Tuarascáil - A9-0138/2020Tuarascáil
A9-0138/2020

TUARASCÁIL EATRAMHACH ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta.

20.7.2020 - (COM(2017)08352017/0360R(NLE))

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Juan Fernando López Aguilar 


Nós Imeachta : 2017/0360R(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0138/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0138/2020
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta

(COM(2017)08352017/0360R(NLE))

 

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle (COM(2017)0835),

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach, agus go háirithe d’Airteagal 2 agus d’Airteagal 7(1) de,

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don Choinbhinsiún chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint agus do na Prótacail a ghabhann leis,

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine,

 ag féachaint do chonarthaí idirnáisiúnta chearta an duine de chuid na Náisiún Aontaithe amhail an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla,

- ag féachaint do Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl),

 ag féachaint don rún reachtach uaithi an 20 Aibreán 2004 maidir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i dtaca le hAirteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach: Urramú agus cur chun cinn na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe[1],

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún an 15 Deireadh Fómhair 2003 chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa maidir le hAirteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach - Urramú agus cur chun cinn na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe[2],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2014 chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, ‘Creat AE nua chun an Smacht Reachta a neartú’[3],

 ag féachaint don rún uaithi an 13 Aibreán 2016 maidir leis an staid sa Pholainn[4],

 ag féachaint don rún uaithi an 14 Meán Fómhair 2016 maidir leis na forbairtí le déanaí sa Pholainn agus a dtionchar ar chearta bunúsacha mar a leagtar síos iad i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh[5],

 ag féachaint don rún uaithi an 15 Samhain 2017 maidir le staid an smachta reachta agus an daonlathais sa Pholainn[6],

 ag féachaint do ghníomhachtú an Choimisiúin den idirphlé struchtúrtha faoin gCreat um an Smacht Reachta i mí Eanáir 2016,

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2016/1374 ón gCoimisiún an 27 Iúil 2016 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn[7],

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2017/146 ón gCoimisiún an 21 Nollaig 2016 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn  atá ina chomhlánú ar Mholadh (AE) 2016/1374[8],

  ag féachaint do Mholadh (AE) 2017/1520 ón gCoimisiún an 26 Iúil 2017 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn atá ina chomhlánú ar Mholtaí (AE) 2016/1374 agus (AE) 2017/146 ón gCoimisiún[9],

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2018/103 ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 maidir leis an smacht reachta sa Pholainn atá ina chomhlánú ar Mholtaí (AE) 2016/1374, (AE) 2017/146 agus (AE) 2017/1520 ón gCoimisiún[10],

 ag féachaint don rún uaithi an 1 Márta 2018 maidir leis an gcinneadh ón gCoimisiún Airteagal 7(1) CAE a ghníomhachtú maidir leis an staid sa Pholainn[11],

 ag féachaint don rún uaithi an 14 Samhain 2019 maidir le coiriúlú gnéasoideachais sa Pholainn[12],

 ag féachaint don rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI, lena n-áirítear saorlimistéir LADTI[13],

 ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach in 2017[14],

- ag féachaint don rún uaithi an 3 Bealtaine 2018 maidir le hiolrachas sna meáin agus saoirse na meán san Aontas Eorpach[15],

 ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2020 maidir le héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn agus an Ungáir[16],

 ag féachaint don rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomhaíocht chomhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[17],

 ag féachaint don rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016 maille le moltaí don Choimisiún maidir le sásra AE a bhunú um an daonlathas, um an smacht reachta agus um chearta bunúsacha[18],

- ag féachaint don rún uaithi an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE[19],

- ag féachaint don rún uaithi an 28 Samhain 2019 maidir le haontachas AE le Coinbhinsiún Iostanbúl agus bearta eile chun foréigean inscnebhunaithe a chomhrac[20],

 ag féachaint don rún reachtach uaithi an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit[21],

- ag féachaint don rún reachtach uaithi an 17 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear an clár um Chearta agus Luachanna[22],

 ag féachaint do na ceithre nós imeachta um shárú a sheol an Coimisiún i gcoinne na Polainne i ndáil le hathchóiriú chóras breithiúnach na Polainne, arb é a tháinig as an gcéad dá cheann ná breithiúnais ón gCúirt Breithiúnais[23] inar cinneadh go ndearnadh sáruithe ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach lena gcumhdaítear prionsabal na cosanta dlí éifeachtaí, fad is atá an dá nós imeachta eile fós ar feitheamh,

 ag féachaint do na trí éisteacht sa Pholainn a thionóil an Chomhairle Gnóthaí Ginearálta in 2018 faoi chuimsiú nós imeachta Airteagal 7(1) CAE,

 ag féachaint don tuarascáil ó mhisean an 3 Nollaig 2018, tar éis chuairt an Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar Vársá ón 19 go dtí an 21 Meán Fómhair 2018, agus ar na héisteachtaí ar staid an smachta reachta sa Pholainn a tionóladh sa Choiste sin an 20 Samhain 2018 agus an 23 Aibreán 2020;

 ag féachaint do na tuarascálacha bliantúla ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha agus ón Oifig Eorpach Frith-Chalaoise,

- ag féachaint do mholtaí 2018 EDS maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe do dhéagóirí,

- ag féachaint do bhreithiúnas na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine an 24 Iúil 2014, Al Nashiri v. an Pholainn (iarratas Uimh. 28761/11),

 ag féachaint do Rialacha 89 agus 105(5) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

 ag féachaint don tuarascáil eatramhach ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0138/2020),

A. de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an gcomhionannas, ar an smacht reachta agus an mheasa ar chearta an duine, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, mar a leagtar amach in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach agus mar a léirítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus atá neadaithe i gconarthaí idirnáisiúnta um chearta an duine;

B. de bhrí, i gcodarsnacht le hAirteagal 258 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, nach bhfuil raon feidhme Airteagal 7 den Chonradh ar an Aontas Eorpach teoranta do réimsí a chumhdaítear le dlí an Aontais, mar a léirítear sa Teachtaireacht ón gCoimisiúin an 15 Deireadh Fómhair 2003, agus de bhrí gur féidir leis an Aontas, dá bhrí sin, measúnú a dhéanamh ar riosca soiléir a bheith ann go ndéanfar sárú tromchúiseach ar na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní hamháin i gcás ina mbeidh sárú ann sa réimse teoranta sin ach freisin i gcás ina mbeidh sárú ann i réimse ina ngníomhaíonn na Ballstáit go féinrialaitheach;

C. de bhrí nach mbaineann aon riosca soiléir go sáróidh Ballstát go tromchúiseach na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach leis an mBallstát aonair amháin i gcás ina dtagann an riosca chun cinn ach go bhfuil tionchar diúltach aige ar na Ballstáit eile, ar an muinín fhrithpháirteach idir na Ballstáit agus ar bhun-nádúr an Aontais;

D. de bhrí, i gcomhréir le hAirteagal 49 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, go bhfuil gealltanas tugtha ag na Ballstáit, faoi shaoirse agus go deonach, i dtaca leis na comhluachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 de;

1. á dhearbhú go mbaineann ábhair imní na Parlaiminte leis na saincheisteanna seo a leanas:

– feidhmiú an chórais reachtaigh agus toghcháin,

– neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mbreithiúna,

– cosaint do chearta bunúsacha;

2. ag athdhearbhú a seasaimh, a cuireadh in iúl i roinnt dá rúin maidir le staid an smachta reachta agus an daonlathais sa Pholainn, gur bagairt chórasach ar luachanna Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) iad na fíricí agus na treochtaí i dteannta a chéile a luaitear sa rún seo agus gur riosca soiléir iad go ndéanfar sárú tromchúiseach ar an Airteagal sin;

3. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di, in ainneoin gur reáchtáladh trí éisteacht le húdaráis na Polainne sa Chomhairle, an iliomad malartuithe tuairimí sa Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile i bParlaimint na hEorpa agus údaráis na Polainne i láthair, tuairiscí scanrúla ó na Náisiúin Aontaithe, ón Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip (ESCE) agus ó Chomhairle na hEorpa, agus ceithre nós imeachta um shárú a sheol an Coimisiún, nach amháin nár tugadh aghaidh ar staid an smachta reachta sa Pholainn ach go bhfuil meath mór tagtha uirthi ó tionscnaíodh an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) CAE; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach raibh pléití sa Chomhairle faoi chreat an nós imeachta dá dtagraítear in Airteagal 7(1) CAE rialta ná struchtúrtha, agus nach ndeachaigh siad i ngleic go leordhóthanach leis na saincheisteanna suntasacha arb iad ba chúis le gníomhachtú an nós imeachta ná nach ndearna siad mapáil leormhaith ar an tionchar atá ag gníomhaíochtaí rialtas na Polainne ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE;

4. ag tabhairt dá haire i ndáil leis an togra réasúnaithe ón gCoimisiún an 20 Nollaig 2017 i gcomhréir le hAirteagal 7(1) den TEU maidir le smacht reachta sa Pholainn: togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir a chinneadh go bhfuil sárú tromchúiseach á dhéanamh ag Poblacht na Polainne ar an smacht reachta,[24] go bhfuil raon feidhme teoranta aige, eadhon staid an smachta reachta sa chiall is beaichte maidir le neamhspleáchas na mbreithiúna; ag aithint go bhfuil géarghá le raon feidhme an togra réasúnaithe a leathnú trí rioscaí soiléire a bhaineann le sáruithe tromchúiseacha ar bhunluachanna eile an Aontais, go háirithe an daonlathas agus urraim ar chearta an duine, a chur san áireamh;

5. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go leagtar béim an athuair leis na forbairtí is déanaí sna héisteachtaí leanúnacha faoi Airteagal 7(1) CAE ar an ngá atá le sásra comhlántach agus coisctheach Aontais a bheith ann maidir leis an daonlathas, an smacht reachta agus cearta bunúsacha mar a cuireadh chun cinn sa rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2016;

6. ag athdhearbhú a seasaimh maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir leis an smacht reachta sna Ballstáit, lena n-áirítear an gá atá le cearta tairbhithe a chosaint, agus á iarraidh ar an gComhairle caibidlíocht idirinstitiúideach a thosú a luaithe is féidir;

7. ag athdhearbhú a seasaimh a mhéid a bhaineann leis an imchlúdach buiséadach don Chlár nua um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna laistigh den chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile, agus á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún a áirithiú go soláthrófar cistiú leormhaith d’eagraíochtaí náisiúnta agus áitiúla de chuid na sochaí sibhialta chun tacaíocht a fhothú ar leibhéal an phobail don daonlathas, don smacht reachta agus do chearta bunúsacha sna Ballstáit, lena n-áirítear sa Pholainn;

****

Feidhmiú an chórais reachtaigh agus toghcháin sa Pholainn

Cumhachtaí an athbhreithnithe bhunreachtúil a bheith á n-úsáid ag Parlaimint na Polainne

8. ag cáineadh an fhíorais gur ghlac parlaimint na Polainne chuici cumhachtaí an athbhreithnithe bhunreachtúil nach raibh aici nuair a ghníomhaigh sí mar ghnáth-reachtas agus í ag glacadh Ghníomh an 22 Nollaig 2015 lena leasaítear an Gníomh maidir leis an mBinse Bunreachtúil[25] agus Gníomh an 22 Iúil 2016 maidir leis an mBinse Bunreachtúil[26], arna chinneadh ag an mBinse Bunreachtúil sna breithiúnas uaidh an 9 Márta[27], an 11 Lúnasa[28] agus an 7 Samhain 2016[29][30];

9. á chur in iúl gurb oth léi, thairis sin, gur ghlac parlaimint na Polainne go leor gníomhartha reachtacha an-íogair ag am nuair nach féidir athbhreithniú bunreachtúil neamhspleách ar dhlíthe a ráthú go héifeachtach a thuilleadh, amhail Gníomh an 30 Nollaig 2015 lena leasaítear an Gníomh maidir leis an tSeirbhís Shibhialta agus gníomhartha áirithe eile[31], Gníomh an 15 Eanáir 2016 lena leasaítear an Gníomh maidir leis na póilíní agus gníomhartha áirithe eile[32], Gníomh an 28 Eanáir 2016 maidir leis an oifig ionchúisimh phoiblí[33] agus Gníomh an 28 Eanáir 2016 - rialacháin lena gcuirtear chun feidhme an Gníomh maidir le hoifig an ionchúisimh phoiblí[34], Gníomh an 18 Márta 2016 lena leasaítear an Gníomh maidir leis an Ombudsman agus gníomhartha áirithe eile[35], Gníomh an 22 Meitheamh 2016 maidir le Comhairle Náisiúnta na Meán[36], Gníomh an 10 Meitheamh 2016 maidir le gníomhartha frithsceimhlitheoireachta[37] agus roinnt gníomhartha eile lena ndéantar an córas breithiúnach a athrú go bunúsach[38];

Nósanna imeachta reachtacha brostaithe a úsáid

10. á chur in iúl gur saoth léi go n-úsáideann parlaimint na Polainne nósanna imeachta reachtacha brostaithe go minic chun reachtaíocht ríthábhachtach a ghlacadh lena ndéantar athdhearadh ar eagrú agus ar fheidhmiú na mbreithiúna, gan dul i gcomhairle ar bhonn fiúntach le geallsealbhóirí, lena n-áirítear an pobal breithiúnach[39];

An dlí toghcháin agus eagrú toghchán

11. ag tabhairt dá haire, agus é ina ábhar imní di, gurbh é a bhain ESCE de thátal as ná gurbh ábhar mór imní iad claontacht na meán agus bladhmann éadulaingte san fheachtas le haghaidh thoghcháin pharlaiminteacha 2019[40] agus, cé go raibh na hiarrthóirí go léir in ann dul i mbun feachtais gan bhac, gur úsáid oifigigh shinsearacha stáit imeachtaí a bhi cistithe ar bhonn poiblí le haghaidh teachtaireachtaí feachtais; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur mhéadaigh ceannas an pháirtí rialaithe sna meáin phoiblí a bhuntáiste a thuilleadh[41];

12. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, maidir le Seomra nua um Rialú Urghnách agus um Ábhair Phoiblí na Cúirte Uachtaraí (an ‘Seomra Urghnách’ anseo feasta), atá comhdhéanta den chuid is mó de dhaoine aonair arna n-ainmniú ag Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna agus a bhfuil baol ann nach mbeidh sé cáilithe mar bhinse neamhspleách sa mheasúnú ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an ‘Chúirt Bhreithiúnais’ anseo feasta), gurb é an seomra sin a dhéanfaidh bailíocht na dtoghchán a fhionnadh agus díospóidí toghcháin a scrúdú; ag tabhairt dá haire gur cúis mhór bhuartha é sin maidir le scaradh na gcumhachtaí agus feidhmiú dhaonlathas na Polainne, sa mhéid go gcuirtear athbhreithniú breithiúnach ar dhíospóidí toghcháin go mór i mbaol tionchar polaitiúil agus go bhféadfaí neamhdheimhneacht dhlíthiúil a chruthú i dtaca le bailíocht an athbhreithnithe sin[42];

13. ag tabhairt dá haire, ina Chód Dea-Chleachtais maidir le hÁbhair Thoghcháin ó 2002[43], cuireann Coimisiún na Veinéise treoirlínte soiléire ar fáil maidir le holltoghcháin a reáchtáil le linn géarchéimeanna poiblí, lena n-áirítear eipidéimí; ag tabhairt dá haire, cé go ndéantar foráil leis an gCód don fhéidearthacht socruithe vótála eisceachtúla a bheith ann, ní mheasfar go mbeadh aon leasuithe lena dtabharfaí isteach socruithe den sórt sin i gcomhréir le dea-chleachtais Eorpacha ach amháin ‘má ráthaítear prionsabal na saorvótála’; á mheas nach bhfuil an méid sin i gceist leis na leasuithe ar an gcreat toghcháin do na toghcháin uachtaránachta a bhí le tarlú an 10 Bealtaine 2020, ós rud é go bhféadfaí cur isteach ar na toghcháin leo, ar bhealach go bhfágfaí nach seolfaí iad go cóir, go rúnda agus go cothrom, le lán-urraim don cheart chun príobháideachais[44] agus i gcomhréir le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[45]; ag tabhairt dá haire, thairis sin go bhfuil na leasuithe sin contrártha le cásdlí Bhinse Bunreachtúil na Polainne a forbraíodh agus athbhreithniú bunreachtúil fós éifeachtach, agus a shonraigh nach bhféadfaí an cód toghcháin a mhodhnú 6 mhí roimh thoghchán ar bith; ag tabhairt dá haire agus é ina chúis bhuartha di nár fógraíodh go gcuirfí na toghcháin uachtaránachta ar athló ach 4 lá roimh an dáta sceidealaithe;

Neamhspleáchas na mbreithiúna agus institiúidí eile agus cearta na mbreithiúna sa Pholainn

Athchóiriú an chórais ceartais  – breithnithe ginearálta

14. á aithint, cé gur inniúlacht náisiúnta é eagrú an chórais ceartais, tá dearbhaithe arís agus arís eile ag an gCúirt Bhreithiúnais go gcaithfidh na Ballstáit cloí lena n-oibleagáidí faoi dhlí an Aontais agus an inniúlacht sin á feidhmiú acu; á athdhearbhú gur breithiúna Eorpacha iad breithiúna náisiúnta freisin, a chuireann dlí an Aontais chun feidhme, ar rud é a fhágann gur cúram coiteann a neamhspleáchas don Aontas, an Chúirt Bhreithiúnais san áireamh, nach mór di urraim don smacht reachta a fhorfheidhmiú faoi mar a leagtar síos in Airteagal 19 CAE agus in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’ anseo feasta) i réimse chur i bhfeidhm dhlí an Aontais; á iarraidh ar údaráis na Polainne cloí le neamhspleáchas chúirteanna na Polainne agus é a chaomhnú;

Comhdhéanamh agus feidhmiú an Bhinse Bhunreachtúil

15. á mheabhrú gur baineadh an bonn go mór ó neamhspleáchas agus dlisteanacht an Bhinse Bhunreachtúil le Gníomhartha maidir leis an mBinse Bunreachtúil an 22 Nollaig 2015 agus an 22 Iúil 2016, mar aon leis an bpacáiste de thrí ghníomh arna ghlacadh ag deireadh 2016[46], agus gur dhearbhaigh an Binse Bunreachtúil an 9 Márta 2016 agus an 11 Lúnasa 2016 faoi seach go raibh Gníomhartha an 22 Nollaig 2015 agus an 22 Iúil 2016 míbhunreachtúil; á mheabhrú nár foilsíodh na breithiúnais sin ag an am ná nár chuir údaráis na Polainne chun feidhme iad; á chur in iúl gur saoth léi go mór an fíoras nach féidir bunreachtúlacht dhlíthe na Polainne a ráthú go héifeachtach a thuilleadh sa Pholainn, ó tháinig na hathruithe thuasluaite i bhfeidhm[47]; á iarraidh ar an gCoimisiún a mhachnamh a dhéanamh ar nós imeachta um shárú a sheoladh i ndáil leis an reachtaíocht maidir leis an mBinse Bunreachtúil, a chomhdhéanamh mídhleathach agus a ról i dtaca le cosc a chur ar chomhlíonadh réamhrialú na Cúirte Breithiúnais an 19 Samhain 2019[48];

Na córais scoir, cheapacháin agus araíonachta do bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí

16. á mheabhrú gur fhág athruithe, in 2017, sa mhodh ina n-ainmnítear iarrthóirí d’oifig Chéad Uachtarán na Cúirte Uachtaraí (an ‘Chéad Uachtarán’ anseo feasta), go héifeachtach nach raibh aon tábhacht le rannpháirtíocht bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí sa phróiseas roghnúcháin; ag cáineadh an fhíorais go ndéanann Gníomh an 20 Nollaig 2019 lena leasaítear an Gníomh maidir le heagrú na gcúirteanna coiteanna, an Gníomh maidir leis an gCúirt Uachtarach agus gníomhartha áirithe eile[49] (‘Gníomh an 20 Nollaig 2019’) rannpháirtíocht na mbreithiúna i bpróiseas roghnaithe an Chéad Uachtaráin a laghdú tuilleadh trí phost mar Chéad Uachtarán Gníomhach na Cúirte Uachtaraí (an ‘Chéad Uachtarán Gníomhach’ anseo feasta) arna cheapadh ag Uachtarán Phoblacht na Polainne a thabhairt isteach agus tríd an gcóram sa tríú babhta a laghdú go 32 as 125 breitheamh, agus go dtí sin amháin, agus ar an gcaoi sin an tsamhail roinnte cumhachta idir Uachtarán Phoblacht na Polainne agus an pobal breithiúnach a chumhdaítear in Airteagal 183(3) de Bhunreacht na Polainne a thréigean a bheag nó a mhór[50];

17. ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis bhuartha di, na neamhrialtachtaí a bhain le hainmniú an Chéad Uachtaráin Ghníomhaigh agus a ghníomhaíochtaí ina dhiaidh sin; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di nach ndearna próiseas thoghadh na n-iarrthóirí d’oifig an Chéad Uachtaráin Airteagal 183 de Bhunreacht na Polainne a chomhlíonadh ná Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Uachtaraí agus gur sáraíodh bunchaighdeáin idirphlé i measc na gcomhaltaí de Chomhthionól Ginearálta Bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí (an ‘Comhthionól Ginearálta’ anseo feasta); ag tabhairt dá haire, agus é ina chúis díomá di, go bhféadfadh amhras maidir le bailíocht an phróisis toghcháin sa Chomhthionól Ginearálta mar aon le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas an Chéad Uachtaráin Ghníomhaigh le linn an phróisis toghcháin an bonn a bhaint tuilleadh ó scaradh na gcumhachtaí agus ó dhlisteanacht an Chéad Uachtaráin nua arna ainmniú ag Uachtarán Phoblacht na Polainne an 25 Bealtaine 2020, agus go bhféadfaí, dá bhrí sin, amhras a tharraingt ar neamhspleáchas na Cúirte Uachtaraí; á mheabhrú gur tharla sáruithe comhchosúla ar an dlí ag Uachtarán Phoblacht na Polainne nuair a bhí Uachtarán an Bhinse Bhunreachtúil á ainmniú;

18. ag roinnt imní an Choimisiúin go bhféadfadh cumhacht Uachtarán Phoblacht na Polainne (agus cumhacht an Aire Dlí agus Cirt i gcásanna áirithe) tionchar a imirt ar imeachtaí araíonachta i gcoinne bhreithiúna na Cúirte Uachtaraí trí oifigeach araíonachta a cheapadh a dhéanfaidh imscrúdú ar an gcás, agus oifigeach araíonachta na Cúirte Uachtaraí a eisiamh ó imeachtaí atá ar siúl, go gcruthaítear ábhair imní maidir le prionsabal an scartha cumhachtaí agus go bhféadfaí difear a dhéanamh do neamhspleáchas breithiúnach[51];

19. á mheabhrú gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, sa bhreithiúnas uaithi an 24 Meitheamh 2019[52], go bhfuil ísliú aois scoir bhreithiúna reatha na Cúirte Uachtaraí contrártha do dhlí an Aontais agus go sáraíonn sé an prionsabal i dtaca le do-inaistritheacht breithiúna agus, dá bhrí sin, prionsabal an neamhspleáchais bhreithiúnaigh, tar éis di iarraidh níos luaithe an Choimisiúin le haghaidh bearta eatramhacha ar an ábhar a dheonú le hordú an 17 Nollaig 2018[53]; ag tabhairt dá haire gur rith údaráis na Polainne Gníomh an 21 Samhain 2018, lena leasaítear an Gníomh maidir leis an gCúirt Uachtarach[54] chun ordú na Cúirte Breithiúnais a chomhlíonadh, an t-aon uair go dtí seo inar chealaigh siad athruithe ar an gcreat reachtach lena rialaítear an córas breithiúnais i gcomhréir le cinneadh ón gCúirt Bhreithiúnais;

Comhdhéanamh agus feidhmiú an Seomra Araíonachta agus an Seomra Urghnách sa Chúirt Uachtarach

20. á mheabhrú gur cruthaíodh dhá sheomra nua laistigh den Chúirt Uachtarach in 2018, eadhon an Seomra Araíonachta agus an Seomra Urghnách, a raibh foireann acu le breithiúna nuacheaptha a roghnaigh Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna agus gur cuireadh cumhachtaí speisialta de chúram orthu – lena n-áirítear cumhacht an tSeomra Urghnách chun breithiúnais chríochnaitheacha arna nglacadh ag cúirteanna íochtaracha nó ag an gCúirt Uachtarach féin a neamhniú trí athbhreithniú urghnách, agus cumhacht an tSeomra Araíonachta smacht a chur ar bhreithiúna eile de chuid na Cúirte Uachtaraí agus na gcúirteanna coiteanna agus “Cúirt Uachtarach de facto laistigh den Chúirt Uachtarach” a chruthú;[55]

21. á mheabhrú go ndearna an Chúirt Bhreithiúnais, sa rialú uaithi an 19 Samhain 2019[56], agus í ag freagairt ar iarraidh ar réamhrialú ón gCúirt Uachtarach (Seomra Dhlí an tSaothair agus an Árachais Shóisialta, ‘an Seomra Saothair’ feasta) maidir leis an Seomra Araíonachta, rialú go bhfuil sé de dhualgas ar chúirteanna náisiúnta neamhaird a thabhairt ar fhorálacha den dlí náisiúnta a fhorchoimeádann dlínse chun cás a éisteacht sa chás ina bhféadfar dlí an Aontais a chur i bhfeidhm ar chomhlacht nach gcomhlíonann riachtanais an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta;

22. ag tabhairt dá haire, gur chinn an Chúirt Uachtarach (Seomra an tSaothair) ina dhiaidh sin sa bhreithiúnas uaithi an 5 Nollaig 2019[57] nach gcomhlíonann an Seomra Araíonachta ceanglais binse neamhspleách agus neamhchlaonta de réir bhrí dhlí na Polainne agus an Aontais, agus gur ghlac an Chúirt Uachtarach (an Seomra Sibhialta, Coiriúil agus Saothair) rún an 23 Eanáir 2020[58] ag athdhearbhú nach cúirt é an Seomra Araíonachta mar gheall ar a easpa neamhspleáchais agus, dá bhrí sin, nach féidir a mheas gurb ionann a bhreithiúnais agus breithiúnais a thugann cúirt arna ceapadh go hiomchuí; ag tabhairt dá haire agus é ina cúis mhór imní di gur dhearbhaigh údaráis na Polainne nach bhfuil aon tábhacht dhlíthiúil ag na cinntí sin a mhéid a bhaineann le feidhmiú leanúnach an tSeomra Araíonachta agus Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna, agus gur dhearbhaigh an Binse Bunreachtúil go raibh an rún ón gCúirt Uachtarach míbhunreachtúil an 20 Aibreán 2020[59], rud a chruthaigh dúbailteacht bhreithiúnach chontúirteach sa Pholainn atá ina sárú oscailte ar thosaíocht dhlí an Aontais agus go háirithe Airteagal 19(1) CAE faoi mar atá léirmhínithe ag an gCúirt Bhreithiúnais, sa chaoi ina gcuireann sé cosc ar éifeachtacht agus cur i bhfeidhm rialú na Cúirte Breithiúnais an 19 Samhain 2019[60] ag cúirteanna na Polainne[61];

23. ag tabhairt ordú na Cúirte Breithiúnais an 8 Aibreán 2020[62] dá haire, lena dtreoraítear don Pholainn cur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta maidir le cumhachtaí an tSeomra Araíonachta a chur ar fionraí láithreach agus á iarraidh ar údaráis na Polainne an t-ordú a chur i bhfeidhm go tapa; á iarraidh ar údaráis na Polainne an t-ordú a chomhlíonadh go hiomlán agus á iarraidh ar an gCoimisiún iarraidh bhreise a thíolacadh chuig an gCúirt Bhreithiúnais, ina n-iarrfar go n-íocfar fíneáil a ordófar i gcás neamhchomhlíonadh leanúnach; á iarraidh ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh go práinneach i ndáil leis na forálacha náisiúnta i dtaobh chumhachtaí an tSeomra Urghnách, ós rud é go bhfuil na lochtanna céanna aige agus atá ag an Seomra Araíonachta.

Comhdhéanamh agus iompar Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna;

24. á mheabhrú gur faoi na Ballstáit atá sé comhairle do na breithiúna a bhunú, ach sa chás ina mbunaítear comhairle den sórt sin, nach mór a neamhspleáchas a ráthú i gcomhréir leis na caighdeáin Eorpacha agus le bunreacht an Bhallstáit; á mheabhrú, tar éis athchóiriú Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna, arb í an comhlacht atá freagrach as neamhspleáchas na gcúirteanna agus na mbreithiúna a choimirciú i gcomhréir le hAirteagal 186(1) de Bhunreacht na Polainne, trí bhíthin Ghníomh an 8 Nollaig 2017 lena leasaítear an Gníomh maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus gníomhartha áirithe eile[63], gur chaill pobal dlithiúil na Polainne an chumhacht ionadaithe a chur ar thoscaireacht chuig Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, agus a thionchar i dtaca le breithiúna a earcú agus ardú céime a thabhairt dóibh dá bhrí sin; á mheabhrú gur bhreithiúna arna gceapadh ag a bpiaraí iad 15 as 25 chomhalta de Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna roimh an athchóiriú, agus gurb í parlaimint na Polainne a thoghann na breithiúna sin ó athchóiriú 2017 i leith; á chur in iúl gurb oth léi go mór, i gcomhar leis an bhfoirceannadh luath a rinneadh go luath in 2018 ar shainorduithe na gcomhaltaí uile a ceapadh faoi na sean-rialacha, gurbh é a lean as an mbeart sin ná polaitiú forleathan ar Chomhairle Náisiúnta na mBreithiúna[64];

25. á mheabhrú go ndearna an Chúirt Uachtarach, agus na critéir a leag an Chúirt Bhreithiúnais amach sa bhreithiúnas uaithi an 19 Samhain 2019 á gcur chun feidhme aici, a fhionnadh ina breithiúnas an 5 Nollaig 2019 agus ina cinntí an 15 Eanáir 2020[65], agus freisin sa rún uaithi an 23 Eanáir 2020, go ndéanann ról cinntitheach Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna maidir le breithiúna an tSeomra Araíonachta nuacheaptha a roghnú an bonn a bhaint ó neamhspleáchas agus ó neamhchlaontacht an tseomra sin[66]; á chur in iúl gur cúis bhuartha di stádas dlíthiúil na mbreithiúna a cheap Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna nó ar thug sí ardú céime dóibh, sa chomhdhéanamh reatha atá aici, agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith ag a rannpháirtíocht sa bhreithniú ar bhailíocht agus dlíthiúlacht na n-imeachtaí;

26.  á mheabhrú gur chuir Gréasán Eorpach na gComhairlí um na Breithiúna Comhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna ar fionraí an 17 Meán Fómhair 2018 ós rud é nach raibh na ceanglais maidir le bheith neamhspleách ar an bhfeidhmeannas agus ar an reachtas á gcomhlíonadh aici a thuilleadh agus gur chuir sé tús leis an bpróiseas díbeartha i mí Aibreáin 2020[67];

27. á iarraidh ar an gCoimisiún imeachtaí um shárú a thionscnamh in aghaidh Ghníomh an 12 Bealtaine 2011 maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna[68], arna leasú an 8 Nollaig 2017, agus iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais gníomhaíochtaí Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna a fhionraí trí bhíthin bearta eatramhacha;

Na rialacha lena rialaítear eagrú na gcúirteanna coiteanna agus ceapadh uachtaráin na gcúirteanna agus an córas scoir do bhreithiúna na gcúirteanna coiteanna

28. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuair an tAire Dlí agus Cirt, arb é an tIonchúisitheoir Ginearálta freisin é i gcóras na Polainne, an chumhacht uachtaráin chúirte na gcúirteanna íochtaracha a cheapadh agus a bhriseadh as a bpost dá lánrogha féin le linn idirthréimhse 6 mhí agus, le linn thréimhse 2017-2018, go ndearna an tAire Dlí agus Cirt in 2017-2018 os cionn 150 uachtarán agus leas-uachtarán cúirte a ionadú; ag tabhairt dá haire, tar éis na tréimhse sin, gur fhan cur as oifig na n-uachtarán cúirte i lámh an Aire Dlí agus Cirt, agus gur ar éigean a bhí aon seiceálacha éifeachtacha ceangailte leis an gcumhacht sin; ag tabhairt dá haire, thairis sin, go bhfuair an tAire Dlí agus Cirt cumhachtaí “araíonachta” eile i leith uachtaráin chúirte, agus uachtaráin cúirteanna níos airde, a bhfuil cumhachtaí móra riaracháin acu anois, ar a seal, i leith uachtaráin na gcúirteanna íochtaracha[69]; á chur in iúl gurb oth léi an buille mór sin don smacht reachta agus don neamhspleáchas breithiúnach sa Pholainn[70];

29. á chur in iúl gurb oth léi go ndearnadh athrú le Gníomh an 20 Nollaig 2019 a tháinig i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020 ar chomhdhéanamh thionóil na mbreithiúna agus gur aistríodh leis an nGníomh sin cuid de na cumhachtaí féinrialachais bhreithiúnaigh ó na comhlachtaí sin go dtí coláistí uachtaráin na gcúirteanna arna gceapadh ag an Aire Dlí agus Cirt[71];

30. á mheabhrú gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, sa bhreithiúnas uaithi an 5 Samhain 2019[72], maidir le forálacha Ghníomh an 12 Iúil 2017 lena leasaítear an Gníomh maidir le heagrú na gcúirteanna coiteanna agus gníomhartha áirithe eile[73], lenar íslíodh aois scoir bhreithiúna na gcúirteanna coiteanna, agus ag an am céanna, lenar ceadaíodh don Aire Dlí agus Cirt cinneadh a dhéanamh maidir le fadú a seirbhís ghníomhach, agus lenar socraíodh aois scoir dhifriúil ag brath ar a n-inscne, go raibh siad contrártha le dlí an Aontais;

Cearta agus neamhspleáchas na mbreithiúna, lena n-áirítear an córas araíonachta nua do bhreithiúna

31.  ag cáineadh na bhforálacha nua lena dtugtar isteach cionta agus smachtbhannaí araíonachta breise i leith breithiúna agus uachtaráin chúirte, ar an ábhar go bhfuil riosca tromchúiseach do neamhspleáchas na mbreithiúna ag roinnt leo[74]; ag cáineadh na bhforálacha nua lena gcuirtear cosc ar aon ghníomhaíocht pholaitiúil ag breithiúna, lena gcuirtear d’oibleagáid ar bhreithiúna comhaltas i gcomhlachais a nochtadh go poiblí agus lena gcuirtear srian substainteach le pléití chomhlachtaí féinrialaitheacha na mbreithiúna, ar forálacha iad a théann thar phrionsabail na deimhneachta dlíthiúla, an riachtanais agus na comhréireachta maidir le srian a chur le saoirse na mbreithiúna a dtuairimí a nochtadh[75];

32. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di na himeachtaí araíonachta arna dtionscnamh in aghaidh breithiúna agus ionchúisitheoirí sa Pholainn i ndáil lena gcinntí breithiúnacha lenar cuireadh dlí an Aontais i bhfeidhm, nó lena ráitis phoiblí inar chosain siad neamhspleáchas na mbreithiúna agus an smachta reachta sa Pholainn; ag cáineadh an fheachtais clúmhillte i gcoinne bhreithiúna na Polainne agus rannpháirtíocht na bhfeidhmeannach poiblí ann; á iarraidh ar údaráis na Polainne staonadh ón úsáid mhí-úsáideach d’imeachtaí araíonachta agus ó ghníomhaíochtaí eile lena mbaintear an bonn ó údarás na mbreithiúna;

33. á iarraidh ar údaráis na Polainne na forálacha nua (maidir le cionta araíonachta agus nithe eile) a bhaint, ar forálacha iad lena gcuirtear cosc ar na cúirteanna scrúdú a dhéanamh ar shaincheisteanna maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht breithiúna eile ó thaobh dhlí an Aontais de agus ó thaobh an Choinbhinsiúin Eorpaigh chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint (ECHR) de, agus, sa chaoi sin, lena bhfágtar nach mbíonn breithiúna in ann a ndualgas a chomhlíonadh faoi dhlí an Aontais chun forálacha náisiúnta atá i neamhréir le dlí an Aontais a chur i leataobh[76]; 

34.  á chur in iúl gur geal léi imeachtaí um shárú a bheith á dtionscnamh ag an gCoimisiún i ndáil leis na forálacha nua thuasluaite; á iarraidh ar an gCoimisiún a iarraidh ar an gCúirt Bhreithiúnais úsáid a bhaint as an nós imeachta brostaithe agus bearta eatramhacha a dheonú, a mhéid a bhaineann leis an gcás a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais;

Stádas an Phríomh-Ionchúisitheora agus seirbhísí ionchúisimh a eagrú

35. ag cáineadh chumasc oifig an Aire Dlí agus Cirt agus oifig an Phríomh-Ionchúisitheora, chumhachtaí méadaithe an Phríomh-Ionchúisitheora maidir leis an gcóras ionchúisimh, chumhachtaí méadaithe an Aire Dlí agus Cirt i leith na mbreithiúna (Gníomh an 27 Iúil 2001 maidir le heagrú cúirteanna coiteanna[77], arna leasú)  agus na staide laige ina bhfuil na srianta ar na cumhachtaí sin (Comhairle Náisiúnta na nIonchúisitheoirí Poiblí), ar rudaí iad is cúis le barraíocht cumhachtaí a bheith á gcarnadh d’aon duine amháin agus a bhfuil iarmhairtí diúltacha díreacha acu ar neamhspleáchas an chórais ionchúisimh ó thaobh na réimse polaitiúla de, mar a luaigh Coimisiún na Veinéise[78];

36. á mheabhrú gur fhionn an Chúirt Bhreithiúnais, ina breithiúnas an 5 Samhain 2019, go bhfuil ísliú aois scoir ionchúisitheoirí poiblí contrártha do dhlí an Aontais mar gheall gur bhunaigh sé aois scoir éagsúil d’ionchúisitheoirí poiblí fireanna agus baineanna sa Pholainn;

Measúnú foriomlán ar staid an smachta reachta sa Pholainn

37. ag aontú leis an gCoimisiún, le Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa agus leis an nGrúpa Stát i gcoinne na hÉillitheachta agus Rapóirtéir Speisialta na Náisiún Aontaithe maidir le Neamhspleáchas Breithiúna agus Dlíodóirí gurb ionann na hathruithe ar leithligh thuasluaite ar an gcreat reachtach a rialaíonn córas na mbreithiúna, i bhfianaise a n-idirghníomhaíochta agus an tionchair fhoriomláin atá acu, agus sárú tromchúiseach, marthanach agus córasach ar an smacht reachta, lena gcuirtear ar chumas na gcumhachtaí reachtacha agus feidhmiúcháin cur isteach ar struchtúr agus aschur iomlán an chórais cheartais ar bhealach atá ar neamhréir leis na prionsabail scaradh cumhachtaí agus leis an smacht reachta, agus, sa chaoi sin, neamhspleáchas na mbreithiúna sa Pholainn a laghdú go suntasach[79]; ag cáineadh tionchar díchobhsaíochta na mbeart agus na gceapachán a rinne údaráis na Polainne ó 2016 ar dhlíchóras na Polainne;

Cosaint ar chearta bunúsacha sa Pholainn

Coimisinéir na Polainne um Chearta an Duine

38. á chur in iúl gur díol buartha di na hionsaithe polaitiúla maidir le neamhspleáchas Oifig an Ard-Choimisinéara um Chearta an Duine[80]; á thabhairt chun suntais go raibh an Coimisinéir um Chearta an Duine criticiúil go poiblí, laistigh dá réimse freagrachta, faoi bhearta éagsúla a ghlac an rialtas reatha; á mheabhrú go bhfuil reacht an Choimisinéara um Chearta an Duine cumhdaithe i mBunreacht na Polainne agus go mbeidh deireadh ag teacht le téarma oifige an Choimisinéara um Chearta an Duine reatha i mí Mheán Fómhair 2020;

An ceart chun triail chóir a fháil

39. á chur in iúl gur cúis bhuartha di na tuarascálacha ina líomhnaítear go mbíonn moilleanna míchuí ar imeachtaí cúirte, go mbíonn deacrachtaí ann maidir le cúnamh dlíthiúil a rochtain le linn gabhála, agus gurb ann do chásanna nach ndéantar urraim leordhóthanach do rúndacht na cumarsáide idir an comhairleoir agus an cliant[81]; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid maidir le dlíodóirí sa Pholainn; á mheabhrú an ceart atá ag gach saoránach comhairle, cosaint agus ionadaíocht a fháil ó dhlíodóir neamhspleách i gcomhréir le hAirteagail 47 agus 48 den Chairt;

40. á chur in iúl gur cúis bhuartha di, ó tháinig Gníomh an 20 Nollaig 2019 i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020, gurb é an Dlísheomra Urghnách amháin, a bhfuil a neamhspleáchas agus neamhchlaontacht féin i gceist, ar féidir leis a chinneadh an bhfuil breitheamh, binse nó cúirt neamhspleách agus neamhchlaonta agus, dá bhrí sin, go ndéantar gné thábhachtach d’athbhreithniú breithiúnach a bhaint de shaoránaigh i ngach cás eile[82]; á mheabhrú, tar éis chásdlí na Cúirte Breithiúnais, go gcuireann an ceart chun triail chóir a fháil d’oibleagáid ar gach cúirt a sheiceáil, ar a tionscnamh féin, an gcomhlíonann sí critéir an neamhspleáchais agus na neamhchlaontachta[83];

An ceart chun faisnéise agus an tsaoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear saoirse na meán agus iolrachas

41. á athdhearbhú go bhfuil saoirse na meán agus iolrachas na meán doscartha ón daonlathas agus ón smacht reachta agus go bhfuil an ceart a chur ar an eolas agus an ceart a bheith ar an eolas mar chuid bhunúsach de luachanna daonlathacha ar a bhfuil an tAontas fothaithe; á mheabhrú, ina rún an 16 Eanáir 2020, gur iarr Parlaimint na hEorpa ar an gComhairle aghaidh a thabhairt sna héisteachtaí faoi Airteagal 7(1) CAE ar aon fhorbairtí nua i réimse na saoirse tuairimí a nochtadh, lena n-áirítear saoirse na meán;

42. á mheabhrú, gur chuir an Pharlaimint in iúl, ina rún an 14 Meán Fómhair 2016, gur cúis bhuartha di athruithe a glacadh roimhe sin agus athruithe nuamholta ar dhlí na meán sa Pholainn; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht a glacadh maidir lena comhoiriúnacht le dlí an Aontais, go háirithe le hAirteagal 11 den Chairt agus le dlí an Aontais i dtaobh na meán poiblí;

43. á chur in iúl gur cúis mhór buartha di na gníomhaíochtaí a rinne údaráis na Polainne le blianta beaga anuas maidir leis an gcraoltóir poiblí, lena n-áirítear an craoltóir poiblí a athmhúnlú go craoltóir atá ar son an rialtais, cosc a chur ar na meáin phoiblí agus a gcomhlachtaí rialaithe guthanna neamhspleácha agus easaontacha a léiriú agus smacht ar ábhar craoltóireachta a fheidhmiú[84]; á mheabhrú le hAirteagal 54 de Bhunreacht na Polainne go ráthaítear saoirse tuairimí a nochtadh agus cuirtear cosc ar chinsireacht;

44. á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an úsáid iomarcach a bhaineann roinnt polaiteoirí as cásanna clúmhillte i gcoinne iriseoirí, lena n-áirítear trí fhíneálacha coiriúla a fhorchur agus iriseoirí a fhionraí óna ngairm a fheidhmiú; á chur in iúl gurb eagal di go mbeidh éifeacht mhór dhiultach ar lucht ghairm na hiriseoireachta agus na meán agus ar a neamhspleáchas[85]; á iarraidh ar údaráis na Polainne go ndéanfaí rochtain ar leigheasanna dlí iomchuí a ráthú d’iriseoirí agus dá dteaghlaigh a thagann faoi réir cás dlí ina bhfuil sé i gceist na meáin neamhspleácha a chur ina dtost nó a imeaglú; á iarraidh ar údaráis na Polainne Moladh ó Chomhairle na hEorpa an 13 Aibreán 2016 maidir le cosaint na hiristeoireachta agus sábháilteacht iriseoirí agus gníomhartha meáin eile a chur chun feidhme ina iomláine[86]; á chur in iúl gurb oth léi nár tháinig an Coimisiún ar reachtaíocht fhrith-SLAPP (cás dlí straitéiseach i gcoinne rannpháirtíocht phoiblí) a chosnódh iriseoirí agus meáin na Polainne ó chásanna dlí cráiteacha, freisin;

45. á chur in iúl gur chúis bhuartha di na cásanna tuairiscithe d’iriseoirí a choinneáil de bharr a bpost a dhéanamh agus iad ag tuairisciú ar agóidí frith-dianghlasála le linn eipidéim COVID-19[87];

Saoirse acadúil

46. á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid agus bagairt na dlithíochta clúmhillte i gcoinne acadóirí; á iarraidh ar údaráis na Polainne saoirse cainte agus saoirse acadúil a urramú, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta;[88]

47. á iarraidh ar Pharlaimint na Polainne Caibidil 6c de Ghníomh an 18 Nollaig 1998 maidir leis an Institiúid um Chuimhneachán Náisiúnta – an Coiste le haghaidh Coireanna i gcoinne Náisiún na Polainne a Ionchúiseamh[89] – a aisghairm, ar Caibidil í lena ndéantar saoirse cainte agus taighde neamhspleách a chur i gcontúirt trí chion sibhialta atá inghníomhaithe os comhair cúirteanna sibhialta a dhéanamh de dhochar a dhéanamh do chlú na Polainne agus a pobail, amhail trí aon chomhpháirteachas san Uileloscadh a chur i leith na Polainne nó na bPolannach[90];

Saoirse comhthionóil

48. á iarraidh an athuair ar rialtas na Polainne an ceart chun saoirse comhthionóil a urramú trí na forálacha lena dtugtar tosaíocht do thionóil ‘thimthriallacha’[91] arna bhformheas ag an rialtas a bhaint den Ghníomh reatha amhail an 24 Iúil 2015 maidir le comhthionóil phoiblí[92], arna leasú an 13 Nollaig 2016[93]; á áitiú ar údaráis na Polainne staonadh ó smachtbhannaí coiriúla a chur i bhfeidhm maidir le daoine a bhíonn rannpháirteach i gcomhthionóil shíochánta nó i bhfrithléirsithe agus á áitiú orthu cúisimh choiriúla i gcoinne agóideoirí síochánta a tharraingt siar; á áitiú ar údaráis na Polainne, de bhreis air sin, chun comhthionóil shíochánta a chosaint go leormhaith agus iad siúd a dhéanann ionsaí go foréigneach ar dhaoine a ghlacann páirt i gcomhthionóil shíochánta a thabhairt faoi réim an cheartais;

49. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an toirmeasc an-sriantach ar chomhthionóil phoiblí[94] a bhí i bhfeidhm i rith phaindéim COVID-19 gan staid tubaiste nádúrtha a thabhairt isteach mar a leagtar síos in Airteagal 232 de Bhunreacht na Polainne agus ag áitiú ar an ngá atá le prionsabal na comhréireachta a chur i bhfeidhm agus srian a chur ar an gceart chun tionóil;

Saoirse comhlachais

50. á iarraidh ar údaráis na Polainne an Gníomh an 15 Meán Fómhair 2017 maidir leis an Institiúid Náisiúnta um Shaoirse - Ionad um Fhorbairt na Sochaí Sibhialta[95],[96] a mhodhnú, chun rochtain ar chistiú stáit do ghrúpaí ríthábhachtacha na sochaí sibhialta ar leibhéil áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, agus dáileadh cóir, neamhchlaonta agus trédhearcach cistí poiblí ar an tsochaí shibhialta a áirithiú, rud lena n-áiritheofar ionadaíocht iolraíoch[97]; á iarrraidh an athuair ar chistiú leormhaith a chur ar fáil do na heagraíochtaí lena mbaineann trí ionstraimí cistiúcháin éagsúla ar an leibhéal Eorpach, amhail sraith luachanna an Aontais den Chlár um Shaoránaigh, Comhionannas, Cearta agus Luachanna agus treoirthionscadail an Aontais; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhfuil Comhaltaí na Polainne de Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ag tabhairt aghaidh ar bhrú polaitiúil do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chúram a sainorduithe[98];

Príobháideacht agus cosaint sonraí

51. ag cur a conclúide in iúl an athuair a leagtar amach ina rún an 14 Meán Fómhair 2016 nach bhfuil na coimircí nós imeachta agus coinníollacha ábhartha a leagtar síos i nGníomh an 10 Meitheamh 2016 maidir le gníomhaíochtaí fríthsceimhlitheoireachta agus i nGníomh an 6 Aibreán 1990 maidir leis na póilíní[99], arna leasú, le haghaidh chur chun feidhme faireachais rúnda leordhóthanach chun a úsáid iomarcach nó cur isteach gan údar ar phríobháideachas agus cosaint sonraí daoine aonair a chosc, lena n-áirítear an freasúra agus ceannairí na sochaí sibhialta[100]; á iarraidh an athuair ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an reachtaíocht sin maidir lena comhoiriúnacht le Dlí an Aontais, agus á áitiú ar údaráis na Polainne príobháideachas na saoránaigh uile a urramú go hiomlán;

52. á chur in iúl gur cúis bhuartha di gur aistrigh Aireacht Gnóthaí Digiteacha na Polainne sonraí pearsanta ón gCóras Leictreonach Uilíoch do Chlárú an Daonra (an ‘clár PESEL’ anseo feasta) go dtí an t-oibritheoir poist an 22 Aibreán 2020, chun eagrú an toghcháin uachtaránachta an 10 Bealtaine 2020 trí phostbhallóid a éascú, gan an bunús dlí ceart chun é sin a dhéanamh, ós rud é nár ghlac parlaimint na Polainne le bille ag ceadú do thoghchán atá go hiomlán tríd an bpost go dtí an 7 Bealtaine 2020; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach comhionann clár PESEL agus an clár toghthóirí agus, freisin, le clár PESEL áirítear sonraí pearsanta saoránach ó Bhallstáit eile, agus, dá bhrí sin, d’fhéadfadh an t-aistriú thuasluaite a bheith ina shárú féideartha ar Rialachán (AE) 2016/679; á mheabhrú gur luaigh an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí go bhféadfadh udaráis phoiblí faisnéis faoi dhaoine aonair atá ar liostaí na dtoghthóirí a nochtadh, ach amháin nuair atá sé údaraithe go sonrach ag dlí náisiúnta[101]; ag tabhairt dá haire gur rinne Coimisinéir na Polainne um Chearta an Duine gearán leis an gCúirt Riaracháin Chúigeach i Vársá ar bhonn shárú féideartha ar Airteagail 7 agus 51 de Bhunreacht na Polainne ag Aireacht Gnóthaí Digiteacha na Polainne;

Oideachas cuimsitheach gnéasachta;

53. á chur in iúl an athuair, mar a rinne sí cheana ina rún an 14 Samhain 2019, gur cúis mhór bhuartha di, agus gur cúis mhór bhuartha do Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine[102], an dréacht-dlí lena leasaítear Airteagal 200b de Chód Pionósach na Polainne, a tíolacadh leis an tionscnamh ‘Cuir Deireadh le Péidifilia’, mar gheall ar na forálacha an-doiléire, an-leathana agus an-neamhréireacha atá ann, lena bhféachtar, de facto, le scaipeadh an ghnéasoideachais do mhionaoisigh a choiriúlú, rud a bhféadfadh sé go mbeadh a raon feidhme ina bhagairt ar gach duine, go háirithe tuismitheoirí, múinteoirí agus gnéasoideoirí, agus téarma príosúnachta suas le trí bliana á ghearradh as bheith ag múineadh faoi ghnéasacht an duine, faoin tsláinte agus faoi dhlúthchaidrimh; 

54. á chur i bhfáth go bhfuil oideachas gnéasachta agus caidrimh atá cuimsitheach, oiriúnach ó thaobh aoise de agus fianaise-bhunaithe ríthábhachtach chun scileanna daoine óga a thógáil chun caidrimh fholláine, chomhionanna, chothaitheacha agus shábháilte a chruthú, ar caidrimh iad atá saor ó idirdhealú, ó chomhéigean agus ó fhoréigean; á chreidiúint go bhfuil tionchar dearfach, freisin, ag oideachas gnéasachta atá cuimsitheach ar thorthaí a bhaineann le comhionannas inscne, lena n-áirítear trí noirm agus dearcthaí díobhálacha inscne a athrú ó bhonn i leith foréigin inscnebhunaithe, lena gcuidítear cosc a chur ar fhoréigean páirtí dlúthchaidrimh agus ar chomhéigean gnéis, ar homafóibe agus ar trasfóibe, labhairt amach faoi fhoréigean gnéasach, teacht i dtír nó mí-úsáid ghnéasach, agus cumhacht a thabhairt do dhaoine óga chun cabhair a lorg; á iarraidh ar Pharlaimint na Polainne staonadh ón dréacht-dlí atá beartaithe arna leasú Airteagal 200b de Chód Pionósach na Polainne agus á iarraidh go láidir ar údaráis na Polainne rochtain ar oideachas gnéasachta atá cuimsitheach, fianaise-bhunaithe agus cruinn do leanaí scoile uile a áirithiú i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta agus go dtacófar leo siúd a sholáthraíonn oideachas agus faisnéis den sórt sin ar bhealach fíorasach agus oibiachtúil;

Sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe

55. á mheabhrú, i gcomhréir leis an gCairt, leis an ECHR agus le cásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine, go mbaineann sláinte ghnéis agus atáirgthe na mban le hiliomad de chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun beatha agus dínit, saoirse ó íde atá mídhaonna agus táireach, an ceart chun rochtain ar chúram sláinte, an ceart chun príobháideachais, an ceart chun oideachais agus toirmeasc ar idirdhealú, mar a léirítear i mBunreacht na Polainne, freisin; á mheabhrú gur cháin an Pharlaimint go láidir ina rún an 15 Samhain 2017, aon togra reachtach lena ndéanfaí ginmhilleadh a chosc i gcásanna dianlagaithe nó lagaithe féatais, rud a chuirfeadh teorainn ollmhór nó cosc beagnach go hiomlán ó thaobh na praiticiúlachta de ar rochtain ar chúram ginmhillte sa Pholainn ós rud é gur ar an bhforas sin a dhéantar an chuid is mó de ghinmhilltí dleathacha[103], agus leagadh béim ar an bhfíoras gur ceart bunúsach de chuid an duine í rochtain uilíoch ar chúram sláinte, lena n-áirítear cúram sláinte gnéis agus atáirgthe agus na cearta bainteacha[104]; á chur in iúl gurb oth léi na leasuithe atá molta[105] ar an Gníomh an 5 Nollaig 1996 maidir le dochtúirí agus fiaclóirí[106], faoi nach mbeadh dualgas dlíthiúil ar dhochtúirí a thuilleadh saoráid nó cleachtóir eile a chur in iúl i gcás seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a dhiúltú mar gheall ar chreideamh pearsanta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di úsáid an chlásail choinsiasa, lena n-áirítear easnamh sásraí atreoraithe iontaofa agus easpa achomharc tráthúil do mhná a ndiúltaítear seirbhísí den sórt sin dóibh; á iarraidh ar Pharlaimint na Polainne staonadh ó aon iarrachtaí eile a dhéanamh chun srian a chur ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban; á athdhearbhú go láidir gur cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní is ea séanadh na seirbhísí agus cearta sláinte gnéis agus atáirgthe; á iarraidh ar údaráis na Polainne bearta a dhéanamh chun go gcuirfí na breithiúnais a thug Cúirt Eorpach um Chearta an Duine i gcásanna i gcoinne na Polainne chun feidhme go hiomlán, ar cúirt í a rialaigh roinnt mhaith uaireanta go ndéanann dlíthe sriantacha maidir le ginmhilleadh agus easpa cur chun feidhme cearta an duine do mhná a shárú[107];

56. á mheabhrú, maidir le hiarrachtaí roimhe seo chun an ceart chun ginmhillte a theorannú tuilleadh, ar cheart é a bhfuil an Pholainn ar cheann na tíortha is mó ina bhfuil sé srianta, gur cuireadh stop leis na hiarrachtaí sin in 2016 agus in 2018 mar thoradh ar chur i gcoinne na n-iarrachtaí sin ag líon mór saoránach de chuid na Polainne, mar a cuireadh in iúl é sna ‘Mórshiúlta Dubha’; á iarraidh go láidir go mbreathnódh udaráis na Polainne ar an dlí lena gcuirtear teorainn ar rochtain na mban agus na gcailíní ar an bpiollaire frithghiniúnach éigeandála a aisghairm;

Fuathchaint, idirdhealú poiblí, foréigean i gcoinne na mban, foréigean baile agus iompar éadulangach i gcoinne mionlach agus grúpaí leochaileacha eile, lena n-áirítear daoine LADTI

57. ag tathant ar údaráis na Polainne na bearta is gá a dhéanamh chun dul i ngleic go láidir le fuathchaint chiníoch agus gríosú chun foréigin, ar líne agus as líne, agus fuathchaint chiníoch ó phearsanra poiblí, lena n-áirítear polaiteoirí agus oifigigh na meán[108], a cháineadh go poiblí agus fanacht amach ón gcaint sin, chun aghaidh a thabhairt ar chlaontachtaí agus dearcthaí diúltacha do mhionlaigh náisiúnacha agus eitneacha (Romacha san áireamh), imircigh, dídeanaithe agus iarrthóirí tearmainn agus chun go n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach na ndlíthe a chuireann cosc ar pháirtithe nó eagraíochtaí a dhéanann idirdhealú ciníoch a chur chun cinn nó a ghríosú[109]; á iarraidh ar údaráis na Polainne go gcomhlíonfar le moltaí 2019 ó Choiste na Náisiún Aontaithe maidir le Deireadh a chur le hIdirdhealú Ciníoch[110];

58. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an dearbhú le deanaí ó Leas-Aire Dlí agus Cirt na Polainne gur cheart don Pholainn Coinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun foréigean in aghaidh na mban agus foréigean teaghlaigh a chosc agus a chomhrac (Coinbhinsiún Iostanbúl) a shéanadh; á mholadh d’údaráis na Polainne cur i bhfeidhm praiticiúil agus éifeachtach a thabhairt don Choinbhinsiún sin, lena n-áirítear trí chur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana  ar fud na tíre a áirithiú, agus trí líon agus cáilíocht leordhóthanach d’ionaid dídine a sholáthar do mhná arb íospartaigh foréigin iad agus dá leanaí;

59. ag tabhairt dá haire go dtugann Suirbhé II LADTI, mí na Bealtaine 2020, a rinne an Ghníomhaireacht um Cheart Bunúsacha, chun suntais an méadú atá tagtha ar an éadulaingt agus ar an bhforéigean sa Pholainn i gcoinne daoine LADTI agus easpa iomlán creidimh na bhfreagróirí LADTI ón bPolainn i gcomhrac an rialtais i gcoinne na claontachta agus na héadulaingthe, lena ndéantar taifead ar an gcéatadán is ísle ar fud an Aontais (gan ach 4% ann), agus an céatadán is airde freagróirí a sheachnaíonn áiteanna áirithe ar eagla go ndéanfaí iad a ionsaí, a chiapadh nó a bhagairt (79%);

60. á mheabhrú, i gcomhthéacs an fheachtas uachtaránachta 2020 freisin, a seasamh mar a léirítear ina rún an 18 Nollaig 2019, lena gcáintear aon idirdhealú i gcoinne daoine LADTI agus sárú ar a gcearta bunúsacha ag na húdaráis phoiblí, lena n-áirítear fuathchaint ó údaráis phoiblí agus ó oifigigh thofa, an cosc ar mhórshiúlta Pride, agus cosaint neamhleor ar ionsaithe ina leith, agus ar chláir múscailte feasachta, na dearbhuithe go raibh limistéir sa Pholainn saor ó ‘íde-eolaíocht LADT’ mar a thugtar uirthi agus glacadh na ‘gCairteacha Réigiúnacha um Chearta Teaghlaigh’, lena ndéantar idirdhealú go háirithe i gcoinne teaghlaigh aontuismitheora agus LADTI; ag tabhairt dá haire go bhfuil easpa feabhais tagtha ar staid daoine LADTI sa Pholainn ó glacadh an rún sin agus go bhfuil meabhairshláinte agus sábháilteacht fhisiciúil daoine LADTI na Polainne go háirithe i mbaol; á mheabhrú an cáineadh ar ghníomhaíochtaí den sórt seo ó Choimisinéir um Chearta an Duine na Polainne, a rinne naoi ngearán leis na cúirteanna riaracháin ag áitiú go bhfuil na limistéir atá saor ó LADTI ag sárú dlí an Aontais, ón gCoimisiún agus ó eagraíochtaí idirnáisiúnta; á mheabhrú nár cheart caiteachas faoi na cistí comhtháthaithe idirdhealú bunaithe ar an treoshuíomh gnéasach a dhéanamh agus gur cheart do bhardais atá ag gníomhú mar fhostóirí Treoir 2000/78/CE ón gComhairle[111] a urramú, ar treoir í a chuireann cosc ar idirdhealú agus ciapadh ar fhorais an treoshuímh ghnéasaigh[112]; á iarraidh ar údaráis na Polainne cásdlí ábhartha na Cúirte Breithiúnais agus na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine a chur chun feidhme agus sa chomhthéacs sin aghaidh a thabhairt ar staid céilí agus tuismitheoirí comhghnéis d’fhonn a áirithiú a gceart chun neamh-idirdhealaithe i dlí agus i bhfíoras[113]; ag cáineadh na cásanna dlí i gcoinne ghníomhaithe na sochaí sibhialta a d’fhoilsigh ‘Atlas an Fhuatha’ mar a thugtar air a dhéanann cásanna homafóibe sa Pholainn a dhoiciméadú; á iarraidh go láidir ar rialtas na Polainne cosaint dlí do dhaoine LADTI i gcoinne cineálacha fuathchoireachta agus fuathchainte uile a áirithiú;****

61. á thabhairt dá haire go bhfuil difear á dhéanamh cheana ag easpa neamhspleáchais na mbreithiúna sa Pholainn ar iontaoibh fhrithpháirteach idir an Pholainn agus Ballstáit eile, go háirithe i réimse an chomhair bhreithiúnaigh in ábhair choiriúla; ós rud é gur dhiúltaigh cúirteanna náisiúnta nó go raibh siad idir dhá chomhairle faoi amhrastaigh Pholannacha a scaoileadh faoi nós imeachta an Bharántais Gabhála Eorpaigh mar gheall ar amhras domhain faoi neamhspleáchas breithiúna na Polainne; á mheas gur tromchúiseach go háirithe í an bhagairt ar aonfhoirmeacht dlí an Aontais atá i meath an smacht reachta sa Pholainn  á chur i bhfios nach féidir an iontaoibh fhrithpháirteach idir na Ballstáit a athbhunú ach amháin nuair a áiritheofar go bhfuil na luachanna chumhdaítear in Airteagal 2 CAE á n-urramú;

62. á iarraidh ar rialtas na Polainne na forálacha uile a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, sa Chairt, in ECHR agus sna caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine a chomhlíonadh, agus dul i mbun idirphlé ionraic leis an gCoimisiún; á chur i bhfáth go bhfuil gá le hidirphlé den sórt sin a dhéanamh ar bhealach neamhchlaonta, fianaise-bhunaithe agus comhoibritheach; á iarraidh ar rialtas na Polainne chun comhoibriú leis an gCoimisiún de bhun phrionsabal an chomhair dhílis mar a leagtar amach sa CAE; á iarraidh ar rialtas na Polainne rialuithe na Cúirte Breithiúnais a chur chun feidhme go mear agus go hiomlán agus tosaíocht dhlí an Aontais a urramú;

63.  á iarraidh ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún staonadh ó phrionsabal an smacht reachta a léirmhíniú go róchúng, agus chun lánacmhainneacht a bhaint as an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE trí aghaidh a thabhairt ar impleachtaí gníomhaíochta rialtas na Polainne do na prionsabail uile a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE, lena n-áirítear an daonlathas agus cearta bunúsacha mar a léirítear sa tuarascáil seo;

64. á iarraidh ar an gComhairle tús a chur an athuair leis na héisteachtaí foirmiúla - ar tionóladh an ceann deireanach díobh chomh fada siar le mí na Nollag 2018 - a luaithe is féidir agus chun gach ceann de na forbairtí is déanaí agus de na forbairtí móra diúltacha a áireamh i réimsí an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach; ag tathant ar an gComhairle gníomhú faoi dheireadh faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE trína chinneadh go bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh Poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2 CAE, ós rud é go bhfuil faisnéis dhobhréagnaithe ann gurb amhlaidh an cás mar a léirítear sa rún seo agus san oiread sin tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha, i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais agus i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus i dtuarascálacha ó eagraíochtaí sochaí sibhialta; á mholadh go láidir go ndéánfadh an Chomhairle aghaidh a thabhairt ar mholtaí nithiúla don Pholainn, amhail dá bhforáiltear in Airteagal 7(1) CAE, mar obair iardain i leith na n-éisteachtaí, agus go ndéanfadh sí spriocdhátaí a léiriú le haghaidh chur chun feidhme na moltaí sin; á iarraidh, thairis sin, ar an gComhairle gealltanas a thabhairt chun cur chun feidhme na moltaí sin a mheasúnú go tráthúil; á iarraidh ar an gComhairle leanúínt den Pharlaimint a choimeád ar an eolas go rialta agus dlúthbhaint a choimeád aici lena bhfuil air siúl agus oibriú ar bhealach trédhearcach, chun lamháil do rannpháirtíocht agus maoirseacht fhónta ó na hinstitiúidí agus comhlachtaí Eorpacha uile agus ó eagraíochtaí sochaí sibhialta;

65. á iarraidh ar an gCoimisiún lán-úsaid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil dó, chun aghaidh a thabhairt ar riosca soiléir go ndéanfaidh an Pholainn sárú tromchúiseach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe nósanna imeachta brostaithe um shárú agus iarratais ar bhearta idirthréimhseacha os comhair na Cúirte Breithiúnais, chomh maith le huirlisí buiséadacha; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint den Pharlaimint a choinneáil ar an eolas agus dlúthbhaint a choinneáil aici lena bhfuil ar siúl;

66. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig an Uachtarán, chuig rialtas agus parlaimint Phoblacht na Polainne, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip.

 

 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

1. Cúlra institiúideach

Tá an tAontas Eorpach fothaithe ar luachanna an mheasa ar dhínit an duine, ar an tsaoirse, ar an daonlathas, ar an smacht reachta agus ar urraim do chearta an duine, agus tá sé á threorú ag na luachanna sin. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa cosaint a thabhairt gan chuntar don smacht reachta, lena n-áirítear prionsabail na dlíthiúlachta, rud a bhfuil sé i gceist leis go bhfuil próiseas trédhearcach, cuntasach, daonlathach agus iolraíoch ann chun dlithe a achtú; deimhneacht dhlíthiúil; scaradh na gcumhachtaí; toirmisc ar threallachas na gcumhachtaí feidhmiúcháin; cúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta; athbhreithniú breithiúnach éifeachtach lena n-áirítear urraim do chearta bunúsacha; agus comhionannas os comhair an dlí.

Ní mór a chuimhneamh go bhfuil plé déanta arís agus arís eile ag an bParlaimint ar ‘aincheist Chóbanhávan’: ní féidir go bhfuil sé i gcomhréir le dlí agus luachanna an Aontais go ndéantar tíortha is iarrthóirí a scrúdú ar an bhfíoras an smacht reachta, an daonlathas agus cearta bunúsacha á bheith n-urramú acu, agus iad ar a mbealach go dtí an tAontas, ach nach ndéantar aon tástáil eile ó thaobh urraim do na luachanna sin tar éis dóibh dul isteach san Aontas. Ní hamháin go bhfuil na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe (Airteagal 2 CAE) ina gceanglais le haghaidh aontachas leis an Aontas Eorpach, ach go mbíonn siad ceangailteach freisin tar éis lánchomhaltas ar an Aontas a bheith bainte amach ag an tír. Dá bhrí sin, tá sé ríthábhachtach go mbeadh sraith d’uirlisi smachta reachta ann chun comhlíonadh éigeantach na luachanna thuasluaite a áirithiú.

An 20 Nollaig 2017, d’eisigh an Coimisiún Eorpach a thogra réasúnaithe bunaithe ar Airteagal 7(1) CAE le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le riosca soiléir go ndéanfaidh poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta. Is ionann an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE agus céim choisctheach lena dtugtar de chumas don Aontas dul i mbun idiragartha i gcás riosca soiléir go ndéanfar sárú tromchúiseach ar na luachanna coiteanna. Go dtí seo, thionóil an Comhairle Gnóthaí Ginearálta trí éisteacht maidir leis an bPolainn, agus iad go léir in 2018. Ó shin ar leith, tá faisnéis nuashonraithe curtha ar fáil ag an gCoimisiún laistigh den Chomhairle maidir le staid an smachta reatha sa Pholainn, ach níor eagraíodh aon éisteachtaí eile ina dhiaidh sin.

Go comhuaineach le gníomhachtú nós imeachta Airteagal 7(1) CAE maidir leis an bPolainn, tá ceithre nós imeachta um shárú seolta ag an gCoimisiún i gcoinne na Polainne maidir le hathchóirithe breithiúnacha, agus breithiúnais CBAE ag teacht as dhá cheann acu inar cinneadh go ndearnadh sárú ar phrionsabal na cosanta dlí éifeachtaí mar a leagtar síos in Airteagal 19(1) CAE.

Tá sé curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa, i roinnt rún a glacadh le blianta beaga anuas, go bhfuil sí buartha faoi staid an smachta reachta sa Pholainn. Baineann na cúiseanna buartha sin le feidhmiú an chórais reachtaigh agus toghcháin; neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mbreithiúna; agus cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad.

Ós rud é nach amháin nach bhfuil aghaidh tugtha ar staid an smachta reachta sa Pholainn ach go bhfuil sí i ndiaidh dul in olcas ó rinneadh Airteagal 7(1) a ghníomhachtú, tá an Rapóirtéir ag leagan béim ar a thábhachtaí atá an tuarascáil eatramhach seo, a bhfuil sé mar léi

 breathnú ar staid reatha na bhforbairtí a mhéid a bhaineann leis an smacht reatha, leis an daonlathas agus le cearta bunúsacha sa Pholainn ó 2015;

 á áitiú ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle raon feidhme an nós imeachta faoi Airteagal 7(1) CAE a leathnú chun rioscaí soiléire go ndéanfar tromchúiseacha ar an daonlathas agus ar chearta bunúsacha a aíreamh, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad;

 á iarraidh ar údaráis na Polainne, ar an gComhairle agus ar an gCoimisiún gníomhú go mear laistigh dá n-inniúlachtaí féin chun dul i ngleic leis an dian-ghéarchéim smachta reachta.

Ghlac an Rapóirtéir mar chúram air féin tabhairt faoi ghrinnanailís agus chuir sé san áireamh na tuairimí a d’eisigh eagraíochtaí Eorpacha agus idirnáisiúnta, amhail comhlachtaí Chomhairle na hEorpa, ESCE/ODIHR, agus na Náisiúin Aontaithe, agus breithiúnais ó chúirteanna náisiúnta, Eorpacha agus idirnáisiúnta. Is mian leis an Rapóirtéir go mbeadh an tuarascáil sin bunaithe ar fhíorais arna n-anailísiú ag institiúidí iontaofa, ar institiúidí iad a bhfuil an Pholainn ina páirtí iontu agus/nó a bhfuil glacadh lena gcuid caighdeán agus modhanna oibre.

D’eagraigh Coiste LIBE misean freisin go Vársá i mí Mheán Fómhair 2018, áit ar bhuail an toscaireacht le hionadaithe ó Rialtas na Polainne, Sejm agus an Seanad, páirtithe polaitiúla, institiúidí breithiúnacha, ionadaithe ó ESCE/ODIHR, cleachtóirí dlí, iriseoirí agus ionadaithe na sochaí sibhialta, agus reáchtáil siad dhá éisteacht, in 2018 agus 2020, chun staid na smachta reachta sa Pholainn a mheas. Rinne an Rapóirtéir cruinnuithe eile a reáchtáil le geallsealbhóirí éagsúla (ENRanna, scoláirí, iriseoirí, breithiúna, ...) and le comhaltaí rialtas na Polainne chun éisteacht go díreach leo siúd atá dul i ngleic leis an staid mar atá ar an láthair (féach an lorg reachtaíochta san iarscríbhinn).

 

2. Breathnú ar staid reatha na bhforbairtí a mhéid a bhaineann leis an smacht reatha, leis an daonlathas agus le cearta bunúsacha sa Pholainn ó 2015

- Neamhspleáchas na mbreithiúna agus cearta na mbreithiúna;

A mhéid a bhaineann leis an smacht reachta i gciall chruinn neamhspleáchais na mbreithiúna, tá an staid mar atá sa Pholainn i bhfad ó bheith ag dul i bhfeabhas agus tá cúiseanna buartha ann fós, nó ag dul i méad fós, i ngach gné a tugadh chun solais sa tuarascáil seo: polaitiú Chúirt Bhunreachtúil na Polainne chomh luath le 2015; comhdhéanamh agus iompar Chomhairle Náisiúnta nua na mBreithiúna; an ghreim dhaingean atá ag an Aire Dlí agus Cirt, atá ina Phríomh-Ionchúisitheoir freisin, maidir le seirbhísí ionchúisimh; cruthú dlísheomra araíonachta agus dlísheomra achomhairc urghnách laistigh den Chúirt Uachtarach; imeaglú córasach ar bhreithiúna agus imeachtaí araíonachta i gcoinne breithiúna a labhraíonn amach faoi na hathchóirithe sin.

Ar na mallaibh, an 29 Aibreán 2020, sheol an Coimisiún Eorpach nós imeachta um shárú maidir le ‘dlí na mantóige’, mar a thugtar air. An dlí nua sin maidir leis na breithiúna, a tháinig i bhfeidhm an 14 Feabhra 2020, is léir nach bhfuil sé comhoiriúnach le tosaíocht dhlí an Aontais ar an ábhar go mbaineann sé an cumas ó bhreithiúna a gcuid dualgas a fheidhmiú faoi dhlí an Aontais chun forálacha náisiúnta atá i neamhréir le dlí an Aontais a chur i leataobh. Ar na chúiseanna móra buartha maidir leis an dlí sin, tá tabhairt isteach cionta araíonachta agus smachtbhannaí breise i gcoinne breithiúna agus uachtaráin na gcúirteanna, ar cionta araíonachta agus smachtbhannaí iad lena ngabhann baol go mbainfí an bonn ó phrionsabal neamhspleáchas na mbreithiúna agus, thairis sin, óna saoirse tuairimí a nochtadh agus óna saoirse comhlachais, trí thoirmeasc a chur ar aon ghníomhaíocht pholaitíocht agus trína chur d’oibleagáid orthu a gcomhaltas i gcomhlachais a nochtadh go poiblí.

Le linn mhisean LIBE agus malartú tuairimí le hAire Dlí agus Cirt na Polainne, luaigh Rialtas na Polainne, mar chúiseanna leis an atheagrú ó bhonn a rinneadh ó 2015 ar a córas ceartais, míshástacht na saoránach le luas agus éifeachtúlacht riar an cheartais, le héilliú líomhnaithe nó le coireanna nó oilghníomhartha a rinne breithiúna aonair agus nár gearradh pionóis ina leith, agus an gá atá le tionchar an chumannachais a bhaint de na breithiúna.[114] Áitíonn an Rapóirtéir nach ionann na cúiseanna a luadh agus údar leis an ngreim dhaingean atá ag an bhfeidhmeannais ar na breithiúna mar thoradh ar na hathchóirithe. Tá cásanna líomhnaithe éillithe nó coireachta le hionchúiseamh ar bhonn aonair agus tá béim shoiléir leagtha ag an gCúirt Eorpach um Chearta an Duine ar an ngá atá le próiseas saorghlanta a indibhidiúlú agus, thairis sin, tá béim leagtha aice ar an bhfíoras go bhféadfadh sé gur lú an t-údar a bheidh leis má tharlaíonn sé tamall fada tar éis dheireadh an réimis chumannaigh.[115]

- Feidhmiú an chórais reachtaigh agus toghcháin

Ina theannta sin, ba chúis imní don Rapóirtéir gur eagraíodh toghcháin uachtaránachta le linn an ama shonraigh seo agus eipidéim ann, lena mbaineann baol soiléir nach bhféadfaí toghcháin chothroma, dhíreacha agus rúnda, mar a chumhdaítear i mBunreacht na Polainne, a chomhlíonadh, bunaithe ar fheachtas toghcháin cothrom a mbeadh rochtain chomhionann ag na meáin air. Dar le breathnóirí ESCE/ODIHR, bhí an bheirt iarrthóirí i rith uachtaránachta na Polainne in ann dul i mbun feachtais gan bhac ar deireadh, ach d’fhág naimhdeas maraon le clúdach claonta an chraoltóra phoiblí smál ar an toghchán. Ní raibh srian leis an bhfeachtasaíocht dhiúltach ná leis an tarcaisniú frithpháirteach, agus ba chúis mhór imní tuairiscí faoi bhagairtí i gcoinne polaiteoirí agus iriseoirí. Mar a tharla sa chéad bhabhta, bhí reitric homafóbach, sheineafóbach agus fhrith-Sheimíteach ag baint le feachtas an tsealbhóra agus le clúdach an chraoltóra phoiblí.[116]

- Cosaint na gceart bunúsach, lena n-áirítear cearta na ndaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad

Tá sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe faoi bhagairt sa Pholainn. Leis an gcosc atá beartaithe ar fhoirceannadh toirchis mar gheall ar mhínormáltacht dhian nó mharfach féatais, chuirfí tuilleadh srianta ar dhlí an ghinmhillte atá sriantach cheana agus, mar thoradh air sin, bheadh cosc beagnach iomlán ar an nginmhilleadh. Chomh maith leis sin, tá cúiseanna tromchúiseacha buartha ardaithe laistigh de Pharlaimint na hEorpa agus le comhlachtaí idirnáisiúnta eile agus eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta mar gheall ar an dréachtbhille chun gnéasoideachas do mhionaoisigh a choiriúlú. Cé go raibh sé deacair don tsochaí shibhialta a bheith eagraithe ar théamaí den sórt sin le linn ráig Covid-19, vótáil parlaimint na Polainne ar leasuithe ar Ghníomh an 5 Nollaig 1996 maidir le dochtúirí agus fiaclóirí, faoi nach mbeadh dualgas dlíthiúil ar dhochtúirí a thuilleadh saoráid nó cleachtóir eile a chur in iúl i gcás seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a bheith á ndiúltú mar gheall ar chreideamh pearsanta.

Thairis sin, is cúis mhór imní é an leibhéal cosanta do mhionaoisigh, chomh maith le cearta na mban agus cearta daoine a shainaithníonn iad féin mar dhaoine LADTI, agus, ag an am céanna, tá sé de dhualgas ar na Ballstáit sláine mhorálta agus choirp gach saoránaigh a chosaint. Tá an Rapóirtéir den tuairim gur mór an náire é roinnt limistéar san Aontas Eorpach a bheith á dhearbhú go bhfuil siad saor ó idé-eolaíochtaí nach ann dóibh fiú amháin.

Tá aghaidh á tabhairt sa tuarascáil ar roinnt cúiseanna imní eile maidir le cearta bunúsacha, lena n-áirítear an ceart chun triail chóir a fháil, saoirse na meán agus saoirse acadúil, saoirse comhthionóil agus comhlachais agus an ceart chun cosanta príobháideachais.

3. Raon feidhme nós imeachta Airteagal 7(1) CAE a leathnú

Is mian leis an Rapóirtéir go gcuirfear borradh nua faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE leis an tuarascáil eatramhach seo, ní hamháin trí na hathruithe conspóideacha is déanaí ar chóras breithiúnach na Polainne a áireamh, ach trí anailís ar staid an daonlathais agus staid na gceart bunúsach sa Pholainn a áireamh freisin, ar rudaí iad a bhfuil aird shonrach ag teastáil ina leith.

4. Glao ar ghníomhú ag udaráis na Polainne, ag an gComhairle agus ag an gCoimisiún

Iarrann an Rapóirtéir ar Rialtas na Polainne na forálacha uile a bhaineann leis an smacht reachta agus le cearta bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí, an Chairt um Chearta Bunúsacha, an Coinbhinsiún Eorpach um Chearta an Duine agus caighdeáin idirnáisiúnta um chearta an duine a chomhlíonadh, rialuithe Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme go mear agus tosaíocht dhlí an Aontais a urramú agus dul i mbun idirphlé go díreach leis an gCoimisiún;

Is cúis bhuartha don Rapóirtéir í éighníomhaíocht na Comhairle maidir le haghaidh a thabhairt ar staid an Smachta Reachta sa Pholainn, agus iarrann sé ar na Ballstáit tús a chur in athuair a luaithe is féidir leis na héisteachtaí foirmiúla le gach forbairt mhór dhiúltach a bhí ann le déanaí a áireamh i réimsí an smachta reachta, an daonlathais agus na gceart bunúsach. Níos tábhachtaí fós, tá an Rapóirtéir á iarraidh ar an gComhairle gníomhú faoi dheireadh faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE trína chinneadh go bhfuil riosca soiléir ann go ndéanfaidh Poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta, i bhfianaise faisnéis dhobhréagnaithe den mhéid sin mar a léirítear sa rún seo agus san iliomad tuarascálacha ó eagraíochtaí idirnáisiúnta agus Eorpacha, i gcásdlí na Cúirte Breithiúnais agus i gcásdlí na Cúirte Eorpaí um Chearta an Duine agus i dtuarascálacha ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta, agus moltaí a chur faoi bhráid na Polainne faoi nós imeachta Airteagal 7(1) CAE.

Ar deireadh, táthar á iarraidh ar an gCoimisiún lán-úsaid a bhaint as na huirlisí atá ar fáil chun aghaidh a thabhairt ar riosca soiléir go ndéanfaidh an Pholainn sárú tromchúiseach ar na luachanna ar a bhfuil an tAontas fothaithe, go háirithe nósanna imeachta brostaithe um shárú agus iarratais ar bhearta eatramhacha os comhair na Cúirte Breithiúnais.

 


 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA DE NA hEINTITIS NÓ NA DAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR IONCHUR

Tá an liosta seo a leanas tarraingthe suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas nuair a bhí an dréacht-tuarascáil á hullmhú, go dtí gur glacadh sa choiste í:

Eintiteas agus/nó duine

Aborcyjny Dream Team

Amnesty International (AI)

Barra na hOstaire

Feachtas i gCoinne na Homafóibe

Fóram um Fhorbairt Shibhialta (FOR)

An Coimisinéir um Chearta an Duine, an Pholainn

Uachtaránacht na Cróite ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Comhlachas Eorpach na mBreithiúna (EAJ)

An Coimisiún Eorpach

Uachtaránacht na Fionnlainne ar Chomhairle an Aontais Eorpaigh

Rialtas Phoblacht na Polainne

Human Rights Watch (HRW)

An Coimisiún Idirnáisiúnta Dlí-Eolaithe (ICJ)

An Chónaidhm Idirnáisiúnta um Chearta an Duine (FIDH)

IUSTITIA, Comhlachas na mBreithiúna Polannacha

 

An Institiúid Eorpach Beartais don tSochaí Oscailte (OSEPI)

Tionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa

Fondúireacht Heilsincí um Chearta an Duine (HFHR) sa Pholainn

Comhlachas na n-Iriseoirí Polannacha (SDP)

An tOll. Ewa Łętowska, an Institiúid um Staidéar Dlí in Acadamh Eolaíochtaí na Polainne

An tOll. Laurent Pech, Ollscoil Middlesex, Londain

Cumann na nIriseoirí

 

 


 

 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE (6.7.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir le riosca soiléir a chinneadh de shárú tromchúiseach ar an smacht reachta ag Poblacht na Polainne

(2017/0360R(NLE))

Rapóirtéir don tuairim: Evelyn Regner

 

 

PA_Consent_Interim

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thuarascáil:

 ag féachaint don pháipéar saincheiste ó Choimisinéir Chomhairle na hEorpa um Chearta an Duine dar teideal ‘Sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe na mban san Eoraip’, Nollaig 2017,

 ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Samhain 2019 maidir le coiriúlú an ghnéasoideachais sa Pholainn[117],

 ag féachaint do mholtaí 2019 ón Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe do dhéagóirí agus don fhoilseachán ó Oifig Réigiúnach EDS don Eoraip dar teideal ‘Caighdeáin um Oideachas Gnéasachta san Eoraip. Creat do lucht ceaptha beartas, d’údaráis oideachais agus sláinte agus do speisialtóirí’,

 ag féachaint don rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Feabhra 2019 maidir le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus an chomhionannais inscne in AE[118],

 ag féachaint do thorthaí Shuirbhé II LADTI a rinne an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha, lena gcuirtear béim ar mhéadú atá tagtha ar an éadulaingt agus ar an bhforéigean sa Pholainn i gcoinne daoine LADTI, agus freagróirí LADTI as an bPolainn ag léiriú easpa iomlán creidimh i gcomhrac an rialtais i gcoinne na claontachta agus na héadulaingthe, leis an gcéatadán is ísle in AE ar fad (gan ach 4% ann), ar staid é inarb í an Pholainn an tír ina bhfuil an céatadán is airde freagróirí a sheachnaíonn áiteanna áirithe ar eagla go ndéanfaí iad a ionsaí, a chiapadh nó a bhagairt (79%),

 ag féachaint do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), go háirithe Airteagail 1, 2, 3, 10, 11, 21, 35 agus 45 di,

 ag féachaint d’Airteagal 2 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), maidir le luachanna fothaithe an Aontais, agus d’Airteagal 7 CAE, maidir lena chinneadh an bhfuil sárú tromchúiseach leanúnach á dhéanamh ag Ballstát ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2,

 ag féachaint d’Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) maidir le comhionannas idir mná agus fir, agus d’Airteagal 9 CFAE maidir le heisiamh sóisialta a chomhrac agus maidir le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine, agus do Theideal IV CFAE maidir le saorghluaiseacht daoine, seirbhísí agus caipitil, agus do Theideal V CFAE maidir le réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais,

A. de bhrí go sonraítear in Airteagal 35 den Chairt go bhfuil an ceart ag ‘gach duine rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus leas a bhaint as cúram leighis faoi na coinníollacha arna mbunú le dlíthe agus cleachtais náisiúnta’ agus go leagtar síos ann an cuspóir maidir le ‘ardleibhéal cosanta do shláinte an duine’; de bhrí go mbaineann soláthar sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe atá inrochtana agus inacmhainne, lena n-áirítear frithghiniúint agus ginmhilleadh sábháilte agus dleathach, le hiliomad de chearta an duine, lena n-áirítear an ceart chun beatha agus dínite, cosaint ar íde atá mídhaonna agus táireach, an ceart chun rochtain a fháil ar chúram sláinte, an ceart chun príobháideachais, an ceart chun oideachais agus toirmeasc ar idirdhealú; de bhrí gurb ionann séanadh na sláinte agus na gceart gnéis agus atáirgthe agus sárú ar rialuithe Choiste na Náisiún Aontaithe um Chearta an Duine agus ar ECHR;

B. de bhrí go bhfuil an tAontas fothaithe ar luachanna na hurraime do dhínit an duine, na saoirse, an daonlathais, an chomhionannais, an smachta reachta agus na hurraime do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, de réir mar a leagtar amach in Airteagal 2 de CAE agus a chumhdaítear i gconarthaí idirnáisiúnta eile maidir le cearta an duine; de bhrí go bhfuil na luachanna sin, ar comhluachanna iad ag na Ballstáit uile agus a bhfuil glactha leo go saorálach ag na Ballstáit uile, ina mbonn do na cearta atá ag daoine a bhfuil cónaí orthu san Aontas; de bhrí go bhforáiltear le hAirteagal 7 CAE go bhféadfaí cearta áirithe a eascraíonn as cur i bhfeidhm na gConarthaí ar Bhallstát a chur ar fionraí, lena n-áirítear cearta vótála sa Chomhairle, i gcás ina bhfaightear amach go ndearna Ballstát sárú tromchúiseach leanúnach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2;

C. de bhrí go bhfuil dhá dhréachtdlí a eascraíonn as tionscnaimh ó na saoránaigh os comhair Pharlaimint na Polainne, a bhfuil sé mar aidhm ag ceann amháin acu, ar a dtugtar bille ‘Cuir Deireadh leis an nGinmhilleadh’, géarú a dhéanamh ar Ghníomh na Polainne 1993 maidir le ‘Pleanáil Clainne, Cosaint Fhéatas an Duine agus Coinníollacha maidir le Foirceannadh Toirchis Dleathach’, atá ar cheann de na dlíthe is sriantaí san Aontas cheana maidir leis an nginmhilleadh, chun rochtain dhlíthiúil a bhaint i gcásanna dianlagaithe féatais nó lagaithe mharfaigh féatais, rud lena ndéanfaí rochtain ar an nginmhilleadh a shéanadh go bunúsach; an ceann eile, ar a dtugtar bille ‘Cuir deireadh leis an bpéidifilia’ chun cion coiriúil ar féidir téarma príosúnachta a ghearradh ina leith a dheanamh d’oideachas gnéis a bheith á sholáthar do mhionaoisigh ag múinteoirí, oibrithe cúraim sláinte agus gairmithe oideachais;

D. de bhrí go bhfuil oideachas gnéasachta atá cuimsitheach, oiriúnach ó thaobh aoise de agus fianaise-bhunaithe ríthábhachtach chun acmhainneachtaí leanaí agus daoine óga a fhorbairt chun caidrimh fholláine, chomhionanna, chothaitheacha agus shábháilte a fhorbairt agus chun tionchar dearfach a imirt ar chomhionannas inscne, lena n-áirítear trí noirm agus dearcthaí díobhálacha inscne a athrú ó bhonn i leith foréigin inscnebhunaithe, homafóibe agus trasfóibe, chun idirdhealú agus gach cineál mí-úsáide agus foréigin atá bunaithe ar inscne a chosc agus chun cuidiú le líon na dtoircheas i measc déagóirí a laghdú, dul i riosca a laghdú agus úsáid frithghiniúna a mhéadú;

E de bhrí go raibh oibleagáid dhlíthiúil ar an Sejm, laistigh de shé mhí tar éis dó dul i mbun a chuid dualgas, breithniú a dhéanamh ar dhréachtdlíthe a eascraíonn as tionscnaimh ó na saoránaigh; de bhrí gur vótáil Parlaimint na Polainne an 16 Aibreán 2020 chun an dá dhréachtdlí a d’eascair as tionscnaimh ó na saoránaigh i ndáil le rochtain ar ghinmhilleadh agus i ndáil le gnéasoideachas do mhionaoisigh a tharchur ar ais chuig coiste; de bhrí nach bhfuil na dátaí a dhéanfaidh na coistí parlaiminteacha staidéar ar na billí fógartha go fóill;

F. de bhrí go raibh oll-agóidí ó mhná agus ó eagraíochtaí de chuid na sochaí sibhialta ar fud na tíre agus thar lear, lena n-áirítear stailc na mban ar an ‘Luan Dubh’ in 2016, mar thoradh ar dhréachtbhillí in 2016, 2018 agus 2020 lena bhforchuirtear bearta sriantacha frithghinmhillte nó lena ndéantar iarracht toirmeasc iomlán, nach mór, a thabhairt isteach ar an gceart ginmhillte; de bhrí, ar an drochuair, ó thús na bliana 2019, go bhfuil os cionn 80 réigiún, contae nó bardas ann inar ritheadh rúin lena ndearbhaítear iad féin a bheith saor ó ‘idé-eolaíocht LADT’ mar a thugtar uirthi nó go bhfuil ‘Cairteacha Réigiúnacha um Chearta Teaghlaigh’, nó cuid díobh, glactha acu, lena ndéantar idirdhealú, go háirithe i gcoinne tuismitheoirí aonair agus tuismitheoirí agus daoine LADTI, agus lena gcuirtear srian de facto le saorghluaiseacht shaoránaigh AE;

1. á chur in iúl gur geal léi nár ghlac Parlaimint na Polainne, an 16 Aibreán 2020, an dá dhréachtdlí a d’eascair as tionscnaimh ó na saoránaigh i ndáil le rochtain ar ghinmhilleadh agus i ndáil le hoideachas gnéasachta do mhionaoisigh atá cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de; á chur in iúl gurb oth léi nár dhiúltaigh Parlaimint na Polainne lom láithreach an dá dhréachtdlí sin agus ag cur in aghaidh na mbillí sin a bheith á dtarchur ar ais chuig an gcoiste lena mbreithniú tuilleadh ós rud é go mbainfeadh gach ceann acu an bonn ó chearta an duine; á chur in iúl go gcreideann sí go bhféadfadh vótáil amach anseo ar na billí sin a bheith mar bhagairt ar phrionsabail fothaithe an Aontais, mar a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE iad, go háirithe urraim do chearta an duine agus dínit an duine, do neamh-idirdhealú agus do chomhionannas, lena n-áirítear comhionannas idir mná agus fir chomh maith le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR) agus cearta LADTI agus obair na sochaí sibhialta;

2. á iarraidh ar Rialtas na Polainne agus ar fheisirí de Pharlaimint na Polainne gan tuilleadh breithnithe a dhéanamh ar an dá dhréachtdlí sin, ós rud é go bhfuil díospóireacht fhuinniúil, riachtanach agus dhlisteanach ar siúl sa tír agus ar fud na hEorpa mar fhreagairt ar na saincheisteanna morálta agus ar na hagóidí a ardaíonn siad, agus go ndéanfaí dochar doleigheasta do bheatha agus do chearta bunúsacha na mílte ban, lánúineacha, teaghlach, leanaí agus déagóirí, a bhfuil roinnt mhaith acu i measc na ndaoine is óige agus is leochailí sa tsochaí, agus go ndéanfaí dochar doleigheasta freisin do bheatha agus do chearta bunúsacha oideoirí sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear múinteoirí, oibrithe for-rochtana, pearsanra cúraim sláinte agus gníomhaithe ar son chearta an duine; á chur in iúl gur cúis mhór imní di iarrachtaí a dhéantar arís agus arís eile chun reachtaíocht a thabhairt isteach, a bhreithniú agus a athchóiriú agus é mar aidhm leis sin cearta na mban agus comhionannas inscne a shrianadh; ag tathant ar fheisirí de Pharlaimint na Polainne staonadh ó aon iarrachtaí eile a dhéanamh chun srian a chur ar an tsláinte ghnéis agus atáirgthe agus ar na cearta atá ag mná agus ag déagóirí;

3. á chur in iúl gurb oth léi, le tograí reachtacha a rinneadh le déanaí, nach mbeadh dualgas dlíthiúil ar shaoráidí leighis a thuilleadh saoráid mhalartach a léiriú i gcás ina ndiúltaíonn dochtúirí ginmhilleadh a dhéanamh ar bhonn a dtuairimí pearsanta; á athdhearbhú gur cúis bhuartha di úsáid an chlásail choinsiasa, lena n-áirítear easpa sásraí atreoraithe iontaofa agus easpa bearta ar féidir le mná a ndiúltaítear rochtain dhleathach ar ghinmhilleadh a thabhairt dóibh dul ar iontaoibh orthu go tráthúil; á mheabhrú, faoin dlí um chearta an duine, nár cheart go gceadófaí do dhochtúirí an bonn a bhaint ó chearta doshannta na mban rochtain thráthúil a fháil ar réimse iomlán seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe agus an bonn a bhaint ón gceart chun beatha, sláinte agus príobháideachais; á iarraidh ar Rialtas na Polainne cloí leis na rialuithe ón gCúirt Eorpach um Chearta an Duine[119], a rialaigh gur sárú ar chearta an duine é, i gcleachtas, constaicí a chur ar ghinmhilleadh dleathach agus, dá bhrí sin, riail a áireamh sa dlí lena leagfar síos nach mór don tsaoráid leighis, i gcás diúltú, speisialtóir eile a léiriú a dhéanfaidh an gnáthamh ginmhillte nó saoráid eile a léiriú ina ndéanfar é; á iarraidh go n-aisghairfear an dlí lena gcuirtear srian ar rochtain na mban agus na gcailíní ar an bpiollaire frithghiniúna éigeandála;

4 á dhearbhú go láidir gur cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní é séanadh na seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe agus á mheabhrú gurb ionann gan faisnéis atá cruinn ó thaobh na heolaíochta de a bheith ar fáil agus sárú ar na cearta atá ag daoine aonair roghanna eolasacha a dhéanamh faoina SRHR féin;

5. á mholadh d’údaráis na Polainne Coinbhinsiún Iostanbúl Chomhairle na hEorpa a chur chun feidhme go nithiúil agus go héifeachtach, go háirithe trí chur i bhfeidhm na reachtaíochta atá ann cheana a áirithiú ar fud na tíre agus trí líon agus cáilíocht leordhóthanach d’ionaid dídine a sholáthar do mhná arb íospartaigh foréigin iad agus dá leanaí;

6. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an fhrithfhreagairt ó chailleadh chearta na mban, an treocht i dtreo laghdú a dhéanamh ar an spás don tsochaí shibhialta agus an leibhéal neamhdhóthanach cosanta atá ann sa Pholainn maidir le ceart bunúsach daonna na mban agus na gcailíní ar déagóirí iad ar an tsláinte, ar ceart é a bhfuil sláinte ghnéis agus atáirgthe agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear rochtain ar fhaisnéis agus féinchinntiúchán, ina ngné bhunriachtanach de atá faoi chosaint dlí ar an leibhéal idirnáisiúnta; á chur in iúl gur cúis bhuartha di freisin go bhfuil cearta daoine óga LADTI á gcailliúint, ar daoine iad a bhfuil a meabhairshláinte agus a sábháilteacht fhisiciúil i mbaol go háirithe mar gheall ar ionsaithe leanúnacha ag an rialtas ar ghníomhaithe agus ar eagraíochtaí trí ruathair, díchistiú agus imeaglú;

7. á chur i bhfáth go bhfuil rochtain thráthúil gan bhac ar sheirbhísí sláinte atáirgthe, agus urraim ar neamhspleáchas agus cinnteoireacht atáirgthe na mban ríthábhachtach chun cearta daonna na mban agus comhionannas inscne na mban a chosaint; á mheabhrú go bhfuil sé dearbhaithe arís agus arís eile ag comhlachtaí idirnáisiúnta um chearta an duine go bhfuil na dlíthe an-sriantach maidir le ginmhilleadh contrártha do chaighdeáin chearta an duine agus nach mór iad a athchóiriú; á mheabhrú go bhfuil cáineadh láidir déanta ag an bParlaimint cheana, ina rúin an 14 Meán Fómhair 2016[120] agus an 15 Samhain 2017[121], ar aon togra reachtach lena ndéanfaí ginmhilleadh a thoirmeasc i gcásanna dianlagaithe féatais nó lagaithe mharfaigh féatais, rud a chuirfeadh cosc beagnach go hiomlán ar rochtain ar chúram ginmhillte sa Pholainn ós rud é gur ar an bhforas sin a dhéantar an chuid is mó de ghinmhilltí dleathacha;

8. á chur i bhfáth go dtaistealaíonn mná a chinneann deireadh a chur le toircheas go tír eile chun seirbhísí ginmhillte sábháilte agus dleathacha a fháil nó go dtéann siad faoi ghnáthaimh sa bhaile a d’fhéadfadh a bheith contúirteach agus go bhféadfaidís a mbeatha a chur i mbaol le linn na ngnáthamh sin, go háirithe mná bochta; á athdhearbhú gur cineál foréigin in aghaidh na mban agus na gcailíní is ea séanadh ceart agus seirbhísí gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear ginmhilleadh dleathach agus sábháilte;

9. á athdhearbhú go láidir go bhfuil rochtain ar fhaisnéis atá cuimsitheach agus oiriúnach ó thaobh aoise de faoi ghnéas, gnéasacht agus rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear gnéasoideachas, pleanáil teaghlaigh, modhanna frithghiniúna agus ginmhilleadh sábháilte agus dleathach, riachtanach chun cur chuige dearfach measúil a chruthú maidir le gnéasacht agus caidreamh gnéasach, chomh maith leis an bhféidearthacht go mbeadh eispéiris ghnéasacha saor ó riosca, ó chomhéigean, ó idirdhealú agus ó fhoréigean;

10. á athdhearbhú nach mór daoine óga a chumhachtú agus a chosaint trí fhaisnéis atá oiriúnach ó thaobh aoise de faoi ghnéas agus gnéasacht agus trí rochtain ar chúram sláinte gnéis agus atáirgthe; á chur i bhfáth, in ionad daoine óga a chosaint, go bhfágann an easpa faisnéise agus oideachais maidir le gnéas agus gnéasacht go mbíonn baol ar shábháilteacht agus ar fholláine daoine óga, trí na daoine óga sin a dhéanamh leochaileach do theacht i dtír gnéasach, mí-úsáid agus foréigean, lena n-áirítear cailíní agus daoine óga LADTI, a mbíonn tionchar ar leith ag neamhionannas inscne agus noirm shóisialta orthu; á iarraidh go dtabharfar tacaíocht d’oideoirí, do dhochtúirí agus do chúramóirí, go gcosnófar iad agus go spreagfar iad chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil;

11. á mheabhrú gur réamhriachtanas é an t-oideachas maidir le cearta agus saoirsí bunúsacha eile a theachtadh, chomh maith le bheith ina cheart daonna neamhspleách; á mheabhrú go bhfuil sé de dhualgas ar an bPolainn faoin dlí idirnáisiúnta um chearta an duine oideachas gnéasachta atá cuimsitheach, éigeantach, oiriúnach don aois, caighdeánaithe, fianaise‑bhunaithe agus cruinn ó thaobh na heolaíochta de a chur ar fáil; á mheabhrú gur cuid riachtanach den churaclam scoile é an t-oideachas sin chun caighdeáin na hEagraíochta Domhanda Sláinte don Eoraip a chomhlíonadh chun oideachas agus cosaint a thabhairt do dhaoine óga; á dhearbhú gur cheart go gcuimseofaí leis an oideachas sin gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne, léiriú gnéasach, caidrimh agus toiliú, chomh maith le faisnéis maidir le torthaí diúltacha nó riochtaí amhail STInna agus VEID, toircheas neamhbheartaithe, foréigean gnéasach agus cleachtais dhíobhálacha amhail grúmaeireacht agus ciorrú ball giniúna ban;

12. á iarraidh ar Rialtas na Polainne na rúin arna nglacadh ag údaráis réigiúnacha agus áitiúla a bhaineann le cruthú ‘limistéir saor ó LADTI’ sa Pholainn a cháineadh go práinneach, ar rúin iad a sháraíonn cearta bunúsacha agus as a dtagann níos mó fuatha, eagla agus baoil i gcoinne daoine LADTI + sa Pholainn agus bearta dlíthiúla iomchuí a ghlacadh ina gcoinne; ag meabhrú a rúin an 18 Nollaig 2019 maidir le hidirdhealú poiblí agus fuathchaint i gcoinne daoine LADTI+, lena n-áirítear ‘limistéir saor ó LADTI’[122]; ag tathant ar Rialtas na Polainne bearta a dhéanamh chun daoine LADTI+ a chosaint, chun aghaidh a thabhairt ar gach sárú ar chearta an duine agus chun cearta agus saoirsí daoine aonair agus eagraíochtaí sa tsochaí a dhéanann ionadaíocht ar leasanna na mban agus daoine LADTI+ a ráthú;

13. á mheabhrú gur féidir Airteagal 7 CAE a ghníomhachtú i gcás inar léir go bhfuil baol ann go ndéanfaidh Ballstát sárú tromchúiseach ar na luachanna dá dtagraítear in Airteagal 2; á chur in iúl go gcreideann sí go láidir gurb ionann sáruithe ar chearta na mban, ar chearta daoine LGBTI+ agus ar chearta mionlach eile agus sárú tromchúiseach ar luachanna an chomhionannais agus ar urraim do chearta an duine, lena n-áirítear na cearta atá ag daoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad, ar cearta iad a chumhdaítear in Airteagal 2 CAE; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid chun a mheas cibé an sárú ar Airteagal 2 CAE, ar Airteagal 3(2) CAE, ar Airteagal 21 CFAE, ar Theideal IV agus ar Theideal V CFAE agus ar Airteagal 45 den Chairt é limistéir atá saor ó LADTI a chruthú i dtríú cuid de na bardais sa Pholainn, mar aon le ráitis homafóbacha agus sáruithe eile ar chearta mionlach; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá thoradh sin, tuairim réasúnaithe a scrúdú i gcomhréir le hAirteagal 258 CFAE agus, i gcás den sórt sin, breathnú a dhéanamh ar nós imeachta iomchuí um shárú a sheoladh; ag tathant ar an gCoimisiún tuilleadh maoinithe struchtúraigh de chuid AE a chur ar fionraí sna réigiúin ina n-úsáidfí é le haghaidh gníomhaíochtaí frith-LADTI+ a sháraíonn luachanna AE; á iarraidh ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin i gcomhthéacs na héisteachta atá á reáchtáil aici faoi láthair maidir leis an staid sa Pholainn;

14. á iarraidh ar Rialtas na Polainne gnéaschlaonadh, féiniúlacht inscne agus tréithe gnéis a áireamh mar shaintréith phearsanta faoi chosaint sa Chód Coiriúil chun cearta gach duine LADTI+ sa Pholainn a áirithiú;

15. á iarraidh go mbeidh oideachas cuimsitheach gnéasachta ann sa Pholainn i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta, arb oideachas é a bheidh iomchuí ó thaobh aoise de agus a bheidh i gcoinne an idirdhealaithe, chun an homafóibe, dearcthaí idirdhealaitheacha, steiréitíopaí inscne agus míthuiscintí faoin ngnéasacht agus faoin tsláinte atáirgthe a chomhrac; á iarraidh ar rialtas na Polainne a áirithiú go mbeidh rochtain ag daoine óga ar oideachas gnéasachta agus frith-idirdhealaithe sa churaclam scoile, ar oideachas é a bheidh cuimsitheach, oiriúnach ó thaobh aoise de agus fianaise-bhunaithe, i gcomhréir le caighdeáin Eorpacha agus idirnáisiúnta, agus a áirithiú go dtabharfar tacaíocht do mhúinteoirí nó oideoirí cáilithe chun an t-oideachas sin a sholáthar ar bhealach fíorasach agus oibiachtúil; á iarraidh ar údaráis na Polainne staonadh ó bheartas a ghlacadh atá contrártha do na cuspóirí sin, agus ó aon ghníomhaíocht araíonachta a dhéanamh in aghaidh na múinteoirí agus na n-oideoirí mar gheall ar an méid a bhíonn á theagasc acu maidir le gnéasacht agus frith-idirdhealú, nó dímheas a cheadú ar na múinteoirí agus na hoideoirí sin:

16. á iarraidh ar údaráis na Polainne na moltaí a rinne Parlaimint na hEorpa ina rún an 14 Samhain 2019 maidir le coiriúlú an ghnéasoideachais sa Pholainn[123] a chomhlíonadh, chomh maith leis na moltaí sin ó Chomhairle na hEorpa agus ó EDS;

17. á chur in iúl go gcreideann sí gur cheart go mbeadh toiliú na Parlaiminte do CAI 2021-2027, lena n-áirítear an Clár um Chearta agus Luachanna, coinníollach ar bheith ag cloí le luachanna an Aontais Eorpaigh; á athdhearbhú a hiarrata go mbeidh sásra ann chun buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe i ndáil leis an smacht reachta sna Ballstáit agus go bhfuil sí réidh gan a toiliú a thabhairt don CAI mura dtiocfar ar chomhaontú polaitiúil maidir le sásra den sórt sin; á iarraidh ar údaráis na Polainne maoiniú leordhóthanach a áirithiú trí bhíthin ionstraimí ar leibhéal an Aontais amhail an CAI agus treoirthionscadail eile chun an CAI a chur ar fáil d’eagraíochtaí um chearta bunúsacha, lena n-áirítear cearta na mban agus eagraíochtaí LADTI+, agus aghaidh a thabhairt ar an maorlathú agus na srianta cistiúcháin atá ag dul i méid maidir le heagraíochtaí um chearta bunúsacha, lena n-áirítear eagraíochtaí um chearta na mban agus cearta gníomhaithe.


PROCEDURE – COMMITTEE ASKED FOR OPINION

Title

Determination of a clear risk of a serious breach by the Republic of Poland of the rule of law

References

2017/0360R(NLE)

Committee responsible

 

LIBE

 

 

 

 

Opinion by

 Date announced in plenary

FEMM

27.5.2020

Rapporteur

 Date appointed

Evelyn Regner

27.4.2020

Date adopted

3.7.2020

 

 

 

Result of final vote

+:

–:

0:

24

6

3

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

24

+

RE

Abir Al-Sahlani, Samira Rafaela, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans, Chrysoula Zacharopoulou

GUE/NGL

Eugenia Rodríguez Palop, Elena Kountoura

PPE

Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Arba Kokalari, Sirpa Pietikäinen, Christine Schneider, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

S&D

Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Maria Noichl, Pina Picierno, Evelyn Regner

GLASAIGH/ALE

Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ernest Urtasun, Alice Kuhnke

 

6

-

ID

Christine Anderson, Simona Baldassarre, Annika Bruna, Isabella Tovaglieri

ECR

Margarita de la Pisa Carrión, Jadwiga Wiśniewska

 

3

0

PPE

Rosa Estaràs Ferragut, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Lívia Járóka

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Cinneadh maidir le riosca soiléir a chinneadh go ndéanfaidh poblacht na Polainne sárú tromchúiseach ar an smacht reachta

Tagairtí

2017/0360R(NLE)

Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú

7.5.2020

 

 

 

An Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

LIBE

27.5.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFCO

27.5.2020

FEMM

27.5.2020

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

AFCO

8.6.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Juan Fernando López Aguilar

14.10.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

13.7.2020

14.7.2020

 

 

Dáta an ghlactha

16.7.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

52

15

0

Feisirí a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Konstantinos Arvanitis, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Lena Düpont, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Juan Fernando López Aguilar, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Martin Sonneborn, Sylwia Spurek, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Bartosz Arłukowicz, Malin Björk, Delara Burkhardt, Gwendoline Delbos-Corfield, Nathalie Loiseau, Erik Marquardt, Sira Rego, Domènec Ruiz Devesa, Paul Tang, Hilde Vautmans, Tomáš Zdechovský

Dáta don chur síos

20.7.2020

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

52

+

PPE

Magdalena Adamowicz, Bartosz Arłukowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Javier Zarzalejos, Tomáš Zdechovský

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Delara Burkhardt, Caterina Chinnici, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Juan Fernando López Aguilar, Marina Kaljurand, Javier Moreno Sánchez, Domènec Ruiz Devesa, Sylwia Spurek, Paul Tang, Bettina Vollath, Elena Yoncheva

RENEW

Abir Al-Sahlani, Sophia in 't Veld, Fabienne Keller, Moritz Körner, Nathalie Loiseau, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Hilde Vautmans

GLASAIGH/ALE

Saskia Bricmont, Damien Carême, Gwendoline Delbos-Corfield, Erik Marquardt, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik

GUE/NGL

Konstantinos Arvanitis, Malin Björk, Clare Daly, Sira Rego

NI

Laura Ferrara, Martin Sonneborn

 

15

-

PPE

Balázs Hidvéghi, Lívia Járóka

ID

Nicolas Bay, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Marcel De Graaff, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

ECR

Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska

NI

Milan Uhrík

 

0

0

 

 

 

 

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 31 Lúnasa 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais