Tuarascáil - A9-0123/2020Tuarascáil
A9-0123/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19

24.6.2020 - (COM(2020)0201 – C9‑0136/2020 – 2020/0084(CNS)) - *

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Luděk Niedermayer
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(2) de na Rialacha Nós Imeachta)


Nós Imeachta : 2020/0084(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0123/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0123/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19

(COM(2020)0201 – C9‑0136/2020 – 2020/0084(CNS))

(Nós imeachta reachtach speisialta – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0201),

 ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C9‑0136/2020),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0123/2020),

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún arna leasú;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún a thogra a athrú dá réir, i gcomhréir le hAirteagal 293(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh;

3. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;

4. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint arís má tá sé ar intinn aici an togra ón gCoimisiún a leasú go substaintiúil;

5. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.

 

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 4 a (nua)

 

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Cé go bhfuil fíordheacrachtaí á gcruthú ag ráig COVID-19 do riarachán náisiúnta, níor cheart í a úsáid mar leithscéal chun moill bhreise a chur ar chur chun feidhme na rialacha a comhaontaíodh go comhchoiteann. Sula raibh an ráig ann, thug roinnt Ballstát le fios go mbeadh moilleanna acu an córas nua a chur chun feidhme. Taobh amuigh de na deacrachtaí láithreacha a bhaineann le ráig COVID-19, ba cheart do na rialtais gach dícheall a dhéanamh chun an córas nua a chur chun feidhme. Maidir le Ballstáit a bhfuil saincheisteanna acu a d’fhéadfadh moill a chur ar chur chun feidhme iomlán na rialacha, ba cheart dóibh an cúnamh teicniúil arna soláthar ag an gCoimisiún a úsáid chun cur chun feidhme ceart agus iomlán an phacáiste ríomhthráchtála a áirithiú. Le cuspóirí an phacáiste ríomhthráchtála chun iomaíochas domhanda FBManna Eorpacha a éascú, chun an brú riaracháin ar dhíoltóirí an Aontais a laghdú agus chun a áirithiú go rannchuidíonn ardáin ar líne le córas bailithe cánach atá níos córa, agus calaois chánach á comhrac, is príomhghnéithe iad den mhachaire comhréidh do ghnólachtaí uile, ar rud é a bhfuil tábhacht ar leith leis i gcomhthéacs an téarnaimh tar éis COVID-19.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Agus na dúshláin atá le sárú ag na Ballstáit chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go n-áiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, sé riachtanach dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar mhí. Is iomchuí iad a chur siar sé mhí, mar gur ceart an mhoill a choinneáil chomh gairid agus is féidir ar mhaithe le caillteanais bhuiséadacha bhreise do na Ballstáit a íoslaghdú.

(5) Agus na dúshláin nua atá le sárú ag na Ballstáit mar thoradh ar ráig COVID-19 á gcur san áireamh, chomh maith lena chur san áireamh go bhfuil na forálacha nua bunaithe ar an bprionsabal go gcaithfidh na Ballstáit ar fad na córais TF atá acu a thabhairt cothrom le dáta chun go mbeidh siad in ann na forálacha a leagtar síos le Rialachán (AE) 2017/2454 a chur i bhfeidhm, ionas go n-áiritheofar bailiú agus tarchur faisnéise agus íocaíochtaí faoi na scéimeanna modhnaithe, d’fhéadfadh sé a bheith riachtanach dátaí trasuí agus dátaí cur i bhfeidhm an Rialacháin sin a chur siar trí mhí. Níl sé inmhianaithe na dátaí a chur siar, mar go eascróidh caillteanas ioncaim agus bearna mhéadaithe CBL as, agus cuirfidh sé fad le hiomaíocht éagórach idir díoltóirí an Aontais agus díoltóirí neamh-AE. D’fhéadhfadh sé a bheith iomchuí iad a chur siar trí mhí, áfach, mar go mbeadh sé ailínithe le tréimhse na dianglasála i bhformhór na mBallstát. Dá gcuirfí siar iad ar feadh tréimhse níos faide, chuirfí leis an riosca de chalaois CBL tráth ba cheart go ndéanfaí an t-airgeadas poiblí a athshlánú chun comhrac i gcoinne na paindéime agus a iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta. Le cur siar níos faide de shé mhí, d’fhéadfadh caillteanas ioncaim do Bhallstáit idir EUR 2,5 billiún agus EUR 3,5 billiún eascairt as. I bhfianaise na géarchéime a d’eascair as ráig COVID-19, tá sé ríthábhachtach tuilleadh caillteanais ioncaim a sheachaint.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe a

Rialachán (AE) 2017/2454

Airteagal 1 – pointe 7 – pointe a – ceannteideal – roinn 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Forálacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 30 Meitheamh 2021

Forálacha is infheidhme ón 1 Eanáir 2015 go dtí an 31 Márta 2021

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1 – pointe b – pointe i

Rialachán (AE) 2017/2454

Airteagal 1 – pointe 7 – pointe b – ceannteideal – roinn 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Forálacha is infheidhme ón 1 Iúil 2021

Forálacha is infheidhme ón 1 Aibreán 2021

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

Rialachán (AE) 2017/2454

Airteagal 2 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Beidh feidhm aige ón 1 Iúil 2021.

Beidh feidhm aige ón 1 Aibreán 2021.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Ghlac an Chomhairle Treoir (AE) 2017/2455 (“an Treoir um ríomhthráchtáil CBL”) agus Rialachán (AE) 2017/2454 ón gComhairle (an Rialachán um ríomhthráchtáil CBL) an 5 Nollaig 2017 mar chuid de phacáiste ríomhthráchtála CBL. Ghlac an Chomhairle Treoir (AE) 2019/1995 (“an dara Treoir um ríomhthráchtáil CBL”) an 21 Samhain 2019.

Leis an gcóras nua ríomhthráchtála CBL, beidh sé níos éasca do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta agus FBManna, earraí trasteorann a cheannach agus a dhíol ar líne. Cuideoidh sé le Ballstáit freisin €5 bhilliún CBL a mheastar faoi láthair a chailltear ar dhíolacháin ar líne gach bliain, trína áirithiú nach mbeidh cóireáil fhabhrach á fáil ag gnólachtaí neamh-AE nuair a dhíolann siad le tomhaltóirí AE, go díreach agus trí mhargaí tráchtála ar líne.

An 1 Eanáir 2021 an dáta a vótáladh d’aon ghuth le haghaidh cur i bhfeidhm an chuid is mó de phacáiste ríomhthráchtála CBL, chun dóthain ama a thabhairt do na Ballstáit a gcuid reachtaíochta agus na córais TF atá acu a oiriúnú.

Chuir an Coimisiún staid na himeartha i láthair maidir le hullmhacht na mBallstát an 14 Feabhra 2020 agus dheimhnigh an chuid is mó de na Ballstáit go mbeadh siad in ann na rialacha a chur i bhfeidhm faoin dáta dlite. Chuir dhá Bhallstát imní in iúl agus d’iarr siad go gcuirfí siar an teacht i bhfeidhm go ceann bliana nó níos mó. De bharr ráig ghéarchéim COVID-19, tá Ballstáit eile tar éis imní a chur in iúl maidir lena gcuid oibre ullmhúcháin a chur i gcrích agus, mar thoradh air sin, maidir le cur i bhfeidhm na rialacha nua faoin 1 Eanáir 2021. Chuir príomhoibreoirí eacnamaíocha, go háirithe oibreoirí poist agus cúiréara, imní comhchosúla in iúl.

Dá bharr sin, chinn an Coimisiún an 8 Bealtaine 2020 moladh a dhéanamh chun dáta chur i bhfeidhm phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur siar sé mhí (ón 1 Eanáir 2021 go dtí an 1 Iúil 2021).

Cé go dtacaíonn an rapóirtéir le dáta chur i bhfeidhm phacáiste ríomhthráchtála CBL a chur siar de bharr ráig COVID-19, ní aontaíonn sé leis an sé mhí a mhol an Coimisiún. Ina ionad sin, i gcás ina bhfuil gá le moill éigin, d’fhéadfaí breithniú a dhéanamh ar na dátaí a chur siar ar feadh tréimhse a léiríonn fad na dianghlasála, chun am breise a thabhairt d’údaráis agus oibreoirí eile an tréimhse dhianghlasála a chúiteamh. Mar sin féin, i bhfianaise na n-iarmhairtí eacnamaíocha, réiteach níos fearr ab ea é gan moill a bheith ann, más indéanta sin.

De réir an Choimisiún, meastar na caillteanais bhuiséadacha le haghaidh na mBallstát ag thart ar EUR 5-7 mbilliún in aghaidh na bliana mura ndéantar an pacáiste ríomhthráchtála CBL a chur chun feidhme in am tráth. Dá bhrí sin, b’ionann moill 6 mhí agus ar a laghad EUR 2.5-3.5 billiún d’ioncam ligthe thar ceal do na Ballstáit, ós rud é nach gcuirtear san áireamh sna meastacháin sin an méadú ollmhór ar ríomhthráchtáil le linn na géarchéime COVID. Ba cheart do na Ballstáit a bheith ar an eolas faoi iarmhairtí na moille sin agus na héifeachta ar an airgeadas poiblí san Aontas, agus ar mhargadh iomaíoch AE chomh maith.

Measann an Rapóirtéir gur cheart an mhoill a choinneáil chomh gearr agus is féidir agus fad na géarchéime a léiriú (3 mhí), agus na rioscaí agus na costais a tugadh le fios i meastóireacht an Choimisiúin i mí Feabhra 2020 a laghdú a mhéid is féidir.

AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Leasú ar Rialachán (AE) 2017/2454 a mhéid a bhaineann leis na dátaí cur i bhfeidhm de bharr ghéarchéim COVID-19

Tagairtí

COM(2020)0201 – C9-0136/2020 – 2020/0084(CNS)

Dáta a ndeachthas i gcomhairle leis an bParlaimint

15.5.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ECON

27.5.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Luděk Niedermayer

28.5.2020

 

 

 

Nós imeachta simplithe - dáta an chinnidh

9.6.2020

Pléite sa choiste

9.6.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

23.6.2020

 

 

 

Dáta don chur síos

24.6.2020

 

 

An nuashonrú is déanaí: 30 Meitheamh 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais