TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
20.7.2020 - (COM(2019)0208 – C9‑0009/2019 – 2019/0101(COD)) - ***I
An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir: Esther de Lange
Rapóirtéir don tuairim (*):
Anna Cavazzini, an Coiste
um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
(COM(2019)0208 – C9‑0009/2019 – 2019/0101(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0208),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0009/2019),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 25 Meán Fómhair 2019[1],
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra agus ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0139/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ceanglaítear ar fheithiclí saothair éadroim nua teorainneacha astaíochta áirithe (caighdeáin Euro 5 agus Euro 6) a chomhlíonadh agus leagtar síos ceanglais bhreise maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí. Na forálacha teicniúla sonracha ba ghá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme, is i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008,16 ón gCoimisiún a leagadh amach iad agus ina dhiaidh sin i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1151 ón gCoimisiún.17 |
(2) Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ceanglaítear ar fheithiclí saothair éadroim nua teorainneacha astaíochta áirithe (caighdeáin Euro 5 agus Euro 6) a chomhlíonadh agus leagtar síos ceanglais bhreise maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, arna leasú agus arna chomhdhlúthú tuilleadh le Rialachán (AE) 2018/85815a a bhfuil feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2020. Na forálacha teicniúla sonracha ba ghá chun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ón gCoimisiún a chur chun feidhme leagadh amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 692/200816 agus ina dhiaidh sin, i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1151 ón gCoimisiún.17 |
__________________ |
__________________ |
|
15a Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1). |
16 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1). |
16 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1). |
17 Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1). |

Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) De réir a chéile, tá géaraithe go mór ar na ceanglais chineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí trí chaighdeáin Euro a thabhairt isteach agus a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil laghduithe móra bainte amach ag feithiclí i gcoitinne ó thaobh astaíochtaí na dtruailleán rialáilte de, níorbh amhlaidh cás na n-astaíochtaí NOx ó innill díosail ná cáithníní ó innill ghásailín insteallta dhírigh, arna suiteáil i bhfeithiclí saothair éadroim go háirithe. Is gá, dá bhrí sin, bearta a dhéanamh chun an scéal sin a réiteach. |
(3) De réir a chéile, tá géaraithe go mór ar na ceanglais chineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí trí chaighdeáin Euro a thabhairt isteach agus a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil laghduithe móra bainte amach ag feithiclí i gcoitinne ó thaobh astaíochtaí na dtruailleán rialáilte de, níorbh amhlaidh cás na n-astaíochtaí NOx ó innill díosail ná cáithníní ó innill ghásailín insteallta dhírigh, arna suiteáil i bhfeithiclí saothair éadroim go háirithe. Is gá, dá bhrí sin, gníomhaíochtaí a dhéanamh chun an cás sin a réiteach. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Measadh i dTuarascáil 2019 maidir le Cáilíocht Aeir1d a d’fhoilsigh an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (EEA) gurb nochtadh fadtéarmach ar thruailliú aeir ba chúis le níos mó ná 506 000 bás anabaí in AE-28 in 2016. Deimhníodh sa tuarascáil freisin gur lean an t-iompar de bhóthar de bheith mar phríomhfhoinse astaíochtaí NOxx in AE-28 in 2017, arb ionann é agus thart ar 40 % d’astaíochtaí NOx iomlána AE, agus gur feithiclí arna gcumhachtú ag díosal a ghineann thart ar 80 % d’astaíochtaí NOx iomlána ó iompar de bhóthar; |
|
__________________ |
|
1a EEA Air Quality in Europe 2019 report. [Cáilíocht an Aeir san Eoraip – tuarascáil 2019]. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3b) Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí chun iontaoibh tomhaltóirí a athbhunú. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3c) Tá sé léirithe ag sáruithe a rinne monaróirí le déanaí ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, lena n-áirítear sáruithe ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, a laige atá na sásraí rialaithe agus forfheidhmithe. Níor tugadh cúiteamh sásúil do thomhaltóirí, mar fiú i gcásanna inar deonaíodh cúiteamh, is annamh a tugadh feithiclí i gcomhréir le caighdeáin Euro 5 agus Euro 6. Ós rud é go bhfuil líon na dtoirmeasc ar fheithiclí díosail i gcathracha na hEorpa ag dul i méid agus go bhfuil tionchar aige sin ar shaol laethúil na saoránach, d’fhéadfaí bearta cúitimh leormhaithe a ghlacadh, amhail teicneolaíocht oiriúnaithe chun gáis sceite a chóireáil (athrú crua-earraí) a shuiteáil i bhfeithiclí neamhchomhlíontacha nó, i gcás inar mian leis an tomhaltóir feithicil a ceannaíodh a mhalartú ar mhúnla níos glaine, préimheanna tiontaithe a thairiscint. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Mar thoradh air sin, cheap an Coimisiún modheolaíocht nua le tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí faoi dhálaí fíorthiomána, an nós imeachta tástála astaíochtaí fíorthiomána (RDE). Tugadh isteach an nós imeachta tástála RDE le Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún18 agus le Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún19, rud a tugadh isteach ina dhiaidh sin i Rialachán (AE) 2017/1151 agus a feabhsaíodh tuilleadh le Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún.. |
(5) Mar thoradh air sin, cheap an Coimisiún modheolaíocht nua le tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí faoi dhálaí fíorthiomána, an nós imeachta tástála astaíochtaí fíorthiomána (RDE). Tugadh isteach an nós imeachta tástála RDE le Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún18 agus le Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún19, rud a tugadh isteach ina dhiaidh sin agus a feabhsaíodh tuilleadh i Rialacháin (AE) 2017/1151 2017/115420 agus (AE) 2018/1832 ón gCoimisiún20a. |
__________________ |
__________________ |
18 Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 82, 31.03.2016, lch. 1). |

19 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch.1). |

20 Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí fíorthiomána ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 175, 07.07.2017, lch. 708). |

20aRialachán (AE) 2018/1832 an 5 Samhain 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún chun na tástálacha agus na nósanna imeachta cineálcheadaithe i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála a fheabhsú, lena n-áirítear na tástálacha agus na nósanna imeachta sin a bhaineann le comhréireacht inseirbhíse agus astaíochtaí fíorthiomána agus chun gairis a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla agus fuinnimh leictrigh, IO L 301, 27.11.2018, lch. 1. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Le Rialachán (AE)21 2016/646 tugadh isteach na dátaí a chuirfear an nós imeachta tástála RDE i bhfeidhm, chomh maith leis na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE. Chun na críche sin, úsáideadh fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith chun aird a thabhairt ar neamhchinnteachtaí staitistiúla agus teicniúla na dtomhas a rinneadh trí bhíthin Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). |
(6) Le Rialachán (AE) 2016/646 tugadh isteach na dátaí a chuirfear an nós imeachta tástála RDE i bhfeidhm, chomh maith leis na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE. Roghnaíodh tabhairt isteach na ndátaí le haghaidh feithiclí paisinéirí agus feithiclí saothair éadroim i seicheamh bliantúil chun pleanáil thráthúil a áirithiú do mhonaróirí gach grúpa feithiclí. Chun na críche sin, tugadh isteach fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith chun aird a thabhairt ar neamhchinnteachtaí staitistiúla agus teicniúla na dtomhas a rinneadh trí bhíthin Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(6a) De réir thuarascáil EEA ó 2016, bhí trí fhachtóir go príomha ann ba chúis leis an mbearna idir fíor-astaíochtaí agus astaíochtaí saotharlainne: nós imeachta tástála as dáta, solúbthachtaí sa nós imeachta reatha agus fachtóirí atá in úsáid atá spleách ar an tiománaí. Tá staidéar ag teastáil chun an lámháil atá ann mar gheall ar an stíl tiomána agus ar an teocht taobh amuigh a bhunú. Ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir na fachtóirí, an lámháil a bhaineann le feiste agus lámháil an fhachtóra le linn úsáide atá spleách ar an tiománaí agus ar an teocht. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) An 13 Nollaig 2018, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas sna Cásanna Uamtha T-339/16, T-352/16 agus T-391/1622 maidir le caingean le haghaidh neamhniú Rialachán (AE) 2016/646. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an chuid sin de Rialachán (AE) 2016/646 lenar bunaíodh na fachtóirí comhréireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na teorainneacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 á gcomhlíonadh ag torthaí tástálacha RDE. Shuigh an Chúirt gurb é an reachtóir agus é sin amháin a d’fhéadfadh na fachtóirí comhréireachta sin a thabhairt isteach óir bhain siad le heilimint riachtanach de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. |
(7) An 13 Nollaig 2018, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas sna Cásanna Uamtha T-339/16, T-352/16 agus T-391/1622 maidir le caingean le haghaidh neamhniú Rialachán (AE) 2016/646. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an chuid sin de Rialachán (AE) 2016/646 lenar bunaíodh na fachtóirí comhréireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na teorainneacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 á gcomhlíonadh ag torthaí tástálacha RDE. Shuigh an Chúirt gurb é an reachtóir agus é sin amháin a d’fhéadfadh na fachtóirí comhréireachta sin a thabhairt isteach óir bhain siad le heilimint riachtanach de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus "mar thoradh ar leasú de facto ar na teorainneacha ar astaíochtaí ocsaídí nítrigine atá leagtha síos do chaighdeáin Euro 6, cé go mbeidh feidhm ag na teorainneacha sin maidir leis na tástálacha sin”. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Níor cheistigh an Chúirt Ghinearálta an chúis theicniúil atá leis na fachtóirí comhréireachta. Dá bhrí sin, agus ó tharla go bhfuil neamhréireacht ann fós idir na hastaíochtaí a thomhaistear le linn na fíorthiomána agus na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann, is iomchuí na fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. |
(8) D’ardaigh an Chúirt Ghinearálta amhras faoi “an bhfuil bunús maith le spleáchas an Choimisiúin ar earráidí staidrimh a d’fhéadfadh a bheith ann”, go háirithe maidir le fachtóir comhréireachta sealadach 2,1 agus dúirt sí “go gceartaítear éiginnteachtaí staidrimh trí ionadaíochas an tsampla nó na tástála nó de réir mhéid na tástála”. Ina theannta sin, maidir leis an lámháil éiginnteachta teicniúla a tugadh isteach, dhearbhaigh an Chúirt “go bhfuil sé dodhéanta a chinneadh, tar éis tástáil RDE, an gcomhlíonann an fheithicil atá á tástáil na teorainneacha dlíthiúla nó an bhfuil sí gar dóibh féin fiú”. Tá lámháil éiginnteachta teicniúla ag aon trealamh tomhais, agus maidir le trealamh PEMS, mar gheall ar úsáid an trealaimh sin i ndálaí athraitheacha, fuarthas amach go bhfuil lámháil beagán níos mó aige i gcomparáid le trealamh saotharlainne nach bhfuil soghluaiste, cé gur féidir astaíochtaí ró-mheasta agus gannmheasta a bheith i gceist leis sin i ndáiríre. Ó tharla go bhfuil neamhréireacht ann fós idir na hastaíochtaí a thomhaistear le linn na fíorthiomána agus na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann, is iomchuí na fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach go sealadach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) Ina rún an 28 Márta 2019 maidir leis na forbairtí is déanaí i scannal 'Dieselgate' chuir Parlaimint na hEorpa in iúl gur geal léi rialú na Cúirte Ginearálta, agus d’iarr sí go sainráite ar an gCoimisiún gan aon fhachtóir nua comhréireachta a thabhairt isteach chun a áirithiú nach ndéanfar caighdeáin Euro 6 a mhaolú tuilleadh agus go gcomhlíonfar iad ina ionad sin faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, dár foráladh ar dtús i Rialachán (CE) 715/2007. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Chun caoi a thabhairt do dhéantóirí ar na teorainneacha astaíochta Euro 6 a chomhlíonadh i gcomhthéacs nós imeachta tástála RDE, ba cheart na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE a thabhairt isteach in dhá chéim. Le linn na chéad chéime, arna iarraidh sin don déantóir, ba cheart fachtóir comhréireachta a bheith i bhfeidhm, ach ní úsáidfear ach an fachtóir comhréireachta deiridh mar an dara céim. Ba cheart don Choimisiún na fachtóirí comhréireachta deiridh a choimeád faoi athbhreithniú i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil. |
(9) Chun caoi a thabhairt do dhéantóirí ar na teorainneacha astaíochta Euro 6 a chomhlíonadh i gcomhthéacs an nós imeachta tástála RDE, ba cheart na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE a thabhairt isteach in dhá chéim. Le linn na chéad chéime, arna iarraidh sin don déantóir, ba cheart fachtóir comhréireachta a bheith i bhfeidhm, ach ní úsáidfear ach an fachtóir comhréireachta deiridh mar an dara céim. Ba cheart feidhm a bheith ag an bhfachtóir comhréireachta deiridh le linn idirthréimhse agus ba cheart lamháil a bheith san áireamh ann lena léirítear an éiginnteacht bhreise tomhais a bhaineann le tabhairt isteach PEMS. Ba cheart don Choimisiún measúnú leanúnach a dhéanamh ar an bhfachtóir comhréireachta sin i bhfianaise dul chun cinn teicniúil agus é a choigeartú síos go bliantúil ar bhonn fianaise eolaíoch, cruinneas feabhsaithe an nós imeachta tomhais agus dul chun cinn teicniúil PEMS. Ba cheart an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile agus scor d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022. |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
|
(9a) Ba cheart don Choimisiún ceanglais níos déine a bhunú faoi mhí an Mheithimh 2021 ar a dhéanaí maidir le trealamh tomhais PEMS a d’fhéadfaí a úsáid le haghaidh tástálacha RDE. Ba cheart a chur san áireamh leis na caighdeáin a bhunaítear, i gcás inar féidir, aon eilimintí ábhartha den chaighdeánú arna bhforbairt ag CEN bunaithe ar an trealamh PEMS is fearr atá ar fáil. |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9b) Cé go ndéileáiltear sa togra seo leis an bhfachtóir comhréireachta, tá sé tábhachtach a chur i dtreis go bhfuiltear le déileáil le saincheist na gcaighdeán teorainneacha astaíochta i gcomhthéacs an togra atá beartaithe maidir le hiar-Euro 6. Chun dul chun cinn tapa a áirithiú i dtreo luachanna teorantacha astaíochta agus cáilíocht fheabhsaithe aeir do shaoránaigh an Aontais amach anseo a ghlacadh (iar – Euro 6), tá sé ríthábhachtach go ndéanfaidh an Coimisiún, i gcás inarb iomchuí, togra reachtach a thíolacadh chun na críche sin a luaithe is féidir agus faoi mhí an Mheithimh 2021 ar a dhéanaí, mar a fógraíodh sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 maidir le “Margadh Glas na hEorpa”, lena gcuirtear béim ar an ngá atá le hathrú go soghluaisteacht inbhuanaithe agus chliste agus lena n-áirithítear bealach i dtreo soghluaisteacht astaíochtaí nialasacha. Níor cheart aon fhachtóirí comhréireachta a úsáid i gcur chun feidhme na gcaighdeán iar-Euro 6. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 c (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9c) Chun táirgeoirí a spreagadh dearcadh réamhghníomhach ar son an chomhshaoil a bheith acu, ba cheart na nuálaíochtaí teicneolaíochta nua atá ceaptha NOx a ionsú a thástáil, a chainníochtú agus a mheas san athbhreithniú a dhéanfar ina dhiaidh sin ar chaighdeáin Euro. |
Leasú 16
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 10
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(10) Le Conradh Liospóin tugadh deis don reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. I bprionsabal, freagraíonn na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean cumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) CFAE, dóibh sin a chumhdaítear leis an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a bhunaítear le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle23. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, na forálacha sin de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint d’Airteagal 290 CFAE. |
(10) Le Conradh Liospóin tugadh deis don reachtóir cumhacht a tharmligean chuig an gCoimisiún chun gníomhartha neamhreachtacha a bhfuil feidhm ghinearálta leo a ghlacadh chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe de ghníomh reachtach a fhorlíonadh nó a leasú. I bprionsabal, freagraíonn na bearta is féidir a chumhdach le tarmligean cumhachtaí, dá dtagraítear in Airteagal 290(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), dóibh sin a chumhdaítear leis an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a bhunaítear le hAirteagal 5a de Chinneadh 1999/468/CE ón gComhairle23. Dá bhrí sin, tá sé riachtanach, na forálacha sin de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 lena ndéantar foráil maidir le húsáid an nós imeachta rialála lena ngabhann grinnscrúdú a chur in oiriúint d’Airteagal 290 CFAE. |
_________________ |
_________________ |
23 Cinneadh 1999/468/CE ón gComhairle an 28 Meitheamh 1999 lena leagtar síos na nósanna imeachta maidir le feidhmiú na gcumhachtaí cur chun feidhme arna dtabhairt don Choimisiún (IO L 184, 17.7.1999, lch. 23). |

Leasú 17
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide atá ar dhéantóir rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe a chur ar fáil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí; nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a athbhreithniú chun íslithe chun an dul chun cinn teicniúil i PEMS a léiriú, agus na luachanna teorantacha atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach an Coimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thar gach ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(11) Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide atá ar mhonaróir rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe a chur ar fáil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí; agus nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. D’ainneoin na tréimhse giorra idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aisghairm na bhforálacha maidir le faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil (FDC) le Rialachán (AE) 2018/858, chun críocha na deimhneachta dlíthiúla agus chun a áirithiú go mbeidh gach rogha ar fáil don reachtóir, ba cheart a áireamh sa tarmligean freisin na bearta is gá chun oibleagáid an mhonaróra rochtain neamhshrianta agus chaighdeánaithe a sholáthar ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun an fachtóir comhréireachta a athbhreithniú anuas go bliantúil chun cáilíocht fheabhsaithe an nós imeachta tomhais nó an dul chun cinn teicniúil maidir le PEMS a léiriú, agus na teorainnluachanna atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus teorainnluachanna atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr1a. Go háirithe, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
|
_________________ |
|
1a IO L 123, 12.5.2016, lch. 1. |
Réasúnú
Tá an lamháil earráide faoi réir athbhreithniú bliantúil agus is féidir athbhreithniú a dhéanamh uirthi mar thoradh ar cháilíocht fheabhsaithe nós imeachta PEMS nó an dul chun cinn teicniúil
Leasú 18
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 3 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh, déanfar na luachanna astaíochta a shuitear in aon tástáil bhailí astaíochtaí fíorthiomána (RDE) a roinnt ar an bhfachtóir comhréireachta infheidhme a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I. Beidh an toradh fós faoi bhun na dteorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn sin. |
Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh, déanfar na luachanna astaíochta a shuitear in aon tástáil bhailí astaíochtaí fíorthiomána (RDE) a roinnt ar an bhfachtóir comhréireachta infheidhme mar a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I. Beidh an toradh fós faoi bhun na dteorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn sin. Déanfar an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile trí athbhreithnithe anuas bliantúla, bunaithe ar mheasúnuithe ó JRC. Scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022. |
Leasú 19
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 4 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 5 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’astaíochtaí deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi gur féidir leis an bhfeithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh.; |
1. Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’astaíochtaí deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi gur féidir leis an bhfeithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ráthóidh an déantóir iontaofacht na bhfeistí rialaithe truaillithe freisin agus beidh sé mar aidhm aige an riosca a laghdú a bhaineann le goid na bhfeistí nó iad a úsáid ar bhealach míchuí. |
Leasú 20
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun Airteagal 6 agus Airteagal 7 a fhorlíonadh. Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a shainmhíniú a bhaineann leis an dóigh ina soláthrófar faisnéis DAB agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí agus na sonraíochtaí sin a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna. |
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun Airteagail 6 agus 7 a fhorlíonadh. Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an gcaoi a soláthrófar faisnéis OBD agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a shainiú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna, micrifhiontar agus oibreoirí féinfhostaithe. |
Réasúnú
Tá gá leis an leasú chun feabhas a chur ar an raon feidhme.
Leasú 21
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 10 – mír 4 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Le linn aon tástáil bhailí RDE, is tríd an bhfachtóir comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith, agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1), a chur san áireamh a thabharfar chun feasa na luachanna teorantacha Euro 6 a bheith á gcomhlíonadh nó a mhalairt. |
Le linn aon tástáil bhailí RDE, is tríd an bhfachtóir comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith, agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I i gcomhréir leis an dara fomhír d’Airteagal 4(1), a chur san áireamh a shuífear an bhfuil na luachanna teorantacha Euro 6 á gcomhlíonadh. Déanfar an fachtóir comhréireachta a ísliú de réir a chéile trí athbhreithnithe anuas bliantúla, bunaithe ar mheasúnuithe ó JRC. Scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige faoin 30 Meán Fómhair 2022. |
Leasú 22
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 7 – pointe b
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 10 – mír 5 – fomhír 2

Leasú 23
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh. 715/2007
Airteagal 14 – mír 3 agus mír 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
3. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a: |
3. Déanfaidh an Coimisiún,tráth nach déanaí ná an 1 Meitheamh 2021, gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena bhforlíontar an Rialachán seo chun na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais a oiriúnú chomh maith leis na timthriallta tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas chun léiriú leordhóthanach a thabhairt ar fhíorastaíochtaí tiomána faoi ghnáthchoinníollacha úsáide, lena n-áirítear inter alia coinníollacha teochta agus teorann, laghdú a dhéanamh ar an sruth freagairt nialasach agus aghaidh a thabhairt ar cháithníní guaiseacha i gcáithníní a bheidh mar thoradh ar ghlanadh scagtha, agus aon ghnéithe caighdeánaithe ábhartha arna bhforbairt ag CEN agus atá bunaithe ar an trealamh is fearr atá ar fáil á gcur san áireamh. |
(a) lena bhforlíontar an Rialachán seo chun na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais, chomh maith leis na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas, a oiriúnú chun go léireofar astaíochtaí fíorthiomána go leormhaith; |
|
(b) an Rialachán seo a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil. |
|
|
3a. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a lena leasaítear an Rialachán seo a leasú chun na fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil agus chun iad a athbhreithniú anuas. |
Leasú 24
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 5 – mír 1
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Iarscríbhinn I – tábla 2a – ró 2
|
||||||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
||||||||
CF truailleán-deiridh (2) |
1,43 |
1,5 |
- |
- |
- |
|||
(2) Is é CF truailleán-deiridh an fachtóir comhréireachta a úsáidtear chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 á gcomhlíonadh trí aird a thabhairt ar na héiginnteachtaí teicniúla a ghabhann le húsáid na gCóras Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). |
||||||||
|
||||||||
Leasú |
||||||||
CF truailleán-deiridh (2) |
1 + lámháil (lámháil = 0,32*) |
1 + lámháil (lámháil = 0,5*) |
- |
- |
- |
|||
* le hathbhreithniú anuas ar bhonn mheasúnú an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde ar a laghad uair sa bhliain |
||||||||
(2) Is é CF truailleán-deiridh an fachtóir comhréireachta a úsáidtear chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 faoi idirthréimhse á gcomhlíonadh trí aird a thabhairt ar na héiginnteachtaí teicniúla breise a ghabhann le tabhairt isteach na gCóras Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). Dá bhrí sin, déantar é a shloinneadh mar 1 + lamháil tomhais éiginneachta. Faoin 30 Meán Fómhair 2022 beidh an lámháil ag nialas, agus scoirfidh an fachtóir comhréireachta d’fheidhm a bheith aige. |
||||||||
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
An 13 Nollaig 2018, rinne Cúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún a neamhniú go páirteach. Cuirtear in iúl sa bhreithiúnas nach raibh[2] aon chumhacht ag an gCoimisiún Eorpach fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar na teorainneacha astaíochta a bheith á gcomhlíonadh ag an bhfeithicil le linn tástáil astaíochtaí fíorthiomána (RDE) díreach trína chuid cumhachtaí cur chun feidhme a úsáid chun leasú a dhénamh ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6). Ós rud é gur rialaigh an Chúirt gur cheart fachtóirí comhréireachta a ghlacadh tríd an ngnáthnós imeachta reachtach, ghlac an Coimisiún Eorpach togra reachtach an 14 Meitheamh 2019 chun leasú a dhéanamh ar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, lena n-aischuirtear na fachtóirí comhréireachta a glacadh cheana i Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún.
Tá an Rapóirtéir den tuairim go bhfuil sé iomchuí go n-aischuirfí fachtóirí comhréireachta ina bhfuil na ceanglais go gcomhlíonfadh an fheithicil caighdeáin Euro 5 agus 6 de na teorainneacha astaíochta, nach bhféadfar a shárú, a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 agus an lamháil earráide a thagann as éiginnteachtaí staitistiúla agus teicniúla na gCóras Iniompartha chun Astaíochtaí a Thomhas (PEMS). Tá leasuithe á dtabhairt isteach ag an Rapóirtéir chun a shoiléiriú go gcuimsíonn an fachtóir comhréireachta na teorainneacha astaíochta agus an lamháil earráide a bhaineann le feistí. Sa bhreis air sin, tugann an Rapóirtéir de chumhacht don Choimisiún athbhreithniú anuas a dhéanamh go bliantúil ar na fachtóirí comhréireachta mar thoradh ar cháilíocht fheabhsaithe an nós imeachta nó an dul chun cinn teicniúil maidir le PEMS. Thairis sin, iarrann an Rapóirtéir ar an gCoimisiún a thogra iar-Euro 6 a thíolacadh faoi lár na bliana 2021 ag cur san áireamh torthaí an Choiste Eorpaigh um Chaighdeánú (CEN TC301) maidir le dréacht-chaighdeán idirnáisiúnta chun measúnú a dhéanamh ar threalamh PEMS.
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (19.2.2020)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
(COM(2019)0208 – C9‑0009/2019 – 2019/0101(COD))
Rapóirtéir don tuairim (*): Anna Cavazzini
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
RÉASÚNÚ GEARR
Baineann an ghné lárnach den togra reachtach seo le fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar theorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i reachtaíocht AE a bheith á gcomhlíonadh ag feithiclí le linn tástálacha Astaíochtaí Fíorthiomána (RDE). Is é an argóint atá déanta ag an gCoimisiún chun a leithéid d’fhachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach ná go bhfuil gá leo chun laghdú a dhéanamh ar na neamhréireachtaí atá idir na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann agus na hastaíochtaí a thomhaistear le linn fíorthiomána. Tháinig ann don togra seo tar éis do Chúirt Ghinearálta Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh rialú a eisiúint maidir leis an leasú ar noirm Euro 6 trí ghníomh tarmligthe trína chur in iúl go ndéanfadh sí leasú ar bhunghné den reachtaíocht, i.e. na teorainneacha d’astaíochtaí NOx a mhéadú go saorga trí fhachtóir comhréireachta a thabhairt isteach. Dheimhnigh an Chúirt Bhreithiúnais, dá bhrí sin, go mbeadh nós imeachta reachtach rialta ag teastáil lena aghaidh sin.
Tá an Rapóirtéir den tuairim gur comhartha mícheart é fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach do thomhais RDE tráth ag a bhfuil gá le gníomhaíocht phráinneach chun gur féidir leis na Ballstáit an Treoir maidir le Cáilíocht an Aeir (2008/50/CE) a chomhlíonadh agus chun a chinntiú go gcomhlíonfar teorainneacha astaíochta Euro 6 faoi ghnáthdhálaí. Ba cheart do mhonaróirí carranna tús a chur le feithiclí a dhearadh a chomhlíonann na teorainneacha astaíochta a leagtar síos sa reachtaíocht agus níor cheart go ligfí dóibh éalú ó na hoibleagáidí atá orthu. Thairis sin, tagann éiginnteacht chun cinn ó thaobh na ngníomhaíochtaí formheasa agus faireachais margaidh de trí lamháil earráide a thabhairt isteach lena ndéantar deacair é, a bheag nó a mhór, cinneadh a dhéanamh cé acu an gcomhlíonann feithiclí na caighdeáin chomhaontaithe nó nach gcomhlíonann. Ní dhéantar tagairt sa dréacht-tuairim uaithi, áfach, do na gnéithe comhshaoil sa téacs dlíthiúil, i.e. fachtóirí comhréireachta; ar gnéithe iad a thagann faoi inniúlacht ENVI, i gcomhréir leis an gcomhaontú ar thángthas air idir beirt Chathaoirleach an Choiste, cé go gcuireann sí na húdair chéanna imní in iúl is atá thuasluaite. Baineann inniúlacht eisiach IMCO leis an bhFaisnéis faoi Dheisiú agus faoi Chothabháil faoi Chaibidil III de Rialachán 715/2007/AE, ar caibidil í a leasaítear agus a chomhdhlúthaítear i Rialachán 858/2018. Is de chineál teicniúil iad na leasuithe a bhaineann leis na codanna sin dá bhrí sin.
Maidir leis na forálacha ina sonraítear na coinníollacha maidir le cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún (Airteagal 1(11) [Airteagal 14a]), is é moladh an Rapóirtéara go ngiorrófaí an tréimhse ó chúig bliana go dtí dhá bhliain chun a mheasúnú faoi dheireadh 2022 an bhfuil gá le bearta breise. Gheall an Coimisiún go poiblí go dtabharfaí an fachtóir comhréireachta anuas go dtí a haon chomh luath agus is féidir agus faoi 2023 ar a dhéanaí. Ba cheart na cumhachtaí tarmligthe a bheith i gcomhréir leis an tréimhse chéanna dá bhrí sin.
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ceanglaítear ar fheithiclí saothair éadroim nua teorainneacha astaíochta áirithe (caighdeáin Euro 5 agus Euro 6) a chomhlíonadh agus leagtar síos ceanglais bhreise maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí. Na forálacha teicniúla sonracha ba ghá chun an Rialachán sin a chur chun feidhme, is i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008,16 ón gCoimisiún a leagadh amach iad agus ina dhiaidh sin i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1151 ón gCoimisiún.17 |
(2) Le Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ceanglaítear ar fheithiclí saothair éadroim nua teorainneacha astaíochta áirithe (caighdeáin Euro 5 agus Euro 6) a chomhlíonadh agus leagtar síos ceanglais bhreise maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, a leasaíodh agus a comhdhlúthaíodh tuilleadh le Rialachán (AE) 2018/85815a a bhfuil feidhm aige ón 1 Meán Fómhair 2020. Na forálacha teicniúla sonracha ba ghá chun Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ón gCoimisiún a chur chun feidhme leagadh amach iad i Rialachán (CE) Uimh. 692/200816 agus ina dhiaidh sin, i Rialachán (AE) Uimh. 2017/1151 ón gCoimisiún.17 |
__________________ |
__________________ |
|
15a Rialachán (AE) 2018/858 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le ceadú mótarfheithiclí agus a leantóirí, agus córas, comhpháirteanna agus aonad teicniúil ar leithligh atá ceaptha le haghaidh feithiclí den sórt sin, agus faireachas margaidh orthu, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 715/2007 agus (CE) Uimh. 595/2009 agus lena n-aisghairtear Treoir 2007/46/CE (IO L 151, 14.6.2018, lch. 1). |
16 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1). |
16 Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún an 18 Iúil 2008 lena gcuirtear chun feidhme agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 199, 28.7.2008, lch. 1). |
17 Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1). |
17 Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2017 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún (IO L 175, 7.7.2017, lch. 1). |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3a) Tá sé ríthábhachtach go mbeadh rochtain ag oibreoirí neamhspleácha ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí chun iontaoibh tomhaltóirí a athbhunú. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3 b (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(3b) Tá sé léirithe ag sáruithe a rinne monaróirí le déanaí ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana, lena n-áirítear sáruithe ar na hoibleagáidí dlíthiúla atá orthu faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2007, a laige atá na sásraí rialaithe agus forfheidhmithe. Níor tugadh cúiteamh sásúil do thomhaltóirí, mar fiú i gcásanna inar deonaíodh cúiteamh, is annamh a tugadh feithiclí i gcomhréir le caighdeáin Euro 5 agus Euro 6. Ós rud é go bhfuil líon na dtoirmeasc ar fheithiclí díosail i gcathracha na hEorpa ag dul i méad agus go bhfuil tionchar aige sin ar shaol laethúil na saoránach, d’fhéadfaí bearta cúitimh leormhaithe a ghlacadh, amhail teicneolaíocht oiriúnaithe chun gáis sceite a chóireáil (athrú crua-earraí) a shuiteáil i bhfeithiclí neamhchomhlíontacha nó, i gcás inar mian leis an tomhaltóir feithicil a ceannaíodh a mhalartú ar mhúnla níos glaine, préimheanna tiontaithe a thairiscint. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide atá ar dhéantóir rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe a chur ar fáil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí; nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a athbhreithniú chun íslithe chun an dul chun cinn teicniúil i PEMS a léiriú, agus na luachanna teorantacha atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach an Coimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thar gach ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(11) Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. D’ainneoin na tréimhse giorra idir teacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus aisghairm na bhforálacha maidir le faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil (FDC) le Rialachán (AE) 2018/858, chun críocha na deimhneachta dlíthiúla agus chun a áirithiú go mbeidh gach rogha ar fáil don reachtóir, ba cheart a áireamh sa tarmligean freisin na bearta is gá chun oibleagáid an mhonaróra rochtain neamhshrianta agus chaighdeánaithe a sholáthar ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a chur chun feidhme. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a athbhreithniú chun íslithe chun an dul chun cinn teicniúil i PEMS a léiriú, agus na luachanna teorantacha atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thar gach ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 8 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun Airteagal 6 agus Airteagal 7 a fhorlíonadh. Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an gcaoi a soláthrófar faisnéis OBD agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a shainiú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna.; |
Tabharfar de chumhacht don Choimisiún bearta tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun Airteagail 6 agus 7 a fhorlíonadh. Áireofar leis sin sonraíochtaí teicniúla a bhaineann leis an gcaoi a soláthrófar faisnéis OBD agus faisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí a shainiú agus a thabhairt cothrom le dáta, agus aird faoi leith á tabhairt ar riachtanais shonracha FBManna, micrifhiontar agus oibreoirí féinfhostaithe. |
Réasúnú
Tá gá leis an leasú chun feabhas a chur ar an raon feidhme.
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí |
|||
Tagairtí |
COM(2019)0208 – C9-0009/2019 – 2019/0101(COD) |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 15.7.2019 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
IMCO 15.7.2019 |
|||
Coistí comhlachaithe - dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
19.12.2019 |
|||
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Anna Cavazzini 18.7.2019 |
|||
Pléite sa choiste |
4.12.2019 |
23.1.2020 |
|
|
Dáta an ghlactha |
18.2.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
35 1 3 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Alessandra Basso, Brando Benifei, Hynek Blaško, Vlad-Marius Botoş, Markus Buchheit, Dita Charanzová, Petra De Sutter, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Maria Manuel Leitão Marques, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Leszek Miller, Dan-Ştefan Motreanu, Kris Peeters, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Róża Thun und Hohenstein, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Anna Cavazzini, Krzysztof Hetman, Evžen Tošenovský, Edina Tóth |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
35 |
+ |
ID GUE/NGL NI PPE Renew S&D Verts/ALE |
Alessandra Basso, Markus Buchheit, Virginie Joron, Jean‑Lin Lacapelle Kateřina Konečná, Anne‑Sophie Pelletier Miroslav Radačovský Krzysztof Hetman, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Dan‑Ştefan Motreanu, Kris Peeters, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Róża Thun und Hohenstein, Edina Tóth, Marion Walsmann Andrus Ansip, Vlad‑Marius Botoş, Dita Charanzová, Sandro Gozi Alex Agius Saliba, Brando Benifei, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Maria Manuel Leitão Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Christel Schaldemose Anna Cavazzini, Petra De Sutter, Alexandra Geese, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak |
1 |
- |
ID |
Hynek Blaško |
3 |
0 |
ECR |
Carlo Fidanza, Eugen Jurzyca, Evžen Tošenovský |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (19.2.2020)
chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí
(COM(2019)0208 – C9‑0009/2019 – 2019/0101(COD))
Rapóirtéir don tuairim: Sven Schulze
RÉASÚNÚ GEARR
Tá gá leis an tuairim seo ón gCoiste um Iompar chuig an gCoiste um an gComhshaol, mar an coiste atá freagrach, de thoradh rialú cúirte maidir le dlínse AE.
Leagadh síos i mbreithiúnas an 13 Nollaig 2018 nach raibh sé de cheart fachtóirí comhréireachta don chineálcheadú faoi Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1 a thabhairt isteach tríd an nós imeachta coiste. Ba cheart an gnáthnós imeachta reachtach a úsáid ina ionad. Tá nós imeachta achomhairc in aghaidh an bhreithiúnais sin ar feitheamh. San am céanna, tá cinneadh déanta ag an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh, áfach, chun fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach.
Is díol sásaimh don Rapóirtéir é go bhfuil an Coimisiún ag iarraidh deimhneacht dhlíthiúil agus iontaofacht do mhonaróirí agus do thomhaltóirí a chinntiú leis an togra reachtach seo. Mar chuid de sin, dar leis an Rapóirtéir, is féidir le monaróirí agus tomhaltóirí a bheith ag brath i gcónaí ar na fachtóirí comhréireachta aitheanta ón nós imeachta coiste.
Is mian leis an Rapóirtéir a mholadh go ndeighlfí na fachtóirí comhréireachta go soiléir ó na lamhálacha earráide amach anseo agus tá sé ag moladh leasuithe chuige sin.
_______
1 Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí (IO L 171, 29.6.2007, lch. 1).
LEASUITHE
Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) De réir a chéile, tá géaraithe go mór ar na ceanglais chineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí trí chaighdeáin Euro a thabhairt isteach agus a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil laghduithe móra bainte amach ag feithiclí i gcoitinne ó thaobh astaíochtaí na dtruailleán rialáilte de, níorbh amhlaidh cás na n-astaíochtaí NOx ó innill díosail ná cáithníní ó innill ghásailín insteallta dhírigh, arna suiteáil i bhfeithiclí saothair éadroim go háirithe. Is gá, dá bhrí sin, bearta a dhéanamh chun an scéal sin a réiteach. |
(3) De réir a chéile, tá géaraithe go mór ar na ceanglais chineálcheadaithe a bhaineann le hastaíochtaí ó mhótarfheithiclí trí chaighdeáin Euro a thabhairt isteach agus a athbhreithniú ina dhiaidh sin. Cé go bhfuil laghduithe móra bainte amach ag feithiclí i gcoitinne ó thaobh astaíochtaí na dtruailleán rialáilte de arna gcumhdach faoin gcóras sin, níorbh amhlaidh cás na n-astaíochtaí NOx ó innill díosail ná cáithníní ó innill ghásailín insteallta dhírigh, arna suiteáil i bhfeithiclí saothair éadroim go háirithe. Chun laghdú breise ar astaíochtaí NOx a bhaint amach i ndálaí tiomána réadacha teastaíonn forbairt teicneolaíochtaí nua trí dheimhniú agus caighdeánú feistí PEMS. Ba cheart don Choimisiún an lamháil earráide a choigeartú anuas ar bhonn bliantúil go dtí go sroichfear ardleibhéal cruinnis, rud a léireoidh cáilíocht fheabhsaithe an nós imeachta tomhais agus dul chun cinn teicniúil threalamh PEMS, ach amháin má thugann an Coimisiún údar cuí leis an gcúis nach féidir leis déanamh amhlaidh. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais le haghaidh cineálcheadú a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ar bhonn a chuid taighde féin agus faisnéis sheachtrach, agus shuigh sé gur mó i bhfad na hastaíochtaí a ghintear ó fhíorthiomáint feithiclí Euro 5 nó Euro 6 ar an mbóthar ná na hastaíochtaí a thomhaistear ar an tSraith Nua Eorpach Tiomána (NEDC), go háirithe i dtaca le hastaíochtaí NOx ó fheithiclí díosail. |
(4) Rinne an Coimisiún anailís mhionsonraithe ar na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais le haghaidh cineálcheadú a leagtar amach i Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ar bhonn a chuid taighde féin agus faisnéis sheachtrach, agus shuigh sé gur mó i mbeagnach gach cás na hastaíochtaí a ghintear ó fhíorthiomáint fheithiclí Euro 5 nó Euro 6 ar an mbóthar ná na hastaíochtaí a thomhaistear ó roinnt feithiclí ar an tSraith Nua Eorpach Tiomána (NEDC), go háirithe i dtaca le hastaíochtaí NOx ó fheithiclí díosail. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) Mar thoradh air sin, cheap an Coimisiún modheolaíocht nua le tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí faoi dhálaí fíorthiomána, an nós imeachta tástála astaíochtaí fíorthiomána (RDE). Tugadh isteach an nós imeachta tástála RDE le Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún18 agus le Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún19, rud a tugadh isteach ina dhiaidh sin i Rialachán (AE) 2017/1151 agus a feabhsaíodh tuilleadh le Rialachán (AE) 2017/115420 ón gCoimisiún.. |
(5) Mar thoradh air sin, cheap an Coimisiún modheolaíocht nua le tástáil a dhéanamh ar astaíochtaí ó fheithiclí faoi dhálaí fíorthiomána, an nós imeachta tástála astaíochtaí fíorthiomána (RDE). Tugadh isteach an nós imeachta tástála RDE le Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún18 agus le Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún19, rud a tugadh isteach ina dhiaidh sin agus a feabhsaíodh tuilleadh i Rialacháin (AE) 2017/1151 2017/115420 and (EU) 2018/1832 ón gCoimisiún20a. |
__________________ |
__________________ |
18 Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 82, 31.03.2016, lch. 1). |
18 Rialachán (AE) 2016/427 ón gCoimisiún an 10 Márta 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 82, 31.03.2016, lch. 1). |
19 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1). |
19 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1). |
20 Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí fíorthiomána ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 175, 07.07.2017, lch. 708). |
20 Rialachán (AE) 2017/1154 ón gCoimisiún an 7 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/1151 lena bhforlíontar Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus maidir le rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí, lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) Uimh. 1230/2012 ón gCoimisiún agus lena n-aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 agus Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hastaíochtaí fíorthiomána ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 175, 07.07.2017, lch. 708). |
|
20a Rialachán (AE) 2018/1832 an 5 Samhain 2018 ón gCoimisiún lena leasaítear Treoir 2007/46/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 ón gCoimisiún agus Rialachán (AE) 2017/1151 ón gCoimisiún chun na tástálacha agus na nósanna imeachta cineálcheadaithe i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála a fheabhsú, lena n-áirítear na tástálacha agus na nósanna imeachta sin a bhaineann le comhréireacht inseirbhíse agus astaíochtaí fíorthiomána agus chun gairis a thabhairt isteach chun faireachán a dhéanamh ar ídiú breosla agus fuinnimh leictrigh, IO L 301, 27.11.2018, lch. 1. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) Le Rialachán (AE) 2016/64621 tugadh isteach na dátaí a chuirfear an nós imeachta tástála RDE i bhfeidhm, chomh maith leis na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE. Chun na críche sin, úsáideadh fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith chun aird a thabhairt ar neamhchinnteachtaí staitistiúla agus teicniúla na dtomhas a rinneadh trí bhíthin Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). |
(6) Le Rialachán (AE) 2016/64621 tugadh isteach na dátaí a chuirfear an nós imeachta tástála RDE i bhfeidhm, chomh maith leis na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE. Chun na críche sin, tugadh isteach fachtóirí comhréireachta a bhaineann go sonrach le truailleáin, agus scaradh na lámhálacha earráide chun go gcuirfí i gcuntas neamhchinnteachtaí staitistiúla agus teicniúla thomhas na gCóras Iniompartha chun Astaíochtaí a Thomhas (PEMS). Ba cheart an fachtóir comhréireachta (CF= 1) a scaradh go soiléir ó aon lamháil earráide a bhaineann leis na feistí. |
__________________ |
__________________ |
21 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1). |
21 Rialachán (AE) 2016/646 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2016 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 692/2008 i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 6) (IO L 109, 26.04.2016, lch. 1). |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 7
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(7) An 13 Nollaig 2018, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas sna Cásanna Uamtha T-339/16, T-352/16 agus T-391/1622 maidir le caingean le haghaidh neamhniú Rialachán (AE) 2016/646. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an chuid sin de Rialachán (AE) 2016/646 lenar bunaíodh na fachtóirí comhréireachta a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar an bhfuil na teorainneacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 á gcomhlíonadh ag torthaí tástálacha RDE. Shuigh an Chúirt gurb é an reachtóir agus é sin amháin a d’fhéadfadh na fachtóirí comhréireachta sin a thabhairt isteach óir bhain siad le heilimint riachtanach de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. |
(7) An 13 Nollaig 2018, thug an Chúirt Ghinearálta breithiúnas sna Cásanna Uamtha T-339/16, T-352/16 agus T-391/1622 maidir le caingean le haghaidh neamhniú Rialachán (AE) 2016/646. Neamhnigh an Chúirt Ghinearálta an chuid sin de Rialachán (AE) 2016/646 lenar bunaíodh na fachtóirí comhréireachta agus na lamhálacha earráide a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh i dtaobh an bhfuil na teorainneacha astaíochta a leagtar síos i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 á gcomhlíonadh ag torthaí tástálacha RDE. Shuigh an Chúirt gurb é an reachtóir agus é sin amháin a d’fhéadfadh na fachtóirí comhréireachta sin agus na lamhálacha earráide a thabhairt isteach ós rud é gur bhain siad le heilimint riachtanach de Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. Tá achomhairc in aghaidh an bhreithiúnais sin ar feitheamh. |
__________________ |
__________________ |
22 Breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Ville de Paris, Ville de Bruxelles agus Ayuntamiento de Madrid v an Coimisiún, T-339/16, T-352/16 agus T-391/16, EU:T:2018:927. |
22 Breithiúnas an 13 Nollaig 2018, Ville de Paris, Ville de Bruxelles agus Ayuntamiento de Madrid v an Coimisiún, T-339/16, T-352/16 agus T-391/16, EU:T:2018:927. |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Níor cheistigh an Chúirt Ghinearálta an chúis theicniúil atá leis na fachtóirí comhréireachta. Dá bhrí sin, agus ó tharla go bhfuil neamhréireacht ann fós idir na hastaíochtaí a thomhaistear le linn na fíorthiomána agus na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann, is iomchuí na fachtóirí comhréireachta a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. |
(8) Níor cheistigh an Chúirt Ghinearálta an dlisteanú teicniúil atá leis na fachtóirí comhréireachta agus na lamhálacha earráide. Dá bhrí sin, agus ós rud é go bhfuil neamhréireacht ann fós idir na hastaíochtaí a thomhaistear le linn na fíorthiomána agus na hastaíochtaí a thomhaistear sa tsaotharlann, is iomchuí na fachtóirí comhréireachta ceannann céanna mar aon leis an lamháil earráide agus PEMS in úsáid a thabhairt isteach i Rialachán (CE) Uimh. 715/2007. |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) Chun caoi a thabhairt do dhéantóirí ar na teorainneacha astaíochta Euro 6 a chomhlíonadh i gcomhthéacs nóis imeachta tástála RDE, ba cheart na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE a thabhairt isteach in dhá chéim. Le linn na chéad chéime, arna iarraidh sin don déantóir, ba cheart fachtóir comhréireachta a bheith i bhfeidhm, ach ní úsáidfear ach an fachtóir comhréireachta deiridh mar an dara céim. Ba cheart don Choimisiún na fachtóirí comhréireachta deiridh a choimeád faoi athbhreithniú i bhfianaise an dul chun cinn teicniúil. |
(9) Chun caoi a thabhairt do dhéantóirí ar na teorainneacha astaíochta Euro 6 a chomhlíonadh i gcomhthéacs nóis imeachta tástála RDE, ba cheart na critéir chomhlíontachta le haghaidh RDE a thabhairt isteach in dhá chéim. Le linn na chéad chéime, arna iarraidh sin don déantóir, ba cheart fachtóir comhréireachta a bheith i bhfeidhm, ach ní úsáidfear ach an fachtóir comhréireachta deiridh mar an dara céim. Ba cheart don Choimisiún an lamháil earráide a choimeád faoi athbhreithniú bliantúil agus an dul chun cinn teicniúil maidir le mótarfheithiclí agus Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS) á chur i gcuntas, agus iad a úsáid do ghníomhartha reachtacha amach anseo. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(9 a) Chun éiginnteacht dhlíthiúil maidir le cineálcheaduithe a deonaíodh cheana ón 1 Meán Fómhair 2017 a sheachaint agus maidir le cineálcheaduithe amach anseo, tá sé thar a bheith tábhachtach na fachtóirí comhréireachta agus na lámhálacha earráide go léir a glacadh roimhe seo a athbhunú gan athrú ar an méid foriomlán, de bhrí do bhfuil na feithiclí deartha cheana ag na monaróirí agus an nós imeachta RDE a glacadh cheana á chur i gcuntas. Chun an lámháil earráide a athbhreithniú anuas, iarrtar ar an gCoimisiún aon chaighdeáin arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) a chur san áireamh maidir le nós imeachta caighdeánach chun neamhchinnteacht tomhais RDE maidir le hastaíochtaí gásacha agus cáithníní a mheasúnú. Dá bhrí sin, tabharfaidh an Coimisiún sainordú do CEN Caighdeán Feidhmíochta PEMS a oibriú amach chun lámhálacha earráide aonair Chórais PEM a chinneadh. Sula gcuirfear Caighdeán Feidhmíochta PEMS i bhfeidhm, tá an Coimisiún tiomanta an lámháil earráide a choinneáil faoi athbhreithniú bliantúil agus gan é a thabhairt cothrom le dáta ach amháin nuair a dhéantar feabhsuithe sa teicneolaíocht tomhais. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí; na bearta is gá le haghaidh chur chun feidhme na hoibleagáide atá ar dhéantóir rochtain neamhshrianta chaighdeánaithe a chur ar fáil ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí; nós imeachta tomhais coigeartaithe do cháithníní a ghlacadh. Ba cheart a áireamh thairis sin ar an tarmligean Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a athbhreithniú chun íslithe chun an dul chun cinn teicniúil i PEMS a léiriú, agus na luachanna teorantacha atá bunaithe ar mhais na gcáithníní a athchalabrú agus luachanna teorantacha atá bunaithe ar líon na gcáithníní a thabhairt isteach. Tá sé ríthábhachtach an Coimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thar gach ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
(11) Chun gur féidir leis an gCoimisiún a chion a dhéanamh le cuspóirí an Aontais ó thaobh cháilíocht an aeir de a bhaint amach agus le hastaíochtaí ó fheithiclí a laghdú, ba cheart an chumhacht gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) a tharmligean chuig an gCoimisiún i leith na rialacha mionsonraithe maidir leis na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais shonracha le haghaidh cineálcheadú. Ba cheart a áireamh ar an tarmligean sin Rialachán (CE) Uimh. 715/2007 a fhorlíonadh trí na rialacha athbhreithnithe sin agus ar na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas; na ceanglais le haghaidh chur chun feidhme an toirmisc ar úsáid feistí sáraithe a laghdaíonn éifeachtacht córas rialaithe astaíochtaí. Ba cheart go gcuirfeadh an toscaireacht Rialachán leasaitheach (CE) Uimh. 715/2007 san áireamh sa bhreis air sin chun na lamhálacha earráide a athbhreithniú chun an dul chun cinn teicniúil maidir le PEMS a léiriú. Tá sé ríthábhachtach don Choimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena n-áirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus na comhairliúcháin sin a dhéanamh i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr. Thar gach ní, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna le saineolaithe na mBallstát, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 3 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 4 – mír 1 – fomhír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh, déanfar na luachanna astaíochta a shuitear in aon tástáil bhailí astaíochtaí fíorthiomána (RDE) a roinnt ar an bhfachtóir comhréireachta infheidhme a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I. Beidh an toradh fós faoi bhun na dteorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn sin. |
Áirítear ar na hoibleagáidí sin na teorainneacha astaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a chomhlíonadh. Chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 d’Iarscríbhinn I á gcomhlíonadh, déanfar na luachanna astaíochta a shuitear in aon tástáil bhailí astaíochtaí fíorthiomána (RDE) a roinnt ar an bhfachtóir comhréireachta infheidhme, nó i gcás ina sonrófar, le suim an fhachtóra comhréireachta agus na lamháile earráide is infheidhme a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I. Beidh teorainneacha astaíochta Euro 6 a leagtar amach i dTábla 2 den Iarscríbhinn sin á chomhlíonadh ag an toradh.” |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 4 – pointe a
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 5 – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’astaíochtaí deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi gur féidir leis an bhfeithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh.; |
1. Feisteoidh an déantóir na feithiclí ionas go mbeidh na comhpháirteanna ar dóigh dóibh difear a dhéanamh d’astaíochtaí deartha, déanta agus cóimeáilte sa chaoi gur féidir leis an bhfeithicil, sa ghnáthúsáid, an Rialachán seo a chomhlíonadh. Ráthóidh an déantóir iontaofacht na bhfeistí rialaithe truaillithe freisin agus beidh sé mar aidhm aige an riosca a laghdú a bhaineann le goid na bhfeistí nó iad a úsáid ar bhealach míchuí. |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 14 – mír 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a chun na bearta seo a leanas a ghlacadh ar bhonn thorthaí Chlár Tomhais Cáithníneach UNECE a reáchtáladh faoi choimirce an Fhóraim Dhomhanda um Chomhchuibhiú Rialachán d’Fheithiclí, gan an leibhéal cosanta comhshaoil laistigh den Aontas a ísliú: |
2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 14a: |
(a) an Rialachán seo a leasú chun athbhreithniú a dhéanamh ar na luachanna teorantacha bunaithe ar mhais na gcáithníní agus bunaithe ar líon na gcáithníní a leagtar amach in Iarscríbhinn I; |
(a) lena leasaítear an Rialachán seo chun na lámhálacha earráide a bhaineann go sonrach le truailliú a athbhreithniú, mar a leagtar amach i dTábla 2a a ghabhann le hIarscríbhinn I i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil trí na neamhchinnteachtaí teicniúla a bhaineann le húsáid Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS); |
(b) an Rialachán seo a fhorlíonadh trí nós imeachta tomhais coigeartaithe do líon na gcáithníní a ghlacadh. |
(b) lena bhforlíontar an Rialachán seo chun na nósanna imeachta, na tástálacha agus na ceanglais, chomh maith leis na sraitheanna tástála a úsáidtear chun astaíochtaí a thomhas, a oiriúnú chun go léireofar astaíochtaí fíorthiomána go leormhaith; |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 14 – mír 3 – pointe b
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(b) an Rialachán seo a leasú chun na fachtóirí comhréireachta deiridh a bhaineann go sonrach le truailleáin ar leith agus a leagtar amach i dTábla 2a d’Iarscríbhinn I a chur in oiriúint do dhul chun cinn teicniúil.; |
(b) lena leasaítear an Rialachán seo chun na lámhálacha earráide a bhaineann go sonrach le truailliú a athbhreithniú, mar a leagtar amach i dTábla 2a a ghabhann le hIarscríbhinn I i bhfianaise an dul chun cinn theicniúil trí na neamhchinnteachtaí teicniúla a bhaineann le húsáid Córais Córais Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS) a chur san áireamh.; |
Leasú 14
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 a (nua)
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Airteagal 14 – mír 5 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(10a) In Airteagal 14, cuirtear an mhír seo a leanas leis: |
|
5a. Cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chaighdeáin arna nglacadh ag an gCoiste Eorpach um Chaighdeánú (CEN) a chuireann cur chuige teicniúil fónta ar fáil chun measúnú a dhéanamh ar neamhchinnteacht tomhais an RDE maidir le hastaíochtaí gásacha agus cáithníní, agus é mar aidhm aige caighdeán den sórt sin a úsáid faoin Rialachán seo chun go bhféadfaidh údarás iomchuí lámháil éiginnteachta shonrach a fhíorú d’iarratais PEMS agus a bhreithniú an bhfuil sé sin leordhóthanach chun go ngabhfadh sé ionad na lámháil shonrach earráide a léirítear i dTábla 2a in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo nó chun é a chomhlánú. |
Leasú 15
Togra le haghaidh rialacháin
Annex – paragraph 1
Rialachán (CE) Uimh 715/2007
Iarscríbhinn I – tábla 2a
|
|||||
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
|||||
Tábla 2a: Fachtóirí Comhréireachta Astaíochtaí Fíorthiomána |
|||||
|
Ocsaídí Nítrigine (NOx) |
Líon cáithníní (LC) |
Aonocsaíd charbóin (CO) (1) |
Lánhidreacarbóin (THC) |
Lánhidreacarbóin agus ocsaídí nítrigine le chéile (THC + NOx) |
CFtruailleán-deiridh (2) |
1.43 |
1.5 |
|
|
|
CF truailleán-sealadach (3) |
2.1 |
1.5 |
|
|
|
(1) Déanfar astaíochtaí CO a thomhas agus a thaifeadadh i gcás gach tástála RDE. |
|||||
(2) Is é CF truailleán-deiridh an fachtóir comhréireachta a úsáidtear chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 á gcomhlíonadh trí aird a thabhairt ar na neamhchinnteachtaí teicniúla a ghabhann le húsáid na gCóras Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS). |
|||||
(3) Is é CF truailleán-sealadach an fachtóir comhréireachta sealadach a fhéadfar a úsáid arna iarraidh sin don déantóir de rogha ar CF truailleán-deiridh le linn tréimhse cúig bliana agus ceithre mhí tar éis na ndátaí a shonraítear in Airteagal 10(4) agus (5).” |
|||||
|
|||||
Leasú |
|||||
Tábla 2a: Fachtóirí Comhréireachta Astaíochtaí Fíorthiomána(0a) |
|||||
|
Ocsaídí Nítrigine (NOx) |
Líon cáithníní (LC) |
Aonocsaíd charbóin (CO) (1) |
Lánhidreacarbóin (THC) |
Lánhidreacarbóin agus ocsaídí nítrigine le chéile (THC + NOx) |
CF truailleán-deiridh (2) |
1 + lámháil, le lámháil = 0,43) |
1 + 1 + lámháil, le lámháil = 0,5) |
|
|
|
CF truailleán-sealadach (3) |
2.1 |
1 + 1 + lámháil, le lámháil = 0,5) |
|
|
|
(0a) Chun lamháil earráide aonair Chórais-PEM a fhíorú chun na lámhálacha i dtábla 2a san Iarscríbhinn a chomhlánú nó lámhálacha a chur ina n-ionad, cuirfidh an Coimisiún san áireamh aon chaighdeáin CEN a sholáthraíonn cur chuige atá fónta go teicniúil chun lamhálacha earraíde tomhais RDE a mheasúnú le maidir le hastaíochtaí gásacha agus cáithníní (NOx agus PN) a thomhas d'fhonn caighdeán PEMS a chinneadh. |
|||||
(1) Déanfar astaíochtaí CO a thomhas agus a thaifeadadh i gcás gach tástála RDE. |
|||||
(2) Is é CF truailleán-deiridh an fachtóir comhréireachta a úsáidtear chun a shuí an bhfuil na teorainneacha astaíochta Euro 6 arna shloinneadh mar shuim an spriocluacha d’fheidhmíocht astaíochtaí feithicle agus na héiginnteachtaí teicniúla a ghabhann le húsáid na gCóras Iniompartha Tomhais Astaíochtaí (PEMS), i.e. lámháil (earráide). |
|||||
(3) Is é CF truailleán-sealadach an fachtóir comhréireachta sealadach a fhéadfar a úsáid arna iarraidh sin don déantóir de rogha ar CF truailleán-deiridh le linn tréimhse cúig bliana agus ceithre mhí tar éis na ndátaí a shonraítear in Airteagal 10(4) agus (5).” |
NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Teideal |
Cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí |
|||
Tagairtí |
COM(2019)0208 – C9-0009/2019 – 2019/0101(COD) |
|||
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 15.7.2019 |
|
|
|
Tuairim ó Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
TRAN 15.7.2019 |
|||
Rapóirtéir Dáta an cheapacháin |
Sven Schulze 29.7.2019 |
|||
Dáta an ghlactha |
19.2.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
38 7 0 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Marco Campomenosi, Jakop G. Dalunde, Rosa D’Amato, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Jan-Christoph Oetjen, Rovana Plumb, Tomasz Piotr Poręba, Dominique Riquet, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Clotilde Armand, Tom Berendsen, Paolo Borchia, Josianne Cutajar, Clare Daly, Angel Dzhambazki, Valter Flego, Roman Haider, Pär Holmgren, Ondřej Kovařík, Robert Roos, Henna Virkkunen |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
38 |
+ |
ECR |
Angel Dzhambazki, Peter Lundgren, Tomasz Piotr Poręba, Robert Roos |
GUE/NGL |
Kateřina Konečná, Elena Kountoura |
ID |
Paolo Borchia, Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux |
PPE |
Tom Berendsen, Andor Deli, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Henna Virkkunen, Elissavet Vozemberg-Vrionidi |
RENEW |
Clotilde Armand, José Ramón Bauzá Díaz, Valter Flego, Elsi Katainen, Ondřej Kovařík, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet |
S&D |
Andris Ameriks, Josianne Cutajar, Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, Petar Vitanov |
7 |
- |
GUE/NGL |
Clare Daly |
NI |
Rosa D'Amato |
VERTS/ALE |
Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Pär Holmgren, Tilly Metz |
0 |
0 |
|
|
Eochair:
+ : in favour
- : against
0 : abstention
AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH
Title |
Cineálcheadú mótarfheithiclí i dtaca le hastaíochtaí ó fheithiclí éadroma paisinéirí agus tráchtála (Euro 5 agus Euro 6) agus rochtain ar fhaisnéis faoi dheisiú agus faoi chothabháil feithiclí |
|||
References |
COM(2019)0208 – C9-0009/2019 – 2019/0101(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
14.6.2019 |
|
|
|
An Coiste Freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ENVI 15.7.2019 |
|
|
|
Coistí ar iarradh tuairim orthu Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ITRE 15.7.2019 |
IMCO 15.7.2019 |
TRAN 15.7.2019 |
|
Gan tuairim a thabhairt Dáta an chinnidh |
ITRE 23.7.2019 |
|
|
|
Coistí comhlachaithe Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
IMCO 19.12.2019 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Esther de Lange 10.9.2019 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
13.7.2020 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
14.7.2020 |
|
|
|
Toradh na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
55 14 11 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurelia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Miriam Dalli, Esther de Lange, Christian Doleschal, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Agnès Evren, Fredrick Federley, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Ryszard Antoni Legutko, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ștefan Motreanu, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Margarita de la Pisa Carrión, Billy Kelleher, Kateřina Konečná, Danilo Oscar Lancini, Susana Solís Pérez |
|||
Dáta don chur síos |
20.7.2020 |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
55 |
+ |
GUE/NGL |
Anja HAZEKAMP, Petros KOKKALIS, Kateřina KONEČNÁ |
NI |
Athanasios KONSTANTINOU |
PPE |
Bartosz ARŁUKOWICZ, Traian BĂSESCU, Alexander BERNHUBER, Nathalie COLIN-OESTERLÉ, Christian DOLESCHAL, Agnès EVREN, Ewa KOPACZ, Esther de LANGE, Peter LIESE, Liudas MAŽYLIS, Dan-Ștefan MOTREANU, Ljudmila NOVAK, Stanislav POLČÁK, Jessica POLFJÄRD, Christine SCHNEIDER, Pernille WEISS, Michal WIEZIK |
RENEW |
Pascal CANFIN, Fredrick FEDERLEY, Martin HOJSÍK, Jan HUITEMA, Billy KELLEHER, Frédérique RIES, Susana SOLÍS PÉREZ, Linea SØGAARD-LIDELL, Véronique TRILLET-LENOIR |
S&D |
Nikos ANDROULAKIS, Marek Paweł BALT, Monika BEŇOVÁ, Simona BONAFÈ, Delara BURKHARDT, Sara CERDAS, Mohammed CHAHIM, Tudor CIUHODARU, Miriam DALLI, Jytte GUTELAND, Javi LÓPEZ, César LUENA, Alessandra MORETTI, Sándor RÓNAI, Günther SIDL, Petar VITANOV, Tiemo WÖLKEN |
VERTS/ALE |
Margrete AUKEN, Bas EICKHOUT, Pär HOLMGREN, Yannick JADOT, Tilly METZ, Ville NIINISTÖ, Grace O'SULLIVAN, Jutta PAULUS |
14 |
- |
ECR |
Sergio BERLATO, Margarita DE LA PISA CARRIÓN, Joanna KOPCIŃSKA, Ryszard Antoni LEGUTKO, Alexandr VONDRA, Anna ZALEWSKA |
GUE/NGL |
Mick WALLACE |
ID |
Simona BALDASSARRE, Teuvo HAKKARAINEN, Danilo Oscar LANCINI, Sylvia LIMMER, Luisa REGIMENTI, Silvia SARDONE |
NI |
Eleonora EVI |
11 |
0 |
ECR |
Rob ROOKEN |
GUE/NGL |
Malin BJÖRK |
ID |
Aurelia BEIGNEUX, Catherine GRISET, Joëlle MÉLIN |
PPE |
Adam JARUBAS, Fulvio MARTUSCIELLO, Dolors MONTSERRAT, Edina TÓTH |
RENEW |
Andreas GLÜCK, Nicolae ŞTEFĂNUȚĂ |
Eochair:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh