Nós Imeachta : 2020/2015(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0176/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0176/2020

Díospóireachtaí :

PV 19/10/2020 - 18
CRE 19/10/2020 - 15
CRE 19/10/2020 - 18

Vótaí :

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0277

<Date>{02/10/2020}2.10.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0176/2020</NoDocSe>
PDF 240kWORD 90k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga</Titre>

<DocRef>(2020/2015(INI))</DocRef>


<Commission>{JURI}An Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Stéphane Séjourné</Depute>

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I GCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga

(2020/2015(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagail 4, 16, 26, 114 agus 118 de,

 ag féachaint do Choinbhinsiún Bheirn chun Saothair Liteartha agus Ealaíonta a Chosaint,

 ag féachaint do Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr[1] agus do Threoirlínte an Choimisiúin maidir le Rialacháin Níos Fearr (COM(2015)0215),

 ag féachaint don Chonradh um Chóipcheart ón Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil (OMPI), don Chonradh um Thaibhithe agus Fónagraim ó OMPI agus don Pháipéar Saincheisteanna athbhreithnithe ó OMPI an 13 Bealtaine 2020 maidir le Beartas na Maoine Intleachtúla agus leis an Intleacht Shaorga,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE[2],

 ag féachaint do Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí[3],

 ag féachaint do Threoir 2009/24/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Aibreán 2009 maidir le cosaint dlí ríomhchlár[4],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2016/943 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach[5],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid[6],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE[7],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2018/1807 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 maidir le creat le haghaidh saorshreabhadh sonraí neamhphearsanta san Aontas Eorpach[8],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne[9],

 ag féachaint do Pháipéar Bán ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘An Intleacht Shaorga – Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’ (COM(2020)0065),

 ag féachaint don obair a rinne an Grúpa Ardleibhéil Saineolaithe um an Intleacht Shaorga arna chur ar bun ag an gCoimisiún,

 ag féachaint do na teachtaireachtaí ón gCoimisiún dar teideal ‘Straitéis Eorpach maidir le Sonraí’ (COM(2020)0066) agus ‘Straitéis Nua Tionsclaíochta don Eoraip’ (COM(2020)0102),

 ag féachaint do na Treoirlínte maidir le Scrúdú in Oifig Eorpach na bPaitinní ó Shamhain 2019,

 ag féachaint do pháipéar oibre ar an ngeilleagar digiteach 2016/5 ó Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin agus a Institiúid um Staidéar ar Ionchais Teicneolaíochta  dar teideal ‘Peirspictíocht ar Ardáin Ar Líne ó thaobh an Beartais Eacnamaíoch de’,

 ag féachaint do na Treoirlínte Polaitiúla don chéad Coimisiún Eorpach eile 2019- 2024 dar teideal ‘Aontas níos uaillmhianaí: An clár oibre agamsa don Eoraip’,

 ag féachaint dá rún dar dáta an 16 Feabhra 2017 le moltaí don Choimisiún maidir le Rialacha an Dlí Shibhialta i leith na Róbataice[10],

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, agus ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla (A9-0176/2020),

A. de bhrí go bhfuil sé d’aidhm ag creat dlíthiúil an Aontais maidir le maoin intleachtúil go ndéanfar an nuálaíocht agus an cruthaitheacht a chur chun cinn mar aon le rochtain ar eolas agus faisnéis;

B. de bhrí go ndéantar foráil in Airteagal 118 CFAE go gcaithfidh reachtóir an Aontais bearta a leagan síos maidir le cearta maoine intleachtúla Eorpacha (CMInna) a chruthú chun a áirithiú go mbeidh cosaint aonfhoirmeach ann maidir leis na cearta sin ar fud an Aontais; de bhrí go bhfuil an Margadh Aonair i bhfabhar dálaí leis an bhfás eacnamaíoch is mó chun rathúnas a áirithiú do shaoránaigh an Aontais;

C. de bhrí go léirítear dul chun cinn suntasach teicneolaíochta sna forbairtí le déanaí san intleacht shaorga (IS) agus i dteicneolaíochtaí comhchosúla atá ag teacht chun cinn lena nginfear deiseanna agus dúshláin do shaoránaigh, gnólachtaí, riaracháin phoiblí, cruthaitheoirí agus an earnáil chosanta san Aontas;

D. de bhrí go bhféadfadh teicneolaíochtaí IS deacrachtaí a chruthú d’inrianaitheacht CMInna agus a bhfeidhmiú in aschur IS-ghinte, rud a choiscfeadh cruthaitheoirí daonna, a bhfuil a gcuid oibre bunaidh á úsáid chun na teicneolaíochtaí sin a chumhachtú, ó luach saothair chothrom a fháil;

E. de bhrí go n-éilíonn an aidhm go mbeidh an tAontas ina cheannródaí domhanda i dteicneolaíochtaí AE go gcaithfear a chuimsiú ann iarrachtaí chun ceannasacht dhigiteach agus thionsclaíocht an Aontais a athghabháil agus a choimirciú, chomh maith lena cumas iomaitheachta a áirithiú agus a nuáil a chur chun cinn agus a chosaint, agus go gcaithfidh sé athchóiriú struchtúrtha a leagan síos do bheartas tionsclaíochta an Aontais ionas go mbeidh sé ina cheann feadhna sna teicneolaíochtaí IS ach fós go n-urraimeoidh sé an éagsúlacht chultúrtha; de bhrí go n-éilíonn ceannaireacht dhomhanda an Aontais in IS go mbeidh córas éifeachtach maoine intleachtúla ann atá cuí don ré dhigiteach agus a chumasaíonn nuálaithe le táirgí nua a thabhairt isteach ar an margadh; de bhrí go bhfuil coimircí láidre ríthábhachtach chun córas paitinne an Aontais a chosaint ar mhí-úsáid, a bhfuil an mhí-úsáid sin díobhálach d’fhorbróirí nuálacha IS; de bhrí gur gá do chur chuige IS, a chomhlíonann prionsabail eitice agus chearta an duine, a bheith daonlárnach chun go mbeadh an teicneolaíocht ina huirlis a fhreastalaíonn ar dhaoine agus ar an leas coiteann;

F. de bhrí gurb é leibhéal an Aontais an leibhéal iomchuí ag a ndéanfar rialáil i réimse theicneolaíochtaí IS chun ilroinnt sa mhargadh aonair agus forálacha agus treoirlínte difriúla náisiúnta a sheachaint; de bhrí go bhféadfadh creat rialála lán-chomchuibhithe an Aontais i réimse IS a bheith ina thagarmharc reachtach amach anseo ar an leibhéal idirnáisiúnta; de bhrí gur i bhfoirm Rialacháin ba cheart do na rialacha comhchoiteanna nua dó chórais IS a bheith ionas go mbunófar caighdeáin chomhionanna ar fud an Aontais agus de bhrí go gcaithfidh an reachtaíocht a bheith slán i bhfad na haimsire chun a áirithiú go gcoinneoidh sé bonn ar aon leis an mearfhorbairt a tharlaíonn sa teicneolaíocht seo agus go gcaithfear measúnuithe tionchair críochnúla a dhéanamh mar obair iardain ina leith sin; de bhrí go rannchuidíonn an deimhneacht dhlíthiúil le forbairt na teicneolaíochta agus go bhfuil muinín na saoránach sna teicneolaíochtaí nua riachtanach don fhorbairt san earnáil sin, mar go neartaíonn sé buntáiste iomaíoch an Aontais; de bhrí gur cheart don chreat rialála lena rialaítear IS, dá bhrí sin, muinín a spreagadh i sábháilteacht agus iontaofacht IS agus go n-aimseodh sé cóimheá idir cosaint an phobail agus dreasachtaí gnó le haghaidh infheistiú sa nuáil;

G. de bhrí go bhfuil IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara bunaithe ar shamhlacha agus algartaim ríomhaireachtúla, a mbreathnaítear orthu mar mhodhanna matatamaiciúla de réir bhrí an Choinbhinsiúin um an bPaitinn Eorpach (CPE) agus dá bhrí sin nach bhfuil siad inphatinithe amhlaidh; de bhrí go bhféadtar modhanna matamaitciúla agus ríomhchláir a chosaint le paitinní faoi Airteagal 52(3) de CPE nuair a bhíonn siad in úsáid mar chuid de chóras IS a rannchuidíonn le héifeacht theicniúil bhreise a tháirgeadh; de bhrí gur cheart an tionchar a bheadh ag cosaint paitinne féideartha den sórt sin a mheasúnú go críochnúil;

H. de bhrí go bhfuil IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara bunaithe ar ríomhchláir a chruthú agus a fhorghníomhú agus, dá réir sin, go bhfuil siad faoi réir córas cosanta cóipchirt ar leith ach gurb é sloinneadh ríomhchláir amháin a fhéadfar a chosaint, agus ní na smaointe, modhanna ná prionsabail is bonn d’aon eilimint de;

I. de bhrí go bhfuil méadú ag teacht ar an líon paitinní IS-ghaolmhar atá á ndeonú;

J. de bhrí, le dul chun cinn IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara, go n-ardaítear ceisteanna mar gheall ar chosaint na nuálaíochta féin agus ar an mbuairt ó thaobh CMInna de faoi ábhair, inneachar nó sonraí atá á nginiúint ag IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara, a bhféadfadh nádúr tionsclaíoch nó ealaíonta a bheith ag roinnt leo agus a chruthaíonn deiseanna tráchtála; de bhrí, ina leith sin, go bhfuil sé tábhachtach idirdhealú a dhéanamh idir saothar arna chruthú ag duine daonna le cúnamh IS agus saothar arna chruthú ag IS;

J. de bhrí go bhfuil IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara ag brath go mór ar inneachar atá ann cheana agus ar thoilleadh mór sonraí; de bhrí go mbeidh ról ríthábhachach ag an méadú ar rochtain thrédhearcach agus oscailte ar shonraí agus bunachair sonraí neamhphearsanta san Aontas, go háirithe do FBManna agus cuideachtaí nua-thionscanta, agus ag idir-inoibritheacht sonraí, a dhéanann teorannú ar éifeachtaí in-ghlasála, ar fhorbairt IS Eorpach agus ar thacú le chumas iomaíochta cuideachtaí Eorpacha ar an leibhéal domhanda; De bhrí go gcaithfear cearta bunúsacha agus rialacha cosanta sonraí a urramú i mbailiú sonraí pearsanta agus go n-éilítear rialachas sainoiriúnaithe, eadhon ó thaobh bainistiú sonraí agus trédhearcachta de i leith na sonraí a úsáidtear i bhforbairt agus imlonnú teicneolaíochtaí IS, agus go bhfuil sé seo tábhachtach i rith shaolré iomlán aon chóras atá cumasaithe le IS;

1. ag tabhairt dá haire gach a bhfuil sa Pháipéar Bán ón gCoimisiún dar teideal ‘An Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’ agus a bhfuil sa Straitéis Eorpach maidir le Sonraí; á chur i bhfáth gur dócha go rannchuideoidh na cuir chuige ar a ndéantar cur síos anseo le hacmhainneacht na hintleachta saorga daonlárnaí a scaoileadh san Aontas; ag tabhairt dá haire, áfach, nach bhfuil aghaidh tugtha ag an gCoimisiún ar chosaint CMInna i gcomhthéacs fhorbairt IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara, in ainneoin thábhacht na gceart sin; á thabhairt chun suntais gur gá spás aonair sonraí Eorpach a chruthú agus á chreidiúint go mbeidh ról tábhachtach ag úsáid an spáis sin i nuáil agus cruthaitheacht i ngeilleagar an Aontais, agus gur cheart an méid sin a spreagadh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ról bunriachtanach ag an Aontas i leagan síos na bprionsabal bunúsach le haghaidh forbairt, imscaradh agus úsáid IS, gan bac a chur ar a dhul chun cinn ná bac a chur ar iomaíocht;

2. á thabhairt chun suntais go mbeidh forbairt AI agus teicneolaíochtaí gaolmhara sna hearnálacha iompair agus turasóireachta ag tabhairt nuálaíocht, taighde, slógadh infheistíochta agus buntáistí suntasacha eacnamaíocha, sochaíocha, comhshaoil, poiblí agus sábháilteachta i bhfeidhm, agus go bhfágfaidh sé na hearnálacha sin níos tarraingtí do na glúnta nua agus go gcruthóidh sé deiseanna nua fostaíochta agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe, ach nár cheart go ndéanfaidís díobháil ná damáiste do dhaoine nó don tsochaí;

3. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat rialála oibríochtúil agus lán-chomhchuibithe i réimse na dteicneolaíochtaí IS a chruthú; á mholadh gur cheart gur i bhfoirm rialacháin seachas treorach a bheadh an creat sin ionas go seachnófar aon ilroinnt ar an Margadh Aonair Digiteach Eorpach agus go ndéanfar nuáil a chur chun cinn;

4 á iarraidh ar an gCoimisiún na seacht bpríomhriachtanas a shainaithnítear i dTreoirlínte an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil a chur san áireamh, mar a d’fháiltigh sé rompu ina theachtaireacht an 8 Aibreán 2019[11], agus iad a chur chun feidhme go cuí i ngach reachtaíocht a dhéileálann le IS;

5. á chur i bhfáth, le forbairt, imlonnú agus úsáid na dteicneolaíochtaí a bhaineann le IS, mar aon le fás an gheilleagair dhomhanda sonraí, gur gá aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla, sóisialta, eacnamaíocha, eiticiúla agus dlíthiúla i réimsí éagsúla beartais, lena n-áirítear CMInna agus a dtionchar ar na réimsí beartais sin; á chur i bhfios go láidir má táthar le hacmhainneacht teicneolaíochtaí IS a scaoileadh, go bhfuil sé riachtanach bacainní dlíthiúla neamhriachtanacha a bhaint ionas nach gcuirfear bac ar fhás an gheilleagair sonraí atá ag forbairt san Aontais agus nach gcuirfear bac ar nuáil sa gheilleagar sin; á iarraidh measúnú tionchair a sheoladh i ndáil le cosaint CMInna i gcomhthéacs fhorbairt teicneolaíochtaí IS;

6. á chur i bhfáth go bhfuil tábhacht mhór le cosaint chóimheáite CMInna i ndáil le teicneolaíochtaí IS, agus go bhfuil nádúr iltoiseach ag roinnt leis an gcosaint sin, agus, ag an am céanna, á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé ardleibhéal cosanta CMInna a áirithiú, deimhneacht dhlithiúil a chruthú agus an mhuinín is gá a fhorbairt chun go spreagfar infheistíocht sna teicneolaíochtaí sin agus go n-áiritheofar a n-inmharthanacht fhadtéarmach agus a n-úsáid ag tomhaltóirí; á chreidiúint go bhfuil an cumas san Aontas teacht chun bheith ina cheannródaí maidir le teicneolaíochtaí IS a chruthú trí chreat oibríochtúil rialála a ghlacadh ar a ndéanfar measúnú go rialta i bhfianaise forbairtí teicneolaíochta agus trí bheartas réamhghníomhach a chur chun feidhme, go háirithe maidir le cláir oiliúna agus tacaíocht airgeadais don taighde agus do chomhar san earnáil phoiblí-phríobháideach; á athdhearbhú go bhfuil gá ann chun solúbthacht leordhóthanach a áirithiú le haghaidh forbairt teicneolaíochtaí, táirgí agus seirbhísí nua; ag cur béim ar an bhfíoras nach gá gur chun dochair do leasanna na gcruthaitheoirí daonna, ná do phrionsabail eitice an Aontais, a bheadh sé timpeallacht a chruthú atá fabhrach d’úsáid teicneolaíochtaí IS ag cruthaitheoirí a spreagadh;

7. á mheas freisin nach mór don Aontas aghaidh a thabhairt ar na gnéithe éagsúla de IS trí shainmhínithe teicneolaíochta a bheidh neodrach agus solúbtha go leor a chur i bhfeidhm maidir le forbairtí teicneolaíocha amach anseo chomh maith le húsáid na dteicneolaíochtaí sin ina dhiaidh sin; á mheas go bhfuil sé riachtanach leanúint de bheith ag machnamh ar idirghníomhaíochtaí idir IS agus CMInna, ó dhearcadh na n-oifigí maoine intleachtúla agus na n-úsáideoirí de; á chreidiúint go bhfuil an dúshlán a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar fheidhmchláir IS ag cruthú an riachtanais go mbeadh ceanglais trédhearcachta ann agus go ndéanfaí modhanna nua a fhorbairt ós rud é, mar shampla, go bhféadfadh córais foghlama oiriúnaithí athchalabrú a dhéanamh i ndiaidh gach ionchuir, lena bhfágfaí go mbeadh nochtaí ex ante áirithe gan éifeacht;

8. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh seirbhísí sruthaithe trédhearcach agus freagrach san úsáid a bhaineann siad as algartaim, ionas gur féidir rochtain ar ábhar cultúrtha agus cruthaitheach i bhfoirmeacha éagsúla agus i dteangacha éagsúla chomh maith le rochtain neamhchlaonta ar shaothair Eorpacha a ráthú níos fearr;

9. á mheas go bhfuil gá méadaitheach ann le haghaidh IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara i dteicneolaíochtaí aitheantais cianrochtana nó bhithmhéadracha, amhail aipeanna rianúcháin san earnáil iompair agus turasóireachta, mar bhealach nua chun déileáil le COVID-19 agus le géarchéimeanna sláintíochta agus sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí, agus fós radharc á choinneáil ar an ngá atá le cearta bunúsacha, príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint;

10. ag moladh go dtabharfar tosaíocht do mheastóireacht de réir earnála agus cineáil ar impleachtaí CMI na dteicneolaíochtaí IS; á mheas go gcuirfear san áireamh i gcur chuige den sórt sin, mar shampla, leibhéal na hidirghabhála daonna, uaithriail na gcóras IS, an tábhacht atá le ról agus bunadh na sonraí agus an ábhair faoi chosaint chóipchirt a úsáidtear agus an bhaint a d’fhéadfadh a bheith ag imthosca ábhartha eile leo; á mheabhrú go gcaithfidh aon chur chuige an chóimheá cheart a aimsiú idir an gá le hinfheistíochtaí sna hacmhainní agus i ndícheall a chosaint agus an gá atá ann dreasacht a thabhairt i gcás cruthú agus roinnt; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le taighde níos críochnúla chun meastóireacht a dhéanamh ar an ionchur daonna i ndáil le sonraí algartamacha; á chreidiúint go gcuireann teicneolaíochtaí suaiteacha amhail IS deis ar fáil do chuideachtaí beaga agus móra araon chun táirgí a fhorbairt a bheidh chun cinn sa mhargadh; á mheas gur cheart go mbainfeadh gach cuideachta tairbhe as cosaint CMI atá cothrom ó thaobh éifeachtúlachta agus éifeachtachta de; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna trí bhíthin Chlár an Mhargaidh Aonair agus na Mol Nuálaíochta Digití i gcosaint a dtáirgí;

11. ag moladh go mbeidh an measúnú sin ag díriú isteach ar thionchar agus ar impleachtaí IS agus teicneolaíochtaí eile faoi chóras reatha dhlí na bpaitinní, na cosanta trádmharcanna agus dearaí, an chóipchirt agus cearta gaolmhara, lena n-áirítear infheidhmeacht chosaint dhlíthiúil na mbunachar sonraí agus na ríomhchlár, chomh maith le fios gnó agus faisnéis ghnó neamhnochta (rúin trádála) a chosaint i gcoinne iad a fháil, a úsáid agus a nochtadh go neamhdhleathach; á aithint go bhfuil an cumas i dteicneolaíochtaí IS le feabhas a chur ar chur chun feidhme CMInna, in ainneoin gur gá fíorú agus athbhreithniú daonna a dhéanamh, go háirithe nuair a bhíonn iarmhairtí dlíthiúla i gceist; ag cur béim ar an bhfíoras, thairis sin, gur gá meastóireacht a dhéanamh chun a fhiosrú ar cheart dlí na gconarthaí a nuashonrú chun an chosaint is fearr a thabhairt do thomhaltóirí agus an gá rialacha iomaíochta a oiriúnú d’fhonn aghaidh a thabhairt ar aon chliseadh sa mhargadh agus ar aon mhí-úsáid sa gheilleagar digiteach, gur gá creat dlíthiúil níos cuimsithí a chur ar bun do na hearnálacha eacnamaíocha a bhfuil baint acu le IS, agus ar an gcaoi sin a chur ar chumas cuideachtaí Eorpacha agus geallsealbhóirí ábhartha scálú suas, agus gur gá deimhneacht dhlíthiúil a chruthú; á chur i bhfáth go gcaithfear an chosaint do mhaoin intleachtúil a réiteach le cearta agus saoirsí bunúsacha eile;

12. á mheabhrú go ndéantar modhanna matamaiticiúla iontu féin a eisiaimh ó inphaitinneacht mura rud é go bhfuil siad á n-úsáid chun críocha teicniúil i gcomhthéacs aireagáin theicniúla, a bhfuil siad sin iontu féin inphaitinne sa chás amháin go gcomhlíontar na critéir infheidhme a bhaineann le haireagáin; á mheabhrú, thairis sin, más rud é go mbaineann aireagán le modh ina bhfuil meáin theicniúla nó le feiste teicniúil, go measfar go bhfuil a chuspóir go deimhin de chineál teicniúil ar an iomlán, agus dá bhrí nach bhfuil sé eisiata ó inphaitinneacht; ag cur béim, ina leith seo, ar an ról atá ag an gcreat cosanta paitinní ó thaobh dreasacht a thabhairt d’airgeáin IS agus maidir lena scaipeadh a chur chun cinn, chomh maith leis an ngá atá ann le deiseanna a chruthú do cuideachtaí agus cuideachtaí nuathionscanta Eorpacha le forbairt agus glacadh IS san Eoraip a chothú; á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag paitinní caighdeánacha bunriachtanacha in IS nua agus teicneolaíochtaí gaolmhara a fhorbairt agus a scaipeadh agus in idirinoibritheacht a áirithiú; á iarraidh an gCoimisiún tacú le caighdeáin sa tionscal a bhunú agus caighdeánú foirmiúil a spreagadh;

13. ag tabhairt dá haire gur féidir cosaint phaitinne a dheonú ar choinníoll gur rud nua atá san aireagán nach bhfuil follasach ann féin agus go bhfuil céim airgtheach i gceist leis; ag tabhairt dá haire freisin i ndlí na bpaitinní, gur gá cur síos cuimsitheach ar an mbunteicneolaíocht a chur san áireamh, a d’fhéadfadh a bheith ina dhúshlán do theicneolaíochtaí IS ar leith mar gheall ar chasacht na réasúnaíochta; á chur i bhfáth go bhfuil dúshláin dhlíthiúla ag gabháil le hais-innealtóireacht, ar eisceacht é sin ar an gcosaint chóipchirt a thugtar do ríomhchláir agus ar chosaint rún ceirde, a bhfuil siad sin, ina sea, ríthábhachtach don nuáil agus don taighde agus ar cheart aird chuí a thabhairt orthu i gcomhthéacs fhorbairt teicneolaíochtaí IS; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na deiseanna atá ann chun tástáil leormhaith a dhéanamh ar tháirgí, mar shampla ar bhealach módúlach, gan rioscaí a chruthú do shealbhóirí CMI ná do rúin cheirde i ngeall ar an nochtadh forleathan ar tháirgí is féidir a mhacasamhlú go héasca; á chur i bhfáth gur cheart teicneolaíochtaí IS a bheith ar fáil go hoscailte chun críocha oideachais agus taighde, amhail modhanna foghlama níos éifeachtaí;

14. ag tabhairt dá haire go bhfuil ceisteanna maidir le húinéireacht CMInna a chuimsíonn inneachar ag éirí as uathnomaíocht an phróisis chruthaithí trína ndéantar inneachar de chineál ealaíonta a ghiniúint; á mheas, i ndáil leis sin, nach mbeadh sé iomchuí féachaint le pearsantacht dhlítheanach a thabhairt do theicneolaíochtaí IS agus á chur in iúl go bhful tionchar diúltach ag an bhféidearthacht sin ar dhreasachtaí do chruthaitheoirí daonna;

15. á chur in iúl go bhfuil difríocht idir cruthúcháin ag an duine le cúnamh IS agus cruthúcháin IS-ghinte, agus go gcothaíonn cruthúcháin IS-ghinte dúshláin rialála i gcás cosaint CMI, amhail ceisteanna faoi úinéireacht, airgeánacht agus luach saothair iomchuí, chomh maith le saincheisteanna a bhaineann le comchruinniú féideartha an mhargaidh; á mheas, thairis sin, gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir CMInna d’fhorbairt teicneolaíochtaí IS agus CMInna a d’fhéadfaí a dheonú do chruthúcháin IS-ghinte; á chur i bhfáth, sa chás nach n-úsáidtear IS ach mar uirlis chun cabhrú le húdar sa phróiseas cruthaitheach, go bhfuil an creat maoine intleachtúla reatha fós infheidhme;

16. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcaithfear cruthúcháin theicniúla a ghintear le teicneolaíocht IS a chosaint faoin gcreat dlíthiúil CMI ionas go spreagfar infheistíocht i gcruthúcháin den chineál sin agus ionas go bhfeabhsófar deimhneacht dhlíthiúil do shaoránaigh, do ghnólachaí agus, ós rud é go bhfuil siad i measc na bpríomhúisáideoirí teicneolaíochtaí IS faoi láthair, d’airgeoirí; á mheas go bhféadfadh sé nach mbeadh saothair arna dtáirgeadh go huathoibríoch ag gníomhaithe saorga agus róbait incháilithe do chosaint chóipchirt, chun déanamh de réir phrionsabal na húrnuachta, atá naschta le duine nádúrtha, agus ós rud é gurb í pearsantacht an údair atá i gceist leis an gcoincheap ‘cruthú intleachtúil’; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cur chuige cothrománach, fianaise-bhunaithe agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de maidir le forálacha cóipchirt coiteanna agus aonfhoirmeacha atá infheidhme maidir le saothair IS-ghinte san Aontas, má mheastar go bhféadfadh saothair den sórt sin a bheith incháilithe do chosaint chóipchirt; á mholadh gur chuig daoine nádúrtha nó dlitheánacha a chruthaigh an saothair go dlíthiúil, agus dóibhsean amháin, ba cheart úinéireacht ar chearta a shannadh agus nach ndéanfaí é sin ach amháin sa chás go mbíonn údarú deonaithe ag an sealbhóir cóipchirt má úsáideadh ábhar faoi chosaint chóipchirt, mura rud é go bhfuil feidhm ag eisceachtaí nó srianta cóipchirt; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain ar shonraí agus comhroinnt sonraí, caighdeáin oscailte agus teicneolaíocht foinse oscailte a éascú, agus fós infheistiú a spreagadh agus borradh a chur faoin nuáil;

17. ag tabhairt dá haire gur féidir le IS déileáil le líon mór sonraí a bhaineann le húrscothacht nó le CMInna a bheith ann; ag tabhairt dá haire ag an am céanna i gcás IS nó teicneolaíochta gaolmhara a úsáidtear don nós meachta clárúcháin chun CMInna a dheonú agus chun dliteanas i gcás sáruithe ar CMI a chinneadh, nach féidir leo sin, chun cáilíocht agus cothroime na gcinntí a áirithiú, teacht in ionad athbhreithniú daonna arna dhéanamh ar bhonn cás ar chás; ag tabhairt dá haire go bhfuil IS ag forbairt go forchéimnitheach sa chaoi go bhfuil sé ag fáil an chumais chun cúraimí a dhéanann an duine de ghnáth a dhéanamh é féin, agus á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá coimircí leormhaithe a bhunú, lena n-áirítear córais deartha le rialú daonfheasach agus próisis athbhreithnithe, trédhearcacht, cuntasacht agus fíorú ar chinnteoireacht IS;

18. ag tabhairt dá haire, maidir le húsáid sonraí neamhphearsanta ag teicneolaíochtaí AI, gur gá úsáid dhlíthiúil saothar faoi chóipcheart agus ábhar agus sonraí gaolmhara eile, lena n-áirítear inneachar a bhí ann cheana, tacair sonraí ardcháilíochta agus meiteashonraí, a mheas i bhfianaise rialacha atá ann cheana féin maidir le srianta agus eisceachtaí a ghabhann le cosaint chóipchirt, amhail an eisceacht i leith mianadóireacht téacs agus sonraí, de réir mar a fhoráiltear dóibh leis an Treoir maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach; á iarraidh go mbeadh soiléiriú breise ann ar chosaint sonraí faoin dlí cóipchirt agus smaoineamh ar thrádmharc agus cosaint deartha tionsclaíoch a thabhairt isteach do shaothair a ghintear go huathoibríoch trí fheidhmchláir IS; á mheas gur cheart comhroinnt sonraí neamhphearsanta ar bhonn deonach idir gnólachtaí agus earnálacha a chur chun cinn agus go mbeadh an méid sin bunaithe ar chomhaontuithe conarthacha córa, lena n-áirítear comhaontuithe ceadúnúcháin; ag cur béim ar na saincheisteanna CMI a eascraíonn as cruthú domhainbhrionnúcháin ar bhonn sonraí míthreoracha, cúbláilte nó go bunúsach ar ísealcháilíocht, gan beann ar shonraí a d’fhéadfadh a bheith faoi réir cóipchirt a bheith sna domhainbhrionnúcháin sin nó gan a bheith; á chur in iúl go bhfuil imní urithi faoin bhféidearthacht go mbeadh aon ollchúbláil ar shaoránaigh á úsáid chun an taca a bhaint de dhaonlathais agus á iarraidh go méadófar múscailt feasachta agus litearthacht sna meáin chomh maith le teicneolaíochtaí IS, a bhfuil géarghá leo, a chur ar fáil chun fíorais agus faisnéis a fhíorú; á mheas i gcás taifid in-iniúchta de shonraí neamhphearsanta a bhíonn in úsáid i rith shaolré teicneolaíochtaí IS-chumasaithe i gcomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí, go bhféadfadh siad sin an rianú ar úsáid saothair faoi chosaint chóipcheirt a éascú agus ar an gcaoi sin cosaint níos fearr a thabhairt do shealbhóirí cirt agus rannchuidiú le cosaint na príobháideachta, dá ndéanfaí an ceanglas i dtaobh coimeád taifead in-iniúchta a leathnú amach chun go gclúdódh sé sonraí ina bhfuil íomhánna agus/nó físeáin ina bhfuil sonraí bithmhéadracha, nó a dhíorthaíonn astu; á chur i bhfáth go bhféadfadh teicneolaíochtaí IS a bheith úsáideach i gcomhthéacs forfheidhmiú CMI, ach go dteastódh athbhreithniú daonna agus ráthú go bhfuil aon chóras cinnteoireachta faoi threallús IS go hiomlán trédhearcach; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh aon chóras IS a bheidh ann amach anseo dul timpeall ar cheanglais fhéideartha le haghaidh teicneolaíocht foinse oscailte i dtairiscintí poiblí nó cosc a chur ar idirnascthacht seirbhísí digiteacha; ag tabhairt dá haire go bhfuil córais IS bunaithe ar bhogearraí agus go bhfuil siad ag brath ar mhúnlaí staitistiúla, a bhféadfadh earráidí a bheith freisin iontu; á chur i bhfáth nach bhféadfaidh aschur IS-ghinte a bheith idirdhealaitheach agus gurb é ceann de na bealaí is éifeachtaí chun laofacht a laghdú i gcórais IS ná a áirithiú – a mhéid is indéanta sin faoi dhlí an Aontais – go bhfuil fáil ar an méid is féidir de shonraí neamhphearsanta chun críocha oiliúna agus don mheaisínfhoghlaim; á iarraidh ar an gCoimisiún smaoineamh ar shonraí san fhearann poiblí a úsáid chun na gcríoch sin;

19. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé an Straitéis maidir le Margadh Aonair Digiteach a chur chun feidhme ina hiomláine chun feabhas a chur ar inrochtaineacht agus idir-inoibritheacht sonraí neamhphearsanta san Aontas; á chur i bhfáth go gcaithfidh an Straitéis Eorpach maidir le Sonraí cóimheá a áirithiú idir sreabhadh, rochtain níos leithne agus úsáid agus comhroinnt sonraí a chur chun cinn, ar lámh amháin, agus CMInna agus rúin cheirde a chosaint, ar an lámh eile, agus fós na rialacha maidir le cosaint sonraí agus príobháideachas a urramú ag an am céanna; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá ann measúnú a dhéanamh ina leith sin ag féachaint an bhfuil rialacha an Aontais maidir le maoin intleachtúil ina n-uirlis leormhaith chun sonraí a chosaint, lena n-áirítear sonraí earnála atá ag teastáil chun IS a fhorbairt, agus á mheabhrú nach gá go ndéanfaí sonraí struchtúrtha, amhail bunachar sonraí, i gcás ina mbíonn cosaint maoine intleachtúla acu, a mheas mar shonraí; á mheas gur cheart faisnéis chuimsitheach a chur ar fáil maidir le húsáid sonraí atá faoi chosaint maoine intleachtúla, go háirithe i gcomhthéacs an chaidrimh idir ardáin agus fiontair; á chur in iúl gur geal léi aidhm an Choimisiúin spás sonraí Eorpach aonair a chruthú;

20. ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomh reachtach á mheas ag an gCoimisiún maidir le saincheisteanna a bhfuil tionchar acu ar an gcaidreamh idir oibreoirí eacnamaíocha a bhfuil sé mar chuspóir acu úsáid a bhaint as sonraí neamhphearsanta agus á chur in iúl gur geal léi go bhféadfaí athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le Bunachair Sonraí agus go bhféadfaí soiléiriú a thabhairt isteach i dtaobh chur i bhfeidhm na Treorach maidir le rúin cheirde a chosaint mar chreat cineálach; ag dréim le spéis mhór le torthaí an chomhairliúcháin phoiblí ar Straitéis Eorpach maidir le Sonraí atá seolta ag an gCoimisiún;

21. á chur i bhfáth gur gá don Choimisiún é a bheith mar aidhm aige cosaint chothrom agus faoi threallús ag an nuáil a sholáthar i gcás maoin intleachtúil, rud a rachaidh chun tairbhe d’fhorbróirí IS san Eoraip, chun cumas iomaíochta cuideachtaí Eorpacha ar an leibhéal idirnáisiúnta a neartú, lena n-áirítear in aghaidh míchleachtais dlíthíochta a d’fhéadfadh tarlú, agus chun deimhneacht dhlíthiúil uasta a áirithiú d’úsáideoirí, go háirithe a mhéid a bhaineann leis na pléite atá ar siúl faoi láthair i dtaobh IS agus an réabhlóid sonraí faoi choimirce OMPI; á chur in iúl gur geal léi na haighneachtaí a rinne an Choimisiún le déanaí inar cuireadh dearcadh an Aontais ar aghaidh chuig comhairliúchán poiblí OMPI maidir leis an dréacht de Pháipéar Saincheisteanna OMPI maidir le Beartas na Maoine Intleachtúla agus leis an Intleacht Shaorga; á mheabhrú ina leith sin gurb é dualgas eiticiúil an Aontais tacú le forbairt ar fud an domhain trí chomhar trasteorann maidir le IS a éascú, lena n-áirítear trí theorainneacha agus eisceachtaí le haghaidh taighde trasteorann agus mianadóireacht téacs agus mianadóireacht sonraí, de réir mar a fhoráiltear dó sa Treoir maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach;

22. á chur in iúl go bhfuil sí go hiomlán ar an eolas go gcaithfear dul chun cinn in IS a phéireáil le hinfheistíocht phoiblí i mbonneagar, oiliúint i scileanna digiteacha agus feabhsuithe móra ar nascacht agus idir-inoibritheacht d’fhonn é a thabhairt chun críche go hiomlán; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá líonraí slána agus inbhuanaithe 5G chun imscaradh iomlán a dhéanamh ar theicneolaíochtaí IS ach, níos tábhachtaí fós, an obair riachtanach ar leibhéal an bhonneagair agus na slándála ina leith sin ar fud an Aontais; á thabhairt dá haire gur ann do dhianghníomhaíocht phaitinnithe san earnáil iompair maidir le IS; ag cur a himní in iúl go bhféadfadh dlíthíocht ollmhór a bheith mar thoradh air seo a rachaidh chun dochair don tionscal ina iomláine agus go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do shábháilteacht tráchta mura ndéanaimid reachtaíocht a rith maidir le forbairt na teicneolaíochtaí a bhaineann le IS ar leibhéal an Aontais gan tuilleadh moille;

23. ag tacú le toilteanas an Choimisiúin cuireadh a thabhairt do na príomhpháirtithe ón earnáil déantúsaíochta – déantúsóirí iompair, nuálaithe IS agus nascachta, soláthraithe seirbhíse ó earnáil na turasóireachta agus gníomhaithe eile sa slabhra luacha mótarfheithiclí – aontú ar na coinníollacha faoina mbeidís réidh a gcuid sonraí a chomhroinnt;

24. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún, agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát.

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Is réimse taighde eolaíoch í an intleacht shaorga (IS) a bhfuil a fréamhacha le fáil i lár an 20ú haois. Tá sprioc uaillmhianach aici: tuiscint a fháil ar an gcaoi a n-oibríonn an córas cognaíoch daonna agus é a atáirgeadh chun próiseas cinnteoireachta inchomparáide a chruthú. Le blianta beaga anuas, tá ré nua tosaithe ag IS a bhuí le cóineasú ardchumhachta ríomhaireachta, ardú mór ar líon na dtacar sonraí, agus iad níos líonmhaire, agus algartaim chumhachtacha.

 

Tacaíonn an diminic nua sin le forbairt agus úsáid IS i raon leathan réimsí. Mar shampla, is féidir, a bhuí le IS, anailís a dhéanamh ar shamplaí cliniciúla go huathoibríoch, nó soilse tráchta a choigeartú de réir an tráchta atá ar an mbóthar gan idirghabháil dhaonna. Mar sin tá acmhainneacht ollmhór ag an teicneolaíocht seo, ó thaobh na nuálaíochta de, agus is faoin Aontas Eorpach atá sé creat dlíthiúil oibríochtúil a chur ar fáil chun an intleacht shaorga Eorpach agus beartais phoiblí Eorpacha a fhorbairt a bheidh i gcomhréir leis na saincheisteanna a ardaítear, go háirithe maidir le hoiliúint a chur ar mhuintir na hEorpa agus tacaíocht airgeadais a chur ar fáil do thaighde feidhmeach agus taighde bunúsach. Tá sé riachtanach sa chreat sin machnamh a dhéanamh ar chearta maoine intleachtúla (CMInna) chun nuálaíocht agus cruthaitheacht a spreagadh agus a chosaint sa réimse sin.

 

Tá díospóireacht ar siúl i gcónaí faoi shainmhíniú IS, ach is dóchúil go spreagfaidh deimhneacht dhlíthiúil na hinfheistíochtaí is gá sa réimse sin sa Aontas. Ba cheart, dá bhrí sin, solúbthacht reachtach de chineál éigin a chur chun cinn chun réadúlacht ilghnéitheach na hintleachta saorga a chur san áireamh agus a bheith in ann seasamh i bhfad na haimsire (agus fónamh don fhorbairt theicneolaíoch).

 

Ar bhonn réamhtheachtach, ní foláir measúnú ar dhlí na bpaitinní a chur san áireamh ar dtús i bhfianaise na forbartha ar IS. Tugann paitinní cosaint d’aireagáin theicniúla, i.e. táirgí a sholáthraíonn réiteach teicniúil nua ar fhadhb theicniúil ar leith. Dá bhrí sin, cé nach bhfuil algartaim, modhanna matamaiticiúla agus ríomhchláir inphaitinnithe dá réir sin, féadfaidh siad a bheith mar chuid d’aireagán teicniúil ar féidir é a phaitinniú. Tá sé ríthábhachtach do chur chun cinn IS Eorpach go mbeidh gníomhaithe eacnamaíocha, go háirithe gnólachtaí nuathionscanta Eorpacha, ar an eolas faoin deis sin.

 

Tá breis agus méadú faoi thrí tagtha ar líon na n-iarratas ar phaitinní arna gclárú ag Oifig na bPaitinní Eorpacha le deich mbliana anuas i gcomhair aireagáin a bhaineann go díreach le feidhmiú IS (croítheicneolaíochtaí IS): ó 396 in 2010 go 1 264 in 2017. Mar sin féin, ba cheart a thabhairt faoi deara gur mó iarratas atá á gcur isteach i roinnt tríú tíortha agus go bhfuil iomaíocht láidir idirnáisiúnta sa réimse straitéiseach sin.

 

Baineann oifigí paitinne úsáid as IS freisin chun éascú a dhéanamh ar thaighde úrscothach. I dtaca leis sin, dealraítear gur den tábhacht é a chur i bhfios go ndéanann an teicneolaíocht cúnamh úsáideach a sholáthar, ach nár cheart di ionad na hanailíse a bhíonn á déanamh ag scrúdaitheoir daonna a ghlacadh mar bhonn do chearta a dheonú. I réimse na bpaitinní, ní foláir a chur i bhfios freisin go bhféadfaidh an chastacht a bhaineann leis an réasúnaíocht atá in úsáid ag teicneolaíochtaí IS airithe cur leis an deacracht a bhaineann le seiceáil go bhfuil na rialacha atá ann faoi láthair á gcomhlíonadh ag na haireagáin sin.

 

Ar bhonn iartheachtach, is féidir le huathriail mhéadaitheach na bpróiseas cinnteoireachta áirithe a bheith ina siocair le cruthaíochtaí teicniúla agus ealaíonta. I bhfianaise na bhforbairtí sin, ní foláir don mheasúnú ar CMInna uile a bheith ina thosaíocht don réimse sin de dhlí AE, chun timpeallacht atá fabhrach do chruthaitheacht agus nuálaíocht a chothú trí chruthaitheoirí a chúiteamh. Tá ról ríthábhachtach fós ag an duine i dtaca le feistí IS a ríomhchlárú, le roghnú na sonraí ionchuir agus le cur i bhfeidhm na torthaí a fhaightear. Is cosúil, i ndeireadh na dála, gur fada uainn fós an dóigh go mbeidh ann do IS ‘tréan’, atá feasach ar a beithsine féin.

 

Maidir le cóipcheart, d’fhéadfadh coinníoll na húrnuachta, lena gcuirtear pearsantacht an údair in iúl sa saothar, a bheith ina bhac ar chosaint a thabhairt do chruthaíochtaí a ghintear le IS. Mar sin féin, is i dtreo coincheap oibiachtúil d’úrnuacht choibhneasta atá an claonadh ginearálta a mhéid a bhaineann leis an gcoinníoll sin, rud a fhágann gur féidir idirdhealú a dhéanamh idir saothar atá faoi chosaint agus saothair atá cruthaithe cheana féin. Tá sé d’aidhm chomhchoiteann fós leis an gcruthaíocht a ghintear le IS agus leis an gcruthaíocht ‘thraidisiúnta’ leathnú a dhéanamh ar an oidhreacht chultúrtha, fiú má chruthaítear trí ghníomh difriúil é. Tráth ina bhfuil cruthaíocht ealaíonta a dhéantar le IS ag éirí níos coitianta (sampla amháin is ea an pictiúr[12] ‘Next Rembrandt’ a gineadh tar éis digitiú a dhéanamh ar 346 shaothar leis an bpéintéir ionas go bhféadfaí iad a phróiseáil trí úsáid a bhaint as IS), is léir go bhfuilimid ag gluaiseacht i dtreo na hadmhála go bhféadfaí cruthaíocht a ghintear le IS a mheas mar shaothar ealaíne ar bhonn an toraidh chruthaithigh seachas an próiseas cruthaitheach. Ba cheart a thabhairt faoi deara freisin go bhféadfadh mainneachtain ar chosaint a thabhairt do chruthaíochtaí a ghintear le IS, léirmhínitheoirí na gcruthaíochtaí sin a bheith fágtha gan chearta, ós rud é go dtugtar le fios sa chosaint a thugtar le córas na gceart gaolmhar gur ann do chóipcheart cheana maidir leis an saothar atá á léirmhíniú

 

Dá bhrí sin, tá sé beartaithe gur cheart measúnú a dhéanamh ar an inmholtacht maidir le cóipcheart ar ‘shaothar cruthaitheach’ den sórt sin a dheonú don duine nádúrtha a ullmhaíonn nó a fhoilsíonn é go dleathach, ar choinníoll nár chuir dearthóir nó dearthóirí na teicneolaíochta foluití i gcoinne na húsáide sin. Bheadh an réasúnaíocht sin i gcomhréir leis an gcóras Eorpach cosanta do ‘shonraí saothar’; féadfar na sonraí sin a shaothrú mar chuid de na sonraí a úsáidtear chun oiliúint a chur ar theicneolaíochtaí IS, a fhéadfaidh ina dhiaidh sin saothair thánaisteacha a ghiniúint, lena n-áirítear chun críoch tráchtála, ar choinníoll nach bhfuil an ceart i leith na húsáide sin faoi fhorchoimeád go sainráite ag a sealbhóirí cirt.

 

Ar deireadh, i bhfianaise ról bunriachtanach na sonraí agus a roghnú san fhorbairt ar theicneolaíochtaí IS, tagann roinnt ceisteanna chun cinn a bhaineann le hinrochtaineacht na sonraí sin, go háirithe an spleáchas ar shonraí, na héifeachtaí gaibhnithe, an cheannasacht atá ag gnóthais áirithe agus, go ginearálta, sreabhadh neamhleor sonraí. Beidh sé tábhachtach, dá bhrí sin, an chomhroinnt ar shonraí a ghintear san Aontas Eorpach a spreagadh chun nuálaíochtaí san intleacht shaorga a ghríosú. Sa ghearrthéarma, féadfaidh sé sin a bheith bunaithe go háirithe ar thrasuí na Treorach maidir le Sonraí Oscailte agus ar thabhairt chun críche comhaontuithe ceadúnaithe a chur chun cinn chun an chomhroinnt ar shonraí tionsclaíocha a spreagadh. Sa mheántéarma, beidh an togra ón gCoimisiún atá ar na bacáin maidir leis an gcreat reachtach cineálach le haghaidh rialachas a dhéanamh ar réimsí sonraí coiteanna Eorpacha cinntitheach, go háirithe maidir le rochtain ar bhunachair sonraí íogaire, amhail na bunachair sonraí sin i réimse na sláinte.


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN MARGADH INMHEÁNACH AGUS UM CHOSAINT AN TOMHALTÓRA (9.7.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla</CommissionInt>


<Titre>ar chearta maoine Intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga</Titre>

<DocRef>(2020/2015(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Adam Bielan</Depute>

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. ag meabhrú na hacmhainneachta atá ag an intleacht shaorga (IS) a mhéid a bhaineann le seirbhísí nuálacha a chur ar fáil do ghnólachtaí, tomhaltóirí agus don earnáil phoiblí; á chur i bhfáth gur féidir le teicneolaíochtaí IS ról lárnach a bheith acu sa digitiú ar an ngeilleagar in go leor earnálacha, amhail tionsclaíocht, cúram sláinte, foirgníocht agus iompar, ar féidir le bunú samhlacha nua gnó a bheith mar thoradh air sin; á thabhairt chun suntais nach foláir don Aontas glacadh go gníomhach le forbairtí sa réimse sin ar mhaithe leis an margadh aonair digiteach a chur chun cinn; á chur i bhfios go láidir go dtairbheoidh an fhorbairt ar IS agus an úsáid a bhainfear aisti sa mhargadh inmheánach de chóras iontaofa, cothrom agus éifeachtach de chearta maoine intleachtúla (CMInna); ag tabhairt dá haire a thábhachtaí atá sé idirdhealú a dhéanamh idir feidhmchláir nó algartaim IS, teicneolaíocht agus táirgí atá á nginiúint ag IS, bunachair sonraí agus sonraí aonair, lena n-éilítear cineálacha éagsúla ceart;

2. á chreidiúint go gcuireann teicneolaíochtaí suaiteacha amhail IS deis ar fáil do chuideachtaí beaga agus móra araon táirgí a bheidh chun cinn sa mhargadh a fhorbairt; á mheas gur cheart go dtairbheodh gach cuideachta nó gach úinéir eile na dtáirgí sin de chosaint ar CMI a bheadh chomh héifeachtúil agus chomh héifeachtach céanna; á mheas go bhféadfaidh sé sin cothú a dhéanamh ar theacht chun cinn na bhfiontar beag agus meánmhéide Eorpach (FBManna) agus buntáiste suntasach iomaíoch san Aontas a bheith mar thoradh air; á iarraidh go ndéanfar anailís ar tionchar na gcleachtas éagórach ag ‘troill phaitinne’ agus ag dlíthíocht straitéiseach CMI, ar féidir leo a bheith ina mbacainní shaorga ar iontráil agus ar shealbhóirí margaidh a chosaint; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá teicneolaíochtaí IS chun bainistiú níos trédhearcaí, níos éifeachtúla agus níos iontaofa a dhéanamh ar ghnéithe d’idirbhearta a bhaineann le MI;

3. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá bearta agus cainéil faisnéise a chabhraíonn le FBManna agus le gnólachtaí nuathionscanta úsáid éifeachtach a bhaint as cosaint CMI i dteicneolaíochtaí IS; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacaíocht a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta agus FBManna trí Chlár an Mhargaidh Aonair agus na Moil Nuálaíochta Digití chun a dtáirgí a fhorbairt agus a chosaint agus a chur ar a gcumas, dá bhrí sin, a n-acmhainneacht ó thaobh fáis agus post de san Eoraip a fhorbairt go hiomlán; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé don Choimisiún agus do na Ballstáit comhordú le gníomhaithe tábhachtacha eile in CMI a lorg chun IS a fhorbairt, ionas go gcruthófar cur chuige atá comhoiriúnach ar bhonn domhanda agus a rachadh chun tairbhe do FBManna agus do ghnólachtaí nuathionscanta araon;

4. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé CMInna a chosaint, lena n-áirítear rúin cheirde, in aon chreat rialála le haghaidh IS, go háirithe a mhéid a bhaineann le haon cheanglais mhionsonraithe don tacar teoranta d’fheidhmeanna a mheastar go bhfuil ‘ardriosca ag baint leo’, agus á aithint ag an am céanna an gá atá le réiteach a dhéanamh eatarthu sin agus cur i bhfeidhm cuspóirí eile beartais phoiblí,  lena n-áirítear urraim do chearta nó saoirsí bunúsacha; á chreidiúint chun an fhorbairt ar IS atá iontaofa agus atá dírithe ar an duine a áirithiú, go bhfuil gá leis an reachtaíocht a bhaineann le sceithirí eolais a chur chun feidhme go héifeachtach;

5. á chur i bhfáth, sa bhreis ar chosaint a thabhairt do CMIanna, gur chun leas na dtomhaltóirí é deimhneacht dhlíthiúil a bheith acu faoi na húsáidí a lamháiltear maidir le saothair faoi chosaint, go háirithe a mhéid a bhaineann le táirgí algartamacha casta; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a mholadh i gcás inrianaitheacht sonraí, agus dlíthiúlacht na fála sonraí agus cosaint an tomhaltóra agus na gceart bunúsach araon á gcur san áireamh ag an am céanna;

6. á chreidiúint go bhfuil gá le modhanna nua agus acmhainneacht chuí riaracháin do na húdaráis um fhaireachas margaidh a fhorbairt i ngeall ar an dúshlán a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar fheidhmeanna IS; ag tabhairt dá haire, mar shampla, go bhféadfaidh córais d’fhoghlaim oiriúnaitheach athchalabrú a dhéanamh i ndiaidh gach ionchuir, lena bhfágfar go mbeidh nochtaí ex ante amháin neamhéifeachtach;

7. á mheas, i gcás ina bhfuil feidhmeanna IS deimhnithe, gur cheart dóibh trédhearcacht, inmhínitheacht – a mhéid is féidir a dhéanamh – agus comhlíonadh leis na caighdeáin eiticiúla a léiriú; ag tabhairt dá haire nach féidir an sprioc sin a bhaint amach trí nochtadh simplí an algartaim nó an chóid sin amháin, más in aon chor; á mheabhrú go bhfuil tábhacht freisin le tacair sonraí sa phróiseas sin;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh maidir le conas measúnú a dhéanamh ar bhealaí lena lamháiltear do thástáil a dhéanamh ar tháirgí, mar shampla trí bhealach modúlach nó trí uirlisí fíorúcháin a úsáid lena mbeifí in ann tástáil a dhéanamh ar tháirgí go leormhaith agus rúndacht á hurramú ag an am céanna chun cosaint a thabhairt do na rúin tráchtála atá i seilbh shealbhóirí CMI.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

7.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

 

 

 

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Brando Benifei, Adam Bielan, Hynek Blaško, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Markus Buchheit, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Petra De Sutter, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Andrey Kovatchev, Jean-Lin Lacapelle, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Beata Mazurek, Leszek Miller, Kris Peeters, Anne-Sophie Pelletier, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Kim Van Sparrentak, Marion Walsmann, Marco Zullo

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pascal Arimont, Marco Campomenosi, Maria da Graça Carvalho, Edina Tóth, Stéphanie Yon-Courtin

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

43

+

ECR

Adam Bielan, Carlo Fidanza, Eugen Jurzyca, Beata Mazurek

EPP

Pascal Arimont, Maria da Graça Carvalho, Deirdre Clune, Arba Kokalari, Andrey Kovatchev, Antonius Manders, Kris Peeters, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Edina Tóth, Marion Walsmann

EUL/NGL

Kateřina Konečná, Anne-Sophie Pelletier

GLASAIGH/ALE

David Cormand, Petra De Sutter, Alexandra Geese, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak,

ID

Markus Buchheit, Marco Campomenosi, Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle

NI

Marco Zullo

RENEW

Andrus Ansip, Vlad-Marius Botoş, Dita Charanzová, Sandro Gozi, Svenja Hahn, Stéphanie Yon-Courtin

S&D

Alex Agius Saliba, Brando Benifei, Biljana Borzan, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Christel Schaldemose

 

0

-

 

 

 

1

0

ID

Hynek Blaško

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

 : staonadh

 


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (14.7.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla</CommissionInt>


<Titre>ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga</Titre>

<DocRef>(2020/2015(INI))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Andor Deli</Depute>

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

Réamhrá

1. á chur in iúl gur geal leis na huaillmhianta a dhearbhaigh an Coimisiún i dteachtaireachtaí uaidh an 19 Feabhra 2020, chomh maith lena Pháipéar Bán ar an ‘Intleacht Shaorga – Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar iontaobhas’ agus sa Straitéis Eorpach maidir le Sonraí, i réimse na hintleachta saorga (IS ) agus sonraí; ag tabhairt dá aire, áfach, go gcaithfear aird níos dáiríre a thabhairt ar chosaint cearta maoine intleachtúla (CMInna) i gcomhthéacs fhorbairt IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara;

2. á chur i bhfáth, i ngeall ar fhorbairt agus imscaradh IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara go bhfuil gá le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna teicniúla, sóisialta, eacnamaíocha, eiticiúla agus dlíthiúla agus impleachtaí trasearnála i réimsí éagsúla beartais, lena n-áirítear CMInna, agus freagraí a sholáthar agus beartais a fhoirmiú ar an leibhéal Eorpach;

3. á thabhairt chun suntais go dtabharfaidh forbairt AI agus teicneolaíochtaí gaolmhara sna hearnálacha iompair agus turasóireachta nuálaíocht, taighde, slógadh infheistíochta agus buntáistí suntasacha eacnamaíocha, sochaíocha, comhshaoil, poiblí agus sábháilteachta, agus an earnáil a dhéanamh níos tarraingtí do na glúnta nua agus deiseanna nua fostaíochta agus samhlacha gnó níos inbhuanaithe a chruthú, ach nár cheart go ndéanfaidís díobháil ná damáiste do dhaoine nó don tsochaí;

4. ag tabhairt dá aire gur ann d’iomaíocht dhomhanda idir cuideachtaí agus réigiúin eacnamaíocha agus réitigh IS á bhforbairt don earnáil iompair; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hiomaíochas idirnáisiúnta cuideachtaí Eorpacha atá ag feidhmiú san earnáil iompair a neartú trí AE a bhunú mar thimpeallacht atá fabhrach d’fhorbairt agus do chur i bhfeidhm réitigh IS; á chur i bhfios go láidir, thairis sin, gur cheart IS a úsáid i ngach modh iompair, i gceantair uirbeacha agus thuaithe araon, agus go bhfuil gá, dá bhrí sin, le cur chuige iomlánaíoch, atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus solúbtha chun dul i ngleic go leormhaith leis na dúshláin uile san earnáil iompair agus soghluaisteachta;

5.  á dhearbhú go mbeidh sainiú an chreata dlí iomchuí ar leibhéal AE do chearta maoine intleachtúla le haghaidh IS agus nuálaíochtaí nascachta, agus le haghaidh rochtain ar shonraí agus slándáil sonraí ríthábhachtach le linn fhorbairt agus scaipeadh rianúil agus leathan teicneolaíochtaí IS san iompar agus in éiceachórais iompair;

6.  á mheas go dtiocfaidh éabhlóid leanúnach ar straitéisí cosanta maoine intleachtúla (MI) ar feadh an ama de réir mar a fhorbraíonn IS, agus go mbeidh gá le saincheisteanna amhail oiriúnú don timpeallacht athraitheach seo le chóipcheart solúbtha, cosaint paitinne, trádmhairc agus dearaí nó fiú rialacha rúin trádála a chur san áireamh, agus breithniú a dhéanamh ar cén bealach a sholáthróidh na modhanna cosanta IP is leithne agus is láidre do nuálaithe lena gcomhcheanglaítear deimhneacht dhlíthiúil agus spreagadh d’infheistíocht nua i bhfiontair phríobháideacha, ollscoileanna, FBManna agus braislí trí úsáid a bhaint as comhar poiblí-príobháideach chun tacú le taighde agus forbairt;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún na seacht bpríomhriachtanas a shainaithnítear i dTreoirlínte an Ghrúpa Saineolaithe Ardleibhéil a chur san áireamh, mar a d’fháiltigh sé rompu ina theachtaireacht an 8 Aibreán 2019[13], agus iad a chur chun feidhme go cuí i ngach reachtaíocht a dhéileálann le IS;

8. á mheas go bhfuil gá méadaitheach ann le haghaidh IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara i dteicneolaíochtaí aitheantais cianrochtana nó bhithmhéadracha, amhail aipeanna rianúcháin san earnáil iompair agus turasóireachta, mar bhealach nua chun déileáil le COVID-19 agus le géarchéimeanna sláintíochta agus sláinte poiblí a d’fhéadfadh a bheith ann sa todhchaí, agus fós radharc á choinneáil ar an ngá atá le cearta bunúsacha, príobháideachas agus sonraí pearsanta a chosaint;

Cearta MI agus nuálaíochtaí IS

9. ag tabhairt dá aire go bhfuil an creat dlíthiúil ilroinnte reatha de chearta MI agus d’éiginnteacht dhlíthiúil ina chonstaic ar fhorbairt theicneolaíochtaí IS agus teicneolaíochtaí gaolmhara san iompar; á iarraidh ar an gCoimisiún, mar sin, oiriúnacht a chórais maoine intleachtúla d’fhorbairt theicneolaíochtaí IS a mheas, agus tar éis anailís agus athbhreithniú críochnúil a dhéanamh ar an reachtaíocht reatha, na tograí reachtacha a mheasfaidh sé a bheith riachtanach a chur ar aghaidh chun muinín, deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a áirithiú agus ilroinnt bhreise a sheachaint, agus ar an gcaoi sin infheistíocht sna teicneolaíochtaí sin a spreagadh;

10. ag tabhairt dá aire, cé gur féidir le IS méid mór sonraí a bhaineann le CMInna a phróiseáil, nach féidir é a chur in ionad fhíorú an duine i ndáil le deonú CMInna agus dliteanas i leith sáruithe ar CMInna a chinneadh;

11. ag tabhairt dá aire maidir le húsáid sonraí ag AI, gur gá úsáid sonraí faoi chóipcheart a mheas i bhfianaise na n-eisceachtaí mianadóireachta téacs agus sonraí dá bhforáiltear leis an Treoir maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach, agus i bhfianaise na n-úsáidí uile a chumhdaítear le teorainneacha agus eisceachtaí maidir le cosaint CMI;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an bhféidearthacht agus ar an ábharthacht do chuideachtaí, lena n-áirítear FBManna, paitinní a fháil le haghaidh bogearraí nó algartam d’fhonn cosaint na nuálaíochta agus an gá le trédhearcacht a theastaíonn le haghaidh IS iontaofa, chomh maith le halgartaim a bheith ar fáil a úsáidtear chun críoch poiblí a áirithiú; á chur i bhfáth go bhfuil gá le machaire comhréidh a choinneáil idir na cuideachtaí sin, chomh maith leis an tábhacht a bhaineann le fanacht comhsheasmhach le dlí na hiomaíochta;

13. á chur in iúl go bhfuil sé go hiomlán ar an eolas go gcaithfear dul chun cinn in IS a phéireáil le hinfheistíocht phoiblí i mbonneagar, oiliúint i scileanna digiteacha agus feabhsuithe móra ar nascacht agus idir-inoibritheacht ar mhaithe lena thabhairt chun críche go hiomlán; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, a thábhachtaí atá líonraí slán agus inbhuanaithe 5G chun imscaradh iomlán a dhéanamh ar theicneolaíochtaí IS ach, níos tábhachtaí fós, an obair riachtanach ar leibhéal an bhonneagair agus na slándála ina leith sin ar fud an Aontais; á thabhairt dá aire gur ann do dhianghníomhaíocht paitinnithe san earnáil iompair maidir le IS; ag cur in iúl gur cúis bhuartha dó go bhféadfadh dlíthíocht ollmhór a bheith mar thoradh air seo lena ndéanfar dochar don tionscal ina iomláine agus go bhféadfadh sé difear a dhéanamh do shábháilteacht tráchta mura ndéanaimid reachtaíocht a rith maidir le forbairt na teicneolaíochtaí a bhaineann le IS ar leibhéal na hEorpa gan a thuilleadh moille;

14. á chur i bhfios go bhfuil ról lárnach ag paitinní caighdeánacha bunriachtanacha (PCBanna) in IS nua agus teicneolaíochtaí gaolmhara a fhorbairt agus a scaipeadh agus in idirinoibritheacht a áirithiú; á iarraidh an gCoimisiún teacht chun cinn caighdeán trastionscail agus caighdeánú foirmiúil a spreagadh; ag meabhrú ina leith sin an teachtaireacht ón gCoimisiún an 29 Samhain maidir le ceadúnú PCBanna agus na príomhphrionsabail a leag sé amach maidir le trédhearcacht in PCBanna, eadhon ceadúnú agus forfheidhmiú atá cothrom, réasúnach agus neamh-idirdhealaitheach (FRAND); ag tarraingt aird ar leith ar PCBanna ar féidir leo inrochtaineacht, sábháilteacht ar bhóithre agus slándáil a fheabhsú d’úsáideoirí iompair;

Cearta agus sonraí maoine intleachtúla

15. á chur in iúl gur geal leis toilteanas an Choimisiúin a áirithiú go mbaileofar agus go n-úsáidfear sonraí agus iad go hiomlán i gcomhréir le Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí AE agus rialacha dochta eile maidir le cosaint sonraí; ag cur i bhfáth go bhfuil gá leanúint de shonraí shaoránaigh na hEorpa a chosaint, ach á mheas go bhfuil gá le cothromaíocht cheart idir cosaint sonraí agus rialacha IS chun an tsolúbthacht riachtanach a thabhairt do nuálaithe IS;

16. á chur in iúl gur geal leis aidhm an Choimisiúin spás sonraí Eorpach amháin a chruthú le hinfheistíocht i gcaighdeáin, uirlisí agus bonneagar; ag tacú go háirithe le spás coiteann sonraí soghluaisteachta Eorpach a bhunú, agus an creat reachtach Eorpach atá ann cheana maidir le cosaint sonraí á chur san áireamh;

17. á iarraidh an gCoimisiún dul i ngleic go leormhaith agus go práinneach leis an tsaincheist agus leis na tograí reachtacha a bhaineann le sonraí agus cosaint maoine intleachtúla, le solúbthacht chothrom agus iomchuí agus prionsabal na neodrachta teicneolaíochta á urramú, lena n-áirítear trí thionscnaimh a fhorbairt chun malartú dea-chleachtas agus infheistíocht a dhéanamh i dtaighde sa réimse sin;

18. á chur in iúl gur geal leis creatlach reachtaíochta cumasúcháin agus solúbtha a bhunú sa todhchaí do rialachas spásanna coiteanna sonraí Eorpacha, chomh maith le toilteanas an Choimisiúin comhroinnt sonraí gnó-le-rialtas agus gnó-le-gnó a chothú agus rochtain éigeantach ar shonraí faoi choinníollacha FRAND a theorannú do na cásanna ina n-éilítear amhlaidh le himthosca ar leith; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá rochtain ar shonraí a ghineann feithiclí do gach geallsealbhóir soghluaisteachta chun forbairt seirbhísí nuálacha sonraí-tiomáinte a chur chun cinn;

19. á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar rochtain do FBManna agus do bhraislí ar shonraí a d’fhéadfadh borradh a chur faoina ngníomhaíocht, agus do lárionaid teicneolaíochta agus d’ollscoileanna chun a gcláir thaighde a chur chun cinn;

20. ag tacú le toilteanas an Choimisiúin cuireadh a thabhairt do na príomhpháirtithe ón earnáil monaraíochta - monaróirí iompair, nuálaithe IS agus nascachta, soláthraithe seirbhíse ó earnáil na turasóireachta agus gníomhaithe eile sa slabhra luacha mótarfheithiclí - aontú ar na coinníollacha faoina mbeidís réidh a gcuid sonraí a roinnt.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

14.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

 

 

 

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Leila Chaibi, Angel Dzhambazki, Markus Ferber, Carlo Fidanza, Maria Grapini, Roman Haider, Alessandra Moretti

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

41

+

ECR

Angel Dzhambazki, Carlo Fidanza, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

NI

Mario Furore, Dorien Rookmaker

PPE

Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Markus Ferber, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

RENEW

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Alessandra Moretti, Rovana Plumb, István Ujhelyi

VERTS/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

 

2

-

GUE/NGL

Leila Chaibi, Kateřina Konečná

 

6

0

GUE/NGL

Elena Kountoura

ID

Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

 

 

Eochair do na siombailí:

 : i bhfabhar

- : i gcoinne

 : staonadh

 


 

 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (3.9.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla</CommissionInt>


<Titre>ar chearta maoine intleachtúla d’fhorbairt teicneolaíochtaí na hintleachta saorga</Titre>

<DocRef>(2020/2015(INI))</DocRef>

Rapóirtéir: <Depute>Sabine Verheyen</Depute>

 

 


 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á mheabhrú gur cheart go mbeadh an intleacht shaorga (IS) agus teicneolaíochtaí gaolmhara, ar bhonn níos leithne, ag fónamh don daonnacht agus gur cheart a gcuid buntáistí a roinnt go forleathan, gan aon idirdhealú; á chur i bhfáth, toisc gur bailiúchán teicneolaíochtaí atá ag síorathrú é IS atá á fhorbairt ar luas mór, agus toisc go bhfuil sé ag dul i méid de réir a chéile chun níos mó tascanna a dhéanamh a chuireann daoine i gcrích de ghnáth, go bhféadfaidh sé fiú cumas intleachtúil an duine a shárú i roinnt réimsí san fhadtéarma; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le cosaintí leormhaithe a bhunú lena n-áirítear, nuair atá sé réasúnach, córais a dhearadh le próisis rialaithe agus athbhreithnithe “duine i mbun idirghabhála”, trédhearcacht agus fíorú chinnteoireacht IS; á aithint go mbaineann cruthaitheoirí úsáid fhorleathan as teicneolaíochtaí nua IS cheana féin chun a gcuid saothar ealaíne a tháirgeadh sna hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha;

2. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh ról bunriachtanach ag an Aontas i leagan síos na bprionsabal bunúsach le haghaidh forbairt, imlonnú, ríomhchlarú agus úsáid IS, gan bac a chur ar a dhul chun cinn nó bac a chur ar iomaíocht, go háirithe i rialacháin an Aontais agus ina chóid iompair; á mheabhrú go soláthraítear creat dlíthiúil le Treoir (AE) 2019/790 chun oibreacha faoi chosaint cóipchirt a úsáid i bpróisis mianadóireachta téacs agus mianadóireachta sonraí (TDM), atá ríthábhachtach in aon phróiseas a bhaineann le IS; ag cur béim, dá bhrí sin, ar an gceanglas go gcaithfear rochtain dhleathach a fháil ar aon obair a úsáidtear, chomh maith leis an gceart ráthaithe atá ag sealbhóirí a roghnú roimh ré gan úsáid a bheith á baint as a gcuid saothar i bpróiseas a bhaineann le IS gan a n-údarú; á chur i bhfáth freisin go bhfuil gá le creat eiticiúil agus straitéis le haghaidh sonraí digiteacha, a mbeidh ag gabháil leis, más gá, reachtaíocht ina bhfuil cearta bunúsacha agus luachanna an Aontais cumhdaithe;

3. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé IS a úsáid i scoileanna agus in ollscoileanna, lena gcuirtear ar a gcumas modhanna nua agus níos éifeachtúla foghlama a ghlacadh a mhéadóidh rátaí rathúlachta daltaí agus mac léinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé curaclaim IS a chur chun cinn atá deartha chun cabhrú le daltaí agus le mic léinn fios gnó a fháil atá riachtanach do phoist sa todhchaí; á chur i bhfáth gur cheart teicneolaíochtaí IS a bheith ar fáil go hoscailte chun críoch oideachais agus taighde;

4. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach rochtain oscailte agus chomhionann ar IS ar fud an Aontais agus laistigh de na Ballstáit a bheith ann; á chur i bhfáth gur cheart tacaíocht an Aontais do nuálaíocht agus taighde IS a bheith ar fáil go forleathan ar fud an Aontais; á thabhairt chun suntais gur cheart tacaíocht speisialta a thabhairt d’fhorbróirí IS agus do thairbhithe ó ghrúpaí faoi mhíbhuntáiste agus dóibh siúd atá faoi mhíchumas;

5. á mheas gur cheart treoir agus comhairleoireacht d’fhorbróirí agus d’úsáideoirí IS maidir le CMI a chosaint a bheith ar fáil go forleathan;

6. á mheabhrú nach é amháin gur féidir le IS gníomhaíochtaí a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad a bhíodh á ndéanamh ag daoine daonna tráth, ach gur féidir leis freisin gnéithe uathrialacha agus cognaíocha a ghnóthú agus a fhorbairt trí fhoghlaim ó thaithí nó trí fhoghlaim threisithe; ag cur béim ar choincheap na freagrachta maidir le córais IS atá in ann foghlaim trí threisiú; á chur i bhfáth gur féidir le córais IS oilte saothair chultúrtha agus chruthaitheacha a chruthú agus a ghiniúint nach mór go huathrialach, leis an ionchur is lú ar fad ón duine; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur féidir le córais IS teacht chun cinn ar bhealach nach féidir a thuar, trí shaothair bhunaidh nach eol dá ríomhchláraitheoirí tosaigh fiú a chruthú, fíoras ba cheart a chur i gcuntas freisin agus creat á bhunú chun na cearta saothraithe a dhíorthaítear ó oibreacha den sórt sin a chosaint; á athdhearbhú, mar sin féin, gur cheart do IS tacú le meon cruthaitheach an duine agus gan teacht ina ionad;

7. ag tabhairt dá haire go bhfuil córais IS bunaithe ar bhogearraí agus go léiríonn siad iompar cliste bunaithe ar anailís ar a dtimpeallacht; á thabhairt chun suntais go bhfuil an anailís sin bunaithe ar mhúnlaí staidrimh a bhfuil earráidí ina gcuid dosheachanta díobh, uaireanta le lúbanna aiseolais a dhéanann macasamhlú, a threisíonn agus a chuireann le claontachtaí, earráidí agus toimhdí a bhí ann cheana; ag tabhairt dá haire go bhfuil gá lena áirithiú go bhfuil córais agus modhanna i bhfeidhm chun gur féidir algartaim a fhíorú agus a mhíniú agus aon fhadhbanna a réiteach;

8. á mheas gur cheart idirdhealú a dhéanamh idir CMI d’fhorbairt teicneolaíochtaí IS agus CMI d’ábhar a ngintear le IS; ag cur béim ar an ngá bacainní dlíthiúla neamhriachtanacha ar fhorbairt IS a dhíchur chun acmhainneacht na dteicneolaíochtaí sin sa chultúr agus san oideachas a réadú;

9. ag cur béim ar an ngá atá ann le haghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna cóipchirt a bhaineann le saothair chultúrtha agus chruthaitheacha arna nginiúint ag IS; á chur i bhfios go láidir gurb é a chaithfidh a bheith mar bhunús le córas CMI ná saothair a bheith á gcruthú ag daoine mar údair agus mar tháirgeoirí saothar; ag tabhairt dá haire, thairis sin, gur ceist ríthábhachtach é i dtaobh a mhéid is féidir saothar a gcruthaíonn IS, a rianú ar ais chuig cruthaitheoir daonna; ag tarraingt aird ar an ngá atá le measúnú a dhéanamh ar cibé an bhfuil a leithéid de rud ann agus ‘cruthú bunaidh’ nach gá aon idirghabháil dhaonna a dhéanamh ina leith; á mheas go bhfuil gá le taighde críochnúil chun a thuiscint an é an bealach is fearr chun cinn ná cóipcheart saothar a ghintear le IS a shannadh go huathoibríoch do shealbhóir cóipchirt na mbogearraí, an algartaim nó chlár IS, toisc go bhfuil gá le creidiúnú a thabhairt do dhuine mar an t-údar de shaothar cruthaitheach nua; á chur in iúl gur geal léi an iarraidh ón gCoimisiún staidéar a dhéanamh ar an gcóipcheart agus ar na teicneolaíochtaí nua;

10. á chur in iúl gur cúis bhuartha di faoin bhfolús féideartha idir CMI agus forbairt IS, rud a d’fhéadfadh na hearnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha agus an t-oideachas a fhágáil gan cosaint in aghaidh saothair arna nginiúint ag IS atá faoi chosaint cóipchirt; á chur in iúl gur cúis bhuartha di na sáruithe féideartha ar mhaoin intleachtúil agus ag cur béim ar an ngá le faireachán a dhéanamh ar aon chlistí nó damáiste margaidh a tharlaíonn; á iarraidh ar an gCoimisiún tacú le cur chuige cothrománach, fianaise-bhunaithe agus neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de maidir le forálacha cóipchirt coiteanna, aonfhoirmeacha atá infheidhme maidir le hoibreacha a ghineann IS san Aontas, a mhéadódh a bhfás agus a tharraingeodh infheistíocht ón earnáil phríobháideach i bhforbairt theicneolaíoch agus eacnamaíoch earnáil IS agus na róbataice;

11. ag tabhairt dá haire gur ann d’fhorbairt acmhainneachtaí IS agus mífhaisnéis á scaipeadh agus mífhaisnéis á cruthú; á chur in iúl gur cúis imní di go bhféadfadh go leor sáruithe ar an reachtaíocht um maoin intleachtúil a bheith mar thoradh air sin, agus ina theannta sin, go bhfuil imní mhór uirthi faoin bhféidearthacht oll-ionramháil saoránach a úsáid chun daonlathais a dhíchobhsú; á iarraidh ina leith sin gníomhaíocht a bheith ann chun faisnéis agus litearthacht na meán a mhéadú, agus é á chur i gcuntas gur gné fíor-riachtanach de sin an claochlú digiteach; á iarraidh go dtabharfaí tús áite do bhogearraí a fhorbairt chun fíorais agus faisnéis a fhíorú;

12. á mheabhrú gurb iad na sonraí an ghné lárnach d’fhorbairt agus d’oiliúint aon chóras IS; á chur i bhfáth go n-áirítear leis sin sonraí struchtúrtha, amhail bunachair sonraí, saothair faoi chosaint cóipchirt agus cruthaíochtaí eile a bhfuil cosaint MI acu nach féidir a mheas de ghnáth mar shonraí; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil sé tábhachtach freisin aghaidh a thabhairt ar choincheap na n-úsáidí MI-ábhartha a bhaineann le feidhmiú theicneolaíochtaí IS;

13. á chur i bhfios gurb é an bealach is éifeachtaí chun claontacht i gcórais IS a laghdú ná a áirithiú go bhfuil an t-uasmhéid sonraí ar fáil chun iad a oiliúint, a bhfuil sé riachtanach d’aon bhacainní neamhriachtanacha ar TDM a theorannú agus úsáidí trasteorann a éascú ina leith;

14. á chur i bhfáth sa chás nach n-úsáidtear IS ach amháin mar uirlis chun cabhrú le húdar atá i bpróiseas na cruthaíochta, go bhfuil an creat cóipchirt reatha fós infheidhme maidir le saothair chruthaithe agus nach gcuirtear idirghabháil IS san áireamh;

15. á mholadh go dtabharfaí isteach gnéithe agus rialacha slándála speisialta chun cearta príobháideachais a bhaineann le teicneolaíochtaí IS a chosaint; á chur i bhfáth gur cheart iniúchadh príobháideachais ar theicneolaíochtaí IS a bheith éigeantach;

16. á mheabhrú, thairis sin, gur thug athchóiriú cóipchirt an Aontais eisceacht TDM isteach ar dá réir a d’fhéadfadh taighde eolaíoch leas a bhaint as úsáidí sonraí saor in aisce, agus go ndéanfar TDM a úsáidtear chun críoch eile faoin eisceacht nua a lamháil freisin má chomhlíontar ceanglais bhreise;

17. ag cur béim ar an bhfíoras freisin gur féidir le IS a bheith ina uirlis éifeachtach chun láithreacht ábhar atá faoi chosaint cóipchirt a bhrath agus a thuairisciú ar líne; ag cur béim freisin ar an ngá atá ann le haghaidh a thabhairt ar shaincheist an dliteanais i gcás sáruithe cóipchirt agus sáruithe eile maoine intleachtúla a dhéanfadh córais IS, chomh maith le saincheist na húinéireachta sonraí; á chur i bhfáth, áfach, go gcaithfear idirdhealú soiléir a dhéanamh idir sáruithe uathrialacha agus cóipeáil oibreacha tríú páirtí a d’éascaigh nó nár choisc oibreoir bhogearraí IS; á shonrú gur cheart go mbeadh inrianaitheacht ina choinníoll fíor-riachtanach chun freagracht a leithdháileadh, toisc go bhfeidhmíonn sé mar bhunús le haghaidh caingean dlí agus go gcuireann sé ar chumas mífheidhmiú a dhiagnóisiú agus a cheartú;

18. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé go mbeadh seirbhísí sruthaithe trédhearcach agus freagrach agus iad ag úsáid algartam, ionas gur féidir rochtain ar ábhar cultúrtha agus cruthaitheach i bhfoirmeacha éagsúla agus i dteangacha éagsúla chomh maith le rochtain neamhchlaonta ar shaothair Eorpacha a ráthú níos fearr;

19. á mheabhrú gurb é dualgas eiticiúil an Aontais tacú le forbairt ar fud an domhain trí chomhar trasteorann maidir le IS a éascú, lena n-áirítear trí theorannuithe agus eisceachtaí le haghaidh taighde trasteorann agus TDM, agus á mholadh, dá bhrí sin, dlús a chur le gníomhaíocht idirnáisiúnta ag an Eagraíocht Dhomhanda um Maoin Intleachtúil chun é sin a bhaint amach;

20. á aithint go bhfuil oibleagáid bhunúsach ar an Aontas comhroinnt shochair IS a chur chun cinn, agus roinnt uirlisí á n-úsáid, lena n-áirítear infheistíocht i dtaighde sna Ballstáit uile, mar gheall ar dhul chun cinn teicneolaíoch stát áirithe.

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

1.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

 

 

 

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Isabella Adinolfi, Christine Anderson, Ilana Cicurel, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Romeo Franz, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Predrag Fred Matić, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Salima Yenbou, Milan Zver

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Isabel Benjumea Benjumea, Christian Ehler, Ibán García Del Blanco, Bernard Guetta, Marcel Kolaja, Elżbieta Kruk, Martina Michels

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

28

+

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Christian Ehler, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver

S&D

Ibán García del Blanco, Hannes Heide, Petra Kammerevert, Predrag Fred Matić, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Massimiliano Smeriglio

RENEW

Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Bernard Guetta, Irena Joveva

ID

Gilbert Collard

VERTS/ALE

Romeo Franz, Marcel Kolaja, Salima Yenbou

ECR

Elżbieta Kruk, Dace Melbārde, Andrey Slabakov

GUE/NGL

Niyazi Kizilyürek, Martina Michels

NI

Isabella Adinolfi

 

1

-

ID

Christine Anderson

 

1

0

ID

Gianantonio Da Re

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

 : staonadh

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

1.10.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

 

 

 

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manon Aubry, Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Jiří Pospíšil, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Liesje Schreinemacher, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, József Szájer, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Tiemo Wölken, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Patrick Breyer, Evelyne Gebhardt

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

19

+

EPP

Geoffroy Didier, Esteban González Pons, Jiří Pospíšil, József Szájer, Axel Voss, Javier Zarzalejos

S&D

Ibán García Del Blanco, Evelyne Gebhardt, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Tiemo Wölken

RENEW

Liesje Schreinemacher, Stéphane Séjourné, Adrián Vázquez Lázara

ID

Jean-Paul Garraud, Gilles Lebreton

ECR

Angel Dzhambazki, Raffaele Stancanelli

NI

Mislav Kolakušić

 

3

-

VERTS/ALE

Patrick Breyer, Marie Toussaint

GUE/NGL

Manon Aubry

 

2

0

RENEW

Karen Melchior

ID

Gunnar Beck

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

 : staonadh

 

 

 

[1] IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.

[2] IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.

[3] IO L 77, 27.3.1996, lch. 20.

[4] IO L 111, 5.5.2009, lch. 16.

[5] IO L 157, 15.6.2016, lch. 1.

[6] IO L 172, 26.6.2019, lch. 56.

[7] IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

[8] IO L 303, 28.11.2018, lch. 59.

[9] IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.

[10] IO C 252, 18.7.2018, lch. 239.

[11] ‘Muinín a chothú san Intleacht Shaorga Dhaonlárnach’ (COM(2019)0168).

[13] ‘Muinín a chothú san intleacht shaorga dhaonlárnach’ (COM(2019)0168).

An nuashonrú is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais