Tuarascáil - A9-0120/2020Tuarascáil
A9-0120/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú)

18.6.2020 - (COM(2019)0331 – C9‑0042/2019 – 2019/0151(COD)) - ***I

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir don tuairim: Marisa Matias
(Athmhúnlú – Riail 110 de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2019/0151(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0120/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0120/2020
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú)

(COM(2019)0331 – C9‑0042/2019 – 2019/0151(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach – athmhúnlú)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2019)0331),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 173(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0042/2019),

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an mbunús dlí atá molta,

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim réasúnaithe a thíolaic Teach Teachtaí na Rómáine, faoi chuimsiú Phrótacal Uimh. 2 maidir le prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta a chur i bhfeidhm, á mhaíomh nach gcomhlíonann an dréachtghníomh reachtach prionsabal na coimhdeachta,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha theicníocht an athmhúnlaithe do ghníomhartha reachtacha[1],

 ag féachaint don litir an 10 Eanáir a sheol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla chuig an gCoiste um Thionscal, um Thaighde agus um Fhuinneamh i gcomhréir le Riail 110(3) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 110, do Riail 59 agus do Riail 40 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0120/2020),

A. de bhrí, i gcomhréir le Meitheal Chomhairleach sheirbhísí dlíthiúla Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra ón gCoimisiún, seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus de bhrí, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha roimhe sin in éineacht leis na leasuithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint;

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é, agus aird á tabhairt ar mholtaí Mheitheal Oibre sheirbhís dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir Eorpach a choinneáil ó thaobh tionscail, iomaíochais agus nuálaíochta de. Mar gheall ar chineál agus ar scála dhúshlán na nuálaíochta san Aontas, áfach, is gá gníomhú freisin ar leibhéal an Aontais.

(2) Is iad na Ballstáit go príomha atá freagrach as bonn láidir Eorpach a choinneáil ó thaobh tionscail, iomaíochais agus nuálaíochta de. Mar gheall ar chineál agus ar scála dhúshlán na nuálaíochta, áfach, is gá gníomhú freisin ar leibhéal an Aontais.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ba cheart é a bheith d’aidhm ag EIT, go háirithe trí na Pobail Eolais agus Nuálaíochta (PENanna), éiceachórais nuálaíochta a neartú a théann i ngleic le dúshláin dhomhanda. Ba cheart go mbeadh sé de chuspóir go príomha aige cur le cumas nuálaíochta an Aontais agus na mBallstát a fhorbairt ag an gcaighdeán is airde. Chun an cuspóir seo a ghnóthú, ba cheart go n-éascódh agus go bhfeabhsódh EIT líonrú agus comhoibriú agus go gcruthódh sé sineirgí idir chomhphobail éagsúla nuálaíochta san Eoraip.

(4) Is é misean EIT, go príomha trína Phobail Eolais agus Nuálaíochta (“PENanna”), cur le forbairt eacnamaíoch agus iomaíochas an Aontais trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú. Tá sé mar aidhm leis freisin tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a ghnóthú agus rannchuidiú le cuspóirí agus beartais an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, an Plean Téarnaimh Eorpach, na straitéisí Eorpacha sonraí, digiteacha, FBM agus tionsclaíocha agus uathriail straitéiseach na hEorpa a bhaint amach. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh sé ina rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint, agus aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa (GHG) a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Ní bheifear in ann an t-aistriú sin a dhéanamh ach amháin trí bhorradh a chur faoin taighde agus faoin nuálaíocht, rud a chuireann béim ar an ngá atá le dálaí agus infheistíochtaí fabhracha a threisiú i dtaca le bonn eolais agus cumas taighde agus nuálaíochta na hEorpa a fheabhsú, go háirithe i dtaca le teicneolaíochtaí glasa atá neamhdhíobhálach don aeráid agus le  nuálaíochtaí.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Ba cheart go n-éascódh agus go bhfeabhsódh EIT líonrú agus comhoibriú agus go gcruthódh sé sineirgí idir comhphobail éagsúla nuálaíochta san Eoraip, á áirithiú go mbeadh clúdach geografach leathan ann a mbeadh sé d’aidhm aige na héagothromaíochtaí réigiúnacha a dhúnadh agus an deighilt nuálaíochta a chosc, agus barr feabhais an réamhchritéar á choinneáil ag an am céanna.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ba cheart réimsí tosaíochta straitéiseacha agus riachtanais airgeadais EIT le haghaidh tréimhse seacht mbliana , a chlúdaíonn an creat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) faoi seach, a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ( ‘COSN’ ). Ba cheart don COSN a áirithiú go mbíonn ailíniú ann le clár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht, agus sineirgí a chothú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais den CAI chomh maith le tionscnaimh, beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad sin lena dtugtar tacaíocht don oideachas agus don fhorbairt réigiúnach. I bhfianaise thábhacht an COSN do bheartas nuálaíochta an Aontais agus an tábhacht pholaitiúil a bhaineann, dá bharr, lena thionchar socheacnamaíoch don Aontas , ba cheart go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN ar bhonn togra ón gCoimisiún bunaithe ar rannchuidiú a chuirfeadh EIT ar fáil.

(5) Ba cheart réimsí tosaíochta straitéiseacha agus riachtanais airgeadais EIT le haghaidh tréimhse seacht mbliana, lena n-áirítear gníomhaíochtaí gearrthéarmacha atá dírithe ar dhul i ngleic le géarchéim COVID-19 agus ar théarnamh, a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (‘COSN’). Ba cheart don COSN a áirithiú go mbíonn ailíniú ann leis an gclár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (Fís Eorpach), eadhon pleananna straitéiseacha taighde agus nuálaíochta, agus sineirgí a chothú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais chomh maith le tionscnaimh, beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais. I bhfianaise thábhacht an COSN do bheartas nuálaíochta an Aontais agus an tábhacht pholaitiúil a bhaineann, dá bharr, lena thionchar socheacnamaíoch, ba cheart go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN ar bhonn togra ón gCoimisiún bunaithe ar rannchuidiú a chuirfeadh EIT ar fáil. Ba cheart an rannchuidiú sin a chur ar fáil do Pharlaimint na hEorpa freisin.

Leasú  5

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Tá tionchar ollmhór suaiteach ag an ngéarchéim a d’eascair as ráig COVID-19 ar chórais sláinte agus eacnamaíocha na mBallstát, rud is cúis le suaitheadh sochaíoch. De bharr na dtionchar sin, beidh gá le comhoibriú ó institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí uile an Aontais agus ba cheart go rannchuideodh EIT leis na hiarrachtaí nuálaíochta a bhfuil gá leo chun freagairt chomhleanúnach a thabhairt ar an ngéarchéim. Thairis sin, ba cheart do EIT agus a PENanna a chuid gníomhaíochtaí a threisiú chun tacú le hathléimneacht na micrifhiontar, fiontar beag agus meánmhéide (FBManna), cuideachtaí nuathionscanta mar aon le mic léinn, taighdeoirí, fiontraithe agus fostaithe, agus an athléimneacht ina leith a mhéadú.

Leasú  6

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b) Tá tionchar mór ag an turraing eacnamaíoch a bhaineann le géarchéim COVID-19 ar ollscoileanna, taighdeoirí, cuideachtaí agus geallsealbhóirí eile de chuid EIT.  Tá sé tábhachtach dúshláin ghaolmhara a shainaithint agus dul i ngleic leo, go háirithe rochtain ar mhaoiniú, chun triantán an eolais a chosaint agus muinín agus iontaoibh a athchothú i measc na ngeallsealbhóirí uile.  Sa mheántéarma, ba cheart do na PENanna go léir oiriúnú do thionchar na turrainge agus a bhfócas agus a ngníomhaíochtaí a atreorú, dá bhrí sin caithfidh siad a bheith  oiriúnaitheach agus solúbtha chun deiseanna nua a lorg.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5c) Ba cheart dlús a chur leis an taighde atá ar bun maidir le dul i ngleic le héifeachtaí ghéarchéim COVID-19. A bhuí le EIT ba cheart gur treise an tionchar atá ag an taighde sin agus go mbeadh sé ina chuidiú le táirgí agus seirbhísí nuálacha a eascraíonn as an taighde sin a fhorbairt, agus á áirithiú go sroichfidís an oiread daoine agus is féidir.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5d) Ba cheart do Bhord Rialaithe EIT agus do PENanna bearta agus gníomhaíochtaí solúbthachta is gá a ghlacadh chun an tacaíocht iomchuí a thabhairt dá n-éiceachóras bunaithe ar thriantán an eolais, trí bhearta tacaíochta ad hoc a chruthú, i gcás inar gá, dá gcomhpháirtithe agus dá dtairbhithe agus lasmuigh dá gcomhphobail, fiú. Ba cheart dóibh uirlisí agus ionstraimí a chur ar fáil dá gcomhpháirtithe, dá dtairbhithe agus do mhic léinn chun iad féin a chur in oiriúint do mhodhanna oibre atá níos díláraithe agus atá oiriúnaithe don chianobair, níos lú taistil, níos mó éiginnteachta agus scaradh sóisialta leanúnach.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) I gcomhréir le clár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht, ba cheart go dtabharfadh gníomhaíochtaí EIT aghaidh ar dhúshláin fhadtéarmacha straitéiseacha na nuálaíochta san Eoraip, go háirithe i réimsí trasdisciplíneacha nó idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear iad siúd atá sainaitheanta cheana féin ar leibhéal na hEorpa. Agus sin á dhéanamh aige, ba cheart do EIT idirphlé tráthrialta a chothú leis an tsochaí shibhialta.

(6) I gcomhréir leis an gclár Fís Eorpach, ba cheart go dtabharfadh gníomhaíochtaí EIT aghaidh ar dhúshláin fhadtéarmacha straitéiseacha na nuálaíochta san Eoraip, go háirithe i réimsí trasdisciplíneacha nó idirdhisciplíneacha, lena n-áirítear réitigh nuálacha neamhtheicneolaíocha a fhorbairt mar chomhlánú riachtanach ar ghníomhaíochtaí nuálaíochta atá dírithe ar an teicneolaíocht. Agus sin á dhéanamh aige, ba cheart do EIT idirphlé tráthrialta a chothú leis an tsochaí shibhialta agus le lárionaid taighde agus nuálaíochta, FBManna, ardoideachas agus tionscal.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Ba cheart go dtabharfadh EIT tús áite d’aistriú a cuid gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta chuig an gcomhthéacs gnó agus dá gcur i bhfeidhm tráchtála, agus do thacú le cuideachtaí nuathionscanta, le cuideachtaí seachthairbheacha agus le fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a chur ar bun chomh maith.

(7) Ba cheart go dtabharfadh EIT tús áite d’aistriú a chuid gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta agus gníomhaíochtaí fiontraíochta chuig comhthéacs gnó agus gcur i bhfeidhm tráchtála. Agus é sin á dhéanamh aige, ba cheart dó tacú le cumas nuálaíochta agus fiontraíochta an ardoideachais, barr feabhais sa taighde a chur chun cinn agus borradh a chur faoi chuideachtaí nuathionscanta, seach-chuideachtaí agus FBManna a chur ar bun, agus é sin a chothú.

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Ba cheart do EIT iarracht a dhéanamh teagmháil níos dlúithe le FBManna a dhéanamh chun a rannpháirtíocht ghníomhach i ngníomhaíochtaí PENanna a áirithiú. Ina theannta sin, ba cheart go mbeadh cuideachtaí poiblí agus údaráis áitiúla, mar aon le heagraíochtaí neamhbhrabúis, rannpháirteach in PENanna, i gcás inarb iomchuí.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7b) Fiontair shóisialta atá an-nuálach i dtaobh na n-earraí nó na seirbhísí a chuireann siad ar fáil, a n-eagrúcháin nó na modhanna táirgthe a úsáideann siad, ba cheart cur chun cinn gníomhaíochtaí fiontraíochta sóisialta a bheith mar chuid de ghníomhaíochtaí EIT agus PENanna.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Ba cheart go bhfeidhmeodh EIT go príomha trí mheán Comhpháirtíochtaí feabhas-tiomáinte agus uathrialaitheacha Eorpacha ar mhórscála d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile, i bhfoirm líonraí straitéiseacha inbhuanaithe agus féinchothaitheacha fadtéarmacha sa phróiseas nuálaíochta. Ba cheart go roghnódh Bord Rialaithe EIT na comhpháirtíochtaí sin ar bhonn próiseas thrédhearcach agus feabhas-bhunaithe , i gcomhréir le critéir chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú, agus ba cheart go n-ainmneofaí iad mar PENanna .

(8) Ba cheart go bhfeidhmeodh EIT go príomha trí mheán Comhpháirtíochtaí feabhas-tiomáinte uathrialaitheacha institiúidithe Eorpacha d’institiúidí ardoideachais, d’eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile, i bhfoirm líonraí straitéiseacha inbhuanaithe agus féinchothaitheacha fadtéarmacha sa phróiseas nuálaíochta. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na comhpháirtíochtaí sin a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de trí chistí ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha eile a shlógadh agus an raon is leithne is féidir de chomhpháirtithe nua a mhealladh agus gabháil leo. Ba cheart go roghnódh Bord Rialaithe EIT na comhpháirtíochtaí sin ar bhonn próiseas thrédhearcach agus feabhas-bhunaithe, i gcomhréir leis an Rialachán seo agus leis an gclár Fís Eorpach maidir le Comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú, agus ba cheart go n-ainmneofaí iad mar PENanna.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(8a) Ba cheart roghnú agus seoladh PENanna nua a bheith bunaithe ar phróiseas oscailte, trédhearcach agus iomaíoch a chuireann san áireamh Pleanáil Straitéiseach an chláir Fís Eorpach, an t-athbhreithniú meántéarma ar EIT agus ar PENanna, luas téarnaimh an Aontais i ndiaidh phaindéim COVID 19 agus an buiséad a leithdháiltear ar EIT don tréimhse bhuiséadach faoi seach.  Agus PENanna á reáchtáil, ba cheart do EIT a chur san áireamh nach bhfuil na riachtanais airgeadais chéanna ag na PENanna go léir, agus tá cuid acu níos déine ar chaipiteal ná cinn eile.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) Agus sainiúlacht na PENanna á gcur san áireamh, ní mór foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha íosta speisialta le PEN a bhunú, de mhaolú ó na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh de chuid chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh go mbeidh gá le rialacha sonracha i dtaca le húinéireacht, le cearta rochtana, agus le saothrú agus le leathadh maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PENanna.

(9) Agus sainiúlacht na PENanna á gcur san áireamh, ní mór foráil a dhéanamh maidir le coinníollacha íosta speisialta le PEN a bhunú. Féadfaidh na coinníollacha sin, ar bhonn eisceachtúil, maolú ó rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh an chláir Fís Eorpach. Ar an gcaoi chéanna, féadfaidh go mbeidh gá le rialacha sonracha i dtaca le húinéireacht, le cearta rochtana, agus le saothrú agus le leathadh maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PENanna.

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Ba cheart don Bhord Rialaithe gníomhaíochtaí EIT a stiúradh chomh maith agus comhordú a dhéanamh ar an tuairisciú ar an monatóireacht agus meastóireacht ar ghníomhaíochtaí na PENanna i gcomhréir le forálacha chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht . Ba cheart go mbeadh cothromaíocht i measc bhaill an Bhoird Rialaithe ó thaobh taithí ar shaol an ghnó, ar shaol an ardoideachais agus/nó ar shaol an taighde agus ó thaobh taithí ar earnáil na nuálaíochta chomh maith.

(10) Ba cheart don Bhord Rialaithe gníomhaíochtaí IENT a stiúradh chomh maith agus comhordú a dhéanamh ar an tuairisciú ar an monatóireacht agus meastóireacht ar ghníomhaíochtaí PENanna i gcomhréir le forálacha an chláir Fís Eorpach. Ba cheart do Bhord Rialaithe EIT a bheith in ann moltaí a dhéanamh maidir le cé mar is féidir an t-ualach riaracháin ar PENanna a laghdú. Ba cheart go mbeadh cothromaíocht i measc bhaill an Bhoird Rialaithe ó thaobh taithí ar an ngnó, ar an ardoideachas agus ar an taighde agus ó thaobh taithí ar earnáil na nuálaíochta chomh maith. Agus an sármhaitheas mar threoirphrionsabal aige, ba cheart go n-áiritheodh Bord Rialaithe EIT go bhfuil cothromaíocht gheografach agus inscne i gcomhdhéanamh Bhord Rialaithe EIT.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) D’fhonn cur le hiomaíochas agus d’fhonn mealltacht idirnáisiúnta gheilleagar na hEorpa agus a chumas nuálaíochta a athneartú, ba cheart go mbeadh EIT agus na PENanna in ann eagraíochtaí comhpháirtíochta, taighdeoirí agus mic léinn a mhealladh as gach cearn den domhan, lena n-áirítear trína soghluaisteacht a spreagadh, agus comhoibriú le heagraíochtaí tríú tíortha chomh maith.

(11) D’fhonn cur le hiomaíochas agus d’fhonn mealltacht idirnáisiúnta gheilleagar na hEorpa agus a chumas nuálaíochta agus fiontraíochta a athneartú, ba cheart go mbeadh EIT agus na PENanna in ann eagraíochtaí comhpháirtíochta, taighdeoirí agus mic léinn a mhealladh as gach cearn den domhan, lena n-áirítear ó na réigiúin is forimeallaí san Aontas, lena n-áirítear trína soghluaisteacht a spreagadh, agus comhoibriú le heagraíochtaí tríú tíortha chomh maith.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Ba cheart go mbeadh an caidreamh idir EIT agus na PENanna bunaithe ar chomhaontuithe creat-chomhaontuithe agus comhpháirtíochta , ina leagfar cearta agus oibleagáidí na PENanna amach, ina n-áiritheofar leibhéal sásúil comhordaithe agus ina leagfar an mheicníocht amach chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar fhothorthaí na PENanna. Ba cheart go ndéanfar a áirithiú tríd an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta leanúnachas ranníocaíocht airgeadais EIT le PEN tar éis an creat airgeadais ilbhliantúil faoi seach. De mhaolú ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán Airgeadais’), ba cheart go mbeadh EIT in ann creat-chomhaontú comhpháirtíochta a bhunú le haghaidh tréimhse tosaigh seacht mbliana agus é a shíniú thar an tréimhse sin ar feadh tréimhse eile nach faide ná seacht mbliana í.

(12) Ba cheart go mbeadh an caidreamh idir EIT agus na PENanna bunaithe ar chreat-chomhaontaithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe  ilbhliantúla deontais, ina leagfar cearta agus oibleagáidí na PENanna amach, ina n-áiritheofar leibhéal sásúil comhordaithe agus ina leagfar an mheicníocht amach chun monatóireacht agus meastóireacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí agus ar fhothorthaí na PENanna. Ba cheart go ndéanfar a áirithiú tríd an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta leanúnachas ranníocaíocht airgeadais EIT le PEN tar éis an creat airgeadais ilbhliantúil faoi seach. De mhaolú ar Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle12 (an ‘Rialachán Airgeadais’), ba cheart go mbeadh EIT in ann creat-chomhaontú comhpháirtíochta a bhunú le haghaidh tréimhse tosaigh seacht mbliana. Faoi réir meastóireacht dhearfach a bheith ann ar dhul chun cinn an PEN maidir lena chuspóirí agus lena gharspriocanna a ghnóthú, a bheidh le déanamh faoi bhliain 4 den chéad tréimhse, ba cheart go mbeadh EIT in ann an creat-chomhaontú comhpháirtíochta sin a fhadú le haghaidh tréimhse breise suas le seacht mbliana ar a mhéid, ar bhonn meastóireacht bhreise a mbeadh toradh dearfach uirthi. I gcás síneadh a chur leis an gcomhaontú tosaigh seacht mbliana, beidh an PEN faoi réir athbhreithniú meántéarma eile bunaithe ar na critéir agus ar an modheolaíocht chéanna chun cinneadh a dhéanamh maidir le leanúint ar aghaidh leis an PEN.

__________________

__________________

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO L 193, 30.7.2018, lch. 1).

Leasú  19

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12a) Faoi réir an toraidh a bheidh ar athbhreithniú deiridh a dhéanfar sula rachaidh an ceathrú bliain déag den chreat-chomhaontú comhpháirtíochta in éag, féadfaidh Bord Rialaithe EIT, i gcúinsí eisceachtúla, i gcás ina dtugtar bunús cuí leis, cinneadh a dhéanamh síneadh a chur leis an gcomhaontú comhpháirtíochta le PEN ón gcéad sraith de PENanna. Bheadh síneadh den sórt sin faoi réir grinnmheastóireacht dhearfach ag saineolaithe seachtracha neamhspleácha ar éifeachtacht an PEN, ar choinníoll go bhfuil leibhéal leordhóthanach tionchair agus inbhuanaitheachta airgeadais bainte amach aige. Ba cheart an síneadh sin a bheith teoranta ó thaobh ama, buiséid agus raon feidhme de ghníomhaíochtaí an PEN, ar gníomhaíochtaí iad nach bhfuil chomh gar sin don mhargadh agus nach féidir, dá bhrí sin, a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, ach atá ríthábhachtach i gcónaí chun a chúraimí, a ghníomhaíochtaí agus a inniúlachtaí a chomhlíonadh chun freagairt do dhúshláin shochaíocha phráinneacha

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Is gá tacú leis an ardoideachas mar dhlúthchuid de straitéis chuimsitheach i leith na nuálaíochta, cé gur minic a fhágtar ar lár í. Ba cheart go bhforálfadh na comhaontuithe comhpháirtíochta agus creat-chomhaontuithe idir EIT agus na PENanna gur cheart go mbronnfadh na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha na céimeanna agus na dioplómaí a bhronnfaí trí na PENanna, agus ba cheart go spreagfaí na hinstitiúidí seo freisin chun céimeanna agus dioplómaí EIT a chur mar theideal orthu. Ina theannta sin, ba cheart do EIT raon feidhme chéimeanna agus dhioplómaí a bhfuil PEN á thabhairt mar theideal orthu a neartú agus a leathnú d’fhonn an t-aitheantas atá orthu lasmuigh den Phobal EIT a mhéadú. Ba cheart go gcabhródh EIT, trí mheán a chuid gníomhaíochtaí agus a chuid oibre, le soghluaisteacht a chur chun cinn do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do bhaill foirne . Ba cheart go gcuirfí na gníomhaíochtaí sin uile i gcrích gan dochar do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle .

(13) Is gá tacú leis an ardoideachas mar dhlúthchuid de straitéis chuimsitheach i leith na nuálaíochta, cé gur minic a fhágtar ar lár í. Ba cheart go bhforálfadh na creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta nó  comhaontuithe deontais idir EIT agus na PENanna gur cheart go mbronnfadh na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha na céimeanna agus na dioplómaí a bhronnfaí trí na PENanna, agus ba cheart go spreagfaí na hinstitiúidí seo freisin chun céimeanna agus dioplómaí EIT a chur mar theideal orthu. Ina theannta sin, ba cheart do EIT raon feidhme céimeanna agus dioplómaí a bhfuil PEN á thabhairt mar theideal orthu a neartú agus a leathnú chuig gníomhaíochtaí foghlama ar feadh an tsaoil, gairmoiliúint, clár oiliúna, athoiliúna agus uas-scilithe d’fhonn an t-aitheantas atá orthu lasmuigh den Phobal EIT a mhéadú. Ba cheart go gcabhródh EIT, trí mheán a chuid gníomhaíochtaí agus a chuid oibre, le soghluaisteacht a chur chun cinn do mhic léinn, do thaighdeoirí agus do bhaill foirne, mar aon le deiseanna a chur ar fáil d’fhoghlaim ar feadh an tsaoil, do mheantóireacht agus do chóitseáil. Ba cheart go gcuirfí na gníomhaíochtaí sin uile i gcrích gan dochar do Threoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle13.

__________________

__________________

13 Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22). Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1430/2007 ón gCoimisiún (IO L 320, 6.12.2007, lch. 3).

13 Treoir 2005/36/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Meán Fómhair 2005 i ndáil le cáilíochtaí gairmiúla a aithint (IO L 255, 30.9.2005, lch. 22). Treoir arna leasú go deireanach le Rialachán (CE) Uimh. 1430/2007 ón gCoimisiún (IO L 320, 6.12.2007, lch. 3).

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Ba cheart forálacha iomchuí a dhéanamh chun dliteanas agus trédhearcacht EIT a áirithiú. Ba cheart rialacha iomchuí chun rialachas agus feidhmiú EIT a rialáil a leagan síos i Reachtanna EIT.

(14) Ba cheart forálacha iomchuí a dhéanamh chun dliteanas, trédhearcacht agus oscailteacht an EIT a áirithiú. Ba cheart rialacha iomchuí chun rialachas agus feidhmiú EIT a rialáil a leagan síos i Reachtanna EIT.

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Tá súil go ndéanfaidh na hearnálacha tionscail, airgeadais agus seirbhíse ranníocaíocht shuntasach le buiséad na PENanna. Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na PENanna sciar na ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a uasmhéadú agus inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach . Ba cheart go bhfógródh na PENanna agus a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go bhfuiltear ag tabhairt faoina ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs EIT agus go bhfaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais .

(16) Meastar go mbeidh tionchar ag géarchéim COVID-19 ar na ranníochtaí airgeadais ó na hearnálacha tionscail, airgeadais agus seirbhíse le buiséad na PENanna. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag na PENanna sciar na ranníocaíochtaí ón earnáil phríobháideach a uasmhéadú agus obair ghníomhach a dhéanamh go luath i dtreo inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach. Ba cheart go bhfógródh na PENanna agus a n-eagraíochtaí comhpháirtíochta go bhfuiltear ag tabhairt faoina ngníomhaíochtaí i gcomhthéacs EIT agus go bhfaigheann siad ranníocaíocht airgeadais ó bhuiséad ginearálta an Aontais. Ina theannta sin, ba cheart trédhearcacht an chistithe a mhéadú trí fhaisnéis atá ar fáil go poiblí a chur ar fáil maidir leis na tionscadail a ndéantar cistiú orthu agus maidir le leithdháileadh an chistithe.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  23

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17a) Ba cheart go n-áiritheodh EIT go ndáilfear an buiséad ar bhealach cothrom d’fhad na tréimhse agus go mbeadh aistriú rianúil ón tréimhse reatha go dtí an chéad tréimhse CAI eile, go háirithe i gcás na ngníomhaíochtaí leanúnacha.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Ba cheart do EIT tuarascáil chomhdhlúite bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a ullmhú, ina dtabharfaí tuairisc ar ghníomhaíochtaí agus torthaí oibriúchán na bliana féilire roimhe sin . Ba cheart do EIT freisin doiciméad clársceidealaithe aonair a sholáthar, a thabharfadh tuairisc ar na tionscnaimh atá beartaithe aige i dtéarmaí clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus a chuirfeadh ar chumas EIT freagairt d’athruithe inmheánacha agus seachtracha i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, an ardoideachais, na nuálaíochta agus i réimsí ábhartha eile.

(19) Ba cheart do EIT tuarascáil chomhdhlúite bhliantúil ar ghníomhaíochtaí a ullmhú, ina dtabharfaí tuairisc ar ghníomhaíochtaí agus torthaí oibriúchán na bliana féilire roimhe sin. Ba cheart do EIT freisin doiciméad clársceidealaithe aonair a sholáthar, a thabharfadh tuairisc ar na tionscnaimh atá beartaithe aige i dtéarmaí clársceidealú bliantúil agus ilbhliantúil agus a chuirfeadh ar chumas EIT freagairt d’athruithe inmheánacha agus seachtracha i réimsí na heolaíochta, na teicneolaíochta, an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta agus i réimsí ábhartha eile. Ba cheart go dtabharfaí aghaidh sa doiciméad clársceidealaithe aonair ar ghnéithe den chlár dhá bhliain um fhreagairt ar ghéarchéimeanna; Ba cheart na doiciméid sin a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún chun críocha faisnéise.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Is iomchuí go dtionscnóidh an Coimisiún meastóireachtaí neamhspleácha seachtracha ar oibriú EIT, na PENanna ina measc , d’fhonn an COSN a ullmhú, go háirithe. Ba cheart go ndéanfaí scrúdú tríd na meastóireachtaí sin ar an gcaoi ina gcomhlíonann EIT a misean, go gcumhdófaí gníomhaíochtaí uile EIT agus na PENanna agus go ndéanfaí meastóireacht ar a n-ábharthacht, a n-éifeachtúlacht, a n-éifeachtacht, a mbreisluach Eorpach agus ar a gcomhtháthú. Ba cheart go mbainfí leas as na meastóireachtaí sin i meastóireachtaí an chláir de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear i gclár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht.

(20) Is iomchuí go dtionscnóidh an Coimisiún meastóireachtaí neamhspleácha seachtracha ar oibriú EIT, na PENanna ina measc, d’fhonn an COSN a ullmhú, go háirithe. Ba cheart go ndéanfaí scrúdú tríd na meastóireachtaí sin ar an gcaoi ina gcomhlíonann EIT a misean, go gcumhdófaí gníomhaíochtaí uile EIT agus na PENanna agus go ndéanfaí meastóireacht ar a n-ábharthacht, a n-éifeachtúlacht, a n-éifeachtacht, a mbreisluach Eorpach, a n-oscailteacht, a ngníomhaíochtaí for-rochtana, a gcumarsáid, a n-infheictheacht, scaipeadh torthaí, tionchar agus comhthathú. Ba cheart go mbainfí leas as na meastóireachtaí sin i meastóireachtaí an chláir de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear sa chlár Fís Eorpach.

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20a) Eagraítear PENanna EIT thart timpeall ar ionaid chomhlonnaithe agus ar mhoil nuálaíochta, ach is minic a úsáideann siad téarmaí difriúla chun iad a ainmniú (fearais, nóid, oifigí, etc.). Ba cheart do EIT a dhícheall a dhéanamh chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an téarmaíocht a bhaineann le struchtúr gach PEN, d’fhonn inaitheantacht an EIT a shimpliú, a shoiléiriú agus a fheabhsú tuilleadh.

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20b) Ba cheart go mbeadh sé d’aidhm ag EIT, go príomha trína PENanna agus trí Scéim Nuálaíochta Réigiúnaach EIT éiceachórais nuálaíochta a neartú chun cumas foriomlán an Aontais maidir le nuálaíocht a théann i ngleic le dúshláin dhomhanda a fhorbairt, trí chomhtháthú gnó, taighde, ardoideachais agus fiontraíochta a chothú.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20c) Ba cheart do PENanna, ag gníomhú dóibh mar éascaitheoir nuálaíochta trína n-ionaid chomhlonnaithe agus trína moil nuálaíochta, tosaíochtaí straitéise speisialtóireachta cliste na mBallstát a bhreithniú agus ar an gcaoi sin a gcumas nuálaíochta a fheabhsú trí chumais agus acmhainneacht réigiúnach agus deiseanna, laigí, mar aon le gníomhaithe áitiúla agus a ngníomhaíochtaí agus a margaí a léiriú go hiomlán.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20d) Ba cheart sineirgí EIT, trína PENanna, le Cistí Beartais Comhtháthaithe a neartú chun comhar réigiúnach agus trasréigiúnach a chur chun cinn idir gníomhaithe thriantán an eolais agus údaráis bhainistíochta, agus tionchar foriomlán agus infheictheacht EIT a mhéadú.

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20e) Tá sé ríthábhachtach sineirgí láidre a chur chun cinn idir EIT agus an Chomhairle Nuálaíochta Eorpach (CNE). Ba cheart go spreagfadh PENanna cruthú cuideachtaí nuálacha i ndlúthshineirgíocht le EIT, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna, agus ba cheart go mbeadh tairbhithe EIT in ann iarratas a dhéanamh ar ionstraimí EIC ag iarraidh tacaíocht sa bhreis ar na seirbhísí a sholáthraíonn PENanna EIT;  D’fhéadfadh rochtain níos dírí a bheith ag cuideachtaí nuathionscanta a bhfuil acmhainneacht fáis ard acu agus a fhaigheann tacaíocht ó PENanna ar ghníomhaíochtaí EIC i gcomhréir le forálacha ábhartha an chláir Fís Eorpach chun cabhrú leo méadú go tapa.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 f (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20f) Ba cheart do EIT nuálaíocht a chothú ina chuid gníomhaíochtaí agus tacú le comhtháthú an ardoideachais san éiceachóras nuálaíochta, go háirithe trí oideachas fiontraíoch a spreagadh, trí chomhoibriú trasdisciplíneach a chothú idir an tionscal agus an t-ardoideachas agus an taighde agus trí scileanna ionchasacha a shainaithint do nuálaithe amach chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda, lena n-áirítear ardscileanna digiteacha, inbhuanaitheachta agus nuálaíochta. Ba cheart do na scéimeanna tacaíochta a chuireann EIT ar fáil dul chun tairbhe tairbhithe EIC, agus ba cheart rochtain mhear a bheith ag na cuideachtaí nuathionscanta a thagann amach as PENanna ar ghníomhuithe EIC freisin.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 g (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20g) Ar mhaithe le bacainní agus dúbláil iarrachtaí agus straitéisí a sheachaint, ba cheart do EIT agus EIC a thuar go malartófar faisnéis go cómhalartach agus go córasach, chomh maith le comhalta coiteann a bheith acu i ngach ceann dá mBord Rialaithe.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 h (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20h) Laistigh de raon feidhme an chláir Fís Eorpach agus i gcomhréir lena phleanáil straitéiseach, ba cheart go mbeadh EIT in ann cinneadh a dhéanamh PENanna nua a thíolacadh i réimsí tosaíochta lena rannchuidítear le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda nua agus ar dhúshláin dhomhanda atá ag teacht chun cinn.  Ba cheart baint a bheith ag an gcéad PEN den sórt sin le hEarnálacha agus Tionscail an Chultúir agus na Cruthaitheachta (CCSI), agus ba cheart baint a bheith ag an dara ceann le hEarnálacha agus Éiceachórais Uisce, Mara agus Muirí.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  34

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20 i (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(20i) Ba cheart go mbeadh EIT in ann cinneadh a dhéanamh PENanna nua a thíolacadh i réimsí tosaíochta, i gcomhréir leis an gclár Fís Eorpach agus lena phleanáil straitéiseach, a rannchuidíonn le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda agus shochaíocha nua agus atá ag teacht chun cinn. Ba cheart go mbainfeadh an chéad PEN den sórt sin le CCSI, a bheidh le seoladh in 2022, agus go bhféadfaí an seoladh a chur siar go dtí 2023 i gcás ina measfaidh Bord Rialaithe EIT go bhfuil gá le tuilleadh comhairliúcháin leis na geallsealbhóirí sula seolfar an glao.  Ba cheart go mbainfeadh an dara PEN den sórt sin le hEarnálacha agus Éiceachórais Uisce, Mara agus Muirí, a bheidh le seoladh in 2025, tar éis measúnú tionchair dearfach a bheith déanta faoi 2023.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) ciallaíonn ‘nuálaíocht’ an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d'éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach don tsochaí;

(1) ciallaíonn “nuálaíocht” an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d'éileamh ón tsochaí, ón ngeilleagar, nó ón gcomhshaol agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí gnó, eagraíochta agus sóisialta nua a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach don tsochaí;

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) ciallaíonn ‘Pobal Eolais agus Nuálaíochta’ (PEN) Pobail Eolais agus Nuálaíochta comhpháirtíocht uathrialaitheach ar mhórscála Eorpach d'institiúidí ardoideachais, d'eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile i bpróiseas na nuálaíochta i bhfoirm gréasáin straitéisigh, beag beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aige, atá bunaithe ar chomhphleanáil nuálaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun dúshláin EIT a chomhlíonadh agus chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí arna mbunú faoi chlár réime an Aontais Eorpaigh lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht ;

(2) ciallaíonn ‘Pobal Eolais agus Nuálaíochta’ ‘PEN’ comhpháirtíocht uathrialaitheach institiúidithe Eorpach, mar a shainmhínítear sa chlár Fís Eorpach, d'institiúidí ardoideachais, d'eagraíochtaí taighde, de chuideachtaí agus de gheallsealbhóirí eile i bpróiseas na nuálaíochta i bhfoirm gréasáin straitéisigh, beag beann ar an bhfoirm dhlíthiúil bheacht atá aige, atá bunaithe ar chomhphleanáil nuálaíochta sa mheántéarma agus san fhadtéarma chun dúshláin EIT a chomhlíonadh agus chun rannchuidiú le baint amach na gcuspóirí arna mbunú faoin gclár Fís Eorpach;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) Ciallaíonn ‘ionad comhlonnaithe PEN’ spás fisiciúil, arna bhunú ar bhealach oscailte agus trédhearcach, lena gcumhdaítear limistéar geografach, inar féidir le  príomh-chomhpháirtithe an triantáin eolais de chuid PEN idirghníomhú go héasca, arb é an pointe fócasach do ghníomhaíocht an PEN sa limistéar sin é;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2b) ciallaíonn 'clár um fhreagairt ar ghéarchéimeanna' plean dhá bhliain ina socraíonn EIT a thosaíochtaí mar fhreagairt ar riachtanais gach PEN d’fhonn géarchéim COVID-19 a shárú agus oiriúnú don tréimhse iar-ghéarchéime;

Leasú  39

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2c) Ciallaíonn ‘mol nuálaíochta EIT’ mol pobail áitiúil a bunaíodh i réimse leathan de na Ballstáit, go háirithe sna Ballstáit agus sna réigiúin ar a ndíríonn an Scéim Nuálaíochta Réigiúnach, inar féidir le PENanna comhoibriú le gníomhaithe áitiúla thriantán an eolais chun spriocanna nuálaíochta a chur chun feidhme ar fud an Aontais, lena n-áirithítear láithreacht gheografach níos cothroime de ghníomhaíochtaí Chomhphobal EIT, atá mar phointe iontrála chun idirghníomhú le gníomhaithe áitiúla, lena ndéantar na líonraí áitiúla a shlógadh agus a idirnáisiúnú, lena mbunaítear sineirgí agus lena gcuirtear comhtháthú gníomhach na n-éiceachóras chun cinn ar gach leibhéal agus lena n-éascaítear do na PENanna comhlántachtaí agus comhoibriú laistigh de thriantán an eolais a chothú, le go mbeidh siad ina n-ionaid chomhlonnaithe réigiúnacha;

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2d) Ciallaíonn 'líonra oifigeach idirchaidrimh tíortha de chuid EIT' líonra d’ionadaithe náisiúnta arna n-ainmniú ag rialtais na mBallstát agus na dtíortha atá comhlachaithe leis an gclár Fís Eorpach, atá mar chuid de Phointí Teagmhála Náisiúnta den chlár Fís Eorpach, a bhfuil sé de chúram orthu éascú a dhéanamh ar scaipeadh níos struchtúrtha deiseanna, torthaí agus éachtaí a thagann chun cinn ó Chomhphobal EIT chomh maith le haistriú frithpháirteach eolais, comhairle agus dea-chleachtais a spreagadh, i gcomhréir le feidhm institiúid EIT;

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) ciallaíonn ‘eagraíocht chomhpháirtíochta’ aon eintiteas dlítheanach ar comhalta de PEN í, agus féadfar a áireamh leis, go háirithe, institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí poiblí nó cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis;

(3) ciallaíonn ‘eagraíocht chomhpháirtíochta’ aon eintiteas dlítheanach ar comhalta de PEN í, agus féadfar a áireamh leis, go háirithe, institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí taighde, institúidí poiblí, cuideachtaí poiblí nó cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis;

Leasú  42

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) ciallaíonn ‘Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht’ (‘COSN’) doiciméad beartais ina leagtar amach réimsí tosaíochta agus straitéis fhadtéarmach EIT i leith tionscnaimh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, a chumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh, lena n-áirítear forléargas ar na gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a bheartaítear, ar feadh tréimhse seacht mbliana , tréimhse lena gcumhdaítear an CAI faoi seach ;

(7) ciallaíonn ‘Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht’ nó ‘COSN’ doiciméad beartais ina leagtar amach straitéis agus tosaíochtaí fadtéarmacha EIT i leith tionscnaimh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, a chumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh, lena n-áirítear cuspóirí, príomhghníomhaíochtaí, ardoideachas, taighde agus nuálaíocht a bheartaítear, a mhodh oibríochta, na tionchair agus na hacmhainní a mheastar a bhfuil gá leo ar feadh tréimhse seacht mbliana, tréimhse lena gcumhdaítear an clár Fís Eorpach agus an CAI faoi seach;

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) ciallaíonn “Scéim Nuálaíochta Réigiúnach” (SNR) scéim for-rochtana atá dírithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí agus geallsealbhóirí eile, chun nuálaíocht a chothú ar fud an Aontais;

(8) ciallaíonn “Scéim Nuálaíochta Réigiúnach” “SNR” scéim for-rochtana atá dírithe ar chomhpháirtíochtaí idir institiúidí ardoideachais, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí agus geallsealbhóirí eile a bhunú, i dtíortha ísealfheidhmíochta taighde agus nuálaíochta mar a shainmhínítear i bpointe (15a) d’Airteagal 2 de Rialachán [xxx] lena mbunaítear an clár Fís Eorpach agus, a mhéid nach tíortha ísealfheidhmíochta taighde agus nuálaíochta iad, i dtíortha agus i réigiúin na dtíortha sin atá aicmithe mar nuálaithe measartha sa Scórchlár Eorpach Nuálaíochta, arb é is aidhm dóibh nuálaíocht a chothú ar fud an Aontais agus éagothromaíochtaí réigiúnacha a dhúnadh agus, ar an gcaoi sin, an deighilt nuálaíochta a mhaolú;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) ciallaíonn ‘plean gnó PEN’ doiciméad ina gcuirtear síos ar na cuspóirí agus ar na gníomhaíochtaí breisluacha PEN a bheartaítear;

(10) Ciallaíonn ‘plean gnó ilbhliantúil PEN’ doiciméad ina gcuirtear síos ar na cuspóirí agus ar ghníomhaíochtaí breisluacha PEN a bheartaítear, garspriocanna, spriocanna agus tionchair PEN a rannchuidíonn le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, agus ina bhfuil meastachán ar fhoinsí airgeadais agus ar chistiú, lena n-áirítear a chuid straitéisí arb é is aidhm dóibh inbhuanaitheacht airgeadais, oscailteacht do chomhpháirtithe nua agus rannpháirtíocht gheografach níos cothroime ina chuid gníomhaíochtaí a bhaint amach;

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) ciallaíonn ‘meamram comhair’ comhaontú idir EIT agus PEN arb é is aidhm dó PEN a choimeád ina bhall gníomhach de Chomhphobal EIT tar éis dháta deiridh an chreat-chomhaontaithe comhpháirtíochta, gan aon ranníocaíocht airgeadais ó EIT;

scriosta

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) ciallaíonn ‘inbhuanaitheacht airgeadais’ cumas a bheith ag PEN a ghníomhaíochtaí i leith an triantáin eolais a mhaoiniú go neamhspleách tar éis dháta deiridh an chreat-chomhaontaithe comhpháirtíochta.

(13) ciallaíonn ‘inbhuanaitheacht airgeadais’ cumas PEN dóthain ioncaim a ghiniúint chun an chuid is mó dá ghníomhaíochtaí i leith thriantáin an eolais nó iad uile a mhaoiniú, lena n-áirítear sciar suntasach de na costais a bhaineann leis an éiceachóras a chothabháil, gan spleáchas do na ranníocaíochtaí ó EIT.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is é misean EIT cur le fás eacnamaíoch inbhuanaithe an Aontais agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin a gcaithfidh an tsochaí aghaidh a thabhairt orthu. Déanfaidh sé sin trí shineirgí agus comhar a chur chun cinn idir an ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht den chaighdeán is airde, agus tríd an méid sin a lánpháirtiú, lena n-áirítear trí fhiontraíocht a chothú.

1. Is é misean EIT cur le forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe an Aontais agus le hiomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais a athneartú. Tá sé mar aidhm leis freisin tosaíochtaí straitéiseacha an Aontais a ghnóthú agus rannchuidiú le cuspóirí agus beartais an Aontais a bhaint amach, lena n-áirítear an Comhaontú Glas don Eoraip, an Plean Téarnaimh Eorpach, na straitéisí Eorpacha sonraí, digiteacha, FBM agus tionsclaíocha agus uathriail straitéiseach na hEorpa a bhaint amach. Ina theannta sin, beidh sé ina rannchuidiú le dul i ngleic le dúshláin dhomhanda, lena n-áirítear SDGanna trí phrionsabail Chlár Oibre 2030 agus Chomhaontú Pháras a leanúint, agus trí gheilleagar atá neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí

Leasú  48

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Leanfaidh EIT de bheith ag baint amach cuspóirí ginearálta agus cuspóirí sonracha chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht.

2. Do thréimhse buiséid 2021-2027, rannchuideoidh EIT le cuspóirí ginearálta agus sonracha an chláir Fís Eorpach a bhaint amach.

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3. Is iad seo a leanas cuspóirí sonracha EIT:

 

(a)  tionchar PENanna agus a dtrédhearcacht a mhéadú agus borradh a chur faoi chomhtháthú an triantáin eolais;

 

(b)  oscailteacht PENanna a mhéadú trí réimse níos leithne geallsealbhóirí ó gach cearn den Aontas a áireamh;

 

(c)  cur le cumas fiontraíochta agus nuálaíochta earnáil an ardoideachais ar fud an Aontais trí PENanna a threorú agus faireachán a dhéanamh orthu i dtaobh comhtháthú níos fearr in éiceachórais nuálaíochta agus athrú institiúideach in institiúidí ardoideachais (IAOnna) a chur chun cinn;

 

(d)  for-rochtain réigiúnach EIT agus a PENanna a mhéadú, chomh maith le scaipeadh agus saothrú níos fearr torthaí a áirithiú, chun aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí réigiúnacha sa chumas nuálaíochta ar fud an Aontais agus laistigh de Bhallstáit aonair chun clúdach geografach cothrom a áirithiú;

 

(e)  clár dhá bhliain um fhreagairt ar ghéarchéimeanna a chur chun feidhme a mbeidh an tsolúbthacht is gá ann chun a bheith in ann rannchuidiú leis na héiceachórais nuálaíochta reatha a chosaint agus chun cabhrú le geallsealbhóirí EIT ullmhú don téarnamh eacnamaíoch

Leasú  50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Sainmhíneoidh COSN na réimsí tosaíochta agus an straitéis do EIT don tréimhse seacht mbliana lena mbaineann, agus clár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht á chur san áireamh, clár oibre ina gcuimseofar measúnú ar a thionchar socheacnamaíoch agus ar a chumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh. Cuirfidh COSN torthaí an fhaireacháin agus na meastóireachta ar EIT dá dtagraítear in Airteagal 19 san áireamh chomh maith.

1. Saineoidh COSN an straitéis agus na tosaíochtaí do EIT don tréimhse seacht mbliana lena mbaineann, lena n-áirítear na gníomhaíochtaí gearrthéarmacha atá dírithe ar dhul i ngleic le géarchéim COVID-19 agus an téarnamh ina dhiaidh sin, agus an clár Fís Eorpach á chur san áireamh, lena n-áirítear a phleanáil straitéiseach.  Áireofar le COSN freisin measúnú ar an tionchar socheacnamaíoch a bhfuiltear ag dréim leis agus gníomhaíochtaí for-rochtana EIT agus cumas EIT na héiceachórais nuálaíochta agus an breisluach is fearr a ghiniúint. Cuirfidh COSN torthaí an fhaireacháin agus na meastóireachta ar EIT dá dtagraítear in Airteagal 19 san áireamh chomh maith.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  51

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Beidh an COSN ailínithe le cuspóirí chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht, le pleanáil straitéiseach ilbhliantúil, le tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus le ceanglais eile de chuid an chláir sin, agus cothóidh sé sineirgí le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais den CAI faoi seach go háirithe leis na cláir sin lena dtugtar tacaíocht don oideachas agus don fhorbairt réigiúnach. Bunófar leis sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus tionscnaimh, , beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais.

2. Beidh COSN ailínithe leis an gclár Fís Eorpach, le pleanáil straitéiseach ilbhliantúil, le tuairisciú, faireachán agus meastóireacht agus le ceanglais eile de chuid an chláir sin, agus cothóidh sé sineirgí le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais den CAI faoi seach. Bunófar leis sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus tionscnaimh, beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe Tionscnamh na nOllscoileanna Eorpacha, EIC, na misin agus na Comhpháirtíochtaí Eorpacha dá dtagraítear sa chlár Fís Eorpach. Cuirfidh an Coimisiún an tacaíocht uile is gá ar fáil do EIT chun sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí a bhunú le gníomhaíochtaí eile de chuid an chláir Fís Eorpach, chomh maith le tionscnaimh agus cláir eile de chuid an Aontais, agus dúbláil á seachaint ag an am céanna.

Leasú  52

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Cuimseoidh COSN meastachán ar riachtanais airgeadais agus ar fhoinsí airgeadais i dtaca le hoibriú EIT amach anseo, lena fhorbairt fhadtéarmach agus lena mhaoiniú. Beidh plean airgeadais táscach ann freisin a chlúdóidh tréimhse an CAI faoi seach .

3. Cuimseoidh COSN meastachán ar riachtanais airgeadais agus ar fhoinsí airgeadais i dtaca le hoibriú EIT amach anseo, lena fhorbairt fhadtéarmach agus lena mhaoiniú, lena n-áirítear na gnéithe airgeadais a bhaineann leis an bPlean Téarnaimh Eorpach. Beidh plean airgeadais táscach ann freisin a chlúdóidh tréimhse an CAI faoi seach.

Leasú  53

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh EIT a thuairim isteach don togra ón gCoimisiún maidir le COSN.

4. Agus dearcadh agus ionchur PENanna reatha á gcur san áireamh aige, ullmhóidh EIT dréacht-COSN, cuirfidh sé faoi bhráid an Choimisiúin é agus cuirfidh sé ar fáil don phobal é.

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Bord Rialaithe ar a mbeidh comhaltaí ardleibhéil a bhfuil taithí acu ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó. Beidh sé freagrach as gníomhaíochtaí EIT a stiúradh, as PENanna a roghnú, a ainmniú , as faireachán agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, agus as gach cinneadh straitéiseach eile.

(a) Bord Rialaithe ar a mbeidh comhaltaí ardleibhéil a bhfuil saintaithí acu san ardoideachas, sa taighde, sa nuálaíocht agus sa ghnó, lena n-áirítear comhalta ar comhalta de Bhord EIC é freisin. Beidh sé freagrach as gníomhaíochtaí EIT a stiúradh, as PENanna a roghnú, a ainmniú, a mhaoiniú, as faireachán agus as meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear as bearta ceartaitheacha iomchuí a ghlacadh i gcás tearcfheidhmíochta agus as gach cinneadh straitéiseach eile; Cuirfear san áireamh agus an Bord Rialaithe á roghnú na critéir maidir le cothromaíocht inscne agus gheografach;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  55

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Bord Feidhmiúcháin arb é a bheidh ann comhaltaí tofa agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe. Tabharfaidh sé cúnamh don Bhord Rialaithe a chúraimí a chomhlíonadh agus ullmhóidh sé cruinnithe an Bhoird Rialaithe i gcomhar leis an Stiúrthóir ;

(b) Bord Feidhmiúcháin arb é a bheidh ann comhaltaí tofa, a léiríonn gach ceann de na trí ghné de thriantán an eolais, agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe. Tabharfaidh sé cúnamh don Bhord Rialaithe a chúraimí a chomhlíonadh agus ullmhóidh sé cruinnithe an Bhoird Rialaithe i gcomhar leis an Stiúrthóir;

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) Stiúrthóir, arna cheapadh ag an mBord Rialaithe, a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar EIT agus is é a bheidh freagrach as a chuid oibríochtaí agus as é a bhainistiú ó lá go lá. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt EIT agus maidir le gach gníomhaíocht a thagann faoina chúram;

(c) Stiúrthóir, arna cheapadh ag an mBord Rialaithe, a bheidh ina ionadaí dlíthiúil ar EIT agus is é a bheidh freagrach as cur chun feidhme chinntí an Bhoird Rialaithe agus as a chuid oibríochtaí agus as é a bhainistiú ó lá go lá. Beidh an Stiúrthóir freagrach don Bhord Rialaithe agus tuairisceoidh sé dó ar bhonn leanúnach maidir le forbairt IENT agus maidir le gach gníomhaíocht a thagann faoina chúram, lena n-áirítear cur chun feidhme bhuiséad IENT. Tuairisceofar an Treoir do Pharlaimint na hEorpa ar bhonn rialta, ar a laghad tar éis gach próisis faireacháin agus meastóireachta;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Leagtar amach na forálacha mionsonraithe maidir le comhlachtaí EIT i Reachtanna EIT, atá i gceangal leis an Rialachán seo.

2. Leagtar amach na forálacha mionsonraithe maidir le comhlachtaí agus rialachas an EIT i Reachtanna an EIT, atá i gceangal leis an Rialachán seo.

Leasú  58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Chun an cuspóir sin a bhaint amach, déanfaidh EIT an méid seo a leanas go háirithe :

Chun na cuspóirí sin a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach, déanfaidh EIT an méid seo a leanas go háirithe:

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) sainaithneoidh sé a phríomhthosaíochtaí agus a phríomhghníomhaíochtaí i gcomhréir le COSN;

(a) sainaithneoidh sé a ghníomhaíochtaí i gcomhréir leis na príomhthosaíochtaí a leagtar amach in COSN;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  60

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe a a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) tíolacfaidh sé clár dhá bhliain um fhreagairt ar ghéarchéimeanna i gcomhar leis na PENanna;

Leasú  61

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) músclóidh sé feasacht i measc eagraíochtaí a d’fhéadfadh a bheith ina gcomhpháirtithe agus spreagfaidh sé iad le bheith páirteach ina chuid gníomhaíochtaí;

(b) áiritheoidh sé oscailteacht d’eagraíochtaí a d‘fhéadfadh a bheith ina gcomhpháirtithe agus feasacht a mhúscailt i measc na n-eagraíochtaí sin, spreagfaidh sé iad le bheith páirteach ina chuid gníomhaíochtaí go háirithe i measc FBManna agus ionaid barr feabhais atá ag teacht chun cinn i dtíortha agus i réigiúin atá incháilithe do ghníomhaíochtaí SNR;

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) roghnóidh agus ainmneoidh sé PENanna sna réimsí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 agus sainmhíneoidh sé a gcearta agus a n-oibleagáidí trí chreat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus chomhaontuithe deontais, cuirfidh sé an tacaíocht iomchuí ar fáil dóibh, cuirfidh sé bearta rialaithe cáilíochta iomchuí i bhfeidhm agus déanfaidh sé faireachán leanúnach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus déanfaidh sé meastóireacht orthu go tráthrialta;

(c) roghnóidh agus ainmneoidh sé PENanna sna réimsí tosaíochta i gcomhréir le hAirteagal 9 agus sainmhíneoidh sé a gcearta agus a n-oibleagáidí trí chreat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe deontais, cuirfidh sé na treoirlínte straitéiseacha agus tacaíocht iomchuí ar fáil dóibh, cuirfidh sé an rialú cáilíochta leordhóthanach i bhfeidhm, déanfaidh sé dlúthfhaireachán orthu agus leagfaidh sé coinníollacha síos agus déanfaidh sé bearta iomchuí ceartaitheacha a ghlacadh i gcás ina dtarlaíonn tearcfheidhmíocht bunaithe ar thoradh na measúnuithe i gcomhréir le hAirteagal 11 agus déanfaidh sé faireachán leanúnach ar a gcuid gníomhaíochtaí agus ar a gcéimeanna chun inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach agus déanfaidh sé meastóireacht leanúnach orthu ar bhonn tráthrialta;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  63

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) Stiúróidh sé cur chun feidhme SNR trí mhodhanna a chur ar fáil chun Moil Nuálaíochta EIT a bhunú i mBallstáit SNR EIT;

Leasú  64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe f

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) cuirfidh sé scaipeadh na gcleachtas is fearr chun cinn chun triantán an eolais a lánpháirtiú, lena n-áirítear i measc PENanna, d'fhonn comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, agus spreagfaidh sé rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear in SNR;

(f) cuirfidh sé scaipeadh na gcleachtas is fearr chun cinn chun triantán an eolais a lánpháirtiú, lena n-áirítear i measc PENanna agus ar fud an Aontais, d'fhonn comhchultúr aistrithe nuálaíochta agus eolais a fhorbairt, agus spreagfaidh sé rannpháirtíocht agus oscailteacht do chomhaltaí nua i ngníomhaíochtaí for-rochtana, lena n-áirítear in SNR;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  65

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe f a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fa) déanfaidh sé líonra oifigeach idirchaidrimh tíortha de chuid EIT a bhunú, mar chuid de Phointí Teagmhála Náisiúnta don chlár Fís Eorpach chun aistriú frithpháirteach eolais, comhairle agus dea-chleachtais a spreagadh i gcomhréir le feidhm EIT;

Leasú  66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe f b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fb) déanfaidh sé scaipeadh, cumarsáid agus saothrú forleathan na dtorthaí agus na ndeiseanna a eascraíonn as Comhphobal EIT a chur chun cinn, lena n-áirítear trí líonra oifigeach idirchaidrimh tíortha de chuid EIT, chun feasacht, infheictheacht agus eolas ar EIT a mhéadú ar fud an Aontais, chomh maith le rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí Comhphobail EIT a spreagadh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  67

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe f c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(fc) tacóidh sé leis na PENanna agus straitéis éifeachtach i leith inbhuanaitheacht airgeadais á forbairt chun cistí a shlógadh ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha eile;

Leasú  68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe h

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) cuirfidh sé cineálacha cur chuige ildisciplíneacha maidir le nuálaíocht chun cinn, lena n-áirítear réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha, cineálacha cur chuige eagraíochta agus múnlaí nua gnó a lánpháirtiú;

(h) cuirfidh sé cineálacha cur chuige ildisciplíneacha maidir le nuálaíocht chun cinn, ar fud na n-earnálacha, eadhon trí réitigh theicneolaíocha, shóisialta agus neamhtheicneolaíocha, inbhuanaitheacht agus neodracht aeráide trí dhearadh, cineálacha cur chuige eagraíochta, éiteas fiontraíochta agus múnlaí nua gnó a lánpháirtiú;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) áiritheoidh sé go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht ann idir gníomhaíochtaí EIT agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí;

(i) áiritheoidh sé go mbeidh comhlántacht agus sineirgíocht ann idir gníomhaíochtaí EIT agus cláir eile de chuid an Aontais, i gcás inarb iomchuí dá dtagraítear sa chlár Fís Eorpach;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  70

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia) déanfaidh sé samhlacha nuálacha maidir le Cearta Maoine Intleachtúla a fhorbairt agus a chur ar fáil lena gcuirfear aistriú eolais agus scaipeadh eolais chun cinn, i gcomhthéacs na PENanna agus ar bhealach níos forleithne ar fud an Aontais araon;

Leasú  71

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe i b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ib) déanfaidh sé an tacaíocht agus na sineirgí is gá le PENanna a chur ar fáil chun réitigh nuálacha a fhorbairt;

Leasú  72

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe i c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ic) áiritheoidh sé gur féidir le PENanna oibriú leis an tsolúbthacht is gá chun a n-oibríochtaí a oiriúnú do na héilimh mhéadaitheacha a eascraíonn as géarchéim COVID-19 agus chun cabhrú leis an bPlean Téarnaimh Eorpach;

Leasú  73

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) eagróidh sé cruinnithe rialta de chuid Fhóram na nGeallsealbhóirí le heolas a chur in iúl maidir le gníomhaíochtaí EIT, a thaithí, a chleachtais is fearr agus a rannchuidiú le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais agus chun a cheadú do gheallsealbhóirí a ndearcthaí a chur in iúl.;

(j) eagróidh sé cruinnithe rialta, ar a laghad uair sa bhliain, de chuid Fhóram na nGeallsealbhóirí chun gníomhaíochtaí EIT a roinnt agus a phlé, taithí agus dea-cleachtais a mhalartú agus rannchuidiú le beartais agus cuspóirí an Aontais i leith nuálaíochta, taighde agus oideachais agus chun a cheadú do gheallsealbhóirí a ndearcthaí a chur in iúl;

Leasú  74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe k

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k) cruinnithe de chuid Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát a eagrú dhá bhliain ar a laghad sa bhliain, agus iad neamhspleách ar chruinnithe d'Fhóram na nGeallsealbhóirí, chun cumarsáid iomchuí agus sreabhadh faisnéise le EIT a áirithiú, agus chun go gcuirfear ar an eolas iad maidir lena bhfuil bainte amach, chun comhairle a chur ar fáil do EIT agus do PENanna, agus chun eispéiris a roinnt leo. Déanfaidh Grúpa d'Ionadaithe na mBallstát a áirithiú go mbeidh sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí EIT agus gníomhaíochtaí PEN agus na cláir náisiúnta agus na tionscnaimh náisiúnta, lena n-áirítear an cómhaoiniú náisiúnta a d'fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí PEN;

(k) cruinnithe de chuid Ghrúpa Ionadaithe na mBallstát a eagrú go neamhspleách ar chruinnithe d'Fhóram na nGeallsealbhóirí, dá dtagrítear i bpointe (j) chun cumarsáid iomchuí agus sreabhadh faisnéise le EIT a áirithiú, agus chun go gcuirfear ar an eolas iad maidir lena bhfuil bainte amach, chun comhairle a chur ar fáil do EIT agus do PENanna, agus chun eispéiris a roinnt leo.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe k a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ka) éascóidh sé bunú saoráidí seirbhísí comhroinnte Chomhphobal EIT, a bheidh coiteann do na PENanna go léir, arb é is aidhm dóibh láimhseáil chomhpháirteach a dhéanamh ina leith;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  76

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe k b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(kb) spreagfaidh sé, le himeacht ama, líonrú Mhoil Nuálaíochta IENT éagsúla sna Ballstáit uile, chun comhar idir Comhphobal IENT agus na héiceachórais nuálaíochta áitiúla a éascú;

Leasú  77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe l

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(l) dearfaidh sé agus comhordóidh sé gníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag PENanna chun cumas fiontraíochta agus nuálaíochta institiúidí ardoideachais a fhorbairt agus chun iad a lánpháirtiú in éiceachórais nuálaíochta.

(l) dearfaidh sé agus comhordóidh sé agus déanfaidh sé faireachán ar chur chun feidhme na ngníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag PENanna ar mhaithe le cumas fiontraíochta agus nuálaíochta IAOnna, institiúidí oiliúna gairmiúla, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus a gcomhtháthú in éiceachórais nuálaíochta, ar fud an Aontais agus i gcomhréir le cur chuige thriantán an eolais;

Leasú  78

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 –mír 1 – pointe l a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(la) ceapfaidh sé agus seolfaidh sé tionscnamh ardoideachais, i gcomhar leis an gCoimisiún agus bunaithe ar ionchur ó PENanna, chun tacú le forbairt cumais nuálaíochta agus fiontraíochta sa triantáin eolais, a chuirfear chun feidhme ag agus trí na PENanna;

Leasú  79

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(lb) leathnóidh sé an raon feidhme agus neartóidh sé an t-aitheantas agus an infheictheacht a thugtar lasmuigh de Chomhphobal IENT do na céimeanna agus do na dioplómaí a bhronnann IAOnna rannpháirteacha agus ar a dtugtar céimeanna agus dioplómaí IENT mar theideal orthu agus déanfaidh sé iad a shíneadh chuig meantóireacht i dtaobh foghlaim ar feadh an tsaoil, oiliúint ghairmiúil, cláir scilithe agus uas-scilithe agus cur chuige inscnebhunaithe á áirithiú, agus ar féidir iad a bhronnadh in institiúidí oiliúna deimhnithe agus cáilithe;

Leasú  80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 – pointe 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(lc) déanfaidh sé infheictheacht agus aitheantas na ngníomhaíochtaí arna gcistiú ag IENT a neartú don phobal i gcoitinne agus branda IENT a neartú agus a leathnú chun feabhas a chur ar infheictheacht agus aitheantas chláir oideachais IENT atá bunaithe ar chomhpháirtíochtaí idir IAOnna éagsúla, chomh maith le hionaid agus cuideachtaí taighde, agus feabhas á chur ar a cháilíocht ina hiomláine san am céanna trí churaclaim de chineál ‘foghlaim trí ghníomhú’ agus trí fhiontraíocht chórasach mar aon le soghluaisteacht idirnáisiúnta, idir eagraíochtaí agus idir earnálacha;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  81

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tabharfaidh an Coimisiún cúnamh do IENT agus dá PENanna chun sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais a shainaithint.

Leasú  82

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh Grúpa Ionadaithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6(k) de mhír 1 comhdhéanta d’ionadaí amháin ó gach Ballstát agus ionadaí amháin ó gach tír chomhlachaithe.

Leasú  83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tabharfaidh sé comhairle don Bhord Rialaithe agus do Stiúrthóir IEBT maidir le saincheisteanna a bhfuil tábhacht straitéiseach ag baint leo. Áiritheoidh sé go mbeidh sineirgí agus comhlántachtaí iomchuí idir gníomhaíochtaí IENT agus gníomhaíochtaí PEN agus na cláir náisiúnta agus na tionscnaimh náisiúnta, lena n-áirítear an cómhaoiniú náisiúnta a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le gníomhaíochtaí PEN;

Leasú  84

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí nuálaíochta lena mbaineann breisluach Eorpach, , lena n-áirítear an tacaíocht chun gnólachtaí nuálacha a chruthú agus a fhorbairt, a dhéanann lánpháirtiú iomlán ar na diminsin ardoideachais agus taighde chun mais chriticiúil a fháil, agus a spreagfaidh scaipeadh agus saothrú torthaí;

(a) gníomhaíochtaí agus infheistíochtaí nuálaíochta lena mbaineann breisluach Aontais, lena n-áirítear éascú a dhéanamh ar ghnólachtaí nuálacha agus nuathionscanta a chruthú agus a fhorbairt, agus tacú leis sin, lena ndéantar lánpháirtiú iomlán ar na diminsin ardoideachais agus taighde chun mais chriticiúil a fháil, agus lena ndéantar scaipeadh agus saothrú torthaí a spreagadh;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  85

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) turgnamh, fréamhshamhlú agus taisealbhadh nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí taighde de chuid an Aontais agus náisiúnta, agus a d'fhéadfadh iomaíochas an Aontais a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réitigh ar na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu a fháil;

(b) taighde, turgnamh, fréamhshamhlú agus taisealbhadh nuálaíocht-tiomáinte i réimsí ríthábhachtacha ó thaobh an gheilleagair agus na sochaí de, a tharraingíonn ar thorthaí taighde de chuid an Aontais agus náisiúnta, agus a d'fhéadfadh iomaíochas an Aontais a neartú ar an leibhéal idirnáisiúnta agus réitigh ar na mórdhúshláin a gcaithfidh sochaí na hEorpa aghaidh a thabhairt orthu a fháil, lena n-áirítear dúshláin sláinte agus dhigiteacha;

Leasú  86

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna go háirithe ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, chomh maith le cúrsaí oiliúna gairmiúla, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a dhéanann bonn sárchumais an Aontais a leathnú amach, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn, agus comhroinnt eolais, meantóireacht agus líonrú i measc faighteoirí céimeanna agus oiliúna a bhfuil lipéad IENT ag gabháil leo a chothú;

(c) gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna go háirithe ar leibhéal máistreachta agus dochtúireachta, chomh maith le cúrsaí oiliúna gairmiúla, i ndisciplíní a bhfuil sé de chumas iontu riachtanais shocheacnamaíocha agus shochéiceolaíocha na hEorpa sa todhchaí a shásamh, agus a dhéanann bonn sárchumais an Aontais a leathnú amach, agus a chothaíonn forbairt scileanna a bhaineann le nuálaíocht, feabhsú scileanna bainistíochta agus fiontraíochta agus soghluaisteacht taighdeoirí agus mac léinn, agus comhroinnt eolais, meantóireacht agus líonrú i measc faighteoirí gníomhaíochtaí oideachais agus oiliúna a bhfuil lipéad IENT ag gabháil leo a chothú;

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe c a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ca) gníomhaíochtaí lena dtacaítear le IAOnna chun iad féin a chomhtháthú ar bhonn níos fearr i slabhraí luacha agus in éiceachórais nuálaíochta agus iad a thabhairt le chéile chun bheith ag obair le príomhghníomhaithe nuálaíochta ó thriantán an eolais agus ar an gcaoi sin a gcumas straitéiseach forbartha a fheabhsú;

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) gníomhaíochtaí for-rochtana agus scaipeadh na gcleachtas is fearr in earnáil na nuálaíochta agus béim ar fhorbairt an chomhair idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais;

(d) gníomhaíochtaí for-rochtana agus scaipeadh na gcleachtas is fearr i réimse na nuálaíochta agus béim ar fhorbairt an chomhair agus ar lúba foghlama idirdhisciplíneacha  idir earnálacha an ardoideachais, an taighde agus eagraíochtaí san earnáil phoiblí agus eagraíochtaí sa tríú earnáil chomh maith le earnáil an ghnó, lena n-áirítear na hearnálacha seirbhíse agus airgeadais;

Leasú  89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) gníomhaíochtaí SNR, atá lán-chomhtháite i straitéis ilbhliantúil PEN chun an cumas nuálaíochta a neartú agus chun éiceachórais nuálaíochta inbhuanaithe a fhorbairt ar fud an Aontais d’fhonn éagothromaíochtaí i bhfeidhmíocht na nuálaíochta a laghdú agus d’fhonn iad a roinnt ar fud an Aontais agus d’fhonn rannpháirtíocht níos cothromaithe ar bhonn geografach a áirithiú i gComhphobal IENT ar fud an Aontais;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  90

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) sineirgí agus comhlántachtaí a lorg idir gníomhaíochtaí PEN agus cláir Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana, i gcás inarb iomchuí.

(e) sineirgí agus comhlántachtaí a lorg idir gníomhaíochtaí PEN agus cláir Eorpacha, náisiúnta agus réigiúnacha atá ann cheana, go háirithe CNE, Misin agus Chomhpháirtíochta Eorpacha eile, chomh maith le hollscoileanna, IAOnna agus Ionaid Taighde, i gcás inarb iomchuí;

Leasú  91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) cistí a shlógadh ó fhoinsí poiblí agus príobháideacha agus as an ioncam a ghintear lena ngníomhaíochtaí féin, i gcomhréir le hAirteagal 17, agus é mar aidhm cion dá mbuiséad a mhéadú;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  92

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe e b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(eb) stór a bhunú lena leagfar amach an gaol idir aireagáin agus paitinní atá i seilbh na bPENanna agus sainaithint úinéirí na n-aireagán sin.

Leasú  93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Gan dochar do na creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus do chomhaontuithe deontais idir IENT agus PENanna, Beidh uathriail shubstaintiúil fhoriomlán ag PENanna chun a n-eagraíocht inmheánach agus a gcomhdhéanamh a shainiú, mar aon lena gcláir oibre bheachta agus lena modhanna oibre beachta. Déanfaidh PENanna, go háirithe, an méid seo a leanas:

2. Gan dochar do na creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus do na comhaontuithe deontais ilbhliantúla idir IENT agus PENanna, beidh uathriail shubstaintiúil fhoriomlán ag PENanna chun a n-eagrúchán inmheánach agus a gcomhdhéanamh inmheánach a shainiú, chomh maith lena gclár oibre agus a modhanna oibre ar choinníoll, mar thoradh ar an gclár oibre agus ar na modhanna sin, go ndéanfar dul chun cinn i dtreo chuspóirí IENT agus PENanna a bhaint amach. Déanfaidh PENanna, go háirithe, an méid seo a leanas:

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) socruithe rialachais inmheánacha a bhunú a thugann léargas ar an triantán eolais arb éard atá ann an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht;

(a) socruithe rialachais inmheánacha trédhearcacha a bhunú a thugann léargas ar an triantán eolais arb éard atá ann an t-ardoideachas, an taighde agus an nuálaíocht;

Leasú  95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) a áirithiú go bhfuil siad oscailte do chomhaltaí nua i gcás inar luach breise don chomhpháirtíocht iad na comhaltaí seo;

(b) a áirithiú go bhfuil siad oscailte don réimse is leithne is féidir de chomhaltaí nua,  i gcás inar luach breise don chomhpháirtíocht iad, ar fud an Aontais go léir, lena n-áirítear trí chritéir iontrála agus imeachta atá soiléir agus trédhearcach agus trí ghlaonna oscailte;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) feidhmiú ar bhealach oscailte agus trédhearcach, i gcomhréir lena rialacha inmheánacha;

(c) rialacha inmheánacha a bhunú lena n-áiritheofar feidhmiú na bPENanna ar bhealach oscailte agus trédhearcach i gcomhréir le cóid an dea-rialachais a leagfar síos sna rialacha inmheánacha sin;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  97

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe d a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(da) plean straitéiseach dhá bhliain a fhorbairt, mar chuid dá bplean gnó ilbhliantúil, ina sonrófar na tionscnaimh atá beartaithe chun éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 a mhaolú, agus aird ar leith á tabhairt ar ghníomhaíochtaí arb é is aidhm dóibh athléimneacht na micrifhiontar, FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta a mhéadú, ach freisin na mac léinn, na dtaighdeoirí agus na bhfostaithe;

Leasú  98

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe d b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(db) i sineirgíocht le sraitheanna nuálaíochta eile de chuid an Aontais agus le hinstitiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí eile an Aontais agus chun freagairt don phlean téarnaimh Eorpach, glaonna tiomnaithe a fhoilsiú, tionscnaimh a chur chun cinn ina gcuid comhpháirtíochtaí, éiceachóras agus pobal, tionscadail aonair agus idir PENanna a fhorbairt chun tacú le hathstruchtúrú inbhuanaithe gnó, agus FBManna, gnólachtaí nuathionscanta agus geallsealbhóirí eile a bhfuil tacaíocht ag teastáil uathu a shainaithint, mar shampla rochtain níos fearr ar mhaoiniú;

Leasú  99

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 2 – pointe d c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(dc) tionscnaimh a mholadh arb é is aidhm dóibh tacú lena n-éiceachóras bunaithe ar thriantán an eolais, agus a bheith solúbtha go leor ag an am céanna chun bearta a chruthú a bheidh oiriúnach don fheidhm dá gcomhpháirtithe agus dá dtairbhithe agus sa bhreis ar na pobail atá acu cheana féin;

Leasú  100

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) straitéisí le haghaidh inbhuanaitheacht airgeadais a bhunú agus a chur chun feidhme.

(e) straitéisí a bhunú agus a chur chun feidhme chun inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach;

Leasú  101

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 2 – pointe e a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ea) gníomhaíochtaí for-rochtana a fhorbairt, go háirithe le hinstitiúidí agus ionaid barr feabhais atá ag teacht chun cinn i réigiúin an Aontais nach ndéanann chomh maith céanna le cinn eile:

Leasú  102

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Beidh an caidreamh idir IENT agus gach PEN bunaithe ar chreat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus ar chomhaontuithe deontais .

3. Beidh an caidreamh idir IENT agus gach PEN bunaithe ar chreat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus ar chomhaontuithe deontais ilbhliantúla agus ar straitéis dea-shainithe comhair fhadtéarmaigh.

Leasú  103

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3a. Nuair a bheidh tionscadail agus comhpháirtithe á roghnú, agus nuair a bheidh dianghá leis chun tograí de cháilíocht chomhionann a idirdhealú, tar éis measúnú a bheidh bunaithe ar chritéar an bharr feabhais, tabharfaidh PENanna tús áite do thograí a chomhlíonann ceann amháin nó níos mó de na critéir seo a leanas:

 

(a)  líon níos airde tíortha nó réigiún a chuimsiú a ghlacann páirt sa SNR;

 

(b)  líon níos airde réigiún nó tíortha nach bhfuil rannpháirteach fós i bpobal na bPENanna a chuimsiú;

 

(c)  rannpháirtíocht réigiún agus tíortha a gheallann go rannchuideoidh siad le cistí SIE.

 

(d)  rannpháirtíocht líon níos airde FBManna;

 

(e)  cothromaíocht inscne níos fearr a áirithiú.

Leasú  104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm ag na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh de chuid chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht. De mhaolú ar na rialacha sin:

Beidh feidhm ag rialacha maidir le rannpháirtíocht agus scaipeadh an chláir Fís Eorpach. De mhaolú ar na rialacha sin:

Leasú  105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha sonracha i dtaca le húinéireacht, le cearta rochtana, le saothrú agus le leathadh maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PEM.

(b) féadfaidh feidhm a bheith ag rialacha sonracha i dtaca le húinéireacht, le cearta rochtana, le saothrú agus le leathadh maidir le gníomhaíochtaí breisluacha PEN, i gcás inarb iomchuí.

Leasú  106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Roghnóidh agus ainmneoidh IENT comhpháirtíocht le bheith ina PEN de réir nós imeachta iomaíoch, oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Beidh feidhm ag na critéir de chuid chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht chun comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú. Féadfaidh Bord Rialaithe IENT na critéir sin a shonrú a thuilleadh, trí chritéir chun PENanna a roghnú a ghlacadh agus a fhoilsiú , bunaithe ar phrionsabail an fheabhais agus ábharthacht na nuálaíochta.

1. Roghnóidh agus ainmneoidh IENT comhpháirtíocht le bheith ina PEN de réir nós imeachta iomaíoch, oscailte agus trédhearcach a bheith ann. Beidh feidhm ag coinníollacha agus critéir is infheidhme de chuid an chláir Fís Eorpach, chomh maith le comhpháirtíochtaí Eorpacha a roghnú. Déanfaidh Bord Rialaithe IENT na critéir sin a shonrú a thuilleadh, trí chritéir maidir le roghnú PENanna a ghlacadh agus a fhoilsiú, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais, cothromaíocht ar bhonn geografach agus ábharthacht na nuálaíochta maidir le dúshláin shochaíocha agus tosaíochtaí beartais an Aontais a sholáthar.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  107

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Seolfaidh IENT roghnú agus ainmniú PENanna de réir na réimsí tosaíochta agus an sceidil ama a shainítear in COSN.

2. Seolfaidh IENT roghnú agus ainmniú PENanna de réir na réimsí tosaíochta agus an sceidil ama a shainítear in COSN, agus aird á tabhairt ar na tosaíochtaí mar a shainítear iad i bpleanáil straitéiseach an chláir Fís Eorpach.

Leasú  108

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. An t-íoschoinníoll a chuirtear le PEN a bhunú go mbeidh ar a laghad trí eagraíocht chomhpháirtíochta neamhspleácha rannpháirteach ann, a bheidh bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad.

3. Is iad na coinníollacha íosta chun PEN a bhunú rannpháirtíocht trí eagraíocht comhpháirtíochta neamhspleácha ar a laghad, ina bhfuil ar a laghad institiúid ardoideachais amháin, institiúid taighde amháin agus gnóthas príobháideach amháin agus a bheidh bunaithe i dtrí Bhallstát éagsúla ar a laghad.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  109

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. I dteannta an choinníll a leagtar amach i mír 3, beidh dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunaíonn PEN bunaithe sna Ballstáit. Beidh institiúid ardoideachais amháin , eagraíocht taighde amháin agus cuideachta phríobháideach amháin ar a laghad ina gcuid de gach PEN.

4. I dteannta an choinníll a leagtar amach i mír 3, beidh dhá thrian ar a laghad de na heagraíochtaí comhpháirtíochta a bhunaíonn PEN bunaithe sna Ballstáit. Déanfar cumhdach geografach cothrom, lena n-áirítear rannpháirtíocht SNR agus rannpháirtíocht comhpháirtithe nua, a chur san áireamh sa nós imeachta roghnúcháin agus ainmniúcháin.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  110

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, glacfaidh agus foilseoidh IENT iad sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna nua. Déanfar Grúpa Ionadaithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6(k) a chur ar an eolas go pras fúthu.

5. Maidir leis na critéir agus na nósanna imeachta chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, glacfaidh agus foilseoidh IENT iad sula seolfar an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna nua. Déanfar Grúpa Ionadaithe na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6(2), líonra pointí fócasacha IENT de réir tíre agus Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go pras fúthu.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú 111

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 10 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfaidh IENT ar bhonn príomhtháscairí a leagtar amach, inter alia, i gclár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht agus in COSN, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar gach PEN a eagrú. Tabharfar tuarascáil maidir le torthaí faireacháin agus meastóireachtaí den sórt sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfar iad a phoibliú.

Déanfaidh IENT, ar bhonn na dtáscairí a leagtar amach, inter alia, sa chlár Fís Eorpach agus in COSN, agus i ndlúthchomhar leis an gCoimisiún, faireachán leanúnach agus meastóireachtaí seachtracha tráthrialta ar aschur, ar thorthaí agus ar thionchar agus céimeanna a thógtar i dtreo bhaint amach inbhuanaitheacht airgeadais gach PEN a eagrú. Tabharfar tuarascáil maidir le torthaí faireacháin agus meastóireachtaí den sórt sin do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle agus déanfar iad a phoibliú.

Leasú  112

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Faoi réir an toraidh a bheidh ar athbhreithniú meántéarma roimh dhul in éag na tréimhse tosaigh seacht mbliana, féadfaidh an Bord Rialaithe cinneadh a dhéanamh fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PEN ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse tosaigh ar feadh tréimhse eile nach faide ná seacht mbliana nó deireadh a chur le ranníocaíocht airgeadais IENT agus gan fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta. Cuirfidh an Bord Rialaithe san áireamh go háirithe leibhéal na hinbhuanaitheachta airgeadais arna bhaint amach ag PEN, a chumas a áirithiú go bhfuil sé oscailte do chomhaltaí nua chomh maith le teorainneacha ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20 agus ábharthacht maidir le cuspóirí IENT.

2. Faoi réir toradh dearfach a bheith ar athbhreithniú cuimsitheach meántéarma arna dhéanamh ag saineolaithe neamhspleácha seachtracha a bheidh le cur i gcrích faoi dheireadh an cheathrú bliain den chéad tréimhse seacht mbliana, féadfaidh an Bord Rialaithe a chinneadh an creat-chomhaontú comhpháirtíochta a choimeád le PEN go dtí deireadh na tréimhse tosaigh nó scor de ranníocaíocht airgeadais an IENT. Cuirfidh an Bord Rialaithe san áireamh go háirithe a ábhartha atá sé maidir le dúshláin dhomhanda agus shochaíocha an Aontais, critéir an chláir Fís Eorpach maidir le cur chun feidhme, faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na Comhpháirtíochtaí Eorpacha, baint amach na spriocanna arna leagan síos ag an PEN féin, iarrachtaí comhordaithe an PEN le tionscnaimh ábhartha eile taighde agus nuálaíochta, leibhéal na hinbhuanaitheachta airgeadais a bhaintear amach le PEN, a chumas chun oscailteacht do chomhaltaí nua agus a rath maidir le comhpháirtithe nua a mhealladh, trédhearcacht a rialachais agus a chumas chun éiceachórais inbhuanaithe nuálaíochta a fhorbairt a chumhdach geografach agus a chothromaíocht inscne chomh maith le teorainneacha ranníocaíocht an Aontais dá dtagraítear in Airteagal 20 agus a ábhartha atá sé maidir le cuspóirí IENT.

 

Cuirfidh an Bord Rialaithe na hathbhreithnithe meántéarma sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle agus poibleoidh sé iad.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  113

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Ag deireadh na chéad tréimhse seacht mbliana, féadfaidh an Bord Rialaithe a chinneadh fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta ar feadh tréimhse seacht mbliana eile. Beidh an cinneadh sin bunaithe ar na critéir a leagtar amach i mír 2 agus ar an meastóireacht deiridh ar fheidhmíocht an PEN a dhéanfar roimh dheireadh na tréimhse tosaigh seacht mbliana.

Rachaidh IENT i gcomhairle le Parlaimint na hEorpa sula gcuirfidh sé síneadh leis an tréimhse tosaigh seacht mbliana.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  114

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. I gcás síneadh a chur leis an gcomhaontú seacht mbliana, beidh PEN faoi réir athbhreithniú nua lárthéarma faoi dheireadh an cheathrú bliain den dara tréimhse seacht mbliana, bunaithe ar na critéir chéanna agus ar an modheolaíocht chéanna.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  115

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach nó a bhfuil easpa breisluach Eorpach orthu , glacfaidh an Bord Rialaithe bearta iomchuí, lena n-áirítear ranníocaíocht IENT a laghdú nó deireadh a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta.

3. I gcás ina n-aimseoidh meastóireachtaí ar PEN torthaí nach bhfuil leordhóthanach nó a bhfuil easpa breisluach Eorpach orthu , glacfaidh an Bord Rialaithe bearta ceartaitheacha iomchuí, lena n-áirítear ranníocaíocht IENT a laghdú nó deireadh a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  116

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 11 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Faoi réir an toraidh a bheidh ar athbhreithniú deiridh a dhéanfar sula rachaidh an ceathrú bliain déag den chreat-chomhaontú comhpháirtíochta in éag, féadfaidh IENT meamram comhair a thabhairt i gcrích le PEN.

4. Faoi réir an toraidh a bheidh ar athbhreithniú deiridh a dhéanfar sula rachaidh an ceathrú bliain déag den chreat-chomhaontú comhpháirtíochta in éag, féadfaidh an Bord Rialaithe, faoi choinníollacha dochta, tar éis do shaineolaithe neamhspleácha meastóireacht chríochnúil a dhéanamh, a chinneadh síneadh a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PEN. Beidh an creat-chomhaontú comhpháirtíochta sínithe sin faoi réir an méid seo a leanas:

 

(a) meastóireacht dhearfach dhomhain ar an PEN a dhéanfaidh na saineolaithe seachtracha agus an Bord Rialaithe, agus na critéir mheasúnaithe a leagtar amach i mír 2 á gcur san áireamh;

 

(b) plean mionsonraithe PEN ina leagtar amach na cúiseanna ar cheart síneadh a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta;

 

(c) teorainn ama, raon feidhme agus buiséad lena gcuimseofar ardoideachas, oiliúint agus gníomhaíochtaí a ndéantar struchtúr cothrománach orthu de chuid an PEN, ar teorainn í nach féidir fós a bheith inbhuanaithe ó thaobh airgeadais de, ach atá ríthábhachtach i gcónaí chun a chúraimí, a ghníomhaíochtaí agus a inniúlachtaí a chomhlíonadh maidir le freagairt do dhúshláin shochaíocha.

 

Tabharfar tuairisc mhionsonraithe ar na gníomhaíochtaí sin. Cuirfidh an Bord Rialaithe an tuairisc sin faoi bhráid an Bhoird Rialaithe chun meastóireacht a dhéanamh orthu.

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

Leasú  117

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Bronnfaidh institiúidí ardoideachais rannpháirteacha céimeanna agus dioplómaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le nósanna imeachta náisiúnta creidiúnaithe. Forálfaidh creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe deontais idir IENT agus na PENanna gur féidir céimeanna agus dioplómaí IENT a thabhairt mar theideal ar na céimeanna agus na dioplómaí sin chomh maith.

1. Bronnfaidh IAOnna agus institiúidí oiliúna deimhnithe rannpháirteacha céimeanna agus dioplómaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí ardoideachais dá dtagraítear i bpointe (c) d’Airteagal 7(1) i gcomhréir le rialacha náisiúnta agus le nósanna imeachta náisiúnta creidiúnaithe. Forálfaidh creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta agus comhaontuithe deontais idir IENT agus na PENanna go ndéanfar céimeanna agus dioplómaí IENT a thabhairt mar theideal ar na céimeanna agus na dioplómaí sin chomh maith.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  118

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Spreagfaidh IENT na hinstitiúidí ardoideachais rannpháirteacha chun:

2. Spreagfaidh IENT IAOnna agus institiúidí oiliúna deimhnithe rannpháirteacha chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  119

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) Lipéad IENT a chur chun cinn agus a phoibliú ina gcuid oiliúna agus dioplómaí;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  120

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) a bheith níos comhtháite i slabhraí nuálaíochta, agus straitéisí éagsúla á bhforbairt arb é is aidhm dóibh comhoibriú go héifeachtach le héiceachórais agus gnólachtaí nuálaíochta agus meon fiontraíochta a chur chun cinn;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  121

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 – pointe b c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bc) cláir a chruthú lena ndíreofar ar fhoghlaim ar feadh an tsaoil agus ar dheimhniú;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Tabharfar aird ar leith ar chothromaíocht inscne agus ar chineálacha cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de, go háirithe i réimsí amhail TFC, Eolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic, áit a bhfuil mná fós tearcionadaithe.

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Áiritheoidh IENT agus na PENanna go mbainfidh ardleibhéal trédhearcachta le reáchtáil a gcuid gníomhaíochtaí. Tionscnóidh IENT agus na PENanna , go háirithe, suíomh gréasáin inrochtana, saor in aisce a chuirfidh eolas ar fáil maidir lena gcuid gníomhaíochtaí.

1. Áiritheoidh IENT agus na PENanna go mbainfidh ardleibhéal trédhearcachta le reáchtáil a gcuid gníomhaíochtaí. Tionscnóidh IENT agus PENanna, go háirithe, suíomh gréasáin inrochtana, saor in aisce a chuirfidh eolas ar fáil maidir lena gcuid gníomhaíochtaí agus deiseanna a chuireann siad ar fáil, go háirithe glaonna oscailte.

Leasú  124

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1a. Cuirfidh IENT agus PENanna faisnéis mhionsonraithe ar fáil maidir le gach glao ar thograí a eiseoidh siad. Déanfar an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar bhealach tráthúil, inchuardaithe agus inrianaithe sna bunachair sonraí chomhchoiteanna ar líne ábhartha de chuid na dtionscadal taighde agus nuálaíochta arna gcistiú ag an Aontas, i gcomhréir leis an Rialachán lena mbunaítear an clár Fís Eorpach.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  125

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1b. Faisnéis mhionsonraithe ar na próisis faireacháin agus meastóireachta dá dtagraítear in Airteagail 11 agus 18.

Leasú  126

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta chun na PENanna a mhaoiniú, cinnfear iad i gcomhréir leis na rátaí cómhaoiniúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus léireoidh siad straitéis PENanna um inbhuanaitheacht airgeadais.

6. Ranníocaíochtaí ó eagraíochtaí comhpháirtíochta agus ó fhoinsí poiblí eile ó thríú tíortha chomh maith le ranníocaíochtaí ó fhoinsí príobháideacha cistithe chun PENanna a mhaoiniú, cinnfear iad i gcomhréir leis na rátaí cómhaoiniúcháin dá dtagraítear i mír 4 den Airteagal seo agus léireoidh siad straitéis PENanna um inbhuanaitheacht airgeadais.

Leasú  127

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 17 – mír 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Bunóidh IENT sásra um leithdháileadh iomaíoch chun cion iomchuí dá ranníocaíocht a dheonú ar PENanna. Áireofar leis measúnú phleananna gnó agus fheidhmíocht na PENanna mar a thomhaistear iad trí fhaireachán leanúnach , agus go háirithe tríd an dul chun cinn a bheidh déanta acu inbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach .

7. Bunóidh an IENT sásra um leithdháileadh iomaíoch agus bunaithe ar fheidhmíocht chun cion iomchuí dá ranníocaíocht airgeadais a dheonú do PENanna. Áireofar ann measúnú ar phleananna gnó PENanna, a n-oscailteacht do chomhaltaí nua, a straitéisí scaipthe, a raon geografach agus feidhmíocht na bpleananna gnó sin mar a thomhaistear í le faireachán leanúnach, agus go háirithe an dul chun cinn a bheidh déanta acu maidir le hinbhuanaitheacht airgeadais a bhaint amach. Tabharfar aird ar leith ar ghníomhaíochtaí a cuireadh i bhfeidhm chun éifeachtaí ghéarchéim COVID-19 a mhaolú agus ar smaointe nuálacha a fhorbairt.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  128

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe b a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) meastóireacht ar na riachtanais foirne a eascraíonn as na cúraimí nua;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe b b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) gnéithe den chlár dhá bhliain um fhreagairt ar ghéarchéimeanna;

Leasú  130

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) táscairí iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí na PENanna agus IENT, agus úsáid á baint as cur chuige dírithe ar an toradh ;

(c) modhanna, uirlisí agus táscairí cáilíochtúla agus cainníochtúla iomchuí chun faireachán a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí IENT agus PEN lena n-úsáidtear cur chuige bunaithe ar thionchar agus ar fheidhmíocht;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  131

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Glacfaidh IENT tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta , ar tuarascáil í ina n-áireofar faisnéis chuimsitheach ar na gníomhaíochtaí a reáchtáil IENT agus PENanna i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus ar rannchuidiú IENT i dtaca le cuspóirí chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht, agus le beartais agus cuspóirí an Aontais maidir le nuálaíocht, taighde agus oideachas. Chomh maith leis sin déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, leis na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, le húsáid acmhainní agus le hoibriú ginearálta IENT. Áireofar leis an tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta chomhdhlúite faisnéis chuimsitheach eile i gcomhréir le rialacha airgeadais IENT.

2. Glacfaidh IENT tuarascáil bhliantúil chomhdhlúite gníomhaíochta , ar tuarascáil í ina n-áireofar faisnéis chuimsitheach ar na gníomhaíochtaí a reáchtáil IENT agus PENanna i gcaitheamh na bliana roimhe sin agus ar rannchuidiú IENT i dtaca le cuspóirí an chláir Fís Eorpach agus le beartais agus cuspóirí an Aontais maidir le nuálaíocht, taighde agus oideachas. Chomh maith leis sin déanfar na torthaí a mheasúnú inti maidir leis na cuspóirí, leis na táscairí agus leis an amchlár a socraíodh, leis na rioscaí a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a cuireadh i gcrích, lena n-áirítear a rannchuidiú leis an sprioc maidir leis an aeráid a phríomhshruthú faoin gclár Fís Eorpach arna miondealú de réir PEN, agus le hoibriú ginearálta IENT. Áireofar leis an tuarascáil bhliantúil gníomhaíochta chomhdhlúite faisnéis chuimsitheach eile i gcomhréir le rialacha airgeadais IENT.

Leasú  132

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 2 – fomhír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Gach bliain, tíolacfaidh Stiúrthóir IENT an tuarascáil bhliantúil ar ghníomhaíochtaí do choistí inniúla Pharlaimint na hEorpa.

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Forálfaidh an Coimisiún maidir le meastóireachtaí ar IENT le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha a roghnófar ar bhonn nós imeachta a bheidh trédhearcach i gcomhréir lena rialacha airgeadais . Leis na meastóireachtaí sin, scrúdófar an chaoi ina gcomhlíonann IENT a mhisean, cumhdóidh siad gníomhaíochtaí uile IENT agus na PENanna déanfaidh siad breisluach Eorpach IENT a mheasúnú, mar aon le tionchar, le héifeachtúlacht, le hinbhuaine, le héifeachtacht agus le hábharthacht na ngníomhaíochtaí ar tugadh fúthu agus a chomhleanúnaí agus/nó a chomhlántaí agus atá siad le beartais ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais , lena n-áirítear sineirgí le codanna eile de chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht . Cuirfidh siad tuairimí páirtithe leasmhara san áireamh, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon agus bainfear leas astu i meastóireachtaí an chláir de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear i gclár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht .

2. Forálfaidh an Coimisiún maidir le meastóireachtaí ar IENT le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha a roghnófar ar bhonn nós imeachta a bheidh trédhearcach i gcomhréir lena rialacha airgeadais . Leis na meastóireachtaí sin, scrúdófar an chaoi ina gcomhlíonann IENT a mhisean, cumhdóidh siad gníomhaíochtaí uile IENT agus na PENanna déanfaidh siad breisluach Eorpach IENT a mheasúnú, mar aon le tionchar, le héifeachtúlacht, le hinbhuanaitheacht, le héifeachtacht agus le hábharthacht na ngníomhaíochtaí ar tugadh fúthu agus a chomhleanúnaí agus/nó a chomhlántaí agus atá siad le beartais ábhartha náisiúnta agus de chuid an Aontais , lena n-áirítear sineirgí le codanna eile den chlár Fís Eorpach, go háirithe IENT, comhpháirtíochtaí eile agus misin. Sa mheastóireacht, déanfar measúnú freisin ar ghnéithe a bhaineann le tionchar SNR agus lena oscailteacht maidir le rannpháirtíocht comhpháirtithe nua. Cuirfidh siad tuairimí na ngeallsealbhóirí san áireamh, ar leibhéal na hEorpa agus ar an leibhéal náisiúnta araon, agus bainfear leas astu i meastóireachtaí clár de chuid an Choimisiúin dá bhforáiltear sa chlár Fís Eorpach.

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 19a

 

Athbhreithniú meántéarmach ar IENT

 

Beidh IENT faoi réir athbhreithnithe lár téarma chríochnúil ag an gCoimisiún, ar bhonn na meastóireachtaí tréimhsiúla dá dtagraítear in Airteagal 19. Déanfar é le cúnamh ó shaineolaithe neamhspleácha agus déanfar é tráth nach déanaí ná trí bliana tar éis thús na chéad tréimhse airgeadais eile. Déanfar measúnú san athbhreithniú meántéarma sin, inter alia, ar an méid seo a leanas:

 

(a)  torthaí agus tionchair an tionscnaimh oideachais agus an fhéidearthacht go leanfar leis;

 

(b)  éifeachtacht straitéisí inbhuanaitheachta airgeadais PENanna;

 

(c)  cur chun feidhme agus tionchar SNR;

 

(d)  a indéanta atá sé an comhar idir an IENT agus na comhlachtaí cur chun feidhme go léir faoi Cholún III den chlár Fís Eorpach a mhéadú tuilleadh chun scrúdú a dhéanamh an bhféadfadh IENT ról níos cothrománaí a imirt thar na colúin uile agus/nó ionad ilfhreastail a bhunú le haghaidh nuálaíochta ina mbeadh sraith gníomhaíochtaí comhlántacha éagsúla.

Leasú  135

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 – fomhír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Féadfar ranníocaíocht an Aontais a sholáthar trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais ó chlár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht agus trí bhíthin cláir eile de chuid an Aontais, gan dochar do na méideanna a chinnfear sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil faoi seach.

Déanfar ranníocaíocht an Aontais a sholáthar trí bhíthin ranníocaíocht airgeadais [4 %] de bhuiséad foriomlán an chláir Fís Eorpach lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht agus trí bhíthin cláir eile de chuid an Aontais, gan dochar do na méideanna a chinnfear sa Chreat Airgeadais Ilbhliantúil faoi seach. Féadfaidh IENT cistiú ó chláir eile an Aontais a fháil.

Leasú  136

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 24a

 

Forálacha idirthréimhseacha

 

Beidh comhaontuithe arna dtabhairt i gcrích ag IENT faoi rialú ag na rialacha is infheidhme tráth seolta an ghlao ar thograí faoi seach.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  137

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh 15 chomhalta ar an mBord Rialaithe, arna gceapadh ag an gCoimisiún, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Rialaithe . Féadfaidh an Coimisiún síneadh ama dhá bhliain a chur leis an téarma oifige sin ar thogra ón mBord Rialaithe .

Beidh 15 chomhalta ar an mBord Rialaithe, lena n-áirítear Comhalta IENT, arna gceapadh ag an gCoimisiún, lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas, ar an nuálaíocht agus ar thaighde. Ceithre bliana a bheidh i dtéarma oifige chomhaltaí an Bhoird Rialaithe . Féadfaidh an Coimisiún síneadh ama dhá bhliain a chur leis an téarma oifige sin ar thogra ón mBord Rialaithe .

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  138

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Nuair is gá, cuirfidh an Bord Rialaithe gearrliosta iarrthóirí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le comhalta nó comhaltaí nua a cheapadh. Roghnófar na hiarrthóirí gearrliostaithe ar bhonn toraidh nós imeachta thrédhearcaigh agus oscailte arna thionscnamh ag IENT .

scriosta

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ceapfaidh an Coimisiún comhaltaí an Bhoird Rialaithe ar bhealach trédhearcach agus beidh sé cruthaithe go bhfuil sárthaithí acu san ardoideachas, sa taighde, sa nuálaíocht agus sa ghnó. Déanfar an ceapachán seo tar éis glao oscailte ar léiriú spéise.

Leasú  140

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 1 – pointe 1 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Tabharfaidh an Coimisiún aird ar an gcothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar chothromaíocht inscne agus gheografach agus ar thuiscint ar an timpeallacht ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.

Áiritheoidh an Coimisiún chothromaíocht idir taithí ar an ardoideachas, ar thaighde, ar nuálaíocht agus ar ghnó agus ar an gcothromaíocht inscne agus gheografach chomh maith agus ar an tuiscint ar an timpeallacht ardoideachais, taighde agus nuálaíochta ar fud an Aontais.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  141

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Nuair is gá, cuirfidh an Bord Rialaithe gearrliosta iarrthóirí faoi bhráid an Choimisiúin maidir le comhalta nó comhaltaí nua a cheapadh. Roghnófar na hiarrthóirí gearrliostaithe ar bhonn toraidh nós imeachta thrédhearcaigh agus oscailte arna thionscnamh ag IENT.

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 1 – pointe 1 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Ceapfaidh an Coimisiún comhalta nua nó comhaltaí nua i gcomhréir leis an nós imeachta a leagtar síos i bhfomhíreanna 2 agus 3.

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Déanfaidh an Bord Rialaithe , agus é ag comhlíonadh a fhreagrachta chun gníomhaíochtaí IENT a stiúradh, na cinntí straitéiseacha , go háirithe:

1. Déanfaidh an Bord Rialaithe, agus é ag comhlíonadh a fhreagrachta chun gníomhaíochtaí IENT a stiúradh, na cinntí straitéiseacha. Déanfaidh sé go háirithe:

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe a

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(a) Rannchuidiú IENT le togra an Choimisiúin maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) IENT a ghlacadh ;

(a) rannchuidiú IENT le togra an Choimisiúin maidir le Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) IENT a ghlacadh, tar éis tuairim na bPENanna atá cheana ann a chur san áireamh;

Leasú  145

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) critéir agus nósanna imeachta a ghlacadh chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-airítear leithdháileadh uasta chistí IENT chucu ;

(c) critéir agus nósanna imeachta a ghlacadh chun gníomhaíochtaí PENanna a mhaoiniú, agus chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu, lena n-áirítear an leithdháileadh uasta chistí IENT orthu, agus na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 11 á gcur san áireamh, chomh maith le cinneadh a dhéanamh maidir le bearta ceartaitheacha iomchuí a ghlacfar i gcás ina mbeidh tearcfheidhmíocht i gceist i ndáil le cuspóirí na bPENanna;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  146

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe d

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) an nós imeachta roghnúcháin maidir le PENanna a ghlacadh;

(d) an nós imeachta roghnúcháin maidir le PENanna a ghlacadh agus an nós imeachta sin a chur in iúl go pras do Ghrúpa Ardleibhéil na mBallstát dá dtagraítear in Airteagal 6.2, do líonra pointí teagmhála IENT de réir tíre, mar aon le húdaráis náisiúnta agus réigiúnacha;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  147

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN nó ainmniúchán a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí;

(e) comhpháirtíocht a roghnú agus a ainmniú mar PEN, bunaithe ar phrionsabail an fheabhais, na hionadaíochta cothroime geografaí, an ráta athraithe foirne, agus na nuálaíochta, i gcomhréir leis an critéir a leagtar amach in Airteagal 9, nó an t-ainmniú a tharraingt siar i gcás inarb iomchuí;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  148

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe g

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) an Stiúrthóir a údarú chun fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PENanna ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a socraíodh i dtús báire;

(g) an Stiúrthóir a údarú chun fad a chur leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta le PENanna ar feadh tréimhse níos faide ná an tréimhse a socraíodh i dtús báire bunaithe ar thoradh dearfach ar na measúnuithe i gcomhréir le hAirteagail 10 agus 11;

Leasú  149

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) na bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-airítear ranníocaíocht airgeadais IENT le PENanna a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar nó deireadh a chur leis na creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta leo;

(j) bearta iomchuí a ghlacadh, lena n-áirítear ranníocaíocht airgeadais IENT le PENanna a laghdú, a mhodhnú nó a tharraingt siar i gcás tearcfheidhmíochta, nó deireadh a chur leis na creat-chomhaontuithe comhpháirtíochta leo bunaithe ar thoradh na measúnuithe i gcomhréir le hAirteagail 10, 11 agus 17;

Leasú  150

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe j a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ja) a bheith in ann, ar bhonn eisceachtúil (trí thromlach dhá thrian), iarraidh ar Chathaoirligh Bhord Maoirseachta PEN nó ar Phríomhoifigigh Feidhmiúcháin PEN éirí as i gcás faillí, tearcfheidhmíochta nó mí-iompar tromchúiseach agus moltaí neamhcheangailteacha a eisiúint, má mheastar gur gá sin, don PEN lena mbaineann leis an atheagrú inmheánach sin;

Leasú  151

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe l

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(l) cinneadh a dhéanamh maidir le dearadh agus comhordú gníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag PENanna chun cumas fiontraíochta agus nuálaíochta institiúidí ardoideachais agus a lánpháirtiú in éiceachórais nuálaíochta a chur chun cinn.

(l) cinneadh a dhéanamh maidir le dearadh agus comhordú gníomhaíochtaí tacaíochta arna ndéanamh ag PENanna chun cumas fiontraíochta agus nuálaíochta institiúidí ardoideachais agus institiúidí oiliúna deimhnithe agus a lánpháirtiú in éiceachórais nuálaíochta a chur chun cinn.

Leasú  152

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 1 – pointe l a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(la) cruthú sineirgí a chur chun cinn idir IENT agus PENanna agus Creatchláir an Aontais chomh maith le scéimeanna cistiúcháin náisiúnta agus réigiúnacha.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  153

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 2 – pointe 2 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí imeachta agus oibríochta is gá chun cúraimí agus gníomhaíochtaí IENT a chomhlíonadh, go háirithe:

2. Déanfaidh an Bord Rialaithe na cinntí imeachta agus oibríochta is gá chun cúraimí agus gníomhaíochtaí IENT a chomhlíonadh, go háirithe i dtaca leis an méid seo a leanas:

Leasú  154

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 2 – pointe c

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(c) nós imeachta a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin a roghnú;

(c) nós imeachta oscailte agus trédhearcach a ghlacadh chun an Coiste Feidhmiúcháin a roghnú;

Leasú  155

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 2 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh 259/68 ón gComhairle , maidir le foireann IENT agus a choinníollacha fostaíochta, go háirithe:

scriosta

(a) na bearta cur chun feidhme a ghlacadh le héifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

 

(b) na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus ag na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (‘Cumhachtaí an Údaráis Cheapacháin’) a fheidhmiú, i gcomhréir le pointe (c);

 

(c) cinneadh a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéanfar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir agus lena sonrófar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí. Beidh údarás ag an Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean.

 

(d) cinneadh a ghlacadh, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir.

 

__________________

 

35 IO L 56, 4.3, 1968, lch. 1.

 

Leasú  156

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 4 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Ceathrar comhaltaí a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an ceathrar comhaltaí eile seachas an Cathaoirleach as líon chomhaltaí an Bhoird Rialaithe , lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde . Dhá bhliain a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

2. Triúr comhaltaí ceaptha a bheidh ar an gCoiste Feidhmiúcháin agus Cathaoirleach an Bhoird Rialaithe a bheidh ina Chathaoirleach ar an gCoiste Feidhmiúcháin chomh maith. Roghnóidh an Bord Rialaithe an triúr comhaltaí eile seachas an Cathaoirleach as líon chomhaltaí an Bhoird Rialaithe , lena soláthrófar cothromaíocht idir iad siúd a bhfuil taithí acu ar ghnó, ar an ardoideachas agus ar thaighde . Dhá bhliain a mhairfidh téarma oifige chomhaltaí an Choiste Feidhmiúcháin agus féadfar an téarma oifige a athnuachan aon uair amháin.

Leasú  157

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 4 – pointe 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

10a. Déanfaidh an Bord Rialaithe cinntí i gcomhréir le Rialacháin Foirne Oifigigh agus Coinníollacha Fostaíochta Sheirbhísigh eile an Aontais Eorpaigh, arna leagan síos i Rialachán (CEE, Euratom, CEGC) Uimh 259/681a ón gComhairle maidir le foireann IENT agus a choinníollacha fostaíochta, go háirithe: Déanfaidh sé na nithe seo a leanas go háirithe:

 

(a)  na bearta cur chun feidhme a ghlacadh chun éifeacht a thabhairt do na Rialacháin Foirne agus do Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne;

 

(b)  na cumhachtaí arna dtabhairt ag na Rialacháin Foirne don Údarás Ceapacháin agus ag na Coinníollacha Fostaíochta don Údarás atá Cumhachtaithe chun Conradh Fostaíochta a Thabhairt chun Críche (‘Cumhachtaí an Údaráis Cheapacháin’) a fheidhmiú, i gcomhréir le pointe (c) den mhír seo;

 

(c)  i gcomhréir le hAirteagal 110(2) de na Rialacháin Foirne, cinneadh a ghlacadh bunaithe ar Airteagal 2(1) de na Rialacháin Foirne agus ar Airteagal 6 de Choinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile, lena ndéanfar cumhachtaí ábhartha an údaráis ceapacháin a tharmligean chuig an Stiúrthóir agus lena mbunófar na coinníollacha faoinar féidir an tarmligean cumhachtaí sin a chur ar fionraí agus údarú á thabhairt don Stiúrthóir na cumhachtaí sin a fho-tharmligean;

 

(d)  cinneadh a ghlacadh, i gcás inar gá in imthosca fíoreisceachtúla, tarmligean chumhachtaí an údaráis ceapacháin chuig an Stiúrthóir a chur ar fionraí go sealadach, chomh maith leis na cumhachtaí arna bhfo-tharmligean ag an Stiúrthóir, agus iad a fheidhmiú é féin nó iad a tharmligean chuig duine dá chomhaltaí nó do bhall foirne eile seachas an Stiúrthóir.

 

__________________

 

1a IO L 56, 4.3.1968, lch. 1.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  158

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 5 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ceithre bliana a mhairfidh an Stiúrthóra . Féadfaidh an Bord Rialaithe , ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún a chuireann san áireamh an mheastóireacht a rinne sé ar fheidhmíocht an Stiúrthóra agus ar chúraimí agus dúshláin IENT amach anseo, síneadh ama suas le dhá bhliain a chur leis an téarma oifige sin . Ní fhéadfaidh Stiúrthóir a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

3. Ceithre bliana a mhairfidh an Stiúrthóra . Féadfaidh an Bord Rialaithe, ag gníomhú dó ar thogra ón gCoimisiún ina gcuirtear san áireamh a mheastóireacht ar fheidhmíocht an Stiúrthóra agus ar leas IENT mar aon lena cúraimí agus lena dúshláin amach anseo, síneadh a chur leis an téarma oifige sin uair amháin ar feadh tréimhse suas le ceithre bliana. Ní fhéadfaidh Stiúrthóir a bhfuil síneadh curtha lena théarma oifige a bheith rannpháirteach in aon nós imeachta roghnúcháin eile don phost céanna.

Leasú  159

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 5 – pointe 6 – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna a ullmhú agus a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil , faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe ;

(e) an nós imeachta roghnúcháin le haghaidh PENanna a ullmhú agus a riaradh agus a áirithiú go gcuirfear na céimeanna éagsúla den phróiseas sin i bhfeidhm ar bhealach trédhearcach agus oibiachtúil, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe, agus cuirfear tuarascáil mhionsonraithe ar an bpróiseas roghnúcháin i gceangal leis an tuarascáil ghníomhaíochta bhliantúil chomhdhlúite;

Leasú  160

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 5 – pointe 6 – pointe j

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(j) a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú IENT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 19 , faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe;

(j) a áirithiú go gcuirfear nósanna imeachta éifeachtúla faireacháin agus meastóireachta maidir le feidhmiú IENT chun feidhme i gcomhréir le hAirteagal 19, chomh maith le bearta ceartaitheacha iomchuí a chur chun feidhme i gcás tearcfheidhmíochta maidir le cuspóirí agus sprioc IENT, faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  161

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 5 – pointe 6 – pointe n

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(n) cumarsáid éifeachtach a áirithiú le hinstitiúidí an Aontais , faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe ;

(n) cumarsáid éifeachtach a áirithiú le hinstitiúidí an Aontais, trí chur i láthair bliantúil a dhéanamh chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle faoi mhaoirseacht an Bhoird Rialaithe;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

Leasú  162

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – roinn 6 – pointe l

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is é a bheidh i bhfoireann IENT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag IENT. Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais a thugann éifeacht dóibh maidir le foireann IENT.

1. Is é a bheidh i bhfoireann IENT comhaltaí foirne a bheidh fostaithe go díreach ag IENT. Beidh feidhm ag na Rialacháin Foirne, Coinníollacha Fostaíochta Seirbhíseach Eile agus ag na rialacha arna nglacadh trí chomhaontú idir institiúidí an Aontais a thugann éifeacht dóibh maidir le foireann IENT. Beidh feidhm ag an bhforáil seo maidir le baill d’fhoireann IENT a dtiocfaidh a gconarthaí in éag in 2020.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó toisc go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile.

 

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Bunaíodh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (IENT) in 2018 a bhfuil mar aidhm léi borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus faoin iomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh a threisiú. Go háirithe, treisíonn sé cumas nuálaíochta agus feidhmíochta an Aontais agus tugann sé aghaidh ar dhúshláin shochaíocha trí thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chomhtháthú.

 

Déanann IENT a chuid oibre trí bhíthin na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) atá aige: oibríonn sé comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála a thugann aghaidh ar dhúshláin shochaíocha shonracha trí eagraíochtaí oideachais, taighde agus gnó a thabhairt le chéile, agus déanann sé deontais a sholáthar dóibh, agus faireachán á dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí ag an am céanna, lena dtacaítear le comhoibriú idir PENanna agus lena scaiptear torthaí agus dea-chleachtais.

 

Leagtar amach in Rialachán 2018 misean agus cúraimí IENT agus an creat i gcomhair a fheidhmithe. Leasaíodh an Rialachán in 2013 chun, inter alia, é a ailíniú le Fís 2020.

 

An 11 Iúil 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún tograí IENT nua, ina raibh togra athmhúnlaithe maidir le Rialachán IENT nuashonraithe agus togra le haghaidh cinneadh maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) nua do IENT don tréimhse 2021-2027.

 

Is é atá i gceist le Rialachán IENT a athmhúnlú ná Rialachán nua a ghlacadh ina n-ionchorpraítear in aon téacs amháin na leasuithe substainteacha a dhéantar ar an Rialachán atá ann cheana agus forálacha an Rialacháin sin atá gan athrú. Mheas an Coimisiún go raibh gá leis an nuashonrú a rinneadh ar an Rialachán ós rud é i bhforálacha Rialachán IENT atá ann cheana go ndéantar tagairt dhíreach don chlár Fís 2020, a dtiocfaidh deireadh léi ag deireadh na bliana. Ar an ábhar sin, is é is aidhm don togra athmhúnlaithe a áirithiú go ndéanfar Rialachán IENT a ailíniú le Fís Eorpach, go háirithe trí na tagairtí don chlár Fís 2020 a bhaint agus trí chinntí a chur chun feidhme a ghlacfar mar chuid den chlár Fís Eorpach.

 

Dírítear i Rialachán IENT atá beartaithe ar na príomhphrionsabail a bhaineann le feidhmiú IENT agus a chuid PENanna. Tá sé mar aidhm leis soiléireacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú maidir le Fís Eorpach chomh maith le prionsabal na hinbhuanaitheachta airgeadais do PENanna a chumhdach. Don tréimhse 2021-2027, cuid dhílis den chlár Fís Eorpach is ea IENT. Is é an Coimisiún Eorpach a leagann amach an dréachtbhuiséad dar luach EUR 3 bhilliún i gcomhair an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile mar aon leis an réasúnaíocht a ghabhann leis, an breisluach atá air, na réimsí idirghabhála lena mbaineann sé agus príomhairíonna na gníomhaíochta atá i gceist leis.

 

Tacaíonn an Rapóirtéir le IENT, lena mhisean agus lena bhfuil bainte amach aige go dtí seo agus, ar an iomlán, is díol sásaimh di an togra ón gCoimisiún chun soiléireacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú maidir leis an gclár Fís Eorpach chomh maith le prionsabal na hinbhuanaitheachta airgeadais do na PENanna a chumhdach. Mar sin féin, tá agóidí tromchúiseacha curtha in iúl ag an Rapóirtéir roinnt uaireanta i gcoinne chinneadh an Choimisiúin an nós imeachta athmhúnlaithe a úsáid, mar is teorainn neamhriachtanach shamhailteach í a chuirtear ar na comhreachtóirí. Go deimhin, measann an Rapóirtéir gur gá roinnt gnéithe substaintiúla den togra a mhodhnú agus dá bhrí sin tá sí ag moladh leasuithe lena gcumhdaítear, i measc nithe eile, na saincheisteanna seo a leanas:

 

Diúltaíonn an Rapóirtéir don togra ón gCoimisiún maidir leis an rialachán a dhéanamh “neodrach ó thaobh ama de” agus dá bhrí sin, tugann sí isteach na leasuithe is gá chun é sin a mhodhnú. I ndáil leis sin, molann an Rapóirtéir roinnt modhnuithe ar an téacs d’fhonn ailíniú leis an gclár Fís Eorpach a mhéadú i réimsí a bhaineann le simpliú nósanna imeachta, soiléire agus teorainneacha ar chineál na maoluithe ar rialacha an chláir Fís Eorpach, comhar méadaithe leis an gComhairle Nuálaíochta Eorpach, i measc nithe eile.

 

Maidir le trédhearcacht agus oscailteacht, déanann an Rapóirtéir roinnt moltaí ar mhaithe le feabhas a chur ar na gnéithe sin laistigh de nósanna imeachta agus treoirlínte IENT agus PENanna agus sna glaonna ar chomhpháirtithe agus ar thionscadail chomh maith. Má chuirtear feabhas ar na gnéithe sin, beidh cumas nuálaíochta scaipthe níos fearr ar fud an Aontais agus tiocfaidh sé i dteannta a chéile leis an Scéim Nuálaíochta Réigiúnach.

 

Á mheas di gur gné bhunriachtanach dá rath é an leibhéal ard uathrialach a bhronntar ar PENanna, measann an Rapóirtéir gur gá go mbeadh an t-uathriail sin fite fuaite le faireachán agus meastóireacht níos mó ar a bpleananna gnó agus ar a dtorthaí ná mar a bheadh sa reachtaíocht atá ann cheana. Leis sin d’fhéadfaí a chur i bhfeidhm ar bhealach níos fearr prionsabal na hinbhuanaitheachta airgeadais agus sainiúlachtaí gach PEN á gcur san áireamh. Chuige sin, molann an Rapóirtéir roinnt leasuithe.

 

Maidir le gnéithe ardoideachais agus oiliúna an togra, creideann an Rapóirtéir gur cheart lipéad EIT a chur chun cinn tuilleadh trína áirithiú go mbronnfaí lipéad EIT ar gach céim agus máistreacht ardoideachais atá rannpháirteach agus gur gá tuilleadh oibre a dhéanamh chun a áirithiú gur féidir úsáid a bhaint as an lipéad freisin i modúil oiliúna agus foghlama ar feadh an tsaoil.

 

Tá earnálacha uisce, mara agus muirí na hEorpa ar thús cadhnaíochta ar fud an domhain ó thaobh na heolaíochta agus na teicneolaíochta de, agus mar sin tá leibhéal sármhaith cumais eolaíochta, teicneolaíochta agus gnó ann chun nuáil a dhéanamh trí dhlúthchomhar le comhpháirtithe ar fud an triantáin eolais agus neart acmhainn acu chun nuálaíochtaí a mhéadú. Dá bhrí sin, measann an Rapóirtéir go dtabharfaí, le PEN EIT um an Margadh Nua Gorm, aghaidh ar dhúshlán mór socheacnamaíoch, ar dúshlán sochaíoch ábhartha é freisin, agus, ar an gcaoi sin, geilleagair inbhuanaithe, chiorclacha agus ghorma atá bunaithe ar éiceachórais uisce agus mhuirí fholláine a chruthú, amhail dá dtagraítear sa chlár Fís Eorpach.

 

Ar deireadh, maidir le hacmhainní, athdhearbhaíonn an Rapóirtéir seasamh na Parlaiminte ina n-iarrtar go ndéanfaí 4% de bhuiséad an chláir Fís Eorpach a leithdháileadh ar EIT agus lena dtugtar isteach roinnt leasuithe chun coinníollacha fostaíochta leormhaithe a áirithiú ag EIT d’fhonn ardchaighdeán saineolais a chothabháil agus na freagrachtaí breise a chuirtear ar EIT a chomhlíonadh.

 


 

IARSCRÍBHINN LITIR ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA

D(2020)737

 

 

An tUasal Cristian-Silviu BUŞOI

Cathaoirleach an Choiste um Thionsclaíocht, um Taighde agus um Fhuinneamh

ASP 11E108

An Bhruiséil

 

 

Ábhar: Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú)

(COM(2019)0331 – C9‑0042/2019 – 2019/0151(COD))

 

A Chathaoirligh, a chara,

 

Tá scrúdú déanta ag an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an togra dá dtagraítear thuas, de bhun Riail 110 maidir le Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte a Athmhúnlú.

Seo a leanas mír 3 den Riail sin:

 

“Má mheasann an coiste atá freagrach as gnóthaí dlíthiúla nach bhfuil aon athruithe substainteacha i gceist leis an togra, seachas na hathruithe sin a shainaithnítear sa togra mar athruithe den sórt sin, cuirfidh sé an méid sin in iúl don choiste atá freagrach as ábhar an togra.

 

I gcás den sórt sin, de bhreis ar na coinníollacha a leagtar síos i Riail 169 agus i Riail 170, ní bheidh leasuithe inghlactha laistigh den choiste atá freagrach as an ábhar ach amháin má bhaineann siad leis na codanna sin den togra ina bhfuil athruithe.

 

Féadfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar, áfach, mar eisceacht agus ar bhonn cás ar chás, glacadh le leasuithe ar chodanna den togra a fhanann gan athrú, má mheasann sé nó sí go bhfuil gá leis sin mar gheall ar chúiseanna práinneacha a bhaineann le loighic inmheánach an téacs nó mar go bhfuil dlúthbhaint idir na leasuithe agus leasuithe inghlactha eile. Caithfear cúiseanna den sórt sin a shonrú i réasúnú i scríbhinn ar na leasuithe.”

 

Tar éis tuairim a fháil ó Mheitheal Chomhairleach Sheirbhísí Dlí Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, a bhfuil scrúdú déanta aici ar an togra athmhúnlaithe, agus i gcomhréir leis na moltaí ón Rapóirtéir, measann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra atá i dtrácht seachas na leasuithe sin a shainaithnítear sa togra mar leasuithe den sórt sin, agus, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó na gníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na hathruithe sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

Tugann an Coiste dá aire, áfach, gurb é an toradh a bhí ar an scrúdú ar an togra ná go ndearna an Mheitheal Chomhairleach, i gcomhthoil a chéile, an méid seo a leanas a shuí:

1. Ba cheart an méid seo a leanas a léiriú leis an dath liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- scriosadh téacs iomlán aithris 6 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008;

- in Airteagal 6(g), cur isteach na bhfocal deiridh ‘trí PENanna a chur chun cinn mar chomhpháirtithe nuálaíochta den scoth’;

- in Airteagal 11(3), cur isteach na bhfocal ‘leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta’ in ionad na bhfocal deiridh ‘leis an gcomhaontú’;

- in Airteagal 17(5), cur isteach na bhfocal ‘faoi chlár eile de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh’;

- i bpointe 2(i) de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, cur isteach na bhfocal ‘teangacha oibre’ in ionad na bhfocal ‘beartas teanga’;

- i bpointe 1 de Roinn 6 d’Iarscríbhinn I, scriosadh na bhfocal ‘an Stiúrthóir’.

2. In Airteagal 11(2), ba cheart saigheada oiriúnaithe a bheith leis na focail ‘an Aontais’ nuair a cuireadh isteach iad.

3. In Airteagal 22, i dtaca le foclaíocht mhír 4 d’Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 atá cheana ann agus í marcáilte ina hiomláine leis an gcomhartha le haghaidh ‘scrios substainteach’, ba cheart gurb é seo a leanas a bheadh ann: ‘Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain N don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad EIT roimh 15 Bealtaine de bhliain N + 2’.

Mar chríoch, ag an gcruinniú a bhí aige an 9 Eanáir 2020, mhol an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, le 21 vóta i bhfabhar, 0 vóta i gcoinne agus 1 staonadh[2], go bhféadfadh an Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, ina cháil mar an coiste atá freagrach, scrúdú a dhéanamh ar an togra thuasluaite i gcomhréir le Riail 110.

Le dea-mhéin,

 

 

 

 

 

Lucy NETHSINGHA

 

Faoi iamh: An tuairim ón Meitheal Chomhairleach.

 

IARSCRÍBHINN: TUAIRIM Ó MHIENTHEAL CHOMHAIRLEACH SHEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA PHARLAIMINT NA hEORPA, NA COMHAIRLE AGUS AN CHOIMISIÚIN

 

 

 

MIENTHEAL CHOMHAIRLEACH

NA SEIRBHÍSÍ DLÍTHIÚLA

An Bhruiséil, 7 Samhain 2019

TUAIRIM

 CHUIG: PARLAIMINT NA hEORPA

  AN CHOMHAIRLE

  AN COIMISIÚN

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú)

COM(2019)0331 de 11.3.2020 – 2019/0151(COD)

Ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 28 Samhain 2001 maidir le húsáid níos struchtúrtha den teicníc um athmhúnlú maidir le gníomhartha reachtacha, agus go háirithe pointe 9 de, bhí cruinniú ag an Meitheal Chomhairleach, atá comhdhéanta de sheirbhisí dlíthiúla faoi seach Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin, an 18 agus 26 Meán Fómhair 2019, chun scrúdú a dhéanamh, i measc nithe eile, ar an togra thuasluaite arna thíolacadh ag an gCoimisiún.

Le linn na gcruinnithe sin[3], is é an toradh a bhí ar an scrúdú ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena ndéantar athmhúnlú ar Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2008 lena mbunaítear an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht ná go ndearna an Mheitheal Chomhairleach, i gcomhthoil a chéile, an méid seo a leanas a shuí.

1. Ba cheart an méid seo a leanas a léiriú leis an dath liath a úsáidtear de ghnáth chun leasuithe substainteacha a shainaithint:

- scriosadh téacs iomlán aithris 6 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008;

- in Airteagal 6(g), cur isteach na bhfocal deiridh ‘trí PENanna a chur chun cinn mar chomhpháirtithe nuálaíochta den scoth’;

- in Airteagal 11(3), cur isteach na bhfocal ‘leis an gcreat-chomhaontú comhpháirtíochta’ in ionad na bhfocal deiridh ‘leis an gcomhaontú’;

- in Airteagal 17(5), cur isteach na bhfocal ‘faoi chlár eile de chuid an Aontais’ in ionad na bhfocal ‘ó bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh’;

- i bpointe 2(i) de Roinn 2 d’Iarscríbhinn I, cur isteach na bhfocal ‘teangacha oibre’ in ionad na bhfocal ‘beartas teanga’;

- i bpointe 1 de Roinn 6 d’Iarscríbhinn I, scriosadh na bhfocal ‘an Stiúrthóir’.

2. In Airteagal 11(2), ba cheart saigheada oiriúnaithe a bheith leis na focail ‘an Aontais’ nuair a cuireadh isteach iad.

3. In Airteagal 22, i dtaca le foclaíocht mhír 4 d’Airteagal 21 de Rialachán (CE) Uimh. 294/2008 atá cheana ann agus í marcáilte ina hiomláine leis an gcomhartha le haghaidh ‘scrios substainteach’, ba cheart gurb é seo a leanas a bheadh ann: ‘Ar mholadh ón gComhairle, tabharfaidh Parlaimint na hEorpa urscaoileadh i leith bhliain N don Stiúrthóir maidir le cur chun feidhme bhuiséad EIT roimh 15 Bealtaine de bhliain N + 2’.

Dá thoradh sin, d’fhág scrúdú an togra go raibh sé ar chumas na Meithle Comhairlí a theacht ar an tátal, gan aon easaontú, nach bhfuil aon leasuithe substainteacha i gceist leis an togra seachas na leasuithe sin a shainaithnítear mar leasuithe den sórt sin. Tháinig an Mheitheal Chomhairleach ar an tátal freisin, a mhéid a bhaineann le códú na bhforálacha neamhathraithe ó ghníomhartha a bhí cheana ann in éineacht leis na leasuithe substainteacha sin, gurb é atá sa togra ná códú díreach ar na téacsanna atá cheana ann, gan aon athrú ina substaint.

F. DREXLER T. BLANCHET L. ROMERO REQUENA

Comhairleoir Dlí Comhairleoir Dlí An tArd-Stiúrthóir


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (9.6.2020)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (athmhúnlú)

(COM(2019)0331 – C9‑0042/2019 – 2019/0151(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Christian Ehler

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

Bunaíodh an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT) in 2008 agus é mar aidhm léi borradh a chur faoin bhfás eacnamaíoch inbhuanaithe agus faoin iomaíochas trí chumas nuálaíochta na mBallstát agus an Aontais Eorpaigh a threisiú. Go háirithe, treisíonn sí cumas nuálaíochta agus feidhmíochta an Aontais agus tugann sí aghaidh ar dhúshláin shochaíocha trí thriantán eolais an ardoideachais, an taighde agus na nuálaíochta a chomhtháthú.

 

Déanann EIT a chuid oibre trí bhíthin na bPobal Eolais agus Nuálaíochta (PENanna) atá aige: oibríonn sí comhpháirtíochtaí Eorpacha ar mhórscála a thugann aghaidh ar dhúshláin shochaíocha shonracha trí eagraíochtaí oideachais, taighde agus gnó a thabhairt le chéile, agus déanann sé deontais a sholáthar dóibh, agus faireachán á dhéanamh ar a ngníomhaíochtaí ag an am céanna, lena dtacaítear le comhoibriú idir PENanna agus lena scaiptear torthaí agus dea-chleachtais.

 

Leagtar amach in Rialachán 2018 misean agus cúraimí EIT agus an creat i gcomhair a fheidhmithe. Leasaíodh an Rialachán in 2013 chun, inter alia, é a ailíniú le Fís 2020.

 

An 11 Iúil 2019, d’fhoilsigh an Coimisiún tograí EIT nua, ina raibh togra athmhúnlaithe maidir le Rialachán EIT nuashonraithe agus togra le haghaidh cinneadh maidir leis an gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht (COSN) nua do EIT don tréimhse 2021-2027.

 

Is é atá i gceist le Rialachán EIT a athmhúnlú ná Rialachán nua a ghlacadh ina n-ionchorpraítear in aon téacs amháin na leasuithe substainteacha a dhéantar ar an Rialachán atá ann cheana agus forálacha an Rialacháin sin atá gan athrú. Mheas an Coimisiún go raibh gá leis an nuashonrú a rinneadh ar an Rialachán ós rud é, i bhforálacha Rialachán EIT atá ann cheana, go ndéantar tagairt dhíreach don chlár Fís 2020, a dtiocfaidh deireadh léi ag deireadh na bliana. Ar an ábhar sin, is é is aidhm don togra athmhúnlaithe a áirithiú go ndéanfar Rialachán EIT a ailíniú le Fís Eorpach, go háirithe trí na tagairtí don chlár Fís 2020 a bhaint agus trí chinntí a chur chun feidhme a ghlacfar mar chuid den chlár Fís Eorpach.

 

Dírítear i Rialachán EIT atá beartaithe ar na príomhphrionsabail a bhaineann le feidhmiú EIT agus a chuid PENanna. Tá sé mar aidhm leis soiléireacht dhlíthiúil níos fearr a áirithiú maidir le Fís Eorpach chomh maith le prionsabal na hinbhuanaitheachta airgeadais do PENanna a chumhdach. Do thréimhse 2021-2027, cuid dhílis den chlár Fís Eorpach is ea EIT. Is é an Coimisiún Eorpach a leagann amach dréachtbhuiséad an chláir Fís Eorpach dar luach EUR 3 bhilliún i gcomhair an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) eile mar aon leis an réasúnaíocht a ghabhann leis, an breisluach atá air, na réimsí idirghabhála lena mbaineann sé agus príomhairíonna na gníomhaíochta atá i gceist leis.

 

Tá an Rapóirtéir den tuairim go dtreisíonn an pacáiste reachtach sin misean EIT, agus ag an am céanna go n-ailínítear cuspóirí EIT le Fís Eorpach tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:

 

 tionchar réigiúnach PENanna a mhéadú trí bhíthin oscailteacht fheabhsaithe i dtaca le páirtithe agus geallsealbhóirí ionchasacha, agus straitéisí réigiúnacha níos soiléire do PENanna; lena n-áirítear naisc chuig na straitéisí ábhartha um speisialtóireacht chliste;

 

 borradh a chur faoi chumas nuálaíochta an ardoideachais ar mhaithe le líon níos mó institiúidí ardoideachais a chomhtháthú i slabhraí luacha agus éiceachórais nuálaíochta;

 

 PENanna nua a sheoladh i réimsí tosaíochta a roghnófar de réir a ábhartha atá siad do thosaíochtaí beartais an chláir Fís Eorpach. Tá sé beartaithe an chéad PEN nua a sheoladh in 2022,

 

 agus bhainfeadh sé le réimse na nEarnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheachta (CCSanna), i gcomhréir le cnuasach “Sochaithe Cuimsitheacha agus Cruthaitheacha” den chlár Fís Eorpach mar a glacadh iad sa chomhaontú páirteach ar thángthas air i mí Aibreáin 2019.

Ar an iomlán, is díol sásaimh don Rapóirtéir an dua atá caite ag an gCoimisiún leis an togra seo. Ina ainneoin sin, measann an Rapóirtéir go bhfuil sonraí tábhachtacha agus soiléireacht dhlíthiúil in easnamh, agus go bhféadfadh sé nárbh é athmhúnlú an bealach is fearr lena aghaidh. I ndáil leis sin, molann an Rapóirtéir sraith leasuithe, lena ndíreofaí go háirithe ar shoiléireacht dhlíthiúil agus ar dheimhneacht dhlíthiúil níos fearr a bheith á lua leis an Rialachán.

Seo a leanas na príomhphointí a dhéantar sa dréacht-tuairim:

 cistiú do EIT a fháil le go mbeidh buiséad arb ionann é agus 4% de bhuiséad foriomlán an chláir Fís Eorpach aige, mar a ghlac Parlaimint na hEorpa é;

 

 bunú Earnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheachta (CCSanna) de chuid PEN a áirithiú mar phríomhthosaíocht de chuid EIT don tréimhse 2021-2027 trína áirithiú go háirithe go mbeidh cistiú leordhóthanach ann dá bhunú gan inbhuanaitheacht airgeadais an PEN atá ann cheana a chur i mbaol. Ba mhaith leis an Rapóirtéir a chur i bhfáth go háirithe gur cheart na hiarrachtaí agus na hacmhainní go léir a bheith dírithe ar bhunú PEN i réimse CCSanna, sula ndéanfar seoladh an dara PEN nua tar éis 2025 a mheas,

 

 agus go ndéanfar an togra foriomlán a shoiléiriú go háirithe maidir leis na cuspóirí ginearálta agus sonracha agus na sineirgí le cláir eile.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

 

 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ba cheart réimsí tosaíochta straitéiseacha agus riachtanais airgeadais EIT le haghaidh tréimhse seacht mbliana , a chlúdaíonn an creat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) faoi seach, a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ( ‘COSN’ ). Ba cheart don COSN a áirithiú go mbíonn ailíniú ann le clár réime an Aontais lena dtugtar tacaíocht don taighde agus don nuálaíocht, agus sineirgí a chothú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais den CAI chomh maith le tionscnaimh, beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad sin lena dtugtar tacaíocht don oideachas agus don fhorbairt réigiúnach. I bhfianaise thábhacht an COSN do bheartas nuálaíochta an Aontais agus an tábhacht pholaitiúil a bhaineann, dá bharr, lena thionchar socheacnamaíoch don Aontas , ba cheart go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN ar bhonn togra ón gCoimisiún bunaithe ar rannchuidiú a chuirfeadh EIT ar fáil.

(5) Ba cheart réimsí tosaíochta straitéiseacha agus riachtanais airgeadais EIT le haghaidh tréimhse seacht mbliana, a chlúdaíonn an creat airgeadais ilbhliantúil (‘CAI’) faoi seach, a leagan síos i gClár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht ( ‘COSN’). Ba cheart don COSN a áirithiú go mbíonn ailíniú ann leis an gclár Fís Eorpach – an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (‘Fís Eorpach’), agus sineirgí a chothú le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais de CAI chomh maith le tionscnaimh, beartais agus ionstraimí eile de chuid an Aontais, go háirithe iad sin lena dtugtar tacaíocht don oideachas agus don fhorbairt réigiúnach. I bhfianaise thábhacht an COSN do bheartas nuálaíochta an Aontais agus an tábhacht pholaitiúil a bhaineann, dá bharr, lena thionchar socheacnamaíoch don Aontas , ba cheart go nglacfadh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an COSN ar bhonn togra ón gCoimisiún bunaithe ar rannchuidiú a chuirfeadh EIT ar fáil.

 

(Tá feidhm ag an leasú seo ar fud an téacs. Má ghlactar leis is gá athruithe comhfhreagracha a dhéanamh tríd síos.)

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11a) D’fhonn rannchuidiú le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda nua agus orthu sin atá ag teacht chun cinn, ba cheart do EIT PENanna nua i réimsí tosaíochta a sheoladh, ar PENanna iad a roghnófar ar bhonn critéir lena ndéanfar, i measc gnéithe eile, measúnú ar a n-ábharthacht i dtaca le tosaíochtaí beartais an chláir Fís Eorpach, agus ar a mbreisluach agus ar a gcumas a dtabharfar aghaidh orthu trí shamhail EIT. Cuirfear san áireamh sna PENanna nua Pleanáil Straitéiseach an chláir Fís Eorpach agus an buiséad a leithdháilfear ar EIT in 2021-2027.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11b) Ba cheart do EIT comhar ildisciplíneach agus trasearnála a chothú mar cheann de na príomhréimsí ina dtarlaíonn an nuálaíocht. Ba cheart dó féachaint le comhar a chothú idir réimsí na heacnamaíochta, na teicneolaíochta, na sochaí agus na heolaíochta, lena n-áirítear na healaíona agus na daonnachtaí. Ba cheart go gcuirfeadh EIT le teacht chun cinn pobal eolaíochta, teicneolaíochta, innealtóireachta, ealaíne agus matamaitice (STEAM) trí na naisc idir PENanna a neartú.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11c) Is é atá in Earnálacha Cultúrtha agus Cruthaitheachta (‘CCS’) earnáil a bhfuil acmhainneacht mhór fáis inti agus cuid mhaith tionscnaimh phobail a mheallfadh na saoránaigh. Tá siad leabaithe go daingean sna héiceachórais áitiúla agus réigiúnacha. Mar sin féin, is earnáil ilbhriste fós í earnáil na CCInna agus níl na scileanna fiontraíochta agus nuálaíochta is gá ag na nuálaithe agus na forbróirí gnó. Dá bhrí sin, ba cheart do PEN a bheith ina chuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin, a bhuí lena chur chuige um chomhtháthú thriantán an eolais, a pheirspictíocht fhadtéarmach agus a chur chuige áitbhunaithe agus lena chur chuige iomlánaíoch comhtháite. Is ag CCS atá an chomhlántacht is láidre leis na hocht PEN atá ann cheana agus leis na réimsí tosaíochta féideartha i dtaca le Comhpháirtíochtaí Eorpacha eile a sheolfar faoi chlár réime an chláir Fís Eorpach. Ba cheart, dá bhrí sin, go ndéanfaí an chéad PEN i réimse CCSanna a sheoladh in 2022. Trí gach earnáil de shaol, sochaí agus geilleagar saoránach den Aontas a chumhdach nach mór, beidh PEN den sórt sin an-ábhartha i dtaca le tionchar eacnamaíoch agus sochaíoch agus cuirfidh sé deiseanna straitéiseacha ar fáil le haghaidh nuálaíocht eacnamaíoch, theicneolaíoch agus shóisialta.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(11d) Le PEN EIT i réimse CCSanna, ba cheart deiseanna líonraithe, comhoibriú, comhchruthú agus aistriú feasa gnó idir lucht oideachais, lucht taighde agus lucht gnó a chumasú laistigh d’earnálacha cultúrtha agus na cruthaitheachta agus le hearnálacha eile den tsochaí agus den gheilleagar. Ba cheart go gcuirfí tús le tionscnaimh ón mbonn aníos agus tionscnaimh ón mbarr anuas, trína bhíthin, ar leibhéil réigiúnacha agus náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais. Ba cheart go bhforbrófaí, a bhuí leis, na creatdálaí is gá chun fiontair nua a fhorbairt agus a mhéadú in éiceachórais nuálacha. Maidir leis an eolas agus na scileanna is gá chun réitigh nuálacha a chur ar fáil agus chun deiseanna gnó nua a dhéanamh díobh, ba cheart iad sin a sholáthar trína bhíthin do thaighdeoirí agus do mhic léinn in an-chuid disciplíní (lena n-áirítear na healaíona, na daonnachtaí, gnó, na heolaíochtaí sóisialta agus na crua-eolaíochtaí feidhmeacha) agus d’fhiontraithe in CCSanna agus in earnálacha eile.

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) ciallaíonn ‘nuálaíocht’ an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d'éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach don tsochaí;

(1) ciallaíonn ‘nuálaíocht’ an próiseas, lena n-áirítear fothorthaí an phróisis sin, trína bhfreagraíonn smaointe nua do riachtanais nó d'éileamh ón tsochaí nó ón ngeilleagar agus trína ngintear táirgí nua, seirbhísí, próisis, eispéiris nua nó múnlaí nua gnó agus eagraíochta a thugtar isteach go rathúil i margadh atá ann cheana nó atá ábalta margaí nua a chruthú agus a thugann luach do thionscail agus don tsochaí;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo chun loighic inmheánach agus comhleanúnachas an téacs a áirithiú.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(2a) ciallaíonn ‘ionad comhlonnaithe’ limistéar geografach ina bhfuil príomh-chomhpháirtithe an triantáin eolais de chuid PENanna lonnaithe, agus ar féidir leo idirghníomhú go héasca, arb é an pointe fócasach do ghníomhaíocht PENanna sa limistéar sin é;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo chun loighic inmheánach agus comhleanúnachas an téacs a áirithiú.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) ciallaíonn ‘eagraíocht chomhpháirtíochta’ aon eintiteas dlítheanach ar comhalta de PEN í, agus féadfar a áireamh leis, go háirithe, institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí taighde, cuideachtaí poiblí cuideachtaí príobháideacha, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúis;

(3) ciallaíonn ‘eagraíocht chomhpháirtíochta’ aon eintiteas dlítheanach ar comhalta de PEN í agus féadfar a áireamh leis, go háirithe, institiúidí ardoideachais, soláthraithe gairmoideachais agus gairmoiliúna, eagraíochtaí taighde, institiúidí poiblí, cuideachtaí poiblí agus cuideachtaí príobháideacha, fiontair shóisialta, institiúidí airgeadais, údaráis réigiúnacha agus údaráis áitiúla, fondúireachtaí agus eagraíochtaí neamhbhrabúsacha ó gach cearn den Aontas;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) ciallaíonn ‘Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht’ (‘COSN’) doiciméad beartais ina leagtar amach réimsí tosaíochta agus straitéis fhadtéarmach EIT i leith tionscnaimh a bhfuiltear le tabhairt fúthu amach anseo, a chumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh, lena n-áirítear forléargas ar na gníomhaíochtaí ardoideachais, taighde agus nuálaíochta a bheartaítear, ar feadh tréimhse seacht mbliana , tréimhse lena gcumhdaítear an CAI faoi seach ;

(7) ciallaíonn ‘Clár Oibre Straitéiseach um Nuálaíocht’ (‘COSN’) gníomh ina leagtar amach straitéis fhadtéarmach agus tosaíochtaí EIT ina saineofar a chuspóirí, a phríomhghníomhaíochtaí, a chumas an breisluach nuálaíochta is fearr a ghineadh, na torthaí a mbeifear ag dréim leo agus na hacmhainní is gá, ar feadh tréimhse seacht mbliana, tréimhse lena gcumhdaítear CAI faoi seach;

Réasúnú

Tá gá leis an leasú seo mar gheall ar chúiseanna práinneacha maidir le loighic inmheánach an téacs.