Tuarascáil - A9-0157/2020Tuarascáil
A9-0157/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha

18.9.2020 - (COM(2020)0355 – C9‑0280/2020 – 2020/0163(CNS)) - *

An Coiste um Fhorbairt Réigiúnach
Rapóirtéir: Younous Omarjee
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)

Nós Imeachta : 2020/0163(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0157/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0157/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh cinneadh ón gComhairle maidir le cáin AIEM is infheidhme sna hOileáin Chanáracha

(COM(2020)0355 – C9‑0280/2020 – 2020/0163(CNS))

(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0355),

 ag féachaint d’Airteagal 349 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C9‑0280/2020),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhorbairt Réigiúnach (A9-0157/2020),

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2. á iarraidh ar an gComhairle a chur in iúl don Pharlaimint má tá sé beartaithe aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;

3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;

4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

A. Cúlra dlíthiúil

 

Le hAirteagal 349 CFAE, ceadaítear maoluithe ó rialacha AE sna réigiúin is forimeallaí, chun cúiteamh páirteach a dhénamh ar bhuaine agus cónasc réimse mór srianta a dhéanann difear dá bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta. Tá an togra seo i measc líon áirithe tograí lena gcuirtear bearta sonracha i bhfeidhm i réimse an chánachais ar feadh ré an chéad Chreata Airgeadais Ilbhliantúil eile, i.e. 2021-2027.

 

B. Raon feidhme an mhaolaithe cánach

 

Faoi Airteagal 1 den chinneadh a mholtar, cheadófar díolúintí iomlána nó páirteacha ar earraí a tháirgtear go háitiúil ó ‘Arbitrio sobre las Importaciones y Entregas de Mercancías en las islas Canarias (AIEM)’, ar cáin ar earraí sna hOileáin Chanáracha é. Tá an maolú sin ann ó 2002 i leith, agus tá sé d’aidhm aige an tionscal áitiúil a chúiteamh i bpáirt ar na costais táirgthe mhéadaithe a bhaineann le leithlisiú na n-Oileán Canárach. Ní fhéadfaidh na díolúintí difear níos mó ná 15 % a dhéanamh do phraghas na n-earraí atá i gceist, ná dul thar uasteorainn fhoriomlán bhliantúil de EUR 150 milliún.

 

C. Sainmhíniú ar na hearraí a chumhdaítear

 

Leagtar amach in Iarscríbhinn I catagóirí na n-earraí a fhéadfar a chumhdach leis na díolúintí, trí thagairt a dhéanamh d’ainmníocht an Aontais Eorpaigh. Tá údaráis na Spáinne leis an liosta d’earraí sonracha a tháirgtear go háitiúil a shocrú, áfach, mar aon le leibhéal na díolúine i ngach cás, laistigh de theorainneacha an chinnidh díolúine seo. Leagtar amach in Airteagal 2 na trí chritéar seo a leanas don chinneadh seo: ní mór táirgeadh áitiúil a bheith ann le sciar den mhargadh áitiúil nach lú ná 5 %; ní mór allmhairiúchán suntasach earraí a bheith i gceist a d’fhéadfadh an leanúint den táirgeadh áitiúil a chur i mbaol, le sciar den mhargadh áitiúil de 10 % ar a laghad; agus ní mór costais bhreise táirgthe áitiúil a bheith i gceist a chuireann iomaíocht an táirgthe áitiúil i gcontúirt. Is féidir díolúintí teoranta ó na critéir sin a bheith ann, mar shampla chun slándáil bia agus soláthairtí leighis a áirithiú go háitiúil.

 

D. Tuairisciú

 

Ní mór don Spáinn liosta na n-earraí atá díolmhaithe, agus aon athruithe air sin, a chur ar fáil don Choimisiún i gcomhréir le hAirteagal 3. Leis an gcinneadh seo, cruthaítear oibleagáid ar an Spáinn tuairisc a thabhairt ar chur chun feidhme agus tionchar an mhaolaithe, i ndáil le gach catagóir earraí díolmhaithe, i gcomhréir le hAirteagal 4 agus Iarscríbhinn II.

 

E. Measúnú an Rapóirtéara

 

Measann an Rapóirtéir go bhfuil údar cuí leis an togra seo maidir le na rialacha sonracha cánach agus go bhfuil sé go hiomlán i gcomhréir le hAirteagal 349. Níl baol ann go ndéanfaí an margadh inmheánach a shaobhadh. Dá bhrí sin, molann sé gur cheart don Pharlaimint an cinneadh beartaithe seo a fhormheas gan leasú, faoin nós imeachta simplithe a leagtar amach i Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta.


NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Cáin AIEM sna hOileáin Chanáracha

Tagairtí

COM(2020)0355 – C9-0280/2020 – 2020/0163(CNS)

An dáta a ndearnadh comhairliúchán leis an bParlaimint

31.8.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógartha sa suí iomlánach

REGI

14.9.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógartha sa suí iomlánach

ECON

14.9.2020

PECH

14.9.2020

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

ECON

7.9.2020

PECH

26.8.2020

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Younous Omarjee

11.8.2020

 

 

 

Nós Imeachta simplithe - dáta an chinnidh

7.9.2020

Dáta an ghlactha

7.9.2020

 

 

 

Dáta don chur síos

18.9.2020

 

 

An nuashonrú is déanaí: 29 Meán Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais