MOLADH DON DARA LÉAMH maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil iompair de bhóthar
10.6.2020 - (05115/1/2020 – C9‑0105/2020 – 2017/0123(COD)) - ***II
An Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Rapóirtéir: Ismail Ertug
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh d’fhonn go nglacfaí rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1071/2009, (CE) Uimh. 1072/2009 agus (AE) Uimh. 1024/2012 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil iompair de bhóthar
(05115/1/2020 – C9 0105/2020 – 2017/0123(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an dara léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh (05115/1/2020 – C9‑0105/2020),
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 18 Eanáir 2018[1],
– ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an 1 Feabhra 2018[2],
– ag féachaint don tuairim ón gCoimisiún (COM(2020)0151),
– ag féachaint dá seasamh ar an gcéad léamh[3] ar an togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2017)0281),
– ag féachaint d’Airteagal 294(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don chomhaontú sealadach a d’fhormheas an coiste freagrach faoi Riail 74(4) dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do Riail 67 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don mholadh don dara léamh ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht (A9-0116/2020),
1. ag formheas an tseasaimh ón gComhairle ar an gcéad léamh;
2. ag tabhairt dá haire go nglactar an gníomh i gcomhréir leis an seasamh ón gComhairle;
3. á threorú dá hUachtarán an gníomh a shíniú le hUachtarán na Comhairle, i gcomhréir le hAirteagal 297(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hArd-Rúnaí an gníomh a shíniú, a luaithe a fhíoraítear go bhfuil na nósanna imeachta go léir curtha i gcrích go cuí, agus, i gcomhaontú le hArd-Rúnaí na Comhairle, socrú a dhéanamh maidir lena fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
RÉASÚNÚ GEARR
1. An margadh idirnáisiúnta iompair de bhóthar
Tá an-tábhacht leis an earnáil iompair de bhóthar, earnáil ina bhfostaítear os cionn 11 mhilliún duine agus arb í is siocair le beagnach 80% den iompar lasta intíre in AE.
Tá dhá Rialachán ó AE i bhfeidhm faoi láthair a bhfuil sé mar chuspóir ginearálta leo tacú le dea-fheidhmiú an mhargaidh aonair iompair de bhóthar, agus le héifeachtúlacht agus iomaíochas an mhargaidh sin.
Le Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 leagtar síos na forálacha nach mór do ghnóthais a chomhlíonadh chun gairm an oibreora iompair de bhóthar (paisinéirí agus lasta) a rochtain.
Le Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 leagtar síos na forálacha nach mór do ghnóthais a chomhlíonadh, ar gnóthais iad a bhfuil sé beartaithe acu oibriú sa mhargadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar agus i margaí náisiúnta nach iad a margadh féin iad (cabatáiste).
Tá sé léirithe ón taithí a fuarthas ar chur chun feidhme na Rialachán sin, áfach, go bhfuil maolú tagtha ar a n-éifeachtacht agus go bhfuil éiginnteacht dhlíthiúil agus neamhionannas sna coinníollacha iomaíochta ann d’oibreoirí iompair de dheasca na n-éagsúlachtaí i léirmhíniú na bhforálacha, na neamhréireachtaí sna cleachtais forfheidhmithe agus easpa comhair a bheith ann idir na Ballstáit.
2. An togra ón gCoimisiún
An 31 Bealtaine 2017, ghlac an Coimisiún “Pacáiste Soghluaisteachta I” agus é d’aidhm aige iomaíocht chóir a chinntiú, na rialacha atá ann cheana a shimpliú, margadh inmheánach AE a chaomhnú agus cearta oibrithe san earnáil a chinntiú. Mar chuid den chéad Phacáiste Soghluaisteachta sin, mhol an Coimisiún go ndéanfaí leasú ar na forálacha atá ann faoi láthair nach mór do chuideachtaí a chomhlíonadh más mian leo oibriú ar an margadh idirnáisiúnta tarlaithe de bhóthar nó i margaí náisiúnta nach iad a margadh féin iad (cabatáiste).
Tugtar athruithe isteach i gceithre réimse ar leith sa togra ón gCoimisiún: cuideachtaí caocha, feithiclí éadroma tráchtála, cabatáiste agus forfheidhmiú.
Chun deireadh a chur le húsáid cuideachtaí caocha mar a thugtar orthu, is iad sin ‘fochuideachtaí bréige’ atá lonnaithe i mBallstáit ina n-íoctar pá íseal a chuirtear ar bun chun teacht i dtír ar dhifreálaigh phá, mhol an Coimisiún go neartófaí tuilleadh na critéir maidir le bunaíocht chun a chinntiú go mbeadh fíorghníomhaíocht ag an tarlóir sa Bhallstát bunaíochta.
Faoi láthair, níl feithiclí éadroma tráchtála (feithiclí atá faoi bhun 3.5 tona) san áireamh i raon feidhme Rialachán 1071/2009. Tá cead ag na Ballstáit, áfach, cuid d’fhorálacha an Rialacháin a chur i bhfeidhm maidir leis na feithiclí éadroma tráchtála atá bunaithe ina gcríoch, rud as a dtagann meascán ceanglas ar fud AE. Ós rud go bhfuiltear ag dréim leis go dtiocfaidh méadú breise ar úsáid na bhfeithiclí éadroma tráchtála sna blianta amach romhainn, mhol an Coimisiún go gcuirfí iad faoi réir cuid de na rialacha maidir le rochtain ar ghairm.
Tá an margadh cabatáiste agus iompar earraí laistigh de Bhallstát ag cuideachta iompair atá bunaithe i mBallstát eile faoi réir srianta. Faoi láthair, tá trí oibríocht chabatáiste laistigh de sheacht lá tar éis seachadadh idirnáisiúnta ceadaithe faoi rialacha AE. Mhol an Coimisiún riail nua, is í sin oibríochtaí cabatáiste gan teorainn laistigh de chúig lá tar éis iompar idirnáisiúnta.
Ar deireadh, mhol an Coimisiún roinnt beart chun aghaidh a thabhairt ar an bhfíoras go bhfuil leibhéal agus éifeachtacht na rialuithe agus an fhorfheidhmithe a dhéanann na Ballstáit éagsúil ó Bhallstát go chéile, lena n-áirítear tairseacha éigeantacha bliantúla le haghaidh seiceálacha cabatáiste agus seiceálacha trasteorann comhbheartaithe, feabhas a chur ar an gcomhar idir na Ballstáit trí rialacha maidir le malartú faisnéise, grádú riosca a chur ar fáil trí Chlár Eorpach na nGnóthas Iompair de Bhóthar chun gur féidir seiceálacha spriocdhírithe a dhéanamh agus úsáid na dtacagraf cliste agus na ríomhdhoiciméad a spreagadh tuilleadh.
3. Caibidlíochtaí idirinstitiúideacha
Tar éis seasamh Pharlaimint na hEorpa ar an gcéad léamh a ghlacadh an 4 Aibreán 2019, tionóladh caibidlíochtaí idirinstitiúideacha (a bhí dírithe ar luath-chomhaontú ar an dara léamh) ó mhí Dheireadh Fómhair go mí na Nollag 2019 faoi Uachtaránacht na Fionlainne ar an gComhairle. Tar éis ceithre bhabhta de chruinnithe tríthaobhacha, a raibh cruinnithe comhpháirteacha ar chuid díobh, tháinig foireann chaibidlíochta Pharlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach le hUachtaránacht na Comhairle le linn an chruinnithe thríthaobhaigh dheireanaigh ar cuireadh tús leis an 11 Nollaig 2019.
Cuireadh téacs an chomhaontaithe shealadaigh faoi bhráid an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht (TRAN) agus deimhníodh é ar an 21 Eanáir 2020. Ar bhonn an fhormheasta ón gCoiste, thug Cathaoirleach Choiste TRAN le fios, ina litir chuig Cathaoirleach Choiste na mBuanionadaithe (COREPER I), go molfadh sí don Seisiún Iomlánach an seasamh ón gComhairle a fhormheas gan leasuithe, ar choinníoll go mbeadh sé i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach arna thabhairt i gcrích idir an dá institiúid. Tar éis fíorú dlítheangeolaíoch, ghlac an Chomhairle (trí nós imeachta i scríbhinn) a seasamh go foirmiúil ar an 7 Aibreán 2020 i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach.
4. Príomhghnéithe an chomhaontaithe
Neartaigh an comhaontú foriomlán a thug an Pharlaimint agus an Chomhairle i gcrích an togra tuilleadh chun coinníollacha cothroma maidir le hiomaíocht chóir agus dian-fhorfheidhmiú a chinntiú. Baineadh an méid seo a leanas amach go háirithe:
Chun cuideachtaí caocha a chomhrac ar bhealach níos fearr, rinneadh na forálacha maidir le bunaíocht éifeachtach agus chobhsaí a bheith ag fíorláithreacht ghnó a neartú agus a shoiléiriú, chun gur féidir fíornasc leis an mBallstát bunaíochta a chruthú. Áirítear leis sin ceanglais a bhaineann le feithiclí a úsáideann an t-oibreoir iompair a bheith sa Bhallstát bunaíochta (uair amháin gach 8 seachtaine) agus a bhaineann le gnátháit fostaíochta na dtiománaithe;
Maidir le feithiclí éadroma tráchtála a bheith san áireamh: chun an t-ualach riaracháin a laghdú, ní dhéantar feithiclí éadroma tráchtála nach ndéanann ach oibríochtaí iompair náisiúnta, chomh maith le feithiclí éadroma tráchtála an-bheag (faoi bhun 2.5 tona), a chur san áireamh sa raon feidhme. Ar an lámh eile, ba cheart go gcomhlíonfadh feithiclí éadroma tráchtála atá san áireamh sa raon feidhme na rialacha céanna nach mór d’fheithiclí earraí troma a chomhlíonadh chun iomaíocht chóir a chinntiú;
Cé gur coinníodh an córas atá ann faoi láthair le haghaidh cabatáiste, chun cabatáiste córasach a chomhrac as a n-eascraíonn tiománaithe fánaíochta agus dumpáil shóisialta, tugadh isteach tréimhse “mharana” 4 lá, nach gceadaítear a thuilleadh oibríochtaí cabatáiste sa Bhallstát sonrach sin lena linn. Thairis sin, tugadh aghaidh ar an mí-úsáid a d’fhéadfadh a bheith á baint ag roinnt cuideachtaí iompair as an Treoir maidir le hIompar Traschórais chun dul timpeall ar na rialacha maidir le cabatáiste;
Chun forfheidhmiú na rialacha a neartú agus a chuíchóiriú tuilleadh, thángthas ar chomhaontú faoi fhorálacha sonracha chun an comhar riaracháin idir na Ballstáit a fheabhsú, chun sonraí níos ábhartha a bhailiú maidir le cuideachtaí iompair i gcláir leictreonacha náisiúnta agus chun gur féidir rochtain níos éasca a fháil orthu sin le linn seiceálacha cois bóthair, chun seiceáil níos rialta a dhéanamh an bhfuil na ceanglais cheadúnúcháin fós á gcomhlíonadh, lena n-áirítear trí chigireachtaí ar an láthair, agus chun an acmhainn náisiúnta forfheidhmithe atá gann a dhíriú ar chuideachtaí ardriosca;
Comhdhliteanas sa slabhra soláthair a thabhairt isteach chun feabhas a chur ar an bhfreagracht as gníomhaithe réamhtheachtacha sa slabhra soláthair (coinsíneoirí, seoltóirí lasta, conraitheoirí agus fochonraitheoirí) chun a chinntiú nach sárófar an dlí leis na seirbhísí iompair atá á gcoimisiúnú acu;
Na rialacha a shoiléiriú tuilleadh chun feabhas a chur ar an gcothrom iomaíochta agus ar an iomaíocht chóir san earnáil, agus aird á tabhairt freisin ar an bhfeabhas atá tagtha ar an teicneolaíocht agus ar dhigitiú an iompair.
5. Moladh
Ós rud é go bhfuil an seasamh ón gComhairle i gcomhréir leis an gcomhaontú sealadach a tugadh chun críche le linn na gcaibidlíochtaí idirinstitiúideacha, molann an Rapóirtéir é a fhormheas gan leasuithe.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Leasú Rialachán (CE) Uimh. 1071/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 1072/2009 d’fhonn iad a oiriúnú d’fhorbairtí san earnáil |
|||
Tagairtí |
05115/1/2020 – C9-0105/2020 – 2017/0123(COD) |
|||
Dáta don chéad léamh ag an bParlaimint – P-uimhir |
4.4.2019 T8-0341/2019 |
|||
Togra ón gCoimisiún |
COM(2017)0281 - C8-0169/2017 |
|||
Fógra sa suí iomlánach go bhfuarthas an seasamh ón gComhairle ar an gcéad léamh |
17.4.2020 |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 17.4.2020 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Ismail Ertug 12.7.2017 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
28.4.2020 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
8.6.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
33 16 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Leila Chaibi, Roman Haider, Henna Virkkunen |
|||
Dáta don chur síos |
10.6.2020 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
33 |
+ |
ECR |
Peter Lundgren |
GUE/NGL |
Leila Chaibi, Kateřina Konečná, Elena Kountoura |
ID |
Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo |
NI |
Mario Furore |
PPE |
Benoît Lutgen, Giuseppe Milazzo, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg‑Vrionidi |
Renew |
José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan‑Christoph Oetjen, Dominique Riquet |
S&D |
Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Vera Tax |
Verts/ALE |
Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay‑Grunenberg, Tilly Metz |
16 |
- |
ECR |
Tomasz Piotr Poręba, Roberts Zīle, Kosma Złotowski |
NI |
Dorian Rookmaker |
PPE |
Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Marian‑Jean Marinescu, Cláudia Monteiro de Aguiar, Barbara Thaler, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska |
S&D |
Andris Ameriks, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, István Ujhelyi, Petar Vitanov |
0 |
0 |
|
|
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] IO C 197, 8.6.2018, lch. 38.
- [2] IO C 176, 23.5.2018, lch. 57.
- [3] Téacsanna arna nglacadh an 4.4.2019, P8_TA(2019)0341.