith easpa dídine a ullmhú trí phrionsabal An Tithíocht ar dTús a ghlacadh, trí thosaíocht a thabhairt do bhuantithíocht a sholáthar do dhaoine gan dídean, agus deireadh a chur le caitheamh leis an easpa dídine mar a bheadh coir ann; á chur i bhfáth, ina theannta sin, gur gá sonraí is fearr agus is comhchuibhithe a bhailiú ar dhaoine gan dídean in AE;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún creat AE a mholadh do thithíocht shóisialta agus inacmhainne i gcomhréir le Prionsabal 19 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun comhordú éifeachtach na mbeartas náisiúnta tithíochta a áirithiú;
17. á iarraidh go ndéanfaí infheistíochtaí i dtithíocht phoiblí a bheith incháilithe le haghaidh cistiú comhtháthaithe chun tithíocht phoiblí atá ann cheana a fheabhsú nó chun cóiríocht nua a thógáil; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar na rialacha maidir le Státchabhair i ndáil leis sin;
18. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tograí sonracha a dhéanamh chun aistriú cóir a áirithiú maidir le héifeachtúlacht fuinnimh an stoic tithíochta atá ann a fheabhsú, gan ualach iomarcach a chur ar ghrúpaí leochaileacha, agus aghaidh a thabhairt go leormhaith ar fhadhb na bochtaineachta fuinnimh i comhthéacs an Chomhaontaithe Ghlais;
An t-oideachas agus an oiliúint
19. á chur in iúl gur cúis imní di cion marbhánta na luathfhágálaithe scoile, go háirithe i measc grúpaí imeallaithe, agus cion méadaitheach na ndaltaí tearcfheidhmíocha; á iarraidh ar na Ballstáit go ndéanfadh siad cáilíocht, inrochtaineacht agus cuimsitheacht a gcóras oideachais a fheabhsú ó dhearcadh fadsaoil i leith na foghlama, agus gan riachtanais fostaíochta amháin á gcur san áireamh ach luachanna a chur chun cinn freisin amhail dínit an duine, comhurraim agus saoirse rogha; á chur i bhfios go láidir gur gá cistiú leormhaith do chórais oideachais; á chur i bhfáth go bhfuil bearnaí i scileanna bunúsacha uimhearthachta, litearthachta agus digiteacha ina mbacainní tromchúiseacha ar rannpháirtíocht fhiúntach sa tsochaí agus i margadh an tsaothair agus á iarraidh ar na Ballstáit oiliúint ardchaighdeáin bunscileanna a áirithiú le tacaíocht shaincheaptha agus for-rochtain ghníomhach, go háirithe do na grúpaí is imeallaithe sa tsochaí; á chur i bhfáth go mbíonn tionchar diúltach ag an eisiamh sóisialta, ag an idirdhealú, ag an steiréitíopáil, ag an mbochtaineacht agus ag an leithscaradh ar thorthaí oideachasúla, rud ar gá aird a thabhairt air chomh maith; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís chuimsitheach a dhéanamh ar na tosca spreagtha atá taobh thiar de luathfhágáil na scoile, lena n-áirítear gnéithe sóisialta, agus togra a thíolacadh chun dul i ngleic leis an bhfadhb;
20. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé díriú ar dhaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna) trí bhacainní a choisceann iad ar a gcumas a bhaint amach agus ar dhul isteach mar is ceart i margadh an tsaothair; á chur i bhfáth go bhfuil gá le córas bailíochtaithe le haghaidh inniúlachtaí a fhaightear trí fhoghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, lena n-áirítear scileanna neamhchognaíocha nó scileanna ‘boga’, chun rannpháirtíocht i margadh an tsaothair a éascú d'oibrithe a bhfuil leibhéil ísle oideachais acu;
21. á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra ón gCoimisiún go dtabharfaidh sé cothrom le dáta an Clár Oibre Scileanna don Eoraip chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le scileanna a oiriúnú don aistriú éiceolaíoch agus digiteach, chun neamhréireachtaí a shárú agus chun freastal ar riachtanais mhargadh an tsaothair ar fud AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a n-iarrachtaí a uasmhéadú chun infheistíocht a dhéanamh i ngairmoideachas agus i ngairmoiliúint inacmhainne, inrochtana, chuimsitheach agus ardchaighdeáin, chun bearta uasoiliúna agus athoiliúna a threisiú, lena n-áirítear scileanna digiteacha agus inaistrithe, agus chun foghlaim ar feadh an tsaoil a chur chun cinn chun oibrithe a ullmhú do riachtanais mhargadh an tsaothair a ndéanfaidh na claochluithe glasa agus digiteacha difear dóibh; den tuairim go mbeidh aitheantas frithpháirteach cáilíochtaí tairbhiúil chun ganntanais scileanna agus neamhréireachtaí scileanna a shárú;
22. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá comhoibriú is dlúithe idir córais oideachais agus gnólachtaí, mar shampla i gcomhthéacs an dé-oideachais, na bprintíseachtaí agus saghsanna eile foghlama obairbhunaithe;
á iarraidh ar na Ballstáit borradh a chur faoin bhfiontraíocht i measc daoine óga agus tacú le cumainn agus le tionscnaimh a chuidíonn le fiontraithe óga tionscadail nuálacha a fhorbairt;
23. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le bearta chun printíseachtaí ardcháilíochta a chur chun cinn in AE agus féachaint ar bhealaí chun reacht AE a achtú maidir le printíseachtaí;
Soghluaiseacht an lucht saothair
24. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá soghluaisteacht lucht saothair do mhargadh aonair atá ag feidhmiú go maith; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit soghluaisteacht lucht saothair agus soghluaisteacht seirbhísí a éascú chun deiseanna nua fostaíochta a chruthú d'oibrithe agus chun lucht saothair a sholáthar do chuideachtaí; á iarraidh ar na Ballstáit uirlisí ábhartha de chuid AE a chur chun cinn agus a úsáid, amhail líonra post EURES, agus comhpháirtíochtaí trasteorann a bhunú chun cabhrú le hoibrithe taistil i réigiúin trasteorann;
25. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar threochtaí soghluaisteachta, lena n-áirítear imirce daoine oilte i réigiúin agus in earnálacha áirithe, agus tacú le hoibrithe taistil trí shoghluaisteacht chothrom a áirithiú agus inaistritheacht ceart agus teidlíochtaí a neartú; á chur i bhfios go láidir gur féidir digiteáil na seirbhísí poiblí cuidiú le soghluaisteacht chothrom an lucht saothair a éascú, go háirithe maidir le córais slándála sóisialta a chomhordú;
Fiontair bheaga agus mheánmhéide
26. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit timpeallacht infheistíochta atá fabhrach don fhás a áirithiú agus tacaíocht a thabhairt do FBManna agus dá gcuid fostaithe agus iad ag aistriú chun geilleagar a bheidh níos digití agus níos glaise, agus aird leormhaith a thabhairt ar leasanna FBManna sa phróiseas ceaptha beartas trí anailís a dhéanamh ar an difear a d'fhéadfadh beartais a dhéanamh do FBManna; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé rochtain a fheabhsú do FBManna ar chistiú poiblí agus príobháideach, lena n-áirítear micriasachtaí agus sluachistiú, agus ualaí rialála neamhriachtanacha a laghdú; á chur i bhfios go láidir a inoiriúnaithe agus a éifeachtaí atá an geilleagar sóisialta agus á iarraidh ar na Ballstáit creat reachtach iomchuí a chruthú chun fiontair shóisialta a chur chun cinn;
An comhionannas inscne
27. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an comhionannas inscne agus pá comhionann as obair chomhionann san áit chéanna a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún treoir a thabhairt maidir le trédhearcacht pá; á iarraidh go ndéanfaí iarrachtaí chun an bhearna fostaíochta, an bhearna phá agus an bhearna phinsin idir na hinscní a dhúnadh, agus chun dul i ngleic leis na dídhreasuithe do mhná a bheith ag obair; á iarraidh go mbeadh beartais ann lena dtacófaí le fiontraíocht na mban agus lena dtabharfaí rochtain dóibh ar dheiseanna airgeadais agus gnó; á chur in iúl gur cúis bhuartha di easpa na mban i bpróisis chinnteoireachta, go háirithe na cinntí eacnamaíocha; á iarraidh ar na Ballstát go ndéanfaí an Treoir maidir le Mná ar Bhoird agus an treoir chothrománach, An Treoir maidir leis an bhFrith-Idirdhealú, a dhíbhlocáil; á iarraidh ar an gCoimisiún cur chun feidhme reachtaíocht, beartas agus cleachtas frith-idirdhealaithe a neartú chun dul i ngleic go héifeachtach leis an idirdhealú ar gach cúis;
28. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar bhailiú sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, go háirithe maidir le rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus maidir leis na bunchúiseanna atá le neamhionannais inscne;
29. á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí a chur chun feidhme go tapa agus go hiomlán agus bogadh i dtreo saoire mháithreachais agus atharthachta láníoctha; á iarraidh ar na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú maidir le foréigean in aghaidh ban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus neamhspleáchas eacnamaíoch na mban a éascú agus chun gníomhú go cinntitheach chun dul i ngleic le ciapadh gnéasach agus inscne;
30. á chur in iúl gur cúis aiféala di nach ann do ghné inscne atá níos leithne fós agus táscairí breise i gcreat an tSeimeastair Eorpaigh agus á iarraidh ar an gCoimisiún an tInnéacs Comhionannais Inscne a áireamh mar cheann d’uirlisí an tSeimeastair Eorpaigh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna fostaíochta agus sóisialta agus chun na héifeachtaí a bhíonn ag beartais mhaicreacnamaíocha a aithint;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún aird is mó a thabhairt ar an inscne, agus a mholtaí tírshonracha á gceapadh aige chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí inscne atá go fóill ann;
Seirbhísí cúraim
32. á iarraidh go mbeadh seirbhísí cúram leanaí agus luathoideachais inrochtana agus inacmhainne ann, chomh maith le seirbhísí cúraim ghearrthéarmacha agus fhadtéarmacha, lena n-áirítear seirbhísí do dhaoine cnagaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, chun rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair a éascú; á iarraidh go bhforbrófaí creat AE do sheirbhísí cúraim chun íoschaighdeáin agus treoirlínte cáilíochta a leagan síos; á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht chuí a ghlacadh agus cistiú leordhóthanach a áirithiú do sheirbhísí cúraim, agus úsáid éifeachtach á baint as cláir ábhartha de chuid AE, chun spriocanna cainníochtúla sonracha a leagan síos ina gCláir Náisiúnta um Athchóiriú chun spriocanna Barcelona a bhaint amach, agus chun dea-chleachtais a mhalartú; á mholadh don Choimisiún tacú leis na Ballstáit maidir leis sin;
Dálaí oibre
33. á iarraidh ar na Ballstáit bearta a chur chun feidhme, mar a leagtar amach i moladh ón gComhairle in 2018 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d'oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe chun rochtain ar chosaint shóisialta a áirithiú do chách; á chur i bhfáth maidir le daoine a bhfuil socruithe oibre neamhghnácha acu, go háirithe oibrithe páirtaimseartha ainneonacha agus iad siúd ar chonarthaí sealadacha, gurb iadsan is mó atá leochaileach; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil rochtain leormhaith acu ar chórais cosanta sóisialta;
34. á aithint go bhfuil líon na n-oibrithe atá ag gabháil d'fhoirmeacha nua fostaíochta, amhail obair ardáin, a ardú go leanúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú cuimsitheach a dhéanamh ar dhálaí oibre na n-oibrithe sin agus bearta a mholadh chun a gcearta agus a gcosaint shóisialta a neartú; á iarraidh ar na Ballstáit dálaí oibre cothroma agus cumhdach cómhargála cuí a áirithiú d'oibrithe ardán;
35. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beart a dhéanamh chun deireadh a chur le costais fholaithe na hoibre;
á chur i bhfáth go bhfuil freagracht iomlán ar fhostóirí as costais a íoc le haghaidh trealamh a theastaíonn chun freagrachtaí a chomhlíonadh san ionad oibre;
Cúram sláinte
36. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chúram sláinte ar ardchaighdeán atá inacmhainne do chách a áirithiú agus córais sláinte a athdhíriú ar chúram coisctheach, go háirithe trí FSCanna ábhartha a chur chun feidhme; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá feachtais choiscagus feachtais chur chun cinn na sláinte; á chur in iúl gur díol sásaimh di an t-athrú ó choigilt costas go feidhmíocht agus torthaí sláinte maidir le cúram sláinte sa Seimeastar Eorpach; á iarraidh go bhforbrófaí comhtháscairí agus modheolaíochtaí chun neamhionannais sláinte agus feidhmíocht na gcóras cúram sláinte a mheas;
An tsláinte agus an tsábháilteacht ag an obair
37. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis nua AE maidir leis an tsábháilteacht agus an tsláinte ag an obair a chur i láthair, lena n-áirítear fís chun tionóiscí marfacha ag an obair agus rátaí ailse a bhaineann leis an obair a laghdú go nialas, maille le tuilleadh luachanna teorann nochta ceirde ceangailteacha agus Treoir Aispeiste is láidre, chomh maith le treoracha maidir le rioscaí sláinte síceasóisialta a bhaineann leis an obair agus galair a bhaineann leis an obair;
Athrú déimeagrafach agus pinsin
38. á mheas go bhfuil athruithe déimeagrafacha ina ndúshlán mór don fhás eacnamaíoch agus go mbeidh tionchar fadtéarmach acu ar go leor gnéithe, lena n-áirítear córais phinsin agus cúram sláinte; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit bearta a thabhairt isteach a bheidh ceaptha chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, lena n-áirítear in FSCanna agus trí threoirlínte coiteanna;
39. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais a shaothrú maidir leis an aosú gníomhach, cuimsiú sóisialta daoine cnagaosta agus dlúthpháirtíocht idir na glúnta; á iarraidh ar an gCoimisiún obair leantach a dhéanamh ar a mheastóireacht ar an Bhliain Eorpach um Aosú Gníomhach agus um Dhlúthpháirtíocht idir na Glúine;
40. á chur i bhfáth go gcaithfear rochtain ar chórais pinsin seanaoise atá poiblí, atá bunaithe ar an dlúthpháirtíocht agus atá leormhaith a thabhairt do chách; á chur i bhfios go láidir gur cheart do chórais pinsin phoiblí ioncam scoir leormhaith a sholáthar atá i bhfad os cionn thairseach na bochtaineachta, astu féin nó i gcomhar le córais pinsin gairme; á chreidiúint gurb é an bealach is fearr chun pinsin inbhuanaithe, shábháilte agus leormhaithe a áirithiú ná an ráta fostaíochta, pá agus rannpháirtíochta ina iomláine a mhéadú agus dálaí oibre agus fostaíochta a fheabhsú;
Daoine faoi mhíchumas;
41. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur leis na hiarrachtaí chun daoine faoi mhíchumas a chuimsiú i margadh oscailte an tsaothair i gcomhréir le Prionsabal 17 de Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta tríd an idirdhealú a thoirmeasc, trí dheireadh a chur le bacainní, trí fhreastal réasúnta san ionad oibre[25], trí dhreasachtaí a chruthú d’fhostóirí agus trí rochtain ar an oideachas agus ar an oiliúint a choimirciú; á mheabhrú di go gcaithfear prionsabail threoracha CRPD, amhail rannpháirtíocht agus cuimsiú iomlán agus éifeachtach sa tsochaí, comhionannas deiseanna agus inrochtaineachta, a chur chun feidhme go hiomlán ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus rannpháirtíocht ghníomhach na bpáirtithe leasmhara ann;
Cistiú comhtháthaithe
42. á iarraidh go neartófaí cistiú an bheartais comhtháthaithe agus go n-áiritheofaí gur féidir leis na réigiúin uile de chuid AE, lena n-áirítear limistéir thuaithe agus na réigiúin is forimeallaí, a bheith rannpháirteach; ag cur i gcoinne an togra ón gComhairle chun cistiú do Chiste Sóisialta na hEorpa Plus a laghdú in ainneoin a raoin feidhme mhéadaithe; á iarraidh ar na Ballstáit úsáid iomlán a bhaint as an gcistiú atá ar fáil; á chur i bhfáth gur gá beartas comhtháthaithe a ailíniú tuilleadh leis an Seimeastar Eorpach agus le cuspóirí beartais AE chomh maith le rannpháirtíocht mhéadaithe údarás réigiúnach agus áitiúil sa chlárú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán agus meastóireacht ghéar a dhéanamh ar úsáid chistí AE sna Ballstáit agus iarrachtaí a neartú chun dul i ngleic leis an gcalaois, an mhí-úsáid agus an t-éilliú;
Scéim athárachais um shochar dífhostaíochta
43. á chur in iúl gur geal léi an fógra ó Uachtarán an Choimisiúin go ndéanfar scéim AE athárachais um shochar dífhostaíochta a thíolacadh chun cosaint is fearr a thabhairt d’oibrithe agus laghdú a dhéanamh ar an mbrú ó shuaitheadh seachtrach ar an airgeadas poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an ngá atá le caighdeáin íosta maidir le córais árachais dífhostaíochta sna Ballstáit;
Aistriú cóir
44. á chur i bhfáth go bhfuil gá le tacaíocht chinntitheach chun cuidiú leis an tsochaí, oibrí agus gnólachtaí aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann leis an digiteáil agus leis an aistriú chuig an neodracht carbóin; á iarraidh go mbeadh straitéisí agus tacaíocht ann do na daoine is measa a bhfuil tionchar ag an aistriú orthu, go háirithe daoine leochaileacha, chun a áirithiú nach bhfágfar duine ar bith ar gcúl; á chur in iúl gur geal léi Ciste Aistrithe Chóir a chruthú agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh a chur chun feidhme comhsheasmhach le cistí comhtháthaithe eile; á iarraidh ar na Ballstáit an infheistíocht i gcórais cosanta sóisialta a mhéadú chun a n-athléimneacht a fheabhsú;
45. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit infheistíocht shóisialta agus chomhshaoil atá leormhaith cothrom a áirithiú agus ‘fíoraistriú cóir’ ann, agus, le linn Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta á chur chun feidhme agus na spriocanna forbartha inbhuanaithe á mbaint amach; á chur in iúl gur geal léi comhairliúchán poiblí an Choimisiúin chun scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a d'fhéadfadh a bheith le forbairt rialacha fioscacha AE;
An cánachas
46. á iarraidh ar na Ballstáit an cánachas a aistriú ón lucht saothair go dtí foinsí eile áit a ndéanfaidh sé níos lú dochair don fhás inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le himghabháil cánach agus le seachaint cánach agus dul i ngleic go héifeachtach le cleachtais dhíobhálacha chánach; ag iarraidh go mbeadh foinsí nua dílse ann do bhuiséad AE chun na huirlisí a thabhairt do AE chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis na dúshláin atá ann faoi láthair agus leis na dúshláin sin a bheidh ann amach anseo;
Leasuithe struchtúracha
47. ag tabhairt dá haire go leanann fadhbanna sóisialta de bheith ag cur ar AE, ar fadhbanna iad atá ann de dheasca na géarchéime airgeadais agus eacnamaíche agus de dheasca roinnt cinntí beartais ina dhiaidh sin; á chur i bhfios go láidir gur gá éileamh intíre a threisiú trí infheistíocht atá dírithe ar an todhchaí, agus athchóirithe struchtúracha cothroma a chur chun cinn, agus impleachtaí fioscacha gearrthéarmacha agus na héifeachtaí fadtéarmacha comhshaoil, eacnamaíocha agus sóisialta a ghabhann leo á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais nach mór athchóirithe freagracha a bhunú ar an dlúthpháirtíocht, an comhtháthú agus an ceartas sóisialta chun caighdeáin mhaireachtála a fheabhsú do chách agus chun tacaíocht an phobail a áirithiú le haghaidh na n-athruithe;
An smacht reachta
48. á athdhearbhú á thábhachtaí atá an smacht reatha - lena n-áirítear córais cheartas neamhspleácha agus éifeachtúla, riaracháin phoiblí agus soláthar poiblí ardcháilíochta, agus creataí láidre frithéillithe - mar bhonn do thimpeallacht fhónta ghnó, do mhargaí saothair atá ag feidhmiú mar is ceart agus d’úsáid chuí chistí AE; á chur i bhfios gur cheart leanúint de mheasúnú an smachta reachta agus éifeachtúlacht an chórais cheartais a chur san áireamh sa Seimeastar Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit Cairt Shóisialta na hEorpa athbhreithnithe a dhaingniú;
°
° °
49. á threorú dá nUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiúin.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (19.2.2020)
chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
maidir leis an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: An fhostaíocht agus Gnéithe Sóisialta i Suirbhé Bliantúil Fáis Inbhuanaithe 2020
Rapóirtéir don tuairim: Sabine Verheyen
MOLTAÍ
Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
1. á iarraidh go ndéanfaí feabhas leanúnach ar bheartais oideachais, oiliúna agus scileanna an Aontais agus na mBallstát chun oideachas agus foghlaim ar feadh an tsaoil a bheidh ar ardcháilíocht agus ar a mbeadh rochtain ag cách a sholáthar agus, sa chaoi sin, aghaidh a thabhairt, go háirithe, ar an mbearna scileanna atá ag dul i méid, lena n-áirítear i scileanna digiteacha agus i scileanna don todhchaí dhigiteach, agus ar an ngá atá le gach a mbaineann i ndáiríre le geilleagar agus sochaí dhigitithe a thuiscint agus tionchar a imirt orthu, agus a bheith ag ullmhú don tionchar a bheidh ag an intleacht shaorga ar mhargadh an tsaothair agus ar an saol poiblí amach anseo; á chur i bhfáth gur cheart forbairt phearsanta agus shochaíoch a chur chun cinn leis na beartais sin, chomh maith le deiseanna nua fostaíochta a bheidh ann amach anseo, agus, i measc nithe eile, urraim á tabhairt do spriocanna an aistrithe fuinnimh i dtreo geilleagar ísealcharbóin inbhuanaithe agus i dtreo an Chomhaontaithe Ghlais; á iarraidh ar na Ballstáit dlús a chur le cur chun feidhme na Moltaí Tírshonracha;
2. á chur i bhfios gur minic gur tuar drochthorthaí oideachasúla é an míbhuntáiste socheacnamaíoch, agus a mhalairt; á aitiú gur féidir le córas oideachais agus foghlama ar feadh an tsaoil atá ar ardchaighdeán agus cuimsitheach agus a dtugtar cistiú leormhaith dó cuidiú leis an bhfáinne fí sin a bhriseadh agus cuimsiú sóisialta agus comhionannas deiseanna a chur chun cinn; ag tacú leis na pleananna chun an Limistéar Eorpach Oideachais a fhíorú sna blianta beaga atá amach romhainn, agus béim ar leith á leagan ar aitheantas frithpháirteach do cháilíochtaí oideachais, agus é mar aidhm leis sin go mbeadh gach duine in ann rochtain a fháil ar oideachas atá ar ardcháilíocht agus oiriúnaithe don todhchaí; á iarraidh ar an gCoimisiún cuidiú leis na Ballstáit a gcórais oideachais a athchóiriú agus a nuachóiriú, lena n-áirítear foghlaim dhigiteach agus teagasc ardcháilíochta, agus malartú dea-chleachtas laistigh de chlár Erasmus+ a chothú;
3. á dhearbhú di go mbíonn tionchar dearfach ag oideachas agus cúram na luath-óige (ECEC) atá ar ardcháilíocht, inrochtana agus cuimsitheach ar gach leanbh, agus gur dearfaí fós an tionchar aige ar leanaí as cúlraí socheacnamaíocha beagdheise agus orthu siúd a bhfuil riachtanais speisialta acu agus, ar an gcaoi sin, go rannchuidíonn siad le héagothromaíochtaí sóisialta a laghdú agus le lánpháirtiú sóisialta a chothú; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag ECEC i bhforbairt, i bhfoghlaim agus i bhfolláine leanaí sa ghearrthéarma, agus go leagann sé síos na bunchlocha le haghaidh torthaí fadtéarmacha saoil, cuimsiú sóisialta agus infhostaitheacht a fheabhsú; ag tacú, mar sin, leis na hiarrachtaí chun Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí a bhunú, agus torthaí an staidéir féidearthachta á gcur san áireamh agus prionsabal na coimhdeachta á urramú;
4. á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht san oideachas agus san oiliúint a mhéadú, ós rud é go bhfuil infheistíocht struchtúrach i gcaipiteal ríthábhachtach maidir le borradh a chur faoin bhfás dlútheolais, inbhuanaithe, cáilíochtúil agus cuimsitheach, agus béim ar leith á leagan ar dhaoine óga agus ar dhaoine a mbíonn níos lú deiseanna acu, i gcomhthéacs ganntanas méadaitheach scileanna, go háirithe i réimsí STE(A)M, agus neamhréireachtaí i saol athraitheach na hoibre, go háirithe sa ré seo an digitithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé oideachas comhshaoil agus fiontraíochta a sholáthar as an óige chun daoine óga a spreagadh le gnólachtaí a chur ar bun agus á chreidiúint nach mór tuilleadh a dhéanamh chun níos mó cailíní a mhealladh chuig réimsí STE(A)M; agus ag cur i bhfáth gur cheart go mbeadh scileanna digiteacha agus litearthachta sna meáin ina gcuid bhuntábhachtach de bheartais oideachais agus gur cheart go n-áireofaí leo, inter alia, cibearfhreagracht, cibearshláinteachas, cibearfhreagracht agus cosaint sonraí;
5. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dlús a chur le bearta chun printíseachtaí ardcháilíochta a chur chun cinn in AE agus féachaint ar bhealaí chun reacht AE a achtú maidir le printíseachtaí;
6. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil ról ríthábhachtach ag Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa maidir le feabhas a chur ar an rochtain ar ábhair agus faisnéis oideachais agus maidir le daoine óga a bheith á gcuimsiú go gníomhach, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí i gceantair thuaithe agus iargúlta nó i gceantair ina bhfuil daonra atá ag laghdú, agus iad siúd ar de bhunadh imirceach iad; ag tabhairt dá haire i ndáil leis sin go bhféadfadh ról mór a bheith ag teicnící nuálaíocha múinteoireachta agus foghlama i dteannta rochtain ar fhoinsí faisnéise digití;
7. á chur i bhfios, in 2018, in AE, gurbh é 16.5% an céatadán de dhaoine idir 20 agus 34 bliana d’aois – duine óg amháin as seisear – nach raibh i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEETanna), agus gurbh é 10.6% an sciar de dhaoine a d’fhág an scoil go luath; á aithint go bhfuil na figiúirí sin chomh híseal agus a bhí siad sa chéad ráithe de 2008, agus gurb iad na figiúirí is ísle iad ó tosaíodh ar na sonraí sin a thiomsú sa chéad ráithe de 2006; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin féin, dlús a chur lena iarrachtaí chun luathfhágáil na scoile agus céatadán na ndaoine óga ar NEET iad a laghdú, go háirithe ina measc siúd ó chúlra atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, chun torthaí oideachais a fheabhsú, agus éagothromaíochtaí réigiúnacha agus déimeagrafacha á gcur san áireamh, chun straitéisí cuimsitheacha coisctheacha a chur chun feidhme agus chun luathfhágálaithe scoile a chur i mbun oideachais agus oiliúint;
8. ag tathant ar na Ballstáit comhar breise a chur chun cinn idir forais oideachais agus gnólachtaí d’fhonn geilleagair áitiúla agus réigiúnacha ísealcharbóin a chothú chomh maith le dul i ngleic le neamhréireanna scileanna atá ann faoi láthair agus leo sin a bheidh ann go luath amach anseo, lena n-áirítear trí scileanna teicniúla, fiontraíochta agus digiteacha a chothú, chomh maith le gairmoiliúint agus déchláir oiliúna agus staidéir, agus chun modheolaíochtaí éifeachtacha agus cuimsitheacha a chur i bhfeidhm chun scileanna, dioplómaí agus cáilíochtaí, chomh maith le foghlaim sheachfhoirmiúil agus neamhfhoirmiúil, a aithint agus a bhailíochtú go frithpháirteach; á chur i bhfios go bhféadfaí ionaid barr feabhais agus nuálaíochta a dhéanamh d’ollscoileanna Eorpacha ach Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha a chur chun feidhme go héifeachtach; á mheabhrú di go bhfuil cistiú suntasach ag teastáil chun an tionscnamh a chur chun feidhme go héifeachtach agus á mheabhrú, i ndáil leis sin, go n-éilíonn sí go ndéanfaí méadú faoi thrí ar bhuiséad Erasmus+ do thréimhse 2021-2027;
9. á iarraidh go gcuirfí feabhas ar cháilíocht na gcóras oideachais agus oiliúna, ar an rochtain atá orthu agus ar a n-éifeachtúlacht, go ndéanfaí foghlaim chuimsitheach ar feadh an tsaoil a neartú agus go ndéanfaí scileanna agus athsciliú a uasghrádú, go háirithe maidir le daoine a bhfuil leibhéil níos ísle oideachais acu, go mór mór daoine fásta agus daoine óga agus grúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste, lena n-áirítear Romaigh, agus daoine de bhunadh imirceach; á chur i bhfáth gur gá nósanna sláintiúla a chur chun cinn sna córais oideachais, go háirithe spóirt a chleachtadh, rud a rannchuidíonn go suntasach le cuimsiú sóisialta agus le lánpháirtiú sóisialta, agus á athdhearbhú di go dtacaíonn sí le hoideachas saoránachta i scoileanna mar phríomhcholún de dhaonlathas na hEorpa; ag cur i bhfios go láidir go mbíonn éifeacht dhearfach ag an oiliúint agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil ar an duine aonair, ar an ngeilleagar agus ar an tsochaí;
10. á mheas go bhfuil na nithe seo a leanas ríthábhachtach chun cothromas, éagsúlacht agus barr feabhais san oideachas a bhaint amach: an rialachas éifeachtach agus an cistiú leormhaith do gach suíomh oideachais, acmhainní oideachais agus teagasc atá nua-aimseartha agus ar ardcháilíocht, múinteoirí spreagtha agus inniúla a bhfuil tuarastail tharraingteacha á saothrú acu agus leibhéal níos airde aitheantais shóisialta, agus foghlaim ar feadh an tsaoil; ag cur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá gach iarracht a dhéanamh chun cothromaíocht inscne a bhaint amach sa mhúinteoireacht agus gur gá líon níos mó iarrthóirí spreagtha a bhfuil cúlraí fónta acadúla nó gairmiúla agus scileanna oideolaíocha acu a mhealladh isteach i ngairm na múinteoireachta; á iarraidh go ndéanfaí córais ardcháilíochta oiliúna agus tacaíochta a chur i bhfeidhm do mhúinteoirí agus d’oiliúnóirí;
11. á áitiú, sa lá atá inniu ann, agus an domhan ag dul chun idirnascthachta agus chun idirthuilleamaíochta, gur scil ríthábhachtach í an inniúlacht i dteangacha eile, ar scil í a thugann deis do dhaoine a bheith rannpháirteach ar bhealach is láithrí agus is fóintí ina bhfuil ag tarlú sa saol, agus iad á n-ullmhú ar dhóigh is fearr chun dul san iomaíocht agus chun go n-éireoidh leo sa tsochaí dhomhanda agus sa gheilleagar domhanda; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, go ndéanfadh siad a sprioc a chur chun feidhme maidir le gach saoránach dhá theanga iasachta ar a laghad a fhoghlaim agus dul i mbun teangacha iasachta a fhoghlaim ar aois óg, mar a leagtar amach sna Conclúidí ón gComhairle ó mhí na Nollag 2017.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta a ghlactha |
19.2.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
23 1 2 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Asim Ademov, Christine Anderson, Andrea Bocskor, Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Gianantonio Da Re, Tomasz Frankowski, Romeo Franz, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niklas Nienaß, Peter Pollák, Domènec Ruiz Devesa, Andrey Slabakov, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Salima Yenbou, Milan Zver |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Loucas Fourlas, Heléne Fritzon, Ibán García Del Blanco, Łukasz Kohut, Elżbieta Kruk, Martina Michels, Monica Semedo |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Angel Dzhambazki |
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
23 |
+ |
ECR |
Angel Dzhambazki, Elżbieta Kruk, Andrey Slabakov |
GUE/NGL |
Martina Michels |
PPE |
Asim Ademov, Andrea Bocskor, Loucas Fourlas, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver |
RENEW |
Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Irena Joveva, Monica Semedo |
S&D |
Heléne Fritzon, Ibán García Del Blanco, Petra Kammerevert, Łukasz Kohut, Domènec Ruiz Devesa |
VERTS/ALE |
Romeo Franz, Salima Yenbou |
1 |
- |
ID |
Christine Anderson |
2 |
0 |
ID |
Gianantonio Da Re |
VERTS/ALE |
Niklas Nienaß |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
SEASAMH I bhFOIRM LEASUITHE ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE (6.2.2020)
chuig an gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
ar an Seimeastar Eorpach um chomhordú an bheartais eacnamaíoch: An fhostaíocht agus Gnéithe Sóisialta i Suirbhé Bliantúil Fáis 2020
Thar ceann an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne: Lina Gálvez Muñoz (rapóirtéir)
LEASUITHE
Déanann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne na leasuithe seo a leanas a thíolacadh chuig an gChoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, mar an coiste atá freagrach:
Leasú 1
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris A a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Aa. de bhrí gur bunluach de chuid AE é prionsabal an chomhionannais agus go gcumhdaítear é in Airteagail 2 agus 3 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus de bhrí go luaitear go soiléir in Airteagail 8 agus 19 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus in Airteagal 23 den Chairt um Chearta Bunúsacha tiomantas AE do phríomhshruthú inscne mar uirlis chun neamhionannais a dhíothú, comhionannas inscne a chur chun cinn agus idirdhealú a chomhrac ina bheartais agus ina ghníomhaíochtaí uile; |
Leasú 2
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris B a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Ba. de bhrí, maidir le bearnaí inscne leanúnacha in AE, amhail an bhearna fostaíochta 11.5% idir na hinscní, an bhearna phá 16% idir na hinscní agus an bhearna pinsin 35.7% idir na hinscní, agus easpa ionadaíochta na mban in earnálacha a bhfuil pá maith ag gabháil leo – rud arb é is cúis leis go páirteach go mbíonn ar roinnt mhaith ban cúram neamhfhoirmiúil a sholáthar agus obair tí gan íocaíocht a dhéanamh – ní hé amháin nach bhfuil na bearnaí sin cothrom, ach is amhlaidh a chuireann siad mná i staideanna leochaileacha nó éiginnte, amhail bochtaineacht nó eisiamh sóisialta; de bhrí gurb airde an bhearna phá agus an bhearna phinsin do mhná imirceacha agus do mhná de bhunadh mionlaigh eitnigh, ar mná iad a mbíonn bacainní breise rompu ó thaobh fostaíochta de agus a bhfuil leibhéil níos airde idirdhealaithe fostaíochta agus idirdhealaithe san ionad oibre á ndéanamh orthu; de bhrí go bhfuil gá le hiarrachtaí práinneacha chun na bearnaí sin a dhíothú ar an ábhar go bhfuil siad fós ar chinn de na príomhbhacainní atá roimh chomhionannas inscne a bhaint amach agus gur cineál do-ghlactha idirdhealaithe inscne iad; |
Leasú 3
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris C a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Ca. de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith ag baint leis na bearnaí pá agus pinsin – arb é is cúis leo carnadh na neamhionannas a mbíonn mná thíos leo feadh a saoil – agus go bhfuil tábhacht ar leith ag baint le tréimhsí neamhláithreachta ó mhargadh an tsaothair; de bhrí gurb ann den chuid is mó de na neamhionannais mar iarmhairtí 7 milliún bean i gcomparáid le 0.5 milliún fear in AE gan a bheith ag obair mar gheall ar fhreagrachtaí cúraim; de bhrí gur cheart don Seimeastar Eorpach rannchuidiú le cur i gcrích Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus faireachán a dhéanamh ar sheachadadh na 20 eochairphrionsabal uile, agus aird ar leith á tabhairt ar chóir chomhionann agus deiseanna comhionanna idir mná agus fir, ar an gceart chun pá comhionann a fháil as obair ar comhionann a luach, agus ar an gceart chun seirbhísí cúraim inacmhainne ar ardcháilíocht a fháil; |
Leasú 4
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris D a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Da. de bhrí gur ar mhná is mó a bhíonn an tionchar atá ag rochtain ar sheirbhísí, lena n-áirítear cúram leanaí agus soláthar cúraim fhadtéarmaigh, ar an ábhar gur minic gur ar mhná a thiteann sé na bearnaí i gcúram agus i dtacaíocht teaghlaigh a dhúnadh, rud a bhuanaíonn an fhreagracht dhíréireach a bhíonn orthu as cúram a sholáthar; |
Leasú 5
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris E a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Ea. de bhrí go bhfuil béim leagtha ag ECFE air go rannchuidíonn infheistíocht i bhfeabhsú an chomhionannais inscne leis an bhfás eacnamaíoch; de bhrí, inter alia, gur bunriachtanach d’fhás eacnamaíoch, do tháirgiúlacht, d’inbhuanaitheacht fioscach fadtéarmach agus do chobhsaíocht shochaíoch AE iad, an comhionannas inscne a chur chun cinn, deiseanna fostaíochta do mhná a fheabhsú, an prionsabal maidir le pá comhionann le haghaidh obair ar comhionann a luach a áirithiú, comhréiteach idir obair, cúram agus an saol príobháideach a éascú do na mná agus do na fir, agus foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac; |
Leasú 6
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris F a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Fa. de bhrí go bhfuil éagsúlacht mhór ann laistigh de na Ballstáit agus ina measc maidir le cáilíocht seirbhísí cúraim agus rochtain orthu; de bhrí, in ainneoin na ngealltanas a thug na Ballstáit spriocanna Barcelona a bhaint amach, go bhfuil riachtanais nach féidir a chomhlíonadh le haghaidh seirbhísí cúraim leanaí ag an séú cuid de theaghlaigh in AE; de bhrí nach bhfuil rochtain ag an tríú cuid de theaghlaigh in AE ar sheirbhísí gairmiúla leormhaithe cúraim baile; |
Leasú 7
Tairiscint i gcomhair rúin
Aithris G a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
Ga. de bhrí go gcuirfí feabhas ar chomhionannas inscne dá mba mhó líon na mban i bpoist chinnteoireachta, agus de bhrí gurb iad cuótaí ceangailteacha an uirlis is fearr chun an sprioc sin a bhaint amach, mar a léirítear i sonraí EIGE1a; |
|
1a. Is é 35.3% céatadán na mban atá ar bhoird cuideachtaí sna Ballstáit ina bhfuil cuótaí ceangailteacha, 27% sna Ballstáit ina bhfuil bearta boga agus 15.4% sna Ballstáit nach bhfuil aon bhearta glactha acu. Foinse: https://eige.europa.eu/news/ageing-societies-migration-and-climate-change-bring-new-challenges-gender-equality |
Leasú 8
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 1 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
1a. á iarraidh ar na Ballstáit spriocanna cainníochtúla sonracha a leagan síos ina gcláir náisiúnta um athchóiriú (CNAnna), chun spriocanna Barcelona a bhaint amach agus chun bearta sonracha a chur chun feidhme lena spriocdhíreofar ar ghrúpaí ban lena mbaineann rátaí an-íseal fostaíochta, amhail mná óga, mná scothaosta, mná imirceacha, máithreacha aonair agus mná Romacha; á chur i bhfáth go bhfuil an bhearna fostaíochta an-ard go háirithe do mhná a bhfuil freagrachtaí cúraim orthu; |
Leasú 9
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 2 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
2a. á iarraidh ar na Ballstáit aird a thabhairt ar ghné na hinscne i ngach cuid dá gCláir Náisiúnta um Athchóiriú faoin Seimeastar, go háirithe maidir le bearta córasacha chun comhionannas idir mná agus fir a chur chun cinn i réimsí na fostaíochta, an chuimsithe shóisialta, an chomhraic in aghaidh na bochtaineachta, an oideachais, agus an taighde agus na nuálaíochta; á iarraidh ar na Ballstáit anailís rialta ó thaobh na hinscne de a dhéanamh ar na hathchóirithe struchtúracha; |
Leasú 10
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 3 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
3a. á iarraidh ar an gCoimisiún aird níos mó a thabhairt ar ghné na hinscne, agus a mholtaí tírshonracha á gceapadh aige chun aghaidh a thabhairt ar na bearnaí inscne atá fós ann; |
Leasú 11
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 4 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
4a. á iarraidh go dtabharfaí isteach colún inscne agus cuspóir uileghabhálach comhionannais inscne i gcomharba na straitéise Eoraip 2020 agus go ndéanfaí spriocanna agus táscairí inscne-shonracha a ionchorprú sna dúshláin thírshonracha a shainaithnítear sa Scórchlár Sóisialta; |
Leasú 12
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 5 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
5a. á thabhairt chun suntais agus á chur in iúl gur geal léi an glao a áireamh i ‘gConclúidí ón gComhairle maidir le hEacnamaíochtaí Comhionannais Inscne san Aontas Eorpach: An Bealach Chun Cinn’, mí na Nollaig 2019, chun béim níos láidre a chur ar an gcomhionannas inscne sna céimeanna éagsúla de phróiseas an tSeimeastair Eorpaigh, lena n-áirítear trí bheith ag obair ar tháscairí comhionannais inscne atá ann cheana, trí chinn nua a fhorbairt agus trí leanúint d’fhorbairt a dhéanamh ar bhailiú sonraí atá imdhealaithe de réir inscne, ar mhodhanna staitistiúla agus anailíse le haghaidh faireachán ar dhul chun cinn maidir le comhionannas inscne; |
Leasú 13
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 6 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
6a. á chur in iúl gurb oth léi nach ann do ghné inscne atá níos leithne fós agus táscairí breise i gcreat an tSeimeastair Eorpaigh agus á iarraidh ar an gCoimisiún an tInnéacs Comhionannais Inscne a áireamh mar cheann d’uirlisí an tSeimeastair Eorpaigh chun faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn i dtreo spriocanna fostaíochta agus sóisialta agus chun na héifeachtaí a bhíonn ag beartais mhaicreacnamaíocha a aithint; |
Leasú 14
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 7 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
7a. á iarraidh ar an gCoimisiún an Scórchlár Sóisialta do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chomhtháthú tuilleadh i bpróiseas faireacháin an tSeimeastair Eorpaigh; |
Leasú 15
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 8 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
8a. á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin nua Straitéis AE maidir le Comhionannas Inscne a mholadh, lena n-áirítear bearta ceangailteacha trédhearcachta pá, laistigh den chéad 100 lá dá shainordú; á iarraidh ar an gCoimisiún an tionscnamh sin a chur i gcrích le huirlisí lena soláthrófar critéir oibiachtúla lenar féidir measúnú inscne-neodrach agus comparáidí a dhéanamh maidir le luach na hoibre in earnálacha éagsúla chun pá comhionann as obair chomhionann agus obair ar comhionann a luach idir mná agus fir a bhaint amach i ngach earnáil agus i ngach gairm; |
Leasú 16
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 9 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
9a. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún gach bacainn ar mhná a bheith rannpháirteach i margadh an tsaothair a bhaint agus an ghné inscne a chomhtháthú i mbeartais chánachais – lena n-áirítear iniúchtaí inscne ar bheartais fhioscacha chun claontaí inscne a bhaineann le cánachas a dhíothú – agus chun a áirithiú nach mbunófar aon chánacha nua, dlíthe caiteachais, cláir ná cleachtais nua lena méadófar bearnaí inscne sa mhargadh nó bearnaí inscne glanioncaim nó lena ndéanfar samhail an ‘tsaothraí fir’ a threisiú; |
Leasú 17
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 10 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
10a. á iarraidh an athuair go ndéanfaí an scórchlár de mhíchothromaíochtaí maicreacnamaíocha a shaibhriú le táscairí sóisialta, lena n-áirítear le haghaidh neamhionannais inscne, nach mór a bheith ar chomhchéim le táscairí eacnamaíocha; |
Leasú 18
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 11 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
11a. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil deighilt ingearach agus chothrománach i margadh an tsaothair agus bearnaí leanúnacha pá agus pinsin idir fir agus mná fós ann go forleathan ar fud an Aontais Eorpaigh, agus go bhfuil easpa ban ann atá rannpháirteach i bpróisis chinnteoireachta, go háirithe na cinn eacnamaíocha, lena n-áirítear idirphlé sóisialta; ag cur béim ar an bhfíoras gurb iad na grúpaí ban atá faoi mhíbhuntáiste is mó a mhothaíonn na neamhionannais sin agus neamhionannais eile, agus, dá bhrí sin, á iarraidh go ndéanfaí cur chuige trasnach a chomhtháthú i mbeartais fostaíochta agus i gcosaint shóisialta chun tacú le grúpaí leochaileacha ban, lena n-áirítear mná atá faoi mhíchumas; á chreidiúint, chun cur chuige trasnach den sórt sin a chur chun feidhme go rathúil, gur gá sonraí agus faisnéis a bheidh deighilte ó thaobh inscne de a fháil, go háirithe nuair a bheifear ag plé le hobair ardáin agus obair neamhdhearbhaithe, le beartais ghníomhacha saothair, le soghluaisteacht, le pleananna gníomhaíochta aonair nó le sochair dhífhostaíochta, i measc nithe eile; |
Leasú 19
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 12 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
12a. á iarraidh ar na Ballstáit reachtaíocht a ghlacadh lena n-áiritheofar ionadaíocht chothrom na mban i gcomhlachtaí cinnteoireachta cuideachtaí, pá comhionann do mhná agus d’fhir agus na deiseanna céanna d’fhás gairme, lena n-áirítear trí bhíthin innéacs poiblí maidir le feidhmíocht chomhionannais agus trí phionóis a ghearradh ar chuideachtaí a mhainneoidh i spriocanna comhionannais a bhaint amach; |
Leasú 20
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 13 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
13a. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé saoráidí cúraim leanaí a bheidh uilíoch, ar ardcháilíocht, inrochtana agus inacmhainne a áirithiú chun fostaíocht na mban a mhéadú; á chur in iúl gur cúis bhuartha di, maidir le spriocanna Barcelona, eadhon a áirithiú go mbeadh 33 % de leanaí faoi bhun trí bliana d’aois faoi chúram leanaí (sprioc 1) agus go mbeadh 90 % de leanaí idir 3 bliana d’aois agus an aois éigeantach scoile (sprioc 2) i mbun oideachais, nach bhfuil na spriocanna sin bainte amach ach ag 12 Bhallstát ó 2002 i leith; á iarraidh ar na Ballstáit an Treoir ó Pharlaimint agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothromaíocht oibre is saoil do thuismitheoirí agus do chúramóirí a thrasuí go pras éifeachtach ina ndlí náisiúnta; á iarraidh go bhforbrófaí creat AE don gheilleagar cúraim lena rialófaí íosleibhéil chúraim do dhaoine cnagaosta agus do dhaoine cleithiúnacha ar bhealach a mbeadh comhchosúil leis an mbealach a ndéantar é sin maidir le Spriocanna Barcelona agus go mbunófaí treoirlínte cáilíochta maidir le hobair tí agus obair chúraim a ghairmiúlú; |
Leasú 21
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 14 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
14a. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go rannchuideoidh próiseas an tSeimeastair Eorpaigh le comhlíonadh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, sa chaoi go mbeadh saoirse leordhóthanach ag an Ballstát a gcistiú le haghaidh seirbhísí cúraim a chistiú agus a chothú; |
Leasú 22
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 15 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
15a. á chur i bhfáth, cé gur ar na Ballstáit aonair atá an fhreagracht córais oideachas agus cúram na luath-óige agus a n-inneachar a eagrú agus as cúram fadtéarmach a sholáthar, is féidir le comhar a dhéantar ar leibhéal an Aontais agus úsáid éifeachtach a bhaint as coistí AE, rannchuidiú le forbairt seirbhísí cúraim ar ardcháilíocht trí thacú le bearta a dhéantar ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta agus trí na bearta sin a chomhlánú agus gur féidir cuidiú leis na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar dhúshláin chomhchoiteanna; |
Leasú 23
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 16 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
16a. á chur in iúl gur cúis bhuartha di easpa ionadaíochta na mban san oideachas maidir leis an eolaíocht, an teicneolaíocht, an innealtóireacht agus an mhatamaitic (ETIM), agus á iarraidh ar na Ballstáit steiréitíopaí inscne a chomhrac agus rannpháirtíocht, gnóthachtáil, agus rannpháirtíocht leanúnach na gcailíní agus na mban san oideachas agus i ngairmeacha ETIM a fheabhsú chun an bhearna idir na hinscní i ngairmeacha ETIM a laghdú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá foghlaim ar feadh an tsaoil do na mná, ós rud é go dtugann sí deis dóibh athsciliú a dhéanamh i margadh an tsaothair atá a shíorathrú; |
Leasú 24
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 17 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
17a. á chur in iúl a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar chéatadán na ndaoine idir 15-24 bliana d’aois nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEET) i dteannta táscairí cúntacha, agus a chur i bhfáth nach mór aird ar leith a thabhairt ar mhná óga agus ar chailíní ós rud é go bhfuil difríocht shuntasach idir na hinscní ó thaobh chion na ndaoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna; |
Leasú 25
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 18 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
18a. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeadh cóineasú aníos ann maidir le saoire mháithreachais agus atharthachta chomhionann, neamh-inaistrithe agus láníoctha, mar bheart chun comhionannas inscne in obair chúraim a fheabhsú, rud lena ndéanfaí rannpháirtíocht chomhionann na mban agus na bhfear i margadh an tsaothair agus cion níos cothroime den chúram neamhíoctha agus den obair tí a éascú, agus, sa chaoi sin, lena ndéanfaí na bearnaí fostaíochta sealadacha agus páirtaimseartha a dhúnadh; |
Leasú 26
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 19 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
19a. á iarraidh ar na Ballstát an Treoir maidir le Mná ar Bhoird a dhíbhlocáil; |
Leasú 27
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 20 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
20a. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún feabhas a chur ar bhailiú sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de, go háirithe maidir leis na bunchúiseanna atá le neamhionannais inscne i margadh an tsaothair amhail cineálacha éagsúla saoire a bhaineann le cúram a ghlacadh nó sonraí inchomparáide maidir leis na cúiseanna éagsúla atá leis an mbearna phá idir na hinscní ar fud na mBallstát; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur cheart suirbhé ar úsáid ama a dhéanamh le tréimhsiúlacht agus méid sampla leordhóthanach chun faisnéis a sholáthar maidir le cúram neamhíoctha agus an bhearna inscne maidir le hobair tí; á chur i bhfáth go láidir, dá bhrí sin, gur gá faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn inscne agus ar thionchar na n-athchóirithe le himeacht ama; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair ó thaobh líon na n-uaireanta oibre a dhéantar in aghaidh na seachtaine, ar chineálacha conarthaí agus ar neamhspleáchas airgeadais; |
Leasú 28
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 21 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
21a. ag cur béim ar a ábhartha atá sé beartais a threorú ionsar aistrithe glasa agus digiteacha chun spriocanna comhionannais inscne a shaothrú; á iarraidh go gcuirfí san áireamh measúnú córasach ar thionchair inscne agus go leithdháilfí cistí sonracha ar chomhionannas inscne chun aistriú cothrom, glas agus digiteach a bhaint amach, ar aistriú é nach bhfágfadh aon duine ar gcúl agus a bhfhónfadh chun gach cineál idirdhealaithe a chomhrac; á mholadh do na Ballstáit samhlacha maoinithe éifeachtacha a shainaithint, saincheaptha le haghaidh cúinsí náisiúnta agus áitiúla; |
Leasú 29
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 22 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
22a. á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach agus ar na Ballstáit príomhshruthú inscne agus buiséadú inscne agus cur chun feidhme éifeachtach na nithe sin i ngach réimse beartais, agus go háirithe sa Seimeastar Eorpach, a neartú; |
Leasú 30
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 23 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
23a. á mheabhrú di a thábhachtaí atá an Seimeastar Eorpach agus go háirithe na tuarascálacha tíre maidir le faireachán a dhéanamh ar dhul chun cinn na mBallstát i gcur chun feidhme SDGanna, go háirithe SDG 5 agus spriocanna 5.4 agus 5.5 a ghabhann leis; |
Leasú 31
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 24 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
24a. á iarraidh ar an gComhairle an chaibidlíocht faoin Treoir maidir le Frith-Idirdhealú cothrománach a dhíbhlocáil chun a áirithiú go ndéanfar mná agus grúpaí leochaileacha eile a chosaint i ngach réimse den tsochaí; |
Leasú 32
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 25 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
25a. á iarraidh go ndaingneodh na Ballstáit Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le Foréigean in aghaidh na mBan agus na gCailíní a Dhíothú, ar an ábhar gur bacainn bhreise é an foréigean inscnebhunaithe ar rannpháirtíocht na mban i margadh an tsaothair agus ar a neamhspleáchas eacnamaíoch; |
Leasú 33
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 26 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
26a. á iarraidh ar na Ballstáit bearta nithiúla a dhéanamh chun dul i ngleic le gnéaschiapadh agus ciapadh inscnebhunaithe i gcleachtais earcaíochta agus in áiteanna oibre, lena n-áirítear ceanglais maidir le sásraí tuairiscithe neamhspleácha; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar an bhfrithfhreagairt i gcoinne na mban sa pholaitíocht agus i dtionscal na meán, ar frithfhreagairt í atá ag dul i méid agus lena gcuirtear mná amach as poist a mbaineann caidreamh leis an bpobal leo, agus ar frithfhreagairt í lena rannchuidítear le timpeallacht atá díobhálach agus eisiach do mhná atá ag obair sna hearnálacha sin; |
Leasú 34
Tairiscint i gcomhair rúin
Mír 27 a (nua)
|
|
Tairiscint i gcomhair rúin |
Leasú |
|
27a. á iarraidh go mbeadh beartais ann lena dtacófaí le fiontraíocht na mban, rud lena n-éascófaí an rochtain atá acu ar dheiseanna airgeadais agus gnó, agus lena ndéanfaí oiliúint shaincheaptha a chur ar fáil agus lena gcruthófaí bearta leis an saol gairmiúil agus an saol príobháideach a thabhairt chun réitigh; |
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta a ghlactha |
22.1.2020 |
|
|
|
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta a ghlactha |
20.2.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
32 9 11 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Andrea Bocskor, Milan Brglez, David Casa, Leila Chaibi, Margarita de la Pisa Carrión, Özlem Demirel, Klára Dobrev, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Rosa Estaràs Ferragut, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Helmut Geuking, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, France Jamet, Agnes Jongerius, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Radka Maxová, Sandra Pereira, Dragoş Pîslaru, Manuel Pizarro, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Guido Reil, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Monica Semedo, Beata Szydło, Eugen Tomac, Romana Tomc, Marianne Vind, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Atidzhe Alieva-Veli, Stéphane Bijoux, José Gusmão, Joanna Kopcińska, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Kim Van Sparrentak, Marie-Pierre Vedrenne |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Thierry Mariani |
TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
32 |
+ |
PPE |
David Casa, Jarosław Duda, Rosa Estaràs Ferragut, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Miriam Lexmann, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Romana Tomc |
RENEW |
Stéphane Bijoux, Radka Maxová, Dragoş Pîslaru, Monica Semedo, Marie-Pierre Vedrenne |
S&D |
Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Klára Dobrev, Estrella Durá Ferrandis, Heléne Fritzon, Elisabetta Gualmini, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Manuel Pizarro, Marianne Vind |
VERTS/ALE |
Katrin Langensiepen, Mounir Satouri, Kim Van Sparrentak, Tatjana Ždanoka |
9 |
- |
GUE/NGL |
Leila Chaibi, Özlem Demirel, Sandra Pereira |
ID |
France Jamet, Elena Lizzi, Thierry Mariani, Guido Reil, Stefania Zambelli |
NI |
Daniela Rondinelli |
11 |
0 |
ECR |
Margarita de la Pisa Carrión, Helmut Geuking, Joanna Kopcińska, Elżbieta Rafalska, Beata Szydło |
GUE/NGL |
José Gusmão |
PPE |
Andrea Bocskor, Ádám Kósa, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl |
RENEW |
Atidzhe Alieva-Veli |
Eochair do na siombailí a úsáidtear:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO L 185, 11.7.2019, lch. 44.
- [2] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0033.
- [3] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0202.
- [4] IO C 242, 10.7.2018, lch. 24.
- [5] IO L 400, 26.11.2019, lch. 9.
- [6] IO C 356, 4.10.2018, lch. 89.
- [7] IO C 346, 27.9.2018, lch 156.
- [8] IO C 346, 27.9.2018, lch 171.
- [9] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0485.
- [10] IO C 337, 20.9.2018, lch. 135.
- [11] IO C 76, 28.2.2018, lch. 93.
- [12] IO C 440, 6.12.2018, lch 37.
- [13] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0464.
- [14] IO C 387, 15.11.2019, lch. 1.
- [15] OJ C 35, 31.1.2018, lch. 157.
- [16] Téacsanna arna glacadh, P8_TA(2018)0325.
- [17] IO C 366, 27.10.2017, lch. 117.
- [18] IO C 217, 10.7.2014, lch. 2.
- [19] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0484.
- [20] IO L 150, 14.6.2018, lch. 93.
- [21] IO L 150, 14.6.2018, lch. 100.
- [22] IO L 150, 14.6.2018, lch. 109.
- [23] IO L 150, 14.6.2018, lch. 141.
- [24] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0005.
- [25] Sonraítear in Airteagal 2 de CRPD go gciallaíonn ‘“freastal réasúnta” modhnú agus coigeartuithe riachtanacha agus cuí gan ualach trom díréireach nó míchuí a fhorchur, más gá i gcás ar leith, chun go mbeadh daoine faoi mhíchumas in ann gach ceart daonna agus saoirse bhunúsach a fheidhmiú agus tairbhiú de gach ceart daonna agus saoirse bhunúsach ar bhonn comhionann le daoine eile’ (https://www.ohchr.org/EN/HRBodies/CRPD/Pages/ConventionRightsPersonsWithDisabilities.aspx); Sonraítear in Airteagal 5 den Treoir um Chomhionannas Fostaíochta ‘chun comhlíonadh phrionsabal na córa comhionainne a ráthú maidir le daoine faoi mhíchumas, cuirfear freastal réasúnta ar fáil. Ciallaíonn sin go ndéanfaidh fostóirí bearta cuí, más gá i gcás ar leith, le cur ar chumas duine faoi mhíchumas rochtain a bheith acu ar fhostaíocht, páirt a ghlacadh inti nó dul ar aghaidh i bhfostaíocht, nó dul faoi oiliúint, mura gcuirfeadh na bearta sin ualach díréireach ar an bhfostóir. Ní bheidh an t-ualach sin díréireach nuair a bheidh sé réitithe go leordhóthanach trí bhearta atá ann cheana faoi chuimsiú bheartas míchumais an Bhallstáit lena mbaineann’ (https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/PDF/?uri=CELEX:32000L0078&from=EN); Sonraítear ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin ‘gurb ionann freastal réasúnta agus aon athrú ar phost nó ar thimpeallacht oibre a theastaíonn chun cur ar chumas duine faoi mhíchumas iarratas a dhéanamh, feidhmiú agus dul chun cinn a dhéanamh i bhfeidhmeanna poist, nó tabhairt faoi oiliúint’ (https://ec.europa.eu/social/main.jsp?catId=1473)