TUARASCÁIL maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE
3.8.2020 - (2019/2167(INI))An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
(2019/2167(INI))An Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
Rapóirtéir: Ernest Urtasun
Rapóirtéir don tuairim (*):
Hannah Newmann, an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta
PR_INI
CLÁR
Leathanach
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) na Náisiún Aontaithe, agus, go háirithe, spriocanna 5 agus 16,
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in Aghaidh na mBan a Dhíothú (CEDAW),
– ag féachaint don Chomhpháirtíocht Straitéiseach idir na Náisiúin Aontaithe agus an tAontas Eorpach maidir le hoibríochtaí síochána agus tosaíochtaí bainistithe géarchéime do 2019-2021, a rinne an Chomhairle a fhormhuiniú an 18 Meán Fómhair 2018, agus Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil mar thosaíocht uileghabhálach léi,
– ag féachaint do Dhearbhú Bhéising 1995 agus don Ardán Gníomhaíochta ón gCeathrú Comhdháil Dhomhanda ar Mhná agus do thorthaí na gcomhdhálacha athbhreithnithe,
– ag féachaint do Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil an 31 Deireadh Fómhair 2000 agus dá rúin leantacha 1820 (19 Meitheamh 2008); 1888 (30 Meán Fómhair 2009); 1889 (5 Deireadh Fómhair 2010); 1960 (16 Nollaig 2010); 2106 (24 Meitheamh 2013); 2122 (18 Deireadh Fómhair 2013); 2242 (13 Deireadh Fómhair 2015); 2467 (23 Aibreán 2019) agus 2493 (29 Deireadh Fómhair 2019),
– ag féachaint don Chomhaontú a glacadh ag an 21ú Comhdháil de chuid na bPáirtithe (COP21) i gCreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (UNFCCC) i bPáras an 12 Nollaig 2015 (Comhaontú Pháras),
– ag féachaint don Dearbhú Comhpháirteach maidir le Trádáil agus Cumhachtú Eacnamaíoch na mBan le linn Chomhdháil Aireachta na hEagraíochta Domhanda Trádála (EDT) a tionóladh in Buenos Aires i mí na Nollag 2017,
– ag féachaint do Threoir 2011/36/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Aibreán 2011 maidir le gáinneáil ar dhaoine a chosc agus a chomhrac agus a híospartaigh a chosaint[1], agus do Threoir 2011/93/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le mí-úsáid ghnéasach agus teacht i dtír gnéasach ar leanaí agus pornagrafaíocht leanaí a chomhrac[2],
– ag féachaint do Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe in aghaidh Coireachta Eagraithe Trasnáisiúnta agus do na prótacail a ghabhann leis, agus go háirithe an Prótacal chun Gáinneáil ar Dhaoine, go háirithe ar Mhná agus ar Leanaí, a Chosc, a Chur faoi Chois agus Pionós a Ghearradh ina leith,
– ag féachaint do Thionscnamh Spotsolais AE-NA,
– ag féachaint do na Conclúidí ón gComhairle an 10 Nollaig 2018 maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil,
– ag féachaint do Chur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil agus dá Phlean Gníomhaíochta 2019-2024,
– ag féachaint do na treoirlínte maidir le cur chun cinn agus cosaint a dhéanamh ar gach ceart de chearta an duine a bheith á theachtadh ag daoine leispiacha, aeracha, déghnéasacha, trasinscneacha agus idirghnéasacha (LADTI), a ghlac Comhairle an Aontais Eorpaigh ag a cruinniú an 24 Meitheamh 2013,
– ag féachaint don Liosta Gníomhaíochtaí chun Comhionannas LADTI a chur chun cinn arna fhoilsiú ag an gCoimisiún i mí na Nollag 2015,
– ag féachaint do Phlean Gníomhaíochta AE maidir le hInscne 2016-2020 (GAP II), a ghlac an Chomhairle an 26 Deireadh Fómhair 2015, agus do na tuarascálacha bliantúla cur chun feidhme ina leith,
– ag féachaint don na rúin uaithi an 31 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme an Doiciméid Inmheánaigh Oibre Chomhpháirtigh (SWD(2015)0182) – Comhionannas Inscne agus Cumhachtú na mBan: Saol na gCailíní agus na mBan a Bhunathrú chun Feabhais trí Chaidreamh Seachtrach AE 2016-2020[3] agus an 25 Samhain 2010 ar chomóradh 10 mbliana Rún 1325 (2000) ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil[4],
– ag féachaint don Comhdhearcadh Eorpach maidir le Forbairt an 19 Bealtaine 2017,
– ag féachaint do Straitéis an Choimisiúin um Chomhionannas Inscne an 5 Márta 2020 (COM(2020)(0152),
– ag féachaint do na Treoirlínte Oibriúcháin Ceannasaí Oibríochtaí Sibhialtacha ón tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) do Bhainistíocht Misean agus don Fhoireann maidir le Príomhshruthú Inscne an 8 Deireadh Fómhair 2018,
– ag féachaint don doiciméad dar teideal ‘Rún ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a Chur Chun Feidhme i gcomhthéacs mhisin agus oibríochtaí CBSC, a ghlac an Chomhairle an 22 Márta 2012,
– ag féachaint do Chaighdeáin Chineálacha Uasghrádaithe Iompraíochta do Mhisin agus Oibríochtaí CBSC an 22 Eanáir 2018,
– ag féachaint do Straitéis 2018-2023 SEGS maidir le hInscne agus Comhdheiseanna mhí na Samhna 2017,
– ag féachaint don Tuarascáil ó SEGS an 10 Samhain 2016 maidir leis an Staidéar Bunlíne ar Chearta an Duine agus ar Inscne a Lánpháirtiú i gComhbheartas Slándála agus Cosanta an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do Straitéis Dhomhanda SEGS maidir le Beartas Eachtrach agus Slándála an Aontais Eorpaigh mhí an Mheithimh 2016,
– ag féachaint d’Airteagail 2, 3(5) agus 21(1) den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE),
– ag féachaint d’Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),
– ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne (A9-0145/2020),
A. de bhrí gur bunluach de chuid AE é prionsabal an comhionannais idir mná agus fir a chumhdaítear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí gur cheart, dá bhrí sin, príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a chomhtháthú mar phrionsabal cothrománach i ngníomhaíochtaí agus i mbeartais uile AE; de bhrí gur cheart do AE rannchuidiú le domhan a chruthú ina mbeadh gach duine, gan beann ar inscne, cine, dath, bunadh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó aon tuairim eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois, gnéaschlaonadh nó féiniúlacht inscne in ann maireachtáil go síochánta agus cearta comhionanna agus na deiseanna céanna chun lán a n-acmhainneachta a bhaint amach á dteachtadh acu;
B. de bhrí gur ann don chúigiú Sprioc Forbartha Inbhuanaithe (SDG 5) chun comhionannas inscne a bhaint amach agus chun mná agus cailíní uile ar fud an domhain a chumhachtú; de bhrí nach féidir le haon straitéis forbartha a bheith éifeachtach mura mbeidh ról lárnach ag mná agus cailíní inti, agus de bhrí nach foláir SDG 5 a phríomhshruthú go cothrománach sna réimsí éagsúla beartais ina bhfuil inniúlacht ag AE chun gníomhú;
C. de bhrí go ndearna roinnt tíortha, amhail an tSualainn, an Danmhairg, an Eilvéis agus an Iorua, creataí a ghlacadh chun dul chun cinn a dhéanamh ionsar bheartas eachtrach le fócas láidir ar chomhionannas inscne agus de bhrí gur fhógair an Fhrainc, an Spáinn, Lucsamburg, Éire, an Chipir agus an Ghearmáin, as measc tíortha eile, go bhfuil sé ar intinn acu tosaíocht a thabhairt don chomhionannas inscne ina mbeartas eachtrach; de bhrí gur cheart do bheartas den sórt sin fís chlaochlaitheach ó thaobh inscne de a chur chun cinn maidir le beartas eachtrach lena dtugtar tús áite do chomhionannas inscne, lena ndéantar cearta daonna na mban agus grúpaí eile atá imeallaithe go traidisiúnta a chosaint agus a chur chun cinn, lena ráthaítear rochtain chothrom a bheith acu ar acmhainní sóisialta, eacnamaíocha agus polaitiúla agus a rannpháirtíocht ar gach leibhéal, lena leithdháiltear acmhainní leormhaithe chun an fhís sin a bhaint amach, agus lena gcuirtear guthanna chosantóirí chearta an duine ar mná iad agus na sochaí sibhialta san áireamh; de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag beartas eachtrach agus slándála AE amach anseo na spriocanna sin a bhaint amach;
D. de bhrí go mbíonn mná agus cailíní go háirithe buailte ag foréigean fisiceach agus foréigean gnéasach, bochtaineacht, coinbhleachtaí armtha agus tionchar na héigeandála aeráide agus ag staideanna éigeandála eile, agus go bhfuil gá lena gcumhachtú chun dul i ngleic leis na saincheisteanna sin; de bhrí gur ann do fhrithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus LADTIA; de bhrí nach foláir d’aon tuiscint ar an tslándáil díriú go soiléir ar chearta an duine chun gníomhaíochtaí as a n-eascraíonn síocháin a chur chun cinn; de bhrí gur uirlis éifeachtach iad Treoirlínte LADTI ón gComhairle chun teachtadh iomlán chearta an duine ag daoine LADTI a chur chun cinn, chomh maith le bheith ina bonn maith chun forbairt a dhéanamh ar Straitéis uaillmhianach Chomhionannais LADTI a bheidh ann amach anseo;
E. de bhrí go ndéantar míchothromaíochtaí a neartú tuilleadh le beartas eachtrach agus slándála nach ndéanann ionadaíocht ar mhná, cailíní agus cearta LADTI+ agus nach dtugann aghaidh ar éagóracha atá ann faoi láthair; de bhrí nach foláir d’aon duine ar mian leis nó léi deireadh a chur leis na héagóracha sin, an chothromaíocht neamh-chomhionann cumhachta atá ann idir na hinscní a aithint;
F. de bhrí gurb é scéal na híospartha an scéal is túisce a luaitear le mná agus cailíní, rud a cheileann orthu gníomhú agus a dhéanann a n-acmhainneacht mar ghníomhaithe ar son athrú dearfach a scriosadh; de bhrí go léirítear le bailiúchán téagarach fianaise go ndéanann rannpháirtíocht fhiúntach na mban agus na gcailíní i gcoinbhleachtaí a chosc agus a réiteach, i gcothú na síochána agus in atógáil iarchoinbhleachta inbhuanaitheacht, cáilíocht agus marthanacht na síochána agus athléimneacht na bpobal áitiúil a mhéadú agus go gcabhraíonn sé le cineálacha uile foréigin inscnebhunaithe a chosc; de bhrí, cé go bhfuil ról chomh cinntitheach sin ag mná i dtaca le síocháin mharthanach a bhunú, nárbh ionann ach 13% d’idirbheartaithe sna príomhphróisis síochána ó 1992 go 2018, ach 4% de shínitheoirí agus ach 3% d’idirghabhálaithe ar mhná iad;
G. de bhrí go bhféadfaidh mná agus cailíní an iliomad cineálacha idirdhealaithe a fhulaingt; de bhrí go rannchuidíonn foréigean inscnebhunaithe le hidirdhealú agus imeallú, lena n-áirítear luathphósadh agus pósadh éigeantais agus FGM, rochtain neamhleor ar shláinte, oideachas, uisce glan, sláintíocht agus cothú, rochtain shrianta ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe (SRHR), agus rannpháirtíocht mhíchothrom i gcinnteoireacht pholaitiúil, agus in institiúidí poiblí agus príobháideacha; de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith le cailíní a chosaint ar fhoréigean agus idirdhealú, go háirithe maidir leis an oideachas, seirbhísí faisnéise agus sláinte, lena n-áirítear SRHR, ó thaobh theachtadh iomlán a gcearta daonna de a áirithiú; de bhrí go bhfuil dídeanaithe agus imircigh ar cailíní iad i staid atá go háirithe leochaileach;
H. de bhrí, ar na saolta seo, gur ar chailiní a thitfidh sé dul i ngleic le hiarmhairtí coinbhleachtaí agus éigeandálacha sa todhchaí, agus i gcás coinbhleachtaí fada, gurb iadsan atá ag éirí aníos i ndálaí díobhálacha a bhfuil éifeachtaí fadtéarmacha acu; de bhrí go bhfuil riachtanais shonracha ag cailíní agus go mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shonracha atá éagsúil ó dhúshláin na mban fásta, nach n-aithnítear go minic sna catagóirí ‘leanaí’ agus ‘mná ar bhonn níos leithne;
I. de bhrí gur comóradh tábhachtach atá sa bhliain 2020 ar chearta na mban agus ar chreataí comhionannais inscne, lena n-áirítear Dearbhú agus Clár Oibre Gníomhaíochta Bhéising 1995 agus Chomhairle Slándála 1325 na Náisiún Aontaithe maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil (WPS) 2000;
J. de bhrí gurb ionann Cur Chuige Straitéiseach AE i leith WPS agus dul chun cinn suntasach ó thaobh rannpháirtíocht an Aontais le clár oibre WPS de; de bhrí go gcuireann sé béim ar an ngá atá le gealltanais agus gníomhaíochtaí nithiúla a bheith ann, mar aon leis an ngá atá le cailíní agus mná a rannpháirtiú, a chosaint agus tacú leo chun síocháin agus slándáil mharthanach a bhaint amach; de bhrí gur glacadh Plean Gníomhaíochta AE maidir le WPS in 2019 chun Cur Chuige Straitéiseach den sórt sin a chur chun feidhme, ach gur dúshlán fós é an gealltanas beartais sin a chur i ngníomh; de bhrí gur den ríthábhacht é go gcuirfidh baill foirne AE dlús lena n-iarrachtaí i dtaobh WPS a chomhtháthú ina gcuid oibre, agus é mar chuspóir ní hamháin éifeachtacht na misean a fheabhsú, ach cearta na mban agus comhionannas inscne a áirithiú freisin ina saol féin;
K. de bhrí gur ó mholtaí ó Pharlaimint na hEorpa a d’eascair Plean Gníomhaíochta II AE maidir le hInscne (GAP II) ina ndírítear ar chultúr institiúideach AE a athrú ar leibhéal na ceanncheathrún agus toscaireachta chun athrú córasach a chruthú maidir leis an gcaoi a dtugann AE aghaidh ar phrionsabal an chomhionannais inscne, agus ar shaol na mban agus na gcailíní a athrú ó bhonn i gceithre réimse ríthábhachtacha; de bhrí go bhfuil príomhshruthú agus cur chun cinn an chomhionannais inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE ag brath go mór ar an gcur chun feidhme agus meastóireacht rathúil a dhéanfar ar GAP II chun gníomhaíochtaí a mholadh do chreat feabhsaithe GAP sa todhchaí (Plean nua Gníomhaíochta III AE maidir le hInscne in 2020);
L. de bhrí gur tharla roinnt dul chun cinn le GAP I bunaidh, ach gurbh ann do roinnt easnamh freisin: raon feidhme cúng, easpa buiséadaithe atá freagrúil ó thaobh inscne de, lagthuiscint ag toscaireachtaí AE ar chreat comhionannais inscne, easpa tiomantais ó thaobh cheannaireacht AE de, agus easpa struchtúr institiúideach agus dreasachtaí institiúideacha chun spreagadh agus tacaíocht leormhaith a thabhairt don fhoireann; de bhrí gur chéim thábhachtach chun cinn a bhí in GAP II ó thaobh comhionannais inscne de a chothú i gcaidreamh seachtrach AE, ag a raibh roinnt treochtaí dearfacha, ach go n-éilítear leis feasacht iomlán agus tiomantas seasmhach ó AE agus a Bhallstáit chun cosaint a thabhairt i gcoinne aon mheath agus dlús a chur lena dhul chun cinn; de bhrí go léirítear roinnt easnamh fós in GAP II a mhéid a bhaineann le cur chun feidhme príomhthosaíochtaí agus SDGanna a bhaineann le hinscne, dúshláin maidir leis an dul chun cinn ar na cuspóirí uile agus sonraí cáilíochtúla a thuairisciú go cruinn, agus príomhshruthú inscne in idirphlé beartais; de bhri go bhfuil gá fós lena raon feidhme a leathnú tuilleadh, buiséadú atá freagrúil ó thaobh inscne de a chur chun feidhme go leormhaith agus tráthchláir idir timthriallta clársceidealaithe agus timthriallta buiséid a ailíniú; de bhrí gur den ríthábhacht é tiomantas níos mó ó thaobh cheannairí AE de a bheith ann, agus an struchtúr institiúideach agus na dreasachtaí institiúideacha a chur ar bun chun an fhoireann a spreagadh agus chun tacú leo agus iad a oiliúint go leormhaith chun torthaí nithiúla ó thaobh comhionannas inscne ar bhonn domhanda de a bhaint amach;
M. de bhrí go bhfuil sé leagtha síos mar sprioc ag GAP II gníomhaíochtaí inscne a phríomhshruthú in 85% de thionscnaimh nua uile de chuid AE faoi 2020; de bhrí, in ainneoin dul chun cinn a bheith déanta, in 2018, nach ndearnadh inscne a ionchorprú ach in idir 55% agus 68% de na cláir nua;
N. de bhrí gurb iad toscaireachtaí agus misin AE atá ar an túslíne i gcur chun fheidhme GAP II i dtíortha comhpháirtíochta, agus go bhfuil ról suntasach ag an gceannaireacht agus ag an eolas atá ag ceannairí agus foirne na misean agus na dtoscaireachtaí i gcur chun feidhme rathúil GAP II a áirithiú; de bhrí go moltar go dtabharfaí rochtain ar phoist cheannaireachta agus bhainistíochta do níos mó ban i dtoscaireachtaí AE;
O. de bhri go bhfuil mná fós faoi thearcionadaíocht den chuid is mó agus nach bhfaigheann siad an t-aitheantas atá dlite dóibh i bpróisis pholaitíochta agus chinnteoireachta, lena n-áirítear i réimse an bheartais eachtraigh agus na slándála idirnáisiúnta in AE agus ar fud an domhain; de bhrí, in AE, go bhfuil 6 ban i mbun poist mar aire cosanta agus nach bhfuil ach 3 as 27 d’aire gnóthaí eachtracha ann ar mná iad; de bhrí go bhfuil tionchar ollmhór ag an tearcionadaíocht seo ar na roghanna beartais a chuirtear i gcrích;
P. de bhrí go bhfuil sé leagtha amach mar chuspóir ag Straitéis Comhionannais Inscne 2020-2024 cothromaíocht inscne 50% a bhaint amach ar leibhéil bhainistíochta uile an Choimisiúin faoi dheireadh 2024;
Q. de bhrí, in SEGS, go bhfuil 75% de phoist mheánbhainistíochta agus 87% de phoist ardbhainistíochta i seilbh na bhfear; de bhrí go bhfuil gealltanas tugtha ag Leas-Uachtarán an Choimisiúin/Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála (VP/HR) go mbainfear an sprioc amach maidir le 40% de phoist bhainistíochta a bheith i seilbh na mban faoi dheireadh a shainordaithe; de bhrí gurb é an toradh a bhí ar na ceapacháin is déanaí a rinne sé ná struchtúr inar fir go heisiach iad na Leas-Ardrúnaithe;
R. de bhrí gur gnách le beartais AE mná a léiriú mar íospartaigh d’fhoréigean gnéis agus inscnebhunaithe (SGBV) agus aghaidh a thabhairt ar a gcosaint go príomha tar éis do SGBV tarlú; de bhrí go ndéanfadh beartas agus fócas oibríochtúil níos láidre maidir le sáruithe ar chearta an duine a chosc, lena ndíreofaí ar mhíchothromaíochtaí cumhachta sa chaidreamh inscne, beartais AE sa réimse sin a fheabhsú;
S. de bhrí go bhfuil dul chun cinn déanta maidir le SRHR a bhaint amach ar fud an domhain, ach gur ann fós d’easnaimh thromchúiseacha i soláthar SRHR agus sa rochtain atá orthu; de bhrí go bhfuil an fhrithfhreagairt i gcoinne na mban agus chearta LADTIA á tabhairt faoi deara ar fud an domhain agus go bhfuil teorannú ar SRHR agus toirmeasc ar ghnéasoideachas agus ar staidéar inscní i gceist leis; de bhrí, in 2018, gur tháinig laghdú ar líon ghníomhaíochtaí AE maidir le SRHR agus gur le SRHR a bhain an líon is ísle de ghníomhaíochtaí domhanda arna ndéanamh ag seirbhísí an Choimisiúin maidir le comhionannas inscne; de bhrí go bhfuil géarghá le gealltanas AE a athdhearbhú i leith chur chun cinn, chosaint agus chomhlíonadh cheart gach duine smacht iomlán a bheith aici nó aige ar ábhair a bhaineann lena SRHR, saor ó idirdhealú agus ó fhoréigean;
T. de bhrí go bhfuil tábhacht le hobair na gcomhairleoirí inscne agus le pointí teagmhála inscne i dtaca le beartais AE maidir le comhionannas inscne agus WPS a aistriú go hanailís, pleanáil, cur chun feidhme agus meastóireacht, chomh maith le dearcadh na hinscne a chomhtháthú i gcúraimí agus in oibríochtaí laethúla; de bhrí go bhfuil ról tábhachtach ag comhairleoirí inscne agus ag pointí teagmhála inscne i dtaca le beartais a bhaineann le hinscne a chomhtháthú go cothrománach; de bhrí go bhfuil gá leis go dtabharfaí níos mó tosaíochta d’inscne i dtoscaireachtaí AE, a dhóthain ama do phríomhshruthú inscne agus do bhainisteoirí tionscadail atá tiomanta d’inscne a chur san áireamh go leordhóthanach ina gcuid oibre chun a áirithiú go bhféadfaidh na pointí teagmhála a ndualgais a fhorbairt go leormhaith; de bhrí go bhfuil gá le gníomhaíocht bhreise chun a áirithiú go ndéanann sainchuntas poist na ndaoine atá ina dteagmhálaithe inscne a gcúraimí a léiriú mar dhaoine atá i gceannas ar phríomhshruthú inscne agus ar chomhionannas inscne a chur chun cinn;
U. de bhrí nach bhfuil ach an tríú cuid de thoscaireachtaí uile AE ag obair ar chearta daoine LADTIA; de bhrí nach bhfuil Treoirlínte AE maidir le LADTIA á gcur i bhfeidhm go haonfhoirmeach agus go mbraitheann a gcur chun feidhme go láidir ar eolas agus spéis cheannaireacht na dtoscaireachtaí in ionad cur chuige struchtúrtha a urramú;
V. de bhrí go bhfuil róil chriticiúla ag grúpaí sochaí sibhialta na mban agus ag gníomhaithe ar mná iad i gcur chun cinn an chláir oibre maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil agus go bhfuil géarghá lena rannpháirtíocht i dtaca le hábhair imní a bhaineann le comhionannas inscne a phríomhshruthú; de bhrí go bhfuil laghdú ag teacht ar spás na sochaí sibhialta i réimsí éagsúla, lena n-áirítear a mhéid a bhaineann le heagraíochtaí na mban agus cosantóiri ban ar chearta an duine, SRHR agus cearta LADTIA; de bhrí gur minic a bhíonn ar chosantóirí ban ar chearta an duine dul i ngleic le rioscaí agus constaicí breise agus éagsúla, ar rioscaí agus constaicí iad atá trasnach agus atá múnlaithe ag steiréitíopaí inscne atá fréamhaithe go daingean; de bhrí go bhfuil gá lena áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht chomhsheasmhach ann le heagraíochtaí na mban agus le cosantóirí ban ar chearta an duine feadh thimthriall iomlán pleanála, cur chun feidhme, faireacháin agus meastóireachta GAP III; de bhrí go bhfuil gá le gníomhaíochtaí inmheánacha agus seachtracha níos uaillmhianaí a bheith ann chun díriú go gníomhach ar aon chineál frithfhreagartha agus leanúint de dhul chun cinn a dhéanamh ionsar shochaithe comhionannais inscne a bhaint amach;
W. de bhrí go bhfuil cistiú teoranta agus tearclíon foirne ina gconstaicí bunúsacha ar chur chun feidhme chuspóirí AE maidir le comhionannas inscne; de bhrí go bhfuil comhtháthú beartais i réimse an comhionannas inscne easnamhach freisin, agus nach ann fós do chóras aontaithe lena n-éascaítear tuiscint chomhionann agus cur chun feidhme comhionann maidir le príomhshruthú inscne in institiúidí AE;
X. de bhrí gurb ionann freisin dearcadh na hinscne a áireamh i mbeartas eachtrach agus slándála AE agus gnéithe sonracha inscne agus tionchar na bhfeiniméan domhanda amhail an t-athrú aeráide, an imirce, trádáil agus slándáil a aithint agus a chomhrac, mar aon leis an mbéim a chur ar thaithí agus riachtanais na mban agus na ngrúpaí a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chineálacha iomadúla agus trasnacha idirdhealaithe agus imeallaithe ag croílár an cheaptha beartais;
1. á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit leanúint de chearta na mban agus na gcailíní a fheabhsú agus dul chun cinn a dhéanamh ionsar bheartas eachtrach agus slándála lena ndéanfar fís chlaochlaitheach maidir le hinscne a phríomhshruthú; á chur i bhfáth an gá atá le beartas den sórt sin a bheith fréamhaithe i bpríomhshruthú inscne atá comhsheasmhach, in anailís inscne le sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne agus aoise de agus i dtáscairí atá íogair ó thaobh inscne de, agus i measúnuithe tionchair inscne atá córasach chun gníomhaíochtaí i ngach earnáil a shainaithint, a fhoirmliú agus faireachán a dhéanamh orthu chun comhionannas inscne a fheabhsú agus ar mhaithe le ról fiúntach agus cothrom sa chinnteoireacht a bheith ann do mhná agus do dhaoine ó chúlraí éagsúla; ag spreagadh AE chun na deiseanna atá ann a fhiosrú i gcás anailís inscne a roinnt, a bhainistiú agus a nuashonrú ar bhealach córasach;
2. ag tathant ar an gCoimisiún, ar VP/HR agus ar na Ballstáit a dtacaíocht don chomhionannas inscne, do mhná agus do chailíní a gcearta daonna a theachtadh go hiomlán agus lena gcumhachtú ar fud an domhain a neartú tuilleadh, agus ról lárnach agus méadaitheach a bheith acu i dtaca le hacmhainní a chuíchóiriú agus a ghiaráil chun na críche sin.
3. á chur in iúl gur geal léi na trí cholún théamacha de chuid GAP II, eadhon (1) iomláine coirp agus shíceolaíoch na gcailíní agus na mban a áirithiú, (2) cearta eacnamaíocha agus sóisialta agus cumhachtú na gcailíní agus na mban a chur chun cinn, agus (3) rannpháirtíocht agus guth na gcailíní agus na mban a neartú; ag tabhairt dá haire nach ionann an dul chun cinn atá déanta ar fud na dtosaíochtaí téamacha agus i measc gníomhaithe éagsúla de chuid AE; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún, ar VP/HR agus ar na Ballstáit go léir iarrachtaí níos fearr a dhéanamh chun GAP a chur chun feidhme go hiomlán agus na caighdeáin feidhmíochta a leagtar amach ann a bhaint amach; á chur in iúl gurb oth léi, in 2018, gurb é an comhrac i gcoinne gáinneáil ar mhná agus ar chailíní le haghaidh gach cineál dúshaothraithe an cuspóir leis an líon ba lú gníomhaíochtaí a tuairiscíodh faoi GAP II, agus gurbh é sin an t-aon chuspóir amháin ar tháinig laghdú ar an líon gníomhaíochtaí a tuairiscíodh i gcomparáid le 2017;
4. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh agus GAP nua do 2021-2025 (GAP III) a thíolacadh in 2020; á chur i bhfáth gur cheart do GAP III forbairt agus leathnú a dhéanamh ar an gconair a leagtar amach i GAP II atá ann faoi láthair agus an chiall a ceannaíodh óna chur chun feidhme reatha a chur san áireamh; á chur i bhfáth nach foláir go mbeadh an doiciméad sin i bhfoirm teachtaireachta oifigiúla chun a áirithiú go ndéanfar é a chur chun feidhme go héifeachtach; á mheabhrú go bhfuil an comhbheartas eachtrach agus slándála faoi réir rialacha agus nósanna imeachta sonracha agus gur cheart do bheartas maidir le comhar um fhorbairt an Aontais agus na beartais chéanna sin de chuid na mBallstát a chéile a chomhlánú agus a threisiú le lánurraim á tabhairt do phrionsabail agus conarthaí AE, lena n-áirítear Airteagail 2, 3 agus 5 CAE; á chur in iúl gur geal léi na moltaí ón gCoimisiún do na Ballstáit, maidir lena gcur chuige i leith comhionannas inscne trí ghníomh seachtrach, chun a n-aidhmeanna polaitiúla a shaothrú i gcomhréir le GAP ina réimsí inniúlachta;
5. á chur in iúl gur geal léi Plean Gníomhaíochta AE maidir le WPS agus á iarraidh go ndéanfaí é a chur chun feidhme go láidir; á chur in iúl gur geal léi cuimsiú ‘chur chun cinn chlár oibre WPS’ i nDearbhú Comhpháirteach 2018 maidir leis an gcomhar idir AE agus ECAT; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh chun Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas a athnuachan, agus á iarraidh go ndéanfaí príomhshruthú inscne agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar mhaithe le comhionannas inscne agus cearta na mban, lena n-áirítear SRHR, a áireamh leis; á chur in iúl gur geal léi, sa bhreis air sin, Straitéis nua AE chun Gáinneáil ar Dhaoine a Dhíothú atá beartaithe do 2021;
6. á iarraidh go mbeadh tuilleadh comhtháthaithe agus comhordaithe beartais ann i gcur chun feidhme an raoin gealltanas maidir le comhionannas inscne a áirítear i ngníomhaíocht sheachtrach AE; á chur i bhfáth gur cheart Cur Chuige Straitéiseach AE a nascadh agus a shioncrónú le GAP III nua, agus á iarraidh go ndéanfaí Plean Gníomhaíochta 2019 AE maidir le WPS a áireamh in GAP III mar chaibidil ar leithligh; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an creat normatach atá cheana ann a bhaineann le clár oibre WPS; á áitiú gur cheart gurb é an creat seo an bonnlíne do na gníomhaíochtaí uile ar leibhéal AE agus ar an leibhéal náisiúnta agus nach foláir diúltú go daingean d’aon iarrachtaí a dhéanfar tarraingt siar ó na gealltanais atá leagtha síos sa réimse seo nó iad a rolladh siar;
7. á iarraidh ar na Ballstáit beartas eachtrach agus slándála feimineach a ghlacadh lena dtabharfar aghaidh ar na bacainní atá ann do mhná ní hamháin róil cheannaireachta agus príomhphoist ar ardleibhéal amhail ról ambasadóra agus idirghabhálaí i gcainteanna agus i gcaibidlíochtai idirnáisiúnta síochána a ghlacadh ar láimh agus a choinneáil, ach i bpoist ar leibhéal iontrála freisin; á mheabhrú gur cheart go gcuirfí san áireamh na tosca a d’fhéadfadh díspreagadh a dhéanamh ar rannpháirtíocht na mban, amhail easpa beartas atá fabhrach do dhea-chothromaíocht oibre is saoil, comhroinnt mhíchothrom ar fhreagrachtaí teaghlaigh agus an t-ionchas go mbeidh mná ina gcúramóirí príomhúla, rud atá ina shiocair go minic le sosanna gairme a bheith á dtógáil ag mná nó le bogadh go hobair pháirtaimseartha agus le dearcadh an phobail ar bhonn domhanda i leith cheannaireacht na mban; á chur i bhfáth, thairis sin, agus spriocanna ceannaireachta na mban á gcur chun cinn i gclár oibre WPS, go bhfuil pá comhionann as obair chomhionann ar cheann de bhunphrionsail AE agus gur cheart é a phríomhshruthú trí chearta sóisialta agus eacnamaíocha na mban a chur chun cinn lasmuigh agus laistigh de AE araon; á mheabhrú go bhfuil sé d’oibleagáid ar na Ballstáit idirdhealú ar bhonn inscne a dhíothú a mhéid a bhaineann leis na gnéithe agus coinníollacha uile maidir le luach saothair a fhaightear as an obair chéanna nó as obair ar comhionann a luach;
Comhionannas inscne mar threoirphrionsabal de ghníomhaíocht sheachtrach AE
8. á iarraidh ar SEGS, ar sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin, ar na gníomhaireachtaí Eorpacha a oibríonn lasmuigh de theorainneacha an Aontais Eorpaigh agus ar na Ballstáit príomhshruthú inscne agus dearcadh trasnach a chomhtháthú go córasach i mbeartas eachtrach agus slándála, um méadú, trádála agus forbartha AE, lena n-áirítear i bhfóraim iltaobhacha agus i ngach ceapadh beartais, idirphlé polaitiúil agus straitéiseach, ráiteas poiblí agus i ngach próiseas tuairiscithe maidir le tuairisciú, faireachán agus meastóireacht ar chearta an duine ar bhonn domhanda; á áitiú gur cheart go mbeadh comhionannas inscne ina bhunluach i ngníomhaíocht sheachtrach uile AE;
9. á chur i bhfáth nach foláir tuilleadh anailíse a dhéanamh ar dhinimicí na cumhachta ar gné dhílis iad de bheartais agus cleachtais AE agus den timthriall reatha clársceidealaithe chun anailís a dhéanamh agus aghaidh a thabhairt ar na himpleachtaí atá acu ó thaobh inscne de;
10. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé dearcadh trasnach a chomhtháthú i ngníomhaíocht sheachtrach uile AE agus gur cheart do ghníomhaíochtaí AE taithí na mban ó chúlraí éagsúla a chur san áireamh, go háirithe iad siúd a mbíonn orthu aghaidh a thabhairt ar chineálacha trasnacha idirdhealaithe agus imeallaithe bunaithe ar a n-aos, inscne, cine reiligiún, stádas socheacnamaíoch agus dlíthiúil, cumas, gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne; á mheabhrú nach grúpa aonchineálach iad na mná ná go labhraíonn siad d’aon ghuth;
11. á chur i bhfáth an gá atá le tiomantas leanúnach a áirithiú i leith chur chun feidhme GAP II ar na leibhéil pholaitiúla is airde; á iarraidh go sonrófaí in GAP III gur cheart 85% den chúnamh oifigiúil um fhorbairt (ODA) a thabhairt do chláir a bhfuil comhionannas inscne mar chuspóir suntasach nó mar phríomhchuspóir acu agus á iarraidh, laistigh den ghealltanas níos leithne sin, go ndéanfar méid suntasach de ODA a leithdháileadh ar chláir a bhfuil comhionannas inscne mar phríomhchuspóir acu, lena n-áirítear SRHR; á iarraidh go ndéanfaí tuilleadh gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun comhionannas inscne a bhaint amach; á iarraidh, thairis sin, go ndéanfadh GAP nua an cur chuige láidir fianaise-bhunaithe ar ghlac GAP II leis a neartú, agus úsáid á baint as anailísí cáilíochtúla chun measúnú a dhéanamh ar an tionchar iarbhír a bheadh ag na cláir sin maidir leis an gcomhionannas inscne a chur chun cinn; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an tuairisciú i gcás chistiú AE don chomhionannas inscne a leithdháiltear agus a eisíoctar i dtíortha comhpháirtíochta trí GAP III;
12. ag moladh go mbeadh táscairí ratha atá soiléir, intomhaiste agus faoi cheangal ama ag gabháil le GAP III chun faireachán a dhéanamh ar athruithe gearrthéarmacha, meántéarmacha agus fadtéarmacha, ar shannadh na freagrachta do ghníomhaithe éagsúla, agus ar chuspóirí soiléire i ngach tír chomhpháirtíochta a fhorbrófar i ndlúthchomhar leis an tír chomhpháirtíochta atá i dtrácht agus le cuimsiú gníomhach eagraíochtaí áitiúla na sochaí sibhialta, gníomhaithe ábhartha eile na sochaí sibhialta agus fiontair bheaga agus mheánmhéide áitiúla (FBManna); á iarraidh ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit AE athghealladh a thabhairt, trí GAP nua, i leith príomhshruthú inscne sna hearnálacha uile; á iarraidh ar SEGS, ar sheirbhísí ábhartha an Choimisiúin agus ar Bhallstáit AE gníomhaíochtaí breise lena ndírítear ar inscne a mholadh;
13. á iarraidh ar GAP III dúshlán na frithfhreagartha i gcoinne chearta na mban a thabhairt trí rochtain ar an oideachas, faisnéis agus SRHR do mhná agus cailíní a neartú, agus a gcosaint ar chomhéigean, foréigean, idirdhealú agus mí-úsáid a dhaingniú; á chur i bhfáth, ar an gcaoi chéanna, gur cheart do GAP nua cosaint, rannpháirtíocht agus chur chun cinn chearta na mban a chumhdach go heisiach i ngach comhthéacs, lena n-áirítear stáit leochaileacha agus comhthéacsanna lena mbaineann coinbhleacht;
14. á chreidiúint go bhfuil an t-oideachas ríthábhachtach chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a bhaint amach; á iarraidh ar AE, dá bhrí sin, cur lena thiomantas i leith comhionannas inscne a chur chun cinn agus steiréitíopaí inscne a chomhrac i gcórais oideachais agus trí na córais sin i GAP III dá chuid a bheidh ann amach anseo; á iarraidh, ina leith sin, go ndéanfaí machnamh ar raon deiseanna i réimse na heolaíochta, na teicneolaíochta, na hinnealtóireachta agus na matamaitice;
15. á chur in iúl gur geal léi Cur Chuige Straitéiseach AE i leith WPS agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le WPS a glacadh in 2019, agus á iarraidh go ndéanfaí iad a chur chun feidhme go láidir; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, in ainneoin cuspóirí agus táscairí soiléire, gur dúshlán fós é an gealltanas beartais sin a chur i ngníomh agus go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha ina leith sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta do chur chun feidhme chlár oibre WPS; á chur in iúl gur geal léi an fíoras go nglacfaidh nach mór Ballstáit uile AE a bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe faoi dheireadh na bliana; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil ach aon tír amháin díobh a rinne buiséad a leithdháileadh dá gcur chun feidhme; á iarraidh ar an Ballstáit buiséad den sórt sin a leithdháileadh agus sásraí maoirseachta parlaiminteacha náisiúnta a fhorbairt, mar aon le cuótaí a thabhairt isteach do rannpháirtíocht na mban i sásraí rialaithe, meastóireachta agus maoirseachta; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil go leor de bhaill foirne AE nach ndearna clár oibre WPS a chomhtháthú ina gcuid oibre, agus meastar gur clár oibre é seo a fhéadfar a chur i bhfeidhm de réir a mbreithiúnais féin agus é mar chuspóir leis éifeachtacht na misean a fheabhsú, ach ní mar bhealach chun cearta na mban agus comhionannas inscne a áirithiú ina saol féin;
16. á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur lena iarrachtaí chun cur chuige struchtúrtha buiséadaithe inscne a chur chun feidhme chun an caiteachas gaolmhar go léir a rianú go cruinn, lena n-áirítear i réimse na gníomhaíochta seachtraí, agus chun measúnuithe tionchair inscne ex-ante agus ex-post a eagrú maidir leis na cláir éagsúla a fhaigheann maoiniú ó AE agus tuairisc a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa ina leith; á chur i bhfáth gur cheart don mheastóireacht sin a bheith bunaithe ar shonraí imdhealaithe ó thaobh inscne agus aoise de agus gur cheart an toradh a bheidh air a chomhtháthú sa timthriall clársceidealaithe; á chur i bhfáth an gá atá le feabhas a chur ar iontaofacht na hanailíse inscne trí na sonraí a bhailíonn toscaireachtaí AE a chomhchuibhiú ar bhealach a fhágfar go mbeidh siad inchomparáide; á iarraidh go mbeadh ról ag anailís inscne maidir le cuspóirí straitéise tíre, cláir, tionscadail agus idirphlé a shainiú;
17. á iarraidh go dtacófaí le 85% den chistiú sonrach atá curtha i leataobh a leithdháileadh ar chláir a bhfuil comhionannas inscne mar chuspóir suntasach nó mar phríomhchuspóir acu faoi chuimsiú an Rialacháin maidir leis an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), agus le laghdú a dhéanamh ar shrianta riaracháin chun go mbeadh rochtain ar chistiú ar fáil d’eagraíochtaí áitiúla agus beaga na sochaí sibhialta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh gníomhaíochtaí spriocdhírithe breise maidir le príomhshruthú inscne ina gcuspóirí soiléire faoi Rialachán NDICI agus a áirithiú gur féidir le comhpháirtithe brath ar thacaíocht leordhóthanach pholaitiúil agus airgeadais chun é a chur chun feidhme; á iarraidh go ndéanfaí táscairí inscne-shonracha a chur i bhfeidhm i gcéimeanna roghnaithe tionscadail, faireacháin agus meastóireachta na ngníomhaíochtaí uile a bhaineann le beartas eachtrach agus slándála AE a fhaigheann cistiú ó bhuiséad AE; á chur i bhfáth an gá atá le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní AE atá cheana ann agus a bheidh ann amach anseo trí bhuiséadú a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, go háirithe le linn tráthanna dúshlánacha amhail an chéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile (CAI), srianta buiséadacha agus impleachtaí géarchéime i ndiaidh COVID-19;
18. á iarraidh ar an gCoimisiún, ar SEGS agus ar thoscaireachtaí AE go dtabharfaí aitheantas do chailíní agus do mhná óga mar spreagthóirí an athraithe agus go dtacófaí lena rannpháirtíocht shábháilte, fhiúntach agus chuimsitheach sa saol sibhialta agus sa saol poiblí, lena n-áirítear tríd an aiseolas ó eagraíochtaí atá faoi stiúir na hóige a chur san áireamh agus tacú leo trí fhothú acmhainneachta; á chur i bhfáth an ról dearfach atá cailíní, mná óga agus mná i dtaca le síocháin inbhuanaithe agus cuimsiú sóisialta a bhaint amach, lena n-áirítear trí thionscnaimh áitiúla atá faoi stiúradh ag cailíní agus mná sa réimse coinbhleachtaí a chosc agus i gcothú na síochána; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh buiséad leormhaith ann don oideachas i gcásanna éigeandála chun a áirithiú go n-éireoidh le gach cailín, in ainneoin cúinsí ar de thoradh coinbhleachta nó tubaiste nádúrtha iad;
19. ag aithint go ngéaraítear ar dhúshláin a bhaineann le SRHR le linn géarchéimeanna daonnúla agus á mheabhrú, i gcriosanna géarchéime, go háirithe i measc grúpaí leochaileacha amhail dídeanaithe agus imircigh, go mbíonn mná agus cailíní go háirithe neamhchosanta ar fhoréigean gnéasach, galair ghnéas-tarchurtha, teacht i dtír gnéasach, éigniú mar arm cogaidh agus toirchis gan iarraidh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ardtosaíocht a thabhairt do chomhionannas inscne agus SRHR ina bhfreagairt don chabhair dhaonnúil, mar aon le cuntasacht agus rochtain ar cheartas agus sásamh as sáruithe ar chearta gnéis agus atáirgthe agus foréigean inscnebhunaithe, lena n-áirítear ó thaobh oiliúna do ghníomhaithe daonnúla agus an chistithe de atá cheana ann agus a bheidh ann sa todhchaí; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá an Moladh ó Choiste Cúnaimh Forbartha (DAC) ECFE maidir le Deireadh a Chur le Teacht i dTír Gnéasach, le Mí-Úsáid, agus le Ciapadh sa Chomhar um Fhorbairt agus sa Chabhair Daonnúil; á chur in iúl gur geal léi, sa chomhthéacs sin, an bhéim a leagann geallsealbhóirí atá gníomhach i réimse an chomhair um fhorbairt agus na cabhrach daonnúla ar aghaidh a thabhairt ar mhí-úsáid agus ciapadh i suíomhanna a bhaineann le coinbhleacht; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le cuimsiú eagraíochtaí chearta na mban, mar aon le heagraíochtaí atá faoi stiúir na mban agus le cosantóirí ar chearta daonna na mban, i struchtúir a bhaineann le comhordú daonnúil agus cinnteoireacht;
20. á iarraidh go ndéanfaí na sineirgí atá ann idir cláir inmheánacha agus sheachtracha an Aontais a scrúdú chun cur chuige comhtháite agus leanúnach a áirithiú i leith beartas laistigh agus lasmuigh den Aontas, amhail i gcás ciorrú ball giniúna ban (FGM);
21. á iarraidh ar an gCoimisiún beartas trádála de chuid AE atá bunaithe ar luachanna a chur ar bun lena n-áiritheofar ardleibhéal cosanta do chearta saothair agus comhshaoil agus urraim do chearta bunúsacha agus cearta an duine, lena n-áirítear comhionannas inscne; á mheabhrú nach foláir comhaontuithe trádála agus infheistíochta uile AE a phríomhshruthú ó thaobh inscne de agus caibidil uaillmhianach agus infhorfheidhmithe maidir le trádáil agus forbairt inbhuanaithe a bheith san áireamh leo (TSD); á mheabhrú go bhféadfadh an chaibidlíocht ar chomhaontuithe trádála a bheith ina uirlis thábhachtach ar mhaithe le comhionannas inscne agus cumhachtú na mban i dtríú tíortha a chur chun cinn agus á iarraidh go mbaileofaí sonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de maidir le tionchar na trádála; á iarraidh do ndéanfadh AE agus a Bhallstáit tionchar inscne tírshonrach agus earnáilsonrach bheartas agus chomhaontuithe trádála AE a áireamh i measúnuithe tionchair ex ante agus ex post; á chur i bhfáth gur cheart torthaí na hanailíse inscne-dhírithe a chur san áireamh i gcaibidlíochtaí trádála – agus an tionchar dearfach agus diúltach a bheadh acu le linn an phróisis iomláin á chur san áireamh, ó chéim na caibidlíochta go dtí céim an chur chun feidhme – agus gur cheart bearta a bheith ag gabháil léi chun éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc nó a chúiteamh; á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin go n-áiritheofar, den chéad uair i gcás AE, caibidil ar leith maidir le hinscne a chuimseofar sa Chomhaontú Comhlachais nuachóirithe idir an tSile agus AE agus á iarraidh go ndéanfaí cuimsiú caibidlí den sórt sin a chur chun cinn agus go dtacófaí leo i ngach comhaontú trádála agus infheistíochta de chuid AE a dhéanfar amach anseo, ag cur leis na samplaí idirnáisiúnta atá cheana ann agus ar bhonn a mbreisluacha tar éis na measúnuithe a rinneadh;
22. á iarraidh ar na Ballstáit a bheith go hiomlán i gcomhréir leis an gComhsheasamh maidir le hOnnmhairiú Arm, agus á iarraidh go sonrach ar na Ballstáit an riosca a bhaineann le hábhair onnmhairithe a bheith á n-úsáid i gcomhair foréigean inscnebhunaithe nó foréigean i gcoinne na mban nó leanaí, nó a dhéanann éascú air sin, a chur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras gurb ionann cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de agus cur chuige atá dírithe ar shlándáil an duine, lena dtugtar aghaidh ar chúrsaí slándála do mhná a fheabhsú, lena n-áirítear slándáil eacnamaíoch, shóisialta agus sláinte;
Béim ar inscne agus ar éagsúlacht i gcultúr institiúideach AE sa cheanncheathrú agus sna toscaireachtaí
23. á iarraidh ar na Ballstáit meitheal fhoirmiúil maidir le comhionannas inscne a chur ar bun; á iarraidh go mbunófaí foirmíocht nua de chuid na Comhairle ina dtabharfar le chéile airí AE agus rúnaithe an stáit atá freagrach as comhionannas inscne ar mhaithe le príomhshruthú inscne a éascú i mbeartais uile AE, lena n-áirítear an beartas eachtrach agus slándála;
24. á chur in iúl gur geal léi an obair a rinne Príomhchomhairleoir SEGS maidir le hInscne agus an obair a rinne Tascfhórsa Neamhfhoirmiúil AE maidir le WPS go dtí seo, lena n-áirítear rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta a áirithiú ina gcuid plé; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, go bhfuil acmhainneacht theoranta ann ó thaobh na foirne agus na n-acmhainní de atá sannta do phost an Phríomhchomhairleora maidir le hInscne, agus á iarraidh go mbeadh a shealbhóir freagrach go díreach do VP/HR; á chur i bhfáth an gá atá le húsáid níos éifeachtúla fós a bhaint as na hacmhainní a shanntar don phost seo; á iarraidh ar VP/HR leanúint dá iarrachtaí i réimse an phríomhshruthaithe inscne, comhairleoir inscne i ngach Stiúrthóireacht SEGS a cheapadh, a bheadh freagrach go díreach don Phríomhchomhairleoir, agus a bhfoireann a spreagadh chun oibriú go dlúth leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne; á chur i bhfáth gur uirlis shuntasach agus an-éifeachtúil é comhroinnt eolais idir institiúidí agus gníomhaireachtaí AE chun costais arda riaracháin agus méaduithe neamhriachtanacha ar mhaorlathas a sheachaint;
25. á chur in iúl gur geal léi Straitéis 2018-2023 SEGS maidir le hInscne agus Comhdheiseanna agus á iarraidh go ndéanfaí í a nuashonrú chun go n-áireofaí inti gealltanais pholaitiúla nithiúla, intomhaiste agus cheangailteacha maidir le líon na mban i bpoist bhainistíochta; á áitiú go ndéanfaí an sprioc a bhaint amach ina mbeadh líon na mban i seilbh post bainistíochta ag 50%, lena n-áirítear mar Chinn Toscaireachta agus mar Chinn ar mhisin agus oibríochtaí de chuid an chomhbheartais slándála agus cosanta (CBSC); á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ag an gCoimisiún ina leith sin, gur mná iad 41% de na bainisteoirí ar na leibhéil uile; á chur in iúl gurb oth léi gur fada atá SEGS ón sprioc sin a bhaint amach, áit nach ionann ach beirt as ochtar d’Ionadaithe Speisialta AE ar mná iad, agus gur 31.3 % de na poist mheánbhainistíochta agus 26 % de na poist bainistíochta sinsearaí atá i seilbh na mban; á iarraidh ar VP/HR atá ann faoi láthair na bearta is gá a dhéanamh chun an staid sin a réiteach, agus á iarraidh ar na Ballstáit níos mó ban a chur chun cinn do phoist shinsearacha;
26. á chur i bhfios an easpa éagsúlachta atá ann in institiúidí AE agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá sé spriocanna éagsúlachta a leagan síos, go háirithe maidir le cine, cumas agus cúlra eitneach; á thabhairt chun suntais gá atá ann le go ndéanfadh SEGS a próisis earcaíochta agus fostaithe a choigeartú chun tuilleadh airde a thabhairt ar an éagsúlacht agus ar an gcuimsiú; á chur i bhfáth gá atá le nósanna imeachta earcaíochta a bheith ann a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, lena n-áirítear ag an Oifig Eorpach um Roghnú Foirne; á iarraidh go mbeadh ceannaireacht a fhreagraíonn do chúrsaí inscne ina cuid den chur síos ar phoist don mheánbhainistíocht agus don ardbhainistíocht;
27. á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go mbeadh freagracht fhoirmiúil ag Cinn Thoscaireachtaí AE thar lear as a áirithiú go ndéanfar comhionannas inscne a phríomhshruthú ar fud ghnéithe uile obair na dtoscaireachtaí agus as a áirithiú go ndéanfaidh siad tuairisciú ina leith; á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go mbeidh pointí teagmhála inscne ar leith i dtoscaireachtaí AE chun sreafaí oibre rianúla a áirithiú agus an maorlathas a choinneáil chomh híseal agus is féidir; á chur i bhfáth an gá atá leis go mbeadh a dhóthain acmhainní agus ama ag na pointí teagmhála inscne chun a gcúraimí a chur i gcrích, le sainchuntais poist ina sonraítear a gcuid freagrachtaí; á chur i bhfáth gur cheart dóibh a bheith freagrach go díreach don Cheann Toscaireachta/Ceann Roinne, go mbeadh rochtain acu ar na doiciméid agus ar an oiliúint ábhartha uile is gá chun a ndualgais a chomhlíonadh, agus go mbeadh freagrachtaí bainistíochta orthu i gcás inarb iomchuí; á iarraidh go mbeadh treoirlínte comhionannais ann do thoscaireachtaí uile AE agus, ina leith sin, go bhforbrófaí tuairisciú ar líne, teimpléid shoiléire agus go ndéanfaí treoirleabhar a eisiúint chun obair na dtoscaireachtaí a éascú;
28. á chur i bhfáth nach féidir comhionannas inscne a bhaint amach gan ceannaireacht atá freagrúil ó thaobh inscne de; á iarraidh, ina leith sin, go gcuirfí oiliúint éigeantach agus shaincheaptha ar fáil maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne do bhainisteoirí uile SEGS, do bhaill foirne sheirbhísí taidhleoireachta AE agus do Cheannairí nó Ceannasaithe mhisin agus oibríochtaí (CBSC); á thabhairt chun suntais go bhfuil gá leis go n-áireofaí tagairtí sonracha do chomhionannas inscne i litreacha misin agus i sainchuntais poist do Chinn Thoscaireachtaí nua AE; á chur i bhfáth go bhfuil gá leis go n-áireofaí critéir shonracha maidir leis an obair a rinneadh chun príomhshruthú inscne a áirithiú ina gcuid meastóireachtaí; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cur chun cinn chearta na mban agus an chomhionannais inscne mar thosaíochtaí cothrománacha ag Ionadaithe Speisialta uile AE, agus gur cheart gur treoirphrionsabal dá sainordú é, go háirithe d’Ionadaí Speisialta AE um Chearta an Duine;
29. á thabhairt chun suntais go gcuireann rannpháirtíocht na mban i misin CBSC le héifeachtacht an mhisin agus gur spreagadh é d’inchreidteacht AE mar thacadóir do chearta comhionanna d’fhir agus do mhná ar fud an domhain; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil gach misean sibhialtach CBSC tar éis comhairleoir inscne a cheapadh anois agus á iarraidh ar mhisin mhíleata CBSC déanamh amhlaidh; ag spreagadh Ballstáit AE mná a chur chun cinn mar iarrthóirí do na folúntais atá cheana ann; á iarraidh go gcuirfí oiliúint leordhóthanach maidir le comhionannas inscne agus WPS ar gach pearsanra míleata agus sibhialta arna imscaradh ag AE, agus go háirithe maidir leis an gcaoi a bhféadfar gné na hinscne a chomhtháthú ina gcúraimí; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil líon na mban a oibríonn i misin CBSC agus go háirithe in oibríochtaí míleata fós an-íseal; ag tathant ar SEGS an gá atá le sprioc nithiúil agus tiomantas polaitiúil a chur chun cinn chun líon na mban i misin agus in oibríochtaí bainistithe géarchéime AE a mhéadú; ag tathant ar na Ballstáit féachaint ar bhealaí chun beartais earcaíochta agus choinneála a neartú agus rannpháirtíocht na mban i misin chothú na síochána agus na síochánaíochta a chur chun cinn; á chur i bhfáth an gá atá le líne buiséid nua de chuid AE a áireamh lena maoineofaí post na gcomhairleoirí inscne i misin mhíleata CBSC;
30. á chur i bhfáth nach bhfuil ann ach cúpla misean de chuid CBSC AE a chuireann oiliúint ar fáil maidir le ciapadh gnéasach agus ciapadh atá bunaithe ar inscne, agus á iarraidh ar SEGS agus ar na Ballstáit oiliúint éigeantach a chur ar fáil chun an ciapadh sin a chomhrac i ngach misean agus oibríocht agus chun a áirithiú go ndéanfar íospartaigh agus sceithirí a chosaint go héifeachtach; á iarraidh go ndéanfaí Caighdeáin Chineálacha Iompraíochta Uasghrádaithe le haghaidh mhisin agus oibríochtaí CBSC a thabhairt cothrom le dáta chun prionsabal na neamhfhulaingthe maidir le neamhghníomhaíocht ó thaobh cheannaireacht agus bhainistiú AE de a mhéid a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a chur san áireamh;
31. ag tathant ar VP/HR tagairtí do Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus do na rúin leantacha a chur san áireamh i gcinntí agus sainorduithe misin ón gComhairle a bhaineann le CSDP, agus a áirithiú go mbeidh plean gníomhaíochta bliantúil maidir le conas cuspóirí GAP III agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le WPS a chur chun feidhme amach anseo ag gabháil le misin agus oibríochtaí CSDP; á iarraidh go n-áireofaí anailís inscne in ionstraimí nua CBSC, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána atá beartaithe;
32. á chur in iúl gur geal léi an méadú atá ag teacht ar an líonra de Dhaoine ar Teagmhálaithe Inscne iad, le tacaíocht ón mbainistíocht agus rochtain ar oiliúint; ag tabhairt dá haire, ina leith sin, gur eagraíodh cruinniú réigiúnach do phointí teagmhála inscne sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc, a raibh mar aidhm leis an obair maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a neartú; á chur in iúl gur geal léi an comhar feabhsaithe atá ann leis na Balcáin Thiar faoi chuimsiú Thionscnamh Comhpháirtíochta G7, inar chomhaontaigh AE go mbeadh sé ina chomhpháirtí leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar mhaithe leis an gClár Oibre maidir le WPS a fheabhsú;
33. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé comhionannas inscne a chur chun cinn i mbeartas eachtrach AE, lena n-áirítear i gcaidreamh Pharlaimint na hEorpa le tríú tíortha; á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an cinneadh ó thoscaireachtaí Pharlaimint na hEorpa ionadaí a cheapadh do shaincheisteanna inscne i ngach toscaireacht; á chur i bhfios go láidir an gá atá le comhionannas agus éagsúlacht a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile na dtoscaireachtaí, lena n-áirítear le linn cruinnithe parlaiminteacha oifigiúla le tríú tíortha;
Tús áite a thabhairt do chosaint agus do chur chun cinn chearta na mban agus na gcailíní agus dá rannpháirtíocht
34. á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit na gealltanais idirnáisiúnta uile a bhaineann leis an gclár oibre domhanda maidir le comhionannas inscne a chomhlíonadh; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaidís spreagadh agus tacaíocht do na stáit chomhpháirtíochta chun na forchoimeádais atá déanta acu maidir le CEDAW a aisghairm, agus an Dearbhú agus an Plean Gníomhaíochta ón gCeathrú Comhdháil Domhanda maidir le Mná de chuid na Náisiún Aontaithe i mBéising in 1995 a chur chun feidhme, lena n-áirítear tríd an reachtaíocht;
35. á mheabhrú ról lárnach na mban mar chothaitheoirí na síochána agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ról na mban maidir leis an idirphlé agus cothú na síochána a chur chun cinn agus le dearcthaí éagsúla a thabhairt maidir le céard is síocháin agus slándáil ann; á chur i bhfios go bhfuil rannpháirtíocht fhóinteach agus chothrom na mban a áirithiú i gcaibidlíocht maidir le beartas eachtrach agus próisis síochána agus slándála AE nasctha le rathúnas eacnamaíoch níos fearr, le níos lú sáruithe ar chearta an duine agus leis an tslándáil dhomhanda, an daonlathas agus an tsíocháin inbhuanaithe a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go gcothaítear pobail níos láidre agus níos athléimní le cur chun cinn chearta na mban i dtíortha ina bhfuil géarchéim- nó tíortha a bhfuil coinbhleachtaí iontu; á iarraidh ar VP/HR, ar SEGS agus ar na Ballstáit cearta na gcailíní agus na mban a chosaint agus a áirithiú go mbeidh siad rannpháirteach go hiomlán agus go fóinteach ar fud chéimeanna éagsúla an timthrialla coinbhleachta, i gcomhthéacs ghníomhaíochtaí AE chun coinbhleachtaí a chosc agus a idirghabháil;
36. á chur i bhfios a ríthábhachtaí atá sé go ndéanfaí gach cineál foréigin ghnéasaigh agus inscnebhunaithe a chosc, a chomhrac agus a ionchúiseamh, lena n-áirítear foréigean dlúthpháirtí, foréigean ar líne, cleachtais dhíobhálacha amhail ciorrú ball giniúna ban agus leanaí, luathphósadh agus pósadh éigeantais, foréigean a dhéantar in ainm ‘onóra’, foréigean gnéasach agus foréigean inscnebhunaithe a bhaineann le coinbhleacht, gáinneáil, agus dúshaothrú gnéasach, mí-úsáid agus ciapadh gnéasach; á chur i bhfáth an gá atá le cúnamh don té a tháinig slán sa chomhthéacs sin; á thabhairt chun suntais gur cheart aird ar leith a thabhairt ar mhná agus ar chailíní a bhfuil cineálacha iomadúla idirdhealaithe agus cineálacha trasnacha idirdhealaithe os a gcomhair; á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit Coinbhinsiún Iostanbúl a dhaingniú, mar an chéad ionstraim idirnáisiúnta atá ceangailteach ó thaobh dlí de lena bhféachtar le foréigean in aghaidh na mban a chosc agus a chomhrac, lena ndéanfar, dá bhrí sin, eiseamláir a leagan síos ar fud an domhain agus ina mbeidh tiomantas AE d’fhoréigean den sórt sin a dhíothú inchreidte ina chaidreamh seachtrach; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú agus nuashonrú ar threoirlínte AE maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní agus go ndéanfaí gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac;
37. á chur i bhfáth nach féidir comhionannas inscne a bhaint amach gan fir agus buachaillí a chuimsiú; á chreidiúint nach foláir a iarraidh ar fhir agus ar bhuachaillí páirt ghníomhach a ghlacadh mar ghníomhaithe ar son an athraithe sa phróiseas chun comhionannas inscne a chur chun cinn agus aghaidh á tabhairt ar steiréitíopaí inscne ar an gcaoi sin; á mheabhrú go háirithe ról agus freagracht na bhfear agus na mbuachaillí maidir le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe a chomhrac;
38. á iarraidh ar VP/HR, ar SEGS agus ar na Ballstáit go gcuirfear chun feidhme ina n-iomláine Treoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine agus iarscríbhinn a ghlacadh a mbeidh sé d’aidhm léi straitéisí agus uirlisí breise a aithint agus a fhorbairt chun freagairt níos fearr agus níos éifeachtaí do na cásanna, bagairtí agus fachtóirí riosca sonracha a bhíonn ag cosantóirí ban ar chearta an duine, lena n-áirítear cailíní agus gníomhaithe óga ar mná iad, agus iad a chosc; á iarraidh go gcuirfí gné na hinscne agus bearta sonracha i bhfeidhm láithreach bonn chun tacú le cosantóirí ban ar chearta an duine i ngach clár agus ionstraim a bhfuil sé d’aidhm acu cosantóirí chearta an duine a chosaint;
39. á chur i bhfáth nach ndéantar cearta daonna na mban agus na gcailíní a ráthú go hiomlán in go leor áiteanna ar domhan, agus go bhfuil dúshláin mhéadaitheacha roimh eagraíochtaí na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí chearta na mban agus na gcailíní sa spás daonlathach a bhfuil fáil air agus atá ag laghdú ar fud an domhain; á mheabhrú an obair bhunriachtanach atá déanta ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta ar bráid chun an tsíocháin a chothú agus chun rannpháirtíocht na mban a chur chun cinn i bpróisis síochána, i bpolaitíocht, i rialachas, i bhforbairt institiúidí, sa smacht reachta agus in earnáil na slándála; á iarraidh ar thoscaireachtaí AE faireachán a dhéanamh ar an bhfrithfhreagairt i gcoinne comhionannas inscne agus SRHR agus ar an gclaonadh atá ann ionsar laghdú a dhéanamh ar an spás don tsochaí shibhialta agus bearta sonracha a dhéanamh chun an tsochaí shibhialta a chosaint ar bhagairtí, ciapadh, foréigean agus fuathchaint; ag tathant ar an gCoimisiún, ar SEGS, ar na Ballstáit agus ar Chinn Thoscaireachtaí AE tacaíocht a áirithiú, trí fhothú acmhainní cuí a chur chun cinn, don tsochaí shibhialta áitiúil, lena n-áirítear eagraíochtaí ban agus cosantóirí chearta an duine, agus gné chaighdeánach dá gcuid oibre a bheith sa chomhar agus comhairliúchán a dhéanfar leo; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le tionscnaimh arb é is aidhm dóibh dúshlán na norm inscne agus na steiréitíopaí diúltacha a thabhairt agus iad a athrú i ngach comhthéacs;
40. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tacaíocht chórasach a thabhairt do SRHR, rud a rannchuideoidh le SDGanna uile a bhaineann le cúrsaí sláinte a bhaint amach, amhail cúram réamhbhreithe agus bearta chun breitheanna ardriosca a sheachaint agus mortlaíocht naíonán agus leanaí a laghdú; á chur i bhfios gur gá tacú le rochtain a bheith ann ar phleanáil clainne agus seirbhísí sláinte máithreacha, oideachas gnéasachta cuimsitheach atá oiriúnach ó thaobh aoise de, frithghiniúint, seirbhísí ginmhillte atá sábháilte agus dlíthiúil, agus urraim a thabhairt do cheart na mban cinntí a dhéanamh maidir lena gcorp féin agus iad a bheith cosanta i gcoinne aon chineál idirdhealaithe, comhéigin nó foréigin ina leith sin; á iarraidh ar an gCoimisiún cur i gcoinne thionchar ‘riail an ghobáin iomláin’ trí thacaíocht shuntasach a thabhairt do chistiú SRHR trí na hionstraimí maoinithe atá ar fáil i ngné sheachtrach AE;
41. á mheabhrú go ndéanann an t-athrú aeráide difear díréireach do mhná agus do chailíní mar thoradh ar neamhionannais inscne chultúrtha agus struchtúracha; ag aithint a riachtanaí atá comhionannas inscne chun síocháin, slándáil agus forbairt inbhuanaithe a bhaint amach mar aon le bainistiú éifeachtúil a dhéanamh ar dhúshláin aeráide agus go bhfuil ríthábhacht le dearcadh trasnach a bheith ann chun aistriú cothrom agus cóir a bhaint amach, rud a fhágann nach bhfágfar aon duine ar lár; á chur i bhfios nach mná iad ach 30 % d’idirbheartaithe aeráide, agus á mheabhrú a ríthábhachtaí atá rannpháirtíocht fhónta agus chomhionann na mban i gcomhlachtaí cinnteoireachta ar leibhéal AE agus ar an leibhéal áitiúil i réimse an bheartais aeráide agus na gníomhaíochta ar son na haeráide, ionas go mbainfear amach spriocanna aeráide fadtéarmacha; á mholadh go láidir go ndéanfar le GAP III, na naisc atá ann le Comhaontú Pháras a shoiléiriú, agus á iarraidh ar AE agus ar a Bhallstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag eagraíochtaí ban ar chistí idirnáisiúnta aeráide.
42. á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil idirdhealú córasach d’ilchineálacha fós á dhéanamh ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire an gá atá le bochtaineacht na mban a chomhrac trína áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann acu ar acmhainní eacnamaíocha; á mheabhrú gur príomhthosca iad cuimsiú níos mó na mban i margadh an tsaothair, tacaíocht níos fearr d’fhiontraíocht na mban, rochtain chomhionann ar chaipiteal, lena n-áirítear do bhanfhiontraithe, cosaint a dhéanamh ar chomhionannas deiseanna agus ar phá comhionann as obair chomhionann d’fhir agus do mhná, agus cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn chun rathúnas eacnamaíoch fadtéarmach, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach, neamhionannais a chomhrac agus chun neamhspleáchas airgeadais na mban a spreagadh; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar institiúidí AE ina leith sin, i gcás inarb iomchuí, an infhaighteacht ar mhaoiniú a mhéadú, lena n-áirítear trí bhíthin micrichreidmheasanna, agus oibriú le tíortha comhpháirtíochta chun stádas na mban a chur chun cinn, lena n-áirítear i réimsí amhail cearta oidhreachta ar mhaoin agus ar thalamh, rochtain ar stádas dlíthiúil agus ar litearthacht airgeadais agus dhigiteach, agus cosaint ar shaothar leanaí agus ar chineálacha eile dúshaothraithe;
43. á chur i bhfáth an gá atá le dearcadh inscne a chur chun feidhme i mbeartas imirce AE lena ráthaítear cearta iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe ban agus cailíní, chun nósanna imeachta tearmainn agus imirce atá íogair ó thaobh inscne de a thabhairt isteach láithreach bonn agus dlús a chur leis an obair chun a áirithiú go ndéanfar foréigean, ciapadh, éigniú agus gáinneáil ar mhná a d’fhéadfadh a bheith ann a shainaithint agus a chosaint go cuí in ionaid ghlactha ar fud na hEorpa;
44. ag cáineadh gach cineál foréigin i gcoinne na mban agus na gcailíní, lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha chun gach cineál gáinneála ar dhaoine a chomhrac, agus aird ar leith á tabhairt ar ghné inscne na gáinneála chun pósadh leanaí, dúshaothrú gnéasach ar mhná agus ar chailíní, agus turasóireacht ghnéis a chomhrac go sonrach; á iarraidh go mbunófaí cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de i leith na gáinneála ar dhaoine, trí aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an tionchar atá aici ar réimse leathan de chearta an duine a bhaint amach;
45. ag áitiú nach mór rochtain ar chúram neamh-idirdhealaitheach, agus go háirithe ar chúram leighis cuimsitheach a bheith ag cailíní agus mná ar íospartaigh d’éigniú cogaidh iad; ag áitiú sa chomhthéacs sin gur gá a áirithiú go ndéanfar an ceart chun na beatha agus dínit gach mná agus cailín a chosaint trí chleachtais dhíobhálacha a chomhrac go gníomhach; á thabhairt chun suntais nach mór deireadh a chur le húsáid an éignithe mar arm cogaidh agus mar arm cos ar bolg, agus go gcaithfidh an tAontas brú a chur ar rialtais tríú tír agus ar na rannpháirtithe leasmhara go léir atá luaite le réigiúin ina dtarlaíonn foréigean inscnebhunaithe den chineál sin, chun deireadh a chur leis an gcleachtas, chun déantóirí na coire a thabhairt os comhair na cúirte agus chun oibriú le marthanóirí, na mná atá thíos leis agus na pobail chun cabhrú leo iad féin a leigheas agus teacht chucu féin
46. ag tabhairt dá haire an dul chun cinn leanúnach atá á dhéanamh maidir le cur chun feidhme Thionscnamh Spotsolais AE-NA chun deireadh a chur leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní ar fud an domhain, arbh ionann é agus EUR 270 milliún a leithdháileadh ar chláir san Afraic agus i Meiriceá Laidineach in 2018; á iarraidh go mbeidh ceannaireacht láidir ag an Aontas maidir leis an Treoir um Ghníomh a dhéanamh maidir le Cosaint ar Fhoréigean Inscnebhunaithe i gCásanna Éigeandála agus maidir leis an tacaíocht a thugtar do mharthanóirí foréigin ghnéasbhunaithe agus inscnebhunaithe a bhaineann le coinbhleacht; á mheabhrú don Choimisiún agus do Ballstáit an Aontais ar a thábhachtaí atá toradh Chomhdháil Osló maidir le deireadh a chur le foréigean gnéasbhunaithe agus inscnebhunaithe i ndáil le géarchéimeanna daonnúla.
47. ag tabhairt dá haire gur tháinig an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe ar chomhaontú in 2018 maidir le tacar nua tosaíochtaí réamhbhreathnaitheacha le haghaidh comhar maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime do 2019-2021; á chur i bhfáth gur gá ardán comhoibríoch AE-NA maidir le WPS a bhunú mar phríomhthosaíocht;
48. ag tabhairt dá haire go bhfuil rabhadh tugtha ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil paindéim COVID-19 ag nochtadh agus ag géarú gach cineál neamhionannais, lena n-áirítear neamhionannas inscne; is cúis mhór imní di roinnt mhíchothrom na hoibre cúraim baile agus phoiblí araon, inarb iad mná thart ar 70 % den lucht saothair sláinte ar fud an domhain. Is ábhar mór imní an méadú atá tagtha ar fhoréigean inscnebhunaithe, go pointe áirithe mar gheall ar thréimhsí fada coinneála, agus rochtain theoranta ar shláinte atáirgthe agus ar shláinte mháthartha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus sonracha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar thionchar socheacnamaíoch COVID-19 ar mhná agus ar chailíní; á chur i bhfáth nach mór cistiú leordhóthanach a chur ar fáil mar ábhar práinne chun a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán gan bhac ar theicneolaíocht ardcháilíochta ag eagraíochtaí ban, ag cosantóirí chearta an duine agus ag cothaitheoirí síochána chun a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht fhóinteach acu i bpróisis chinnteoireachta le linn ghéarchéim COVID-19; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do VP/HR agus don Choimisiún an gá atá le slándáil an duine, lena n-áirítear gach gné de Chur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le WPS a aithint; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach dall ar inscne atá cur chun feidhme fhreagairt dhomhanda an Aontais ar COVID-19, agus gur cheart aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar riachtanais shonracha na mban agus ar ghrúpaí imeallaithe eile, agus gur cheart a rannpháirtíocht a áirithiú le linn an timthrialla clársceidealaithe ar fad;
°
° °
49. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún.
SEASAMH MIONLAIGH
de bhun Riail 55(4) de na Rialacha Nós Imeachta
Derk Jan Eppink
Easaontaíonn Grúpa ECR le hábhar na tuarascála seo agus lena thoimhde idé-eolaíoch.
Is cur chuige an chomhsheilbheachais atá sa tuarascáil seo. Mar ghrúpa ECR, seasaimid le cearta aonair agus le tuilleamhlathas seachas le ‘cearta comhchoiteanna’ a chothaítear le polaitíocht na féiniúlachta. Ba cheart do shaoirse an duine aonair a bheith ina chroílár.
Measann Grúpaí ECR go bhfuil sé tábhachtach go mbeidh na deiseanna céanna ag gach duine aonair agus gur cheart don duine ceart a bheith san áit cheart. Níor cheart go mbainfeadh inscne an duine le hábhar. Níor cheart aon idirdhealú a bheith ann ar an gcéad dul síos. Ní bheidh cinnteoireacht ná torthaí níos fearr ann mar thoradh ar ghné idé-eolaíoch a dhéanamh den ‘inscne’. Iarrtar sa tuarascáil, fiú, go mbeadh níos mó spriocanna éagsúlachta ann. Má chuirtear an tuarascáil seo i ngníomh, tiocfaidh méadú ar shásraí rialaithe maorlathacha atá costasach agus neamhéifeachtúil. Mar shampla, ní bheidh torthaí oibríochtúla níos fearr ná sásamh níos fearr ann do cháiníocóirí na hEorpa mar thoradh ar chomhairleoir inscne lánaimseartha a bheith i ngach Stiúrthóireacht SEGS. Ba chóir iarrthóirí a mheas ar a gcuid cáilíochtaí, ní ar inscne. I bhfianaise bhunphrionsabal na coimhdeachta, d’fhéadfadh sé go mbeadh ar an Aontas Eorpach ró-rialáil a úsáid gan bonn cirt.
Ina theannta sin, creidimid gur inniúlacht eisiach de chuid na mBallstát seachas de chuid an Aontais Eorpaigh é an beartas eachtrach agus slándála, is mar sin is ceart, is mar sin is cóir.
22.6.2020
TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ EACHTRACHA
chuig an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne
maidir le Comhionannas Inscne i mbeartas eachtrach agus slándála AE
Rapóirtéir don tuairim: Hannah Neumann
MOLADH
Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Eachtracha ar an gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:
A. de bhrí gur cheart do AE rannchuidiú le domhan a chruthú ina mbeadh gach duine, gan beann ar inscne, aois, gnéaschlaonadh agus féiniúlacht inscne nó léiriú inscne, cine agus cumas, in ann maireachtáil go síochánta, agus cearta comhionanna agus na deiseanna céanna a bheith acu chun lán a n-acmhainneachta a bhaint amach;
B. de bhrí go mbíonn mná agus cailíní go háirithe buailte ag foréigean fisiceach agus foréigean gnéasach, bochtaineacht, coinbhleachtaí armtha agus tionchar na héigeandála aeráide; de bhrí go bhfuil treocht dhomhanda ann atá ag dul i méid i dtreo an údarásaíochais, agus líon méadaitheach grúpaí de bhunúsaithe, ar dhá rud iad ar léir go bhfuil nasc acu le frithfhreagairt i gcoinne chearta na mban agus chearta LGBTIQ +; de bhrí gur tuiscint lochtach í aon tuiscint ar an tslándáil a dhíríonn ar stáit seachas ar dhaoine agus nach mbeidh síocháin mar thoradh uirthi;
C. de bhrí go bhfuil anailís inscne agus gné inscne ina mbunús le coinbhleachtaí a chosc ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe, le cobhsú, cothú na síochána, atógáil iarchoinbhleachta, rialachas agus forbairt institiúidí; de bhrí gurb é scéal na híospartha an scéal is túisce a luaitear le mná agus cailíní, rud a cheileann ar mhná agus ar chailíní gníomhú agus a dhéanann a n-acmhainneacht mar ghníomhaithe don athrú a scriosadh; de bhrí go léirítear le bailiúchán fianaise atá ag dul i méid go bhfuil ról suntasach ag rannpháirtíocht na mban agus na gcailíní sa phróiseas síochána ó thaobh a mharthanacht agus a rathúlacht de a chinneadh;
D. de bhrí go bhfuil próisis chuimsitheacha síochána níos inbhuanaithe agus gur mó deiseanna a thugtar leo chun teacht ar réitigh agus tacaíocht níos fearr a fháil, agus ní mór go dtiocfadh méadú ar rannpháirtíocht na mban sna próisis síochána agus i gcothú na síochána; de bhrí, idir 1988 agus 2018 gur mhná iad 13% de na hidirbheartaithe, 3% de na hidirghabhálaithe agus nach raibh ach 4% de shínitheoirí ar mhná iad sna príomhphróisis síochána;
E. de bhrí go bhfuil cailíní faoi mhíbhuntáiste díréireach de thoradh a n-inscne agus a n-aoise; de bhrí go bhfuil dídeanaithe agus imircigh ar cailíní iad an-leochaileach; de bhrí go bhfuil tábhacht ar leith le cailíní a chosaint ar fhoréigean agus idirdhealú, agus lena n-áirithítear a rochtain ar an oideachas, faisnéis agus seirbhísí sláinte lena n-áirítear sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, chun go mbeidh cearta an duine á dteachtadh go hiomlán acu;
F. de bhrí gur tosca rannchuiditheacha as a n-eascraíonn idirdhealú agus imeallú iad foréigean gnéis agus inscnebhunaithe i gcoinne na mban agus cailíní, lena n-áirítear cleachtais dhíobhálacha amhail pósadh leanaí agus ciorrú ball giniúna ban (FGM), rochtain neamhleor ar bhunearnálacha agus ar sheirbhísí sóisialta, mar shampla an tsláinte, an t-oideachas, uisce glan, sláintíocht agus cothú, rochtain shrianta ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, rannpháirtíocht mhíchothrom in institiúidí poiblí agus príobháideacha, agus i gcinnteoireacht pholaitiúil agus i bpróisis síochána;
1. á chur i bhfios go láidir gur bunluach de chuid AE é prionsabal an chomhionannais idir mná agus fir, agus gur cheart, dá bhrí sin, príomhshruthú inscne a chur chun feidhme agus a chomhtháthú i ngach gníomhaíocht agus beartas de chuid AE; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag AE domhan a bheith ann ina mbeadh gach duine, gan beann ar inscne, gnéaschlaonadh, cine agus cumas, in ann maireachtáil go síochánta, agus cearta comhionanna á dteachtadh acu, agus na deiseanna céanna a bheith acu chun lán a n-acmhainneachta a bhaint amach;
2. á iarraidh ar SEGS, ar an gCoimisiún agus ar Bhallstáit AE tacaíocht bhreise a thabhairt agus comhtháthú córasach a dhéanamh ar chomhionannas inscne, ar phríomhshruthú inscne, lena n-áirítear buiséadú inscne, agus gné thrasnach, lena n-áirítear ionadaíocht chomhionann agus éagsúil, i mbeartas eachtrach agus slándála AE; á iarraidh ar AE dea-shampla a thabhairt agus comhionannas inscne a bheith ina sprioc thábhachtach de ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, go mbeidh sé infheicthe i ngach réimse beartais, go háirithe i bhfóraim iltaobhacha agus san idirphlé polaitiúil agus straitéiseach go léir, san idirphlé maidir le cearta an duine, i gceapadh agus i gclársceidealú beartais, i straitéisí maidir le cearta an duine ar an leibhéal náisiúnta, i ráitis phoiblí, agus i dtuairisciú domhanda ar chearta an duine, agus i bpróisis faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe, i bpróisis chinnteoireachta, i gcaibidlíocht agus i gceannaireacht; á iarraidh go mbeadh fulaingt ilchineálach na mban agus na gcailíní a mbíonn orthu dul i ngleic leis an iliomad cineálacha idirdhealaithe agus imeallaithe a thrasnaíonn a chéile, ag croílár an cheaptha beartais; á dhearbhú gur cheart don bheartas eachtrach agus slándála cothromaíocht éagothrom na cumhachta idir na hinscní a aithint, agus aghaidh a thabhairt uirthi, ionadaíocht a dhéanamh ar mhná agus cailíní, agus cosaint a thabhairt do dhaoine LGBTIQ+;
3. á chur i bhfáth go bhfuil beartas eachtrach láidir lena ndírítear ar chomhionannas inscne ag an Danmhairg, ag an Eilvéis agus ag an Iorua; á chur in iúl gur geal léi gur fhógair an Fhrainc, an Spáinn, Lucsamburg, Éire, an Chipir agus an Ghearmáin, as measc tíortha eile, go bhfuil sé beartaithe acu tosaíocht a dhéanamh de chomhionannas inscne ina mbeartas eachtrach; á chur in iúl, thairis sin, gur geal léi go bhfuil comhionannas inscne ar cheann dá phríomhthosaíochtaí ag an gCoimisiún reatha i ngach réimse beartais; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na prionsabail seo a leanas ag croílár bheartas inscnebhunaithe AE: cearta an duine, an daonlathas agus an smacht reachta, dí-armáil agus neamhleathadh, comhar idirnáisiúnta don fhorbairt agus don ghníomhú ar son na haeráide;
4. á chur i bhfáth nach é amháin go bhfuil gá ag comhionannas inscne agus ag príomhshruthú inscne le ráitis beartais ardleibhéil, ach go bhfuil gá freisin le tiomantas polaitiúil ó cheannaireacht an Aontais agus na mBallstát, agus le tosaíocht a thabhairt do chuspóirí agus faireachán; á iarraidh ar VP/HR dul chun cinn substaintiúil agus thar a bheith infheicthe a dhéanamh maidir le comhionannas inscne i ndáil le ceannaireacht agus bainistíocht, soláthar foirne agus earcaíocht, ordlathas eagraíochtúil, oiliúint, acmhainní airgeadais, an bhearna phá agus cothromaíocht oibre is saoil, agus tiomantas polaitiúil agus oibríochtúil a áirithiú chun príomhshruthú inscne atá éifeachtach agus claochlaitheach a chur chun feidhme; á iarraidh, i ndáil leis sin, go gcuirfí oiliúint éigeantach agus thréimhsiúil ar fáil maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne do mheánbhainisteoirí agus d’uasbhainisteoirí uile SEGS, do bhaill foirne sheirbhísí taidhleoireachta an Aontais agus do Cheannairí nó Ceannasaithe mhisin agus oibríochtaí an Chomhbheartais Slándála agus Cosanta (CBSC); á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cur chun cinn chearta na mban agus an chomhionannais inscne mar thosaíochtaí cothrománacha ag Ionadaithe Speisialta uile an Aontais, agus gur cheart gur cloch choirnéil dá sainordú é, go háirithe d’Ionadaí Speisialta an Aontais Eorpaigh um Chearta an Duine;
5. á iarraidh go mbeadh cothromaíocht inscne níos fearr ann in ionadaíocht sheachtrach an Aontais; á chur in iúl gurb oth léi an bhearna shuntasach idir na hinscní in SEGS, áit nach bhfuil ach beirt as ochtar d’Ionadaithe Speisialta an Aontais, 31.3 % de na poist mheánbhainistíochta agus 26 % ar leibhéal na bainistíochta sinsearaí ar mná iad; á chur in iúl gur geal léi gealltanas VP/HR gur mná a bheidh i 40% de na poist báinistíochta faoi dheireadh a shainordaithe; á mheabhrú di, áfach, gur fhógair an Coimisiún ina Straitéis maidir le Comhionannas Inscne 2020-2025, go raibh sé mar chuspóir aige cothromaíocht inscne 50 % a bhaint amach ar gach leibhéal dá bhainistíocht faoi dheireadh 2024; á chur i bhfáth gur cheart feidhm a bheith ag an gcuspóir sin freisin maidir le hIonadaithe Speisialta AE a cheapfar amach anseo; á chur in iúl gur saoth léi nach bhfuil aon mhná i measc na Leas-Ard-Rúnaithe nua atá ceaptha ag VP/HR;
6. á chur in iúl gur geal léi Straitéis 2018-2023 SEGS maidir le hInscne agus Comhdheiseanna, ach á chur in iúl gurb oth léi an easpa cuspóirí sonracha agus intomhaiste; á iarraidh go ndéanfaí í a thabhairt cothrom le dáta chun cuspóirí nithiúla agus ceangailteacha a chur san áireamh, lena n-áirítear maidir le mná i bpoist bhainistíochta, agus á iarraidh go gcuirfí chun feidhme í ina dhiaidh sin; á chur in iúl gurb oth léi, ar an gcuma chéanna, an easpa spriocanna éagsúlachta agus an easpa éagsúlachta foriomláine in institiúidí AE, go háirithe ó thaobh cine, cumas agus cúlraí eitneacha de; á iarraidh ar VP/HR céatadán na mban i sásraí cinnteoireachta inmheánacha AE a mhéadú; á chur i bhfáth an gá atá le nósanna imeachta earcaíochta a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, lena n-áirítear nósanna imeachta ón Oifig Eorpach um Roghnú Foirne, nach gcuireann tuilleadh leis an neamhionannas inscne sna hinstitiúidí; á iarraidh go mbeadh ceannaireacht a fhreagraíonn do chúrsaí inscne ina cuid den chur síos ar phoist don mheánbhainistíocht agus don ardbhainistíocht;
7. á iarraidh ar VP/HR a áirithiú go mbeidh freagracht fhoirmiúil ar Chinn Thoscaireachtaí AE thar lear a áirithiú go ndéanfar comhionannas inscne a phríomhshruthú i ngach gné d’obair na dToscaireachtaí agus go ndéanfar saincheisteanna comhionannais inscne a tharraingt anuas go rialta san idirphlé polaitiúil le contrapháirtithe rialtais, agus go gceanglófar orthu tuairisciú air sin; á iarraidh, thairis sin, ar VP/HR a áirithiú go mbeidh pointe teagmhála inscne amháin ann i dToscaireachtaí AE; á chur i bhfios go bhfuil méadú ag teacht go háirithe ar an úsáid a bhaintear as anailís inscne i bhfoirmliú ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, agus go bhfuil anailís inscne mhionsonraithe déanta ag beagnach gach ceann de Thoscaireachtaí AE;
8. á chur in iúl gur geal léi an méadú atá ag teacht ar an líonra de Dhaoine ar Teagmhálaithe Inscne iad, le tacaíocht ón mbainistíocht agus rochtain ar oiliúint; á chur i bhfios, i ndáil leis sin, gur eagraíodh cruinniú réigiúnach do phointí teagmhála inscne sna Balcáin Thiar agus sa Tuirc a raibh mar aidhm leis an obair maidir le comhionannas inscne agus príomhshruthú inscne a neartú; á chur in iúl gur geal léi an comhar feabhsaithe atá ann leis na Balcáin Thiar faoi chuimsiú Thionscnamh Comhpháirtíochta G7, inar chomhaontaigh an tAontas go mbeadh sé ina chomhpháirtí leis an mBoisnia agus an Heirseagaivéin ar mhaithe leis an gClár Oibre maidir le Mná, leis an tSíocháin agus leis an tSlándáil (WPS) a fheabhsú;
9. á iarraidh ar Thoscaireachtaí AE faireachán a dhéanamh ar an bhfrithfhreagairt i gcoinne an chomhionannais inscne agus chearta na mban, chomh maith leis an treocht atá ann laghdú a dhéanamh ar an spás don tsochaí shibhialta, agus céimeanna sonracha a ghlacadh chun iad a chosaint; ag tathant ar an gCoimisiún, ar SEGS, ar na Ballstáit agus ar Chinn Thoscaireachtaí AE tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a áirithiú d’eagraíochtaí neamhspleácha áitiúla na sochaí sibhialta, lena n-áirítear eagraíochtaí ban, go háirithe le haghaidh gníomhaíochtaí i dtaca le fothú acmhainneachta, cosantóirí chearta an duine ar mná iad, iriseoirí, lucht léinn agus ealaíontóirí, agus go mbeidh an comhar a dhéanfar leo agus a gcomhairliúchán ina chuid chaighdeánach dá gcuid oibre;
10. á chur in iúl gur geal léi go n-áirítear comhionannas inscne mar chuspóir sonrach sa rialachán atá beartaithe maidir leis an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais (IPA III) agus an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI); á iarraidh go dtabharfaí cistiú sonrach don chomhionannas inscne agus go ndéanfaí gné a fhreagraíonn do chúrsaí inscne, buiséadú a fhreagraíonn do chúrsaí inscne agus ceanglais éigeantacha do mheasúnuithe tionchair inscne ex ante agus ex post a chomhtháthú sna rialacháin sin, agus go ndéanfaí na torthaí sin a thuairisciú do Pharlaimint na hEorpa; á iarraidh go mbeadh ceanglais riaracháin laghdaithe ann chun rochtain ar chistiú a cheadú d’eagraíochtaí áitiúla agus d’eagraíochtaí beaga na sochaí sibhialta, agus go háirithe d’eagraíochtaí ban;
11. á iarraidh ar VP/HR, ar SEGS agus ar na Ballstáit cur chun feidhme iomlán Threoirlínte AE maidir le Cosantóirí Chearta an Duine a áirithiú, agus iarscríbhinn a ghlacadh a mbeidh sé d’aidhm léi straitéisí agus uirlisí breise a aithint agus a fhorbairt chun freagairt níos fearr agus níos éifeachtaí do na chásanna, bagairtí agus tosca riosca sonracha a bhíonn ag cosantóirí ban ar chearta an duine, agus iad a chosc; á iarraidh go dtabharfaí isteach gné na hinscne agus bearta sonracha láithreach bonn chun tacú le cosantóirí ban ar chearta an duine i ngach clár agus ionstraimí a bhfuil sé d’aidhm acu cosantóirí chearta an duine a chosaint;
12. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh Plean Gníomhaíochta AE maidir le Cearta an Duine agus leis an Daonlathas a athnuachan, agus á iarraidh go ndéanfaí príomhshruthú inscne agus gníomhaíochtaí spriocdhírithe ar mhaithe le comhionannas agus cearta na mban a áireamh i gcéim feidhmiúcháin an Phlean Gníomhaíochta;
13. Is díol sásaimh di go bhfuil méadú tagtha ar líon na mban a imscartar chuig misin agus oibríochtaí CBSC; ag cur in iúl gurb oth léi nach bhfuil fiú misean CBSC amháin de 12 mhisean sibhialtach CBSC a bhfuil bean mar cheann air agus nár mhná iad ach seisear den 70 ceann misin go dtí seo; ag athdhearbhú nach bhfuil ach 22 fhostaí baineann as 176 fhostaí i bhFoireann Mhíleata an Aontais Eorpaigh, agus 12 acu sin ag fónamh ina rúnaithe nó ina gcúntóirí; á iarraidh ar VP/HR straitéis maidir le comhionannas inscne a chur le chéile do mhisin CSDP le spriocanna ar leith le haghaidh ceannaireachta agus pearsanra araon; á mheabhrú go bhfuil gá le hiarracht chomhbheartaithe ó cheannaireacht an Aontais agus ó na Ballstáit, ós rud é go gcuireann siad an chuid is mó de phearsanra sibhialtach CBSC ar fáil; á iarraidh ar Bhallstáit AE Gealltanas 16 de Chomhshocrú Sibhialtach CBSC a chomhlíonadh trí líon na mban ar gach leibhéal a chur chun cinn go gníomhach, agus a rannchuidiú náisiúnta a mhéadú; ag cur in iúl gurb oth léi go bhfuil laghdú tagtha ar líon na mban sa phearsanra ó glacadh an Comhshocrú; á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí gníomhacha earcaíochta a shaothrú, agus bacainní sonracha lena gcuirtear teorainn le rannpháirtíocht na mban a shainaithint agus aghaidh a thabhairt orthu, trí thuarascálacha misin ina n-áirítear staidreamh ábhartha; á iarraidh ar institiúidí AE rannpháirtíocht na mban a spreagadh in oibríochtaí síochánaíochta na Náisiún Aontaithe ar gach leibhéal, lena n-áirítear baill foirne mhíleata agus póilíní; á mheabhrú gur thug an tAontas gealltanas go ndéanfaí líon na mban sna hinstitiúidí a bhíonn ag plé le coinbhleachtaí a chosc, le bainistiú géarchéime agus le caibidlíocht síochána a mhéadú trí Rún 1325 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe maidir le ‘Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil’ a shíniú ina sainaithnítear go soiléir gur gníomhaithe tábhachtacha iad mná i gcothú na síochána agus in idirghabháil coinbhleachta;
14. is díol sásaimh di na treoirlínte maidir le príomhshruthú inscne do mhisin shibhialtacha an Aontais, agus á chur i bhfáth gur uirlis nithiúil don chur chun feidhme iad na treoirlínte sin, a chuirfidh foireann uile an mhisin i bhfeidhm, lena n-áirítear an bhainistíocht, agus a chuideoidh le gné na hinscne a phríomhshruthú go córasach agus beartais maidir le comhionannas inscne a ghlacadh i ngníomhaíochtaí agus céimeanna gach misean sibhialtach CBSC; suite de gur cheart go gcuirfí san áireamh i bpleanáil mhisin CBSC na moltaí ó eagraíochtaí áitiúla ban; á chur in iúl gur geal léi go bhfuil comhairleoir inscne ar áireamh anois i ngach misean sibhialtach CBSC; is oth léi, áfach, nach amhlaidh atá i gcás mhisin mhíleata CBSC; á mholadh do Bhallstáit an Aontais iarrthóirí a chur chun cinn le haghaidh na bhfolúntas atá ann faoi láthair; á iarraidh go ndéanfar bearta go gcuirfear oiliúint leordhóthanach maidir le comhionannas inscne agus WPS ar gach pearsanra míleata agus sibhialta arna imscaradh ag AE, go háirithe maidir leis an gcaoi a bhféadfar gné na hinscne a chomhtháthú ina gcúraimí;
15. á iarraidh go ndéanfar nuashonrú ar na Caighdeáin Chineálacha Iompraíochta uasghrádaithe le haghaidh Mhisin agus Oibríochtaí CBSC chun prionsabal na neamhfhulaingthe maidir le haon neamghníomh ó thaobh cheannaireacht agus bhainistiú AE de a mhéid a bhaineann le foréigean gnéasach agus inscnebhunaithe a chur san áireamh; á chur in iúl gurb oth léi nach bhfuil ann ach cúpla misean de chuid CBSC AE a chuireann oiliúint ar fáil maidir le gnéaschiapadh nó ciapadh inscnebhunaithe, agus á iarraidh ar SEGS agus ar na Ballstáit tacú le gach iarracht chun foréigean gnéis agus inscnebhunaithe a chomhrac in oibríochtaí idirnáisiúnta síochánaíochta agus chun a áirithiú go ndéanfar sceithirí agus íospartaigh a chosaint go héifeachtach;
16. á chur i bhfáth go bhfuil anailís inscne agus comhthathú córasach de ghné na hinscne a fhorbairt agus a úsáid agus iad a chur san áireamh sa chinnteoireacht ina mbunús le cosc, bainistiú agus réiteach coinbhleachtaí, le cobhsú, cothú na síochána, atógáil iarchoinbhleachta, rialachas agus forbairt institiúidí ar bhealach éifeachtach agus inbhuanaithe; de bhrí gurb é scéal na híospartha an scéal is túisce a luaitear le mná, rud a cheileann orthu gníomhú; á chur i bhfáth gur gá aitheantas a thabhairt don ról suntasach atá ag mná agus cailíní ar an leibhéal áitiúil, náisiúnta agus idirnáisiúnta maidir le síocháin inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe trí idirphlé, idirghabháil agus caibidlíocht síochána a éascú; á iarraidh go mbeidh rannpháirtíocht shábháilte, fhóinteach agus chuimsitheach na mban agus na gcailíní ar leibhéal an phobail i gcúrsaí síochána agus slándála, lena n-áirítear cothú na síochána, atógáil iarchoinbhleachta, rialachas agus gníomhaíochtaí um fhorbairt institiúidí, agus ag céimeanna éagsúla de thimthriall na coinbhleachta, i gcomhréir le spriocanna forbartha inbhuanaithe; ag tabhairt dá haire le cur chun cinn chearta na mban le linn géarchéime nó i dtíortha ina bhfuil coinbhleacht go gcothaítear pobail níos láidre, níos sláintiúla, níos sláine agus níos athléimní agus gur lú an dóchúlacht go rachfar i muinín modhanna foréigneacha chun díospóidí agus coinbhleacht a réiteach; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go gcuirfear mná agus cailíní óga san áireamh i gcothú na síochána agus i ndáil leis an méid sin, ag tabhairt dá haire an méid a rannchuidíonn an clár oibre don Óige, don tSíocháin agus don tSlándáil.
17. á iarraidh ar na Ballstáit a bheith go hiomlán i gcomhréir leis an gComhsheasamh maidir le hOnnmhairiú Arm, agus á iarraidh go sonrach ar na Ballstáit an riosca a bhaineann le hábhair onnmhairithe a bheith á n-úsáid i gcomhair foréigean inscnebhunaithe nó foréigean i gcoinne na mban nó leanaí, nó a dhéanann éascú air sin, a chur san áireamh; ag cur béim ar an bhfíoras gurb ionann cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de agus cur chuige atá dírithe ar shlándáil an duine, lena dtugtar aghaidh ar chúrsaí slándála do mhná a fheabhsú, lena n-áirítear slándáil eacnamaíoch, shóisialta agus sláinte;
18. á chur in iúl gur geal léi Cur Chuige Straitéiseach AE i leith WPS agus Plean Gníomhaíochta AE maidir le WPS a glacadh in 2019, agus á iarraidh go ndéanfaí iad a chur chun feidhme go láidir; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, in ainneoin cuspóirí agus táscairí soiléire gur dúshlán fós é an gealltanas beartais sin a chur i ngníomh agus go bhfuil gá le hiarrachtaí leanúnacha ina leith sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá Pleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le clár oibre WPS a chur chun feidhme; á chur in iúl gur geal léi go nglacfaidh nach mór Ballstáit uile AE a bPleananna Gníomhaíochta Náisiúnta maidir le Rún 1325 ó CSNA faoi dheireadh na bliana; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, nach bhfuil ach aon tír amháin díobh a rinne buiséad a leithdháileadh dá gcur chun feidhme; á iarraidh ar na Ballstáit buiséad a leithdháileadh agus sásraí maoirseachta parlaiminteacha náisiúnta a fhorbairt, mar aon le cuótaí a thabhairt isteach do rannpháirtíocht na mban i sásraí rialaithe, meastóireachta agus maoirseachta; á chur in iúl gurb oth léi go bhfuil go leor de bhaill foirne AE nach ndearna WPS a chomhtháthú ina gcuid oibre, agus meastar gur clár oibre é seo a fhéadfar a chur i bhfeidhm de réir a mbreithiúnais féin agus é mar chuspóir leis éifeachtacht na misean a fheabhsú, ach ní mar bhealach as féin chun cearta na mban agus comhionannas inscne a áirithiú;
19. is díol sásaimh di an obair atá déanta ag Tascfhórsa WPS an Aontais go dtí seo, lena n-áirítear rannpháirtíocht eagraíochtaí ábhartha na sochaí sibhialta a áirithiú ina chuid plé; á chur in iúl gur geal léi an obair atá déanta ag Príomhchomhairleoir SEGS maidir le hInscne; á chur in iúl gurb oth léi, áfach, acmhainneacht theoranta an róil sin agus á iarraidh go ndéanfaí ról an chomhairleora a neartú agus go mbeadh an comhairleoir freagrach go díreach do VP/HR; á iarraidh ar VP/HR comhairleoir inscne lánaimseartha a bheidh ag obair ar chomhionannas inscne agus ar chlár oibre WPS a bheith i ngach Stiúrthóireacht SEGS , a bheidh freagrach go díreach don Phríomhchomhairleoir, agus a bhfoireann a spreagadh chun oibriú go dlúth leis an Institiúid Eorpach um Chomhionannas Inscne (EIGE); á chur i bhfáth gur uirlis thábhachtach agus an-éifeachtúil é comhroinnt eolais idir institiúidí agus gníomhaireachtaí AE chun costais arda riaracháin agus méaduithe neamhriachtanacha ar mhaorlathas a sheachaint;
20. ag tathant ar VP/HR agus ar Bhallstáit AE tagairtí do rún 1325 ó CSNA agus do na rúin leantacha a chur san áireamh i gcinntí agus sainorduithe misin ón gComhairle a bhaineann le CSDP, agus a áirithiú go mbeidh plean gníomhaíochta bliantúil maidir le cé mar is féidir cuspóirí Plean Gníomhaíochta Inscne (GAP III) agus Plean Gníomhaíochta AE maidir WPS a chur chun feidhme amach anseo ag gabháil le misin agus oibríochtaí CSDP; á iarraidh go n-áireofaí anailís inscne in ionstraimí nua CBSC, lena n-áirítear an Ciste Eorpach Cosanta agus an tSaoráid Eorpach Síochána atá beartaithe;
21. ag tabhairt dá haire gur tháinig an tAontas agus na Náisiúin Aontaithe ar chomhaontú in 2018 maidir le tacar nua tosaíochtaí réamhbhreathnaitheacha le haghaidh comhar maidir le hoibríochtaí síochána agus bainistiú géarchéime do 2019-2021, agus ag cur i bhfáth gur gá ardán comhoibritheach AE-NA maidir le Mná, an tSíocháin agus an tSlándáil a bhunú mar phríomhthosaíocht;
22. is díol sásaimh di an comhar idir an tAontas agus ECAT arb é is aidhm dó an tsíocháin agus an chobhsaíocht a chur chun cinn sa limistéar Eora-Atlantach, áit a bhfuil an Clár oibre le Mná, leis an tSíocháin agus an tSlándáil a chur chun cinn ar cheann de na príomhphointí;
23. á chur i bhfios go láidir an tábhacht a bhaineann le comhionannas inscne a chur chun cinn i mbeartas eachtrach AE, lena n-áirítear i gcaidreamh na Parlaiminte le tríú tíortha; is díol sásaimh di, ina leith sin, an cinneadh ó Thoscaireachtaí na Parlaiminte ionadaí a cheapadh do shaincheisteanna inscne i ngach Toscaireacht; á chur i bhfios go láidir an gá atá le comhionannas agus éagsúlacht a chur chun cinn i ngníomhaíochtaí uile na dToscaireachtaí, lena n-áirítear le linn cruinnithe parlaiminteacha oifigiúla le tríú tíortha;
24. á chur i bhfios go láidir gur gá a áirithiú go mbeidh modhanna cinnteoireachta uathoibrithe, lena n-áirítear algartaim IS i mbeartas eachtrach agus slándála an Aontais, saor ó chlaontacht i leith inscne, go háirithe aon laofacht bunaithe ar inscne;
25. is díol sásaimh di na torthaí maidir leis an gcomhionannas inscne a fuarthas faoin dara Plean Gníomhaíochta maidir le hInscne (GAP II), agus á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le hathbhreithniú a dhéanamh agus maidir le Plean Gníomhaíochta Inscne III nua AE a thíolacadh in 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na heasnaimh aige, amhail an bunús dlí lag, easpa buiséad inscnefhreagrúil, na deacrachtaí a bhaineann le tuairisciú cruinn, easpa ailíniú tráthchláir agus timthriallta buiséid, agus easpa oiliúint leormhaith don fhoireann; á moladh go mbeadh táscairí ratha ag gabháil le GAP III, ar táscairí iad a bheadh soiléir, intomhaiste, agus faoi cheangal ama, lena n-áirítear leithdháileadh na freagrachta ar ghníomhaithe éagsúla, agus go mbeadh cuspóirí soiléire acu i ngach tír chomhpháirtíochta; ag tathant ar an gCoimisiún, i bhfianaise thionchar COVID-19 ar shaol na mban agus na gcailíní, athnuachan ar GAP III a choinneáil ina phlean oibre do 2020, agus gan é a chur siar go dtí an bhliain seo chugainn;
26. ag aithint an ról lárnach atá ag eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí chearta na mban agus cosantóirí ban ar chearta an duine, chun tacú le cur chun feidhme Phlean Gníomhaíochta Inscne an Aontais agus Cur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le WPS agus an Plean Gníomhaíochta a ghabhann leis; á iarraidh ar an gCoimisiún borradh a chur faoi rannpháirtíocht eagraíochtaí na sochaí sibhialta i dtaobh GAP III a cheapadh agus a chur chun feidhme i dtíortha comhpháirtíochta;
27. á chur i bhfáth gur cheart do GAP III cearta na mban a chumhdach go sainráite i ngach comhthéacs, beag beann ar OTI tíre agus lena n-áirítear stáit leochaileacha agus comhthéacsanna coinbhleachta, mar aon leis na grúpaí is leochailí amhail dídeanaithe agus imircigh ar cailíní iad;
28. á iarraidh go sonrófaí in GAP III gur cheart 85% den chúnamh oifigiúil um fhorbairt a thabhairt do chláir a bhfuil comhionannas inscne mar chuspóir suntasach nó mar phríomhchuspóir acu, agus gur cheart, laistigh den ghealltanas níos leithne sin, cúnamh oifigiúil um fhorbairt an Aontais Eorpaigh a leithdháileadh ar thionscnaimh shonracha a bhfuil mar chuspóir acu comhionannas agus cumhachtú na mban agus a gcearta a chur chun cinn; á iarraidh go gcuirfí feabhas ar an tuairisciú ar chistiú AE don chomhionannas inscne a leithdháiltear agus a eisíoctar i dtíortha comhpháirtíochta trí GAP III; á iarraidh ar SEGS agus ar an gCoimisiún táscairí inscne-shonracha a bhunú a chuirfear i bhfeidhm maidir le roghnú tionscadal, faireachán agus meastóireacht;
29. á thabhairt chun suntais gur dlúthchuid é an comhionannas inscne den bhainistiú éifeachtúil i réimse na gníomhaíochta seachtraí agus i réimsí téamacha, lena n-áirítear dúshláin i leith na haeráide agus forbairt inbhuanaithe ár sochaithe; á thabhairt chun suntais a leochailí atá mná agus cailíní atá ag maireachtáil i mbochtaineacht i ndáil leis an athrú aeráide, agus á chur i bhfáth nach mór gné inscne agus gné thrasnach a áireamh i ngach gníomhaíocht ar son na haeráide chun aistriú cothrom agus cóir a bhaint amach, gan aon duine a fhágáil ar leataobh; á chur in iúl gurb oth léi nach mná iad ach 30 % d’idirbheartaithe aeráide, agus á mheabhrú a ríthábhachtaí atá rannpháirtíocht fhónta agus chomhionann na mban i gcomhlachtaí cinnteoireachta agus i mbeartas aeráide agus gníomhaíocht aeráide ar leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal AE, agus ar an leibhéal áitiúil, ionas go mbainfear amach spriocanna aeráide fadtéarmacha; á mholadh go mór le GAP III go ndéanfar na naisc atá ann le Comhaontú Pháras a shoiléiriú, agus á iarraidh ar an Aontas agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain ag eagraíochtaí ban ar chistí idirnáisiúnta aeráide.
30. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle go dtacóidís le caibidil ar leith maidir le hinscne a chur san áireamh sna comhaontuithe maidir le trádáil agus le comhionannas inscne; á iarraidh, thairis sin, go n-áireofaí forálacha sna comhaontuithe trádála sin lena n-áirithítear go ráthaítear lena struchtúir institiúideacha athbhreithnithe tréimhsiúla maidir le comhlíonadh, plé suntasach agus malartú faisnéise agus dea-chleachtas maidir le comhionannas inscne agus trádáil, inter alia trí mhná agus saineolaithe ar chomhionannas inscne a áireamh ar gach leibhéal de na riaracháin lena mbaineann; á iarraidh go ndéanfadh an tAontas agus na Ballstáit tionchar inscne tírshonrach agus earnáilsonrach bheartas agus comhaontuithe trádála AE a áireamh i measúnuithe tionchair ex ante agus ex post; á chur i bhfáth gur cheart torthaí na hanailíse inscne-dhírithe a chur san áireamh i gcaibidlíocht trádála, agus an tionchar dearfach agus diúltach a bheadh acu le linn an phróisis iomláin á chur san áireamh ó chéim na caibidlíochta go dtí céim an chur chun feidhme, agus gur cheart bearta a bheith ag gabháil léi chun éifeachtaí diúltacha a d’fhéadfadh a bheith ann a chosc nó a chúiteamh;
31. á iarraidh ar an gCoimisiún an cur chuige inscne agus trasnach lena ráthaítear ceart na mban agus na gcailíní ar iarrthóirí tearmainn agus dídeanaithe iad a ionchorprú i mbeartais inimirce, agus acmhainní á ndíriú ar an idirdhealú a dhéantar ar mhná agus ar chailíní ar bhonn, inter alia, inscne, bunús cine nó eitneach, stádas socheacnamaíoch, staid riaracháin agus áit tionscnaimh a dhíothú, agus dlús a chur leis an obair chun a áirithiú go ndéanfar sainaithint cheart agus cosaint cheart ar fhoréigean, ciapadh, éigniú agus gáinneáil ar mhná a d’fhéadfadh a bheith ann in ionaid ghlactha ar fud na hEorpa; á iarraidh go gcuirfí Coinbhinsiún Iostanbúl maidir le beartais imirce agus tearmainn i bhfeidhm go hiomlán;
32. á iarraidh go ndéanfaí gach cineál foréigin gnéis agus inscnebhunaithe agus sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine do mhná agus do chailíní, amhail pósadh leanaí, luathphósadh agus póstadh éigeantais, a chosc agus a dhíothú, agus FGM a dhíothú; á iarraidh go leanfadh sé sin de bheith ina thosaíocht pholaitiúil ag an Aontas ina ghníomhaíocht sheachtrach, agus go dtabharfaí aghaidh air go córasach san idirphlé polaitiúil le tríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS díriú, go háirithe, ar chosc a chur le foréigean inscnebhunaithe le linn coinbhleachtaí, agus ar thacaíocht agus ar rochtain ar sheirbhísí bunriachtanacha do mharthanóirí foréigin inscnebhunaithe; á chur i bhfios go láidir, i gcoinbhleachtaí, go bhfuil baol mór ann go sárófar cearta an duine do mhná agus do chailíní; is údar mór imní di gur níos minice a bhíonn foréigean gnéis mar chuid de straitéis níos leithne na coinbhleachta agus gur oirbheart chogaidh atá ann; ag tathant ar AE an ghiaráil uile is féidir a úsáid chun déantóirí olléignithe i gcogaíocht a thuairisciú, a shainaithint, a ionchúiseamh agus pionós a ghearradh orthu i gcomhréir leis an dlí coiriúil idirnáisiúnta; á iarraidh go ndéanfaí athbhreithniú agus nuashonrú ar threoirlínte an Aontais maidir leis an bhforéigean in aghaidh na mban agus na gcailíní, agus go ndéanfaí gach cineál idirdhealaithe ina gcoinne a chomhrac; á iarraidh ar an Aontas go mbeadh daingniú Choinbhinsiún Iostanbúl ina thosaíocht ar an gclár oibre dá chuid maidir leis an Idirphlé Polaitiúil le tíortha comhpháirtíochta Chomhairle na hEorpa, agus á mholadh do Bhallstáit nach Ballstáit de chuid Chomhairle na hEorpa iad chun aontú dó;
33. á chur i bhfáth nach féidir comhionannas inscne a bhaint amach gan fir agus buachaillí a áireamh sa phróiseas chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le comhionannas inscne, ós rud é nach mór a iarraidh ar fhir agus ar bhuachaillí a bheith rannpháirteach agus cur go gníomhach le noirm inscne níos sláintiúla a chur chun cinn; á mheabhrú go háirithe ról agus freagracht na bhfear agus na mbuachaillí maidir le foréigean gnéis agus inscnebhunaithe a chomhrac;
34. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit feabhas a chur ar an gcomhar le tríú tíortha chun gach cineál gáinneála ar dhaoine a chomhrac, agus aird ar leith á tabhairt ar ghné inscne na gáinneála ar dhaoine chun pósadh leanaí, dúshaothrú gnéasach ar mhná agus ar chailíní, agus turasóireacht ghnéis a chomhrac; á iarraidh go ndéanfaí measúnuithe tionchair éigeantacha ar na rioscaí a bhaineann le tríú tír i ndáil le gáinneáil ar dhaoine mar chuid den choinníollacht ghinearálta ex ante le haghaidh gach comhaontaithe um léirscaoileadh víosaí; á chur i bhfáth gur gá comhar éifeachtach le tríú tíortha maidir le gáinneáil ar dhaoine a áireamh i measc na gcritéar éigeantach d’aon chomhaontú um léirscaoileadh víosaí; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar SEGS agus iad i mbun caibidlíochta le tríú tíortha maidir le comhaontuithe comhlachais agus comhair go ndéanfar creat tagarmhairc a thabhairt isteach le haghaidh comhair chun gáinneáil ar dhaoine a chomhrac go héifeachtach, lena n-áirítear prótacal trédhearcach chun sonraí a thaifeadadh maidir le tarchur agus gáinneáil a ionchúiseamh; á iarraidh go mbunófaí cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de i leith na gáinneála ar dhaoine trí aghaidh a thabhairt go cuimsitheach ar an tionchar atá aici ar réimse leathan de chearta an duine a fheidhmiú i gcomhthéacs aon choinbhleachta;
35. á iarraidh go mbeadh urraim uilíoch do shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus rochtain uilíoch orthu mar a comhaontaíodh i gClár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt, i gClár Oibre Gníomhaíochta Bhéising agus sna doiciméid toraidh ó chomhdhálacha athbhreithnithe na gclár sin, agus chun uirlisí iomchuí a fhorbairt chun dul chun cinn i dtreo na sprice sin a thomhas; á iarraidh go dtabharfaí céimeanna chun a áirithiú go mbeidh seasamh aontaithe ag an Aontas agus go ndéanfadh sé gníomhaíocht láidir chun an fhrithfhreagairt i gcoinne sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, comhionannas inscne, cearta LGBTIQ+ agus bearta lena mbaintear an bonn de chearta na mban a shéanadh go neamhbhalbh; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tiomantas AE do shláinte agus do chearta gnéis agus atáirgthe a athdhearbhú, lena n-áirítear rochtain ar chúram réamhbhreithe agus ar sheirbhísí sláinte máithreacha, trí GAP III nua agus NDICI; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS tacaíocht pholaitiúil agus airgeadais a chur ar fáil d’eagraíochtaí na sochaí sibhialta atá ag troid ar son sláinte gnéis agus atáirgthe agus ar son chearta gach duine, lena n-áirítear na daoine is leochailí nó is mó atá i mbaol, go háirithe mná agus cailíní a mbíonn orthu a ndúiche a fhágáil, a bhíonn ar bhealaí imirce nó i gcampaí;
36. is oth léi go bhfuil idirdhealú córasach fós á dhéanamh ar mhná agus ar chailíní ar fud an domhain; ag tabhairt dá haire gur easpa rochtana ar acmhainní eacnamaíocha is cúis, den chuid is mó, le bochtaineacht na mban; á chreidiúint go bhfuil oideachas ríthábhachtach chun comhionannas inscne agus cumhachtú na mban agus na gcailíní a bhaint amach; á iarraidh ar an Aontas, dá bhrí sin, cur lena thiomantas i leith comhionannas inscne a chur chun cinn agus steiréitíopaí inscne a chomhrac i gcórais oideachais in GAP III dá chuid a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar an gComhairle agus ar SEGS a áirithiú go dtacaíonn a mbeartas maidir le comhar um fhorbairt agus a ngníomhaíocht maidir le cabhair dhaonnúil le cumhachtú eacnamaíoch na mban, lena n-áirítear infheictheacht fhiontraíocht na mban i dtíortha comhpháirtíochta; á mheabhrú gur príomhthosca iad cuimsiú níos mó na mban i margadh an tsaothair, tacaíocht níos fearr d’fhiontraíocht na mban, cosaint a dhéanamh ar chomhionannas deiseanna agus ar phá comhionann d’fhir agus do mhná, agus cothromaíocht oibre is saoil a chur chun cinn chun fás eacnamaíoch fadtéarmach, inbhuanaithe agus cuimsitheach a bhaint amach, neamhionannais a chomhrac agus chun neamhspleáchas airgeadais na mban a spreagadh;
37. á mheabhrú di gur gá dul i ngleic le cúrsaí comhionannais inscne in idirphlé polaitiúil le tíortha comhpháirtíochta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé comhionannas inscne a chur chun cinn laistigh de raon feidhme bheartas comharsanachta agus beartas um méadú an Aontais, go háirithe i gcomhthéacs na gcainteanna aontachais; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar SEGS an chaibidlíocht aontachais a úsáid chun comhionannas inscne a chothú sna tíortha is iarrthóirí; á iarraidh ar EIGE leanúint d’fhaireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn maidir le comhionannas inscne i dtríú tíortha; is díol sásaimh di na sásraí éagsúla chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn i dtreo an chomhionannais inscne, amhail an sásra a chruthaigh an tAontas don Réigiún Meánmhuirí le déanaí, agus an tionscadal dar teideal EIGE’s cooperation with the EU candidate and potential candidate countries ('EIGE’s cooperation with EU candidate countries and potential candidate countries 2017-2019, better monitoring of gender equality progress [Comhar EIGE le tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha 2017-2019, faireachán feabhsaithe ar dhul chun cinn an chomhionannais inscne];
38. ag tabhairt dá haire go bhfuil rabhadh tugtha ag na Náisiúin Aontaithe go bhfuil paindéim COVID-19 ag nochtadh agus ag géarú gach cineál neamhionannais, lena n-áirítear neamhionannas inscne; is cúis mhór imní di roinnt mhíchothrom na hoibre cúraim baile agus phoiblí araon, inarb iad mná thart ar 70 % den lucht saothair sláinte ar fud an domhain, is ábhar mór imní an méadú atá tagtha ar fhoréigean inscnebhunaithe, go pointe áirithe mar gheall ar thréimhsí fada coinneála, agus rochtain theoranta ar shláinte atáirgthe agus ar shláinte mháthartha; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí gníomhaíochtaí spriocdhírithe agus sonracha a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar thionchar socheacnamaíoch COVID-19 ar mhná agus ar chailíní; á chur i bhfáth nach mór cistiú leordhóthanach a chur ar fáil mar ábhar práinne chun a áirithiú go mbeidh rochtain iomlán gan bhac ar theicneolaíocht ardcháilíochta ag eagraíochtaí ban, ag cosantóirí chearta an duine agus ag cothaitheoirí síochána chun a áirithiú go mbeidh rannpháirtíocht fhóinteach acu i bpróisis chinnteoireachta le linn ghéarchéim COVID-19; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá do VP/HR agus don Choimisiún an gá atá le slándáil an duine, lena n-áirítear gach gné de Chur Chuige Straitéiseach an Aontais maidir le WPS a aithint; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú nach dall ar inscne atá cur chun feidhme fhreagairt dhomhanda an Aontais ar COVID-19, agus gur cheart aghaidh a thabhairt go hiomchuí ar riachtanais shonracha na mban agus ar ghrúpaí imeallaithe eile, agus gur cheart a rannpháirtíocht a áirithiú le linn an timthrialla clársceidealaithe ar fad.
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
Dáta an ghlactha |
22.6.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
49 11 9 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Alviina Alametsä, Maria Arena, Petras Auštrevičius, Traian Băsescu, Lars Patrick Berg, Anna Bonfrisco, Reinhard Bütikofer, Fabio Massimo Castaldo, Susanna Ceccardi, Włodzimierz Cimoszewicz, Katalin Cseh, Tanja Fajon, Anna Fotyga, Michael Gahler, Kinga Gál, Sunčana Glavak, Raphaël Glucksmann, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Márton Gyöngyösi, Sandra Kalniete, Karol Karski, Dietmar Köster, Stelios Kouloglou, Andrius Kubilius, Ilhan Kyuchyuk, David Lega, Miriam Lexmann, Nathalie Loiseau, Antonio López-Istúriz White, Jaak Madison, Claudiu Manda, Lukas Mandl, Thierry Mariani, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Sven Mikser, Francisco José Millán Mon, Javier Nart, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Kostas Papadakis, Tonino Picula, Manu Pineda, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Diana Riba i Giner, María Soraya Rodríguez Ramos, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Jacek Saryusz-Wolski, Andreas Schieder, Radosław Sikorski, Sergei Stanishev, Tineke Strik, Hermann Tertsch, Hilde Vautmans, Harald Vilimsky, Idoia Villanueva Ruiz, Thomas Waitz, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers, Isabel Wiseler-Lima, Željana Zovko |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Katarina Barley, Nicolas Bay, Arnaud Danjean, Katrin Langensiepen, Hannah Neumann, Mick Wallace |
VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR
49 |
+ |
EPP |
Traian Băsescu, Michael Gahler, Sandra Kalniete, Andrius Kubilius, Antonio López-Istúriz White, Lukas Mandl, David McAllister, Vangelis Meimarakis, Francisco José Millán Mon, Gheorghe-Vlad Nistor, Isabel Wiseler-Lima |
S&D |
Maria Arena, Katarina Barley, Włodzimierz Cimoszewicz, Tanja Fajon, Raphaël Glucksmann, Dietmar Köster, Claudiu Manda, Sven Mikser, Tonino Picula, Kati Piri, Giuliano Pisapia, Nacho Sánchez Amor, Isabel Santos, Andreas Schieder, Sergei Stanishev |
RENEW |
Petras Auštrevičius, Katalin Cseh, Klemen Grošelj, Bernard Guetta, Ilhan Kyuchyuk, Nathalie Loiseau, Javier Nart, Urmas Paet, María Soraya Rodríguez Ramos; Hilde Vautmans |
VERTS |
Reinhard Bütikofer, Katrin Langensiepen, Hannah Neumann, Diana Riba i Giner, Tineke Strik, Thomas Waitz, Alviina Alametsä |
GUE |
Stelios Kouloglou, Manu Pineda, Idoia Villanueva Ruiz, Mick Wallace |
NI |
Fabio Massimo Castaldo, Márton Gyöngyösi |
11 |
- |
EPP |
Kinga Gál, Miriam Lexmann, Željana Zovko |
ID |
Harald Vilimsky |
ECR |
Anna Fotyga, Karol Karski, Jacek Saryusz-Wolski, Hermann Tertsch, Witold Jan Waszczykowski, Charlie Weimers |
NI |
Kostas Papadakis |
9 |
0 |
EPP |
Arnaud Danjean, Sunčana Glavak, David Lega, Radosław Sikorski |
ID |
Nicolas Bay, Lars Patrick Berg, Anna Bonfrisco, Susanna Ceccardi, Thierry Mariani |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
Dáta an ghlactha |
16.7.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
27 5 2 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Christine Anderson, Simona Baldassarre, Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Annika Bruna, Gwendoline Delbos-Corfield, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Lívia Járóka, Arba Kokalari, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Karen Melchior, Andżelika Anna Możdżanowska, Maria Noichl, Pina Picierno, Samira Rafaela, Evelyn Regner, Diana Riba i Giner, Eugenia Rodríguez Palop, María Soraya Rodríguez Ramos, Christine Schneider, Jessica Stegrud, Isabella Tovaglieri, Ernest Urtasun, Hilde Vautmans, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Chrysoula Zacharopoulou |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Isabella Adinolfi, Derk Jan Eppink, Pierrette Herzberger-Fofana, Elena Kountoura |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
27 |
+ |
GUE/NGL |
Elena Kountoura, Eugenia Rodríguez Palop |
NI |
Isabella Adinolfi |
PPE |
Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Lívia Járóka, Arba Kokalari, Christine Schneider, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska |
Renew |
Karen Melchior, Samira Rafaela, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans, Chrysoula Zacharopoulou |
S&D |
Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Maria Noichl, Pina Picierno, Evelyn Regner |
Verts/ALE |
Gwendoline Delbos-Corfield, Pierrette Herzberger-Fofana, Diana Riba i Giner, Ernest Urtasun |
5 |
- |
ECR |
Derk Jan Eppink, Andżelika Anna Możdżanowska, Jessica Stegrud |
ID |
Simona Baldassarre, Isabella Tovaglieri |
2 |
0 |
ID |
Christine Anderson, Annika Bruna |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh