TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun leanúint den tacaíocht dhaonnúil do dhídeanaithe sa Tuirc
29.6.2020 - (COM(2020)0422) – C9‑0162/2020 – 2020/2094(BUD))
An Coiste um Buiséid
Rapóirtéir: Monika Hohlmeier
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun leanúint den tacaíocht dhaonnúil do dhídeanaithe sa Tuirc
(COM(2020)0422) – C9‑0162/2020 – 2020/2094(BUD))
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0422) – C9‑0162/2020),
– ag féachaint do Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020[1], agus go háirithe Airteagal 13 de,
– ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i gcúrsaí buiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais[2], agus go háirithe pointe 14 de,
– ag féachaint do bhuiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain airgeadais 2020, mar a glacadh go cinntitheach é an 27 Samhain 2019[3],
– ag féachaint don Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2020, a ndearna an Coimisiún é a ghlacadh an 3 Meitheamh 2020 (COM(2020)0421),
– ag féachaint don seasamh maidir le Dréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2020, a ndearna an Chomhairle é a ghlacadh an 24 Meitheamh 2020 agus é a chur ar aghaidh chun na Parlaiminte an lá dár gcionn, (09060/2020 – C9‑0189/2020),
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid (A9-0125/2020),
A. de bhrí gur bunaíodh le hAirteagal 13 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle Corrlach Teagmhais suas le 0,03 % d'Ollioncam Náisiúnta an Aontais,
B. de bhrí gur mhol an Coimisiún, maidir le hairgeadas a áirítear i nDréachtbhuiséad leasaitheach Uimh. 5/2020 a ghabhann le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh le haghaidh 2020, an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá le tacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil do dhídeanaithe sa Tuirc tríd na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020 a mhéadú, os cionn uasteorainn cheannteideal 4 de CAI,
1. ag comhaontú leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh chun suim EUR 481 572 239 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a sholáthar os cionn na huasteorann gealltanais faoi cheannteideal 4 (an Eoraip Dhomhanda) den chreat airgeadais ilbhliantúil;
2. ag formheas an chinnidh atá i gceangal leis an rún seo;
3. á threorú dá hUachtarán an cinneadh a shíniú in éineacht le hUachtarán na Comhairle agus socrú a dhéanamh dá fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh;
4. á threorú dá hUachtarán an rún seo, mar aon leis an iarscríbhinn a ghabhann leis, a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
IARSCRÍBHINN: CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
maidir leis an gCorrlach Teagmhais a shlógadh in 2020 chun leanúint den tacaíocht dhaonnúil do dhídeanaithe sa Tuirc
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus le bainistíocht fhónta airgeadais[4], agus go háirithe pointe 14 de,
ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas,
(1) Bunaíodh le hAirteagal 13 Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle[5] Corrlach Teagmhais suas le 0.03 % d'Ollioncam Náisiúnta an Aontais.
(2) I gcomhréir le hAirteagal 6 de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle, ríomh an Coimisiún dearbhmhéid an Chorrlaigh Teagmhais do 2020[6].
(3) Tar éis scrúdú a dhéanamh ar na féidearthachtaí airgeadais eile go léir atá ann chun gníomhú i dtaca le himthosca gan choinne gan dul thar an uasteorainn ghealltanais le haghaidh 2020 faoi cheannteideal 4 (an Eoraip Dhomhanda) den chreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), agus ós rud é nach bhfuil aon ionstraimí speisialta eile ar fáil in 2020 chun gníomhú i dtaca leis na himthosca sin, is gá an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun aghaidh a thabhairt ar an ngéarghá atá le tacaíocht dhaonnúil a chur ar fáil do dhídeanaithe sa Tuirc tríd na leithreasuithe faoi chomhair gealltanas i mbuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020 a mhéadú, os cionn uasteorainn cheannteideal 4 de CAI.
(4) Ag féachaint don chás an-sonrach sin, tá coinníoll na rogha deiridh a leagtar amach in Airteagal 13(1) de Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 comhlíonta.
(5) Tá an cinneadh seo nasctha le maoiniú a áirítear i mbuiséad leasaitheach Uimh. 5 a ghabhann le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh don bhliain 2020. Chun an comhleanúnachas leis an mbuiséad leasaitheach a áirithiú, ba cheart feidhm a bheith ag an gCinneadh seo ar dháta a ghlactha,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
I gcás bhuiséad ginearálta an Aontais don bhliain airgeadais 2020, déanfar an Corrlach Teagmhais a shlógadh chun suim EUR 481 572 239 i leithreasuithe faoi chomhair gealltanas a sholáthar os cionn na huasteorann gealltanais faoi cheannteideal 4 (an Eoraip Dhomhanda) den chreat airgeadais ilbhliantúil.
Airteagal 2
Déanfar an tsuim EUR 481 572 239 dá dtagraítear in Airteagal 1 a fhritháireamh i gcoinne na gcorrlach faoi uasteorainn ghealltanais na bliana airgeadais 2020 faoin gceannteideal a leanas den chreat airgeadais ilbhliantúil:
(a) ceannteideal 5 (Riarachán): EUR 16 248 368;
(b) ceannteideal 2 (Fás inbhuanaithe: acmhainní nádúrtha): EUR 465 323 871.
Airteagal 3
Tiocfaidh an Cinneadh seo i bhfeidhm ar lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón … [dáta ar a nglacfar an cinneadh**]
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán An tUachtarán
[** Dáta le cur isteach ag an bParlaimint sula bhfoilseofar é in IO.]
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
24.6.2020 |
|
|
|
- [1] IO L 347, 20.12.2013, lch. 884.
- [2] IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
- [3] IO L 57, 27.2.2020
- [4] IO C 373, 20.12.2013, lch. 1.
- [5] Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 884).
- [6] Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa an 2 Aibreán 2020 Coigeartú teicniúil i ndáil le hionstraimí speisialta le haghaidh 2020 (COM(2020) 173).