MOLADH ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin
30.4.2020 - (06101/2020 – C9‑0091/2020 – 2020/0016(NLE)) - ***
An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Cristian‑Silviu Buşoi
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le hathnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin
(06101/2020 – C9‑0091/2020 – 2020/0016(NLE))
(Toiliú)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (06101/2020),
– ag féachaint do Chinneadh 2003/96/CE ón gComhairle an 6 Feabhra 2003 maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin[1],
– ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 186 agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0091/2020),
– ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus do Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0095/2020),
1. ag tabhairt a toilithe d’athnuachan an chomhaontaithe;
2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na hÚcráine.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Athnuachan an Chomhaontaithe le haghaidh comhar san eolaíocht agus sa teicneolaíocht idir an Comhphobal Eorpach agus an Úcráin |
|||
Tagairtí |
06101/2020 – C9-0091/2020 – 2020/0016(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
26.3.2020 |
|
|
|
Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 16.4.2020 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Cristian-Silviu Buşoi 8.4.2020 |
|
|
|
Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh |
8.4.2020 |
|||
Dáta a ghlactha |
28.4.2020 |
|
|
|
Dáta don chur síos |
30.4.2020 |
- [1] IO L 36, 12.2.2003, lch. 31.