Nós Imeachta : 2019/2197(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0160/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0160/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0252

<Date>{18/09/2020}18.9.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0160/2020</NoDocSe>
PDF 251kWORD 95k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>ar chur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála – tuarascáil bhliantúil 2018</Titre>

<DocRef>(2019/2197(INI))</DocRef>


<Commission>{INTA}An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Jörgen Warborn</Depute>

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar chur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála – tuarascáil bhliantúil 2018

(2019/2197(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2019 maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, 1 Eanáir 2018 - 31 Nollaig 2018 (COM(2019)0455),

 ag féachaint don Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin (SWD(2019)0370) an 14 Deireadh Fómhair 2019 atá ag gabháil leis an tuarascáil ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme comhaontuithe saorthrádála, 1 Eanáir 2018 - 31 Nollaig 2018 (COM(2019)0455),

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2015 dar teideal ‘Trádáil do Chách: Faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’,

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Eanáir 2020 dar teideal ‘Clár oibre an Choimisiún do 2020: Aontas níos uaillmhianaí’ (COM(2020)0037),

 ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don Choimisiún Eorpach 2019-2024 dar dáta 16 Iúil 2019,

 ag féachaint dá rún an 30 Bealtaine 2018 ar an tuarascáil bhliantúil maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Tráchtála[1],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640),

 ag féachaint do Theachtaireacht Chomhpháirteach an 8 Aibreán 2020 maidir le Freagairt Dhomhanda an Aontais ar COVID-19 (JOIN/2020/11 final),

 ag féachaint dá rún an 29 Samhain 2018 maidir le EDT: An Bealach Chun Cinn[2],

 ag féachaint do Theachtaireacht Chomhpháirteach an 9 Márta 2020 dar teideal ‘I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic’ (JOIN/2020/4 final),

 ag féachaint do ráiteas comhpháirteach an 25 Eanáir 2019 ón Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) maidir le tráchtáil leictreonach,

 ag féachaint do ráitis Airí Trádála G20 an 30 Márta agus an 14 Bealtaine 2020,

 ag féachaint do ráiteas comhpháirteach SAM-AE an 25 Iúil 2018,

 ag féachaint do ráiteas comhpháirteach an 14 Eanáir 2020 ó Chruinniú Tríthaobhach Airí Trádála na Seapáine, na Stát Aontaithe agus an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin an 20 Nollaig 2019 maidir le cearta maoine intleachtúla a chosaint agus a fhorfheidhmiú i dtríú tíortha (SWD(2019)0452),

 ag féachaint don tuarascáil bhliantúil ón gCoimisiún an 27 Márta 2019 maidir le hionstraimí cosanta trádála (COM(2019)0158),

 ag féachaint don Eorabharaiméadar Speisialta a foilsíodh i mí na Samhna 2019 dar teideal ‘Dearcadh na nEorpach ar Thrádáil agus ar Bheartas Trádála AE’,

 ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach dar teideal ‘AE-an tSín – Ionchas straitéiseach’ arna ghlacadh ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an 12 Márta 2019 (JOIN/2019/5 final),

 ag féachaint don teachtaireacht chomhpháirteach dar teideal ‘An Eoraip agus an Áise a nascadh le chéile – Clocha coirnéil ionsar straitéis de chuid an Aontais Eorpaigh’ arna ghlacadh ag an gCoimisiún agus ag an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí an 19 Meán Fómhair 2018 (JOIN/2018/31 final),

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún an 26 Meitheamh 2019 maidir le bacainní trádála agus infheistíochta,

 ag féachaint dá rún an 18 Bealtaine 2017 maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Saorthrádála idir AE agus Poblacht na Cóiré[3],

 ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 le haghaidh stráitéis nuálach réamhbhreathnaitheach nua maidir le trádáil agus infheistíocht amach anseo[4],

 ag féachaint don rún a ghlac Comhthionól na Náisiún Aontaithe an 25 Meán Fómhair 2015 dar teideal ‘I mbun athraithe: Clár oibre 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe’,

 ag féachaint dá rún an 5 Iúil 2016 maidir le caighdeáin shóisialta agus eacnamaíocha, cearta an duine agus freagracht chorparáideach[5],

 ag féachaint d’Airteagail 2 agus 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE) agus do Chaibidil V, Teideal II den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), chomh maith le hAirteagal 218 CFAE,

 ag féachaint dá rún an 9 Meitheamh 2015, maidir le Straitéis AE le haghaidh comhionannas idir mná agus fir i ndiaidh 2015[6],

 ag féachaint dá rún an 13 Márta 2018 maidir le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála[7],

 ag féachaint don straitéis um chomhionannas inscne de chuid an Choimisiúin dar dáta Márta 2020,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoimisiún maidir le Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife a chuimsíonn an tréimhse 2018-2019[8],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 22 Samhain 2018 dar teideal ‘An Margadh Aonair i ndomhan atá ag athrú – Sócmhainn uathúil a bhfuil tiomantas polaitiúil athnuaite de dhíth uirthi’ (COM(2018)0772),

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0160/2020),

A. de bhrí go bhfuair rún ón bParlaimint an 30 Bealtaine 2018 maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Tráchtála tacaíocht leathan mar gheall ar an gcur chuige i bhfabhar córas trádála riailbhunaithe, luachbhunaithe agus intuartha a bhí molta ann; de bhrí go bhfuil forbairtí nua tarlaithe ó 2018, go sonrach cur chun feidhme chomhaontú trádála AE-Ceanada agus, níos déanaí, na héifeachtaí atá ag paindéim COVID-19 ar an trádáil, agus go bhfágann na forbairtí sin gur gá nuashonrú críochnúil a dhéanamh ar an tuarascáil a bhí ann roimhe seo;

B. de bhrí gurb é an tAontas an chumhacht tráchtála atá ar thús cadhnaíochta ar domhan agus gurb é an bloc trádála is mó é, agus dá réir sin go bhfuil sé ag feidhmiú mar mhórdhreasadóir sa rathúnas eacnamaíoch; de bhrí gurb é an tAontas freisin an trádálaí is mó d’earraí monaraithe agus de sheirbhísí; de bhrí go léiríonn na táscairí is déanaí gur mhéadaigh onnmhairí earraí AE in 2019 go dtí EUR 2 132.3 billiún, arb ionann é sin agus méadú de 3.5 % ar an mbliain roimhe sin; de brí, in ainneoin na ndúshlán domhanda atá faoi láthair ann, gurb iad SAM agus an tSín na príomh-chomhpháirtithe trádála atá ag an Aontas; de bhrí gur mhéadaigh an OTI domhanda níos mó ná 70 % idir 2007 agus 2017; de bhrí, má dhéantar comparáid idir an méadú de 17 % san Aontas leis na figiúirí do thíortha amhail SAM (60 %), an India (80 %) agus an tSín (315 %), gur léir go bhfuil AE ag titim ar gcúl san iniomaitheacht dhomhanda;

C. de bhrí gur fhoilsigh an Coimisiún ar an 14 Deireadh Fómhair 2019 a thríú thuarascáil maidir le cur chun feidhme chomhaontuithe saorthrádála AE (CSTanna), ina léirítear go ndearnadh, in 2018, 33 % d’onnmhairí AE agus 29 % d’allmhairí AE a thrádáil le comhpháirtithe CST; de bhrí, in 2018, go raibh barrachas trádála de EUR 84.6 billiún ag AE le comhpháirtithe CST i gcomparáid lena easnamh trádála foriomlán de EUR 24.6 billiún; de bhrí, de réir tuarascála le déanaí ón gCoimisiún, gur tháinig fás de 16.2 % idir 2016 agus 2018 ar onnmhairí chuig AE ó thíortha i mbéal forbartha ar bhonn fabhar trádála speisialta (FTS), agus go raibh méadú luacha ó EUR 158 mbilliún in 2016 go dtí EUR 183.6 billiún in 2018 ann; de bhrí go meastar go dtiocfadh laghdú a bheidh idir 13 agus 32 % ar an trádáil dhomhanda in 2020 mar gheall ar éifeachtaí COVID-19; de bhrí go meastar go dtiocfaidh meath 9.2 % ar onnmhairiú earraí agus seirbhís seach-AE27 agus meath 8.8 % ar allmhairí seach-AE27, cé go bhfuil CAI ag dréim le laghdú de 7.5 % ar OTI AE;

D. de bhrí gur inniúlacht eisiach de chuid an Aontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, ag an gComhairle agus ag an bParlaimint, é an comhbheartas tráchtála agus go n-éilíonn sé sin go mbeidh an tAontas ar aon ghuth i gcúrsaí trádála agus an Coimisiún ag feidhmiú mar idirbheartaí dó; de bhrí, in 2015, gur ghlac an Coimisiún teachtaireacht dar teideal ‘Trádáil do Chách: Faoi thuairim beartas trádála agus infheistíochta níos freagraí a chothú’, de bhrí gur sheol an Coimisiún athbhreithniú ar an mbeartas trádála a bhfuil sé mar aidhm leis feabhas a chur ar an mbosca uirlisí trádála ag leanúint as géarchéim COVID-19; 

E. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 207 den Chonradh ar Fheidhmiú AE agus in Airteagal 21 den Chonradh ar an Aontas Eorpach go ndéanfar an comhbheartas tráchtála a sheoladh faoi chuimsiú phrionsabail agus chuspóirí ghníomhaíocht sheachtrach an Aontais, lena n-áirítear cearta an duine, daonlathas, smacht reachta agus forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn; de bhrí, i mí na Nollag 2019, gur ghlac an Coimisiún an Comhaontú Glas don Eoraip a fhorálann go mbeidh ar gach gníomhaíocht agus beartas de chuid an Aontais rannchuidiú lena chuspóirí;

F. de bhrí go dtugann beartas trádála agus infheistíochta AE rochtain ar an margadh agus cosaint infheistíochta d’infheisteoirí trí dheimhneacht dhlíthiúil agus trí thimpeallacht chobhsaí, intuartha agus cuí-rialaithe inar féidir leo a gcuid gníomhaíochtaí eacnamaíocha a sheoladh;

G. de bhrí go léiríonn figiúirí ó Eorabharaiméadar le déanaí go gcreideann thart ar 60 % de shaoránaigh AE go dtairbhíonn siad den trádáil idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil cuid den tuairim phoiblí go mór ar an eolas i dtaobh an bheartais trádála agus i dtaobh comhaontuithe trádála; de bhrí go ndeir leath na ndaoine a ceistíodh sa suirbhé gur cheart gur cruthú post san Aontas agus cosaint na gcaighdeán comhshaoil agus sláinte a bheadh mar thosaíochtaí i mbeartas trádála AE; de bhrí go gcaithfidh an Coimisiún agus na Ballstáit leanúint de straitéis chumarsáide chuí ar an mbeartas trádála agus ar chomhaontuithe trádála a fhorbairt, a mbeadh sé mar aidhm léi dul i ngleic le bréagnuacht ar an trádáil agus an méid faisnéise agus is féidir a chraobhscaoileadh, ach fós díriú isteach ar gheallsealbhóirí ar leith agus feasacht na n-oibreoirí eacnamaíocha ar chomhaontuithe trádála a mhúscailt;

H. de bhrí gur cheart don chomhbheartas tráchtála, atá comhdhéanta de comhaontuithe trádála agus de bhearta reachtacha, fónamh don chuspóir go bhfuil timpeallacht trádála atá cobhsaí, intuartha agus cothrom le cruthú inar féidir le gnólachtaí AE bláthú agus ina ndéantar leasanna shaoránaigh AE a dhearbhú agus gur cheart go n-áiritheodh an comhbheartas sin go leanann an tAontas de choimirce a thabhairt dá shamhail sóisialta agus rialála mar atá cheana ann agus fós go mbainfidh sé úsáid as an mbeartas trádála chun a luachanna a chur chun cinn ar fud an domhain; de bhrí gur cheart don Aontas dlús a chur lena iarrachtaí iomaíocht chothrom a chur chun cinn, machaire réidh a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna trádála comhaimseartha; de bhrí go dteastaíonn treoraíocht fhónta ar bheartas trádála an Aontais, mar aon le cur chun feidhme agus faireachán iomlán agus éifeachtach ar an mbeartas sin, a dhéanfar ar bhealach níos cothroime agus ar bhealach níos trédhearcaí chun na cuspóirí sin a chomhall; de bhrí gur cheart go mbeadh comhaontuithe trádála AE ina ndeiseanna don fhás trí rochtain ar an margadh agus trí dheireadh a chur le bacainní trádála; de brí go bhfuil tábhacht bhunúsach leis go ndéanfar caibidlíochtaí a sheoladh de mheon na tairbhe frithpháirtí chun dul i ngleic le cleachtais trádála míchothroma agus chun a chinntiú go gcomhlíonfar rialacha agus caighdeáin AE;

I. de bhrí, an 30 Aibreán 2020, go ndearna AE agus 18 gcomhalta de EDT an ‘Comhshocrú Ilpháirtí maidir le hEadráin Eatramhach Achomhairc’ (MPIA) a fhógairt go foirmiúil do EDT; de bhrí gur leis an bhfógairt sin a chuirtear tús leis an MPIA a chur i bhfeidhm maidir le díospóidí a éiríonn idir comhaltaí rannpháirteacha EDT i bhfianaise leamhsháinn a bheith sa Chomhlacht Achomhairc (CA);

J. de bhrí go raibh an ráig de COVID-19 ina chúis le géarchéim ilghnéitheach ag a bhfuil iarmhairtí fadtéarmacha agus gur nocht sé an easpa athléimneachta atá sna slabhraí luacha domhanda le haghaidh táirgí lárnacha áirithe, lena n-áirítear trealamh agus feistí leighis; de bhrí go bhfuil sé léirithe ag an ngéarchéim go bhfuil gá le slabhraí táirgthe atá níos stóinsithe agus níos athléimní, agus go bhfuil gá freisin ann le hinfheistiú a dhéanamh i réimsí straitéiseacha ar mhaithe le hathléimneacht slabhraí soláthair AE a láidriú; de bhrí go bhfuil sé le tuiscint as tuarascálacha eolaíochtbhunaithe go bhfuil méadú ag teacht ar an mbaol go mbeidh ráigeanna de phaindéimí ann ar fud an domhain chomh maith le feiniméin a bhaineann leis an athrú aeráide a mbeidh tionchar acu araon ar an gcaidreamh idirnáisiúnta; de bhrí go bhfuil airí trádála G20 tiomanta do mhaolú a dhéanamh ar thionchair COVID-19 ar an trádáil agus infheistíocht idirnáisiúnta trí choinneáil orthu ag obair le chéile ar mhaithe le timpeallacht trádála agus infheistíochta atá saor, cothrom, neamh-idirdhealaitheach, trédhearcach, intuartha agus cobhsaí a thabhairt i gcrích agus trínár margaí a choinneáil ar oscailt chun sreabh leanúnach de sholáthairtí agus trealamh riachtanach leighis, de tháirgí ríthábhachtach talmhaíochta agus d’earraí agus seirbhísí bunriachtanacha eile a áirithiú trasna teorainneacha;

K. de bhrí, an 14 Márta 2020, gur ghlac an Coimisiún Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2020/402[9] faoin nós imeachta práinne chun onnmhairiú trealamh cosanta pearsanta (PPE) a chur faoi réir údarú onnmhairiúcháin i gcomhréir le Rialachán (AE) 2015/479, mar bheart sealadach chun cúnamh a thabhairt don Aontas déileáil leis an méadú mór ar éileamh agus chun ullmhú dá acmhainneacht oibríochtúil chun cúnamh a thabhairt do thríú tíortha;

L. de bhrí go bhfuil comhaontuithe cuimsitheacha lena rialaítear caidreamh trádála caibidlithe ag AE le beagnach gach ceann de thíortha Mheiriceá Laidineach agus Chairib, seachas an Bholaiv, Cúba agus Veiniséala;

M. de bhrí go ndearna an Pharlaimint, in 2015[10], a chur i bhfáth go raibh gá le peirspictíocht inscne i mbeartas trádála idirnáisiúnta AE agus, in 2018[11], go raibh gá le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála; de bhrí go bhfuil 36 milliún post in AE, ar mná atá in 13.7 milliún díobh, ag brath ar onnmhairí chuig tír lasmuigh den Aontas; de bhrí go bhfuil mná tearc-ionadaithe go mór sa trádáil seach-AE sna hearnálacha talmhaíochta agus monaraíochta; de bhrí nach bhfuil ach ceann as gach cúig cinn de chuideachtaí onnmhairiúcháin san Aontas á stiúradh ag bean (i.e. úinéireacht agus/nó bainistiú) agus gur mná iad 30 % nó níos lú d’iomlán an fhórsa saothair san earnáil onnmhairiúcháin;

N. de bhrí go ndéanann go leor tíortha taraifí a fhorchur ar fheistí leighis, lena n-áirítear monatóirí, trealamh diagnóiseach agus cógais choitianta amhail antaibheathaigh, pianmhúcháin nó inslin, agus go ndéanann mórán gach aon tír taraifí allmhairiúcháin a ghearradh ar ghallúnach; de bhrí go bhfuil taraifí méadaithe tuilleadh mar gheall ar chinneadh na Stát Aontaithe dleachtanna breise a fhorchur ar luach USD 370 billiún d’allmhairithe ón tSín a bhfuil gnéithe áirithe de PPE ar áireamh ansin;

O. de bhrí go bhfuil sé le tuiscint as tuarascálacha eolaíochtbhunaithe go bhfuil méadú ag teacht ar an mbaol go mbeidh ráigeanna de phaindéimí ann ar fud an domhain chomh maith le feiniméin a bhaineann leis an athrú aeráide a mbeidh tionchar acu araon ar an gcaidreamh idirnáisiúnta, agus gurb é an tátal atá le baint as sin ná go bhfuil ár samhlacha eacnamaíocha le hathchóiriú go mór, go sonrach i gcomhréir le comhaontú aeráide Pháras;

An Comhthéacs Domhanda

1. á thabhairt dá haire go bhfuil gnéithe suntasacha den chomhthéacs domhanda ag athrú agus gur léir anois nach féidir iad a thuar, le teannas ag tarlú le dhá bhliain anuas; á athdhearbhú go dtugann sí a tacaíocht do chóras trádála iltaobhach atá oscailte, saor, riailbhunaithe, intuartha agus cothrom agus gur córas é sin a chaithfear a choimirciú agus a chur chun cinn; á chur in iúl, in ainneoin cúrsaí eacnamaíochta a bheith dian ar fud an domhain, gur thaifead AE barrachas de EUR 84.6 billiún (in 2018) i dtrádáil earraí lena chomhpháirtithe i gcomhaontú trádála, i gcomparáid le heasnamh trádála foriomlán de thart ar EUR 24.6 billiún leis an gcuid eile den domhan; á mheabhrú go bhfuil os cionn 36 milliún post ann a fhaigheann tacaíocht ó onnmhairithe chuig tíortha lasmuigh den Aontas;

2.   á thabhairt dá haire ón uair a ghlac an Coimisiún a straitéis trádála is déanaí in 2015, dar teideal ‘Trádáil do Chách’, go bhfuil roinnt comhaontuithe trádála nua tugtha i gcrích ag AE agus go bhfuil sé ag tosú ar iad a chur i bhfeidhm, go sonrach Comhaontú Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála AE-Ceanada (CETA), an Comhaontú Comhpháirtíochta Eacnamaíche idir an tAontas agus an tSeapáin (EPA), agus Comhaontuithe Saorthrádála AE-Singeapór agus AE-Vítneam (CSTanna);

3.  á áitiú go gcaithfidh straitéis trádála AE leanúint de leasanna agus luachanna an Aontais a chur chun cinn nuair a théitear i ngleic le dúshláin nua ar fud an domhain agus go gcaithfidh sí iomaíochas thionscal AE a mhéadú chomh maith le fás eacnamaíoch a ghiniúint i gcomhréir le cuspóirí an Chomhaontuithe Ghlais den Eoraip; á mheas, dá bhrí sin, gurb é an bealach is fearr chun an tAontas a dhéanamh níos iomaithí i ndomhan domhandaithe ná trí chlár oibre uaillmhianach iltaobhach, iolrathaobhach agus déthaobhach, trí comhaontuithe trádála atá cothrom agus tairbhiúil don dá pháirtí a thabhairt i gcrích, trí cómhalartacht daingean a áirithiú agus trí urraim a léiriú d’ardleibhéal noirm agus chaighdeáin na hEorpa in earnálacha íogaire, i gcearta an duine agus i gcosaint éifeachtach dóibh sin, chomh maith le trí dheireadh a chur le bacainní trádála nach bhfuil bonn cirt leo agus trí úsáid a bhaint as uirlisí cosanta trádála nuair is gá;

4.  á chur i bhfáth go bhfuil ár gcaidreamh leis an dá ollchumhacht trádála eile, an tSín agus SAM, a sheasann do thart ar 30% dár malartuithe trádála, ríthábhachtach a mhéid a bhaineann le beartas trádála AE a bhrú ar aghaidh; á áitiú, áfach, gur cheart don Aontas a chaidreamh le codanna eile den domhan a threisiú, éagsúlú agus feabhsúchán a dhéanamh ina chaidreamh trádála leis na comhpháirtithe go léir, lena n-áirítear tíortha i mbéal forbartha agus tíortha is lú forbairt, agus oibriú ionsar ord domhanda ilpholach; á chur in iúl go láidir go gcaithfear róspleáchas gheilleagar AE ar shlabhraí soláthair de líon beag mór-chomhpháirtithe trádála a sheachaint; 

5. á chur i bhfáth go bhfuil gá ann le feabhas a chur ar mhalartú faisnéise idir na Ballstáit; á iarraidh go ndéanfar malartú breise ar dhea-chleachtais, bíodh sin idir na Ballstáit agus idir na Ballstáit agus an Coimisiún, d’fhonn sineirgí a bhaint amach agus feabhas a chur ar thorthaí; ina leith sin, á chur i bhfáth freisin go gcaithfear feabhas a chur ar straitéisí measúnaithe ar chomhaontuithe, agus á mheas gur cheart don Choimisiún measúnú tionchair níos fearr a áirithiú do gach aon chomhaontú trádála agus gur comhlachtaí neamhspleácha a dhéanfaidh é sin agus do ndéanfaidh siad luath go maith é;

6. á chur in iúl gur geal léi an trédhearcacht sa bheartas trádála; á chur in iúl gur geal léi an cinneadh a rinne an Chomhairle an sainordú le haghaidh na gcaibidlíochtaí ar Chomhaontuithe um Chomhpháirtíocht Eacnamaíoch le réigiúin ACC a fhoilsiú an 19 Nollaig 2019; á chur in iúl gur díol sásaimh di na hiarrachtaí a rinne an Coimisiún nua le gairid an Pharlaimint a chur ar an eolas níos rialta faoin gcaoi a bhfuil cúrsaí sna caibidlíochtaí reatha agus, ar an gcaoi sin, go bhfuil obair an Choimisiúin níos trédhearcaí, amhail tuarascálacha mionsonraithe a chur ar fáil faoi na coistí speisialaithe a cuireadh ar bun faoi CETA agus an comhaontú leis an gCóiré Theas;

7. á chur i bhfáth go gcaithfidh an Coimisiún agus na Ballstáit oibriú ar straitéis chumarsáide feabhsaithe i ndáil leis na tairbhí atá ag bearta trádála AE agus feasacht a mhúscailt chun an tsochaí agus geallsealbhóirí a rannpháirtiú go héifeachtach; á mheabhrú go dtugann treochláir deis don Choimisiún chun na cúiseanna atá le tionscnamh ar leith, mar aon lena chuspóirí, a chur in iúl agus a mhíniú agus gur deis freisin iad le dul i gcomhairle leis an tsochaí agus le geallsealbhóirí agus aiseolas a fháil uathu; á mheas gur cheart don Choimisiún trédhearcacht iomlán na dtreochlár agus aon ghníomhaíochtaí comhairliúcháin eile a áirithiú chun go ndéanfar a dtionchar a uasmhéadú agus chun go ráthófar rannpháirtíocht na ngeallsealbhóirí;

8. á chur in iúl gur oth léi an tionchar tromchúiseach a bhí ag víreas COVID-19 agus an dianghlasáil a lean é ar na geilleagair a mhéid a bhaineann le trádáil dhomhanda, agus laghdú tagtha ar allmhairithe isteach in agus onnmhairithe amach as AE agus gur cuireadh isteach agus go stopadh slabhraí luacha mar thoradh air sin; á thabhairt chun suntais go gcaithfidh AE foghlaim ón bpaindéim reatha chun go laghdófar íogaireacht an Aontais, go háirithe i gcás earnálacha straitéiseacha áirithe; á chreidiúint go gcaithfidh AE agus a Bhallstáit gníomhú go tapa chun úsáid a bhaint as an mbeartas trádála mar uirlis a chumasóidh téarnamh an gheilleagair dhomhanda agus a mhaolóidh an cúlú eacnamaíoch; á chur in iúl go gcreideann sí go láidir go gcaithfidh AE feabhas a chur ar a uathriail straitéiseach oscailte, agus fós trádáil riailbhunaithe a áirithiú ag tráth géarchéime, agus go gcaithfidh sé bearta a sheachaint a dhéanfaidh cúngú agus/nó saobhadh ar thrádáil, agus ar an gcaoi chéanna go dtabharfaidh sé dúshlán aon bhearta den sórt sin a thiocfaidh ó thríú tíortha, agus go ndéileálfar go sonrach leis na nithe seo léir san Athbhreithniú ar an mBeartas Trádála;

9. á iarraidh go ndéanfar dul chun cinn ar na caibidlíochtaí atá ar siúl faoi láthair, agus go háirithe go ndéanfar athstruchtúrú ar na caibidlíochtaí sin le súil agus comhaontú iolrathaobhach maidir le saorchúrsaíocht trealaimh leighis a thabhairt i gcrích go mear; ag tathant go láidir ar gach tír a bheith páirteach i gComhaontú um Dhíchur Taraife Cógaisíochta na hEagraíochta Domhanda Trádála (Nialas le Nialas) agus á chreidiúint gur cheart a raon feidhme a leathnú chuig gach táirge cógaisíochta agus íocshláinte chun trádáil trasteorann ar fud an domhain a áirithiú; á iarraidh ar chomhaltaí EDT tosaíocht a dhéanamh den topaic seo ar chlár oibre an Chéad Chruinnithe Aireachta eile de EDT, ós rud é go mbreathnaítear ar chomhaontuithe trádála mar bhealach chun cabhrú le cuideachtaí a gcuid foinsí a éagsúlú;

10. á chur i bhfáth go gcaithfidh AE sreabha trádála oscailte agus slabhraí luacha domhanda inbhuanaithe a áirithiú agus go gcaithfidh sé dá bhrí sin staonadh ó shrianta onnmhairithe a chur ar earraí amhail PPE, ar earraí iad sin a bhfuil AE ag brath ar comhpháirtithe trádála i dtríú tíortha lena n-aghaidh; ag tathant ar na Ballstáit sin a bhfuil srian curtha acu ar shreabh earraí criticiúla ar an margadh inmheánach a gcuid srianta onnmhairiúcháin a ardú láithreach agus á iarraidh ar an gCoimisiún teacht anuas chomh dian agus is féidir ar na sáruithe sin ar rialacha an mhargaidh aonair; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcaithfidh AE measúnú cúramach a dhéanamh ar na hearnálacha criticiúla agus ar na híogaireachtaí sa tsochaí ina gcaithfidh an tAontas a sholáthar táirgí a dhaingniú, agus go sainaithneoidh sé na hearnálacha agus na híogaireachtaí sin, agus go nach mór leighis éifeachtacha agus cionmhara a lorg sa bheartas trádála;

11. á chur in iúl go bhfuil aiféala uirthi faoi na caillteanais eacnamaíocha mar thoradh ar shuaitheadh na trádála idirnáisiúnta agus na slabhraí luacha domhanda mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a bhféadfadh tionchar an-ghéar a bheith aici ar thíortha i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtacóidh a fhorálacha trádála le tíortha atá i mbéal forbartha le rochtain ar chógais agus ar threalamh leighis;

12. á thabhairt chun suntais gur gá cabhrú le táirgeoirí tuaithe agus cósta iad féin a chur in oiriúint do na dálaí géarchéime sa mhargadh atá ag eascairt as ráig COVID-19 agus straitéisí meara oiriúnaithe agus athléimneachta a cheapadh i leith an choróinvíris chun leibhéil ioncaim chothaithe a choinneáil, agus bainistiú inbhuanaithe éiceachóras talmhaíochta, foraoise, mara agus ard-bhithéagsúlachta a áirithiú ag an am céanna;

EDT agus comhar iolrathaobhach

13. á chur i bhfáth go bhfuil uair na cinniúna buailte linn maidir le hiltaobhachas atá oscailte, cothrom, cothromúil, inbhuanaithe agus bunaithe ar luachanna a chur chun cinn, agus leis an gcóras trádála domhanda a chothú; á chur in iúl gur oth léi go mór an tsáinn ina bhfuil EDT agus a n-éilítear bearta gníomhacha agus gealltanais ó chomhaltaí uile EDT ina leith; á athdhearbhú go bhfuil sí tiomanta do chosaint an chórais trádála iltaobhaigh riailbhunaithe; 

14. ag cur béim ar an ríthábhacht pholaitiúil agus eacnamaíoch a bhaineann leis an gcóras iltaobhach agus á iarraidh ar na comhpháirtithe trádála idirnáisiúnta oibriú i dtreo córas dea-fheidhmiúil um réiteach díospóidí in EDT a bhaint amach, agus athchóiriú uaillmhianach faoi stiúir an Aontais a bhrú ar aghaidh; ag tathant ar an gCoimisiún, ina leith sin, caibidlíocht a dhéanamh ar rialacha nua chun comhrac in aghaidh feiniméin a dhéanann trádáil a shaobhadh agus a bhaineann le beartais agus cleachtais neamh-mhargaidh, le fiontair faoi úinéireacht stáit (SOEnna) agus le fóirdheontais thionsclaíocha, agus as a dtagann ró-acmhainneacht, beartais maidir le haistriú éigeantach teicneolaíochta agus goid maoine intleachtúla; ag spreagadh chomhaltaí EDT chun teacht ar chomhaontú uaillmhianach agus cothromúil maidir le saincheist sheanbhunaithe na bhfóirdheontas iascaigh le linn na comhdhála aireachta a thionólfar in 2021, agus chun comhartha soiléir a thabhairt go bhfuil EDT in ann i gcónaí an fheidhm chaibidlíochta atá leis a chur i gcrích;

15. á chur in iúl gur geal léi an comhshocrú ilpháirtí maidir le headráin eatramhach achomhairc (MPIA), ar córas nua é lena gcuirfear ar a chumas don Aontas, in éineacht le comhaltaí rannpháirteacha eile de chuid EDT, teacht slán as an dúsháinn ina bhfuil Comhlacht Achomhairc EDT, agus lena dtabharfar cead do na comhaltaí rannpháirteacha córas feidhmiúil dhá chéim um réiteach díospóidí in EDT a chaomhnú i gcás ina mbeadh ann do dhíospóidí eatarthu;

16. ag tabhairt dá haire go ndearnadh dul chun cinn le linn na gcaibidlíochtaí earnála agus iolrathaobhacha atá ar siúl faoi láthair, go háirithe maidir le rialáil intíre ar sheirbhísí, ar ríomhthráchtáil agus ar éascú infheistíochta; á chur i bhfios go láidir go bhfuil na caibidlíochtaí earnála sin bunaithe ar theachtaireachtaí comhpháirteacha agus gur cheart iad a dhéanamh d’fhonn teacht ar chomhdhearcadh trasghearrtha idir na rannpháirtithe ar fad;

17. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn a rinneadh ar chaibidlíochtaí maidir leis an gCúirt Iltaobhach Infheistíochta (CII); ag tabhairt dá haire go bhfuil an Córas Idirnáisiúnta Cúirte (ICS) beartaithe mar chéim i dtreo CII; á chur in iúl gur oth léi an dul chun cinn thar a bheith mall atá déanta ag Ballstáit maidir le deireadh a chur le conarthaí déthaobhacha infheistíochta (BITanna) laistigh den Aontas, agus ag tathant ar an gCoimisiún gníomhaíocht a dhéanamh i gcás inarb iomchuí;

18. á chur in iúl go dtacaíonn sí go láidir leis an gcomhar tríthaobhach atá faoi lán seoil idir an tAontas, SAM agus an tSeapáin maidir le cleachtais a dhéanann saobhadh ar mhargadh ar fud a domhain a theorannú; á chur in iúl gur geal léi, maidir leis an méid sin, ráiteas comhpháirteach an 14 Eanáir 2020 maidir le fóirdheontais thionsclaíocha;

Stáit Aontaithe Mheiriceá

19. á chur in iúl gur oth léi go mór an t-athrú suntasach treo atá tagtha ar bheartas trádála na Stát Aontaithe le trí bliana anuas, agus gur cúis bhuartha di an méadú atá tagtha ar bhearta trádála aontaobhacha agus ardú na mbeart caomhaithneach, lena n-áirítear cinntí a rinne Roinn Tráchtála SAM tuilleadh imscrúduithe faoi roinn 232 a sheoladh; á chur in iúl gur oth léi an fógra oifigiúil a thug SAM ar an 4 Samhain 2019 maidir lena tharraingt siar ó Chomhaontú Pháras, agus á mheabhrú gur cheart do chomhbheartas tráchtála an Aontais a bheith ina rannchuidiú le réadú an chomhaontaithe sin a chur chun cinn; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach na cainteanna idir an tAontas agus SAM a sheoladh arís chun fadhbanna atá fós gan réiteach, lena n-áirítear díospóidí, a fhuascailt; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach talmhaíocht a choinneáil amach as raon feidhme na gcaibidlíochtaí agus go bhfuil sé tábhachtach, freisin, faireachán cuí a dhéanamh ar earnáil an iascaigh agus cosaint a thabhairt di;

20. á mheabhrú gur cheart don Aontas leanúint de bheith ag obair mar chomhpáirtí le SAM agus gur mór dó teacht ar réitigh leis maidir le saincheisteanna trádála lena ngabhann leas coiteann agus maidir le bagairtí agus imreas trádála, lena n-áirítear cur i bhfeidhm dlíthe seach-chríochacha arna nglacadh ag SAM agus atá contrártha don dlí idirnáisiúnta; á chur i bhfáth gur cheart don Aontas leanúint de pháirt a ghlacadh in iarrachtaí chun iontaoibh fhrithpháirteach agus dlúthchaidreamh trádála a chur ar bun arís agus, san am céanna, a áirithiú go ndéantar caighdeáin Eorpacha a urramú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhféadfaí comhaontú teoranta trádála le SAM a mheas mar chéim thábhachtach chun cinn;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún teagmháil a dhéanamh lena chuid piaraí i SAM chun bealaí a aimsiú leis an teannas trádála trasatlantach a mhaolú, lena n-áirítear réitigh chaibidlithe a lorg le SAM maidir le saincheist na bhfóirdheontas d’aerárthaigh shibhialta, go háirithe maidir leis an díospóid atá ar siúl faoi láthair idir Airbus agus Boeing, agus chun teacht ar shocrú chun deireadh a chur le forchur mídhleathach taraifí ar chruach agus ar alúmanam ag SAM, agus le frith-fhóirdheontais mhídhleathacha agus bearta frithdhumpála mídhleathacha ar tháirgí agraibhia, lena n-áirítear iad siúd ar ológa aibí; ag tathant ar an gCoimisiún cur lena chuid iarrachtaí ar mhaithe le freagairt chomhordaithe aontaithe ón Aontas; á chur in iúl gur geal léi na caibidlíochtaí idir an tAontas agus SAM maidir le glacadh frithpháirteach na dtorthaí ar an measúnú comhréireachta; ag spreagadh an Choimisiúin chun dlús a chur leis an gcomhar i réimsí eile comhleasa, amhail caighdeáin agus bacainní eile neamhtharaife, chun trádáil a dhéanamh níos fusa, chun bacainní maorlathais a laghdú agus chun costais a laghdú go mór;

22. á chur in iúl gur oth léi go bhfuil an rialtas atá ann faoi láthair ag smaoineamh ar tharraingt siar ón gComhaontú Ginearálta um Sholáthar; ag tathant ar an rialtas leanúint de bheith ina pháirtí sa chomhaontú sin;

An tSín

23. ag tabhairt dá haire go bhfuil deiseanna le fáil i margadh na Síne mar gheall ar a mhéid agus an chaoi a bhfuil sé ag fás, agus gurb í an tSín an dara comhpháirtí trádála is mó dá bhfuil ag an Aontas, ach gur ann d’iomaí bacainn ar ghnólachtaí de chuid an Aontais a mhéid a bhaineann le rochtain a fháil ar an margadh sin agus le hoibriú ann, i ngeall ar chineál gheilleagar na Síne, eadhon go mbíonn sé á threorú agus á fhóirdheonú ag an stát agus gur geilleagar é ina mbíonn rochtain eisiach nó cheannasach ar an margadh ag gnólachtaí faoi úinéireacht an stáit; ag cáineadh bearta idirdhealaitheacha den uile chineál atá os comhair cuideachtaí den chuid an Aontais sa tSín; á mheas gur mhó na deiseanna agus an nuálaíocht a bheadh ann ach iomaíocht chóir a bheith ar bun idir an tAontas agus an tSín, agus á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán leanúnach a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí seasta idirdhealaithe agus oibriú le húdaráis na Síne chun deireadh a chur leis na gníomhaíochtaí agus na bacainní sin; ag tabhairt dá haire go ndearna an tSín an gearán dá cuid i gcoinne an Aontais in EDT maidir le cóir an gheilleagair neamh-mhargaidh i bhfrithdhumpáil a tharraingt siar i mí na Bealtaine 2019; á chur in iúl gur geal léi an toradh a bhí ar an gcás um réiteach díospóide idir an tAontas agus an tSín, lenar cuireadh deireadh le stádas na Síne mar gheilleagar margaidh, i gcomhréir le seasamh na Parlaiminte ó mhí na Bealtaine 2016[12];

24. á chur in iúl gur geal léi go ndearnadh na caibidlíochtaí le haghaidh Comhaontú maidir le Tásca Geografacha idir an tAontas Eorpach agus an tSín a thabhairt i gcrích ar an 6 Samhain 2019, agus gur céim dhearfach chun cinn é an méid sin maidir le táirgí de chuid an Aontais lena ngabhann tásc geografach (GI) a chosaint sa tSín, agus á iarraidh go ndéanfaí an comhaontú sin a dhaingniú gan mhoill, agus go ndéanfaí reachtaíocht a nuashonrú agus go dtabharfaí faoi fhorfheidhmiú ar bhealach níos láidre; á áitiú nach bhféadfar an Comhaontú sin maidir le Tásca Geografacha idir an tAontas agus an tSín a shárú le comhaontú trádála chéim 1 idir SAM agus an tSín; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an staid maidir le rochtain ar an margadh do tháirgí na hEorpa agus an comhaontú sin á chur chun feidhme; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dar leis an tuarascáil is déanaí ar chosaint agus forfheidhmiú cearta maoine intleachtúla (CMInna), go bhfuil baint ag earraí de thionscnamh na Síne le corradh le 80 % de na hearraí góchumtha agus bradacha a urghabhtar, agus gurbh amhlaidh a bhí in 2018 agus in 2019. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint ar uirlisí breise lena bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin agus lena bhféadfaí cosaint iomlán a thabhairt do CMInna;

25. ag spreagadh an Choimisiúin chun caibidlíochtaí a thabhairt i gcrích maidir le comhaontú uaillmhianach infheistíochta leis an tSín, ina mbeidh caibidil éifeachtach i ndáil le Trádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (TSD) agus lena gcuirfear deireadh leis na bacainní ar fad ar oscailteacht an mhargaidh sa tSín; ag súil leis go dtabharfar na caibidlíochtaí i gcrích faoi dheireadh 2020, mar a comhaontaíodh ag an gCruinniú Mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tSín in 2019; á chreidiúint go daingean, mar sin féin, gur cheart tús áite a thabhairt do shubstaint an chomhaontaithe thar an luas faoina dtabharfar i gcrích é;

26. á chur in iúl gur cúis uafáis di an tuarascáil de chuid Institiúid um Bheartas Straitéiseach na hAstráile a eisíodh i mí na Feabhra 2020 agus ina bhfuil fianaise ar dhúshaothrú a bheith á dhéanamh ar oibrithe Uigiúracha i monarchana sa tSín, lena n-áirítear i monarchana atá i slabhraí luacha cuideachtaí de chuid an Aontais; á chur in iúl gur cúis mhór bhuartha di an tionchar a thuairiscítear a bheith ag an tionscnamh ‘Crios Amháin, Bóthar Amháin’ ar chearta an duine sa tSín agus sa Phacastáin; á iarraidh ar an gCoimisiún leas a bhaint as gach modh dá bhfuil ar fáil chun deireadh a chur le dúshaothrú na n-Uigiúrach; á iarraidh ar chuideachtaí na hEorpa éirí as bheith bainteach, i bhfoirm ar bith, leis an sárú atá á dhéanamh ag an tSín ar chearta an duine; á áitiú go gcaithfear saothar éignithe na n-Uigiúrach a eisiamh ó shlabhraí soláthair na dtáirgí a allmhairítear isteach sa mhargadh aonair;

Comhpháirtíocht nua leis an Afraic

27. á chur in iúl gur geal léi an Teachtaireacht Chomhpháirteach le haghaidh Straitéis chuimsitheach idir an tAontas Eorpach agus an Afraic; á iarraidh ar an Aontas teagmháil níos mó a dhéanamh le tíortha na hAfraice chun comhpháirtíocht éifeachtach stóinsithe a chruthú, i gcomhréir leis na gnéithe sin de Chlár Oibre 2063 um Straitéis Forbartha don Afraic a bhaineann le trádáil, lena ndéanfaí forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe, fás agus slándáil bia ar mhór-roinn na hAfraice a chur chun cinn; á chur i bhfáth go léirítear sna figiúirí ón tuarascáil a eisíodh le déanaí, an 10 Feabhra 2020, ar Scéim na bhFabhar Ginearálaithe Taraife (GSP) agus ina gcumhdaítear tréimhse 2018-2019, go bhfuil ag méadú ar ráta úsáide na bhfabhar ag na tíortha a dtéann an scéim chun tairbhe dóibh; á iarraidh ar an gCoimisiún an tacaíocht theicniúil agus eacnamaíoch a thugann sé a mhéadú trí bhearta ‘cúnamh don trádáil’ idir an tAontas agus tíortha na hAfraice agus freisin idir tíortha na hAfraice; ag tabhairt dá haire, i ndáil leis sin, gur cheart cúnamh don trádáil a chur i gcroílár an chaidrimh trádála leis an Afraic tar éis ghéarchéim COVID-19;

28. á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn atá déanta ar mhaithe le Limistéar Saorthrádála Mhór-roinn na hAfraice (ACFTA) a chur chun feidhme, arb é is aidhm leis margadh aonair mór-roinne le haghaidh earraí agus seirbhísí a chruthú, ina mbeidh saorghluaiseacht daoine agus infheistíochta; á chur in iúl gur geal léi tacaíocht an Aontais chun Faireachlann Trádála an Aontais Afracaigh a chur ar bun; á iarraidh go leanfadh an tAontas de thacú le ACFTA, i gcomhréir leis an gComhghuaillíocht idir an Afraic agus an Eoraip le haghaidh Infheistíocht agus Poist Inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfaí na comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche (CCEnna) reatha a chur chun feidhme go cuí agus a dhoimhniú, agus é mar aidhm leis sin borradh a chur faoin trádáil agus faoin infheistíocht; á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm CCE le haghaidh Oirthear agus Dheisceart na hAfraice (ESA) agus CCE le haghaidh Chomhphobal Forbraíochta Dheisceart na hAfraice (SADC), chomh maith le teacht i bhfeidhm CCEnna eatramhacha le Gána agus leis an gCósta Eabhair, agus á chur in iúl gur oth léi an easpa dul chun cinn maidir le CCEnna réigiúnacha atá fágtha a dhaingniú; á chur in iúl go dtacaíonn sí leis an bhfís a leagadh amach in aitheasc 2018 ar Staid an Aontais maidir le comhaontú trádála idir an dá mhór-roinn, arb é ba cheart a bheith ann comhpháirtíocht eacnamaíoch idir páirtithe comhionanna lena gcruthófaí tairbhí frithpháirteacha agus a d’fhónfadh chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna) a thabhairt chun cinn agus tacaíocht a thabhairt d’fhorbairt slabhraí luacha áitiúla agus réigiúnacha iomaíocha agus d’fhorbairt córas cánach athléimneach;

29. á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí comhfhaireachán ar CCEnna, le tacaíocht ó chomhpháirtithe áitiúla agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún mionanailís a dhéanamh ar CCEnna atá ann faoi láthair ar ábhair amhail geilleagair áitiúla, margaí saothair, cailliúint bithéagsúlachta, dífhoraoisiú agus grabáil talún chun a chinneadh an bhfuil gá le hathruithe;

Tíortha i mbéal forbartha

30. ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir leis an trádáil a bheith tábhachtach mar uirlis chun SDGanna a bhaint amach trí chabhrú leis an mbochtaineacht a laghdú; á thabhairt chun suntais, chuige sin, gur gá díriú ar CSTanna a théann chun tairbhe don dá thaobh, ar éagsúlú onnmhairiúcháin, ar bhreis luacha, agus ar mhicrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFBManna); á chur i bhfios go bhfuil an tAontas tiomanta do bheartas tráchtála láidir, éifeachtach agus inchreidte a bheidh mar bhonn do chóras tráchtála atá cothrom, oscailte, riailbhunaithe, iltaobhach agus cuimsitheach, ar córas é ina dtabharfar cothrom na Féinne ar mhaithe le gach tír, agus atá riachtanach chun tíortha atá i mbéal forbartha a chomhtháthú tuilleadh i slabhraí luacha domhanda; á mheabhrú gur cheart do bheartas trádála agus forbartha an Aontais cur le comhtháthú réigiúnach agus le tíortha atá i mbéal forbartha a ionchorprú agus a mhéadú laistigh de shlabhraí luacha domhanda;

31. á thabhairt chun suntais gurb iad na tíortha i mbéal forbartha is mó a ndéanann feiniméan na himghabhála cánach difear dóibh, rud a fhágann nach mbíonn na billiúin euro in ioncam poiblí gach bliain; á iarraidh go n-áireofaí i gcomhaontuithe trádála le tíortha atá i mbéal forbartha forálacha chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne sreafaí aindleathacha airgeadais agus imghabháil cánach ó chorparáidí agus ó chuideachtaí ilnáisiúnta, agus é mar aidhm leis sin a áirithiú go n-íocfar cánacha san áit ina gcruthófar brabúis agus fíorluach eacnamaíoch, agus deireadh a chur le creimeadh an bhoinn agus le haistriú brabúis;

An tSeapáin, Singeapór agus Vítneam

32. á chur in iúl gur geal léi gur tháinig CST idir an tAontas agus an tSeapáin i bhfeidhm ar an 1 Feabhra 2019, agus ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, dar leis na chéad eilimintí a tugadh bliain amháin tar éis a chur chun feidhme[13], gur tháinig méadú 6.6 % ar onnmhairiúcháin chun na Seapáine le hais na tréimhse céanna sa bhliain roimhe sin;

33. á chur in iúl gur geal léi teacht i bhfeidhm chomhaontú trádála an 21 Samhain 2019 idir an tAontas agus Singeapór; á chur in iúl gur geal léi an dul chun cinn ar mhaithe leis an gcomhaontú idir an tAontas agus Vítneam a chur chun feidhme, á iarraidh go leanfaí den dul chun cinn gasta, go háirithe maidir le hinstitiúidí comhpháirteacha a bhunú agus le daingniú a dhéanamh ar na coinbhinsiúin agus gealltanais lárnacha de chuid na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) atá idir chamáin maidir le saincheisteanna chearta an duine, agus ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú, i gcomhar leis an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS), go ndéanfar iad a fhorfheidhmiú go nithiúil; á iarraidh ar na Ballstáit dul ar aghaidh le daingniú an Chomhaontaithe Cosanta Infheistíochta idir an tAontas agus Vítneam (EVIPA), chun gur féidir leis teacht i bhfeidhm a luaithe is féidir, in éineacht leis an gComhaontú Saorthrádála idir an tAontas agus Vítneam (EVFTA); ag tabhairt dá haire go ndearna an tAontas earraí arbh ionann agus EUR 13.8 billiún a luach a onnmhairiú chuig Vítneam in 2018, agus á chur i bhfios gurb amhlaidh, a bhuí leis na comhaontuithe saorthrádála (CSTanna) agus na comhaontuithe cosanta infheistíochta (CCInna) riailbhunaithe, go ndéanfar intuarthacht agus an smacht reachta a áirithiú d’infheisteoirí, agus freisin go dtiocfaidh méadú dearfach ar onnmhairiúcháin sa dá threo agus go gcruthófar cobhsaíocht agus iontaoibh do FBManna; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur céim iad na comhaontuithe sin i dtreo CST a thabhairt i gcrích le réigiún Chomhlachas Náisiúin na hÁise Thoir Theas ina iomláine;

34. á chur i bhfáth go ndéanann na trí chomhaontú thuas dinimic straitéiseach an Aontais Eorpaigh a chomhdhlúthú i limistéar fíorthábhachtach den domhan a bhfuil sé mar shainthréith ann go bhfuil an daonra agus ioncaim ag fás go tapa agus ina bhfuil deiseanna móra dár gcuid oibreoirí; á mheas, thairis sin, go bhféadfadh an tAontas, de bhua a láithreachta treisithe, rogha ar fhorlámhas na Síne sa limistéar a thabhairt;

Meiriceá Laidineach agus Muir Chairib 

35. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé treisiú le trádáil a théann chun tairbhe don dá thaobh agus leis an gcaidreamh polaitiúil le Meiriceá Laidineach; á mheabhrú go mbíonn an tAontas Eorpach agus Meiriceá Laidineach i ndlúthchomhar le chéile bunaithe ar na naisc stairiúla, chultúrtha agus eacnamaíocha atá eatarthu, agus gurb é réigiún Mheiriceá Laidinigh agus Mhuir Chairib an cúigiú comhpháirtí trádála is mó dá bhfuil ag an Aontas; á chreidiúint gur den bhunriachtanas é an tAontas a bheith i láthair sa réigiún i dtéarmaí comhar a fheabhsú bunaithe ar chomhluachanna agus freisin i dtéarmaí a bheith mar ardán ar a saothrófar beartas gníomhaíochta seachtraí an Aontais, go háirithe i dtéarmaí treisiú leis an gcóras trádála iltaobhach riailbhunaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar a bhfuil ar intinn aige a mhéid a bhaineann le comhaontuithe trádála agus comhaontuithe comhlachais amach anseo maidir leis an tsaincheist i ndáil le deighilt an téacs;

36. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an nuachóiriú a tugadh i gcrích le déanaí ar an gcomhaontú comhlachais idir an tAontas agus Meicsiceo agus comhaontú comhlachais Mercosur a tugadh i gcrích le déanaí, ar comhaontuithe iad a bhfuil sé d’acmhainn acu ár gcomhpháirtíocht straitéiseach le Meiriceá Laidineach a dhoimhniú, deiseanna breise a chruthú inár gcaidreamh trádála leis na tíortha sin, agus cabhrú le slabhraí soláthair a éagsúlú do gheilleagar na hEorpa; á mheas go bhfuil an comhaontú comhlachais idir an tAontas agus Mercosur ar an socrú is mó den chineál sin idir dhá bhloc agus go bhfuil sé d’acmhainn aige limistéar margaidh oscailte lena gcuimseofaí tuairim agus 800 milliún saoránach agus a rachadh chun tairbhe don dá thaobh; á chur i bhfios gurb amhlaidh, ar aon dul le gach comhaontú trádála de chuid an Aontais, go gcaithfear iomaíocht chóir a áirithiú leis an gcomhaontú sin agus go gcaithfear a ráthú leis go n-urramaítear caighdeáin agus modhanna táirgthe Eorpacha,  á chur i bhfios go gcaithfear an chaibidil cheangailteach maidir le forbairt inbhuanaithe sa chomhaontú a chur i bhfeidhm, a chur chun feidhme agus a mheasúnú ina hiomláine, mar aon le gealltanais shonracha i leith cearta saothair agus chosaint an chomhshaoil, lena n-áirítear comhaontú Pháras maidir leis an gcomhshaol agus na rialacha cur chun feidhme ábhartha a chur chun feidhme; 

37. á chreidiúint go diongbháilte go bhfónfaidh an nuachóiriú ar an gcomhaontú comhlachais leis an tSile chun borradh eile a chur faoi láithreacht an Aontais sa réigiún máguaird agus go mbeidh sé ina chuidiú le clár oibre le haghaidh trádáil idirnáisiúnta a chur chun cinn bunaithe ar fhorbairt inbhuanaithe, ar chosaint níos láidre do chaighdeáin chomhshaoil agus saothair, agus ar urramú chearta an duine; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar na prionsabail sin a chomhlíonadh sna caibidlíochtaí atá ar siúl faoi láthair agus go bhféadfar teacht ar chomhaontú go tráthúil;

Caibidlíochtaí CST atá ar siúl faoi láthair

38. á iarraidh go saothrófaí clár oibre uaillmhianach a mhéid a bhaineann le CSTanna a chaibidliú, go háirithe leis an Astráil agus leis an Nua-Shéalainn, an Túinéis, Maracó agus an Indinéis, agus i gcomhréir leis an gComhaontú Glas, agus aird á tabhairt ar chineál íogair táirgí talmhaíochta áirithe, amhail mairteoil, caoireoil, táirgí déiríochta agus torthaí; á iarraidh an athuair go gcuirfí tús go pras leis an gcaibidlíocht leis an Téaváin, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tús a chur le cleachtadh scóipe;

39. ag glacadh cur chuige pragmatach maidir le saincheist an chaidrimh trádála leis an Ríocht Aontaithe, ar caidreamh é ba cheart a bheith cuimsitheach agus uaillmhianach agus a mbeadh taraifí nialais agus cuótaí nialais mar aidhm leis, agus ba cheart é a bhunú ar na prionsabail maidir le trádáil, infheistíocht agus iomaíochas a leagtar amach ina moladh an 18 Meitheamh 2020 maidir leis an gcaibidlíocht le haghaidh comhpháirtíocht nua le Ríocht Aontaithe na Breataine Móra agus Thuaisceart Éireann[14]; ag tabhairt dá haire go luaitear i nDearbhú Polaitiúil an 17 Deireadh Fómhair 2019, arna thacú ag an Ríocht Aontaithe, go mbeidh forálacha lena n-áirithítear cothrom na Féinne le haghaidh iomaíocht oscailte agus chóir ina mbonn taca faoin gcomhpháirtíocht eacnamaíoch a bheidh ann amach anseo, go háirithe mura rud é go dtiocfar ar chomhaontú faoi dheireadh 2020; á chur in iúl go bhfuil Ballstáit an Aontais ina nglan-onnmhaireoirí chuig an Ríocht Aontaithe agus go gcaithfear ábhar tosaíochta a dhéanamh de go dtiocfar ar réiteach a shásóidh an dá pháirtí, agus é mar aidhm leis sin urraim agus cosaint do leasanna onnmhaireoirí agus infheisteoirí an Aontais a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún iomaíochas a fheabhsú do chuideachtaí agus FBManna an Aontais;

40. ag spreagadh an Choimisiúin chun breith ar an bhfaill atá ann mar thoradh ar imeacht na Ríochta Aontaithe chun cuíchóiriú a dhéanamh ar bheartais an Aontais, chun an maorlathas a laghdú agus chun iomaíochas a fheabhsú do chuideachtaí agus FBManna an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart é a bheith mar aidhm le CST leis an Ríocht Aontaithe lamháil don rochtain is dlúithe is féidir ar an margadh agus d’éascú trádála, chun suaití trádála a íoslaghdú agus chun cothrom na Féinne a áirithiú;

Cur chun feidhme CSTanna

41. ag aithint an toraidh a tíolacadh i dtuarascáil an Choimisiúin maidir le comhaontuithe saorthrádála (CSTanna) a chur chun feidhme, go háirithe leis an gCóiré Theas, le Meiriceá Láir/Meiriceá Laidineach, le Ceanada agus le comhpháirtithe an Oirthir; á chur i bhfáth gurb é an teist shoiléir atá ar chomhaontuithe trádála an Aontais, i bhformhór na gcásanna, go ndéanann siad an príomhchuspóir atá leo a bhaint amach, is é sin deiseanna suntasacha a chruthú d’onnmhaireoirí an Aontais ar mhargaí trádála tríú tír; á chur i bhfáth, áfach, go dtugann meastacháin an Choimisiúin le fios go bhfuil ag méadú ar an tionchar diúltach atá ag bacainní trádála agus infheistíochta mar gheall ar threocht na caomhnaitheachta; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint de mheasúnú tionchair ex post a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag comhaontuithe trádála ar ár ngeilleagar, lena n-áirítear measúnú tionchair ex post ar inbhuanaitheacht;

42. ag spreagadh an Choimisiúin chun bealaí a chuardach go leanúnach chun feabhas a chur ar an gcaidreamh trádála agus chun an lánpháirtíocht eacnamaíoch le tíortha Chomhpháirtíocht an Oirthir a dhoimhniú tuilleadh, go háirithe i gcás na dtrí thír chomhlachaithe

43. ag meabhrú na bhforbairtí dearfacha maidir leis Comhaontú Trádála AE-Cheanada (CETA); ag tabhairt dá haire, le linn a chéad bhliana féilire iomláine dá chur chun feidhme, gur tháinig fás 10.3% ar thrádáil dhéthaobhach earraí, lena n-áirítear táirgí agraibhia, i gcomparáid leis an meán sna trí bliana roimhe sin; á mheabhrú gur tháinig ardú 60 % ar bharrachas trádála AE le Ceanada agus gur chruthaigh sé sin deiseanna breise dár n-onnmhaireoirí; á mheabhrú freisin, ó tháinig an comhaontú i bhfeidhm go sealadach, go bhfuil comhpháirtíocht láidir cruthaithe ag an dá pháirtí trí mholtaí tábhachtacha a chur i dtionlacan an téacs bunaidh maidir le trádáil, gníomhú ar son na haeráide agus comhaontú Pháras, trádáil agus inscne, agus FMBanna, agus á mheas gur cruthúnas an méid sin ar an dinimic a bhaineann le comhaontú trádála a chur chun feidhme; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí níos déanaí a bhaineann le honnmhairí ag FMBanna AE agus inbhuanaitheacht fhoriomlán an chomhaontaithe a tharchur chuig an bParlaimint; a mheabhrú a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme agus obair leantach ar an gcaibidil TSD a neartú;

44. á athdhearbhú gur cúis bhuartha di ráta íseal úsáide fabhar maidir le honnmhairí AE arna dtuairisciú ag roinnt de chomhpháirtithe fabhracha AE, rud a léiríonn na buntáistí teoranta a bhaineann le straitéis an déthaobhachais trádála d’oibreoirí eacnamaíocha beaga; ag tabhairt dá haire, go háirithe, go bhfuil éagsúlacht mhór ann in úsáid na bhfabhar maidir le honnmhairí an Aontais chuig comhpháirtithe trádála éagsúla agus nach bhfuil mórán éagsúlachta ann in úsáid na bhfabhar maidir le hallmhairí AE ó chomhpháirtithe trádála éagsúla; á iarraidh ar an gCoimisiún tuilleadh anailíse a dhéanamh ar úsáid fabhar agus uirlisí nuálacha nua agus ar réitigh phraiticiúla a cheapadh; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rialacha tionscnamh solúbtha, cuíchóirithe agus neamhchasta i ndáil leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, an obair ionsar straitéisí cur chun cinn trádála agus cumarsáide níos éifeachtaí a chuíchóiriú agus leas a bhaint acmhainneacht iomlán Thoscaireachtaí AE ar fud an domhain;

45. á chur in bhfios gur minic saobhadh sna sreafaí trádála ag éirí as an líon mór bacainní tráchtála agus neamhthráchtála agus as na héagsúlachtaí reatha i leibhéal agus cáilíocht na rialuithe, na nósanna imeachta custaim agus na mbeartas smachtbhannaí ag pointí iontrála AE isteach san Aontas Custaim, agus go gcuireann an méid sin sláine an mhargaidh aonair Eorpaigh i mbaol; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, aghaidh a thabhairt ar an tsaincheist sin chun a áirithiú go mbeidh cuideachtaí in ann dul in iomaíocht go cothrom ar mhachaire comhréidh;

46. á chur i bhfios go láidir go bhfuil cosaint tásc geografach ar cheann de phointí ionsaitheacha an Aontais sa chaibidlíocht trádála, agus á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go gcomhlíonfadh comhpháirtithe AE na forálacha lena mbaineann; á iarraidh ar an gCoimisiún comhlíonadh níos fearr na bhforálacha a áirithiú i gcomhaontuithe trádála atá ann cheana agus iontu sin a bheidh ann amach anseo;

47. á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint go sonrach ar éifeachtaí carnacha CSTanna AE ar shraonadh trádála, maidir le AE agus maidir lena thíortha comhpháirtíochta, agus na torthaí a chur i gcomparáid leis na measúnuithe tionchair aonair agus leis na figiúirí iarbhír;

48. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé ról a thabhairt do na parlaimintí náisiúnta, don tsochaí shibhialta agus d’earnáil phríobháideach gach páirtí i gcaibidlíocht trádála go háirithe; á iarraidh go mbeadh níos mó rannpháirtíochta agus comhairliúcháin ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an tsochaí shibhialta i gcaibidlíocht agus i gcur chun feidhme comhaontuithe trádála, go háirithe laistigh de shainchúram na ngrúpaí comhairleacha baile, a bhféadfaí a ról faireacháin a leathnú go dtí gach cuid de chomhaontuithe trádála, agus gan é a theorannú do chaibidlí TSD amháin;

Trádáil agus forbairt inbhuanaithe

49. ag meabhrú a seasaimh a cuireadh in iúl ina tuarascáil roimhe seo maidir le cur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála; á chur i bhfios go láidir gur bunús maith le machnamh é plean gníomhaíochta 15 phointe an 27 Feabhra 2018 a leagtar amach le seirbhísí an Choimisiúin chun cur chun feidhme na caibidle TSD a fheabhsú; á chur i bhfios go bhfuil clásail maidir le cearta an duine agus caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe sna comhaontuithe nuaghlúine, ar comhaontuithe iad atá le cur chun feidhme go cuimsitheach agus ina n-iomláine chun urramú chearta an duine, luachanna an Aontais agus ardchaighdeáin saothair, shóisialta agus chomhshaoil a choimirciú agus a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire go bhfuil meastóireacht ar na caibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe sa tuarascáil ón gCoimisiún ar chun feidhme CSTanna, agus á iarraidh go ndéanfar na forálacha TSD atá ann cheana a chur chun feidhme go tráthúil; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht bheacht agus shonrach a fhorbairt le haghaidh meastóireacht agus cur chun feidhme na gcaibidlí sin, ós rud é nach féidir meastóireacht den sórt sin a dhéanamh ar bhonn sonraí cainníochtúla amháin; á iarraidh ar an gCoimisiún tograí a thíolacadh maidir le conas forfheidhmiú na caibidle maidir le forbairt inbhuanaithe a neartú i gcomhaontuithe trádála;

50. ag tabhairt dá haire gur sheol AS JUST sa Choimisiúin tionscnamh maidir le dícheall cuí éigeantach do chuideachtaí, lena n-áirítear a bhreathnú i gcomhaontuithe trádála AE, chomh maith le sásra lena n-áirithítear cur chun feidhme éifeachtach; á chur i bhfios gur cheart a áirithiú leis an togra maidir le dícheall cuí éigeantach nach gcuirfear ualach breise ar FBManna Eorpacha ná nach ndéanfar na n-iomaíochas a laghdú leis na bearta sin;

51. ag athdhearbhú a hiarrata ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta ar bhealach cuiditheach le haghaidh conradh de chuid na Náisiún Áintaithe a bheidh ceangailteach ó thaobh dlí maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i ndáil le cearta an duine, agus é mar aidhm acu rochtain ar cheartas a áirithiú d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine agus iad a chumasú sásamh a lorg;

52. á chur in iúl gur geall léi an tionscnamh ón gCoimisiún le haghaidh Margadh Glas don Eorpach, agus á chur i bhfios go láidir gur cheart tacú go gníomhach leis trí bhíthin straitéis trádála AE atá cothromaithe ó thaobh na héiceolaíochta, an gheilleagair agus na sochaí de; á chur in iúl gur geall léi gealltanas an Choimisiúin ‘clásal riachtanach’ i gcomhaontuithe trádála a dhéanamh de chomhlíonadh chomhaontú Pháras maidir leis an athrú aeráide;

53. á thabhairt faoi deara go rannchuidíonn an cur chuige reatha cheana le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna maidir le neamhchomhlíonadh oibleagáidí; á iarraidh ar an Coimisiún, áfach, a bheith níos airí agus rudaí a fhoghlaim ón taithí a fuair sé roimhe seo mar a fheictear i mbunú painéil arna iarraidh sin do AE faoi CST AE-na Cóiré, tar éis mhainneachtain na Cóiré Theas coinbhinsiúin na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair (EIS) i dtaca le cearta oibrithe a dhaingniú, go háirithe maidir le saoirse comhlachais agus comhlachais agus cómhargáil;

54. á mheabhrú gur éirigh le luathiarrachtaí an Choimisiúin agus na Parlaiminte sa chaibidlíocht trádála le Meicsiceo agus le Vítneam daingniú Choinbhinsiún 98 EIS i dtaca leis an gceart eagrúcháin agus an chómhargáil ag an dá tír i mí na Samhna 2018 agus i mí an Mheithimh 2019 faoi seach a spreagadh. ag tréaslú leis an dá thír as céim chomh tábhachtach sin a thabhairt; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn a dhéantar maidir le cur chun feidhme coinbhinsiún eile de chuid EIS, agus an coiste idirpharlaiminteach mar a comhaontaíodh faoi EVFTA a chur ar bun gan mhoill, agus aird ar leith á tabhairt ar an toirmeasc ar shaothar leanaí;  á chur in iúl gur saoth léi an fíoras nach bhfuil Coinbhinsiúin 87 agus 105 EIS maidir le Saoirse Comhlachais agus Saothar Éigeantach daingnithe ag Vitneam; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar an staid agus comhairliúcháin le rialtas Vítneam a iarraidh i gcás ina mainníonn sé iarrachtaí leanúnacha agus seasta a dhéanamh i dtreo a ndaingnithe, mar a fhoráiltear sa chomhaontú;

55. á mheabhrú gur gá plean gníomhaíochta éifeachtach a bheith ann chun an sprioc maidir le neamhfhulaingt ar shaothar leanaí in CSTanna a chur chun feidhme, trí chomhpháirtíocht láidir a thógáil le ENRanna agus le húdaráis náisiúnta chun roghanna malartacha láidre sóisialta agus eacnamaíocha a fhorbairt do theaghlaigh agus d’oibrithe, i gcomhréir le gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi bheartas forbartha AE;

56. á chreidiúint gur cheart go mbeadh caibidlí TSD i gcomhaontuithe ar cheann de na spreagthóirí do ghné sheachtrach an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh aon sásra nua coigeartaithe carbóin comhoiriúnach le rialacha ETD agus le CSTanna AE; á chur i bhfáth nár cheart cuideachtaí AE a chur faoi mhíbhuntáiste san iomaíocht;

57. ag tabhairt dá haire gur cheart beartas trádála agus infheistíochta AE a úsáid mar ghiaráil i dtreo bhainistiú freagrach ar shlabhraí soláthair, rud lena n-áirítear a áirithiú go ndéanfaidh gnólachtaí cearta an duine, cearta saothair agus caighdeáin chomhshaoil a chosaint agus go mbeifear in ann ceartas a rochtain; ag tabhairt dá haire bhfuil gealltanais tugtha ag an gCoimisiún go dtíolacfaidh sé togra reachtach faoi 2021;

58. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar coinníollacha chearta an duine atá nasctha le fabhair thrádála aontaobhacha amhail GSP nó GSP+ a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéanfar faireachán éifeachtach orthu; á chur i bhfáth gur cheart go gcuideodh beartas trádála AE le trádáil neamhdhleathach, dífhoraoisiú agus díghrádú foraoisí a chomhrac;

59. á mheas gur cheart an ghné trádála de COP15 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch a chur san áireamh go hiomlán; ag meabhrú a rúin an 16 Eanáir 2020 maidir leis an gcúigiú cruinniú dhéag de Chomhdháil na bPáirtithe (COP15) a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch[15], á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i dteagmháil go gníomhach le tríú tíortha, go háirithe trína n-ionstraimí gníomhaíochta seachtraí, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (NDICI), chun spriocanna a chur chun cinn agus a leagan síos maidir le cosaint na bithéagsúlachta, bearta caomhnaithe agus athchóirithe agus rialachas, chomh maith le bearta i gcoinne neamhchomhlíonadh; dá thoradh sin, á iarraidh ar an gCoimisiún caibidlí in-fhorfheidhmithe TSD a chur san áireamh i ngach comhaontú trádála a bheidh ann amach anseo;

60. á éileamh, i dteannta ghnáthchoinbhinsiúin bhunúsacha EIS, gur cheart do AE á thathant ar a chomhpháirtithe eacnamaíocha Coinbhinsiúin189 maidir le foréigean agus ciapadh, 156 maidir le hoibrithe a bhfuil freagrachtaí teaghlaigh orthu 190 maidir le foréigean agus ciapadh a dhaingniú agus a chur chun feidhme;

Leasanna trádála AE a chosaint

61. á mheabhrú nach mór ról ríthábhachtach a bheith inár straitéis trádála ag na hiarrachtaí chun trádáil riailbhunaithe a choimeád, agus, sa chomhthéacs sin, á chur in iúl gur geall léi gur glacadh an pacáiste nuachóirithe maidir le hionstraimí cosanta trádála in 2018, agus gur glacadh an sásra scagtha nua um infheistíocht dhíreach choigríche (IDC); á chur i bhfios go láidir go bhfuil an sásra scagtha sin dírithe ar chomhar agus ar shrianta a d‘fhéadfadh a bheith ann maidir le hinfheistíochtaí coigríche in earnálacha straitéiseacha d’fhonn an tAontas agus na Ballstáit a chosaint; á iarraidh ar an gCoimisiún forfheidhmiú éifeachtach ionstraim cosanta trádála (TDInna) a áirithiú ionas go ndéanfar tionscal Eorpach a chosaint ar chleachtais éagóracha mhargaidh, agus chun meastóireacht agus neartú a dhéanamh ar na hionstraimí coimirce chun iad a dhéanamh níos freagrúla i leith imthosca neamhghnácha agus iad a oirniú níos fearr chun tionscal Eorpach a threisiú trí ghníomhú go héifeachtach in oirchill suaitheadh ar an margadh ó shreabhadh trádála; á chur i bhfáth go bhfuil gá le scagadh agus comhar láidir i gcomhthéacs an ré i ndiaidh COVID-19, ar comhthéacs é ina bhféadaí brú a chur ar roinnt d’earnálacha straitéiseacha an Aontais; a chur i bhfáth, áfach, nár cheart riamh an sásra scagtha IDC nua a úsáid mar bheart cosantach; á chur in iúl gur geall léi an Páipéar Bán maidir le fóirdheontais eachtracha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a chur chun cinn de réir mar is iomchuí dá mba rud é go léireofaí nach bhfuil na huirlisí atá ann faoi láthair leordhóthanach;

 

62. ag tabhairt dá haire go bhfuil méadú ollmhór ag teacht faoi láthair ar allmhairí cruach ón tSin agus ó thríú tíortha eile, rud a chuireann isteach go mór ar thionscal na hEorpa agus a chuireann líon mór post i mbaol; á thabhairt chun suntais gur gá a áireamh sa phróiseas athbhreithnithe ar na bearta coimirce atá ann faoi láthair maidir le hallmhairiú táirgí cruach laghdú a dhéanamh ar na cuótaí atá ann cheana i gcomhréir leis na ró-acmhainneachtaí a allmhairítear, agus deireadh a chur leis an bhféidearthacht cuótaí nár úsáideadh a aistriú;

63. á chur in iúl gur geall léi an fógra ón gCoimisiún maidir le ceapachán Príomhoifigigh Fhorfheidhmithe Trádála (CTEO) go luath in 2020 chun faireachán agus feabhsú a dhéanamh ar chomhlíonadh chomhaontuithe trádála AE; ag tabhairt dá haire gur cheart rialacha faoi chomhaontuithe trádála AE a fhorfheidhmiú mar is ceart chun a n-éifeachtacht a áirithiú agus chun aghaidh a thabhairt ar shaobhadh ar an margadh; á chur i bhfios go láidir gur gá an post nuachruthaithe sin a bheith dírithe ar chur chun feidhme agus forfheidhmiú ár gcomhaontuithe trádála, agus ar sháruithe ar rochtain ar an margadh agus ar thrádáil agus ar ghealltanais maidir le forbairt inbhuanaithe; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach amháin gur cheart don CTEO faireachán agus forfheidhmiú a dhéanamh ar oibleagáidí comhshaoil agus cosanta saothair faoi chomhaontuithe trádála AE le tríú tíortha, ach gur cheart dó díriú freisin ar chur chun feidhme gach caibidle i gcomhaontuithe trádála chun a ráthú go mbainfear leas iomlán as na hoibleagáidí sin; á iarraidh ar an gCoimisiún an ról sin a shoiléiriú tuilleadh;

64. á iarraidh ar an gComhairle comhaontú tapa agus mear maidir leis an Ionstraim um Sholáthar Idirnáisiúnta a áirithiú, chun slándáil dhlíthiúil, cómhalartacht agus machaire comhréidh a chur ar fáil d’oibreoirí AE; á iarraidh go n-áireofaí catalóg dhomhanda de tháirgí cúraim sláinte éigeandála riachtanacha, chun mí-úsáid amach anseo ag soláthraithe tríú tír sa trádáil idirnáisiúnta le linn paindéim dhomhanda a sheachaint; ag tabhairt dá haire gurb iad margaí soláthair phoiblí an Aontais na margaí is oscailte ar domhan agus nach bhfuil ach rochtain an-teoranta ag tríú tíortha áirithe ar na margaí sin; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cómhalartacht agus comhthairbhe a chur chun cinn i réimse na rochtana ar mhargaí agus an tsoláthair phoiblí, chun tairbhe do chuideachtaí AE;

65. ag cur béim ar an bhfíoras gur gá sásraí scagtha infheistíochtaí leordhóthanacha a bheith i bhfeidhm i ngach Ballstát chun cosaint a thabhairt i gcoinne rioscaí a bhaineann le slándáil agus ord poiblí; á mholadh do na Ballstáit nach bhfuil sásraí scagtha acu go fóill réitigh shealadacha a chur ar bun, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tacú go gníomhach leis na hiarrachtaí sin;

66. á chur i bhfios go láidir go bhféadfadh infheistíocht dhíreach choigríche isteach in AE agus sealbhú cúraim sláinte agus príomhbhonneagair ag infheisteoirí coigríche dochar a dhéanamh d’iarrachtaí AE aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 san Eoraip; á chur in iúl gur geall léi, i ndáil leis sin, an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le Treoir a thabhairt do na Ballstáit sula ndéanfar an Rialachán maidir le Scagadh IDC a chur i bhfeidhm; ag tathant ar na Ballstáit sin nach bhfuil sásra scagtha bunaithe acu go fóill déanamh amhlaidh go práinneach; á iarraidh freisin ar na Ballstáit ar fad na huirlisí uile atá ar fáil a úsáid chun a áirithiú go mbeidh sásraí éifeachtacha i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh ar infheistíocht fhéideartha agus ar éadálacha maidir le bagairtí ar bhonneagar sláinte criticiúil in AE, agus bearta maolaithe nó sriantacha a dhéanamh de réir mar is gá;

67. á athdhearbhú gur gá machaire comhréidh a chur ar bun idir tionscail Eorpacha a chuireann caighdeáin uaillmhianacha aeráide, chomhshaoil, éiceolaíocha agus shóisialta chun feidhme, agus na comhpháirtithe trádála sin nach bhfuil na hardchaighdeáin chéanna á saothrú acu; á mheas, dá bhrí sin, go bhfuil géarghá le Sásra um Choigeartú de réir Teorann Carbóin atá comhoiriúnach le EDT lena gcuirfear feabhas ar ghníomhaíocht dhomhanda ar son na haeráide agus lena gcosnófar tionscail na hEorpa ar iomaíocht éagórach;

68. á iarraidh ar cheannairí AE agus ar an gCoimisiún cinntí misniúla a dhéanamh maidir le córas acmhainní dílse AE a athchóiriú, lena n-áirítear ciseán d’acmhainní dílse nua a thabhairt isteach; ag athdhearbhú a seasaimh, mar a leagtar amach sa tuarascáil eatramhach maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI), maidir le liosta na n-iarrthóirí féideartha ar acmhainní dílse nua: comhbhonn comhdhlúite don cháin chorparáide, cánachas ar sheirbhísí digiteacha, cáin ar idirbhearta airgeadais, ioncam ón scéim trádála astaíochtaí, ranníocaíocht plaisteach agus sásra coigeartaithe teorann carbóin atá comhoiriúnach le EDT[16];

69. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an leathnú a dhéantar go leanúnach trí bhíthin chomhaontuithe infheistíochta ar shásraí eadrána idir infheisteoirí agus stáit; á mheabhrú go bhfuil córais chomhthreomhara bhreithiúnacha den sórt sin ceaptha chun bheith fabhrach do leasanna corparáideacha agus cearta corparáideacha, ach ní do dhualgais agus freagrachtaí na gcuideachta, agus gur féidir leo spás beartais na stát agus a gceart dlisteanach rialaithe a chur i mbaol; ag cáineadh an fhíorais gur thosaigh gnólachtaí dlí ag cur comhairle chun cinn maidir leis an gcaoi a bhféadfadh infheisteoirí coigríche agraí dlí a dhéanamh in eadráin mar thoradh ar bhearta rialtais a bhaineann le COVID-19; á iarraidh go gcuirfear moratóir ar gach éileamh eadrána a bhaineann le bearta atá dírithe ar ghnéithe sláinte, eacnamaíocha agus sóisialta den phaindéim agus ar na héifeachtaí a bhaineann léi;

70. á iarraidh go ndéanfar caibidlíocht a sheoladh an athuair i dtaobh Comhaontú maidir le hEarraí Comhshaoil, agus á iarraidh ar an gCoimisiún modhnuithe aontaobhacha ar na taraifí a chuirtear i bhfeidhm ar ‘earraí glasa’ a mholadh más féidir iad sin a aithint mar nithe a rannchuidíonn le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach;

71. á iarraidh go ndéanfar an ghné sheachtrach de thionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh[17] a uas-scálú maidir le caidreamh AE le tríú tíortha trí chomhar agus idirphlé rialála;

Trádáil seirbhísí agus trádáil dhigiteach

72. á chur in iúl gur geall léi na caibidilíochtaí iolrathaobhacha atá ar siúl faoi láthair maidir le príomhréimsí na trádála i seirbhísí, go háirithe rialáil intíre ar sheirbhísí agus éascú infheistíochta; ag tabhairt dá haire gurb é láithreacht tráchtála a bheith i dtríú tír an modh soláthair ceannasach do sheirbhísí trádála agus don ríomhthráchtáil;

73. á chur i bhfáth gurb é AE an t-onnmhaireoir seirbhísí is mó ar domhan, go mór fada, agus gurb ionann seirbhísí agus thart ar 70% dá OTI; ag leagan béim, go háirithe, ar athléimneacht na trádála i seirbhísí, i gcomórtas le trádáil eile, le linn ghéarchéim COVID-19, agus á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról aici sa téarnamh eacnamaíoch san Eoraip;

74. á chur in bhfios go láidir gur gá iarrachtaí idirnáisiúnta téarnaimh a éascú trí thrádáil oscailte agus chóir, lena n-áirítear trádáil dhigiteach, rud lena n-éilítear moratóir ar dhleachtanna custaim ar tharchuir leictreonacha; ag tacú leis an gComhráiteas ó EDT maidir le Tráchtáil Leictreonach ina moltar rialacha domhanda sa réimse sin; á iarraidh go mbeidh oscailteacht ann chun toradh fónta a bhaint amach chun sreabhadh sonraí thar theorainneacha a éascú agus go ndéanfar aghaidh a thabhairt trí mheáin leictreonacha ar bhacainní gan údar ar thrádáil, i gcomhréir iomlán le dlí AE maidir le príobháideachas agus cosaint sonraí, lena n-áirítear an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí (RGCS), agus go mbainfear úsáid as an tsolúbthacht a chuirtear ar fáil leis na treoracha caibidlíochta; a chur in iúl gur geall léi an fíoras go dtugtar líon an-mhór comhaltaí EDT le chéile leis na caibidlíochtaí sin, agus á iarraidh go ndéanfar iad a choinneáil chomh hoscailte agus chomh cuimsitheach agus is féidir;

FBManna;

75. ag tabhairt dá haire gurb ionann FBManna agus thart ar 30% de luach easpórtála earraí AE agus os cionn 80% d’fhiontair AE uile a mbíonn earraí á n-onnmhairiú acu, agus, ina ainneoin sin, nach bhfuil ach 5% de FMBanna gníomhach ar bhonn idirnáisiúnta, rud a fhágann go bhfuil tromlach mór acu ag brath ar fhuinneamh an mhargaidh inmheánaigh; ag tacú leis an smaoineamh gur cheart caibidil ar leith maidir le FMBanna a bheith ina cuid de gach CST a bheartaítear, mar is amhlaidh atá an cás i gcomhaontú AE-na Seapáine agus sa chomhaontú nuachóirithe le Meicsiceo, agus gur cheart FMBanna a chur san áireamh, agus athbhreithniú á dhéanamh ar CSTanna atá ann cheana; ag tabhairt dá haire go mbíonn ualach ar leith ar FBManna ag baint le bacainní trádála agus le maorlathas; á iarraidh ar an gCoimisiún leanúint dá iarrachtaí tacú le micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide (MFMBanna), ag díriú go sonrach orthu siúd atá faoi stiúir ban agus ar bhearta i leith na MFMBanna sin; á iarraidh ar AE agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar imthosca speisialta MFBManna atá faoi stiúir ban, agus deasca cabhracha onnmhairithe á mbunú acu, leas a bhaint as na féidearthachtaí a chruthaíonn CSTanna, agus seirbhísí, teicneolaíochtaí agus bonneagair (amhail rochtain ar an idirlíon) a neartú, ar nithe iad a bhfuil tábhacht ar leith ag baint leo maidir le cumhachtú eacnamaíoch na mban agus MFBManna atá faoi stiúir ban;

76. á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcomhar leis na Ballstáit, le gnólachtaí agus le geallsealbhóirí, úsáid agus tuiscint rialacha tionscnaimh do FBManna a éascú; á mheabhrú don Choimisiún go bhfuil sé mar chuspóir aige uirlís féinmheasúnaithe tiomnaithe do FBManna maidir le rialacha tionscnaimh a sheoladh ar ardán Access2Market go luath in 2020, chun cuidiú le cuideachtaí measúnú a dhéanamh an féidir le táirge tairbhe a bhaint as fabhair faoi chomhaontú trádalá AE ar leith, chun úsáid fabhar ag FBManna faoi chomhaontuithe trádála AE a éascú, agus ionas, ar deireadh, go mbainfidh FBManna tairbhe iomlán a bhaint as comhaontuithe trádála agus as rochtain ar mhargaí eachtracha, trí fhaisnéis phraiticiúil agus éasca a úsáid faoi bheartas trádála, agus go háirithe faoi CSTanna, a sholáthar; á athdhearbhú a hiarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar éifeachtaí a bheartais trádála ar FBManna, ós rud é go bhfuil ról ríthábhachtach ag FMBanna sa trádáil idirnáisiúnta, á mheabhrú, mar gheall ar a méid agus a gcuid acmhainní teoranta, go ndéanann costais riaracháin agus an maorlathas difear díréireach do FBManna;

Inscne agus trádáil

77. á chur i bhfáth go bhfuil deis ag comhaontuithe saorthrádála an Aontais comhionannas inscne a chur chun cinn agus seasamh eacnamaíoch na mban i dtríú tíortha a neartú, agus á iarraidh ar an gCoimisiún dúshaothrú na mban a chomhrac; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle go molfaidís caibidil ar leith maidir le hinscne a chaibidliú sna comhaontuithe maidir le trádáil agus le comhionannas inscne; ag tacú le leis na moltaí maidir le hinscne agus trádáil arna n-eisiúint ag Comhchoiste AE-Ceanada, lena leagtar amach ardán lenar féidir tuiscint a chur chun cinn maidir leis an gcaoi ar féidir le comhaontuithe trádála cur le comhionannas inscne;

78. á thabhairt dá haire nár áiríodh aon staidreamh sonrach maidir le trádáil agus inscne sna 26 mheasúnú tionchair inbhuanaitheachta a tugadh chun críche i mí an Mheithimh 2017 agus nach soláthraítear aon sonraí i dtuarascáil cur chun feidhme 2018 ach oiread; ag áitiú gur gá tosú ar shonraí atá imdhealaithe ó thaobh inscne de a bhailiú, agus ag dréim leis go mbeidh sonraí cuimsitheacha sa chéad tuarascáil eile maidir le tionchar na gcomhaontuithe saorthrádála i gcomhréir leis an ngealltanas a thug an Coimisiún; á thabhairt chun suntais ina leith sin gur dea-chleachtas é an measúnú inscnebhunaithe arna dhéanamh ag Ceanada agus gur fiú é a chur chun feidhme;

79. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go bhfuil comhdhéanamh na nGrúpaí Comhairleacha Baile (GCBanna) cothrom ó thaobh inscne de agus go mbunófar coiste um Thrádáil agus Inscne faoi gach comhaontú saorthrádála (CST) chun easnaimh a shainaithint agus, mar is amhlaidh i gcás an CST idir Ceanada agus Iosrael, go mbeidh feidhm ag an sásra um réiteach díospóidí maidir le saincheisteanna inscne;

80. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig parlaimintí náisiúnta na mBallstát, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún.

 

 


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

Is í an tuarascáil seo ar chur chun feidhme Chomhbheartas Tráchtála an Aontais Eorpaigh an dara tuarascáil den chineál sin. Sa chéad tuarascáil ar chur chun feidhme, a glacadh an 30 Bealtaine 2018, cumhdaíodh tréimhse ó mhí Dheireadh Fómhair 2015, dáta na straitéise trádála is déanaí ón gCoimisiún dar teideal “Trádáil de Chách”, go dtí mí na Nollag 2017, an dáta ar tugadh an dréacht-tuarascáil chun críche.

 

Ionas nach ndéanfar an uile a athcheapadh ó bhonn, tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart gur nuashonrú ar an gcéad tuarascáil a bheadh sa tuarascáil sin ar bhealach. Má bhíonn seasaimh na Parlaiminte cosúil lena chéile, níor cheart ach na forálacha roimhe seo a mheabhrú sa tuarascáil; de rogha air sin, más rud é go dtiocfadh athrú ar na suíomhanna, nó ar an gcomhthéacs, ba cheart nuashonrú a chur ar fáil.

 

Is í an tuarascáil sin an chéad tuarascáil ar chur chun feidhme maidir le beartas trádála an reachtais nua freisin. Sa chiall sin, beidh a raon feidhme níos leithne ná cur chun feidhme comhaontuithe trádála amháin, agus dá bhrí sin, cuirfidh sé tús le machnamh réamhbhreathnaitheach ar an méid ba cheart a bheith i mbeartas trádála an Aontais i ndomhan atá ag athrú go tapa.

 

Cumhdaítear an tréimhse idir Eanáir 2018 agus Iúil 2020 sa tuarascáil; dhá bhliain, inar dearbhaíodh roinnt treochtaí roimhe seo, nó inar méadaíodh fiú, amhail SAM a tharraingt siar de réir a chéile as an gcóras iltaobhach trádála nó geilleagar na Síne faoi stiúir an Stáit a chomhdhlúthú.

 

Ag an am céanna, cuireadh roinnt gnéithe spreagtha nua leis an bpictiúr, ag tosú leis na figiúirí dearfacha a tháinig ón gcéad dá bhliain de chur chun feidhme an chomhaontaithe trádála idir an tAontas agus Ceanada (CETA) nó ó oscailt sraith de chaibidlíocht ilpháirtithe - ábhar dóchais go ndéanfar an t-iltaobhachas a athbheochan.

 

Ar a bharr sin, tá níos mó i gceist leis an trádáil ná díreach an trádáil féin. Is bealach é chun rathúnas comhpháirteach a ghnóthú agus d’fhéadfadh sé freisin cur leis na naisc pholaitiúla agus chultúrtha, mar a dúirt Uachtarán an Choimisiúin nua, Ursula von der Leyen ina treoirlínte polaitiúla. Dá bhrí sin, is iad comhaontuithe trádála na seifteanna is fearr chun tacú lenár gcomhpháirtithe spriocanna uaillmhianacha comhshaoil an Aontais a bhaint amach, go háirithe trí chaibidlí tiomnaithe agus forbartha inbhuanaithe a ghnóthú.

 

Agus ar deireadh thiar, tá sé an-tábhachtach go mbeadh an tAontas in ann a chuid uirlisí féin a chomhdhlúthú chun dul i ngleic le hiomaíocht éagórach ar bhealach níos fearr, mar a léiríodh nuair a tháinig an tAontas i bhfeidhm i mí an Mheithimh 2018 agus i mí Aibreáin 2019 faoi seach nuair a tháinig ionstraimí nuachóirithe cosanta trádála agus scagthástáil nua infheistíochta coigríche i bhfeidhm.

 


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT (18.6.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta</CommissionInt>


<Titre>ar chur chun feidhme an chomhbheartais tráchtála – tuarascáil bhliantúil 2018</Titre>

<DocRef>(2019/2197(INI))</DocRef>

Rapóirtéir: <Depute>Benoît Biteau

</Depute> 

 

 


 

MOLADH

Iarrann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. ag cur béim ar an bhfíoras nach críoch ann féin í an trádáil ach gur uirlis thábhachtach í chun na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFInna) a bhaint amach, trí chabhrú leis an mbochtaineacht a laghdú, sláinte a fheabhsú agus tacú le hiarrachtaí chun dul i ngleic le díghrádú an chomhshaoil, agus chun luachanna an Aontais chun na críche sin a chur chun cinn; á thabhairt chun suntais ar an ngá atá ann cur leis an gcumas atá ann ó thaobh an tsoláthair de agus leis an mbonneagar trádála i dtíortha atá i mbéal forbartha, agus béim á leagan ar éagsúlú onnmhairiúcháin, ar bhreis luacha agus ar mhicrifhiontair, ar fhiontair bheaga agus mheánmhéide; á mheabhrú di gealltanas an Aontais Eorpaigh maidir le prionsabal an chomhtháthaithe beartas ar mhaithe le forbairt agus do phrionsabal na neamhdhíobhála; á chur i bhfios go bhfuil an tAontas tiomanta do bheartas tráchtála láidir, éifeachtach agus inchreidte a bheidh mar bhonn do chóras iltaobhach tráchtála atá cothrom agus oscailte agus atá bunaithe ar rialacha, ar córas é atá riachtanach chun tíortha atá i mbéal forbartha a chomhtháthú tuilleadh i slabhraí luacha domhanda; chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá straitéisí cúnaimh theicniúil chuige sin;

2. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá forálacha cuimsitheacha, ceangailteacha agus in-fhorfheidhmithe maidir le caighdeáin shóisialta, saothair agus chomhshaoil, go háirithe sna caibidlí de chomhaontuithe saorthrádála (CSTanna) a bhaineann le trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD); á chur i bhfáth, ina theannta sin, a thábhachtaí atá faireachán éifeachtach; á iarraidh go mbainfí úsáid chórasach as measúnuithe tionchair cuimsitheacha ex ante agus ex post maidir le hinbhuanaitheacht trádála;

3. á thabhairt chun suntais nár cheart tionchar diúltach a bheith ag comhaontuithe trádála ar shlándáil an tsoláthair bia i dtíortha i mbéal forbartha; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá a chur ar chumas tíortha atá i mbéal forbartha a gceannas bia a chur i bhfeidhm agus cinneadh a dhéanamh trína modhanna daonlathacha féin conas a dhéanfar a gcórais bhia a chumrú; á iarraidh go mbeadh cur chuige iomlánaíoch ann chuige sin lena gcuimseofar príomh-shaincheisteanna amhail soláthar poiblí, iomaíocht (lena n-áirítear fóirdheontais), agus bacainní sláintíochta agus fíteashláintíochta; á iarraidh, go háirithe, go gcabhródh AE le tíortha atá i mbéal forbartha a dtáirgeadh bia áitiúil a chosaint, tacú le feirmeacha beaga teaghlaigh agus cur leis na moltaí ó Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe (FAO);

4. á thabhairt dá aire, in ainneoin an dul chun cinn atá déanta maidir le comhtháthú beartais ar mhaithe le forbairt ar feadh ré Chomhbheartas Talmhaíochta 2014-2020 (CBT), nach bhfuil aon tionchar ag toirmeasc fóirdheontas onnmhairiúcháin ar an saobhadh eacnamaíoch a eascraíonn ó fhóirdheontais dhíreacha nó indíreacha eile, mar atá i gcás táirgí déiríochta; á iarraidh ar AE tabhairt faoi athbhreithniú ar fhorálacha reatha Chomhaontú 1994 lena mbunaítear an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT); á iarraidh ar AE cúnamh a sholáthar do thíortha atá i mbéal forbartha chun sásraí scagtha infheistíochta dírí coigríche (IDC) a cheapadh;

5. á chur i bhfáth gur cheart go dtacódh Straitéis nua AE-na hAfraice le trádáil chóir agus eiticiúil; á thabhairt chun suntais go leagtar béim i dtuarascáil 2019 ón gCoimisiún dar teideal ‘Cur chun feidhme Comhaontuithe Saorthrádála an 1 Eanáir 2018-31 Nollaig 2018’ (COM(2019)0455) ar dhul chun cinn teoranta maidir le héagsúlú eacnamaíoch tíortha i mbéal forbartha a chumhdaítear le comhaontuithe um chomhpháirtíocht eacnamaíoch (CSTanna); ag tathant ar AE agus a Bhallstáit aitheantas a thabhairt don imní atá curtha in iúl ag tíortha atá i mbéal forbartha i ndáil le CSTanna; ag meabhrú gur cheart do CSTanna tacaíocht éifeachtach a sholáthar do chomhtháthú na margaí réigiúnacha; á thabhairt chun suntais an gá atá ann an staidéar meastóireachta ex post a rinneadh sna chéad 10 mbliana de EPA le CARIFORUM a chur san áireamh agus scrúdú a dhéanamh ar an scóip atá ann le feabhsuithe d’fhonn na naisc leis na tíortha sa réigiún a neartú agus aghaidh á tabhairt ag an am céanna ar dhúshláin nua an 21ú haois, go háirithe an t-athrú aeráide, agus chun na SFInna a chomhlíonadh; á chur i bhfáth, thairis sin, a thábhachtaí atá sé go ndéanfaí comhfhaireachán ar CSTanna le tacaíocht ó chomhpháirtithe áitiúla agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta; á iarraidh ar an gCoimisiún mionanailís a dhéanamh ar CSTanna atá ann faoi láthair ar ábhair amhail geilleagair áitiúla, margaí saothair, cailliúint bithéagsúlachta, dífhoraoisiú agus grabáil talún chun a chinneadh an bhfuil gá le hathruithe;

6. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh páirt ag na parlaimintí náisiúnta, ag an tsochaí shibhialta agus ag an earnáil phríobháideach i ngach páirtí i gcaibidlíocht trádála go háirithe; á iarraidh go mbeadh níos mó rannpháirtíochta agus comhairliúcháin ag na comhpháirtithe sóisialta agus ag an tsochaí shibhialta i gcaibidlíocht agus i gcur chun feidhme comhaontuithe trádála, go háirithe laistigh de shainchúram na ngrúpaí comhairleacha baile, a bhféadfaí a ról faireacháin a leathnú go dtí gach cuid de chomhaontuithe trádála, agus nach mbeadh teoranta do chaibidlí TSD amháin;

7. á chur i bhfáth nach mór do AE slabhraí soláthair domhanda inbhuanaithe a áirithiú; á iarraidh an athuair di creat dlíthiúil AE a bheith bunaithe ar dhícheall cuí corparáideach éigeantach maidir le sáruithe ar chearta an duine i slabhraí soláthair agus rochtain ar cheartas a sholáthar d’íospartaigh; á chreidiúint gur cheart gur oibleagáidí trasearnálacha a bheadh sna hoibleagáidí sin; á chur in iúl gur díol sásaimh di go dtiocfaidh an rialachán maidir le mianraí coinbhleachta i bhfeidhm go luath, agus á iarraidh go ndéanfar dlúthfhaireachán ar a chur chun feidhme, lena n-áirítear trí bhearta tionlacain a chur chun feidhme; á chur i bhfáth gur cloch mhíle shuntasach é an rialachán seo maidir le trédhearcacht agus cuntasacht a ráthú i slabhraí soláthair;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún obair ghníomhach a dhéanamh laistigh de EDT chun rialacha iltaobhacha a chur chun cinn maidir le bainistiú inbhuanaithe slabhraí luacha domhanda, lena n-áirítear dícheall cuí sa slabhra soláthair éigeantach, agus aghaidh a thabhairt ar earnáil an éadaigh mar chéad chéim bunaithe ar threoirlínte ECFE; á iarraidh an athuair di ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i mbun caibidlíochta ar bhealach cuiditheach le haghaidh Conradh na Náisiún Aontaithe maidir le corparáidí trasnáisiúnta agus fiontair ghnó eile i ndáil le cearta an duine, d’fhonn rochtain ar cheartas a áirithiú d’íospartaigh sáruithe ar chearta an duine agus sásamh a lorg;

9. á thabhairt chun suntais gurb iad na tíortha i mbéal forbartha is mó a ndéanann feiniméan na himghabhála cánach difear dóibh, rud a fhágann nach mbíonn na billiúin euro in ioncam poiblí gach bliain; á iarraidh go n-áireofaí i gcomhaontuithe trádála le tíortha atá i mbéal forbartha forálacha chun cabhrú leis an gcomhrac i gcoinne sreafaí aindleathacha airgeadais agus imghabháil cánach ó chorparáidí agus ó chuideachtaí ilnáisiúnta, agus é mar aidhm leis sin a áirithiú go n-íocfar cánacha i gcás ina gcruthófar brabúis agus fíorluach eacnamaíoch agus ina gcuirfear deireadh le creimeadh an bhoinn agus le haistriú brabúis;

10. á mheabhrú di go bhfuil dul chun cinn a dhéanamh sa slabhra luacha domhanda trí éagsúlú eacnamaíoch ar cheann de na dúshláin is mó do thíortha i mbéal forbartha;

11. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an córas iltaobhach mar an modh is éifeachtaí chun cothrom iomaíochta domhanda agus córas cuimsitheach trádála domhanda a bhaint amach ar mhaithe le tíortha atá i mbéal forbartha; á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé EDT a athchóiriú i gcomhréir le SFInna, le Clár Oibre 2030 agus le gealltanais Chomhaontú Pháras;

12. á mheabhrú di, ina theannta sin, gur cheart do bheartas trádála agus forbartha an Aontais cur le comhtháthú réigiúnach agus le tíortha atá i mbéal forbartha a ionchorprú agus a mhéadú laistigh de shlabhraí luacha domhanda; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé beartais trádála a oiriúnú chun tacú leis na hiarrachtaí chun Limistéar Saorthrádála Ilchríochach na hAfraice (AfCFTA) a fhorbairt trí chúnamh airgeadais agus teicniúil;

13. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme chaibidlí TSD in CSTanna bunaithe ar threoir a chuireann grúpaí comhairleacha san Aontas agus sna tíortha comhpháirtíochta faoi seach ar fáil, d’fhonn meastóireacht a dhéanamh ar sheachadadh torthaí atá dírithe ar an bhforbairt trí fhabhair thrádála; ag cur béim ar an bhfíoras gur gá caibidlí TSD a chur in oiriúint do chumas gach tíre, in éineacht le soláthar na n-aistrithe riachtanacha airgeadais agus teicneolaíochta;

14. á chur in iúl gur díol sásaimh di tacaíocht an Aontais d’idirbheartaíocht FTA atá forleathan, cothrom agus tairbheach don dá thaobh d’fhonn cothrom na Féinne a áirithiú; á thabhairt le fios nach mór dul i ngleic go láidir le seachaint cánach, le himghabháil cánach agus le calaois chánach agus gur cheart córais rialacha a chur chun cinn arb é is aidhm dóibh iomaíocht oscailte chóir a chruthú agus a choimirciú;

15. á thabhairt chun suntais gur gá cabhrú le táirgeoirí tuaithe agus cósta iad féin a chur in oiriúint do dhálaí géarchéime sa mhargadh mar gheall ar ráig COVID-19 agus straitéisí meara oiriúnaithe agus athléimneachta a cheapadh don chómhaoiniú chun leibhéil ioncaim chothaithe a choinneáil, agus bainistiú inbhuanaithe éiceachóras talmhaíochta, foraoiseachta, mara agus bithéagsúlachta a áirithiú ag an am céanna;

16. á chur in iúl go bhfuil aiféala air faoi na caillteanais eacnamaíocha mar thoradh ar shuaitheadh na trádála idirnáisiúnta agus na slabhraí soláthair domhanda mar thoradh ar phaindéim COVID-19, a bhféadfadh tionchar an-ghéar a bheith aige ar thíortha i mbéal forbartha; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go dtacóidh a fhorálacha trádála le tíortha atá i mbéal forbartha le rochtain ar chógais agus ar threalamh leighis; á mholadh don Choimisiún oibriú i dtreo níos mó trédhearcachta sna slabhraí soláthair domhanda, go háirithe san earnáil chógaisíochta; ag tacú le comhaontú iltaobhach a thabhairt i gcrích maidir le saorchúrsaíocht trealaimh leighis;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéantar dálaí um chearta an duine atá nasctha le fabhair thrádála aontaobhacha amhail GSP nó GSP+ a chur chun feidhme go héifeachtach agus go ndéantar faireachán orthu;

18. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh beartas trádála an Aontais Eorpaigh ag tacú le cur chun feidhme Chomhaontú Pháras; á thabhairt le fios nach mór comhlíonadh Chomhaontú Pháras a bheith ina fhoráil éigeantach de chuid chomhaontuithe trádála an Aontais; á iarraidh go n-áireofaí sna CSTanna forálacha agus spriocanna sonracha chun na gealltanais a tugadh a bhaint amach, go háirithe maidir le cur chun feidhme na rannchuidithe arna gcinneadh go náisiúnta , maidir le caillteanas agus damáiste a bhaineann le héifeachtaí díobhálacha an athraithe aeráide agus maidir le haistriú teicneolaíochta;

19. á athdhearbhú nach mór do AE agus dá chomhpháirtithe trádála cloí le caighdeáin idirnáisiúnta saothair agus comhshaoil, trádáil neamhdhleathach i speicis fauna agus flora atá faoi bhagairt agus atá i mbaol a chomhrac, dífhoraoisiú agus díghrádú foraoise a chomhrac, agus trádáil a spreagadh a thacaíonn le hiarrachtaí chun dul i ngleic leis an athrú aeráide; á chur in iúl gur díol imní di an nasc idir léirscaoileadh trádála agus dífhoraoisiú agus an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag comhaontuithe nua trádála i ndáil leis sin; á iarraidh ar an gCoimisiún na forálacha a bhaineann le foraoisí atá ceangailteach ó thaobh dlí de a áireamh i ngach comhaontú trádála a bheidh ann amach anseo – idir fho-chomhaontuithe cuimsitheacha agus ábhartha – chomh maith le coimircí lena n-áirithítear a gcur chun feidhme agus lena rachfar i ngleic leis an dífhoraoisiú agus leis an díghrádú foraoise;

20. á chur i bhfáth go ndéanann an méadú leanúnach in astaíochtaí CO2 a bhaineann le hiompar agus le trádáil idirnáisiúnta an bonn a bhaint ó éifeachtacht straitéis an Aontais Eorpaigh um athrú aeráide; den tuairim go bhfuil cás láidir ann, mar gheall ar chostais aeráide CSTanna, le haghaidh straitéis forbartha atá bunaithe ar an onnmhairiú a aistriú i dtreo forbairt inginiúil bunaithe ar thomhaltas agus táirgeacht áitiúil i dtíortha i mbéal forbartha;

21. á chur i bhfáth go bhfuil leochaileachtaí an chórais dhomhanda bia i bhfad níos soiléire mar thoradh ar an gcur isteach a tharla de bharr COVID-19; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go gcuirtear samhail thionsclaíoch talmhaíochta atá dírithe go sonrach ar an onnmhairiú agus atá ina chúis leis an athrú aeráide chun cinn le léirscaoileadh na margaí talmhaíochta, lena gcuirtear le cailliúint gnáthóg agus lena gcruthaítear na dálaí le go dtiocfaidh víris chun cinn agus go leathnófar iad; á mheas, os a choinne sin, go bhfuil an-acmhainneacht ag slabhraí soláthair gairide agus ag tionscnaimh áitiúla eile aghaidh a thabhairt ar chlistí reatha sa chóras bia, tríd an rochtain ar bhia úr a fheabhsú, trína áirithiú go bhfaigheann feirmeoirí luach níos mó, agus tríd an leochaileacht i leith cur isteach ar mhargaí idirnáisiúnta a laghdú; á áitiú ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, straitéis a fhorbairt chun imeacht de réir a chéile ó bheartais talmhaíochta atá dírithe ar thrádáil agus chuig margaí áitiúla agus réigiúnacha;

22. á chur in iúl go dtacaíonn sé le coigeartuithe cánach ar theorainneacha carbóin mar uirlis thábhachtach chun iomaíocht chóir a ráthú do chuideachtaí atá ag gníomhú chun a dtionchar ar an aeráid a laghdú.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

 

Dáta an ghlactha

15.6.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

15

10

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anna-Michelle Asimakopoulou, Hildegard Bentele, Dominique Bilde, Udo Bullmann, Catherine Chabaud, Antoni Comín i Oliveres, Ryszard Czarnecki, Gianna Gancia, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Erik Marquardt, Norbert Neuser, Janina Ochojska, Jan-Christoph Oetjen, Michèle Rivasi, Christian Sagartz, Marc Tarabella, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Marlene Mortler, Caroline Roose, Patrizia Toia

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

15

+

S&D

Udo Bullmann, Mónica Silvana González, Norbert Neuser, Marc Tarabella, Patrizia Toia

RENEW

Catherine Chabaud, Charles Goerens, Jan-Christoph Oetjen, Barry Andrews

GLASAIGH/EFA

Pierrette Herzberger-Fofana, Erik Marquardt, Michèle Rivasi

ECR

Beata Kempa

GUE/NGL

Miguel Urbán Crespo

N.I.

Antoni Comín i Oliveres

 

10

-

EPP

Anna-Michelle Asimakopoulou, Hildegard Bentele, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Janina Ochojska, Tomas Tobé, Marlene Mortler

ID

Dominique Bilde, Gianna Gancia. Bernhard Zimniok

 

1

0

ECR

Ryszard Czarnecki

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

3.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

29

5

8

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Anna Cavazzini, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Markéta Gregorová, Enikő Győri, Roman Haider, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Emmanuel Maurel, Maxette Pirbakas, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

29

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczyński, Jan Zahradil

PPE

Anna-Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Danuta Maria Hübner, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Sven Simon, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler

RENEW

Barry Andrews, Jordi Cañas, Karin Karlsbro, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Udo Bullmann, Miroslav Číž, Paolo De Castro, Bernd Lange, Margarida Marques, Inma Rodríguez-Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

VERTS/ALE

Markéta Gregorová

 

5

-

S&D

Raphaël Glucksmann

ID

Herve Juvin, Maxette Pirbakas

GUE

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

 

8

0

VERTS/ALE

Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Heidi Hautala

ID

Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Roman Haider

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0230. 

[2] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0477.

[3] IO C 307, 30.8.2018, lch. 109.

[4] IO C 101, 16.3.2018, lch. 30.

[5] IO C 101, 16.3.2018, lch. 19.

[6] IO C 407, 4.11.2016, lch. 2.

[7] Téacsanna arna nglacadh, P8_TA(2018)0066.

[9] IO L 771, 15.3.2020, lch. 1.

[10] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 9 Meitheamh 2015 maidir le Straitéis AE don chomhionannas idir mná agus fir i ndiaidh 2015

[11] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 13 Márta 2018 maidir le comhionannas inscne i gcomhaontuithe trádála AE

[12] Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 12 Bealtaine 2016 maidir le stádas na Síne mar gheilleagar margaidh, IO C 76, 28.2.2018, lch. 43.

[14] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0152.

[15] Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0015.

 [16] Féach rún ó Pharlaimint na hEorpa an 15 Bealtaine 2020 maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil nua, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh – Téacsanna arna nglacadh, P9_TA(2020)0124.

[17] https://eur-lex.europa.eu/legal-content/EN/TXT/HTML/?uri=CELEX:52020DC0098&from=GA ? ;

An nuashonrú is déanaí: 29 Meán Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais