Nós Imeachta : 2019/0181(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0097/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0097/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0061

<Date>{27/04/2020}4.5.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0097/2020</NoDocSe>
PDF 188kWORD 66k

<TitreType>MOLADH</TitreType>     <RefProcLect>***</RefProcLect>

<Titre>ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i leith daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach</Titre>

<DocRef>(12158/2019 – C9‑0004/2020 – 2019/0181(NLE))</DocRef>


<Commission>{LIBE}An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Petar Vitanov</Depute>

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM MHIONLAIGH
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA
 AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
 VÓTÁLA CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i leith daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach

(12158/2019 – C9‑0004/2020 – 2019/0181(NLE))

(Toiliú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (12158/2019),

 ag féachaint don dréacht-chomhaontú idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach (12160/2019),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 79(3) agus Airteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a), den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (C9‑0004/2019),

 ag féachaint do Riail 105(1) agus (4) agus Riail 114(7) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don mholadh ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0097/2020),

1. ag tabhairt a toilithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích;

2. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Bealarúise.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Rianaítear siar caidreamh an Aontais le Poblacht na Bealarúise go dtí 1995 nuair a síníodh comhaontú comhpháirtíochta agus comhair (CCC). De dheasca easpa tiomantais na Bealarúise do dhaonlathas agus cearta bunúsacha, áfach, níor dhaingnigh an tAontas an comhaontú déthaobhach go fóill. Ina dhiaidh sin, cuireadh fabhair thrádála ar fionraí agus smachtbhannaí i bhfeidhm i bhfianaise sháruithe na Bealarúise ar chroíphrionsabail an Aontais. Thairis sin, níor chuir an tAontas an Bhealarúis san áireamh i mBeartas Comharsanachta na hEorpa (BCE), a cruthaíodh ar dtús chun an caidreamh idir tíortha comharsanacha an Oirthir agus an Deiscirt a neartú. In 2009 sheol an tAontas tionscnamh nua chun caidreamh le roinnt tíortha san Oirthear a dhoimhniú agus a neartú, lena n-áirítear an Bhealarúis: Comhpháirtíocht an Oirthir. Faoin bhformáid iltaobhach seo, cuireadh feabhas ar an gcaidreamh idir AE agus an Bhealarúis, go háirithe sna blianta deireanacha. Tá an Bhealarúis rannpháirteach go gníomhach i gComhpháirtíocht an Oirthir agus beidh an caidreamh déthaobhach neartaithe trí na Tosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an tAontas agus an Bhealarúis, atá á gcaibidliú faoi láthair.

 

I gcomhthéacs Chruinniú Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir i mBealtaine 2009, d’athdhearbhaigh an tAontas go dtacaíonn sé go polaitiúil le léirscaoileadh iomlán an chórais víosaí i dtimpeallacht shlán, agus i dtreo soghluaisteacht a chur chun cinn trí chomhaontuithe um eisiúint víosaí agus um athligean isteach a thabhairt i gcrích le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir. De réir cur chuige comhchoiteann d’fhorbairt bheartas an Aontais maidir le comhaontú um éisiúint víosaí ar leibhéal COREPER ag na Ballstáit i mí na Nollaig 2005, ní thabharfaí comhaontú um éisiúint víosaí a éascú i gcrích gan comhaontú um athligean isteach a bheith curtha ar bun.

 

Ar an mbonn sin, thíolaic an Coimisiún, an 12 Samhain 2010, moladh don Chomhairle d’fhonn treoracha a fháil chun Comhaontú a chaibidliú le Poblacht na Bealarúise maidir leo seo, faoi seach: eisiúint víosaí gearrfhanachta a éascú, agus athligean isteach daoine a chónaíonn gan údarú. An 28 Feabhra 2011, thug an Chomhairle údarú go hoifigiúil don Choimisiún chun an dá chomhaontú a chaibidliú idir an tAontas agus an Bhealarúis.

 

Seoladh an chaibidlíocht go foirmiúil an 30 Eanáir 2014 agus bhí an chéad bhabhta caibidlíochta fhoirmiúil ar siúl i Mionsc an 13 Meitheamh 2014. Bhí trí bhabhta caibidlíochta ina dhiaidh sin ann, ar dtús sa Bhruiséil an 25 Samhain 2014 agus ansin an 11 Márta 2015 agus an 20 Meitheamh 2017 i Mionsc. Rinne na príomh-idirbheartaithe  téacs an chomhaontaithe a inisiliú an 17 Meitheamh 2019 trí mhalartú ríomhphost.

 

Le linn na caibidlíochta, shínigh an Bhealarúis, an tAontas agus seacht mBallstát rannpháirteacha (an Bhulgáir, an Rómáin, an Liotuáin, an Pholainn, an Ungáir, an Fhionlainn agus an Laitvia) Dearbhú Comhpháirteach maidir le Comhpháirtíocht Soghluaisteachta an 13 Deireadh Fómhair 2016. Déantar foráil leis an gcomhpháirtíocht sin do bhearta chun comhar a mhéadú i réimse na himirce dleathaí agus saothair, an tearmainn agus cosaint dídeanaithe, imirce neamhrialta a chosc agus a chomhrac, lena n-áirítear smuigleáil imirceach agus gáinneáil ar dhaoine agus chun an tionchar atá ag imirce agus ag soghluaisteacht a uasmhéadú freisin.

 

Oibríonn an comhaontú um eisiúint víosaí a éascú agus comhaontú um athligean isteach i dteannta a chéile. Síníodh an dá chomhaontú an 8 Eanáir 2020.

 

***

 

Dhaingnigh an Bhealarúis roinnt coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Ginéive 1951 a bhaineann le stádas Dídeanaithe agus Prótacal 1967. Is comhalta í den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus tír chomhpháirtíochta faoi chuimsiú Chomhpháirtíocht an Oirthir, atá bunaithe ar thiomantais do phrionsabail an dlí idirnáisiúnta agus do luachanna bunúsacha, lena n-áirítear cearta an duine  agus saoirsí bunúsacha a urramú. Mar sin féin, maidir le beartas an Aontais i leith na Bealarúise a chóiriú, beidh sé fíorthábhachtach go nglacfaidh an Bhealarúis céimeanna nithiúla lena dtabharfar urraim do shaoirsí uilíocha, an smacht reachta, agus cearta an duine, lena n-áirítear saoirse cainte, saoirse chun tuairimí a nochtadh, agus saoirse na meán, agus cearta saothair.

 

Cabhróidh an próiséas maidir le caidreamh a dhoimhniú idir an tAontas agus an Bhealarúis chun na teorainneacha a bhaineann leis an limistéar saoirse, slándála agus ceartais a leathnú. Maidir leis an gComhaontú um éisiúint víosaí a éascú agus an Comhaontú maidir le hathligean isteach daoine a chónaíonn gan údarú, tá an rapóirtéir den tuairim, i gcomhréir leis an tuairim ón gCoimisiúin agus ón gComhairle, go bhfuil an Bhealarúis, tar éis roinnt babhtaí caibidlíochta, réidh anois chun iad a chur i gcrích.

 

 

***

 

Maidir leis an gComhaontú um athligean isteach, ba cheart a thabhairt faoi deara go ndearnadh na gealltanais maidir le hathligean isteach a tharraingt suas ar bhonn cómhalartacht iomlán. Ar fud an Chomhaontaithe tá sé curtha i bhfáth go gcaithfidh a chur i bhfeidhm a bheith ar bhealach a ráthóidh cearta an duine agus na hionstraimí idirnáisiúnta ábhartha is infheidhme maidir leis na páirtithe a bheith á gcomhlíonadh.

 

Áirítear ar théarmaí an Chomhaontaithe an oibleagáid go n-athligfí isteach náisiúnaigh nach gcomhlíonann, nó nach gcomhlíonann a thuilleadh, na coinníollacha atá i bhfeidhm maidir le dul isteach i gcríoch Bhallstáit, a bheith i láthair i gcríoch Bhallstáit nó cónaí ann. Beidh feidhm freisin ag rialacha um athligean isteach maidir le daoine a thugadh a náisiúnach Bealarúise suas ó theacht isteach ar chríoch na mBallstát, daoine a bhfuil cead cónaithe acu nó  víosa bailí acu arna eisiúint ag an mBealarúis, agus a chuaigh isteach go neamhdhleathach i gcríoch Bhallstáit go díreach tar éis fanacht ar chríoch, na Bealarúise nó idirthuras a dhéanamh tríd.

 

Leagann an rapóirtéir béim freisin ar an gcás áirithe maidir le náisiúnaigh tríú tír faoi réir athligean isteach go dtí an Bhealarúis de réir fhorálacha Airteagal 4 den Chomhaontú. Creideann an rapóirtéir gur cheart go n-áireofaí i gcomhaontuithe amach anseo forálacha lena ráthófar go ndéanfaí iarracht ar dtús chun iad a thabhairt ar ais go dtí an tír a bhfuil a náisiúntacht i ndáil le prionsabal an non-refoulement agus de réir an dlí idirnáisiúnta.

 

Leagtar amach i roinn IV den Chomhaontú na socruithe teicniúla don nós imeachta, agus sna hiarscríbhinní tá foirmeacha eiseamláireacha agus liosta de na doiciméad is gá don nós imeachta um athligean isteach. Tá rogha mhear san áireamh, in éineacht le rannóg atá ag plé le hoibríochtaí idirthurais.

 

Déantar foráil i roinn VIII do Chomhchoiste um Athghlacadh isteach a chruthú chun a áirithiú go gcuirfear an Comhaontú i bhfeidhm go cuí agus cinntí a dhéanamh maidir le socruithe lena chun feidhme aonfhoirmeach.

 

Tá na cásanna sonracha a bhaineann leis an Danmhairg, an Ríocht Aontaithe agus na hÉireann léirithe sa bhrollach. Sa Chomhaontú tá dearbhú le fáil lena sonraítear nach bhfuil feidhm ag an gComhaontú leis an Danmhairg, agus dearbhú i ndáil leis an dlúthchomhar leis an Íoslainn agus an Iorua maidir le cur chun feidhme, cur i bhfeidhm agus forbairt acquis Schengen. Tá dhá dhearbhú ann freisin chun caidreamh a chinneadh le Cónaidhm na hEilvéise agus Prionsacht Lichtinstéin

 

***

 

Áitíonn an Rapóirtéir gur cheart go mbeadh an Pharlaimint páirteach agus ar an eolas i ndáil  le hoscailt agus dul chun cinn na gcaibidlíochtaí maidir le comhaontú um athligean isteach foirmiúil agus neamhfhoirmiúil i gcoitinne agus cuireann sé i bhfáth gur cheart comhaontuithe foirmiúla a bheith san áireamh in ionad socruithe neamhfhoirmeálta. I ndáil leis sin, is oth leis an rapóirtéir go n-áirítear fós le hAirteagal 18 den Comhaontú um Athligean Isteach an deis obair a dhéanamh ar bhonn socruithe neamhfhoirmeálta.

 

Leagann an Rapóirtéir béim freisin ar an ngá atá le ról lárnach na Parlaiminte maidir le faireachán ar chur chun feidhme na gcomhaontuithe sin um athligean isteach i gcomhréir le hAirteagal 19. Cuireann an Rapóirtéir i bhfáth nach bhfuil  an tAontas ionadaithe ach ag an  gCoimisiúin, le cúnamh ó shaineolaithe na mBallstát, maidir leis an gComhchoiste um Athghlacadh Isteach. Mar an institiúid a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh na hEorpa agus mar chosantóir an daonlathais agus phrionsabail an Aontais Eorpaigh, d'fhéadfadh an Pharlaimint a bheith páirteach san obair a dhéanann an Comhchoiste. Molann an Rapóirtéir don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar chomhdhéanamh na gcoistí comhbhainistíochta maidir le comhaontuithe a bheidh ann amach anseo. Iarann an rapóirtéir ar an gCoimisiún chun an Pharlaimint a chur ar an eolas, ag gach céim, faoi thoradh chur chun feidhme na gcomhaontuithe, i gcomhréir le prionsabal an chomhair idir na hinstitiúidí.

 

 

Ar deireadh, iarrann an rapóirtéir ar chomhaltaí an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i bParlaimint na hEorpa tacú leis an tuarascáil agus ar an bParlaimint í a fhormheas.


TUAIRIM MHIONLAIGH

 

de bhun Riail 55(4) de na Rialacha Nós Imeachta ó

Tineke Strik thar ceann na nGlasach/SCE

 

Tá sé nósanna imeachta um fhilleadh a chomhlíonann cearta an duine agus atá díniteach á n-iarraidh go leanúnach ag na Glasaigh/SCE .

 

Chun a áirithiú go gcomhlíonfar cearta bunúsacha, ní mór measúnú a dhéanamh, sula ndéanfar comhaontú um athligean isteach a thabhairt i gcrích, ar an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ar chearta bunúsacha. Is oth leis na Glasaigh/SCE nárbh amhlaidh an cás. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart bearta lena ndéanfaí foráil don fhaireachán neamhspleách agus praiticiúil ar a chur chun feidhme a áireamh in aon chomhaontú um athligean isteach, chun a áirithiú nach ndéanfar daoine a chur ar ais - nó a chur ar ais trí shlabhra - go dtí tíortha inar bhféadaidís a bheith i mbaol a ngéarleanúna.

 

Áirítear sa Chomhaontú seo an oibleagáid daoine a chuaigh isteach san Aontas tar éis dóibh fanacht ar chríoch na Bealarúise nó idirthuras a dhéanamh tríthi a ligean isteach arís. Tá argóint á déanamh ag na Glasaigh/SCE gur cheart go n-áireofaí i gcomhaontuithe um athligean forálacha lena ráthófaí go ndéanfar náisiúnaigh tríú tír a chur ar ais go dtí an tír arb í an tír í a bhfuil a náisiúntacht acu, agus nach ndéanfar iad a chur ar ais go dtí na tíortha nach ndearna siad ach idirthuras a dhéanamh tríothu.

 

Tá na Glasaigh/SCE á áitiú go ndéanfaí grinnscrúdú daonlathach a ráthú trína áirithiú go ndéanfar comhaontuithe foirmiúla seachas comhaontuithe neamhfhoirmiúla a thabhairt i gcrích. I ndáil leis sin, tá na Glasaigh/SCE á cháineadh go láidir nach gcuirtear as an áireamh le téarmaí an Chaomhaontaithe seo an deis obair a dhéanamh ar bhonn socruithe neamhfhoirmeálta.

 

Ina theannta sin, níor cheart gur réamhchoinníoll chun léirscaoileadh víosaí a chur i bhfeidhm comhaontú um athligean isteach a thabhairt i gcrích.


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA (21.2.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile</CommissionInt>


<Titre>ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le comhaontú a thabhairt i gcrích idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a athligean isteach</Titre>

<DocRef>(12158/2019 – C9-0004/2020 – 2019/0181(NLE))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Petras Auštrevičius</Depute>

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Fáiltíonn an Rapóirtéir roimh an togra mar fhorbairt dhearfach sa chaidreamh idir AE agus Bhealarúis agus leagann sí béim ar an tábhacht le haghaidh mhuintir na Bealarúise córas gluaiseachta simplithe idir í agus AE a fháil chun teagmhálacha idirphearsanta a mhéadú. Aithníonn sé nach gcloíonn próisis toghcháin agus córas polaitíochta sa Bhealarúis le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta agus nach n-áirithítear ná nach gcosnaítear na saoirsí bunúsacha uilíocha. I dtoghchán parlaiminteach 2019, áiríodh easnamh suntasach maidir le nósanna imeachta, agus ina measc bhí beartais shrianta i leith páirtithe freasúra agus iarrthóirí, agus níor léiríodh aon fheabhas i ndaonlathas. Dá bhrí sin, ba cheart gluaiseacht fheabhsaithe a úsáid chun comhar ar leibhéal an phobail a mhéadú agus sochaí shibhialta na Bealarúise a neartú agus tacú léi.

Cheana féin ina Theachtaireacht chun Beartas Comharsanachta na hEorpa (BCE) an 4 Nollaig 2006 a neartú, mhol an Coimisiún gur cheart caibidlíocht a thionscnamh le tíortha Chomharsanacht an Oirthir maidir le hathligean isteach agus éisiúint.

Chuir an Comhdhearbhú ó Chruinniú Mullaigh Phrág an 7 Bealtaine 2009, a bhunaigh Comhpháirtíocht an Oirthir i bhfáth an tábhacht le gluaiseacht saoránach i limistéar sábháilte a chur chun cinn, trí éisiúint víosaí agus comhaontuithe um athligean isteach. Leagadh síos léirscaoileadh víosaí leis mar an cuspóir fadtéarmach agus ní mór go mbeadh feabhas ar dhálaí slándála chun comhrac in aghaidh coireacht trasteorann agus imirce neamhrialta. Rinneadh na cuspóirí sin a athdhearbhú ag an gCruinniú Mullaigh i Vársá i mí Mheán Fómhair 2011 agus ag an gCruinniú Mullaigh i Vilnias i mí na Samhna 2013, agus cuireadh i bhfáth go háirithe ag na cruinnithe sin gur cheart go n-áireofaí mar sprioc le tuilleadh comhair agus comhordúcháin go ndéanfaí an imirce neamhdhleathach a chosc agus a chomhrac, go gcuirfí chun cinn imirce agus soghluaisteacht dhea-bhainistithe agus shlán mar aon le bainistiú comhtháite teorainneacha. I gCruinniú Mullaigh na Bruiséile i Samhain 2017, áitíodh go gcuideodh Comhaontú um Éisiúint Víosaí agus Comhaontú um Athligean a bheith á thabhairt i gcrích leis an mBealarúis le dul chun cinn breise maidir le soghluaisteacht, le linn don tslándáil a bheith á feabhsú.

De réir an chur chuige comhchoiteann chun beartas de chuid AE maidir le comhaontú um éisiúint víosaí ar leibhéal COREPER a fhorbairt ag na Ballstáit i mí na Nollag, ní thabharfar comhaontú um éisiúint víosaí a éascú i gcrích gan comhaontú um athligean isteach a bheith curtha ar bun.

Leis an gcinneadh beartaithe, cuirtear san áireamh an creat atá ann cheana le haghaidh comhoibriú leis an mBealarúis agus tugtar léiriú air, go háirithe an chomhpháirtíocht soghluaisteachta a seoladh in 2016, Dearbhuithe ó Chruinnithe Mullaigh Chomhpháirtíocht an Oirthir, chomh maith le caibidlíocht ar Thosaíochtaí Comhpháirtíochta idir an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis. Tá comhaontuithe cosúil leis sin curtha i gcrích roimhe seo leis an Airméin, an Asarbaiseáin, an tSeoirsia, an Mholdóiv agus an Úcráin.

Thug an Chomhairle an t-údarú foirmiúil an 28 Feabhra 2011 chun an Comhaontú leis an mBealarúis maidir le héascú eisiúint víosaí a chaibidliú . Cuireadh tús leis an gcaibidlíocht in Eanáir 2014 agus inslíodh an téacs comhaontaithe an 17 Meitheamh 2019. Ar deireadh, shínigh an tAontas Eorpach agus an Bhealarúis comhaontú um éisiúint víosaí a éascú agus comhaontú um athligean isteach an 8 Eanáir 2020.

Sa chinneadh beartaithe chun an comhaontú a thabhairt i gcrích, tá sraith d’eilimintí caighdeánach atá curtha san áireamh sna comhaontuithe um athligean isteach arna dtabhairt i gcrích idir AE agus tríú tíortha Sa chomhaontú, athdhearbhaíonn na sínitheoirí go mbeidh sé curtha i bhfeidhm chun urraim do chearta an duine agus d’oibleagáidí agus freagrachtaí na bpáirtithe faoi na hionstraimí idirnáisiúnta atá infheidhme ina leith a áirithiú.

Tarraingíodh na hoibleagáidí um athligean isteach ar bhealach iomlán cómhalartach agus is é atá i gceist leo náisiúnaigh, náisiúnaigh triú tíortha agus daoine gan stát, agus bunaítear leis na hoibleagáidí sin réamhriachtanais don oibleagáid náisiúnaigh agus daoine gan stát a ligean isteach arís. Leagtar amach leis an gcomhaontú na forálacha teicniúla riachtanach amach maidir leis an mbeartas um athligean isteach, lena n-áirítear bunú Comhchoiste um Athghlacadh Isteach, nós imeachta solúbtha i gcásanna nuair atá doiciméad taistil bailí ag duine atá le hathligean isteach, chomh maith le coinníollacha le haghaidh nós imeachta brostaithe le haghaidh daoine a gabhadh i gcomharsanacht na comhtheorann talún idir Ballstát agus an Bhealarúis nó laistigh de chríoch a n-aerfort náisiúnta, a n-oibríochtaí idirthurais, a gclásal ar chostas, a gcosanta sonraí agus i ndáil lena n-oibleagáidí idirnáisiúnta.

Tá feidhm ag an gcomhaontú le críocha na Bealarúise agus AE, gan Ríocht na Danmhairge, na hÉireann agus an Ríocht Aontaithe ar áireamh ann.

Le ceithre bliana anuas, tá dul chun cinn déanta sa chaidreamh idir AE agus an Bhealarúis. Tá an Bhealarúis rannpháirteach i gComhpháirtíocht an Oirthir, laistigh dá formáidí iltaobhacha, a dhéanann ár ngealltanas don dlí idirnáisiúnta agus do luachanna bunúsacha a chur chun cinn, lena n-áirítear urraim do chearta an duine agus do shaoirsí bunúsacha. Is gá don Bhealarúis tuilleadh iarrachtaí a dhéanamh, agus céimeanna nithiúla a ghlacadh lena dtabharfar urraim do shaoirsí bunúsacha uilíocha, don smacht reachta agus do chearta an duine, arb iarrachtaí iad a leanfaidh de bheith bunriachtanach chun beartais AE amach anseo i leith na Bealarúise a mhúnlú de mheon na “rannpháirtíochta criticiúla”. Ar thionscnamh ó údaráis na Bealarúise, cuireadh tús arís in 2015 leis an idirphlé bliantúil um Chearta an Duine idir AE agus an Bhealarúis. Seoladh Comhpháirtíocht Soghluaisteachta in 2016; príomhionstraim a bhí ann chun ár gcomhar maidir le himirce a fhorbairt, agus feabhas á chur ar shoghluaisteacht shaoránaigh AE agus na Bealarúise i dtimpeallacht shábháilte agus dea-bhainistithe.

Dhaingnigh an Bhealarúis roinnt coinbhinsiúin idirnáisiúnta ábhartha, lena n-áirítear Coinbhinsiún na Ginéive 1951 a bhaineann le stádas Dídeanaithe agus Prótacal 1967. Is comhalta í den Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

Agus na heilimintí thuas á gcur san áireamh, tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil creat fónta a dhóthain ag an mBealarúis chun go n-áiritheofaí go n-urramófar cearta na ndaoine a ndéileáiltear leo faoin gcomhaontú.

Ba cheart an comhaontú um athligean isteach a thabhairt chun críche ar bhealach tráthúil agus ba cheart dó teacht i bhfeidhm go comhuaineach leis an gcomhaontú maidir le víosaí a éascú, ós rud é go bhfuil an dá chomhaontú nasctha le chéile.

******

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, a mholadh go bhformheasfaí an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise i leith athghlacadh isteach na ndaoine sin a chónaíonn gan údarú.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a ligean ar ais

Tagairtí

12158/2019 – C9-0004/2020 – 2019/0181(NLE)

An coiste freagrach

 

LIBE

 

 

 

 

Coiste ar iarradh tuairim air

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

AFET

16.1.2020

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Petras Auštrevičius

30.9.2019

Dáta a ghlactha

19.2.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

53

10

0

Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Alviina Alametsä, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Lars Patrick Berg, Anna Bonfrisco, Fabio Massimo Castaldo, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Klemen Grošelj, Sandra Kalniete, Dietmar Köster, Stelios Kouloglou, Ilhan Kyuchyuk, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Jaak Madison, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Urmas Paet, Demetris Papadakis, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Jérôme Rivière, Nacho Sánchez Amor, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Sergei Stanishev, Hermann Tertsch, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Thomas Waitz, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Salima Yenbou, Željana Zovko

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Arnaud Danjean, Özlem Demirel, Engin Eroglu, Evin Incir, Andrey Kovatchev, Sergey Lagodinsky, Katrin Langensiepen, Gabriel Mato, Kris Peeters, Paulo Rangel, Ernest Urtasun, Nils Ušakovs, Mick Wallace

Comhaltaí ionaid faoi Riail 200(2) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Tudor Ciuhodaru

 

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

53

+

ECR

Anna Fotyga, Hermann Tertsch, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers

ID

Lars Patrick Berg, Anna Bonfrisco, Jaak Madison, Thierry Mariani, Jérôme Rivière, Harald Vilimsky

NI

Fabio Massimo Castaldo

PPE

Traian Băsescu, Arnaud Danjean, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Sandra Kalniete, Andrey Kovatchev, Miriam Lexmann, David McAllister, Lukas Mandl, Gabriel Mato, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Kris Peeters, Paulo Rangel, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko

RENEW

Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Engin Eroglu, Klemen Grošelj, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, Hilde Vautmans

S&D

Maria Arena, Włodzimierz Cimoszewicz, Tudor Ciuhodaru, Tanja Fajon, Evin Incir, Dietmar Köster, Sven Mikser, Demetris Papadakis, Tonino Picula, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Nacho Sánchez Amor, Andreas Schieder, Sergei Stanishev, Nils Ušakovs

 

10

-

GUE/NGL

Özlem Demirel, Stelios Kouloglou, Mick Wallace

NI

Kostas Papadakis

VERTS/ALE

Alviina Alametsä, Sergey Lagodinsky, Katrin Langensiepen, Ernest Urtasun, Thomas Waitz, Salima Yenbou

 

0

0

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Tabhairt i gcrích an Chomhaontaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Bealarúise maidir le daoine a chónaíonn gan údarú a ligean ar ais

Tagairtí

12158/2019 – C9-0004/2020 – 2019/0181(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

10.1.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

LIBE

16.1.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

AFET

16.1.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Petar Vitanov

21.10.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

28.1.2020

 

 

 

Dáta a ghlactha

23.4.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

54

13

0

Na comhaltaí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Jeroen Lenaers, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Birgit Sippel, Sylwia Spurek, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Cristian Terheş, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Ondřej Kovařík, Kostas Papadakis, Anne-Sophie Pelletier, Miguel Urbán Crespo, Petar Vitanov, Tatjana Ždanoka

Dáta don chur síos

4.5.2020

 


 

VÓTÁLA CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

54

+

PPE

Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Lívia Járóka, Jeroen Lenaers, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Javier Zarzalejos

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo,  Caterina Chinnici, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Marina Kaljurand, Juan Fernando López Aguilar, Javier Moreno Sánchez, Brigit Sippel, Sylwia Spurek, Cristian Terheş, Bettina Vollath, Elena Yoncheva, Petar Vitanov

RENEW

Anna Júlia Donáth, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Dragoş Tudorache, Ondřej Kovařík

ID

Nicholas Bay, Nicolaus Fest, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

ECR

Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Assita Kanko, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska

NI

Laura Ferrara, Milan Uhrík

 

13

-

ID

Marcel De Graaff

VERTS/ALE

Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Damien Carême, Alice Kuhnke, Tatjana Ždanoka, Diana Riba I Giner, Tineke Strik

GUE/NGL

Pernando Barrena Arza, Clare Daly, Anne-Sophie Pelletier, Miguel Urbán Crespo

NI

Kostas Papadakis

 

0

0

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Bealtaine 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais