Tuarascáil - A9-0081/2020Tuarascáil
A9-0081/2020

TUARSCÁIL maidir le gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta - tuarascáil bhliantúil 2019

10.3.2020 - (2019/2126(INI))

An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: David Cormand 
Rapóirtéir don tuairim (*):
Bas Eickhout, An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
   (*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


Nós Imeachta : 2019/2126(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0081/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0081/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta - tuarascáil bhliantúil 2019

(2019/2126(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagail 15, 126, 175, 174, 177, 208, 209, 271, 308 agus 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE agus do Phrótacal Uimh. 5 a ghabhann leis maidir le Reacht an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI),

 ag féachaint do Phlean Oibriúcháin Ghrúpa BEI 2019, a foilsíodh ar shuíomh gréasáin BEI,

 ag féachaint do Thuarascáil Gníomhaíochta 2018 BEI dar teideal ‘Deiseanna á Soláthar’,

 ag féachaint do Thuarascáil Airgeadais 2018 agus do Thuarascáil Staidrimh 2018 BEI,

 ag féachaint do thuarascáil BEI dar teideal ‘oibríochtaí BEI laistigh den Aontas Eorpach – Tuarascáil Bhliantúil 2018’, a foilsíodh in 2019,

 ag féachaint do thuarascáil BEI dar teideal ‘BEI lasmuigh den Aontas Eorpach – Maoiniú le tionchar domhanda – Tuarascáil Bhliantúil 2018’, a foilsíodh in 2019,

 ag féachaint do thuarascáil BEI dar teideal ‘Tuarascáil Bhliantúil 2018: Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht’, a foilsíodh in 2019,

 ag féachaint don straitéis nua aeráide agus don bheartas nua iasachtaithe in earnáil an fhuinnimh, a ghlac BEI i mí na Samhna 2019,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/2396 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 agus Rialachán (AE) 2015/1017 maidir le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach[1],

 ag féachaint don mholadh ón Ombudsman Eorpach i gcás 146/2017/DR maidir leis an gcaoi ar láimhseáil an Banc Eorpach Infheistíochta gearán faoi sháruithe ar cheanglais chomhshaoil, sláinte agus sábháilteachta i dtionscadal a mhaoinigh sé,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an ‘gComhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2019)0640),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, ‘Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2020)0021),

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir a bhunú (COM(2020)0022),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Marta 2018 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ (COM(2018)0097),

 ag féachaint do Thionscnamh Athléimneachta Eacnamaíoch BEI,

 ag féachaint d’fhormheas BEI do dhaingniú Chomhaontú Pháras ag AE an 7 Deireadh Fómhair 2016,

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe,

 ag féachaint don óráid tosaigh a thug Ursula von der Leyen an 16 Iúil 2019 ag seisiún iomlánach na Parlaiminte in Strasbourg, agus í ina hiarrthóir ar Uachtaránacht an Choimisiúin,

 ag féachaint don óráid ó Uachtarán an Choimisiúin, Ursula von der Leyen, a thug sí an 11 Nollaig 2019 ag seisiún iomlánach na Parlaiminte sa Bhruiséil,

 ag féachaint d’Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0081/2020),

A. de bhrí, faoi Airteagal 309 CFAE agus ag féachaint do chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go bhfuil BEI le rannchuidiú le cuspóirí an Aontais a bheith á mbaint amach, agus de bhrí, faoi Airteagal 18 de Reacht BEI, nach mór dó a chuid cistí a úsáid ar an mbealach is réasúnaí is féidir ar mhaithe le leasanna an Aontais; de bhrí go n-áirítear leis sin comhlíonadh Chomhaontú Pháras maidir leis an Athrú Aeráide agus oibleagáidí an Aontais maidir le cosaint an chomhshaoil a leagtar amach in Airteagail 11 agus 191 CFAE;

B. de bhrí go bhfuil rátáil chreidmheasa AAA tugtha ag na príomhghníomhaireachtaí rátála creidmheasa do bhannaí BEI, ar an ábhar, inter alia, go mbaineann BEI leis na Ballstáit agus lena bhainistiú riosca stuama;

C. de bhrí go ndearna BEI brabúsacht a choinneáil in 2018, le glanbharrachas de EUR 2.3 billiún; de bhrí gur cheart do Ghrúpa BEI a ardleibhéal acmhainneachta creidmheasa a choinneáil, chomh maith le punann sócmhainní atá daingean agus ar ardcháilíocht;

D. de bhrí, agus é ar an iasachtaí agus ar an iasachtóir iltaobhach is mó ar domhan, agus é faoi chomhúinéireacht Bhallstáit AE, gurb é BEI an comhpháirtí nadúrtha atá ag AE maidir le hionstraimí airgeadais a chur chun feidhme, i ndlúthchomhar le hinstitiúidí airgeadais náisiúnta agus iltaobhacha;

E. de bhrí go bhfuil Grúpa BEI faoi cheangal ag conradh rannchuidiú le lánpháirtiú AE, le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus le forbairt réigiúnach trí ionstraimí infheistíochta éagsúla amhail iasachtaí, cothromais, ráthaíochtaí, saoráidí roinnte riosca agus seirbhísí comhairleacha;

F. de bhrí go measann an Coimisiún gurb ionann an infheistíocht bhliantúil is gá a dhéanamh chun spriocanna 2030 an Aontais a bhaint amach agus EUR 1 115 bhilliún[2]; de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag an bPlean Infheistíochta an d’Eoraip Inbhuanaithe ón gCoimisiún infheistíocht ar luach EUR 1 thrilliún a chur ar fáil sna deich mbliana amach anseo;

G. de bhrí gur gnách a bhíonn táirgeachtaí níos airde ag gabháil le hinfheistíochtaí inbhuanaithe ná mar a bhíonn ag gabháil le táirgeachtaí caighdeánacha agus, dá bhrí sin, go mbíonn méideanna maolaithe ag baint leo agus go mbíonn rioscaí gaolmhara níos mó ag gabháil leo; de bhrí nach mór leachtacht na margaí i dtáirgí airgeadais inbhuanaithe a dhoimhniú agus nach féidir é sin a dhéanamh ach trí líon na dtáirgí atá ar an margadh a mhéadú; á thabhairt chun suntais nach féidir a bheith ag dréim leis go ndéanfar an mhais chriticiúil a bhaint amach leis an earnáil phríobháideach í féin agus nach mór go nglacfadh an earnáil phoiblí páirt níos mó i margaí na sócmhainní airgeadais inbhuanaithe agus go ndéanfaí a sciar den mhargadh a mhéadú, agus, ar an gcaoi sin, go rannchuideofaí le rioscaí agus táirgeachtaí a laghdú, chomh maith le rannpháirtíocht sa mhargadh agus leachtacht an mhargaidh a mhéadú;

H. de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag BEI i straitéis AE chun dul i ngleic le dúshláin a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol - dúshláin arb iad cúram sainithe na glúine seo iad, mar atá leagtha amach ag an gCoimisiún, agus EUR 260 billiún in aghaidh na bliana d’infheistíochtaí ag teastáil chun spriocanna aeráide agus fuinnimh reatha 2030 a bhaint amach;

I. de bhrí gur cheart aird leanúnach a dhíriú ar fhorbairt dea-chleachtais a bhaineann le beartas agus bainistiú feidhmíochta, dea-rialachas agus trédhearcacht Ghrúpa BEI;

Comhairle ghinearálta

1. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí BEI, mar bhanc an Aontais, maidir le leibhéil reatha infheistíochta laistigh de AE a mhéadú, ar leibhéil iad atá faoi bhun na meán stairiúil agus nach bhfuil leordhóthanach chun uaillmhianta inbhuanaitheachta, eacnamaíocha agus an sóisialta AE agus uaillmhianta AE maidir le cruthú post a chomhlíonadh ná chun comhtháthú réigiúnach, nuálaíocht agus iomaíochas ar leibhéal AE a bhaint amach chomh maith le maoiniú ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear trí bhardais a fhreagraíonn do riachtanais na saoránach;

2. á aithint nach mór do AE agus do na Ballstáit níos mó a infheistiú sa chomhrac in aghaidh athrú aeráide, sa réabhlóid dhigiteach agus i seirbhísí poiblí;

 

3. ag tabhairt dá haire go bhfuil cúinsí eacnamaíochta ag dul in olcas, ar cúinsí iad ina bhfuil moill tugtha ar fhás iarbhír OTI agus ina bhfuil dúshláin dhomhanda ag cur leis an éiginnteacht atá ann; ag tabhairt dá haire a ísle atá leibhéil infheistíochta in AE le deich mbliana anuas; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh infheistíochta poiblí agus príobháidí in AE ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil;

 

4. ag tabhairt dá haire go leagtar béim i dTuarascáil Infheistíochta BEI 2019-2020 ar na dúshláin atá roimh AE ó thaobh iomaíochais de, amhail an méadú atá ag teacht ar neamhionannas agus leibhéil infheistíochta nach bhfuil leordhóthanach, go háirithe i dtaighde agus forbairt agus sa digitiú, ar rudaí iad lena gcuirtear todhchaí eacnamaíoch na hEorpa i mbaol; ag tathant ar BEI a sheacht ndícheall a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin ina chuid gníomhaíochtaí;

 5. ag tabhairt dá haire go ndearna BEI infheistíocht de EUR 64 bhilliún in 854 thionscadal in 2018; ag tabhairt dá haire nach bhfuil BEI ag cloí le prionsabal na stuamachta ach i gcás 0.3% d’iasachtaí neamhthuillmheacha;

6. á athdhearbhú gur gá dáileadh geografach mhaoiniú BEI a dhéanamh níos cothroime; á iarraidh ar BEI aghaidh a thabhairt ar easnaimh chórasacha lena gcuirtear cosc ar réigiúin nó tíortha áirithe lántairbhe a bhaint as a ghníomhaíochtaí airgeadais, inter alia, trína iarrachtaí a neartú chun a ghníomhaíochtaí iasachta a leathnú trí chúnamh teicniúil agus tacaíocht chomhairleach a sholáthar, go háirithe i réigiúin a bhfuil cumas íseal infheistíochta iontu, agus trí chomhairle a thabhairt maidir le forbairt tionscadal, d’fhonn fás cuimsitheach, agus cóineasú agus comhtháthú sóisialta agus críochach a chur chun cinn, agus aird á tabhairt ar chineál mhaoinithe BEI, atá bunaithe ar éileamh;

7. á iarraidh ar BEI ról tábhachtach a ghlacadh maidir le feabhas a chur ar mhaoiniú inbhuanaithe laistigh den Eoraip agus lasmuigh di, agus, trína ghníomhaíochtaí iasachtaithe, tús áite a thabhairt do chur chun feidhme na 17 Sprioc forbartha inbhuanaithe (SDGanna) de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe trí infheistíocht a scaoileadh tuilleadh i dtionscadail shóisialta, ghlasa agus inbhuanaithe;

8. á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leordhóthanach chun na socruithe a neartú maidir le cúnamh teicniúil, saineolas airgeadais agus forbairt acmhainní a chur ar fáil d’údaráis áitiúla agus réigiúnacha sula ndéanfar an tionscadal a fhormheas, chun inrochtaineacht a fheabhsú agus chun na Ballstáit go léir a bheith rannpháirteach ann; i ndáil leis sin, tá sí á iarraidh freisin go dtabharfaí tacaíocht mhéadaithe do sheirbhísí comhairleacha amhail Mol Comhairleach InvestEU, Jaspers, Elena agus Fi-compass; á iarraidh go rachfaí i mbun comhar níos déine le bainc agus institiúidí náisiúnta le haghaidh spreagtha;

9. á cur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí tráthúla atá á ndéanamh ag BEI chun tacú leis na tionscadail atá á maoiniú aige le linn chéim a gcur chun feidhme (trí shaineolaithe agus ionstraimí tacaíochta a sholáthar agus trí staidéir ullmhúcháin a dhéanamh); á iarraidh ar BEI agus ar an gCoimisiún a bheith ag obair le chéile chun tograí a tharraingt suas le haghaidh rannpháirtíocht níos córasaí ag foireann BEI i gcur chun feidhme tionscadal i dtíortha a iarrann an méid sin, go háirithe i réimsí ina bhfuil ardsaineolas ag teastáil nó i réimsí a bhfuil tábhacht straitéiseach don Aontas ag baint leo, amhail an comhrac in aghaidh an athraithe aeráide;

10. á cur in iúl gur díol sásaimh di an tacaíocht a thugann BEI do chuspóirí comhtháthaithe, tacaíocht arbh ionann í agus os cionn EUR 200 billiún idir 2009 agus 2018 amháin;

11. á iarraidh ar BEI béim a leagan ar a chomhairliúcháin leis na geallsealbhóirí uile a ndéanann a thionscadail difear dóibh, go háirithe pobail áitiúla, an tsochaí shibhialta agus an pobal i gcoitinne;

12. á mheas gur gnéithe bunúsacha iad nuálaíocht agus scileanna chun fás inbhuanaithe a áirithiú agus poist ardcháilíochta a chruthú agus chun iomaíochas fadtéarmach a chur chun cinn; á cur in iúl gur díol sásaimh di gur thug BEI tacaíocht de EUR 13.5 billiún do nuálaíocht agus scileanna in 2018; ag dréim leis go leanfadh BEI de thacaíocht a thabhairt do nuálaíocht agus scileanna;

13. á mheas nach mór don Eoraip dlús a chur le glacadh teicneolaíochtaí digiteacha agus le hinfheistíocht i mbonneagar digiteach agus i scileanna digiteacha chun go leanfadh sí de bheith iomaíoch; á iarraidh ar BEI aghaidh a thabhairt ar an aistriú teicneolaíoch, agus tacaíocht fheabhsaithe á tabhairt don digitiú;

14. á mheas go bhfuil na 10 gcaighdeán a leagtar síos i lámhleabhar sóisialta agus comhshaoil BEI ríthábhachtach agus gur réamhchoinníoll iad maidir le bheith rannpháirteach ina chuid oibríochtaí iasachtaithe, lena n-áirítear sna réimsí seo a leanas: truailliú a chosc agus a mhaolú, bithéagsúlacht agus éiceachórais, caighdeáin a bhaineann leis an aeráid, oidhreacht chultúrtha, athlonnú neamhdheonach, cearta agus leasanna grúpaí leochaileacha, caighdeáin saothair, sláinte ag an obair agus sláinte phoiblí, sábháilteacht agus slándáil, agus rannpháirtíocht geallsealbhóirí;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar bheith á áirithiú go dtacóidh rialacha fioscacha AE le hiarrachtaí sa todhchaí chun leibhéal na hinfheistíochta poiblí in AE a mhéadú, rud a fhágfaidh go mbeidh BEI in ann an infheistíocht sin a ghiaráil;

16. á mheas gur cheart prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur san áireamh sna critéir mheastóireachta a ghabhann le tionscadail shóisialta; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé meastóireachtaí ex-ante agus ex-post a dhéanamh ar an inbhuanaitheacht, an iomaíochas agus an tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil a ghabhann le tionscadal;

17. ag cur in iúl gur ábhar sásaimh di na bearta atá déanta ag BEI do dtí seo; á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar a thuairisciú agus meastóireacht ar na torthaí iarbhír a baineadh amach agus ar a anailís ar thionchar iarbhír eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil a chuid infheistíochtaí;

18. á iarraidh ar BEI obair leantach a dhéanamh ar na conclúidí atá sa Tuarascáil Speisialta an 03/2019 ón gCúirt Iniúchóirí, ar tuarascáil í ina ndearnadh measúnú an raibh an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí (CEIS) éifeachtach maidir le maoiniú a thiomsú chun tacú le hinfheistíochtaí breise laistigh den Aontas ina iomláine; ag tabhairt dá haire gur thángthas ar an gconclúid sa tuarascáil nach ndearnadh le roinnt oibríochtaí de chuid CEIS ach oibríochtaí eile de chuid BEI a ionadú agus gur caitheadh roinnt den mhaoiniú ar thionscadail a d’fhéadfadh foinsí eile maoinithe phoiblí nó phríobháidigh a úsáid, rud a d’fhág go raibh róluacháil ann i roinnt cásanna maidir leis an méid iarbhír a spreagadh infheistíochtaí breise le tacaíocht CEIS;

19. á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh an phríomhsprioc chainníochtúil atá ag CEISanna, is é sin EUR 500 billiún breise d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a shlógadh, ina phríomhdhreasadóir ratha don chistiú ach gur cheart go mbeadh spriocanna intomhaiste maidir le hinbhuanaitheacht, breisíocht, clúdach geografach agus tionchar sóisialta ar a laghad chomh tábhachtach céanna i straitéisí infheistíochta a bheidh ann amach anseo;

20. á iarraidh ar BEI an sciar de mhaoiniú CEIS agus InvestEU a mhéadú le haghaidh tionscadail a rannchuidíonn go suntasach le hinbhuanaitheacht agus cuspóirí sóisialta AE, i gcomhréir le rialacháin ábhartha de chuid AE; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil modheolaíochtaí díonta inbhuanaitheachta InvestEU ag teacht go hiomlán le cuspóirí inbhuanaitheachta AE, agus go gcuirfear prionsabail Cholún na gCeart Sóisialta san áireamh sna critéir mheastóireachta; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé meastóireachtaí ex-ante agus ex-post a dhéanamh ar inbhuanaitheacht, iomaíochas agus tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil tionscadal;

21. á mheas go bhfuil gá le tuilleadh meastóireachta seachtraí ar chineál breise bheartas iasachtaithe BEI, agus gur cheart torthaí na meastóireachta sin a chur ar fáil don phobal;

22. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, tar éis fhoilsiú thorthaí na meastóireachta seachtraí, gur cheart breithniú a dhéanamh an bhfuil gá le méadú ginearálta a dhéanamh ar chaipitliú BEI ionas go bhféadfadh tuilleadh iasachtaí níos fadtéarmaí agus ionstraimí nuálacha a bheith ann i maoiniú tionscadal, ar iasachtaí agus ionstraimí iad lena ngabhfadh inbhuanaitheacht fhéideartha shubstaintiúil, gnóthachain shóisialta agus gnóthachain nuálaíochta, lena n-áirítear tionscadail lena gcruthaítear fás inbhuanaithe agus lena laghdaítear neamhionannas;

23. á iarraidh ar BEI dlúthchomhordú, comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú idir beartais, ionstraim chistiúcháin agus infheistíochtaí AE, d’fhonn forluí a sheachaint agus sineirgí cistiúcháin a fheabhsú;

BEI a bheith níos dírithe ar an aeráid agus ar aistriú cothrom

24. á cur in iúl gur díol sásaimh di na cinntí a rinne Bord Bainistíochta BEI an 14 Samhain 2019 chun beartais BEI a ailíniú leis an sprioc an téamh domhanda a theorannú go huasmhéid 1.5°C os cionn leibhéil réamhthionsclaíocha;

25. á aithint go bhféadfadh sé go mbeadh gá le níos mó rioscaí a bheith á nglacadh ag BEI, go háirithe in earnálacha agus réigiúin is lú a ndéantar infheistíocht iontu, chun na huaillmhianta thuasluaite agus na huaillmhianta sin a chuirtear chun cinn sa Chomhaontú Glas a bhaint amach, ar choinníoll go gcomhlíonfadh an t-iasachtú sin critéir incháilitheachta BEI agus go gcoinneodh BEI an rátáil AAA atá aige;

26. á chur in iúl gur díol sásaimh di gurb é BEI an t-eisitheoir is mó ar domhan de bhannaí glasa agus gur ceannródaí é maidir leis na bannaí glasa rathúla a sheoladh, ar bannaí iad lenar tiomsaíodh os cionn EUR 23 bhilliún thar 11 bhliain, agus margadh domhanda na mbannaí glasa ar luach níos mó ná EUR 400 billiún anois; ag tabhairt dá haire gur mórdhúshlán a bhí ann caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos chun snas glas a sheachaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di Bannaí Feasachta nua BEI maidir le hInbhuanaitheacht, a seoladh in 2018 agus a ceapadh chun tacú leis an infheistíocht a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos maidir leis na bannaí nua sin chun a áirithiú go mbeidh tionscadail trédhearcach, infhíoraithe agus intomhaiste; á iarraidh ar BEI leanúint d’eisiúint bannaí glasa a leathnú, ar bannaí iad atá dírithe ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais Eorpaigh a éascú agus atá le bheith á gceannach ag an mBanc Ceannais Eorpach, agus chun cabhrú le margadh na mbannaí glasa a fhorbairt, bunaithe ar obair faoi Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú, lena n-áirítear Tacsanomaíocht Airgeadais Inbhuanaithe AE;

27. á iarraidh go ndéanfaí an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) a chomhtháthú go hiomlán i mbearta aeráide uile BEI; á iarraidh ar CEI breis tosaíochta a thabhairt do riachtanais nuálaíochta don aistriú chuig Eoraip atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de; á iarraidh air a áirithiú, ina chuid infheistíochtaí uile, go rachaidh sé i mbun teagmháil ghníomhach le cuideachtaí infheistíochta maidir lena nochtaí a bhaineann leis an aeráid a fheabhsú, a n-astaíochtaí a laghdú, agus infheistíocht a threorú i dtreo roghanna malartacha costéifeachtacha (e.g. éifeachtúlacht fuinnimh nó díonadh ar an athrú aeráide le haghaidh athléimneachta);

28. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur bhain 29% d’iasachtú BEI in 2018 leis an aeráid;

29. á iarraidh ar BCE, laistigh dá athbhreithniú straitéiseach leanúnach, fiosrú a dhéanamh maidir le huirlisí chun tacú le BEI agus chun comhordú a dhéanamh le BEI, go háirithe ina ról mar bhanc aeráide AE, go háirithe i dtaca leis an aistriú glas agus inbhuanaitheacht an gheilleagair a mhaoiniú;

30. á mheabhrú gur glacadh straitéis aeráide BEI in 2015 in éineacht lena earnálacha incháilithe agus lena chritéir incháilitheachta don aeráid agus don Straitéis um Chur Chun Feidhme Aeráide; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú in 2020 ar an Straitéis Cur Chun Feidhme le haghaidh ailíniú Pháras, lena n-áirítear treochlár nithiúil chun an sprioc ghráinneach de 50%[3] a bhaint amach faoi 2025, chomh maith le ráthaíochtaí do neodracht aeráide an iasachtaithe a bheidh fágtha tar éis próisis chomhairliúcháin phoiblí, ar próiseas é a bheidh oscailte agus trédhearcach; á iarraidh ar BEI páirtithe leasmhara agus pobal níos leithne a chur ar an eolas a luaithe a ghlacfar na doiciméid; á mheabhrú do BEI nach mór infheistíochtaí glasa a bheith inmharthana agus nach mór comhtháthú idir na Ballstáit a éascú;

31. á iarraidh go ndéanfaí na critéir incháilitheachta don ghníomhú ar son na haeráide a neartú chun an riosca a sheachaint nach dtiocfadh laghduithe suntasacha ar gháis cheaptha teasa (GCT) as infheistíochtaí, trí chomhleanúnachas le reachtaíocht ábhartha AE a áirithiú agus trí ghníomhaíochtaí BEI a ailíniú leis an gcreat nua tacsanomaíochta; á mheas gur cheart go mbeadh foráil ghinearálta maidir le ‘gan dochar a dhéanamh’ mar bhonn taca d’oibríochtaí uile BEI agus gur cheart í a áireamh ina dhearbhú maidir le caighdeáin chomhshaoil agus shóisialta, ar foráil í nach mór a athbhreithniú in 2020 agus a ailíniú leis an gcuspóir téimh dhomhanda de 1.5°C;

32. á cur in iúl gur díol sásaimh di modheolaíocht athbhreithnithe BEI le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar lorg carbóin agus á iarraidh go ndéanfaí í a chur chun feidhme go cuimsitheach, agus béim ar leith á leagan ar astaíochtaí a ghabhann le héileamh imeallach agus ar astaíochtaí indíreacha (‘cineál 3’); ag iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach ar thionscadail agus ní hé amháin trí anailís saolré eacnamaíche ar a n-astaíochtaí; á iarraidh go mbeadh cuntasaíocht dhian aeráide san áireamh, go háirithe agus meastóireacht airgeadais á déanamh ar thionscadail le haghaidh rianú aeráide i dtaca le hacmhainní leithdháilte agus caiteachas iarbhír; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí nuashonrú ar an meastachán ar ríomh na rátaí úsáide;

33. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart do BEI a cheangal ar a chliaint idirmheánacha a neamhchosaint ar bhreoslaí iontaise a nochtadh, agus gur cheart dóibh srianta a chur i bhfeidhm de réir a chéile maidir le hidirghabhálaithe atá neamhchosanta go mór; ag dréim leis, faoi dheireadh 2025, go mbeidh plean dícharbónaithe ag gach idirghabhálaí, ós rud é go bhfuil sé sin fíor-riachtanach chun go leanfaí dá maoiniú; á chur i bhfáth nár cheart go bhfeidhmeodh na ceanglais nua sin chun dochair don rochtain ar mhaoiniú atá ag FBManna;

34. á chur in iúl gur díol sásaimh di go raibh deireadh curtha cheana ag BEI in 2013, go héifeachtach, lena thacaíocht d’earnáil an ghuail nuair a ghlac sé leagan 2013 dá bheartas maidir le hiasachtú fuinnimh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, i gcomhréir le dea-chleachtais in earnáil na baincéireachta tráchtála[4], gur cheart go mbeadh maoiniú BEI faoi réir plean aistrithe eolaíochtbhunaithe lena ngabhfadh spriocanna soiléire agus gealltanais ambhunaithe chun ailíniú le Comhaontú Pháras, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile lena tacaíocht do thionscadail a dtagann astaíochtaí suntasacha GCT as a gcuid gníomhaíochtaí; á iarraidh ar BEI comhairle a chur ar fáil maidir le conas is féidir le cuideachtaí dícharbónú;

35. á iarraidh ar BEI clásail a chur san áireamh i ndoiciméadacht mhaoiniúcháin, ar clásail iad lena gceanglófaí ar thairbhithe a iasachtaí gealltanas a thabhairt go ndéanfaidís cuspóir dícharbónaithe a d’fhéadfadh a bheith san áireamh ina n-iarratas ar iasacht a bhaint amach go hiomlán; á mheas gur cheart foráil a bheith i gclásail den sórt d’eisíocaíochtaí a bheith ag brath ar chomhlíonadh sásúil na ngealltanas sin agus, i gcásanna ina bhfuil eisíocaíochtaí le déanamh roimh bhaint amach na gcuspóirí dícharbónaithe, gur cheart go mbeadh córas éifeachtach slánaíochta ex-post ann;

36. á chur in iúl gur díol sásaimh di beartas nua BEI maidir le hiasachtaí fuinnimh, go háirithe an acmhainneacht a ghabhann leis chun athrú o bhonn a dhéanamh i measc institiúidí airgeadais ó thaobh éifeachtaí iarmhartacha ar bhainc eile; á chur in iúl gur díol sásaimh di go gcumhdaítear leis an mbeartas idirghabhálaithe airgeadais tosaíocht a thabhairt don éifeachtúlacht fuinnimh agus don fhuinneamh in-athnuaite, agus tagairt dhearfach á déanamh aici do phobail fuinnimh agus do mhicreaeangacha, agus don acmhainneacht a léirítear leis maidir le tacaíocht airgeadais mhéadaithe d’fhoinsí áitiúla fuinnimh chun deireadh a chur le spleáchas mór na hEorpa ar fhoinsí seachtracha foinse fuinnimh agus chun soláthairtí a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil feidhm ag eisceachtaí maidir le tionscadail áirithe gáis a fhormheas go dtí deireadh 2021, agus go bhféadfaí leanúint de thacaíocht a thabhairt do thionscadail gáis atá beartaithe le haghaidh gáis ísealcharbóin a iompar; á chur i bhfáth go bhfuil riosca ag baint le hinfheistíocht a dhéanamh i sócmhainní tréigthe trí iasachtaí do bhonneagar breoslaí iontaise; á iarraidh ar BEI a shoiléiriú nach dtionscnóidh sé aon bhreithmheas ar aon tionscadal a bhaineann le breosla iontaise nach raibh tíolactha chuige roimh an 14 Samhain 2019; á iarraidh go ndéanfaí an beartas sin a athbhreithniú go rialta agus go ndéanfaí é a choinneáil i gcomhréir leis an Tacsanomaíocht Eorpach um Maoiniú Inbhuanaithe, agus, a luaithe a bheidh sé glactha go foirmiúil, go mbainfí úsáid as mar thagarmharc dá infheistíochtaí aeráide agus comhshaoil, ionas go leanfadh sé de bheith comhsheasmhach le bealach atá comhoiriúnach leis an téamh domhanda a theorannú go leibhéal faoi bhun 1.5°C, chomh maith le gníomhaíochtaí seachtracha nua a fhorbairt in AE;

37. á áitiú go ndéanfaidh BEI prionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a chur chun feidhme ina chuid iasachtaithe fuinnimh uile, agus tionchar na héifeachtúlachta fuinnimh ar éileamh amach anseo agus a rannchuidiú le slándáil fuinnimh á gcur san áireamh;

38. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur príomhthosaíocht é an t-athbhreithniú ar bheartas BEI maidir le hiasachtú iompair; á iarraidh go ndéanfaí beartas nua maoinithe iompair chun earnáil iompair AE a dhícharbónú faoi 2050 a ghlacadh go mear; á chur i bhfios go láidir gur cheart do BEI leanúint dá rannpháirtíocht i maoiniú na nuálaíochta agus na teicneolaíochta glaise don eitlíocht, lena n-áirítear bithbhreoslaí inbhuanaithe, leictriú agus teicneolaíocht hibrideach a fhorbairt, chun an eitlíocht a dhícharbónú agus chun príomhsprioc Chomhaontú Pháras a bhaint amach;

39. á iarraidh go ndéanfaí beartais nua a chur chun feidhme sna hearnálacha tionsclaíocha ar mó a lorg carbóin agus a bhfuil BEI gníomhach iontu, amhail earnálacha na stroighne, na bpeitriceimiceán agus na cruach, agus aird á díriú ar inbhuanaitheacht na n-earnálacha sin agus ar chur chun cinn geilleagair chiorclaigh bunaithe ar thimthriallta ábhair neamhthocsaineacha, d’fhonn gach iasacht earnála uile a ailíniú le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; á mheabhrú nach féidir athrú mórscála a bhaint amach ach amháin má chuirtear earnáil na tionsclaíochta san áireamh;

40. á mheabhrú do BEI gur príomhghné den oiriúnú don athrú aeráide í cosaint na bithéagsúlachta agus gurb é athbhunú na n-éiceachóras an t-aon teicneolaíocht chruthaithe ó thaobh astaíochtaí diúltacha de; á iarraidh ar BEI comhpháirteanna le haghaidh díonadh bithéagsúlachta a fhorbairt tuilleadh ina ionstraimí airgeadais chun éifeachtaí díobhálacha ar an mbithéagsúlacht a sheachaint; á iarraidh freisin ar BEI gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh sé deireadh a chur le maoiniú tionscadal a rannchuidíonn le cailliúint agus díghrádú na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras agus a rannchuidíonn leis an dífhoraoisiú neamhdhleathach, go ndéanfaidh sé méadú suntasach ar a chistiú d’fhonn cuspóirí an AE a bhaint amach sa réimse sin, go háirithe an cuspóir maidir le glandífhoraoisiú nialasach agus cuspóirí na cosanta muirí agus cósta, agus go dtabharfaidh sé tacaíocht do ghníomhaíochtaí ar son na bithéagsúlachta agus an oiriúnaithe, do phríomhsheirbhísí éiceachórais amhail pailniú, agus do bhonneagar glas;

 41. ag cur in iúl gur díol sásaimh di na treoirlínte hidreachumhachta a glacadh in 2018[5] agus á iarraidh go ndéanfaí na ceanglais trédhearcachta a leathnú chuig na tionscadail bhonneagair uile, lena n-áirítear iad sin atá á maoiniú ag idirghabhálaí airgeadais;

42. á iarraidh ar BEI a bheith ag obair le gníomhaithe beaga margaidh agus le comharchumainn phobail chun tionscadail bheaga fuinnimh in-athnuaite a chomhdhlúthú agus, dá bhrí sin, a chur ar a gcumas na coinníollacha maidir le maoiniú BEI a chomhlíonadh;

Ról BEI sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus sa Sásra um Aistriú Cóir

43. á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ríthábhachtach ag BEI maidir leis na cuspóirí a leagtar amach sa Phlean Infheistíochta don Eoraip a bhaint amach agus maidir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an tSásra um Aistriú Cóir a shaothrú, agus á aithint a thábhachtaí atá na n-earnálacha príobháideacha agus poiblí araon maidir leis na spriocanna infheistíochta de EUR 1 thrilliún agus de 100 milliún faoin gComhaontú Glas don Eoraip agus faoin Sásra um Aistriú Cóir faoi seach a chur gcrích thar na seacht mbliana atá amach romhainn;

44. á mholadh do BEI tacú le tionscadail lena ndírítear ar aistriú cóir sna Ballstáit a éascú; á mheas, ós rud é go bhfuil pointí tionscnaimh éagsúla ag na Ballstáit éagsúla, gur cheart do BEI a thacaíocht a dhíriú ar na Ballstáit a bhfuil aistriú is mó le déanamh acu; á chur i bhfios go láidir nach mór nach bhfágfaí aon duine ar lár leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de; á iarraidh ar BEI, dá bhrí sin, tacaíocht leordhóthanach a áirithiú, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, do na réigiúin is mó atá buailte, agus cásanna agus cumais éagsúla eacnamaíocha na mBallstát á gcur san áireamh; á thabhairt chun suntais, go háirithe, go bhfuil gá le tacaíocht a bheith á tabhairt go réamhghníomhach i réimsí ina bhfuil poist atá ag brath faoi láthair ar thionscail a sceitheann a lán astaíochtaí, trí infheistíocht in oiliúint agus i ndeiseanna eacnamaíocha malartacha a sholáthar chun na hacmhainní riachtanacha príobháideacha agus poiblí a ghiaráil go héifeachtach agus chun an t-aistriú i dtreo geilleagar níos glaise a chur chun cinn;

45. á chur i bhfáth go bhfuil gá le cur chuige réamhghníomhach agus rannpháirtíoch chun a áirithiú go mbainfidh gach cuid den tsochaí tairbhe as an aistriú; á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do na réigiúin atá buailte (réigiúin mhianadóireachta guail, réigiúin ar mó a lorg carbóin, etc.), agus do phobail, agus don lucht oibre sna hearnálacha is mó atá buailte ag an dícharbónú, agus forbairt tionscadal comhpháirteach nua agus teicneolaíochtaí nua á cothú do na pobail agus do na réigiúin agus á cothú in éineacht leo;

46. á mheas, chun go mbeadh BEI mar bhanc aeráide ag an Aontas agus chun go mbeadh ról aige san aistriú cóir, nach mór dó sásraí a chur ar aghaidh chun ionchur ó gheallsealbhóirí éagsúla, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, ceardchumainn, ENRanna agus saineolaithe ábhartha, a ionchorprú ar bhealach níos fearr ina straitéis infheistíochta;

47. á iarraidh ar BEI gealltanas a thabhairt plean cothrom, comhleanúnach agus cuimsitheach a thíolacadh, i gcomhairle leis na Ballstáit agus na réigiúin agus i gcomhréir lena gcúinsí sóisialta agus geografacha, chun na hacmhainní riachtanacha príobháideacha agus poiblí a ghiaráil go héifeachtach agus chun an t-aistriú i dtreo geilleagar níos glaise a chur chun cinn; ag cur béim ar an bhfíoras, i ndáil leis an méid sin, nach mór aird ar leith a thabhairt ar chosaint na saoránach agus na n-oibrithe is mó a ndéanfaidh an t-aistriú difear dóibh, inter alia, trí rochtain a thabhairt ar chláir athscilithe agus infheistíochtaí a chur chun cinn in earnálacha eacnamaíocha nua, ar cláir iad lena gcruthófar poist nua d’ardchaighdeán;

Fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) agus cuideachtaí meánchaipitlithe

48. á chur in iúl gur díol sásaimh di toilteanas Ghrúpa BEI iomaíochas AE a fheabhsú agus a bheith ag tacú le fás agus le cruthú post, trí thacaíocht a thabhairt i réimsí lena n-áirítear nuálaíocht, FMBanna, bonneagar, comhtháthú sóisialta, aeráid agus an comhshaol;

49. á chur in iúl gur díol sásaimh di an tacaíocht airgeadais láidir a thugann BEI do FMBanna, agus infheistíocht iomlán de EUR 23.27 billiún tugtha aige in 2018, rud a chuaigh chun tairbhe do 374 000 cuideachta a bhfuil 5 mhilliún duine á bhfostú acu; ag tabhairt na dtorthaí i dtuarascáil infheistíochta 2019/2020 EIB dá haire, maidir le FBManna agus airgeadas meánchaipitlithe; á mheas go gcaithfidh tacaíocht a bheith á tabhairt do chuideachtaí meánchaipitlithe leanúint de bheith ina chuspóir bunúsach ag BEI, agus á thathant go mbeidh iarrachtaí méadaithe agus béim níos mó ar mhaoiniú na FBManna chun an bhearna chistiúcháin a laghdú do na cuideachtaí sin; á chur in iúl gur díol sásaimh di, ina leith sin, tairseach FBM i gciste InvestEU; ag cur i bhfáth an gá atá le díriú ar mhaoiniú fadtéarmach, go háirithe trí thacú le tionscadail nach maoineofaí murach sin, go háirithe i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus FMBanna; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, nach féidir gníomhaíochtaí maoinithe BEI a chur in ionad beartais fhioscacha inbhuanaithe sna Ballstáit;

50. ag tabhairt dá haire go bhfuil dhá oiread seans ann go mbeidh srian airgeadais ar FBManna, ó thaobh maoiniú seachtrach de, ná mar is amhlaidh i gcás ghnólachtaí móra, agus go bhfuil céatadán na ngnólachtaí ar fud an Aontais a bhfuil srian airgeadais orthu i raon ó 1% suas go 13%;

51. ag tabhairt dá haire gurb ionann maoiniú seachtrach do gach gnólacht ar fud AE agus díreach os cionn aon trian dá gcistiú infheistíochta;

52. á mheas, i bhfianaise an róil straitéisigh atá ag FBManna, gur cheart do BEI leanúint de bheith ag tabhairt tacaíocht airgeadais agus gur cheart dó a chumais riaracháin agus chomhairleacha a threisiú chun faisnéis agus tacaíocht theicniúil a sholáthar do FMBanna d’fhonn a rochtain ar mhaoiniú a éascú, agus na réigiúin bheagfhorbartha á gcur san áireamh;

53.  á chur i bhfáth, chun a uaillmhianta a bhaint amach, go bhféadfadh sé go mbeadh ar BEI dul i tuilleadh riosca, chomh maith lena chistí dílse a mhéadú agus saineolas in ionstraimí nuálacha airgeadais a fhorbairt; á iarraidh ar scairshealbhóirí BEI acmhainní leordhóthanacha a áirithiú lena chur ar a chumas ionstraimí nuálacha a úsáid chun tionscadail a mhaoiniú a bhfuil acmhainneacht shuntasach chun gnóthachain inbhuanaithe, sóisialta agus nuálacha a shaothrú; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí méadú ginearálta ar chaipitliú BEI tar éis fhoilsiú thorthaí na meastóireachta seachtraí, ionas go bhféadfadh iasachtaí níos fadtéarmaí agus ionstraimí nuálacha a bheith ag gabháil le maoiniú do thionscadail a bhféadfadh inbhuanaitheacht shubstaintiúil agus gnóthachain shóisialta agus nuálaíochta teacht astu, lena n-áirítear tionscadail a chruthaíonn poist inbhuanaithe agus a laghdaíonn neamhionannas, chomh maith le caipiteal fáis chun a chur ar chumas FMBanna a n-oibríochtaí a uas-scálú; ag cur béim ar an tábhacht atá leis an toisc bhreisíochta atá le bheith á soláthar ag BEI maidir le hinfheistíochtaí ar fud AE, agus leis an gcomhar le comhpháirtithe iomadúla; ag tabhairt le fios, thairis sin, go bhfuil sé i gceist freisin leis an mbreisluach a sholáthraítear le maoiniú BEI comhairle theicniúil agus forbairt acmhainní a chur ar fáil chun cabhrú le tionscadail a bheith réidh le haghaidh infheistíochta agus chun an méid is féidir den chothromaíocht gheografach a áirithiú;

54. á moladh go ndeánfadh BEI a phunann FBM a ghlasú tuilleadh, mar shampla trí scaireanna níos airde a chur i leataobh le haghaidh tionscadail níos glaise agus trí thacaíocht a thabhairt do bhainc idirmheánacha le haghaidh táirgí a chur ar bun lena spreagfar éifeachtúlacht fuinnimh nó fuinneamh inathnuaite; á mholadh, ina theannta sin, go dtacódh BEI le digitiú FMB d’fhonn an deighilt dhigiteach a dhúnadh;

55. ag ceistiú, sa chomhthéacs sin, achomharc infheistíochta BEI i leith gnólachtaí beaga agus á fhiafraí an bhfuil srian iomarcach air mar gheall ar na srianta atá air maidir le cistiú tionscadal a bhfuil riosca suntasach ag baint leo;

Iasachtú lasmuigh de AE

56. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil BEI gníomhach i mbreis agus 130 tír lasmuigh de AE, agus iasachtaí á dtabhairt aige do thionscadail chun tacú le comhar seachtrach AE agus le beartas forbartha;

57. ag tabhairt dá haire go ndearna BEI conarthaí maoinithe a shíniú in 2018 le haghaidh 101 thionscadal nua lasmuigh de AE, agus maoiniú faofa de EUR 9.05 billiún ag gabháil leo, ar tionscadail iad lena ndírítear ar infheistíochtaí iomlána de EUR 41 bhilliún a chumasú, le leibhéil iasachtaithe níos airde ná a bhí ann riamh i leith na haeráide agus i leith an bhonneagair shóisialta agus eacnamaíoch;

58. á thathant ar BEI, an t-iasachtóir iltaobhach is mó ar domhan, a ról ceannasach a choinneáil i maoiniú AE amach anseo agus maoiniú inbhuanaithe a chothú lasmuigh den Eoraip, agus ról lárnach á choinneáil aige i mbunú sásraí maoinithe AE do thríú tíortha;

59. ag tabhairt dá haire go dtéann thart ar 10% d’iasachtú BEI chuig tríú tíortha agus go leithdháiltear an chuid is mó den tacaíocht ar na Tíortha Meánioncaim Uachtair, agus gan ach roinnt bheag oibríochtaí á maoiniú sna Tíortha is Lú Forbairt;

60. ag tabhairt dá haire go bhfuil meastóireacht déanta ag an gCoimisiúin ar ráthaíocht an Aontais do BEI in aghaidh caillteanais faoi oibríochtaí maoiniúcháin lena dtugtar tacaíocht do thionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas; á mheas gur cheart do BEI feabhas a chur ar chomhleanúnachas agus ailíniú a chuid iasachtaithe seachtraí le spriocanna bheartais eachtracha agus forbartha agus le hidirghabhálacha na mBallstát, chun an tacaíocht is fearr is féidir a thabhairt do chuspóirí beartais AE;

61. á mholadh do BEI feabhas a chur ar a shaineolas maidir le tionscadail forbartha, go háirithe tionscadail a bhaineann le hiasachtaí díreacha don earnáil phríobháideach;

62. á mholadh do BEI comhar áitiúil a fheabhsú, lena n-áirítear roimh chur chun feidhme na dtionscadal agus lena linn, agus comhar le toscaireachtaí AE a fheabhsú;

63. á mheas gur cheart do BEI feabhas a chur ar an bhfaireachán a dhéanann sé ar thionscadail agus feabhas a chur ar a thuairisciú agus meastóireacht ar na torthaí iarbhír a bhaintear amach agus ar a anailís ar thionchair iarbhír eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil; á mholadh, dá bhrí sin, go ndéanfaí líon na mball foirne áitiúil i dtíortha comhpháirtíochta a mhéadú;

64. ag tabhairt dá haire go bhfuil méid an mhaoinithe a bhaineann leis an aeráid, a síníodh in 2014-2018, os cionn sprioc an tsainordaithe iasachta sheachtraigh (ELM) de 25%;

65. á iarraidh ar BEI leas iomlán a bhaint as clásail chonarthacha lena gcuirtear ar a chumas eisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcásanna nach gcomhlíonann tionscadail caighdeáin chomhshaoil, shóisialta, chearta an duine, chánach agus trédhearcachta;

66. ag tabhairt dá haire go dtéann thart ar 40% d’oibríochtaí ELM trí idirghabhálaithe, agus á iarraidh ar BEI faisnéis níos cuimsithí agus níos rialta a sholáthar maidir le hathdháileadh iasachtaí ag idirghabhálaithe airgeadais; á iarraidh ar BEI a sheiceálacha a choinneáil ar siúl ar iasachtaí a leithdháiltear trí idirghabhálaithe airgeadais neamháitiúla; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis na Bainc agus Institiúidí Náisiúnta le haghaidh Spreagadh (NPBInna), a thábhachtaí atá sé, ar thaobh amháin, athmhachnamh a dhéanamh ar a gcaidreamh le BEI, leis an mBanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus leis na bainc forbartha, chun comhleanúnachas idir a sainorduithe faoi seach a áirithiú, agus, ar an taobh eile, a gcomhar leis an gCoimisiún, le BEI agus le húdaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla a neartú, chun tuilleadh sineirgí a chruthú idir Cistí ESI agus ionstraimí maoinithe BEI agus iasachtaí BEI, chun ualaí airgeadais a laghdú, nósanna imeachta a shimpliú, acmhainneacht riaracháin a mhéadú, borradh a chur faoi fhorbairt chríochach agus faoi chomhtháthú críochach, agus chun Cistí ESI agus maoiniú BEI a dhéanamh níos infheicthe;

67. ag tabhairt tuarascáil mheastóireachta BEI 2017 de mhí Iúil 2017 dá haire, ar tuarascáil í maidir le hiasachtú arna thabhairt trí idirghabhálaithe i dtíortha ACC (réigiún na hAfraice, Mhuir Chairib agus an Aigéin Chiúin)[6]; á chur in iúl gur cúis imní di an easpa fhollasach rialaithe ar na cistí atá á mbainistiú ag idirghabhálaithe airgeadais agus an deacracht a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar thairbhí na n-iasachtaí; á chur i bhfáth, go háirithe, go raibh thart ar 30% d’iasachtú ann, arna dhéanamh trí idirghabhálaithe, nach ndearnadh a chur i leataobh go sonrach idir 2015 agus 2018[7];

68. ag tabhairt dá haire go ndéantar prionsabail chearta an duine a chomhtháthú i bpríomhnósanna imeachta agus príomhchaighdeáin an Bhainc maidir le dícheall cuí; á thathant ar BEI, i gcomhthéacs an athbhreithnithe a dhéanfar amach anseo ar a bheartas comhshaoil agus ar a bheartas caighdeán sóisialta, chun a straitéis um chearta an duine a neartú, lena n-áirítear an riosca go ndéanfaí bearta díoltais i gcoinne chosantóirí chearta an duine agus i gcoinne sceithirí eolais, agus chun urraim a thabhairt don riachtanas maidir le pobail áitiúla a chur ar an eolas go cuí agus maidir le dul i gcomhairle leo; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart an beartas sin a chur i gcrích trí mheasúnú a dhéanamh ar rioscaí maidir le cearta an duine, agus, go háirithe, gur cheart modheolaíocht a bheith ann chun tionchair dhiúltacha ar chosantóirí chearta an duine a sheachaint, chomh maith le freagairtí leordhóthanacha ba cheart a bheith ann freisin, inter alia, tríd an gceart éifeachtach chun rochtain a fháil ar fhaisnéis a ráthú agus tríd an gceanglas i ndáil le fíorchomhairliúchán ex-ante le daoine dúchasacha a ndéanann an infheistíocht difear dóibh; á mheas gur cheart go n-áireofaí sa straitéis freisin an measúnú córasach ar rioscaí maidir le cearta an duine, lena n-áirítear meastóireacht ex ante, agus faireachán leanúnach ar an láthair; á iarraidh ar BEI clásail a áireamh ina chonarthaí, ar clásail iad lena gceadófaí eisíocaíochtaí a bheith á gcur ar fionraí i gcás sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine nó ar chaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta, agus a áirithiú go mbeidh rochtain éasca ar shásraí gearáin fiú do phobail iargúlta agus imeallaithe agus go mbeidh na sásraí gearáin sin tráthúil agus éifeachtach;

69. á chur in iúl gur díol sásaimh di go bhfuil speisialtóirí ar chearta an duine á bhfostú cheana ag BEI agus á mholadh go ndéanfadh sé tuilleadh speisialtóirí den sórt sin a earcú ó thíortha comhpháirtíochta, ionas go mbeadh tuiscint níos fearr aige ar chásanna áitiúla agus ionas gur féidir leis faireachán a dhéanamh ar aon mhí-úsáidí;

70. á chur in iúl gur díol sásaimh di an Meabhrán Tuisceana a bheith sínithe ag BEI agus ag Gníomhaireacht um Chomhar Idirnáisiúnta na Seapáine (JICA) an 26 Meán Fómhair 2019, rud lena lamhálfar cómhaoiniú agus comhinfheistíocht bhreise a dhéanamh i dtíortha i mbéal forbartha; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go neartaíonn an comhoibriú sin an chomhpháirtíocht straitéiseach thábhachtach idir BEI agus JICA maidir le bheith ag tacú le tionscadail i dtríú tíortha a thugann aghaidh ar shaincheisteanna domhanda;

71. ag tabhairt na ráiteas dá haire a thug Uachtarán BEI, Werner Hoyer, le déanaí maidir le BEI a bheith ag díriú ar fhorbairt; ag tabhairt dá haire freisin go bhfuil fochuideachta forbartha thiomnaithe molta ag BEI, an Banc Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe; á iarraidh ar BEI dul i mbun idirphlé leis an bParlaimint maidir lena phleananna chun fochuideachta a bhunú lena ndéanfar a ghníomhaíochtaí forbartha a chomhtháthú, go háirithe i gcomhthéacs na bpléití leis an gComhairle tar éis fhoilsiú na tuarascála ón nGrúpa Ardleibhéil Saoithe ar an Ollstruchtúr Airgeadais Eorpach don Fhorbairt;

72. á iarraidh ar BEI na cleachtais is fearr a leanúint agus prionsabal an tsaorthoilithe fheasaigh roimh ré a leathnú chuig na pobail uile a ndéantar difear dóibh i gcás infheistíochtaí atá bunaithe ar thalamh agus ar acmhainní nádúrtha, seachas aghaidh a thabhairt ar dhaoine dúchasacha amháin;

Rialachas, trédhearcacht agus cuntasacht

73. á mheabhrú gur cheart go mbeadh feidhm ag prionsabail chéanna na cuntasachta agus na trédhearcachta maidir le comhlachtaí uile AE[8]; á áitiú, maidir leis an ról eacnamaíoch méadaithe atá ag Grúpa BEI agus an méadú atá tagtha ar a acmhainneacht infheistíochta agus an úsáid a bhaineann BEI as ráthaíocht bhuiséadach AE chun a oibríochtaí a ráthú, nach mór go mbeadh dlúthbhaint acu sin le trédhearcacht, freagracht agus cuntasacht maidir lena oibríochtaí eacnamaíocha, leis an úsáid a bhaineann sé as ráthaíocht bhuiséadach AE, le breisíocht oibríochtaí BEI, agus le pleananna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo maidir le fochuideachta forbartha a bheith ag BEI; á iarraidh go rachfaí i mbun cinnteoireacht thrédhearcach agus dlúthchomhar le hinstitiúidí AE chun comhleanúnachas agus inchreidteacht na gcuspóirí a leagtar amach a áirithiú; ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas trédhearcachta Ghrúpa BEI bunaithe ar thoimhde nochta, agus á mheabhrú do BEI go bhfuil oibleagáidí dlíthiúla air faoi Choinbhinsiún Aarhus maidir le rochtain ar fhaisnéis, rannpháirtíocht an phobail sa chinnteoireacht agus rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil in AE;

74. ag tacú leis an ngealltanas a thug BEI, faoin tríú straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú (D&I), lena gcumhdaítear tréimhse 2018-2021, chun líon na mban ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach a mhéadú go 50% faoi 2021; á iarraidh ar BEI a áirithiú go gcomhlíonfaidh sé a chuspóir Deimhniú um Díbhinní Eacnamaíocha don Chomhionannas Inscne (EDGE) a fháil sna dá mhí dhéag amach romhainn;

75. á chur in iúl gur díol sásaimh di, mar a mholtar sna tuarascálacha is déanaí ón bParlaimint, go bhfuil achoimrí poiblí ar chruinnithe an Choiste Bainistíochta le soláthar anois; á chur i bhfáth gur gá ábhar chruinnithe chomhlachtaí rialaithe BEI uile a fhoilsiú ar bhealach córasach, agus á iarraidh go mbeadh níos mó trédhearcachta ann maidir le cruinnithe an Choiste Bainistíochta agus maidir lena dtorthaí;

76.  á iarraidh ar BEI, i gcomhréir le reachtaíocht AE, faisnéis a bhaineann le hiasachtaí díreacha a fhoilsiú le haghaidh gach tionscadail, faoi réir formheas a fháil ón gCoiste Bainistíochta, lena n-áirítear trí thuairim an Choimisiúin maidir le gach tionscadal agus tuairim an Bhallstáit ina bhfuil an tionscadal lonnaithe, chomh maith leis na bileoga Tomhais Torthaí (ReM) arna iarraidh sin;

77. á iarraidh ar BEI athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas trédhearcachta in 2020 d’fhonn faisnéis níos cuimsithí a fhoilsiú go tráthúil maidir lena ghníomhaíochtaí maoinithe, chun a áirithiú go mbeidh a bheartas trédhearcachta i gcomhréir lena ghealltanais shóisialta, aeráide agus chomhshaoil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá comhleanúnachas ghníomhaíochtaí BEI le beartais AE;

78. á iarraidh ar BEI trédhearcacht agus rochtain ar fhaisnéis a fheabhsú tuilleadh, go háirithe maidir leis an gcóras conraitheoireachta agus fochonraitheoireachta, maidir le torthaí imscrúduithe inmheánacha agus maidir le roghnú, faireachán agus meastóireacht i dtaca lena chuid gníomhaíochtaí agus clár;

79. á iarraidh ar BEI an leibhéal is airde sláine dá chuid idirghabhálaí airgeadais a áirithiú, agus á iarraidh air go mbeadh a gcuid iasachtaí faoi réir na gceanglas trédhearcachta céanna a bhfuil cineálacha eile iasachta faoina réir; á iarraidh ar BEI scor de bheith ag obair le hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil cuntas teiste diúltach acu maidir le trédhearcacht, calaois, éilliú, coireacht eagraithe nó sciúradh airgid, nó maidir le hurraim do chearta an duine; á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh na ceanglais nua sin chun dochair don rochtain ar mhaoiniú atá ag FBManna;

80. á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcreat rialála lena rialaítear dualgas cúraim BEI, go háirithe chun a théarmaí conarthacha i leith a chliant a neartú, mar shampla maidir le calaois agus éilliú;

81. á iarraidh ar BEI feabhas a chur ar rannpháirtíocht na bpáirtithe leasmhara agus ar phróisis chomhairliúcháin phoiblí a bhaineann le tionscadail a mhaoiníonn sé; á iarraidh ar BEI maoirseacht agus faireachán níos fearr a dhéanamh ar na céimeanna éagsúla de rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí agus a áirithiú, trí cheanglais cheangailteacha, go mbeidh cosaintí láidre i bhfeidhm ag tionscnóirí tionscadail;

82. á iarraidh ar BEI dlús a chur lena oibleagáidí díchill chuí i gcomhréir le reachtaíocht AE i gcoinne sciúradh airgid, agus creat rialála iomlán a sholáthar a chuirfidh ar a chumas rannpháirtíocht i ngníomhaíocht neamhdhleathach a chosc go héifeachtach agus córas cuí smachtbhannaí a áirithiú i gcás nach gcomhlíonfar dlí AE;

83. ag dréim leis go ndéanfadh BEI a bheartais inmheánacha a oiriúnú chun an creat dlíthiúil nua a chur san áireamh, ar creat dlíthiúil é a cuireadh i bhfeidhm ní hamháin chun dul i ngleic le calaois chánach ach chun dul i ngleic le himghabháil chánach agus le seachaint chánach freisin, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá neamhspleáchas agus éifeachtúlacht a Rannáin um Imscrúduithe Calaoise; á mholadh do BEI comhar leis an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) agus leis na húdaráis náisiúnta a mhéadú chun calaois agus sciúradh airgid a chosc, agus a áirithiú go ndéanfar Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) a chur ar an eolas maidir leis an méid sin agus go ndéanfar gach cás calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú do na húdaráis inniúla; ag cur spéis ar bhealach réamhghníomhach i ngníomhaíochtaí BEI; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh sainordú ag OIPE amach anseo gníomhaíocht choiriúil a ionchúiseamh maidir le cistí BEI sna Ballstáit sin ar comhaltaí de OIPE iad; á iarraidh go ndéanfaí acmhainní airgeadais leordhóthanacha a leithdháileadh don chúram nua sin;

84. ag tabhairt dá haire go bhfuil Beartas Frithchalaoise lena ngabhann oifig neamhspleách ag BEI chun líomhaintí calaoise a thuairiscítear go hinmheánach nó go seachtrach a fhiosrú; á iarraidh ar BEI breithniú a dhéanamh ar a bheartas a nuashonrú chun a chreat frithchalaoise a fheabhsú agus chun acmhainní leordhóthanacha a áirithiú, go háirithe i bhfianaise an róil mhóir atá aige maidir le beartais AE amhail InvestEU agus an Comhaontú Glas don Eoraip a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go bhforáiltear cheana do smachtbhannaí agus leigheasanna i mBeartas Frithchalaoise BEI, rud lenar féidir, mar shampla, eisíocaíochtaí a chur ar fionraí, aisíocaíocht a lorg agus tionscadail a chur ar fionraí nó a chealú; á iarraidh ar BEI eisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás míbhainistíocht thomchúiseach agus/nó i gcás éilimh éillithe;

85. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur glacadh beartas athbhreithnithe Ghrúpa BEI i leith dlínsí a bhfuil rialáil lag á déanamh orthu, atá neamh-thrédhearcach agus atá neamh-chomhoibríoch8; á iarraidh ar institiúidí airgeadais Eorpacha eile na caighdeáin chéanna a chur i bhfeidhm; ag dréim leis go nglacfaidh BEI nósanna imeachta oibríochtúla agus bearta díchill chuí chun beartas nua NCJ a chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire go ndéanann BEI sonraí a chliant le haghaidh gach oibríochta a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin agus go ndéanann sé úinéireacht thairbhiúil a chliant a fhíorú nuair a dhéantar iasachtaí a fhaigheann siad a ráthú le buiséad AE i gcomhréir le reachtaíocht AE; á iarraidh, ina theannta sin, go ndéanfaí suíomh gréasáin BEI a nascadh leis na clárlanna ar leibhéal an Bhallstáit i gcás inar féidir sonraí úinéireachta tairbhiúla a fháil; á mheabhrú a ríthábhachtaí atá sé a bheartas a neartú maidir le dlínsí nach bhfuil trédhearcach ná comhoibríoch i bhfianaise na mbealaí nua agus na mbealaí atá ann cheana chun cánacha a sheachaint, ar bealaí iad amhail neamhréireanna hibrideacha a úsáid, cóir fhabhrach a thabhairt do chearta maoine intleachtúla nó dlínse chánach ísle nó dlínse chánach nialais a úsáid chun brabúis a aistriú, go háirithe trí dheonú iasachtaí díreacha agus indíreacha a chur faoi réir sonraí cánach agus cuntasaíochta a fhoilsiú de réir tíre; á iarraidh ar BEI liosta d’idirbhearta atá amuigh a thíolacadh, go háirithe i gcásanna ina bhfuil an liosta de thearmainn idirnáisiúnta chánach i gceist; á iarraidh ar BEI lánúsáid a bhaint as an mBosca Uirlisí i gCoinne Seachaint Cánach le haghaidh tionscadail atá íogair maidir le riosca le linn a dhíchill chuí ó thaobh na cánach de, agus riachtanais athshuímh a úsáid nuair is gá; ag tabhairt an Creat athbhreithnithe atá ag grúpa BEI maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML-CFT) dá haire, agus á iarraidh ar BEI a bheartas a nuashonrú i bhfianaise an Chúigiú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid, agus comhoibriú leis na húdaráis ábhartha chun smachtbhannaí leormhaithe a áirithiú maidir le sáruithe an dlí agus caighdeáin dhiana ar idirghabhálaithe airgeadais;

86. ag tabhairt an athbhreithnithe ar bheartas agus nósanna imeachta BEI maidir le sásra gearáin BEI dá haire, ar athbhreithniú é a rinneadh chun a áirithiú go bhfuil an sásra ag feidhmiú go hiomlán chun sáruithe féideartha ar chearta an duine i dtionscadail a bhaineann le BEI a bhrath agus a shásamh; á iarraidh ar BEI neamhspleáchas agus éifeachtacht an tsásra sin a áirithiú; á mholadh go ndéanfaí na moltaí a rinne an tOmbudsman Eorpach a chur chun feidhme;

87. á iarraidh ar BEI a chomhar leis an Ombudsman Eorpach a fheabhsú;

88. á chur in iúl gur díol sásaimh di Straitéis Ghrúpa BEI maidir le Comhionannas Inscne agus Plean Gníomhaíochta Inscne, agus ag tnúth leis an dara céim de chur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta;

89. á iarraidh ar BEI ionadaíocht inscne níos cothroime a áirithiú, go háirithe ina chuid post sinsearach;

90. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) agus ar BEI feabhas a chur ar ról CIE san athnuachan atá le déanamh ar an gcomhaontú trípháirteach lena rialaítear na rialacha rannpháirtíochta; á iarraidh go dtabharfaí de chumhacht do CIE iniúchadh a dhéanamh ar gach oibríocht BEI, lena n-áirítear meastóireacht a dhéanamh ar chost-éifeachtúlacht a chuid iarrachtaí infheistíochta agus ar bhreisíocht a chuid tionscadal, agus á iarraidh go ndéanfaí na hiniúchtaí sin a chur ar fáil don phobal; á iarraidh freisin ar CIE moltaí a tharraingt suas maidir le torthaí ghníomhaíochtaí iasachta sheachtraigh BEI agus maidir lena n-ailíniú le beartais AE;

91. á iarraidh go mbeadh comhaontú idirinstitiúideach ann idir BEI agus an Pharlaimint chun rochtain ar dhoiciméid agus sonraí BEI a fheabhsú;

92. á iarraidh, mar ábhar práinne, go ndéanfaí cumhachtaí na Parlaiminte a neartú maidir le treoir straitéiseach agus beartais BEI, chun grinnscrúdú daonlathach ar infheistíochtaí a áirithiú, lena n-áirítear an cumas ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn a thíolacadh chuig BEI mar a fhoráiltear cheana i gcás BCE; á iarraidh ar Ghrúpa BEI a chuntasacht maidir leis na saincheisteanna sin a fheabhsú, agus á mholadh go ndéanfaí idirphlé ráithiúil leis na coistí ábhartha sa Pharlaimint, chun rannpháirtíocht i straitéis infheistíochta BEI chomh maith le maoirseacht leormhaith a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé grinnscrúdú níos mó a bheith á dhéanamh ag an bParlaimint ar chinntí Bhord Stiúrthóirí BEI agus á chur i bhfios go bhféadfadh stádas breathnadóra a bheith ag an bParlaimint chun comhroinnt faisnéise níos fearr a áirithiú; á iarraidh go méadóidh an Coimisiún a thrédhearcacht i leith na Parlaiminte maidir leis na seasaimh a ghlacann sé i mBord Stiúrthóirí BEI; á iarraidh go mbeadh meabhrán tuisceana ann idir BEI agus an Pharlaimint chun rochtain a fheabhsú ar dhoiciméid agus sonraí BEI a bhaineann le treoshuíomh straitéiseach agus beartais maoinithe amach anseo, chun cuntasacht an Bhainc a neartú;

93. á iarraidh ar Uachtarán BEI an rún seo a thíolacadh chuig Stiúrthóirí agus Gobharnóirí BEI, agus á iarraidh go mbeadh díospóireacht air sa Choiste Bainistíochta;

94. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


 

7.2.2020

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACNAMAÍOCHTA AGUS AIRGEADAÍOCHTA

chuig an gCoiste um Buiséid

maidir le gníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta - tuarascáil bhliantúil 2019

(2019/2126(INI))

Rapóirtéir don tuairim (*): Bas Eickhout

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta ar an gCoiste um Buiséid, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá gníomhaíochtaí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI), mar bhanc an Aontais, chun na leibhéil reatha infheistíochta a ardú laistigh de AE, ar leibhéil iad atá faoi bhun na meán stairiúil agus nach bhfuil leordhóthanach chun uaillmhianta inbhuanaitheachta, eacnamaíocha agus an sóisialta AE agus uaillmhianta AE maidir le cruthú post a chomhlíonadh ná chun comhtháthú réigiúnach, nuálaíocht agus iomaíochas ar leibhéal AE a bhaint amach chomh maith le maoiniú ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear bardais a fhreagraíonn do riachtanais na saoránach; á mholadh go mór do BEI leanúint ar aghaidh lena iarrachtaí chun tacaíocht a thabhairt d’infheistíocht le haghaidh geilleagar Eorpach inbhuanaithe agus iomaíoch;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt chun a áirithiú go dtacóidh rialacha fioscacha AE le hiarrachtaí sa todhchaí chun leibhéal na hinfheistíochta poiblí in AE a mhéadú, rud a fhágfaidh go mbeidh BEI in ann an infheistíocht phoiblí mhéadaithe seo a ghiaráil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag an earnáil phoiblí maidir leis na spriocanna infheistíochta a d’fhógair an Coimisiún nua a bhaint amach, eadhon leas a bhaint as EUR 1 trilliún de mhaoiniú le haghaidh infheistíocht san aistriú glas sna deich mbliana atá romhainn;

3. á chur i bhfáth, chun uaillmhianta sin AE a bhaint amach, go bhféadfadh sé go mbeadh gá ann go nglacfadh BEI níos mó rioscaí go háirithe in earnálacha agus i réigiúin a mheallann níos lú infheistíochta, ar choinníoll go gcomhlíonann iasachtaí den sórt sin critéir incháilitheachta BEI agus coimeád rátáil A triarach foriomlán BEI á chur san áireamh, i gcomhthráth le cothromas a mhéadú agus saineolas a fhorbairt in ionstraimí cistithe nuálacha.

4. á iarraidh go dtiocfaidh méadú ginearálta ar chaipitliú BEI ionas go bhféadfadh iasachtaí níos fadtéarmaí agus ionstraimí nuálacha a bheith ann i maoiniú tionscadal a thairgeann inbhuanaitheacht fhéideartha shubstaintiúil, gnóthachain shóisialta agus nuálaíochta, lena n-áirítear tionscadail a chruthaíonn poist inbhuanaithe agus a laghdaíonn neamhionannas; ag cur béim ar an tábhacht atá leis an toisc bhreisíochta a bheidh le húsáid ag BEI maidir le hinfheistíochtaí ar fud AE agus leis an gcomhar le comhpháirtithe iomadúla; ag tabhairt le fios, thairis sin, gurb é atá i gceist le breisluach amháin de mhaoiniú BEI ná comhairle theicniúil agus forbairt acmhainní a chur ar fáil chun cabhrú le tionscadail a bheith réidh le hinfheistíocht agus chun an méid is féidir den chothromaíocht gheografach a áirithiú;

5. ag tabhairt thorthaí thuarascáil infheistíochta 2019/2020 EIB maidir le FBManna agus airgeadas meánchaipitlithe dá haire; á mheas go gcaithfidh tacaíocht a bheith á tabhairt do chuideachtaí meánchaipitlithe leanúint de bheith ina chuspóir bunúsach ag BEI, agus á thathant go mbeidh iarrachtaí méadaithe agus béim níos mó ar mhaoiniú FBManna chun an bhearna chistiúcháin a laghdú do na cuideachtaí sin; á chur in iúl gur díol sásaimh dó tairseach FBM i gciste InvestEU; ag cur i bhfáth gur gá díriú ar mhaoiniú fadtéarmach, eadhon trí thacú le tionscadail nach maoineofaí murach sin, go háirithe i gcás gnólachtaí nuathionscanta agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide nuálacha; ag cur béim ar an bhfíoras, áfach, nach féidir gníomhaíochtaí maoinithe a chur in ionad beartais fhioscacha inbhuanaithe sna Ballstáit; á iarraidh ar BEI infheistíocht a mhéadú i nuálaíochtaí ceannródaíocha, go háirithe don aistriú glas, chun tacú le cuideachtaí Eorpacha;

6. á chur in iúl gur díol sásaimh dó tiomantas Uachtarán an Choimisiúin codanna de BEI a thiontú ina bhanc aeráide, chomh maith le prionsabail an Chomhaontaithe Ghlais Eorpaigh agus an cinneadh a rinne Bord Stiúrthóirí BEI an sciar de mhaoiniú BEI le haghaidh gníomhaíocht aeráide agus inbhuanaitheacht chomhshaoil a mhéadú go dtí 50% ar a laghad faoi 2025 agus gníomhaíochtaí maoinithe uile BEI a ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras faoi dheireadh 2020;

7. á iarraidh ar BEI maoiniú a mhéadú chun dul i ngleic leis an aistriú teicneolaíochta, tacú le forbairt scileanna arna gcur in oiriúint do riachtanais an mhargaidh saothair reatha agus sa todhchaí, cur chun cinn breise a dhéanamh ar infheistíocht scileanna digiteacha fostaithe agus fiontraithe, bonneagar digiteach agus forbairt acmhainní le haghaidh digitiú, cistí a sholáthar do thaighde agus nuálaíocht fhadtéarmach agus FBManna, tacú leis an ngeilleagar sóisialta, agus comhtháthú sóisialta agus críochach a fheabhsú, eadhon trí bhearnaí infheistíochta reatha a líonadh i dtithíocht phoiblí agus i mbonneagar;

8. ag tabhairt Plean nua Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe an Choimisiúin dá haire, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú go hiomlán le BEI ina uaillmhianta inbhuanaitheachta;

9. á iarraidh ar BEI ról lárnach a ghlacadh i maoiniú inbhuanaithe san Eoraip agus lasmuigh di, agus príomhról a choinneáil maidir le sásraí maoinithe AE do thríú tíortha, go háirithe tíortha i mbéal forbartha;

10. á aithint gur gá don Aontas Eorpach agus do na Ballstáit níos mó a infheistiú sa chomhrac in aghaidh athrú aeráide, sa réabhlóid dhigiteach agus i seirbhísí poiblí; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, dá bhrí sin, an cinneadh a rinne Bord Stiúrthóirí BE deireadh a chur le tacaíocht airgeadais d’fhormhór na dtionscadal breosla iontaise faoi dheireadh 2021 agus ailíniú a dhéanamh ar a phunann go léir, lena n-áirítear oibríochtaí CEI, agus a bheartais maidir le hiasachtaí le spriocanna Chomhaontú Pháras;

11. á iarraidh ar BEI oibriú ionsar ghealltanais dícharbónaithe a bheith ina gcoinníoll chun go bhfaigheadh cuideachtaí tacaíocht ó BEI, agus comhairle a thabhairt ar an gcaoi ar féidir le cuideachtaí dícharbónú a dhéanamh; á iarraidh ar BEI creat tacsanomaíochta AE a chur i bhfeidhm, nuair a bheidh sé glactha go foirmiúil, mar thagarmharc dá infheistíochtaí aeráide agus comhshaoil; á iarraidh ar BEI creat tacsanomaíochta inchreidte a fhorbairt chun ‘ailíniú Pháras’ maidir lena oibríochtaí maoiniúcháin a thomhas, a nochtadh agus a bhaint amach;

12. ag tabhairt na staideanna agus na cumais eacnamaíocha éagsúla atá ag na Ballstáit dá haire, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé aistriú díreach a áirithiú chun cabhrú leis na réigiúin agus na tíortha is mó atá buailte dul i dtaithí ar athruithe atá ar tí tarlú ionas nach bhfágfar duine ar bith ar lár; á thabhairt chun suntais gur gá tacú go réamhghníomhach le réimsí ina bhfuil poist ag brath faoi láthair ar thionscail a sceitheann a lán astaíochtaí, ar tionscadail iad ina bhfuil infheistíocht shuntasach in oiliúint agus i ndeiseanna eacnamaíocha malartacha chun poist ar ardcháilíocht a ráthú, rud a d’áiritheodh aistriú réidh; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go mbeidh comhsheasmhacht agus comhordú le hionstraimí maoinithe eile de chuid AE ríthábhachtach ina leith sin;

13. á chur i bhfáth nár cheart go mbeadh an phríomhsprioc chainníochtúil atá ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), is é sin EUR 500 billiún breise d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a shlógadh, ina phríomhdhreasadóir do rath CEIS ach gur cheart go mbeadh spriocanna intomhaiste maidir le hinbhuanaitheacht, breisíocht, clúdach geografach agus tionchar sóisialta ar a laghad chomh tábhachtach céanna i straitéisí infheistíochta a bheidh ann amach anseo;

14. á iarraidh ar BEI an sciar de mhaoiniú CEIS agus InvestEU a mhéadú i leith tionscadail a rannchuidíonn go mór le hinbhuanaitheacht agus cuspóirí sóisialta AE, i gcomhréir le rialacháin ábhartha AE; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil modheolaíochtaí promhadh inbhuanaitheachta InvestEU ag teacht go hiomlán le cuspóirí inbhuanaitheachta AE, agus go gcuirfear prionsabail Cholún na gCeart Sóisialta san áireamh sna critéir mheastóireachta; á chur i bhfios, sa chomhthéacs sin a thábhachtaí atá sé meastóireachtaí ex-ante agus ex-post ar inbhuanaitheacht, iomaíochas agus tionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil tionscadal a chur i gcrích;

15. á iarraidh ar BEI tacaíocht a thabhairt, trína ghníomhaíochtaí iasachta, do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a bheith á mbaint amach;

16. á iarraidh ar Ghrúpa BEI leibhéal níos airde trédhearcachta agus cuntasachta a áirithiú maidir lena chuid oibríochtaí eacnamaíocha, an úsáid a bhaineann sé as ráthaíocht bhuiséad BEI, breisíocht oibríochtaí BEI, agus maidir leis na pleananna a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo le haghaidh fochuideachta forbartha ag BEI;

17. ag tabhairt dá haire go bhfuil beartas trédhearcachta Ghrúpa BEI bunaithe ar thoimhde nochta; á iarraidh ar BEI dlús a chur lena iarrachtaí cumarsáide i gcoitinne agus go háirithe chun a ionstraimí a chur in iúl agus a chur chun cinn tuilleadh, trína oifigí idirchaidrimh sna Ballstáit, maidir leis na gníomhaithe náisiúnta agus áitiúla idir phoiblí agus phríobháideach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i gcomhairle go cuí le pobail áitiúla agus le saoránaigh sula gcuirfear na tionscadail chun feidhme agus lena linn agus an gá le sásraí cuí a bheith ann chun dul i gcomhairle le geallsealbhóirí éagsúla, amhail saineolaithe aeráide, ceardchumainn, gníomhaithe sa tsochaí shibhialta, ionadaithe gnó, FBManna agus lucht acadúil.

18. á iarraidh ar Ghrúpa BEI a chuntasacht maidir leis na saincheisteanna sin a fheabhsú, agus á mholadh go ndéanfaí idirphlé ráithiúil leis na coistí cuí sa Pharlaimint, chun rannpháirtíocht i straitéis infheistíochta BEI chomh maith le maoirseacht leormhaith a áirithiú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé grinnscrúdú níos mó a bheith á dhéanamh ag an bParlaimint ar chinntí Bhord Stiúrthóirí BEI agus á chur i bhfios go bhféadfadh stádas breathnadóra a bheith ag an bParlaimint chun comhroinnt faisnéise níos fearr a áirithiú; á iarraidh go méadóidh an Coimisiún a thrédhearcacht i leith na Parlaiminte maidir leis na seasaimh a ghlacann sé i mBord Stiúrthóirí BEI; á iarraidh go ndéanfaí meabhrán tuisceana idir BEI agus an Pharlaimint rochtain a fheabhsú ar dhoiciméid agus ar shonraí BEI a bhaineann le treoshuíomh straitéiseach agus beartais maoinithe amach anseo chun cuntasacht an Bhainc a neartú;

19. á chur i bhfáth gur cheart cearta na Cúirte Iniúchóirí chun iniúchadh a dhéanamh ar BEI a neartú agus go gcumhdófaí leis na hiniúchtaí sin gach oibríocht de BEI agus gur cheart go n-áireodh iniúchtaí cost-éifeachtúlacht iarrachtaí infheistíochta BEI agus breisíocht a thionscadal agus gur cheart iad a chur ar fáil don phobal; á iarraidh ar BEI a chomhar le OLAF agus le OIPE a mhéadú amach anseo agus gach cás calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú do na húdaráis inniúla; á chur in iúl go bhfuil sé den tuairim gur cheart go mbeadh an sainordú ag OIPE gníomhaíocht choiriúil a ionchúiseamh maidir le cistí BEI i mBallstáit AE ar comhaltaí de OIPE iad;

20. á chur in iúl gur díol sásaimh dó beartas nua Ghrúpa BEI maidir le dlínsí neamh-chomhoibríocha agus dea-rialachas i réimse an chánachais arna nglacadh in 20019, ach á mheabhrú a ríthábhachtaí atá sé an beartas sin a neartú i bhfianaise bealaí nua agus bealaí atá ann cheana chun cánacha a sheachaint, amhail úsáid a bhaint as neamhréireanna hibrideacha, cóir fhabhrach a thabhairt do chearta maoine intleachtúla, nó úsáid a bhaint as dlínsí ísle nó nialasacha i leith cánach chun brabúis a aistriú; á iarraidh ar institiúidí airgeadais Eorpacha eile an leibhéal céanna caighdeán a chur i bhfeidhm; á iarraidh ar BEI lánúsáid a bhaint as an mBosca Uirlisí i gcoinne seachaint cánach le haghaidh tionscadail atá íogair maidir le riosca le linn a dhíchill chuí ó thaobh na cánach de agus riachtanais athshuímh a úsáid nuair is gá; á chur in iúl gur díol sásaimh dó Airteagal 155(3) de Rialachán Airgeadais 2018 is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena gcuirtear de choinníoll ar ráthaíochtaí buiséadacha faisnéis úinéireachta tairbhiúla a nochtadh agus sonraí maidir le tuairisciú tír-ar-thír a fhoilsiú  ag tabhairt an Creat athbhreithnithe atá ag grúpa BEI maidir leis an gcomhrac i gcoinne sciúradh airgid agus maoiniú sceimhlitheoireachta (AML-CFT) dá haire, agus á iarraidh ar BEI a bheartas a nuashonrú i bhfianaise an Chúigiú Treoir maidir le Frithsciúradh Airgid teacht i bhfeidhm i mí Eanáir 2020 agus comhoibriú leis na húdaráis ábhartha chun smachtbhannaí leormhaithe a áirithiú maidir le sárú an dlí agus caighdeáin dhiana ar idirghabhálaithe airgeadais;

21. ag tabhairt dá haire go bhfuil BEI faoi cheangal Chairt um Chearta Bunúsacha AE agus go bhfuil prionsabail chearta an duine comhtháite ina nósanna imeachta agus caighdeáin díchill chuí, lena n-áirítear measúnuithe ex-ante atá ar fáil go poiblí; á iarraidh ar BEI a áirithiú go bhfuil a shásra gearán ag feidhmiú go hiomlán chun sáruithe ar chearta an duine i dtionscadail a bhaineann le BEI a bhrath agus a shásamh; á iarraidh ar BEI a áirithiú go gcuirfear coimircí chearta an duine san áireamh san athbhreithniú atá le teacht ar a chaighdeáin shóisialta agus chomhshaoil dá bhforáiltear do 2020;

22. ag tabhairt dá haire go bhfuil Beartas Frithchalaoise lena ngabhann oifig neamhspleách ag BEI chun líomhaintí calaoise a thuairiscítear go hinmheánach nó go seachtrach a fhiosrú; á iarraidh ar BEI breithniú ar a bheartas a nuashonrú chun a chreat frithchalaoise a fheabhsú agus chun acmhainní leormhaithe a áirithiú, go háirithe i bhfianaise an róil mhóir atá ag BEI maidir le beartais AE amhail InvestEU agus an Comhaontú Glas don Eoraip; ag tabhairt dá haire go bhforáiltear cheana féin do smachtbhannaí agus leigheasanna i mBeartas Frithchalaoise BEI, lena lamháiltear, mar shampla, eisíocaíochtaí a chur ar fionraí, aisíocaíocht a lorg agus tionscadail a chur ar fionraí nó a chealú; á iarraidh ar BEI eisíocaíochtaí a chur ar fionraí i gcás míbhainistíocht thomchúiseach agus/nó i gcás éilimh éillithe;

23. á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Meabhrán Tuisceana a bheith sínithe ag BEI agus ag Gníomhaireacht um Chomhar Idirnáisiúnta na Seapáine (JICA) an 26 Meán Fómhair 2019, rud lena lamhálfar cómhaoiniú agus comhinfheistíocht bhreise a dhéanamh i dtíortha i mbéal forbartha; á chur in iúl go neartaíonn an comhoibriú seo an chomhpháirtíocht straitéiseach thábhachtach idir BEI agus JICA maidir le tacú le tionscadail i dtríú tíortha a thugann aghaidh ar shaincheisteanna domhanda;

24. ag tacú leis an ngealltanas a thug BEI, faoin tríú straitéis um Éagsúlacht agus Cuimsiú (D&I), lena gcumhdaítear tréimhse 2018-2021, chun líon na mban ar leibhéal na n-oifigeach sinsearach a mhéadú go 50% faoi 2021; á iarraidh ar BEI a áirithiú go gcomhlíonfaidh siad a gcuspóir Deimhniú um Díbhinní Eacnamaíocha don Chomhionannas Inscne (EDGE) a fháil sa dá mhí dhéag amach romhainn;

25. á iarraidh ar BEI leanúint de bheith ag obair i gcomhar le comhpháirtithe atá ar aon intinn leo chun aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna domhanda;

26. á iarraidh go dtabharfar tacaíocht airgeadais bhreise d’fhoinsí fuinnimh áitiúla chun deireadh a chur le spleáchas ard na hEorpa ar fhoinsí seachtracha fuinnimh agus chun soláthairtí a áirithiú;

27. á iarraidh ar BEI oibriú le gníomhaithe beaga margaidh agus le comharchumainn phobail chun tionscadail fuinnimh in-athnuaite bheaga a chomhdhlúthú agus, dá bhrí sin, a chur ar a gcumas na coinníollacha maidir le maoiniú BEI a chomhlíonadh.

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

6.2.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithe

+:

–:

0:

37

4

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Gilles Boyer, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Valentino Grant, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Aušra Maldeikienė, Jörg Meuthen, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Dragoş Pîslaru, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Irene Tinagli, Ernest Urtasun, Johan Van Overtveldt

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marc Angel, Carmen Avram, Damien Carême, Lefteris Christoforou, Bas Eickhout, Niels Fuglsang, Pedro Marques, Fulvio Martusciello, Eva Maydell, Caroline Nagtegaal, Jessica Polfjärd, Stéphane Séjourné

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

José Manuel Fernandes, Ralf Seekatz

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

GUE/NGL

José Gusmão, Dimitrios Papadimoulis

NI

Piernicola Pedicini

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Fulvio Martusciello, Eva Maydell, Lídia Pereira, Jessica Polfjärd, Ralf Seekatz

RENEW

Gilles Boyer, Luis Garicano, Caroline Nagtegaal, Dragoş Pîslaru, Stéphane Séjourné

S&D

Marc Angel, Carmen Avram, Jonás Fernández, Niels Fuglsang, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Pedro Marques, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Irene Tinagli

VERTS/ALE

Damien Carême, Bas Eickhout, Stasys Jakeliūnas, Ernest Urtasun

 

4

-

ECR

Johan Van Overtveldt

ID

Gunnar Beck, Valentino Grant, Jörg Meuthen

 

0

0

 

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta a ghlactha

2.3.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

4

3

Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Valentino Grant, Francisco Guerreiro, Joachim Kuhs, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Dimitrios Papadimoulis, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Derk Jan Eppink, Eero Heinäluoma, Martin Hojsík, Fabienne Keller, Victor Negrescu

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Marco Campomenosi, Jérémy Decerle, Nicolás González Casares, Herve Juvin, Lídia Pereira

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

24

+

GUE/NGL

Dimitrios Papadimoulis

PPE

Lefteris Christoforou, José Manuel Fernandes, Janusz Lewandowski, Siegfried Mureşan, Lídia Pereira, Angelika Winzig

RENEW

Olivier Chastel, Jérémy Decerle, Martin Hojsík, Fabienne Keller, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds

S&D

Paolo De Castro, Eider Gardiazabal Rubial, Nicolás González Casares, Eero Heinäluoma, Pierre Larrouturou, Victor Negrescu, Nils Ušakovs

VERTS/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro

 

4

-

ECR

Derk Jan Eppink

ID

Marco Campomenosi, Valentino Grant, Joachim Kuhs

 

3

0

ECR

Bogdan Rzońca, Johan Van Overtveldt

ID

Herve Juvin

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh:

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 23 Márta 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais