TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh comhalta neamhspleách a cheapadh ar Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha san Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
11.9.2020 - (N9-0042/2020 – C9‑0277/2020 – 2020/0907(NLE))
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Irene Tinagli
TOGRA LE hAGHAIDH CINNEADH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh comhalta neamhspleách a cheapadh ar Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha san Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí
(N9-0042/2020 – C9‑0277/2020 – 2020/0907(NLE))
(Formheas)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ó Bhord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí an 27 Lúnasa 2020, (C9‑0277/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 41 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010, lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (An tÚdarás Eorpach um Urrúis agus Margaí), lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n-aisghairtear Cinneadh 2009/77/CE ón gCoimisiún[1],
– ag féachaint d’Airteagal 24a(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Iúil 2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála[2],
– ag féachaint dá rún an 14 Márta 2019 maidir le cothromaíocht inscne in ainmniúcháin ghnóthaí eacnamaíocha agus airgeadaíochta AE[3],,
– ag féachaint dá rún an 16 Eanáir 2020 maidir le hinstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta: coinbhleachtaí leasa fostaíochta iarphoiblí a chosc[4],
– ag féachaint do Riail 131 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0151/2020),
A. de bhrí gur mhol Bord Maoirseoirí an Údaráis Eorpaigh um Urrúis agus Margaí, an 27 Lúnasa 2020, tar éis nós imeachta oscailte roghnúcháin, Nicoletta Giusto a cheapadh ina comhalta neamhspleách ar Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha, i gcomhréir le hAirteagal 24a(5) de Rialachán (AE) Uimh. 648/2012;
B. de bhrí go raibh éisteacht ag an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta le Nicoletta Giusto an 2 Meán Fómhair 2020, ar éisteacht í ina ndearna sí ráiteas tosaigh agus inar fhreagair sí ceisteanna ó chomhaltaí an Choiste ina dhiaidh sin;
1. ag formheas cheapadh Nicoletta Giusto mar chomhalta neamhspleách de Choiste Maoirseachta na gContrapháirtithe Lárnacha san Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí;
2. á threorú dá hUachtarán an cinneadh seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, chuig an Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí agus chuig rialtais na mBallstát.
NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Ceapadh Comhalta Neamhspleách den Choiste Maoirseachta do CPLanna |
|||
Tagairtí |
N9-0042/2020 – C9-0277/2020 – 2020/0907(NLE) |
|||
Dáta an chomhairliúcháin / na hiarrata ar thoiliú |
27.8.2020 |
|
|
|
Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
ECON
|
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Irene Tinagli 28.7.2020 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
2.9.2020 |
|
|
|
Dáta an ghlactha |
10.9.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
47 1 5 |
||
Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Jonás Fernández, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Luis Garicano, Sven Giegold, Valentino Grant, Claude Gruffat, José Gusmão, Enikő Győri, Eero Heinäluoma, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Billy Kelleher, Ondřej Kovařík, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Alfred Sant, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Ernest Urtasun, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach |
Damien Carême, Christian Doleschal, Eugen Jurzyca, Chris MacManus, Margarida Marques, Eva Maydell, Pina Picierno, Stéphane Séjourné |
|||
Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Domènec Ruiz Devesa |
|||
Dáta don chur síos |
11.9.2020 |
|||
- [1] IO L 331, 15.12.2010, lch. 84.
- [2] IO L 201, 27.7.2012, lch. 1.
- [3] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2019)0211.
- [4] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0017.