TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19
2.10.2020 - (COM(2020)0223 – C9‑0151/2020 – 2020/0105(COD)) - ***I
An Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
Rapóirtéir don tuairim: Lucia Ďuriš Nicholsonová
DRÉACHTRÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
ar an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha a thabhairt isteach chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéim COVID-19
(COM(2020)0223 – C9‑0151/2020 – 2020/0105(COD))
(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)
Tá Parlaimint na hEorpa,
– ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0223),
– ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 192(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9‑0151/2020),
– ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
– ag féachaint do thuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 10 Meitheamh 2020[1],
– tar éis di dul i gcomhairle le Coiste na Réigiún,
– ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,
– ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta (A9-0174/2020),
1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;
2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;
3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.
Leasú 1
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 2
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(2) An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá fiche bunphrionsabal ag an gcolún agus tá siad roinnte ina dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí córa oibre; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart na gníomhaíochtaí mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a bheith faoi threoir fiche bunphrionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun téarnamh cothrom agus cóir a áirithiú. |
(2) An 17 Samhain 2017, rinne Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a fhógairt i gcomhpháirt le chéile, mar fhreagairt ar na dúshláin shóisialta atá san Eoraip. Tá fiche bunphrionsabal ag an gcolún agus tá siad roinnte ina dtrí chatagóir: comhionannas deiseanna agus rochtain ar an margadh saothair; dálaí córa oibre; cosaint shóisialta agus cuimsiú sóisialta. Ba cheart na gníomhaíochtaí mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19 a bheith faoi threoir fiche bunphrionsabal Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta chun téarnamh cothrom agus cóir agus athléimneach a áirithiú. |
Leasú 2
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 3
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(3) Tá iarmhairtí ghéarchéim phaindéim COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí dhífhasaigh. Is é toradh na géarchéime iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta tromchúiseacha. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta. |
(3) Tá iarmhairtí ghéarchéim phaindéim COVID-19 dulta i bhfeidhm ar na Ballstáit ar shlí dhífhasaigh. Tá iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta tromchúiseacha ann mar thoradh ar an ngéarchéim, agus chuir sí leis an staid ina bhfuil níos mó ná 109 milliún duine ag fulaingt nó i mbaol bochtaineachta cheana féin, scoilteanna sóisialta níos doimhne, agus caillteanais post méadaithe, rátaí dífhostaíochta agus éagothroime, go háirithe i ngrúpaí faoi mhíbhuntáiste. Tháinig de sin staid eisceachtúil nach mór aghaidh a thabhairt uirthi le bearta sonracha i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh agus bearta eile a bhfuil sé mar aidhm acu an bhochtaineacht a chomhrac. |
Leasú 3
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 4
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(4) Tá tionchar sonrach aige sin ar FEAD. I bhfianaise an mhéadaithe atá tagtha ar líon na ndaoine atá thíos le díth bia agus ábhartha de dheasca phaindéim COVID-19 agus go bhfuil na daoine is díothaí neamhchosanta ar rioscaí faoi leith agus ar thuilleadh cruatain le linn na géarchéime sin, riachtanais bhreise chistiúcháin ag na Ballstáit i dtaca leis an dtacaíocht atá á cur ar fáil ag an gCiste. |
(4) Tá tionchar sonrach aige sin ar FEAD. Ós rud é go raibh líon mór daoine ar fud an Aontais thíos le díth bia agus ábhartha de cheana féin (bhí 13 mhilliún duine in aghaidh na bliana, lena n-áirítear thart ar 4 mhilliún leanbh, roimh ghéarchéim COVID-19, ag fáil tacaíocht ó FEAD cheana féin), agus tá na figiúirí ag méadú mar gheall ar phaindéim COVID-19, leis na daoine is díothaí a bheith níos neamhchosanta ar rioscaí faoi leith agus ar thuilleadh cruatain le linn na géarchéime sin, tá riachtanais bhreise chistiúcháin ag na Ballstáit i dtaca leis an dtacaíocht atá á cur ar fáil ag FEAD. |
Leasú 4
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 5
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(5) De dheasca srianta eisceachtúla arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun scaipeadh COVID-19 a shrianadh, bhí suaití ollmhóra sa gheilleagar agus tionchair thromchúiseacha ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus de bharr sin, an 23 Aibreán 2020, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an “Treochlár don Téarnamh” ina bhfuil comhpháirt láidir infheistíochta, d’iarr sí go mbunófaí an [Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh] agus thug sí sainordú don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais chun go ndíreofar na hacmhainní ar na hearnálacha agus ar na limistéir gheografacha den Eoraip is mó atá buailte agus freisin an nasc leis an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a shoiléiriú. |
(5) De dheasca srianta eisceachtúla arna gcur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun scaipeadh COVID-19 a shrianadh, bhí suaití ollmhóra sa gheilleagar agus sa tsochaí agus tionchair thromchúiseacha ar fheidhmiú an Mhúnla Shóisialta Eorpaigh agus an Mhargaidh Aonair agus de bharr sin, an 23 Aibreán 2020, d’fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach an “Treochlár don Téarnamh” ina bhfuil comhpháirt láidir infheistíochta, d’iarr sí go mbunófaí[Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh] agus thug sí sainordú don Choimisiún anailís a dhéanamh ar na riachtanais chun go ndíreofar na hacmhainní ar na hearnálacha agus ar na limistéir gheografacha den Eoraip is mó atá buailte agus freisin an nasc leis an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) a shoiléiriú. |
Leasú 5
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(6) D’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán11 lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/201312 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2020 agus chuir sé acmhainní breise ar fáil chun tacú le Ballstáit atá i ndeisriocht géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chun téarnamh sóisialta agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú. Mar chuid den phacáiste sin, cuirtear ar fáil chun na críche sin méid breise eisceachtúil dar luach EUR 58 272 800 000 le haghaidh gealltanas buiséadach ó na Cistí Struchtúrtha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, do na blianta 2020, 2021 agus 2022, d’fhonn iad a chur ar fáil go tapa don fhíorgheilleagar trí na struchtúir atá ann cheana féin le haghaidh na gclár beartas comhtháthaithe 2014-2020. Ba cheart don Choimisiún miondealú ar na hacmhainní breise do gach Ballstáit a leagan amach ar bhonn modh leithdháilte bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí atá ar fáil maidir le rathúlacht choibhneasta na mBallstát agus méid thionchar na géarchéime reatha ar an ngeilleagar atá acu. D’fhonn léiriú a thabhairt ar chineál athraitheach thionchair na géarchéime, ba cheart an miondealú a athbhreithniú in 2021 ar bhonn an mhodha leithdháilte céanna ag baint úsáid as na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021. D’fhonn foráil a dhéanamh maidir le freagairt éifeachtach ar thionchar sóisialta ráig COVID-19 ar na daoine is díothaí, is iomchuí go bhféadfadh na Ballstáit acmhainní breise a leithdháileadh ar FEAD, i gcomhréir lena gcuid riachtanas. Á dhéanamh sin dóibh, ba cheart do na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar mhéadú líon na ndaoine is mó díothaí ó thús phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, is gá uasmhéideanna a bhunú maidir le leithdháileadh na n-acmhainní breise ar chúnamh teicniúil an Bhallstáit. Ag tabhairt san áireamh caiteachas tapa na n-acmhainní breise a bhfuiltear ag súil leis, ba cheart na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní breise sin a shaoradh freisin tráth a ndúntar na cláir. Tabharfar isteach féidearthachtaí maidir le haistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CFRE, CSE agus FEAD i dtaca leis na hacmhainní breise freisin. |
(6) D’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán11 lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/201312 ón gComhairle an 27 Bealtaine 2020 agus chuir sé acmhainní breise ar fáil chun tacú le Ballstáit ina ngníomhaíochtaí deisithe géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chun ullmhú le haghaidh téarnamh sóisialta, athléimneach agus inbhuanaithe an gheilleagair a ullmhú. Mar chuid den phacáiste sin, tá á chur ar fáil chun na críche sin méid breise eisceachtúil dar luach EUR 58 272 800 000 le haghaidh gealltanas buiséadach ó na Cistí Struchtúrtha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, do na blianta 2020, 2021 agus 2022, d’fhonn iad a chur ar fáil go tapa don fhíorgheilleagar trí na struchtúir atá ann cheana féin le haghaidh na gclár beartas comhtháthaithe do na blianta 2014-2020. Ba cheart don Choimisiún miondealú ar na hacmhainní breise do gach Ballstáit a leagan amach ar bhonn modh leithdháilte bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí, lena n-áirítear maidir le comhionannas, atá ar fáil maidir le rathúlacht choibhneasta na mBallstát, bochtaineacht agus rátaí an eisiaimh shóisialta agus cineál agus méid thionchar na géarchéime reatha ar an ngeilleagar agus na sochaithe atá acu, agus béim ar leith á cur na daoine is díothaí, ag tabhairt aird ar leith ar ghrúpaí mar dhaoine gan dídean agus daoine a bhfuil cónaí orthu in institiúidí deighilte, nach sroicheann oifigí staidrimh na mBallstát iad go traidisiúnta. Chuige sin, ba cheart sonraí ábhartha agus inchomparáide a bhailiú le rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha agus údaráis áitiúla atá ag obair i réimse na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta agus i soláthar seirbhísí do na daoine is díothaí. D’fhonn léiriú a thabhairt ar chineál athraitheach thionchair ghéarchéime e COVID-19, ba cheart an miondealú a athbhreithniú in 2021 ar bhonn an mhodha leithdháilte céanna ag baint úsáid as na sonraí staidrimh agus comhionannais is déanaí atá ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021. D’fhonn foráil a dhéanamh maidir le freagairt éifeachtach ar thionchar sóisialta ráig COVID-19 ar na daoine is díothaí, agus de mhaolú ar Airteagal 92(7) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/201312a, ba cheart do na Ballstáit sciar de na hacmhainní breise a leithdháileadh freisin ar FEAD. Á dhéanamh sin dóibh, ba cheart do na Ballstáit aird faoi leith a thabhairt ar mhéadú líon na ndaoine is díothaí ó thús phaindéim COVID-19. Ina theannta sin, is gá uasmhéideanna a bhunú maidir le leithdháileadh na n-acmhainní breise ar chúnamh teicniúil an Bhallstáit. Agus caiteachas tapa na n-acmhainní breise a bhfuiltear ag súil leis á chur i gcuntas, ba cheart na gealltanais atá nasctha leis na hacmhainní breise sin a shaoradh freisin tráth a dhúntar na cláir. Ba cheart féidearthachtaí maidir le haistrithe airgeadais faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post idir CFRE, CSE agus FEAD a thabhairt isteach i dtaca leis na hacmhainní breise freisin. Agus ról ríthábhachtach CSE maidir le bochtaineacht a dhíothú agus eisiamh sóisialta a chomhrac á chur i gcuntas, níor cheart sciar CSE a laghdú faoi bhun na hoibleagáide dlíthiúla reatha de 23,1% ar leibhéal an Aontais. |
__________________ |
__________________ |
11 COM(2020) 446. |
11 COM(2020) 446. |
12 Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO, L 347, 20.12.2013, lch. 884). |
12 Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO, L 347, 20.12.2013, lch. 884). |
|
12a Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320). |
Leasú 6
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 6 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(6a) Mar gheall ar fheimineachas na bochtaineachta, agus minicíocht níos airde agus déine níos mó bochtaineachta i measc na mban1a, mar thoradh air, ba cheart gnéithe inscne a chur i gcuntas le linn ullmhú, cur chun feidhme, agus faireachán agus meastóireacht a bheith á ndéanamh ar FEAD. Thairis sin, mar gheall ar an dlúthbhaint idir idirdhealú agus bochtaineacht, agus i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, tá toirmeasc ar aon idirdhealú atá bunaithe ar aon fhoras amhail gnéas, cine, dath, tionscnamh eitneach nó sóisialta, airíonna géiniteacha, teanga, reiligiún nó creideamh, tuairim pholaitiúil nó eile, ballraíocht i mionlach náisiúnta, maoin, breith, míchumas, aois nó treoshuíomh gnéasach. |
|
__________________ |
|
1a https://eige.europa.eu/gender-mainstreaming/policy-areas/poverty |
Leasú 7
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(8) Is gá leibhéal níos airde íocaíochta réamh-mhaoinithe a sholáthar chun gníomhaíochtaí arna dtacú ag na hacmhainní breise a chur chun feidhme go pras d’fhonn a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag na Ballstáit chun bearta a chur chun feidhme go tapa, bearta chun díobháil de dheasca géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chun téarnamh an gheilleagair a ullmhú. Ba cheart méid an réamh-mhaoinithe a áirithiú le go mbeidh na Ballstáit in acmhainn réamhíocaíochtaí do thairbhithe a eagrú i gcás inar gá agus tairbhithe a chúiteamh go tapa tar éis thíolacadh éilimh ar íocaíochtaí. |
(8) Is gá leibhéal níos airde íocaíochta réamh-mhaoinithe a sholáthar, a luaithe is féidir, chun gníomhaíochtaí arna dtacú ag na hacmhainní breise a chur chun feidhme go pras d’fhonn a áirithiú go bhfuil acmhainní airgeadais leordhóthanacha ag na Ballstáit chun bearta a chur chun feidhme go tapa, bearta chun díobháil de dheasca géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID-19, i bhfianaise a thionchair ar bhochtaineacht agus ar eisiamh sóisialta, agus chun téarnamh sóisialta, athléimneach agus inbhuanaithe an gheilleagair agus na sochaí a ullmhú. Ba cheart méid an réamh-mhaoinithe a áirithiú le go mbeidh na Ballstáit in acmhainn réamhíocaíochtaí do thairbhithe a eagrú i gcás inar gá agus tairbhithe a chúiteamh go tapa tar éis thíolacadh éilimh ar íocaíochtaí. Chun faoiseamh láithreach a chinntiú do thairbhithe, ba cheart do na Ballstáit gealltanas a thabhairt gach beart is gá a dhéanamh chun réamhíocaíochtaí a sheoladh chomh tapa agus is féidir. |
Leasú 8
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 8 a (nua)
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
|
(8a) Níor cheart modh seachadta FEAD a mhodhnú mar thoradh ar an Rialachán seo agus ba cheart FEAD a choinneáil faoi bhainistíocht chomhroinnte. |
Leasú 9
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 9
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(9) D'fhonn an t-ualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí maidir le díobháil de dheasca géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus maidir le téarnamh an gheilleagair a ullmhú, is iomchuí nach mbeidh na hacmhainní breise faoi réir cómhaoinithe. |
(9) D'fhonn an t-ualach a mhaolú ar bhuiséid phoiblí maidir le gníomhaíochtaí chun díobháil de dheasca géarchéime a leigheas i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus maidir le téarnamh sóisialta, athléimneach agus inbhuanaithe an gheilleagair agus na sochaí a ullmhú, is iomchuí nach mbeidh na hacmhainní breise faoi réir cómhaoiniú. |
Leasú 10
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 11
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(11) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí ar na daoine is díothaí, a ghnóthú go leordhóthanach astu féin agus gur fearr, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
(11) Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo, eadhon freagairt ar thionchar na géarchéime sláinte poiblí agus socheacnamaíche ar na daoine is díothaí, a ghnóthú go leordhóthanach astu féin agus gur fearr, mar gheall ar fhairsinge agus éifeachtaí an ghnímh atá beartaithe, is féidir é a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú. |
Leasú 11
Togra le haghaidh rialacháin
Aithris 14
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
(14) I bhfianaise phaindéim COVID-19 agus an phráinn atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí a bhaineann leis, meastar gurb iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
(14) I bhfianaise phaindéim COVID-19 agus an phráinn atá le haghaidh a thabhairt ar an ngéarchéim sláinte poiblí agus socheacnamaíche a bhaineann leis, meastar gurb iomchuí leas a bhaint as an eisceacht ón tréimhse 8 seachtaine dá dtagraítear in Airteagal 4 de Phrótacal Uimh. 1 maidir le ról na bParlaimintí náisiúnta san Aontas Eorpach, a ghabhann leis an gConradh ar an Aontas Eorpach, leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus leis an gConradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach, |
Leasú 12
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) Uimh. 223/2014
Airteagal 6a – teideal
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
Méadú deonach ar acmhainní mar fhreagairt ar ráig COVID-19 |
Méadú ar acmhainní mar fhreagairt ar ráig COVID-19 |
Leasú 13
Togra le haghaidh rialacháin
Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2
Rialachán (AE) Uimh. 223/2014
Airteagal 6a – mír 1
|
|
Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún |
Leasú |
1. D’fhéadfadh Ballstáit méadú ar bhonn deonach a chur leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, i gcomhréir leis an seachtú fomhír de phointe 5 d’Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Féadfaidh an méadú tionchar a bheith aige ar ghealltanais bhuiséadacha do na blianta 2020, 2021 agus 2022. |
1. Déanfaidh na Ballstáit méadú a chur leis na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 6 mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, trí sciar íosta arb ionann é agus 3% ar a laghad de na hacmhainní breise, i gcomhréir leis an seachtú fomhír de phointe 5 d’Airteagal 92b de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013. Féadfaidh an méadú tionchar a bheith aige ar ghealltanais bhuiséadacha do na blianta 2020, 2021 agus 2022. |
RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
Is é an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD) an ionstraim a chabhraíonn leo siúd atá buailte ag an mbochtaineacht chun na chéad chéimeanna a ghlacadh as an mbochtaineacht agus as an eisiamh sóisialta. Faigheann thart ar 13 mhilliún duine tacaíocht ó FEAD gach bliain, lena n-áirítear thart ar 4 mhilliún leanbh faoi bhun 15 bliana d’aois.
Tá iarmhairtí díreacha nó indíreacha phandéim COVID-19 fós ag méadú sna Ballstáit uile. Is cás nach bhfacthas cheana atá ann faoi láthair agus is gá bearta eisceachtúla atá in oiriúint don staid a chur i bhfeidhm sna himthosca seo, lena n-áirítear an tacaíocht a thugann FEAD do na daoine is díothaí.
An chéad pacáiste beart, an “Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” (CRII)[2], tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2020, agus leis sin tugadh isteach roinnt athruithe tábhachtacha ar an gcreat reachtach is infheidhme maidir le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa a cheadaíonn freagairt níos éifeachtaí sa staid reatha faoi mar atá. Glacadh bearta comhlántacha leis an “Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas” (CRII Plus)[3]. Áiríodh sa phacáiste sin freisin leasuithe ar Rialachán (AE) Uimh. 223/2014[4] (Rialachán FEAD), trí Rialachán (AE) 2020/559 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020[5], a tháinig i bhfeidhm an 25 Aibreán 2020. Leis na leasuithe sin, beartaíodh FEAD a oiriúnú chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán a bhaineann le paindéim COVID-19 agus go háirithe chun freagairt go tapa do na riachtanais bhreise atá ag teacht chun cinn i measc na spriocghrúpaí a nochtar do chruatan breise a d’eascair as an ngéarchéim seo. Dá bhrí sin, tugadh isteach leis an Rialachán bearta sonracha maidir le leachtacht agus solúbthacht bhreise do na Ballstáit chun aghaidh a thabhairt ar phaindéim COVID-19 faoi FEAD, lena n-áirítear an deis cúnamh bia agus cúnamh ábhartha bunúsach a sholáthar trí dhearbháin.
Cé go bhfuil an staid fós ag athrú agus go bhfuil na Ballstáit ag maolú na srianta ar an tsochaí agus ar fhiontair agus iad ag cur tús leis an ngeilleagar in athuair, is mór an bhris a bhí ag éifeachtaí díreacha agus indíreacha na géarchéime ina lán earnálacha. Glacfaidh an próiseas téarnaimh roinnt ama agus ní féidir an gá atá le bearta breise glasála a chur as an áireamh, mar tá rabharta nua de COVID-19 le feiceáil i roinnt mhaith Ballstát san Aontas Eorpach cheana féin. Sa chomhthéacs sin, tá riosca tromchúiseach ann go méadóidh líon na ndaoine atá fulaingt de bharr díth bia agus ábhartha agus dá bhrí sin tá gá le tuilleadh beart d’fhonn freagairt ar iarmhairtí sóisialta phandéim COVID-19 chun téarnamh atá cóir ó thaobh na sochaí de a áirithiú, téarnamh atá i gcomhréir le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta.
D’eisigh an Coimisiún togra le haghaidh Rialachán[6] lena leasaítear Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013[7] ón gComhairle an 27 Bealtaine 2020 agus chuir sé acmhainní breise ar fáil chun tacú le Ballstáit i ndeisriocht géarchéime i gcomhthéacs phaindéim COVID-19 agus chun téarnamh sóisialta agus athléimneach an gheilleagair a ullmhú. Mar chuid den phacáiste sin, cuirtear ar fáil chun na críche sin méid breise eisceachtúil dar luach EUR 58 272 800 000 le haghaidh gealltanas buiséadach ó na Cistí Struchtúrtha faoi sprioc na hInfheistíochta le haghaidh fáis agus post, do na blianta 2020, 2021 agus 2022, d’fhonn iad a chur ar fáil go tapa don fhíorgheilleagar trí na struchtúir atá ann cheana féin le haghaidh na gclár beartas comhtháthaithe do na blianta 2014-2020.
Tá an Rapóirtéir den tuairim gur cheart don Choimisiún miondealú na n-acmhainní breise do gach Ballstát a leagan amach ar bhonn modh leithdháilte bunaithe ar na sonraí staidrimh oibiachtúla is déanaí atá ar fáil maidir le rathúnas coibhneasta agus sonraí staidrimh na mBallstát, lena n-áirítear sonraí comhionannais, maidir le méid thionchar na géarchéime reatha ar a ngeilleagar agus ar an tsochaí, agus béim ar leith á cur ar na daoine is díothaí, amhail daoine gan dídean agus daoine a chónaíonn in institiúidí deighilte, nach sroicheann oifigí staidrimh na mBallstát iad go traidisiúnta; chuige sin, ba cheart sonraí ábhartha agus inchomparáide a bhailiú le rannpháirtíocht eagraíochtaí neamhrialtasacha atá ag obair i réimse na bochtaineachta agus an eisiaimh shóisialta. Chun léiriú a thabhairt ar chineál athraitheach thionchair na géarchéime, ba cheart an miondealú a athbhreithniú in 2021 ar bhonn an mhodha leithdháilte chéanna ag baint úsáid as na sonraí staidrimh is déanaí atá ar fáil faoin 19 Deireadh Fómhair 2021.
Cuireann an Rapóirtéir in iúl, maidir le freagairt éifeachtach ar thionchar sóisialta ráig COVID-19 ar na daoine is díothaí, agus de mhaolú ar Airteagal 92(7) de Rialachán Uimh. 1311/2013, i gcás inarb iomchuí, gur cheart do na Ballstáit sciar de na hacmhainní breise a leithdháileadh ar an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (roimh an leithdháileadh ar CFRE agus ar CSE nó ag an am céanna leis an leithdháileadh sin). Ar deireadh, ba cheart gnéithe inscne a chur san áireamh le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chiste, agus le linn faireachán agus meastóireacht a bheith á ndéanamh air, i gcomhréir le hAirteagal 21 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.
AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH
Teideal |
Lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 223/2014 i ndáil le bearta sonracha a thabhairt isteach chun dul i ngleic le géarchéim COVID-19 |
|||
Tagairtí |
COM(2020)0223 – C9-0151/2020 – 2020/0105(COD) |
|||
Dáta tíolactha chun PE |
28.5.2020 |
|
|
|
Coiste freagrach Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach |
EMPL 17.6.2020 |
|
|
|
Rapóirtéirí Dáta an cheapacháin |
Lucia Ďuriš Nicholsonová 25.6.2020 |
|
|
|
Pléite sa choiste |
31.8.2020 |
21.9.2020 |
|
|
Dáta an ghlactha |
1.10.2020 |
|
|
|
Dáta na vótála críochnaithí |
+: –: 0: |
52 2 1 |
||
Comhaltaí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Atidzhe Alieva-Veli, Abir Al-Sahlani, Marc Angel, Dominique Bilde, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Andrea Bocskor, Milan Brglez, Sylvie Brunet, David Casa, Leila Chaibi, Margarita de la Pisa Carrión, Klára Dobrev, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Rosa Estaràs Ferragut, Nicolaus Fest, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Helmut Geuking, Alicia Homs Ginel, France Jamet, Agnes Jongerius, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Radka Maxová, Kira Marie Peter-Hansen, Dragoș Pîslaru, Manuel Pizarro, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Guido Reil, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Monica Semedo, Beata Szydło, Eugen Tomac, Romana Tomc, Marie-Pierre Vedrenne, Marianne Vind, Maria Walsh, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Tomáš Zdechovský |
|||
Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach |
Konstantinos Arvanitis, Brando Benifei, Marc Botenga, Samira Rafaela, Eugenia Rodríguez Palop |
VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH
52 |
+ |
ECR |
Lucia Ďuriš Nicholsonová, Helmut Geuking, Elżbieta Rafalska, Beata Szydło, Margarita de la Pisa Carrión |
GUE/NGL |
Konstantinos Arvanitis, Marc Botenga, Leila Chaibi, Eugenia Rodríguez Palop |
ID |
Dominique Bilde, France Jamet, Elena Lizzi, Stefania Zambelli |
NI |
Daniela Rondinelli |
EPP |
Andrea Bocskor, David Casa, Jarosław Duda, Rosa Estaràs Ferragut, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Miriam Lexmann, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Romana Tomc, Maria Walsh, Tomáš Zdechovský |
Renew |
Atidzhe Alieva‑Veli, Sylvie Brunet, Radka Maxová, Dragoș Pîslaru, Samira Rafaela, Monica Semedo, Marie‑Pierre Vedrenne |
S&D |
Marc Angel, Brando Benifei, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Klára Dobrev, Estrella Durá Ferrandis, Heléne Fritzon, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Manuel Pizarro, Marianne Vind |
Verts/ALE |
Katrin Langensiepen, Kira Marie Peter‑Hansen, Mounir Satouri, Tatjana Ždanoka |
2 |
- |
ID |
Nicolaus Fest, Guido Reil |
1 |
0 |
Renew |
Abir Al-Sahlani |
Eochair do na siombailí:
+ : i bhfabhar
- : i gcoinne
0 : staonadh
- [1] Nár foilsíodh san Iris Oifigiúil
- [2] Rialachán (AE) 2020/460 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Márta 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013 agus (AE) Uimh. 508/2014 a mhéid a bhaineann le bearta sonracha chun infheistíochtaí a shlógadh i gcórais cúraim sláinte na mBallstát agus in earnálacha eile dá ngeilleagar mar fhreagairt ar ráig COVID-19 (An Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas) IO L 99, 31.03.2020, lch. 5.
- [3] Rialachán (AE) 2020/558 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2020 lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1301/2013 agus (AE) Uimh. 1303/2013 maidir le bearta sonracha lena soláthraítear solúbthacht eisceachtúil chun leas a bhaint as Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa mar fhreagairt ar ráig COVID-19 IO L 130, 24.04.2020, lch. 1.
- [4] Rialachán (AE) 223/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 2014 maidir leis an an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (IO L 72, 12.3.2014, lch. 1-41).
- [5] IO L 130, 24.04.2020, lch. 7.
- [6] COM(2020) 446.
- [7] Rialachán (AE, EURATOM) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014-2020 (IO, L 347, 20.12.2013, lch. 884).