Tuarascáil - A9-0175/2020Tuarascáil
A9-0175/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

2.10.2020 - (COM(2020)0135 – C9-0099/2020 – 2020/0051(COD)) - ***I

An Coiste um Thrádáil Idirnáisiúnta
Rapóirtéir: Emmanuel Maurel


Nós Imeachta : 2020/0051(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0175/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0175/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :


PR_COD_1amCom

 

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

 * An nós imeachta comhairliúcháin

 *** Nós imeachta an toilithe

 ***I An gnáthnós imeachta reachtach (an chéad léamh)

 ***II An gnáthnós imeachta reachtach (an dara léamh)

 ***III An gnáthnós imeachta reachtach (an tríú léamh)

 

(Braitheann an cineál nós imeachta ar an mbunús dlí atá beartaithe don dréachtghníomh.)

 

 

 

 

 

Leasuithe ar an dréachtghníomh

Leasuithe ó Pharlaimint na hEorpa arna leagan amach in dhá cholún

 

Léirítear téacs atá scriosta le cló trom iodálach sa cholún ar chlé. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile le cló trom iodálach sa dá cholún. Léirítear téacs nua le cló trom iodálach sa cholún ar dheis.

 

Sa chéad líne agus sa dara líne den cheanntásc a ghabhann le gach leasú, sonraítear an chuid ábhartha den dréachtghníomh atá á breithniú. Má bhaineann leasú le gníomh atá cheana ann agus má tá sé i gceist é a leasú le dréachtghníomh, bíonn an tríú líne i gceanntásc an leasaithe ina sonraítear an gníomh atá cheana ann agus bíonn an ceathrú líne ann ina sonraítear an fhoráil den ghníomh sin is mian leis an bParlaimint a leasú.

 

Leasuithe ó Parlaimint na hEorpa i bhfoirm téacs comhdhlúite

 

Aibhsítear téacs nua le cló trom iodálach. Léirítear téacs atá scriosta trí leas a bhaint as an tsiombail ▌ nó cuirtear líne tríd an téacs. Léirítear téacs atá curtha in ionad téacs eile tríd an téacs nua a aibhsiú le cló trom iodálach agus tríd an téacs atá á ionadú a scriosadh nó trí líne a chur tríd.

Mar eisceacht air sin, ní aibhsítear athruithe atá go hiomlán teicniúil agus arb athruithe iad a rinne an roinn dréachtaithe nuair a bhí an téacs críochnaitheach á ullmhú.

 

 

 


CLÁR

 

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH


 

 


 

 

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

(COM(2020)0135 – C9-0099/2020 – 2020/0051(COD))

(Gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

 

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an bParlaimint agus chuig an gComhairle (COM(2020)0135),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 207(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0099/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (A9-0175/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2.  á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta;

 

 

 

 


 

Leasú  1

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/20092 ón gComhairle foráladh maidir le rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais le haghaidh beagnach gach táirge de thionscnamh na rannpháirtithe sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais a mhéad is gá agus go dtí go dtugtar comhaontuithe déthaobhacha leis na páirtithe sin i gcrích.

(1) Le Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle2, foráladh do rochtain neamhtheoranta saor ó dhleacht ar mhargadh an Aontais do bheagnach gach táirge de thionscnamh na rannpháirtithe sa phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais a mhéad is gá agus go dtí go dtugtar comhaontuithe déthaobhacha leis na páirtithe is tairbhithe sin i gcrích.

_________________

_________________

2 Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).

2 Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle an 30 Samhain 2009 lena dtugtar isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bPróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis (IO L 328, 15.12.2009, lch. 1).

Leasú  2

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Faoin am seo tá Comhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích leis na sé pháirtí ar fad, an ceann deireanach, a tháinig i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016, idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt, agus an Chosaiv3, den pháirt eile.

(2) Tá Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais tugtha i gcrích anois le gach ceann de na sé pháirtí is tairbhí. Ba é an Comhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais idir na tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv3, den pháirt eile, an ceann is deireanaí díobh sin agus tháinig sé i bhfeidhm an 1 Aibreán 2016.

_________________

_________________

3 Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

3 Tá an t-ainmniú seo gan dochar do sheasaimh ar stádas, agus tá sé ag teacht le Rún 1244/1999 ó Chomhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus le Tuairim na Cúirte Breithiúnais Idirnáisiúnta (CBI) maidir le dearbhú neamhspleáchais na Cosaive.

Leasú  3

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/14644 ón gCoimisiún chun na fabhair dhéthaobhacha a deonaíodh don Chosaiv a bhaint fad a gcoinnítear an fabhar aontaobhach a dheonaítear do thairbhithe uile na mBalcán Thiar ar bun, fabhar a dheonaítear trí na dleachta ar tháirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte agus trína rochtain ar tharaif-chuóta iomlán 30 000 hl ar fhíon a chur ar fionraí.

(3) Leasaíodh Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 le Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún4 chun na fabhair dhéthaobhacha a bhí deonaithe don Chosaiv a bhaint ach fós an fabhar aontaobhach a dheonaítear do na páirtithe is tairbhithe uile sna Balcáin Thiar a choinneáil ar bun trí bhíthin na dleachta ar tháirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte a fhionraí agus trí rochtain a bheith acu ar tharaif-chuóta iomlán de 30 000 hl ar fhíon.

_________________

_________________

4 Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lamháltais trádála a deonaíodh don Chosaiv* tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile.

4 Rialachán Tarmligthe (AE) 2017/1464 ón gCoimisiún an 2 Meitheamh 2017 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 ón gComhairle a mhéid a bhaineann le lamháltais trádála a deonaíodh don Chosaiv* tar éis theacht i bhfeidhm an Chomhaontaithe Cobhsaíochta agus Comhlachais idir an tAontas Eorpach agus an Comhphobal Eorpach do Fhuinneamh Adamhach, de pháirt amháin, agus an Chosaiv, den pháirt eile.

Leasú  4

Togra le haghaidh Rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5)  Meastar gurb é fadú na tréimhse ina gcuirfear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 i bhfeidhm an dóigh is fearr le gealltanas an Aontais i dtaobh lánpháirtiú trádála na mBalcán Thiar a ráthú.

(5)  Meastar go bhfuil fadú na tréimhse ina gcuirfear Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009 i bhfeidhm ina ráthú oiriúnach de rannpháirtíocht agus gealltanas feabhsaithe an Aontais i dtaobh lánpháirtiú trádála na mBalcán Thiar. Is taca luachmhar do gheilleagar na gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar atá i gcónaí i gcóras reatha na mbeart trádála uathrialach.

Réasúnú

Tá an tAontas tiomanta don rochtain fhabhrach ar mhargadh AE a fhadú.

Leasú  5

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 1

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

Airteagal 1 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Beidh cead táirgí de thionscnamh na hAlbáine, na Boisnia agus na Heirseagaivéine, na Cosaive*, na Macadóine Thuaidh, Mhontainéagró agus na Seirbia, táirgí a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte, a allmhairiú isteach san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta comhéifeachta agus iad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta.

1. Táirgí de thionscnamh na bpáirtithe is tairbhithe san Albáin, sa Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, sa Chosaiv*, sa Mhacadóin Thuaidh, i Montainéagró agus sa tSeirbia, agus a chumhdaítear i gCaibidlí 7 agus 8 den Ainmníocht Chomhcheangailte, déanfar iad a ligean isteach chun a n-allmhairithe san Aontas gan srianta cainníochtúla ná bearta comhéifeachta agus beidh siad díolmhaithe ó dhleachtanna custaim agus muirir chomhéifeachta.

Leasú  6

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2 – pointe a a (nua)

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 2

 

An téacs atá ann

Leasú

 

(a a) I mír 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad na chéad fhomhíre:

2.  Gan dochar do na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1, beidh teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhracha a thugtar isteach le hAirteagal 1 faoi réir a ullmhaithe a bheidh na tíortha is tairbhithe tabhairt faoi athchóirithe éifeachtacha eacnamaíocha agus faoi chomhar réigiúnach le tíortha eile is ábhar do phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le hAirteagal XXIV de GATT 1994 agus le forálacha ábhartha eile de chuid EDT.

2. ‘Gan dochar do na coinníollacha dá bhforáiltear i mír 1, beidh teidlíocht chun leas a bhaint as na socruithe fabhracha a thugtar isteach le hAirteagal 1 faoi réir a ullmhaithe a bheidh na páirtithe is tairbhithe tabhairt faoi athchóirithe éifeachtacha eacnamaíocha agus faoi chomhar réigiúnach le tíortha eile is ábhar do phróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh, go háirithe trí limistéir shaorthrádála a bhunú i gcomhréir le hAirteagal XXIV de GATT 1994 agus le forálacha ábhartha eile de chuid EDT.

Leasú  7

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

Airteagal 8 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a) In Airteagal 8, scriostar mír 3.

Leasú  8

Togra le haghaidh Rialacháin

Airteagal 1 – mír 1 – pointe 10 a (nua)

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

Iarscríbhinn II

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9 a) Scriostar Iarscríbhinn II.

Leasú  9

Togra le haghaidh Rialacháin

Iarscríbhinn I

Rialachán (CE) Uimh. 1215/2009

Iarscríbhinn 1 – teideal 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

MAIDIR LEIS NA TARAIF-CHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 1(2)

MAIDIR LEIS NA TARAIF-CHUÓTAÍ DÁ dTAGRAÍTEAR IN AIRTEAGAL 3(1)


RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

 

Cúlra

 

Is é an tAontas go mór fada an comhpháirtí trádála is mó le hos cionn 72% de thrádáil iomlán na mBalcán Thiar (i.e. An Albáin, an Bhoisnia agus an Heirseagaivéin, an Cosaiv, Montainéagró, an Macadóin Thuaidh agus an tSeirbia), agus é go mór chun cinn ar iomaitheoirí eacnamaíocha agus polaitiúla eile a bhíonn ag déileáil leis an réigiún, amhail an tSín, an Rúis nó an Tuirc.

 

Tá fás de bheagnach 130% tagtha le 10 mbliana anuas ar an trádáil idir AE agus tíortha na mBalcán Thiar. In 2019, is é EUR 55 bhilliún a bhí ansin.

 

Ó seoladh an Próiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais in 1999, tá Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhair (SAAnna) tugtha i gcrích de réir a chéile ag AE le gach ceann de na comhpháirtithe sna Balcáin Thiar.

 

Breathnaíodh ar na SAAnna sin mar ionstraimí a thug forbairt eacnamaíoch agus cobhsaíocht pholaitiúil do thíortha an réigiúin, agus tá siad fós ina gcroíshásra chun go bhféadfaidh siad ailíniú le acquis AE agus le haghaidh lánpháirtiú forchéimnitheach i margadh AE. Foráiltear sna Comhaontuithe go gcuirfear deireadh le dleachtanna agus srianta neamhtharaife ar thrádáil dhéthaobhach agus go gclúdófar na hearraí atá i ngach Caibidil den Chóras Comhchuibhithe.

 

Ag an am céanna, ó 2009, cuireadh sraith de bhearta trádála uathrialacha (córas ATManna) i bhfeidhm trí bhíthin Rialachán 2009, ar rannchuidigh sé sin freisin leis an trádáil iomlán idir AE agus na Balcáin Thiar a leathnú.

Ar dtús ag cuimsiú beagnach na táirgí go léir a bhí á n-allmhairiú ón réigiún, rinneadh raon feidhme an Rialacháin sin a laghdú faoi dheoidh, in 2017, go dtí na táirgí sin a bhaineann le Caibidil 7 (Glasraí, fréamhacha agus tiúbair inite áirithe) agus Caibidil 8 (torthaí agus cnónna inite; craicne torthaí citris nó mealbhacán) d’Ainmníocht Chomhcheangailte na Comhtharaife Custaim, comh maith le cuóta allmhairithe fíona le haghaidh 30 000 hl.

Tá an togra ón gCoimisiún comhsheasmhach le tacaíocht an Aontais do chomhtháthú eacnamaíoch an réigiúin san Aontas de réir a chéile agus do na próisis aontachais aonair.

 

Cé go bhfuil an chuid is mó de na fabhair thrádála a deonaíodh ar dtús do na Balcáin Thiar tríd an gcóras trádála féinrialaitheach comhtháthaithe anois ina gComhaontú Cobhsaíochta agus Comhlachais féin leis an Aontas, tá na fabhair theoranta a dheonaítear tríd an Rialachán seo, dar leis an gCoimisiún, fós ag soláthar tacaíocht luachmhar don gheilleagar agus do ghnólachtaí sa réigiún, agus dá bhrí sin is uirlis úsáideach i gcónaí é chun tacaíocht ón Aontas a dhíriú chuig comhtháthú eacnamaíoch na mBalcán Thiar.

 

Ní bheidh aon chostas breise i mbuiséad an Aontais á chruthú mar gheall ar an Rialachán atá beartaithe.

 

Seasamh an Rapóirtéara

 

Tá na Balcáin Thiar ina dtosaíocht ag an Aontas agus tá freagracht ar leith ar AE ó thaobh cúnamh a thabhairt do na tíortha Balcánacha sa réigiún.

 

Maidir leis an aidhm go ndéanfar na bearta trádála uathrialacha (ATManna) a leathnú ar an dóigh seo, is ann di chun á áirithiú go mbeidh comhleanúnachas ann leis na treoirlínte a d’athdhearbhaigh an Coimisiún le déanaí le Dearbhú Sofia an 17 Bealtaine 2018.

 

Níl an rapóirtéir á áitiú nach rannchuidíonn na ATManna le forbairt eacnamaíoch na dtíortha i dtrácht, mar go dtugann siad sin deiseanna díola dá dtáirgeacht i bhfíon, torthaí agus glasraí agus ar an gcaoi sin go gcuidíonn siad lena n-earnálacha príomha a chomhdhlúthú agus tá an sciar de OTI na dtíortha sin atá ag ATManna fós ard.

 

Thairis sin, bhí na bearta a bhí molta go dtí seo ag rannchuidiú le comhpháirtíochtaí láidre a bhunú idir gnólachtaí san Aontas agus táirgeoirí áitiúla i réigiún na mBalcán Thiar.

Meastar gurb é moladh an Choimisiúin na bearta a fhadú ar feadh cúig bliana eile an beart is oiriúnaí chun forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe na gcomhpháirtithe sna Balcáin Thiar a áirithiú. Is féidir leis sin a chinntiú go seachnófar próiseas an-fhada agus casta a bhaineann le gach ceann de na comhaontuithe trádála déthaobhacha aonair atá mar chuid de na Comhaontuithe Cobhsaíochta agus Comhlachais a leasú.

Sa chás nach ndéanfaí na bearta ATM sin a fhadú go dtí 2025, d’fhéadfadh éifeacht dhiúltach agus fhadhbach a bheith ann sa mhéid go laghdófaí an rochtain ar an margadh do gach ceann de na tíortha sna Balcáin Thiar. Ní bheadh sé seo ag teacht leis an gcur chuige tacaíochta atá ag an Aontas.

Ar iarraidh ón bhFrainc ar an gComhairle go ndeonófaí stádas tíortha is iarrthóirí le haghaidh ballraíocht AE don Mhacadóin Thuaidh agus don Albáin, rinne an Coimisiún athshainiú ar an bpróiseas don mhéadú i mí Feabhra 2020.

Dá bhrí sin, ag físchomhdháil Shágraib an 6 Bealtaine 2020, rinne na tíortha sa Bhalcáin Thiar – a raibh a dtiomantas do bhallraíocht san Aontas athdhearbhaithe acu mar ‘rogha daingean straitéiseach’ in Sofia in 2018 – an méid seo a leanas a thabhairt ar aire: 

 ‘an méadú ar an gcúnamh ón Aontas, beidh sé ag brath ar dhul chun cinn nithiúil maidir leis an smacht reachta agus maidir le hathchóirithe socheacnamaíocha, agus beidh sé ag brath freisin ar na Balcáin Thiar a bheith ag cloí le luachanna, rialacha agus caighdeáin an Aontais’;

 

 ‘ba cheart do cheannairí na mBalcán Thiar a áirithiú go seasfar go docht le luachanna bunúsacha, le prionsabail dhaonlathacha agus leis an smacht reachta, agus go ndéanfar iad a chur chun feidhme’:

 

 ‘tá gá le hiarrachtaí leanúnacha sa chomhrac in aghaidh an éillithe agus na coireachta eagraithe, agus caithfear torthaí substainteacha a fháil sna réimsí sin’.

 

Sa bhreis air sin, i measc na gcúig athrú atá déanta ó 2009, bhí ceann a ghlac Parlaimint na hEorpa an 16 Nollaig 2015 inar leagadh síos go sainráite go mbeadh cur i bhfeidhm an rialacháin seo coinníollach ar ‘go staonfaidh na tíortha agus na críocha dá dtagraítear [...] ó bheith ag déanamh sáruithe tromchúiseacha, córasacha ar chearta an duine, lena n-áirítear bunchearta saothair, prionsabail bhunúsacha an daonlathais agus an smacht reachta’ (Airteagal 2(1)(d)).

 

Léiríonn na measúnaithe is déanaí i dtaca leis na heintitis a chomhdhéanann na Balcáin Thiar go bhfuil meathlú ginearálta ag tarlú ar an staid i ndáil le héilliú, an smacht reachta agus saoirsí bunúsacha, go háirithe sa Mhacadóin Thuaidh.

 

Faoi Airteagal 2(3) den Rialachán i dtrácht, tá an Coimisiún údaraithe cheana féin le fionraí a dhéanamh, trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme, ar chur i bhfeidhm an rialacháin ina iomláine nó i bpáirt ag leanúint as breithniú ag Coiste Cur Chun Feidhme na mBalcán Thiar ar bhonn Airteagal 2(1)(d).

 

Ós rud é go bhfuil an staid ag éirí níos measa faoi láthair, agus go bhfuil sé ráite go neamhbhalbh ag an bParlaimint agus ag an gComhairle go bhfuil siad díocasach ar na socruithe atá ceaptha an bealach don aontachas – lena n-áirítear an rialachán i dtrácht – a ailíniú níos dlúithe le luachanna AE, tá an rapóirtéir den tuairim gurb iomchuí:

 

 feidhmiú an rialacháin a fhadú cúig bliana, faoi mar atá molta ag an gCoimisiún;

 

 an fadú sin a bheith faoi réir clásal athbhreithnithe éigeantach i ndiaidh 30 mí, le tuarascáil á tíolacadh chuig an gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eachtracha i bParlaimint na hEorpa.

 

 


 

NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Tabhairt isteach bearta eisceachtúla trádála le haghaidh tíortha agus críocha atá páirteach i bpróiseas Cobhsaíochta agus Comhlachais an Aontais Eorpaigh nó atá bainteach leis

Tagairtí

COM(2020)0135 – C9-0099/2020 – 2020/0051(COD)

Dáta tíolactha do Pharlaimint na hEorpa

3.4.2020

 

 

 

Coiste freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

INTA

16.4.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

AFET

16.4.2020

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

AFET

4.5.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Emmanuel Maurel

15.4.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

3.9.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

24.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

38

2

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Anna-Michelle Asimakopoulou, Tiziana Beghin, Geert Bourgeois, Saskia Bricmont, Udo Bullmann, Jordi Cañas, Daniel Caspary, Anna Cavazzini, Miroslav Číž, Arnaud Danjean, Paolo De Castro, Emmanouil Fragkos, Raphaël Glucksmann, Markéta Gregorová, Enikő Győri, Roman Haider, Christophe Hansen, Heidi Hautala, Danuta Maria Hübner, Herve Juvin, Karin Karlsbro, Maximilian Krah, Danilo Oscar Lancini, Bernd Lange, Margarida Marques, Gabriel Mato, Emmanuel Maurel, Maxette Pirbakas, Carles Puigdemont i Casamajó, Samira Rafaela, Inma Rodríguez-Piñero, Massimiliano Salini, Helmut Scholz, Liesje Schreinemacher, Sven Simon, Dominik Tarczyński, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt, Marie-Pierre Vedrenne, Jörgen Warborn, Iuliu Winkler, Jan Zahradil

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mazaly Aguilar, Nikos Androulakis, Margrete Auken, Marek Belka, Sergio Berlato, Markus Buchheit, Reinhard Bütikofer, Marco Campomenosi, Dita Charanzová, Clare Daly, Nicola Danti, Jérémy Decerle, Luke Ming Flanagan, José Manuel García-Margallo y Marfil, Dino Giarrusso, Márton Gyöngyösi, Svenja Hahn, Yannick Jadot, Agnes Jongerius, Sandra Kalniete, Seán Kelly, Peter Kofod, Andrey Kovatchev, Miapetra Kumpula-Natri, Jean-Lin Lacapelle, Aurore Lalucq, Morten Løkkegaard, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Costas Mavrides, Liudas Mažylis, David McAllister, Javier Moreno Sánchez, Gheorghe-Vlad Nistor, Urmas Paet, Luisa Regimenti, Manuela Ripa, Annie Schreijer-Pierik, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Witold Jan Waszczykowski, Angelika Winzig, Juan Ignacio Zoido Álvarez

Dáta don chur síos

2.10.2020

 

 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

 

38

+

ECR

Geert Bourgeois, Emmanouil Fragkos, Dominik Tarczynski, Jan Zahradil

GUE/NGL

Emmanuel Maurel, Helmut Scholz

ID

Roman Haider, Maximilian Krah,

NI

Tiziana Beghin, Carles Puigdemont i Casamajó

PPE

Anna Michelle Asimakopoulou, Daniel Caspary, Arnaud Danjean, Enikő Győri, Christophe Hansen, Danuta Maria Hübner, Sean Kelly, Gabriel Mato, Massimiliano Salini, Jörgen Warborn, Angelika Winzig

RENEW

Barry Andrews, Jordi Cañas, Urmas Paet, Samira Rafaela, Liesje Schreinemacher, Marie-Pierre Vedrenne

S&D

Marek Belka, Miroslav Číž, Paolo De Castro, Raphaël Glucksmann, Bernd Lange, Inma Rodríguez Piñero, Mihai Tudose, Kathleen Van Brempt

VERTS/ALE

Saskia Bricmont, Anna Cavazzini, Manuela Ripa

 

 

2

-

ID

Herve Juvin, Markus Buchheit

 

1

0

ID

Danilo Oscar Lancini

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 9 Deireadh Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais