Nós Imeachta : 2019/2127(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0118/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0118/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0191

<Date>{16/06/2020}16.6.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0118/2020</NoDocSe>
PDF 214kWORD 67k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta - tuarascáil bhliantúil 2018</Titre>

<DocRef>(2019/2127(INI))</DocRef>


<Commission>{CONT}An Coiste um Rialú Buiséadach</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Bas Eickhout</Depute>

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le rialú ghníomhaíochtaí airgeadais an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta - tuarascáil bhliantúil 2018

(2019/2127(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2018 ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI),

 ag féachaint do Thuarascáil Airgeadais 2018 agus do Thuarascáil Staidrimh 2018 ó BEI,

 ag féachaint do Thuarascáil Inbhuanaitheachta 2018, do Thuarascáil Bhliantúil 2018 ar BEI lasmuigh den Aontas Eorpach agus do Thuarascáil 2018 ar oibríochtaí BEI laistigh de AE,

 ag féachaint do thuarascálacha bliantúla an Choiste Iniúchóireachta don bhliain 2018,

 ag féachaint don Tuarascáil ar chur chun feidhme Bheartas Trédhearcachta BEI in 2018 agus do Thuarascáil 2018 ar Rialachas Corparáideach,

 ag féachaint don ghníomhaíocht a rinneadh in 2018 maidir le himscrúduithe ar an gCalaois,

 ag féachaint don ‘Chinneadh ón Ombudsman Eorpach i gcás 1316/2016/TN maidir le heasnaimh líomhnaithe i mBeartas Trédhearcachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta[1]’,

 ag féachaint don Athbhreithniú ar an Sásra Gearán (SG) a d’eascair ón ‘gCinneadh ón Ombudsman Eorpach i gcás 1316/2016/TN maidir le heasnaimh líomhnaithe i mBeartas Trédhearcachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta’,

 ag féachaint do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí 2018 ó Oifig BEI an Phríomhoifigigh um Chomhlíonadh agus do Thuarascáil ar Ghníomhaíochtaí Frithchalaoise 2018 ó Ghrúpa BEI,

 ag féachaint do Phlean Oibriúcháin Ghrúpa BEI 2017-2019

 ag féachaint d’Airteagail 3 agus 9 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),

 ag féachaint d’Airteagail 15, 126, 174, 175, 208, 209, 271, 308 agus 309 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), do Phrótacal Uimh. 5 a ghabhann leis maidir le Reacht BEI agus do Phrótacal Uimh. 28 a ghabhann leis maidir le comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach,

 ag féachaint do Rialacha Nós Imeachta an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta,

 ag féachaint dá rúin an 6 Aibreán 2018 ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais BEI do 2016 – Tuarascáil Bhliantúil 2016[2], an 17 Eanáir 2019 ar rialú ghníomhaíochtaí airgeadais BEI do 2017 - Tuarascáil Bhliantúil 2017[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha[4],

 ag féachaint do dhoiciméad inmheánach oibre an Choimisiúin dar dáta an 14 Meán Fómhair 2016 i ndáil le síneadh a chur le ré an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) chomh maith le feabhsuithe teicniúla ar an gCiste sin agus ar an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht a thabhairt isteach (COM(2016)0597, SWD(2016)0297 agus SWD(2016)0298),

 ag féachaint don tuarascáil speisialta ón gCúirt Iniúchóirí ar an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) ó mhí Eanáir 2019[5], Uimh. 03/2019,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 28 Bealtaine 2019 ar bhainistiú chiste ráthaíochta an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS) in 2018(COM (2019)0244),

 ag féachaint don tuarascáil mheastóireachta ar oibríochtaí BEI maidir leis an meastóireacht ar CEIS, a foilsíodh i mí an Mheithimh 2018,

 ag féachaint do mheastóireacht an Choimisiúin, a rinneadh in 2019, ar an Sainordú Iasachtaithe Sheachtraigh[6],

 ag féachaint don tuarascáil dar teideal “An Eoraip sa Domhan - A bhfuil i ndán don ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt”[7] arna hullmhú ag Grúpa Ardleibhéil Saoithe maidir leis an ollstruchtúr airgeadais Eorpach don fhorbairt,

 ag féachaint don Tuarascáil ó Counter Balance dar teideal “an bhfuil BEI in inmhe dul i ngleic leis an gcalaois agus leis an éilliú?” ó mhí Dheireadh Fómhair 2019[8],

 ag féachaint don Chomhaontú Tríthaobhach ar thángthas air i mí Mheán Fómhair 2016 idir an Coimisiún Eorpach, Cúirt Iniúchóirí na hEorpa agus an Banc Eorpach Infheistíochta,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Rialú Buiséadach (A9-0118/2020),

A. de bhrí go bhfuil BEI faoi cheangal ag conradh rannchuidiú le lánpháirtiú AE, le comhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta agus le forbairt réigiúnach trí ionstraimí tiomnaithe infheistíochta amhail iasachtaí, cothromais, ráthaíochtaí, saoráidí roinnte riosca agus seirbhísí comhairleacha;

B. de bhrí gurb é príomhchuspóir BEI rannchuidiú le forbairt chothromúil agus rianúil an mhargaidh inmheánaigh chun leasa an Aontais, de réir Airteagal 309 CFAE;

C. de bhrí go n-oibríonn BEI, mar an t-iasachtóir poiblí is mó sa domhan, sna margaí caipitil idirnáisiúnta, ag tairiscint dó téarmaí iomaíocha do chliaint agus dálaí fabhracha chun tacú le beartais agus tionscadail AE;

D. de bhrí go raibh BEI 60 bliain ar an bhfód in 2018 agus go mbeidh aghaidh á tabhairt aige ar dhúshláin nua iomadúla a bheidh ann amach anseo laistigh den Aontas nó lasmuigh de;

E.  de bhrí go bhfuil AE thíos le géarchéim tearcinfheistíochta ábhalmhóire le deich mbliana anuas agus go bhfuil sé i ngleic le héileamh práinneach infheistíochta chun an claochlú glas agus digiteach is gá ar an ngeilleagar a sheasamh; de bhrí go bhfuil na rátaí infheistíochta (i.e. an infheistíocht mar sciar den olltáirgeacht intíre) chun deiridh ar na leibhéil ar a raibh siad roimh an ngéarchéim;

F. de bhrí gur ghlac BEI gealltanais nua aeráide i mí na Samhna 2019 maille le Beartas nua Iasachtaithe Fuinnimh;

G. de bhrí go bhfuil ról lárnach ag BEI i margaí airgeadais idirnáisiúnta, go háirithe trína phríomhról in eisiúint bannaí glasa;

H. de bhrí go bhfuiltear ag dréim leis go mbeidh ról lárnach ag BEI i ndáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip a mhaoiniú tríd an bPlean Infheistíochta Eorpach Inbhuanaithe;

I. de bhrí gur cheart don Bhanc díriú go príomha ar spriocanna beartais phoiblí amhail an comhtháthú sóisialta, an fhorbairt inbhuanaithe agus an comhshaol, agus iad siúd a bheith ina bpríomhspriocanna aige; 

J. de bhrí gur cheart do BEI luachanna Eorpacha, a bhfuil cearta an duine ar an luach is uachtaraí acu, a chomhtháthú ina straitéisí infheistíochta; 

K. de bhrí go bhfuil breithniú á dhéanamh ag BEI ar phleananna chun ‘Banc Forbartha AE’ a dhéanamh de BEI agus gur iarr an Chomhairle ar BEI agus ar BEAF cheana na pleananna sin a thíolacadh le haghaidh plé a dhéanamh orthu amach anseo;

L.  de bhrí go dtacaíonn maoiniú BEI ar oibríochtaí lasmuigh de AE le cuspóirí beartais sheachtraigh AE go príomha, agus go leathnaíonn sé ag an am céanna infheictheacht agus luachanna an Aontais agus go rannchuidíonn sé le cobhsaíocht tríú tíortha a choinneáil;

M. de bhrí gur gá coimircí i gcoinne na calaoise, lena n-áirítear calaois chánach agus sciúradh airgid, agus i gcoinne maoiniú rioscaí sceimhlitheoireachta agus éillithe a áireamh go cuí i ndícheall cuí agus coinníollacha conarthacha BEI;

N. de bhrí gur cheart aird leanúnach a dhíriú ar dhea-chleachtais a fhorbairt a bhaineann le beartas feidhmíochta agus bainistiú BEI, mar aon le dea-rialachas agus trédhearcacht;

Príomhchuntais teiste ghníomhaíochtaí cistiúcháin BEI in 2018

1. á thabhairt dá haire gur sholáthair Grúpa BEI níos mó ná EUR 64.19 billiún euro de mhaoiniú in 2018 agus gur síníodh 854 thionscadal,

2. ag tabhairt faoi deara gurb iad seo a leanas príomh-mhéideanna infheistíochta BEI:

 EUR 13.5 billiún d’iasachtaí do thionscadail nuálaíochta in 2018;

 cuireadh 32 faoin gcéad de mhaoiniú BEI i leataobh do réigiúin chomhtháthaithe agus tiontaithe ar mó é ná an sprioc bheartaithe de 30 faoin gcéad;

 is ionann na scéimeanna cistiúcháin do FBManna agus do chuideachtaí lárchaipitlithe agus an príomhréimse tosaíochta lena ngabhann suim atá barr ar EUR 23.3 billiún;

 Infheistíodh EUR 15.2 billiún sa Chomhshaol;

 Infheistíodh EUR 12.3 billiún i mBonneagar;

 bhí iasachtú an athraithe aeráide gar do 30 faoin gcéad de phunann BEI in 2018 i.e. 28 faoin gcéad d’iomlán na sínithe ar mó é ná an sprioc de 25 faoin gcéad i bhfabhar   Chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide;

 infheistíodh níos mó ná EUR 8 mbilliún lasmuigh den Eoraip arb ionann é agus 12.5 faoin gcéad de mhaoiniú iomlán BEI;

3. á thabhairt dá haire an dá sprioc uileghabhálacha beartais atá ag BEI a bhaineann le comhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch AE agus leis an ngníomhú ar son na haeráide maille leis na ceithre phríomhsprioc beartais phoiblí, eadhon an nuálaíocht, maoiniú FBManna agus Cuideachtaí Lárchaipitlithe, bonneagar agus an comhshaol; á chur i bhfáth gur cheart na príomhspriocanna beartais phoiblí sin a ailíniú go hiomlán leis an nuashonrú a rinneadh le déanaí ar thosaíochtaí beartais AE chun go léireofaí an t-aistriú i dtreo samhail eacnamaíoch nua lena n-urramófar teorainneacha pláinéadacha agus rathúnas comhroinnte;

4. á thabhairt dá haire miondealú geografach 2018 ar chonarthaí airgeadais sínithe; á iarraidh ar BEI tuarascáil a thabhairt freisin ar chonarthaí airgeadais sínithe de réir tír per capita agus maidir lena sciar in BEI; ag iarraidh go ndéanfaí dáileadh geografach cothrom ar infheistíochtaí chun leibhéal forbartha agus gnéithe comhtháthaithe na dtíortha agus na réigiún a chur san áireamh; á thabhairt dá haire miondealú geografach 2018 ar chonarthaí airgeadais sínithe mar sciar de OTI agus an Ghréig 1.01 % (EUR 1.87 billiún), an Chipir 1.01 % (EUR 0.21 billiún), an Phortaingéil 0.98 % (EUR 1.98 billiún), an Chróit 0.98 % (EUR 0.51 billiún) agus an Pholainn 0.97 % (EUR 4.79 billiún) ar an gcúig phríomhBhallstát is tairbhí; ag tabhairt dá haire go bhfuair na cúig Bhallstát is mó tairbhí i ndearbhthéarmaí 52,9 % d’infheistíochtaí airgeadais sínithe;

5. ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an Chomhairle bonn caipitil an bhainc a chothú trí ranníocaíocht na Ríochta Aontaithe le caipiteal íoctha BEI a ionadú le cúlchistí agus caipiteal inghlaoite an Bhainc trí mhéaduithe comhréireacha ar dhliteanais theagmhasacha; ag tabhairt dá haire gur chomhaontaigh an Chomhairle ar mhéadú neamhshiméadrach caipitil as a dtiocfadh méaduithe ar scaireanna caipitil na Polainne agus na Rómáine; á iarraidh ar scairshealbhóirí BEI caipitliú BEI a mhéadú tuilleadh chun go bhféadfaí níos mó infheistíochta a dhéanamh agus chun go bhféadfaí dul san fhiontar a thuilleadh chun na tionscadail is gá a mhaoiniú chun tacú le claochlú inbhuanaithe agus digiteach an gheilleagair agus chun rannchuidiú leis an gcomhtháthú sóisialta agus críochach, le cruthú post, agus le nuálaíocht agus iomaíochas san Aontas agus fós rátáil triarach A BEI a chaomhnú;

6. ag tabhairt dá haire gur ráta iasachtaí lagaithe 0.3 % de phunann iomlán na n-iasachtaí a bhí ann ag deireadh 2018 (0.3 % ag deireadh 2017) d’ainneoin chor an Bhainc le deireanas ionsar oibríochtaí iasachtaithe riosca aird;

Príomhthosaíochtaí bheartas infheistíochta BEI agus inbhuanaitheacht a shamhla gnó

7. ag tabhairt dá haire gurb é cúram BEI infheistíocht a dhéanamh i dtionscadail inmharthana lena mbaintear amach cuspóirí beartais AE de réir Airteagal 309 CFAE lena n-áirítear tionscadail le haghaidh réigiúin bheagfhorbartha a fhorbairt; á chur i bhfáth gur cheart gur do thionscadail inbhuanaithe lena ngabhann spriocanna insoláthartha soiléire, breisluach agus tionchair dhearfacha leathana a thabharfaí tosaíocht laistigh de ghníomhaíochtaí iasachtaithe BEI;

8. á iarraidh ar BEI gach riosca don chomhshaol a bhaineann le tionscadail bhonneagair ar mhórscála a chur san áireamh, agus gan ach tionscadail lena ngabhann breisluach cruthaithe don phobal áitiúil agus ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus an gheilleagair de a mhaoiniú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí dianfhaireachán ar na rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le héilliú agus calaois sa chomhthéacs sin agus go ndéanfaí meastóireachtaí ex-ante agus ex-post críochnúla ar na tionscadail atá le maoiniú;

9. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil fuinneamh polaitiúil ann i leith sciar shíormhéadaitheach de chistiú BEI a chur i leataobh don inbhuanaitheacht aeráide agus comhshaoil nó don bhanc ar a dtugtar ‘Banc Aeráide na hEorpa’; ag iarraidh go ndéanfadh an tsochaí shibhialta, an Coimisiún, an Pharlaimint agus scairshealbhóirí an bhainc an deis sin a thapú agus oibríochtaí BEI a ailíniú le Comhaontú Pháras in 2020; á chur i bhfáth go gcaithfidh BEI, faoi na forbairtí nua, leanúint de thacaíocht a thabhairt don fhorbairt réigiúnach agus do chuspóirí an Aontais maidir leis an gcomhtháthú sóisialta agus eacnamaíoch amhail dá bhforáiltear i bPrótacal 28 a ghabhann le CFAE.

10. á iarraidh ar BEI díriú ar thionscadail bheaga, dhíláraithe is minic faoi úinéireacht an phobail agus tuilleadh forbartha a dhéanamh ar an tacaíocht do na tionscnaimh atá faoi stiúir na saoránach trí chúnamh teicniúil agus saineolas airgeadais a neartú sula ndéanfar an tionscadal a fhormheas, chun feabhas a chur ar inrochtaineacht chistiú BEI agus ar cháilíocht agus inbhuanaitheacht a oibríochtaí; ag iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí seirbhísí comhairleacha a chistiú go leormhaith sa chéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile;

11. á iarraidh ar BEI geallsealbhóirí áitiúla, lena n-áirítear an tsochaí shibhialta, a chur san áireamh maidir le tionchar infheistíochtaí ar an gcomhshaol áitiúil;

12. á chur in iúl gur geal léi go ndéanfar athbhreithniú ar chreat comhshaoil agus sóisialta BEI níos déanaí i mbliana; á iarraidh ar BEI a áirithiú go ndéanfar “Prionsabal na Neamhdhíobhála” a chur i bhfeidhm i ngach ceann dá oibríochtaí; á iarraidh ar BEI gealltanas a thabhairt go gcuirfidh sé deireadh le maoiniú gach tionscadail nach bhfuil i gcomhréir le Comhaontú Pháras ná le spriocanna aeráide an Aontais;

13. ag tacú, dá bhrí sin, le faisnéis shoiléir a nochtadh faoin gcaoi a gcuirtear straitéis BEI chun feidhme agus faoi inbhuanaitheacht nó tionchar aeráide a tháirgí agus a phunann;

14.  á chur in iúl gur geal léi tuarascáil a bheith á tabhairt ag BEI ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil, idir thionchair mheántéarmacha agus tionchair fhadtéarmacha, agus réasúnaíocht a infheistíochta á sainiú aige; á chur in iúl gur geal léi go gcumhdaítear céim pleanála (ex ante) agus céim feidhmiúcháin an tionscadail sa tuarascáil sin; den tuairim gur cheart go n-áireofaí inti tuarascálacha ar na torthaí arna mbaint amach bunaithe ar a infheistíocht, go háirithe laistigh de AE;

15. á chreidiúint go bhfuil gá iarracht a dhéanamh ar gheilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de a fhorbairt ar an leibhéal náisiúnta agus gur cheart do BEI ról ceannasach a ghlacadh ina leith sin; á iarraidh ar BEI tacú le bainc infheistíochta náisiúnta agus le bainc onnmhaire-allmhaire i ndáil le prionsabail agus bearta comhshaoil atá cosúil leo siúd atá ag BEI a ghlacadh agus i ndáil le gealltanas a thabhairt gan ach tionscadail atá i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le spriocanna aeráide an Aontais a mhaoiniú; ról BEI i ndáil leis an gComhaontú Glas don Eoraip a mhaoiniú

16. á mheas go bhfuil ról tábhachtach ag BEI i ndáil le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin aeráide, amhail an téamh domhanda agus dícharbónú gheilleagar AE; ag tabhairt dá haire gur cheart do BEI cloí leis na cuspóirí a leagtar síos sa Chomhaontú Glas;

17. ag tabhairt dá haire gurbh ionann an infheistíocht iomlán aeráide in 2018 agus EUR 16.2 billiún agus gur san fhuinneamh Ísealcharbóin (EUR 6 bhilliún), san fhuinneamh inathnuaite (EUR 4.1 billiún) agus san éifeachtúlacht fuinnimh (EUR 2.7 billiún) a rinneadh infheistíocht go príomha; ag tabhairt dá haire gur bhain 29% d’iasachtú BEI in 2018 leis an aeráid;

18. á chur in iúl gur geal léi gur eisíodh EUR 4 bhilliún de bhannaí feasachta aeráide in 2018 agus gur eisíodh EUR 500 milliún de bhannaí feasachta inbhuanaitheachta; á chur i bhfáth go bhfuil gá le Caighdeán Bannaí Glas de chuid AE chun trédhearcacht agus rianú fáltas a áirithiú;

19. ag meabhrú na ngealltanas a ghlac Uachtarán BEI le linn Chruinniú Mullaigh Aeráide na Náisiún Aontaithe i mí Mheán Fómhair 2019, eadhon:

- gníomhaíochtaí maoiniúcháin uile BEI a ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras faoi dheireadh 2020;

-  50 % ar a laghad de mhaoiniú BEI a sholáthar don inbhuanaitheacht aeráide agus chomhshaoil faoi 2025;

-  EUR 1 trilliún d’infheistíocht aeráide agus chomhshaoil a fhorscaoileadh go dtí 2030;

20. á chur i bhfáth go bhfágann uaillmhian BEI a bheith ina cholún lárnach airgeadais sa Chomhaontú Glas gur gá don bhanc dlús a chur lena iarrachtaí ar a bheith ina “Bhanc Aeráide”; á iarraidh ar BEI treochlár a tharraingt suas ina mbeidh spriocanna sonracha, intomhaiste, inbhainte amach, réalaíocha agus amshainithe i ndáil le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras; ag iarraidh go gcuirfí san áireamh leis na spriocanna sin an baol a d’fhéadfadh a bheith ann go dtiocfadh méadú ar na difríochtaí idir réigiúin agus Ballstáit an Aontais; á chur i bhfios go láidir na gníomhaíochtaí arna ndéanamh ag BEI chun tacú leis an gcomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta; á chur i bhfios go láidir gur gá, le gníomhaíochtaí BEI, an tacaíocht don chomhtháthú eacnamaíoch agus sóisialta a ailíniú leis na spriocanna aeráide;

21. ag iarraidh go ndéanfaí gealltanais uaillmhianacha a chumhdach i mbeartais nithiúla; ní mór a ghealltanais a bheith ina gcuid bhunriachtanach dá Phlean Oibríochta Corparáideach agus dá Straitéis Aeráide ag BEI, mar aon lena straitéisí iasachtaithe earnála agus a bheartais choimircí;

22. á chur i bhfáth gur den ríthábhacht é go ndéanfaí infheistíochtaí agus punanna earnála uile BEI a ailíniú le Comhaontú Pháras;

23. ag tabhairt dá haire go ndearna BEI maoiniú a fhormheas in 2018 do thionscadail mhóra bhonneagair gáis lena n-áirítear píblínte gáis chuig AE ón Tuircméanastáin agus ón Asarbaiseáin (píblíne Gáis Nádúrtha Trasanatólach) agus ón nGréig chun na hIodáile tríd an Albáin agus Muir Aidriad (an Phíblíne Thrasaidriadach); ag tabhairt dá haire gur áiríodh na hinfheistíochtaí sin sa 4ú liosta de Thionscadail Leasa Choitinn arna gcómhaoiniú ó bhuiséad an Aontais; á iarraidh ar BEI míniú a thabhairt ar conas a dhéanfar na tionscadail sin a ailíniú le spriocanna Chomhaontú Pháras faoi dheireadh 2020;

24. á mheas gur feabhas mór atá i mBeartas nua Iasachtaithe Fuinnimh BEI, go háirithe an cinneadh ar scor d’iasachtaí a thabhairt do thionscadail fuinnimh breosla iontaise faoi dheireadh 2021 agus an eiseamláir atá sa mhéid sin do bhainc eile; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú gur cheart úsáid foinsí fuinnimh amhail gás nádúrtha agus maoiniú na bhfoinsí sin ina dhiaidh sin a bheith i gcomhréir le neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; ag tabhairt dá haire go ndéanfar athbhreithniú ar an mBeartas Iasachtaithe Fuinnimh ag tús 2022 agus ag iarraidh go ndéanfaí an beartas a chur i gcomhréir le Tacsanomaíocht Eorpach um Maoiniú Inbhuanaithe mar thoradh ar an athbhreithniú sin’

25. á chur in iúl gur geal léi go ndíreoidh BEI amach anseo ar an Aistriú Cóir agus ag dréim leis go rannchuideoidh BEI leis an Sásra um Aistriú Cóir, go háirithe faoina Shaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí a bheidh ann amach anseo agus faoina oibríochtaí faoi InvestEU;

26. ag tabhairt dá haire go raibh sciar an mhaoinithe a soláthraíodh do bhóithre, do mhótarbhealaí agus don aeriompar in 2018 níos airde ná meán 2014-2018 ach go raibh an maoiniú a soláthraíodh d’iarnróid in 2018 níos ísle ná meán 2014-2018; á thabhairt dá haire gurb ionann an maoiniú iomlán a soláthraíodh don aeriompar in 2018 agus EUR 725 mhilliún; ag tnúth leis an athbhreithniú a dhéanfaidh BEI ar a Bheartas Iasachtaithe Iompair; ag iarraidh go mbeadh beartas nua maoinithe iompair ann chun earnáil iompair AE a dhícharbónú faoi 2050;

27. á iarraidh ar an gCoimisiún an creat maidir le hinfheistíocht inbhuanaithe a fhorlíonadh le critéir le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil tionchar diúltach suntasach acu ar an gcomhshaol, ar critéir iad a d’fhéadfadh BEI a chur i bhfeidhm; ag aithint iarrachtaí BEI ar rannchuidiú le spriocanna forbartha inbhuanaithe;

28. ag iarraidh go gcuirfí beartais nua chun feidhme in earnálacha tionsclaíocha ar mó a lorg carbóin ina bhfuil BEI gníomhach, amhail stroighin, peitriceimiceáin agus cruach, d’fhonn díriú ar inbhuanaitheacht na n-earnálacha sin agus na hiarmhairtí a bhaineann le conarthaí leanúnacha a fhoirceannadh a mheas go cúramach, ag díriú ar gheilleagar ciorclach a chur chun cinn;

29. ag tabhairt dá haire nach féidir fadhb na haeráide a réiteach gan tacaíocht ón tionscal agus nach féidir athrú mórscála a bhaint amach ach amháin má chuirtear an tionscal san áireamh agus má thugtar na dreasachtaí is gá le haghaidh réitigh aeráide nuálacha

30. á chur in iúl gur geal léi modheolaíocht nua BEI le haghaidh meastóireacht a dhéanamh ar lorg carbóin agus ag iarraidh go gcuirfí chun feidhme go córasach í, agus béim ar leith á leagan ar astaíochtaí indíreacha (‘cineál 3’); ag iarraidh go ndéanfaí meastóireacht chuimsitheach ar thionscadail agus ní hé amháin trí anailís saolré eacnamaíche ar a n-astaíochtaí;

31. á iarraidh ar BEI breithniú a dhéanamh i dtaobh roghanna a d’fhéadfadh a bheith ann chun ceanglais níos déine a leagan síos do chliaint idirmheánacha a neamhchosaint ar bhreoslaí iontaise a nochtadh; á chur i bhfáth nár cheart do cheanglais nua den sórt sin dochar a dhéanamh do rochtain ar mhaoiniú do FBManna;

32. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac BEI an beartas eisiaimh agus ag iarraidh go mbainfí úsáid dhian as chun custaiméirí atá luaite le héilliú nó le calaois a eisiamh ó chistiú BEI;

33.  den tuairim gur cheart go mbeadh maoiniú BEI, i gcomhréir le dea-chleachtais in earnáil na baincéireachta tráchtála[9], faoi réir cuspóirí agus gealltanais eolaíocha uaillmhianacha, d’fhonn deireadh a chur de réir a chéile leis an tacaíocht a thugann sé do chliaint ar siocair iad a ngníomhaíochtaí le hastaíochtaí GCT suntasacha;

34. á chur in iúl gur geal léi na treoirlínte hidreachumhachta a glacadh in 2018[10] agus á iarraidh go leathnófaí na ceanglais trédhearcachta chuig na tionscadail bhonneagair go léir;

35. á mheabhrú do BEI gur príomhghné den oiriúnú don athrú aeráide í cosaint na bithéagsúlachta agus gurb é athbhunú na n-éiceachóras an t-aon teicneolaíocht chruthaithe ó thaobh astaíochtaí diúltacha de; ag tabhairt dá haire go ndéantar measúnú riosca bithéagsúlachta ar thionscadail uile BEI agus nach mór dóibh Caighdeáin Bhithéagsúlachta an Bhainc a chomhlíonadh agus á iarraidh go ndéanfaí a chistiú a mhéadú go suntasach chun cuspóirí AE sa réimse sin a bhaint amach, go háirithe an cuspóir maidir le glandífhoraoisiú nialasach agus cuspóirí na cosanta muirí agus cósta;

36. ag tabhairt dá haire go bhfuil an Ciste Eorpach Infheistíochta (CEI) comhtháite go hiomlán i mbearta aeráide uile BEI;

 Oibríochtaí BEI lasmuigh den Aontas

37. á athdhearbhú gur ábhair atá go mór i gceist laistigh d’ollstruchtúr airgeadais AE don fhorbairt iad díothú na bochtaineachta, slógadh acmhainní intíre agus cearta an duine agus gur feiceálaí, dá bharr, na gníomhaíochtaí a chistítear; á chreidiúint gur cheart do AE, sna blianta atá le teacht, díriú ar chur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe.

38. á thabhairt dá haire, agus is mór aici, an acmhainn mhéar oiriúnaithe atá ag BEI ar dhúshláin idirnáisiúnta; á iarraidh ar BEI leanúint dá thacaíocht do bheartais sheachtracha agus freagairt éigeandála AE amhail an tionscnamh athléimneachta Eacnamaíoch mar chuid den fhreagairt Eorpach ar dhúshlán domhanda na himirce agus na ndídeanaithe;

39. á mholadh do BEI, don Bhanc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF), do na bainc forbartha iltaobhacha agus do na hinstitiúidí idirnáisiúnta airgeadais leanúint orthu leis an obair ar son an chomhair oibríochtúil is fearr is féidir chun tionscadail a chur chun feidhme, ós rud é gur riachtanach an comhar trasbhaincéireachta sin atá níos dlúithe chun costais a chur chun barrfheabhais agus sineirgí a fheabhsú trí úsáid is éifeachtúla a bhaint as acmhainní;  

40. ag tabhairt dá haire gurb é a tháinig as an athbhreithniú meántéarmach ar an sainordú iasachtaithe sheachtraigh in 2018 ná méadú ar a ráthaíocht de EUR 5.3 billiún;

 

41 á mheabhrú an gá atá le hoibríochtaí BEI a ailíniú le cuspóirí bheartas seachtrach AE;

 42. ag tabhairt dá haire go bhfuil prionsabail chearta an duine comhtháite go hiomlán i bpríomhnósanna imeachta agus príomhchaighdeáin an Bhainc maidir le dícheall cuí, lena n-áirítear measúnuithe ex-ante; á mheabhrú di go bhfuil BEI faoi cheangal go díreach ag Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus go ndéantar foráil le clásail chonarthacha le cliaint do chonarthaí a chur ar fionraí i gcás sáruithe ar chearta an duine; á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú ar Ráiteas 2009 maidir le Prionsabail agus Caighdeáin Chomhshaoil agus Shóisialta;

43. á iarraidh ar BEI an comhthéacs áitiúil a chur san áireamh agus é ag infheistiú i dtríú tíortha; á mheabhrú di gur cheart go mbeadh sé mar aidhm freisin le hinfheistíocht i dtríú tíortha fás eacnamaíoch inbhuanaithe fadtéarmach faoi stiúir na hearnála príobháidí a ghiniúint agus an bhochtaineacht a laghdú trí phoist a chruthú agus trí rochtain ar acmhainní táirgiúla a chur chun feabhais;

44. ag tabhairt dá haire go bhfostaíonn BEI speisialtóirí ar Chearta an Duine ach go mbainfeadh tuiscint níos fearr ar an gcomhthéacs áitiúil tairbhe as leathnú fhoireann áitiúil BEI i dtíortha comhpháirtíochta; á iarraidh ar BEI a áirithiú go gcuirfear cúinsí chearta an duine san áireamh ó thús deireadh a phróisis cinnteoireachta;

45. ag tabhairt dá haire go bhfuil feidhm ag an gCoimisiún agus ag SEGS ar leibhéal an tionscadail mar go dtéitear i gcomhairle leo maidir le tionscadail BEI atá faoi bhreithmheas sula moltar na tionscadail sin do Stiúrthóirí BEI lena nglacadh;

46. á iarraidh ar BEI aghaidh a thabhairt ar thorthaí mheastóireacht an Choimisiúin ar a shainordú iasachtaithe sheachtraigh ag cur in iúl di “gur deacair do sheirbhísí an Choimisiúin léargas a fháil ar fheidhmíocht BEI gan dul i muinín páirtithe leasmhara seachtracha, ós rud é nach dtugtar tuarascáil ar na torthaí iarbhír ach amháin tar éis chríochnú an tionscadail agus nach bhfuil aon oibleagáid ar BEI fadhbanna cur chun feidhme a chur in iúl.”; á mheas gur fadhbach go mór í conclúid an Choimisiúin go bhfuiltear "nach mór dall ar thorthaí agus tionchair iarbhír idirghabháil AE”;

47. á athdhearbhú gur spéis léi a bheith páirteach agus cuid a bheith aici sa phlé idir an Chomhairle agus BEI faoi fhochuideachta nua BEI de bhanc forbartha AE a bhunú b’fhéidir; á iarraidh ar BEI tosaíocht a dhéanamh de dhíothú na bochtaineachta, de shlógadh acmhainní intíre agus de chearta an duine ina chuid pleananna chun fochuideachta a chur ar bun le haghaidh na n-oibríochtaí forbartha aige;

Feidhmiú agus éifeachtacht CEIS

48. á thabhairt dá haire an phríomhsprioc chainníochtúil atá ag an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), is é sin EUR 500 billiún breise d’infheistíocht phríobháideach agus phoiblí a shlógadh; ag tabhairt dá haire gur cheart spriocanna intomhaiste maidir leis an inbhuanaitheacht agus le tionchar sóisialta a bheith ar áireamh i straitéisí infheistíochta a bheidh ann amach anseo;

49 á thabhairt dá haire gur earcaigh BEI 358 mball foirne chun CEIS a chur chun feidhme agus 75 dhuine don Mhol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht;

50. á mheabhrú di go bhfuil struchtúr rialachais ag CEIS atá leithleach ó struchtúr sin BEI agus go ndéantar a chuid oibríochtaí infheistíochta laistigh de dhá réimse théamacha i.e. Ionú an Bhonneagair agus na Nuálaíochta arna bhainistiú ag BEI agus Ionú FBM arna bhainistiú ag CEI;

51. á athdhearbhú gur chuig breisíocht a sholáthar trí earnálacha breise agus nuálacha atá dírithe ar an todhchaí agus tionscadail ardriosca a aithint atá CEIS, ar ciste é a fhaigheann tacaíocht ó bhuiséad AE, murab ionann agus ionstraimí maoinithe reatha eile de chuid BEI;

52. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá critéir na breisíochta, lena roinneann an gá le tacaíocht a thabhairt d'oibríochtaí nach incháilithe le haghaidh thacaíocht CEIS iad ach amháin má thugann siad aghaidh ar theipeanna margaidh arna sainaithint go soiléir nó ar staideanna agus oibríochtaí fo-bharrmhaithe infheistíochta nárbh fhéidir a dhéanamh a mhéid chéanna nó san amscála céanna gan CEIS;

53. ag tabhairt dá haire, agus é in ábhar imní di, barúlacha na Cúirte nach gcuirtear san áireamh sa mheastachán tuairiscithe ar infheistíocht a slógadh gur tháinig roinnt oibríochtaí CEIS in ionad oibríochtaí eile BEI agus ionstraimí airgeadais AE agus go ndeachaigh cuid de thacaíocht CEIS chuig tionscadail a d’fhéadfaí a mhaoiniú ó fhoinsí eile airgeadais phoiblí nó phríobháidigh faoi choinníollacha éagsúla;

54. ag iarraidh an athuair go dtabharfaí forbhreathnú oibiachtúil ar an mbreisíocht, ar an tionchar eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil agus ar fhíor-bhreisluach thionscadail CEIS, chomh maith lena gcomhsheasmhacht le beartais an Aontais nó le hoibríochtaí eile de chuid BEI chun gur mhó a dhíreofaí ar bheartais seachas ar éileamh, mar a luadh  i dtuarascáil Speisialta CIE[11] i mí Eanáir 2019;

 55. ag tabhairt dá haire go raibh oibríochtaí CEIS incháilithe le haghaidh cistí a tharraingt ó fhoinsí poiblí AE agus ó fhoinsí poiblí náisiúnta eile le cois infheistíochtaí príobháideacha; ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé go seachnófaí acmhainní airgeadais a bheith á gcaitheamh go mí-aireach agus an tromualach a d'fhéadfadh a bheith i gcostais den sórt sin; á chur i bhfios go láidir gur gá breisíocht a ráthú;

56. á mheas gur cheart aon fhorluí i gcaiteachas ag infheisteoirí iomadúla agus tromualach costais a sheachaint chun go seachnófaí torthaí neamhiontaofa nó úinéireacht ilthorthaí ó mhaoiniú infheistíochtaí trí roinnt bealaí éagsúla;

57. ag iarraidh go mbeadh sineirge is fearr ann idir CEIS, bainc náisiúnta le haghaidh spreagadh agus ardáin infheistíochta chun éifeachtacht fhoriomlán CEIS a fheabhsú;

58. á mheas go bhfuil sé fíorthábhachtach ceachtanna a foghlaimíodh ó CEIS 1.0 agus ó CEIS 2.0, go háirithe maidir leis an mbreisíocht, an inbhuanaitheacht agus an trédhearcacht a chur san áireamh go cuí i bpleanáil tosaigh, i gcur chun feidhme agus nuair a bheidh tuarascáil á tabhairt ar thorthaí a bhainfidh clár InvestEU amach;

Rialachas, trédhearcacht agus cuntasacht BEI

59. á athdhearbhú an tábhacht a bhaineann le heitic, sláine, trédhearcacht agus cuntasacht BEI agus CEI ina gcuid oibríochtaí go léir;

60. ag tabhairt dá haire go n-eisíonn an Coimisiún tuairim ar na hoibríochtaí maoinithe uile faoi chuimsiú an nós imeachta i gcomhréir le hAirteagal 19 de Reacht BEI; á iarraidh ar an gCoimisiún na tuairimí sin a chur ar fáil ar é a theacht orthu;

Creat rialachais chorparáidigh agus rialuithe BEI a chur chun barrfheabhais

61. ag moladh go ndéanfaí cur chuige an bhainc agus na rialuithe cáilíochta gaolmhara in eintitis an Bhainc a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt go leormhaith ar rioscaí maidir le neamhchomhlíonadh agus chun tacú le húsáid iomlán phrionsabal an Bhuiséid atá Bunaithe ar Thorthaí laistigh de BEI agus de Ghrúpa BEI;

62. ag iarraidh go ndéanfaí measúnú ar rioscaí agus ar chórais rialaithe a bhaineann le maoiniú cumaiscthe leis an gCoimisiún Eorpach, agus go soláthrófaí tuarasacáil ina dtaobh, agus an tionchar atá ag gníomhaíochtaí cumaisc á meas ní hé amháin ó thaobh maoirseachta de ach ó thaobh roghanna rialachais de fosta;

63. á thabhairt dá haire gurb é rud, in 2018, a tháinig forás leanúnach ar shamhail ghnó an Bhainc agus a chuaigh sí in éagsúlacht tuilleadh mar gheall ar fhás gníomhaíochtaí faoi CEIS, ar gníomhaíochtaí iad atá níos casta ina nádúr, agus mar gheall ar idirbhearta is lú méid agus is airde próifíl riosca;

64. á thabhairt dá haire go ndearna an Bord Stiúrthóirí cur síos ar roinnt athruithe eagraíochtúla agus rialachais i mí Iúil 2018 agus go ndearna siad Treochlár Cur Chun Feidhme a fhormheas i mí na Nollag 2018 a d’fholaigh i measc nithe eile:

i)  togra chun Reacht BEI a athrú chun líon na gcomhaltaí malartach  ar an mBord Stiúrthóirí a mhéadú agus chun vótáil trí thromlach cáilithe a thabhairt isteach maidir le   hábhair áirithe rialachais; 

  ii) timpeallacht Rialaithe Inmheánaigh agus Bhainistithe Riosca an Bhainc a fheabhsú,  go háirithe trí Fheidhm Riosca Grúpa a chruthú a fheidhmeodh Príomhoifigeach Riosca Grúpa;

65. á chreidiúint, maidir leis an athbhreithniú ar fhreagrachtaí chomhlachtaí rialachais BEI, gur cheart go do Chomhaltaí an Choiste Bainistíochta coinbhleachtaí leasa a d’fhéadfadh a bheith ann a sheachaint in imthosca ar bith;

66. á chur in iúl gurb oth léi easpa righin na héagsúlachta agus na cothromaíochta inscne ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí agus laistigh de chomhlachtaí rialaithe Ghrúpa BEI; á iarraidh ar BEI aghaidh a thabhairt air sin mar ábhar tosaíochta;

67. á iarraidh ar BEI moltaí arna gcur chun cinn i dTuarascáil Bhliantúil 2018 Choiste Iniúchta BEI a chur chun feidhme ina n-iomláine[12], eadhon:

- go ndéanfaí athbhreithniú ar Chód Iompair an Choiste Bainistíochta agus an Bhoird Stiúrthóirí;

- gur gá don Bhanc a áirithiú go mbeidh foireann leormhaith leordhóthanach rialaithe ann agus gur gá aghaidh a thabhairt, mar ábhar práinne, ar aon bhearnaí earcaíochta atá ann sna feidhmeanna rialaithe;

- go ndéanfadh an Coiste Bainistíochta Treochlár a fhorbairt, lena n-áirítear garspriocanna, acmhainní agus amlíne le haghaidh chur chun feidhme na moltaí, óir is go rófhadálach a dhéantaí moltaí an Choiste Iniúchta a chur chun feidhme roimhe seo;

Ionsar fhoras a bheidh níos trédhearcaí agus níos cuntasaí agus sásraí treisithe aige chun

an chalaois agus an t-eilliú a chomhrac

68. á thabhairt dá haire go ndearna BEI sásraí inmheánacha agus struchtúir rialachais a chur i bhfeidhm le himeacht aimsire chun baol na calaoise agus an éillithe a laghdú; tá gealltanas poiblí tugtha ag an mBanc freisin “beartas neamhfhulaingthe ar an gcalaois agus ar an éilliú” a chur i bhfeidhm;

69. á iarraidh ar BEI mionsonraí maidir le húinéireacht thairbhiúil a chustaiméirí a nochtadh ar a shuíomh gréasáin d’fhonn infheictheacht a chuid oibríochtaí a mhéadú agus d’fhonn cuidiú le cosc a chur le cásanna éillithe agus le coinbhleachtaí leasa;

70. á iarraidh ar BEI eisíoc iasachtaí díreacha agus indíreacha a dhéanamh coinníollach ar shonraí cánach agus cuntasaíochta de réir tíre a bheith foilsithe, agus ar nochtadh faisnéise maidir le húinéireacht thairbhiúil ag na tairbhithe agus ag na hidirghabhálaithe airgeadais a bhfuil baint acu le hoibríochtaí maoinithe;

71. á thabhairt dá haire an tuarascáil ó Counter Balance inar thángthas ar an tátal “nach bhfuil BEI in ann go fóill dul i ngleic leis an gcalaois ná leis an éilliú, de dheasca laigí ina sásraí inmheánacha go pointe áirithe, agus de dheasca, i bpáirt, an chreata mhíshásúil rialachais ina ndéantar a ghníomhaíochtaí a inscríobh, maille le heaspa grinnscrúdú seachtrach leormhaith ar a chuid gníomhaíochtaí, lena n-áirítear ag OLAF” mar aon leis na freagraí ar an tuarascáil sin a thug BEI agus OLAF; á iarraidh ar BEI na feabhsuithe riachtanacha a chur chun feidhme chun dul i ngleic leis na laigí a mhaireann; á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur ar aghaidh lena áirithiú go gcomhlíonfaidh BEI oibleagáidí díchill chuí atá coibhéiseach ar a laghad le Treoir AE maidir leis an bhFrithsciúradh Airgid;

72. á iarraidh ar BEI a mhór a dhéanamh den chomhar le OLAF agus OIPE agus i dtaca leis an dara ceann cásanna EIB a chumhdach go réamhghníomhach trí lucht déanta cionta a dhéanann dochar do leasanna airgeadais AE a imscrúdú agus a ionchúiseamh;

73. á iarraidh athuair ar BEI a bheith níos freagraí d'institiúidí eile de chuid AE, agus grinnscrúdú na Parlaiminte ar BEI á athneartú agus ceart iomlán á thabhairt do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa oibríochtaí BEI a iniúchadh;

74. á mheabhrú di gur slí le cuntasacht fheabhsaithe a bhaint amach gurb ea rannpháirtíocht a bheith ag an bpobal i gceapadh beartas BEI, go háirithe rannpháirtíocht pobal áitiúil agus saoránach dá ndéanann oibríochtaí BEI difear;

75. ag meabhrú nach é amháin go dtagann as trédhearcacht i gcur chun feidhme bheartais BEI go ndéantar cuntasacht agus freagracht chorparáideach fhoriomlán BEI a chur chun nirt, maille le forléargas soiléir ar chineál na n-idirghabhálaithe airgeadais agus na dtairbhithe deiridh, ach go rannchuidíonn sí freisin le feabhas a chur ar éifeachtacht agus inbhuanaitheacht na dtionscadal cabhrach a chistítear; á iarraidh ar BEI leis seo na gnéithe sin a chur san áireamh san athbhreithniú atá beartaithe in 2020 ar bheartas trédhearcachta BEI;

76. ag tacú, dá bhrí sin, le faisnéis shoiléir a nochtadh faoin gcaoi a gcuirtear straitéis BEI chun feidhme agus faoi inbhuanaitheacht nó tionchar aeráide a tháirgí agus a phunann;

77. ag dréim leis go mbeidh  beartas BEI maidir le cosaint do sceithirí eolais ina bheartas uaillmhianach agus go leagfaidh sé síos ardchaighdeáin; ag tathant ar BEI a áireamh san athbhreithniú sin sceithirí inmheánacha agus seachtracha araon agus nósanna imeachta, frámaí ama agus treoirlínte soiléireagus  dea-shainithe a bhunú chun an treoir is fearr a thabhairt do sceithirí eolais agus chun iad a chosaint ar aon fhrithbheart a d’fhéadfadh a bheith ann;

78. á chur in iúl gurb oth léi nár treisíodh go leordhóthanach na Sásraí Gearán ag deireadh 2018 agus á mheas gur cheart rochtain ar shásra gearán atá éifeachtach neamhspleách, lena n-áirítear cearta sásaimh, a fhorbairt tuilleadh; ag tabhairt dá haire go bhfuil Córas Gearán tiomnaithe maidir le Soláthar Tionscadail curtha ar bun ag BEI chun a áirithiú go ndéanfar casaoidí gaolmhara a láimhseáil ar bhealach níos éifeachtaí agus níos neamhspleáiche in 2019;

79. á chur in iúl gur geal léi iarrachtaí BEI ar fhaisnéis nua a fhoilsiú faoi ghníomhaíocht aeráide, scórchláir ó thionscadail CEIS nó tuarascálacha ar chur chun críche tionscadal maidir le hoibríochtaí críochnaithe neamh-AE;  á mheas gur cheart do BEI Miontuairiscí cruinnithe Boird Gobharnóirí, Miontuairiscí agus cláir oibre cruinnithe Coiste Bainistíochta, bileoga REM 3PA, tuairimí ón gCoimisiún ar thionscadail agus tuarascálacha faireacháin ar Thionscadail a nochtadh freisin a mhéid agus is féidir; ag tuiscint, áfach, go bhfuil feidhm ag teorainneacha áirithe maidir le trédhearcacht doiciméad chun cosaint faisnéise rúnda arna soláthar ag cliaint agus ag comhpháirtithe tionscadail BEI a áirithiú;;

80. ag tabhairt dá haire teacht i bhfeidhm bheartas nua eisiaimh BEI in 2018 lena n-áirítear nósanna imeachta chun eintitis agus daoine aonair a eisiamh a bhfuil teastais dhiúltacha orthu a bhaineann lena n-iompar agus lena ngníomhaíochtaí, ar nósanna imeachta iad sin lena ndéantar na forálacha agus na toirmisc atá ann cheana i mbeartas frithchalaoise BEI a chur chun gnímh;

81. ag feitheamh le torthaí an athbhreithnithe ar bheartais frithchalaoise BEI/CEI a seoladh in 2018 agus ag tacú le cur chuige atá níos déine i leith a neamhfhulaingthe ar an gcalaois, i leith a bheartais éillithe agus i leith cineálacha eile iompair toirmiscthe; á iarraidh ar BEI a chomhar le OLAF agus le OIPE a mhéadú amach anseo agus gach cás calaoise a d’fhéadfadh a bheith ann a thuairisciú do na húdaráis inniúla; den tuairim gur cheart go mbeadh an sainordú ag OIPE gníomhaíocht choiriúil a ionchúiseamh maidir le cistí BEI i mBallstáit AE ar comhaltaí de OIPE iad;

82. ag tabhairt dá haire go ndéanann BEI mionsonraí faoina chliaint le haghaidh gach oibríochta a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin; á iarraidh ar BEI an fhaisnéis is gá faoi úinéirí tairbhiúla a fhoilsiú freisin; á chur in iúl gur geal léi beartas BEI maidir le cosaint do sceithirí eolais;

83. á thabhairt dá haire an méadú ar líon na líomhaintí in 2018 tráth a rinneadh 184 líomhain nua (149 in 2017) ar tháinig 68% acu ó fhoinsí inmheánacha agus 31% acu ó fhoinsí seachtracha; á thabhairt dá haire gurb iad na príomhréimsí imscrúdaithe ná an chalaois, an t-éilliú, mí-úsáid ainm BEI/CEI agus an claonpháirteachas; á thabhairt dá haire gur chuig OLAF a cuireadh 69% de na cásanna ó ghrúpa foriomlán BEI a cuireadh ar aghaidh;

84. á thabhairt dá haire an comhaontú idir BEI agus Volkswagen a bhfuil mar iarmhairtí aige Volkswagen a eisiamh ó bheith rannpháirteach in aon tionscadal de chuid BEI ar feadh 18 mí agus ina ndéantar foráil do thiomantas Volkswagen rannchuidiú le tionscnamh na hinbhuanaitheachta lena n-áirítear cosaint an chomhshaoil;

85. ag tacú le beartas freagrach cánach in BEI trí thacú le clásail ionracais a chur isteach i gconarthaí ghrúpa BEI, trí dhícheall cuí docht a fhorghníomhú maidir le Dlínse Neamhchomhlíontach agus sainaithint shoiléir na gcomhghleacaithe conarthacha agus an tsuímh gheografaigh ann;; á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh beartas maidir le Dlínse Neamhchomhlíontach a ghlacadh i mí an Mhárta 2019 agus ag iarraidh go gcuirfí chun feidhme go mear é agus go dtabharfaí tuarascáil rialta don Pharlaimint maidir lena chur chun feidhme;

86. á mheas gur ceanglas dian é na caighdeáin ionracais is airde a urramú eadhon caighdeáin AMF-CFT arna gcur chun cinn ag AE, an Tascfhórsa um Ghníomhaíocht Airgeadais chomh maith leis na prionsabail maidir le dea-rialachas cánach arna gcur chun cinn ag ECFE, ag Grúpa an Fhichead agus ag AE chun an comhrac i gcoinne sciúradh airgid agus mhaoiniú na sceimhlitheoireachta a fheabhsú;

87. ag aithint ról ceannródaíochta BEI ar leibhéal AE i ndáil le tuarascáil inbhuanaitheachta a eisiúint; á iarraidh ar BEI a thuarascáil inbhuanaitheachta a fhorbairt tuilleadh trí thuarascáil a thabhairt ar thorthaí, agus táscairí dea-shainithe á n-úsáid aige a bheidh sonrach, intomhaiste go héasca agus inchomparáide;

88. á chur in iúl gur díol sásaimh di gur eisigh iniúchóir seachtrach BEI an chéad dearbhú teoranta iontaofachta ar ráitis, figiúirí agus táscairí roghnaithe ó thuarascáil inbhuanaitheachta 2018;

89. ag iarraidh go ndéanfadh an Chúirt Iniúchóirí grinnscrúdú seachtrach a bheadh ní ba láidre ar BEI agus á chreidiúint gur cheart athmhachnamh domhain a dhéanamh ar fhorálacha reatha an Chomhaontaithe Thríthaobhaigh a síníodh in 2016 agus ar an gcomhar rialachais idir an Banc Eorpach Infheistíochta, an Coimisiún Eorpach agus Cúirt Iniúchóirí na hEorpa, nuair a bheifear ag plé an Chomhaontaithe Thríthaobhaigh atá le teacht i mí Mheán Fómhair 2020;

 

90. á athdhearbhú, áfach, a éileamh maidir le tuarascáil bhliantúil BEI agus á iarraidh ar BEI tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a thíolacadh a bheidh níos cuimsithí, níos mionsonraithe agus níos comhchuibhithe agus cur i láthair na faisnéise a fheabhsú go mór trí mhiondealuithe mionsonraithe agus iontaofa a áireamh ar infheistíochtaí na bliana ar leith a formheasadh, a síníodh agus a eisíocadh agus ar na foinsí maoinithe a úsáideadh (acmhainní dílse, CEIS, cláir AE atá faoi bhainistíocht lárnach, etc.), chomh maith le faisnéis maidir le tairbhithe (Ballstáit, an earnáil phoiblí nó phríobháideach, idirghabhálaithe nó faighteoirí díreacha), earnálacha a dtugtar tacaíocht dóibh, agus torthaí na meastóireachtaí ex post

91. á iarraidh ar an gCoiste um Rialú Buiséid ceardlann/éisteacht bhliantúil a eagrú maidir le gníomhaíochtaí agus rialú oibríochtaí BEI a sholáthródh faisnéis ábhartha bhreise don Pharlaimint chun tacú lena chuid oibre ar ghrinnscrúdú BEI agus ar a chuid oibríochtaí;

Obair leantach ar na moltaí ón bParlaimint

92. á iarraidh ar BEI leanúint air ag tabhairt tuarascálacha ar an staid reatha agus stádas na moltaí a d'eisigh an Pharlaimint roimhe seo ina rúin bhliantúla, go háirithe maidir leis na nithe seo a leanas:

a) tionchar eacnamaíoch, comhshaoil agus sóisialta a straitéise infheistíochta;

b) oiriúnuithe a bhaineann le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, go háirithe nuair a ghlacfaidh comhaltaí páirt in iasachtaí a shannadh;

c) trédhearcacht i ndiaidh dícheall cuí maidir le hionracas na gcliant chun an tseachaint cánach, an chalaois agus an t-éilliú a chosc;

93. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar Bhord Stiúrthóirí BEI díospóireacht a dhéanamh ar sheasaimh na Parlaiminte a chuirtear i láthair anseo.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta a ghlactha

28.5.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

23

0

4

Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Olivier Chastel, Caterina Chinnici, Lefteris Christoforou, Corina Crețu, Ryszard Czarnecki, Tamás Deutsch, Martina Dlabajová, José Manuel Fernandes, Luke Ming Flanagan, Isabel García Muñoz, Cristian Ghinea, Monika Hohlmeier, Jean-François Jalkh, Pierre Karleskind, Joachim Kuhs, Claudiu Manda, Younous Omarjee, Tsvetelina Penkova, Markus Pieper, Sabrina Pignedoli, Petri Sarvamaa, Angelika Winzig, Lara Wolters

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Bas Eickhout, Jeroen Lenaers, Mikuláš Peksa, Viola Von Cramon-Taubadel

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

23

+

EPP

Lefteris Christoforou,Tamás Deutsch, José Manuel Fernandes, Monika Hohlmeier; Petri Sarvamaa,,Angelika Winzig, Jeroen Lenaers

S&D

Caterina Chinnici, Corina Crețu, Isabel García Muñoz, Claudiu Manda, Tsvetelina Penkova, Lara Wolters

RENEW

Olivier Chastel, Martina Dlabajová, Cristian Ghinea, Pierre Karleskind

VERTS/ALE

Bas Eickhout, Mikuláš Peksa, Viola Von Cramon-Taubadel,

ECR

Ryszard Czarnecki

GUE/NGL

Luke Ming Flanagan, Younous Omarjee

 

0

-

 

 

 

 

 

4

0

EPP

Markus Pieper

ID

Jean-François Jalkh, Joachim Kuhs

NI

Sabrina Pignedoli

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1] https://www.ombudsman.europa.eu/en/decision/ga/95520

[2] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0198.

[3] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0036.

[4] IO L 169, 1.7.2015, lch.1.

[5]https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=49051

[6] Meastóireacht ar Chinneadh Uimh. 466/2014/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 16 Aibreán 2014 lena dtugtar ráthaíocht ón Aontas Eorpach don Bhanc Eorpach Infheistíochta in aghaidh caillteanas de thoradh oibríochtaí um maoiniú a thacaíonn le tionscadail infheistíochta lasmuigh den Aontas; https://ec.europa.eu/info/sites/info/files/economy-finance/elm_evaluation_swd_2019_333_f1_staff_working_paper_en_v3_p1_1048237.pdf

[7] https://www.consilium.europa.eu/media/40967/efad-report_final.pdf)

[8] https://www.counter-balance.org/wp-content/uploads/2019/10/Report_OnlineVersion_EIB_Corruption_Oct2019.pdf

[9] Tá sé geallta ag Crédit Agricole deireadh a chur leis an tacaíocht do ghnóthais a fhorbraíonn a ngníomhaíochtaí in earnáil an ghuail nó a bhfuil sé beartaithe acu a ngníomhaíochtaí a fhorbairt in earnáil an ghuail. Tá feidhm ag beartas neamhfhulaingthe Crédit Agricole maidir leis na fiontair uile a fhorbraíonn a ngníomhaíochtaí in earnáil an ghuail, nó a bhfuil sé beartaithe acu a ngníomhaíochtaí a fhorbairt in earnáil an ghuail, ó eastóscadh agus táirgeadh fuinnimh go trádáil agus iompar.

[10]  BEI, ‘Treoirlínte Comhshaoil, Aeráide agus Sóisialta maidir le Forbairt Hidreachumhachta’, mí Dheireadh Fómhair 2019.

[11] https://www.eca.europa.eu/ga/Pages/DocItem.aspx?did=49051

[12] https://www.eib.org/attachments/general/ac_annual_reports_2018_en.pdf

An nuashonrú is déanaí: 1 Iúil 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais