Tuarascáil - A9-0093/2020Tuarascáil
A9-0093/2020

TUARSCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le teorainneacha acmhainne a thabhairt isteach do throsc Mhuir Bhailt Thoir, bailiú sonraí agus bearta rialaithe i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir

28.4.2020 - (COM(2019)0564 – C9-0161/2019 – 2019/0246(COD)) - ***I

An Coiste um Iascach
Rapóirtéir: Niclas Herbst


Nós Imeachta : 2019/0246(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0093/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0093/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le teorainneacha acmhainne a thabhairt isteach do throsc Mhuir Bhailt Thoir, bailiú sonraí agus bearta rialaithe i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir

(COM(2019)0564 – C9-0161/2019 – 2019/0246(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2019)0564),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0161/2019),

 ag féachaint d'Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 23 Eanáir 2020[1],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0093/2020),

1. Ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú.  1

Togra le haghaidh rialacháin

Teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Togra le haghaidh

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 maidir le teorainneacha acmhainne a thabhairt isteach do throsc Mhuir Bhailt Thoir, bailiú sonraí agus bearta rialaithe i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le laghduithe acmhainne i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir, throsc Mhuir Bhailt Thiar agus scadán Mhuir Bhailt Thiar

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Tá gealltanas tugtha in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle3 cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras i leith bainistíocht iascach a chur chun feidhme chun a áirithiú go laghdófar tionchair dhiúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a oiread is féidir. Tá an plean le bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe le cuspóir an dea-stádais comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle4.

(1) Tá gealltanas tugtha in Airteagal 3(3) de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle3 cur chuige atá bunaithe ar an éiceachóras i leith bainistíocht iascach a chur chun feidhme chun a áirithiú go laghdófar tionchair dhiúltacha na ngníomhaíochtaí iascaireachta ar an éiceachóras muirí a oiread is féidir. Tá an plean le bheith i gcomhréir le reachtaíocht chomhshaoil an Aontais, go háirithe le cuspóir an dea-stádais comhshaoil a bhaint amach faoi 2020 mar a leagtar amach in Airteagal 1(1) de Threoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle4. Tá sé riachtanach go rannchuidíonn an plean le stoc sláintiúil a bheith ann, ar plean é atá ansin nasctha le hiascaireacht inbhuanaithe.

_________________

_________________

3 Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

3 Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1).

4 Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

4 Treoir 2008/56/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Meitheamh 2008 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais muirthimpeallachta (an Treoir Réime um Straitéis Mhuirí) (IO L 164, 25.6.2008, lch. 19).

 

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú.

 

(2a) Is ann do na hionchuir chothaitheacha arda mar thoradh inter alia ar na Treoracha amhail Treoir 91/676/CEE1a ón gComhairle agus Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1b nár cuireadh chun feidhme go leordhóthanach.

 

______________________

 

1A Treoir 91/676/CEE ón gComhairle an 12 Nollaig 1991 maidir le huiscí a chosaint ar thruailliú níotráití ó fhoinsí talmhaíochta (IO L 375, 31.12.1991, lch. 1).

 

1b Treoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce (IO L 327, 22.12.2000, lch. 1)

 

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  Rinneadh an nasc idir na dálaí sin agus dálaí throsc Mhuir Bhailt Thoir (Gadus morhua) atá ag dul in olcas. De réir CITM, tá bithmhais íseal nach bhfuil inbhuanaithe ag cur as don stoc de dheasca na nithe seo: earcaíocht an éisc atá ag dul i laghad, fachtóirí agus athruithe comhshaoil san éiceachóras arb iad is cúis le básmhaireacht ard nádúrtha (thart ar a thrí oiread níos mó ná an bhásmhaireacht san iascaireacht), agus básmhaireacht iomarcach san iascaireacht de bharr stádas an stoic. Faoi láthair, tá bithmhais troisc atá ar mhéid tráchtála ar an leibhéal is ísle dár breathnaíodh ó bhí na 1950idí ann. Ina theannta sin, measann CITM go bhfanfaidh bithmhais stoic sceithigh faoin bpointe tagartha inbhuanaitheachta sa mheántéarma (2024) fiú mura ndéanfar aon iascaireacht. Ina chomhairle faoin stoc do 2020, molann CITM gan aon ghabhálacha a dhéanamh dá bharr sin.

(3)  Rinneadh an nasc idir na dálaí sin agus dálaí throsc Mhuir Bhailt Thoir (Gadus morhua) atá ag dul in olcas. De réir CITM, tá bithmhais íseal nach bhfuil inbhuanaithe ag cur as don stoc de dheasca na nithe seo: earcaíocht an éisc atá ag dul i laghad, fachtóirí comhshaoil, infhaighteacht íseal ar speiceas creiche, agus athruithe san éiceachóras (mar shampla ídiú ocsaigine, teocht nó truailliú méadaithe) arb iad is cúis le básmhaireacht ard nádúrtha (thart ar a thrí oiread níos mó ná an bhásmhaireacht san iascaireacht), agus básmhaireacht iomarcach san iascaireacht de bharr stádas an stoic. Faoi láthair, tá bithmhais troisc atá ar mhéid tráchtála ar an leibhéal is ísle dár breathnaíodh ó bhí na 1950idí ann. Ina theannta sin, measann CITM go bhfanfaidh bithmhais stoic sceithigh de throsc Mhuir Bhailt Thoir faoin bpointe tagartha inbhuanaitheachta sa mheántéarma (2024) fiú mura ndéanfar aon iascaireacht agus, dá bharr sin ina chomhairle faoi stoc do 2020, molann sé gan aon ghabhálacha a dhéanamh.

 

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Tá bainistíocht iascach sa Mhuir Bhailt ag streachailt freisin le héagothroime idir ranna cabhlaigh gníomhacha agus deiseanna iascaireachta atá ar fáil mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2019 maidir leis an Staid mar atá i ndáil leis an gComhbheartas Iascaigh agus an Comhairliúchán faoi Dheiseanna Iascaireachta do 2020.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Bunaithe ar an measúnú a rinneadh ar stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/12485 ón gCoimisiún, lena dtoirmisctear go dtí an 31 Nollaig 2019 iascaireacht troisc i bhforanna 24 go 26 CITM.

(5) Bunaithe ar an measúnú a rinneadh ar stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir, ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/12485 ón gCoimisiún, lena dtoirmisctear go dtí an 31 Nollaig 2019 iascaireacht troisc i bhforanna 24 go 26 CITM. Bhí tionchar suntasach ag an toirmeasc sin ar réigiún Mhuir Bhailt Thoir, go háirithe ar earnáil na hiascaireachta mionscála. Bhí tionchar freisin ag an toirmeasc ar iascaigh Mhuir Bhailt Thiar.

__________________

__________________

5 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1248 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2019, lena mbunaítear bearta chun bagairt thromchúiseach do chaomhnú stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir a mhaolú (Gadus morhua) (IO L 195, 23.7.2019, lch. 2)

5 Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2019/1248 ón gCoimisiún an 22 Iúil 2019, lena mbunaítear bearta chun bagairt thromchúiseach do chaomhnú stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir a mhaolú (Gadus morhua) (IO L 195, 23.7.2019, lch. 2)

 

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Déanann iascairí as triú tíortha trosc Mhuir Bhailt Thoir a ghabháil freisin, rud a mbíonn tionchar aige ar stoc an speicis chomh maith.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Ghlac an Chomhairle an 15 Deireadh Fómhair 2019 comhaontú polaitiúil faoi na deiseanna iascaireachta do 2020 i Muir Bhailt. Is é atá sa chomhaontú sin laghdú 92 % ar na deiseanna iascaireachta do 2020 i gcomparáid le 2019 do throsc Mhuir Bhailt Thoir, rud atá riachtanach agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus teorainn ar úsáid TAC sa chaoi is nach mbeidh ceadmhach ach foghabhálacha, agus iad sin amháin. Dá bhrí sin, ní cheadaítear aon iascaireacht spriocdhírithe ar an stoc seo. Ós rud é go bhfuil trosc Mhuir Bhailt Thoir i bhforoinn 24 CITM, tá úsáid TAC i bhforoinn 24 i gcás throsc Mhuir Bhailt Thoir teoranta freisin d’fhoghabhálacha throsc Mhuir Bhailt Thoir.

(6) Ghlac an Chomhairle an 15 Deireadh Fómhair 2019 comhaontú polaitiúil faoi na deiseanna iascaireachta do 2020 i Muir Bhailt. Is é atá sa chomhaontú sin laghdú 92 % ar na deiseanna iascaireachta do 2020 i gcomparáid le 2019 do throsc Mhuir Bhailt Thoir, rud atá riachtanach agus nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe, agus teorainn ar úsáid TAC sa chaoi is nach mbeidh ceadmhach ach foghabhálacha, agus iad sin amháin. Dá bhrí sin, ní cheadaítear aon iascaireacht spriocdhírithe ar an stoc seo. Maidir le hoibríochtaí iascaireachta a dhéantar chun críche imscrúduithe eolaíochta ba cheart i gcónaí go mbeifí in ann na treochtaí sa bithmhais stoic a leanúint. Ós rud é go bhfuil trosc Mhuir Bhailt Thoir i bhforoinn 24 CITM, tá úsáid TAC i bhforoinn 24 i gcás throsc Mhuir Bhailt Thoir teoranta freisin d’fhoghabhálacha throsc Mhuir Bhailt Thoir.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú.

(7) Maidir leis na cabhlaigh iascaireachta atá ag brath go n-uige seo ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, níl an deis acu iascaireacht a dhéanamh ar stoic eile mar mhalairt. Meastar go mbeadh gá le speicis eile a ghabháil, speicis a mbeadh thart ar 20 000 tona de mheáchan iontu, chun na caillteanais eacnamaíocha a bheidh ann de dheasca dhúnadh iascach throsc Mhuir Bhailt Thoir a fhrithchúiteamh. Chomhaontaigh an Chomhairle, áfach, dianlaghdú a chur i bhfeidhm i gcás stoic eile, agus go sonrach laghdú 65 % do scadán Mhuir Bhailt Thiar, 60 % i gcás throsc Mhuir Bhailt Thiar, 32 % i gcás leathóg, 27 % i gcás scadán Mhurascaill na Boitnia agus 22 % i gcás salán.

(7) Maidir leis na cabhlaigh iascaireachta atá ag brath go n-uige seo ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, níl an deis acu iascaireacht a dhéanamh ar stoic eile mar mhalairt. Meastar go mbeadh gá le speicis eile a ghabháil, speicis a mbeadh thart ar 20 000 tona de mheáchan iontu, chun na caillteanais eacnamaíocha a bheidh ann de dheasca dhúnadh iascach throsc Mhuir Bhailt Thoir a fhrithchúiteamh. Chomhaontaigh an Chomhairle, áfach, dianlaghdú a chur i bhfeidhm i gcás stoic eile, agus go sonrach laghdú 65 % do scadán Mhuir Bhailt Thiar, 60 % i gcás throsc Mhuir Bhailt Thiar, 32 % i gcás leathóg, 27 % i gcás scadán Mhurascaill na Boitnia agus 22 % i gcás salán. Bhí an TAC le haghaidh scadán Mhuir Bhailt Thiar laghdaithe go mór don tríú bliain as a chéile. Bhí an TAC le haghaidh throsc Mhuir Bhailt Thiar laghdaithe go mór freisin. Dá bhrí sin, tá trosc Mhuir Bhailt Thiar agus scadán Mhuir Bhailt Thiar faoi réir laghduithe atá cosúil, ó thaobh a dtionchair, leis na laghduithe a bhfuil feidhm acu i leith throsc Mhuir Bhailt Thoir.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú.

(8) Maidir leis na ranna cabhlaigh is mó atá ag brath ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, léirítear san anailís atá déanta ag an gCoimisiún gur mó ná 300 soitheach atá sna ranna sin agus gur trálaeir agus báid eangach sa Liotuáin, sa Laitvia agus sa Pholainn, agus ar bhonn níos lú, sa Danmhairg, atá iontu go príomha. Tá tábhacht mhór shocheacnamaíoch ag baint leis na ranna cabhlaigh sin, arb ionann iad agus thart ar idir 20 % agus 50 % de chabhlaigh náisiúnta na Liotuáine, na Laitvia agus na Polainne faoi seach, arna sloinneadh i gcoibhéisí lánaimseartha. Is cosúil nach bhféadfadh ach mionlach díobh teacht slán as an iascach a bheith dúnta ar feadh tréimhse ghearrthéarmach ach ba bhaol dóibh é a bheith dúnta ar feadh tréimhse mheántéarmach nó fhadtéarmach. Chomh fada leis an gcuid eile de, tá siadsan ag streachailt cheana féin sa chruachás a bhfuil siad ann, ar cruachás é a rachaidh in olcas de dheasca dhúnadh an iascaigh, é sin nó ní bheidh aon bhrabús ann dóibh níos mó. Go deimhin, is faoi bhun 60 % a bhí glacadh an chuóta i gcás throsc Mhuir Bhailt Thoir ar feadh blianta fada agus b’ísle ná sin in 2018 é nuair a thit sé go 40 % ach b’ísle fós é in 2019 (19 %) go dtí gur thosaigh bearta éigeandála an Choimisiúin i lár mhí Iúil, rud a fhágann gur léir go bhfuil fadhb bhitheolaíoch ag baint leis an iascach seo. De bharr nach bhfuiltear ag súil leis go mbeidh trosc Mhuir Bhailt Thoir ar ais ar leibhéal sláintiúil líonmhaireachta sa mheántéarma fiú amháin, beidh éagothroime leanúnach struchtúrach ann do na ranna cabhlaigh sin lena mbaineann, rud a fhágann go bhfuil bonn cirt le hathstruchtúrú an chabhlaigh.

(8) Maidir leis na ranna cabhlaigh is mó atá ag brath ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, léirítear san anailís gur mó ná 300 soitheach atá sna ranna sin agus gur trálaeir agus báid eangach sa Liotuáin, sa Laitvia agus sa Pholainn, agus ar bhonn níos lú, sa Danmhairg agus sa Ghearmáin, atá iontu go príomha. Tá tábhacht mhór shocheacnamaíoch ag baint leis na ranna cabhlaigh sin, arb ionann iad agus thart ar idir 20 % agus 50 % de chabhlaigh náisiúnta na Liotuáine, na Laitvia agus na Polainne faoi seach, arna sloinneadh i gcoibhéisí lánaimseartha. Is cosúil nach bhféadfadh ach mionlach díobh teacht slán as an iascach a bheith dúnta ar feadh tréimhse ghearrthéarmach ach ba bhaol dóibh é a bheith dúnta ar feadh tréimhse mheántéarmach nó fhadtéarmach. Chomh fada leis an gcuid eile de, tá siadsan ag streachailt cheana féin sa chruachás a bhfuil siad ann, ar cruachás é a rachaidh in olcas de dheasca dhúnadh an iascaigh, é sin nó ní bheidh aon bhrabús ann dóibh níos mó. Go deimhin, is faoi bhun 60 % a bhí glacadh an chuóta i gcás throsc Mhuir Bhailt Thoir ar feadh blianta fada agus b’ísle ná sin in 2018 é nuair a thit sé go 40 % ach b’ísle fós é in 2019 (19 %) go dtí gur thosaigh bearta éigeandála an Choimisiúin i lár mhí Iúil, rud a fhágann gur léir go bhfuil fadhb bhitheolaíoch ag baint leis an iascach seo. De bharr nach bhfuiltear ag súil leis go mbeidh stoic throsc Mhuir Bhailt Thoir ar ais ar leibhéal sláintiúil líonmhaireachta sa mheántéarma fiú amháin, beidh éagothroime leanúnach struchtúrach ann do na ranna cabhlaigh sin lena mbaineann, rud a fhágann go bhfuil bonn cirt le hathstruchtúrú an chabhlaigh.

 

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11)  De réir na comhairle ó CITM a foilsíodh an 29 Bealtaine 2019, tuairim agus 70 % de ghabhálacha troisc a tugadh i dtír i bhforanna 24-28, is trálaeir a thug i dtír iad, trálaeir a raibh fuinneog éalaithe Bacoma de 120 mm feistithe san eangach acu, é sin nó eangach den chineál T90, agus 15 % de ghabhálacha troisc a tugadh i dtír, is báid a raibh eangach gheolbhaigh acu a thug i dtír iad, eangach a raibh méideanna idir 110 mm agus 156 mm de mhogaill inti. Meastar gur ar throsc a spriocdhíríonn na métiers sin go ginearálta agus leagtar amach na híosmhéideanna mogall lena n-aghaidh i Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle7. Na métiers eile as measc na 15 métier is mó ó thaobh líon na ngabhálacha troisc a tugadh i dtír, is lú ná 5 % de líon iomlán na ngabhálacha troisc a thug gach ceann acu i dtír faoi seach. Tá sé tábhachtach a áirithiú nach méadófar ar leibhéil acmhainn cabhlach a bhíonn ag iascaireacht trosc Mhuir Bhailt Thoir agus gurb é an toradh a bheidh ar scor buan le cabhair ó chistí poiblí, laghdú éifeachtach ar acmhainn chabhlaigh. Ba cheart uasteorainn a chur ar leibhéal acmhainne na mBallstát i gcás an rann cabhlaigh sin arb ionann í agus leibhéal acmhainne soithí gníomhacha le blianta beaga anuas sular cuireadh bearta éigeandála i bhfeidhm, i.e. in 2017 agus 2018 ach ba cheart an uasteorainn sin a laghdú nuair a tharraingítear siar soithí trí chabhair phoiblí ionas go bhféadfaí stoc throsc Mhuir Bhailt Thoir a athbhunú.

(11) Tá sé tábhachtach a áirithiú nach méadófar ar leibhéil acmhainn cabhlach a bhíonn ag iascaireacht trosc Mhuir Bhailt Thoir agus gurb é an toradh a bheidh ar scor buan le cabhair ó chistí poiblí, laghdú éifeachtach ar acmhainn chabhlaigh. Ba cheart leibhéal acmhainne na mBallstát i gcás na ranna cabhlaigh lena mbaineann a laghdú faoi bhun na leibhéal sin arb ionann iad agus leibhéal acmhainne soithí gníomhacha dhá bhliain as an gcúig bliana díreach sular cuireadh bearta éigeandála i bhfeidhm, i.e. na blianta 2014 - 2018, agus ba cheart an uasteorainn sin a laghdú nuair a tharraingítear siar soithí trí chabhair phoiblí ionas go bhféadfaí stoic de throsc Mhuir Bhailt a athbhunú.

___________

 

7 Rialachán (AE) 2019/1241 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus le héiceachórais mhara a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1224/2009 agus Rialacháin (AE) Uimh. 1380/2013, (AE) 2016/1139, (AE) 2018/973, (AE) 2019/472 agus (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComahire agus agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle (IO L 198, 25.7.2019, lch 105.).

 

 

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú.

(16) Chun maolú a dhéanamh ar na héifeachtaí eacnamaíocha díobhálacha atá ann de dheasca chás eisceachtúil leanúnach an chomhshaoil i Muir Bhailt agus ar na laghduithe móra a bheidh ar na deiseanna iascaireachta dá mbarr sin agus i bhfianaise na mbeart sonrach dá bhforáiltear sa phlean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith ar fáil chun go bhféadfaí scor go buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta trí shoithí iascaireachta a dhiúscairt chun é a chur ar chumas na mBallstát cuspóirí a bpleananna gníomhaíochta a bhaint amach faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus aon éagothroime struchtúrach a aithnítear sna ranna iascaireachta a chumhdaítear leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt a laghdú. Ba cheart mar sin Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir chun tacaíocht a thabhairt isteach arís don scor buan i gcás na soithí a bhíonn ag brath go mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir.

(16) Chun maolú a dhéanamh ar na hiarmhairtí socheacnamaíocha atá thar a bheith díobhálach do na pobail chósta agus na gnólachtaí bainteach le hiascaireacht atá ann de dheasca chás leanúnach agus diúltach an chomhshaoil i Muir Bhailt agus ar na laghduithe móra a bheidh ar na deiseanna iascaireachta dá mbarr sin agus i bhfianaise na mbeart sonrach dá bhforáiltear sa phlean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt, ba cheart tacaíocht phoiblí a bheith ar fáil chun go bhféadfaí scor go buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta trí shoithí iascaireachta a dhiúscairt chun é a chur ar chumas na mBallstát cuspóirí a bpleananna gníomhaíochta a bhaint amach faoi Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 agus aon éagothroime struchtúrach a aithnítear sna ranna iascaireachta a chumhdaítear leis an bplean ilbhliantúil do Mhuir Bhailt a laghdú. Ba cheart mar sin Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir chun tacaíocht a thabhairt isteach arís don scor buan i gcás na soithí a bhíonn ag brath go mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir.

Leasú.  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú.

(17) Chun a áirithiú go mbeidh an t-oiriúnú struchtúrach a dhéanfar ar chabhlaigh i Muir Bhailt i gcomhréir leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar síos sa phlean ilbhliantúil, ba cheart don tacaíocht a bheith dianchoinníollach ar bhaint amach na spriocanna agus na n-uirlisí coigeartaithe a shainítear sna pleananna gníomhaíochta le haghaidh ranna éagothroma agus a bheith nasctha leo sin, ar tacaíocht do scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta í a dheonófar chun soithí iascaireachta a dhiúscairt, soithí atá ag brath go mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir.

(17) Chun a áirithiú go mbeidh an t-oiriúnú struchtúrach a dhéanfar ar chabhlaigh i Muir Bhailt i gcomhréir leis na cuspóirí caomhnaithe a leagtar síos sa phlean ilbhliantúil, ba cheart don tacaíocht a bheith dianchoinníollach ar bhaint amach na spriocanna agus na n-uirlisí coigeartaithe a shainítear sna pleananna gníomhaíochta le haghaidh ranna éagothroma agus a bheith nasctha leo sin, ar tacaíocht do scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta í a dheonófar chun soithí iascaireachta a dhiúscairt, soithí atá ag brath go mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir agus Thiar.

 

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(19a) Luaitear le hAirteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 go bhféadfadh CEMI tacaíocht a thabhairt d’infheistíochtaí a rannchuidíonn le héagsúlú a dhéanamh ar ioncaim na n-iascairí trí ghníomhachtaí comhlántacha a fhorbairt.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) I bhfianaise an chruacháis eacnamaíoch ina bhfuil soithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir agus an ghá atá lena áirithiú go mbeidh tacaíocht faoi CEMI ar fáil le haghaidh scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí sin, measadh gurbh iomchuí foráil a dhéanamh maidir le heisceacht ón tréimhse ocht seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bparlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann le CAE, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh lena mbunaítear an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach,

(21) I bhfianaise an chruacháis eacnamaíoch ina bhfuil soithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go mór ar throsc Mhuir Bhailt Thoir agus an ghá atá lena áirithiú go mbeidh tacaíocht faoi CEMI ar fáil le haghaidh scor buan de ghníomhaíochtaí iascaireachta na soithí sin, measadh gurbh iomchuí gníomhú chomh gasta agus is féidir agus  cearta daonlathacha iomlána na n-institiúidí Eorpacha go léir á n-urramú.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2016/1139

Airteagal 8a – teideal

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Laghdú acmhainne le haghaidh throsc Mhuir Bhailt Thoir

Laghdú acmhainne le haghaidh throsc Mhuir Bhailt Thoir, throsc Mhuir Bhailt Thiar agus scadán Mhuir Bhailt Thiar

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (AE) 2016/1139

Airteagal 8a – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh feidhm ag mír 1 maidir le soithí atá feistithe leis an trealamh seo sna catagóirí thíos:

scriosta

(a) trealamh iascaireachta tarraingthe a bhfuil méid mhogaill 120 mm ar a laghad aige arna dhéanamh le T90 nó ar a laghad 105 mm a bhfuil fuinneog éalaithe Bacoma 120 mm feistithe leis;

 

(b) eangacha éighníomhacha a bhfuil méid mhogaill ar a laghad 110 mm acu agus nach mó ná 156 mm.

 

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Airteagal 34 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. In Airteagal 34(2), cuirtear an fhomhír seo a leanas isteach:

 

“I gcás throsc Mhuir Bhailt Thoir tuigfear go bhfuil an tagairt don dá bhliain dheireanacha féilire i bpointí (a) agus (b) ina tagairt do na blianta 2017 agus 2018.”

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) Uimh. 508/2014

Airteagal 34 – mír 4 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, maidir leis na soithí faoin uasteorainn fhoriomlán acmhainne le haghaidh throsc Mhuir Bhailt Thoir mar a leagtar amach i mír 2 d’Airteagal 8a de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139.”

(b) plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus do na hiascaigh a shaothraíonn na stoic sin, a bunaíodh le Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, maidir le soithí a dhírigh ar throsc Mhuir Bhailt Thoir, throsc Mhuir Bhailt Thiar nó ar scadán Mhuir Bhailt Thiar mar a leagtar amach in Airteagal 8a de Rialachán (AE) Uimh. 2016/1139.

_____________________

_________________________

* Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1)

* Rialachán (AE) 2016/1139 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Iúil 2016 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na stoic troisc, scadáin agus saláin i Muir Bhailt agus don iascach a shaothraíonn na stoic sin, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1098/2007 ón gComhairle (IO L 191, 15.7.2016, lch. 1)


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Tá éiceachóras Mhuir Bhailt i riocht leochaileach leis na blianta fada. De réir na staidéar eolaíochta is déanaí ar riocht Mhuir Bhailt, tá réimse tosca comhshaoil ann atá ina gcúis imní faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí faoi láthair agus sa bhreis ar thosca a bhaineann leis an iascaireacht féin, tá tosca eile ann amhail easpa ocsaigine, truailliú, téamh, easpa bia, leitheadacht seadán agus líon méadaithe creachadóirí.

 

Ag leanúint as bearta éigeandála don trosc sa Mhuir Bhailt Thoir a rinne an Coimisiún an 23 Iúil 2019, agus a bhfuil tionchar díreach i gcónaí acu ar earnáil na hiascaireachta ar fud réigiún Mhuir Bhailt, rinne an Chomhairle, an 15 Deireadh Fómhair 2019, cuótaí a ghlacadh le haghaidh 2020, lena n-áirítear cuótaí don trosc sa Mhuir Bhailt Thoir agus sa Mhuir Bhailt Thiar agus don scadán sa Mhuir Bhailt Thiar. Tá an TAC don scadán sa Mhuir Bhailt Thiar laghdaithe go suntasach don tríú bliain as a chéile (2018 -39%; 2019 -48%; 2020 -65%). Rinneadh an TAC don trosc sa Mhuir Bhailt Thiar a laghdú go suntasach freisin (-60%) agus tá sé anois ag leibhéal 2017/2018, ar leibhéal é sin a tháinig sna sála ar chiorruithe suntasacha in 2017 (-56%) agus in 2016 (-20%). Bhí an laghdú don trosc sa Mhuir Bhailt Thoir in 2020 thar a bheith dian.  Maidir leis sin,  thug an Chomhairle isteach cosc ar an iascaireacht troisc, a bheag nó a mhór, agus gurb amhlaidh gur forghabháil amháin ar throsc atá ceadaithe.

 

Is é a bheidh mar thoradh ar na bearta eisceachtúla sin ná go rachaidh acmhainneachtaí cabhlaigh chun iomarcaíochta agus go gcruthófar fadhbanna tromchúiseacha socheacnamaíocha do phobail cois cósta agus do ghnólachtaí iascaireachta ar fud réigiún Mhuir Bhailt.  Ós rud é nach féidir leo sin san earnáil iascaigh atá faoi mhíbhuntáiste ag na bearta sin na hiarmhairtí atá acu a mhaolú iad féin, is é an ceart é go ndéanfadh an tAontas bearta iomchuí chun an tionchar atá orthu a laghdú. Ba cheart go mbeadh tacaíocht neamh-mhaorlathach ar áireamh leis sin trína maolófaí an tionchar airgeadais atá ag na bearta chun an acmhainneacht chabhlaigh lena mbaineann a laghdú (scor buan). Sa chás nach mbíonn cóimheá idir an acmhainneacht iascaireachta agus na deiseanna iascaireachta, ní mór do na Ballstáit pleananna gníomhaíochta náisiúnta iomchuí a chur chun feidhme agus an Coimisiún a chur ar an eolas, ar a laghad uair sa bhliain, i dtaobh an dul chun cinn atá á dhéanamh. Mar bheart rialaithe breise, ba cheart prionsabal na gcalafort ainmnithe a choinneáil agus gan maolú air sin ach amháin nuair a thiocfaidh na stoic chucu féin arís.

 

Is freagairt ar chás eisceachtúil atá ann scor buan a thabhairt isteach. Ba cheart an tacaíocht sin a chur ar fáil ar shlí neamh-mhaorlathach, sholúbtha agus phras trí na cistí atá ann cheana laistigh den CEMI a athshlógadh ar bhonn cómhaoiniúcháin ar an leibhéal náisiúnta.  Áirítear leis seo infheistíochtaí a rannchuideoidh le héagsúlú a dhéanamh ar ioncaim na n-iascairí.  Maidir le tacaíocht a tugadh roimhe seo le haghaidh scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta, ní chuirfear é sin sa chuntas sa chúnamh a thabharfar le haghaidh scor buan gníomhaíochtaí iascaireachta. Is dhá chineál éagsúla tacaíochta atá i gceist leis sin agus níor cheart iad a mheascadh trína chéile.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

lena leasaítear Rialachán (AE) 2016/1139 a mhéid a bhaineann le teorainneacha acmhainne a thabhairt isteach do throsc Mhuir Bhailt Thoir, bailiú sonraí agus bearta rialaithe i Muir Bhailt, agus Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le scor buan do na cabhlaigh a bhíonn ag iascaireacht throsc Mhuir Bhailt Thoir

Tagairtí

COM(2019)0564 – C9-0161/2019 – 2019/0246(COD)

Dáta tíolactha chun PE

31.10.2019

 

 

 

Coiste freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

PECH

13.11.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

EMPL

13.11.2019

REGI

13.11.2019

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

EMPL

4.12.2019

REGI

5.12.2019

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Niclas Herbst

27.11.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

11.11.2019

20.1.2020

 

 

Dáta a ghlactha

23.4.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

20

8

0

Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Fredrick Federley, Giuseppe Ferrandino, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Anja Hazekamp, Niclas Herbst, France Jamet, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Grace O’Sullivan, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Ivo Hristov, Petros Kokkalis, Elżbieta Rafalska, Annalisa Tardino

Dáta don chur síos

29.4.2020

 

 


VÓTÁLA CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

20

+

ECR

Elżbieta Rafalska, Bert‑Jan Ruissen

ID

Rosanna Conte, France Jamet, Annalisa Tardino

NI

Rosa D'Amato

PPE

François‑Xavier Bellamy, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Annie Schreijer‑Pierik, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis

Renew

Izaskun Bilbao Barandica, Fredrick Federley, Søren Gade, Pierre Karleskind

Verts/ALE

Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose

 

8

-

GUE/NGL

Anja Hazekamp, Petros Kokkalis

S&D

Clara Aguilera, Pietro Bartolo, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Ivo Hristov, Predrag Fred Matić

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 11 Bealtaine 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais