Nós Imeachta : 2019/0017(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0144/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0144/2020

Díospóireachtaí :

PV 14/09/2020 - 23
CRE 14/09/2020 - 23

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0219

<Date>{29/07/2020}29.7.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0144/2020</NoDocSe>
PDF 337kWORD 113k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>     <RefProcLect>***I</RefProcLect>

<Titre>ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long</Titre>

<DocRef>(COM(2019)0038 – C8-0043/2019 – 2019/0017(COD))</DocRef>


<Commission>{ENVI}An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Jutta Paulus</Depute>

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
 NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

(COM(2019)0038 – C8-0043/2019 – 2019/0017(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2019)0038),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C8-0043/2019),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 15 Bealtaine 2019[1],

 tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0144/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


<RepeatBlock-Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>1</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris -1 (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1) Is bagairt gan fasach é an t-athrú aeráide a bhfuil gá le huaillmhian fheabhsaithe agus gníomhú méadaithe ar son na haeráide ina leith ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal domhanda. Tá an tAontas tiomanta dlús a chur lena iarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus cur chun feidhme Chomhaontú Pháras1a a chur i gcrích i gcomhréir leis an eolaíocht is déanaí atá ar fáil. Dearbhaíodh i dtuarascáil speisialta ón bPainéal Idir-Rialtasach ar an Athrú Aeráide (IPCC) ó 2018 dar teideal ‘Téamh Domhanda 1.5°C’ go bhfuil laghduithe suntasacha ar astaíochtaí sna hearnálacha go léir ríthábhachtach chun an téamh domhanda a theorannú go dtí faoi bhun 1.5°C. Luadh freisin i dtuarascáil speisialta ó IPCC ó 2019 dar teideal ‘An tAigéan agus an Crióisféar in Aeráid atá ag Athrú’ go mbraitheann sásraí aeráide ar shláinte éiceachórais na n-aigéan agus na mara a bhfuil tionchar ag téamh domhanda, truailliú, róshaothrú bithéagsúlachta muirí, aigéadú, dí-ocsaiginiú agus creimeadh cósta orthu faoi láthair. Meabhraíonn IPCC na haigéin mar chuid den réiteach a mhéid a bhaineann le héifeachtaí an athraithe aeráide a mhaolú agus oiriúnú dóibh agus á chur i bhfios go láidir an gá atá le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú na n-éiceachóras a laghdú, mar aon le linnte nádúrtha carbóin a fheabhsú.

 

__________________

 

1a Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4).

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>2</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 1</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Bíonn tionchar ag muiriompar ar an aeráid dhomhanda, mar thoradh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) ó loingseoireacht. In 2015, d’aschuir sé 13 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais ón iompar15 . Tá an loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta fós ar an aon mhodh iompair amháin nach n-áirítear sa ghealltanas atá tugtha ag an Aontas maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú.

(1) Bíonn tionchar ag muiriompar ar an athrú aeráide, ar bhithéagsúlacht mhuirí, ar cháilíocht an aeir agus ar an tsláinte phoiblí, mar thoradh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus ar astaíochtaí eile a ghintear leis, amhail meatán, ocsaídí nítrigine, ocsaídí sulfair, ábhar cáithníneach agus carbón dubh. In 2015, d’aschuir sé 13 % d’astaíochtaí gás ceaptha teasa iomlána an Aontais ón iompar15. Meastar go dtiocfaidh ardú idir 50% agus 250% ar astaíochtaí muirí an domhain faoi 205015a  Mura nglacfar gníomhaíocht bhreise, meastar go dtiocfaidh ardú 86 % os cionn leibhéil 1990 ar astaíochtaí muirí a bhaineann le LEE faoi 2050, in ainneoin gur ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) íoschaighdeáin éifeachtúlachta do longa. Tá an loingseoireacht mhuirí idirnáisiúnta fós ar an aon mhodh iompair amháin nach n-áirítear sa ghealltanas atá tugtha ag an Aontas maidir leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. An 13 Aibreán 2018, ghlac IMO a Straitéis Tosaigh maidir le hastaíochtaí GCT ó longa a laghdú. Tá géarghá le bearta chun an straitéis sin a chur chun feidhme ar an leibhéal domhanda agus ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go nglacfar gníomhaíochtaí láithreach bonn chun astaíochtaí muirí a laghdú, go rannchuideofar le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras agus an cuspóir neodrachtaeráide uile-Aontais a bhaint amach, gan an bonn a bhaint ó na hiarrachtaí aeráide atá á ndéanamh ag earnálacha eile.

__________________

__________________

15 https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/transport-emissions-of-greenhouse-gases/transport-emissions-of-greenhouse-gases-10.

15 https://www.eea.europa.eu/data-and-maps/indicators/transport-emissions-of-greenhouse-gases/transport-emissions-of-greenhouse-gases-10.

 

15a https://gmn.imo.org/wp-content/uploads/2017/05/GHG3-Executive-Summary-and-Report_web.pdf.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>3</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 2</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Ba cheart go rannchuideodh gach earnáil den gheilleagar leis na hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i gcomhréir leis an ngealltanas a thug na comhreachtóirí mar a léirítear é i Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle16 agus le Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle17 .

(2) Ba cheart go rannchuideodh gach earnáil den gheilleagar leis an gcomhiarracht chun an t-aistriú go glan-astaíochtaí nialasacha gás ceaptha teasa (GCT) a thabhairt chun críche a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí i gcomhréir le gealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras agus conclúidí ón gComhairle Eorpach an 12 Nollaig 2019 maidir leis an athrú aeráide.

__________________

 

16 Rialachán (AE) 2018/842 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2018 maidir le laghduithe bliantúla ceangailteacha ar astaíochtaí gás ceaptha teasa ag na Ballstáit ó 2021 go 2030 lena rannchuidítear leis an ngníomhú ar son na haeráide chun gealltanais a tugadh faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 (IO L 156 an 19.6.2018. lch. 26).

 

17 Treoir (AE) 2018/410 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus Cinneadh (AE) 2015/1814(IO L 76, 19.3.2018, lch. 3).

 

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>4</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 3</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa i mí Feabhra 2014 maidir le creat 2030 i gcomhair beartais aeráide agus fuinnimh, iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sprioc cheangailteach 2030 a leagan síos don Aontas, sprioc arb é atá inti laghdú 40% ar a laghad a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990. Thug Parlaimint na hEorpa dá haire freisin go mbeadh ar gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú má tá an tAontas chun a chion féin a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí domhanda de.

(3) Sa rún ó Pharlaimint na hEorpa an 14 Márta 2019 maidir leis an athrú aeráide, thacaigh tromlach mór leis an gcuspóir maidir le neodracht aeráide a bhaint amach a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí. Tá iarrtha go minic ag Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit go n-ardófaí go 55% sprioc cheangailteach 2030 an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú i gcomparáid le leibhéil 1990. Thug Parlaimint na hEorpa dá haire freisin nach foláir do gach earnáil den gheilleagar, lena n-áirítear eitlíocht idirnáisiúnta agus muiriompar, rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú má tá an tAontas chun a spriocanna aeráide a bhaint amach agus a chion féin a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí domhanda de. Tá iarrachtaí meara chun an earnáil muiriompair a dhícharbónú níos tábhachtaí fós i bhfianaise an dearbhaithe ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir le héigeandáil aeráide agus comhshaoil.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>5</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 3 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(3a) Leis an rún ó Pharlaimint na hEorpa an 28 Samhain 2019 maidir le Comhdháil na Náisiún Aontaithe um Athrú Aeráide 2019 i Maidrid, na Spáinne (COP25), leagadh béim ar an ngá atá le gníomhaíochtaí breise ón Aontas chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí GCT ón earnáil mhuirí i bhfianaise an dul chun cinn mall agus neamhleor arna dhéanamh ag IMO. Thacaigh Parlaimint na hEorpa, go háirithe, le cuimsiú na hearnála muirí i gcóras an Aontais i ndáil le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa (‘EU ETS’), mar aon le caighdeáin éifeachtúlachta do longa a thabhairt isteach ar leibhéal an Aontais. Ní leor beartais laghdaithe astaíochtaí mhargadhbhunaithe amháin chun spriocanna laghdaithe astaíochtaí an Aontais a bhaint amach, agus ba cheart ceanglais cheangailteacha rialála maidir le laghdú astaíochtaí a fhorfheidhmítear i gceart a bheith ag gabháil leo.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>6</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ina Conclúidí an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú intíre 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin a thábhachtaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na rioscaí a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú breise a dhéanamh ar ionstraimí agus ar bhearta le haghaidh cur chuige cuimsitheach a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, lena n-áirítear laghdú ar astaíochtaí, foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn.

(4) Ina conclúidí an 12 Nollaig 20191a, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an cuspóir maidir le AE a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050. Chuir an Chomhairle Eorpach in iúl freisin nach foláir do reachtaíocht agus beartais ábhartha uile AE a bheith comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a bhaint amach, agus rannchuidiú leis agus machaire comhréidh á urramú ag an am céanna.

 

__________________

 

1a https://www.consilium.europa.eu/media/41768/12-euco-final-conclusions-en.pdf

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>7</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Faoi láthair, is é an muiriompar an t-aon earnáil amháin nach bhfuil faoi réir cuspóir laghdaithe astaíochtaí de chuid an Aontais nó bearta maolaithe sonracha go sainráite. Sa teachtaireacht uaidh an 11 Nollaig 2019 ar an gComhaontú Glas don Eoraip, luaigh an Coimisiún go raibh sé ar intinn aige bearta breise a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar astaíochtaí GCT ón earnáil mhuirí, agus go háirithe chun EU ETS a leathnú go dtí an earnáil mhuirí, chun rialáil a dhéanamh ar an rochtain atá ag na longa is mó truailliú ar chalafoirt an Aontais agus chun oibleagáid a chur ar longa atá tagtha chun duga leictreachas cois cladaigh a úsáid. Ina thogra le haghaidh rialachán an 4 Márta 2020, lena mbunaítear an creat chun aeráidneodracht a bhaint amach agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2018/1999 (Dlí Aeráide Eorpach)1a, deimhníonn an Coimisiún gur gá gníomhaíocht bhreise a dhéanamh chun cuspóir na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 agus nach foláir do gach earnáil rannchuidiú toisc go bhfuiltear ag dréim leis nach ndéanfaidh na beartais reatha ach laghdú 60 % ar astaíochtaí gás ceaptha teasa faoi 2050.

 

__________________

 

1a https://ec.europa.eu/info/files/commission-proposal-regulation-european-climate-law_ga

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>8</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4 b (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4b) Tá baint na mbacainní ar an margadh san earnáil mhuirí, lena n-áirítear an úsáid a bhaintear as córas MRV trédhearcach agus láidir faireacháin, tuairiscithe agus fíoraithe, dírithe ar rannchuidiú leis an nglacadh le teicneolaíochtaí éifeachtúlachta fuinnimh, agus ar rannchuidiú, dá bhrí sin, le laghdú 2% ar astaíochtaí muirí faoi 2030. Chun go rannchuideoidh an earnáil mhuirí go hiomlán leis an iarracht atá á déanamh ar fud an gheilleagair chun cuspóir aeráidneodrachta an Aontais, mar aon le spriocanna 2030 agus spriocanna inmheánacha eile a d’fhéadfadh a bheith ann a bhaint amach, tá gá, dá bhrí sin, le tuilleadh gníomhaíochta. Mar phríomhionstraim an Aontais maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus truailliú aeir ó mhuiriompar, tá Rialachán MRV an Aontais ina bhonn do thuilleadh gníomhaíochta. Ba cheart, dá bhrí sin, raon feidhme an Rialacháin a leathnú chun ceanglais cheangailteacha a chur san áireamh do chuideachtaí i dtaca lena n-astaíochtaí GCT de réir na hoibre iompair a laghdú, agus tá gá leis freisin chun Scéim AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (EU ETS) a leathnú chun an earnáil muiriompair a chumhdach.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>9</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) I mí Aibreáin 2015, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar20 (“Rialachán MRV an Aontais”), rialachán ar comhlánaíodh é in 2016 le dhá Rialachán Tarmligthe21 agus dhá Rialachán Cur Chun Feidhme22. Is éard is aidhm do Rialachán MRV an Aontais sonraí a bhailiú faoi astaíochtaí ón loingseoireacht ar mhaithe le ceapadh beartas breise agus chun laghduithe astaíochtaí a dhreasú trí fhaisnéis faoi éifeachtúlacht long a chur ar fáil do mhargaí ábhartha. Le Rialachán MRV an Aontais, cuirtear d’oibleagáid ar chuideachtaí faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar ídiú breosla, ar astaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht a long ó thaobh fuinnimh de agus iad ar muiraistir chuig calafoirt an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus uathu, agus é sin a dhéanamh ar bhonn bliantúil ó 2018 ar aghaidh. Tá feidhm ag an méid sin freisin maidir le hastaíochtaí CO2 laistigh de chalafoirt LEE. Beidh fáil ar na chéad tuarascálacha astaíochtaí faoin 30 Aibreán 2019.

(6) I mí Aibreáin 2015, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar20 (“Rialachán MRV an Aontais”), rialachán ar comhlánaíodh é in 2016 le dhá Rialachán Tarmligthe21 agus dhá Rialachán Cur Chun Feidhme22. Is éard is aidhm do Rialachán MRV an Aontais sonraí a bhailiú faoi astaíochtaí ón loingseoireacht ar mhaithe le ceapadh beartas breise agus chun laghduithe astaíochtaí a dhreasú trí fhaisnéis faoi éifeachtúlacht long a chur ar fáil do mhargaí ábhartha. Glacadh Rialachán MRV an Aontais mar chéad chéim i gcur chuige céimnithe chun astaíochtaí iompair mhuirí a áireamh i ngealltanais laghdaithe GCT an Aontais agus do phraghsáil na n-astaíochtaí sin ina dhiaidh sin i gcomhréir leis an bprionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’. Nuair a glacadh Rialachán MRV an Aontais, gheall an Coimisiún, i gcomhthéacs tograí reachtacha amach anseo maidir le hastaíochtaí muirí, breithniú a dhéanamh ar cad iad na chéad chéimeanna eile a bheadh oiriúnach chun a áirithiú go rannchuideodh an earnáil go cothrom le cuspóirí laghdaithe astaíochtaí an Aontais, go háirithe an fhéidearthacht i dtaobh EU ETS a leathnú chuig an earnáil mhuirí. Le Rialachán MRV an Aontais, cuirtear d’oibleagáid ar chuideachtaí faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar ídiú breosla, ar astaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht a long ó thaobh fuinnimh de agus iad ar muiraistir chuig calafoirt an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus uathu, agus é sin a dhéanamh ar bhonn bliantúil ó 2018 ar aghaidh. Tá feidhm ag an oibleagáid sin freisin maidir le hastaíochtaí CO2 laistigh de chalafoirt LEE.  Bhí na chéad tuarascálacha astaíochtaí le bheith ar fáil faoin 30 Aibreán 2019 agus rinne an Coimisiún iad a fhoilsiú an 30 Meitheamh 2019.

__________________

__________________

20 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

20 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

21 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 320, 26.11.2016, lch. 5); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2071 an 22 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na modhanna lena ndéantar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus na rialacha lena ndéantar faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile (IO L 320, 26.11.2016, lch. 1).

21 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 320, 26.11.2016, lch. 5); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2071 an 22 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na modhanna lena ndéantar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus na rialacha lena ndéantar faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile (IO L 320, 26.11.2016, lch. 1).

22 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1927 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid chomhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 1–21); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1928 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le lastas a iompraítear i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádáin a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 22–25).

22 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1927 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid chomhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 1–21); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1928 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le lastas a iompraítear i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádáin a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 22–25).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>10</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Níor cheart an laghdú ar astaíochtaí ó loingseoireacht agus a dtionchar ar théamh domhanda agus aerthruailliú a chur chun feidhme ar bhealach a dhéanfadh dochar don bhithéagsúlacht mhuirí, agus ba cheart bearta a bheith ag gabháil leis atá dírithe ar athbhunú na n-éiceachóras muirí agus cósta a mbíonn tionchar ag tionscal na loingseoireachta orthu, amhail na substaintí a scaoiltear isteach sna farraigí, lena n-áirítear uisce ballasta, hidreacarbóin, miotail throma agus ceimiceáin, coimeádáin a chailltear ar muir agus ar imbhuailtí le céiticigh.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>11</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 b (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) San earnáil mhuirí, ní hionann i gcónaí an úinéir loinge agus an duine nó eintiteas a bhíonn i mbun oibriú tráchtála na loinge. Dá bhrí sin, ba cheart don pháirtí atá freagrach as oibriú tráchtála na loinge na sonraí go léir a cheanglaítear faoi Rialachán MRV an Aontais a bhailiú agus ba cheart go ndéanfaí na sonraí sin a shannadh don pháirtí atá freagrach, amhail an bainisteoir, an cairtfhostóir ar feadh téarma nó an cairtfhostóir forléasta.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>12</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 c (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6c) Ba cheart na sonraí a bhailítear faoi Rialachán MRV an Aontais a úsáid chun an t-aistriú chuig longa atá saor ó astaíochtaí a chothú trí dheimhniú éifeachtúlachta fuinnimh a chur ar bun do longa, ar scála rátála, chun gur féidir comparáid thrédhearcach a dhéanamh idir longa, go háirithe ó thaobh díolacháin nó cíosa de, agus na Ballstáit a spreagadh chun dea-chleachtais a chur chun cinn agus chun tacú leis na longa is éifeachtúla.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>13</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 d (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6d) Ba cheart don Choimisiún lipéad loingseoireachta Eorpach le haghaidh táirgí a fhorbairt i gcomhar le húinéirí long, geallsealbhóirí eile agus saineolaithe neamhspleácha, chun tomhaltóirí a chur ar an eolas faoin tionchar a bhíonn ag iompar muirí ar an gcomhshaol a bhaineann le táirgí a cheannaíonn siad. Thacódh lipéad den sórt sin le haistriú comhshaoil agus fuinnimh earnáil na loingseoireachta trí bhealach iontaofa agus trédhearcach a sholáthar chun custaiméirí a chur ar an eolas faoi thionscnaimh dheonacha. Spreagfadh sé tomhaltóirí chun táirgí arna n-iompar ag úinéirí long a cheannach, ar táirgí iad a bhfuil a dtionchar ar an gcomhshaol laghdaithe, mar shampla i dtaca le gáis ceaptha teasa agus astaíochtaí truailleán, truailliú torainn, bainistiú dramhaíola agus uisce.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>14</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 e (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6e) Rannchuidíonn Treoir 92/106/CEE1a ón gComhairle le hastaíochtaí iompair a laghdú trí aistriú ó iompar lasta de bhóthar chuig modhanna iompair astaíochtaí ísle a chur chun cinn, lena n-áirítear conairí abhann atá saor ó astaíochta. Tá gá le hathbhreithniú ar an Treoir sin, chun dlús a chur leis na hiarrachtaí maidir le hiompar ilmhódach a chur chun cinn agus éifeachtúlacht agus roghanna malartacha astaíochtaí ísle a mhéadú. Tá an t-iompar d’uiscebhealaí atá saor ó astaíochtaí ríthábhachtach chun aistriú módach inbhuanaithe ó bhóthar go huiscebhealaí a fhorbairt, agus, dá bhrí sin, tá sé riachtanach tacú le hinfheistíocht i mbonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe i gcalafoirt intíre.

 

__________________

 

1a Treoir 92/106/CEE ón gComhairle an 7 Nollaig 1992 maidir le rialacha comhchoiteanna a bhunú le haghaidh cineálacha áirithe iompair chomhcheangailte earraí idir na Ballstáit (IO L 368, 17.12.1992, lch. 38).

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>15</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 f (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6f) Moil straitéiseacha san aistriú fuinnimh atá i gcalafoirt an Aontais i ngeall ar a suíomh geografach agus a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha. Is ionann iad agus príomhphointí iontrála na dtráchtearraí fuinnimh, (ó allmhairiú, stóráil nó dáileadh), bíonn siad rannpháirteach ar bhonn méadaitheach san fhorbairt ar láithreán táirgthe fuinnimh in-athnuaite agus forbraíonn siad straitéisí nua bainistithe fuinnimh agus straitéisí nua don gheilleagar ciorclach. I gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, ba cheart don Aontas, dá bhrí sin, a áirithiú go mbeadh cur chuige straitéiseach maidir le calafoirt an Aontais ag gabháil le dícharbónú na hearnála muirí chun tacú lena ról mar éascaitheoir don aistriú fuinnimh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun an fhorbairt ar chalafoirt atá saor ó astaíochtaí a spreagadh agus infheistíocht a dhéanamh i mbonneagair athbhreoslaithe agus athluchtaithe. Dhéanfadh sé sochair sláinte a áirithiú láithreach bonn do na saoránaigh uile atá ina gcónaí i gcalafoirt agus i limistéir chósta, chomh maith le teorainn a chur le tionchair dhiúltacha ar bhithéagsúlacht mhuirí agus chósta sna limistéir sin, arb ionann iad freisin agus críocha móra talún, ar cuid de líonra Natura 2000 iad cuid díobh.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>16</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 7</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Luaitear in Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais, i gcás ina dtagtar ar chomhaontú idirnáisiúnta faoi chóras domhanda faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin, go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Rialachán MRV an Aontais agus go molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán ionas go n-áiritheofar ailíniú leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin.

(7) Luaitear in Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais, i gcás ina dtagtar ar chomhaontú idirnáisiúnta faoi chóras domhanda faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin, nó faoi bhearta domhanda chun astaíochtaí GCT ó mhuiriompar a laghdú, go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar Rialachán MRV an Aontais agus go molfaidh sé, más iomchuí, leasuithe ar an Rialachán ionas go n-áiritheofar comhsheasmhacht leis an gcomhaontú idirnáisiúnta sin. Tá sé tábhachtach, gan beann ar aon bhearta domhanda, go mbeidh an tAontas fós uaillmhianach agus go léireoidh sé ceannaireacht aeráide trí bhearta níos déine a choinneáil nó a ghlacadh laistigh den Aontas.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>17</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 8</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Faoi Chomhaontú Pháras a glacadh i mí na Nollaig 2015 ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC)23 , ghlac an tAontas agus a Bhallstáit mar chúram orthu féin sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a mholadh. I mí Dheireadh Fómhair 2016 ghlac24 IMO córas bailithe sonraí le haghaidh ola breosla long (“DCS domhanda ó IMO”).

(8) Faoi Chomhaontú Pháras a glacadh i mí na Nollaig 2015 ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC)23 , ghlac an tAontas agus a Bhallstáit mar chúram orthu féin sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) agus ba cheart na hiarrachtaí sin a mholadh. I mí Dheireadh Fómhair 2016 ghlac24 IMO córas bailithe sonraí le haghaidh ola breosla long (“DCS domhanda ó IMO”). Ghlac IMO straitéis tosaigh freisin an 13 Aibreán 2018 maidir le hastaíochtaí GCT ó longa a laghdú (Straitéis Tosaigh IMO), ag féachaint leis an méadú ar na hastaíochtaí sin a theorannú a luaithe agus is féidir agus iad a laghdú 50% ar a laghad faoi 2050 i gcomparáid le 2008, agus iarrachtaí a dhéanamh lena bhféachtar lena gcéimniú amach go hiomlán. Ag an am céanna, gheall na Ballstáit agus Comhaltaí Comhlachaithe IMO, lena n-áirítear Ballstáit uile an Aontais, go ndéanfaidís astaíochtaí CO2 de réir na hoibre iompair, mar mheán i gcás loingseoireacht idirnáisiúnta, a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030, agus leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh i leith laghdú 70% a bhaint amach faoi 2050. Is iomchuí, dá bhrí sin, croí-eilimintí Straitéis Tosaigh IMO a áireamh i ndlí an Aontais, agus leanúint de bheith rannpháirteach ar bhealach cuiditheach le Ballstáit IMO chun teacht ar chomhaontú domhanda maidir le bearta laghdaithe astaíochtaí GCT. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar chuideachtaí laghdú líneach 40% ar a laghad a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2 bliantúla de réir na hoibre iompair faoi 2030 mar mheán thar gach long atá faoina bhfreagracht, i gcomparáid leis an meánfheidhmíocht de réir na catagóire long den mhéid céanna agus den chineál céanna a thuairiscítear faoi Rialachán MRV.  Ba cheart go mbunófaí an bhunlíne do na bearta maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú trí úsáid a bhaint as na sonraí ó THETIS-MRV agus ó DCS ó IMO, agus na laghduithe ar astaíochtaí atá déanta cheana ag cuideachtaí ‘dícharbónú na gceannródaithe’ á n-aithint go hiomlán. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun na rialacha mionsonraithe a shainiú lena gcinnfear an bhonnlíne, an fachtóir laghdaithe bliantúil do gach catagóir long, na rialacha agus na modhanna chun na pionóis i leith astaíochtaí iomarcacha a ríomh agus a bhailiú, agus aon riail eile is gá chun comhlíonadh na hoibleagáide sin a chomhlíonadh agus a fhíorú.

__________________

__________________

23 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4–18).

23 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4–18).

24 Rún MEPC.278(70) ó IMO lena leasaítear Iarscríbhinn VI de MARPOL.

24 Rún MEPC.278(70) ó IMO lena leasaítear Iarscríbhinn VI de MARPOL.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>18</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 9</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) I bhfianaise an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin sin a bheith ann, rinne an Coimisiún measúnú de bhun Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais ar an gcaoi a bhféadfaí an dá chóras sin a ailíniú chun an t-ualach riaracháin a laghdú do longa, agus cuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna.

(9) I bhfianaise an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin sin a bheith ann, rinne an Coimisiún measúnú de bhun Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais ar an gcaoi a bhféadfaí an dá chóras sin a ailíniú chun an t-ualach riaracháin a laghdú do longa, go háirithe na longa sin atá faoi úinéireacht FBManna, agus cuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>19</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 10</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Léiríodh sa mheasúnú tionchair go bhféadfadh páirt-ailíniú ar an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin rannchuidiú leis an ualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí loingseoireachta, agus príomhchuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna. Mar sin féin, níor cheart, mar thoradh ar pháirt-ailíniú den sórt sin, aon mhodhnú a dhéanamh ar rialachas, raon feidhme, fíorú, trédhearcacht ná ceanglais tuairiscithe CO2 Rialachán MRV an Aontais ar an ábhar go mbainfeadh sé an bonn ó thalamh dá chuspóirí agus go gcuirfeadh sé isteach ar éifeachtacht an Rialacháin tionchar a imirt ar chinntí ceaptha beartas a dhéanamh ar bhonn eolach amach anseo agus ar ghlacadh beart agus iompraíochtaí éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a dhreasú sa loingseoireacht. Ba cheart, mar sin, le haon leasuithe ar Rialachán MRV an Aontais, teorainn a chur le hailíniú DCS domhanda ó IMO i ndáil le sainmhínithe, paraiméadair faireacháin, pleananna faireacháin agus teimpléid.

(10) Léiríodh sa mheasúnú tionchair go bhféadfadh páirt-ailíniú ar an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin rannchuidiú leis an ualach riaracháin a laghdú do chuideachtaí loingseoireachta, agus príomhchuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna. Mar sin féin, níor cheart, mar thoradh ar pháirt-ailíniú den sórt sin, aon mhodhnú a dhéanamh ar rialachas, raon feidhme, fíorú, trédhearcacht ná ceanglais tuairiscithe CO2 Rialachán MRV an Aontais ar an ábhar go mbainfeadh sé an bonn ó thalamh dá chuspóirí agus go gcuirfeadh sé isteach ar éifeachtacht an Rialacháin tionchar a imirt ar chinntí ceaptha beartas a dhéanamh ar bhonn eolach amach anseo agus ar ghlacadh beart agus iompraíochtaí éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de a dhreasú sa loingseoireacht. Ba cheart, mar sin, le haon leasuithe ar Rialachán MRV an Aontais, teorainn a chur le hailíniú DCS domhanda ó IMO i ndáil leis na longa a chumhdaítear le Rialachán MRV an Aontais, le sainmhínithe, paraiméadair faireacháin, pleananna faireacháin agus teimpléid.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>20</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 12</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Forálacha DCS domhanda ó IMO maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu go bliantúil, ba cheart iad a chur san áireamh chun a áirithiú go mbaileofar sonraí cuíchóirithe i dtaobh gníomhaíochtaí long a thagann faoin dá chóras. Chun an méid sin a chur i gcrích, ba cheart an paraiméadar “meá-lasta” a thuairisciú ach ba cheart “lastas a iompraítear” a choinneáil ar bhonn deonach. Ba cheart sainmhíniú DCS domhanda ó IMO “uaireanta atá curtha thart” a chur isteach in ionad “am a chaitear ar muir”. Ar deireadh, ba cheart “achar arna thaisteal” a ríomh ar bhonn DCS25 domhanda ó IMO chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

(12) Forálacha DCS domhanda ó IMO maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu go bliantúil, ba cheart iad a chur san áireamh chun a áirithiú go mbaileofar sonraí cuíchóirithe i dtaobh gníomhaíochtaí long a thagann faoin dá chóras. Chun an méid sin a chur i gcrích, ba cheart an paraiméadar “meá-lasta” a thuairisciú mar aon leis an bparaiméadair “lastas a iompraítear”. Ba cheart sainmhíniú DCS domhanda ó IMO “uaireanta atá curtha thart” a chur isteach in ionad “am a chaitear ar muir”. Ar deireadh, ba cheart “achar arna thaisteal” a ríomh ar bhonn DCS25 domhanda ó IMO chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

__________________

__________________

25 Rún MEPC 282 (70) ó IMO.

25 Rún MEPC 282 (70) ó IMO.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>21</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 13</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Ba cheart ábhar pleananna faireacháin a chuíchóiriú chun aird a thabhairt ar DCS domhanda ó IMO seachas i gcás na gcodanna den phlean atá riachtanach chun a áirithiú gur ar shonraí a bhaineann leis an Aontas amháin a dhéanfar faireachán agus tuairisciú faoi Rialachán MRV an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart aon fhorálacha ‘‘de réir an mhuiraistir” a choinneáil mar chuid den phlean faireacháin.

(13) Ba cheart ábhar pleananna faireacháin a chuíchóiriú chun aird a thabhairt ar DCS domhanda ó IMO seachas i gcás na gcodanna den phlean atá riachtanach chun a áirithiú gur ar shonraí a bhaineann leis an Aontas amháin a dhéanfar faireachán agus tuairisciú faoi Rialachán MRV an Aontais. Dá bhrí sin, ba cheart aon fhorálacha ‘‘de réir an mhuiraistir” a choinneáil mar chuid den phlean faireacháin. Ba cheart don Choimisiún freisin cúnamh a thabhairt do na Ballstáit trí shaineolas agus dea-chleachtais a roinnt, mar aon le teicneolaíochtaí nua a chur chun feidhme, agus é mar chuspóir bacainní riaracháin a laghdú agus sonraí a aisghabháil ar bhonn éifeachtúil agus slán.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>22</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 13 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13a) Sa mheasúnú tionchair a rinne an Coimisiún in 2013 agus a ghabhann leis an togra maidir le Rialachán MRV an Aontais, léiríodh éifeachtacht EU ETS maidir le hastaíochtaí muirí agus sainaithníodh córas EU ETS nó ciste cúitimh spriocbhunaithe mar na roghanna lena bhféadfaí a áirithiú go mbainfear amach na laghduithe astaíochtaí is gá san earnáil. Chun loingseoireacht mhuirí a áireamh in iarracht an Aontais i dtaobh astaíochtaí a laghdú, ba cheart Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle1a a leasú chun astaíochtaí muirí a chumhdach. Ba cheart don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun cainníocht iomlán na lamháltas le haghaidh muiriompair a shocrú i gcomhréir leis na hearnálacha eile, agus an modh leithdháilte lamháltas le haghaidh muiriompair a shocrú trí cheantáil iomlán. Agus na gníomhartha tarmligthe sin á n-ullmhú, ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair 2013 a thabhairt cothrom le dáta, go háirithe sprioc an Aontais do 2030 maidir le hastaíochtaí GCT a laghdú ar fud an gheilleagar a chur san áireamh mar aon leis an gcuspóir aeráidneodrachta de réir mar a shainítear é i Rialachán (AE) .../... [Dlí Aeráide Eorpach] agus an tiochar eacnamaíoch lena n-áirítear ó thaobh rioscaí de a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haistrithe módacha agus sceitheadh carbóin. Foilseoidh an Coimisiún torthaí an mheasúnaithe sin. Tá sé tábhachtach go dtacóidh an tAontas agus na Ballstáit le bearta ar an leibhéal idirnáisiúnta chun tionchar an mhuiriompair ar an aeráid a laghdú. Ba cheart don Coimisiún aon dul chun cinn a dhéantar ionsar bheart margadhbhunaithe arna ghlacadh ag IMO a choimeád faoi bhreithniú, agus ba cheart dó i gcás ina nglacfar beart domhanda margadhbhunaithe, a mheas conas is féidir a áirithiú go mbeidh comhsheasmhacht ann idir an tAontas agus bearta domhanda ar bhealach ina gcaomhnófar sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>23</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 13 b (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13b) Éilíonn an t-aistriú rathúil go loingseoireacht astaíochtaí nialasacha cur chuige comhtháite agus an timpeallacht iomchuí chumasúcháin chun nuálaíocht a spreagadh, ar longa agus i gcalafoirt araon. Baineann an timpeallacht chumasúcháin sin le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach i dtaighde agus nuálaíocht, bearta teicneolaíochta agus oibriúcháin chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú, agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, amhail hidrigin agus amóinia, a tháirgtear as foinsí fuinnimh inathnuaite agus teicneolaíochtaí tiomána a úsáid, lena n-áirítear an bonneagar athbhreoslaithe agus athluchtaithe is gá i gcalafoirt. Ba cheart Ciste Aigéin a bhunú ó ioncam a ghintear ó lamháltais mhuirí a cheantáil faoi EU ETS chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú agus chun tacú le hinfheistíocht lena ndírítear ar chabhrú le muiriompar a dhícharbónú, lena n-áirítear i loingseoireacht ghearrthurais agus i gcalafoirt. Ba cheart don Choimisiún bearta a fhorbairt freisin chun rochtain na long is mó a dhéanann truailliú ar chalafoirt an Aontais a rialáil agus iallach a chur ar longa breoslaí iontaise atá tugtha chun balla leictreachas cois cladaigh nó roghanna malartacha atá saor ó astaíochtaí a úsáid. Ba cheart don Choimisiún freisin measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht atá ann ceangal a chur ar chalafoirt taraifí moillráta atá bunaithe ar astaíochtaí a ghlacadh.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>24</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 13 c (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(13c) Chun aistriú rathúil a bheith ann ionsar astaíochtaí nialasacha agus longa glasa tá gá le cur chuige comhtháite chun bearta nuálacha a chur chun cinn do longa atá níos glaise, mar shampla maidir le dearadh cabhlach, innill nua agus breoslaí malartacha inbhuanaithe, agus tiomáint ghaothchuidithe, agus bearta oibriúcháin, ar bearta iad is féidir a chur chun feidhme sa ghearrthéarma chun ídiú breosla a laghdú agus dá bhrí sin astaíochtaí, amhail laghdú luais nó pleanáil níos fearr ó thaobh bealaí de. Rinneadh laghdú luais, ar a dtugtar galú mall freisin, a thástáil ar mhórscála idir 2006 agus 2012 i ngeall ar an ardú mór ar phraghsanna breosla: bhí laghdú 10 % ar luas ina shiocair le laghdú de thuairim is 19%1a ar ídiú agus le laghdú comhfhreagrach ar astaíochtaí. Déanfaidh bearta margadhbhunaithe amhail EU ETS an laghdú ar astaíochtaí agus infheistíocht i dtaighde agus nuálaíocht a spreagadh, chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú, agus breoslaí malartacha inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí tiomána a úsáid, lena n-áirítear na bonneagair athbhreoslaithe agus athluchtaithe is gá i gcalafoirt agus i gcalafoirt intíre.

 

__________________

 

1a ‘Tionchar na loingseoireachta idirnáisiúnta ar chaighdeán aeir agus fórsáil aeráide na hEorpa’, an Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil, Tuarascáil theicniúil Uimh. 4/2013

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>25</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 14 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a) Chun gur féidir sonraí ar ardchaighdeán a thuairiscítear i gclár THETIS-MRV a choinneáil, ba cheart go dtabharfaí na hacmhainní agus na cumhachtaí is gá don Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí (EMSA) chun na tuarascálacha astaíochta a bhí fíoraithe chun sástachta ag fíoraitheoirí a sheiceáil.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>26</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 14 b (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14b) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2015/757, agus aird á tabhairt ar an taithí bhreise a fuarthas i gcur chun feidhme an Rialacháin sin agus DCS domhanda ó IMO, mar aon le forbairtí ábhartha eile lena ndírítear ar astaíochtaí GCT ó mhuiriompar a laghdú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>27</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 14 c (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14c) Foinse truailleán aeir is ea muiriompar freisin, amhail ocsaíd sulfair (SOx), ocsaíd nítrigine (NOx), ábhar cáithníneach (PM), substaintí ídithe ózóin (ODSanna) agus comhdhúile so-ghalaithe orgánacha (VOC)1a. Bíonn tionchar díobhálach ag truailleáin aeir ar an gcomhshaol agus ar shláinte na saoránach araon, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí nó ag obair i limistéir chósta nó chalafoirt. Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an reachtaíocht ábhartha faoi mhí an Mheithimh 2021 agus moltaí nithiúla a dhéanamh chun aghaidh a thabhairt ar fhadhb na n-astaíochtaí aerthruaillithe ó mhuiriompar. Ba cheart don Choimisiún oibriú ar na Limistéir Rialaithe Astaíochtaí Sulfair (SECA) agus na Limistéir Rialaithe Astaíochtaí NOx (NECA) a leathnú i bhfarraigí uile na hEorpa, lena n-áirítear sa Mheánmhuir, agus díriú tuilleadh ar an bhfadhb a bhaineann le sceitheadh uisce níocháin ó sciúrthóirí agus le sceitheadh substaintí eile, amhail uisce ballasta, hidreacarbóin, miotail throma agus ceimiceáin, isteach in uiscí oscailte, agus an fhadhb a bhaineann le tionchar na substaintí sin ar bhithéagsúlacht mhuirí.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>28</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Is éard is cuspóir do Rialachán (AE) 2015/757 faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí CO2 ó longa a théann isteach i gcalafoirt LEE mar an chéad chéim de chur chuige céimneach chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart aird a thabhairt ar DCS domhanda ó IMO agus áiritheofar leis an Rialachán seo inchomparáideacht agus iontaofacht leanúnach sonraí a bhailítear atá bunaithe ar thacar aonair ceanglas. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

(15) Is éard is cuspóir do Rialachán (AE) 2015/757 faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí GCT ó longa a théann isteach i gcalafoirt LEE, chun a ndéine carbóin oibriúcháin de réir na hoibre iompair a laghdú, lena n-áirítear trína n-astaíochtaí a laghdú go suntasach agus iad feistithe, agus chun na hastaíochtaí sin a phraghsáil chun astaíochtaí gás ceaptha teasa ón earnáil mhuirí a laghdú. Ní féidir leis na Ballstáit é sin a bhaint amach go leordhóthanach ach, de bharr a fhairsinge agus a éifeachtaí, is fearr is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais. Ba cheart aird a thabhairt ar DCS domhanda ó IMO agus áiritheofar leis an Rialachán seo inchomparáideacht agus iontaofacht leanúnach sonraí a bhailítear atá bunaithe ar thacar aonair ceanglas. Féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>29</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a) Tá an t-aistriú chuig loingseoireacht aeráidneodrach fós le baint amach agus níor leor go dtí seo bearta rialála ina leith sin. Is féidir ról suntasach a bheith ag calafoirt i ndícharbónú muiriompair. Ba cheart go mbeadh sé d’oibleagáid ar oibreoirí long a thagann isteach go calafoirt an Aontais a áirithiú, trí mhodhanna amhail nascadh le leictreachas cois cladaigh, agus iad feistithe nach n-astaíonn a gcuid long astaíochtaí gás ceaptha teasa ná astaíochtaí aerthruaillithe. Bheadh tábhacht ar leith leis seo i gcás longa a bheadh feistithe gar do cheantair uirbeacha, chun éifeachtaí aerthruaillithe ar shláinte an duine a laghdú. I bhfianaise tionchair dhifreálacha long i ndáil le gás ceaptha teasa agus astaíochtaí aerthruaillithe, ba cheart go mbeadh sé de cheangal ar na longa is mó a dhéanann truailliú, lena n-áirítear longa móra paisinéirí, an ceangal sin a chomhlíonadh ar dtús.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>30</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15 b (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15b) Ba cheart d’oibreoirí long a áirithiú go n-oibreoidh siad na soithí ar an mbealach is éifeachtúla is féidir ó thaobh fuinnimh de, agus astaíochtaí á gcoimeád ar na leibhéil is ísle is féidir. Ba cheart do thógálaithe long a áirithiú go mbeidh laghdú ar astaíochtaí ina thosaíocht acu agus iad i mbun longa nua a thógáil.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>31</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – teideal (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh.2015/757

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>32</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír -1 (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 mar a leanas:

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>33</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír -1 a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Aithris 23</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Aithris 23:

(23) Níor cheart gáis ceaptha teasa eile, nithe lena gcuirtear brú ar an aeráid truailleáin aeir a chumhdach le córas MRV an Aontais ag an gcéim seo chun ceanglais a sheachaint maidir le trealamh tomhais a shuiteáil nach bhfuil iontaofa go leor nó nach bhfuil ar fáil ar bhonn tráchtála, a d'fhéadfadh cur isteach ar chur chun feidhme chóras MRV an Aontais.

‘‘(23) Ba cheart córas MRV an Aontais a leathnú chun gáis ceaptha teasa eile, nithe lena gcuirtear brú ar an aeráid agus truailleáin aeir a chumhdach freisin, i gcás ina bhfuil trealamh ann atá iontaofa go leor nó atá ar fáil ar bhonn tráchtála, chun an aeráid, an comhshaol agus sláinte an duine a chosaint ar bhonn níos fearr.’’

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32015R0757)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>34</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír -1 b (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 1</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1b) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 1:

Airteagal 1

‘‘Airteagal 1

Ábhar

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin (CO2) agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu, chun laghdú na n-astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar ar bhealach costéifeachtach a chur chun cinn.

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú cruinn a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) agus ar fhaisnéis ábhartha eile ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu. Chun rannchuidiú le cuspóir aeráidneodrachta an Aontais ar fud an gheilleagair a bhaint amach de réir mar a shainmhínítear é i Rialachán (AE) .../... [Dlí Aeráide Eorpach], agus aird á tabhairt ar Straitéis Tosaigh IMO a glacadh an 13 Aibreán 2018, maidir le astaíochtaí GCT ó longa a laghdú leis an Rialachán seo, forchuirtear oibleagáidí ar chuideachtaí a meánastaíochtaí bliantúla CO2 de réir na hoibre iompair a laghdú i gcomhréir le hAirteagal 12a.’’

</Amend>

 

<Amend>Leasú  <NumAm>35</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír -1 c (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 2 – mír 1</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-1c) In Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa atá os cionn olltonnáiste 5 000 i leith astaíochtaí CO2 a sceitear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, mar aon le laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit.

"1.  Tá feidhm ag an Rialachán seo maidir le longa ag a bhfuil olltonnáiste 5 000 agus os a chionn i leith astaíochtaí GCT a sceitear le linn a muiraistear óna gcalafort cuarda deireanach go dtí calafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit agus ó chalafort cuarda atá faoi dhlínse Ballstáit go dtí a gcéad chalafort cuarda eile, mar aon le laistigh de chalafoirt chuarda atá faoi dhlínse Ballstáit. "

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>36</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe -a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 3 – mír 1 – pointe a a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-a) Cuirtear isteach an pointe seo:

 

"(aa)  ciallaíonn ‘astaíochtaí gás ceaptha teasa’ gáis ceaptha teasa a bheith á scaoileadh ag longa, de réir mar a liostaítear iad in Iarscríbhinn II a ghabhann le Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;*

 

_______________________

 

* Treoir 2003/87/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Deireadh Fómhair 2003 lena mbunaítear córas maidir le trádáil lamháltais astaíochtaí gás ceaptha teasa laistigh den Aontas agus lena leasaítear Treoir 96/61/CE ón gComhairle (IO L 275, 25.10.2003, lch. 32). ";

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>37</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe -a a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 3 – mír 1 – pointe b</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(-aa) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (b):

(b) ciallaíonn ‘calafort cuarda’ an calafort ina stopann long chun lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; dá bhrí sin, déantar stopanna a dhéantar chun críoch athbhreoslaithe, soláthairtí úra a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long agus/nó a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críoch foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh;

"(b) ciallaíonn ‘calafort cuarda’ an calafort ina stopann long chun cuid shubstaintiúil dá lastas a luchtú nó a dhíluchtú nó chun paisinéirí a bhordáil nó a dhíbhordáil; dá bhrí sin, déantar stopanna a dhéantar chun críoch athbhreoslaithe, soláthairtí úra a fháil, faoiseamh a thabhairt don chriú, dul i nduga tirim nó obair dheisiúcháin a dhéanamh ar an long agus/nó a cuid trealaimh, agus chun na gcríoch sin amháin, stopanna i gcalafort toisc go dteastaíonn cabhair ón long nó toisc í a bheith i nguais, aistrithe long-go-long a dhéantar lasmuigh de chalafoirt, agus stopanna chun críche foscadh a fháil ón doineann nó ar gá iad mar gheall ar ghníomhaíochtaí cuardaigh agus tarrthála, agus chun na críche sin amháin, a eisiamh;’’

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>38</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe a</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 3 – mír 1 – pointe d</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht chuige ón úinéir an long a oibriú, agus a ghlac chuige na dualgais agus na freagrachtaí uile arna bhforchur le Rialachán (AE) Uimh. 336/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle;

“(d) ciallaíonn ‘cuideachta’ úinéir na loinge nó aon eagraíocht nó duine eile amhail an bainisteoir; an cairtfhostóir nó an cairtfhostóir forléasta, a ghlac an fhreagracht maidir le hoibriú tráchtála na loinge chuige ó úinéir na loinge agus atá freagrach as an mbreosla a ídíonn an long a íoc;’’

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>39</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe a a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 3 – mír 1 – pointe i</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(aa) cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (i):

(i)  ciallaíonn ‘faisnéis ábhartha eile’ faisnéis a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ídiú breosla, go hobair iompair agus go héifeachtúlacht fuinnimh na long, lena féidir anailís a dhéanamh ar threochtaí astaíochtaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na long;

“(i)  ciallaíonn ‘faisnéis ábhartha eile’ faisnéis a bhaineann le hastaíochtaí CO2 ó ídiú breosla, go hobair iompair, go soláthar cumhachta ó thír chuig an long le linn di a bheith feistithe agus go héifeachtúlacht fuinnimh na long, lena féidir anailís a dhéanamh ar threochtaí astaíochtaí agus measúnú a dhéanamh ar fheidhmíocht na long;

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EL/TXT/HTML/?uri=CELEX:02015R0757-20161216&qid=1584951644602&from=GA)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>40</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 4 – mír 1</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(1a) In Airteagal 4, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1:

1. I gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus tuairisciú ar na paraiméadair ábhartha, do gach long dá gcuid, le linn tréimhse tuairiscithe. Déanfaidh siad an faireachán agus an tuairisciú sin laistigh de na calafoirt uile atá faoi dhlínse Ballstáit agus i gcás aon mhuiraistir chuig calafort atá faoi dhlínse Ballstáit nó uaidh.

"1. I gcomhréir le hAirteagal 8 go hAirteagal 12, déanfaidh cuideachtaí faireachán agus tuairisciú ar na paraiméadair ábhartha, do gach ceann de na longa atá faoina rialú oibríochtúil tráchtála, le linn tréimhse tuairiscithe. Déanfaidh siad an faireachán agus an tuairisciú sin laistigh de na calafoirt uile atá faoi dhlínse Ballstáit agus i gcás aon mhuiraistir chuig calafort atá faoi dhlínse Ballstáit nó uaidh. "

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>41</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 b (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 5 – mír 2 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1b) In Airteagal 5, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

“2a. Faoin 31 Nollaig 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23, chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na modhanna a shonrú lena ndéantar astaíochtaí meatáin (CH4) a chinneadh. Chomh maith leis na gníomhartha tarmligthe dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh, deanfaidh an Coimisiún, faoin 31 Nollaig 2021, measúnú agus tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle maidir leis an tionchar atá ag astaíochtaí GCT ar an aeráid dhomhanda, seachas CO2 agus CH4 , ó longa a thagann isteach i gcalafoirt atá faoi dhlínse Ballstáit, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an tuarascáil sin, i gcás inarb iomchuí, chun aghaidh a thabhairt ar an gceist conas déileáil leis na hastaíochtaí sin.’’

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>42</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 3 – pointe a</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 9 – mír 1 – pointe f</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) lastas a iompraítear, ar bhonn deonach;

scriosta

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>43</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 3 a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 757/2015</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 9 – mír 2 – pointe a</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(3a) Cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) d’Airteagal 9(2):

(a) go dtosaíonn nó go gcríochnaíonn aistear uile na loinge le linn na tréimhse tuairiscithe ag calafort atá faoi dhlínse Ballstáit; agus

"(a) go dtosaíonn nó go gcríochnaíonn nach lú na 90% d’aistear uile na loinge le linn na tréimhse tuairiscithe ag calafort atá faoi dhlínse Ballstáit; agus’’

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>44</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 4 – pointe a a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 10 – mír 1 – pointe j a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(aa) Cuirtear an pointe seo a leanas leis:

 

‘(ja) lastas a iompraítear.’

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>45</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 – pointe a</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 11 – mír 2</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina mbíonn athrú cuideachta ann, cuirfidh an chuideachta a bhí ann roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid údaráis an bhratstáit lena mbaineann, a chóngaraí agus is féidir don lá a dtabharfar an t-athrú i gcrích agus tráth nach déanaí ná trí mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil ina gcumhdaítear na heilimintí céanna atá sa tuarascáil astaíochtaí ach í teoranta don tréimhse a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi fhreagracht na cuideachta sin.”;

“2. I gcás ina mbíonn athrú cuideachta ann, cuirfidh an chuideachta a bhí ann roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid údaráis an Bhratstáit lena mbaineann, ar an lá a dtabharfar an t-athrú i gcrích nó a chóngaraí agus is féidir don lá a dtabharfar an t-athrú i gcrích agus tráth nach déanaí ná aon mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil ina gcumhdaítear na heilimintí céanna atá sa tuarascáil astaíochtaí ach í a bheith teoranta don tréimhse a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi fhreagracht na cuideachta sin. Áiritheoidh an chuideachta nua go mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag gach long a bheidh faoina freagracht ar feadh a bhfuil fágtha den tréimhse tuairiscithe tar éis an athraithe.’’;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>46</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 – pointe b a (nua)</Article>

<DocAmend2> Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 11 – mír 3 – pointe xi a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) i bpointe (a) de mhír (3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

 

‘(xia) lastas a iompraítear.’ ;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>47</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 – pointe b b (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 11 – mír 3 – pointe xi b (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(bb) i bpointe (a) de mhír (3), cuirtear an pointe seo a leanas leis:

 

‘(xib) méid na loinge;’;

</Amend>

 <Amend>Leasú  <NumAm>48</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (EU) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Caibidil II a (nua) – Airteagal 12 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5a) Cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas:

 

‘‘CAIBIDIL II a

 

LAGHDÚ ASTAÍOCHTAÍ

 

Airteagal 12a

 

Laghdú ar astaíochtaí

 

1. Déanfaidh cuideachtaí laghdú líneach 40% ar a laghad ar na hastaíochtaí CO2 bliantúla de réir na hoibre iompair faoi 2030 mar mheán thar gach long atá faoina bhfreagracht, i gcomparáid leis an meánfheidhmíocht de réir na catagóire long den mhéid céanna agus den chineál céanna de réir mar a thuairiscítear faoin Rialachán seo.

 

2. I gcás, i mbliain ar leith, ina mainníonn ar chuideachta an laghdú bliantúil dá dtagraítear i mír 1 a chomhlíonadh, déanfaidh an Coimisiún pionós airgeadais a fhorchur a bheidh éifeachtach, comhréireach, athchomhairleach agus i gcomhréir le córas astaíochtaí trádála margadhbhunaithe, amhail EU ETS. Ní dhéanfaidh íocaíocht an phionóis i leith astaíochtaí iomarcacha an chuideachta a scaoileadh óna hoibleagáid faoi mhír 1 don tréimhse go dtí 2030. I gcás cuideachtaí ar mhainnigh orthu na teorainneacha astaíochtaí a leagtar síos faoin Airteagal seo a chomhlíonadh, beidh feidhm ag forálacha Airteagal 20(3) agus Airteagal 20(4).

 

3. Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe faoi ... [6 mhí tar éis don Rialachán seo teacht i bhfeidhm] i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí na catagóirí long dá dtagraítear i mír 1 a shainiú, tríd an mbunlíne agus an fachtóir laghdaithe línigh bliantúil atá le cur i bhfeidhm maidir le gach catagóir loinge trí na sonraí ó THETIS-MRV a úsáid, lena n-áirítear an paraiméadar éigeantach 'lastas a iompraítear', agus DCS ó IMO, agus aitheantas iomlán á thabhairt do na laghduithe ar astaíochtaí atá déanta cheana féin ag na cuideachtaí 'ceannródaíochta dícharbónúcháin

 

4. Laistigh de 12 mhí ó ghlacadh bearta ag IMO chun an Straitéis Tosaigh maidir le hastaíochtaí GCT ó longa a glacadh an 13 Aibreán 2018 a laghdú agus sula dtiocfaidh na bearta sin i bhfeidhm, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdóidh sé uaillmhian agus sláine fhoriomlán comhshaoil na mbeart arna gcinneadh ag IMO, lena n-áirítear a n-uaillmhian ghinearálta i ndáil le spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, le sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT ar fud gheilleagar an Aontais do 2030 agus leis an gcuspóir neodracht aeráide mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) ... / ... [An Dlí Aeráide Eorpach].

 

5. I gcás inarb iomchuí, féadfaidh an Coimisiún togra reachtach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a chur i dteannta na tuarascála dá dtagraítear i mír 4 chun an Rialachán seo a leasú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an aidhm sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais a chaomhnú, go háirithe sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT ar fud gheilleagar an Aontais do 2030 agus an cuspóir maidir le neodracht aeráide mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) ... / ... [An Dlí Aeráide Eorpach].

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>49</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 b (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 12 b (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5b) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

“Airteagal 12b

 

Astaíochtaí ó longa atá i mbeart

 

Áiritheoidh cuideachtaí, faoi 2030, nach scaoileann aon long atá faoina bhfreagracht astaíochtaí GCT nuair a bhíonn siad i mbeart.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>50</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 c (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 21 – mír 1</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5c) In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 1: '

1. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis faoi na hastaíochtaí CO2 arna dtuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 11 ar fáil go poiblí mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo.

"1. Faoin 30 Meitheamh gach bliain, cuirfidh an Coimisiún an fhaisnéis arna tuairisciú i gcomhréir le hAirteagal 11 ar fáil go poiblí mar aon leis an bhfaisnéis a leagtar amach i mír 2 den Airteagal seo. "

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>51</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 5 d (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 21 – mír 2 – pointe a</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(5d) In Airteagal 21, cuirtear an méid seo a leanas in ionad phointe (a) de mhír 2:

(a) céannacht na loinge (ainm, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile);

"(a) céannacht na loinge (ainm, cuideachta, uimhir aitheantais IMO agus calafort cláraithe nó calafort baile); "

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>52</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 21 – mír 2 – pointe k a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) In Airteagal 21, mír 2, cuirtear isteach an pointe seo a leanas:

 

‘(ka) méid na loinge.’

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>53</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 b (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 21 – mír 6 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) In Airteagal 21, cuirtear an mhír seo a leanas leis:

 

"6a. I gcomhréir lena chlár oibre 2020-2022, déanfaidh EMSA fíorú staitistiúil breise ar na sonraí a chuirtear isteach faoi Airteagal 11(1) chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a sholáthraítear comhsheasmhach.”

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>54</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 c (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 21 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6c) cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

"Airteagal 21a

 

Feidhmíocht chomhshaoil ​​long a lipéadú

 

1. Chun laghduithe ar astaíochtaí a spreagadh agus trédhearcacht faisnéise a mhéadú, bunóidh an Coimisiún córas lipéadaithe iomlánaíoch Aontais maidir le feidhmíocht chomhshaoil long a mbeidh feidhm aige maidir leis na longa a chumhdaítear leis an Rialachán seo.

 

2. Faoin 1 Iúil 2021, glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí fhorálacha mionsonraithe a leagan amach maidir le feidhmiú chóras lipéadaithe an Aontais i leith feidhmíocht chomhshaoil long chomh maith leis na caighdeáin theicniúla atá mar bhunús leis .”

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>55</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 d (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 22 – mír 3</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6d) In Airteagal 22, scriostar mír 3;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>56</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 e (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 22 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6e) Cuirtear an tAirteagal seo a leanas isteach:

 

‘Airteagal 22a

 

Athbhreithniú

 

1. Faoin 31 Nollaig 2022, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú an Rialacháin seo, agus an taithí a fuarthas ina chur chun feidhme á chur san áireamh, mar aon le forbairtí ábhartha eile atá dírithe ar astaíochtaí GCT a laghdú ó mhuiriompar agus ar ghealltanais an Aontais faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh. Mar chuid den athbhreithniú, molfaidh an Coimisiún ceanglais bhreise chun astaíochtaí GCT seachas CO2 a laghdú, chomh maith le truailleáin aeir a laghdú agus sceitheadh fuíolluisce, lena n-áirítear ó sciúrthóirí, isteach in uiscí oscailte ó longa. Ba cheart leis an athbhreithniú freisin go mbreithneofar raon feidhme an Rialacháin seo a leathnú chuig longa a bhfuil tonnáiste comhlán acu idir 400 agus 5000 tonna. Beidh togra reachtach ag gabháil leis an athbhreithniú, i gcás inarb iomchuí, chun an Rialachán seo a leasú.

 

2. Mar chuid den athbhreithniú atá le teacht ar Threoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle * agus Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle **, déanfaidh an Coimisiún togra freisin spriocanna ceangailteacha a leagan síos do na Ballstáit chun a áirithiú go bhfuil soláthar leormhaith leictreachais cois cladaigh i gcalafoirt mhuirí agus intíre.

 

__________________

 

* Treoir 2014/94/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le bonneagar breoslaí malartacha a chur in úsáid (IO L 307, 28.10.2014, lch. 1).

 

** Rialachán (AE) Uimh. 1315/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le treoirlínte an Aontais chun an gréasán tras-Eorpach iompair a fhorbairt agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 661/2010/AE (IO L 348, 20.12.2013, lch. 1) “ "

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>57</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 f (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 23 – mír 2</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(6f) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 5(2), in Airteagal 15(5) agus in Airteagal 16(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

"2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 5(3), 12a(3), 15(5) agus 16(3) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse cúig bliana amhail ón 1 Iúil 2015. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse cúig bliana, tuarascáil a tharraingt suas maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná trí mhí roimh dheireadh gach tréimhse. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32015R0757)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>58</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 g (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 23 – mír 3</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(6g) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 15(5) agus 16(3) a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an Chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana.

"3. Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagail 5(2), 5(3), 12a(3), 15(5) agus 16(3) a chúlghairm aon tráth. Má dhéantar cinneadh cúlghairm a dhéanamh, cuirfear deireadh le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an Chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta níos déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghnímh tharmligthe atá i bhfeidhm cheana. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32015R0757)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>59</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 6 h </Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 23 – mír 5</Article2>

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(6h) In Airteagal 23, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 5:

5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 5(2), Airteagal 15(5) nó Airteagal 16(3) i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

"5. Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagail 5(2), 5(3), 12a(3), 15(5) agus 16(3)i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa nó ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dheireadh na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle. "

(https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32015R0757)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>60</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 1a

 

Leasuithe ar Threoir 2003/87/CE

 

Leasaítear Treoir 2003/87/CE mar a leanas:

 

(1) cuirtear isteach an chaibidil seo a leanas:

 

'CAIBIDIL IIa

 

MUIRIOMPAR

 

Airteagal 3ga

 

Raon Feidhme

 

Beidh feidhm ag forálacha na Caibidle seo ón 1 Eanáir 2022 maidir le liúntais a eisiúint agus a leithdháileadh i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa ó longa a thagann isteach i gcalafoirt a chumhdaítear le Rialachán (AE) 2015 / 757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle *, atá laistigh díobh nó a imíonn uathu. Nuair a athraítear cuideachta de bhun Airteagal 11 (2) de Rialachán (AE) 2015/757, ní cheanglófar ar an gcuideachta nua ach liúntais a fháil i leith astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaineann leis an tréimhse ar cuireadh gníomhaíochtaí na loinge i gcrích faoina freagracht.

 

Airteagal 3gb

 

Cainníocht iomlán agus modh leithdháilte liúntas le haghaidh muiriompair

 

 

1.  Faoin 31 Nollaig 2020, déanfaidh an Coimisiún an measúnú tionchair a rinneadh in 2013 agus a ghabhann le togra an Choimisiúin le haghaidh Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle ** a thabhairt cothrom le dáta agus glacfaidh sé gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh trí chainníocht iomlán na liúntas do mhuiriompar a shocrú i gcomhréir le hearnálacha eile agus an modh leithdháilte lamháltas le haghaidh muiriompair a shocrú trí cheantáil iomlán, chomh maith leis na forálacha speisialta a leagan síos maidir leis an mBallstát riaracháin. Beidh na gníomhartha tarmligthe bunaithe ar na sonraí is fearr atá ar fáil agus ar mheasúnú ar thionchar roghanna éagsúla, lena n-áirítear an tionchar ar astaíochtaí chomh maith leis an tionchar eacnamaíoch.

 

2.  Beidh feidhm ag Airteagail 12 agus 16 maidir le liúntais le haghaidh muiriompair ar an mbealach céanna leis na liúntais a bhaineann le gníomhaíochtaí eile.

 

3. Úsáidfear 50% ar a laghad den ioncam a ghintear ó cheantáil liúntas dá dtagraítear i mír 1 den Airteagal seo tríd an gciste a bunaíodh faoi Airteagal 3gc.

 

4. Úsáidfear ioncaim a ghintear ó cheantáil liúntas nach n-úsáidtear tríd an gCiste a shainmhínítear in Airteagal 3gc agus a leithdháiltear ar Bhallstáit ar bhealach atá comhsheasmhach le haidhmeanna na Treorach seo, go háirithe chun dul i ngleic leis an athrú aeráide san Aontas agus tríú tíortha, chun éiceachórais mhuirí a bhfuil tionchar ag an téamh domhanda orthu a chosaint agus a athshlánú, agus chun tacú le haistriú cóir sna Ballstáit, ag tacú le hath-imlonnú, athoiliúint agus breisoiliúint oibrithe, oideachas, tionscnaimh cuardaithe poist agus gnólachtaí nuathionscanta, le linn idirphlé a bheith ann leis na comhpháirtithe sóisialta. Cuirfear gach faisnéis maidir le húsáid an ioncaim sin ar fáil go poiblí..

 

5. Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm na Caibidle seo agus ar threochtaí féideartha maidir le cuideachtaí atá ag iarraidh a sheachaint iad a bheith faoi cheangal ag ceanglais na Treorach seo. Más iomchuí, molfaidh an Coimisiún bearta chun an tseachaint sin a chosc.

 

Airteagal 3gc

 

Ciste Aigéin

 

1. Bunófar Ciste Aigéin (‘an Ciste’) don tréimhse ó 2022 go 2030 chun éifeachtúlacht fuinnimh long a fheabhsú agus tacú le hinfheistíocht i dteicneolaíochtaí agus i mbonneagar nuálach chun an earnáil muiriompair a dhícharbónú, lena n-áirítear i loingseoireacht ghearrthurais agus i gcalafoirt, agus úsáid breoslaí malartacha inbhuanaithe amhail hidrigin agus amóinia, a tháirgtear ó fhoinsí in-athnuaite, agus ó theicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha, lena n-áirítear teicneolaíochtaí gaoithe. Úsáidfear 20% den ioncam faoin gCiste chun cur le cosaint, athshlánú agus bainistiú níos fearr ar éiceachórais mhuirí a mbíonn tionchar ag an téamh domhanda orthu, amhail limistéir mhuirí faoi chosaint; agus geilleagar gorm inbhuanaithe trasearnálach a chur chun cinn mar fhuinneamh muirí in-athnuaite. Déanfar gach infheistíocht a dtacaíonn an Ciste léi a phoibliú agus beidh sí comhsheasmhach le haidhmeanna na Treorach seo.

 

2. De mhaolú ar Airteagal 12 den Treoir seo, féadfaidh cuideachtaí muiriompair ranníocaíocht bhliantúil ballraíochta a íoc leis an gCiste i gcomhréir lena a n-astaíochtaí iomlána a tuairiscíodh don bhliain féilire roimhe sin faoi Rialachán (AE) 2015/757 chun an t-ualach riaracháin ar chudeachtaí muirí a theorannú, lena n-áirítear cuideachtaí beaga agus meánmhéide agus cuideachtaí nach mbíonn gníomhach go minic faoi raon feidhme na Treorach seo. Leis an gCiste, tabharfar suas liúntais i dteannta a chéile thar ceann cuideachtaí muiriompair ar baill den Chiste iad. Socrófar leis an gCiste an ranníocaíocht bhallraíochta in aghaidh an tonna d’astaíochtaí faoin 28 Feabhra gach bliain, ach beidh sí cothrom ar a laghad leis an bpraghas socraíochta margaidh príomhúil nó tánaisteach is airde a taifeadadh do liúntais an bhliain roimhe sin.

 

3. Gheobhaidh an Ciste liúntais atá cothrom le méid iomlán comhchoiteann na ranníocaíochtaí dá dtagraítear i mír 2 den Airteagal seo le linn na bliana féilire roimhe sin agus tabharfaidh sé suas iad don chlárlann a bhunaítear faoi Airteagal 19 den Treoir seo faoin 30 Aibreán gach bliain le cealú ina dhiaidh sin. Cuirfear gach faisnéis maidir leis na ranníocaíochtaí a chur ar fáil don phobal.

 

4. Déanfar an Ciste a bhainistiú go lárnach trí chomhlacht de chuid an Aontais a mbeidh a struchtúr rialachais cosúil le rialachas an chiste dá bhforáiltear in Airteagal 10a (8) den Treoir seo. Beidh a struchtúr rialachais agus a phróiseas cinnteoireachta trédhearcach agus cuimsitheach, go háirithe i socrú réimsí tosaíochta, critéar agus nósanna imeachta leithdháilte deontas. Beidh ról comhairliúcháin iomchuí ag geallsealbhóirí ábhartha. Cuirfear gach faisnéis faoi na hinfheistíochtaí agus gach faisnéis ábhartha eile ar fheidhmiú an Chiste ar fáil don phobal.

 

5. Rachaidh an Coimisiún i mbun idirphlé le tríú tíortha maidir leis an gcaoi ar féidir leo an Ciste a úsáid.

 

6. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 23 chun an Treoir seo a fhorlíonadh maidir leis an Airteagal seo a chur chun feidhme.

 

Airteagal 3gd

 

Tuarascáil agus athbhreithniú arna ndéanamh ag an gCoimisiún ar chur chun feidhme beart maolaithe aeráide ag an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta

 

1.  Laistigh de 12 mhí ó ghlacadh bearta domhanda margadhbunaithe ag IMO chun an Straitéis Tosaigh maidir le hastaíochtaí GCT ó mhuiriompar, agus sula n-éireoidh siad oibríochtúil, cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina scrúdóidh sé uaillmhian agus sláine fhoriomlán comhshaoil na mbeart sin, lena n-áirítear a n-uaillmhian ghinearálta i ndáil le spriocanna faoi Chomhaontú Pháras, le sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT ar fud gheilleagar an Aontais do 2030 agus leis an gcuspóir neodracht aeráide mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) ... / ... [An Dlí Aeráide Eorpach]. Cuirfear san áireamh sa tuarascáil sin go háirithe leibhéal na rannpháirtíochta sna bearta domhanda sin, a n-in-fhorfheidhmitheacht, a dtrédhearcacht, na pionóis as neamhchomhlíonadh, na próisis le haghaidh ionchur poiblí, úsáid creidmheasanna fritháireamh, faireachán, tuairisciú agus fíorú astaíochtaí, clárlanna, cuntasacht chomh maith le rialacha maidir le húsáid bithbhreoslaí.

 

2. I gcás inarb iomchuí, déanfaidh an Coimisiún togra reachtach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle a chur i dteannta na tuarascála dá dtagraítear i mír 1 chun an Treoir seo a leasú ar bhealach atá comhsheasmhach leis an aidhm sláine chomhshaoil agus éifeachtacht ghníomhaíocht aeráide an Aontais a chaomhnú, go háirithe sprioc laghdaithe astaíochtaí GCT ar fud gheilleagar an Aontais do 2030 agus an cuspóir maidir le neodracht aeráide mar a shainmhínítear i Rialachán (AE) ... / ... [An Dlí Aeráide Eorpach].

 

__________________

 

* Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

 

** Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le sásra chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa agus chun faisnéis eile atá ábhartha don athrú aeráide a thuairisciú ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 280/2004/CE (IO L 165, 18.6.2013, lch. 13).

</Amend>

 

</RepeatBlock-Amend>

 


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Cúlra

Is eol, ón uair a chéadaithin Eunice Foote iarmhairt ceaptha teasa na dé-ocsaíde carbóin, agus fiú níos mó tar éis do Svante Arrhenius an iarmhairt a chainníochtú in 1896, go bhfuil teocht dhromchla na Cruinne ag brath ar chomhdhlúthú dé-ocsaíde carbóin san atmaisféar.

Tar éis go leor tuairiscí eolaíocha agus teistiméireachtaí, aithníodh i bPrótacal Kyoto in 1997 gurbh é an duine ba chúis le téamh domhanda agus éilíodh leis an bprótacal sin go laghdófaí astaíochtaí gás ceaptha teasa. Ar an drochuair, ní raibh na bearta a rinneadh go dtí seo chun dul i ngleic le hathrú aeráide éifeachtach, mar is beag nár dhúbail na hastaíochtaí ó 1997 i leith. Ba theo ná aon tréimhse a ndearnadh taifeadadh uirthi roimhe sin na deich mbliana seo caite agus fiú ba í an bhliain 2019 n bhliain ba theo san Eoraip[2]. Is é a dhála céanna é maidir leis na haigéin nach raibh riamh chomh te le 2019[3]. Léiríonn sé seo an fáth a bhfuil gá le reachtaíocht uaillmhianach aeráide AE.

De réir na tuarascála is déanaí ó IPCC, is ann don deis fanacht faoi bhun 5 C má dhéantar astaíochtaí carbóin sa todhchaí a theorannú go 420 Gt CO2 – nó 10 mbliana de na hastaíochtaí reatha. Dá réir sin, is é an buiséad le haghaidh deis 50 % fanacht faoi bhun 1.5 C ná 580 Gt CO2eq – 14 bliana de na hastaíochtaí reatha. Sceitheann an earnáil mhuiriompair aisti féin go bliantúil thart ar 940 Mt CO2eq ar fud an domhain, agus tá sí freagrach as thart ar 2.5% d’astaíochtaí domhanda GCT Ar leibhéal an Aontais (i gcás longa a thugann cuairt ar chalafoirt LEE), tháinig méadú 48% ar astaíochtaí CO2 ó mhuiriompar idir 1990 agus 2008, agus meastar go sroichfidh siad suas le 86% os cionn leibhéil 1990 faoi 2050. Tá earnáil na loingseoireachta as cor go hiomlán chun rannchuidiú leis an gcomhiarracht astaíochtaí nialasacha a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí. Dá bhrí sin, níl sé intuigthe cén fáth gurb í an loingseoireacht fós an t-aon mhodh iompair nach dtéann aon bheartas de chuid an Aontais Eorpaigh go sainráite i ngleic leis.

An Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO)

Faoi láthair, tá oibleagáid tuairiscithe ag oibreoirí long do AE (MRV)[4] agus do IMO (DCS)[5]. Aontaíonn an rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach go bhfuil oibleagáidí tuairiscithe AE agus IMO ailínithe. Ní chiallaíonn sé sin, áfach, gur cheart caighdeáin AE a ísliú. A mhalairt ar fad, is gá caighdeáin níos fearr a bheith ann ar an leibhéal domhanda. Chun sampla a thabhairt: I gcodarsnacht le MRV AE, níl IMO ag bailiú sonraí ar an lastas a iompraítear ach ar an meá-lasta amháin. Is rídheacair, mura bhfuil sé dodhéanta, mar gheall ar an tomhas sin lorg carbóin na n-earraí seolta na n-earraí seolta a ríomh. Gheall IMO le breis agus 20 bliain go rachaidh sé i ngleic le hastaíochtaí loingseoireachta agus níor thug sé isteach a Chóras Bailithe Sonraí ach tar éis do AE Rialachán MRV a chur chun feidhme. Ní fhacthas aon dul chun cinn dáiríre, agus sin an fáth gur gá gníomhaíocht AE chun go mbainfí amach cuspóir Pháras méadú teochta a theorannú go 1.5C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch[6].

An tAontas Eorpach

Ón 1 Eanáir 2018, tá ar longa móra (os cionn 5000 olltonnáiste) a thagann isteach i gcalafoirt sa Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó a imíonn uathu cheana féin faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar na hastaíochtaí CO2, ar ídiú breosla agus ar pharaiméadair eile, amhail an t-achar a thaistealaítear, am ar muir, etc., de réir Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (‘Rialachán MRV’ ina dhiaidh sin).  Léirítear sna chéad sonraí[7]  atá ar fáil gur sceith an 10,800 long a chumhdaítear le Rialachán MRV os cionn 130 milliún tonna CO2 in 2018, ar mó é ná astaíochtaí bliantúla CO2 na Beilge!

Tá togra foilsithe ag an gCoimisiún anois chun athbhreithniú a dhéanamh ar Rialachán MRV. Níl an togra seo ach ag díriú ach ar fhaireachán agus ar thuairisciú sonraí ionas go measann an rapóirtéir go bhfuil sí freagrach as dréacht-tuarascáil níos uaillmhianaí a bheith aici. Ní féidir linn níos mó ama fós a chailleadh le dul i ngleic le hathrú aeráide, ní mór dúinn gníomhú anois. Neartaigh Parlaimint na hEorpa an phráinn le haghaidh gníomhaíochta freisin nuair a d’fhógair sí éigeandáil aeráide ag deireadh 2019. D’iarr an Pharlaimint go sainráite ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh na tograí reachtacha ábhartha go léir ailínithe go hiomlán leis an gcuspóir téamh domhanda a theorannú faoi 1.5 ° C.

Tosaíochtaí an rapóirtéara

Córas maith is ea MRV, córas bailithe sonraí AE. Is é an buntáiste is mó atá ag DCS ó IMO ná freagracht a thabhairt don oibreoir loinge seachas an stát brataí: chomh luath agus a thugann long cuairt ar chalafort LEE, ní mór di a hastaíochtaí a thuairisciú. Anois, áfach, an móiminteam chun na sonraí bailithe a úsáid dairíre. Tá faisnéis iontaofa faoi astaíochtaí tábhachtach. Ní dhéanfaidh faisnéis amháin astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú, áfach. Dheimhnigh an Coimisiún Eorpach é sin ina mheasúnú tionchair. Is é príomhchuspóir na dréacht-tuarascála seo, dá bhrí sin, an iarracht riaracháin do chuideachtaí agus riaracháin a laghdú a mhéid is féidir, agus, níos tábhachtaí fós, astaíochtaí loingseoireachta a laghdú laistigh de LEE.

An córas trádála astaíochtaí

Ní mór do Pharlaimint na hEorpa freagracht a ghlacadh chuici féin agus a bhfuil molta cheana féin ag Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen a thrasuí. muiriompar a chur san aíreamh i gcóras ETS an Aontais Eorpaigh. Bheadh sé sin i gcomhréir freisin le Treoirlínte Polaitiúla an Choimisiúin do na chéad chúig bliana eile. Fáiltíonn an rapóirtéir go mór roimh ghealltanas an Choimisiúin sa Chomhshocrú Glas raon feidhme scéim AE i ndáil le trádáil Astaíochtaí (ETS) chuig an loingseoireacht

Rinneadh roinnt iarrachtaí chun an earnáil loingseoireachta a rialáil le blianta beaga anuas, agus níor éirigh le haon cheann acu. Tá an móiminteam ann anois loingseoireacht a chur san áireamh in ETS anois. Ní dhéanfar aon saobhadh ar iomaíocht, mar go ndéileáiltear le gach stát brataí agus le gach cuideachta ar an mbealach céanna. Cuimsítear le aon feidhme an rialacháin na muiraistir uile laistigh den Aontas, na muiraistir uile isteach ón gcalafort cuarda deireanach nach bhfuil san Aontas go dtí an chéad chalafort cuarda san Aontas, agus na muiraistir uile amach ó chalafort san Aontas go dtí an chéad chalafort cuarda eile nach bhfuil san Aontas[8].

Ciste Dícharbónaithe Muiriompair

Ba mhaith leis an rapóirtéir go mbunófaí ciste dícharbónaithe muiriompair chun taighde agus forbairt in éifeachtacht fuinnimh long a chothú agus chun tacú le hinfheistíochtaí i dteicneolaíochtaí nuálacha agus i mbonneagar chun muiriompar a dhícharbónú, lena n-áirítear loingseoireacht ghearrthurais agus i gcalafoirt, agus úsáid breoslaí inbhuanaithe. Bunófar an ciste don tréimhse ó 2021 go 2030 agus déanfar é a mhaoiniú ó ioncam ETS. Dá bhrí sin, measann an rapóirtéir gur rud bunúsach an ciste muiriompair chun fíorthionchar a bheith ní hamháin ar laghdú astaíochtaí ach freisin chun féachaint le teicneolaíocht saor ó astaíochtaí a bhaint amach.

Éifeachtúlacht Fuinnimh

Tugann an rapóirtéir dá haire an sprioc a leag IMO síos chun na hastaíochtaí CO2 in aghaidh na gníomhaíochta iompair a laghdú 40 % ar a laghad faoi 2030. Ní mór do AE dea-shampla a thabhairt tríd an sprioc seo a bhfuil géarghá léi a thrasuí i ndlí AE, rud a áiritheoidh go ndéanfaidh na longa go léir a thugann cuairt ar chalafoirt an Aontais a gcion cothrom chun Straitéis tosaigh IMO a chomhlíonadh, agus solúbthacht leordhóthanach á fágáil acu do chuideachtaí cinneadh a dhéanamh maidir leis na bearta oibríochtúla nó teicneolaíocha ar mian leo a chur chun feidhme.

Calafoirt Astaíochtaí Nialasacha

Feiceann an rapóirtéir acmhainneacht ollmhór i leictreachas cois cladaigh agus i gcalafoirt astaíochtaí nialasacha. Dá mbeadh ceangal ar longa i mbeart a n-inneall a mhúchadh agus ceangal a dhéanamh leis an eangach leictreachais talún nó foinsí fuinnimh eile a úsáid a mbeadh éifeacht choibhéiseach leo, thabharfadh an beart seo sochair sláinte láithreach do shaoránaigh atá ina gcónaí i limistéir chalafoirt. Dá bhrí sin, iarrann an rapóirtéir ar an gCoimisiún bearta a fhorbairt don sprioc seo, i.e. spriocanna a leagan síos do na Ballstáit chun leictreachas cois cladaigh a úsáid.

Lasta arna iompar agus trédhearcacht sonraí

Is díol sásaimh don rapóirtéir eilimintí trédhearcachta a bheith ar áireamh ag an gCoimisiún i dtogra MRV. Creideann an rapóirtéir, áfach, gur cheart go leanfadh tuairisciú an pharaiméadair ‘lasta arna iompar’ de bheith éigeantach i gcodarsnacht leis an togra ón gCoimisiún. Tá sé sin tábhachtach chun éifeachtúlacht turais a sheiceáil agus lorg carbóin na n-earraí a iompraítear a ríomh. Ráthóidh an beart sin cothroime agus cothrom na Féinne do na geallsealbhóirí go léir.

Raon feidhme gach GCT a leathnú

Ba mhaith leis an rapóirtéir go leathnófaí an raon feidhme chuig gach gás ceaptha teasa, ní hamháin CO2. Bíonn tionchar ollmhór go háirithe ag astaíochtaí meatáin ar an athrú aeráide os rud é gurb é 87 an acmhainneacht gás ceaptha teasa atá ag meatán i gcomparáid le CO2 ar bhonn tréimhse ama 20 bliana agus is gá rialáil níos déine a bheith ann dá bhrí sin.

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (29.5.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia</CommissionInt>


<Titre>ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 chun aird iomchuí a thabhairt ar an gcóras domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long</Titre>

<DocRef>(COM(2019)0038 – C8-0043/2019 – 2019/0017(COD))</DocRef>

Rapóirtéir: <Depute>Magdalena Adamowicz</Depute>

 

 

RÉASÚNÚ GEARR

 Is é is cuspóir don togra seo ón gCoimisiún ná leasú a dhéanamh ar Rialachán AE 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar chun an córas nua domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long a chur san áireamh mar is iomchuí, ar córas é a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO). Is coigeartuithe teicniúla iad na leasuithe atá beartaithe agus baineann siad le sainmhínithe chomh maith le paraiméadair faireacháin, pleananna agus teimpléid.

 

Is díol sásaimh don Rapóirtéir go bhfuil sé beartaithe ag an gCoimisiún an togra seo a úsáid chun nósanna imeachta riaracháin do chuideachtaí loingseoireachta agus do riaracháin loingseoireachta a shimpliú agus a laghdú, agus cuspóirí Rialachán AE 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú á gcaomhnú ag an am céanna.

 

Is mian leis an Rapóirtéir a mholadh go ndéanfaidh an Coimisiún athbhreithniú ar fheidhmiú Rialachán AE 2015/757, agus aird á tabhairt ar an taithí bhreise a fuarthas le linn chur chun feidhme an Rialacháin sin agus ar an gcóras domhanda bailithe sonraí maidir le sonraí faoi ídiú ola breosla long a bhunaigh an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO), chun tuilleadh comhoiriúnachta idir an dá chóras a áirithiú agus chun ceanglais thuairiscithe dhúbailte a laghdú.

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

 

<RepeatBlock-Amend><Amend>Leasú  <NumAm>1</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 3</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Leis an Rún ó Pharlaimint na hEorpa i bhFeabhra 2014 maidir le creat 2030 i gcomhair beartais aeráide agus fuinnimh, iarradh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit sprioc cheangailteach 2030 a leagan síos don Aontas, sprioc arb é atá inti laghdú 40% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le leibhéil 1990. Thug Parlaimint na hEorpa dá haire freisin go mbeadh ar gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú má tá an tAontas chun a chion féin a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí ar bhonn domhanda de.

(3) Sa Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip iarradh go n-ardófaí go 55% an sprioc do 2030 maidir le GCT intíre AE a laghdú i gcomparáid le leibhéil 1990 agus leagadh béim ar an ngá atá le gníomhaíocht láithreach agus uaillmhianach a dhéanamh d’fhonn neodracht aeráide a bhaint amach a luaithe is féidir agus faoi 2050 ar a dhéanaí. Thug Parlaimint na hEorpa dá haire freisin go mbeadh ar gach earnáil den gheilleagar rannchuidiú le hastaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú má tá an tAontas chun a chion féin a dhéanamh ó thaobh iarrachtaí ar bhonn domhanda de.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>2</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) Ina Conclúidí an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú intíre 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin a thábhachtaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na baoil a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú breise a dhéanamh ar ionstraimí agus ar bhearta le haghaidh cur chuige cuimsitheach a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, lena n-áirítear laghdú astaíochtaí, foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn.

(4) Ina Conclúidí an 24 Deireadh Fómhair 2014, d'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach sprioc cheangailteach de chuid an Aontais chun laghdú intíre 40% ar a laghad ar astaíochtaí gás ceaptha teasa a bhaint amach faoi 2030 i gcomparáid le 1990. Luaigh an Chomhairle Eorpach freisin a thábhachtaí atá sé astaíochtaí gás ceaptha teasa agus na baoil a bhaineann le spleáchas ar bhreoslaí iontaise san earnáil iompair a laghdú agus d’iarr sí ar an gCoimisiún scrúdú breise a dhéanamh ar ionstraimí agus ar bhearta le haghaidh cur chuige cuimsitheach a bheadh neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, lena n-áirítear laghdú astaíochtaí, foinsí inathnuaite fuinnimh agus éifeachtúlacht fuinnimh san iompar a chur chun cinn. An 12 Nollaig 2019, d’fhoilsigh an Chomhairle Eorpach a Conclúidí lena bhformhuinítear an cuspóir atá níos uaillmhianaí i leith Aontas Eorpach a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a bhaint amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>3</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 4 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) Tá gá le cur chuige iomlánaíoch chun earnáil an mhuiriompair a dhícharbónú go rathúil. D’fhéadfaí na laghduithe ar astaíochtaí carbóin a bhfuil gá leo a bhaint amach trí spreagadh a thabhairt don úsáid bhreise a d’fhéadfaí a bhaint as breoslaí malartacha, córais tiomána mhalartacha agus bearta nua chun éifeachtúlacht fuinnimh soithí loingseoireachta a fheabhsú agus a neartú. Chun na gnóthachain is inbhuanaithe a bhaint amach don chomhshaol agus d’úinéirí long agus do calafoirt araon, ba cheart go gcuirfí san áireamh i dtograí reachtacha a dhéanfar amach anseo na tionscnaimh éagsúla agus na cleachtais chomhroinnte éagsúla atá curtha i gcrích cheana féin ag an earnáil i bhfianaise phrionsabal na neodrachta teicneolaíche.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>4</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) I mí Aibreáin 2015, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompart20 ("Rialachán MRV an Aontais”), rialachán ar comhlánaíodh é in 2016 le dhá Rialachán Tarmligthe21  agus dhá Rialachán Cur Chun Feidhme22. Is é is aidhm do Rialachán MRV an Aontais sonraí a bhailiú faoi astaíochtaí ón loingseoireacht ar mhaithe le ceapadh beartas breise agus chun laghduithe astaíochtaí a dhreasú trí fhaisnéis faoi éifeachtúlacht long a chur ar fáil do mhargaí ábhartha. Le Rialachán MRV an Aontais, cuirtear d’oibleagáid ar chuideachtaí faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar ídiú breosla, ar astaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht a long ó thaobh fuinnimh de agus iad ar mhuiraistir chuig calafoirt an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus uathu, agus é sin a dhéanamh ar bhonn bliantúil ó 2018 ar aghaidh. Tá feidhm ag an méid sin freisin maidir le hastaíochtaí CO2 laistigh de chalafoirt LEE. Táthar ag súil leis na chéad tuarascálacha astaíochtaí faoin 30 Aibreán 2019.

(6) I mí Aibreáin 2015, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle Rialachán (AE) 2015/757 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar20 ("Rialachán MRV an Aontais”), rialachán ar comhlánaíodh é in 2016 le dhá Rialachán Tarmligthe21 agus dhá Rialachán Cur Chun Feidhme22. Is éard is aidhm do Rialachán MRV an Aontais ná sonraí a bhailiú faoi astaíochtaí ón loingseoireacht ar mhaithe le ceapadh beartas breise agus chun laghduithe astaíochtaí a dhreasú trí fhaisnéis faoi éifeachtúlacht long a chur ar fáil do mhargaí ábhartha agus chun an glacadh le teicneolaíochtaí nua a chothú. Le Rialachán MRV an Aontais, cuirtear d’oibleagáid ar chuideachtaí faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar ídiú breosla, ar astaíochtaí CO2 agus ar éifeachtúlacht a long ó thaobh fuinnimh de agus iad ar mhuiraistir chuig calafoirt an Limistéir Eorpaigh Eacnamaíoch (LEE) agus uathu, agus é sin a dhéanamh ar bhonn bliantúil ó 2018 ar aghaidh. Tá feidhm ag an méid sin freisin maidir le hastaíochtaí CO2 laistigh de chalafoirt LEE. Glacadh Rialachán MRV an Aontais mar an chéad chéim ionsar astaíochtaí muiriompair a chomhshamhlú i gCóras AE i ndáil le Trádáil Astaíochtaí (ETS), ionas go ndéanfaidh an earnáil muiriompair a cion ar bhonn cothrom i leith chuspóirí laghdaithe an Aontais. Ba cheart go mbeadh an próiseas comhshamhlaithe sin bunaithe ar mheasúnú tionchair, agus é á chur san áireamh go mba cheart go ndéanfaí iomaíochas idirnáisiúnta na soithí a sheolann faoi bhratach an Aontais a ráthú.

__________________

__________________

20 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

20 Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE, (IO L 123, 19.5.2015, lch. 55).

21 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 320, 26.11.2016, lch. 5); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2071 an 22 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na modhanna lena ndéantar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus na rialacha lena ndéantar faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile (IO L 320, 26.11.2016, lch. 1).

21 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2072 ón gCoimisiún maidir le gníomhaíochtaí fíorúcháin agus creidiúnú fíoraitheoirí de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 320, 26.11.2016, lch. 5); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/2071 an 22 Meán Fómhair 2016 ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis na modhanna lena ndéantar faireachán ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin agus na rialacha lena ndéantar faireachán ar fhaisnéis ábhartha eile (IO L 320, 26.11.2016, lch. 1).

22 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1927 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid chomhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 1–21); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1928 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le lastas a iompraítear i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádáin a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 22–25)

22 Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1927 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le teimpléid le haghaidh pleananna faireacháin, tuarascálacha astaíochtaí agus doiciméid chomhlíontachta de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 1–21); Rialachán Tarmligthe (AE) 2016/1928 an 4 Samhain 2016 ón gCoimisiún maidir le lastas a iompraítear i gcomhair catagóirí long seachas longa paisinéirí, longa róró agus longa coimeádáin a chinneadh de bhun Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar (OJ L 299, 5.11.2016, lch. 22–25)

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>5</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 6 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) Ina Rún an 15 Eanáir 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, d’iarr Parlaimint na hEorpa go gcuirfí infheistíocht ar fáil le haghaidh taighde a dhéanamh ar dhícharbónú muiriompair. Ba cheart cuid den ioncam a ghintear tríd an muiriompar a chomhshamhlú i gcóras AE-EETS a infheistiú chun taighde a dhéanamh ar theicneolaíochtaí nuálacha agus ar bhonneagar nuálach maidir le dícharbónú muiriompair agus ar úsáid breoslaí malartacha inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>6</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 8</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) Faoi Chomhaontú Pháras a glacadh i mí na Nollaig 2015 ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC))23 , ghlac an tAontas agus a Bhallstáit mar chúram orthu féin sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ba cheart na hiarrachtaí sin a mholadh. I mí Dheireadh Fómhair 2016 ghlac IMO24 córas bailithe sonraí le haghaidh ola breosla long (“DCS domhanda ó IMO”).

(8) Faoi Chomhaontú Pháras a glacadh i mí na Nollaig 2015 ag an 21ú Comhdháil de na Páirtithe i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC))23, ghlac an tAontas agus a Bhallstáit mar chúram orthu féin sprioc maidir le hastaíochtaí a laghdú ar fud an gheilleagair. Tá iarrachtaí á ndéanamh anois le hastaíochtaí idirnáisiúnta muirí a theorannú tríd an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta agus ba cheart na hiarrachtaí sin a mholadh. I mí Dheireadh Fómhair 2016 ghlac IMO24 córas bailithe sonraí le haghaidh ola breosla long (“DCS domhanda ó IMO”). Ghlac IMO straitéis tosaigh freisin an 13 Aibreán 2018 maidir le hastaíochtaí GCT ó longa a laghdú, ag féachaint leis an méadú ar na hastaíochtaí sin a theorannú a luaithe agus is féidir agus iad a laghdú 50% ar a laghad faoi 2050 i gcomparáid le 2008. Ag an am céanna, gheall na Ballstáit agus Comhaltaí Comhlachaithe IMO go ndéanfaidís astaíochtaí CO2 bunaithe ar obair iompair, mar mheán i gcás loingseoireacht idirnáisiúnta, a laghdú 40% ar a laghad faoi 2030, agus leanúint d’iarrachtaí a dhéanamh i leith laghdú 70% a bhaint amach faoi 2050.

__________________

__________________

23 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4–18).

23 Comhaontú Pháras (IO L 282, 19.10.2016, lch. 4–18).

24 Rún MEPC.278(70) ó IMO lena leasaítear Iarscríbhinn VI de MARPOL.

24 Rún MEPC.278(70) ó IMO lena leasaítear Iarscríbhinn VI de MARPOL.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>7</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 9</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) I bhfianaise an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin sin a bheith ann, rinne an Coimisiún measúnú de bhun Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais ar an gcaoi a bhféadfaí an dá chóras sin a ailíniú chun an t-ualach riaracháin a laghdú do longa, agus cuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna.

(9) I bhfianaise an dá chóras faireacháin, tuairiscithe agus fíorúcháin sin a bheith ann, rinne an Coimisiún measúnú de bhun Airteagal 22 de Rialachán MRV an Aontais ar an gcaoi a bhféadfaí an dá chóras sin a ailíniú chun an t-ualach riaracháin a laghdú do longa, go háirithe na longa sin atá faoi úinéireacht FBManna, agus cuspóirí Rialachán MRV an Aontais á gcaomhnú ag an am céanna.

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>8</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 12</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) Forálacha DCS domhanda ó IMO maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu go bliantúil, ba cheart iad a chur san áireamh chun a áirithiú go mbaileofar sonraí cuíchóirithe i dtaobh gníomhaíochtaí long a thagann faoin dá chóras. Chun an méid sin a chur i gcrích, ba cheart an paraiméadar “meálasta” a thuairisciú ach ba cheart “lastas a iompraítear” a choinneáil ar bhonn deonach. Ba cheart sainmhíniú DCS ó IMO “uaireanta atá curtha thart” a chur isteach in ionad “am a chaitear ar muir”. Ar deireadh, ba cheart “achar arna thaisteal” a ríomh ar bhonn DCS domhanda ó IMO25 chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

(12) Forálacha DCS domhanda ó IMO maidir le sonraí a bhfuil faireachán agus tuairisciú le déanamh orthu go bliantúil, ba cheart iad a chur san áireamh chun a áirithiú go mbaileofar sonraí cuíchóirithe i dtaobh gníomhaíochtaí long a thagann faoin dá chóras. Chun an méid sin a chur i gcrích, ba cheart na paraiméadair “meá-lasta” agus “lastas a iompraítear” a thuairisciú. Ba cheart sainmhíniú DCS ó IMO “uaireanta atá curtha thart” a chur isteach in ionad “am a chaitear ar muir”. Ar deireadh, ba cheart “achar arna thaisteal” a ríomh ar bhonn DCS domhanda ó IMO25 chun an t-ualach riaracháin a laghdú.

__________________

__________________

25 Rún MEPC 282 (70) ó IMO.

25 Rún MEPC 282 (70) ó IMO.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>9</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 14 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a) Ba cheart don Choimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2015/757, agus an taithí bhreise a fuarthas le linn chur chun feidhme an Rialacháin sin agus chóras domhanda bailithe sonraí IMO á cur san áireamh, chun a áirithiú go mbeidh tuilleadh comhoiriúnachta ann idir an dá chóras agus go gcuirfear deireadh le ceanglais thuairiscithe dhúbailte.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>10</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Aithris 15 a (nua)</Article>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15a) Éilíonn an t-aistriú rathúil go loingseoireacht astaíochtaí nialasacha cur chuige comhtháite agus an timpeallacht cheart chumasúcháin chun nuálaíocht a spreagadh, ar longa agus i gcalafoirt araon. Ba cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar oiriúnacht  chaighdeáin chalafoirt astaíochtaí nialasacha, breoslaí malartacha inbhuanaithe agus teicneolaíochtaí tiomána astaíochtaí nialasacha agus ba cheart na bealaí chun na cuspóirí sin a bhaint amach a chur chun feidhme a luaithe is féidir trí gheallsealbhóirí agus údaráis áitiúla ábhartha a bheith san áireamh. Ba cheart na Ballstáit a spreagadh chun dlús a chur leis an bhforbairt ar chalafoirt astaíochtaí nialasacha chun sláinte na saoránach uile atá ina gcónaí i gceantair chalafoirt agus i limistéir chósta a fheabhsú.

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>11</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 3 – pointe a</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 9 – mír 1 – pointe f</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(f) lastas a iompraítear, ar bhonn deonach;

(f) lastas a iompraítear;

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>12</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – fomhír 5 – pointe a</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 11, mír 2</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. I gcás ina bhfuil athrú cuideachta ann, cuirfidh an chuideachta a bhí ann roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid údaráis an bhratstáit lena mbaineann, a chóngaraí agus is féidir leis an lá a thabharfar an t-athrú i gcrích agus tráth nach déanaí ná trí mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil ina gcumhdaítear na heilimintí céanna atá sa tuarascáil astaíochtaí ach í teoranta don tréimhse a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi fhreagracht na cuideachta sin.

2. I gcás ina bhfuil athrú cuideachta ann, cuirfidh an chuideachta a bhí ann roimhe sin faoi bhráid an Choimisiúin agus faoi bhráid údaráis an bhratstáit lena mbaineann, a chóngaraí agus is féidir leis an lá a thabharfar an t-athrú i gcrích agus tráth nach déanaí ná trí mhí ina dhiaidh sin, tuarascáil ina gcumhdaítear na heilimintí céanna atá sa tuarascáil astaíochtaí ach í teoranta don tréimhse a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a rinneadh faoi fhreagracht na cuideachta sin. Áiritheoidh an chuideachta nua go mbeidh ceanglais an Rialacháin seo á gcomhlíonadh ag gach long ón lá a dtabharfar an t-athrú chun críche.

 

 

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>13</NumAm>

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe 5 – pointe b a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 11 – mír 3 – pointe xi a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ba) i bpointe (a) de mhír 3 cuirtear isteach pointe nua:

 

(xi a) lastas a iompraítear;

</Amend>

<Amend>Leasú  <NumAm>14</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 21 – mír 6 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a) In Airteagal 21, cuirtear mír nua isteach:

 

"6a. Déanfaidh an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht Mhuirí fíoruithe staidrimh sa bhreis ar na sonraí a tíolacadh faoi Airteagal 11(1) chun a áirithiú go bhfuil na sonraí a sholáthraítear comhsheasmhach, i gcomhréir lena chlár oibre 2020-2022.”

</Amend><Amend>Leasú  <NumAm>15</NumAm>

 

<DocAmend>Togra le haghaidh rialacháin</DocAmend>

<Article>Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 b (nua)</Article>

<DocAmend2>Rialachán (AE) 2015/757</DocAmend2>

<Article2>Airteagal 22 a (nua)</Article2>

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) cuirtear an t-airteagal seo a leanas isteach:

 

Airteagal 22a

 

Leanfaidh an Coimisiún de mheasúnú a dhéanamh ar fheidhmiú Rialachán (AE) 2015/757, trí mheasúnuithe tionchair tréimhsiúla a chur i gcrích, agus an taithí bhreise a fuarthas le linn chur chun feidhme an Rialacháin sin agus an chórais dhomhanda bhailithe sonraí maidir le sonraí faoi ídiú breosla long arna bhunú ag IMO á cur san áireamh, chun a áirithiú de pháirt amháin, go mbeidh comhoiriúnacht uasta ann idir an dá chóras agus go gcuirfear deireadh le ceanglais thuairiscithe dhúbailte, agus go ndéanfar measúnú, den pháirt eile, ar éifeachtacht na réiteach cuíchóirithe don earnáil agus go ndéanfar idirghabháil nuair is gá chun iomaíochas earnáil mhuirí AE a áirithiú. Má dhéantar uaillmhian dhomhanda DCS ó IMO a bhaint amach, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú an athuair ar Rialachán MRV an Aontais d’fhonn é a ailíniú tuilleadh leis an DCS domhanda ó IMO.

</Amend></RepeatBlock-Amend>


NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Córas domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

Tagairtí

COM(2019)0038 – C8-0043/2019 – 2019/0017(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

ENVI

11.2.2019

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

TRAN

11.2.2019

Rapóirtéir:

 Dáta an cheapacháin

Magdalena Adamowicz

29.7.2019

Pléite sa choiste

19.2.2020

 

 

 

Dáta a ghlactha

28.5.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

32

12

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Julie Lechanteux, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Josianne Cutajar, Clare Daly, Roman Haider, Anne-Sophie Pelletier, Robert Roos

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

32

+

ECR

Kosma Złotowski

NI

Mario Furore

PPE

Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

RENEW

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Josianne Cutajar, Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Petar Vitanov

 

12

-

ECR

Peter Lundgren, Robert Roos, Roberts Zīle

GUE/NGL

Clare Daly, Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

NI

Dorien Rookmaker

VERTS/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

 

5

0

ID

Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo#

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Córas domhanda bailithe sonraí le haghaidh sonraí faoi ídiú ola breosla long

Tagairtí

COM(2019)0038 – C8-0043/2019 – 2019/0017(COD)

Dáta tíolactha chun PE

4.2.2019

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

ENVI

11.2.2019

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim orthu

 Dáta a fhógartha sa suí iomlánach

ITRE

11.2.2019

TRAN

11.2.2019

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

ITRE

25.9.2019

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Jutta Paulus

24.7.2019

 

 

 

Pléite sa choiste

6.7.2020

 

 

 

Dáta a ghlactha

7.7.2020

 

 

 

Dáta na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

62

3

13

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurelia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Miriam Dalli, Esther de Lange, Christian Doleschal, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Agnès Evren, Fredrick Federley, Pietro Fiocchi, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Ryszard Antoni Legutko, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ștefan Motreanu, Ville Niinistö, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Günther Sidl, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Catherine Chabaud, Norbert Lins, Vincenzo Sofo, Maria Spyraki, Inese Vaidere, Lucia Vuolo

Dáta don chur síos

29.7.2020

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

62

+

GUE/NGL

Malin BJÖRK, Anja HAZEKAMP, Petros KOKKALIS, Silvia MODIG, Mick WALLACE

NI

Eleonora EVI

PPE

Bartosz ARŁUKOWICZ, Traian BĂSESCU, Nathalie COLIN-OESTERLÉ, Christian DOLESCHAL, Agnès EVREN, Adam JARUBAS, Ewa KOPACZ, Esther de LANGE, Peter LIESE, Norbert LINS, Fulvio MARTUSCIELLO, Liudas MAŽYLIS, Dolors MONTSERRAT, Dan-Ștefan MOTREANU, Stanislav POLČÁK, Jessica POLFJÄRD, Maria SPYRAKI, Edina TÓTH, Inese VAIDERE, Pernille WEISS, Michal WIEZIK

RENEW

Pascal CANFIN, Catherine CHABAUD, Fredrick FEDERLEY, Andreas GLÜCK, Martin HOJSÍK, Jan HUITEMA, Frédérique RIES, María Soraya RODRÍGUEZ RAMOS, Nicolae ŞTEFĂNUȚĂ, Linea SØGAARD-LIDELL, Véronique TRILLET-LENOIR

S&D

Nikos ANDROULAKIS, Marek Paweł BALT, Monika BEŇOVÁ, Simona BONAFÈ, Delara BURKHARDT, Sara CERDAS, Tudor CIUHODARU, Miriam DALLI, Jytte GUTELAND, Javi LÓPEZ, César LUENA, Alessandra MORETTI, Sándor RÓNAI, Günther SIDL, Petar VITANOV, Tiemo WÖLKEN

VERTS/ALE

Margrete AUKEN, Bas EICKHOUT, Pär HOLMGREN, Yannick JADOT, Tilly METZ, Ville NIINISTÖ, Grace O'SULLIVAN, Jutta PAULU

 

3

-

ECR

Rob ROOKEN

ID

Teuvo HAKKARAINEN, Sylvia LIMMER

 

13

0

ID

Simona BALDASSARRE, Aurelia BEIGNEUX, Catherine GRISET, Joëlle MÉLIN, Silvia SARDONE, Vincenzo SOFO, Lucia VUOLO

ECR

Sergio BERLATO, Pietro FIOCCHI, Joanna KOPCIŃSKA, Ryszard Antoni LEGUTKO, Alexandr VONDRA, Anna ZALEWSKA

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

[1] IO L 240, 16.7.2019, lch. 41.

[2] Feasachán aeráide Copernicus de chuid an Choimisiúin Eorpaigh https://climate.copernicus.eu/climate-bulletins

 [3] Dul chun cinn in Eolaíochtaí Atmaisféaracha.

[4] Rialachán (AE) 2015/757 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 29 Aibreán 2015 maidir le faireachán, tuairisciú agus fíorú a dhéanamh ar astaíochtaí dé-ocsaíde carbóin ó mhuiriompar, agus lena leasaítear Treoir 2009/16/CE

[5] Ghlac an Eagraíocht Mhuirí Idirnáisiúnta (IMO) Córas éigeantach um Bailiú Sonraí Ola Breosla (DCS) le haghaidh loingseoireacht idirnáisiúnta, lenar éilíodh ar longa 5,000 olltonnáiste nó os a chionn tús a chur le sonraí a bhailiú agus a thuairisciú chuig bunachar sonraí IMO ó 2019.

[6] Comhthionól Ginearálta na Náisiún Aontaithe, Comhaontú Pháras, 4 Samhain 2016, Airteagal 2 (1) (a).

[8] Féach Aithris 14 de Rialachán MRV atá ann cheana

An nuashonrú is déanaí: 4 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais