Nós Imeachta : 2019/2130(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0026/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0026/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0165

<Date>{26/02/2020}26.2.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0026/2020</NoDocSe>
PDF 187kWORD 62k

<TitreType>TUARSCÁIL</TitreType>

<Titre>maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2019</Titre>

<DocRef>(2019/2130(INI))</DocRef>


<Commission>{ECON}An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Pedro Marques</Depute>



PR_INI

CLÁR ÁBHAIR

Leathanach

 

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH


TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2019

(2019/2130(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2019 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2018[1],

 ag féachaint don aiseolas ón gCoimisiún agus ón mBanc Ceannais Eorpach (BCE) maidir leis an rún ón bParlaimint an 1 Márta 2018 maidir leis an Aontas Baincéireachta – tuarascáil bhliantúil 2018,

 ag féachaint don Phacáiste Baincéireachta a bheith formheasta ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle,

 ag féachaint do Thuarascáil an 22 Meitheamh 2015 ón gCúigear Uachtarán dar teideal ‘Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta na hEorpa a Chomhlánú’,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 24 Samhain 2015 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 806/2015 chun Scéim Eorpach Árachais Taiscí a bhunú (COM(2015)0586),

 ag féachaint do Chreat-Chomhaontú 2010 maidir le caidreamh idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach,

 ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024 dar teideal ‘Aontas a fhéachann le tuilleadh a dhéanamh – Mo chlár oibre don Eoraip’, arna thíolacadh ag Ursula von der Leyen an 16 Iúil 2019,

 ag féachaint dá rún an 23 Samhain 2019 maidir le Comhaontú Basel III a thabhairt chun críche[2], agus do chonclúidí Chomhairle Ecofin an 12 Iúil 2016,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha (COM(2018)0339),

 ag féachaint do Thuarascáil Bhliantúil BCE maidir le gníomhaíochtaí maoirseachta 2018, arna foilsiú i mí an Mhárta 2019[3],

 ag féachaint don tuarascáil ó Bhord Eorpach um Riosca Sistéamach de mhí Iúil 2019 dar teideal ‘Faireachán Riosca idirghabhála Airgeadais Neamhbhainc AE 2019’[4],

 ag féachaint do chonclúidí Threochlár Fintech an Údaráis Baincéireachta Eorpaigh (ÚBE) ón gcomhairliúchán maidir le cur chuige ÚBE i leith Teicneolaíocht Airgeadais (Fintech), Márta 2018,

 ag féachaint don tuarascáil ó ÚBE de mhí na Samhna 2018 dar teideal ‘Measúnú Riosca an Chórais Baincéireachta Eorpaigh’[5],

 ag féachaint don tuarascáil ón ÚBE an 18 Iúil 2019 maidir le cur chuige imlíne rialála, cur chuige stádas rialála agus cur chuige údaraithe i ndáil le gníomhaíochtaí FinTech,

 ag féachaint don tuarascáil ó na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna) de mhí Eanáir 2019 dar teideal ‘FinTech: Boscaí gainimh rialála agus moil nuálaíochta’[6],

 ag féachaint don Chomhaontú Idirinstitiúideach an 7 Samhain 2013 idir Parlaimint na hEorpa agus an Banc Ceannais Eorpach maidir leis na módúlachtaí praiticiúla a bhaineann le feidhmiú na cuntasachta daonlathaí agus le formhaoirseacht ar fheidhmiú na gcúraimí a thugtar do BCE faoi chuimsiú an tSásra Maoirseachta Aonair[7],

 ag féachaint do Mheabhrán Tuisceana an 9 Deireadh Fómhair 2019 idir BCE agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) maidir le hiniúchtaí ar chúraimí maoirseachta BCE[8],

 ag féachaint don fhormhuiniú ón gCruinniú Mullaigh Euro an 14 Nollaig 2018 ar thuarascáil an Ghrúpa Euro ina fhormáid chuimsitheach lena mbunaítear Meitheal Ardleibhéil,–  ag féachaint don fhormhuiniú ón gCruinniú Mullaigh Euro céanna ar théarmaí tagartha an chúlstop chomhchoitinn don Chiste Réitigh Aonair,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 30 Aibreán 2019 maidir le cur i bhfeidhm agus athbhreithniú Threoir 2014/59/AE (an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD) agus agus Rialachán 806/2014 (an Rialachán maidir leis an Sásra Réitigh Aonair (SRMR)) (COM(2019)0213),

 ag féachaint don ráiteas ar chomhaontaigh an Cruinniú Mullaigh Euro leis ag a chruinniú an 21 Meitheamh 2019,

 ag féachaint do thuarascáil speisialta ó CIE an 10 Iúil 2019 maidir le tástálacha struis uile-Aontais do bhainc[9],

 ag féachaint don fhógra ó BCE an 22 Lúnasa 2019 maidir le hathbhreithniú ar ionchais mhaoirseachta maidir le soláthar stuamachta d’iasachtaí nua neamhthuillmheacha chun cuntas a thabhairt ar rialachán nua AE maidir le hionchais mhaoirseachta chun foráil stuamachta a dhéanamh[10],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Meitheamh 2019 dar teideal ‘An Ceathrú Tuarascáil ar Dhul Chun Cinn maidir le hiasachtaí neamhthuillmheacha a laghdú agus tuilleadh laghdaithe riosca san Aontas Baincéireachta’ (COM(2019)0278),

 ag féachaint do Chomhairle Theicniúil an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí an 18 Iúil 2019 don Choimisiún Eorpach maidir le Breithnithe Inbhuanaitheachta sa mhargadh rátála creidmheasa[11],

 ag féachaint don phlépháipéar maidir leis an Sásra Cobhsaíochta Eorpach i nDeireadh Fómhair 2019 dar teideal ‘an t-aontas baincéireacht a chomhlánú chun tacú leis an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta’[12]

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta: Fás inbhuanaithe a mhaoiniú’ (COM(2018)0097),

 ag féachaint dá rún an 8 Meitheamh 2011 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa: peirspictíochtaí amach anseo[13],

 ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún i mí na Samhna 2019 ar na difríochtaí idir dlíthe dócmhainneachta bainc agus ar a gcomhchuibhiú féideartha,

 ag féachaint dá rún an 19 Meán Fómhair 2019 maidir le staid chur chun feidhme reachtaíocht fhrithsciúrtha airgid an Aontais[14],

 ag féachaint do na tuairimí ó ÚBE an 8 Lúnasa 2019 maidir le hincháilitheacht taiscí, leibhéal cumhdaigh agus comhar idir scéimeanna ráthaithe taiscí (SRTanna), an 30 Deireadh Fómhair 2019 maidir le híocaíochtaí amach scéime ráthaithe taiscí agus an 23 Eanáir 2020 maidir le cistiú scéime ráthaithe taiscí agus úsáid as cistí scéime ráthaithe taiscí.

 ag féachaint do Thuairim Chomhpháirteach ó na ÚMEnna an 4 Deireadh Fómhair 2019 maidir le rioscaí an sciúrtha airgid agus an mhaoinithe sceimhlitheoireachta a dhéanann difear d’earnáil airgeadais an Aontais Eorpaigh[15],

 ag féachaint don staidéar ón gCoimisiún i mí na Samhna 2019 maidir le roghanna agus discréidí náisiúnta faoin Treoir maidir leis an Scéim Ráthaithe Taiscí agus maidir lena láimhseáil i gcomhthéacs Scéim Eorpach Árachais Taiscí,

 ag féachaint don chomhaontú maidir le malartú faisnéise idir BCE agus na húdaráis inniúla atá freagrach as frithsciúradh airgid agus as dul i ngleic le maoiniú na sceimhlitheoireachta (AML/CFT),

 ag féachaint don tarraingt siar a rinne an Coimisiún ar a thogra maidir le bearta struchtúracha chun feabhas a chur ar athléimneacht institiúidí creidmheasa AE (COM(2014)0043),

 ag féachaint don tuarascáil ó ÚBE de mhí na Samhna 2019 maidir leis an dul chun cinn a rinneadh agus na dúshláin atá romhainn,[16]

 ag féachaint d’athbhreithniú ar chobhsaíocht airgeadais BCE de mhí na Samhna 2019,

 ag féachaint do chomhairle chomhpháirteach na ÚMEnna chuig an gCoimisiún Eorpach an 10 Aibreán 2019 maidir leis an ngá atá le feabhsuithe a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú riosca in earnáil airgeadais AE[17],

 ag féachaint do Thuarascáil Eacnamaíoch Bhliantúil 2018 den Bhanc um Shocraíochtaí Idirnáisiúnta,

 ag féachaint don tuarascáil ó ÚBE an 29 Deireadh Fómhair 2019 maidir le baic fhéideartha ar sholáthar trasteorann seirbhísí baincéireachta agus íocaíochta,[18]

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0026/2020),

A. de bhrí go n-éilítear le hAontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta atá níos cobhsaí, níos iomaíche agus níos cóineasaithe, Aontas Baincéireachta láidir agus Aontas Margaí Caipitil atá níos forbartha agus níos sábháilte, mar aon le hIonstraim Bhuiséadach a chruthú;

B. de bhrí go bhfuil comhlánú an Aontais Baincéireachta ina chuid ríthábhachtach de bhraistint idirnáisiúnta an euro agus a ról méadaithe i margaí domhanda;

C. de bhrí gur tháinig méadú ar rioscaí ar an taobh thíos i leith fás eacnamaíoch ar bhonn domhanda agus ar bhonn an limistéir euro agus go leanann siad de dhúshláin cobhsaíochta airgeadais a chruthú;

D. de bhrí go bhfuil an tAontas Baincéireachta neamhiomlán chomh fada is nach bhfuil cúlstop ann don Chiste Réitigh Aonair (SRF) agus do Scéim Eorpach Árachais Taiscí (SEÁT) mar an tríú colún den Aontas Baincéireachta;

E. de bhrí go bhfuil margadh atá ag feidhmiú go maith do sheirbhísí airgeadais miondíola tábhachtach don gheilleagar agus do shaoránaigh AE araon

F. de bhrí go bhfuil easpa uirlisí éifeachtacha fós ag an Aontas Baincéireachta chun dul i ngleic le fadhbanna atá ag tomhaltóirí: castacht shaorga, cleachtais tráchtála éagóracha, grúpaí leochaileacha a eisiamh ó sheirbhísí bunúsacha a úsáid chomh maith le rannpháirtíocht theoranta údarás poiblí;

G. de bhrí, in ainneoin laghdú foriomlán na n-iasachtaí neamhthuillmheacha le blianta beaga anuas, go bhfuil leibhéal na n-iasachtaí neamhthuillmheacha i roinnt institiúidí airgeadais fós ard;

H. de bhrí go bhfuil sé léirithe gur dea-chinneadh a bhí ann cúram na maoirseachta ar institiúidí airgeadais a bhfuil tábhacht shistéamach dhomhanda leo a leagan ar BCE; de bhrí gur féidir le BCE cúraimí maoirseachta a fheidhmiú, i gcás inar gá, i ndáil le gach institiúid creidmheasa atá údaraithe i mBallstáit rannpháirteacha, agus i mbrainsí atá bunaithe iontu;

I. de bhrí gur ní éifeachtach ab ea forbairt an tSásra Réitigh Aonair (SRM), arb é is aidhm dó rialacha agus nósanna imeachta aonfhoirmeacha a bheith ann agus próiseas coiteann cinnteoireachta le haghaidh réiteach ordúil na mbanc anásta lena ngabhann an íosmhéid tionchair ar an bhfíorgheilleagar; de bhrí go bhfuil obair fós le déanamh, áfach, chun cosc a chur go héifeachtach le hidirghabháil arna maoiniú ag an gcáiníocóir i mbainc anásta;

 

J. de bhrí go léiríonn scannail sciúrtha airgid ar mhórscála lena mbaineann institiúidí airgeadais in AE nach féidir maoirseacht stuamachta agus frithsciúrtha airgid a láimhseáil ar leithligh agus go bhfuil córas cuí maoirseachta agus forfheidhmithe reachtaíochta AE in easnamh;

K. de bhrí gurb í earnáil na baincéireachta go mór fada an príomhsholáthraí maoinithe do chuideachtaí, i gcodarsnacht le dlínsí eile, ina bhfuil na margaí caipitil ina sciar suntasach den mhaoiniú do chuideachtaí;

L. de bhrí nár tugadh aghaidh fós go leordhóthanach ar na fadhbanna ‘rómhór le cliseadh’ agus ‘ró-idirnasctha le cliseadh’ deich mbliana tar éis na géarchéime airgeadais agus go bhfuil siad faoi athbhreithniú ag an mBord um Chobhsaíocht Airgeadais.

Breithnithe ginearálta

1. ag meabhrú di an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme an Aontais Baincéireachta, eadhon maidir le laghdú riosca; á chur i bhfáth, áfach, go gcaithfear dul chun cinn breise a dhéanamh maidir le comhroinnt riosca agus freisin maidir le laghdú riosca chun dul i ngleic le dúshláin atá ann fós in institiúidí sonracha;

2. ag meabhrú di go bhfuil an tAontas Baincéireachta ar oscailt do gach Ballstát ar mian leis a bheith páirteach ann

3. á chur in iúl gur geal léi an tacaíocht ó Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh agus Uachtarán BCE as comhlanú a dhéanamh ar an Aontas Baincéireachta, agus ar bhonn níos leithne, ar an Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta, trí Ionstraim Bhuiséadach a chruthú, mar shampla, chun Aontas níos cobhsaí, níos iomaíche agus níos cóineasaithe a bhaint amach.

4. á chur i bhfáth nach institiúid, comhlacht ná gníomhaireacht de chuid an Aontais Eorpaigh an Grúpa Euro ach gur fóram díospóireachta idir-rialtasach neamhfhoirmiúil é; á chur in iúl gurb oth léi go leanann na Ballstáit de bheith ag gníomhú lasmuigh de chreat an Chomhphobail, agus go bhfuil ról na Parlaiminte mar chomhreachtóir agus a ceart chun maoirseacht dhaonlathach a dhéanamh á gcur i gcontúirt acu;

5. á thabhairt chun suntais gur ann d’easpa éifeachtachta a bhaineann leis an gcaibidlíocht idir-rialtasach a rinneadh go dtí seo, go háirithe an chaiblidíocht a bhaineann leis an Ionstraim Bhuiséadach um Chóineasú agus um Iomaíochas agus Meitheal Ardleibhéil Aontas Baincéireachta an Ghrúpa Euro; ag tathant go leanfar leis an gcaibidlíocht i suíomh oscailte a ráthaíonn rannpháirtíocht ghníomhach na Parlaiminte, laistigh d’ord dlíthiúil AE; á chur i bhfios go láidir go mbeadh cosaint bhreithiúnach mhéadaithe ann mar thoradh ar na hathruithe sin, mar aon le ceanglais níos déine maidir le trédhearcacht agus rochtain ar dhoiciméid;

6. á chur in iúl gur geal léi athléimneacht fhoriomlán mhéadaithe chóras baincéireachta na hEorpa, mar a fhianaítear i Measúnú Riosca an Chórais Baincéireachta Eorpaigh arna dhéanamh ag ÚBE in 2019; á chur in iúl gur geal léi go háirithe gur choinnigh na bainc a gcóimheas caipitil cobhsaí agus go bhfuil feabhas tagtha ar chaighdeán na sócmhainní, mar a léirítear i meath breise ar iasachtaí neamhthuillmheacha;

7. á chur i bhfáth go leanann na leibhéil bhrabúsachta de bheith íseal agus go bhfuil an timpeallacht mhaicreacnamaíoch ag dul in olcas; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuiltear ag dréim go leanfaidh dúshláin bhreise roimh bhrabúsacht na mbanc as ardleibhéal iomaíochta, go háirithe i réimse na teicneolaíochta airgeadais (FinTech), chomh maith le rioscaí oibríochtúla níos airde mar gheall ar dhigitiú agus nuálaíocht, agus easpa comhtháthaithe na margaí mar gheall ar an ilroinnt atá fós idir na Ballstáit;

8. á thabhairt dá haire gur ann d’ísealriosca brabúsachta san earnáil baincéireachta faoi láthair; á thabhairt chun suntais go leanann rátaí úis de bheith íseal mar fhreagairt ar an staid mhaicreacnamaíoch reatha; á chur i bhfáth, thairis sin, go bhfuil moilliú geilleagrach agus teannas geopholaitiúil, lena n-áirítear tionchar Brexit, chomh maith le cibear-rioscaí agus slándáil sonraí, chomh maith le hathrú aeráide agus na rioscaí a bhaineann le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta i measc na ndúshlán mór atá roimh earnáil baincéireachta an Aontais,

9. á thabhairt dá haire gur tháinig méadú seasta ar bhrabúsacht na mbanc ó 2012 i leith agus gur mó ná 6 % an toradh ar chothromas ó 2017 i leith; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil an éabhlóid seo níos lú ná costais mheasta an chaipitil d’fhormhór na mbanc; á chur i bhfios go láidir gur eascair costais níos ísle do sholáthairtí agus do chaillteanais as timpeallacht an ísealriosca agus na rátaí úis ísle. á chur i bhfios nach feabhsú struchtúrach é sin, áfach, agus nach bhfuiltear ag dréim le go dtiocfaidh laghdú ar dhúshláin roimh bhrabúsacht sa ghearrthéarma. á mheabhrú dí go bhfuil gá le meastóireacht leanúnach a dhéanamh ar leibhéil an mhaoinithe don gheilleagar, agus go háirithe do FBManna, a thagann ón gcóras airgeadais ina iomláine. á iarraidh measúnú cuí a bheith ann ar thionchar na rialachán a bhí ann agus a bheidh ann amach anseo chun go mbainfí amach an cuspóir an geilleagar a mhaoiniú;

10.  ag leagan béim ar ról lárnach na hearnála baincéireachta le linn cistiú a dhíriú ar an bhfíorgheilleagar, agus go háirithe ar infheistíochtaí atá inbhuanaithe agus freagrach go sóisialta, rud a chothóidh fás agus fostaíocht agus a chumasóidh an t-aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, ach nach gcuireann cobhsaíocht airgeadais i mbaol;

11. á chur in iúl, chuige, sin, gur geal léi an comhaontú polaitiúil ar thángthas air maidir leis an Rialachán i dtaobh creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú; á iarraidh go ndéanfar athbhreithniú ar an Treoir maidir leis an Tuairisciú Neamhairgeadais chun oibleagáidí ESG-bhainteacha um thuairisciú agus um nochtadh a léiriú níos fearr.

12. á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh sé nach dtuigfí leochaileachtaí na mbanc i leith rioscaí a bhaineann leis an aeráid agus á chur in iúl gur geal léi tiomantais ÚBE chun breithnithe um rioscaí aeráide a chur san áireamh ina mheasúnú riosca bliantúil agus tástálacha struis um athrú aeráide a thabhairt isteach; á chur i bhfios go láidir, chuige sin a thábhachtaí atá sé nochtadh agus measúnú riosca leormhaith a bheith ann;

13. á iarraidh, thairis sin, ar gach banc Eorpach clárú le Prionsabail na Baincéireachta Freagraí faoi cheannas na Náisiún Aontaithe, agus, dá réir sin, tuairisciú go bliantúil ar a n-iarrachtaí chun maoiniú inbhuanaithe a chur chun feidhme agus chun rioscaí a bhaineann le hathrú aeráide a laghdú ina gcláir chomhardaithe; á iarraidh ar AE agus ar na húdaráis inniúla náisiúnta atá freagrach as an earnáil baincéireachta moltaí na bPrionsabal do Bhaincéireacht Fhreagrach, an Líonra Baincéireachta Inbhuanaithe agus Líonra na mBanc Ceannais agus na Maoirseoirí um Ghlasú an Chórais Airgeadais a leanúint agus, más féidir, iad a chur i bhfeidhm.

14.  ag tabhairt dá haire go bhfuil obair ar siúl ag Coiste Basel um Maoirseacht ar Bhaincéireacht (CBMB) maidir le riosca flaithiúnais; ag cur i bhfios go láidir gur cheart creat rialála AE maidir le láimhseáil stuamachta ar fhiachas ceannasach a bheith comhsheasmhach le caighdeáin idirnáisiúnta; á iarraidh go mbeidh tuilleadh plé ann maidir le sócmhainn shábháilte Eorpach a chruthú, bunaithe ar mheastóireacht atá le déanamh ag an gCoimisiún ar an togra maidir le hurrúis de bhun bannaí ceannasacha (SBBS) agus ar fhorbairtí féideartha, chun ról idirnáisiúnta an euro a neartú, margaí airgeadais a chobhsú agus lamháil do bhainc a bpunanna a éagsúlú;

15. ag cur i bhfios go láidir go bhfuil na margaí airgeadais fite fuaite ina chéile; ag cur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh na maoirseoirí baincéireachta ullamh le haghaidh na dtorthaí ar fad a d’fhéadfadh a bheith ar Brexit, á chur san áireamh go gcomhlánaítear leis sin ullmhacht na ngníomhaithe iad féin; á chur in iúl gur geal léi gach gníomhaíocht agus comhar suntasach go dtí seo; agus an cleachtas atá ag gnólachtaí na Ríocta Aontaithe á thabhairt dá haire lena mbunaítear brainsí in AE chun leanúint de sheirbhísí a sholáthar. á chur i bhfáth, chuige sin, riosca arbatáiste rialála a bheith ann mar gheall ar na rialacha i ngach Ballstát a bheith á gcur i bhfeidhm ar bhealach éagsúil; á mheas, mar sin, go bhfuil gá le comhchuibhiú breise chun arbatráiste rialála a sheachaint agus chun a áirithiú go dtugtar aghaidh chuí ar rioscaí; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá machaire comhréidh i rialacháin airgeadais idir AE agus an Ríocht Aontaithe tar éis Brexit agus an gá atá ann cosc a chur le sodar go grinneall ó thaobh na rialála de;

16. ag athdhearbhú na ngealltanas atá glactha ag AE go comhpháirteach leis an Ríocht Aontaithe faoin Dearbhú Polaitiúil athbhreithnithe; ag gealladh dlúthchomhar struchtúrtha a choinneáil maidir le cúrsaí rialála agus maoirseachta, ar an leibhéal polaitiúil agus teicniúil araon;

17. á chur in iúl gurb oth léi gur theip ar an gCoimisiún agus ar thromlach mór rialtais AE cothromaíocht iomlán inscne a áirithiú in institiúidí agus i gcomhlachtaí AE, go háirithe maidir le ceapacháin ardleibhéil i ngnóthaí eacnamaíocha, airgeadais agus airgeadaíochta; á iarraidh ar rialtais na mBallstát, ar an gComhairle Eorpach, ar an nGrúpa Euro agus ar an gCoimisiún oibriú go gníomhach i dtreo cothromaíocht inscne ina dtograí atá le teacht maidir le gearrliostaí agus ceapacháin, agus féachaint le hiarrthóir baineann amháin agus iarrthóir fireann amháin a chur san áireamh in aghaidh an nós imeachta ainmniúcháin; á athdhearbhú a rúin maidir le hurraim do phrionsabal na cothromaíochta inscne sna liostaí iarrthóirí atá le teacht;

18. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé Aontas na Margaí Caipitil a thabhairt chun críche, rud a chomhlánóidh an tAontas Baincéireachta agus an fíorgheilleagar á mhaoiniú; á chur i bhfáth, thairis sin, go lamhálfadh Aontas Margaí Caipitil lánpháirtithe go hiomlán mar aon le hAontas Baincéireachta lánfheidhme do chomhroinnt riosca poiblí agus príobháideach, agus ina theannta sin go ndéanfaí ról idirnáisiúnta an euro a neartú chomh maith le hiomaíochas mhargaí na hEorpa a fheabhsú tuilleadh agus infheistíocht phríobháideach inbhuanaithe a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais, chuige sin, go bhfuil gá le machaire comhréidh a sheachnaíonn míbhuntáistí do FBManna maidir le rochtain ar airgeadas, agus an gá atá le faireachán cúramach a dhéanamh ar eisiúint táirgí urrúsaithe;

 

Maoirseacht

19. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta san earnáil baincéireachta chun riosca a laghdú agus chun cobhsaíocht airgeadais a mhéadú; á thabhairt dá haire gur ann do leochaileachtaí fós in institiúidí sonracha agus go bhfuil gá le tuilleadh dul chun cinn ina leith; aidhmeanna an Aontais Baincéireachta á mheabhrú di cobhsaíocht airgeadais a áirithiú, agus fíormhargadh aonair, machaire comhréidh agus intuarthacht do ghníomhaithe an mhargaidh a chothú;

20. á mheas, mar sin féin, leis an gcreat maoirseachta atá ann faoi láthair, go rabhthas ag díriú go príomha ar neamhchosaintí ar riosca creidmheasa, chun dochair do neamhchosaintí riosca sa mhargadh a bhaineann le hurrúis neamhleachtacha, lena n-áirítear díorthaigh; á thathant go ndéanfaí bearta leormhaithe chun athbhreithniú ar cháilíocht sócmhainní a fheabhsú, agus ag cur in iúl gur díol sásaimh di, i ndáil leis sin, ionstraimí leibhéal 2 agus leibhéal 3 a bheith á n-áireamh i raon feidhme thástálacha struis 2018; ag athdhearbhú a hiarrata ar SAM laghdú ar líon na n-ionstraimí airgeadais casta agus neamhleachtacha sin a áireamh i measc a phríomhthosaíochtaí maoirseachta, lena n-áirítear díorthaigh;

21. á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinneadh chun an earnáil airgeadais a neartú agus chun NPLanna a laghdú ar an leibhéal Eorpach, agus na bearta laghdaithe riosca a baineadh amach sa Phacáiste Baincéireachta a cuireadh i gcrích le déanaí; á thabhairt dá haire, ó chuaigh BCE i mbun maoirseacht ar bhaincéireacht i mí na Samhna 2014, go dtí mí an Mheithimh 2019, gur tháinig laghdú níos mó ná a leath ar chóimheas na NPLanna atá i seilbh institiúidí suntasacha; á thabhairt chun suntais gur 2.9% an meánráta NPL a bhí ann sa limistéar euro i mí Mheán Fómhair 2019, thíos ó 6.5% i mí na Nollag 2014; á chur in iúl gur díol sásaimh di an dul chun cinn suntasach sin; á chur i bhfios go bhfuil leibhéal na n-iasachtaí neamhthuillmheacha fós ard in institiúidí áirithe agus go bhfuil gá le tuilleadh iarrachtaí chun aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin; ag tabhairt dá haire go bhfuil obair ar siúl faoi láthair ar an treoir maidir le seirbhíseoirí creidmheasa agus ceannaitheoirí creidmheasa, agus á chur i bhfáth gur gá a chinntiú go mbeadh cosaint iomchuí do thomhaltóirí san áireamh, agus margaí tanáisteacha d’iasachtaí á bhforbairt, agus sásra um fhorfheidhmiú seachbhreithiúnach (AECE) á cheapadh;

22. á chur i bhfios go láidir gur gá cearta custaiméirí a chosaint i gcomhthéacs idirbhearta NPL; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá cur chun feidhme iomlán na Treorach um Chreidmheas Morgáiste (2014/17/AE); á iarraidh ar na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbeadh iasachtaithe, a d’fhéadfadh a bheith i staid leochaileach airgeadais cheana, ag fulaingt mar gheall ar chóir agus cleachtais ionsaitheacha agus éagóracha ag ceannaitheoirí agus bailitheoirí iasachtaí a bhfuil lagrialú á dhéanamh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún, san athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Treoir um Chreidmheas Tomhaltais, forálacha níos uaillmhianaí a leagan síos maidir le cosaint d’iasachtaithe ar chleachtais drochúsáide, á áirithiú go mbeadh an fheidhm chéanna ag na cearta sin maidir le hiasachtaí atá ann cheana agus maidir leo siúd a bheidh ann amach anseo;

23. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé cearta tomhaltóirí a chosaint, eadhon maidir le táillí baincéireachta agus trédhearcacht costas táirgthe, brabúsacht agus rioscaí; á iarraidh ar ÚBE, i ndáil leis sin, béim níos mó a leagan ar a shainordú a chomhlíonadh maidir le bailiú, anailísiú agus tuairisciú a dhéanamh go cuí ar threochtaí tomhaltóirí, agus freisin ar athbhreithniú agus comhordú a dhéanamh ar thionscnaimh ag na húdaráis inniúla maidir le litearthacht agus oideachas airgeadais;

24. ag tabhairt dá haire gur nocht géarchéimeanna baincéireachta a bhí ann le déanaí go ndearna institiúidí creidmheasa bannaí agus táirgí airgeadais eile a mhídhíol le custaiméirí miondíola; á iarraidh ar udaráis mhaoirseachta agus réitigh na forálacha a tugadh isteach le déanaí leis an Treoir maidir le Téarnamh agus Réiteach na mBanc (BRRD) maidir le cosaint tomhaltóirí a fhorfheidhmiú go tréan, go háirithe an t-íoscheanglas le haghaidh cistí dílse agus dliteanais incháilithe (MREL); ag tathant ar an gCoimisiún measúnú breise a dhéanamh ar an tsaincheist maidir le táirgí airgeadais a bheith á mídhíol ag institiúidí baincéireachta;

25. á iarraidh ar na ÚMEnna leas iomlán a bhaint as a gcumhachtaí chun ardleibhéil cosanta tomhaltóirí a áirithiú, lena n-áirítear, i gcás inarb iomchuí, cumhachtaí idirghabhála táirgí i gcás ina raibh táirgí airgeadais agus creidmheasa ina gcúis le díobháil do thomhaltóirí;

26. ag tabhairt dá haire go bhfuil tús curtha cheana le hobair ar chur chun feidhme chaighdeáin chríochnaitheacha Basel III; á chur í bhfáth gur cheart caighdeáin CBMB a achtú sa dlí Eorpach ar bhealach tráthúil, agus aird chuí á tabhairt ar a spriocanna, agus saintréithe sonracha an chórais baincéireachta Eorpaigh, agus, i gcás inarb iomchuí, prionsabal na comhréireachta, á gcur san áireamh; ag tabhairt rabhaidh, mar gheall ar an éagsúlacht idir na samhlacha baincéireachta ar fud AE, go bhféadfadh sé nach mbeadh ‘réiteach amháin do chách’ oiriúnach don mhargadh Eorpach; á chur i bhfios go láidir gur cheart iomaíochas agus cobhsaíocht airgeadais earnáil baincéireachta AE a áirithiú agus nár cheart dochar a dhéanamh dá cumas an geilleagar, go háirithe FMBanna, a mhaoiniú; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil gá le hinstitiúidí airgeadais atá inmharthana agus dea-chaipitlithe chun geilleagar AE a mhaoiniú ar bhealach fónta agus chun Aontas Baincéireachta cobhsaí a bheith ann; ag meabhrú di a rún an 23 Samhain 2016 maidir le Comhaontú Basel III a thabhairt chun críche, agus á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú de réir na moltaí atá ann, agus tograí reachtacha nua á ndréachtú aige;

27. ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé measúnú a dhéanamh ar leordhóthanacht samhlacha inmheánacha agus meastóireacht leanúnach a dhéanamh orthu, chun a áirithiú go mbeidís iontaofa agus láidir; ag tabhairt na fionnachtana dá haire a d’eascair as an athbreithniú spriocdhírithe ar shamhlacha inmheánacha (TRIM) a rinne BCE; á iarraidh ar na bainc feabhas a chur, dá réir sin, ar an mbealach a mbaineann siad úsáid as a samhlacha inmheánacha agus a ndéanann siad iad a chur chun feidhme;

28. ag cur in iúl gur ábhar imní di gur thug ÚBE rabhadh nach ndéanfadh sé a thograí maidir le laghdú a dhéanamh ar an ualach riaracháin ar hinstitiúidí beaga a chur i gcrích laistigh den sprioc-am a bhí leagtha síos ag na comhreachtóirí sa Phacáiste Baincéireachta;

29. á mheabhrú di, leis na caighdeáin dá bhforáiltear ag fóraim idirnáisiúnta, gur cheart ilroinnt rialála a sheachaint agus cabhrú le machaire réidh a chur chun cinn do gach banc atá gníomhach go hidirnáisiúnta;

30. á mheabhrú di go bhfuil na roghanna agus discréidí náisiúnta (ONDanna) a leagtar amach i ndlí AE maidir le maoirseacht baincéireachta ceaptha le bheith de chineál neamhbhuan; á iarraidh go ndéanfaí ONDanna a chomhchuibhiú a mhéid is féidir, mar chuid den iarracht leabhar rialacha aonair a bhaint amach go hiarbhír;

31. ag tabhairt dá haire, ina tuarascáil ina ndéantar measúnú ar rioscaí agus leochaileachtaí earnáil baincéireacht AE, go bhfuil difríochtaí i measc na mBallstát léirithe ag ÚBE maidir le cur i bhfeidhm agus leagan síos an mhaoláin O-SII; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí tuilleadh comhchuibhithe ar chur i bhfeidhm maolán caipitil ar fud AE, chun machaire réidh a chruthú;

32. á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhaontú ar Mheabhrán Tuisceana idir an Banc Ceannais Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa ina leagtar amach na socruithe praiticiúla le haghaidh malartú faisnéise idir na hinstitiúidí i leith a sainorduithe faoi seach;

33. á iarraidh go mbeadh caighdeáin trédhearcachta mhéadaithe ann i maoirseoireacht baincéireachta, mar shampla i dtorthaí an phróisis mhaoirseachta agus mheastóireachta, chun muinín margaí caipitil agus airgeadais, muinín cuideachtaí agus muinín na saoránach a threisiú, agus chun comhsheasmhacht córa ar fud na Ballstát a áirithiú; á chur in iúl gur díol sásaimh di an malartú faisnéise feabhsaithe agus beachtaithe idir institiúidí maoirseachta agus institiúidí réitigh;

34. ag tabhairt dá haire go bhfuil athrú ó bhonn á dhéanamh le teicneolaíochtaí nuálacha airgeadais ar an earnáil airgeadais, lena n-áirítear seirbhísí baincéireachta agus íocaíochta, agus á chur in iúl gur díol sásaimh di éifeachtúlacht agus réimse níos leithne na roghanna a thugtar leo do thomhaltóirí sa mhargadh; ag tacú leis an neodracht teicneolaíochta mar threoirphrionsabal agus ag moladh infheistíochtaí sa teicneolaíocht airgeadais;

35. á thabhairt chun suntais gur gá aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a ghabhann leis na nuatheicneolaíochtaí sin, amhail samhlacha gnó inbhuanaithe atá idir-inoibritheach thar theorainneacha, machaire réidh ó thaobh rialála agus maoirseachta de, agus cibearshlándáil a áirithiú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil freagracht ar institiúidí airgeadais maidir le cosaint sonraí cliant agus slándáil cliant a áirithiú, i gcomhréir le dlí AE; ag tabhairt dá haire, freisin, go bhfuil an earnáil baincéireachta ag brath níos mó ar an néalríomhaireacht, agus ag tathant ar an gCoimisiún freagairt don chomhairle chomhpháirteach ó na ÚMEnna i dtaca leis an ngá atá le feabhsuithe reachtacha a bhaineann le ceanglais maidir le bainistiú riosca TFC in earnáil airgeadais AE; á athdhearbhú, le creat reachtach cothrom agus le deimhneacht dhlíthiúil, gur féidir timpeallacht is minic a mbaineann an nuálaíocht léi a fheabhsú gan an bonn a bhaint ó chobhsaíocht airgeadais;

 

36. ag aithint an rannchuidithe is féidir leis an earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc, ar a dtugtaí scáthbhaincéireach roimhe seo, a dhéanamh leis na bealaí cistiúcháin don gheilleagar a éagsúlú tuilleadh; á thabhairt chun suntais, áfach, go bhfuil idirnascacht shuntasach ann idir an earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc agus an earnáil baincéireachta ‘traidisiúnta’, rud ar cúis imní é maidir le riosca córasach a bheith ann i bhfianaise na heaspa rialáil agus maoirseacht iomchuí atá ann san earnáil idirghabhála airgeadais neamhbhainc;

37. á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí gníomhaíochta comhordaithe chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin, lena n-áirítear sraith uirlisí  macrastuamachta a bhunú agus na huirlisí atá ann cheana a oibríochtú tuilleadh chun gníomhú i gcoinne bagairtí ar chobhsaíocht airgeadais a ghabhann le ról méadaitheach an chórais idirghabhála airgeadais neamhbhainc; á mheas gur gá measúnú a dhéanamh an bhfuil ceanglas stuamachta maidir le neamhchosaintí móra, go háirithe neamhchosaintí ar idirghabhála airgeadais neamhbhainc, leordhóthanach chun cobhsaíocht airgeadais a áirithiú; á chur i bhfios go láidir, maidir leis na rioscaí atá tugtha chun suntais ag an mBord Eorpach um Riosca Sistéamach (BERS) i bhFaireachán 2019 uaidh maidir le Riosca ó Idirghabháil Airgeadais Neamhbhainc AE, amhail iad sin a eascraíonn as claochlú leachtachta, glacadh rioscaí agus giaráil, go bhfuil siad ag déanamh difear ar bhealach níos ginearálta don earnáil;

38. á chur in iúl gur díol sásaimh di an comhaontú maidir le malartú faisnéise idir BCE agus na húdaráis atá freagrach as frithsciúradh airgid (AML) agus as maoiniú na sceimhlitheoireachta (CFT) a chomhrac; á mheabhrú di a rún an 19 Meán Fómhair 2019 maidir le staid chur chun feidhme reachtaíocht an Aontais i gcoinne sciúradh airgid; á chur in iúl gur díol sásaimh di an páipéar seasaimh comhpháirteach an 8 Samhain, a d’ullmhaigh roinnt airí airgeadais sa limistéar euro, ar páipéar é ina n-iarrtar go ndéanfaí an creat rialála Eorpach maidir le sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireacht a chomhchuibhiú;

39. á mheabhrú di, chun go mbeadh iarrachtaí AML/CFT éifeachtach, nach mór do na húdaráis inniúla agus na hinstitiúidí airgeadais gníomhú ar bhealach comhordaithe; á thabhairt chun suntais gur gá maoirseacht stuamachta agus frithsciúrtha airgid a ailíniú ar bhealach níos fearr;  á mheabhrú di gur ábhar imní tromchúisí di an ilroinnt rialála agus mhaoirseachta atá ann san earnáil AML/CFT, rud as ar tháinig mainneachtain maoirseacht agus freagairtí leormhaithe a sholáthar maidir le heasnaimh na n-údarás náisiúnta maoirseachta agus á mheabhrú di go mbaineann an ilroinnt rialála sin an bonn óna gcumas maoirseacht a dhéanamh ar an ngníomhaíocht mhéadaitheach in AE;

40. á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhfuil ról le himirt ag SAM i sciúradh airgid a chomhrac agus á chur in iúl gur díol sásaimh di aonad tiomnaithe frithsciúrtha airgid a bheith á chur ar bun; ag tabhairt dá haire, go háirithe, a chasta atá sé an measúnú tábhachtach oiriúnachta a dhéanamh ar ardbhainistíocht na mbanc mar gheall ar thrasuí an-éagsúil na Treorach um Cheanglais Chaipitil; ag moladh, dá bhrí sin, go ndéanfaí na ceanglais ‘cuí cóir’ a chomhtháthú  sa Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil;

41. á chur in iúl gur díol sásaimh di na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 5 Nollaig 2019, lena dtugtar sainordú don Choimisiún breithniú a dhéanamh ar bhealaí chun comhar níos fearr idir údaráis a áirithiú agus chun cúraimí AML a thabhairt do chomhlacht de chuid AE, agus chun Rialachán a dhéanamh de chodanna áirithe den Treoir maidir leis an Sciúradh Airgid, chun leabhar rialacha aonair a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur a luaithe is féidir leis an athbhreithniú ar chreat AML an Aontais agus ar reachtaíocht chun an leabhar rialacha AML/CFT a chomhchuibhiú tuilleadh agus chun aghaidh a thabhairt go héifeachtúil ar an rioscaí do shláine chóras airgeadais AE agus do shlándáil shaoránaigh AE a ghabhann le gníomhaíocht neamhdhleathach, eadhon trí chomhlacht nua de chuid AE a chruthú;

42. ag aithint gur gá gníomhaíocht dhlíthiúil agus mhaoirseachta a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a ghabhann le criptea-shócmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh measúnuithe tionchair a dhéanamh ar na rioscaí sciúrtha airgid agus maoinithe sceimhlitheoireachta a d’fhéadfadh a bheith ag eascairt as leochaileachtaí atá á gcruthú le húsáid mhéadaitheach nuatheicneolaíochtaí ag institiúidí creidmheasa agus airgeadais, agus tuilleadh measúnuithe tionchair a dhéanamh ar scaipeadh gasta criptea-shócmhainní i bhfianaise easpa córais choitinn rialála agus na hanaithnideachta a bhaineann leis na sócmhainní sin;

43. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh in 2020 ar staid reatha mhargadh na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa, agus measúnú a dhéanamh air ó thaobh iomaíochta, éagothroime faisnéise agus trédhearcacht do na margaí; ag tabhairt dá haire go bhféadfadh rátálacha inbhuanaitheachta atá bunaithe ar chritéir chomhshaoil shóisialta agus rialachais (ESG) a bheith ina gcomhlánú tábhachtach amach anseo do mheasúnuithe riosca creidmheasa; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá caighdeánú sna critéir maidir le rátáil inbhuanaitheachta agus maidir lena áirithiú go ndéanfaí margadh le haghaidh soláthar rátálacha inbhuanaitheachta a fhorbairt, ar mhargadh é a bheadh iomaíoch agus nach mbeadh comhdhlúthaithe agus líon teoranta soláthraithe ann;

44. á chur in iúl go bhfuil gá le hiarrachtaí chun gur mó i gcomhréir le cuspóirí inbhuanaitheachta agus critéir ESG a bheidh gníomhaíocht sa mhargadh airgeadais, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról lárnach ag na ÚMEnna i leith na gcuspóirí sin; á iarraidh, i ndáil leis sin, ar ÚBE, i gcomhar le BERS, bearta a dhéanamh i dtreo modheolaíocht chomhchoiteann a bhaint amach chun déine rioscaí aeráide a thomhas, ar rioscaí iad ar a bhfuil institiúidí airgeadais neamhchosanta, lena n-áirítear rioscaí a bhaineann le dímheas sócmhainní a d’fhéadfadh tarlú i gcás athruithe ar an gcóir rialála a eascraíonn as maolú agus oiriúnú ar an athrú aeráide, le tionchar maicreacnamaíoch athruithe tobanna ar úsáid fuinnimh agus le méadú ar líon na dtubaistí nádúrtha atá ag tarlú;

Rún

45. á chur in iúl gur díol sásaimh di nach raibh an Bord Réitigh Aonair (BRA) ag teastáil chun gníomhaíocht réitigh a dhéanamh in 2019; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an obair leantach is iomchuí a dhéanamh ar a thuarascáil féin ó mhí Aibreáin 2019 maidir le BRRD agus SRMR; ag tathant ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh an bhfuil an reachtaíocht leormhaith chun a áirithiú, i gcás inar gá, go bhféadfaí na bainc uile a réiteach gan airgead na gcáiníocóirí a bheith ag teastáil; á iarraidh ar an gCoimisiún an t-athbhreithniú a rinne an Bord um Chobhsaíocht Airgeadais ar reachtaíocht ‘rómhór le cliseadh’ a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt ar easnaimh a d’fhéadfadh a bheith ann, go háirithe maidir le taiscí miondíola a choimirciú;

46. á iarraidh ar BRA an próiseas lena mbunaítear pleananna réitigh a chur i gcrích agus anailís a dhéanamh an bhfuil MREL leordhóthanach i seilbh ag na bainc ábhartha uile; ag tabhairt dá haire nach ndéanann BRA a mhéid a chomhlíonann bainc spriocanna MREL a nochtadh go rialta;

47. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go ndéanfaí na dlíthe náisiúnta dócmhainneachta atá ann cheana a chomhchuibhiú tuilleadh, agus á iarraidh air measúnú a dhéanamh ar a mhéid atá gá le tuilleadh comhchuibhithe chun cur i bhfeidhm comhsheasmhach agus éifeachtach an chreata um bainistiú géarchéime a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcreat an athbhreithnithe ar an Treoir maidir le Scéimeanna Ráthaithe Taiscí (DGSD), níos mó soiléireachta a thabhairt do phrionsabal an íoschostais faoi DGSD;

48. á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh breithnithe ar chreat an tSásra Réitigh Aonair agus ar an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar infheidhmeacht Theachtaireacht Bhaincéireachta 2013[19]; ag tabhairt dá haire gur gá machaire réidh a áirithiú agus an tástáil maidir le leas an phobail a chur i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach;

49. ag tabhairt dá haire gur féidir ról tábhachtach a bheith ag bearta luath-idirghabhála i gclistí agus géarchéimeanna bainc a chosc; ag tabhairt dá haire, áfach, go bhfuil na ceanglais maidir le bearta luath-idirghabhála a úsáid ag forluí ar roinnt bearta caighdeánacha idirghabhála de chuid BCE; á chur i bhfáth, i gcásanna den sórt sin, go bhfuiltear i bhfabhar gnáthbhearta idirghabhála; á mheas, de bhrí sin, gur cheart an forluí sin a bhaint trí shoiléiriú leordhóthanach a thabhairt ar an mbunús dlí atá le gach ionstraim, chun a áirithiú go ndéanfar na bearta a chur i bhfeidhm de réir a chéile;

50. ag tabhairt dá haire, in dhá chás a bhí ann san Iodáil le déanaí, cé gur chinn BRA sa deireadh nach raibh gá le réiteach ‘leas an phobail’, go ndearna an Coimisiún státchabhair a fhormheas ar an mbunús go ndéanann sí suaitheadh eacnamaíoch a mhaolú ar an leibhéal réigiúnach, rud a d’fhág go mbeadh creidiúnaithe sinsearacha ‘na mbanc’ níos fearr as i gcás dócmhainneachta ná mar a bheidís agus iad i gcás réitigh [20]; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil easpa soiléireachta i dTeachtaireacht Bhaincéireachta 2013 maidir lena bhfuil i gceist le tionchar tromchúiseach ar an ngeilleagar réigiúnach, agus á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfágann na rialacha maidir le cabhair faoi choinne leachtaithe gur féidir leis na Ballstáit leas an phobail a athbhunú go hiarbhír ar an leibhéal áitiúil i gcás inar dhiúltaigh BRA dó ar an leibhéal náisiúnta; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, athbhreithniú a dhéanamh ar Theachtaireacht Bhaincéireachta 2013 i gcomhréir le prionsabail BRRD, rud atá i bhfad thar am a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir, agus an measúnú á dhéanamh ar chritéir leas an phobail faoi BRRD, nach mór aird chuí a thabhairt ar an dóchúlacht go mbainfí úsáid as coistí poiblí nuair nach ndéantar réiteach a chur i ngníomh agus déantar imeachtaí náisiúnta dócmhainneachta a chur i bhfeidhm;

 51. ag tabhairt dá haire go bhfuil cinneadh déanta ag an nGrúpa Euro maidir le ‘comhaontú i bprionsabal’ a bhaineann leis an athchóiriú ar an Sásra Cobhsaíochta Eorpach agus ar a théarmaí tagartha; á iarraidh go ndéanfaí cúlstop don Chiste Réitigh Aonair a chruthú agus a oibríochtú go mear; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil sásra ann san Aontas Baincéireachta chun a áirithiú gur féidir leachtacht a sholáthar do bhanc i gcás réitigh chun leanúnachas rianúil seirbhísí agus cobhsaíocht na margaí airgeadais a áirithiú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún iarracht a dhéanamh aghaidh a thabhairt ar an mbearna sin gan a thuilleadh moille;

52. á chur i bhfáth gur gá go mbeadh na bainc in ann a bheith ag oibriú thar theorainneacha, agus a gcuid caipitil agus leachtachta á mbainistiú acu ar leibhéal comhdhlúite, chun a gcuid rioscaí a éagsúlú agus chun aghaidh a thabhairt ar aon easpa brabúsachta atá ann; á thabhairt chun suntais gur cheart foráil a dhéanamh le rialacha do níos mó soiléireachta don mháthairchuideachta i ndáil leis sin, agus foráil á déanamh do shásraí inchreidte agus infhorfheidhmithe lena gceanglaítear, i gcás géarchéime, go ndéanfadh an mháthairchuideachta (eintiteas réitigh) caipiteal, MREL agus leachtacht a sholáthar d’fhochuideachtaí atá lonnaithe i dtír óstach laistigh den Aontas Baincéireachta;

Árachas taiscí

53. ag cur in iúl go bhfuil a thríú colún fós in easnamh san Aontas Baincéireachta; á thathant go ndéanfaí an tAontas Baincéireachta a thabhairt chun críche trí Scéim Eorpach Árachais Taiscí a dhéanfaí a chur chun feidhme go hiomlán chun taisceoirí a chosaint ar shuaití baincéireachta, chun muinín i measc taisceoirí agus infheisteoirí ar fud an Aontais Baincéireachta a áirithiú agus chun cobhsaíocht an limistéar euro ina iomláine a threisiú; ag aithint na dtairbhí a ghabhann le comhroinnt rioscaí agus a ghabhann le laghdú breise a dhéanamh ar rioscaí in institiúidí sonracha;

54. ag tathant ar an gComhairle tús a chur in athuair a luaithe is féidir leis an gcaibidlíocht ar SEÁT, agus creat comhleanúnach le DGSD á áirithiú chun go ngnóthófar an cuspóir maidir leis an gcobhsaíocht airgeadais a fheabhsú;

55. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar chreat fheidhmiú na scéimeanna cosanta institiúideacha i gcomhthéacs SEÁT;

56. ag tabhairt dá haire go bhfuiltear ag leanúint leis na pléití laistigh den Mheitheal Ardleibhéil um SEÁT ar thabhairt chun críche an Aontais Baincéireachta, ar Meitheal Ardleibhéil í a bunaíodh i mí Eanáir 2019, agus í le bheith freagrach don Ghrúpa Euro, lena n-áirítear maidir le tuilleadh feabhsuithe ar an gcreat um bainistiú géarchéime do bhainc; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach raibh Parlaimint na hEorpa á coinneáil ar an eolas maidir leis na pléití a bhí ar siúl i gcomhthéacs na Meithle Ardleibhéil um SEÁT, atá freagrach don Ghrúpa Euro; ag tabhairt dá haire go bhfuil an Coimisiún ina rannpháirtí sa Mheitheal Ardleibhéal um SEÁT, agus ag meabhrú di Airteagal 9 de Chomhaontú Réime 2010, ina bhfuil oibleagáid ar an gCoimisiún cóir chomhionann a ráthú idir Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, go háirithe maidir le hábhair reachtacha;

57. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig ÚBE, chuig BCE, chuig BRA, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, agus chuig na húdaráis inniúla mar a shainítear i bpointe (40) d’Airteagal 4(1) de Rialachán (AE) Uimh. 575/2013.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

18.2.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

42

9

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Gilles Boyer, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, Luis Garicano, Sven Giegold, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Herve Juvin, Othmar Karas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Aurore Lalucq, Philippe Lamberts, Aušra Maldeikienė, Pedro Marques, Costas Mavrides, Siegfried Mureşan, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Martin Schirdewan, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Stéphanie Yon-Courtin

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Carmen Avram, Esther de Lange, Karima Delli, Giuseppe Ferrandino, Niels Fuglsang, Maximilian Krah, Fulvio Martusciello, Andreas Schwab, Stéphane Séjourné, Jessica Stegrud, Antonio Tajani

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Michael Bloss, Łukasz Kohut

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

42

+

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Markus Ferber, Frances Fitzgerald, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Esther de Lange, Aušra Maldeikienė, Fulvio Martusciello, Siegfried Mureşan, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Andreas Schwab, Ralf Seekatz, Antonio Tajani

RENEW

Gilles Boyer, Engin Eroglu, Luis Garicano, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Stéphane Séjourné, Stéphanie Yon-Courtin

S&D

Carmen Avram, Jonás Fernández, Giuseppe Ferrandino, Niels Fuglsang, Eero Heinäluoma, Łukasz Kohut, Aurore Lalucq, Pedro Marques, Costas Mavrides, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang

VERTS/ALE

Michael Bloss, Karima Delli, Sven Giegold, Claude Gruffat, Stasys Jakeliūnas, Philippe Lamberts

 

9

-

ECR

Derk Jan Eppink, Jessica Stegrud

ID

Gunnar Beck, Francesca Donato, Herve Juvin, Maximilian Krah, Antonio Maria Rinaldi

NI

Lefteris Nikolaou-Alavanos, Piernicola Pedicini

 

3

0

GUE/NGL

Manon Aubry, José Gusmão, Martin Schirdewan

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

[1] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0030.

[7]IO L 320, 30.11.2013, lch. 1.

[9] ‘Tuarascáil Speisialta Uimh. 10/2019: tástálacha struis uile-Aontais do bhainc faisnéis as cuimse á cur ar fáil ar bhainc ach is gá tuilleadh comhordaithe agus níos mó fócais ar rioscaí’, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, 10 Iúil 2019, https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=50393

[10] Preasráiteas, ‘leasaíonn BCE ionchais mhaoirseachta chun foráil stuamachta a dhéanamh le haghaidh iasachtaí nua neamhthuillmheacha chun cuntas a thabhairt ar rialachán nua AE, 22 Lúnasa 2019, https://www.bankingsupervision.europa.eu/press/pr/date/2019/html/ssm.pr190822~f3dd1be8a4.ga.html

[12] Sraith Plépháipéar/7, an Sásra Cobhsaíochta Eorpach, Deireadh Fómhair 2019.

[14] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2019)0022.

[19] IO C 216, 30.7.2013, lch. 1.

An nuashonrú is déanaí: 6 Márta 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais