Nós Imeachta : 2020/2002(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0129/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0129/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 15/09/2020 - 2
PV 16/09/2020 - 2

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0213

<Date>{01/07/2020}1.7.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0129/2020</NoDocSe>
PDF 217kWORD 78k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>ar chomhar slándála idir AE agus an Afraic i réigiún na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice</Titre>

<DocRef>(2020/2002(INI))</DocRef>


<Commission>{AFET}An Coiste um Ghnóthaí Eachtracha</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Javier Nart</Depute>

LEASUITHE
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 LITIR ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH
 VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH


PR_INI

CLÁR

Leathanach

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

LITIR ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

 


TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar chomhar slándála idir AE agus an Afraic i réigiún na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice

(2020/2002(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), agus go háirithe Airteagail 41, 42, 43, 44, 45 agus 46 de,,

 ag féachaint do thuarascáil ECFE agus Chlub na Saiheile agus na hAfraice Thiar an 14 Feabhra 2020 dar teideal ‘Tíreolaíocht na Coinbhleachta i dTuaisceart agus in Iarthar na hAfraice’,

 ag féachaint do thuarascáil Institiúid Idirnáisiúnta um Thaighde Síochána i Stócólm dar teideal ‘Treochtaí i gCaiteachas Míleata Domhanda, 2019’, arna fhoilsiú in Aibreán 2020,

 ag féachaint don Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 9 Márta 2020, dar teideal ‘I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic’ (JOIN(2020)0004),

 ag féachaint do Dhearbhú Comhpháirteach chomhaltaí na Comhairle Eorpaí le Ballstáit Ghrúpa de chúig thír na Saiheile (G5 na Saiheile) an 28 Aibreán 2020,

 ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2020/253 ón gComhairle an 25 Feabhra 2020, lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2018/906 lena gcuirtear síneadh le sainordú Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh don tSaiheil[1]

 ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach ó cheannairí Bhallstáit an Ghrúpa de Chúig thír na Saiheile (G5 na Saiheile), agus ó Uachtarán Phoblacht na Fraince arna dhéanamh ag cruinniú mullaigh an 13 Eanáir 2030 a tionóladh in Pau, an Fhrainc (Dearbhú Pau),

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 maidir le Plean Gníomhaíochta Réigiúnach 2015-2020 don tSaiheil, an 16 Márta 2015 maidir le Plean Gníomhaíochta 2015-2020 an Aontais do Mhurascaill na Guine agus an 25 Meitheamh 2018 maidir le Corn na hAfraice/An Mhuir Rua,

 ag féachaint do Rún 1325/1820 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus dá rúin leantacha

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2013 maidir le Straitéis AE do Chorn na hAfraice[2],

 ag féachaint don rún uaithi an 7 Meitheamh 2016 maidir le hOibríochtaí Tacaíochta Síochána - rannpháirtíocht AE leis na Náisiúin Aontaithe agus le hAontas na hAfraice[3],

 ag féachaint don rún uaithi an 5 Iúil 2018 maidir leis an tSomáil[4],

 ag féachaint don Straitéis maidir le Forbairt agus Slándáil Thíortha G5 na Saiheile de mhí Mheán Fómhair 2016, don Chreat le haghaidh Gníomhaíochtaí Tosaíochtaí Comhtháite de mhí Feabhra 2020, do Chomhaontas na Saiheile agus don Chomhpháirtíocht maidir le Cobhsaíocht agus maidir le Slándáil sa tSaiheil,

 ag féachaint do ‘Choincheap AE do thacaíocht CBES d’Athchóiriú na hEarnála Slándála (AES)’ arna ghlacadh ag an gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2005, rinne an teachtaireacht ón gCoimisiún an 24 Bealtaine 2006 dar teideal ‘Coincheap maidir le Tacaíocht an Chomhphobail Eorpaigh d’Athchóiriú na hEarnála Slándála’ (COM (2006) 0253 ), an Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 5 Iúil 2016 dar teideal ‘Gnéithe de chreat straitéiseach uile-Aontais chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála ’ (JOIN (2016) 0031) agus na conclúidí ón gComhairle maidir le 'creat straitéiseach ar fud AE chun tacú le hAthchóiriú na hEarnála Slándála (AES)' an 14 Samhain 2016,

 ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), agus go háirithe do SDG 16, atá dírithe ar shochaithe síochánta agus cuimsitheacha a chur chun cinn d’fhorbairt inbhuanaithe,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2017/821 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2017 lena leagtar síos oibleagáidí díchill chuí sa slabhra soláthair d'allmhaireoirí de chuid an Aontais de stán, de thantalam agus de thungstan, dá mianta, agus d'ór de thionscnamh limistéar ina bhfuil coinbhleacht agus limistéar ardriosca (an 'Rialachán maidir le Mianraí Coimhlinte')[5],

 ag féachaint don Chreat Straitéiseach do Chorn na hAfraice an 14 Samhain 2011, agus do Plean Réigiúnach Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh do Chorn na hAfraice 2015-2020 an 26 Deireadh Fómhair 2015,

 ag féachaint don ghlao ó Ard-Rúnaí na Náisiún Aontaithe ar shos cogaidh domhanda tar éis ráig an choróinvíris (COVID-19),

 ag féachaint do Straitéis AE maidir le Murascaill Ghuine an 17 Márta 2014,

 ag féachaint do Straitéis AE maidir le Slándáil agus Fhorbairt sa tSaiheil an 21 Márta 2011 a chuir Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus an Coimisiún i láthair, arna iarraidh sin ag an gComhairle,

 ag féachaint do Chomhchruinnithe Comhairliúcháin Bliantúla Chomhairle Síochána agus Slándála Aontas na hAfraice agus Choiste Polaitiúil agus Slándála an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don Phlean Gníomhaíochta chun Tacaíocht CBSC an Aontais Eorpaigh do Shíochánaíocht na Náisiún Aontaithe a Fheabhsú an 14 Meitheamh 2012 agus maidir leis an gComhpháirtíocht Straitéiseach idir na Náisiún Aontaithe agus AE maidir leis an tSíochánaíocht agus Bainistíú Géarchéime a Neartú: Tosaíochtaí 2015-2018 an 27 Márta 2015,

 ag féachaint do Straitéis Chomhpháirteach AE-an Afraic (JAES) a glacadh ag an 2ú Cruinniú Mullaigh idir AE agus an Afraic a tionóladh i Liospóin an 8 agus an 9 Nollaig 2007, agus an Treochlár JAES 2014-2017 a glacadh ag an 4ú Cruinniú Mullaigh idir  AE agus an Afraic a tionóladh sa Bhruiséil an 2 agus 3 Aibreán 2014,

 ag féachaint do Thuarascáil Speisialta Uimh. 3 de chuid Chúirt Iniúchóirí na hEorpa dar teideal ‘Éifeachtacht agus éifeachtúlacht ranníocaíochtaí AE a dháiltear trí Eagraíochtaí na Náisiún Aontaithe i dtíortha a bhfuil coinbhleacht iontu’ an 25 Bealtaine 2011,

 ag féachaint don rún uaithi an 25 Samhain 2010 ar chomóradh 10 mbliana rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, Síocháin agus Slándáil[6],

 ag féachaint do Chur Chuige Straitéiseach AE i leith na mBan, na Síochána agus na Slándála (WPS) an 10 Nollaig 2018 agus do Phlean Gníomhaíochta  2019-2024 uaidh an 5 Iúil 2019,

 ag féachaint do rún an 22 Samhain 2012 uaithi umaidir le ról an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta i gcás géarchéimeanna aeráide agus tubaistí nádúrtha[7],

 ag féachaint do thuarascálacha 2011 agus 2012 de Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe dar teideal ‘Slándáil Slite Beatha: An tAthrú Aeráide, an Imirce agus Coimhlint i réigiún na Saiheile’,

 ag féachaint don Choincheap ón gComhairle maidir le Cumais Idirghabhála agus Idirphlé AE a Neartú an 10 Samhain 2009,

 ag féachaint don rún uaithi an 12 Márta 2019 maidir le hacmhainneacht AE i ndáil le coinbhleachtaí a chosc agus idirghabháil a dhéanamh ina leith[8],

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais slándála agus cosanta[9] agus maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais eachtraigh agus slándála[10],

 ag féachaint don togra le haghaidh rialáchán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 230/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 lena mbunaítear ionstraim lena gcuirtear le cobhsaíocht agus le síocháin (COM (2016) 0447),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiúin an 28 Aibreán 2015 dar teideal ‘An Clár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil’ (COM (2015) 0185,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don litir ón gCoiste um Fhorbairt,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha (A9-0129/2020),

A. de bhrí nach mbainfear forbairt agus síocháin inbhuanaithe amach ach trí aghaidh a thabhairt ar bhunchúiseanna na bochtaineachta agus an ocrais; de bhrí gur réamhchoinníoll í an tslándáil don fhorbairt; de bhrí gur réamhchoinníoll í slándáil an duine chun síocháin agus cobhsaíocht bhuan a bhaint amach; de bhrí go bhfuil nasc láidir idir slándáil, forbairt agus idirghabháil dhaonnúil riachtanach d’fhorbairt inbhuanaithe réigiúin Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Corn na hAfraice; de bhrí nach mbeidh aon síocháin inbhuanaithe ann gan forbairt ná díothú na bochtaineachta; de bhrí go bhfuil an tslándáil i réigiúin na Saiheile agus an tSahára agus Chorn na hAfraice ag dul in olcas de réir a chéile cé nár éirigh le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh freagairt go leormhaith don ghéarchéim sin go háirithe ar theorainneacha i leith sainordú agus inoibritheachta;

B. de bhrí go bhfuil timpeallacht straitéiseach theas AE éagobhsaí; de bhrí go bhfuil raon dúshlán os a chomhair, go háirithe coinbhleachtaí armtha ag teorainneacha theas mhór-roinn na hEorpa agus sceimhlitheoireacht jiohádach de bhrí go bhfuil éifeacht dhíreach ag éagobhsaíocht sa réigiún seo ar shlándáil na hEorpa agus a saoránach, agus ar chobhsaíocht ag teorainneacha seachtracha na hEorpa;

C. de bhrí go gcaithfidh slándáil agus cobhsaíocht na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Chorn na hAfraice a bheith ina sprioc straitéiseach de chomhoibriú AE leis na rialtais sa chomharsanacht theas;

D. de bhrí go bhfuil sainorduithe mhisean an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC) cuimsitheach agus go bhfuil sé mar aidhm acu, i measc rudaí eile, athchóiriú na hearnála slándála a chothú, athchóiriú ceartais a chur chun cinn agus oiliúint mhíleata agus póilíní a neartú, chomh maith le maoirseacht a chur chun cinn;

E. de bhrí go bhfuil an tAontas Eorpach tiomanta do shlándáil agus d’fhorbairt réigiún na Saiheile mar phríomh-chomhpháirtí trí chur chuige comhtháite dírithe ar idirphlé polaitiúil agus taidhleoireachta, agus forbairt agus tacaíocht dhaonnúil;

F. de bhrí gurb é a lean as an tionscnaimh 'Fothú acmhainní chun tacú leis an tslándáil agus an fhorbairt' (CBSD) go ndearnadh athbhreithniú ar an Ionstraim lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus Síocháin (IcSP +) in 2017, a raibh maoiniú do thionscnaimh oiliúna agus seachadadh trealaimh neamh-mharfaigh chuig fórsaí armtha i dtíortha neamh-AE mar thoradh air;

G. de bhrí go gceanglaítear ar na Ballstáit an pearsanra riachtanach a sholáthar do na misin, ciallaíonn easnaimh, atá géartaithe mar gheall ar an bpaindéim de dheasca scaipeadh COVID-19, go bhfuil líon foirne AE sna misin sin á laghdú ar fhorais sláinte;

H. de bhrí,  ón Aigéan Atlantach san iarthar go dtí an Mhuir Rua agus an tAigéan Indiach san oirthear, go bhfuil go leor tíortha san Afraic ag streachailt chun dul i ngleic le dúshláin, amhail an geilleagar agratréadach, saothrú acmhainní nádúrtha ag gníomhaithe seachtracha, neamhshábháilteacht bia agus cothaithe, an easpa rochtana ar sheirbhísí sóisialta bunúsacha, samhlacha talmhaíochta míchuí, fás daonra agus brú ar acmhainní nádúrtha agus comhshaoil amhail dífhoraoisiú; de bhrí gur dúshlán mór eile é teacht chun cinn cineálacha nua geilleagair maifia, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine, ar imircigh agus drugaí, smuigleáil chultúrtha agus fiadhúlra, agus onnmhairiú neamhrialaithe taiscí óir agus mianraí, ar ní é as a bhfuil, i dteannta laigeachtaí institiúideacha agus easpa trédhearcachta, rialachas lag, neamhionannais atá ag dul i méid, easpa muiníne i rialtais agus éilliú mórán riarachán, hibridiú idir grúpaí sceimhlitheoireachta, gáinneálaithe agus coinbhleachtaí traidisiúnta pobail agus réigiúnacha, agus feiniméan do-ghlactha an antoisceachais jiohádaigh mar aon le fás an radacaithe ag teacht chun cinn mar fhreagairt bhréagach le haghaidh na sochaithe lena mbaineann;

I. de bhrí go n-athraíonn cineál na ndúshlán slándála, na gcoimhlintí foréigneacha agus an fhoréigin pholaitiúil idir réigiúin, tíortha agus cúigí éagsúla na hAfraice; de bhrí, i réigiúin na Saiheile nó Chorn na hAfraice, maidir le grúpaí armtha Ioslamacha agus sceimhlitheoireacht, ach go pointe áirithe freisin fórsaí slándála, grúpaí coiriúla agus mílíste éagsúla, go mbíonn siad ina gcúis le taismigh mhóra, go háirithe i measc sibhialtach; de bhrí go bhfuil an scéal an-difriúil i bhformhór na 19 tír in Iarthar na hAfraice, áit a mbíonn cobhsaíocht agus slándáil bhuan ag tíortha áirithe, agus foréigean polaitiúil nó coimhlint eitneach i dtíortha eile;

J. de bhrí go raibh 3 471 imeacht foréigneach a tuairiscíodh nasctha leis na grúpaí sin anuraidh; de bhrí gur tháinig méadú seacht faoin gcéad anuraidh ar bhásanna tuairiscithe mar thoradh ar ghníomhaíocht ghrúpa Ioslamach cathach na hAfraice, go dtí thart ar 10 460 bás;

K. de bhrí go bhfuil gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta comhchruinnithe den chuid is mó i gcúig phríomhionad, lena n-áirítear an tSomáil, Imchuach Loch Shead, an tSaiheil - le bagairtí níos lú ach leanúnach san Afraic Thuaidh agus i gcósta thiar an Aigéin Indiaigh; de bhrí gur sa tSaiheil a tharla an méadú is gasta i ngníomhaíocht fhoréigneach antoisceach in aon réigiún in 2019; de bhrí go bhfuil a dinimic uathúil féin ag gach ionad agus go dteastaíonn cur chuige réigiúnach uathúil uaidh;

L. de bhrí gur léirigh ceannairí AE agus G5 na Saiheile a n-imní mhór faoin méadú ar an sceimhlitheoireacht agus faoi mheath na slándála agus an staid dhaonnúil i réigiún na Saiheile; de bhrí go bhfuil an sceimhlitheoireacht ag cur brú níos mó ar thíortha G5 na Saiheile agus ar a gcomharsanacht; de bhrí go bhfuil an sceimhlitheoireacht ag cur leis an teannas polaitiúil, eitneach agus reiligiúnach áitiúil, agus í á spreagadh ag grúpaí coiriúla agus bunúsaithe, casaoidí socheacnamaíocha, rialachas lag, agus, i gcásanna áirithe, fórsaí slándála agus cosanta

M. de bhrí go ndéanann ionsaithe sceimhlitheoireachta ar dhaonraí sibhialtach, institiúidí stáit, ionadaithe stáit, fórsaí slándála agus cosanta agus bonneagar an bonn a bhaint den chomhtháthú sóisialta, agus cé go n-úsáideann grúpaí sceimhlitheoireachta coinbhleachtaí áitiúla atá ann cheana chun na críche sin;

N. de bhrí go ndeachaigh na dúshláin sin go léir i bhfeidhm go mór ar chobhsaíocht agus ar shíocháin na bpobal áitiúil agus ar an ord traidisiúnta atá bunaithe ar chomhréitigh agus ar údarás morálta na sinsear agus na gceannairí traidisiúnta, ar nithe iad a bhfuil a n-áit á nglacadh ag forlámhas grúpaí armtha smuigléirí agus sceimhlitheoirí;

O. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach na coinníollacha slándála a chruthú atá riachtanach chun struchtúir bhunúsacha stáit a athbhunú, go háirithe sna réigiúin is iargúlta ina bhféadfadh saoránaigh a mhothú go bhfuil siad tréigthe;

P. de bhrí go mbíonn claonadh ag ionsaithe sceimhlitheoireachta agus coiriúla díriú ar dhaonraí sibhialtach, ionadaithe stáit, fórsaí slándála agus cosanta, agus bonneagar socheacnamaíoch, agus ar an gcaoi sin an bonn a bhaint de chomhtháthú agus lanpháirtiú sóisialta agus pobail;

Q. de bhrí go bhfuil an Saiheil ar cheann de na réigiúin is mó a dtéann iomadú arm beag aindleathach i bhfeidhm orthu, agus cé go gcuireann na hairm sin gan doiciméid agus a shealbhaítear go neamhdhleathach den chuid is mó bagairt ar shábháilteacht agus ar shlándáil na bpobal, ach go n-úsáideann líonraí coiriúla trasnáisiúnta contúirteacha iad atá i mbun cineálacha éagsúla. Gáinneála iad freisin, lena n-áirítear gáinneáil arm, daoine agus drugaí neamhdhleathacha;

R. de bhrí, de réir sonraí nua ó Institiúid Idirnáisiúnta um ar an tSíocháin (SIPRI:

(a) gur fhás comhchaiteachas míleata stáit san Afraic 1.5% go dtí USD 41.2 billiún measta in 2019, an chéad mhéadú caiteachais sa réigiún le cúig bliana;

(b) gur allmhairigh an Afraic 49% dá trealamh míleata ón Rúis, 14% ó na Stáit Aontaithe agus 13% ón tSín; de bhrí gur onnmhairigh an tSín 20% dá ndíolachán arm domhanda chun na hAfraice;

S. de bhrí gurb é atá i dtionchar míleata na Rúise ar fud na hAfraice ná díolachán arm, amhais agus comhairleoirí polaitiúla a úsáid, comhaontuithe slándála agus cláir oiliúna do thíortha éagobhsaí;

T. de bhrí go bhfuil luach óir na mbilliún dollar á smuigleáil amach as tíortha iarthar na hAfraice gach bliain trí Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha (UAE) sa Mheánoirthear; de bhrí, de réir na Náisiún Aontaithe, go ngineann grúpa antoisceach na Somáile Al Shabaab na milliúin dollar in ioncam as onnmhairí fioghuail chuig an Iaráin agus ansin ar aghaidh chuig an UAE, de shárú ar smachtbhannaí na Náisiún Aontaithe;

U. de bhrí go mbíonn tionchar ag an mbochtaineacht, easpa oideachais, dífhostaíocht, coimhlintí, géarchéimeanna agus neamhshlándáil in éineacht le tosca eile cosúil le stáit theipthe, drochrialachas agus éilliú go háirithe ar dhaoine óga agus ar na deiseanna a thugtar dóibh, ag cur iachall ar go leor acu teitheadh agus a dtithe agus a dteaghlaigh a fhágáil le haghaidh réigiúin níos sábháilte nó mór-ranna eile, agus ar an gcaoi sin a saol a chur i mbaol;

V. de bhrí go mbeidh na dúshláin thuasluaite éirithe níos measa le paindéim COVID-19 agus le héifeachtaí an athraithe aeráide atá ag dul in olcas; de bhrí gur fhógair an Coimisiún EUR 194 milliún breise chun tacú le slándáil, cobhsaíocht agus athléimneacht sa tSaiheil ;

W. de bhrí nach bhfuil an bhagairt ó ghrúpaí cathach Ioslamacha san Afraic aonfhoirmeach ó thaobh cineáil de, ach go bhfuil gníomhaíocht ann ó mheascán atá ag athrú i gcónaí de thart ar dhá dhosaen grúpa atá ag feidhmiú go gníomhach i 14 thír;

X. de bhrí gur reáchtáil an tAontas Eorpach ceithre mhisean agus oibríocht mhíleata CBSC chun Fórsaí Armtha na Somáile a oiliúint agus a chomhairliú (misean oiliúna an Aontais Eorpaigh (EUTM) an tSomáil – 2010), Mailí (EUTM Mali– 2013) agus (EUTM RCA – 2016) Phoblacht na hAfraice Láir , oibríocht mhíleata chabhlaigh amháin ) oibríocht ATALANTA de chuid fhórsa cabhlaigh an Aontais Eorpaigh (NAVFOR) – 2009), agus trí mhisean shibhialtacha chun fórsaí slándála inmheánacha Mhailí a oiliúint agus comhairle a thabhairt dóibh (misean AE um fhorbairt acmhainne (EUCAP) Sahel Mali – 2012), an Nígir (EUCAP Sahel Niger – 2014) agus an tSomáil (EUCAP Somalia – 2014), ), tionscadal GAR-SI Sahel agus bhunaigh sé agus reáchtálfaidh sé misean comhairleach (EUAM) go luath i bPoblacht na hAfraice Láir;

Y. de bhrí go soláthraíonn roinnt urphost míleata tíortha aonair, amhail an Fhrainc agus Stáit Aontaithe Mheiriceá, cúnamh slándála do chomhpháirtithe áitiúla, ag seoladh frithsceimhlitheoireachta agus oibríochtaí eile de bhrí go bhfuil siad seo, i gcomhthreo le réitigh pholaitiúla, iarrachtaí tógála stáit agus tionscnaimh forbartha, bunriachtaach chun grúpaí sceimhlitheoireachta a chosaint agus go gcuireann siad le cobhsaíocht réigiúnach a fhorbairt;

Z. de bhrí go bhfuil gá le brú leanúnach ar sceimhlitheoirí chun iomadú na bagartha sin a chosc i réigiúin agus i mór-ranna eile, an Eoraip san áireamh;

AA. de bhrí, le deich mbliana anuas, go bhfuil institiúidí slándála na hAfraice tar éis na mílte de phearsanra a imscaradh in oibríochtaí síochána ar ithir na hAfraice, rud a taispeánann toil dhílis cur le rialachas slándála ar a mór-roinn féin;

AB. de bhrí go bhfuil AE ag tacú le hoibriú Fórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile príomhionstraim frithsceimhlitheoireachta atá ríthábhachtach chun an sceimhlitheoireacht, gníomhaíocht jiohádach agus bagairtí slándála a chomhrac, agus chun slándáil réigiúnach a fheabhsú;

AC. de bhrí go ndéanann oibríocht leanúnach phríomhghníomhaithe slándála réigiúnacha mar Comhphobal Eacnamaíoch Stáit na hAfraice Thiar (ECOWAS), Fórsa Fuireachais Oirthear na hAfraice (EASF) agus Fórsa Fuireachais Afracach Aontas na hAfraice forluí le leas AE cuidiú le tíortha atá ag streachailt chun síocháin agus rathúnas a sholáthar dá gcuid saoránach;

AD. de bhrí go bhfuil comhar réigiúnach agus dea-chaidreamh comharsanachta idir tíortha réigiún na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Chorn na hAfraice fíor-riachtanach chun an chobhsaíocht sna réigiúin sin a chothabháil agus a neartú;

AE. de bhrí go bhfanann Aontas na hAfraice de bheith ina phríomh-chomhpháirtí d’iarrachtaí síochána agus cobhsaíochta AE;

AF. de bhrí gur fhógair Aontas na hAfraice pleananna ag a chruinniú mullaigh bliantúil i mí Feabhra chun 3 000 saighdiúir a sheoladh chuig an tSaiheil chun tacú leis an G5 na Saiheile chun grúpaí armtha a chomhrac;

AG. de bhrí gur lean AE próiseas réigiúnach dá mhisin CBSC ó 2017 i leith, a bhfuil sé mar aidhm aige, in éineacht le comhar a chur chun cinn leis an G5 na Saiheile, bearnaí sa chomhar trasteorann sna réigiúin a shainaithint agus a líonadh níos fearr;

AH. de bhrí, tar éis na mblianta d’oiliúint shonrach, cuireadh bac ar mhisin thuasluaite an Aontais Eorpaigh chomh maith le misin na Náisiún Aontaithe ina n-inmharthanacht agus a n-éifeachtacht de bharr srianta a fhorchuirtear ar a sainordú, a gcláir oiliúna, a bpleananna inbhuanaitheachta agus úinéireacht áitiúil, chomh maith leis an bhfíoras nach bhfuil siad in ann an trealamh riachtanach a sholáthar do na haonaid a thraenálann siad agus do na fórsaí cosanta áitiúla, lena n-áirítear airm, armlón agus feithiclí; de bhrí go gcaithfear sainorduithe agus cuspóir mhisin an AE a athbhreithniú chun anailís ‘ceachtanna a foghlaimíodh’ a dhréachtú ar cheart í a úsáid chun misin reatha agus misin amach anseo a oiriúnú;

AI. de bhrí gur cheart go gcloífeadh aon oiliúint, maoiniú nó feistiú fórsaí slándála i dtríú tíortha le bunluachanna na hEorpa agus cuidiú le hearnáil slándála iontaofa a thógáil atá dírithe ar dtús ar shochair shlándála a sholáthar don daonra áitiúil ar fad agus an smacht reachta á urramú agus, go háirithe, an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine;

AJ. de bhrí go mbíonn tionchar ag na srianta sin agus gan láithreacht chomhtháite agus straitéiseach a bheith ag an Aontas Eorpach ar inchreidteacht ghníomhaíocht sheachtrach AE, cé go bhfuil gníomhaithe domhanda eile ag cur dlús lena ngníomhaíochtaí, ag seoladh amhas agus ag tógáil a saoráidí míleata féin agus ag méadú a soláthar arm agus armlón chuig tíortha an réigiúin gan aon choinníollacha rialachais agus go ndéanann siad amhlaidh, i ndáiríre, chun leasanna déthaobhacha a threisiú;

AK. de bhrí gur ghlac Páirtí Cumannach na Síne go foirmiúil in 2017 leis an tionscnamh "Crios Amháin agus Bóthar Amháin" (BRI), ag Comhdháil an Pháirtí Náisiúnta, le hinfheistíocht fógartha chomh hard le USD 8 trilliún do líonra ollmhór bonneagair iompair, fuinnimh agus teileachumarsáide a nascann an Eoraip, an Afraic agus an Áise de bhrí go bhfuil an tSín ina príomh-gheallsealbóir i ngeilleagar na hAfraice le tionchar suntasach ar go leor gnéithe de ghnóthaí na mór-roinne;

AL. de bhrí le deich mbliana anuas, go bhfuil UAE tar éis a láithreacht i gCorn na hAfraice a mhéadú de réir a chéile, ag baint úsáid as tionscadail fhorbartha agus dhaonnúla chun a fheiceálacht gheostraitéiseach a threisiú, go háirithe i Murascaill Áidin; de bhrí gur áitigh an tSomáil ar Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe beart a dhéanamh i gcoinne bonn míleata UAE a thógáil i gCríoch Shomáile;

AM. de bhrí gur chaith an Tuirc na blianta ag tógáil muiníne in Adharc na hAfraice agus í ag iarraidh a tionchar a mhéadú, go háirithe i réigiún na Mara Rua; de bhrí go ndéanann cuideachtaí na Tuirce príomh-chalafort agus aerfort Mogadishu a bhainistiú fós, agus fiú oiliúint mhíleata a sholáthar do shaighdiúirí rialtais na Somáile;

AN. de bhrí gur bhunaigh Cabhlach Arm Saortha Pobail  na Síne (PLAN) a chéad bhunáit mhíleata thar lear in Djibouti, agus go bhfuil fiacha 70% d’olltáirgeacht intíre Djibouti ag an tSín; de bhrí go ngabhann iasachtaí BRI tíortha leochaileacha i mbéal forbartha i ‘ngaistí fiachais’, lena n-ídítear cúlchistí rialtais agus lena gcuirtear fiacha ollmhóra ar ghlúnta cáiníocóirí;

AO. de bhí nach raibh arm na Somáile, Bhuirc Fasó ná arm Mhailí ná Fórsaí airm Phoblacht na hAfraice Láir in ann freagairt éifeachtach a fháil chun comhrac i gcoinne jiohádach ná grúpaí armtha agus limistéir le cabhair ó fhórsaí idirnáisiúnta cáirdiúla a choinneáil agus a dhaingniú, agus gurb é an toradh atá air sin go measann an pobal áitiúil go bhfuil siad tréigthe agus go bhfuil eagla orthu go gcuirfeadh na jiohádaigh nó na grúpaí armtha ina leith go bhfuil siad ag comhoibriú leis an rialtas a luaithe a fhillfidh siad agus a athshealbhóidh siad an limistéar as ar díbríodh iad;

AP. de bhrí go raibh titim chinnte sa phíoráideacht amach ó chóstaí Oirthear agus Iarthar na hAfraice mar thoradh ar iarrachtaí idirnáisiúnta slándála muirí ó AE agus ECAT araon a fheidhmíonn mar fhasach do chomhar slándála Eorpach, Afracach agus trasatlantach;

AQ. de bhrí nach bhfuil an staid ghinearálta feabhsaithe go suntasach tar éis blianta de bheith rannpháirteach sna misin shibhialta agus mhíleata thuasluaite agus go bhfuil claonadh ann anois go n-éireoidh sé níos measa in ainneoin na n-iarrachtaí a rinneadh; de bhrí, mar thoradh air sin, go bhfuil roinnt dúshlán sean agus nua ann agus mar sin go gcaithfear straitéis chuimsitheach a chur i bhfeidhm, le fócas ar leith ar réigiúin inarb iad na leochaileachtaí agus an teannas na cinn is airde, chun an sprioc dheiridh a bhaint amach maidir le cobhsaíocht réigiúnach agus freagracht le haghaidh slándála a chur faoi chúram na hAfraice; de bhrí go sásóidh an straitéis sin riachtanas práinneach agus ionchais arda gníomhaithe ar an talamh agus daoine áitiúla, agus gur cheart go dtabharfadh sí aghaidh ar bhunchúiseanna na géarchéime;

AR. de bhrí go bhfuil an cheist maidir le maoiniú CBSC ríthábhachtach chun go leanfaí den bheartas, agus cé go soláthraíonn an Ciste Forbartha Eorpach tríd an tSaoráid Síochána don Afraic (SSA), agus, sa todhchaí, tríd an tSaoráid Síochána Eorpach (SSE) tacaíocht don Aontas Afracach, agus maoiniú á thabhairt acu, i measc rudaí eile, do chostas oibriúcháin oibríochtaí síochánaíochta míleata san Afraic, go háirithe AMISOM sa tSomáil; de bhrí go nglacfaidh SSE ionad shásra Athena chun comhchostais oibríochtaí míleata CBSC a mhaoiniú, agus go dtabharfaidh SSA uirlis nua do AE chun oibríochtaí míleata a imscaradh ar bhealach níos solúbtha agus chun roghanna maidir le cúnamh slándála do chomhpháirtithe a fheabhsú go suntasach; de bhrí go mbeidh tionchar deiridh SSE mar ionstraim chun dul i ngleic go hinbhuanaithe le coimhlint fhoréigneach agus le neamhshlándáil ag brath ar a mhéid a chomhlánófar é leis na coimircí agus na córais faireacháin riachtanacha chun mí-úsáid fhéideartha na cabhrach a chuirtear ar fáil a sheachaint, agus chun go n-áiritheofaí go gcuirtear ceisteanna cuntasachta, chearta an duine agus na hurraime don dlí daonnúil san áireamh go cuí; de bhrí gur cheart do SSE amach anseo atá le hionad SSA a ghlacadh in 2021 a raon feidhme a leathnú chuig na stáit chomhpháirtíochta agus soláthar trealaimh mhíleata a lamháil;

AS. de bhrí go bhfuil sé fíor-riachtanach go dtacóidh AE lena chomhpháirtithe i réigiúin na Saiheile agus an tSahára agus Chorn na hAfraice atá ag tabhairt aghaidh ar dhúshláin mhéadaitheacha ina streachailt in aghaidh grúpaí sceimhlitheoireachta armtha, lena n-áirítear jiohádaidh; de bhrí gur féidir leis an Aontas Eorpach freagairt go cuí tríd an cúnamh riachtanach a sholáthar do na tíortha sa réigiún lena mbaineann trí SSE, lena n-áirítear airm agus armlón; de bhrí gur cheart SSE a fhormheas gan mhoill chun an cúnamh míleata a theastaíonn a lamháil;

AT. de bhrí go bhfuil an teocht ag ardú 1.5 uair níos tapa i réigiún na Saiheile ná sa chuid eile den domhan, agus de réir na Náisiún Aontaithe, go bhfuil thart ar 80% de thalamh talmhaíochta sa réigiún díghrádaithe, agus go bhfuil thart ar 50 milliún duine ag brath ar fheirmeoireacht beostoic i gcoinbhleacht faoi thalamh; de bhrí, de réir Choiste Idirnáisiúnta na Croise Deirge (ICRC), gurb é a bhíonn mar thoradh air sin ná ar neamhshábháilteacht bia agus go bhfuil siad ag streachailt déileáil leis sin agus go bhfuil roghanna deacra os a gcomhair;

AU. de bhrí go bhfuil éifeachtaí an athraithe aeráide ina bhfachtóir riosca maidir le díchobhsú, foréigean agus coinbhleacht;

AV. de bhrí gur dúnadh níos mó ná 9 000 scoil i Lár agus in Iarthar na hAfraice, de réir UNICEF, de dheasca an bhorrtha faoi ionsaithe foréigneacha ar scoileanna poiblí, dúnmharuithe, fuadach, bascadh agus bagairtí báis i gcoinne múinteoirí agus mac léinn, rud a d’fhág beagnach dhá mhilliún leanbh gan oideachas ceart;

AW. de bhrí go leanann AE a bheith an-bhuartha faoin líon méadaithe leanaí a earcaíonn grúpaí antoisceacha mar shaighdiúirí leanaí;

AX. de bhrí gur thug Oifig na Náisiún Aontaithe i leith Drugaí agus Coireachta (UNODC) chun suntais treochtaí ar cúiseanna imní iad maidir le gáinneáil ar dhrugaí sa réigiún, rud a fhágann éifeachtaí dochracha ar rialachas, slándáil, fás eacnamaíoch agus sláinte phoiblí; de bhrí, de réir na hOifige, gurb iad Iarthar, Lár agusTuaisceart na hAfraice is cúis le 87% de na hópóidigh chógaisíochta a gabhadh ar fud an domhain, agus de bhrí go n-aithníonn UNODC dlúthnasc idir gáinneáil ar dhrugaí agus maoiniú grúpaí armtha

AY. de bhrí, le Cur Chuige Straitéiseach AE i leith na mBan, na Síochána agus na Slándála go gcuirtear béim ar an ngá atá le gné na hinscne a chomhtháthú i ngach réimse agus gníomhaíocht i réimse na síochána agus na slándála chun éifeachtacht bheartas AE a áirithiú;

AZ. de bhrí go bhfuil ionsaithe ó ghrúpaí antoisceacha agus foréigean méadaitheach idir-phobail mar gheall ar acmhainní ag dul i bhfeidhm ar rochtain ar oideachas agus ar chúram sláinte, agus go bhfuil líon mór cailíní neamhchosanta ar chineálacha éagsúla mí-úsáide, bídís fisiciúil nó gnéasach;

BA. de bhrí gur cheart don Aontas Eorpach a láithreacht eacnamaíoch a mhéadú go straitéiseach go pointe níos mó i bhfianaise láithreacht cumhachtaí eachtracha eile;

BB. de bhrí gur mhol an Coimisinéir um an gComharsanacht agus um Méadú  EUR 3.25 billiún a leithdháileadh, a luathú agus a chur in ord tosaíochta ó chláir atá ann cheana chun freagairt do riachtanais a bhaineann leis an gcoróinvíreas san Afraic, lena n-áirítear EUR 2.06 billiún don Afraic fho-Shahárach;

BC. de bhrí gur cheart do AE a chomhar le parlaimintí náisiúnta, lena n-áirítear coistí slándála agus cosanta, a neartú chun feidhmeanna maoirseachta criticiúla ar idirghabhálacha slándála náisiúnta agus seachtracha a fheabhsú;

An ghníomhaíocht a rinne an tAontas Eorpach agus a Bhallstáit

1. á mheas go gcaithfidh an Coimisiún, an Chomhairle agus Leas-Uachtarán/ Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála  (Leas-Uachtarán/Ardionadaí) na straitéisí forbartha, daonnúla agus slándála a bhfuil baint acu leo a chomhordú mar chuid de straitéis chomhtháite as a dtiocfaidh úinéireacht neamhspleách na hAfraice i ngnóthaí slándála agus cosanta; á mheas go bhfuil an tAontas Afracach agus stáit na hAfraice ón réigiún ina bpríomhpháirtithe a bhfuil AE gafa leo go fónta chun forbairt inbhuanaithe agus slándáil an duine a bhaint amach go comhpháirteach; ag tacú le pleananna Aontas na hAfraice 3 000 saighdiúir a sheoladh chun tacú le G5 na Saiheile; á chreidiúint go láidir go gcaithfidh AE agus a Bhallstáit acmhainneacht na gcomhpháirtithe a neartú, agus athbhreithniú á dhéanamh ar na gealltanais slándála agus cosanta i réigiúin na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Chorn na hAfraice, lena n-áirítear trí threalamh míleata a sholáthar agus prionsabal 'na neamhdhíobhála’ á urramú;

2. á mheabhrú go mbraitheann an comhrac i gcoinne na sceimhlitheoireachta go háirithe ar chumas na stát lena mbaineann institiúidí láidre iontaofa a choinneáil, seirbhísí bunúsacha seanbhunaithe, lena n-áirítear acmhainneachtaí slándála inmheánaí agus córas ceartais ina bhfuil muinín ag saoránaigh, go háirithe maidir le hábhair choiriúla; á mheas go gcaithfidh straitéis slándála do réigiúin na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Corn na hAfraice aghaidh a thabhairt ar dtús ar bhunchúiseanna na gcoinbhleachtaí sa réigiún, toisc go bhfuil díothú na bochtaineachta ríthábhachtach do shíocháin inbhuanaithe;

3. á iarraidh go gcuirfí caidreamh athnuaite chun cinn idir AE agus mór-roinn na hAfraice bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, meas frithpháirteach agus tairbhe fhrithpháirteach, ag cloí i gcónaí le prionsabail na hurraime don dlí idirnáisiúnta, don cheannasacht náisiúnta agus don chomhionannas idir páirtithe;

4. á mheas go gcaithfidh an Leas-Uachtarán/Ardionadaí gach misean, oibríocht agus gníomhaíocht eile CBSC a chomhordú faoi údarás na Comhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) CAE, agus gur cheart don Chomhaonad um Chomhordú Tacaíochta níos mó comhairle a thabhairt don Choimisiún agus don  Leas-Uachtarán/Ardionadaí, trína ról comhordúcháin a leathnú agus a mholadh go mbunófaí ionad foirceadail láraithe a threiseoidh acmhainneachtaí an Chumas Mhíleata Pleanála agus Seolta agus na misin agus na tionscadail oiliúna um Chumas Sibhialtach Pleanála agus Seolta;

5. á chreidiúint go láidir gur cheart do AE infheistíocht a dhéanamh chomh fada agus is féidir i bpróisis atá dírithe ar choinbhleacht a chosc trí iliomad próiseas agus tionscadal idirghabhála, idirphlé agus athmhuintearais an-nithiúil a spreagadh i gcomhthreo le bearta slándála eile; á chur i bhfáth go bhfuil gá freisin le cineálacha cur chuige lárnacha neamh-stáit a shaothrú atá dírithe ar chobhsaíocht agus slándáil a chothú, go háirithe maidir le teannas idir-phobail; á chreidiúint go láidir nach mbeidh ach cúnamh slándála a chuireann slándáil an duine i gcroílár éifeachtach sa mheántéarma agus san fhadtéarma;

6. á chur i bhfáth go bhfuil géarghá le misin agus oibríochtaí CBSC a neartú, chomh maith le beartas straitéiseach foriomlán pleanála agus cumarsáide AE, chun infheictheacht ghníomhaíochtaí AE a mhéadú;

7. á chur in iúl gur geal léi tiomantas domhanda  AE do réigiún Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Corn na hAfraice, agus gur mór aici an méid a chuireann misin agus oibríochtaí CBSC le síocháin, slándáil agus cobhsaíocht idirnáisiúnta; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá na rialacha airgeadais agus riaracháin agus an próiseas cinnteoireachta polaitiúil a oiriúnú chun luas agus éifeachtúlacht na freagartha ar ghéarchéimeanna a mhéadú;

8. ag athdhearbhú a héileamh ar Pháipéar Bán Cosanta ar leibhéal na hEorpa, a dhéanfadh cásanna an-sainiúil d’idirghabhálacha míleata Eorpacha féideartha agus na bunphrionsabail a fhorbairt agus a chur i láthair de réir na gcúraimí míleata dá bhforáiltear in Airteagal 43 (1) CAE;

9. ag moladh fhoireann mhisin AE a chruthaigh go hiontach, in ainneoin dálaí an-dúshlánach, agus a léirigh dúthracht agus gairmiúlacht;

10. á chur i bhfáth, i bhfianaise an díghrádaithe thromchúisigh as cuimse sna dálaí slándála sa réigiún, agus chun aon bhearnaí i misin agus i dtionscadail AE a líonadh, nach mór forbairt acmhainneachta na gcomhpháirtithe a neartú d’fhonn freagairt níos leormhaithe a thabhairt ar na dúshláin as cuimse agus na dálaí slándála tromchúiseacha sa réigiún, lena n-áirítear trí thacú le tríú tíortha an sceimhlitheoireacht a chomhrac ina gcríocha

11. ag tacú le Teachtaireacht Chomhpháirteach an Choimisiúin agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála an 28 Aibreán 2015 dar teideal ‘Fothú acmhainneachta chun tacú leis an tslándáil agus an fhorbairt - Comhpháirtithe a chumasú chun géarchéimeanna a chosc agus a bhainistiú’[11];

12. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiúin agus an chaibidlíocht idirinstitiúideach leanúnach atá dírithe ar rialachán a bhunú maidir leis an Ionstraim um an gComharsanacht, um Fhorbairt agus um Chomhar Idirnáisiúnta (NDICI) ina mbeidh tascanna uile na hIonstraime reatha lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus Síocháin (IcSP);

13. á chur in iúl gur geal léi an togra ón Leas-Uachtarán/Ardionadaí, le tacaíocht ón gCoimisiún, go mbunófar SSE faoi CBSC an Aontais chun comhar míleata agus cosanta a mhaoiniú le tríú tíortha agus eagraíochtaí idirnáisiúnta, lena n-áirítear trealamh faoi liosta comhchoiteann míleata an Aontais Eorpaigh, a líonfaidh bearna thábhachtach i dtacaíocht AE agus in éineacht le NDICI a thabharfaidh an cumas do AE freagairt níos gasta agus níos éifeachtaí ar dhúshláin slándála agus á iarraidh sé go nglacfar go tapa iad; á mheabhrú sé go bhfuil sé mar aidhm ag an SSE SSA a ionchorprú agus comhpháirt fothaithe acmhainneachta a bhunú a lamhálfadh trealamh míleata a sholáthar do thíortha comhpháirtíochta, lena n-áirítear airm agus armlón, agus urraim iomlán á tabhairt don chomhsheasamh, do chearta an duine agus don dlí daonnúil, agus le trédhearcacht éifeachtach. forálacha mar a áirítear ina mholadh an 28 Márta 2019 maidir leis an tSaoráid Eorpach Síochána  a bhunú chun a áirithiú nach dtabharfar aon trealamh míleata d’fhaighteoirí atá ag déanamh mí-úsáide, ainghníomhartha agus dochair eile i gcoinne pobail shibhialtacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil na Ballstáit ag obair ar chinneadh ón gComhairle ag bunú SSE, ó mhí an Mheithimh 2018, a bheidh le cruthú i mí Eanáir 2021 ar a dhéanaí; maidir leis sin, agus i bhfianaise na staide reatha san Afraic, á iarraidh ar an gComhairle an togra seo a fhormheas agus an cinnneadh is gá a ghlacadh gan mhoill, ag bunú na hionstraime nua seo chun tacú le cumais mhíleata i bhfórsaí armtha na hAfraice, agus:

a) go mbeadh buiséad AE mór go leor chun dul i ngleic go héifeachtach leis na dúshláin reatha a bhaineann le hoiliúint oibríochtaí, misin, tionscadail agus le trealamh míleata (lena n-áirítear airm, muinisin agus iompar);

b) a chinntiú go sáraíonn SSE na teorainneacha reatha faoi SSA agus buiséad an Aontais maidir le hairm agus muinisin a fháil;

c) á iarraidh go gcuirfear maoiniú ar fáil ó bhuiséad AE don chaiteachas riaracháin a eascróidh as an gcinneadh ón gComhairle, lena n-áirítear le haghaidh pearsanra;

d) á iarraidh ar an gComhairle táille a ghearradh ar na Ballstáit as an gcaiteachas oibríochtúil a eascraíonn as a chur chun feidhme, lena n-áirítear trealamh agus oiliúint;

e) ag tabhairt dá haire, maidir leis na Ballstáit nach nglacann páirt i maoiniú gníomhaíochta ar leith nó cuid di staonadh ón vótáil sa Chomhairle;

f) á iarraidh go mbunófaí rannán tiomnaithe nua sa tSeirbhís Eorpach um Ghníomhaíocht Sheachtrach (SEGS) a bheidh i gceannas ar bhainistiú na hionstraim nua sin, chun maoirseacht a dhéanamh ar sholáthar agus úsáid trealaimh agus oiliúna, lena n-áirítear coimircí cearta agus bearta maolaithe riosca

g) den tuairim gur cheart do shaineolaithe atá ar iasacht ag na Ballstáit sa rannán sin faireachán a dhéanamh ar sholáthar agus ar úsáid trealaimh agus oiliúna den sórt sin chun an Leas-Uachtarán/Ardionadaí a chur ar an eolas, agus a bheith faoi réir grinnscrúdú ag an bParlaimint agus a bheith iniúchta ag Cúirt Iniúchóirí na hEorpa;

14. á mheas, maidir le hinbhuanaitheacht, éifeachtúlacht agus infheictheacht mhisin shibhialta agus mhíleata AE san Afraic, gur cuireadh bac mór orthu de dheasca easpa na húinéireachta áitiúla, pleananna inbhuanaitheachta agus trealaimh bhunúsaigh sa tíortha atá buailte, in ainneoin leibhéal ard dúthrachta agus gairmiúlachta a gcuid foirne chomh maith lena gcumas acmhainneacht na gcomhpháirtithe a neartú;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle, i bhfianaise na ngéarchéimeanna slándála an-tromchúiseach a théann i bhfeidhm ar réigiún na Saiheile agus an tSahára agus in Oirthear na hAfraice, staidéar a dhéanamh ar gach ionstraim maoinithe d’fhonn dul i ngleic le bunchúiseanna coinbhleachtaí agus tacú le forbairt inniúlachtaí slándála na dtíortha Afracacha lena mbaineann, de réir Airteagail 209 agus 212 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE);

16. á chur in iúl gur geal léi an togra chun prionsabal na comhpháirtíochta i gcaidreamh idir an Afraic agus AE a leagtar síos sa Teachtaireacht Chomhpháirteach ‘I dTreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic’  (JOIN(2020)0004); á iarraidh ar an gCoimisiún, go háirithe an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, comhpháirtíochtaí déthaobhacha saincheaptha a sheoladh le haghaidh claochlaithe a chuimsíonn sraith leathan réimsí a bhfuil slándáil agus cosaint mar thosaíocht acu; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí, ómós a thabhairt do thíortha ardteicneolaíochta i réimse an daonlathais agus na slándála daonna a chomhdhlúthú agus cuireadh a iarraidh orthu a bheith páirteach i gcomhpháirtíochtaí déthaobhacha faoin bprionsabal ‘tuilleann breis tuilleadh’; ag dul níos faide ná comhpháirtíochtaí déthaobhacha, á iarraidh ar an  Leas-Uachtarán/Ardionadaí cuidiú le feidhmeanna slándála eagraíochtaí fo-réigiúnacha a chomhdhlúthú, amhail ECOWAS, Pobal Oirthear na hAfraice nó Comhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC);

17. á mholadh go mbreithneoidh AE ar rannchuidiú le costais oibríochta agus lóistíochta na n-oibríochtaí i gcoinne sceimhlitheoireacht arna ndéanamh ag fórsaí armtha na Máratáine, Mháilí, Bhuircíne Fásó, na Nígire agus Shead, faoi chuimsiú na n-oibríochtaí síochánaíochta i limistéar na Saiheile agus an tSahára trí chur chuige atá cosúil leis an gcur chuige a ghlacann sé maidir le maoiniú Fhórsa Comhpháirteach G5 na Saiheile agus Mhisean an Aontais Afracaigh sa tSomáil (AMISOM) agus ag tabhairt dá haire gur chart gurbh é SSE an ionstraim iomchuí chun déanamh amhlaidh;

18. ag spreagadh plé an bhfuil sé inmholta na saoráidí céanna a chur i bhfeidhm ar na cláir oiliúna atá ann cheana chun trealamh míleata a sholáthar, lena n-áirítear airm, amhail iad siúd a sholáthraítear le haghaidh imscaradh agus oiliúint fhórsa G5 na Saiheile, lena n-áirítear tacaíocht airgeadais más gá;

19. á mholadh sé go mbeadh aon mhaoiniú ar oibríochtaí fothaithe acmhainneachta do thíortha na hAfraice ag brath ar an tír is faighteoir plean tacaíochta arna chomhaontú go comhchoiteann a chur i láthair lena n-áirítear oiliúint ar athchóiriú na hearnála slándála, cearta an duine, an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus an smacht reachta, le spriocdhátaí réasúnta agus le bheith bainte amach le faireachán  AE agus an fhéidearthacht ann tuilleadh athruithe a dhéanamh ag brath ar éabhlóid na staide;

20. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di faoin líon ard cásanna de mhí-úsáid an-tromchúiseach ar chearta an duine a rinne fórsaí slándála Mhailí, mar a rinne Misean Cobhsaíochta Comhtháite Iltoiseach na Náisiún Aontaithe i Mailí (MINUSMA) imscrúdú agus tuairisciú air;

21. ag tabhairt dá haire gur ann do Thuarascálacha Meastóireachta na Náisiún Aontaithe ar Iarrachtaí Forfheidhmithe agus Cúnaimh Feabhais ar Shaothrú agus Mí-Úsáid Ghnéasach arna ndéanamh ag Pearsana na Náisiúin Aontaithe agus Pearsanra Gaolmhar in Oibríochtaí Síochánaíochta; á chur in iúl gur baineadh stangadh mór aisti mar gheall ar raon feidhme scanrúil na gcoireanna sin agus an mhainneachtain lucht déanta na gcoireanna a thabhairt chun cuntais; á chur in iúl gur baineadh stangadh den sórt céanna aisti faoi líomhaintí mí-úsáid ghnéasach ar leanaí i gcoinne trúpaí na hEorpa agus na Náisiún Aontaithe, go háirithe i bPoblacht na hAfraice Láir in 2016, agus á iarraidh ceartas a bhaint amach; ag tathant ar na Náisiúin Aontaithe, Ballstáit AE agus orgáin CBSB de AE aon phearsanra de chuid na Náisiún Aontaithe, náisiúnta agus AE a rinne gníomhartha foréigin ghnéasaigh a imscrúdú, a ionchúiseamh agus phianbhreith a ghearradh orthu gan mhoill agus leis an rún is daingne; ag cur béim ar an ngá práinneach na struchtúir ábhartha a athchóiriú ar bhealach a chuirfidh deireadh le pearsanra na Náisiún Aontaithe agus AE a bheith saor ó phionós agus trí shásraí maoirseachta agus cuntasachta feidhmiúla agus trédhearcacha a bhunú; á mheas go bhfuil sé do-ghlactha go bhfanann caingne dlí maidir le mí-úsáid líomhnaithe go hiomlán deonach agus go mbraitheann siad ar an tír soláthair trúpaí;  á chur in iúl go bhfuil sí suite de go bhféadfaí coireanna uafásacha den sórt sin a laghdú agus a chosc trí oiliúint agus oideachas; á mheabhrú di a phráinní atá sé coireanna den sórt sin a chosc sa todhchaí, agus freisin chun muinín an daonra áitiúil sa tsíochánaíocht idirnáisiúnta a chothú an athuair;

22. á iarraidh go ndéanfaí formáid mhisin oiliúna EUTM Mháilí, EUTM RCA agus EUTM na Somáile a athshainiú chun oiriúnú níos fearr d’fhíor-riachtanais fhórsaí armtha agus do phobail sin na dtíortha tairbhíocha trí na nithe seo a dhéanamh:

a) modhanna oiliúna agus rialacha nós imeachta agus rannpháirtíochta a chomhchuibhiú agus a áirithiú go bhfuil siad uathúil agus curtha in oiriúint do na riachtanais aitheanta sa tír agus oiliúint ar chomhionannas inscne agus ar chearta na mban a ionchorprú, lena n-áirítear an clár oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil ;

b) beartas uileghabhálach athchóirithe na hearnála slándála a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm, arb earnáil í a bhfuil slándáil an duine ina chroílár aige agus a chuireann riachtanais slándála an daonra iomláin i gcroílár na gcomhpháirteanna uile;

c) a áirithiú go mbeidh teagascóirí AE sainordaithe, i gcomhar leis na húdaráis mhíleata áitiúla, chun saighdiúirí a roghnú as measc iad siúd a bheidh molta ag an rialtas áitiúil, oiliúint a chur orthu a gcuid scileanna a fheabhsú, lena n-áirítear trí eolas ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus ar an dlí idirnáisiúnta um chearta an duine , agus maoirseacht a dhéanamh orthu agus a bheith in éineacht leo ar an láthair a luaithe a bheidh a n-oiliúint críochnaithe acu chun measúnú a dhéanamh orthu agus aonaid a chosc ar dhíscaoileadh agus saighdiúirí ar scaipeadh;

d) trealamh míleata idir roinnte agus aonair a sholáthar do na hionaid oiliúna (mura soláthraíonn an tír lena mbaineann iad), chun a áirithiú gur féidir oiliúint chuí a thabhairt tar éis do AE coimircí a chur i bhfeidhm a ráthaíonn go gcomhlíonfar na hocht gcritéar de Chomhsheasamh 944 agus airm á n-aistriú chuig tríú tíortha, ag ráthú rialú iar-loingsithe agus úsáide deiridh chun atreorú chuig grúpaí armtha a chosc, lena n-áirítear sceimhlitheoirí;

e) ráta áitíochta na bpost foirne sna misin a fheabhsú chun fadhbanna athfhillteacha a bhainistiú;

f) á áirithiú go bhfreagraíonn an oiliúint don réaltacht oibriúcháin, i.e. ba cheart soghluaisteacht agus cumais ceannais agus rialaithe a bheith ar áireamh ann;

g) leas a bhaint as an saineolas míleata riachtanach a thabhairt ar iasacht, go háirithe i réimse na comhairle straitéisí;;

h) sásra faireacháin agus cosanta ar chearta an duine a chur i bhfeidhm chun sáruithe ar chearta an duine a chosc;

23. á chreidiúint le neartú na comhpháirte comhairlí de mhisin áirithe (EUTM Somalia) i struchtúir ordaithe na bhfórsaí áitiúla go lamhálfaí tionchar suntasach a fheidhmiú ar an gcaoi a ndéantar oibríochtaí agus laistigh den chreat cúnaimh mhíleata iltaobhach;

24. á chreidiúint gur cheart do AE maoirseacht cheart a chur i bhfeidhm agus leanúint de mheasúnuithe tréimhsiúla éifeachtacha agus athbhreithnithe straitéiseacha a dhéanamh ar mhisin shibhialta EUCAP Sahel Mali, EUCAP Sahel Niger, EUCAP Somalia agus EUAM CAR, agus ag déanamh athbhreithniú ar a sainordú, a mbuiséad agus a n-acmhainní daonna, agus leanúint ar aghaidh ag úsáid na gcóras faireacháin faoin bplean cur chun feidhme misean agus tagarmharcáil mar uirlis stiúrtha chuimsitheach; á chur in iúl go bhfuil sí suite de go gcuirfí na misin in oiriúint níos fearr do na cásanna slándála agus polaitiúla atá ag teacht chun cinn dá ndéanfaí iad a oiriúnú do riachtanais áitiúla agus dá ndéanfaí an comhar le comhpháirtithe áitiúla a threisiú, agus go ndéanfadh sé sin iad níos oibríochtúla agus níos éifeachtaí, agus iad a chomhtháthú in iarracht níos leithne ar athchóiriú na hearnála slándála ar mhaithe le slándáil an phobail áitiúil; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí agus SEGS ionadaíocht a dhéanamh os comhair na Parlaiminte maidir le tuarascáil bhliantúil CBSC 2019[12] agus meastóireacht na Parlaiminte ar mhisin san Afraic; ag déanamh athdhearbhú ar a cáineadh ar an easpa ‘táscairí oiriúnacha chun faireachán a dhéanamh ar thoradh mhisin EUCAP Niger agus EUCAP Mali, agus go raibh faireachán agus measúnú ghníomhaíochtaí an mhisin neamhleor agus nach raibh siad dírithe ar a n-impleachtaí a chur san áireamh’; á iarraidh ar an Leas-Uachtarán/Ardionadaí teacht ar ais os comhair mheastóireacht na Parlaiminte ar bhunú fórsaí EUTM Somalia;

25. ag tabhairt dá haire go bhfuil staid na slándála sa tSomáil ina cúis mhór imní agus gur cúis éagobhsaíochta é ar fud Chorn na hAfraice agus níos faide i gcéin; á mheas nach féidir le Rialtas Cónaidhme na Somáile a dhualgais uile a chomhlíonadh agus nach bhfuil arm náisiúnta na Somáile, in ainneoin dul chun cinn le déanaí, in ann cur i gcoinne ghníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta Al-Shabaab as féin;  á mheabhrú go raibh arm na Somáile ceaptha teacht i gcomharbacht ar AMISOM i mí na Nollag 2021; á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn clár cúnaimh nua cuimsitheach chun an cuspóir sin a bhaint amach, agus á iarraidh ar AE seasamh a aontú le hAontas na hAfraice agus le Rialtas na Somáile maidir leis an sásra a chuirfear i bhfeidhm nuair a bheidh AMISOM thart;

26. á chreidiúint go bhfuil géarchéimeanna tromchúiseacha á ndéanamh ag Géarchéim na Murascaille sa tSomáil, trína leanann an UAE de bheith ag tacú le gníomhartha follasacha a bhaineann an bonn díreach den tslándáil agus de na gnóthachain pholaitiúla a rinneadh go dtí seo sa tSomáil, ag cruthú easaontas náisiúnta idir Rialtas Cónaidhme na Somáile agus na Ballstáit Chónaidhme (FMSanna) maidir le slándáil, toghcháin náisiúnta agus saincheisteanna forbartha, agus á iarraidh go gcuirfear deireadh le caingne den sórt sin láithreach;

27. á éileamh go ndéanfaidh sínitheoirí an Chomhaontaithe maidir le Síocháin agus Athmhuintearas i Mailí cloí leis na comhaontuithe agus iad a chur chun feidhme gan mhoill;

28. á chreidiúint gur cheart don Aontas Eorpach leanúint de thacaíocht airgeadais a thabhairt do AMISON le linn na hidirthréimhse via an SSA, trí mhisin agus oibríocht mhíleata nó shibhialta athbhreithnithe an Aontais (ATALANTA, EUTM Somalia agus EUCAP Somalia) a choinneáil ar bun, tacú leis na hinstitiúidí daonlathacha agus leanúint d’aon oiliúint ar an arm náisiúnta nach bhfuil nasctha le leasanna réigiúnacha;

29. á iarraidh ar na Ballstáit agus ar AE cuidiú le comhfhórsaí G5 na Saiheile a bheith ag feidhmiú trí chúnamh airgeadais a sholáthar, chomh maith le trealamh agus oiliúint mhíleata a sholáthar, agus cosaintí leormhaithe agus bearta maolaitheacha san áireamh, agus comhairle i réimse an fhoirceadail, na gcumas pleanáilte agus na bainistíochta; ag cur béim ar an ngá atá le comhpháirt phóilíneachta láidir inchreidte maidir leis sin; á iarraidh ar na comhpháirtithe a rinne gealltanais ag Comhdháil Dheontóirí na Bruiséile an 22 Feabhra 2018 iad a chur chun feidhme go gasta;

30. á chreidiúint go gcaithfidh stáit na hAfraice freagracht a ghlacadh as a gcuid dualgas ceannasach a chomhlíonadh chun gach réimse a shaoradh ó sceimhlitheoirí jiohádacha, grúpaí coiriúla agus armtha, gáinneálaithe agus coirpigh chun saoránaigh a choimirciú agus trí sheirbhísí bunúsacha a sholáthar (riarachán, soláthar uisce agus cumhachta, sláinte, ceartas, oideachas); de bhrí gur cheart don arm nó do na fórsaí slándála timpeallacht cheart slándála agus na seirbhísí bunúsacha a sholáthar go sealadach go dtí go nglacfaidh an riarachán sibhialta seilbh air, á iarraidh ar an Aontas Eorpach a chuid iarrachtaí a mhéadú chun tacú le stáit na hAfraice seirbhísí bunúsacha a sholáthar;

31. ag tacú le hiarratas Aontas na hAfraice ar na Náisiúin Aontaithe rochtain a bheith acu ar ranníocaíochtaí arna measúnú ag na Náisiúin Aontaithe do mhisin faoi stiúir na hAfraice atá sainordaithe ag Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe;

32. á chur i bhfáth go bhfuil gá le comhordú a dhéanamh le tíortha na hAfraice Thuaidh chomh maith le rannchuidiú éifeachtach leis an tsíocháin agus leis an athmhuintearas sa Libia chun é a chosc ó bheith ina teophointe le haghaidh scaipeadh an jiohádachais, grúpaí sceimhlitheoireachta, coiriúla agus armtha, gáinneáil ar airm agus gáinneáil ar dhaoine; ag spreagadh, mar sin, na gcainteanna síochána 5 + 5 agus á iarraidh ar gach tír cloí le spiorad Chomhdháil Bheirlín;

33. á iarraidh ar AE aghaidh a thabhairt ar na bagairtí comhsheasmhacha agus méadaitheacha ar chosaint agus ar chaomhnú na hoidhreachta cultúrtha agus dul i ngleic le smuigleáil déantúsán cultúrtha, go háirithe i gcriosanna coinbhleachta;

34. á mheas gur cheart comhar le tíortha na hAfraice Thuaidh a shamhlú go príomha i dtéarmaí malartú eolais agus faisnéise, oiliúint mhíleata agus an comhrac i gcoinne radacaithe, agus taithí chruthaithe cuid acu á cur san áireamh;

35. á chreidiúint gur cheart go ndíreodh beartas slándála cuimsitheach agus meántéarmach agus fadtéarmach ar na réigiúin sin maidir le hathléimneacht a chothú;

36. á chur in iúl gur geal léi agus go dtacaíonn sí le cur chuige cuimsitheach na Máratáine, a chuimsíonn straitéis atá bunaithe ar ghnéithe sóisialta agus forbartha ina freagairt mhíleata agus slándála á chur i bhfios go seasann sí leis an Nígir, le Mailí agus le Buircíne Fasó, tíortha a mbíonn tionchar mór ag an sceimhlitheoireacht orthu; ag comhlánú iarrachtaí agus íobairtí an phobail idirnáisiúnta, Mhisean Ilghnéitheach Comhtháite Cobhsúcháin na Náisiún Aontaithe i Mailí, an Tascfhórsa Chomhpháirtigh Ilnáisiúnta, an G5 agus Fhórsaí Armtha na Fraince (Oibríocht Barkhane ), an tAonad Réigiúnach um Chomhairle agus Comhordú de AE (RACC), EUCAP Sahel Mali agus an Niger EUTM Mali, GAR-SI Sahel agus Arm Shead, arb é an fórsa riachtanach é in earnálacha lárnacha agus thoir an G5 a éilíonn tacaíocht speisialta dá chathláin; á iarraidh ar thíorthaG5 na Saiheile leasuithe intíre a shaothrú agus cearta an duine, dea-rialachas agus cuntasacht dhaonlathach a chur chun feidhme go hiomlán, agus cearta an duine agus noirm dhaonlathacha á n-urramú;

37. á chur in iúl gur geal léi dearbhú comhpháirteach Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Charles Michel, agus Uachtarán Phoblacht Ioslamach na Máratáine, Uachtarán-in-oifig G5 na Saiheile, Mohamed Cheikh el Ghazouani an 28 Aibreán 2020, ina ndearna siad athnuachan  agus inar mhéadaigh siad tiomantas do shlándáil, do chobhsaíocht agus d’fhorbairt na Saiheile i ndlúthchomhar le hArd-Rúnaí na Náisiún Aontaithe, le Cathaoirleach Choimisiún Aontas na hAfraice agus le Cathaoirleach reatha ECOWAS;

38. á mholadh do na Ballstáit tacú agus comhoibriú le hoibríochtaí Barkhane agus Takuba, agus le misin Gazelle agus New Nero; ag cur béim ar infheistíocht thábhachtach dhaonna agus mhíleata na mBallstát atá mar chuid díobh cheana féin; ag áitiú go bhfuil gá le rannpháirtíocht Eorpach níos láidre, ach nach féidir leis sin teacht in áit na hoibleagáide atá ar thíortha na leasuithe baile riachtanacha a dhéanamh atá dírithe ar earnálacha forbartha inbhuanaithe agus slándála a áirithiú;

39. á iarraidh ar AE aird ar leith a thabhairt ar scaipeadh grúpaí sceimhlitheoireachta armtha, go háirithe sceimhlitheoireacht Ioslamach agus antoisceachas foréigneach Fahabachas, i réigiúin na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus Chorn na hAfraice agus leanúint dá iarrachtaí domhanda chun jiohádachas a chomhrac;  i bhfianaise thionchar straitéiseach na réigiún sin ar chobhsaíocht agus ar shlándáil tíortha comharsanachta an deiscirt, ar shlándáil mhuirí agus ar chinnteacht an bhrú ar theorainneacha seachtracha na hEorpa, á iarraidh uasghrádú a dhéanamh ar chomhar slándála agus ar chláir chabhrach leis na tíortha lena mbaineann;

40. ag tathant ar AE meastóireacht chuimsitheach a dhéanamh ar an JAES agus ar an Teachtaireacht Chomhpháirteach ón gCoimisiún agus ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála dar teideal ‘I dtreo straitéis chuimsitheach leis an Afraic’ an 9 Márta 2020, agus an cur chun feidhme a chur chun cinn de chonclúidí ón gComhairle an 20 Aibreán 2015 maidir le Plean Gníomhaíochta Réigiúnach na Saiheile 2015-2020, an 16 Márta 2015 maidir le Plean Gníomhaíochta AE-Mhurascaill na Guine 2015-2020, an 25 Meitheamh 2018 a chur chun cinn ar Chorn na hAfraice/an Mhuir Rua agus an tSaiheil /Mailí agus Dearbhú Pau;

41. á chur in iúl go dteastaíonn cosaint agus tacaíocht bhreise ó na húdaráis oideachais, na pobail agus na heagraíochtaí atá ag feidhmiú ar an talamh a dhéanann iarracht deiseanna foghlama malartacha a fháil in ionaid phobail agus a mbíonn na mílte leanbh Iarthar na hAfraice agus na Saiheile páirteach iontu i gcláir oideachais agus foghlama scileanna;

Dea-rialachas agus forbairt inbhuanaithe

42. á lua nach féidir aon straitéis slándála a bheith ann gan comhfhorbairt inbhuanaithe agus gníomhaíocht dhaonnúil; ag meabhrú bhunchúiseanna éagsúla na sceimhlitheoireachta agus na coinbhleachta armtha; á iarraidh go gcothófar caipiteal daonna agus forbairt dhaonna, go gcomhlíonfar riachtanais na bpobal is leochailí agus go dtógfar cumais athléimneachta daoine;

43. á chreidiúint gur cheart don Aontas Eorpach a áirithiú go bhfuil pleananna forbartha bunaithe ar chomhthéacs agus ilearnálach agus réiteach domhanda a sholáthar ar dhúshláin an réigiúin lena mbaineann; á chur i bhfáth go n-éilíonn cur chuige comhtháite i leith na síochána, na slándála agus na forbartha inbhuanaithe rannpháirtíocht ghníomhach na sochaí sibhialta áitiúla, agus go háirithe mná agus daoine óga, agus ról na sinsear agus na gceannairí traidisiúnta i sochaithe na Saiheile - an tSahára á mheabhrú acu. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcaithfidh na pleananna sin a bheith i gcomhréir le prionsabail na héifeachtúlachta cabhrach a athdhearbhaítear sa Chomhdhearcadh Eorpach um Fhorbairt, go nglacfaidh an lucht riaracháin iad i gcomhaontú leis na pobail thairbhíocha áitiúla agus go gcuirfear chun feidhme iad le rannpháirtíocht na sochaí sibhialta áitiúla agus eagraíochtaí daonnúla chun comhordú éifeachtach, trédhearcacht agus úinéireacht a áirithiú;

44. ag cur béim ar thábhacht na comhpháirtíochta leis na Náisiúin Aontaithe, comhar le hinstitiúidí idirnáisiúnta eile, go háirithe an tAontas Afracach, agus idirphlé le heagraíochtaí réigiúnacha agus fo-réigiúnacha eile;

45. á mheas go gcaithfidh comhar slándála fónta idir AE agus an Afraic a thógáil ar fhorbairt inbhuanaithe, agus díriú go háirithe ar na nithe seo a leanas:

a) an daonlathas a chomhdhlúthú trí chórais fhreagracha daonlathacha rialachais a áirithiú trí ghrinnscrúdú parlaiminteach éifeachtach, chomh maith le hinstitiúidí daonlathacha agus an smacht reachta, agus ag ráthú saoirsí uile na sochaí sibhialta;;

b) deireadh a chur le coinbhleachtaí agus cosc a chur ar a n-atarlú agus aghaidh a thabhairt ar a mbunchúiseanna chun síocháin agus slándáil fhadtéarmach a bhaint amach;

c) beartais a fhorbairt chun forbairt eacnamaíoch agus cruthú post a chur chun cinn a dhíríonn ar dhaoine óga; aird a tharraingt ar an ngá le daoine óga a bheith páirteach sna próisis pholaitiúla, eacnamaíocha agus síochána;

d) tacú le pleananna gníomhaíochta um chobhsú coisctheach;

e) mná a chumhachtú trí iad a aithint mar ghníomhairí an athraithe i bpobail na hAfraice, a ndeiseanna oideachais agus eacnamaíocha a fheabhsú, a rannpháirtíocht in institiúidí áitiúla agus náisiúnta agus cinnteoireacht a chur chun cinn, agus a ról i dtógáil na síochána, i gcoinbhleacht agus in idirghabháil a chothú, agus foréigean gnéasach in aghaidh na mban agus na gcailíní a chomhrac;

f) seirbhísí bunúsacha a sholáthar amhail sláinte, slándáil bia, uisce, sláintíocht agus sláinteachas, cosaint shóisialta, líonta tithíochta agus sábháilteachta, tacaíocht agus cosaint sláinte meabhrach, oideachas agus tacaíocht do phobal easáitithe chun muinín daoine sa stát a mhéadú;

g) slándáil , cobhsaíocht riaracháin agus dlí a áirithiú;

h) bochtaineacht, saoirse ó phionós agus éilliú a dhíothú;

i) dul i ngleic le héifeachtaí an athraithe aeráide trí bhearta maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide a chur san áireamh chun a áirithiú go n-éireoidh le slite beatha athléimneacht inbhuanaithe a fháil i gcoinne bagairtí comhshaoil;

j) an smacht reachta a urramú agus forbairt inbhuanaithe agus cearta an duine a chur chun cinn gan idirdhealú ar fhorais ar bith, saoirse cainte, saoirse na meán, saoirse comhlachais agus tacaíocht struchtúrach don tsochaí shibhialta agus do na meáin neamhspleácha a neartú;

k) cleachtais talmhaíochta inbhuanaithe a chur chun cinn mar agra-éiceolaíocht, tacú le táirgeoirí agus feirmeoirí ar scála beag agus nasc cothaithe a chur chun feidhme chun aghaidh a thabhairt ar gach cineál míchothaithe i ngach comhthéacs agus leanúint de mhaoiniú le haghaidh gníomhaíochtaí a thugann le chéile idirghabhálacha daonnúla agus forbartha chun dul i ngleic leis na bunchúiseanna;

46. ag cur a imní mhór in iúl go bhféadfadh na dúshláin slándála atá ann faoi láthair san Afraic, mar aon le héagothromaíochtaí leanúnacha , easpa deiseanna do dhaoine óga agus rialachas lag, imirce a spreagadh agus easáitiú suntasach daoine a bheith mar thoradh air, an bonn a bhaint de stáit na hAfraice Thuaidh agus dul i bhfeidhm ar an Eoraip, agus dá dheasca sin géarchéim dhaonnúil fhorleathan a bheith ann; ag aithint thionchar na gcoinbhleachtaí, na bochtaineachta, na neamhionannas agus an athraithe aeráide ar easáitiú éigeantach , agus á iarraidh ar an Aontas Eorpach imirce rialta, shábháilte lena ngabhann dínit a éascú; ag cur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé comhar a mhéadú idir, go háirithe, AE agus réigiún na Saiheile chun aghaidh a thabhairt ar an gceist thábhachtach seo agus ag meabhrú an chleachtais inghlactha staonadh ó choinníollacht a chur i bhfeidhm ar chabhair dhaonnúil atá nasctha le gníomhaíocht i réimse na himirce sa réigiún;

47. á chur in iúl gur geal léi straitéis AE maidir le Corn na hAfraice,  a chuimsíonn ní hamháin beartais slándála agus dhaonnúla, ach freisin beartais forbartha níos fadtéarmaí agus Spriocanna Forbartha na Mílaoise;  á chur i bhfios go láidir atá an fhís fhadtéarmach sin maidir le beartas forbartha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a gcuid beartas a chomhordú ina leith sin agus clársceidealú a thabhairt isteach do na tíortha éagsúla agus don réigiún a luaithe is féidir;

48. á iarraidh go gcuirfí i bhfeidhm Rún Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir leis an óige, síocháin agus slándáil i gcomhar slándála idir AE agus an Afraic;

49. á iarraidh ar AE cur chun feidhme éifeachtach Chlár Oibre na mBan, na Síochána agus na Slándála de chuid na Náisiún Aontaithe a chur chun cinn i ngach réimse de ghníomhaíocht sheachtrach AE, lena n-áirítear gné na hinscne ar phríomhréimsí beartais chomhpháirtíocht straitéiseach  AE-na hAfraice maidir le slándáil;

50. á chreidiúint gur cheart do AE a chomhoibriú le parlaimintí náisiúnta, lena n-áirítear coistí slándála agus cosanta, a neartú chun feidhmeanna maoirseachta criticiúla a bhaineann le hidirghabhálacha slándála náisiúnta agus seachtracha a fheabhsú;

51. ag tathant ar gach gníomhaí míleata sa tSaiheil meas a bheith acu ar an dlí daonnúil idirnáisiúnta agus freagra cuimsitheach a chur chun feidhme ag díriú ar fhulaingt na gcodanna is leochailí den daonra a mhaolú, go háirithe trí chosaint na sibhialtach a mheas mar phríomhtháscaire ar rath aon straitéise comhtháite slándála; ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé a áirithiú nach ndéanfaidh cur chun feidhme na n-oibríochtaí slándála go léir an staid dhaonnúil níos measa; á iarraidh ar gach gníomhaí slándála faireachán a dhéanamh ar thionchar a gcuid oibríochtaí míleata agus a mbeart slándála ar rochtain ar sheirbhísí - lena n-áirítear bia agus cothú, agus easáitiú éigeantach - agus é mar aidhm acu a n-éifeachtaí díobhálacha ar riachtanais dhaonnúla a íoslaghdú;

52. á mheas go bhfuil sé riachtanach cúnamh urghnách agus iomlánaíoch a sholáthar do na réigiúin lena mbaineann i bhfianaise an dúshláin urghnách a chuireann paindéim COVID-19 ar fáil, chun leanúnachas mhisin agus oibríochtaí CBSC a chaomhnú trí thacaíocht a thabhairt d’fhórsaí armtha áitiúla le comhairle faoi conas an eipidéim sin a láimhseáil, gníomhaíocht forbartha AE sna réigiúin sin a neartú, ar gníomhaíocht í a bhféadfadh ról tábhachtach a bheith aici maidir le tionchar na géarchéime sláinte a laghdú, agus cúnamh daonnúil riachtanach a sholáthar, trí sholúbthacht a thaispeáint agus inoiriúnaitheacht; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a ghlac an G20 d’aon toil chun íocaíochtaí seirbhíse fiachais leis na tíortha is boichte a chur ar fionraí;

53. á mholadh go ndéanfadh AE, mar aon leis an gCiste Airgeadaíochta Idirnáisiúnta agus leis anm Banc Domhanda agus le Banc Forbartha na hAfraice, idirghabháil ar leibhéal an airgeadais chun cabhrú le fiachas a rialú agus ús a íoc; á iarraidh go ndéanfaí gach féidearthacht a iniúchadh, i bhfianaise phaindéim COVID-19 agus a iarmhairtí airgeadais, maidir le faoiseamh fiachais, fionraí fiach agus inbhuanaitheacht fiachais do thíortha na hAfraice;

54. á mholadh go nglacfadh na tíortha lena mbaineann a bhfreagracht dhlíthiúil idirnáisiúnta go hiomlán agus go nglacfaidh siad gach beart is gá chun cuntasacht a áirithiú faoin dlí daonnúil idirnáisiúnta as gach sárú a dhéanann na páirtithe uile, go lamhálann siad rochtain saor in aisce ar chúnamh daonnúil agus seirbhísí bunúsacha do dhaoine i ngátar, lena n-áirítear iad siúd a chónaíonn i gcríocha nach bhfuil smacht ag an rialtas orthu, chun aon riosca go ndéanfar cúnamh daonnúil a atreorú, agus go lamhálann siad caibidlíocht maidir le rochtain dhaonnúil le gach páirtí sa choinbhleacht, agus ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé go bhfeictear go bhfuil soláthar cabhrach daonnúla neodrach agus neamhchlaonta, agus go ndéantar sábháilteacht oibrithe daonnúla a áirithiú;

55. á chur in iúl gur geal léi an togra chun prionsabal prionsabal an iltaobhachais i gcaidreamh idir an Afraic agus AE a leagtar síos sa Teachtaireacht Chomhpháirteach dar teideal ‘I dTreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic’; á mheas gur lean an tSín chumannach agus an Rúis údarásach cineálacha cur chuige éagsúla maidir le déileáil le tíortha na hAfraice agus i gcoinne iarrachtaí AE; á iarraidh ar an gCoimisiún iarrachtaí taidhleoireachta poiblí agus an t-idirphlé leis an Aontas Afracach, rialtais, parlaimintí agus sochaithe sibhialta a fheabhsú chun tacaíocht slándála AE san Afraic a mhíniú ar bhealach níos éifeachtaí mar rannchuidiú le straitéis forbartha na hAfraice 2063;

°

° °

56. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.


 

LITIR ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT RÉIGIÚNACH

Nathalie Loiseau

A Chathaoirligh

An Fochoiste um Shlándáil agus um Chosaint

AN BHRUISÉIL

Ábhar: <Titre>Tuairim ar chomhar slándála idir AE agus an Afraic i réigiún na Saiheile, Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice</Titre> <DocRef>(2020/2002(INI))</DocRef>

A Chathaoirligh Loiseau,

Faoin nós imeachta thuasluaite, chinn an Coiste um Fhorbairt tuairim a chur faoi bhráid do choiste. Trí nós imeachta i scríbhinn, chinn an coiste an tuairim a sheoladh i bhfoirm litreach.

Rinne an Coiste um Fhorbairt breithniú ar an ábhar ag a chruinniú an 29 Bealtaine 2020. Ag an gcruinniú sin, chinn sé a iarraidh ar an bhFochoiste um Shlándáil agus um Chosaint, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin.

Le dea-mhéin,

Tomas Tobé

 

MOLTAÍ

1. ag aithint gur réamhchoinníoll riachtanach í an tslándáil don fhorbairt; ag aithint nach mbeadh forbairt inbhuanaithe ann gan slándáil, gan síocháin agus gan chobhsaíocht; á chur i bhfáth go bhfuil an bhochtaineacht agus an t-ocras mar bhunchúiseanna na héagobhsaíochta agus na coinbhleachta; is eol dó go maith, agus na staideanna deireanacha comhcheangailte le:

(a) neamhshlándáil bia;

(b) héagothroime;

(c) dífhostaíocht;

(d) suaithí a bhaineann leis an aeráid;

(e) héagobhsaíocht pholaitiúil

(f) neamhábaltacht rialtasach chun seirbhísí bunúsacha a chur ar fáil, amhail sláinte, uisce, sláintíocht, oideachas agus cosaint shóisialta;

(g) hard leibhéil éillithe i rialtas agus easpa smacht reachta i réigiúin na hAfraice is leochailí;

(h) heaspa tacaíochta tugtha do bhainistíocht rannpháirtíochta chomhoibríoch inbhuanaithe i réimsí coinbhleachtaí talamhúsáide,

go rannchuidítear le coinbhleachtaí fadmharthanacha, le hantoisceachas reiligiúnda agus le géarchéimeanna daonnúla; ag tabhairt chun suntais, dá bhrí sin, go bhfuil gá le hathchóirithe slándála fadtéarmacha atá dírithe ar fhorbairt agus ar shíocháin inbhuanaithe sa tSaiheil, Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice a chomhcheangal le hiarrachtaí an bhochtaineacht a laghdú, i gcomhréir le príomhchuspóirí an bheartais forbartha, lena gcuirtear san áireamh prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt, cumhdaithe in Airteagal 208 de CFAE, mar aon leis na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe;

 

2. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh na dúshláin réamhluaite, in éineacht le fás daonra agus le dífhostaíocht, cur le himirce, le heasáitiú éigeantais nó le glacadh páirt i ngrúpaí armtha, go háirithe i measc daoine óga; ag cur béim ar an ngá le tosaíocht a thabhairt d’oideachas agus do shláinte, le fiontraíocht a dhreasú agus forbairt an mhargadh saothair áitiúil a chothú, mar aon le comhoibriú i leith na saincheisteanna sa Stráitéis Chuimsitheach idir AE agus an Afraic d’fhonn forbairt shóisialta agus eacnamaíoch a chur chun cinn sna tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann;

 

3. á thabhairt faoi deara gur cheart, de réir na hIonstraime lena gcuirtear le Cobhsaíocht agus le Síocháin (IcSP), go mbeadh cúnamh díreach don arm i gcomhair oiliúint agus trealamh i gcomhthéacs athchóiriú na hearnála slándála ag gabháil le comhar forbartha fadtéarmach agus le cúnamh daonnúil; ag cur i bhfáth gur cheart plé ar Shaoráid Síochána Eorpach a mheasúnú i gcomparáid le tagarmharc na forbartha inbhuanaithe, 'phrionsabal na neamhdhíobhála’ agus an chúnaimh dhaonnúil, mar aon le cearta an duine agus dea-rialachas; á chur i bhfáth gur cheart d’aon bheart slándála AE i dtír atá i mbéal forbartha, bídís sibhialta nó míleata, tairbhí slándála díreacha a ghiniúint don daonra áitiúil agus a chomhtháthú i mbeartas athchóirithe níos leithne san earnáil slándála, lena n-áirítear rialú daonlathach láidir agus trédhearcacht agus sásraí cuntasachta, agus anuas air sin an smacht reachta a neartú;

 

4. á mheabhrú sheasamh na Parlaiminte maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), nach dtacóidh sí le hoibríochtaí maoiniúcháin agus infheistíochta atá nasctha leis an arm nó leis an earnáil slándála stáit nó a d’fhéadfadh a bheith ina sárú ar chearta an duine i dtíortha comhpháirtíochta; á chur in iúl go bhfuil sé in aghaidh úsáid chistí forbartha AE chun críocha slándála i dtíortha atá i mbéal forbartha; ag cur béim ar an bhfíoras gurb é a leanann as buiséadú an Chiste Eorpaigh Forbraíochta ná é a bheith riachtanach go gcuirfear ráthaíochtaí do chistiú leormhaith i gcomhair comhar slándála idir AE agus an Afraic san áireamh sa NDICI;

 

5. á chur i bhfáth gur dóchúla go dtógfaí cailíní as scoil í dtíortha atá thíos le géarchéim agus, dá bhrí sin, go mbeadh baol níos mó ann do phósadh leanaí, d’fhoréigean agus do dhúshaothrú; á mheabhrú gur réamhriachtanas é cailíní a choinneáil ar scoil chun comhionannas inscne agus forbairt an duine a bhaint amach agus an prionsabal ‘gan aon duine a fhágáil ar lár’ a urramú; á áitiú gur gá an ghné sin d’iarrachtaí AE a chur san áireamh chun oideachas leanúnach, go háirithe i staideanna coinbhleachta fadmharthanacha, a áirithiú; á iarraidh rannpháirtíocht fhiúntach agus éifeachtach na ndaoine óga, na mban agus na ngrúpaí eile imeallaithe agus na mionlach a bheith ann i gcosc agus réiteach coinbhleachtaí, i gcothú na síochána, i bpróisis iarchoinbhleachta agus i ngníomhaíocht dhaonnúil; á mheabhrú go bhfuil mná i measc na chéad íospartach de choinbhleachtaí armtha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá gníomhachtaí AE atá dírithe ar chomhionnanas inscne agus ar mhná a chumachtú, lena n-áirítear trí rannpháirtíocht ban san Afraic in institiúidí áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta a áirithiú;

 

6. ag aithint gur cúis imirce iad na coinbhleachtaí i stáit leochaileacha; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá na gníomhachtaí maoinithe atá dírithe ar phríomhchúiseanna na himirce a theorannú, ag díriú go háirithe ar chothú na síochána agus ar laghdú na bochtaineachta; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí na bearta maoinithe chun dálaí maireachtála na ndaoine easáitithe ina tír féin (IDPanna) arb éigean dóibh cónaí i gcampaí dídeanaithe sa tSaiheil, Iarthar na hAfraice agus i gCorn na hAfraice a fheabhsú, agus an próiseas cobhsaíochta agus atógála i gceantair iarchoinbhleachta a thacú;

 

 

7. á iarraidh go ndéanfaí measúnú cuimsitheach agus go dtuairisceofaí ar ais go dtí an Pharlaimint, lena n-áirítear an cineál trealaimh a úsáideadh, maoiniú AE atá beartaithe le haghaidh acmhainneacht foirgníochta d’fhorbairt agus slándáil do ghníomhaíochtaí forbartha (CBDSD), lena n-áirítear Ciste Iontaobhais an Aontais Eorpaigh, sna tíortha comhpháirtíochta lena mbaineann, d’fhonn trédhearcacht, cuntasacht, comhlántacht agus éifeachtúlacht a fheabhsú, i gcomhréir le prionsabail éifeachtacht na forbartha arna gcomhaontú, i gcomhréir le prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus i gcomhréir le cur chuige atá bunaithe ar chearta maidir le forbairt.


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

49

+

EPP

Traian Băsescu, Arnaud Danjean, Michael Gahler, Sunčana Glavak, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, David Lega, Miriam Lexmann, Antonio López‑Istúriz White, Lukas Mandl, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe‑Vlad Nistor, Radosław Sikorski, Isabel Wiseler‑Lima, Željana Zovko

S&D

Maria Arena, Katarina Barley, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Claudiu Manda, Sven Mikser, Tonino Picula, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev

RENEW

Petras Auštrevičius, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans

ID

Lars Patrick Berg

ECR

Anna Fotyga, Karol Karski, Jacek Saryusz‑Wolski, Hermann Tertsch, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers

NI

Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi

 

6

-

GUE

Stelios Kouloglou, Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz, Mick Wallace

ID

Harald Vilimsky

NI

Kostas Papadakis

 

14

0

EPP

Kinga Gál

S&D

Dietmar Köster

RENEW

Katalin Cseh

ID

Nicolas Bay, Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Thierry Mariani

VERTS

Alviina Alametsä, Reinhard Bütikofer, Katrin Langensiepen, Hannah Neumann, Diana Riba i Giner, Tineke Strik, Thomas Waitz

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

22.6.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

49

6

14

Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alviina Alametsä, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Lars Patrick Berg, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Sandra Kalniete, Karol Karski, Dietmar Köster, Stelios Kouloglou, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Claudiu Manda, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Diana Riba i Giner, María Soraya Rodríguez Ramos, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Hermann Tertsch, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Thomas Waitz, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Katarina Barley, Nicolas Bay, Arnaud Danjean, Katrin Langensiepen, Hannah Neumann, Mick Wallace

 

 

[1] IO L 440, 541.26.2..2020, lch. 9

[2] IO C 440, 30.12.2015, lch. 38

[3] IO C 86, 6.3.2018, lch. 33

[4] IO C 118, 8.4.2020, lch. 113

[5] IO L 130, 19.5.2017, lch. 1

[6] IO C 99E, 3.4.2012, lch. 56

[7] IO C 419, 16.12.2015, lch. 153.

[8] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0158.

[9] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0009.

[10] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0008.

[11] JOIN(2015)0017

[12] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gcomhbheartas slándála agus cosanta a chur chun feidhme - tuarascáil bhliantúil (Téacsanna arna nglacadh, P9_TA (2020) 0009).

An nuashonrú is déanaí: 2 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais