Tuarascáil - A9-0134/2020Tuarascáil
A9-0134/2020

TUARASCÁIL maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE

13.7.2020 - (2020/2070(INI))

An Choiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh
Rapóirtéir: Ciarán Cuffe

Nós Imeachta : 2020/2070(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0134/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0134/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE

(2020/2070(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), agus go háirithe Airteagal 194 de,

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta arna fhógairt ag Parlaimint na hEorpa, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún ag an gCruinniú Mullaigh Sóisialta do Phoist Chóra agus d’Fhás in Göteborg an 17 Samhain 2017,

 ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag 21ú Comhdháil na bPáirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (COP21) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Samhain 2018 dar teideal ‘Pláinéad Glan do Chách - Fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de’ (COM(2018)0773),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis Thionsclaíoch Nua don Eoraip’ (COM(2020)0102),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach — I gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche’ (COM(2020)0098),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 20 Meán Fómhair 2011 dar teideal ‘Treochlár i dtreo Eoraip atá Tíosach ar Acmhainní’ (COM(2011)0571) agus don lorg comhshaoil do tháirgí a fógraíodh inti,

 ag féachaint do Thuarascáil Speisialta 11/2020 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 28 Aibreán 2020 dar teideal ‘Éifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh: gá fós le béim níos mó ar chost-éifeachtúlacht’,

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019,

 ag féachaint do na conclúidí ón gComhairle an 25 Meitheamh 2019 maidir le todhchaí na gcóras fuinnimh san Aontas Fuinnimh d’fhonn an t-aistriú fuinnimh a áirithiú agus d’fhonn cuspóirí fuinnimh agus aeráide as seo go 2030 agus ina dhiaidh sin a bhaint amach,

 ag féachaint do ‘Chomhshocrú Amstardam – an Clár Oibre Uirbeach do AE’ a comhaontaíodh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag airí AE atá freagrach as cúrsaí uirbeacha an 30 Bealtaine 2016,

 

 ag féachaint do Chairt Leipzig um Chathracha Eorpacha Inbhuanaithe a glacadh ag an gcruinniú neamhfhoirmiúil a bhí ag airí AE atá freagrach as forbairt uirbeach an 24 agus an 25 Bealtaine 2007,

 ag féachaint do Threoir 2012/27/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2012 maidir le héifeachtúlacht fuinnimh, arna leasú le Treoir (AE) 2018/2002 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena leasaítear Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh[1],

 ag féachaint do Threoir 2010/31/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Bealtaine 2010 maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh, arna leasú le Treoir (AE) 2018/844 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 lena leasaítear Treoir 2010/31/AE maidir le feidhmíocht fuinnimh foirgneamh agus Treoir 2012/27/AE maidir le héifeachtúlacht fuinnimh[2],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2018/2001 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le húsáid fuinnimh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn[3],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 663/2009 agus (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 2009/119/CE agus (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[4],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/944 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir le rialacha comhchoiteanna don mhargadh inmheánach don leictreachas agus lena leasaítear Treoir 2012/27/AE[5],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meitheamh 2019 maidir leis an margadh inmheánach don leictreachas[6],

 ag féachaint do Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú agus lena n-aisghairtear Treoir 89/106/CEE ón gComhairle[7],

 ag féachaint do Threoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar an gcreat Comhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas[8],

 ag féachaint do Threoir 2000/60/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Deireadh Fómhair 2000 lena mbunaítear creat do ghníomhaíocht Chomhphobail i réimse an bheartais uisce[9],

 ag féachaint do Threoir 92/43/CEE ón gComhairle an 21 Bealtaine 1992 maidir le gnáthóga nádúrtha agus fauna agus flóra fiáine a chaomhnú[10],

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip[11],

 ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir leis an éigeandáil aeráide agus chomhshaoil[12],

 ag féachaint don rún uaithi an 14 Márta 2019 maidir leis an athrú aeráide – fís straitéiseach fhadtéarmach Eorpach do gheilleagar a bheidh rathúil, nua-aimseartha, iomaíoch agus neodrach ó thaobh na haeráide de i gcomhréir le Comhaontú Pháras[13],

 ag féachaint don rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le himscaradh bonneagar i gcomhair breoslaí malartacha san Aontas Eorpach: tá sé in am gníomhú![14],

 ag féachaint don rún uaithi an 6 Feabhra 2018 maidir le dlús a chur le nuálaíocht an fhuinnimh ghlain[15],

 ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le Dul i dTreo Dearadh Nua don Mhargadh Fuinnimh[16],

 ag féachaint don rún uaithi an 13 Meán Fómhair 2016 maidir le Straitéis de chuid AE maidir le Téamh agus Fuarú[17],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh (A9-0134/2020),

A. de bhrí gurb iad foirgnimh is cúis le tuairim is 40 % d’ídiú fuinnimh agus 36 % d’astaíochtaí CO2 san Aontas agus, dá bhrí sin, go bhfuil athchóiriú domhain orthu, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach, ríthábhachtach chun cuspóir 2050 AE maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) glan nialasacha a bhaint amach;

B. de bhrí gurb í earnáil na bhfoirgneamh an tomhaltóir fuinnimh aonair is mó in AE, agus nach bhfuil 97 % de stoc foirgneamh AE tíosach ar fhuinneamh, agus nach bhfuil ach 0.2 % d‘fhoirgnimh chónaithe AE faoi réir athchóiriú domhain, lena n-áirítear athchóiriú domhain céimneach, gach bliain, agus de bhrí go mbeidh os cionn 94 % d’fhoirgnimh an lae inniu fós ann in 2050, agus go mbeidh formhór na dtithe, na scoileanna agus na n-oifigí ina mbeimid ag cur fúinn tógtha cheana féin;

C. de bhrí gurb ionann téamh spáis agus uisce agus thart ar 80 % d’ídiú fuinnimh teaghlaigh, go bhfuil coirí aonair ag leath d’fhoirgnimh AE a suiteáladh roimh 1992, agus éifeachtúlacht 60 % nó níos lú acu, agus de bhrí go bhfuil 22 % de choirí gáis aonair, 34 % de théitheoirí leictreacha díreacha, 47 % de choirí ola agus 58 % de choirí guail níos sine ná a saolré theicniúil;

D. de bhrí go bhféadfaí suas le 2 mhilliún post[18] a chruthú trí rátaí athchóirithe a mhéadú go dtí beagnach 3 % agus trí athchóiriú a dhéanamh ar 210 milliún foirgneamh atá ann cheana in earnáil na tógála, arb ionann í agus thart ar 9 % d’OTI an Aontais agus ar cuid thábhachtach í den straitéis téarnaimh tar éis ghéarchéim COVID-19, agus a d’fhéadfadh rannchuidiú le geilleagar glan mar cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip;

E. de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag Faireachlann Stoc Foirgneamh AE (BSO) i dtaca le faireachán agus feabhsú a dhéanamh ar fheidhmíocht fhoriomlán fuinnimh foirgneamh in AE trí shonraí atá iontaofa, comhsheasmhach agus éasca a chur i gcomparáid le chéile;

F. de bhrí gur féidir feabhas a chur ar cháilíocht saoil gach saoránaigh trí bhearta a dhéanamh lena bhfeabhsófar éifeachtúlacht fuinnimh stoc foirgneamh AE agus, dá bhrí sin, gurb é an príomhdhúshlán atá ann ná maolú ar an ualach atá ar an 50 milliún teaghlach in AE a mheastar atá buailte ag an mbochtaineacht fuinnimh, billí fuinnimh a laghdú agus tithíocht chompordach, inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh a sholáthar do chách;

G. de bhrí go measann an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) go gcaitheann daoine thart ar 90 % dá gcuid ama taobh istigh i bhfoirgnimh chónaithe agus neamhchónaithe agus go bhfaigheann os cionn leathmhilliún Eorpach bás anabaí gach bliain mar gheall ar dhroch-chaighdeán aeir laistigh[19], agus de bhrí go gcuireann aerú cuí trí fhuinneoga a oscailt feabhas ar cháilíocht an aeir i dtithe daoine, mar aon le solas nádúrtha a sholáthar, ar rud é a dhéanann níos sláintiúla iad agus ar rud ríthábhachtach anois é, go háirithe le linn ghéarchéim reatha COVID-19;

H. de bhrí go bhfuil éileamh déanta aici go ndéanfaí ‘athbhreithniú ar an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh (EED) agus an Treoir maidir le hÉifeachtúlacht Fuinnimh Foirgneamh (EEBD) i gcomhréir le huaillmhian aeráide mhéadaithe AE agus go ndéanfaí a gcur chun feidhme a atreisiú, trí spriocanna náisiúnta ceangailteacha’[20];

I. de bhrí go bhfuil gá le breis is EUR 282 bhilliún ó thaobh na hinfheistíochta de in athchóiriú stoc foirgneamh na hEorpa, mar aon le teaglaim chliste de chur chun feidhme na mbeartas atá ann cheana, de thionscnaimh bheartais nua chun fáil réidh de réir a chéile leis na foirgnimh leis an bhfeidhmíocht fuinnimh is measa, sásraí maoinithe breise agus leordhóthanacha, agus infheistíocht i réitigh nuálacha, ionas go mbainfear amach stoc foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh, mar aon le sprioc éifeachtúlachta fuinnimh an Aontais do 2030;

J. de bhrí go bhfuil sé mar aidhm ag cláir athchóirithe chomhtháite (IRPanna) a bheith iomlánaíoch, agus tús áite a thabhairt d’éifeachtúlacht fuinnimh, go bhfuil siad dírithe ar na héiceachórais chomharsanachta i gcoitinne, le spriocanna arda laghdaithe fuinnimh le haghaidh foirgnimh aonair, agus go bhfuil siad bunaithe ar dhea-chleachtais agus go meastar go bhfuil siad comhdhéanta de thrí phríomhcholún;

a)  tíopeolaíocht tógála agus ábhair thógála, lena n-éilítear mioneolas ar aois, úsáid agus modh tógála foirgneamh, agus ar an acmhainneacht coigiltis fuinnimh dá seasann siad, chomh maith le cur síos ar na cineálacha ábhar a bheidh le húsáid i rith an athchóirithe, lena n-áirítear an tionchar a bheidh acu ar an saolré;

b)  soláthar foinsí fuinnimh inbhuanaithe agus rochtain orthu, eadhon foinsí in-athnuaite ar an láthair agus in aice láimhe, lena n-áirítear córais téite nó fuaraithe ceantar, nó úsáid a bhaint as acmhainneacht stórála teirmí foirgneamh, seirbhísí feithicle-go-X agus roghanna solúbthachta eile lena gcumasaítear comhtháthú earnála;

c)  tairbhí pobail nó sochaíocha, eadhon pobail áitiúla a lánpháirtiú sna tionscadail agus cláir athchóirithe fuinnimh go léir chun dul i ngleic le saincheisteanna amhail bochtaineacht fuinnimh, easpa acmhainní teicniúla agus/nó airgeadais agus bearnaí faisnéise;

K. de bhrí go n-áirithítear le cur chun feidhme an chur chuige trí cholún sin go ndeartar agus go gcuirtear chun feidhme IRPanna ar bhealach lena ndírítear ar na tairbhí níos leithne is féidir a sholáthar trí athchóiriú fuinnimh do dhaoine agus do phobail, amhail éifeachtúlacht fuinnimh, athléimneacht in aghaidh an athraithe aeráide, iomaíochas tionsclaíoch, inbhuanaitheacht, cuimsiú sóisialta agus inrochtaineacht;

Comharsanachtaí agus pobail

1. ag tabhairt chun suntais ról na gcomharsanachtaí agus na bpobal, chomh maith le gníomhaithe eile amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus FBManna, in IRPanna, mar chur chuige iomlánaíoch i leith an athchóirithe, i dtaca le hearnáil tógála atá an-éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de agus neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050 i gcomhréir leis an Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD);

2. á éileamh go mbeidh beartais tógála agus athchóirithe iomlánaíoch agus cuimsitheach, go rannchuideoidh siad le spriocanna aeráide AE, go n-áireofar IRPanna iontu lena gcomhtháthófar slabhraí luacha áitiúla, seirbhísí sóisialta agus inacmhainneacht, ullmhacht chliste, aeráid laistigh agus cáilíocht chomhshaoil atá leordhóthanach agus sláintiúil, soghluaisteacht, feidhmeanna foirgneamh atá teicniúil, tionsclaíoch agus tíosach ar fhuinneamh, agus go gcumasófar leo foinsí in-athnuaite fuinnimh a tháirgeadh agus a mhalartú ar an láthair nó in aice láimhe, agus solúbthacht ó thaobh an éilimh de, chomh maith le barrachas teasa agus fuachta ó shaoráidí tionsclaíocha, córais iompair áitiúla, nó uiscebhealaí in aice láimhe a úsáid i gcás inar rogha inbhuanaithe é sin;

3. ag tabhairt chun suntais ról tábhachtach na saoránach in athchóiriú stoc foirgneamh cónaithe agus a thábhachtaí atá sé uirlisí éifeachtúla agus dea-chleachtais a chruthú agus an fhaisnéis agus an t-eolas uile is féidir a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil, lena n-áirítear deiseanna a bhaineann le teicneolaíochtaí (i.e. méadair chliste); ag aithint, thairis sin, an spreagtha atá tugtha ag pobail fuinnimh trí shaoránaigh a thabhairt le chéile, a chur ar an eolas agus páirt a thabhairt dóibh maidir le tús a chur lena n-athchóiriú féin agus/nó lena nginiúint fuinnimh in-athnuaite, agus á iarraidh go mbeidh pacáiste cuimsitheach de bhearta beartais ann chun cur leis na cineálacha cur chuige sin;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar thionchar uaisliú comharsanachtaí agus daoine a dhíbirt astu ar mhaithe le hathchóiriú a dhéanamh, chomh maith le héagothromaíochtaí inscne agus staid na saoránach leochaileach; á mheas go bhféadfaí na pobail atá ann cheana a chaomhnú trí chur chuige pobail, chomh maith le coimircí ar an leibhéal rialála, agus go bhféadfaí dreasachtaí a chruthú atá bunriachtanach chun an éifeachtúlacht fuinnimh a uasmhéadú agus chun na hinfheistíochtaí príobháideacha agus poiblí is gá a ghiaráil; á chur i bhfáth gur gá tacú leis na saoránaigh is leochailí tríd an rochtain atá acu ar dhálaí maireachtála díniteacha, ar chompord agus ar shláinte a chumasú, agus ag tabhairt ról tábhachtach na tithíochta sóisialta chun suntais;

5. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil éagsúlacht ann ar fud na mBallstát maidir le húinéireacht foirgneamh, dlíthe tionóntachta agus líon na n-úinéirí tí agus na dtionóntaí, chomh maith le deiseanna infheistíochta agus scéimeanna tacaíochta tithíochta, dálaí aimsire agus córais fuinnimh; á chreidiúint go gcaithfear na himthosca éagsúla atá ábhartha do gach Ballstát a chur san áireamh i straitéis maidir le ‘rabharta nuálaíochta’, i gcomhréir freisin leis na pleananna comhtháite náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna); á chur i bhfios go láidir go háirithe nár cheart go mbeadh ualach maidir le costas cíosa ar thionóntaí nach féidir leo a sheasamh mar thoradh ar athchóirithe;

6. á chur i bhfios go láidir a fhorleithne atá an bhochtaineacht fuinnimh ar fud an Aontais, rud a meastar go bhfuil tionchar aige ar suas le 50 milliún teaghlach[21]; á chreidiúint gur cheart go mbeadh deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus dálaí maireachtála sláintiúla agus sábháilte a áirithiú do chách i measc na bpríomhchuspóirí a bheidh ag an rabharta athchóirithe agus ag na tionscnaimh ghaolmhara atá le teacht; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar athchóiriú a dhéanamh ar theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé bearta coigilte fuinnimh a ghlacadh, nósanna tomhaltais atá tíosach ar fhuinneamh agus athrú iompraíochta a chur chun cinn; á chur i bhfáth go gcaithfidh an earnáil phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse sin;

7. ag tabhairt chun suntais go raibh rath láithreach ar ‘ionaid ilfhreastail’ maidir le hathchóiriú fuinnimh foirgneamh mar uirlisí comhairleacha trédhearcacha agus inrochtana ó thaobh na gcliant de, lenar cothaíodh comhiomlánú tionscadal agus samhlacha inmhacasamhlaithe, soláthar faisnéise maidir le maoiniú tríú páirtí, lena ndearnadh athchóiriú a chomhordú agus a thionlacan, chomh maith le fothú acmhainneachta a chur ar fáil do bhardais, agus rannpháirtíocht ghníomhach gníomhaithe áitiúla amhail pobail fuinnimh, eagraíochtaí tomhaltóirí, comhlachais ghnó áitiúla, lena n-áirítear ó thionscal na tógála, agus comharchumainn tithíochta le linn an phróisis;

8. á mheabhrú go bhfuil gá le hiarrachtaí poiblí agus príobháideacha araon chun torthaí nithiúla a bhaint amach i réimse na héifeachtúlachta fuinnimh don stoc foirgneamh atá ann faoi láthair; á chur i bhfios go láidir gur gá ní hamháin ionaid ilfhreastail le seirbhísí comhairleacha a chruthú, ach iad a choinneáil ar bun freisin, chun an margadh a fhothú go leanúnach trí shraith tionscadal, lena n-áirítear tionscadail ar scála níos lú; á chreidiúint go gcuirfear rochtain níos fearr ar shásraí maoinithe ar fáil trí ionad ilfhreastail a chruthú ar an leibhéal réigiúnach nó ar an leibhéal áitiúil;

9. á chur in iúl gur geal léi an togra de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le hardáin oscailte; á chur i bhfáth nach mór dóibh a bheith trédhearcach, il-leibhéil agus cuimsitheach, lena gcuimseofar raon leathan geallsealbhóirí agus lena lamhálfar druidim na hilroinnte in earnáil na tógála; á mheabhrú nach mór do na hardáin freastal ar an gcuspóir maidir le stoc foirgneamh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus atá dícharbónaithe a bhaint amach faoi 2050, agus á chreidiúint gur cheart go mbeidís ina n-uirlis chun aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar athchóiriú agus chun saoránaigh a spreagadh chun teacht ar chomhthoil ar bhonn riachtanais an phobail;

10. á chur i bhfios go láidir gur cheart d’ardáin réigiúnacha spriocanna intomhaiste a shocrú, obair a dhéanamh i dtreo treochláir agus malartuithe rialta a bheith acu le hardáin gníomhaíochta comhbheartaithe a bhaineann le EED, EPBD agus leis an Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite (RED)[22] atá ann cheana, chomh maith le gníomhaireachtaí agus comhlachtaí atá ann cheana sna Ballstáit chun a dtionchar a uasmhéadú; á chur in iúl go bhfuil sí cinnte de gur uirlis thábhachtach iad na hardáin chun cláir chomhtháite athchóirithe foirgneamh a chur chun feidhme agus chun tacú leis na Ballstáit a gcuid straitéisí athchóirithe fadtéarmacha a fhorghníomhú;

11. ag tabhairt Cairt Nua Leipzig dá haire, ar cairt í atá le glacadh le linn Uachtaránacht na Gearmáine agus á chur in iúl go bhfuil sí ag teacht leis an tuairim go bhfuil ról lárnach ag cathracha maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú go suntasach agus feabhas a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh; á mheas go gcuirfidh athchóiriú foirgneamh go mór leis na cuspóirí sin, agus cathracha atá cóir, glas agus táirgiúil á gcur chun cinn ag an am céanna trí chomharsanachtaí athléimneacha; á iarraidh ar Uachtaránacht na Gearmáine ar Chomhairle AE, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh na hacmhainní cistithe riachtanacha agus inrochtana go díreach ag cathracha le haghaidh bearta athchóirithe, go háirithe i bhfianaise an ghá atá le téarnamh eacnamaíoch;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún beartas a ghlacadh chun IRPanna a éascú ar leibhéal an phobail agus ar an leibhéal réigiúnach sna Ballstáit lena bhforálfar d’athchóirithe doimhne, lena n-áirítear athchóirithe doimhne céimneacha, agus riachtanais foirgneamh á gcur san áireamh ar bhealach cuimsitheach agus idirghníomhach; á chur i bhfáth go bhfuil deis ann chun níos mó réitigh fuinnimh in-athnuaite ar an láthair agus in aice láimhe a dhaingniú nó chun sásraí freagartha don éileamh a áirithiú trí IRPanna; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur leis an obair ar Chúnant na Méaraí don Aeráid agus d’Fhuinneamh agus ar Shaoráid um Chathracha AE; ag tabhairt chun suntais tuilleadh, sa chomhthéacs sin, mhórthábhacht an chláir oibre uirbigh agus na comhpháirtíochta uirbí;

13. á iarraidh ar na Ballstáit a n-údaráis riaracháin áitiúla a chumhachtú d’fhonn IRPanna a chur i bhfeidhm ar leibhéal na comharsanachta agus ar leibhéal an phobail, agus saoránaigh á gcur i lár baill agus athchóirithe á dtabhairt chun réitigh le caomhnú oidhreacht stairiúil inláimhsithe na hEorpa (séadchomharthaí agus foirgnimh), lena gceanglaítear ar údaráis áitiúla aiseolas a chur ar fáil maidir leis na torthaí a bhaintear amach, chomh maith leis na cleachtais is fearr do cheapadh beartais amach anseo ar an leibhéal náisiúnta;

14. á iarraidh ar na Ballstáit creat a chruthú chun dreasachtaí scoilte a shárú, mar shampla trí fhaisnéis chruinn, dreasachtaí iomchuí agus forfheidhmiú éifeachtach a chur ar fáil[23], agus aird leordhóthanach a thabhairt ar theaghlaigh agus ar phobail atá ag maireachtáil i mbochtaineacht fuinnimh trí chreat rialála chun díbirt ar mhaithe le hathchóiriú a sheachaint, mar shampla, trína éileamh go ndéanfaí sciar iomchuí d’achar urláir foirgneamh a bheidh athchóirithe go domhain a chur in áirithe dóibh, nó trí thosaíocht a thabhairt d’fhoirgnimh a bhfuil tomhaltas fuinnimh níos airde nó dramhaíl fuinnimh níos airde acu agus IRPanna á ndearadh, agus trí theorainneacha éifeachtúlachta ar mhéaduithe cíosa, ar an gcoinníoll nach gcuirfear srian leis sin ar an acmhainneacht dul i mbun athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún seirbhís tacaíochta a chur ar bun do thionscadail athchóirithe faoi stiúir saoránach, chomh maith le treoirlínte cur chun feidhme a eisiúint do na Ballstáit maidir leis na coincheapa a bhaineann le creat cumasúcháin agus machaire comhréidh do phobail fuinnimh arna dtabhairt isteach leis an Treoir maidir leis an Margadh Leictreachais[24] agus le RED, chun cur chun feidhme rathúil a áirithiú agus chun na tairbhí a bhaineann le tionscadail fuinnimh faoi stiúir saoránach a aithint go hiomlán;

16. á iarraidh ar an gCoimisiún ardáin a sheoladh láithreach, mar a léiríodh ina theachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, agus na hardáin sin a áireamh mar phríomhthosaíocht in IRPanna; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tionscnaimh AE ag gabháil le IRPanna, ar tionscnaimh iad lena scaiptear dea-chleachtais maidir le hinmhacasamhlú clár, scaipeadh acmhainneachtaí, comhtháthú earnála, agus coimircí do phobail atá i mbochtaineacht fuinnimh, i gcomhréir le gealltanais EPBD;

Maoiniú

17. á thabhairt chun suntais gur bacainní suntasacha ar infheistíochtaí iad costais infheistíochta tosaigh, scéimeanna casta airgeadais, dreasachtaí scoilte (aincheist tionónta-úinéara), agaí aisíocaíochta meántéarmacha/fadtéarmacha, bacainní rialála agus riaracháin, lena n-áirítear le haghaidh foirgnimh le húinéirí iomadúla, dearadh na tacaíochta atá ann cheana agus easpa creat beartais fadtéarmach intuartha;

18. ag cur béim ar an bhfíoras, i gcomhthéacs an téarnaimh tar éis COVID-19 agus i gcomhthéacs an tionchair atá aige ar an airgeadas poiblí agus príobháideach, gur cheart do scéimeanna maoiniúcháin athchóirithe doimhne, lena n-áirítear athchóirithe doimhne céimneacha, a dhreasú agus tús áite a thabhairt dóibh, ar athchóirithe iad arb é is aidhm dóibh spriocanna 2050 maidir le neodracht aeráide a bhaint amach, le dreasachtaí leordhóthanacha, chomh maith le spriocanna, chun stoc foirgneamh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus atá dícharbónaithe a bhaint amach; á chreidiúint gur réamhchoinníoll é sin chun athchóirithe foirgneamh a mheas mar infheistíochtaí fadtéarmacha inbhuanaithe; ag cur ról táscairí éifeachtachta costais i bhfios go láidir, lena n-áirítear comhthairbhí i ndáil leis sin;

19. á thabhairt chun suntais gur cheart do na Ballstáit treoirlínte soiléire a sholáthar agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe intomhaiste a leagan amach, mar aon le rochtain chothrom ar mhaoiniú a chur chun cinn, lena n-áirítear do na codanna den stoc náisiúnta foirgneamh a bhfuil an fheidhmíocht is measa acu, tomhaltóirí i mbochtaineacht fuinnimh, tithíocht shóisialta, agus teaghlaigh atá faoi réir aincheisteanna dreasachta deighilte, agus inacmhainneacht á cur san áireamh ag an am céanna;

20. á chur i bhfáth gur cheart tacú le húinéirí tí, go háirithe úinéirí tí ísealioncaim agus úinéirí tí atá bocht ó thaobh fuinnimh de, comhlachais tithíochta agus comharchumainn, soláthróirí tithíochta poiblí agus údaráis áitiúla lena stoc foirgneamh agus an timpeallacht thógtha a dhéanamh aeráid-díonach, mar shampla trí dheontais nó ionstraimí airgeadais atá bunaithe ar bhreisíocht ar chistiú an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI), ar bhuiséid náisiúnta agus ar fhoinsí san earnáil phríobháideach;

21. á mheas gur gá tosaíocht a thabhairt do chistiú d’athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh i ngach ciste ábhartha Eorpach, chomh maith le comhordú láidir chun sineirgí a aimsiú, cumasc a éascú, tionscadail a thabhairt le chéile agus píblínte tionscadal a fhorbairt, chun a áirithiú go n-úsáidfear cistí go tráthúil; á iarraidh ar institiúidí airgeadais acmhainní suntasacha a chur ar fáil d’fhothú acmhainneachta agus do chúnamh teicniúil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le EUR 75 bhilliún ar a laghad in aghaidh na bliana i ndreasachtaí AE, chomh maith le maoiniú leanúnach agus cobhsaí ar an leibhéal Eorpach, náisiúnta agus réigiúnach, chomh maith le hinfheistíocht phríobháideach, chun athchóirithe doimhne a áirithiú i dtreo stoc foirgneamh atá an-tíosach ar fhuinneamh agus atá dícharbónaithe faoi 2050; á iarraidh ar na comhreachtóirí an cistiú is gá a áirithiú laistigh de phlean téarnaimh eacnamaíoch na hEorpa, go háirithe chun cabhrú leo siúd sa tsochaí is mó a bhainfeadh tairbhe as athchóirithe;

22. á chur in iúl gur geal léi na torthaí lena léirítear go bhfuil préimh praghsanna ann d’fhoirgnimh atá an-tíosach ar fhuinneamh[25], lena n-áirithítear go mbíonn toradh ar infheistíocht ag úinéirí foirgneamh, ach á aithint gur gá costas tithíochta, tógála agus athchóirithe i gcoitinne a laghdú;

23. á thabhairt chun suntais gur gá rochtain leordhóthanach agus shimplí ar chreidmheas agus ar mhaoiniú a áirithiú chun cabhrú le FBManna, pobail agus teaghlaigh tabhairt faoi na hathchóirithe is gá ar an stoc foirgneamh atá ann cheana;

24. á chur in iúl gur geal léi na deiseanna maoinithe atá ar fáil d’athchóirithe foirgneamh amhail fóirdheontais ghlasa, dreasachtaí cánach agus iasachta; ag aithint ról Chistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (Cistí SIE) i maoiniú tionscadal éifeachtúlachta fuinnimh agus i sainiú na héifeachtúlachta fuinnimh mar chuspóir sonrach don fhorbairt réigiúnach sa tréimhse 2021-2027; ag leagan béim ar an ról atá ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maidir le hiasachtaí, ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais a sholáthar, amhail Maoiniú Príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE), an tSaoráid um Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste, agus ciste InvestEU, lena lamháltar freisin maoiniú tionscnamh athchóirithe tithíochta sóisialta;

25. ag tarraingt aird ar dhea-chleachtais na mBallstát amhail úsáid a bhaint as ioncam chóras trádála astaíochtaí an Aontais, cumasc, a áirithiú go n-aithnítear riachtanais teaghlach ar ioncam íseal agus cistí réigiúnacha an Aontais a úsáid mar ráthaíochtaí agus mar chistí imrothlacha; á chur i bhfáth gur féidir an oiliúint a mhaoiniú i réimsí an fhuinnimh in-athnuaite, agus in éifeachtúlacht fuinnimh agus acmhainní, faoin gCiste um Aistriú Cóir;

26. á chur i bhfios go láidir gur gá rátaí ionsúcháin cistí a mhéadú trí bhacainní a bhaint, go háirithe trí chúnamh teicniúil, critéir nach bhfuil chomh casta sin agus simpliú ar chumasc le cistí eile; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil méid na dtionscadal faoin tSaoráid Eorpach um Chúnamh Áitiúil i Réimse an Fhuinnimh (ELENA) fós mór, agus go bhfuil gá le tacaíocht agus comhiomlánú breise do thionscadail níos lú agus do thionscadail a bhíonn ag déileáil le pobail; á mheas gur sásra tacaíochta an-chumhachtach do chathracha IRPanna a fhorbairt í Saoráid um Chathracha AE, ar sásra é ar cheart leanúint de agus ar cheart dó tacaíocht a chur ar fáil do thionscadail bheaga;

27. ag aithint ról tábhachtach na ndeontas don taighde agus don nuálaíocht; á mheas gur gá maoiniú leanúnach agus cobhsaí a chur ar fáil do IRPanna, ó fhoinsí Eorpacha agus ó fhoinsí náisiúnta araon, gan briseadh isteach a tharlaíonn mar gheall ar bhearta éagsúla pleanála buiséid;

28. á mheas nach mór do na Ballstáit a áirithiú go gcuirfidh na IRPanna cistí i leataobh chun dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh, inrochtaineacht agus bacainní teicniúla agus bonneagair do theaghlaigh leochaileacha agus do theaghlaigh ar ioncam íseal, lena lamhálfar dóibh tairbhe a bhaint as tithíocht atá leordhóthanach, sláintiúil agus tíosach ar fhuinneamh agus a bheith mar chuid de chláir athchóirithe comharsanachta; á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais a fhorbairt agus a chomhroinnt le hionstraimí airgeadais nuálacha amhail sásraí agus scéimeanna maoinithe comhtháite, lena n-áirítear morgáistí atá tíosach ar fhuinneamh, iasachtaí EuroPACE agus iasachtaí RenOnBill;

29. ag tabhairt dá haire ról na n-údarás réigiúnach agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta araon maidir le tacaíocht airgeadais a chur ar fáil trí iasachtaí ón earnáil phoiblí a spreagfaidh bainc thráchtála, cistí pinsin agus an earnáil phríobháideach, go háirithe FBManna, chun infheistíocht bhreise a dhéanamh in athchóiriú foirgneamh, mar shampla trí ráthaíochtaí creidmheasa poiblí agus modhanna nuálacha maoinithe;

30. ag aithint an róil a d’fhéadfadh a bheith ag samhlacha nua gnó amhail conraitheoireacht feidhmíochta fuinnimh, athchóirithe faoi stiúir saoránach, pobail fuinnimh agus cuideachtaí seirbhíse fuinnimh in athchóirithe agus, go háirithe, maoiniú lasmuigh den chlár comhardaithe le haghaidh tithíocht shóisialta, corparáidí tithíochta agus páirceanna gnó; á chur i bhfios go láidir gur gá déine an mhaoinithe a nascadh leis an leibhéal éifeachtúlachta fuinnimh a bhaintear amach, mar a éilítear le EPBD, agus ag moladh go gcuirfí préimh le foirgnimh atá dearfach ó thaobh fuinnimh; ag tathant ar an gCoimisiún treoirlínte cur chun feidhme a eisiúint maidir leis na forálacha ábhartha laistigh den phacáiste ‘fuinneamh glan do gach Eorpach’, go háirithe chun creat cumasúcháin a chruthú trí chomhairliúcháin rialta a éileamh chun riachtanais an mhargaidh a thuiscint, agus spreagadh a thabhairt do chumasc cistí príobháideacha agus poiblí, úsáid teimpléad soiléir le haghaidh conarthaí agus nósanna imeachta sonracha soláthair le soiléirithe breise maidir le cuntasaíocht cheart a dhéanamh chun infheistíochtaí poiblí a bhaineann le héifeachtúlacht a chothú;

31. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna éifeachtúlachta fuinnimh agus iad a ardú, mar a cheanglaítear le EED, ag tosú tríd an bpríomhsprioc a mhéadú do 2030 bunaithe ar mheasúnú tionchair cuí agus ar bhealach intuartha, agus rátaí íosta bliantúla athchóirithe a mholadh d’fhoirgnimh agus bearta beartais lena n-áiritheofar athchóirithe doimhne, lena n-áirítear athchóirithe doimhne céimneacha, lena gcruthófar truicir airgeadais agus cobhsaíocht infheistíochta;

32. á iarraidh ar na hinstitiúidí Eorpacha a áirithiú go dtabharfar tosaíocht, le cistí faoi seach an CAI nua, do shuimeanna tiomnaithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh agus athchóirithe foirgneamh, le coinníollacha agus amchláir shoiléire, lena n-áirítear cúnamh teicniúil, chun rátaí ionsúcháin leordhóthanacha a áirithiú; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ráthaíochtaí AE le haghaidh infheistíochtaí, cumasc foinsí cistiúcháin, chomh maith le comhpháirteanna deontais, chun athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh cónaithe a spreagadh; ag aithint ról agus shamhail rathúil an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (a dtiocfaidh InvestEU ina ionad); á iarraidh go dtabharfaí tosaíocht do chistiú le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh laistigh d’ionú bonneagair inbhuanaithe InvestEU agus go bhforchoimeádfaí suimeanna tiomnaithe le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh mar chuspóir sonrach le haghaidh forbairt réigiúnach, rud nach mór a léiriú i gComhaontuithe Comhpháirtíochta faoi seach na mBallstáit a síníodh leis an gCoimisiún;

33. á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur leis na bacainní airgeadais agus neamhairgeadais ar rátaí ionsúcháin níos airde na gcistí réigiúnacha atá curtha i leataobh le haghaidh athchóiriú comhtháite foirgneamh faoi 2021;

34. á iarraidh go ndéanfaí cumas shaoráid ELENA agus an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta a mhéadú chun cúnamh airgeadais agus teicniúil saincheaptha agus díreach a thabhairt d’údaráis áitiúla, chomh maith le treoir shonrach do na Ballstáit i gcomhthéacs na bpleananna téarnaimh tar éis COVID-19;

35. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar a indéanta atá sé ioncaim ETS a dhíriú isteach i ngníomhaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh amhail athchóirithe foirgneamh, lena n-áirítear sásraí a chosaint i gcoinne luaineachtaí, agus a indéanta atá sé cuid den ioncam ceantála a chur ar leataobh ar leibhéal AE; á iarraidh ar an mBanc Eorpach Infheistíochta agus ar institiúidí airgeadais náisiúnta tacaíocht a thabhairt d’fhorbróirí tionscadail le linn thimthriall an tionscadail agus cion seasta deontais a shocrú chun athchóirithe a dhéanamh tarraingteach agus inacmhainne do shaoránaigh;

36. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit samhlacha solúbtha a chruthú do shineirgí idir na cláir airgeadais éagsúla agus na hionstraimí airgeadais éagsúla chun éifeachtúlacht fuinnimh a mhaoiniú i bhfoirgnimh; á iarraidh, thairis sin, i gcomhréir leis an tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa[26], go nglacfaí cur chuige cost-éifeachtachta i gcomhair athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh foirgneamh; á spreagadh go ndéanfaí faireachán críochnúil ar chost-éifeachtúlacht na gclár oibríochtúil bunaithe ar na costais in aghaidh aonad CO2 arna shábháil; á chreidiúint, thairis sin, gur cheart don Choimisiún a áirithiú go n-urramóidh riaracháin náisiúnta prionsabail na cost-éifeachtúlachta agus na héifeachtachta chun críche coigilte fuinnimh agus airgead AE á dheonú acu do thionscadail athchóirithe;

37. á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh éascú a dhéanamh ar úsáid comhpháirtíochtaí poiblí príobháideacha (PPPanna), amhail PF4EE, ar comhpháirtíochtaí iad a bhaineann le maoiniú cliste agus inbhuanaithe, agus coincheapa infheistíochta áitiúla a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint;

38. á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha AE maidir le Státchabhair a athbhreithniú, lena n-áirítear le haghaidh infheistíochtaí ó fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna), chun creat cumasúcháin a chruthú do bhearta éifeachtúlachta fuinnimh agus IRPanna a chothú, lena n-áirítear córais téite ceantar a shuiteáil nó a athchóiriú trí nósanna imeachta simplithe agus tairseacha leordhóthanacha, chomh maith le scéimeanna diúscartha d’fheistí téimh breosla iontaise agus fearais neamhéifeachtúla nuair a ghabhann téamh atá bunaithe ar fhoinsí in-athnuaite aonair nó comhchoiteanna ina n-ionad, nó téamh iomarcach; á chur i bhfios go láidir, áfach, nach mór d’aon athbhreithniú ar rialacha AE maidir le Státchabhair rannchuidiú go príomha le cóir chomhionann agus le hiomaíocht mhéadaithe;

Teicneolaíochtaí foirgníochta agus ábhair thógála

39. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá ann costais a laghdú agus dlús a chur le ré, éifeachtacht, iontaofacht agus comhtháthú chun CACanna a mhéadú trí bhíthin margaí athchóirithe oscailte agus iomaíochta a chruthú, mar aon le heilimintí réamhdhéanta inbhuanaithe atá táirgthe ar bhonn tionsclaíoch, chomh maith lena aithint gur féidir teicneolaíochta atá cheana ann a úsáid nuair atá athnuaiteáin á gcomhtháthú in ábhair thógála, agus gur féidir iad sin a úsáid mar eilimintí cumhdaigh ilfheidhmeacha chun an stoc foirgneamh atá cheana ann a athchóiriú agus chun tabhairt faoi athchóirithe de réir a chéile agus de réir ceantair; ag leagan béim ar an ról atá ag comhpháirteanna a réamhdhéanamh seachtrach ón láthair ar mhaithe le luathú, scála agus costéifeachtúlacht; á thabhairt dá haire gur ann do dhea-chleachtais um athchóiriú foirgneamh i rannáin foirgneamh éagsúla sna Ballstáit agus go bhfuil gá anois leis na dea-chleachtais sin a mhacasamhlú agus a uas-scálú chun go bhfaighfear torthaí níos fearr; á chur i bhfáth go bhfuil tairbhe ag gabháil le hiarrachtaí taighde méadaithe sa réimse seo;

40. ag cur béim ar a thábhachtaí atá solúbthacht sa rogha teicneolaíochtaí a úsáidtear le haghaidh athnuachan agus foirgníocht; á chreidiúint gur cheart na teicneolaíochtaí go léir atá ar fáil a chur i bhfeidhm de réir cur chuige atá faoi thionchar a gcuspóra ar mhaithe le dlús a chur le dícharbónú an stoic foirgneamh; ag leagan béim ar an bhfíoras go bhfuil ról ríthábhachtach ag úsáid an fhuinnimh inathnuaite sa dícharbónú sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá téamh agus fionnuarú ceantair atá dícharbónaithe le stóras comhtháite le haghaidh pobail níos nasctha agus níos comhtháite; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit lán-chomhtháthú na bhfuinneamh inathnuaite san earnáil tógála a chur chun cinn go gníomhach agus dreasachtaí a chruthú lena aghaidh;

41. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cláir taighde agus forbartha (R&F) le haghaidh ábhair foirgníochta éifeachtúla agus, ag cur na staide sóisialta san áireamh, á iarraidh go ndéanfar córas téimh ísealchostais bunaithe ar fhuinneamh inathnuaite a chur chun feidhme i limistéir tuaithe agus iargúlta; ag tarraingt aird ar dhea-chleachtas na Danmhairge i dtaca le dícharbónú teasa trí líonraí téimh ceantair faoi úinéireacht an phobail atá cumhachtaithe le teas gréine, le teaschaidéil agus le bithmhais;

42. á thabhairt chun suntais gur gá tomhaltóirí a chur ar an eolas agus dreasacht a thabhairt dóibh chun go ndéanfaidís réitigh nua-aimseartha, ardéifeachtúil agus inathnuaite a chur in ionad seanteicneolaíochtaí téimh agus fionnuaraithe neamhéifeachtúla, go háirithe nuair a bhíonn cinneadh á dhéanamh faoi athsholáthar acu, ach fós á aithint go bhfuil ról ag breoslaí iontaise, go háirithe gás nádúrtha, faoi láthair i gcórais téimh d’fhoirgnimh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit scéimeanna scartála a mholadh i gcomhréir leis an ngeilleagar ciorclach agus úsáid a bhaint as lipéadú agus comhairle i dtaobh éifeachtúlacht le linn seiceálacha gnáthaimh chun dlús a chur le hathsholáthairtí; á iarraidh ar an Ballstáit treochlár a bhunú chun deireadh a chur de réir a chéile le teicneolaíochtaí téimh agus fionnuaraithe bunaithe ar bhreoslaí iontaise mar chuid dá PNFAnna;

43. á chur in iúl go bhfuil ról ceannasach ag an Eoraip in ábhair fhótavoltacha comhtháite san fhoirgneamh; á mholadh go ndéanfar teicneolaíochtaí fuinnimh inathnuaite a aithint tríd is tríd mar phríomhshlabhra luacha straitéiseach agus á mholadh thairis sin clár Eorpach griandíonta a bheith ann don rabharta athchóirithe atá ar na bacáin;

44. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé céadphrionsabal na héifeachtúlachta fuinnimh a shruthlíniú isteach i ngach beartas agus beart, agus freisin i riachtanais fuinnimh le haghaidh téamh, fionnuarú agus uisce te a laghdú mar aon le húsáidí fuinnimh le haghaidh soilsiú agus aerú, ach fós leictriú an éilimh iarmharaigh a thabhairt i gcrích trí fhuinneamh inathnuaite i dteaglaim le teaschaidéil nó trí chórais éifeachtúla téimh agus fionnuaraithe ceantair ina n-úsáidtear fuinneamh inathnuaite, chomh maith lena dhéanamh i lódbhainistiú agus i lódsolúbthacht;

45. á chur in iúl gur gá bacainní a dhíchur, rochtain ar an eangach a fheabhsú, lena n-áirítear, inter alia, gur gá comhchuibhiú agus simpliú a dhéanamh ar cheadanna le haghaidh FBManna, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le CACanna a phleanáil chun sinéirgí a bhaint amach, mar shampla, in inrochtaineacht foirgneamh, i sábháilteacht sheismeach agus dóiteáin, i leictrea-shoghluaisteacht (lena n-áirítear réamhcháblú agus pointí luchtaithe d’fheithiclí leictreacha), i bhfeabhsú athléimneacht aeráide i bhfoirgnimh, lena n-áirítear trí spásanna, díonta agus ballaí glasa a chruthú a fheabhsaíonn bainistiú uisce agus trí bhithéagsúlacht uirbeach a mhéadú;

46. á mheabhrú gur cheart gnéithe sábháilteachta dóiteáin a mheas le linn dearadh, roghnú ábhar, foirgniú, athnuachan agus oibriú foirgneamh chun feabhas a chur ar chosc, brath, luathshochtú, éalú, urrannú, dianseasamh struchtúrtha agus comhrac dóiteáin, mar aon le hinniúlachtaí ábhartha gairmithe atá rannpháirteach i rith na gcéimeanna deartha, tógála agus athchóirithe;

47. á mheas gur cheart d’fhoirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh a bheith sláintiúil, inacmhainne, sábháilte agus inbhuanaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá fuinneamh corpraithe, inbhuanaitheacht i bhfoirgnimh, éifeachtúlacht acmhainní, compord theirmeach, cáilíocht fheabhsaithe aeir, aeráid shláintiúil faoi dhíon, chomh maith le cur chuigí timthriallacha atá ag teacht leis an ngeilleagar ciorclach, agus an gá atá le straitéis le haghaidh timpeallacht thógtha inbhuanaithe má táthar le cur chuige iomlánaíoch agus comhtháite a ghlacadh; á thabhairt chun suntais, sa chomhthéacs seo, a thábhachtaí atá sé eilimintí éighníomhacha agus nádúrtha a chur i ndearadh foirgneamh agus an poitéinseal ollmhór atá ag gabháil leis an leas is fearr is féidir a bhaint as dromchlaí aghaidh na bhfoirgneamh trína ndéantar an timpeallacht thógtha a thiontú isteach i dtáirgeoir díláraithe fuinnimh in-athnuaite agus fós go bhfuil limistéir thalún agus thírdhreacha á spáráil;

48. á chur i bhfáth go bhfuil gá le bainistiú agus laghdú leormhaith ar an dramhaíl foirgníochta agus scartála; á thabhairt dá haire gur cheart scéimeanna bailithe agus aisghabhála mar aon le saoráidí sórtála a chruthú chun a áirithiú go ndéantar láimhseáil iomchuí agus shábháilte ar an dramhaíl foirgníochta go léir, agus le haghaidh athchúrsáil nó athúsáid a dhéanamh ar ábhair thógála agus le haghaidh substaintí guaiseacha i sruthanna dramhaíola a láimhseáil, a dhíchur agus a ionadú go sábháilte chun sláinte na n-áitritheoirí agus na n-oibrithe a chosaint agus chun an comhshaol a chosaint; á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart córas lipéadaithe don gheilleagar ciorclach a bhunú, córas a bheadh bunaithe ar chaighdeáin chomhshaoil agus ar chritéir chomhshaoil le haghaidh ábhair atá nasctha le chomh éasca atá sé iad athbhunú sa slabhra luach agus leis an leibhéal ísealfhuinnimh atá acu, go háirithe agus an ról atá ag amhábhair thánaisteacha á gcur san áireamh; ag tabhairt dá haire nach mór an cur chuige atá ann cheana maidir leis an Dearbhú ar Tháirgí Comhshaoil a leathnú agus gur cheart é a úsáid mar ionchur le haghaidh measúnuithe tógála amhail an creat Leibhéil/Leibhéal; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a mholadh maidir leis na saincheisteanna sin mar chuid den phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach agus den straitéis do thimpeallacht thógtha inbhuanaithe;

49. á thabhairt chun suntais go mbeidh teochtaí níos airde ann sna cathracha i rith an tsamhraidh de bharr athrú aeráide; ag leagan béim thairis sin ar na tairbhí iomadúla a bhaineann le réitigh bhonneagair ghlais, ar féidir leo feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, ar chompord agus ar athléimneacht i leith na haeráide, ar féidir leo ceanglais fuinnimh a laghdú go mór, cabhrú le timthriall an uisce a athbhunú agus tacú leis an mbithéagsúlacht uirbeach, agus cur le prionsabail na ciorclaíochta ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid ábhar tógála nádúrtha agus ísealcharbóin, imlonnú díonta agus ballaí glasa, dromchlaí fionnuara agus teicneolaíochtaí éighníomhacha eile a dhreasú le linn mór-athchóirithe foirgneamh agus nuair a bhíonn foirgnimh nua á dtógáil; á iarraidh ar an gCoimisiún na nithe sin a chur san áireamh agus réitigh bhonneagair ghlais mar aon le gnéithe bithéagsúlachta a chur chun cinn i dtionscnamh an rabharta athchóirithe;

50. á mheabhrú go bhfuil ábhair thógála inbhuanaithe, amhail adhmad, deimhnithe mar nithe bunriachtanacha chun stoc foirgneamh ísealcharbóin agus fadmharthanach a bhaint amach agus go dtugann an fhoirgníocht deis nua chun carbón a stóráil i dtáirgí tógála bithbhunatihe laistigh de theorainneacha na hinfhaighteachta inbhuanaithe;

51. á thabhairt chun suntais cé chomh tábhachtach atá sé athbhreithniú a dhéanamh ar na caighdeáin chomhchuibhithe atá cheana ann ionas go gclúdóidh siad feidhmíocht inbhuanaithe táirgí tógála ar cheart dóibh a bheith comhleanúnach leis an gcur chuige coiteann Eorpach maidir le ríomh saolré agus leis na caighdeáin Eorpacha atá cheana ann i.e. EN 15978 le haghaidh foirgneamh agus EN 15804 le haghaidh táirgí foirgníochta; á chur i bhfáth, nuair a bhíonn athchóirithe á ndearadh, gur cheart tionchar fuinnimh agus aeráide shaolré iomlán an fhoirgnimh a optamú i gcomhréir le cuspóirí an gheilleagair chiorclaigh, agus aird á tabhairt ar éifeachtaí na monaraíochta, na húsáide agus an dearaidh ar chumas athchúrsála, ar athchúrsáil táirgí agus dramhaíl foirgníochta agus ar an trealamh atá ag teastáil le haghaidh deisiúcháin; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar an na nithe sin ina straitéis geilleagair chiorclaigh agus, faoi 2021, athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán (AE) Uimh. 305/2011 lena leagtar síos coinníollacha comhchuibhithe maidir le táirgí foirgníochta a mhargú[27] ionas go bhféadfaidh an margadh inmheánach feidhmiú go maith do na táirgí sin agus chun go dtabharfar luach saothair as taighde agus nuálaíocht theicneolaíoch atá dírithe ar thacú le hathchóiriú agus foirgníocht foirgneamh a bhfuil leibhéal ard éifeachtúlachta fuinnimh acu;

52. á iarraidh ar an gCoimisiún na dea-chleachtais le haghaidh CACanna a shainaithint tuilleadh chun foirgnimh stairiúla agus oidhreachtúla a áireamh iontu freisin; ag aithint a shainiúla agus a leochailí atá foirgnimh oidhreachtúla agus á chreidiúint, i bhformhór mór na gcásanna, gur féidir cosaint na bhfoirgneamh agus feidhmíocht mhéadaithe fuinnimh a thabhairt ag réiteach le chéile, ach fós á chur in iúl go láidir gur cheart aon athchóiriú ar fhoirgnimh oidhreachtúla a dhéanamh i gcónaí de réir na rialacha náisiúnta maidir le caomhnú, de réir Chairt na Veinéise 1964 um Chaomhnú agus Athchóiriú Séadchomharthaí agus Láithreán agus de réir na hailtireachta bunaidh;

53. á chur i bhfios go láidir gur gá fíorchoigealtas fuinnimh a dhéanamh trí fhíorú ag saineolaithe deimhnithe agus trí fhaireachán ar fheidhmíocht fuinnimh i ndiaidh an athchóirithe, mar go ndéanfaidh an méid sin ardcháilíocht na n-athchóirithe a áirithiú, mar aon le deiseanna infheistíochta feabhsaithe agus costéifeachtúlacht níos airde[28];

54. á iarraidh ar na Ballstáit an úsáid is mó is féidir a bhaint as athúsáid, athchúrsáil agus athghabháil ábhair, agus iad sin a chur chun cinn, lena n-áirítear an méid sin a dhéanamh ina straitéisí soláthair agus ina dtionscadal athchóireála agus foirgníochta atá maoinithe go poiblí, mar shampla trí athbhreithniú a dhéanamh ar na spriocanna don soláthar poiblí glas (SPG)[29] agus trí shruthlíniú a dhéanamh ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar chritéir chomhshaoil agus ar chritéir shóisialta le aghaidh athchóireálacha foirgneamh, agus fós machaire comhréidh a áirithiú i dtairiscintí poiblí; á mheabhrú a thábhachtaí atá ábhair thógála atá foinsithe go háitiúil chun traidisiúin tógála a chaomhnú, chun na hábhair is oiriúnach do dhálaí aeráide gach réigiúin a áirithiú agus chun astaíochtaí agus costais iompair a chiorrú;

Caighdeáin, scileanna agus foirgnimh shláintiúla

55. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá na tairbhí dearfacha atá ag ceanglais athchóireála ag pointí tionscanta, mar go leanann coigilteas fuinnimh as na ceanglais sin ach, ní hamháin sin, méadaíonn siad luach na maoine agus is taca iad chun an ceann is fearr a fháil ar bhacainní ar nós dreasachtaí atá scoilte; á chreidiúint gur cheart tosaíocht a thabhairt d’athchóiriú domhain, lena n-áirítear athchóiriú domhain ina chéimeanna, ar na foirgnimh is measa feidhmíochta, go sonrach trí chaighdeáin íosta i bhfeidhmíocht fuinnimh (CIFF) a shocrú, rud atá bunriachtanach don infheistíocht san athchóiriú agus gur cheart an méid sin a chur i bhfeidhm go cothrománach ach fós iad a bheith bunaithe ar na lipéid fuinnimh náisiúnta atá cheana ann; á mheas go dtéann bearta den sórt sin chun tairbhe d’áitritheoirí agus go bhféadfadh sé cuidiú le saoránaigh a thabhairt amach as an mbochtaineacht fuinnimh[30]; á thabhairt chun suntais go bhfuil leibhéil ísle d’athchóirithe doimhne ann agus go bhfuil siad sin ag an ráta tuartha de 0,2 %; á mholadh go scrúdófar ráta athchóirithe íosta, agus go dtabharfar isteach rátaí den sórt sin, chun go bhféadfar spriocanna aeráidneodrachta 2050 a chomhlíonadh;

56. á chur i bhfios go láidir gur féidir le MEPS, a dhéanfar a fháisceadh de réir a chéile, cuidiú le straitéisí athchóirithe a thabhairt i bhfeidhm san fhadtéarma, má dhéantar iad a pleanáil i gceart agus a thabhairt isteach de réir a chéile, agus go gcruthaíonn sé sin slándáil infheistíochta don mhargadh, go háirithe má bhíonn tógáil acmhainneachta, comhairle shainoiriúnaithe, cúnamh teicniúil agus tacaíocht airgeadais ag gabháil leo;

57. á iarraidh go mbeidh cur chuige láidir fianaise-bhunaithe ann trína bhféadfar, trí úsáid a bhaint as sonraí iontaofa agus neartaithe, éifeachtacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus bearta costéifeachtacha a mheas go beacht agus machaire comhréidh a chothú le haghaidh ‘dea-chleachtais’ i réitigh chostéifeachtacha san Aontas;

58. á chur in iúl go bhfuil sí deimhin de má dhéantar pas d’athchóirithe le haghaidh foirgneamh a thabhairt isteach go mbeifear in ann feabhsúcháin leanúnacha a chothú, a chomhordú agus a rianú agus faireachán a dhéanamh ar dhoimhneas an athchóirithe agus ar fheidhmíocht fuinnimh a rachaidh chun tairbhe d’úinéirí tithe, d’oibreoirí foirgneamh agus do thionóntaí, ar cheart dóibh siúd uile rochtain a bheith acu ar an bpas d’athchóirithe; á chur i bhfáth gur cheart don phas d’athchóirithe seo a bheith ina uirlis chomónta AE a bheadh curtha in oiriúint do shonraíochtaí náisiúnta agus réigiúnacha ar mhaithe le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá á gcothú ag ilchineálacht an stoic foirgneamh agus go mbeadh sé ailínithe leis na deimhniú feidhmíochta fuinnimh atá ann cheana le haghaidh foirgnimh;

59. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé an fhaisnéis ar fhoirgnimh a chomhdhlúthú in aon uirlis dhigiteach aonair; á mheas gur cheart go n-áireofaí leis sin acmhainneacht chiorclaigh ábhar, meastóireacht ar thosca cáilíochta aeir faoi dhíon, lena n-áirítear ón taobh sláinte agus sábháilteachta de, agus táscairí láidre bunaithe ar na huirlisí agus na caighdeáin chomhshaoil atá ann cheana;

60. á chur i bhfáth an tábhacht agus an fhéidearthacht atá ag gabháil leis an gCiste um Aistriú Cóir i gcomhthéacs an phlean téarnaimh i ndiaidh ghéarchéim COVID-19 le haghaidh oiliúint agus cáilíocht oibrithe sna hearnálacha foirgníochta agus athchóirithe, agus chun uas-sciliú agus athsciliú a sholáthar d’oibrithe i réigiúin atá buailte leis an ngalar, lena n-áirítear digiteáil na gcuideachtaí don aistriú go dtí geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de;

61. á thabhairt chun suntais gur cheart gur foirgnimh shláintiúla agus saor ó ghrán dubh a bheadh mar thoradh ar thionscadail atógála foirgneamh, agus cáilíocht na timpeallachta faoi dhíon (IEQ) á cur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil athbhreithniú ar chaighdeáin don cháilíocht aeir, do dhálaí teirmeacha agus do ghnéithe sláinte agus compoird eile a bhaineann leis an áit istigh, lena n-áirítear dóthain solais lae agus aerú meicniúil, ag rannchuidiú le sláinte agus táirgiúlacht úsáideoirí na bhfoirgneamh agus go bhfeabhsaíonn sé a gcuid oibre nó a gcumas foghlama, chomh maith lena áirithiú go ndéantar coigilteas leasa suntasach, agus ar an gcaoi sin go laghdaítear speansais phoiblí agus na mBallstát agus go dtéann sé sin chun tairbhe do gheilleagar an Aontais agus dá shaoránaigh ina n-iomláine;

62. á chur i bhfáth go gcaithfear leibhéal leormhaith saineolais i gcothabháil agus úsáid foirgneamh ag saineolaithe agus ag áitritheoirí foirgneamh a áirithiú, lena n-áirítear athrú iompraíochta, chun go mbainfear lánbhuntáiste as na tairbhí ag ghabhann le feidhmíocht fuinnimh mhéadaithe;

63. á iarraidh ar an gCoimisiún tionscnamh scileanna agus faisnéise AE a sheoladh maidir le leis an earnáil athchóirithe agus tógála, ina n-áireofar toise inscne, chun go bhféadfar a bheith páirteach go gníomhach le geallsealbhóirí a mhéid a bhaineann le hathoiliúint, uas-sciliú agus forbairt acmhainneachta, le fócas ar leith ar fhostaíocht, go háirithe chun daoine óga a mhealladh le bheith ag obair san earnáil athchóirithe; á chur i bhfios go láidir go n-éilíonn áirithiú cáilíochta, comhlíontachta agus sábháilteachta go mbeidh na hinniúlachtaí agus scileanna leormhaithe ag gairmithe atá páirteach sna céimeanna dearaidh agus foirgníochta/athchóirithe, agus go n-áiríonn sé sin idirghabhálaithe amhail suiteálaithe, ailtirí nó conraitheoirí; á iarraidh ar na Ballstáit straitéis náisiúnta a fhorbairt chun scileanna a fheabhsú san earnáil foirgníochta, ag díriú ar éifeachtúlacht fuinnimh, ar inbhuanaitheacht agus ciorclacht ábhar, ar theicnící éighníomhacha agus ar comhtháthú athnuaiteáin, lena n-áirítear féintomhaltas agus réitigh dhigiteacha, agus chun tacaíocht shonrach a thabhairt d’oibrithe i micreaghnóthais agus i ngnóthais bheaga agus mheánmhéide;

64. á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le scileanna agus nuálaíocht do CACanna tríd an gCiste um Aistriú Cóir, trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe Marie Skłodowska-Curie agus trí chlár Erasmus+, agus misean mar chuid de Fís Eorpach a bhunú a bheidh ag déileáil le pobail agus comharsanachtaí a athnuachan, mar aon le tacaíocht a thabhairt don Ghníomhaireacht Feidhmiúcháin Oideachais, Closamhairc agus Cultúir (EACEA) chun comhghuaillíocht scileanna straitéiseacha a chur chun cinn agus a chur chun feidhme don earnáil foirgníochta agus é sin dírithe ar inneachar comónta oiliúna a dhearadh agus a fhorbairt chun dul i ngleic leis na bearnaí scileanna atá anois ann; á iarraidh ar dhaoine aonair, ar fhiontair agus ar eagraíochta, chomh maith lena chéile, úsáid a bhaint as an Treoirchlár um Ráthaíocht Scileanna agus Oideachais agus as scéimeanna comhchosúla le haghaidh oiliúint, uasghrádú scileanna agus oideachas sna hearnálacha athchóirithe;

65. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnuithe tionchair cuimsitheacha maidir le típeolaíochtaí foirgneamh, áitritheoirí agus tionachta a fhoilsiú faoi 2022 chomh maith le creat reachtach a fhorbairt chun MEPS a thabhairt isteach le haghaidh foirgnimh atá cheana ann agus go mbeidh na MEPS sin le fáisceadh de réir a chéile in imeacht ama i gcomhréir le cuspóir 2050; á chur i bhfios go láidir go gcabhródh caighdeáin den sórt sin le hoibríochtúlú a dhéanamh ar an gconair ionsar stoc foirgneamh le leibhéal ard éifeachtúlachta fuinnimh agus dícharbónú a bheith ann faoi 2050 ar a dhéanaí agus gur féidir leo infheictheacht agus slándáil a thabhairt sa mhargadh i dtaobh chlaochlú an stoic foirgneamh atá cheana ann; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh pacáiste cuimsitheach de bhearta beartais ag gabháil le MEPS ar an leibhéal náisiúnta, agus go mbeadh, ar a laghad, faisnéis agus soláthar comhairle sainoiriúnaithe do shaoránaigh mar aon leis an tacaíocht maoinithe iomchuí ar áireamh sa phacáiste sin;

66. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pasanna d’athchóirithe foirgneamh i bhfoirm dhigiteach a thabhairt isteach trí phróiseas mear faoi 2025, lena n-áirítear roinn a bheith sna pasanna ina dtugtar faisnéis maidir le cáilíocht fheabhsaithe an aeir faoi dhíon agus maidir le foirgnimh shláintiúla;

67. á iarraidh ar an gCoimisiún ‘áireamhán aeráide AE’ (ECC) a fhorbairt mar chuid dá ‘rabharta athchóirithe’ lena n-áiritheofar lipéadú beacht agus sothuisceana le haghaidh ábhair thógála, táirgí agus seirbhísí atá bainteach leis an athchóiriú ar stoc foirgneamh AE as seo go dtí 2050; á chur i bhfáth gur cheart don ECC machaire comhréidh a áirithiú do na príomhghníomhaithe atá mar chuid de lorg GCT an CAC laistigh de stoc foirgneamh AE, nó atá gaolmhar leis, agus go mbeadh ‘cur chuige iomlánaíoch’ den sórt sin in ann an bealach a réiteach le haghaidh éifeachtaí iompraíochta dearfacha ag saoránaigh, tionscail agus FMBanna AE; á chur i bhfáth go gcaithfidh an coincheap sin a bheith bunaithe ar phrionsabail an gheilleagair chiorclaigh agus saolré chun go bhféadfar an t-éileamh ar earraí atá neamhdhíobhálach don aeráid agus atá ‘déanta san Eoraip’ a bhrú chun cinn, rud a neartóidh cumas iomaíochta earnáil tógála AE; á mholadh don Choimisiún úsáid a bhaint as modhanna eolaíochta is feasach dúinn cheana féin nuair a bheidh meastacháin á dhéanamh aige ar astaíochtaí GCT, mar shampla trí inspioráid a fháil óna ‘lorg comhshaoil táirge’;

68. á iarraidh go ndéanfar leibhéal méadaithe uaillmhéine in Airteagail 3, 5 agus 18 a áireamh san athbhreithniú ar EED atá ar na bacáin agus go bhforbrófar cur chuige nua maidir le sainiú na gcaighdeán foirgnimh a chomhlíonann spriocanna fuinnimh agus aeráide AE nuair a bheidh athbhreithniú á dhéanamh ar an EPBD;

69. á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar thionchar na nDeimhnithe Feidhmíochta Fuinnimh (DFFanna) ar fud na mBallstát agus na forálacha atá cheana ann a neartú; ag tabhairt dá haire gur cheart iontaofacht, comhleanúnachas agus inchomparáideacht DFFanna ar fud AE a fheabhsú ionas go dtiocfaidh DFFanna chun bheith ina n-uirlis mhargaidh iontaofa chun measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht agus ar cháilíocht foirgneamh, go háirithe don earnáil airgeadais;

Digiteáil agus sonraí iontaofa

70. á mheas gur cumasóir le haghaidh rannpháirtíocht ghníomhach na saoránach sa chóras fuinnimh trí ghiniúint dháilte, stóráil, solúbthacht agus comhtháthú agus cúpláil earnála atá sa digiteáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag digiteáil agus sonraí i luathú a dhéanamh ar phleanáil, chur chun feidhme, rialú agus fhaire torthaí pleananna athchóirithe, chomh maith le ról a bheith acu le haghaidh pleanáil agus bainistiú fuinnimh ar bhonn níos éifeachtúla;

71. á iarraidh ar an gCoimisiún breathnú isteach in iontaofacht sonraí a bhaineann le foirgnimh agus san fhíoras go bhfuil easpa sonraí den sórt sin ann agus a chur san áireamh cén chaoi a bhféadfadh tuilleadh úsáide as an digiteáil rannchuidiú go dearfach le cur chuige fianaisebhunaithe láidir a áirithiú nuair a bheidh beartais a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh agus le hathchóirithe á nglacadh; á aithint gur gá digitiú a dhéanamh ar bhunachair náisiúnta DFF, ar shonraí foirgnimh agus ar fhaisnéis foirgníochta eile chun go mbeidís ar fáil nuair a chuirtear isteach ar phas foirgnimh digiteach agus le haghaidh feidhmchláir foirgnimh cliste eile;

72. á mheas gur bealach é ‘Idirlíon na Rudaí Nithiúla’ chun fíorthionchar an athchóirithe ar fheidhmíocht fuinnimh foirgneamh a thomhas agus gur cumasóir é do straitéisí athchóirithe ar mhórscála agus costéifeachtach; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh ról a bheith ag intleacht shaorga comhtháite in anailís sonraí agus i bhfaire, bainistiú agus coigeartú na tomhailte fuinnimh i bhfoirgnimh;

73. a mheas gur treallús lárnach le haghaidh éifeachtúlacht fuinnimh mhéadaithe atá i ndigiteáil na dteicneolaíochtaí foirgnimh agus foirgníochta; á iarraidh ar an gníomhaithe áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha bainteacha go léir páirt fhorghníomhach a bheith acu i gcur chun cinn na digiteála;

74. á thabhairt chun suntais go bhfuil tairgí ag gabháil le líonraí fíor-ardtoillis le haghaidh an bhonneagair cumarsáide chun tithe cliste a chothú, a dtuigtear leis sin gur tithe iad atá comhtháite in éiceachóras fuinnimh dhigitigh níos leithne a chumasaíonn foirgnimh le tairbhiú d’fheidhmiúlachtaí cliste, agus na feidhmiúlachtaí sin a sholáthar, agus a cheadaíonn comhtháthú agus coigilt fuinnimh in earnálacha éagsúla den gheilleagar, lena n-áirítear freagairt ar thaobh an éilimh de agus optamú na húsáide fuinnimh laistigh den fhoirgneamh amhail fearais cliste, uathfhearais tí, teaschaidéil leictreacha, stóráil ceallraí, pointí luchtaithe le haghaidh feithiclí leictreacha agus méadair chliste i measc teicneolaíochtaí digiteacha eile; á chur in iúl gur díol sásaimh di an aidhm atá le EPBD athbhreithnithe chun teicneolaíochtaí foirgnimh cliste a chur chun cinn tuilleadh, trí tháscaire ullmhachta cliste (SRI) mar uirlis tacaíochta i rátú ullmhacht chliste na bhfoirgneamh agus chun feasacht a mhúscailt i measc úinéirí agus áitritheoirí foirgnimh i dtaobh luach na gcóras uathoibrithe agus rialaithe foirgnimh (BACSanna) le haghaidh feidhmíocht fhoriomlán na bhfoirgneamh, ar cheart a bhfeidhmiú faoi Airteagail 14 agus 15 a leathnú;

75. ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá eangacha cliste mar chumasóirí le haghaidh comhtháthú éifeachtach athnuaiteáin sna heangacha leictreachais agus á spreagadh go lorgófaí deiseanna nua chun comhéadanú a dhéanamh le hoibreoirí córais tarchurtha (OCTanna) agus le hoibreoirí córais dáileacháin (OCDanna) ar mhaithe le seirbhísí feabhsaithe éifeachtúlachta fuinnimh agus leictreachais; á chur i bhfáth gur féidir le foirgnimh chliste atá nasctha le nanai-eangacha nó le micri-eangacha cobhsaíocht fheabhsaithe an tsoláthair leictreachais agus infhaighteacht na gcóras téimh/fionnuaraithe a áirithiú;

76. á chur i bhfios go láidir go dteastaíonn coimircí sóisialta, cosaint sonraí, urraim don phríobháideacht agus toiliú, i gcomhréir le forálacha an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), a mhéid a bhaineann le cearta tithíochta agus tomhaltóirí; á chur i bhfáth gur cheart do na réitigh digiteacha a sholáthraítear le linn athchóirithe a bheith iomasach, simplí augs idiroibritheach, agus go gcaithfidh an oiliúint, an fhaisnéis agus tacaíocht d’áitritheoirí, ar an leibhéál is gá, a bheith ag gabháil lena suiteáil; á chur i bhfios go láidir go bhfuil féidearthachtaí ag gabháil le teicneolaíochtaí digiteacha neamhsháiteacha ina leith sin;

77. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an ngá atá le hathbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais don bhonneagair luchtaithe in EPBD; á chur i bhfáth go bhfuil bonneagar luchtaithe cliste ina réamhchoinníoll d’aon mhéadú i leictrea-shoghluaisteacht ghlan;

An rabharta athchóirithe

78. á chur in iúl go bhféachann sí ar an rabharta athchóirithe mar dheis chun stoc foirgneamh atá éifeachtach ar fhuinneamh agus aeráidneodrach a bhaint amach faoi 2050 trí phlean gníomhaíochta le haghaidh CACanna le fócas ar phobail, go háirithe iad sin atá i mbochtaineacht fuinnimh, agus chun foirgnimh shláintiúla, chuibhiúla, inacmhainne agus tíosach ar fhuinneamh a sholáthar, ar foirgnimh iad inar féidir le daoine a lánchumas a bhaint amach, i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an sprioc astaíochtaí ar leibhéál glan-nialasach do 2050, agus gur féidir an rabharta sin a chur chun feidhme le lánshinéirge freisin leis an straitéis nua tionsclaíoch don Eoraip, le straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach, leis an straitéis geilleagair chiorclaigh, leis an Sásra um Aistriú Cóir agus le hionstraimí téarnaimh agus freisin le straitéisí maidir leis an Eoraip a dhéanamh oiriúnach don aois dhigiteach;

79. á chur in iúl gur deimhin léi gur féidir leis an rabharta athchóirithe an tionchar atá ag géarchéim COVID-19 a mhaolú trí gheilleagair náisiúnta agus áitiúla a spreagadh agus, mar shampla, trí phoist ardcháilíochta agus bhunriachtanacha san fhoirgníocht agus sna tionscail fuinnimh inathnuaite a chothú agus tacú le hoibrithe micreaghnóthas agus gnóthas beag agus meánmhéide (FBM) arb ionann iad agus 97 % den earnáil, agus faoi dheoidh go spreagfar go leor deiseanna agus tairbhí éagsúla a d’fhéadfaí a fháil trí éifeachtúlacht fuinnimh feabhsaithe i stoc foirgneamh na hEorpa, lena n-áirítear tairbhí deimhneacha sóisialta agus comhshaoil; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an rabharta athchóirithe ról tábhachtach a bheith aige i dtéarnamh inbhuanaithe agus gur féidir leis a bheith lárnach ó thaobh aon phleananna téarnaimh a bheidh ann i ndiaidh COVID-19; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nár cheart don Choimisiún moill a chur ar an togra seo agus gur cheart dó a bheith i gceannas ar fhorléargas a thabhairt ar na roghanna cistithe ar fad atá ar fáil;

80. ag éileamh go mbeidh cur chun feidhme uaillmhianach ann i leith Phacáiste an Fhuinnimh Ghlain; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról ag PNFAnna ó thaobh uasmhéadú a dhéanamh ar na deiseanna atá ar fáil san earnáil tógála; á dhearbhú go bhfuil sé tiomanta do chur chun feidhme na forála seo agus gach forála eile a leanúint go dlúth, agus á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú na mbeart atá sa EPBD athbhreithnithe a áirithiú;

81. á iarraidh ar an gCoimisiún a chinntiú go mbeidh éifeachtúlacht fuinnimh ar an gcéad phrionsabal atá lárnach do phróiseas athchóirithe stoc foirgneamh AE i gcomhréir leis an Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh;

82. á chur in iúl gur díol sásaimh di straitéisí athchóirithe fadtéarmacha na mBallstát (LTRSanna) ó thaobh clochmhílte ionsar an chuspóir aeráidneodrachta a leagan amach do 2030 agus do 2040; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na moilleanna suntasacha atá ar go leor Ballstát ó thaobh a gcuid LTRSanna a chur isteach; á iarraidh ar an Ballstáit sin an deis a thapú chun a gcuid oibleagáidí dlíthiúla faoi EPBD a chomhlíonadh agus a gcuid LTRSanna, a bhfuil moill cheana orthu, a chur isteach; ag spreagadh na rialtas chun beartais nuálacha a chur chun feidhme ar mhaithe le saoránaigh a pháirtiú go gníomhach i gcláir éifeachtúlachta fuinnimh; á mheas gur cheart go ndéanfaí LTRSanna a aithint mar ionstraimí lárnacha do phleanáil, thomhas dul chun cinn agus ghnóthachan cuspóirí éifeachtúlachta fuinnimh;

83. á thabhairt chun suntais gur cheart stoc foirgneamh atá tíosach ar fhuinneamh agus dícharbónaithe go dtí leibhéal ard a bhaint amach trí laghdú suntasach a dhéanamh ar thomhailt fuinnimh trí bhíthin beartais éifeachtúlachta fuinnimh atá láidir agus inchumasaithe a chur chun feidhme, agus fós go gclúdaítear na riachtanais iarmharacha le fuinneamh inathnuaite; á chur i bhfios go láidir gur cheart athchóirithe foirgneamh a chomhtháthú le hiarrachtaí níos leithne dícharbónú a dhéanamh ar an gcóras fuinnimh agus go rachadh sé sin bonn ar bhonn le hinfheistíochtaí in, mar shampla, líonraí fuinnimh cheantair éifeachtacha agus teaschaidéil éifeachtacha trí chur chuige córais/ceantair a ghlacadh ina ndéantar gach beart éifeachtúlachta féideartha, amhail aisghabháil barrachais teasa, a chomhtháthú ann; á chur i bhfáth gur gá gníomhaíochtaí nithiúla a shainiú chun poitéinsil shainaitheanta le haghaidh comhghiniúint agus teas ceantair ardéifeachtúil a thabhairt chun fíre; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá leis an gcur chuige córasach seo chun an t-aistriú ionsar gheilleagar ard-tíosach ar fhuinneamh agus bunaithe go hiomlán ar athnuaiteáin a bhaint amach agus chun ailíniú leis an gcuspóir go ndéanfar téamh domhanda a theorannú go dtí faoi bhun 1.5oC a áirithiú;

84. á chur in iúl gur díol sásaimh di an fógra a rinne an Coimisiún go bhfuil sé le hathchóirithe i scoileanna, in ospidéil agus i dtithíocht do dhaoine i ngátar a chur chun cinn, go háirithe i gcás an stoic foirgnimh phoiblí, ar minic an stoc sin a bheith sa riocht is measa; ach fós á thabhairt chun suntais go mbaineann dúshlán le haghaidh a thabhairt ar an stoc mór foirgneamh cónaitheach, a sheasann do 75% den spás urláir tógtha san Aontas;

85. á chur in iúl go n-aontaíonn sí leis an anailís a deir go bhfuil lear mór tairbhí ag gabháil le hathchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh i bhfoirgnimh, amhail foghlaim fheabhsaithe, biseach níos tapa agus daoine a thabhairt amach as an mbochtaineacht fuinnimh; ag tarraingt aird ar cháilíocht aeir feabhsaithe faoi dhíon agus faoin aer, laghduithe ar astaíochtaí, méaduithe ar éifeachtúlacht fuinnimh, compord teirmeach feabhsaithe agus laghdú ar an spleáchas ar allmhairithe; á iarraidh go mbeadh na tairbhí sin á gcur san áireamh go córasach in CACanna;

86. á iarraidh ar na Ballstáit feachtais chumarsáide trasearnála, tírshonracha agus sainoiriúnaithe a sheoladh, ar feachtais iad a bheidh ag déileáil leis na deiseanna iolracha agus na tairbhí éagsúla a fhaightear trí éifeachtúlacht fuinnimh feabhsaithe an stoic foirgneamh, agus go dtabharfaí faisnéis faoi ionaid ilfhreastail agus faoi dheiseanna maoinithe atá ar fáil, lena n-áirítear ar leibhéal AE;

87. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta don rabharta athchóirithe a chumhdach i reachtaíocht nua agus athbhreithnithe an Aontais agus athbhreithniú a dhéanamh ar spriocanna aeráide agus fuinnimh 2030, ach fós lánurraim a thabhairt do phrionsabal na coimhdeachta agus do chostéifeachtúlacht, ionas go bhféadfar sinéirgí idir na píosaí éagsúlachta reachtaíochta a chumasú agus iad a chur ar an mbealach ceart ionsar neodracht aeráide, ach ag an am céanna a áirithiú go ndéantar bearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena n-áirítear athchóiriú foirgneamh, a chomhtháthú mar bheartas lárnach chun an bhearna i spriocanna 2030 a líonadh; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le tacaíocht airgeadais chun inacmhainneacht tithíochta d’úinéirí agus do thionóntaí a áirithiú;

88. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na LTRSanna agus moltaí a eisiúint do na Ballstáit ina dtarraingítear aird ar na bearnaí atá cheana ann agus ar na dea-chleachtais; á iarraidh ar na Ballstáit faireachas a dhéanamh ar chur chun feidhme a gcuid LTRSanna, agus iad a athbhreithniú gach cúig bliana de réir an chiogail stocáirimh agus an struchtúir céim-ardaithe atá ag Creat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCC) chun deimhin a dhéanamh de go gcomhlíontar an cuspóir i dtaobh stoc foirgneamh atá ardtíosach ar fhuinneamh agus aeráidneodrach; á iarraidh ar na Ballstáit LTRSanna a ghabháil chucu féin mar uirlis chun spreagadh eacnamaíoch agus conair téarnaimh a leagan amach, a mbeidh tabhairt i gcrích uaillmhianach, mionsonraithe agus práinneach óna dtaobh siúd de riachtanach lena aghaidh; á iarraidh ar na Ballstáit sin nach ndearnadh amhlaidh go fóill a gcuid LTRSanna a thíolacadh mar ábhar práinne;

89. á iarraidh go ndéanfar na hearnálacha tógála agus athchóirithe, go háirithe micreaghnóthais agus gnóthais bheaga agus mheánmhéide, a chur san áireamh i bpacáistí téarnaimh; á iarraidh go dtabharfar tosaíocht sa phlean spreagtha eacnamaíoch d’infheistíochtaí in athchóirithe foirgneamh ionsar stoc foirgneamh atá ardtíosach ar fhuinneamh agus bunaithe ar athnuaiteáin;

°

° °

90. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig gach ceann d’institiúidí an Aontais agus chuig na Ballstáit.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Anois, níos mó ná riamh, teastaíonn áit shláintiúil agus shábháilte mar bhaile dóibh féin ó na saoránaigh agus tá sé sin tuillte acu. Trí infheistiú in éifeachtúlacht fuinnimh is féidir tithe ar ardcháilíocht le billí fuinnimh níos ísle a thabhairt i gcrích. Is féidir leis feabhas a chur ar shláinte ár bpobal agus an méid a chuirimid leis an athrú aeráide a laghdú.

 

Scrúdaíonn an tuarascáil seo na féidearthachtaí a bhaineann le héifeachtúlacht fuinnimh i bhfoirgnimh agus, i gcomhthéacs na géarchéime reatha, moltar rabharta athchóirithe Eorpach a bheith ann a d’fhéadfadh cuidiú le téarnamh eacnamaíoch trí phoist áitiúla a chruthú, trí oibrithe a uas-sciliú agus trí phobail athléimneacha a chruthú.

 

Is foirgnimh a ídíonn isteach agus amach le 40%[31] d’fhuinneamh an Aontais agus is iad atá mar an tomhaltóir fuinnimh aonair is mó san Eoraip. Astaíonn siad 36%[32] d’astaíochtaí CO2 an Aontais. Tá beagnach 75% den stoc foirgneamh neamhéifeachtach ó thaobh fuinnimh de agus, ag an am céanna, ní dhéantar ach 0.4-1.2% den stoc foirgneamh a athchóiriú gach bliain[33].

 

Trí athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá cheana ann is féidir coigealtas suntasach fuinnimh a bhaint amach agus d’fhéadfadh sé tomhailt fuinnimh iomlán an Aontais a laghdú 26%[34] chomh maith le tairbhí dearfacha tábhachta a ghnóthú trí chláir athchóirithe comhtháite (CACanna). Áirítear leo son feabhsúcháin sa cháilíocht aeir, laghdú ar astaíochtaí, daoine a thabhairt amach as an mbochtaineacht fuinnimh, coigealtas costais, spleáchas laghduithe ar allmhairí agus córais fuinnimh atá níos athléimní.

 

Déanann an bhochtaineacht fuinnimh difear do na milliúin Eorpach gach bliain; tá 40 milliún Eorpach ann nach féidir leo a dteach a choinneáil te go leor sa gheimhreadh[35] agus tá 98 milliún Eorpach ann nach féidir leo a dteach a choinneáil fionnuar go leor sa samhradh[36]. Faigheann isteach agus amach le 7 milliún Eorpach fógra gach bliain á rá go bhfuiltear leis an soláthar a ghearradh orthu[37], rud a bhfuil tionchar aige ar shláinte choirp agus ar mheabhairshláinte, go háirithe sa ghéarchéim reatha agus sa tréimhse seo ina bhfuil daoine cuibhrithe istigh, ar tréimhse é a gcaithfear stop a chur le gearradh soláthair éigeantais. Is féidir le hinfheistiú spriocdhírithe sna foirgnimh is measa atá ag déanamh, go háirithe ar an margadh cíosa, cuidiú le daoine atá i staideanna leochaileacha agus i mbochtaineacht fuinnimh.

 

 

Tugann infheistíochtaí in éifeachtúlacht fuinnimh spreagadh don gheilleagar, go háirithe an tionscal tógála agus tionscal an fhuinnimh in-athnuaite, a ghineann thart ar 9% d’OTI na hEorpa agus a dtagann 18 milliún post go díreach astu[38]. Bhainfeadh FBManna tairbhe as margadh athchóirithe treisithe, toisc gurb ionann iad agus níos mó ná 70% d’earnáil tógála AE.

 

Ina theannta sin, trí athchóirithe a uas-scálú go dtí an leibhéal is gá chun laghdú 80% a dhéanamh ar dhramhaíl fuinnimh, d’fhéadfaí 1.3 – 1.4 milliún post áitiúil breise a chruthú go díreach[39]. Thabharfadh sé sin spreagadh a bhfuil fíorghá leis don gheilleagar Eorpach, agus thógfadh sé an cian de dhaoine nuair a bheidh géarchéim COVID-19 thart.

 

Éilítear cur chun feidhme uaillmhianach ar leibhéal an Bhallstáit leis an gcreat reachtach a glacadh mar chuid den phacáiste ‘Fuinneamh glan do gach Eorpach’. Tá gá le tuilleadh gníomhaíochta chun acmhainneacht éifeachtúlacht fuinnimh stoc foirgneamh an Aontais a bhaint amach agus chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá gá le hathruithe beartais agus bearta tacaíochta chun cláir athchóirithe chomhtháite a sheoladh chun feidhmíocht fuinnimh na bhfoirgneamh atá ann cheana a threisiú. Ní mór aghaidh a thabhairt i straitéisí athchóirithe fadtéarmacha na mBallstát ar na rátaí athchóirithe reatha a mhéadú faoi thrí, ar dhíriú ar athchóirithe doimhne, agus ar dheireadh a chur le bacainní rialála náisiúnta a chuireann bac ar infheistíocht éifeachtúlachta fuinnimh.

 

Is féidir le foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh bochtaineacht fuinnimh agus astaíochtaí carbóin a laghdú. Le hinfheistíocht spriocdhírithe, is féidir cabhrú le daoine imeallaithe agus le daoine leochaileacha agus is féidir cabhrú le spriocanna aeráide reatha an Aontais a bhaint amach.

 

Tá na réimsí seo a leanas ríthábhachtach chun go n-éireoidh le rabharta athchóirithe lena gcuirfear feabhas ar shaol na saoránach, lena gcuirfear le cáilíocht na bhfoirgneamh, agus lena gcabhrófar le huaillmhianta aeráide an Aontais a bhaint amach:

 

 Comharsanachtaí agus pobail

Ní mór do shaoránaigh an ról lárnach a bheith acu san iarracht chun éifeachtúlacht fuinnimh a bhaint amach. Is cuid den Chomhaontú Glas don Eoraip i gcoitinne é tionscnamh ‘Rabharta athchóirithe’ an Choimisiúin Eorpaigh atá ar na bacáin agus is féidir é a neartú go suntasach trí ghníomhaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta agus, go ríthábhachtach, ar an leibhéal áitiúil. Téann foirgnimh atá tíosach ar fhuinneamh chun tairbhe do na saoránaigh go léir; go háirithe dóibh siúd atá i mbaol na bochtaineachta fuinnimh.

 

Chun go n-éireodh leis sin, ba cheart macasamhlú a dhéanamh i ngach Ballstát ar dhea-chleachtais amhail ionaid ilfhreastail le haghaidh faisnéise, comhairle agus maoiniú, agus mar áiteanna chun riachtanais shonracha an chomhphobail a phlé. Tá sé léirithe go bhfuil éirithe le fothú acmhainneachta do bhardais, agus le rannpháirtíocht ghníomhach gníomhaithe áitiúla amhail pobail fuinnimh, comharchumainn tithíochta, tionscail áitiúla agus gníomhaithe airgeadais.

 

Chuige sin, is cinnte gur uirlis úsáideach iad na hardáin atá beartaithe maidir le hathchóirithe chun cláir athchóirithe chomhtháite chuimsitheacha pobalbhunaithe a fhorbairt ar féidir iad a mhacasamhlú, a uas-scálú in áiteanna eile, agus chun cabhrú le slabhraí luacha a chruthú ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach.

 

 Maoiniú

Tá maoiniú ríthábhachtach, agus tá gá le caiteachas bliantúil de EUR75bn ar a laghad i ndreasachtaí airgeadais AE amháin[40] chun a chinntiú go mbeidh foirgnimh na hEorpa éifeachtúil go leor ó thaobh fuinnimh de faoi 2050. I ndáil leis sin, d’éirigh leis na tionscnaimh a rinneadh i roinnt Ballstát amhail Energiesprong san Ísiltír, an tionscnamh New Greens Saving i bPoblacht na Seice agus scéimeanna athchóirithe ceantair sa Liotuáin maidir le hathchóiriú a mhaoiniú ar an leibhéal áitiúil.

 

D’fhéadfadh ról ríthábhachtach a bheith ag an gCiste um Aistriú Cóir i maoiniú an rabharta athchóirithe. Ní mór do na hionstraimí atá ann cheana, amhail an Ciste Comhtháthaithe Eorpach agus Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, leanúint de chláir éifeachtúlachta fuinnimh agus cláir fuinnimh in-athnuaite a chistiú.

Is féidir an ráta glactha a mhéadú trí thacaíocht theicniúil agus eagraíochtúil lena laghdaítear maorlathas agus trí thionscadail a chuachadh le chéile chun cistiú a mhealladh. Tá ról ann do mhaoiniú feabhsaithe le haghaidh iarfheistithe doimhne mar a shainordaítear sa Treoir maidir le Feidhmíocht Fuinnimh Foirgneamh (EPBD).

 

Ní mór an méid céanna infheistíochta iar-ghéarchéime a dhéantar i bhfoirgnimh agus i mbonneagar poiblí a dhéanamh i ndaoine trí uas-sciliú a dhéanamh ar thrádálaithe agus ar ghairmithe le haghaidh an rabharta athchóirithe.

 

 Teicneolaíochtaí foirgníochta agus ábhair thógála

Spreagfaidh nuálaíocht an rabharta athchóirithe. Téann tionscnaimh nua ó chuideachtaí seirbhíse fuinnimh, ó phobail fuinnimh na saoránach agus ó chomhbhailitheoirí chun tairbhe do thomhaltóirí. Laghdaítear costais le cineálacha cur chuige nua maidir le réamhdhéanamh agus athchóirithe srathacha. Ní mór na cineálacha cur chuige sin a mhacasamhlú agus a uas-scálú chun costais a laghdú agus poist a chruthú.

 

Mar chuid d’athchóirithe comhtháite agus ar chúiseanna éifeachtúlachta costais, tá ciall le díriú ar theicneolaíochtaí lena gceadaítear solúbthacht agus suiteáil foinsí fuinnimh in-athnuaite ar an láthair chun an t-éileamh ar fhuinneamh iarmharach a chumhdach ag an am céanna le bearta éifeachtúlachta fuinnimh. Ní mór cuótaí seasta d’fhoinsí fuinnimh in-athnuaite i bhfoirgnimh i gcomhréir leis na féidearthachtaí a shainaithnítear faoin Treoir maidir le Fuinneamh In-athnuaite a shocrú chun cur isteach breise agus costais bhreise a sheachaint agus chun stoc foirgneamh atá neodrach ó thaobh díobháil aeráide de a bhaint amach.

 

Le Plean Gníomhaíochta Nua an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach, tá béim leagtha ar an ról atá ag tógáil agus ag ábhair thógála in os cionn 35% de dhramhaíl iomlán an Aontais a ghiniúint. Ní mór, dá bhrí sin, aisghabháil, athchúrsáil ábhar tógála, measúnú saolré, agus breithniú ar fhuinneamh corpraithe a shruthlíniú isteach i reachtaíocht AE.

 

 Caighdeáin agus scileanna

Téann scileanna nua chun tairbhe an rabharta athchóirithe. Is deis é sin d’fhostaíocht áitiúil a bhfuil géarghá léi i réigiúin agus i gceantair a bhfuil aistriú cóir ar siúl iontu. Tá gá le Clár Oibre Eorpach Scileanna, agus ba cheart gné inscne thiomnaithe a bheith ann chun leas iomlán a bhaint as. Ba cheart freisin na cistí atá ann cheana a chomhcheangal le féidearthachtaí nua faoi phacáistí aisghabhála agus faoin gCiste um Aistriú Cóir.

 

Ní mór caighdeáin shimplithe agus bearta rialála níos soiléire a thabhairt isteach ar fud na mBallstát. Tá caighdeáin íosta i bhfeidhmíocht fuinnimh (CIFF) buntábhachtach d’iarrachtaí na hEorpa maidir le dícharbónú. D’éirigh go maith leo san Ísiltír, sa Ríocht Aontaithe agus sa Bheilg agus tá an bealach chuig neodracht aeráide in earnáil na tógála faoi 2050 leagtha amach le caighdeáin níos doichte. Má dhéantar iad a thabhairt isteach ag pointí tionscanta amhail léasú nó díolachán, leagann siad síos conair le haghaidh aistriú gach deighleoga foirgnimh le himeacht ama, agus cuireann siad ar chumas lucht déanta beartas bearta tionlacain, cúnamh teicniúil agus tacaíocht airgeadais a phleanáil. Ina theannta sin, tugann siad infheictheacht agus slándáil don mhargadh maidir le claochlú an stoic foirgneamh atá ann cheana, agus is féidir leo cuidiú le tionóntaí a chosaint ar fhoirgnimh mhíshláintiúla agus ar bhillí fuinnimh arda.

 

Le staidéar cuimsitheach ar chreat a chruthú maidir le CIFFanna, a dhéanfaí níos doichte de réir a chéile, le haghaidh foirgnimh atá ann cheana, ag tosú leis na foirgnimh is measa a fheidhmíonn, chabhrófaí leis an rabharta athchóirithe.

 

De réir infhaighteacht airgeadais, áitíocht foirgnimh agus straitéisí athchóirithe, d’fheadfadh sé go mbeadh gá le hathchóirithe a dhéanamh ina gcéimeanna. Má dhéantar pas athchóirithe d’fhoirgnimh a thabhairt isteach mar uirlis chun feabhsú leanúnach a rianú agus faireachán a dhéanamh ar dhoimhneas an athchóirithe agus ar fheidhmíocht fuinnimh, téitear chun tairbhe d’úinéirí tithe agus d’oibreoirí foirgneamh agus ba cheart ceanglas a dhéanamh de ar fud AE.

 

 Digitiú

Is féidir le teicneolaíochtaí digiteacha éifeachtúlacht fuinnimh córais fuinnimh iomláin a mhéadú agus solúbthacht, comhtháthú earnála agus bainistiú éilimh a chumasú. Má dhéantar an ‘táirgeoir is tomhaltóir’ a bhainistiú go hiomchuí, féadfar saoránaigh a chumhachtú le bheith mar chuid den aistriú fuinnimh agus tairbhe a bhaint as rannpháirtíocht i dtionscadail fuinnimh pobail nó as solúbthacht ar thaobh an éilimh. Méadaíonn méadair chliste agus feidhmchláir ar líne éifeachtúlacht fuinnimh agus déantar tomhaltóirí a chumhachtú leo, ach tá gá le coimircí rialála chun cearta tithíochta agus cearta tomhaltóirí a chosaint.

 

 An rabharta athchóirithe

Ionas go n-éireoidh leis an gComhaontú Glas don Eoraip, tá gá le creat chun na Ballstáit agus cuideachtaí araon a threorú, chomh maith le gné shóisialta a chuimsiú. Chun cabhrú le tionscail agus le daoine teacht aniar, poist nua a chruthú agus tuilleadh feabhais a chur orthu tar éis na géarchéime, ní mór machnamh a dhéanamh i mbeartais chomhtháite ar chomhthairbhí tábhachtacha a bhaineann le hathchóiriú a dhéanamh ar thógáil, amhail struchtúir phobail a atógáil agus daoine a thabhairt amach as bochtaineacht fuinnimh.

 

Ina theannta sin, ní féidir le beartais a bheith ag brath ar dhea-chleachtais a chomhroinnt agus pleananna gníomhaíochta a thíolacadh, agus orthu sin amháin, ach ní mór reachtaíocht nithiúil a bheith ag gabháil leo, lena ndéanfar airgeadas a shaindíriú agus na spriocanna atá beartaithe a leagan amach. Tá sé ríthábhachtach go dtabharfaí faoi athbhreithniú aníos a dhéanamh ar an reachtaíocht fuinnimh agus aeráide, lena n-áirítear CIFFanna agus uirlisí eile lena ndéantar infheisteoirí agus pobail a chumhachtú le páirt a ghlacadh i gcláir athchóirithe chomhtháite, chun a áirithiú go mbeidh ár stoc foirgneamh neodrach ó thaobh aeráide de faoi 2050.

 

Tá gá le cur chun feidhme iomlán agus uaillmhianach an Phacáiste Fuinnimh Ghlain, chomh maith le glacadh an phrionsabail ‘tús áite don éifeachtúlacht fuinnimh’ nuair atáthar ag iarraidh an rabharta athchóirithe a bhogadh ar aghaidh. Ba cheart do na Ballstáit aitheantas iomlán a thabhairt d’acmhainneacht na héifeachtúlachta fuinnimh méadaithe in earnáil na tógála ina bpleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) agus ba cheart dóibh athbhreithniú agus nuashonrú a dhéanamh ar a straitéisí athchóirithe fadtéarmacha (LTRSanna) gach cúig bliana. Má dhéanann siad amhlaidh, is féidir cuidiú lena n-áirithiú go mbeidh spriocanna á mbaint amach go comhsheasmhach agus go réadúil. Is é an t-aon toradh a bheadh ar gan athbhreithnithe de sórt sin a chur i ngníomh ná freagrachtaí aeráide a aistriú chuig na glúnta atá le teacht.

 

Gabhann an Rapóirtéir buíochas leo siúd uile a chuidigh le hionchur a chur ar fáil don tuarascáil seo agus tá sé ag tnúth leis an dúshlán atá romhainn.

 

 


IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Tá an liosta seo a leanas tarraingthe suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an dréacht-tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

Institiúid Feidhmíochta Foirgneamh na hEorpa – BPIE

SolarPower Europe

Comhghuaillíocht Eorpach na gCuideachtaí le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh i bhFoirgnimh – EuroACE

Renovate Europe

Oifig Beartais Eorpaigh WWF

An Gréasán um Ghníomhú ar son na hAeráide – CAN Eoraip

Gníomhaireacht Fuinnimh Thiobraid Árann

Earnáil chonarthach leictreachais na hEorpa – EuropeOn

Smart Energy Europe – SmartEn

Comhghuaillíocht le haghaidh Coigiltis Fuinnimh

Friends of the Earth Europe (Cairde na Cruinne) – FOEE

An Chomhghuaillíocht um Chearta chun Fuinnimh

Rockwool

Cónaidhm Eorpach na nEagraíochtaí Náisiúnta atá ag Obair le daoine gan Dídean – FEANTSA

Cónaidhm Thógálaithe na hEorpa – EBC

Gas Reseau Distribution de France – GRDF

An Coimisiún Eorpach: AS ENER, AS CLIMA, AS GROW, AS REFORM

Tionscadal um Chúnamh Rialála – RAP

An Chomhairle Eorpach um Fhuinneamh Geoiteirmeach – EGEC

Comhlachas Monaróirí Olla Mianra na hEorpa – EURIMA

Saint Gobain

Euroheat and Power

An Fhondúireacht Eorpach um Aeráid – ECF

Housing Europe

An Chomhghuaillíocht Eorpach chun Fuinneamh a Choigilt – AE-ASE

An tAirmheán Comhpháirteach Taighde – ACT

Biúró Eorpach na gCumann Tomhaltóirí – BEUC

Cónaidhm Eorpach de chomharchumainn fuinnimh in-athnuaite – Rescoop

Knauf Insulation

Fire Safe Europe – FSEU

Modern Building Alliance

Cathracha Fuinnimh

Cúnant na Méaraí

Eurogas

 

 


 

 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN gCOMHSHAOL, UM SHLÁINTE PHOIBLÍ AGUS UM SHÁBHÁILTEACHT BIA (29.6.2020)

chuig an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh

maidir le huasmhéadú a dhéanamh ar acmhainneacht ó thaobh éifeachtúlacht fuinnimh i ndáil le stoc foirgneamh AE

(2020/2070(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Maria Spyraki 

 

MOLADH

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Thionsclaíocht, um Thaighde agus um Fhuinneamh, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí gur foirgnimh is cúis le 40% d’ídiú fuinnimh agus le 36% d’astaíochtaí CO2 in AE, agus de bhrí go bhfuil níos mó ná 35% d’fhoirgnimh AE os cionn 50 bliain d’aois agus go bhfuil 75% acu neamhéifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, agus nach ionann a ráta bliantúil athchóirithe agus ach 0.4% go 1.2% ar fud na mBallstáit;

B. de bhrí go bhfuil béim leagtha le paindéim COVID-19 ar a thábhachtaí atá gníomhaíocht níos láidre agus níos comhordaithe ag an Aontais maidir leis an tsláinte, agus gur cheart an méid sin a léiriú freisin sa bheartas tógála;

1. á chur in iúl gur geal léi rabharta athchóirithe a bheith á fhógairt mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip; ag tathant ar an gCoimisiún é a thíolacadh mar atá beartaithe, i bhfianaise na hacmhainneachta ollmhóire atá aige maidir leis an bhfíorgheilleagar agus an geilleagar áitiúil a spreagadh tar éis COVID-19, agus, ag an am céanna, comhthairbhí eile a ghiniúint amhail cáilíocht aeir fheabhsaithe agus astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) laghdaithe agus rioscaí sláinte laghdaithe, i gcomhréir le cuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais agus le Comhaontú Pháras; á chur in iúl gur geal léi an cuspóir atá ag an gCoimisiún an ráta bliantúil athchóirithe ar an stoc foirgneamh atá ann cheana a mhéadú faoi dhó ar a laghad agus iarracht a dhéanamh i dtreo ráta 3% a bhaint amach, agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá an sprioc bhliantúil athchóirithe de 3% d’fhoirgnimh phoiblí; á iarraidh ar na Ballstáit dlús suntasach a chur le pleananna athchóirithe ar mhórscála faoi na pleananna náisiúnta fuinnimh agus aeráide (NECPanna) agus faoi straitéisí athchóirithe fadtéarmacha (LTRSanna) chun stoc dícharbónaithe foirgneamh, le foirgnimh atá beagnach neodrach ó thaobh fuinnimh de, a bhaint amach i gcomhréir le cuspóirí an Aontais, mar atá neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050; á iarraidh ar na Ballstáit sin nach ndearnadh amhlaidh go fóill a gcuid NECPanna agus a LTRS a thíolacadh mar ábhar práinne;

2. á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh an rabharta athchóirithe ina réimse tosaíochta do phleananna téarnaimh eacnamaíocha amach anseo toisc go bhfuil sé d’acmhainneacht aige ní hamháin éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú, ach freisin gníomhaíocht eacnamaíoch a spreagadh trí phoist ardcháilíochta a chothú in earnáil na tógála, i dtionscail an fhuinnimh in-athnuaite agus in FBManna, ciorclaíocht san earnáil tógála agus dícharbónú na hearnála sin a luathú, dul i ngleic le bochtaineacht fuinnimh agus foirgnimh fholláine, chuibhiúla, inacmhainne, ardfheidhmíochta a chur ar fáil; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit, i gcomhthéacs an téarnaimh, cistiú leordhóthanach a áirithiú agus treoirlínte soiléire a dhréachtú ina sonrófar an chaoi a n-éireoidh leis an rabharta athchóirithe amach anseo;

3. á chur i bhfáth gur cheart, leis na bearta atá le glacadh faoi chuimsiú thionscnamh an rabharta athchóirithe, na himthosca éagsúla atá ábhartha do gach Ballstát a chur san áireamh, amhail éagsúlacht an stoic foirgneamh, na struchtúr úinéireachta, dálaí aimsire, córais fuinnimh agus deiseanna infheistíochta;

4. á chur in iúl gur geall léi Plean Gníomhaíochta nua an Choimisiúin don Gheilleagar Ciorclach ina leagtar béim ar ról na tógála agus na n-ábhar tógála i dtaca le níos mó ná 35% de dhramhaíl iomlán AE a ghiniúint agus i dtaca le tuairim is 50% de na hábhair eastósctha ar fad a úsáid, agus ag tabhairt dá haire go bhfuil roinnt mhaith ábhar tógála dian ar fhuinneamh agus go bhféadfadh lorg ard CO2 a bheith ag roinnt leo; á chur i bhfios go láidir gur gá caighdeáin chomhchuibhithe a fhorbairt lena gcruthófar margadh aonair do na táirgí sin chun go nglacfar le hábhair tógála inbhuanaithe agus nuálacha; ag tabhairt dá haire gur cheart cur chuige trasearnálach cuíchóirithe a ghlacadh i reachtaíocht AE maidir le haisghabháil, athchúrsáil, athúsáid agus measúnú saolré ábhar tógála, agus a dtionchar corpraithe lena n-áirítear marthanacht, fuinneamh corpraithe, éifeachtúlacht foinse ábhar agus substaintí guaiseacha á gcur san áireamh, agus, ag an am céanna, an úsáid a bhaintear as ábhair a fhoinsítear go háitiúil a dhreasú; á chur i bhfios go láidir gur gá an bainistiú is fearr is féidir a dhéanamh ar uisce, dramhaíl, fuinneamh agus acmhainní ábhartha do shaolré iomlán na bhfoirgneamh nua agus na bhfoirgneamh atá ann cheana, agus á iarraidh ar an gCoimisiún na gnéithe sin a mheas sa straitéis a bheidh ann amach anseo maidir leis an timpeallacht thógtha;

5. á mheas gur deis é an rabharta athchóirithe chun dlús a chur le ciorclaíocht in earnáil na tógála agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a mholadh mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus den straitéis inbhuanaithe don chomhshaol tógtha; á chur i bhfáth gur gá dramhaíl tógála agus scartála a laghdú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh scéimeanna bainistithe agus scartála dramhaíola i bhfeidhm, lena n-áirítear chun ábhair thógála a athchúrsáil nó a athúsáid, agus chun substaintí guaiseacha i sruthanna dramhaíola a láimhseáil, a bhaint agus a athsholáthar go sábháilte; ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé ábhair tógála neamhthocsaineacha a fhorbairt agus dlús a chur le substaintí guaiseacha a ionadú chun sláinte na ndaoine, na n-oibrithe agus an chomhshaoil a chosaint;

6. á chur in iúl go gcreideann sí go mbeadh anailís níos doimhne ag teastáil ar dtús chun cuntas a dhéanamh ar astaíochtaí foirgníochta i gCóras AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS); á chur in iúl gur cúis amhrais di an chost-éifeachtacht agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis;

7. á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart córas lipéadaithe don gheilleagar ciorclach a bhunú, córas a bheadh bunaithe ar chaighdeáin chomhshaoil agus ar chritéir chomhshaoil le haghaidh ábhair atá nasctha lena n-acmhainneacht le haghaidh athbhunú fuinnimh neamhchasta agus ísealfhuinnimh sa slabhra luacha, go háirithe agus an ról atá ag amhábhair thánaisteacha, chomh maith le substaintí guaiseacha, á gcur san áireamh; ag leagan béim, i ndáil leis sin, ar a thábhachtaí a bheidh an comhairliúchán agus an t-athbhreithniú a dhéanfar amach anseo ar an Rialachán um Tháirgí Foirgníochta; ag leagan béim ar an ról atá ag soláthar poiblí glas de tháirgí inbhuanaithe chun borradh a chur faoi éifeachtúlacht acmhainní agus fuinnimh; ag tabhairt dá haire nach mór an cur chuige atá ann cheana maidir leis an Dearbhú ar Tháirgí Comhshaoil a leathnú agus gur cheart é a úsáid mar ionchur le haghaidh measúnuithe foirgníochta amhail an creat Leibhéil/Leibhéal a d’fhorbair an Coimisiún;

8. á chur i bhfáth nach bhfuil reachtaíocht AE chomhchoiteann ann maidir le bainistiú dramhaíola ó thógáil agus scartáil; ag tabhairt dá haire gur cheart scéimeanna bailithe agus athghlactha agus saoráidí sórtála a chruthú chun a áirithiú go láimhseálfar an dramhaíl tógála ar fad ar bhealach iomchuí agus sábháilte; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta nithiúla a mholadh maidir leis na saincheisteanna sin mar chuid den Phlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach agus den straitéis do thimpeallacht thógtha inbhuanaithe;

9. á chur i bhfios go láidir a fhorleithne atá an bhochtaineacht fuinnimh ar fud AE, rud a meastar go bhfuil tionchar aici ar suas le 50 milliún teaghlach; á chur i bhfios go gcreideann sí gur cheart go mbeadh sé i measc na bpríomhchuspóirí a bheidh ag an rabharta athchóirithe agus ag na tionscnaimh ghaolmhara atá le teacht deireadh a chur leis an mbochtaineacht fuinnimh agus dálaí maireachtála sláintiúla agus sábháilte a áirithiú do chách; á chur in iúl gur geall léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar athchóiriú a dhéanamh ar theaghlaigh atá bocht ó thaobh fuinnimh de; á chur i bhfáth go gcaithfidh an earnáil phoiblí a bheith ar thús cadhnaíochta sa réimse sin; á chur in iúl go gcreideann sí, má ghlactar bearta coigilte fuinnimh agus nósanna tomhaltais atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, go bhféadfaí an bhochtaineacht fuinnimh a laghdú go suntasach agus go bhféadfaí cur leis an acmhainneacht maidir le dálaí sláinte níos fearr a bhaint amach;

10. á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart go rannchuideodh athchóiriú foirgneamh le feabhas a chur ar cháilíocht an aeir laistigh agus ar shábháilteacht agus le dálaí sláinte níos fearr a bhaint amach; á iarraidh an athuair go ndéanfar caighdeáin maidir le cáilíocht an aeir a ardú i gcomhréir le treoirlínte EDS, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart go rannchuideoidís freisin le cáilíocht an aeir laistigh a fheabhsú chomh maith le cáilíocht na timpeallachta teirmí agus amhairc laistigh;

11. á thabhairt chun suntais go mbeidh teochtaí níos airde ann sna cathracha i rith an tsamhraidh de bharr athrú aeráide; ag leagan béim, ina theannta sin, ar na tairbhí iomadúla a bhaineann le réitigh bhonneagair ghlais, ar féidir leo feabhas a chur ar cháilíocht an aeir, ar chompord agus ar athléimneacht i leith na haeráide, ar féidir leo ceanglais fuinnimh a laghdú go mór, cabhrú le timthriall an uisce a athbhunú agus tacú leis an mbithéagsúlacht uirbeach, agus cur le prionsabail na ciorclaíochta ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit úsáid ábhar tógála nádúrtha agus ísealcharbóin, agus imlonnú díonta agus ballaí glasa, dromchlaí fuara agus teicneolaíochtaí éighníomhacha eile a dhreasú le linn mór-athchóirithe foirgneamh agus nuair a bhíonn foirgnimh nua á dtógáil; á iarraidh ar an gCoimisiún na nithe sin a chur san áireamh agus réitigh bhonneagair ghlais a chur chun cinn i dtionscnamh an rabharta athchóirithe;

12. ag aithint acmhainneacht na scéime ‘pas athchóirithe foirgneamh’ chun éifeachtúlacht fuinnimh an stoic foirgneamh a fheabhsú agus treochlár fadtéarmach d’athchóiriú domhain a chur ar fáil d’úinéirí; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faisnéis tógála a chomhdhlúthú in uirlis aonair dhigiteach chun an ilroinnt atá ann faoi láthair sa mhargadh a shárú; á mheas gur cheart go n-áireofaí leis sin acmhainneacht chiorclaigh ábhar, meastóireacht ar fhachtóirí cáilíochta aeir laistigh agus táscairí láidre bunaithe ar na huirlisí agus na caighdeáin chomhshaoil atá ann cheana; ag tabhairt dá haire an acmhainneacht a bhaineann le híoschaighdeáin chomhchuibhithe feidhmíochta fuinnimh, agus éagsúlacht na ndálaí áitiúla á gcur san áireamh, go háirithe dálaí aeráide, agus á chur i bhfáth a thábhachtaí atá pasanna ábhar agus forbairt caighdeán oscailte uile-AE le haghaidh faisnéis maidir le hábhar táirgí tógála chun úsáid ábhar neamhthocsaineach agus in-athchúrsáilte a spreagadh; ag tabhairt dá haire gur cheart go rannchuideodh an geilleagar ciorclach le húsáid ábhair a dhéanamh ciorclach agus le borradh a chur faoi acmhainneacht athchúrsála;

13. á chur i bhfáth gur cheart tacú le húinéirí tí, go háirithe úinéirí tí ísealioncaim agus úinéirí tí atá bocht ó thaobh fuinnimh de, comhlachais tithíochta agus comharchumainn, soláthróirirí títhíochta poiblí agus údarais áitiúla lena stoc foirgneamh agus an timpeallacht thógtha a dhéanamh aeráid-díonach, mar shampla trí dheontais nó ionstraimí airgeadais atá bunaithe ar bhreisíocht ar chistiú an chreata airgeadais ilbhliantúil (CAI), ar bhuiséid náisiúnta agus ar fhoinsí san earnáil phríobháideach;

14. ag leagan béim ar an ról atá ag Grúpa an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta maidir le hiasachtaí, ráthaíochtaí agus ionstraimí airgeadais a sholáthar, amhail an Ionstraim um Maoiniú Príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE) agus an tSaoráid um Maoiniú Cliste d’Fhoirgnimh Chliste, chomh maith le hinfheistíocht trí InvestEU agus trí Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, chun tionscnaimh agus seirbhísí athchóirithe tithíochta atá ar mhionscála, cost-éifeachtach agus sóisialta a mhaoiniú; ag tacú le forbairt ardán solúbtha maoiniúcháin chun réitigh iomlána a chur ar fáil a chuirfidh ar chumas na mbanc áitiúil, na n-idirghabhálaithe airgeadais agus na gcuideachtaí seirbhíse fuinnimh a n-infheistíochtaí a chomhthiomsú chun táirgí maoinithe tarraingteacha a shlógadh don fhuinneamh in-athnuaite agus don éifeachtúlacht fuinnimh; ag tabhairt na tuarascála ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) an 28 Aibreán 2020 dá haire maidir le héifeachtúlacht fuinnimh foirgneamh; ag cur in iúl gurb oth léi nach gcuirtear anailís costais is tairbhe san áireamh sa leithdháileadh buiséid le haghaidh tionscadal; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, treoir theicniúil an Choimisiúin maidir le maoiniú a chur san áireamh; á chur in iúl gur cúis bhuartha di nach bhfuil an Coimisiún in ann, de dheasca easpa faireacháin, measúnú a dhéanamh ar rannchuidiú bhuiséad AE le baint amach sprioc éifeachtúlachta fuinnimh AE, agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a ghlacadh chun feabhas a chur ar an bhfaireachán;

15. á chur i bhfáth go mbraitheann rath thionscnamh an rabharta athchóirithe ar rannpháirtíocht na ngníomhaithe go léir sa slabhra luacha; á chur i bhfios go láidir go bhfuil tacaíocht bhreise agus cúnamh teicniúil ag teastáil, go háirithe ó thionscadail bheaga agus mheánmhéide, chun rochtain a fháil ar mhaoiniú; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá ionaid ilfhreastail maidir le faisnéis, comhairle agus fothú acmhainní a chur ar fáil ar an leibhéal áitiúil, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal náisiúnta;

16. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit athchóiriú domhain a chur chun cinn, lena n-áirítear trí infheistíocht in insliú teirmeach agus i gcomhtháthú fuinnimh in-athnuaite a spreagadh tuilleadh, agus trí acmhainneacht thionsclaíoch d’ábhair agus córais nuálaíocha fothaithe a chur chun cinn ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de trí thaighde agus trí chistí scileanna, toisc go gcuidíonn siad le réitigh chomhtháite a chur ar fáil a fhéadfar a úsáid chun athchóirithe mórscála a luathú, agus trí iasachtaí morgáiste a nascadh le foirgnimh neamhéifeachtúla atá ann cheana le haghaidh infheistíochtaí in athchóirithe fuinnimh doimhne;

17. á iarraidh ar uachtaránacht nua na Gearmáine ar an gComhairle athchóirithe foirgneamh comhtháite agus na comhthairbhí a ghabhann leo a chur chun cinn in éineacht le Cairt nua Leipzig chun cabhrú le geilleagair AE, go háirithe FBManna, tithe inacmhainne, compordacha ardfheidhmíochta agus rochtain ar fhuinneamh in-athnuaite a chur ar fáil do gach saoránach;

18. ag tabhairt dá haire go bhfuil deis theoranta ann chun saintréithe comhshaoil táirgí a thagann isteach i margadh an Chomhphobail a fhíorú, go háirithe táirgí ó thríú tíortha; á mheas gur gá, dá bhrí sin, faireachán a dhéanamh ar shlabhraí soláthair agus na dálaí reatha a chur san áireamh, ag teorainn an Aontais, a bhaineann le táirgí a eastóscadh, a phróiseáil agus a iompar;

19. ag aithint acmhainneacht an adhmaid dheimhnithe mar linn charbóin, ó thaobh na haeráide de, agus mar ábhar tógála inbhuanaithe agus mar ábhar lena úsáid in ionad ábhair atá dian ar charbón; á chur i bhfios go láidir nár cheart leas a bhaint as adhmad, mar ábhar tógála agus mar bhithmhais i dtáirgeadh fuinnimh, ach amháin laistigh de theorainneacha na hinfhaighteachta inbhuanaithe;

20. á chur i bhfáth gur féidir le teicneolaíochtaí digiteacha tógáil agus oibriú foirgneamh a dhéanamh níos éifeachtúla, agus, ar an gcaoi sin, cuidiú le spriocanna coigilte fuinnimh a bhaint amach; ag tathant ar an gCoimisiún tacú le prionsabail choiteanna soláthair phoiblí agus rialacha maidir le digitiú sonraíochtaí tógála, lena n-áirítear feidhmíocht fuinnimh, a thabhairt isteach;

21. ag tabhairt dá haire go bhfuil bacainní ar infheistíochtaí d’athchóiriú atá éifeachtúil ó thaobh fuinnimh de, amhail dreasachtaí deighilte, ardchostais infheistíochta, am aisíoca meántéarmach/fadtéarmach; á mholadh don Choimisiún creat beartais margadh-bhunaithe a fhorbairt chun infheistíochtaí agus tionscnaimh áitiúla nuálaíochta a spreagadh, go háirithe tar éis ghéarchéim COVID-19 agus a tionchair ar an airgeadas poiblí agus príobháideach; á chur in iúl go gcreideann sí go láidir nach mór aon ualach rialála méadaithe nó costais ghearrthéarmacha a cheangal le dreasachtaí airgeadais fadtéarmacha;

22. á chur i bhfáth gur gá tacaíocht a thairiscint d’athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh oidhreachta cultúrtha chun críocha feabhsuithe a chur ar éifeachtúlacht fuinnimh agus, ag an am céanna, riachtanais chaomhnaithe a urramú agus foirgnimh oidhreachta a chosaint;

23. ag tabhairt dá haire go bhfuil damáiste suntasach á dhéanamh d’fhoirgnimh cheana féin ag tionchair an athraithe aeráide agus ag adhaimsir amhail tuilte, ardluasanna gaoithe agus tonnta teasa; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh nasc láidir idir oiriúnú agus maolú in earnáil na bhfoirgneamh, rud lena gcruthófar dreasachtaí sonracha d’infheistíochtaí lena mbainfear an dá chuspóir amach;

24. á aithint na hacmhainneachta stórála fuinnimh atá ag foirgnimh de thairbhe comhpháirteanna ollmhóra foirgnimh.


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

29.6.2020

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

77

2

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Aurelia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Miriam Dalli, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Agnès Evren, Fredrick Federley, Pietro Fiocchi, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Ryszard Antoni Legutko, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ștefan Motreanu, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Michael Bloss, Asger Christensen, Margarita de la Pisa Carrión, Sven Giegold, Kateřina Konečná, Danilo Oscar Lancini, Ulrike Müller, Lídia Pereira, Maria Spyraki

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7)
a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Ciarán Cuffe

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

77

+

PPE

Bartosz ARŁUKOWICZ, Nathalie COLIN-OESTERLÉ, Christian DOLESCHAL, Agnès EVREN, Adam JARUBAS, Ewa KOPACZ, Esther de LANGE, Peter LIESE, Marian-Jean MARINESCU, Fulvio MARTUSCIELLO, Liudas MAŽYLIS, Dolors MONTSERRAT, Dan-Ștefan MOTREANU, Lídia PEREIRA, Stanislav POLČÁK, Jessica POLFJÄRD, Christine SCHNEIDER, Maria SPYRAKI, Edina TÓTH, Pernille WEISS, Michal WIEZIK

S&D

Nikos ANDROULAKIS, Marek Paweł BALT, Monika BEŇOVÁ, Simona BONAFÈ, Delara BURKHARDT, Sara CERDAS, Mohammed CHAHIM, Tudor CIUHODARU, Miriam DALLI, Jytte GUTELAND, Javi LÓPEZ, César LUENA, Alessandra MORETTI, Sándor RÓNAI, Günther SIDL, Petar VITANOV, Tiemo WÖLKEN

RENEW

Pascal CANFIN, Asger CHRISTENSEN, Fredrick FEDERLEY, Martin HOJSÍK, Jan HUITEMA, Ulrike MÜLLER, Frédérique RIES, María Soraya RODRÍGUEZ RAMOS, Nicolae ŞTEFĂNUȚĂ, Nils TORVALDS, Véronique TRILLET-LENOIR

ID

Simona BALDASSARRE, Aurelia BEIGNEUX, Marco DREOSTO, Catherine GRISET, Danilo Oscar LANCINI, Joëlle MÉLIN, Silvia SARDONE

VERTS/ALE

Margrete AUKEN, Michael BLOSS, Ciarán CUFFE, Bas EICKHOUT, Sven GIEGOLD, Pär HOLMGREN, Yannick JADOT, Jutta PAULUS

ECR

Sergio BERLATO, Margarita DE LA PISA CARRIÓN, Pietro FIOCCHI, Ryszard Antoni LEGUTKO, Alexandr VONDRA, Anna ZALEWSKA

EUL/NGL

Malin BJÖRK, Petros KOKKALIS, Kateřina KONEČNÁ, Silvia MODIG, Mick WALLACE

NI

Eleonora EVI, Athanasios KONSTANTINOU

 

2

-

ID

Sylvia LIMMER

ECR

Rob ROOKEN

 

1

0

ID

Teuvo HAKKARAINEN

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

6.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

57

7

12

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

François Alfonsi, Nicola Beer, Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Michael Bloss, Manuel Bompard, Paolo Borchia, Marc Botenga, Markus Buchheit, Klaus Buchner, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Carlo Calenda, Andrea Caroppo, Maria da Graça Carvalho, Ignazio Corrao, Ciarán Cuffe, Josianne Cutajar, Nicola Danti, Pilar del Castillo Vera, Martina Dlabajová, Christian Ehler, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Claudia Gamon, Jens Geier, Nicolás González Casares, Bart Groothuis, András Gyürk, Henrike Hahn, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Ivars Ijabs, Romana Jerković, Eva Kaili, Seán Kelly, Izabela-Helena Kloc, Łukasz Kohut, Zdzisław Krasnodębski, Andrius Kubilius, Miapetra Kumpula-Natri, Thierry Mariani, Marisa Matias, Eva Maydell, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Iskra Mihaylova, Dan Nica, Angelika Niebler, Ville Niinistö, Aldo Patriciello, Mauri Pekkarinen, Mikuláš Peksa, Tsvetelina Penkova, Markus Pieper, Clara Ponsatí Obiols, Jérôme Rivière, Robert Roos, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Riho Terras, Patrizia Toia, Evžen Tošenovský, Marie Toussaint, Isabella Tovaglieri, Henna Virkkunen, Pernille Weiss, Carlos Zorrinho

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Izaskun Bilbao Barandica, Eleonora Evi, Fredrick Federley, Klemen Grošelj, Elena Kountoura, Edina Tóth

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

57

+

PPE

Hildegard Bentele, Tom Berendsen, Vasile Blaga, Cristian-Silviu Buşoi, Jerzy Buzek, Maria Da Graça Carvalho, Pilar Del Castillo Vera, Christian Ehler, András Gyürk, Seán Kelly, Andrius Kubilius, Eva Maydell, Angelika Niebler, Aldo Patriciello,  Markus Pieper, Sara Skyttedal, Maria Spyraki, Riho Terras, Edina Tóth, Henna Virkkunen, Pernille Weiss

S&D

Carlo Calenda, Josianne Cutajar, Niels Fuglsang, Lina Gálvez Muñoz, Jens Geier, Nicolás González Casares, Robert Hajšel, Ivo Hristov, Romana Jerković, Eva Kaili, Łukasz Kohut, Miapetra Kumpula-Natri, Dan Nica, Tsvetelina Penkova, Patrizia Toia, Carlos Zorrinho

RENEW

Nicola Beer, Izaskun Bilbao Barandica, Nicola Danti, Fredrick Federley, Claudia Gamon, Klemen Grošelj, Ivars Ijabs, Iskra Mihaylova, Mauri Pekkarinen

Na Glasaigh

François Alfonsi, Michael Bloss, Klaus Buchner, Ciarán Cuffe, Henrike Hahn, Ville Niinistö, Mikuláš Peksa

GUE

Elena Kountoura

NI

Ignazio Corrao, Eleonora Evi, Clara Ponsatí Obiols

 

7

-

RENEW

Bart Groothuis

ECR

Izabela-Helena Kloc, Zdzisław Krasnodębski, Robert Roos, Jessica Stegrud, Beata Szydło, Evžen Tošenovský

 

12

0

RENEW

Martina Dlabajová

ID

Paolo Borchia, Markus Buchheit, Andrea Caroppo, Thierry Mariani, Georg Mayer, Joëlle Mélin, Jérôme Rivière, Isabella Tovaglieri

GUE

Manuel Bompard, Marc Botenga, Marisa Matias

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 2 Meán Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais