TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)
29.6.2020 - (COM(2019)0620 – C9‑0117/2019 – 2019/0188(COD)) - ***I
An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir: Manuel Pizarro
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh cinneadh ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Cinneadh Uimh. 573/2014/AE maidir le comhar feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna)
(COM(2019)0620 – C9‑0117/2019 – 2019/0188(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0620),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus Airteagal 149 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0117/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 30 Deireadh Fómhair 2019[1],
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0128/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 1 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1a) In Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, déantar tagairt don fhorbairt inbhuanaithe atá bunaithe, i measc nithe eile, ar lánfhostaíocht agus dul chun cinn sóisialta mar chuspóirí atá nasctha le bunú margaidh inmheánaigh. |
Leasú 2
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 1 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(1b) In Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, déantar tagairt do chur chun cinn ardleibhéil fostaíochta mar cheann amháin de na cuspóirí atá le cur san áireamh agus beartais agus gníomhaíochtaí an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme. Ba cheart don Líonra tacú leis an Aontas agus na Ballstáit ina leith sin. |
Leasú 3
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Tá sé d’aidhm ag an togra sin inniúlacht, éifeachtacht agus éifeachtúlacht na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) a athneartú trí ardán a sholáthar lenar féidir a bhfeidhmíocht ar an leibhéal Eorpach a chur i gcomparáid le chéile, dea-chleachtais a shainaithint agus córas foghlama frithpháirtí a bhunú. Tá sé d’aidhm aige freisin níos mó deiseanna a thabhairt do na SPFanna cuidiú le beartais nuálacha bunaithe ar fhianaise a fhorbairt i gcomhréir le tionscnaimh bheartais ábhartha de chuid an Aontais. |
(2) Tá sé d’aidhm ag an Líonra na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) mar aon lena n-acmhainneacht, cáilíocht a gcuid seirbhísí, a n-éifeachtacht agus a n-éifeachtúlacht a nuachóiriú agus a neartú trí ardán a sholáthar lenar féidir a bhfeidhmíocht ar an leibhéal Eorpach a chur i gcomparáid le chéile, dea-chleachtais a shainaithint agus córas foghlama frithpháirtí a bhunú d’fhonn rannchuidiú le hobair chuibhiúil agus poist chuimsitheacha agus inbhuanaithe. Tá sé d’aidhm aige freisin níos mó deiseanna a thabhairt do na SPFanna cuidiú le beartais nuálacha, atá dírithe ar an todhchaí agus atá bunaithe ar fhianaise a fhorbairt i gcomhréir le tionscnaimh bheartais ábhartha de chuid an Aontais agus leis na cuspóirí eacnamaíocha, sóisialta agus fostaíochta a leagtar amach in Airteagal 3(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach a bhaint amach. |
Leasú 4
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Bhí ról tábhachtach ag an Líonra go dtí seo maidir le níos mó comhair idir na Ballstáit a spreagadh i réimsí freagrachta na SPFanna agus maidir lena chion a dhéanamh chun na SPFanna a nuachóiriú agus a neartú. Léirítear i meastóireacht a rinneadh ar staid chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 573/2014/AE16 go raibh tionchar dearfach ag an Líonra go dtí seo agus sainaithnítear sa mheastóireacht sin na ceachtanna a foghlamaíodh ar bhonn na ngníomhaíochtaí agus éagsúla agus na n-eispéireas éagsúil. |
(3) Bhí ról tábhachtach ag an Líonra go dtí seo maidir le níos mó comhair idir na Ballstáit a spreagadh i réimsí freagrachta na SPFanna agus maidir lena chion a dhéanamh chun na SPFanna a nuachóiriú agus a neartú. Léirítear i meastóireacht a rinneadh ar staid chur chun feidhme Chinneadh Uimh. 573/2014/AE16 go raibh tionchar dearfach ag an Líonra go dtí seo agus sainaithnítear sa mheastóireacht sin na ceachtanna a foghlaimíodh ar bhonn na ngníomhaíochtaí éagsúla agus na n-eispéireas éagsúil. Dá réir sin, tá a chuid acmhainneachta méadaithe ag an Líonra agus tá bearta nuálacha atá bunaithe ar fhianaise forbartha aige chun beartais fostaíochta a chur chun feidhme. |
__________________ |
__________________ |
16 Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2019)1350 |
16 Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin SWD(2019)1350 |
Leasú 5
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Ba cheart síneadh a chur le tréimhse bhunaithe an Líonra go dtí an 31 Nollaig 2027 chun tairbhe a bhaint as na torthaí a baineadh amach go dtí seo agus chun níos mó comhair a chothú idir na SPFanna. |
(4) Ba cheart síneadh a chur le tréimhse bhunaithe an Líonra go dtí an 31 Nollaig 2027 chun tairbhe a bhaint as na torthaí a baineadh amach go dtí seo agus chun níos mó comhair a chothú, lena n-áirítear tionscnaimh na SPFanna a chomhdhlúthú agus a mhéadú agus na SPFanna a nuachóiriú. |
Leasú 6
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 4 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(4a) Ba cheart don Líonra an comhar idir a chuid ball a neartú agus tionscnaimh chomhpháirteacha a fhorbairt chun na críche faisnéis agus dea-chleachtais a mhalartú i ngach réimse oibríochta de chuid na SPFanna, trí anailísí comparáideacha agus comhairle a chur ar fáil agus tionscnaimh socrúcháin fostaíochta atá nuálach a chur chun cinn. I ndáil leis sin, ba cheart aird ar leith a thabhairt ar chomhar na SPFanna maidir leis an gcomhordú a bhaineann leis an bhfostaíocht a dhéantar ar chórais slándála sóisialta. Ba cheart a bheith in ann, trí obair an Líonra, comparáid chuimsitheach, atá bunaithe ar fhianaise agus atá dírithe ar fheidhmíocht a dhéanamh ar na SPFanna ar fad, sa chaoi gur féidir dea-chleachtais ina gcuid réimsí gníomhaíochta a chinneadh, rud a rannchuideoidh le seirbhís fostaíochta níos fearr a cheapadh agus a sholáthar laistigh dá gcuid cúraimí. Le tionscnaimh an Líonra, ba cheart feabhas a chur ar éifeachtacht na SPFanna agus a áirithiú go mbainfear úsáid níos éifeachtúla as cistí poiblí. |
Leasú 7
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Maidir le leanúint den Líonra, ba cheart go dtacódh sin le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, colún a bhfuil sé de phrionsabal aige tacú go gníomhach leis an bhfostaíocht. Ba cheart go gcuirfeadh sé freisin le Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 8 de Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe trí chur le fás eacnamaíoch atá cuimsitheach inbhuanaithe, le fostaíocht agus le hobair chuibhiúil do gach duine. |
(5) Maidir le leanúint den Líonra, ba cheart go dtacódh sé sin le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, colún a bhfuil sé de phrionsabal aige tacú go gníomhach leis an bhfostaíocht. Ina theannta sin, ba cheart go n-éascódh sé saorghluaiseacht oibrithe agus go rannchuideodh sé le haistriú cóir ar bhonn sóisialta i dtreo geilleagar ciorclach agus i dtreo chur chun feidhme na bprionsabal agus na gcuspóirí ábhartha de chuid Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, rud a rannchuideoidh le fás eacnamaíoch agus fostaíocht atá cuimsitheach agus inbhuanaithe mar aon le hobair chuibhiúil do gach duine. |
Leasú 8
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Ba cheart don Líonra leanúint de chomhar agus teagmháil a eagrú le páirtithe leasmhara eile sa mhargadh saothair chun sineirgí eatarthu a chur chun cinn, lena n-áirítear, go háirithe, comhar le gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, agus an oideachais agus na hoiliúna chun a áirithiú go mbeidh an creat beartais comhsheasmhach. |
(6) Ba cheart don Líonra leanúint den chomhar córasach agus struchtúrtha le geallsealbhóirí ábhartha eile sa mhargadh saothair, é a threisiú agus é a neartú, lena n-áirítear, go háirithe, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, an chomhionannais inscne, an oideachais agus na hoiliúna, mar aon leis na comhpháirtithe sóisialta, soláthraithe seirbhíse i réimsí na fostaíochta agus na ngnóthaí sóisialta, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar ghrúpaí leochaileacha, agus údaráis áitiúla agus réigiúnacha chun sineirgí a chur chun cinn, dea-chleachtais a mhalartú agus a áirithiú go mbeidh an creat beartais comhsheasmhach i gcás inarb ábhartha. |
Leasú 9
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(6a) Ba cheart tacaíocht leormhaith a thabhairt do ról na SPFanna ó thaobh seirbhísí níos éifeachtaí a chur ar fáil do chuardaitheoirí poist agus do ghnóthais ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb ábhartha, ar an leibhéal réigiúnach, lena ngabhann acmhainní daonna leordhóthanacha agus tacaíocht airgeadais d’oiliúint foirne agus trealamh. |
Leasú 10
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 7 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(7a) Ba cheart an Líonra agus a chuid tionscnamh a chistiú i gcomhréir le pleanáil airgeadais an Aontais de réir mar is iomchuí agus laistigh de na leithreasuithe arna socrú ag Parlaimint na hEorpa agus ag an gComhairle. |
Leasú 11
Togra le haghaidh cinnidh
Aithris 7 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(7b) Maidir le tionscadail arna bhforbairt ag an Líonra nó arna sainaithint sna gníomhaíochtaí foghlama frithpháirtí agus arna gcur chun feidhme ansin sna SPFanna aonair, ba cheart rochtain a bheith ag na Ballstáit ar chistiú ó chláir ábhartha de chuid an Aontais. |
Leasú 12
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – an chuid réamhráiteach
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Is é is aidhm don Chinneadh seo comhar idir na Ballstáit a spreagadh tríd an Líonra i réimse na fostaíochta, i réimsí freagrachta na SPFanna, chun cur le cur chun feidhme bheartais fostaíochta an Aontais. Cuideoidh sé sin freisin le cur chun feidhme Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe, rud a thacóidh leis an méid seo a leanas: |
Is é is aidhm don Chinneadh seo comhar idir na Ballstáit a spreagadh tríd an Líonra i réimse na fostaíochta, i réimsí freagrachta na SPFanna, chun rannchuidiú le cur chun feidhme bheartais fostaíochta agus shóisialta an Aontais, rud a thacóidh leis an méid seo a leanas: |
Leasú 13
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 a (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – mír 1 – pointe -a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2a) In Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach: |
|
“(-a) prionsabail Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta agus prionsabail agus cuspóirí ábhartha an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme;” |
Leasú 14
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 b (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – mír 1 – pointe a
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(2b) In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a): |
(a) the most vulnerable social groups with high unemployment rates, especially older workers and young persons not in employment, education or training (‘NEETs’); |
“(a) na grúpaí sóisialta uile atá leochaileach ina bhfuil rátaí arda dífhostaíochta, go háirithe oibrithe níos sine agus daoine óga nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (‘NEETanna’) mar aon le daoine atá faoi mhíchumas agus daoine a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar an il-idirdhealú;” |
Leasú 15
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 c (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(2c) In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (c): |
(c) the better functioning of the labour markets in the EU; |
“(c) feidhmiú níos fearr agus cuimsitheacht na margaí saothair;” |
Leasú 16
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 d (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – mír 1 – pointe c a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2 d) In Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach: |
|
“(c a) comhionannas inscne;”; |
Leasú 17
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 e (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – mír 1 – pointe d
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(2e) In Airteagal 3(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (d): |
(d) the identification of skills shortages and the provision of information on their extent and location, as well as the better matching of the skills of job-seekers with the needs of employers; |
“(d) ganntanais scileanna a shainaithint agus faisnéis a sholáthar faoina fhorleithne atá siad agus na réimsí ina bhfuil siad, mar aon le scileanna na gcuardaitheoirí poist a chomhoiriúnú ar bhealach níos fearr le riachtanais na bhfostóirí trí ionstraimí amhail an ghairmoiliúint;” |
Leasú 18
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 f (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 3 – mír 1 – pointe h a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2f) In Airteagal 3(1), cuirtear an pointe seo a leanas isteach: |
|
“(ha) an comhar agus malartú dea-chleachtas maidir leis an gcomhordú a bhaineann leis an bhfostaíocht a dhéantar ar chórais slándála sóisialta;” |
Leasú 19
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 g (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe i
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(2g) I bpointe (a) d’Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i): |
(i) contribution to reducing unemployment for all age groups and for vulnerable groups; |
“(i) rannchuidiú leis an dífhostaíocht a laghdú do na grúpaí aoise, inscne agus leochaileacha ar fad;” |
Leasú 20
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 h (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 4 – mír 1 – pointe a – pointe iii a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(2h) I bpointe (a) d’Airteagal 4(1) , cuirtear an pointe seo a leanas isteach: |
|
“(iiia) gairmthreoir agus gairmoiliúint, go háirithe maidir le poist inbhuanaithe atá dírithe ar an todhchaí;” |
Leasú 21
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 4 – mír 1 – pointe c
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(c) a chion a dhéanamh chun na SPFanna a nuachóiriú agus a neartú sna príomhréimsí, i gcomhréir le beartais fostaíochta an Aontais, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta agus leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe; |
(c) rannchuidiú le nuachóiriú agus neartú na SPFanna sna príomhréimsí i bhfianaise bheartais fostaíochta agus shóisialta an Aontais, Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe mar aon le forbairtí teicneolaíochta, patrúin oibre atá ag athrú agus athruithe déimeagrafacha; |
Leasú 22
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 a (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 4 – mír 1 – pointe f
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3a) In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (f): |
(f) adopt and implement its annual work programme setting out its working methods, deliverables and the details related to the implementation of bench learning; |
“(f) a chlár oibre bliantúil a ghlacadh agus a chur chun feidhme ina leagtar amach a chuid modhanna oibre, spriocanna insoláthartha, na mionsonraí a bhaineann le cur chun feidhme na tagarfhoghlama mar aon le straitéisí scaipthe agus comhair;”; |
Leasú 23
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 3 b (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 4 – mír 1 – pointe g
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(3b) In Airteagal 4(1), cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (g): |
(g) promote and share best practices on the identification of NEETs and on the development of initiatives to ensure those young people gain the skills necessary to enter and remain in the labour market. |
“(g) dea-chleachtais a chur chun cinn agus a chomhroinnt maidir leis na grúpaí leochaileacha sa mhargadh saothair a shainaithint, amhail na daoine atá dífhostaithe go fadtéarmach, oibrithe atá faoi mhíchumas agus daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna, agus maidir lena lánpháirtiú sa mhargadh saothair a chur chun cinn, lena n-áirítear tionscnaimh chun scileanna nua a fháil i gcás inar gá.” |
Leasú 24
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 5 |
Airteagal 5 |
Comhar |
Comhar |
Forbróidh an Líonra comhar leis na páirtithe leasmhara ábhartha sa mhargadh saothair, lena n-áirítear soláthraithe eile seirbhísí fostaíochta, agus, i gcás inarb iomchuí, gníomhaireachtaí de chuid an Aontais i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, agus an oideachais agus na hoiliúna, comhpháirtithe sóisialta, eagraíochtaí atá ionadaitheach do dhaoine dífhostaithe nó do ghrúpaí soghonta, ENRanna a oibríonn i réimse na fostaíochta, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, trí pháirt a thabhairt dóibh i ngníomhaíochtaí agus i gcruinnithe ábhartha an Líonra agus trí fhaisnéis agus sonraí a chomhroinnt leo. |
Forbróidh an Líonra comhar leis na geallsealbhóirí ábhartha sa mhargadh saothair, lena n-áirítear soláthraithe eile seirbhísí fostaíochta agus sóisialta agus na comhpháirtithe sóisialta, agus, i gcás inarb iomchuí, seirbhísí poiblí fostaíochta ábhartha ó thríú tíortha, gníomhaireachtaí de chuid AE i réimse na fostaíochta, an bheartais shóisialta, an chomhionannais inscne, agus an oideachais agus na hoiliúna, eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar dhaoine dífhostaithe nó ar ghrúpaí leochaileacha, comhlachtaí comhionannais, eagraíochtaí gairmoiliúna, eagraíochtaí neamhrialtasacha a oibríonn i réimsí na fostaíochta agus an aistrithe chóir, agus údaráis réigiúnacha agus áitiúla, trí pháirt a thabhairt dóibh i ngníomhaíochtaí agus cruinnithe ábhartha an Líonra agus trí fhaisnéis agus sonraí a chomhroinnt leo. |
Leasú 25
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 4 a (nua)
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 6 – mír 5
|
|
An téacs atá ann |
Leasú |
|
(4a) In Airteagal 6, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5: |
5. The Board shall be assisted by a Secretariat provided by and based within the Commission. The Secretariat, in cooperation with the Chair and Vice-Chairs, shall prepare the Board meetings, the annual work programme and the annual report of the Network. The Secretariat shall closely cooperate with the EMCO Secretariat. |
"5. Déanfaidh Rúnaíocht a chuirfidh an Coimisiún ar fáil agus a bheidh lonnaithe ann cúnamh a thabhairt don Bhord. Déanfaidh an Rúnaíocht, i gcomhar leis an gCathaoirleach agus na Leas-Chathaoirligh, cruinnithe an Bhoird, an clár oibre bliantúil agus tuarascáil bhliantúil an Líonra a ullmhú. Oibreoidh an Rúnaíocht i ndlúthchomhar le Rúnaíocht EMCO, chun tionscnaimh idir an Líonra agus EMCO a chomhordú.” |
Leasú 26
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 7 |
Airteagal 7 |
Tacaíocht airgeadais |
Tacaíocht airgeadais |
Déanfar na hacmhainní foriomlána le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh seo a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (2021-2027) de réir mar is iomchuí, agus údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leithreasuithe bliantúla an Chreata sin faoi réir theorainneacha an chreata airgeadais. |
Déanfar na hacmhainní foriomlána is gá le haghaidh chur chun feidhme an Chinnidh seo a chur ar fáil i gcomhréir leis an gcéad Chreat Airgeadais Ilbhliantúil eile (2021-2027), agus údaróidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle leithreasuithe bliantúla an Chreata sin faoi réir theorainneacha an chreata airgeadais. |
Leasú 27
Togra le haghaidh cinnidh
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7
Cinneadh Uimh. 573/2014/AE
Airteagal 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Airteagal 10 |
Airteagal 10 |
Athbhreithniú |
Athbhreithniú |
Cuirfidh an Coimisiún meastóireacht ar fheidhm an Chinnidh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoi Mheán Fómhair 2026. |
Cuirfidh an Coimisiún tuarascáil mheastóireachta ar fheidhm an Chinnidh seo faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún faoin 30 Meán Fómhair 2026. Déanfar measúnú sa tuarascáil, i measc nithe eile, ar a mhéid a rannchuidigh an Líonra leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach. |
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Comhar Feabhsaithe idir na Seirbhísí Poiblí Fostaíochta (SPFanna) |
|||
Tagairtí |
COM(2019)0620 – C9-0117/2019 – 2019/0188(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
11.9.2019 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
EMPL 19.9.2019 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Manuel Pizarro 24.10.2019 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
4.12.2019 |
22.1.2020 |
20.2.2020 |
|
Dáta an ghlactha |
23.6.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
49 2 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Atidzhe Alieva-Veli, Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Andrea Bocskor, Milan Brglez, Sylvie Brunet, David Casa, Leila Chaibi, Margarita de la Pisa Carrión, Klára Dobrev, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Rosa Estaràs Ferragut, Nicolaus Fest, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Helmut Geuking, Alicia Homs Ginel, France Jamet, Agnes Jongerius, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Radka Maxová, Sandra Pereira, Dragoș Pîslaru, Manuel Pizarro, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Guido Reil, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Monica Semedo, Beata Szydło, Eugen Tomac, Romana Tomc, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne, Nikolaj Villumsen, Marianne Vind, Maria Walsh, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Anna Júlia Donáth, José Gusmão, Pierfrancesco Majorino, Kim Van Sparrentak |
|||
Dáta don chur síos |
29.6.2020 |
VÓTÁLA CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
49 |
+ |
PPE |
Andrea Bocskor, David Casa, Jarosław Duda, Rosa Estaràs Ferragut, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Miriam Lexmann, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Romana Tomc, Maria Walsh, Tomáš Zdechovský |
S&D |
Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Klára Dobrev, Estrella Durá Ferrandis, Heléne Fritzon, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Pierfrancesco Majorino, Manuel Pizarro, Marianne Vind |
RENEW |
Atidzhe Alieva‑Veli, Sylvie Brunet, Anna Júlia Donáth, Radka Maxová, Dragoș Pîslaru, Monica Semedo, Yana Toom, Marie‑Pierre Vedrenne |
VERTS/ALE |
Katrin Langensiepen, Mounir Satouri, Kim Van Sparrentak, Tatjana Ždanoka |
ECR |
Helmut Geuking, Elżbieta Rafalska, Beata Szydło, Margarita de la Pisa Carrión, Lucia Ďuriš Nicholsonová |
GUE/NGL |
Leila Chaibi, José Gusmão, Sandra Pereira, Nikolaj Villumsen |
NI |
Daniela Rondinelli |
2 |
- |
ID |
Nicolaus Fest, Guido Reil |
3 |
0 |
ID |
France Jamet, Elena Lizzi, Stefania Zambelli |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Nár foilsíodh fós san Iris Oifigiúil