Tuarascáil - A9-0130/2020Tuarascáil
A9-0130/2020

TUARASCÁIL ar chur chuige cuimsitheach Eorpach maidir le stóráil fuinnimh

2.7.2020 - (2019/2189(INI))

An Coiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Claudia Gamon

Nós Imeachta : 2019/2189(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0130/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0130/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar chur chuige cuimsitheach Eorpach maidir le stóráil fuinnimh

(2019/2189(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 194 de,

 ag féachaint do Chomhaontú Pháras,

 ag féachaint do Sprioc Forbartha Inbhuanaithe 7 de cuid na Náisiún Aontaithe maidir le ‘Rochtain ar fhuinneamh inacmhainne, iontaofa, inbhuanaithe agus nua-aimseartha a áirithiú do chách’,

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách - Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’ (COM(2018)0773),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2019, dar teideal ‘Straitéis Eorpach um shonraí ’ (COM (2020)0066),

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 maidir le ‘Cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Straitéisigh maidir le ceallraí: Slabhra Luacha Straitéiseach um Cheallraí a chruthú san Eoraip’ (COM(2019)0176),

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 9 Aibreán 2019 maidir leis an gcur chun feidhme agus an tionchar ar an gcomhshaol agus ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh a bheadh ag Treoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE (COM(2019)0166),

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le todhchaí na gcóras fuinnimh san Aontas Fuinnimh d’fhonn an t-aistriú fuinnimh a áirithiú agus d’fhonn cuspóirí fuinnimh agus aeráide as seo go 2030 agus ina dhiaidh sin a bhaint amach,

 ag féachaint don Tionscnamh um Bonneagar Gáis Inbhuanaithe agus Cliste don Eoraip a sheol Uachtaránacht na Rómáine ar an gComhairle i mBúcairist an 1 agus 2 Aibreán 2019,

 ag féachaint don Tionscnamh Hidrigine a sheol Uachtaránacht na hOstaire ar an gComhairle in Linz an 17 agus 18 Meán Fómhair 2018,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach sa leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE[1],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas[2],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 347/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2013 maidir le treoirlínte le haghaidh bonneagair thras-Eorpaigh fuinnimh agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 1364/2006/CE agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 713/2009, Rialachán (CE) Uimh. 714/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009[4],

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh 1316/13 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE)  Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010[5], a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh air faoi láthair,

 ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas[6],

 ag féachaint do Threoir 2006/66/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le ceallraí agus taisc-cheallraí agus ceallraí dramhaíola agus taisc-cheallraí dramhaíola agus lena n-aisghairtear Treoir 91/157/CEE[7],

 ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[8],

 ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú[9],

 ag féachaint don pháipéar faisnéise ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 1 Aibreán 2019 dar teideal ‘Athbhreithniú Uimh. 04/2019: Tacaíocht AE le haghaidh stórála fuinnimh’,

 ag féachaint dá rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[10],

 ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil[11],

 ag féachaint dá rún an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil na Náisiún Aontaithe 2019 maidir leis an Athrú Aeráide i Maidrid, an Spáinn (COP25)[12],

 ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir leis ‘an Athrú Aeráide – Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras’[13],

 ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le ‘hImscaradh bonneagar i gcomhair breoslaí malartacha san Aontas Eorpach: tá sé in am gníomhú!’[14],

 ag féachaint dá rún an 6 Feabhra 2018 maidir le dlús a chur le nuálaíocht an fhuinnimh ghlain[15],

 ag féachaint dá rún an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le ‘Dul i dtreo Dearadh Nua don Mhargadh Fuinnimh’[16],

 ag féachaint dá rún an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le Straitéis de chuid AE maidir le Téamh agus Fuarú[17],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0130/2020),

A. de bhrí gur thacaigh an Pharlaimint, an Chomhairle Eorpach agus an Coimisiún leis an sprioc chun neodracht a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach faoi 2050, i gcomhréir le spriocanna Chomhaontú Pháras;

B. de bhrí go bhfuil gá le haistriú fuinnimh atá inacmhainne agus costéifeachtúil ó chóras atá bunaithe den chuid is mó ar bhreoslaí iontaise i dtreo córas atá an-fhuinneamhéifeachtúil, aeráidneodrach agus bunaithe ar fhuinneamh in-athnuaite chun an t-aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach;

C. de bhrí gur féidir le foinsí in-athnuaite fuinnimh, amhail fuinneamh geoiteirmeach, hidreafhuinneamh agus bithmhais, roinnt acmhainne bhonnualaigh a sholáthar, ach gur foinsí uaineacha agus athraitheacha iad foinsí eile, amhail an ghaoth agus an ghrian; de bhrí go bhfuil gá le solúbthacht mhéadaithe maidir le soláthar agus éileamh chun an eangach leictreachais a chobhsú, chun luaineachtaí móra praghsanna a chosc agus chun cinnteacht an tsoláthair agus inacmhainneacht fuinnimh a chothabháil, chun foinsí fuinnimh in-athnuaite athraitheacha a chomhtháthú sa chóras leictreachais; de bhrí go bhfuil gá le saoráidí stórála fuinnimh níos mó in AE don tsolúbthacht mhéadaithe sin;

D. de bhrí go gcoimeádfar prionsabal an díchuachta i gcónaí;

E. de bhrí nach raibh ach 22.7% de thomhaltas fuinnimh deiridh AE-28 bunaithe ar leictreachas in 2017; de bhrí go raibh ar bhreis agus 60% de mheascán leictreachais AE-28 a bheith in-athnuaite in 2018 fós; de bhrí go bhfuiltear ag súil le tuilleadh leictrithe; de bhrí go measann an Coimisiún gur gá do AE a bheith in ann sé huaire níos mó fuinnimh a stóráil ná mar atá inniu chun neodracht a bhaint amach ó thaobh astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050;

F. de bhrí go mbeidh ról ríthábhachtach ag an gcomhtháthú earnála maidir le solúbthacht agus éifeachtúlacht na hearnála fuinnimh a fheabhsú agus maidir lena lorg carbóin a laghdú;

G. de bhrí go gcuireann gáis ghlasa, amhail gáis a tháirgtear trí leictrealú agus úsáid á baint as leictreachas ó fhoinsí inathnuaite fuinnimh, acmhainneachtaí móra stórála ar fáil ar scála séasúrach;

H. de bhrí gur cheart don Choimisiún staidéar a dhéanamh ar an mbealach ar féidir leis an mbonneagar gáis atá ann faoi láthair ról a imirt i ndícharbónú an chórais fuinnimh, go háirithe maidir le hacmhainn stórála fuinnimh do gháis ghlasa, mar shampla píblínte tarchurtha agus dáileacháin nó stóráil shéasúrach, chun cinneadh a dhéanamh i dtaobh cén bonneagar tiomnaithe atá ag teastáil nó cén úsáid bharrfheabhsaithe agus iarfheistithe atá ag teastáil as na hacmhainneachtaí atá ann cheana;

I. de bhrí nach raibh ach 3 % den chumas monaraíochta domhanda do chealla ceallraí ian litiam lonnaithe in AE in 2018, le 85% i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise;

J. de bhrí, i gcás ceallraí agus saoráidí stórála díláraithe eile, amhail rotha lústair, nach bhfónann siad do chinnteacht an tsoláthair amháin, ach feidhmíonn siad freisin mar bhonneagair mearluchtaithe atá indéanta ó thaobh na heacnamaíochta de le haghaidh feithiclí leictreacha;

K. de bhrí gurbh ionann taisce pumpála agus níos mó ná 90% d’acmhainn stórála fuinnimh an AE; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach aici faoi láthair ó thaobh an t-éileamh ar leictreachas a chothromú leis an soláthar, stóráil ar mhórscála le hardéifeachtúlacht fhillte, agus solúbthacht ghearrthéarmach agus mheántéarmach lena mbaineann raon ard acmhainneachta;

L. de bhrí gur féidir le teicneolaíochtaí stórála teirmí deiseanna suntasacha a chur ar fáil i dtaca le dícharbónú na hearnála fuinnimh trí bhíthin é a bheith indéanta teas nó fuacht a stóráil ar feadh roinnt míonna, trí fhuinneamh in-athnuaite a ionsú trí theaschaidéil ar scála tionsclaíoch agus trí úsáid a bhaint as bithmhais, bithghás nó fuinneamh geoiteirmeach, chomh maith le seirbhísí solúbthachta a sholáthar, mar shampla do chóras leictreachais atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite den chuid is mó; de bhrí gur féidir foirgnimh atá dea-inslithe, líonraí téimh ceantair agus saoráidí stórála tiomnaithe a úsáid mar stóráil ar feadh tréimhsí ama éagsúla;

M. de bhrí go bhfuil an samhaltú fuinnimh a úsáideann an Coimisiún chun measúnú a dhéanamh ar bhealaí dícharbónaithe agus ar roghanna beartais gaolmhara ríthábhachtach mar go gcinnfear leis reachtaíocht agus dearadh margaidh sa todhchaí; de bhrí go ndéantar gannmheastachán suntasach ar thionchar dearfach na stórála fuinnimh leis an samhaltú atá ann faoi láthair, agus gur gá, dá bhrí sin, feabhas a chur air;

1. á iarraidh ar na Ballstáit a n-acmhainneacht stórála fuinnimh a fhiosrú go hiomlán;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún straitéis chuimsitheach a fhorbairt maidir le stóráil fuinnimh chun gur féidir athrú go geilleagar atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite, agus na teicneolaíochtaí ar fad atá ar fáil á gcur san áireamh chomh maith le teicneolaíochtaí atá gar don mhargadh agus ag coinneáil cur chuige atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun cothrom na Féinne a áirithiú;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún tascfhórsa a bhunú chun an straitéis seo a fhorbairt ina mbeidh gach Ard-Stiúrthóireacht ábhartha páirteach ann, a bheidh bunaithe ar anailís chuimsitheach ar na nithe seo a leanas:

 a. lorg carbóin agus saolré teicneolaíochtaí stórála, ag cur san áireamh ar a laghad amhábhair a eastóscadh agus/nó a tháirgeadh, lena n-áirítear na gnéithe a bhaineann le cearta an duine agus caighdeáin saothair, foinsiú na gcomhpháirteanna, an modh monaraíochta, iompar agus an próiseas athchúrsála, i gcás inarb infheidhme;

 b. acmhainn fuinnimh, acmhainn cumhachta, fad tréimhse stórála na teicneolaíochta, Capex, Opex, éifeachtúlacht fhillte agus éifeachtúlacht tiontaithe;

 c. an samhaltú córais fuinnimh, ina n-ionchorprófar na sonraí ábhartha a luaitear in (b) chun measúnú a dhéanamh ar roghanna beartais, agus éifeachtaí laistigh d’uaireanta an chloig á gcur san áireamh d’fhonn riachtanais solúbthachta agus an méid a chuireann stóráil le samhaltú den sórt sin a mheas i gceart;

 d. éileamh ar fhuinneamh sa tionsclaíocht, san iompar agus i dtithe; agus

 e. acmhainneacht stórála ar mhionscála agus acmhainneacht solúbthachta ar leibhéal ceantair, mar aon le naisc thrasteorann agus comhtháthú earnála;

 f. rannchuidiú na dteicneolaíochtaí stórála fuinnimh chun bochtaineacht fuinnimh a chomhrac.

4. á chreidiúint, go háirithe, gur cheart go sainaithneofaí le straitéis den sórt sin na bearta is gá chun feabhas a chur ar naisc agus ar chomhordú trasteorann, chun na hualaí rialála ar iontráil sa mhargadh a laghdú, agus chun feabhas a chur ar rochtain ar chaipiteal, ar scileanna agus ar amhábhair do theicneolaíochtaí stórála, d’fhonn borradh a chur faoi iomaíochas mhargadh agus thionscal na hEorpa;

5. á thabhairt dá haire go bhfuil gá le heangach fuinnimh agus teicneolaíochtaí ardfhorbartha stórála agus solúbthachta, ardteicneolaíochta stórála agus solúbthachta, giniúint chúltaca agus freagairt don éileamh de dhíth chun soláthar cumhachta atá seasmhach, inacmhainne agus inbhuanaithe a dhaingniú, mar aon le cur i bhfeidhm an phrionsabail ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’, leathnú ollmhór fuinnimh, cumhachtú tomhaltóirí agus comharthaí praghais neamhshaofa, ionas go bhféadfar aistriú costéifeachtúil a dhéanamh i dtreo córas fuinnimh atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a chur ar fáil do thaighde ar stóráil, lena n-áirítear maidir le teicneolaíochtaí malartacha nua agus teicneolaíochtaí malartacha atá ag teacht chun cinn, faoi chuimsiú chreat Fís Eorpach;

6. á aithint ról ríthábhachtach an digitithe maidir le córas fuinnimh níos díláraithe agus níos comhtháite a fhorbairt agus, ar deireadh, an t-aistriú fuinnimh a sheachadadh;

7. á chur i bhfios go láidir nár cheart d’aistriú go geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de slándáil an tsoláthair nó rochtain ar fhuinneamh a chur i mbaol; á chur i bhfios go láidir ról na stórála go háirithe do Bhallstáit iargúlta fuinnimh nó do Bhallstáit oileánacha; á chur i bhfáth gur gá do sholáthar fuinnimh iontaofa, costéifeachtacht agus don aistriú fuinnimh a bheith in éineacht lena chéile; á chur i bhfáth, thairis sin, go ndéanann éifeachtúlacht fuinnimh, eangacha cliste, rannpháirtíocht agus roghanna solúbthachta dáilte, lena n-áirítear stóráil, slándáil fuinnimh a neartú;

8. á chur i bhfios go bhfuil sé tábhachtach cothrom iomaíochta a áirithiú do na réitigh ar fad maidir le stóráil fuinnimh, i gcomhréir le prionsabal neodracht na teicneolaíochta, chun gur féidir le fórsaí an mhargaidh na roghanna is fearr maidir le teicneolaíocht a chur chun cinn agus nuálaíocht a chothú, agus gur cheart gurb iad na príomhfhachtóirí a mbíonn tionchar acu ar fhorbairt réiteach éagsúil teicneolaíochta ná táscairí tomhaltais fuinnimh, lorg carbóin agus costais táirgthe, saothraithe, athchúrsála agus díchoimisiúnaithe;

9. á chur in iúl gur mór an díol trua di go mbíonn seasamh láidir agus moileanna ar an leibhéal áitiúil go minic i gcoinne tionscadal bonneagair nó stórála atá riachtanach don aistriú fuinnimh; á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht phoiblí a spreagadh go gníomhach ar an leibhéal áitiúil, mar shampla trí rannpháirtíocht an phobail go luath, trína chur ar chumas na bpobal áitiúil a bheith rannpháirteach ó thaobh airgeadais de nó a chúiteamh, agus trí dhlúthchomhar idir earnálacha;

10. ag cur béim ar acmhainneacht na stórála mar mhalairt ar leathnú traidisiúnta na heangaí; ag cur béim ar a thábhachtaí atá pleanáil chomhordaithe bonneagair mar chuid den Straitéis maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh atá ar na bacáin d’fhonn geilleagar Eorpach atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus iomaíoch a bhaint amach;

11. á iarraidh cur chun feidhme tráthúil na Treorach maidir leis an Margadh Leictreachais (AE) 2019/944 agus an Rialacháin maidir leis an Margadh Leictreachais (AE) 2019/943; ag cur béim ar an bhfíric gur cheart stóráil fuinnimh a shainiú go comhleanúnach ar fud na gcreataí náisiúnta dlíthiúla; ag léiriú neamhchinnteachtaí a bhaineann lena raon feidhme, go háirithe maidir le teicneolaíochtaí éagsúla cumhacht-go-X a chur san áireamh, agus iarrann sí, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún treoir phráinneach a chur ar fáil maidir leis an ábhar sin;

12. á iarraidh ar an Coimisiún, i gcomhthéacs na Straitéise maidir le Comhtháthú na gCóras Fuinnimh, bunús fónta dlí a chur ar fáil d’oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin an bhonneagair gáis d’fhonn réitigh stórála fuinnimh a chur ar fáil i gcomhréir le spriocanna aeráide an Aontais agus le Comhaontú Pháras;

Bacainní rialála

13. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhleanúnachas a áirithiú agus forluí sa reachtaíocht a sheachaint ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta nó réigiúnach; 

14. á chur i bhfios go n-éilíonn formhór na mBallstát ar oibreoirí saoráidí stórála, lena n-áirítear tomhaltóirí gníomhacha, muirir ghréasáin nó cánacha fuinnimh agus tobhaigh eile a íoc faoi dhó; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte go ndéanfaí níos mó tionscadal stórála mar thoradh ar an muirear seo a dhíothú; á iarraidh ar an gCoimisiún difreáil idir úsáid deiridh agus stóráil nó tiontú agus cáinchóras éifeachtúil a fhorbairt lena gcuirfear cosc ar an gcánachas dúbailte a bhaineann le tionscadail stórála fuinnimh ina thogra le haghaidh Treoir athbhreithnithe maidir le Cánachas Fuinnimh atá le teacht; á iarraidh ar na Ballstáit deireadh a chur le cánachas dúbailte, cibé cineál é, trí scéimeanna cánach éifeachtúla a fhorbairt agus muirir a bhaineann le stóráil fuinnimh a athdhearadh ar bhealach a léiríonn tairbhe na sochaí ó stóráil agus deireadh a chur le bacainní ar thionscadail stórála a bhfuil rochtain acu ar an margadh;

15. ag cur béim ar an ngá atá le cóireáil inchomparáide ar stóráil i ngach iompróir fuinnimh éagsúil agus ar stóráil a lonnaítear roimh agus i ndiaidh an mhéadair, ionas nach gcruthófar fadhb tras-fhóirdheonaithe trí tharaifí eangaí nó muirir córais, cánacha agus tobhaigh a eisiúint; ag tabhairt dá haire go bhfuil formhór na n-iarrachtaí ar dhícharbónú airgeadaisá ndéanamh ag tomhaltóirí leictreachais faoi láthair agus dá bhrí sin go ngearrtar pionós go hindíreach ar stóráil leictreachais;

16. ag tabhairt dá haire, cé is moite de hidreafhuinneamh pumpála, nach ndíríonn cóid ghréasáin AE ar shaoráidí stórála fuinnimh de ghnáth, rud a fhágann nach gcaitear go cothrom leo i mBallstáit éagsúla, go háirithe maidir leis na riachtanais a bhaineann leis an gceangal leis an eangach; den tuairim gur coinníollacha éagothroma iomaíochta iad sin a chuireann bac ar chásanna gnó inmharthana a fhorbairt le haghaidh saoráidí stórála fuinnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún obair a éascú maidir le riachtanais choiteanna a bhunú maidir leis an eangach a nascadh agus aghaidh a thabhairt ar bhacainní eile lena gcuirtear cosc ar stóráil a chomhtháthú i margaí an leictreachais;

17. á iarraidh, mar ábhar práinne, go ndéanfaí athbhreithniú ar Rialachán GTE-F[18] i ndáil le critéir incháilitheachta agus catagóirí bonneagair leictreachais, chun aghaidh níos fearr a thabhairt ar shaoráidí stórála fuinnimh a fhorbairt sula nglacfar an chéad liosta eile de thionscadail leasa choitinn (TLCanna); á iarraidh go ndéanfar athchóiriú críochnúil ar an bpróiseas lena ndréachtaítear an Plean Forbartha Gréasáin Deich mBliana (TYNDP) chun an prionsabal ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’ a chomhtháthú sa phleanáil bonneagair, mar aon le solúbthacht, comhtháthú earnála agus naisc trasteorann; á iarraidh go ndéanfaí na critéir maidir le stádas TLC a dheonú a ailíniú le sprioc teochta fadtéarmaí Chomhaontú Pháras agus le sprioc AE maidir le neodracht aeráide in 2050 trí mheasúnú córasach aeráide a dhéanamh ar na tionscadail iarrthacha ar fad ar liosta TLC;

18. á iarraidh ar an gCoimisiún aitheantas a thabhairt don ról ríthábhachtach atá ag na teicneolaíochtaí solúbthachta agus stórála ar fad chun aistriú éifeachtúil fuinnimh a áirithiú agus chun ardleibhéil slándála soláthair agus cobhsaíochta córais a sholáthar tuilleadh; ag cur i bhfios go láidir gur chun leas an phobail é tionscadail nua stórála a fhorbairt agus na cinn atá ann cheana a uasghrádú, rud ba cheart a léiriú i bpróiseas ceadaithe mear, tosaíochta agus cuíchóirithe sna Ballstáit;

19. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, go dtógann na nósanna imeachta formheasa ar an leibhéal náisiúnta i bhfad níos mó ama ná na tréimhsí uasta do thionscadail TLC dá bhforáiltear Rialachán GTE-F; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh ar thabhairt ar an tsaincheist seo ina athbhreithniú a dhéanfar go luath trí shásra forfheidhmithe éifeachtach agus sioncronaithe lena n-athnítear leas poiblí sáraitheach thionscadail stórála TLC;

20. á chur in iúl gurb oth léi an easpa úsáide a bhaintear as tionscadail taighde faoin gclár Fís 2020 ar an margadh agus an easpa obair leantach chórasach a dhéantar ar thionscadail atá curtha i gcrích agus ar scaipeadh torthaí taighde, agus is díol sásaimh di an bhéim níos mó atá beartaithe ar ghníomhaíochtaí atá gar don mhargadh agus uaillmhianta bunúsacha taighde á gcoinneáil chun líon na dteicneolaíochtaí agus na dtionscadal atá gar don mhargadh a chruthú amach anseo faoin gclár Fís Eorpach, go háirithe trí Chomhairle Nuálaíochta Eorpach a chruthú; á iarraidh níos mó úsáide a bhaint as soláthar réamhthráchtála; á chur i bhfios go láidir gur gá dlús a chur leis an taighde ar theicneolaíocht atá glan, inbhuanaithe agus ísealcharbóin, lena n-áirítear maidir le stóráil fuinnimh;

21. ag cur béim ar an ngá le níos mó taighde maidir le substaintí ceimiceacha a úsáidtear le haghaidh stórála fuinnimh, chomh maith le taighde bunúsach ar fhorsheoltacht, ar cheart é a léiriú sa chlár Físe atá ar na bacáin;

22. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, nach bhfuil ach tagairt indíreach do thionscadail stórála fuinnimh sna Treoirlínte ón gCoimisiún maidir le Státchabhair do chosaint an chomhshaoil agus don fhuinneamh 2014-2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach ndearnadh ach líon fíorbheag beart Státchabhrach le haghaidh tionscadail stórála a fhógairt san am atá thart;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún ról tábhachtach na stórála san aistriú fuinnimh a chur san áireamh agus aghaidh a thabhairt air dá réir sin agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar threoirlínte maidir le Státchabhair; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú freisin go gcuirfear san áireamh sna treoirlínte nua an inbhuanaitheacht agus an éifeachtúlacht, an rannchuidiú a ghabhann le cobhsaíocht eangaí agus an rannchuidiú le neodracht aeráide teicneolaíochtaí stórála éagsúla; á chur i bhfáth, ina theannta sin, go bhféadfaí díolúine ó rialacha maidir le státchabhair a thabhairt do thionscadail neamhthráchtála (e.g. le haghaidh taighde), ionas go seachnófar maoiniú neamhéifeachtúil agus saobhadh iomaíochta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil oibriú sócmhainní stórála ag gníomhaithe neamh-mhargaidh teoranta do na cásanna sin nach bhfuil aon leas margaidh iontu agus inar dheonaigh an t-údarás rialála náisiúnta díolúine;

24. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear san áireamh sna treoirlínte nua éifeachtúlacht agus rannchuidiú teicneolaíochtaí stórála éagsúla don eangach, ionas go seachnófar cistiú neamhéifeachtúil agus go mbeidh rannpháirtíocht gníomhaithe neamh-mhargaidh teoranta do na cásanna agus na cúinsí dá dtagraítear in Airteagal 36 agus in Airteagal 54 den Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais (AE) 2019/944;

Stóráil Cheimiceach (Cumhacht go X)

25. á chur i bhfios go láidir ról tábhachtach na teicneolaíochta Cumhachta go X mar phríomhchumasóir do chomhtháthú an chórais fuinnimh agus do nascadh earnáil an leictreachais agus earnáil an gháis; á chur béim, i ndáil leis sin, ar acmhainneacht ard na hidrigine, go háirithe hidrigin ghlas, agus acmhainneacht ard an mheatáin shintéisigh agus an bhithmheatáin le haghaidh stóráil fuinnimh shéasúraigh in ardmhéideanna agus mar iompróir fuinnimh, mar bhreosla agus mar bhunábhar do thionscail dianfhuinnimh, agus mar bhreosla inbhuanaithe do roinnt modhanna iompair; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de thacaíocht a thabhairt do T&D a bhaineann le geilleagar hidrigine a fhorbairt, agus tathantaíonn sí ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le méadú breise theicneolaíocht na Cumhachta go X, go háirithe trí thacú le tionscnamh hidrigine mar Thionscadal Tábhachtach ar mhaithe le Leas na hEorpa i gCoitinne (IPCEI);

26. ag tabhairt dá haire nach bhfuil úsáid hidrigine i gcomhair stórála fuinnimh iomaíoch go fóill mar gheall ar chostais arda táirgthe; ag tabhairt dá haire freisin an difríocht mhór costais idir hidrigin ghlas agus hidrigin ghorm; á chur i bhfios an tábhacht a bhaineann le bearta tacaíochta a mbeidh laghdú ar chostais don hidrigin ghlas mar thoradh orthu d’fhonn cás gnó inmharthana a dhéanamh;

27. ag tabhairt dá haire, go bhfuil caighdeáin éagsúla sna Ballstáit maidir le hidrigin a mheascadh le gás nádúrtha; á iarraidh ar an gCoimisiún mionchaighdeáin um meascadh a mheasúnú agus a fhorbairt le haghaidh hidrigin, don eangach gháis agus d’úsáideoirí deiridh araon; á chur i bhfios go gcaithfear na caighdeáin sin a oiriúnú do riachtanais cháilíochta agus d’inniúlachtaí teicneolaíochta na n-úsáideoirí deiridh, ag cur sainiúlachtaí gach tíre san áireamh;

28. ag tabhairt dá haire gur féidir hidrigin a tháirgtear trí chumhacht chuig gás a chlaochlú tuilleadh i gcineálacha eile gáis, amhail meatánóil agus amóinia, ar féidir iad a úsáid mar bhreosla don earnáil mhuirí agus don earnáil eitlíochta, agus le haghaidh iompair throm;

29. á thabhairt chun suntais go bhfuil móracmhainn stórála fuinnimh á soláthar ag an mbonneagar gáis atá ann cheana agus go néascófaí comhtháthú an leictreachais in-athnuaite leis na sócmhainní sin agus leo sin atá ag freastal ar fhoinsí nua gáis, go háirithe hidrigin ghlas; ag tabhairt dá haire gur gá aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist maidir le ról nua Oibreoirí na gCóras Tarchurtha Gáis (OCTanna) i bhfianaise rialacha díchuachta;

30. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair cuimsitheach a dhéanamh, anailís costais is tairbhe agus anailís infhaighteachta ar bhonneagar gáis iarfheistithe nó bonneagar tiomnaithe nua a thógáil, atá tábhachtach chun hidrigin ghlas a úsáid, chun í a iompar i gcainníochtaí móra agus chun soghluaisteacht hidrigine a chur i bhfeidhm; ag aithint acmhainneacht stórála gáis faoi thalamh amhail uaimheanna folmha nó stóráil póire;

31. á mheas gur cheart do bheartais an AE feabhas sonrach a chur ar an nuálaíocht agus ar úsáid stórála fuinnimh inbhuanaithe agus hidrigin ghlas; á chur i bhfáth nach bhfuil i gceist leis an ngá le húsáid foinsí fuinnimh, amhail gás nádúrtha, a áirithiú ach beart idirthréimhseach, á thabhairt san áireamh cúspóir neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; ag aithint  go mbeidh cainníochtaí hidrigine níos mó agus níos mó ag teastáil ó AE; á chur i bhfáth go láidir gur gá tacú le conairí hidrigine d’fhonn méideanna leordhóthanacha fuinnimh agus iomaíochas thionscal na hEorpa a áirithiú;

32. á iarraidh ar an gCoimisiún sainmhíniú comhchuibhithe ar hidrigin ghlas a fhorbairt a bheidh bunaithe ar mhodheolaíocht thrédhearcach; á iarraidh thairis sin go dtabharfaí aitheantas frithpháirteach do Ráthaíochtaí Tionscnaimh i gcás na ngás sin, lena molfaí comhscéim deimhniúcháin agus córas doiciméadúcháin a fhorbairt ar fud an tslabhra luacha, mar shampla trí lipéad glas a eisiúint; ag spreagadh na Ballstáit chun na bacainní riaracháin ar dheimhniú hidrigine glas agus/nó ísealcharbóin a íoslaghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíocht chothrom agus éifeachtach a áirithiú idir teicneolaíochtaí agus iompróirí fuinnimh agus idir hidrigin allmhairithe agus hidrigin a tháirgtear san AE;

33. ag tabhairt dá haire, faoi rialacha reatha an mhargaidh inmheánaigh gáis, nach bhfuil údarú ag oibreoirí córais tarchurtha agus dáileacháin an Aontais gás nádúrtha a iompar ach amháin mar ghníomhaíocht rialáilte; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhthéacs na Straitéise maidir le Comhtháthú Córas Fuinnimh, a chur ar chumas na n-oibreoirí gáis ísealcharbóin amhail hidrigin, bithmheatán agus meatán sintéiseach a iompar;

34. á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh rochtain ag na gníomhaithe margaidh go léir ar na buntáistí agus ar na dreasachtaí a chruthaítear i dtreoirthionscadail nó i bhfíorshaotharlanna domhanda chun táirgeadh hidrigine atá bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite a léiriú;

35. á mheabhrú nach bhfuil táirgeadh iompróirí ceimiceacha sintéiseacha réasúnta ach amháin nuair a úsáidtear fuinneamh inathnuaite; á iarraidh go méadófaí spriocanna fuinnimh inathnuaite do 2030 bunaithe ar mheasúnú tionchair críochnúil;

Stóráil leictriceimiceach

36. den tuairim go mbeidh ról tábhachtach ag réimse teicneolaíochtaí ceallra, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil slabhraí luacha seanbhunaithe san Aontas Eorpach acu, chun soláthar cobhsaí solúbtha leictreachais a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil teicneolaíochtaí ceallraí ríthábhachtach chun neamhspleáchas straitéiseach agus athléimneacht AE a ráthú maidir le soláthar leictreachais;

37. á chur in iúl gur díol sásaimh di  iarrachtaí an Choimisiúin caighdeáin do cheallraí Eorpacha a chruthú;

38. ag aithint go bhfuil scéimeanna bailithe agus athchúrsála a fheidhmíonn go maith mar aon le próisis lúb iata, i gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, i bhfeidhm cheana féin do réimse teicneolaíochtaí ceallraí, go háirithe i slabhraí luacha gluaisteáin agus tionsclaíocha atá bunaithe san Aontas Eorpach, e.g. ceallraí tosaithe luaidhe-bhunaithe, agus á chreidiúint go bhféadfaí na scéimeanna sin a mheas mar threoirphlean le haghaidh athchúrsála ceallraí;

39. ag tabhairt dá haire go mbeidh rochtain ar mhargaí leictreachais agus solúbthachta ríthábhachtach chun acmhainneacht stórála ceallraí a bhaint amach;

40. á chur in iúl gur ábhar imní di é go bhfuil acmhainneacht fíor-íseal ag AE chun ceallraí ian litiam a mhonarú agus go bhfuil sé ag brath ar tháirgeadh ó áit lasmuigh den Eoraip le trédhearcacht theoranta; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir le Ceallraí; ag iarraidh go leathnófaí iad chun na teicneolaíochtaí ceallra uile atá ar fáil a chumhdach; ag iarraidh go dtabharfaí tacaíocht leanúnach dóibh agus go ndéanfaí cur chun feidhme an Phlean Gníomhaíochta Straitéisigh a neartú, i gcomhréir le cuspóirí níos leithne ó thaobh an gheilleagair chiorclaigh, na straitéise tionsclaíche agus an bhainistithe ceimiceán; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an fógra ón gCoimisiún go molfaidh sé reachtaíocht maidir le ceallraí chun tacú leis an bPlean Gníomhaíochta Straitéiseach agus leis an ngeilleagar ciorclach; ag iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí anailís saolré ar cheallraí, go ndéanfaí dearadh ciorclach a thabhairt isteach, go ndéanfaí bainistiú agus láimhseáil shábháilte le linn cóireáil substaintí guaiseacha i monarú ceall, agus lipéad loirg carbóin a thabhairt isteach ar a ndearbhaítear tionchar comhshaoil na slabhraí luacha ceallraí uile a chuirtear ar an margadh Eorpach; á chur i bhfáth á thábhachtaí atá sé éiceachórais a chruthú timpeall ar an slabhra luacha ceallraí chun iomaíochas agus inbhuanaitheacht an tionscail a chothú;

41 á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais éicidhearthóireachta do cheallraí a mholadh chun feabhas a chur ar a n-athchúrsáilteacht trí dhearadh;

42. á chur in iúl gur ábhar imní di go bhfuil AE ag brath go mór ar allmhairiú amhábhar le haghaidh ceallraí a tháirgeadh, lena n-áirítear ó fhoinsí ina mbíonn díghrádú comhshaoil, sárú ar chaighdeáin saothair agus coinbhleachtaí áitiúla mar gheall ar acmhainní nádúrtha i gceist lena n-eastóscadh;  ag tathant ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an spleáchas sin i straitéisí ábhartha an Aontais; á thabhairt chun suntais an ról atá ag foinsiú inbhuanaithe amhábhar agus acmhainneacht foinsí amhábhar baile san Aontas; á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de go bhféadfadh cuid shuntasach den amhábhar is gá le haghaidh ceallraí a tháirgeadh laistigh de AE a bheith ann mar thoradh ar scéimeanna athchúrsála feabhsaithe do cheallraí;

43. ag aithint na féidearthachta atá ann ceallraí ídithe ó fheithiclí leictreacha a athúsáid le haghaidh stóráil fuinnimh i dtithe príobháideacha nó in aonaid ceallraí níos mó; á chur in iúl gur ábhar imní di go bhféadfadh sé gur bac ar athúsáid atá san fhoráil atá sa Treoir maidir le Ceallraí go bhfuil ceallraí ídithe le haicmiú mar dhramhaíl, gan beann ar an athúsáid a d’fhéadfaí a bhaint astu; ag aithint nach dtugtar ceallraí athúsáidte ar ais lena n-athchúrsáil agus nach rialaítear caighdeáin sábháilteachta nuair a bhaintear athearraíocht as ceallra le haghaidh úsáidí a bhfuil saintréithe acu atá éagsúil leis ná húsáidí dá ndearadh an ceallra ar dtús; á iarraidh ar an gCoimisiún freagracht táirgeora, le ráthaíochtaí feidhmíochta agus sábháilteachta, a chur i bhfeidhm maidir leis an athmhonatóir atá ag tabhairt an cheallra isteach ar an margadh athuair; á iarraidh ar an gCoimisiún na scéimeanna freagrachta leathnaithe táirgeora (EPR) a bhaineann le ceallraí athúsáidte a shoiléiriú;

44. ag aithint acmhainneacht feithiclí leictreacha agus a gceallraí solúbthacht a sholáthar, trí bhonneagar luchtaithe cliste feithiclí leictreacha, don eangach mar chuid den fhreagairt inseolta don éileamh, agus, ar an gcaoi sin, an gá atá le gléasraí cúltaca sa chóras cumhachta a laghdú;

45. á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna bailithe agus athchúrsála uaillmhianacha a mholadh do cheallraí bunaithe ar chodáin miotail chriticiúla agus athbhreithniú á dhéanamh aige ar an Treoir maidir le Ceallraí agus tar éis dó measúnú tionchair a dhéanamh; á chur i bhfios go láidir gur gá taighde agus nuálaíocht le haghaidh próisis agus teicneolaíochtaí athchúrsála a chur chun cinn tuilleadh faoi Fhís na hEorpa;

46. á iarraidh ar an gCoimisiún treoirlínte agus/nó caighdeáin a fhorbairt chun athearraíocht a bhaint as ceallraí ó fheithiclí leictreacha, lena n-áirítear próisis tástála agus grádaithe, chomh maith le treoirlínte sábháilteachta;

47. á thabhairt chun suntais gur gá tacú le taighde, le fios gnó agus le scileanna chun táirgeadh ceallraí a chothú san Aontas;

48. ag aithint acmhainneacht an phas ceallraí dhomhanda i ndáil le slabhra luacha inbhuanaithe ceallraí a fhorbairt, agus an tionchar ar chearta an duine agus ar an gcomhshaol á chur san áireamh; á mheas gur uirlis thábhachtach é deimhniú mianraí chun slabhraí luacha inbhuanaithe ceallraí a áirithiú;

Stóráil mheicniúil

49. ag tabhairt dá haire go bhfuil ról bunriachtanach ag taisce pumpála i stóráil fuinnimh; á chur in iúl gur ábhar imní di é nach bhfuil acmhainneacht iomlán na slí sin le fuinneamh a stóráil, ar slí é atá neodrach ó thaobh carbóin de agus atá an-éifeachtúil, á shaothrú ag AE;

50. á mheas gur cheart do na Ballstáit bealaí eile a lorg le hacmhainneacht taisce pumpála a fheabhsú agus úsáid ilchuspóireach taiscumar atá ann cheana agus taiscumar nua á cur san áireamh; á iarraidh ar na Ballstáit aon bhaic riaracháin atá ag cur moill ar na tionscadail seo a bhaint agus tacaíocht rialála a sholáthar do chineálacha cur chuige nuálacha sa réimse seo; á iarraidh ar an gCoimisiún tús áite a thabhairt don aistriú fuinnimh is gá, athbhreithniú cuimsitheach a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha, agus athruithe a mholadh i gcás inar gá, agus, ar an gcaoi sin, an tionchar ar an gcomhshaol a laghdú;

51. á chur i bhfios go bhféadfadh sé, ar mhaithe leis an gcomhshaol a chosaint, gurbh fhearr uasghráduithe ar shaoráidí atá ann cheana agus tionscadail acmhainneachta níos airde ná tionscadail nua;

52. ag aithint rannchuidiú teicneolaíochtaí stórála amhail aer comhbhrúite, for-thiomsaitheoirí agus rothaí lústair le soláthar solúbthachta; ag aithint thábhacht theicneolaíocht an rotha lústair san Eoraip i ndáil le stóráil fuinnimh agus rialáil minicíochta; á chur i bhfios go láidir gur gaireas ábhartha stórála agus rialála í an teicneolaíocht sin le haghaidh eangacha cliste nó forbairt straitéiseach eangach;

Teirmeastóráil

53. á mheas gur uirlis an-éifeachtúil le haghaidh stóráil fuinnimh é teirmeastóráil (amhail coirí mórscála) agus téamh ceantair i limistéir dhlúthdhaonra lena soláthraítear an tsolúbthacht is gá chun sciar níos mó d’fhoinsí inathnuaite eadrannacha agus d’fhuíollteas ó phróisis thionsclaíocha agus ón earnáil threasach a chomhtháthú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le líonraí téimh ceantair atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, agus iad a fhorbairt; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, bonneagar teasa agus teirmeastóráil a chur san áireamh agus na Pleananna Forbartha Líonra Deich mBliana don Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tharchurtha Leictreachais (ENTSO-E) agus don Líonra Eorpach d'Oibreoirí Córais Tarchurtha Gáis (ENTSO-G) á bhforbairt aige;

54. á chreidiúint go bhféadfadh teirmeastóráil in uiscígh, go háirithe maidir le húsáid foinsí geoiteirmeacha, a bheith ina huirlis nuálach i limistéir neamhuirbithe agus tionsclaíocha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le taighde agus forbairt le haghaidh na réiteach sin agus treoirghléasraí mórscála a chur chun feidhme;

55. ag aithint go bhfuil comhghiniúint sholúbtha ina réiteach stórála fuinnimh comhtháite réamhbhreathnaitheach do sholúbthacht eangach leictreachais agus d’éifeachtúlacht soláthair teasa a bhuí le stóráil teasa trína ndéantar giniúint leictreachais a dhíchupláil ó thomhaltas teasa; á iarraidh ar na Ballstáit tuilleadh scrúdaithe a dhéanamh ar chomhtháthú earnála, ar chórais chliste fuinnimh agus ar úsáid barrachais teasa, mar shampla ó lárionaid sonraí, suíomhanna tionsclaíocha nó córais meitreo; á iarraidh ar an gCoimisiún coincheapa nuálacha teirmeastórála amhail stóráil teasa go leictreachas agus stóráil oighir a chur chun cinn;

56. á chur in iúl gur geal léi go mbeidh líonraí téimh agus fuaraithe ceantair incháilithe chun maoiniú a fháil faoi Rialachán SCE athbhreithnithe, agus á iarraidh go n-áireofaí iad mar PCIanna féideartha faoi Rialachán GTE-F;

57. á chreidiúint gur cheart, i gcomhréir le neodracht na teicneolaíochta, teicneolaíochtaí stórála fuinnimh theirmigh a chur chun cinn chun feabhas a chur ar a bhfeidhmíocht, ar a n-iontaofacht agus ar a gcomhtháthú i gcórais atá ann cheana le haghaidh cumhacht inseolta; á chreidiúint gur féidir le forbairt na teicneolaíochta stórála teirmí agus imlonnú an mhargaidh deiseanna a sholáthar le haghaidh tionscadail chomhpháirteacha chun comhpháirtíochtaí fuinnimh idir tíortha a spreagadh;

58. ag aithint na hacmhainneachta stórála atá ag foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh trí mhaiseanna atá éifeachtach ó thaobh stórála de, comhpháirteanna tógála teirmeacha nó ollmhóra nó stóráil uisce fhuair nó uisce the; á iarraidh ar an gCoimisiún athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh a spreagadh ina straitéis maidir leis an rabharta athchóirithe, ar straitéis í atá ar na bacáin, agus ag tathant ar na Ballstáit a gcuid straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a chomhlíonadh agus fós acmhainneacht stórála foirgneamh a mheas;

59. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar ról bonneagair teirmeastórála agus téimh i ndáil le solúbthacht a thabhairt chun an chórais fuinnimh sa Straitéis maidir le Comhtháthú an Chórais Fuinnimh, ar straitéis í atá ar na bacáin;

60. á iarraidh ar na Ballstáit breithniú a dhéanamh ar na teicneolaíochtaí stórála inbhuanaithe agus cost-éifeachtúla uile agus ar na roghanna solúbthachta uile, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le teas, mar chuid de chur chuige comhtháite córas fuinnimh agus a gcórais fuinnimh á n-athdhearadh acu i ngeilleagair atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus atá bunaithe ar fhoinsí inathnuaite fuinnimh ina bpleananna náisiúnta don fhuinneamh agus don aeráid (NECPanna);

Stóráil dhíláraithe – ról tomhaltóirí gníomhacha

61. á chreidiúint go gcabhraíonn ceallraí tí, stóráil fuinnimh tí, teicneolaíocht feithicle go heangach, córais fuinnimh chliste tí, freagairt don éileamh agus comhtháthú earnála le buaicphointí tomhaltais a laghdú, le solúbthacht a sholáthar, agus go bhfuil méadú ag teacht ar thábhacht an róil atá acu i ndáil lena áirithiú go bhfuil an eangach fuinnimh éifeachtúil agus comhtháite; á chreidiúint go mbeidh caighdeánú luath gaireas nua, faisnéis do thomhaltóirí agus trédhearcacht sonraí tomhaltóirí agus margaí leictreachais dea-fheidhmiúla trína soláthraítear rochtain éasca i gcomhair tomhaltóirí bunriachtanach chun é sin a bhaint amach; á chur i bhfáth, thairis sin, ról custaiméirí gníomhacha agus pobail fuinnimh saoránach sa phróiseas aistrithe fuinnimh, agus á chreidiúint gur cheart iad a chur chun cinn go leormhaith;

62. ag tabhairt dá haire gur leasc le húsáideoirí príobháideacha a gceallraí feithicle a sholáthar le haghaidh seirbhísí stórála, fiú amháin más indéanta go teicniúil é; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, na dreasachtaí don tsolúbthacht a sholáthraítear do thomhaltóirí le Treoir (AE) 2019/944 (an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais), agus á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear na forálacha ábhartha chun feidhme go pras agus go láidir; á chur i bhfáth go mbeidh níos mó idir-inoibritheachta ag teastáil chun teicneolaíocht feithicle go heangach a thabhairt isteach, ar bhealach leathan, ar an margadh agus, dá bhrí sin, go mbeidh gá le rialacháin aonfhoirmeacha nó caighdeáin aonfhoirmeacha ar fud an Aontais lena gcuirfear deireadh le roinnt bacainní, lena n-áirítear bacainní riaracháin, dlíthiúla agus cánach;

63. ag aithint rannchuidiú tomhaltóirí gníomhacha le solúbthacht a sholáthar don chóras, mar shampla trí réitigh stórála fuinnimh dhíláraithe agus mhionscála, agus, ar deireadh, le spriocanna aeráide agus fuinnimh a bhaint amach; á iarraidh ar na Ballstáit tacú le rannpháirtíocht na saoránach sa chóras fuinnimh (e.g. trí dhreasachtaí cánach do theicneolaíochtaí stórála ceallra) agus deireadh a chur leis na bacainní sin a chuireann cosc ar thomhaltóirí leictreachas a fhéinghiniúint nó leictreachas féinghinte a ídiú nó a stóráil nó é a dhíol ar an margadh; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán cuí a dhéanamh ar chur chun feidhme ceart na Treorach maidir leis an Margadh Leictreachais agus Threoir (AE) 2018/2001 (an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite) a mhéid a bhaineann leis na hairteagail sin lena mbunaítear creat rialála d’fhéintomhaltóirí agus do phobail fuinnimh;

64. á chur i bhfios go láidir gur cuid bhunriachtanach den bhainistiú ar thaobh an éilimh í an stóráil dhíláraithe; á thabhairt chun suntais ról ceallraí EV i ndáil le solúbthacht eangaí a sholáthar trí sheirbhísí luchtaithe cliste agus trí sheirbhísí feithicle go x; á iarraidh ar an gCoimisiún creat cumasúcháin a chruthú lena n-áiritheofar go mbeidh an fheidhmiúlacht ann chun seirbhísí den sórt sin a sholáthar mar gheall ar tháirgeoirí EV, ar bhogearraí luchtaithe agus ar an stáisiún luchtaithe, agus idir-inoibritheacht iomlán a bhaint amach faoi chuimsiú na Treorach athbhreithnithe maidir le Breoslaí Malartacha;

65. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá gealltanas tugtha ag AE chun geilleagair na hEorpa a dhícharbónú agus é a dhéanamh neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050. Chun é sin a bhaint amach, ní mór aistriú brostaithe ó bhreoslaí iontaise mar phríomhfhoinse fuinnimh go foinsí fuinnimh inathnuaite (RES). Mar thoradh ar sciar níos airde RES, beidh giniúint fuinnimh níos díláraithe arís. Táthar ag dréim leis i ngach cás go mbainfear an dícharbónú amach den chuid is mó trí na hearnálacha is mó (fuinneamh, iompar, téamh agus fuarú) a leictriú, rud a chuirfidh méadú ollmhór ar éileamh leictreachais: de réir an Choimisiúin, beidh níos mó ná méadú dúbailte tagtha ar an éileamh leictreachais faoi 2050 (+55%). Toisc go bhfuilimid tiomanta d’earnáil an fhuinnimh a dhícharbónú, tiocfaidh méadú ar an sciar de leictreachas a ghintear trí RES. Tá an Coimisiún ag dréim le sciar 55% d’fhoinsí fuinnimh inathnuaite a bheith ann faoi 2030, agus níos mó ná 80% faoi 2050. Dar ndóigh, mar thoradh ar sciar níos airde RES, beidh luaineacht níos airde san eangach leictreachais. Mar sin, mar gheall ar an tiomantas le bheith neodrach ó thaobh carbóin de faoi 2050, tá gá le méadú ollmhór acmhainneachta stórála chun slándáil an tsoláthair fuinnimh a áirithiú.

 

Ní mór go mbeadh sé mar thosaíocht againn soláthar leictreachais leanúnach a dhaingniú i gcónaí. Ina theannta sin, ní mór go mbeadh fuinneamh fós inacmhainne do shaoránaigh AE. Beidh stóráil fuinnimh riachtanach chun cabhrú le hardphraghsanna leictreachais a laghdú trí bhuaicphointí agus íosphointí ó thaobh éilimh agus soláthair de a chothromú. Beidh gá le réimse leathan teicneolaíochtaí stórála a chlúdaíonn na saintréithe ar fad a bhaineann le cumhacht, acmhainneacht agus aga freagartha a thabhairt go dtí an margadh chun freastail ar chobhsaíocht na heangaí, rialú voltais, mar chúltaca oibríochtaí, seoladh agus athsheoladh agus freisin le haghaidh aistriú fuinnimh miondíola. Ní hé amháin go mbeidh gá le stóráil gearrthéarmach, ach beidh gá le stóráil shéasúrach thar míonna freisin. Is féidir le stóráil a bheith mar sheirbhís d’Oibreoir Córais Dáileacháin (OCD), e.g. do bhainistiú ar phlódú, nó d’Oibreoir Córais Tarchurtha (TSO) a bheith ag fónamh don chothromú.

 

Ní mór do AE gníomhú anois. Tá sé mar aidhm ag an tuarascáil anailís a dhéanamh ar na féidearthachtaí stórála atá ann faoi láthair agus moltaí a thabhairt don Choimisiún agus do na Ballstáit chun acmhainneacht stórála in AE a fhiosrú go hiomlán. Más laistigh den earnáil leichtreachais amháin a bheidh stóráil á mheas, tá solúbthachtaí srianta agus an-chostasach. Trí chomhtháthú cliste earnálacha éagsúla, mar shampla gás a fhaightear ó leictreachas nó teas a fhaightear ó leictreachas, tá níos mó teicneolaíochtaí stórála ag teacht ar an bhfód, amhail teirmeastóráil. Ní mór cur chuige cuimsitheach a bheith ann chun gnéithe éagsúla a ailíniú amhail éifeachtúlacht, tionchair ar an gcomhshaol, inniúlachtaí agus ceadú. Ní mór anailís chúramach agus chuimsitheach a dhéanamh ar gach cineál teicneolaíochtaí stórála, go háirithe maidir le tionchair ar an gcomhshaol. Ní fhéadfar ardchaighdeáin chomhshaoil in AE a dhéanamh níos laige. D’fhéadfadh lorg carbóin mór a bheith ag gabháil le roinnt teicneolaíochtaí stórála, amhail ceallraí, rud a bhraitheann go suntasach ar an meascán fuinnimh a úsáidtear dá gcur chuige monaraíochta agus d’eastóscadh na n-amhábhar lena n-aghaidh. Sin é an fáth a molann an Rapóirtéir gur cheart don Choimisiún tascfhórsa a chruthú a mbeidh na hArd-Stiúrthóireachtaí ábhartha ar fad páirteach ann chun straitéis chuimsitheach a fhorbairt le haghaidh stóráil fuinnimh. Ba cheart go ndéanfaí anailís ar shaolré na roghanna stórála eile ar fad le béim ar a lorg carbóin sa chomhthéacs seo.

 

Bacainní rialála

 

Maidir leis an taobh rialaitheach, ní mór do AE na baic ar fad a d’fhéadfadh cur isteach ar shaothrú pras ar an acmhainneacht a bhaint. Tá dul chun cinn suntasach déanta cheana i roinnt earnálacha chun na ceanglais rialála a dhéanamh níos comhsheasmhaí. Mar shampla, leagtar amach sa Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais rialacha soiléir don mhargadh inmheánach um leictreachas. Tá cur i bhfeidhm pras na bhforálacha sin lárnach le haghaidh athrú ó bhonn a dhéanamh i leith stóráil fuinnimh. Ní mór aghaidh a thabhairt ar roinnt saincheisteanna fós, áfach, amhail cánachas dúbailte agus táillí eangaí dúbailte d’oibreoirí stórála, ar bac mór atá iontu chun rochtain a fháil ar an margadh seo.

 

Agus an t-athbhreithniú atá le teacht ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh á chur san áireamh aici, cuireann an Rapóirtéir fáilte roimh an tuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún ina n-aithnítear an gá atá le hathbhreithniú, toisc go bhfuil an Treoir as dáta agus go gceadaítear inti cánachas dúbailte ar sholáthraithe stórála. Creideann an Rapóirtéir go bhfuil buntáiste sóisialta ag baint le stóráil a chur ar fáil don eangach, agus is é sin an chúis go n-iarann sí an cánachas dúbailte a dhíothú. Beidh gá le difreáil idir gnáth-thomhaltas fuinnimh agus stóráil nó tiontú le haghaidh stórála.

 

Ní mór athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán GTE-F sula nglactar leis an gcéad liosta eile de thionscadail leasa choitinn (PCI). Ní léiríonn na critéir chun na tionscadail sin a chinneadh gealltanas an Aontais chun earnáil an fhuinnimh a dhícharbónú. Ní mór mar sin na critéir a ailíniú le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta an Aontais. Is féidir le saoráidí stórála a bheith ábhartha do phleanáil eangaí agus ní mór infheistíochtaí in eangacha nua amhail píblínte atá in ann hidrigin ghlas nó líonraí teasa do infheistíocht earnála a bheith ann don chomtháthú earnálach. Dá bhrí sin, ba cheart go mbeadh tionscadail den chineál sin incháilithe le bheith san áireamh sna liostaí PCI. Ina theannta sin, tógann na nósanna imeachta formheasa riaracháin sna Ballstáit i bhfad níos mó ama ná tréimhsí uasta PCI dá bhforáiltear i Rialachán GTE-F. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar shásraí um fhorfheidhmiú i ndáil leis sin.

 

Maidir le cistí taighde, tá sé léirithe san am atá thart go mbíonn deacrachtaí ag tionscadail taighde atá maoinithe ag AE rochtain a fháil ar an margadh. Cuireann an Rapóirtéir fáilte roimh chruthú na Comhairle Nuálaíochta Eorpaí. Thairis sin, cuireann sí in iúl gur díol sástachta di é go gcuirfidh an clár nua le haghaidh ‘Fís Eorpach’ cistiú ar fáil do ghníomhaíochtaí atá gar don mhargadh.

 

Beidh gá le státchabhair, go háirithe do thionscadail stórála nach bhfuil cruthaithe a bheith réidh don mhargadh fós. Ní thugtar aghaidh leordhóthanach faoi láthair ar thionscadail stórála sna Treoirlínte maidir le Státchabhair do Chosaint an Chomhshaoil agus don Fhuinneamh 2014-2020 (EEAG), atá dírithe níos mó ar thionscadail fuinnimh inathnuaite. D’fhéadfadh sé sin a bheith ar cheann de na cúiseanna nach bhfuil ach líon beag beart státchabhrach le haghaidh tionscadal stórála fógartha. Measann an Rapóirtéir gur gá ról na stórála san aistriú fuinnimh a chur san áireamh agus athbhreithniú á dhéanamh ar EEAG.

 

Toisc gur mhórchuspóir amháin de chuid an aistrithe fuinnimh é inacmhainneacht leictreachais, tá sé réasúnach díriú ar theicneolachtaí atá ar an margadh cheana nó atá nach mór oibríochtúil. Is é sin an chúis go ndíríonn an tuarascáil ar rogha teicneolaíochtaí.

 

Gás a fhaightear ó leictreachas

 

Ní mór don Eoraip a bheith mar cheannaire san earnáil hidrigine glaise. Is féidir le hidrigin ghlas, a tháirgitear ó uisce le leictreachas a thagann ó RES, solúbthacht shuntasach a sholáthar don chóras leictreachais. Tá leictrealóirí nua-aimseartha ann cheana i méideanna il-mheigeavata. Éascaíonn hidrigin ghlas níos mó solúbthachta geografaí: is féidir í a tháirgeadh go díreach ag an bhfoinse leictreachais (e.g. feirm ghaoithe), agus í a úsáid go díreach, í a stóráil – i méideanna ollmhóra (e.g. in uaimheanna nádúrtha) – nó í a iompar thar achair fhada gan aon chaillteanas suntasach a bheith ann. Ansin is féidir í a úsáid le haghaidh críocha éagsúla, mar shampla chun próisis tionsclaíochta a dhícharbónú i dtionscail dianfhuinnimh trína húsáid in ionad cuid den 15 Mt hidrigine a úsáidtear ar fud an domhain i scaglanna; trína húsáid in ionad gás nádúrtha le haghaidh téimh; mar bhreosla do ghluaisteáin; nó í a atrasfhoirmú go leictreachas. Faoi láthair, níl aon chreat comhchuibhithe ann lena sainmhínítear caighdeáin nó riachtanais do ghás a fhaightear ó leictreachas. Bíonn difríochtaí idir 5% agus 20% i gcaighdeáin measctha i measc na mBallstát.

 

Chun infheistíochtaí i dtáirgeacht hidrigine ghlaise a spreagadh agus dá réir sin chun margadh a chruthú, tá bonneagar láidir agus caighdeáin theicniúla chomhchuibhithe riachtanach. Ba cheart breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht chun píplínte eangaí atá ann cheana a úsáid sula mbeartaítear eangach eile a thógáil chun hidrigin a iompar. Chun saobhadh margaidh a sheachaint, tá gá le rialacha soiléire chun na róil a bheidh ag gníomhaithe éagsúla ar an margadh a shainiú, cosúil leis na forálacha deartha don mhargadh leictreachais athchóirithe.

 

Ceallraí

 

Is féidir le ceallraí freastal go príomha ar úsáidí gearrthéarmacha chun cáilíocht na cumhachta a dhaingniú san eangach, amhail rialú minicíochta, cothromú buaicphointí éilimh nó feidhmiú mar chúltaca i gcoinne luaineachtaí, a bhuí lena hagaí freagartha atá tapa go leor. Tuartar i gcásanna áirithe go mbeidh éileamh ar cheallraí ian litiam a rachaidh suas le 4 000 GWh faoi 2040 i gcomparáid le 78 GWh inniu. Is iad ceallraí ian litiam an úrscoth reatha a úsáidtear le haghaidh feithiclí nó tithe príobháideacha. Tá a raon idir córais 1-10 KW suas go córais 1-50 MW. Monaraítear 85% de chealla ceallra i réigiún an Aigéin Chiúin agus na hÁise. Thairis sin, ní mór na cúig amábhar riachtanacha (litiam, nicil, cóbalt, mangainéis agus graifít) a allmhairiú. Tá sé riachtanach, dá bhrí sin, forbairt agus nuálaíocht ceallraí a chur chun cinn in AE chun spleáchas ar thríú tíortha a laghdú. Sin é an fáth ar geal leis an Rapóirtéir Comhghuaillíocht Ceallraí an Aontais (EBA) agus an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir le ceallraí, a gheobhaidh tuilleadh tacaíochta. Ní mór an Plean Gníomhaíochta Straitéiseach maidir le ceallraí a bhfuil béim ann ar amhábhair, eastóscadh, foinsiú, mínghlanadh, táirgeacht cille agus athchúrsáil a neartú níos mó. Tá tairbhe shuntasach faighte ag ceallraí ian litiam ó thaighde. Ina theannta sin, ba cheart don Choimisiún glacadh le bearta a chabhraíonn chun slabhra luacha do cheallraí san Eoraip a thógáil.

 

Chun spleáchas ar allmhairí amhábhair a laghdú níos mó, ní mór dúinn creat AE feabhsaithe chun ceallraí úsáidte a athchúrsáil a bheith againn go práinneach, lena n-áirítear forálacha ar leith, amhail ceallra ian litiam, atá in easnamh faoi láthair. D’fhéadfadh forálacha den sórt sin cabhrú chun margadh le haghaidh athchúrsála ar cheallraí ian litiam a chruthú. I dtaca leis sin, cuireann an Rapóirtéir fáilte roimh an athbhreithniú atá le teacht ar an Treoir maidir le Ceallraí agus cuireann sí béim ar an tábhacht a bhaineann le bacainní a bhaint a mhéid a bhaineann le húsáid agus athchúrsáil. Ba cheart machnamh a dhéanamh ar sprioc athchúrsála ar leith do cheallraí ian litiam i gcomhthéacs an athbhreithnithe.

 

Taisce Pumpála

 

Is é taisce pumpála ceann de na bealaí is sine agus is aibí chun fuinneamh a stóráil. Le ráta éifeachtúlachta de 75-80%, seasann sé do 97% de na saoráidí reatha le haghaidh stórála fuinnimh atá ag AE faoi láthair. Tá sé cruthaithe go soiléir gur bealach éifeachtúil é chun fuinneamh a stóráil ag costais iomaíocha.

 

Cé go bhfuil a n-acmhainneacht hidreataisce pumpála fiosraithe go mór ag roinnt Ballstát, tá go leor acmhainneachta fós ann ar féidir í a fhiosrú in AE, amhail trí aisfheistiú agus athchóiriú, ar cur chuige cothrom é chun cosaint an chomhshaoil agus níos mó acmhainneachta stórála agus a éifeachtulacht a thabhairt le chéile. De réir staidéir ón Airmheán Comhpháirteach Taighde[19], i gcásanna áirithe, tá acmhainneacht in AE do 28 TWh agus níos mó, ag díriú ar thaiscumair nádúrtha amháin. Mar a léiríonn tionscadail taighde reatha, ní bhaineann taisce pumpála le taiscumair nádúrtha amháin. Tá tionscadail taighde ann chun sean-mhianaigh claise dromchla a úsáid mar thaisce pumpála.

 

Teirmeastóráil

 

Úsáidtear teirmeastóráil, amhail i dtéamh ceantair, faoi láthair in éineacht le CHP (comhghiniúint cumhachta agus teasa) chun ceantair chónaithe dhlúsdaonra a théamh; úsáidtear an eangach téimh le haghaidh iompair agus mar aonad stórála ag an am céanna. Toisc gur teicneolaíocht eile gurb ea í atá cruthaithe cheana a bheith an-éifeachtúil, creideann an Rapóirtéir gur cheart an acmhainneacht sin a fhiosrú níos mó. Tá ceantair chónaithe atá gar do cheirtleán uirbeach oiriúnach chun teas dramhaíola a úsáid ó phróisis tionsclaíocha ar féidir iad a stóráil agus a dháileadh le haghaidh téimh. Is féidir le cineálacha eile teirmeastórála, faoi thalamh nó in umair ar leithlis, stóráil fuinnimh séasúrach a sholáthar.

 

Dá bhrí sin, molann an Rapóirtéir níos mó forbartha a dhéanamh ar eangaí téimh ceantair, cinn atá i ndífheidhmeacht a uasghrádú nó a athriochtú agus iad a dhéanamh incháilithe do chistiú. Dá bhrí sin, cuireann sí fáilte roimh líonraí téimh ceantair trasteorann a chur san áireamh faoi Rialachán SCE athbhreithnithe.

 

Ról na dtomhaltóirí

 

Tiocfaidh méadú ar an ról atá ag stóráil fuinnimh dhíláraithe ag tomhaltóirí. Is féidir le tithe príobháideacha an fuinneamh a tháirgíonn siad a stóráil, mar shampla trí ghrianphainéil, i gceallraí tí dá n-úsáid féin níos déanaí. Is féidir leo teacht chun bheith ag feidhmiú mar aonaid stórála freisin san eangach trí acmhainní stórála a gceallraí r-feithicle a thairiscint don eangach (‘ó fheithicil go heangach’). Bíonn gluaisteáin páirceáilte 96% den am, agus is féidir an acmhainneacht ceallra atá ag r-fheithiclí a úsáid chun an eangach a chothromú. Tá luchtú cliste nuálach ann cheana agus ba cheart dó a bheith curtha ar fáil go forleathan ionas go mbeidh sé tarraingteach seirbhísí solúbthachta den chineál sin a thairiscint do thomhaltóirí.

 

 

 

 

 


 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Tá an liosta seo a leanas tarraingthe suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an dréacht-tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

An tOll. Susanne Muhar, An tOll. Stefan Schmutz / BUKO Ollscoil Acmhainní Nádúrtha agus Eolaíochtaí Beatha, Vín

Johannes Thema, Arjuna Nebel / Institiúid Wuppertal

Iompar agus Comhshaol

Fuinneamh Fionlannach

WWF

EUROBAT

VERBUND AG

RWE

AS COMP sa Choimisiún Eorpach

EASE

AXPO

Illwerke/VKW

AS ENER sa Choimisiún Eorpach

AS GROW sa Choimisiún Eorpach

Aireacht Talmhaíochta, Réigiún agus Turasóireachta na hOstaire

Arbeiterkammer Österreich

Aireacht Cónaidhme na hOstaire um Ghníomhú ar son na hAeráide, um an gComhshaol, um Shoghluaisteacht, um Nuálaíocht agus um Theicneolaíocht 

cyberGRID

E-Control

Energienetze Steiermark

Fachverband Gas Wärme

Industriellenvereinigung

Klima- und Energiefonds

OMV AG

Oesterreichs Energie

Österreichische Energieagentur

Österreichischer Biomasse-Verband

Ressl Holding GmbH

Umwelt Management Austria

Verband der öffentlichen Wirtschaft und Gemeinwirtschaft Österreichs

WWF Österreich

Wirtschaftskammer Österreich

Wien Energie

RAG Austria AG

Flexens

Eurelectric

 

 



 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta a ghlactha

29.6.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

53

3

15

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Nicola Beer, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Klaus Buchner, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, Christophe Grudler, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Marisa Matias, Eva Maydell, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Tsvetelina Penkova, Morten Petersen, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Sira Rego, Jérôme Rivière, Robert Roos, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Grzegorz Tobiszowski, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mohammed Chahim, Jakop G. Dalunde, Eleonora Evi, Martin Hojsík, Elena Kountoura, Nils Torvalds

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

 

53

+

PPE

Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria Da Graça Carvalho, Christian Ehler, András Gyürk, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello, Markus Pieper, Riho Terras, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

S&D

Carlo Calenda, Mohammed Chahim, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

RENEW

Nicola Beer, Martin Hojsík, Martina Dlabajová, Claudia Gamon, Bart Groothuis, Christophe Grudler, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen, Morten Petersen, Nils Torvalds

Na Glasaigh

François Alfonsi, Michael Bloss, Klaus Buchner, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Henrike Hahn, Ville Niinistö

GUE

Elena Kountoura

NI

Ignazio Corrao, Eleonora Evi, Clara Ponsatí Obiols

 

3

-

ID

Markus Buchheit, Georg Mayer

ECR

Robert Roos

 

15

0

ID

Paolo Borchia, Andrea Caroppo, Thierry Mariani, Joëlle Mélin, Jérôme Rivière, Isabella Tovaglieri

ECR

Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Grzegorz Tobiszowski, Evžen Tošenovský

GUE

Marc Botenga, Marisa Matias, Sira Rego

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 7 Iúil 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais