Nós Imeachta : 2020/2018(INL)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0181/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0181/2020

Díospóireachtaí :

PV 19/10/2020 - 18
CRE 19/10/2020 - 15
CRE 19/10/2020 - 18

Vótaí :

PV 20/10/2020 - 17
PV 20/10/2020 - 21

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0272

<Date>{07/10/2020}7.10.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0181/2020</NoDocSe>
PDF 407kWORD 169k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>le moltaí don Choimisiún maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feabhas a Chur ar Fheidhmiú an Mhargaidh Aonair</Titre>

<DocRef>(2020/2018(INL))</DocRef>


<Commission>{IMCO}An Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Alex Agius Saliba</Depute>

(Tionscnamh – Riail 47 de na Rialacha Nós Imeachta)

Rapóirtéirí don tuairim (*):
Josianne Cutajar, an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht
Petra Kammerevert, an Coiste um Chultúr agus um Oideachas
Patrick Breyer, an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla
Paul Tang, an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN:  MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR
 RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

le moltaí don Choimisiún maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feabhas a Chur ar Fheidhmiú an Mhargaidh Aonair

(2020/2018(INL))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint d’Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint do Threoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’)[1],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne[2],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/770 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar[3],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/771 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Bealtaine 2019 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, lena leasaítear Rialachán (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE, agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/44/CE[4],

 ag féachaint do Threoir 2005/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2005 maidir le cleachtais tráchtála éagothroma idir gnólachtaí agus tomhaltóirí sa mhargadh inmheánach agus lena leasaítear Treoir 84/450/CEE ón gComhairle, Treoracha 97/7/CE, 98/27/CE agus 2002/65/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (‘An Treoir maidir le cleachtais tráchtála éagothroma’)[5],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2019/1020 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le faireachas margaidh ar tháirgí agus comhlíonadh táirgí agus lena leasaítear Treoir 2004/42/CE agus Rialacháin (CE) Uimh. 765/2008 agus (AE) Uimh. 305/2011[6],

 ag féachaint do Threoir 2006/123/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2006 maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach[7],

 ag féachaint do rún uaithi an 21 Meán Fómhair 2010 maidir leis an margadh inmheánach ríomhthráchtála a thabhairt i gcrích[8],

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Meitheamh 2017 maidir le hardáin ar líne agus an margadh aonair digiteach[9],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Eanáir 2012, dar teideal ‘Creat comhleanúnach chun muinín a chothú sa Mhargadh Aonair Digiteach don ríomhthráchtáil agus do sheirbhísí ar líne’ (COM(2011)0942),

 ag féachaint do Mholadh (AE) 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hinneachar neamhdhleathach ar líne[10] agus do Theachtaireacht ón gCoimisiún an 28 Meán Fómhair 2017, dar teideal ‘Dul i nGleic le hÁbhar Neamhdhleathach ar Líne: I dtreo freagracht fheabhsaithe d’ardáin ar líne’ (COM(2017)0555),

 ag féachaint don Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún an 26 Aibreán 2018 maidir le Dul i ngleic le bréagaisnéis ar líne: cur chuige Eorpach (COM(2018)0236), lena gcumhdaítear faisnéis bhréagach nó mhíthreorach a cheaptar, a chuirtear i láthair agus a scaiptear le haghaidh gnóthachan eacnamaíoch nó chun dallamullóg a chur d’aon ghnó ar an bpobal, agus a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don phobal,

 ag féachaint do Mheabhrán Tuisceana maidir le hearraí góchumtha a dhíol ar an idirlíon an 21 Meitheamh 2016 agus don athbhreithniú a rinneadh air i dTeachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle agus chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an 29 Samhain 2017, dar teideal ‘Córas forfheidhmithe cothrom don mhaoin intleachtúil lena dtugtar aghaidh ar dhúshláin shochaíocha an lae inniu’ (COM(2017)0707),

 ag féachaint do thuairim ó Choiste na Réigiún (ECON-VI/048) an 5 Nollaig 2019 maidir le ‘Creat Eorpach maidir le rialáil an gheilleagair chomhoibríoch’,

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí)[11],

 ag féachaint do Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE[12],

 ag féachaint do Threoir 2002/58/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Iúil 2002 maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí (an Treoir maidir le príobháideachas agus cumarsáid leictreonach)[13],

 ag féachaint do Threoir 96/9/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Márta 1996 maidir le cosaint dhlíthiúil bunachar sonraí[14], do Threoir 2001/29/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Bealtaine 2001 maidir le gnéithe áirithe den chóipcheart agus de chearta gaolmhara a chomhchuibhiú sa tsochaí faisnéise[15] agus do Threoir 2010/13/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 10 Márta 2010 maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos leis an dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit a bhaineann leis an soláthar ar sheirbhísí meán closamhairc (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc)[16],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 10 Márta 2020 dar teideal ‘Straitéis FBM d’Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach’ (COM(2020)0103),

 ag féachaint do Pháipéar Bán an 19 Feabhra 2020 dar teideal ‘An Intleacht Shaorga - Cur chuige Eorpach atá dírithe ar bharr feabhais agus ar mhuinín’ (COM(2020)0065),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 19 Feabhra 2020, dar teideal ‘Todhchaí dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ (COM (2020)0067),

 ag féachaint do na gealltanais a rinne an Coimisiún sna ‘Treoirlínte Polaitiúla don chéad Choimisiún Eorpach eile 2019-2024’ uaidh,

 ag féachaint don staidéar a rinne Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal ‘Costas na Neamh-Eorpa a Mhapáil 2019-2024’ lena léirítear go bhféadfadh suas le EUR 100 billiún a bheith i gceist leis an tairbhe a d’fhéadfaí a bhaint as an Margadh Aonair Digiteach do sheirbhísí a chur i gcrích,

 ag féachaint don staidéar a rinne an Roinn Beartais um Beartais Eacnamaíochta, Eolaíochta agus Cáilíochta Saoil i bParlaimint na hEorpa dar teideal ‘An Treoir maidir le Ríomhthráchtáil mar bhunchloch an Mhargaidh Inmheánaigh’ ina leagtar béim ar cheithre thosaíocht chun feabhas a chur ar an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil,

 ag féachaint do na staidéir a chuir an Roinn Beartais um Beartais Eacnamaíochta, Eolaíochta agus Cáilíochta Saoil ar fáil don cheardlann maidir le ‘Rialacha r-thráchtála, oiriúnach don ré dhigiteach’ a d’eagraigh an Coiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (IMCO),

 ag féachaint don staidéar Measúnaithe Breisluacha Eorpaigh de chuid an Aonaid um Breisluach Eorpach i Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa, dar teideal ‘An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Measúnú Breisluacha Eorpaigh’,

 ag féachaint don Vade-Mecum a ghabhann le Treoir 98/48/CE, lena dtugtar isteach sásra le haghaidh thrédhearcacht na rialachán maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise,

 ag féachaint do Rialacha 47 agus 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas, ón gCoiste um Ghnóthaí Dlíthiúla agus ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra (A9-0181/2020),

A. de bhrí go mbíonn tionchar ag an ríomhthráchtáil ar ghnáthshaol laethúil na ndaoine, na ngnólachtaí agus na dtomhaltóirí san Aontas, agus nuair a oibrítear í faoi scáth machaire comhréidh atá cóir agus rialáilte, go bhféadfadh sí rannchuidiú go dearfach le hacmhainneacht an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a scaoileadh, muinín na dtomhaltóirí a fheabhsú agus deiseanna nua ar an margadh a chur ar fáil do dhaoine nua, lena n-áirítear do mhicrifhiontair, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, ar mhaithe le fás inbhuanaithe agus poist;

B. de bhrí go bhfuil Treoir 2000/31/CE (an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil) ar cheann de na píosaí reachtaíochta is rathúla de chuid an Aontais agus gur mhúnlaigh sí an Margadh Aonair Digiteach mar is eol dúinn anois é; de bhrí gur glacadh an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil 20 bliain ó shin, agus gur cheart do phacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) claochlú agus leathnú mear na ríomhthráchtála de gach cineál a chur san áireamh, lena mbaineann an iliomad seirbhísí, táirgí, soláthraithe dúshláin agus píosaí reachtaíochta earnáil-sonracha éagsúla atá ag teacht chun cinn; de bhrí, ó glacadh an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, gur eisigh Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (an Chúirt) roinnt breithiúnas ina leith;

C. de bhrí go bhfuil cur chuige ilroinnte ag na Ballstáit faoi láthair maidir le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne; de bhrí, mar thoradh air sin, gur féidir leis na soláthraithe seirbhíse lena mbaineann a bheith faoi réir raon ceanglas dlíthiúil éagsúil atá éagsúil ó thaobh a n-ábhar agus a raoin feidhme; de bhrí go ndealraíonn sé go bhfuil easpa forfheidhmithe agus comhair idir na Ballstáit, agus go mbaineann dúshláin leis an gcreat dlíthiúil atá ann cheana;

D. de bhrí nach mór do sheirbhísí digiteacha na rialacha a bhaineann le cearta bunúsacha a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe príobháideacht, cosaint sonraí pearsanta, neamh-idirdhealú agus an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, chomh maith le hiolrachas na meán agus éagsúlacht chultúrtha agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt);

E. de bhrí gur thug an Coimisiún gealltanas sa Teachtaireacht uaidh dar teideal ‘Todhchaí Dhigiteach na hEorpa a mhúnlú’ (COM(2020)0067), go nglacfadh sé rialacha nua agus athbhreithnithe, mar chuid de DSA, le haghaidh ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhísí faisnéise, chun an fhormhaoirseacht ar bheartais inneachair ardán san Aontas a threisiú, agus chun féachaint ar rialacha ex ante;

F. de bhrí gur fhág paindéim COVID-19 go bhfuil dúshláin nua shóisialta agus eacnamaíocha ann a dhéanann difear do shaoránaigh agus don gheilleagar; de bhrí go léiríonn ráig COVID-19 athléimneacht earnáil na ríomhthráchtála agus an cumas atá inti geilleagar na hEorpa a athsheoladh; de bhrí gur nochtadh easnaimh sa chreat rialála atá ann faoi láthair leis an bpaindéim, go háirithe maidir le acquis chosaint na dtomhaltóirí; de bhrí go n-iarrtar leis sin go mbeadh cur chuige níos comhleanúnaí agus níos comhordaithe ag gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar na deacrachtaí a sainaithníodh agus chun iad a chosc amach anseo;

G. de bhrí go bhfuil sé léirithe ag paindéim COVID-19 freisin cé chomh leochaileach is atá tomhaltóirí AE i leith chleachtais trádála mhíthreoracha na dtrádálaithe mímhacánta a dhíolann táirgí neamhdhleathacha ar líne nach gcomhlíonann rialacha sábháilteachta an Aontais nó a fhorchuireann coinníollacha éagóracha eile ar thomhaltóirí; de bhrí gur léirigh an ráig de COVID-19 go háirithe gur gá d’ardáin agus do sheirbhísí idirghabhála ar líne feabhas a chur ar a n-iarrachtaí éilimh bhréagacha a bhrath agus a bhaint anuas agus dul i ngleic le cleachtais mhíthreoracha trádálaithe bradacha ar bhealach comhsheasmhach agus comhordaithe, go háirithe iad siúd a dhíolann trealamh leighis bréagach nó táirgí contúirteacha ar líne; de bhrí gur dhíol sásaimh don Choimisiún cur chuige na n-ardán tar éis na litreacha a sheoladh chucu an 23 Márta 2020; de bhrí go bhfuil gá le gníomhaíocht ar leibhéal an Aontais chun cur chuige níos comhtháite agus níos comhordaithe a bheith ann chun na cleachtais mhíthreoracha sin a chomhrac agus chun tomhaltóirí a chosaint;

H. de bhrí gur cheart do DSA cosaint chuimsitheach ar chearta tomhaltóirí agus úsáideoirí san Aontas a áirithiú agus, dá bhrí sin, gur cheart go gcumhdófaí gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise atá bunaithe i dtríú tíortha lena raon feidhme críochach nuair a dhírítear a seirbhísí, a thagann faoi raon feidhme DSA, ar thomhaltóirí nó ar úsáideoirí san Aontas;

I. de bhrí gur cheart do DSA nádúr na seirbhísí digiteacha a thagann faoina raon feidhme a shoiléiriú, agus nádúr cothrománach na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil á choinneáil, ag a bhfuil feidhm ní hamháin maidir le hardáin ar líne, ach maidir le gach soláthraí de sheirbhísí na sochaí faisnéise mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais;

J. de bhrí gur cheart do DSA a bheith gan dochar do Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS) ina leagtar amach creat dlíthiúil chun sonraí pearsanta a chosaint, do Threoir (AE) 2019/790 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus do Threoir 2002/58/CE maidir le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le príobháideachas a chosaint san earnáil cumarsáide leictreonaí;

K. de bhrí nár cheart do DSA difear a dhéanamh do Threoir (AE) 2019/790 maidir le seirbhísí meán closamhairc a sholáthar;

L. de bhrí nár cheart do DSA difear a dhéanamh do Threoir 2005/29/CE arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161, mar aon le Treoracha (AE) 2019/770 agus (AE) 2019/771 maidir le gnéithe áirithe a bhaineann le conarthaí chun ábhar digiteach agus seirbhísí digiteacha a sholáthar agus le conarthaí i ndáil le díolacháin earraí, agus Rialachán (AE) 2019/1150 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne;

M. de bhrí gur cheart go mbeadh DSA gan dochar don chreat a leagtar amach i dTreoir 2006/123/CE maidir le seirbhísí sa mhargadh inmheánach;

N. de bhrí gur ndearnadh cineálacha áirithe inneachair neamhdhleathaigh, ar cúis mhór imní iad, a shainiú cheana féin sa dlí náisiúnta agus i ndlí an Aontais, amhail fuathchaint neamhdhleathach, agus nár cheart iad a athshainiú in DSA;

O. de bhrí, trí fheabhas a chur ar thrédhearcacht agus trí chabhrú le saoránaigh litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a fháil maidir le hinneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis a scaipeadh, chomh maith le smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt, agus trí iriseoireacht ghairmiúil neamhspleách agus meáin ar ardcháilíocht a neartú, go gcuideofar le hinneachar éagsúil ardcháilíochta a chur chun cinn;

P. de bhrí gur bunachar sonraí é WHOIS a bhfuil rochtain ag an bpobal air agus atá ina uirlis úsáideach chun teacht ar úinéir ainm fearainn ar leith ar an idirlíon chomh maith le sonraí agus duine teagmhála gach ainm fearainn;

Q. de bhrí gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag DSA deimhneacht dhlíthiúil agus soiléire dhlíthiúil a áirithiú, lena n-áirítear i margadh na gcíosanna gearrthéarmacha agus i seirbhísí soghluaisteachta, trí thrédhearcacht agus oibleagáidí faisnéise níos soiléire a chur chun cinn;

R. de bhrí go gcuirfidh an comhaontú ón gCoimisiún le hardáin áirithe d’earnáil na gcíosanna gearrthéarmacha maidir le comhroinnt sonraí, ar thángthas air i mí an Mhárta 2020, ar chumas na n-údarás áitiúil tuiscint níos fearr a bheith acu ar fhorbairt an gheilleagair chomhoibríoch agus go mbeifear in ann sonraí a roinnt ar bhealach iontaofa agus leanúnach, agus beartais atá bunaithe ar fhianaise a cheapadh; de bhrí go bhfuil gá le céimeanna breise chun tús a chur le creat comhroinnte sonraí níos cuimsithí d’ardáin na gcíosanna gearrthéarmacha ar líne;

S. de bhrí go raibh tionchar tromchúiseach ag ráig COVID-19 ar earnáil turasóireachta an Aontais agus gur léiríodh an gá le leanúint de thacaíocht a thabhairt don chomhar maidir le conairí glasa chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh slabhraí soláthair an Aontais go rianúil agus go ndéanfar earraí a aistriú ar fud ghréasán iompair an Aontais;

T. de bhrí, leis an éabhlú ar fhorbairt agus úsáid ardán idirlín do shraith leathan gníomhaíochtaí, lena n-áirítear gníomhaíochtaí tráchtála, iompar agus turasóireacht agus comhroinnt earraí agus seirbhísí, go bhfuil athrú tagtha ar na bealaí ina mbíonn úsáideoirí agus cuideachtaí ag idirghníomhú le soláthraithe inneachair, trádálaithe agus daoine eile a thairgeann earraí agus seirbhísí; de bhrí nach féidir go n-éireoidh leis an Margadh Aonair Digiteach gan muinín na n-úsáideoirí as ardáin ar líne a urramaíonn an reachtaíocht uile is infheidhme agus a leasanna dlisteanacha; de bhrí gur cheart aghaidh a thabhairt freisin in aon chreat rialála a bheidh ann amach anseo ar shamhlacha gnó cunóracha, lena n-áirítear cúbláil iompraíochta agus cleachtais idirdhealaitheacha, a bhfuil éifeachtaí móra acu a théann chun dochair fheidhmiú an Mhargaidh Aonair agus chearta bunúsacha na n-úsáideoirí;

U. de bhrí gur cheart do na Ballstáit iarrachtaí a dhéanamh i dtaca le rochtain agus éifeachtúlacht a gcóras ceartais agus forfheidhmithe dlí a fheabhsú i ndáil le neamhdhleathacht inneachair ar líne a chinneadh agus maidir le réiteach díospóide a bhaineann le hinneachar a bhaint anuas nó rochtain a dhíchumasú;

V. de bhrí gur cheart go mbeadh sé éasca do sholáthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise ceanglais DSA a chur chun feidhme go praiticiúil; de bhrí go bhféadfadh idirghabhálaithe ar líne an rochtain ar inneachar ag tríú páirtithe a chriptiú nó a chosc ar shlí eile, lena n-áirítear stóráil an inneachair féin ag idirghabhálaithe óstála;

W. de bhrí gur bealach éifeachtach chun gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a laghdú é lamháil do shamhlacha gnó nuálacha nua a bheith faoi rath agus an Margadh Aonair Digiteach a neartú trí bhacainní gan údar ar shaorghluaiseacht inneachair dhigitigh a bhaint; de bhrí go gcabhraíonn bacainní, lena gcruthaítear margaí ilroinnte náisiúnta, le héileamh ar inneachar neamhdhleathach a chruthú;

X. de bhrí gur cheart do sheirbhísí digiteacha modhanna cumarsáide díreacha agus éifeachtúla a sholáthar do thomhaltóirí, ar cumarsáid í atá soláimhsithe, so-aitheanta agus inrochtana amhail seoltaí ríomhphoist, foirmeacha teagmhála leictreonacha, ríomhróbait chomhrá, teachtaireachtaí meandracha nó aisghlaoch gutháin, agus gur cheart foráil a dhéanamh leo maidir leis an bhfaisnéis a bhaineann leis na modhanna cumarsáide sin a bheith inrochtana ag tomhaltóirí ar bhealach soiléir, sothuigthe agus, i gcás inar féidir, aonfhoirmeach agus maidir le hiarrataí ó thomhaltóirí a dhíriú ar sheirbhísí digiteacha bunúsacha éagsúla an tsoláthraí seirbhíse digití;

Y. de bhrí gur cheart do DSA a ráthú go mbeadh sé de cheart ag tomhaltóirí a bheith ar an eolas má chumasaítear seirbhís le IS, má bhaineann sí úsáid as uirlisí cinnteoireachta uathoibrithe nó as uirlisí meaisínfhoghlama nó as uirlisí aitheanta inneachair uathoibrithe; de bhrí gur cheart do DSA an deis a thabhairt roghnú gan aon ghnéithe pearsantaithe uathoibrithe a úsáid, a n-úsáid a theorannú nó a phearsantú, go háirithe i bhfianaise rangú agus go sonrach, deis a thabhairt inneachar a fheiceáil in ord neamh-choimeádta, rialú níos mó a thabhairt d’úsáideoirí maidir leis an gcaoi a ndéantar an t-inneachar a rangú;

Z. de bhrí go bhfuil cosaint sonraí pearsanta, faoi réir próisis chinnteoireachta uathoibrithe, cumhdaithe cheana féin, inter alia, ag RGCS agus níor cheart do DSA féachaint na bearta sin a athdhéanamh ná a leasú;

AA. de bhrí gur cheart don Choimisiún a áirithiú go gcaomhnaíonn DSA an cur chuige duine-lárnaithe i leith na hintleachta saorga (IS), i gcomhréir leis na rialacha atá ann cheana maidir le saorghluaiseacht seirbhísí atá cumasaithe do IS, agus na luachanna bunúsacha agus na cearta bunúsacha a chumhdaítear sna Conarthaí á n-urramú ag an am céanna;

AB. de bhrí gur cheart go mbeadh rochtain ag na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta, i gcás ina gceadaítear sin le dlí an Aontais, ar dhoiciméadacht bogearraí agus tacair sonraí algartam atá faoi athbhreithniú;

AC. de bhrí gur cheart a thuiscint go gceanglaítear le coincheapa thrédhearcacht agus inmhínitheacht na n-algartam go gcuirtear an fhaisnéis a chuirtear ar fáil don úsáideoir i láthair i bhfoirm atá gonta, trédhearcach, intuigthe agus a bhfuil rochtain éasca uirthi, agus teanga shoiléir shimplí á húsáid;

AD. de bhrí go bhfuil sé tábhachtach bearta a leagan síos chun forfheidhmiú agus maoirseacht éifeachtach a áirithiú; de bhrí gur cheart comhlíonadh na bhforálacha a threisiú le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, lena n-áirítear fíneálacha comhréireacha a fhorchur;

AE. de bhrí gur cheart do DSA cearta na n-úsáideoirí uile a chothromú agus a áirithiú nach ndréachtaítear a bhearta chun leas dlisteanach amháin a chothú thar leas dlisteanach eile agus chun cosc a chur ar bhearta a úsáid mar uirlisí ionsaitheacha in aon choinbhleachtaí idir gnólachtaí nó earnálacha;

AF. de bhrí gur cheart feidhm a bheith ag sásra ex ante an mhargaidh inmheánaigh i gcás nach leor dlí na hiomaíochta amháin chun aghaidh leordhóthanach a thabhairt ar chlistí margaidh sainaitheanta;

AG. de bhrí gur cheart go mbeadh na bearta reachtacha a mholtar mar chuid de DSA bunaithe ar fhianaise; de bhrí gur cheart don Choimisiún measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh, bunaithe ar shonraí ábhartha, staidreamh, anailísí agus staidéir ar na roghanna éagsúla atá ar fáil; de bhrí gur cheart don mheasúnú tionchair measúnú agus anailís a dhéanamh ar tháirgí neamhshábháilte agus contúirteacha a dhíoltar trí mhargaí ar líne; de bhrí gur cheart na ceachtanna a foghlaimíodh ó ráig COVID-19 a chur san áireamh sa mheasúnú tionchair agus na rúin ó Pharlaimint na hEorpa a chur san áireamh freisin; de bhrí gur cheart treoirlínte cur chun feidhme a bheith ag gabháil le DSA;

Prionsabail ghinearálta

1. á chur in iúl gur geal léi tiomantas an Choimisiúin togra a thíolacadh le haghaidh phacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), ar cheart go mbeadh togra ann lena leasaítear an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus togra le haghaidh rialacha ex ante maidir le hoibreoirí sistéamacha a bhfuil ról mar mhaor geata acu, ar bhonn Airteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE); á iarraidh ar an gCoimisiún pacáiste den sórt sin a thíolacadh ar bhonn Airteagail 53(1), 62 agus 114 CFAE i gcomhréir leis na moltaí a leagtar amach san Iarscríbhinn a ghabhann leis an rún seo, ar bhonn measúnú tionchair críochnúil ar cheart faisnéis a áireamh ann maidir le himpleachtaí airgeadais na dtograí agus ar cheart é a bheith bunaithe ar shonraí, staidreamh agus anailísí ábhartha;

2. ag aithint a thábhachtaí atá an creat dlíthiúil a leagtar amach leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil i bhforbairt seirbhísí ar líne san Aontas agus á chreidiúint go bhfuil na prionsabail lenar rialaíodh na reachtóirí agus soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise á rialáil acu ag deireadh na 90idí bailí fós agus gur cheart iad a úsáid agus aon tograí a bheidh ann amach anseo á ndréachtú; á thabhairt chun suntais gur tugadh deis, leis an deimhneacht dhlíthiúil a tugadh isteach leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) a ngnó a leathnú agus oibriú thar theorainneacha ar bhealach níos éasca;

3. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach mór do gach soláthraí seirbhísí digiteacha atá bunaithe lasmuigh den Aontas cloí le rialacha DSA agus seirbhísí á dtreorú acu chuig an Aontas, chun machaire comhréidh a áirithiú idir soláthraithe seirbhísí digiteacha Eorpacha agus tríú tír; á iarraidh ar an gCoimisiún ina theannta sin a mheas an bhfuil baol ann go ndéanfadh tríú tíortha beart díoltais, agus feasacht á hardú faoin gcaoi a bhfuil feidhm ag dlí an Aontais maidir le soláthraithe seirbhíse ó thríú tíortha a dhíríonn ar mhargadh an Aontais;

4. á chur i bhfios go láidir go raibh ról lárnach ag clásal an mhargaidh inmheánaigh, lena mbunaítear rialú na tíre baile agus an oibleagáid atá ar na Ballstáit saorghluaiseacht sheirbhísí na sochaí faisnéise a áirithiú, i bhforbairt an Mhargaidh Aonair Dhigitigh; á chur i bhfáth gur gá aghaidh a thabhairt ar na bacainní ar sholáthar seirbhísí digiteacha atá fós ann agus atá gan údar agus díréireach amhail nósanna imeachta casta riaracháin, socraíochtaí costasacha trasteorann ar dhíospóidí, rochtain ar fhaisnéis maidir leis na ceanglais ábhartha rialála, lena n-áirítear maidir le cánachas, chomh maith lena áirithiú nach gcruthófar aon bhacainní nua nach bhfuil údar leo agus atá díréireach;

5. á thabhairt dá haire go bhféadfaidh na Ballstáit, faoi rialacha an Aontais maidir le saorghluaiseacht seirbhísí, bearta a dhéanamh chun cuspóirí dlisteanacha maidir le leas an phobail a chosaint, amhail cosaint an bheartas phoiblí, na sláinte poiblí, na slándála poiblí, cosaint tomhaltóirí, comhrac an ghanntanais tithíochta cíosa, agus imghabháil agus seachaint cánach a chosc, ar choinníoll go gcomhlíonann na bearta sin prionsabail an neamh-idirdhealaithe agus na comhréireachta;

6. á mheas gur cheart príomhphrionsabail na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil, amhail clásal an mhargaidh inmheánaigh, an tsaoirse bunaíochta agus an toirmeasc ar oibleagáid an fhaireacháin ghinearálta a fhorchur, a choimeád; á chur i bhfios go láidir gur cheart an prionsabal maidir leis ‘an méid atá neamhdhleathach as líne, tá sé neamhdhleathach ar líne freisin’, mar aon leis na prionsabail maidir le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht úsáideoirí, a bheith mar threoirphrionsabail ag an gcreat rialála a bheidh ann amach anseo freisin;

7. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ardáin an gheilleagair chomhoibríoch in earnáil an iompair agus na turasóireachta, ar a ndéanann daoine aonair agus gairmithe araon seirbhísí a sholáthar; á iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha uile, comhroinnt níos sothuigthe sonraí neamhphearsanta agus creat comhordúcháin a thionscnamh idir ardáin agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla lena ndírítear go háirithe ar dhea-chleachtais a roinnt agus ar shraith oibleagáidí faisnéise a bhunú, i gcomhréir le Straitéis Sonraí AE;

8. ag tabhair dá haire go bhfuil an córas cosanta sonraí tugtha cothrom le dáta go mór ó glacadh an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus ag cur béim ar an bhfíoras go dteastaíonn creat láidir reachtach a sheasfaidh an aimsir chun forbairt mhear a dhéanamh ar sheirbhísí digiteacha chun sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint; á chur i bhfáth i ndáil leis sin nach mór do sholáthraithe seirbhísí digiteacha ceanglais dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, eadhon RGCS agus Treoir 2002/58/CE (an Treoir maidir le ríomh-Phríobháideachas), atá á hathbhreithniú faoi láthair, a chomhlíonadh le creat leathan na gceart bunúsach lena n-áirítear, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, an tsaoirse chun dínite agus an neamh-idirdhealaithe, agus an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil agus chun slándáil agus sábháilteacht a gcóras agus a seirbhísí a áirithiú;

9. á chreidiúint gur cheart do DSA muinín tomhaltóirí a áirithiú agus a leagan síos go soiléir go gcomhlíontar ceanglais maidir le dlí tomhaltóirí agus sábháilteacht táirgí chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú; á chur i bhfios gur cheart do DSA aird ar leith a thabhairt ar úsáideoirí atá faoi mhíchumas agus rochtain ar sheirbhísí na sochaí faisnéise a ráthú; á iarraidh ar an gCoimisiún soláthraithe seirbhíse a spreagadh chun uirlisí teicniúla a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas daoine atá faoi mhíchumas rochtain éifeachtach a fháil ar sheirbhísí na sochaí faisnéise, iad a úsáid agus tairbhe a bhaint astu;

10. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé cur chuige cothrománach na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil a choinneáil; á chur i bhfáth nach bhfuil cur chuige ‘a oireann do chách’ oiriúnach chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin nua uile i dtírdhreach digiteach an lae inniu agus go bhfuil cur chuige rialála saincheaptha de dhíth de bharr éagsúlacht na ngníomhaithe agus na seirbhísí a thairgtear ar líne; ag moladh idirdhealú a dhéanamh idir gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus neamheacnamaíocha, agus idir cineálacha éagsúla seirbhísí digiteacha arna n-óstáil ag ardáin seachas díriú ar chineál an ardáin; á mheas, sa chomhthéacs sin, gur cheart go bhféachfaí le haon tograí reachtacha a bheidh ann amach anseo lena áirithiú go mbeidh oibleagáidí nua an Aontais maidir le soláthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise comhréireach agus soiléir;

11. á mheabhrú go n-úsáideann líon mór cinntí reachtacha agus riaracháin agus caidrimh chonarthacha sainmhínithe agus rialacha na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil agus go mbeidh iarmhairtí tábhachtacha ag aon athrú orthu dá bhrí sin;

12. á chur i bhfáth go bhfuil creat agus iomaíocht chothrom ar leibhéal an Aontais a bheidh intuartha, soiléir agus cuimsitheach agus a sheasfaidh an aimsir, ríthábhachtach chun fás na ngnólachtaí Eorpacha uile a chur chun cinn, lena n-áirítear ardáin ar mhionscála, FBManna, lena n-áirítear micreachuideachtaí, fiontraithe agus gnólachtaí nuathionscanta, soláthar trasteorann sheirbhísí na sochaí faisnéise a mhéadú, ilroinnt an mhargaidh a bhaint agus machaire comhréidh a chur ar fáil do ghnólachtaí Eorpacha a chuirfidh ar a gcumas leas iomlán a bhaint as margadh na seirbhísí digiteacha agus a bheith iomaíoch ar fud an domhain;

13. á chur i bhfios go láidir gur cheart an ionstraim margaidh inmheánaigh a bheidh ann amach anseo maidir le rialacha ex ante i dtaca le hardáin shistéamacha agus an Uirlis Iomaíochta nua a fógraíodh lena ndírítear ar aghaidh a thabhairt ar bhearnaí i ndlí na hiomaíochta a choimeád mar ionstraimí dlíthiúla ar leithligh;

14. á mheabhrú gur dréachtaíodh an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun a áirithiú nach mbeidh sí imithe i léig de bharr forbairtí teicneolaíochta a eascraíonn as luas tapa na nuálaíochta in earnáil TF agus á chur i bhfáth gur cheart go leanfadh DSA de bheith slán i leith na haimsire agus infheidhme maidir le teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua a mbeidh tionchar acu ar an margadh aonair digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go leanfaidh aon athbhreithnithe de bheith neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de chun sochair fhadtéarmacha a ráthú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí;

15. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gá le machaire comhréidh sa mhargadh inmheánach idir geilleagar na n-ardán agus an geilleagar as líne, bunaithe ar na cearta agus na hoibleagáidí céanna do na páirtithe leasmhara uile - tomhaltóirí agus gnólachtaí; á mheas nár cheart do DSA dul i ngleic le saincheist na n-oibrithe ardáin; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart aghaidh a thabhairt go cuí ar chosaint shóisialta agus ar chearta sóisialta oibrithe, lena n-áirítear oibrithe ardáin nó oibrithe an gheilleagair chomhoibríoch, in ionstraim ar leithligh chun freagairt leordhóthanach chuimsitheach a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le geilleagar digiteach an lae inniu;

16. á mheas gur cheart DSA a bheith bunaithe ar luachanna comhchoiteanna an Aontais lena gcosnaítear cearta na saoránach agus gur cheart é a bheith mar aidhm leis cruthú éiceachórais ar líne atá saibhir agus éagsúil a chothú ag a mbeadh raon leathan seirbhísí ar líne, timpeallacht dhigiteach iomaíoch, trédhearcacht agus deimhneacht dhlíthiúil chun cumas iomlán an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a scaoileadh;

17. á mheas go gcuirtear deis ar fáil don Aontas le DSA an geilleagar digiteach a mhúnlú, ní hamháin ar leibhéal an Aontais, ach é mar sprioc aige freisin caighdeán a bhunú don chuid eile den domhan;

Cearta agus saoirsí bunúsacha

18. á thabhairt dá haire go bhfuil cumas forleathan ag soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise, agus go háirithe ag ardáin ar líne lena n-áirítear líonraí sóisialta, dul i dteagmháil leis na nithe seo a leanas agus tionchar a imirt orthu: lucht féachana níos leithne, iompraíocht, tuairimí agus cleachtais, lena n-áirítear grúpaí leochaileacha amhail mionaoisigh, agus gur cheart dóibh dlí an Aontais maidir le cosaint úsáideoirí, a sonraí agus na sochaí i gcoitinne a chomhlíonadh;

19. á mheabhrú gur léiríodh leis na scannail a bhí ann le déanaí maidir le sonraí a bhaint agus a dhíol, amhail Cambridge Analytica, bréagnuacht, bréagaisnéis, ionramháil vótálaithe agus lear mór díobháil eile ar líne (ón bhfuathchaint go craoladh na sceimhlitheoireachta) gur gá oibriú ar fhorfheidhmiú níos fearr agus comhar níos dlúithe i measc na mBallstát chun buntáistí agus easnaimh na rialacha atá ann cheana a thuiscint agus cosaint na gceart bunúsach ar líne a threisiú;

20. á mheabhrú i ndáil leis sin gur chabhraigh scéimeanna áirithe féinrialála agus comhrialála amhail Cód Cleachtais an Aontais maidir le Bréagfhaisnéis le hidirphlé a struchtúrú le hardáin agus le rialtóirí; ag moladh gur cheart d’ardáin ar líne coimircí éifeachtacha agus iomchuí a chur i bhfeidhm, go háirithe chun a áirithiú go ngníomhóidh siad ar bhealach dúthrachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus chun cosc a chur ar bhaint neamhbheartaithe inneachair nach bhfuil neamhdhleathach; níor cheart go mbeadh aon scagadh uaslódála éigeantach ar inneachar nach gcomhlíonann an toirmeasc ar oibleagáidí ginearálta faireacháin mar thoradh ar bhearta den sórt sin; ag moladh gur cheart bearta chun inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis a chomhrac a mheas agus a fhorbairt tuilleadh;

21. ag athdhearbhú a thábhachtaí atá sé saoirse tuairimí a nochtadh, saoirse faisnéise agus saoirse tuairimíochta a ráthú agus a ráthú go mbeidh tírdhreach preasa agus meán saor agus éagsúil ann, ag féachaint freisin do chosaint na hiriseoireachta neamhspleáiche; ag áitiú go ndéanfaí an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chosaint agus a chur chun cinn agus go mbeadh éagsúlacht tuairimí, faisnéise, an phreasa, na meán agus léirithe ealaíonta agus cultúrtha ann;

22. á chur i bhfáth gur cheart do DSA saoirsí an mhargaidh inmheánaigh a neartú agus na cearta bunúsacha agus na prionsabail bhunúsacha a leagtar amach sa Chairt a ráthú; á chur i bhfáth gur cheart cearta bunúsacha tomhaltóirí agus úsáideoirí, lena n-áirítear cearta mionaoiseach, a chosaint ar shamhlacha díobhálacha gnó ar líne, lena n-áirítear iad siúd a dhéanann fógraíocht dhigiteach, agus gur cheart iad a chosaint ar chúbláil iompraíochta agus ar chleachtais idirdhealaitheacha freisin;

23. ag cur béim ar a thábhachtaí atá cumhachtú úsáideoirí maidir le forfheidhmiú a gceart bunúsach féin ar líne; á athdhearbhú go gcaithfidh soláthraithe seirbhíse digití ceart a n-úsáideoirí ar iniomparthacht sonraí a urramú agus a chumasú mar a leagtar síos i ndlí an Aontais;

24. á chur i bhfios go meastar sonraí bithmhéadracha a bheith i gcatagóir speisialta de shonraí pearsanta a bhfuil rialacha ar leith ag ghabháil lena bpróiseáil; á thabhairt dá haire go bhféadtar agus go ndéantar bithmhéadracht a úsáid chun aitheantas daoine a dhearbhú agus a fhíordheimhniú, rud a bhfuil rioscaí suntasacha ag baint leis, gan beann ar na buntáistí a d’fhéadfadh a bheith aige, agus a chuireann isteach ar an gceart chun próibháideachais agus cosanta sonraí, go háirithe nuair a dhéantar é gan toiliú an ábhair sonraí, mar aon le calaois chéannachta a chumasú; á iarraidh ar DSA a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse digití sonraí bithmhéadracha a stóráil ar an bhfeiste féin amháin, mura lamháiltear stóráil lárnach de réir dlí, rogha eile a thabhairt i gcónaí d’úsáideoirí seirbhísí digiteacha tacar sonraí bithmhéadracha a úsáid de réir réamhshocrú maidir le feidhmiú seirbhíse, agus an oibleagáid na custaiméirí a chur ar an eolas go soiléir faoi na rioscaí a bhaineann le sonraí bithmhéadracha a úsáid;

25. á chur i bhfáth, de réir cásdlí maidir le meiteashonraí cumarsáide, nach dtabharfar rochtain d’údaráis phoiblí ar shuibscríobhaí agus ar mheiteashonraí úsáideora ach amháin chun daoine faoi dhrochamhras i gcionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú le húdarú breithiúnach roimh ré; á chur in iúl go bhfuil sí suite de, áfach, nach bhféadfaidh soláthraithe seirbhíse digití sonraí a choinneáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí mura n-ordaíonn údarás poiblí inniúil neamhspleách go díreach sonraí úsáideora aonair a choinneáil ar bhonn spriocdhírithe i gcomhréir le dlí an Aontais;

26. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé criptiú éifeachtach inn ar inn a chur i bhfeidhm ar shonraí, toisc go bhfuil sé bunriachtanach le haghaidh muinín agus slándáil ar an idirlíon agus go seachnaíonn sé rochtain tríú páirtí neamhúdaraithe a bheag nó a mhór;

Trédhearcacht agus Cosaint Tomhaltóirí

27. ag tabhairt dá haire go bhfuil tábhacht agus athléimneacht na hearnála ríomhthráchtála agus an cumas atá inti geilleagar na hEorpa a athsheoladh léirithe ag paindéim COVID-19 ach go bhfuil sé léirithe aici freisin cé chomh leochaileach is atá tomhaltóirí AE i leith chleachtais trádála mhíthreoracha na dtrádálaithe mímhacánta a dhíolann táirgí góchumtha, neamhdhleathacha nó contúirteacha agus a sholáthraíonn seirbhísí ar líne nach gcomhlíonann rialacha sábháilteachta an Aontais nó a fhorchuireann méaduithe mí-úsáideacha agus gan údar ar phraghsanna nó coinníollacha éagóracha eile ar thomhaltóirí; á chur i bhfáth go bhfuil gá práinneach ann dlús a chur le forfheidhmiú rialacha an Aontais agus cosaint tomhaltóirí a threisiú;

28. á chur i bhfáth go bhfuil an fhadhb seo níos measa mar gheall ar dheacrachtaí maidir le céannacht úsáideoirí gnó calaoiseacha a shuí, rud a fhágann go bhfuil sé deacair do thomhaltóirí cúiteamh a lorg as damáistí agus caillteanais a tharla;

29. á mheas gur cheart na ceanglais trédhearcachta agus faisnéise reatha a leagtar amach sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil i ndáil le soláthraithe sheirbhísí na sochaí faisnéise agus a gcustaiméirí gnó, agus na híoscheanglais faisnéise maidir le cumarsáid tráchtála, a neartú i gcomhthráth le bearta chun comhlíonadh na rialacha atá ann cheana a mhéadú gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas FBManna;

30. á iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais faisnéise a leagtar amach in Airteagal 5 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a threisiú agus a cheangal ar sholáthraithe óstála faisnéis agus céannacht na n-úsáideoirí gnó a bhfuil gaol tráchtála díreach acu leis na sonraí aitheantais a chur i gcomparáid leis na sonraí aitheantais sna bunachair sonraí ábhartha de chuid an Aontais atá ann cheana agus atá ar fáil i gcomhréir le reachtaíocht an phrótacail sonraí; ba cheart do na soláthraithe óstála iarraidh ar a n-úsáideoirí gnó a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis a chuireann siad ar fáil cruinn, iomlán agus cothrom le dáta agus ba cheart go mbeidís i dteideal agus faoi oibleagáid a gcuid seirbhísí a dhiúltú nó scor dá seirbhísí, má tá an fhaisnéis faoi chéannacht a n-úsáideoirí gnó bréagach nó míthreorach; ba cheart gurb iad na húsáideoirí gnó a mbeadh sé de chúram orthu fógra a thabhairt don soláthraí seirbhíse faoi aon athrú ar a ngníomhaíochtaí gnó (mar shampla, deireadh a chur le gníomhaíocht ghnó);

31. á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáidí in-fhorfheidhmithe a thabhairt isteach maidir le soláthraithe sheirbhíse na sochaí faisnéise arb é is aidhm dóibh trédhearcacht, faisnéis agus cuntasacht a mhéadú; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar bearta forfheidhmiúcháin a spriocdhíriú ar bhealach lena gcuirfear san áireamh na seirbhísí éagsúla agus nach mbeidh sárú ar phríobháideachas agus próiseas dlíthiúil mar thoradh dosheachanta orthu; á mheas gur cheart na hoibleagáidí sin a bheith comhréireach agus iad a fhorfheidhmiú le pionóis iomchuí, chomhréireacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha;

32. á chur i bhfáth gur cheart na hoibleagáidí atá ann cheana, a leagtar amach sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus sa Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha i ndáil le trédhearcacht na cumarsáide tráchtála agus na fógraíochta digití a neartú; á chur i bhfios gur cheart aghaidh a thabhairt, i measc nithe eile, ar ábhair imní phráinneacha maidir le cosaint tomhaltóirí i dtaobh próifíliú, spriocdhíriú agus praghsáil phearsantaithe, trí oibleagáidí soiléire trédhearcachta agus ceanglais faisnéise;

33. á chur i bhfáth go bhfuil tomhaltóirí ar líne neamhchothrom maidir le soláthraithe seirbhíse agus trádálaithe a thairgeann seirbhísí a fhaigheann tacaíocht ó ioncam fógraíochta agus fógraí atá dírithe go díreach ar thomhaltóirí aonair, bunaithe ar an bhfaisnéis a bhailítear trí mhórshonraí agus trí shásraí intleachta saorga; ag tabhairt dá haire an tionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag fógraíocht phearsantaithe, go háirithe fógraíocht mhicri-dhírithe agus fógraíocht iompraíochta; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún rialacha breise a thabhairt isteach maidir le fógraíocht spriocdhírithe agus micri-spriocdhíriú bunaithe ar bhailiú sonraí pearsanta agus machnamh a dhéanamh ar fhógraíocht spriocdhírithe ar mhicri-iompar agus ar iompar a rialáil ar bhealach níos cruinne i bhfabhar foirmeacha fógraíochta nach bhfuil chomh cunórach céanna agus nach gá idirghníomhaíocht úsáideoirí le hinneachar a rianú go forleathan ina leith; ag tathant ar an gCoimisiún machnamh a dhéanamh freisin ar bhearta reachtacha a thabhairt isteach chun fógraíocht ar líne a dhéanamh níos trédhearcaí;

34. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé, i bhfianaise fhorbairt na seirbhísí digiteacha, go mbeidh oibleagáid ar na Ballstáit a áirithiú go gceadaítear conarthaí a thabhairt i gcrích trí mheán leictreonach leis an gcóras dlí atá acu, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á áirithiú ag an am céanna; á iarraidh ar an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar na ceanglais atá ann cheana maidir le conarthaí a thugtar i gcrích trí mheán leictreonach, lena n-áirítear maidir le fógraí ó na Ballstáit, agus iad a thabhairt cothrom le dáta más gá; ag tabhairt dá haire sa chomhthéacs sin go bhfuil méadú ann i ndáil le ‘conarthaí cliste’ amhail conarthaí atá bunaithe ar theicneolaíochtaí mórleabhar dáilte agus á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar fhorbairt agus ar úsáid teicneolaíochtaí mórleabhar dáilte, lena n-áirítear ‘conarthaí cliste’, amhail ceisteanna maidir le bailíocht, agus forfheidhmiú conarthaí cliste i gcásanna trasteorann, treoir a thabhairt ina leith sin chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí, agus gan tionscnaimh reachtacha a ghlacadh ach amháin i gcás ina sainaithnítear bearnaí nithiúla tar éis an mheasúnaithe sin;

35. á iarraidh ar an gCoimisiún caighdeáin íosta a thabhairt isteach le haghaidh téarmaí agus coinníollacha ginearálta conarthaí, go háirithe a mhéid a bhaineann le bearta trédhearcachta, inrochtaineachta, cothroime agus neamh-idirdhealaithe agus chun tuilleadh athbhreithnithe a dhéanamh ar an gcleachtas clásail chaighdeánacha réamhfhoirmithe a úsáid i dtéarmaí agus i gcoinníollacha conartha, ar clásail iad nach ndéantar a chaibidliú ar leithligh roimh ré, lena n-áirítear Comhaontuithe Ceadúnaithe Úsáideoirí Deiridh, chun bealaí a lorg chun iad a dhéanamh níos cothroime agus chun comhlíonadh dhlí an Aontais a áirithiú, chun rannpháirtíocht níos éasca a cheadú do thomhaltóirí, lena n-áirítear maidir le rogha na gclásal chun toiliú níos eolasaí a fháil;

36. á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar éifeachtúlacht na n-idirghníomhaíochtaí leictreonacha idir gnólachtaí agus tomhaltóirí i bhfianaise fhorbairt na dteicneolaíochtaí fíorúla sainaitheantais; á mheas gur cheart don Choimisiún, d’fhonn éifeachtacht DSA a áirithiú, an creat rialála maidir le sainaithint dhigiteach, eadhon Rialachán eIDAS, a thabhairt cothrom le dáta freisin; á mheas, dá gcruthófaí céannacht dhigiteach iontaofa agus córais fíordheimhnithe iontaofa, a nglactar go huilíoch leo, b’uirlis úsáideach an méid sin lena bhféadfaí céannachtaí aonair daoine nádúrtha, eintiteas dlíthiúil agus meaisíní a bhunú ar bhonn slán d’fhonn cosaint ar úsáid próifílí bréige; ag tabhairt dá haire, sa chomhthéacs sin, a thábhachtaí atá sé do thomhaltóirí táirgí agus seirbhísí ar líne a úsáid nó a cheannach ar bhealach slán gan gá a bheith ann ardáin neamhghaolmhara a úsáid agus sonraí a chomhroinnt gan ghá, lena n-áirítear sonraí pearsanta, a bhailíonn na hardáin sin; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh i ndáil le céannacht leictreonach a nglacfaí leis go huilíoch a chruthú mar mhalairt ar chórais sínithe isteach aonair phríobháideacha agus ag cur i bhfios go láidir gur cheart an tseirbhís sin a fhorbairt ionas go gcoinneofar líon na sonraí a bhailítear chomh híseal agus is féidir; á mheas gur cheart don Choimisiún measúnú a dhéanamh ar an bhféidearthacht córas fíoraithe aoise a chruthú d’úsáideoirí seirbhísí digiteacha, go háirithe chun mionaoisigh a chosaint;

37. á chur i bhfáth nár cheart do DSA difear a dhéanamh do phrionsabal an íoslaghdaithe sonraí arna bhunú ag RGCS, agus, mura gceanglaítear a mhalairt le reachtaíocht shonrach, gur cheart go gcumasódh idirghabhálaithe seirbhísí digiteacha úsáid anaithnid a gcuid seirbhísí a mhéid is mó is féidir agus nár cheart dóibh próiseáil a dhéanamh ar shonraí ach amháin chun an t-úsáideoir a shainaithint; nár cheart sonraí bailithe den sórt sin a úsáid le haghaidh aon seirbhísí digiteacha eile seachas iad siúd lena n-éilítear sainaithint phearsanta, fíordheimhniú nó fíorú aoise agus nár cheart iad a úsáid ach amháin le críoch dhlisteanach, agus nár cheart iad a úsáid i gcás ar bith chun rochtain ghinearálta ar an idirlíon a shrianadh;

Intleacht shaorga agus meaisínfhoghlaim

38. á chur i bhfáth, cé go bhfuil acmhainneacht ollmhór ag seirbhísí faoi thiomáint IS nó seirbhísí a bhaineann leas as uirlisí cinnteoireachta uathoibrithe nó as uirlisí meaisínfhoghlama, atá á rialú ag an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil faoi láthair, dul chun tairbhe do thomhaltóirí agus do sholáthraithe seirbhíse, gur cheart aghaidh a thabhairt in DSA freisin ar na dúshláin nithiúla a bhaineann leo maidir le neamh-idirdhealú agus trédhearcacht a áirithiú, lena n-áirítear na tacair sonraí a úsáidtear agus aschuir spriocdhírithe, agus míniú intuigthe ar algartaim chomh maith le dliteanas, agus nach dtugtar aghaidh orthu sa reachtaíocht atá ann cheana;

39. á chur i bhfáth, ina theannta sin, nach mór d’algartaim bhunúsacha na ceanglais maidir le cearta bunúsacha a chomhlíonadh go hiomlán, go háirithe maidir le príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an ceart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil, agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear sna Conarthaí agus sa Chairt;

40. á mheas go bhfuil sé riachtanach a áirithiú go mbaintear úsáid as buntacair sonraí ardcháilíochta agus neamhchlaonta, mar aon le daoine aonair a chabhrú chun rochtain a fháil ar inneachar éagsúil, tuairimí éagsúla agus táirgí agus seirbhísí ardcháilíochta éagsúla;

41. á iarraidh ar an gCoimisiún ceanglais trédhearcachta agus cuntasachta a thabhairt isteach maidir le próisis chinnteoireachta uathoibrithe agus comhlíonadh ceanglas maidir le príobháideachas úsáideoirí agus rúin trádála á áirithiú ag an am céanna; á chur i bhfios gur gá foráil a dhéanamh d’iniúchtaí rialála seachtracha, maoirseacht cás ar chás agus measúnuithe riosca rialta ag údaráis inniúla agus gur gá measúnú a dhéanamh ar rioscaí gaolmhara, go háirithe na rioscaí do thomhaltóirí nó do thríú páirtithe agus á mheas gur cheart údar a bheith ag na bearta a dhéantar chun na rioscaí sin a chosc agus gur cheart dóibh a bheith comhréireach, agus nár cheart bac a chur ar an nuálaíocht leo; á chreidiúint nach mór urraim a thabhairt don phrionsabal ‘duine i gceannas’, inter alia, chun méadú ar rioscaí sláinte agus sábháilteachta, idirdhealú, faireachas míchuí, nó mí-úsáid a chosc, nó chun bagairtí a d’fhéadfadh a bheith ann do chearta agus do shaoirsí bunúsacha a chosc;

42. á mheas go bhfuil sé de cheart ag tomhaltóirí agus úsáideoirí eolas cuí a fháil go tráthúil agus ar bhealach atá gonta, éasca le tuiscint agus inrochtana agus gur cheart a gcearta a ráthú go héifeachtach agus iad ag idirghníomhú le córais chinnteoireachta uathoibrithe agus le seirbhísí digiteacha nuálacha nó feidhmchláir dhigiteacha nuálacha eile; á chur a himní in iúl maidir leis an easpa trédhearcachta atá ann faoi láthair maidir le húsáid a bhaint as cúntóirí fíorúla agus botaí comhrá, a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh do thomhaltóirí leochaileacha go háirithe agus á chur i bhfios nár cheart do sholáthraithe seirbhíse digití úsáid a bhaint as córais chinnteoireachta uathoibrithe amháin chun tacaíocht a thabhairt do thomhaltóirí;

43. á chreidiúint, sa chomhthéacs sin, gur cheart go bhféadfaí tomhaltóirí a chur ar an eolas go soiléir agus iad ag idirghníomhú le cinnteoireacht uathoibrithe, agus go bhféadfaí iad a chur ar an eolas maidir le conas dul i dteagmháil le duine daonna ar féidir leo cinntí a dhéanamh, conas seiceálacha agus ceartuithe a iarraidh ar bhotúin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chinntí uathoibrithe, chomh maith le sásamh a lorg i leith aon damáiste a bhaineann le húsáid na gcóras cinnteoireachta uathoibrithe;

44. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rogha tomhaltóirí, rialú tomhaltóirí agus muinín tomhaltóirí as seirbhísí agus feidhmchláir intleachta saorga a neartú; á chreidiúint, dá bhrí sin, gur cheart an tacair cearta atá ag tomhaltóirí a leathnú chun chosaint níos fearr a thabhairt dóibh sa saol digiteach agus á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh go háirithe ar chritéir maidir le cuntasacht agus cothroime, smacht, an ceart chun neamh-idirdhealú agus tacair sonraí IS neamhchlaonta; á mheas gur cheart go mbeadh níos mó smachta ag tomhaltóirí agus úsáideoirí maidir leis an gcaoi a úsáidtear IS agus gur cheart go mbeadh an fhéidearthacht acu úsáid aon ghnéithe pearsantaithe atá cumasaithe ag IS a dhiúltú, a theorannú nó a phearsanú;

45. ag tabhairt dá haire nach féidir le huirlisí uathoibrithe le haghaidh modhnóireacht inneachair an chaolchúis a bhaineann le comhthéacs agus le brí i gcumarsáid an duine a thuiscint go héifeachtach, rud atá riachtanach chun a chinneadh an bhféadfaí a mheas go sáraíonn an inneachar a ndearnadh measúnú air an dlí nó téarmaí na seirbhíse; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, nár cheart úsáid uirlisí den chineál sin a fhorchur le DSA;

Dul i ngleic le hInneachar agus Gníomhaíochtaí Neamhdhleathacha ar Líne

46. á chur i bhfáth gur bagairt thromchúiseach é inneachar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne a bheith ann agus é a bheith á scaipeadh, ar bagairt í lena mbaintear an bonn d’iontaoibh agus muinín na saoránach sa timpeallacht dhigiteach, agus lena ndéantar dochar d’fhorbairt eacnamaíoch na n-éiceachóras digiteach sláintiúil agus go bhféadfadh iarmhairtí tromchúiseacha agus fadtéarmacha a bheith acu ar shábháilteacht agus ar chearta bunúsacha daoine aonair; ag tabhairt dá haire, ag an am céanna, gur féidir inneachar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne a iomadú go héasca agus a tionchar diúltach a mhéadú laistigh de thréimhse an-ghearr;

47. ag tabhairt dá haire nach ann d’aon réiteach amháin a oireann do chách ar gach cineál inneachair agus gníomhaíochta atá neamhdhleathach; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé nach bhfuil inneachar a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach i mBallstáit áirithe 'neamhdhleathach' i mBallstáit eile, toisc nach gcomhchuibhítear ach cineálacha áirithe inneachair neamhdhleathacha san Aontas; á iarraidh go ndéanfaí idirdhealú dian idir inneachar neamhdhleathach, gníomhaíochtaí inphionóis agus inneachar atá comhroinnte go neamhdhleathach ar thaobh amháin, agus inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis nach bhfuil neamhdhleathach i gcónaí ar an taobh eile, ós rud é go bhfuil cur chuige agus rialacha éagsúla infheidhme i ngach cás; ag glacadh an tseasaimh nár cheart go mbainfeadh an córas dliteanais dhlíthiúil ach le hinneachar neamhdhleathach mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais nó sa dlí náisiúnta;

48. á chreidiúint, áfach, go gcuideofar le cur chuige níos ailínithe agus níos comhordaithe ar leibhéal an Aontais, gan dochar a dhéanamh do chreat leathan na gceart bunúsach agus don reachtaíocht earnáil-shonrach atá ann cheana, agus na cineálacha éagsúla inneachair agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha á gcur san áireamh, agus atá bunaithe ar chomhar agus ar mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit, aghaidh a thabhairt ar inneachar neamhdhleathach ar bhealach níos éifeachtaí; á chur i bhfios go láidir gur gá déine na mbeart nach mór do sholáthraithe seirbhíse a dhéanamh a oiriúnú le tromchúiseacht an tsáraithe agus á iarraidh go mbeadh comhar agus malartú faisnéise níos fearr ann idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhíse óstála;

49. á mheas gur baineadh roinnt tairbhe as gníomhaíochtaí deonacha agus as an bhféinrialáil a dhéanann ardáin ar líne ar fud na hEorpa, ach go bhfuil gá le creat dlíthiúil soiléir maidir le hinneachar agus gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a bhaint anuas chun a áirithiú go ndéanfar inneachar den chineál sin ar líne a bhrath agus a bhaint anuas go tapa; á chur i bhfios go láidir gur gá cosc a chur ar oibleagáid ghinearálta faireacháin a fhorchur ar sholáthraithe seirbhísí digiteacha chun faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann nó a stórálann siad agus cosc ar chur orthu gach inneachar agus gach gníomhaíocht a lorg go gníomhach, a mhaolú nó a scagadh, de jurede facto; á chur i bhfios go láidir gur cheart inneachar neamhdhleathach a bhaint san áit a bhfuil sé á óstáil, agus nach mbeidh ceangal ar sholáthraithe rochtana rochtain ar inneachar a bhlocáil;

50. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaidh idirghabhálaithe ar líne, a thógann inneachar neamhdhleathach líomhnaithe as líne ar a gconlán féin, inneachar a bhaint ar bhealach dúthrachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí a thabhairt i ngach cás ar chearta agus saoirsí bunúsacha na n-úsáideoirí; á chur i bhfios go láidir gur cheart beart coimirce nós imeachta láidir agus ceanglais fhónta trédhearcachta agus cuntasachta a bheith ag gabháil le haon bhearta den sórt sin; á iarraidh freisin, i gcás ina bhfuil aon amhras ann maidir le hinneachar de chineál ‘neamhdhleathach’, gur cheart an inneachar sin a bheith faoi réir athbhreithniú ó dhuine daonna agus nár cheart é a bhaint anuas gan imscrúdú breise a dhéanamh;

51. á iarraidh ar an gCoimisiún staideár a chur i láthair maidir le hinneachar agus sonraí bainte anuas ag próisis cinnteoireachta uathoibrithe roimh agus tar éis ráig COVID-19 agus maidir le líon na bainte de bhotún (bréagdheimhnithe) a cuireadh san áireamh i líon na n-ítimí a baineadh;

52. á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na difríochtaí agus na hilroinntí atá ag dul i méid maidir leis na rialacha náisiúnta sna Ballstáit agus rialacha comhchuibhithe soiléire intuartha a ghlacadh mar aon le sásra fógra agus gníomhaíochta a bheidh trédhearcach, éifeachtach agus comhréireach; á lua gur cheart go gcuirfí coimircí leordhóthanacha ar fáil leis, go dtabharfaí de chumhacht d’úsáideoirí fógra a thabhairt d’idirghabhálaithe ar líne go bhféadfadh inneachar nó gníomhaíochtaí neamhdhleathacha ar líne a bheith ann agus go gcabhrófaí le hidirghabhálaithe ar líne freagairt go tapa agus a bheith níos trédhearcaí maidir leis na gníomhaíochtaí a dhéantar i dtaca le hinneachar a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go mbeadh na bearta sin neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de agus go mbeadh rochtain éasca ag gach gníomhaí orthu chun ardleibhéal cosanta d’úsáideoirí agus do thomhaltóirí a ráthú;

53. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sásra ‘fógra agus gníomhaíochta’ den chineál sin daonlárnach; á chur i bhfios go láidir gur cheart coimircí a thabhairt isteach i gcoinne mhí-úsáid an chórais, lena n-áirítear i gcoinne sraith míthuairiscithe, cleachtais tráchtála éagóracha agus scéimeanna eile; á mholadh don Choimisiún rochtain a áirithiú ar shásraí frithfhógra agus gearáin atá trédhearcach, éifeachtach, cothrom agus gasta agus ar shásraí réitithe díospóide lasmuigh den chúirt agus an fhéidearthacht a ráthú chun sásamh breithiúnach a lorg i gcoinne bhaint anuas inneachair chun an ceart chun leigheas éifeachtach a shásamh;

54. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí i leith trédhearcachta a bheith ann maidir le hinneachar a bhaint anuas; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfaí tuarascálacha le heolas maidir le sásraí fógra agus gníomhaíochta a chur ar fáil go poiblí, amhail eolas maidir le líon na bhfógraí, cineál na n-eintiteas a thugann fógra faoin inneachar, an cineál inneachair is ábhar don ghearán, am freagartha an idirghabhálaí, líon na n-achomharc chomh maith le líon na gcásanna ina ndearnadh ábhar a aithint go hearráideach mar ábhar neamhdhleathach nó mar ábhar arna roinnt go neamhdhleathach;

55. ag tabhairt dá haire na dúshláin a bhaineann le forfheidhmiú urghairí dlíthiúla arna n-eisiúint laistigh de Bhallstáit nach tír thionscnaimh soláthraí seirbhíse í agus á chur i bhfáth gur gá an tsaincheist seo a fhiosrú tuilleadh; á áitiú nach mbeidh ceangal ar na soláthraithe seirbhísí óstála rochtain ar fhaisnéis atá dleathach ina dtír thionscnaimh a bhaint nó a dhíchumasú;

56. á chur i bhfáth gur ar údaráis phoiblí inniúla neamhspleácha atá an fhreagracht as an dlí a fhorfheidhmiú, as cinneadh a dhéanamh maidir le dlíthiúlacht gníomhaíochtaí agus inneachar ar líne, agus as ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse óstála rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú, agus as a áirithiú go bhfuil na horduithe sin cruinn, go bhfuil bunús maith leo agus go dtugann siad urraim do chearta bunúsacha;

57. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach coimircí a choinneáil ón gcóras dliteanais dhlíthiúil d’idirghabhálaithe ar líne a leagtar amach in Airteagail 12, 13, 14 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus an toirmeasc faireacháin ginearálta a leagtar amach in Airteagal 15 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a choinneáil chun saorghluaiseacht seirbhísí digiteacha a éascú, chun a áirithiú go mbeidh fáil ar inneachar ar líne agus chun cearta bunúsacha na n-úsáideoirí a chosaint agus a chaomhnú; á chur i bhfios go láidir, sa chomhthéacs sin, nár cheart go ndéanfaí an córas dliteanais dhlíthiúil agus an cosc ar fhaireachán ginearálta a lagú le píosa nua reachtaíochta a d’fhéadfadh a bheith ann nó le leasú ar mhíreanna eile den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil;

58. á aithint gur ann don prionsabal nach bhfuil seirbhísí digiteacha a bhfuil ról neodrach agus éighníomhach acu, amhail seirbhísí innill agus bonneagair, freagrach as an inneachar a tharchuirtear thar a gcuid seirbhísí toisc nach bhfuil smacht acu ar an inneachar sin, nach bhfuil aon idirghníomhú gníomhach acu leis nó nach bhfuil barrfheabhsú a dhéanamh acu air; á chur i bhfáth, áfach, go bhfuil gá le níos mó soiléirithe maidir le ról gníomhach agus éighníomhach trí chásdlí na Cúirte ar an ábhar a chur san áireamh;

59. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar cheanglas a chur ar sholáthraithe seirbhíse óstála inneachar neamhdhleathach a d’fhéadfadh gur coir thromchúiseach í a thuairisciú don údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, ar a bheith ar an eolas faoi;

Margaí ar líne

60. ag tabhairt dá haire, cé gur chuaigh teacht chun cinn soláthraithe seirbhísí ar líne, amhail margaí ar líne, chun tairbhe do thomhaltóirí agus do thrádálaithe araon, go háirithe trí rogha a fheabhsú, trí chostais a laghdú agus trí phraghsanna a laghdú, go bhfuil tomhaltóirí níos leochailí dá bharr ó thaobh cleachtais trádála mhíthreoracha de ag líon díoltóirí atá ag dul i méid, lena n-áirítear díoltóirí ó thriú tíortha, ar féidir leo táirgí agus seirbhísí ar líne atá neamhdhleathach, neamhshábháilte nó góchumtha a chur ar fáil, nach gcomhlíonann rialacha agus caighdeáin an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí go minic, agus nach ráthaíonn cearta tomhaltóirí go leordhóthanach;

61. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tomhaltóirí chomh sábháilte céanna agus iad ag siopadóireacht ar líne nó i siopaí; á chur i bhfáth nach bhfuil sé inghlactha go bhfágtar tomhaltóirí an Aontais gan chosaint ar tháirgí neamhdhleathacha, góchumtha agus neamhshábháilte, ina bhfuil ceimiceáin chontúirteacha, chomh maith le guaiseacha sábháilteachta eile a chruthaíonn rioscaí do shláinte an duine; á áitiú gur gá coimircí agus bearta iomchuí a thabhairt isteach maidir le sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí chun cosc a chur ar dhíol táirgí nó seirbhísí neamhchomhlíontacha ar mhargaí ar líne agus á iarraidh ar an gCoimisiún an córas dliteanais ar mhargaí ar líne a atreisiú;

62. á chur i bhfáth á thábhachtaí atá na rialacha i Rialachán (AE) 2019/1020 maidir le faireachas margaidh agus comhlíonadh táirgí i dtaca le comhréireacht táirgí a thagann isteach san Aontas ó thríú tíortha; á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a dhéanamh chun comhlíonadh reachtaíochta ag díoltóirí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a fheabhsú i gcás nach bhfuil aon mhonaróir, allmhaireoir ná dáileoir bunaithe san Aontas agus aon lúb ar lár sa dlí atá ann faoi láthair a leigheas, lúb ar lár lenar féidir le soláthraithe atá bunaithe lasmuigh den Aontas táirgí a dhíol ar líne le tomhaltóirí Eorpacha nach gcomhlíonann rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht agus cosaint tomhaltóirí, gan smachtbhannaí ná dliteanas a bheith á gcur orthu as a gcuid gníomhaíochtaí agus a fhágann nach bhfuil aon mhodh dlíthiúil ag tomhaltóirí a gcearta a fhorfheidhmiú ná cúiteamh a fháil as aon damáistí; á chur i bhfáth, sa chomhthéacs sin, gur gá go mbeadh an fhéidearthacht ann monaróirí agus díoltóirí táirgí ó thríú tíortha a shainaithint i gcónaí;

63. ag cur béim ar an ngá atá ann go gcuirfeadh margaí ar líne tomhaltóirí ar an eolas go pras a luaithe a bhainfear den mhargadh táirge a cheannaigh siad tar éis fógra a fháil faoi neamhchomhlíonadh rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí nó cosaint tomhaltóirí;

64. á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go dtéann soláthraithe margaí ar líne i gcomhairle le RAPEX agus go dtabharfaidh siad fógra do na húdaráis inniúla a luaithe a bheidh siad ar an eolas faoi tháirgí neamhdhleathacha, neamhshábháilte agus góchumtha ar a n-ardáin;

65. á mheas gur cheart do sholáthraithe margaí ar líne feabhas a chur ar a gcomhar le húdaráis faireachais margaidh agus leis na húdaráis chustaim, lena n-áirítear trí fhaisnéis a mhalartú maidir le díoltóir táirgí neamhdhleathacha, neamhshábháilte agus góchumtha;

66. á iarraidh ar an gCoimisiún a mholadh do na Ballstáit tabhairt faoi níos mó gníomhaíochtaí comhpháirteacha faireachais margaidh agus dlús a chur leis an gcomhar leis na húdaráis chustaim chun sábháilteacht na dtáirgí a dhíoltar ar líne a sheiceáil sula sroicheann siad tomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí líonra idirnáisiúnta d’ionaid tomhaltóirí a bhunú chun cabhrú le tomhaltóirí AE déileáil le díospóidí le trádálaithe atá lonnaithe i dtíortha nach bhfuil san Aontas Eorpach;

67. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú, i gcás ina gcuireann margaí ar líne seirbhísí gairmiúla ar fáil, go ndéanfar leibhéal leordhóthanach cosanta do thomhaltóirí a bhaint amach trí choimircí agus ceanglais faisnéise leormhaithe;

68 á chreidiúint gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag DSA deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht dhlíthiúil a áirithiú sa mhargadh turasóireachta agus iompair trí chreat rialachais a chruthú lena gcuirfí ar bhonn foirmiúil an comhar idir ardáin agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena ndírítear go háirithe ar dhea-chleachtais a roinnt agus sraith oibleagáidí faisnéise a bhunú i dtaca le hardáin na gcíosanna gearrthéarmacha agus na soghluaisteachta vis-à-vis a soláthraithe seirbhíse i dtaca leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil; á iarraidh ar an gCoimisiún deireadh a chur le níos mó bacainní gan údar trí iarracht earnáilsonrach arna comhordú ag AE a dhéanamh, ina mbeadh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach chun teacht ar chomhaontú maidir le tacair critéar, amhail ceadanna, ceadúnais, nó, i gcás inarb infheidhme, uimhir chláraithe áitiúil nó náisiúnta seirbhíse a chuirtear ar fáil, i gcomhréir le rialacha an Mhargaidh Aonair, a bheadh riachtanach chun seirbhís a chur ar fáil ar ardán cíosa gearrthéarma nó ardán soghluaisteachta; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gan oibleagáidí díréireacha faisnéise agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chur ar gach soláthraí seirbhísí agus béim ar leith á leagan ar sholáthraithe seirbhísí idir piaraí agus ar FBManna;

69. á iarraidh go ndéanfaí fás inbhuanaithe agus inbhuanaitheacht na ríomhthráchtála a chur chun cinn in DSA i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá margaí ar líne chun táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe a chur chun cinn agus chun tomhaltas inbhuanaithe a spreagadh; á iarraidh go ndéanfaí bearta chun dul i ngleic le cleachtais mhíthreoracha agus bréagaisnéis maidir le táirgí agus seirbhísí a chuirtear ar fáil ar líne, lena n-áirítear ‘dearbhuithe comhshaoil’ bréagacha agus á iarraidh ar sholáthraithe margaí ar líne ag an am céanna inbhuanaitheacht na ríomhthráchtála a chur chun cinn trí fhaisnéis shoiléir shothuigthe a chur ar fáil do thomhaltóirí maidir le tionchar na dtáirgí nó na seirbhísí a cheannaíonn siad ar líne ar an gcomhshaol;

70. á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú mion a dhéanamh ar shoiléireacht agus ar chomhsheasmhacht an chreata dhlíthiúil atá ann cheana atá infheidhme maidir le díol  ar líne táirgí agus seirbhísí chun bearnaí agus contrárthachtaí a d’fhéadfadh a bheith ann agus easpa forfheidhmiúcháin éifeachtach a shainaithint; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís cuimsitheach a dhéanamh ar an idirgníomhaíocht idir DSA agus reachtaíocht an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí agus ceimiceáin; á iarraidh ar an gCoimisiún comhsheasmhacht a áirithiú idir na rialacha nua maidir le margaí ar líne agus an t-athbhreithniú ar Threoir 2001/95/CE[17] (an Treoir maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí) agus ar Threoir 85/374/CEE[18] (an Treoir um Dhliteanas Táirgí);

71. ag tabhairt dá haire na saincheisteanna a bhaineann le mí-úsáid nó le cur i bhfeidhm mícheart comhaontuithe um dháileadh roghnaíoch chun srian a chur le hinfhaighteacht táirgí agus seirbhísí thar theorainneacha laistigh den Mhargadh Aonair agus idir ardáin; á iarraidh ar an gCoimisiún gníomhú i leith na saincheiste sin laistigh d’aon athbhreithniú níos leithne ar Dhíolúintí Bloc Ingearacha agus ar bheartais eile faoi Airteagal 101 CFAE agus staonadh óna cur san áireamh in DSA ag an am céanna;

Rialáil ex ante na n-oibreoirí sistéamach

72. ag tabhairt dá haire go bhfuil ardáin mhóra ag roinnt margaí sa lá atá inniu ann a bhfuil éifeachtaí suntasacha líonra acu atá in ann gníomhú mar ‘gheatóirí ar líne’ de facto sa gheilleagar digiteach (oibreoirí sistéamacha); á chur i bhfáth a thábhachtaí atá iomaíocht chóir agus éifeachtach idir oibreoirí ar líne le láithreacht suntasach dhigiteach agus soláthraithe eile chun leas tomhaltóirí a chur chun cinn; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís cuimsitheach a dhéanamh ar na saincheisteanna éagsúla a tugadh faoi deara sa mhargadh go dtí seo agus ar a n-iarmhairtí, lena n-áirítear na hiarmhairtí ar thomhaltóirí, ar FBManna agus ar an margadh inmheánach;

73. á mheas, trí bhacainní ar iontráil sa mhargadh a laghdú agus trí oibreoirí sistéamacha a rialú, go bhféadfadh ionstraim de chuid an mhargaidh inmheánaigh lena bhforchuirtear leigheasanna rialála ex ante ar na oibreoirí sistéamacha sin a bhfuil cumhacht mhargaidh suntasach acu margaí a oscailt d’iontrálaithe nua, lena n-áirítear FBManna, fiontraithe agus gnólachtaí nuathionscanta, agus, ar an gcaoi sin, rogha tomhaltóirí a chur chun cinn agus nuálaíocht a spreagadh thar an méid is féidir a bhaint amach le forfheidhmiú dhlí na hiomaíochta amháin;

74. á chur in iúl gur geal léi an comhairliúchán poiblí ón gCoimisiún maidir leis an bhféidearthacht rialachán ex ante spriocdhírithe a thabhairt isteach mar chuid de DSA amach anseo chun dul i ngleic le saincheisteanna sistéamacha a bhaineann go sonrach leis na margaí digiteacha; á chur i bhfáth gur ann do chomhlántacht intreach idir rialáil an mhargaidh inmheánaigh agus beartas iomaíochta, mar a cuireadh in iúl go láidir sa tuarascáil ó chomhairleoirí speisialta an Choimisiúin dar teideal “Beartas Iomaíochta don Ré Dhigiteach”;

75. á iarraidh ar an gCoimisiún ‘oibreoirí sistéamacha’ a shainiú ar bhonn táscairí soiléire;

76. á mheas gur cheart go gcuirfeadh an rialachán ex ante le Rialachán (AE) 2019/1150 (an Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó) agus gur cheart go mbeadh na bearta i gcomhréir le rialacha an Aontais in aghaidh trustaí agus laistigh de bheartas an Aontais maidir le hiomaíocht ar a bhfuil athbhreithniú á dhéanamh faoi láthair chun dul i ngleic ar bhealach níos fearr leis na dúshláin sa ré dhigiteach; á lua gur cheart go n-áiritheofaí leis an rialachán ex ante dálaí córa trádála is infheidhme maidir le gach oibreoir, lena n-áirítear ceanglais bhreise a d’fhéadfadh a bheith ann agus liosta iata de na gníomhaíochtaí dearfacha agus diúltacha nach mór do na hoibreoirí a chomhlíonadh agus/nó a bhfuil toirmeasc orthu gabháil dóibh;

77. á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh go háirithe ar an easpa trédhearcachta maidir le córais mholta oibreoirí sistéamacha, lena n-áirítear na rialacha agus na critéir d’fheidhmiú córas den chineál sin agus anailís a dhéanamh i dtaobh an bhfuil gá le hoibleagáidí trédhearcachta breise agus le ceanglais faisnéise bhreise a fhorchur;

78. á thabhairt chun suntais go bhfuil feabhas tagtha ar iomaíocht sna hearnálacha sin de bharr leigheasanna rialála ex ante a fhorchur in earnálacha eile; ag tabhairt dá haire go bhféadfaí creat comhchosúil a fhorbairt chun oibreoirí sistéamacha a bhfuil ról “geatóra” acu a shainaithint agus sainiúlachtaí na hearnála digití á gcur san áireamh;

79. ag tarraingt aird ar an bhfíoras go gcuimsítear idir cuideachtaí ilnáisiúnta agus micrifhiontair in úsáideoirí gnó na n-oibreoirí sistéamach; á chur i bhfios go láidir nár cheart go mbeadh ceanglais bhreise ann do na gnólachtaí a bhaineann úsáid astu mar thoradh ar rialáil ex ante maidir le hoibreoirí sistéamacha;

80. á chur i bhfios go láidir, maidir le carnadh agus le bailiú méideanna ollmhóra sonraí agus le húsáid sonraí den chineál sin ag oibreoirí sistéamacha chun leathnú ó mhargadh amháin go margadh eile chomh maith leis an bhféidearthacht eile brú a chur ar úsáideoirí ríomhaitheantas oibreora aonair a úsáid le haghaidh iliomad ardán, gur féidir leo míchothromaíochtaí a chruthú i gcumhacht mhargála agus, ar an gcaoi sin, gur féidir iomaíocht sa Mhargadh Aonair a shaobhadh; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach trédhearcacht agus comhroinnt sonraí a mhéadú idir oibreoirí sistéamacha agus údaráis inniúla chun feidhmiú rialacháin maidir le riail ex ante a ráthú;

81. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an idir-inoibritheacht ríthábhachtach chun go mbeadh margadh iomaíoch ann, mar aon le rogha úsáideoirí agus seirbhísí nuálacha, agus chun srian a chur leis an riosca go mbeadh éifeacht ghlasála ag úsáideoirí agus ag tomhaltóirí; á iarraidh ar an gCoimisiún leibhéil iomchuí idir-inoibritheachta a áirithiú d’oibreoirí sistéamacha agus teicneolaíochtaí éagsúla agus caighdeáin agus prótacail oscailte a iniúchadh, lena n-áirítear an fhéidearthacht comhéadan teicniúil a bheith ann (Comhéadan Clárúcháin Feidhmchláir);

Maoirseacht, comhar agus forfheidhmiú

82. á chreidiúint, i bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí digiteacha, go bhfuil maoirseacht agus comhar éifeachtach idir na Ballstáit, lena n-áirítear malartú faisnéise agus dea-chleachtas, ríthábhachtach chun forfheidhmiú cuí DSA a áirithiú; á chur i bhfáth go gcruthaíonn trasuí, cur chun feidhme agus forfheidhmiú neamhfhoirfe reachtaíocht an Aontais ag na Ballstáit bacainní gan údar sa mhargadh aonair digiteach; á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na bacainní sin i ndlúthchomhar leis na Ballstáit;

83. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go soláthraíonn na Ballstáit acmhainní airgeadais agus acmhainní daonna agus cumhachtaí forfheidmithe leormhaithe do na húdaráis mhaoirseachta náisiúnta chun a bhfeidhmeanna a chur i gcrích go héifeachtach agus chun rannchuidiú lena gcuid oibre faoi seach;

84. á chur i bhfáth go bhfuil comhar idir údaráis náisiúnta agus údaráis eile na mBallstát, an tsochaí shibhialta agus eagraíochtaí tomhaltóirí ríthábhachtach chun forfheidhmiú éifeachtach DSA a bhaint amach; á mholadh prionsabal na tíre tionscnaimh a neartú trí chomhar méadaithe idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar an maoirseacht rialála a dhéantar ar sheirbhísí digiteacha agus chun forfheidhmiú éifeachtach an dlí a bhaint amach i gcásanna trasteorann; á mholadh do na Ballstáit dea-chleachtais agus sonraí a chomhthiomsú agus a chomhroinnt idir na rialálaithe náisiúnta, agus bealaí slána idir-inoibritheacha a chur ar fáil do rialálaithe agus d’údaráis dhlíthiúla chun cumarsáid a dhéanamh le chéile;

85. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an múnla maoirseachta agus forfheidmithe is iomchuí do chur i bhfeidhm na bhforálacha maidir le DSA agus breathnú ar chóras hibrideach a bhunú, bunaithe ar chomhordú agus ar chomhar idir na húdaráis náisiúnta agus údaráis an Aontais, le haghaidh maoirseacht éifeachtach ar fhorfheidhmiú agus cur chun feidhme DSA; á mheas gur cheart go mbeadh an córas maoirseachta sin freagrach as comhlíonadh agus cur i bhfeidhm DSA agus maoirseacht agus faireachán a dhéanamh air agus go mbeadh cumhachtaí forlíontacha ag córas maoirseachta den chineál sin chun tabhairt faoi thionscnaimh agus imscrúdú trasteorann agus go dtabharfaí cumhachtaí forfheidhmiúcháin agus iniúchóireachta dó;

86. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart, le comhordú AE i gcomhar le gréasán na n-údarás náisiúnta, aghaidh a thabhairt ar dtús ar shaincheisteanna casta trasteorann;

87. á mheabhrú a thábhachtaí atá sé comhroinnt sonraí neamhphearsanta a éascú agus idirphlé geallsealbhóirí a chur chun cinn; á mholadh freisin go ndéanfaí stór taighde Eorpach a chruthú agus a chothabháil chun comhroinnt sonraí den chineál sin le hinstitiúidí poiblí, le taighdeoirí, le heagraíochtaí neamhrialtasacha agus le hollscoileanna a éascú chun críocha taighde; á iarraidh ar an gCoimisiún an uirlis sin a fhorbairt leis na dea-chleachtais agus na tionscnaimh is fearr atá ann cheana amhail Faireachlann an Ardáin nó Faireachlannn an Aontais um Bhlocshlabhra;

88. á chreidiúint gur cheart an chumhacht a thabhairt don Choimisiún, tríd an Airmheán Comhpháirteach Taighde, cúnamh saineolach a chur ar fáil do na Ballstáit, arna iarraidh sin, chun anailís a dhéanamh ar ábhair theicneolaíocha, riaracháin nó eile a bhaineann le forfheidhmiú reachtach an Mhargaidh Aonair Dhigitigh; á iarriadh freisin ar na rialálaithe náisiúnta agus ar an gCoimisiún tuilleadh comhairle agus cúnaimh a chur ar fáil do FBManna an Aontais maidir lena gcearta;

89. á iarraidh ar an gCoimisiún creat reatha an Aontais maidir le socraíocht lasmuigh den chúirt faoin Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a neartú agus a nuachóiriú, agus forbairtí faoi Threoir 2013/11/AE[19] á gcur san áireamh, chomh maith le caingne cúirte chun go mbeidh forfheidhmiú agus sásamh éifeachtach do thomhaltóirí ann; á chur i bhfios go láidir nach mór tacú le tomhaltóirí chun an córas cúirte a úsáid; á chreidiúint nár cheart go lagófaí le haon athbhreithniú an chosaint dlí atá ag gnólachtaí beaga agus trádálaithe a chuireann na córais náisiúnta dlí ar fáil;

Gnéithe deiridh

90. á mheas gur cheart aon impleachtaí airgeadais a bheadh ag an togra atá iarrtha a chumhdach leis na leithdháiltí buiséadacha iomchuí;

91. á threorú dá hUachtarán an rún seo agus na moltaí mionsonraithe a ghabhann leis a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún, chuig an gComhairle agus chuig parlaimintí agus rialtais na mBallstát.

 


IARSCRÍBHINN A GHABHANN LEIS AN TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚIN:  MOLTAÍ I dTAOBH INNEACHAR AN TOGRA A IARRTAR

 

I. PRIONSABAIL GHINEARÁLTA

Ba cheart pacáiste an Ghnímh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA) rannchuidiú le neartú an mhargadh inmheánaigh trí shaorghluaiseacht seirbhísí digiteacha agus an tsaoirse chun gnó a sheoladh a áirithiú, agus ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí á ráthú ag an am céanna, agus feabhas a chur ar chearta na n-úsáideoirí, ar iontaoibh agus ar shábháilteacht ar líne.

Ba cheart go ráthófaí le DSA go gcaitear le gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar líne agus as líne ar bhealach comhionann agus go gcuirtear ar mhachaire comhréidh iad, lena léirítear go hiomlán an prionsabal ar dá réir go bhfuil ‘an méid atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne freisin’, agus sainiúlacht sonrach na timpeallachta ar líne á chur san áireamh.

Le DSA, ba cheart deimhneacht dhlíthiúil agus trédhearcacht a chur ar fáil do thomhaltóirí agus d’oibreoirí eacnamaíocha, go háirithe micrifhiontair agus fiontair bheaga agus mheánmhéide. Ba cheart do DSA rannchuidiú le tacú leis an nuálaíocht agus deireadh a chur le bacainní agus srianta ar sholáthar seirbhísí digiteacha atá díréireach agus nach bhfuil údar leo.

Ba cheart go mbeadh DSA gan dochar don chreat leathan do chearta bunúsacha agus do shaoirsí bunúsacha úsáideoirí agus tomhaltóirí, amhail an saol príobháideach a chosaint agus sonraí pearsanta a chosaint, neamh-idirdhealú, dínit, an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus an ceart chun leigheas éifeachtach breithiúnach.

Ba cheart go gcuirfeadh DSA leis na rialacha is infheidhme faoi láthair maidir le hardáin ar líne, eadhon an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus an Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó.

Ba cheart an méid seo a leanas a chur san áireamh in DSA:

 athbhreithniú cuimsitheach ar an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, bunaithe ar Airteagail 53(1), 62 agus 114 CFAE, ina mbeidh:

 creat athbhreithnithe le hoibleagáidí soiléire maidir le trédhearcacht agus faisnéis;

 nósanna imeachta agus bearta soiléire agus mionsonraithe a bhaineann le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne go héifeachtach agus an inneachar sin a bhaint anuas, lena n-áirítear sásra Eorpach comhchuibhithe fógra agus gníomhaíochta atá ceangailteach ó thaobh dlí;

 maoirseacht éifeachtach, comhar agus smachtbhannaí comhréireacha, éifeachtacha agus athchomhairleacha;

 ionstraim dlí de chuid an mhargaidh inmheánaigh, bunaithe ar Airteagal 114 CFAE, lena bhforchuirtear oibleagáidí ex ante ar ardáin mhóra a bhfuil ról geatóra acu san éiceachóras digiteach (oibreoirí sistéamacha), i dteannta sásra forfheidhmithe institiúideach éifeachtach.

 

II. RAON FEIDHME

 

Ar mhaithe le deimhneacht dhlíthiúil, ba cheart go soiléireofaí in DSA na seirbhísí digiteacha a thagann faoina raon feidhme. Ba cheart go leanfadh DSA cineál cothrománach na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil agus ba cheart feidhm a bheith aige ní hamháin maidir le hardáin ar líne ach maidir le gach soláthraí seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise mar a shainmhínítear i ndlí an Aontais.

Ba cheart cur chuige a oireann do chách a sheachaint. D’fhéadfadh sé go mbeadh gá le bearta éagsúla do sheirbhísí digiteacha a chuirtear ar fáil i gcaidreamh gnólacht le gnólacht amháin, do sheirbhísí nach bhfuil ach rochtain theoranta acu nó nach bhfuil rochtain ar bith acu ar thríú páirtithe nó ar an bpobal i gcoitinne, agus do sheirbhísí atá dírithe go díreach ar thomhaltóirí agus ar an bpobal i gcoitinne.

Ba cheart raon feidhme críochach DSA a leathnú chun gníomhaíochtaí cuideachtaí, soláthraithe seirbhíse agus seirbhísí na sochaí faisnéise atá bunaithe i dtríú tíortha a chumhdach freisin, nuair a bhaineann a gcuid gníomhaíochtaí le soláthar seirbhísí nó earraí do thomhaltóirí nó d’úsáideoirí san Aontas agus nuair atá a gcuid gníomhaíochtaí dírithe orthu.

Má mheasann an Coimisiún, tar éis a athbhreithnithe, gur cheart do DSA an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a leasú i ndáil leis na maoluithe a leagtar amach inti, níor cheart go ndéanfadh sé leasú go háirithe ar an maolú ar oibleagáidí conarthacha a bhaineann le conarthaí tomhaltóirí.

Ba cheart a áirithiú le DSA go gcoimeádann an tAontas agus na Ballstáit ardleibhéal cosanta do thomhaltóirí agus gur féidir leis na Ballstáit cuspóirí dlisteanacha maidir le leas an phobail a shaothrú, i gcás ina bhfuil sé sin riachtanach, comhréireach agus i gcomhréir le dlí an Aontais.

Ba cheart go dtabharfaí sainmhíniú ar bhealach comhleanúnach in DSA faoin gceangal atá idir na forálacha atá ann agus ionstraimí dlí eile, ar mhaithe le saorghluaiseacht seirbhísí a éascú, chun an córas dlí is infheidhme maidir le seirbhísí gairmiúla agus neamhghairmiúla i ngach earnáil a shoiléiriú, lena n-áirítear gníomhaíochtaí a bhaineann le seirbhísí iompair agus cíosanna gearrthéarmacha, i gcás ina bhfuil gá le soiléiriú.

Ba cheart go dtabharfaí soiléiriú le DSA ar bhealach comhleanúnach freisin, faoin gceangal atá idir na forálacha atá ann agus rialacha a ghlacadh le déanaí maidir le geobhlocáil, sábháilteacht táirgí, faireachas margaidh, caidrimh idir ardáin agus gnólachtaí, cosaint tomhaltóirí, díol earraí agus soláthar inneachair agus seirbhísí digiteacha[20], i measc nithe eile, agus tionscnaimh eile a fógraíodh amhail creat rialála IS.

Ba cheart feidhm a bheith ag DSA gan dochar do na rialacha a leagtar amach in ionstraimí eile, amhail RGCS, Treoir (AE) 2019/790 (an Treoir maidir le Cóipcheart) agus Treoir 2010/13/AE (an Treoir maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc).

 

III. SAINMHÍNITHE

 

Leis na sainmhínithe atá le cur isteach ann, ba cheart do DSA: 

 soiléiriú a thabhairt ar a mhéid a thagann seirbhísí digiteacha nua, amhail líonraí na meán sóisialta, seirbhísí an gheilleagair chomhoibríoch, innill chuardaigh, pointí wifi, fógraíocht ar líne, néalseirbhísí, óstáil gréasáin, seirbhísí teachtaireachtaí, aipmhargaí, uirlisí comparáide, seirbhísí faoi thiomáint IS, líonraí seachadta inneachair, agus seirbhísí ainmneacha fearainn faoina raon feidhme;

 soiléiriú a thabhairt ar céard is brí le hidirghabhálaithe óstála inneachair (téacs, íomhánna, físeáin nó ábhar fuaime) ar thaobh amháin, agus le margaí tráchtála ar líne (a dhíolann earraí, lena n-áirítear earraí a bhfuil gnéithe digiteacha acu, nó seirbhísí) ar an taobh eile;

 soiléiriú a thabhairt ar an difríocht idir gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus inneachair nó idirbhearta a chuirtear ar fáil ach praghas a íoc, arna sainiú ag an gCúirt, lena gcumhdaítear freisin cleachtais fógraíochta agus mhargaíochta ar thaobh amháin, agus gníomhaíochtaí agus inneachar neamheacnamaíocha ar an taobh eile;

 soiléiriú a thabhairt ar an méid a thagann faoin sainmhíniú ar ‘inneachar neamhdhleathach’, rud a fhágann go bhfuil sé soiléir go dtagann sárú ar rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí, sábháilteacht táirgí nó tairiscint nó díol bia nó táirgí tobac, cosmaidí agus cógas leighis góchumtha nó táirgí fiadhúlra faoin sainmhíniú ar inneachar neamhdhleathach freisin;

 sainmhíniú a dhéanamh ar an téarma ‘oibreoir sistéamach’ trí shraith táscairí soiléire a bhunú lenar féidir leis na húdaráis rialála ardáin a shainaithint a bhfuil seasamh suntasach acu sa mhargadh agus a bhfuil ról ‘geatóra’ acu agus ar an gcaoi sin, a bhfuil ról sistéamach acu sa gheilleagar ar líne; sna táscairí sin, d’fhéadfaí breithnithe a chur san áireamh amhail an bhfuil an gnóthas gníomhach go suntasach ar mhargaí iltaobhacha nó an bhfuil an cumas aige úsáideoirí agus tomhaltóirí a ghlasáil, méid a líonra (líon na n-úsáideoirí), agus éifeachtaí líonra a bheith ann; bacainní iontrála, a chumhacht airgeadais, an cumas chun rochtain a fháil ar shonraí agus sonraí ó fhoinsí éagsúla a charnadh agus a chomhcheangal; comhtháthú ingearach agus a ról mar chomhpháirtí dosheachanta agus an tábhacht atá lena ghníomhaíocht ó thaobh rochtain tríú páirtithe ar sholáthar agus ar mhargaí de, etc;

 féachaint le breitheanna na Cúirte a chódú, i gcás inar gá, agus ag féachaint go cuí do na píosaí éagsúla reachtaíochta a úsáideann na sainmhínithe sin.

 

IV. OIBLEAGÁIDÍ TRÉDHEARCACHTA AGUS FAISNÉISE

 

Ba cheart go dtabharfaí isteach oibleagáidí soiléire agus comhréireacha maidir le trédhearcacht agus faisnéis le DSA; níor cheart leis na hoibleagáidí sin go gcruthófaí aon mhaoluithe nó díolúintí nua ón gcóras dliteanais reatha a leagtar amach faoi Airteagail 12, 13, agus 14 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus ba cheart go gcumhdóidís na gnéithe a thuairiscítear thíos:

1. Ceanglais faisnéise ghinearálta 

Ba cheart le forálacha athbhreithnithe na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil go neartófaí na ceanglais faisnéise ghinearálta leis na hoibleagáidí seo a leanas:

 ba cheart na ceanglais faisnéise in Airteagal 5 agus in Airteagail 6 agus 10 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a athneartú;

 ba cheart an prionsabal ‘bíodh aithne agat ar do chustaiméirí gnó’, teoranta do chaidreamh díreach tráchtála an tsoláthraí óstála, a thabhairt isteach d’úsáideoirí gnó; ba cheart do sholáthraithe óstála na sonraí aitheantais a chuireann a n-úsáideoirí gnó ar fáil a chur i gcomparáid le bunachair sonraí an Aontais maidir le CBL agus le hOibreoirí Eacnamaíocha a Shainaithint agus a Chlárú, i gcás arb ann d’uimhir CBL nó d’uimhir EORI; ba cheart cruthúnas aitheantais a chur ar fáil i gcás ina bhfuil gnólacht díolmhaithe ó chlárúchán CBL nó EORI; nuair atá úsáideoir gnó ag gníomhú mar ghníomhaire do ghnólachtaí eile, ba cheart dó é féin a dhearbhú mar ghníomhaire den chineál sin; ba cheart do sholáthraithe óstála iarraidh ar a n-úsáideoirí gnó a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile a chuirtear ar fáil cruinn agus cothrom le dáta, faoi réir aon athrú, agus níor cheart go mbeadh cead ag soláthraithe óstála seirbhísí a sholáthar d’úsáideoirí gnó nuair atá an fhaisnéis sin neamhiomlán nó nuair a chuireann na húdaráis inniúla in iúl don soláthraí óstála go bhfuil céannacht a úsáideora gnó bréagach, míthreorach nó neamhbhailí ar bhealach eile;

 níor cheart feidhm a bheith ag an mbeart maidir le heisiamh ó sheirbhísí dá dtagraítear thuas ach amháin maidir leis an gcaidreamh conarthach gnólacht le gnólacht agus ba cheart go mbeadh sé gan dochar do chearta na n-ábhar sonraí faoi RGCS. Ba cheart go mbeadh an beart sin gan dochar do chosaint anaithnideachta ar líne d’úsáideoirí nach úsáideoirí gnó iad. ba cheart leis na ceanglais nua faisnéise ginearálta go gcuirfí feabhas breise ar Airteagail 5, 6 agus 10 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil chun na bearta sin a ailíniú leis na ceanglais faisnéise a bunaíodh i reachtaíocht a glacadh le déanaí, go háirithe Treoir 93/13/CEE[21] (an Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha), Treoir 2011/83/AE[22] (an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí) agus an Rialachán maidir le hArdáin le haghaidh Gnó;

 Ba cheart Airteagal 5 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a nuachóiriú tuilleadh trína cheangal ar sholáthraithe seirbhíse digití modhanna cumarsáide díreacha éifeachtúla a sholáthar do thomhaltóirí amhail foirmeacha teagmhála leictreonacha, botaí comhrá, teachtaireachtaí meandracha nó aisglaoch, ar choinníoll go mbeidh rochtain ag tomhaltóirí ar an bhfaisnéis a bhaineann leis na modhanna cumarsáide sin ar bhealach soiléir sothuigthe;

2. Téarmaí conartha cothroma agus coinníollacha ginearálta

Ba cheart go mbunófaí le DSA íoschaighdeáin do sholáthraithe seirbhíse maidir le téarmaí conartha cothroma, inrochtana, neamh-idirdhealaitheacha agus trédhearcacha agus coinníollacha ginearálta a ghlacadh i gcomhréir leis na ceanglais seo a leanas ar a laghad:

 ba cheart téarmaí conartha agus coinníollacha ginearálta soiléire gan athbhrí a shainiú i dteanga shimplí intuigthe;

 ba cheart an méid ar cheart a thuiscint mar inneachar nó iompar neamhdhleathach de réir dhlí an Aontais nó an dlí náisiúnta a léiriú go sainráite sna téarmaí conartha agus sna coinníollacha ginearálta agus míniú a thabhairt ar na hiarmhairtí dlíthiúla a bheidh ann d’úsáideoirí maidir le hinneachar neamhdhleathach a stóráil nó a uaslódáil go feasach;

 ba cheart fógra a thabhairt d’úsáideoirí aon uair a dhéantar athrú suntasach ar théarmaí an chonartha agus ar choinníollacha ginearálta a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do chearta úsáideoirí agus an méid sin a mhíniú;

 ba cheart á áirithiú go ndéanfar clásail chaighdeánacha réamhfhoirmithe i dtéarmaí conartha agus i gcoinníollacha ginearálta nár caibidlíodh ar leithligh roimh ré, lena n-áirítear i gComhaontuithe um Cheadúnú Úsáideoirí Deiridh, a thosú le ráiteas achomair bunaithe ar theimpléad comhchuibhithe, a leagfaidh an Coimisiún amach;

 ba cheart a chinntiú go bhfuil an próiseas cealaithe gan stró cosúil le próiseas an chláraithe (gan “patrúin dorcha” nó tionchar eile ar chinneadh an tomhaltóra);

 ba cheart, i gcás ina n-úsáidtear córais uathoibrithe, ionchur agus aschuir spriocdhírithe a gcóras uathoibrithe a shonrú go soiléir agus gan débhrí ina dtéarmaí conartha agus ina gcoinníollacha ginearálta, agus na príomhpharaiméadair lena gcinntear rangú a shonrú, chomh maith leis na cúiseanna le tábhacht choibhneasta na bpríomhpharaiméadar sin i gcomparáid le paraiméadair eile, agus comhsheasmhacht leis an Rialachán maidir le hArdáin le Gnólacht á áirithiú ag an am céanna;

 ba cheart a áirithiú go bhfuil na ceanglais maidir le téarmaí conartha agus coinníollacha ginearálta comhsheasmhach le ceanglais faisnéise arna mbunú le dlí an Aontais agus go gcuireann siad leis na ceanglais sin, lena n-áirítear na ceanglais atá leagtha amach sa Treoir maidir le Téarmaí Éagóracha Conartha, sa Treoir maidir le Cleachtais Trádála Éagothroma, sa Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161 agus le RGCS;

3. Ceanglais trédhearcachta maidir le teachtaireachtaí cumarsáide

 Ba cheart go neartódh forálacha athbhreithnithe na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil na ceanglais trédhearcachta reatha maidir le cumarsáid tráchtála trí phrionsabail na trédhearcachta trí dhearadh agus na trédhearcachta trí réamhshocrú a bhunú.

 Ag tógáil ar Airteagail 6 agus 7 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, ba cheart go mbunódh na bearta a mholfar creat nua sa chaidreamh idir Ardán agus Tomhaltóirí maidir le forálacha trédhearcachta i dtaca le fógraíocht ar líne, poiteadh digiteach, mícrea-dhíriú, córais mholta le haghaidh fógraíochta agus cóireáil fhabhrach; Leis na bearta sin:

- ba cheart an oibleagáid a chur san áireamh chun cineálacha faisnéise, arna sainiú go soiléir, maidir le fógraíocht ar líne a nochtadh le gur féidir iniúchóireacht agus rialú éifeachtach a dhéanamh, amhail faisnéis faoi chéannacht an fhógróra agus faoi íocaíochtaí díreacha agus indíreacha nó aon íocaíocht eile a fhaigheann soláthraithe seirbhíse; ba cheart go gcuirfeadh sé sin ar chumas tomhaltóirí agus údaráis poiblí freisin na daoine ar cheart a bheith cuntasach a shainaithint i gcás, mar shampla, fógra bréagach nó míthreorach; ba cheart go rannchuideodh na bearta freisin lena áirithiú nach féidir gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a mhaoiniú trí sheirbhísí fógraíochta;

- ba cheart idirdhealú soiléir a dhéanamh idir fógraíocht tráchtála agus fógraíocht pholaitiúil ar líne agus trédhearcacht na gcritéar a áirithiú le haghaidh próifíliú spriocghrúpaí agus le haghaidh barrfheabhsú feachtas fógraíochta; ba cheart a chur ar chumas tomhaltóirí gan a bheith rianaithe ná a bheith micrea-dhírithe le rogha réamhshocraithe agus rogha a dhéanamh maidir le úsáid sonraí iompraíochta chun críocha fógraíochta, chomh maith le rogha a bheith ann glacadh le fógraíocht pholaitiúil agus fógraí polaitiúla;

- ba cheart go dtabharfaí rochtain do thomhaltóirí ar a bpróifílí dinimiciúla margaíochta ionas go mbeidh siad ar an eolas má déantar rianú orthu agus cad chuige an rianú sin más ann dó agus más chun críocha fógraíochta atá an fhaisnéis a fhaigheann siad, agus ba cheart a gcearta chun agóid a dhéanamh i gcoinne cinntí a bhaineann an bonn dá gcearta a ráthú;

- ba cheart a áirithiú go ndéanfaí fógraí íochta agus a gcur isteach íoctha i rangú torthaí cuardaigh a shainaithint ar bhealach soiléir, gonta agus sothuigthe, i gcomhréir le Treoir 2005/29/CE, arna leasú le Treoir (AE) 2019/2161;

- ba cheart comhlíonadh phrionsabal an neamh-idirdhealaithe agus comhlíonadh le híoscheanglais maidir le héagsúlú a áirithiú agus cleachtais ar fógraíocht ionsaitheach iad a shainaithint, agus teicneolaíochtaí IS atá neamhdhíobhálach don tomhaltóir á spreagadh ag an am céanna;

- ba cheart critéir chuntasachta agus chothroime a thabhairt isteach d’algartaim a úsáidtear le haghaidh fógraíochta spriocdhírithe agus barrfheabhsú fógraíochta, go bhféadfadh údaráis inniúla iniúchtaí rialála seachtracha a dhéanamh agus go bhféadfaí na roghanna algartamacha deartha a bhaineann le faisnéis faoi dhaoine aonair a fhíorú, gan dochar a dhéanamh do phríobháideacht an úsáideora ná do rúin trádála;

- rochtain a thabhairt ar shonraí seachadta fógraíochta agus ar fhaisnéis faoi nochtadh na bhfógróirí, a mhéid a bhaineann le cén áit agus cén uair a chuirtear na fógraí, agus faoi fheidhmíocht na fógraíochta a bhfaightear íocaíocht aisti i gcomparáid le fógraíocht gan íocaíocht;

4. Intleacht Shaorga agus meaisínfhoghlaim

ba cheart go leanfadh na forálacha athbhreithnithe na prionsabail a liostaítear thíos maidir le seirbhísí na sochaí faisnéise a chuirtear ar fáil atá cumasaithe ag IS, a bhaineann úsáid as uirlisí uathoibrithe cinnteoireachta nó uirlisí meaisínfhoghlama, tríd an méid seo a leanas:

 a áirithiú go mbeidh sé de cheart ag tomhaltóirí a bheith curtha ar an eolas má bhíonn seirbhís á cumasú ag IS, go mbaineann an tseirbhís úsáid as uirlisí uathoibrithe cinnteoireachta nó uirlisí meaisínfhoghlama nó uirlisí uathoibrithe aitheanta inneachair, chomh maith leis an gceart gan a bheith faoi réir cinnidh atá bunaithe ar phróiseáil uathoibrithe amháin agus go mbeidh sé de cheart an deis a bheith acu úsáid aon ghnéithe pearsantaithe atá cumasaithe ag IS a dhiúltú, a theorannú nó a phearsanú, go háirithe i bhfianaise rangú seirbhísí;

 rialacha cuimsitheacha a bhunú maidir le neamh-idirdhealú agus trédhearcacht algartam agus tacar sonraí;

 a áirithiú go mbeidh algartaim inmhínithe do na húdaráis inniúla ar féidir leo seiceáil nuair atá cúiseanna acu lena chreidiúint go bhfuil claonadh algartamach ann;

 fhoráil a dhéanamh d’fhormhaoirseacht de réir an cháis agus do mheasúnú riosca tréimhsiúil ar algartaim ag údaráis inniúla, mar aon le rialú an duine ar chinnteoireacht, chun leibhéal níos airde cosanta do thomhaltóirí a ráthú; ba cheart do na ceanglais sin a bheith i gcomhréir le sásraí rialaithe an duine agus leis na hoibleagáidí measúnaithe riosca chun seirbhísí a uathoibriú a leagtar amach sna rialacha atá cheana ann, amhail Treoir (AE) 2018/958[23] (an Treoir maidir le Tástáil Comhréireachta), agus níor cheart go mbeidís ina srian gan údar ná díréireach ar saorghluaiseacht seirbhísí;

 sásraí soiléire cuntasachta, dliteanais agus sásaimh a bhunú chun déileáil le díobhálacha féideartha a eascraíonn as úsáid fheidhmchláir IS, cinnteoireacht uathoibrithe agus uirlisí meaisínfhoghlama;

 prionsabal na sábháilteachta, na slándála trí dhearadh agus trí réamhshocrú a bhunú agus cearta agus nósanna imeachta éifeachtacha agus éifeachtúla a leagan amach d’fhorbróirí IS i gcásanna ina ndéanann na halgartaim cinntí íogaire faoi dhaoine aonair, agus trí aghaidh a thabhairt mar is cuí ar thionchar na bhforbairtí teicneolaíochta atá ag teacht chun cinn agus an tionchar sin a shaothrú go cuí;

 comhsheasmhacht le rúndacht, príobháideachas úsáideoirí agus rúin trádála a áirithiú;

 a áirithiú, nuair a bhíonn tionchar díreach ag teicneolaíochtaí IS a thugtar isteach san ionad oibre ar dhálaí fostaíochta na n-oibrithe a úsáideann seirbhísí digiteacha, ní foláir faisnéis chuimsitheach a bheith ann d’oibrithe;

5. Pionóis 

Ba cheart comhlíonadh na bhforálacha sin a threisiú le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha, lena n-áirítear fíneálacha a ghearradh.

V. BEARTA A BHAINEANN LE DUL I nGLEIC LE hINNEACHAR NEAMHDHLEATHACH AR LÍNE

 

Leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha (DSA), ba cheart go soláthrófaí soiléireacht agus treoir faoin gcaoi ar cheart d’idirghabhálaithe ar líne dul i ngleic le hinneachar mídhleathach ar líne. Le rialacha athbhreithnithe na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil, ba cheart go ndéanfaí an méid seo a leanas:

 

 a shoiléiriú nárbh é a bheadh mar thoradh ar rochtain ar inneachar neamhdhleathach a dhíchur nó a dhíchumasú go ndéanfaí difear do chearta bunúsacha ná do leasanna dlisteanacha úsáideoirí agus tomhaltóirí agus gur cheart go bhfanfadh an t-inneachar ar líne;

 feabhas a chur ar an gcreat dlíthiúil agus an ról lárnach a bhíonn ag idirghabhálaithe ar líne agus ag an idirlíon á chur san áireamh i dtaobh éascú a dhéanamh ar an díospóireacht phoiblí agus ar fhíorais, tuairimí agus smaointe a scaipeadh saor in aisce;

 an bunphrionsabal dlíthiúil a chaomhnú nár cheart idirghabhálaithe ar líne a chur faoi dhliteanas díreach as gníomhartha a n-úsáideoirí agus gur féidir le hidirghabhálaithe ar líne leanúint de mhodhnóireacht a dhéanamh ar inneachar faoi théarmaí agus coinníollacha seirbhíse atá cothrom, inrochtana, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach;

 soiléiriú gur cheart cinneadh a dhéanann idirghabhálaithe ar líne i dtaobh an bhfuil inneachar arna uaslódáil ag úsáideoirí dleathach a bheith sealadach, agus nár cheart idirghabhálaithe ar líne a chur faoi dhliteanas ina leith, ós rud é gurb iad na cúirteanna dlí amháin ba cheart a chinneadh cad is inneachar neamhdhleathach ann;

 á áirithiú nach ndéanfar difear do chumas na mBallstát cinneadh a dhéanamh i dtaobh cén t-inneachar atá neamhdhleathach faoin dlí náisiúnta;

 a áirithiú go mbeidh na bearta a iarrfar ar na hidirghabhálaithe ar líne a ghlacadh comhréireach, éifeachtach agus leormhaith chun dul i ngleic go héifeachtúil le hinneachar neamhdhleathach ar líne;

 déine na mbeart nach foláir do na soláthraithe seirbhíse a dhéanamh a oiriúnú do thromchúiseacht an tsáraithe;

 a áirithiú, tríd an rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhlocáil ná trína dhíchur, nach mbeidh gá leis an rochtain ar an ardán ná ar na seirbhísí san iomlán atá dlíthiúil ar shlí eile a bhlocáil;

 trédhearcacht agus maoirseacht neamhspleách nua a thabhairt isteach ar na nósanna imeachta agus na huirlisí modhnóireachta inneachair a bhaineann le hinneachar mídhleathach ar líne a dhíchur; ba cheart go mbeadh cosaintí láidre i gcomhair trédhearcachta agus cuntasachta ag gabháil leis na córais agus nósanna imeachta sin agus ba cheart iad a bheith ar fáil ag údaráis inniúla lena n-iniúchadh agus lena dtástáil.

 

1. Sásra fógra agus gnímh 

 

Ba cheart do DSA sásra fógra agus gnímh atá comhchuibhithe agus infheidhmithe go dlíthiúil agus bunaithe ar shraith próiseas soiléir agus frámaí ama beachta a bhunú do gach céim den nós imeachta fógra agus gnímh. Ba cheart maidir leis an sásra fógra agus gnímh sin:

 

 feidhm a bheith aige maidir le hinneachar nó iompar neamhdhleathach ar líne;

 idirdhealú a dhéanamh idir cineálacha éagsúla soláthraithe, earnálacha agus/nó inneachar neamhdhleathach agus tromchúiseacht an tsáraithe;

 nósanna imeachta inrochtana, iontaofa agus so-úsáidte atá saincheaptha don chineál inneachair a chur ar fáil;

 lamháil d’úsáideoirí inneachar nó iompar ar líne a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a chur in iúl go héasca trí mhodhanna leictreonacha d’idirghabhálaithe ar líne;

 coincheapa agus próisis atá cheana ann a shoiléiriú, ar bhealach sothuigthe, amhail ‘gníomhaíocht ghasta’, ‘eolas agus feasacht iarbhír’, ‘gníomhartha spriocdhírithe’, ‘formáidí fógraí’ agus ‘bailíocht fógraí’;

 a ráthú nach dtionscnóidh fógraí dliteanas dlíthiúil go huathoibríoch ná nár cheart dóibh aon cheanglas díchuir a fhorchur, le haghaidh codanna sonracha den inneachar nó le haghaidh measúnú dlíthiúlachta; 

 a cheangal fógraí a bheith beacht a ndóthain agus go mbeidh bunús leordhóthanach leo chun go bhféadfaidh an soláthraí seirbhíse a fhaigheann iad cinneadh eolasach agus dúthrachtach a dhéanamh maidir leis an éifeacht atá le tabhairt don fhógra, agus na ceanglais is gá a shonrú chun a áirithiú go bhfuil an fhaisnéis uile is gá i bhfógraí chun go bhféadfar inneachar neamhdhleathach a dhíchur go mear;

 ba cheart go n-áireofaí sna fógraí suíomh (URL agus stampa ama, i gcás inarb iomchuí) an inneachair mhídhleathaigh líomhnaithe atá i dtrácht, léiriú ar an am agus an dáta a ndearnadh an éagóir líomhnaithe, an chúis atá leis an éileamh, lena n-áirítear míniú ar na cúiseanna a mheasann soláthraí an fhógra go bhfuil an t-inneachar neamhdhleathach, agus más gá, ag brath ar an gcineál inneachair, fianaise bhreise ar an éileamh, agus dearbhú um mheon macánta go bhfuil an fhaisnéis a sholáthraítear cruinn;

 ba cheart go mbeadh an deis ag soláthraithe fógraí, ach gan é a bheith de cheangal orthu, a sonraí teagmhála a áireamh i bhfógra; i gcás ina gcinnfidh siad déanamh amhlaidh, ba cheart a n-anaithnideacht a áirithiú i leith an tsoláthraí inneachair; mura dtugtar aon sonraí teagmhála, is féidir seoladh IP nó coibhéis eile a úsáid; níor cheart fógraí anaithnide a cheadú nuair a bhaineann siad le sárú ar chearta pearsantachta nó ar chearta maoine intleachtúla;

 coimircí a chur ar bun chun iompar maslach a chosc ó úsáideoirí a chuireann fógraí míchearta nó maslacha isteach go córasach agus arís agus arís eile agus de mheon mímhacánta;

 oibleagáid a chruthú do na hidirghabhálaithe ar líne chun an t-inneachar dá dtugtar fógra a fhíorú agus freagra le cinneadh réasúnaithe ar bhonn tráthúil a thabhairt ar sholáthraí an fhógra agus ar uaslódálaí an inneachair; ba cheart go n-áireofaí leis an gceanglas i leith freagra a thabhairt an réasúnaíocht atá leis an gcinneadh, an chaoi a ndearnadh an cinneadh, má rinne duine daonna nó gníomhaire cinnteoireachta uathoibrithe an cinneadh, agus faisnéis faoin bhféidearthacht achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnidh ag ceachtar páirtí, leis an idirghabhálaí, leis na cúirteanna nó le heintitis eile;

 faisnéis agus leigheasanna a sholáthar chun an cinneadh a chonspóid trí fhrithfhógra, lena n-áirítear má rinneadh an t-inneachar a dhíchur trí réitigh uathoibrithe, mura rud é go mbeadh frithfhógra den sórt sin i gcontrártha le himscrúdú atá ar siúl ag údaráis forfheidhmithe dlí;

 a choimirciú nár cheart urghairí breithiúnacha arna n-eisiúint i mBallstát seachas i mBallstát na n-idirghabhálaithe ar líne a láimhseáil faoi chuimsiú an tsásra fógraí agus gnímh.

Níor cheart go mbeadh sásra fógra agus gnímh DSA ceangailteach ach amháin i gcás inneachar neamhdhleathach. Níor cheart go gcuirfeadh sé sin, áfach, cosc ar idirghabhálaithe ar líne ó bheith in ann sásra fógra agus gnímh comhchosúil a ghlacadh i gcás inneachar eile.

 

2. Socrú díospóide lasmuigh den chúirt a bhaineann leis na sásraí fógra agus gnímh

 Ba cheart go mbeadh bonn cirt soiléir leis na bearta a rinneadh maidir leis an inneachar sonrach sin sa chinneadh a rinne an t-idirghabhálaí ar líne maidir le cibé acu ba cheart nó nár cheart gníomhú ar inneachar a luaitear mar inneachar neamhdhleathach. Ba cheart go bhfaigheadh an soláthraí fógraí dearbhú fála agus teachtaireacht lena léirítear an obair leantach a rinneadh ar an bhfógra.

 Ba cheart soláthraithe an inneachair atá á lua mar inneachar neamhdhleathach a chur ar an eolas láithreach faoin bhfógra agus, más amhlaidh atá, faoi na cúiseanna agus na cinntí a glacadh chun rochtain ar an inneachar a dhíchur, a fhionraí nó a dhíchumasú; ba cheart gach páirtí a chur ar an eolas go cuí faoi na roghanna agus na sásraí uile dlí atá ar fáil faoi láthair chun dúshlán a thabhairt don chinneadh sin;

 ba cheart go mbeadh sé de cheart ag gach páirtí leasmhar an cinneadh a chonspóid trí fhrithfhógra nárbh fholáir a bheith faoi réir ceanglais shoiléire agus míniúchán a bheith ag gabháil leis; ba cheart go bhféadfadh páirtithe leasmhara dul ar iontaoibh sásraí um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt;

 maidir leis an gceart chun fógra a fháil agus an ceart frithfhógra ó úsáideoir a eisiúint sula ndéanfar cinneadh i leith inneachar a dhíchur, ní dhéanfar é a shrianadh nó a tharscaoileadh ach amháin más rud é:

(a) go bhfuil idirghabhálaithe ar líne faoi réir ceanglas dlíthiúil náisiúnta go gcuirfidh seirbhísí idirghabhála ar líne deireadh le soláthar iomlán a sheirbhísí idirghabhála ar líne d’úsáideoir áirithe, ar bhealach nach féidir leis an úsáideoir an sásra fógra agus gnímh sin a urramú; nó,

(b) go gcuirfeadh an fógra nó an frithfhógra bac ar imscrúdú coiriúil atá ar siúl lena gceanglaítear go gcoinneofaí faoi rún an cinneadh maidir le rochtain ar an inneachar a chur ar fionraí nó a dhíchur.

 Ba cheart athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha Airteagal 17 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil lena áirithiú go gcuirfear sásraí um réiteach díospóide neamhspleách lasmuigh den chúirt i bhfeidhm agus go mbeidh siad ar fáil d’úsáideoirí i gcás díospóidí a bhaineann le díchumasú rochtana ar shaothair nó ar inneachar eile a d’uaslódáil siad féin, nó i dtaobh saothar nó inneachair eile a d’uaslódáil siad a dhíchur;

 ba cheart don sásra um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt caighdeáin áirithe a chomhlíonadh, go háirithe ó thaobh cothroime, neamhspleáchas, neamhchlaontacht, trédhearcacht agus éifeachtacht nós imeachta de; leis na sásraí sin, beifear in ann díospóidí a réiteach go neamhchlaonta agus ní cheilfear an chosaint dlí a thugann an dlí náisiúnta ar an úsáideoir, gan dochar do chearta na n-úsáideoirí dul ar iontaoibh réiteach breithiúnach éifeachtúil;

 má shuitear sa sásamh agus sa fhrithfhógra nach bhfuil an ghníomhaíocht nó an fhaisnéis dá dtugtar fógra neamhdhleathach, ba cheart don idirghabhálaí ar líne a rinne an t-inneachar a dhíchur nó a fhionraí, é a chur ar ais gan moill mhíchuí nó ligean don úsáideoir athlódáil a dhéanamh air;

 agus fógra á eisiúint, á chonspóid nó á fháil, ba cheart fógra a thabhairt do gach páirtí leasmhar faoin bhféidearthacht leas a bhaint as sásra um réiteach díospóide malartach agus faoin gceart dul ar iontaoibh cúirte náisiúnta inniúla araon;

 níor cheart go ndéanfadh na sásraí um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt difear ar bhealach ar bith do chearta na bpáirtithe lena mbaineann imeachtaí dlí a thionscnamh.

 

3. Trédhearcacht an tsásra fógra agus gnímh

Ba cheart an sásra fógra agus gnímh a bheith trédhearcach agus ar fáil go poiblí; chuige sin, ba cheart go mbeadh oibleagáid ar idirghabhálaithe ar líne tuarascálacha bliantúla a fhoilsiú, ar cheart iad a bheith caighdeánaithe le faisnéis faoi na nithe seo a leanas:

 líon na bhfógraí uile a fuarthas faoin sásra fógra agus gnímh agus na cineálacha inneachair lena mbaineann siad;

 an tréimhse ama measta de réir an inneachair;

 líon na ndíchur earráideach;

 an cineál eintiteas a d’eisigh na fógraí (daoine aonair príobháideacha, eagraíochtaí, corparáidí, bratacha iontaofa, etc.) agus líon iomlán a gcuid fógraí;

 faisnéis faoi nádúr neamhdhleathach an inneachair nó an cineál sáraithe ar ina leith a rinneadh é a dhíchur;

 líon na gcinntí conspóidte a fuair idirghabhálaithe ar líne agus an chaoi ar déileáladh leo;

 an tuairisc ar an tsamhail modhnóireachta inneachair arna cur i bhfeidhm ag an idirghabhálaí óstála, agus ar aon uirlisí uathoibrithe, lena n-áirítear faisnéis fhóinteach faoin loighic lena mbaineann;

 na bearta a ghlacann siad maidir le ciontóirí athfhillteacha chun a áirithiú go mbeidh na bearta sin éifeachtach chun dul i ngleic le hiompraíocht mhí-úsáideach chórasach den sórt sin.

 

Maidir leis an oibleagáid an tuarascáil sin a fhoilsiú agus an mionsonrú a éilítear ina leith, ba cheart go gcuirfí san áireamh an méid nó an scála ar a n-oibríonn na hidirghabhálaithe ar líne agus cibé nach bhfuil acu ach acmhainní agus saineolas teoranta. Níor cheart go mbeadh sé de cheangal ar mhicrifhiontair agus ar ghnólachtaí nuathionscanta an tuarascáil seo a thabhairt cothrom le dáta ach amháin i gcás ina bhfuil athrú suntasach ann ó bhliain amháin go dtí an chéad bhliain eile.

Ba cheart d’idirghabhálaithe ar líne faisnéis a fhoilsiú faoina nósanna imeachta agus faoi thréimhsí ama le haghaidh idirghabhála ag páirtithe leasmhara, amhail an t-am a bheidh ag an uaslódálaí inneachair freagra a thabhairt le frithfhógra, an tráth a gcuirfidh an t-idirghabhálaí toradh an nós imeachta in iúl don dá pháirtí, agus an t-am le haghaidh cineálacha éagsúla achomhairc i gcoinne aon chinnidh.

4. Forálacha tearmainn in Airteagail, 12, 13 agus 14 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil 

Ba cheart le DSA go gcosnófaí agus go seasfaí leis na díolúintí teoranta reatha ó dhliteanas do sholáthraithe sheirbhíse na sochaí faisnéise (idirghabhálaithe ar líne) dá bhforáiltear in Airteagail 12, 13, agus 14 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil.

5. Óstaigh Ghníomhacha agus Éighníomhacha

Ba cheart do DSA a mhaoluithe a choimeád d’idirghabhálaithe a bhfuil ról neodrach agus éighníomhach acu agus aghaidh a thabhairt ar an easpa deimhneacht dhlíthiúil maidir leis an gcoincheap ‘ról gníomhach’ trí chásdlí na Cúirte maidir leis an ábhar a chódú. Ba cheart go soiléireofaí leis freisin go bhfuil ról gníomhach ag na soláthraithe óstála agus an t-inneachar á chruthú acu nó rannchuidiú á dhéanamh acu le neamhdhleathacht an inneachair go pointe áirithe, nó i gcás inarb ionann é agus inneachar an tríú páirtí a ghlacadh mar inneachar dá gcuid féin, arna mheas ag gnáthúsáideoirí nó ag gnáth-thomhaltóirí.

Ba cheart go n-áiritheofaí leis nár cheart do na bearta deonacha arna ndéanamh ag idirghabhálaithe ar líne chun aghaidh a thabhairt ar inneachar neamhdhleathach a bheith ina siocair lena mheas go bhfuil ról gníomhach acu, ar bhonn na mbeart sin amháin. Mar sin féin, ba cheart go mbeadh coimircí iomchuí ag gabháil le húsáid na mbeart sin agus ba cheart go mbeadh cleachtais modhnóireachta inneachair cothrom, inrochtana, neamh-idirdhealaitheach agus trédhearcach.

Ba cheart do DSA na díolúintí ó dhliteanas i leith seirbhísí cúil agus bonneagair a choimeád, nach bhfuil ina bpáirtithe sa chaidreamh conarthach idir idirghabhálaithe ar líne agus a gcustaiméirí agus nach ndéanann ach cinntí a bhíonn á ndéanamh ag idirghabhálaithe ar líne nó a gcustaiméirí a chur chun feidhme.

6. Toirmeasc ar Fhaireachán Ginearálta - Airteagal 15 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil

Ba cheart le DSA go gcoimeádfaí toirmeasc ar oibleagáid an fhaireacháin ghinearálta faoi Airteagal 15 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil. Níor cheart go mbeadh idirghabhálaithe ar líne faoi réir oibleagáidí faireacháin ghinearálta.

VI. MARGAÍ AR LÍNE 

Ba cheart do DSA rialacha sonracha nua a mholadh le haghaidh margaí ar líne, le haghaidh táirgí a dhíol ar líne, a chur chun cinn nó a sholáthar agus le haghaidh seirbhísí a sholáthar do thomhaltóirí.

Ba cheart do na rialacha nua:

 a bheith comhsheasmhach agus comhlántach le hathchóiriú na Treorach maidir le Sábháilteacht Ghinearálta Táirgí;

 gach eintiteas a thairgeann agus a chuireann seirbhísí agus/nó táirgí ar fáil do thomhaltóirí san Aontas a chumhdach, lena n-áirítear má tá siad bunaithe lasmuigh den Aontas;

 margaí ar líne a idirdhealú ó chineálacha eile soláthraithe seirbhíse, lena n-áirítear gníomhaíochtaí idirghabhála coimhdeacha eile laistigh den ghníomhaíocht chuideachta chéanna; má chomhlíonann ceann de na seirbhísí a sholáthraíonn cuideachta na critéir is gá chun go measfar í mar mhargadh, ba cheart go mbeadh feidhm iomlán ag na rialacha maidir leis an gcuid sin den ghnó gan beann ar eagar inmheánach na cuideachta sin;

 a áirithiú go ndéantar soiléir leis na margaí ar líne cén tír óna ndíoltar na táirgí nó óna bhfuil na seirbhísí á soláthar, gan beann ar cibé a dhéanann an margadh sin, tríú páirtí nó díoltóir atá bunaithe laistigh nó lasmuigh den Aontas iad a sholáthar nó a dhíol;

 a áirithiú go ndéanfaidh margaí ar líne aon fhaisnéis mhíthreorach a thugann an soláthróir a dhíchur, lena n-áirítear ráthaíochtaí agus ráitis mhíthreoracha intuigthe arna ndéanamh ag an soláthróir;

 a áirithiú go léireoidh margaí ar líne, a thairgeann seirbhísí gairmiúla, cén uair a rialáiltear gairm de réir bhrí Threoir 2005/36/CE, ionas go mbeidh tomhaltóirí in ann rogha eolasach a dhéanamh agus a fhíorú araon, i gcás inar gá, leis an údarás inniúil ábhartha má chomhlíonann gairmí na ceanglais i gcás cáilíocht ghairmiúil shonrach;

 a áirithiú go mbeidh margaí ar líne trédhearcach agus cuntasach agus go gcomhoibreoidh siad le húdaráis inniúla na mBallstát chun rioscaí tromchúiseacha i dtaca le táirgí contúirteacha a shainaithint, i gcás gur ann dóibh, agus go ndéanfar na húdaráis inniúla a chur ar an airdeall a luaithe a bheidh siad ar an eolas faoi tháirgí den sórt sin ar a n-ardáin;

 a áirithiú go dtéann margaí ar líne i gcomhairle le Córas Mear-Rabhaidh an Aontais um tháirgí neamhbhia contúirteacha (RAPEX) agus go ndéanfaidh siad seiceálacha randamacha ar tháirgí aisghairthe agus contúirteacha agus, nuair is féidir, go ndéanfaidh siad beart iomchuí i ndáil leis na táirgí lena mbaineann;

 a áirithiú a luaithe a bheidh táirgí sainaitheanta mar tháirgí neamhshábháilte agus/nó góchumtha ag córais mhear-rabhaidh an Aontais, ag údaráis faireachais margaidh náisiúnta, ag na húdaráis chustaim nó ag údaráis cosanta tomhaltóirí, ba cheart go mbeadh sé éigeantach táirgí a bhaint den mhargadh go mear agus laistigh de dhá lá oibre ar a uasmhéid tar éis fógra a fháil;

 a áirithiú go gcuirfidh margaí ar líne tomhaltóirí ar an eolas a luaithe a dhéanfar táirge a cheannaigh siad ann a dhíchur óna n-ardán tar éis fógra a fháil maidir lena neamhchomhlíonadh le rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht táirgí agus cosaint tomhaltóirí; gur cheart dóibh freisin tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi aon saincheisteanna sábháilteachta agus faoi aon ghníomhaíocht a theastaíonn chun a áirithiú go ndéanfar aisghairmeacha go héifeachtach;

 go gcuirfidh margaí ar líne bearta i bhfeidhm chun gníomhú in aghaidh ciontóirí athfhillteacha a thairgeann táirgí contúirteacha, i gcomhar leis na húdaráis i gcomhréir leis an Rialachán maidir le hArdán do Ghnó, agus go nglacfaidh siad bearta a bhfuil sé mar aidhm leo cosc a chur ar tháirgí contúirteacha a bheith ar fáil arís, ar táirgí iad a rinneadh a dhíchur cheana;

 machnamh a dhéanamh ar an rogha i dtaobh ceangal a chur ar sholáthraithe atá bunaithe i dtríú tír brainse a chur ar bun san Aontas nó ionadaí dlíthiúil atá bunaithe san Aontas a ainmniú, ar féidir é a thabhairt chun cuntais as táirgí nó seirbhísí a dhíol nach gcomhlíonann rialacha an Aontais maidir le sábháilteacht do thomhaltóirí Eorpacha;

 aghaidh a thabhairt ar an dliteanas i leith margaí ar líne as damáistí do thomhaltóirí agus as mainneachtain bearta leormhaithe a dhéanamh chun táirgí neamhdhleathacha a dhíchur tar éis eolas iarbhír a fháil ar na táirgí neamhdhleathacha sin;

 aghaidh a thabhairt ar an dliteanas i leith margaí ar líne nuair a bhíonn tionchar ceannasach ag na hardáin sin ar sholáthraithe agus ar eilimintí riachtanacha d’idirbhearta eacnamaíocha amhail modhanna íocaíochta, praghsanna, coinníollacha téarmaí réamhshocraithe, nó iompar atá dírithe ar dhíol earraí le tomhaltóir i margadh na hEorpa a éascú, agus nach bhfuil aon mhonaróir, allmhaireoir, nó dáileoir bunaithe san Aontas is féidir a chur faoi dhliteanas;

 aghaidh a thabhairt ar an dliteanas i leith margaí ar líne mura bhfuil an margadh ar líne tar éis an tomhaltóir a chur ar an eolas gurb é tríú páirtí soláthróir iarbhír na n-earraí nó na seirbhísí, rud a fhágann go bhfuil an margadh faoi dhliteanas conarthach vis-à-vis an tomhaltóir; ba cheart dliteanas a mheas freisin i gcás ina soláthraítear faisnéis mhíthreorach go feasach leis an margadh;

 a ráthú go mbeidh an ceart ag margaí ar líne sásamh a lorg i leith soláthraí nó táirgeora ar a bhfuil locht;

 iniúchadh a dhéanamh ar leathnú an ghealltanais a thug roinnt miondíoltóirí ríomhthráchtála agus an Coimisiún chun táirgí contúirteacha nó góchumtha faoi seach a dhíchur ó bheith á ndíol ar bhonn níos mire faoin scéim gealltanais dheonaigh ar a dtugtar ‘Gealltanas Sábháilteachta Táirgí’ agus an ‘Meabhrán Tuisceana maidir le díol earraí góchumtha ar líne’ agus a léiriú cibé acu de na gealltanais sin a d’fhéadfadh a bheith éigeantach.

 

VII. RIALÁIL EX-ANTE D’OIBREOIRÍ CÓRASACHA

Ba cheart do DSA togra a chur ar aghaidh le haghaidh ionstraim ar leithligh nua a mbeidh sé d’aidhm aige a áirithiú nach gcuirfidh an ról córasach atá ag ardáin shonracha ar líne an margadh inmheánach i mbaol trí iontrálaithe nuálacha a eisiamh go héagothrom, lena n-áirítear FBManna, fiontraithe agus gnólachtaí nuathionscanta, rud a laghdódh, dá bhrí sin, rogha na dtomhaltóirí;

Chuige sin, ba cheart le DSA go ndéanfaí an méid seo a leanas go háirithe:

 sásra ex-ante a chur ar bun, chun clistí margaidh (seachas é a leigheas) de thoradh ‘oibreoirí córasacha’ sa domhan digiteach a chosc, ag cur leis an Rialachán maidir le hArdáin do Ghnó; ba cheart go gceadófaí le sásra den sórt sin d’údaráis rialála leigheasanna a fhorchur ar oibreoirí córasacha chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh, gan sárú ar rialacha iomaíochta a shuí;

 údaráis rialála a chumhachtú chun leigheasanna comhréireacha dea-shainithe a fhorchur ar na cuideachtaí sin a sainaithníodh mar ‘oibreoirí córasacha’, bunaithe ar chritéir a leagtar amach in DSA agus liosta iata de na gníomhaíochtaí dearfacha agus diúltacha a cheanglaítear ar na cuideachtaí sin a chomhlíonadh agus/nó a bhfuil toirmeasc orthu a bheith rannpháirteach ina leith; ina mheasúnú tionchair, ba cheart don Choimisiún anailís chríochnúil a dhéanamh ar na saincheisteanna éagsúla a tugadh faoi deara ar an margadh go dtí seo, amhail:

 - an easpa idir-inoibritheachta agus uirlisí, sonraí, saineolais agus acmhainní iomchuí atá in úsáid ag oibreoirí córasacha chun gur féidir le tomhaltóirí aistriú nó nascadh agus idiroibriú idir ardáin dhigiteacha nó éiceachórais idirlín;

 - an taispeántas fabhrach córasach, lena lamháiltear d’oibreoirí córasacha a seirbhísí iartheachtacha féin a chur ar fáil le hinfheictheacht níos fearr;

 - an t-imchlúdach sonraí a úsáidtear chun cumhacht sa mhargadh a leathnú ó mhargadh amháin go margaí cóngaracha, lena dtabhaítear féintosaíocht i dtaca lena gcuid táirgí agus seirbhísí féin agus rannpháirteachas i gcleachtais atá dírithe ar thomhaltóirí a ghaibhniú;

 - an cleachtas forleathan i leith toirmeasc a chur ar úsáideoirí gnó tríú páirtí ó thomhaltóirí a stiúradh chuig a suíomh gréasáin féin trí chlásail chonarthacha a fhorchur;

 - easpa trédhearcachta maidir le córais mholta a úsáideann oibreoirí córasacha, lena n-áirítear na rialacha agus na critéir maidir le feidhmiú na gcóras sin;

 a áirithiú go dtabharfar an deis d’oibreoirí córasacha a léiriú go bhfuil údar cuí leis an iompar atá i dtrácht;

 a shoiléiriú gur cheart roinnt leigheasanna rialála a fhorchur ar gach ‘oibreoir córasach’ amhail oibleagáidí trédhearcachta ar an mbealach a ndéanann siad gnó, go háirithe maidir leis an gcaoi a mbailíonn agus a n-úsáideann siad sonraí, agus toirmeasc a chur ar ‘oibreoirí córasacha’ a bheith rannpháirteach in aon chleachtais atá dírithe ar é a dhéanamh níos deacra do thomhaltóirí seirbhísí a athrú nó a úsáid thar na soláthraithe éagsúla, nó cineálacha eile idirdhealaithe nach bhfuil údar cuí leo lena n-eisiatar nó lena gcuirtear gnóthais eile faoi mhíbhuntáiste;

 cumhacht a thabhairt d’údaráis rialála bearta eatramhacha a ghlacadh agus fíneálacha a ghearradh ar ‘oibreoirí córasacha’ nach n-urramaíonn na hoibleagáidí rialála éagsúla a fhorchuirtear orthu;

 an chumhacht a fhorchoimeád chun cinneadh a dhéanamh ar deireadh i dtaobh an ‘oibreoir córasach’ don Choimisiún é soláthraí sheirbhís na sochaí faisnéise , bunaithe ar na coinníollacha a leagtar amach sa sásra ex ante;

 cumhacht a thabhairt d’úsáideoirí ‘oibreoirí córasacha’ a bheith ar an eolas, chun díghníomhachtú agus chun bheith in ann an t-ábhar a theastaíonn uathu a fheiceáil a rialú agus a chinneadh go héifeachtach; ba cheart úsáideoirí a chur ar an eolas go cuí freisin faoi na cúiseanna ar fad a moltar inneachar sonrach a thabhairt dóibh;

 a áirithiú go ndéanfar cearta, oibleagáidí agus prionsabail RGCS – lena n-áirítear íoslaghdú sonraí, teorannú cuspóra, cosaint sonraí trí dhearadh agus de réir réamhshocrú, forais dhlíthiúla le haghaidh próiseála - a urramú;

 a áirithiú go mbeidh leibhéil iomchuí idir-inoibritheachta ann lena gceanglófar ar ‘oibreoirí córasacha’ uirlisí, sonraí, saineolas agus acmhainní iomchuí a chomhroinnt a úsáidtear chun na rioscaí a theorannú a bhaineann le húsáideoirí agus tomhaltóirí agus úsáideoirí atá ceangailteach go saorga a ghaibhniú d’oibreoir córasach amháin gan aon fhéidearthacht nó dreasachtaí réalaíocha maidir le hathrú idir ardáin dhigiteacha nó éiceachórais idirlín mar chuid de na bearta sin, ba cheart don Choimisiún teicneolaíochtaí éagsúla agus caighdeáin agus prótacail oscailte a iniúchadh, lena n-áirítear an fhéidearthacht go mbeadh comhéadan teicniúil ann (Comhéadan Feidhmchláir) lena lamháiltear d’úsáideoirí ardán iomaíoch nascadh leis na hoibreoirí córasacha agus faisnéis a mhalartú leo; ní fhéadfaidh oibreoirí córasacha úsáid tráchtála a bhaint as aon cheann de na sonraí a fhaightear ó thríú páirtithe le linn gníomhaíochtaí idir-inoibritheachta chun críocha seachas na gníomhaíochtaí sin a chumasú; níor cheart go gcuirfeadh oibleagáidí idir-inoibritheachta teorainn, bac ná moill ar chumas idirghabhálaithe leochaileachtaí a phaisteáil;

 a áirithiú go bhfuil an sásra nua ex ante gan dochar do chur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta, lena n-áirítear maidir le féintosaíocht agus comhtháthú ingearach foriomlán, agus a áirithiú go mbeidh an dá uirlis beartais go hiomlán neamhspleách.

VIII. MAOIRSIÚ, COMHAR AGUS FORFHEIDHMIÚ

Ba cheart don DSA maoirseacht agus forfheidhmiú na rialacha atá cheana ann a fheabhsú agus clásal an mhargaidh inmheánaigh mar bhunchloch an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a neartú, trína chomhlánú le sásra nua comhair arb é is aidhm dó feabhas a chur ar mhalartú faisnéise, ar an gcomhar agus ar mhuinín fhrithpháirteach agus, arna iarraidh sin, ar chúnamh frithpháirteach idir na Ballstáit, go háirithe idir na húdaráis sa tír dhúchais ina bhfuil an soláthraí seirbhíse bunaithe agus na húdaráis sa tír óstach ina bhfuil an soláthraí ag tairiscint a sheirbhísí.

Ba cheart don Choimisiún measúnú tionchair críochnúil a dhéanamh chun measúnú a dhéanamh ar an modh maoirseachta agus forfheidhmithe is iomchuí chun na forálacha maidir le DSA a chur i bhfeidhm, agus prionsabail na coimhdeachta agus na comhréireachta á n-urramú ag an am céanna.

Ina mheasúnú tionchair, ba cheart don Choimisiún féachaint ar mhodhanna atá cheana ann, amhail an Gréasán um Chomhar ar mhaithe le Cosaint Tomhaltóirí (CPC), Grúpa na Rialálaithe Eorpacha um Sheirbhísí na Meán Closamhairc (ERGA), an Bord Eorpach um Chosaint Sonraí (EDBP) agus an Gréasán Eorpach Iomaíochta (ECN), agus ba cheart dó machnamh a dhéanamh ar chóras hibrideach maoirseachta a ghlacadh.

Leis an gcóras hibrideach maoirseachta sin, bunaithe ar chomhordú AE i gcomhar le líonra d’údaráis náisiúnta, ba cheart feabhas a chur ar fhaireachán agus ar chur i bhfeidhm DSA, comhlíonadh a fhorfheidhmiú, lena n-áirítear fíneálacha rialála, smachtbhannaí nó bearta eile a fhorfheidhmiú, agus ba cheart go mbeadh sé in ann iniúchadh a dhéanamh ar idirghabhálaithe agus ar ardáin. Ba cheart dó freisin, i gcás inar gá, díospóidí trasteorann idir na húdaráis náisiúnta a réiteach, agus aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna casta trasteorann, comhairle agus treoir a thabhairt agus cóid agus cinntí uile-Aontais a fhormheas, agus, in éineacht leis na húdaráis náisiúnta, ba cheart dó a bheith in ann tionscnaimh agus imscrúduithe a sheoladh ar shaincheisteanna trasteorann. Ba cheart an mhaoirseacht deiridh ar oibleagáidí na mBallstát a fhágáil faoin gCoimisiún.

 

Ba cheart don Choimisiún tuairisciú do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle, agus, i gcomhar leis na húdaráis náisiúnta, ‘Scórchlár Ardáin’ a choimeád leis an bhfaisnéis ábhartha maidir le comhlíonadh le DSA. Ba cheart don Choimisiún éascú a dhéanamh agus tacaíocht a thabhairt d’uirlis stórála taighde Eorpach a chruthú agus a chothabháil chun an chomhroinnt sonraí le hinstitiúidí poiblí, taighdeoirí, eagraíochtaí neamhrialtasacha agus ollscoileanna a éascú chun críoch taighde a dhéanamh.

Ba cheart do DSA eilimintí nua forfheidhmithe maidir le féinrialáil a thabhairt isteach freisin in Airteagal 16 den Treoir maidir le Ríomhthráchtáil.

 


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

 

Tá sé tábhachtach ról riachtanach na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil a aithint maidir le ríomhthráchtáil a threisiú san Eoraip. Ó glacadh í sa bhliain 2000, tá an Treoir anois mar bhunchloch an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, ar cheart go mbeadh sí, le digitiú méadaitheach an gheilleagair agus na sochaí, mar bhonntaca anois ag tionscadal an mhargaidh inmheánaigh iomláin.

 

20 bliain ina dhiaidh sin, áfach, tá deiseanna agus dúshláin eacnamaíocha nua tagtha chun cinn. Glacadh rialacha nua a bhaineann le soláthar Sheirbhísí na Sochaí Faisnéise chun aghaidh a thabhairt ar neamhchinnteachtaí agus ar dhúshláin atá cheana ann. Tá forbairt tagtha ar chomh maith le go leor seirbhísí digiteacha nua lasmuigh de chreat dlíthiúil reatha AE agus in ainneoin iarrachtaí na Cúirte Breithiúnais cuid de na bearnaí dlí atá ann faoi láthair a líonadh.

 

I gcomhthéacs ghealltanas an Choimisiúin pacáiste nua DSA a thíolacadh, tá sé mar aidhm ag an tuarascáil seo tásca a sholáthar do Choiste IMCO Pharlaimint na hEorpa ar athchóiriú na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil, agus na moltaí sonracha maidir le gnéithe criticiúla den athchóiriú sin agus maidir le raon feidhme agus inneachar féideartha DSA amach anseo a d’fhógair an Coimisiún ina Theachtaireacht um Straitéis Dhigiteach i mí Feabhra 2020.

 

D’fhéach an Rapóirtéir le dul i gcomhairle le geallsealbhóirí chomh fairsing agus chomh trédhearcach agus ab fhéidir chun a áirithiú go rachaidh an tuarascáil i ngleic le fíorfhadhbanna agus chun iarmhairtí neamhbheartaithe neamhriachtanacha a theorannú.

 

Molann an Rapóirtéir prionsabail bhunaidh na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil a choinneáil, sa chás nach bhfuil dóthain fianaise ann chun údar cuí a thabhairt chun í a athrú, amhail clásal an mhargaidh inmheánaigh agus díolmhú ó dhliteanas le haghaidh inneachar mídhleathach ar líne i bhfabhar roinnt ardán agus faoi roinnt coinníollacha.

 

I bhfianaise thábhacht mhéadaitheach na n-ardán ar líne, áfach, agus mar thoradh ar mhalartuithe tuairimí a dhéantar le saineolaithe agus geallsealbhóirí, tugann an Rapóirtéir faoi deara an gá atá le cosaint níos fearr do thomhaltóirí a áirithiú agus aghaidh a thabhairt ar na rioscaí a bhaineann le hilroinnt an mhargaidh aonair dhigitigh.

 

Ar bhonn mheasúnú an Rapóirtéara ar an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil, molann an Rapóirtéir roinnt feabhsuithe ar an Treoir agus moltaí sonracha maidir leis na forálacha a bheidh ann amach anseo in DSA. Cuirtear na moltaí i láthair i roinnt blaganna príomhthógála. 

 

Prionsabail ghinearálta

Molann an Rapóirtéir cur chuige a úsáid chun DSA a fhorbairt ar na rialacha is infheidhme faoi láthair maidir le seirbhísí digiteacha, eadhon an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil agus an Rialachán maidir le hArdáin do Ghnó.

 

Tá sé den tuairim freisin gur gá príomhphrionsabail na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil, amhail clásal an mhargaidh inmheánaigh, saoirse bunaíochta agus an toirmeasc go bhforchuirfí oibleagáid faireacháin ghinearálta a chomhlánú leis na prionsabail seo:‘an rud atá neamhdhleathach as líne, tá sé neamhdhleathach ar líne freisin,’ chomh maith le cosaint tomhaltóirí agus sábháilteacht úsáideoirí.

 

Raon Feidhme 

Molann an Rapóirtéir gur cheart le DSA go ndéanfaí gach seirbhís dhigiteach a chumhdach, agus nár cheart díriú ar ardáin ar líne, agus orthu sin amháin. Ba cheart go gcumhdófaí leis freisin cuideachtaí nach bhfuil bunaithe in AE ach a sholáthraíonn a gcuid seirbhísí do thomhaltóirí AE.

 

Sainmhínithe 

Cruthaíodh go raibh na sainmhínithe, a chinneann raon feidhme na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil láidir le himeacht ama agus infheidhme maidir le samhlacha éagsúla gnó dhigitigh. Teastaíonn roinnt soiléireachta, áfach, maidir le seirbhísí digiteacha nua, agus molann an Rapóirtéir na sainmhínithe atá cheana ann sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil a shoiléiriú agus, nuair is gá, eilimintí nua a thabhairt isteach chun na bearnaí atá ann a líonadh.

 

Oibleagáidí díchill chuí 

Molann an Rapóirtéir gur cheart go dtabharfaí isteach le DSA oibleagáidí soiléire trédhearcachta agus faisnéise díchill chuí; Ba cheart leis na heilimintí nua go gcuirfí feabhas ar na ceanglais faisnéise ginearálta, go dtabharfaí isteach téarmaí conartha agus coinníollacha ginearálta cothroma, agus na ceanglais trédhearcachta maidir le cumarsáid trachtála a neartú. Ba cheart go dtreiseofaí na bearta sin le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha.

 

An intleacht shaorga

Measann an Rapóirtéir gur cheart aghaidh a thabhairt i gceart in DSA ar shaincheisteanna a bhaineann le seirbhísí faoi thiomáint IS, amhail trédhearcacht, cuntasacht, measúnú riosca agus dliteanas, chun leibhéal ard cosanta do thomhaltóirí a áirithiú.

 

Dul i ngleic le hInneachar Neamhdhleathach ar Líne 

Creideann an Rapóirtéir gur cheart go soláthrófaí le DSA soiléireacht agus treoir maidir le dul i ngleic le hinneachar neamhdhleathach ar líne. 

 

I ngeall ar an rath atá ar an ngné sin, ba cheart loighic na dtearmann dliteanais le haghaidh ardáin dhigiteacha a chumhdaítear faoi láthair leis an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil (Airteagail 12-14: iompar simplí, taisceadh agus óstáil), chomh maith le hAirteagal 15 a choinneáil. Chun éifeachtúlacht na rialacha a fheabhsú, ba cheart creat iomlán do phróiseas fógra agus gnímh le forálacha mionsonraithe maidir le fógraí a mhalartú agus meastóireacht a dhéanamh orthu a áireamh in DSA. 

 

Thacaigh an Rapóirtéir leis an gcur chuige seo agus d’fhorbair sé moltaí mionsonraithe maidir le cearta, oibleagáidí, próisis agus frámaí ama beachta do gach céim den nós imeachta fógra agus gnímh. 

 

Creideann an Rapóirtéir freisin go ndéanfaidh cur chuige níos ailínithe ar leibhéal na hEorpa, agus na cineálacha éagsúla inneachair á gcur san áireamh, an comhrac i gcoinne inneachar neamhdhleathach níos éifeachtaí agus chun na críche sin molann sé freisin don Choimisiún cur i bhfeidhm éagsúil agus critéar na soláthraithe óstála gníomhacha agus éighníomhacha a shoiléiriú.

 

Ar deireadh, creideann an Rapóirtéir gur cheart cearta bunúsacha a chosaint ar bhealach níos éifeachtaí trí roinnt coimircí a thabhairt isteach i gcoinne ró-dhíchur inneachair dhlisteanaigh rialta, mar shampla trédhearcacht maidir le hinneachar a dhíchur, a phróiseáil, botúin, gníomhaithe agus fógraí agus an fhéidearthacht sásra um réiteach díospóide lasmuigh den chúirt a ghlacadh chun cabhrú le gearáin ó úsáideoirí atá buailte a réiteach. 

 

Margaí ar líne

Creideann an Rapóirtéir gur féidir roinnt feabhsuithe a dhéanamh ar phacáiste DSA maidir le margaí ar líne, ar féidir leo díol agus dáileadh táirgí neamhdhleathacha agus neamhshábháilte nach gcomhlíonann rialacha AE maidir le sábháilteacht táirgí agus nach ráthaíonn cearta tomhaltóirí go leordhóthanach a éascú. 

 

Rialáil ex ante na n-ardán sistéamach 

Measann an Rapóirtéir gur cheart don Choimisiún togra a chur ar aghaidh faoi phacáiste DSA chun a áirithiú nach gcuirfidh ról córasach ardáin ar líne an margadh inmheánach i mbaol trí iontrálaithe nuálacha margaidh, FBManna san áireamh, a eisiamh go héagórach. Ba cheart go mbeadh freagrachtaí speisialta ar ardáin mhóra a bhfuil éifeachtaí suntasacha líonra acu atá in ann gníomhú mar ‘choimeádaithe geata ar líne’ de facto.

 

Maoirseacht agus comhar

Creideann an Rapóirtéir, i bhfianaise chineál trasteorann na seirbhísí digiteacha, go bhfuil maoirseacht agus comhar éifeachtach idir na Ballstáit ríthábhachtach chun forfheidhmiú ceart an chreata dlí nua a áirithiú. Chun na críche sin, molann an Rapóirtéir go gcruthófaí córas hibrideach maoirseachta, bunaithe ar chomhordú AE i gcomhar le líonra d’údaráis náisiúnta. 

Éilítear leis an gcur chuige sin ar thaobh amháin, comhchuibhiú ar na príomhrialacha atá dírithe ar úsáideoirí a chosaint agus, ar an taobh eile, comhar agus cúnamh frithpháirteach idir údaráis inniúla na mBallstát atá i gceannas ar fhorfheidhmiú na rialacha.


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (4.9.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra</CommissionInt>


<Titre>le moltaí don Choimisiún maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feabhas a Chur ar Fheidhmiú an Mhargaidh Aonair</Titre>

<DocRef>(2020/2018(INL))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Josianne Cutajar</Depute>

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach:

- na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí go bhfuil an Treoir maidir le ríomhthráchtáil níos sine ná ré an gheilleagair dhigitigh agus, dá bhrí sin, nach léiriú í ar fhírinne theicniúil, eacnamaíoch agus shóisialta sheirbhísí ar líne an lae inniu in earnáil an iompair agus na turasóireachta; de bhrí go bhfuil rialáil náisiúnta agus áitiúil éagsúil ó Bhallstát go chéile agus gur tharla ilroinnt ar an margadh mar nach bhfuil cur chuige comhchuibhithe ann ar leibhéal AE.

B. de bhrí go bhfuil líon teoranta cuideachtaí i gceannas ar an margadh ar fud éiceachóras na n-ardán iompair agus turasóireachta ar líne, a bhíonn ag feidhmiú mar choimeádaithe geataí a chuireann bacainní móra ar dhul isteach sa mhargadh, ag srianadh na hiomaíochta agus ar an gcaoi sin ag teorannú na roghanna do thomhaltóirí;

C. de bhrí go raibh tionchar dearfach ag ardáin dhigiteacha ar inrochtaineacht seirbhísí iompair agus turasóireachta, agus go gcuireann siad go mór le teicneolaíochtaí córais chliste iompair a fhorbairt, go háirithe i réimse na bhfeithiclí uathrialacha.

D. de bhrí go raibh go leor éifeachtaí dearfacha ag an digitiú méadaithe ar na hearnálacha iompair agus turasóireachta, i bhfoirm saoirse rogha níos mó, úsáid níos fearr acmhainní agus malartuithe níos éasca idir tomhaltóirí agus gnólachtaí;

E. de bhrí gur cheart aitheantas a thabhairt do na deiseanna iontacha atá ann chun dlús breise a chur le digitiú thionscal an iompair, agus, i bhfianaise an méid sin, ní mór an rialáil a bheidh ann amach anseo a cheapadh ar bhealach ina n-éascófar forbairt theicneolaíoch seachas bac a chur uirthi, agus an iomaíocht a chur chun cinn ar théarmaí comhionanna ag an am céanna;

F. de bhrí nach mbaineann an tAontas leas fós as na sochair ar fad a bhaineann leis an idir-inoibritheacht, go háirithe mar gheall ar easnaimh i socrú caighdeán, i soláthar poiblí agus i gcomhordú idir údaráis inniúla náisiúnta;

G. de bhrí go bhfuil gá le hinfheistíocht shuntasach i mbonneagar TF chun go mbeifear in ann na seirbhísí digiteacha a óstáil lena gcuirfear le rathúnas na hEorpa amach anseo;

H. de bhrí gur chruthaigh ardáin dhigiteacha ar líne idir dheiseanna agus dúshláin do mhargadh an tsaothair agus go mbraitheann siad go hiondúil ar fhórsa saothair níos solúbtha, a bhfuil a choinníollacha fostaíochta, ionadaíochta agus cosanta sóisialta fós doiléir agus i roinnt cásanna míbhuntáisteach;

1. á tabhairt dá haire an ról tábhachtach a bhí ag an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil le fiche bliain anuas ó thaobh cabhrú le hardáin iompair agus turasóireachta i Margadh Aonair Digiteach na hEorpa a fhorbairt;

2. ag tabhairt dá haire go raibh raon feidhme an tsainmhínithe ar sheirbhísí na sochaí faisnéise dá bhforáiltear sa Treoir maidir le ríomhthráchtáil faoi réir cásdlí saibhir de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh, go háirithe a mhéid a bhaineann le hardáin ar líne in earnálacha an iompair agus na gcíosanna gearrthéarmacha, agus dá bhrí sin, go bhfuil gá le raon feidhme an tsainmhínithe nuashonraithe agus soiléir, agus an cásdlí sin a chur san áireamh;

3. á chur i bhfios go bhfuil fáilte fhorleathan ag tomhaltóirí roimh ardáin ar líne in earnáil an iompair agus in earnáil na turasóireachta agus gur eascair iompraíocht nua tomhaltóirí as a ngníomhaíocht; ag tabhairt dá haire gur bealach amháin chun muinín, slándáil agus sábháilteacht níos fearr a áirithiú d’úsáideoirí é bearta réamhghníomhacha a spreagadh; ag meabhrú, áfach, in éagmais rialacha soiléire, trédhearcacha agus cothrom le dáta, go bhfuil ilroinnt an mhargaidh agus neamhshláine ann i gcásanna áirithe, rud a d’fhéadfadh díobháil a dhéanamh do ghnólachtaí agus a chruthaíonn bac suntasach ar a bhforbairt amach anseo, go háirithe do dhaoine nua atá ag teacht isteach sa mhargadh;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún soiléiriú a thabhairt ar dhliteanas na n-ardán iompair agus turasóireachta, agus an tsamhail shonrach ghnó á cur san áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáid aonfhoirmeach a leagan síos d’ardáin iompair agus turasóireachta chun céannacht na soláthraithe seirbhíse a fhíorú agus chun a iarraidh ar sholáthraithe seirbhíse na ceadanna, na ceadúnais agus na deimhnithe lena bhfianaítear dlíthiúlacht agus sábháilteacht na seirbhíse a chur ar fáil, úsáid prótacal an díchill chuí a thabhairt isteach, lena áirithiú go mbeidh soláthraithe seirbhísí faisnéise a sholáthraíonn an fhaisnéis cothrom le dáta, agus bearta a ghlacadh i gcoinne ábhar neamhdhleathach chun comhshaol níos sábháilte agus deimhneacht dhlíthiúil a chruthú agus a chothabháil do na húsáideoirí agus do na húdaráis phoiblí;

5. á iarraidh ar an gCoimisiún prionsabail uile-Aontais a bhunú chun soiléiriú a dhéanamh ar na próisis fógra agus ghníomhaíochta, agus an cineál seirbhíse digití atá á thairiscint agus na gníomhaithe lena mbaineann á gcur san áireamh; tar éis fógra a fháil ó údarás inniúil a thugann eolas iarbhír faoi neamhdhleathacht agus i gcás easpa gnímh ar an ardán, ba cheart sásra smachtbhannaí atá éifeachtach, athchomhairleach agus comhréireach a chur i bhfeidhm;

6. á chur i bhfáth go bhfuil gá le measúnú a dhéanamh ar an tsaincheist a bhaineann le margaí tríú tír a thugann rochtain ar tháirgí agus ar sheirbhísí do thomhaltóirí Eorpacha, nuair nach ann do mhonaróir, d’allmhaireoir nó do dháileoir bunaithe in AE, chun a áirithiú go n-urramófar dlí ábhartha AE;

7. ag meabhrú a thábhachtaí atá sé cur chun feidhme agus forfheidhmiú éifeachtach a áirithiú ar na rialacha a dhéanann difear do mhargadh na n-ardán ar líne ag institiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí AE atá ann cheana agus é mar chuspóir, i measc nithe eile, comhroinnt sonraí agus sásamh do thomhaltóirí a éascú, agus idirphlé le páirtithe leasmhara a chur chun cinn; á chur i bhfáth a thábhachtaí agus a shainiúla atá margadh na n-ardán iompair agus turasóireachta ar líne, lena n-éilítear cur chuige earnáilsonrach agus aird ar leith maidir leis sin; á iarraidh go bhféachfaí an bhféadfaí pointe teagmhála aonair a chruthú laistigh den chreat atá ann cheana d’ardáin turasóireachta agus iompair;

8. á iarraidh ar CE soiléiriú breise a thabhairt maidir le conas a oibríonn prionsabal na tíre tionscnaimh, lena n-áirítear na maoluithe a d’fhéadfadh a bheith ann, chun deimhneacht dhlíthiúil a ráthú ar fud AE;

9. á iarraidh ar an gCoimisiún aird ar leith a thabhairt ar staid FBManna; ag moladh go mbreithneofar sa reachtaíocht a bheidh ann amach anseo na difríochtaí i measc oibreoirí sa Mhargadh Aonair; á iarraidh, thairis sin, go laghdófar ualaí riaracháin neamhriachtanacha do FBManna a sholáthraíonn seirbhísí in earnáil an iompair agus na turasóireachta agus go gcuirfear san áir bhfuil rocheamh go bhfuil rochtain theoranta ag mórán FBManna ar mhaoiniú; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le rochtain fheabhsaithe ar shonraí do FBManna in earnáil an iompair agus na turasóireachta;

10. ag tarraingt aird ar nádúr an-sonrach an inneachair ar ardáin iompair agus turasóireachta i gcomparáid le hearnálacha eile, a cheanglaítear i gcásanna áirithe a bheith i gcomhréir le critéir bheachta arna leagan síos ar an leibhéal náisiúnta; á iarraidh go ndéanfar iarracht earnáilsonrach, arna comhordú ag AE, ina mbeadh na geallsealbhóirí uile rannpháirteach chun teacht ar chomhaontú maidir le tacair critéar, amhail ceadanna, ceadúnais, nó, i gcás inarb infheidhme, uimhir chláraithe áitiúil nó náisiúnta seirbhíse a chuirtear ar fáil, i gcomhréir le rialacha an Mhargaidh Aonair, arb iarracht í atá riachtanach chun seirbhís a chur ar fáil ar ardán agus é mar chuspóir comhar a éascú agus deiseanna gnó a threisiú; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ardáin an gheilleagair chomhoibríoch in earnáil an iompair agus na turasóireachta, ar a ndéanann daoine aonair agus gairmithe araon seirbhísí a sholáthar; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé gan oibleagáidí díréireacha faisnéise agus ualach riaracháin nach bhfuil gá leis a chur ar gach soláthraí seirbhísí agus béim ar leith á leagan ar sholáthraithe seirbhíse idir piaraí agus ar FBManna;

11. á iarraidh ar an gCoimisiún an caidreamh idir geallsealbhóirí agus údaráis áitiúla i margadh na gCíosanna Gearrthéarmacha agus i seirbhísí soghluaisteachta a threisiú; á chreidiúint gur cheart é a bheith d’aidhm ag an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha deimhneacht dhlíthiúil agus soiléireacht a áirithiú sa mhargadh sin trí chreat rialachais a chruthú lena gcuirfí ar bhonn foirmiúil an comhar idir ardáin na gcíosanna gearrthéarmacha agus ardáin soghluaisteachta agus údaráis náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, lena ndírítear go háirithe ar dhea-chleachtais a roinnt agus ar an gcaoi sin a ngnó laethúil a éascú, agus trí shraith oibleagáidí faisnéise a bhunú i dtaca le hardáin na gcíosanna gearrthéarmacha agus na soghluaisteachta vis-à-vis a soláthraithe seirbhíse i dtaca leis an reachtaíocht ábhartha náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil;

12. á chur in iúl gur geal léi sa chomhthéacs sin comhaontú an Choimisiúin, a baineadh amach i mí an Mhárta 2020, le hardáin áirithe d’earnáil na gcíosanna gearrthéarmacha maidir le comhroinnt sonraí, agus á chreidiúint go gcuirfidh sé ar chumas na n-údarás áitiúil tuiscint níos fearr a bheith acu ar fhorbairt an gheilleagair chomhoibríoch agus go mbeifear in ann sonraí a roinnt ar bhealach iontaofa agus leanúnach, agus dá bhrí sin tacú le ceapadh beartais atá bunaithe ar fhianaise; á iarraidh ar an gCoimisiún céimeanna breise a ghlacadh chun tús a chur le creat comhroinnte sonraí níos cuimsithí d’ardáin na gcíosanna gearrthéarmacha ar líne, tar éis dul i gcomhairle leis na geallsealbhóirí ábhartha go léir, agus oibleagáid a bhunú le haghaidh ardáin shistéamacha chun a gcuid sonraí a roinnt dá réir le Eurostat agus le hoifig staidrimh náisiúnta na tíre ina bhfeidhmíonn na soláthraithe seirbhíse i gcomhréir iomlán leis an Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí [24];

13. ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá rochtain ar shonraí, iniomparthacht sonraí agus rialachas trédhearcach sonraí i ngeilleagar na n-ardán; ag leagan béim ar an ról ríthábhachtach atá ag sonraí do rialtais áitiúla maidir le beartais a fhorfheidhmiú agus a fhorbairt i réimsí an iompair agus na turasóireachta agus maidir le seirbhísí nua nuálaíochta a chruthú a rannchuidíonn le hiomaíochas na hEorpa; á mheas gur leas poiblí straitéiseach atá i roinnt sonraí agus á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach maidir le straitéis Eorpach sonraí, go háirithe spásanna coiteanna Eorpacha sonraí a fhorbairt in earnálacha straitéiseacha eacnamaíocha amhail iompar agus soghluaisteacht; á chur i bhfáth go bhfuil gá le rialacha maidir le príobháideachas sonraí a urramú agus sonraí á n-úsáid agus á bpróiseáil;

14. ag tarraingt aird ar a thábhachtaí atá sonraí d’earnáil an iompair, chun tacú le forbairt theicneolaíoch na hintleachta saorga, 5G agus teicneolaíochtaí líonra ábhartha eile gan sreang chomh maith le soghluaisteacht nasctha agus uathoibrithe; á iarraidh ar an gCoimisiún nuálaíocht chorparáideach a éascú, i gcomhréir iomlán le reachtaíocht AE maidir le príobháideachas pearsanta agus cosaint sonraí; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go gcaithfidh sonraí a bheith in ann gluaiseacht gan bhac idir feithiclí agus soláthraithe seirbhíse agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh rochtain iomaíoch ann ar shonraí feithiclí chun críocha cothabhála agus deisiúcháin, agus do ghnólachtaí nuathionscanta soghluaisteachta chomh maith;

15. ag tabhairt dá haire gur féidir críocha tábhachtacha sóisialta a bheith i gceist leis na sonraí loma, mar a thugtar orthu, i.e. sonraí nár próiseáladh lena n-úsáid, ar féidir sonraí neamhphearsanta a áireamh leo; á iarraidh ar an gCoimisiún creat dlíthiúil agus córas dreasachta a chruthú chun sonraí loma a chomhroinnt leis an earnáil phríobháideach, le hinstitiúidí poiblí agus le hollscoileanna le haghaidh taighde agus comhair idir ardáin idir-inoibritheachta, agus lánurraim á tabhairt do na rialacha maidir le príobháideachas sonraí;

16. á chur i bhfáth go bhfuil gá le malartú sonraí, digiteáil agus mórshonraí maidir le hardáin iompair agus lóistíochta a chur chun cinn ar mhaithe le héifeachtúlacht níos fearr in eagrú agus bainistiú sreabha lasta agus paisinéirí agus in úsáid bonneagar agus acmhainní; á iarraidh ar an gCoimisiún comhordú a dhéanamh ar na hardáin sin ar leibhéal AE chun feabhas a chur ar infheictheacht an tslabhra soláthair, ar bhainistiú tráchta fíor-ama agus ar shreabha lasta, chomh maith le foirmiúlachtaí riaracháin TEN-T a shimpliú agus a laghdú, go háirithe feadh codanna trasteorann; ag meabhrú a thábhachtaí atá inrochtaineacht, idir-inoibritheacht agus malartú sonraí taistil agus tráchta fíor-ama atá cothrom le dáta chun tairiscint agus éileamh ar líne gach modha iompair a chothú, i gcomhréir le Treoir CCI[25]; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar na bacainní lena gcoisctear teacht chun cinn margaidh ilmhódaigh ar líne do sheirbhísí iompair uirbeacha, réigiúnacha agus fadraoin;

17. ag tarraingt aird ar acmhainneacht ardáin Shoghluaisteacht ar Éileamh (MaaS) maidir le soghluaisteacht AE a dhigitiú, a uathoibriú agus a dhícharbónú; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar úsáid chórais chothroma MaaS chun monaplachtaí a chosc agus chun forfheidhmiú na ndlíthe agus na mbeartas ábhartha a ráthú agus chun go mbeidh na rialtais áitiúla in ann rialú áirithe a dhéanamh ar na córais sin;

18. á aithint gur féidir leis an ngeilleagar digiteach, go háirithe ardáin, tionchar suntasach a imirt ar shamhlacha gnó rialáilte fadbhunaithe i mórán earnálacha straitéiseacha amhail iompar agus fáilteachas; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go bhfuil gá le machaire réidh a chothú go háirithe do nuálaithe, do ghnólachtaí, agus d’iontrálaithe nua sa mhargadh, lena n-áirítear FBManna agus gnólachtaí nuathionscanta agus chun cur leis an Ardán um Rialáil Gnó[26] chun éagsúlacht gníomhaithe a choinneáil, chun timpeallacht mhaith iomaíoch a áirithiú agus chun ceannas na n-ollchuideachtaí sa mhargadh a theorannú; á thabhairt chun suntais a phráinní atá sé don Choimisiún critéir shoiléire a bhunú agus foráil a dhéanamh maidir le sainmhíniú ar ‘ardáin shistéamacha’;  á iarraidh ar na húdaráis inniúla leanúint de bheith ar an airdeall chun teacht chun cinn monaplachtaí i margadh na n-ardán taistil agus turasóireachta a sheachaint trí fhaireachán a dhéanamh ar chleachtais mhí-úsáideacha amhail tosaíocht mhí-úsáideach agus féintagairt ar innill chuardaigh ar líne, rud a bhféadfadh praghsáil éagórach agus laofacht siopadóireachta a bheith mar thoradh air;

19. á thabhairt chun suntais gur cheart go mbeadh slándáil post agus coinníollacha fostaíochta inchomparáide idir daoine féinfhostaithe agus iad siúd atá i ngnáthfhostaíocht mar shaintréith de ré an gheilleagair dhigitigh; ag moladh do na Ballstáit agus don Choimisiún Eorpach measúnú a dhéanamh ar leormhaitheas rialacha náisiúnta fostaíochta agus ar fhorálacha dhlí saothair AE; 

20. á chur i bhfios go raibh ról dearfach ag feidhmiú na n-ardán digiteach i réimse an iompair agus na turasóireachta maidir le poist nua a chruthú, go háirithe do dhaoine óga agus d’oibrithe neamhoilte;

21. á chur in iúl gur geal léi, ina leith sin, an Treoir nua maidir le dálaí oibre trédhearcacha intuartha[27] agus an Moladh ón gComhairle maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe[28]; á iarraidh ar an gCoimisiún dlúthfhaireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú an acquis sa réimse sin; ag meabhrú, sa chomhthéacs sin, obair leanúnach Pharlaimint na hEorpa maidir lena tuarascáil dar teideal ‘Dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – Cineálacha nua fostaíochta atá nasctha le forbairt dhigiteach’[29];

22. á iarraidh go mbunófar córas rialachais idirnáisiúnta lena gceanglaítear ar shealbhóirí ardán cearta agus cosaintí íosta áirithe a urramú agus lena rialaítear úsáid sonraí agus cuntasachta algartamaí i saol na hoibre; ag meabhrú go bhfuil ceart bunúsach ag oibrithe i ngach catagóir atá cumhdaithe i gCairt um Chearta Bunúsacha AE comhghníomhaíocht a dhéanamh chun a leasanna a chosaint;

23. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le trédhearcacht maidir le hardáin iompair agus turasóireachta, go háirithe i ndáil le halgartaim a dhéanann difear do shásraí seirbhíse, praghsála, fógraíochta agus forbartha iontaoibhe digití amhail rátálacha agus athbhreithnithe, agus rúin trádála á gcosaint ag an am céanna; á iarraidh go gcuirfear chun feidhme an acquis atá ann cheana maidir le cosaint tomhaltóirí agus go gcomhlíonfar na caighdeáin Eorpacha, agus go mbeidh rialacha breise níos soiléire ann maidir le faisnéis a bhaineann leis an réasúnaíocht taobh thiar de phraghsáil, tairiscintí agus rangú pearsantaithe, go háirithe nuair a dhéantar sin le bogearraí cinnteoireachta uathoibríocha; á mheas gur cheart tomhaltóirí a chur ar an eolas mar is ceart agus gur cheart a gcearta a ráthú go héifeachtach; á chreidiúint gur cheart go mbeadh tomhaltóirí in ann seiceálacha agus ceartúcháin a iarraidh ar bhotúin a d’fhéadfadh a bheith ann mar thoradh ar chinntí uathoibrithe, chomh maith le sásamh a lorg sa chomhthéacs sin;

24. ag tathant ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún an idir-inoibritheacht a chur chun cinn idir gairis, feidhmchláir, stórtha sonraí, seirbhísí agus líonraí atá riachtanach chun tairbhe iomlán a bhaint as úsáid teicneolaíochtaí faisnéise agus cumarsáide (TFCanna), a úsáidtear freisin in earnálacha an iompair agus na turasóireachta;

25. á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hardáin ar líne san Iompar agus sa Turasóireacht chun inbhuanaitheacht a chur chun cinn trína seirbhísí i gcomhréir leis an gComhaontú Glas don Eoraip; ag leagan béim ar an ról a d’fhéadfadh a bheith ag an digiteáil maidir le feabhas a chur ar inbhuanaitheacht earnáil an iompair agus na turasóireachta, go háirithe i dtaca le soghluaisteacht uirbeach agus trí úsáid níos éifeachtúla a bhaint as acmhainní agus as limistéir thearcúsáidte nach gnách leo tairbhe a bhaint as an turasóireacht; á mheabhrú go bhfuil úsáideoirí eolasacha ina spreathóirí tábhachtacha don iompar inbhuanaithe agus don turasóireacht inbhuanaithe; á iarraidh ar ardáin ar líne roghanna malartacha atá neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur san áireamh ina dtairiscintí agus ina dtéarmaí seirbhíse agus á iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach treoirlínte a leagan síos le haghaidh na n-ardán Iompair agus Turasóireachta ar líne, uirlisí agus faisnéis a chur ar fáil maidir leis an gcaoi ar féidir leo a gcustaiméirí agus a n-úsáideoirí a chur ar an eolas ar bhealach níos fearr maidir leis an tionchar a bhíonn ag a gcuid seirbhísí ar an gcomhshaol;

26. á thabhairt chun suntais go bhfuil méadú mór tagtha ar an éileamh ar sheirbhísí digiteacha mar gheall ar an ngéarchéim nár tháinig a samhail riamh roimhe mar thoradh ar phaindéim COVID-19 agus gur treisíodh an gá atá ann go neartódh an tAontas a cheannasacht dhigiteach; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh an Choimisiúin lena mbunaítear líonra de phointí teagmhála de chuid na mBallstát agus lena gcruthaítear ardán uile-AE chun malartú faisnéise a éascú maidir le sreabha tráchta i gconairí glasa agus maidir le bearta náisiúnta freagartha don iompar; á chur i bhfáth go bhfuil gá le leanúint de thacaíocht a thabhairt don chomhar maidir le conairí glasa chun a áirithiú go bhfeidhmeoidh slabhraí soláthair AE go rianúil agus go ndéanfar earraí a aistriú ar fud ghréasán iompair AE; á iarraidh ar an gCoimisiún éifeachtacht ardán comhordúcháin AE a áirithiú sa chéim téarnaimh;

27. ag leagan béim ar thionchar tromchúiseach ghéarchéim COVID-19 ar thionscal turasóireachta AE; á iarraidh ar an gCoimisiún Ardán AE a bhunú le haghaidh malartú sonraí agus faisnéise idir na geallsealbhóirí uile in earnáil na turasóireachta chun comhroinnt dea-chleachtas a éascú agus inbhuanaitheacht a chur chun cinn ag céim an téarnaimh;

 


 

IARSCRÍBHINN: LIOSTA NA nEINTITEAS NÓ NA nDAOINE ÓNA bhFUAIR AN RAPÓIRTÉIR DON TUAIRIM IONCHUR

Déantar an liosta seo a leanas a tharraingt suas ar bhonn deonach amháin faoi fhreagracht eisiach an Rapóirtéara. Fuair an Rapóirtéir ionchur ó na heintitis nó na daoine seo a leanas le linn ullmhú na Dréacht-Tuairime ón gCoiste um Iompar agus um Thurasóireacht chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra dar teideal An Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feidhmiú an Mhargaidh Aonair a fheabhsú (2020/2018(INL):

 

 

 

Eintiteas agus/nó duine

BEUC

Airbnb

EU Travel Tech

UBER

ETUC

An tAontas Idirnáisiúnta um Iompar de Bhóthar (IRU)

An Lárionad um Dhaonlathas agus um Theicneolaíocht

Comhlachas Eorpach na dTithe Saoire (EHHA)

AS MOVE

AS GROW

AS Connect

AS EMPL

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

2.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

41

1

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Peter Lundgren, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Vera Tax, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Petar Vitanov, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Josianne Cutajar, Clare Daly, Angel Dzhambazki, Roman Haider

 

 


VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

41

+

ECR

Angel Dzhambazki, Peter Lundgren, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Clare Daly, Kateřina Konečná, Elena Kountoura

NI

Mario Furore

PPE

Magdalena Adamowicz, Gheorghe Falcă, Jens Gieseke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Benoît Lutgen, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Sven Schulze, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Jörgen Warborn

Renew

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Josianne Cutajar,  Isabel García Muñoz, Bogusław Liberadzki, Rovana Plumb, Vera Tax, István Ujhelyi, Petar Vitanov

Verts/ALE

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

 

1

-

NI

Dorien Rookmaker

 

5

0

ID

Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (22.7.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra</CommissionInt>


<Titre> le moltaí don Choimisiún maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feabhas a Chur ar Fheidhmiú an Mhargaidh Aonair</Titre>

<DocRef>(2020/2018(INL))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Petra Kammerevert</Depute>

(Tionscnamh – Riail 47 de na Rialacha Nós Imeachta)

(*) Coiste comhlachaithe (Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta)

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chreidiúint go láidir go raibh rath ar Threoir reatha 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[30] ó thaobh na tráchtála leictreonaí a fhorbairt, ach á mholadh, ag an am céanna, go ndéanfar an reachtaíocht maidir le seirbhísí digiteacha a chomhchuibhiú chun raon leathan soláthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise a áireamh agus chun rialacha ceangailteacha níos soiléire agus dliteanas iomchuí a fhorchur orthu;

2. á mheas go gcaithfear, i bprionsabal, rialacha níos soiléire a ghlacadh agus, a mhéid is féidir, rialacha uile-Aontais is infheidhme go haonfhoirmeach agus próisis rialála chomhsheasmhacha a ghlacadh chun inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis a chomhrac agus chun mionaoisigh a chosaint, chomh maith le rialacha lena rialaítear fógraíocht ar líne, micreadhíriú agus ríomhthráchtáil chothrom, agus á iarraidh, ag an am céanna, go ndéanfar idirdhealú dian idir inneachar neamhdhleathach, gníomhartha inphionóis agus inneachar a chomhroinntear go neamhdhleathach ar thaobh amháin, agus inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis ar an taobh eile, ós rud é go bhfuil cur chuige agus rialacha éagsúla infheidhme i ngach cás;

3. ag tuiscint, sa chomhthéacs sin, gurb é atá i gceist le ‘fuathchaint’ ná cumarsáid bhriathartha nó neamhbhriathartha a bhaineann le naimhdeas atá dírithe ar dhuine nó ar ghrúpa sóisialta faoi leith nó ar bhall den ghrúpa sin, go minic ar fhorais a thagraíonn do chine, do dhath, do reiligiún, do shliocht nó do bhunadh náisiúnta nó eitneach, do ghnéaschlaonadh, nó lena bheith ag tacú go poiblí le foréigean inscne-shonrach, ag diúltú gurb ann dó nó ag déanamh beag is fiú de nó ag gríosú daoine lena dhéanamh; á chur i bhfáth go n-áirítear sa tuiscint sin gríosú poiblí chun foréigin nó chun fuatha;

4. ag tuiscint, sa chomhthéacs sin, gurb é atá i gceist le mífhaisnéis’ ná gach cineál faisnéise atá bréagach, míchruinn nó míthreorach agus a chumtar, a chuirtear i láthair agus a chuirtear chun cinn chun díobháil a dhéanamh don phobal nó chun brabús a dhéanamh, agus gurb é atá i gceist le ‘bolscaireacht’ den chuid is mó ná cumarsáid straitéiseach atá deartha agus curtha chun feidhme ar bhealach a chuirfeadh pobal ar míthreoir, chomh maith le cur isteach ar cheart an phobail a bheith ar an eolas agus ar cheart an duine aonair faisnéis agus smaointe de gach cineál a iarraidh, a fháil agus a chraobhscaoileadh;

5. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh sé d’aidhm ag aon rialachán nua trédhearcacht, cóir chomhionann, slándáil, féinchinntiúchán agus muinín na n-úsáideoirí deiridh i rialú an inneachair a sholáthraítear dóibh a mhéadú; á iarraidh go mbeidh ardleibhéal idir-inoibritheachta ann maidir le seirbhísí agus iniomparthacht sonraí, agus fós ardchaighdeáin cóipchirt agus cosanta sonraí a choinneáil chomh maith le ceannasacht sonraí mar aon le féinchinntiúchán;

6. ag meabhrú gur cheart rialacháin a cheapadh ar bhonn cearta bunúsacha a choimirciú, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh, faisnéis, tuairimí agus na meáin, an ceart chun maoine intleachtúla, iolrachas na meán, éagsúlacht chultúrtha agus cosaint sonraí a chur chun cinn mar aon le hiomaíocht éagsúil agus chóir agus rochtain ar shaothair Eorpacha a áirithiú;

7. á mheas go bhfuil sé bunriachtanach go ndéanfar an coincheap ‘tríú páirtithe a bhfuil leas dlisteanach acu’ a shainiú go soiléir agus go mbeidh rochtain ag na tríú páirtithe sin ar fhaisnéis iontaofa faoi sholáthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise; á chur in iúl gurb oth léi nár forfheidhmíodh go héifeachtach na ceanglais faisnéise a leagtar síos in Airteagal 5 de Threoir 2000/31/CE; gan dochar a dhéanamh d’iomaíochas na bhfiontar beag agus na micrifhiontar, á iarraidh go ndéanfaidh idirghabhálaithe áirithe ar líne, amhail cláraitheoirí ainmneacha fearainn, soláthraithe seirbhísí óstála nó soláthraithe seirbhíse fógraíochta ar líne, céannacht a gcustaiméirí gnó a fhíorú trí chomparáid a dhéanamh idir na sonraí aitheantais atá ag a n-úsáideoirí tráchtála, atá ann cheana agus atá ar fáil, i gcomhréir leis an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí, faoin bprótacal ‘Know Your Business customer (KYBC)’, agus chun go mbeidh idirghabhálaithe i dteideal a seirbhísí a dhiúltú nó scor de bheith á soláthar mar fhaisnéis atá bréagach ag na húdaráis ghnó mar eolas faoi chéannacht an chustaiméara mar fhaisnéis bhréagach; á mheas gur cheart go ndéanfaí an prótacal KYBC sin a chur i bhfeidhm maidir le custaiméirí gnó agus nach mbeadh tionchar aige ar shonraí pearsanta úsáideoirí indibhidiúla;

8. á athdhearbhú a thábhachtaí atá sé an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse tuairimíochta agus saoirse an phreasa a ráthú; i bhfianaise a thábhachtaí atá sé iriseoireacht neamhspleách a chosaint faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha, ag cur go mór i gcoinne, i ndáil leis an méid sin, meastóireacht bhreise a dhéanamh ar ábhar dlí a luaithe a fhoilseofar é go dlíthiúil, ach amháin má tá údar leis sin toisc go bhfuil an t-inneachar faoi seach, cé go bhfuil sé dlíthiúil, ina ábhar imní tromchúiseach maidir leis an dochar suntasach is féidir a dhéanamh leis; á éileamh in aon chás den sórt sin nach mór caingean ó sholáthraí seirbhíse sochaí faisnéise a bheith bunaithe ar ordú cúirte; á chur i bhfios gur féidir, má dhéantar raon feidhme Threoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[31] a leathnú chuig soláthraithe ardán comhroinnte físeán (VSPanna) agus chuig líonraí sóisialta i ndáil le dáileadh ábhair chlosamhairc, rannchuidiú go suntasach le srian a chur le hinneachar díobhálach, bréagaisnéis agus fuathchaint, má thrasuitear sa dlí náisiúnta é gan mhoill;

9. á iarraidh go nglacfar rialacha maidir le trédhearcacht atá níos nithiúla agus, a mhéid is féidir, atá infheidhme go haonfhoirmeach , ós rud é go ndéantar, le baint, díghrádú agus cur in ord tosaíochta inneachair i líonraí sóisialta, laghdú ar scaipeadh méadaithe inneachair neamhdhleathaigh ar líne agus go bhfuil sé ina shlí le comhrac in aghaidh inneachar díobhálach, in aghaidh na fuathchainte agus in aghaidh na bréagaisnéise;

10. á iarraidh go ndéanfar fógraíocht tráchtála shonraíbhunaithe agus micrea-spriocdhíriú a rialáil agus a chur faoi réir dianrialacha trédhearcachta; á iarraidh go ndéanfar fógraíocht pholaitiúil íoctha ar líne a lipéadú go héigeantach lena n-áiritheofar go mbeidh an t-úsáideoir deiridh in ann í a aithint go héasca; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh fógra polaitiúil íoctha ar líne trédhearcach ionas go bhfeicfidh an t-úsáideoir deiridh cé a d’íoc as an inneachar sin;

11. ag aithint gur chuidigh an Cód Cleachtais maidir le Bréagaisnéis le hidirphlé a struchtúrú le hardáin agus rialtóirí; ag moladh gur cheart d’ardáin ar líne coimircí éifeachtacha agus iomchuí a chur i bhfeidhm, go háirithe chun a áirithiú go ngníomhóidh siad ar bhealach dúthrachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus chun cosc a chur ar bhaint neamhbheartaithe inneachair nach bhfuil neamhdhleathach; ag moladh gur cheart, trí bhíthin ‘Plean Gníomhaíochta i gcomhair an Daonlathais’, meastóireacht a dhéanamh ar an gcreat dlíthiúil atá ann cheana le haghaidh mionaoisigh a chosaint agus le haghaidh inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis a chomhrac, agus ar fhorfheidhmiú éifeachtach an chreata sin; ag cur béim, sa chomhthéacs sin, ar úsáid éifeachtach a bheith á baint as comhrialáil agus as féinrialáil agus ar mhalartú dea-chleachtais ar leibhéal an Aontais agus á chur i bhfáth nach mór comhar le seiceálaithe fíoras agus le taighdeoirí a áireamh sa phlean sin; á mheas gur fearr is féidir cur i gcoinne scaipeadh inneachair dhíobhálaigh, na fuathchainte agus na bréagaisnéise trí chabhrú le saoránaigh litearthacht sna meáin agus litearthacht dhigiteach a fháil agus trí smaointeoireacht chriticiúil a fhorbairt, agus trí iriseoireacht ghairmiúil neamhspleách agus meáin ardcháilíochta a neartú; á iarraidh go mbeidh comhar méadaithe ann idir údaráis rialála náisiúnta agus/nó comhlachtaí, laistigh de na Ballstáit agus eatarthu araon, chun déileáil, ar bhealach níos éifeachtaí, le héifeachtaí neamh-inmhianaithe agus le fadhbanna sonracha; á mheas, sa chomhthéacs sin, go bhfuil gá le comhordú ar leibhéal an Aontais;

12. ag aithint nach bhfuil an prionsabal nach bhfuil ach seirbhísí digiteacha éighníomhacha amháin, amhail soláthraithe rochtana ar an idirlíon, freagrach as an inneachar a thugtar trí mheán a gcuid seirbhísí toisc nach bhfuil aon smacht acu ar an inneachar sin (‘cainéal fórach’), nach bhfuil aon idirghníomhaíocht ghníomhach acu leis ná nach mbaineann siad barrfheabhas as, ós rud é gur bunchloch gurb ea é den idirlíon saor in aisce, cé gur cheart go mbeadh seirbhísí gníomhacha fós faoi dhliteanas i leith inneachar a gcuid seirbhísí;

13. á iarraidh go ndéanfar ceanglas a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise arb é atá i gceist leis ná nach é amháin go ndéanfaidís inneachar neamhdhleathach a scriosadh go gasta tar éis dóibh a bheith ar an eolas faoi é a bheith ann nó tar éis dó a bheith tuairiscithe, ach, chomh maith leis sin, go dtuairisceoidís an t-inneachar sin do na húdaráis inniúla ábhartha ionas go bhféadfaí tuilleadh imscrúdaithe agus ionchúisimh a dhéanamh ina leith; á mheas gur cheart d’oibreoirí na meiteashonraí gaolmhara a stóráil ar feadh tréimhse theoranta agus gan iad a chur ar aghaidh ach amháin mar fhreagairt ar iarraidh ó na húdaráis inniúla le linn na tréimhse sin;

14. á chur i bhfáth gur cheart do sholáthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise faisnéis intuigthe a bhfuil rochtain éasca uirthi a sholáthar maidir leis an gcaoi a láimhseálann siad inneachar neamhdhleathach agus soláthraithe inneachair a chur ar an eolas faoi scriosadh an inneachair sin ar aon chuma, agus an bunús dlí agus na deiseanna agóide agus sásraí éifeachtúla gearáin agus sásaimh á lua; á mheabhrú nach mór toimhde na neamhchiontachta in aon nós imeachta breithiúnach eile a chosaint agus nach mór sonraí pearsanta na n-íospartach a chosaint;

15. á chur i bhfáth nár cheart, mar thoradh ar bhearta deonacha a ghlacann soláthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise chun inneachar neamhdhleathach nó inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis a chomhrac, go ndéanfaí a ndliteanas a theorannú;

16. á éileamh gur cheart oibleagáidí a ghrádú freisin ionas go mbeidh ardáin a bhfuil ceannasacht acu laistigh den mhargadh nó i gcuid mhór de (i.e. ardáin atá ag feidhmiú mar gheataí nó ardáin a d’fhéadfadh a bheith ina n-ardáin um struchtúrú margaidh) rialaithe go mór agus gur cuideachtaí nideoige iad atá ag teacht chun cinn sa dóigh gur féidir le hardáin mhóra agus ardáin bhunaithe níos mó acmhainní a chur i leataobh chun iompraíocht mhíthreorach agus modhnóireacht inneachair a bhrath ar bhealach comhordaithe; á chur i bhfáth nach mór d’oibreoirí na n-ardán ceannasach ní hamháin an éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chosaint ach a chur chun cinn go gníomhach freisin, mar go bhfuil ról ríthábhachtach acu maidir le rochtain ar nuacht, ar inneachar closamhairc maille le saothair chultúrtha agus chruthaitheacha; den tuairim gur cheart do na hardáin sin tosaíocht a thabhairt d’inneachar iontaofa meán ardcháilíochta, atá saincheaptha do mhargaí ábhartha agus lena dtugtar urraim do dhlíthe teanga náisiúnta, agus gur cheart dóibh a áirithiú go mbeifear in ann é a rochtain go héasca; á chur i bhfáth, chun éagsúlacht chultúrtha agus teanga a chosaint agus a chur chun cinn, gur cheart go mbeadh úsáid algartam ag na hardáin sin trédhearcach agus inchoigeartaithe ag úsáideoirí deiridh, ionas go mbeidh tuiscint agus roghanna ann d’úsáideoirí maidir leis an gcaoi a ndéantar rochtain ar an inneachar ábhartha a dheonú, a aicmiú nó a theorannú; á mheas gur cheart socruithe fónta a bheith ag gabháil le haon chóras a mholtar chun cearta bunúsacha a chosaint gan dochar don fhéidearthacht maoirseacht bhreithiúnach neamhchlaonta a dhéanamh;

17. á iarraidh go dtabharfar aghaidh ar shaincheist na gcuntas bréige agus go ndéanfar brabúis na ndaoine a scaipeann bréagaisnéis a choigistiú;

18. á iarraidh go mbeidh creat dlíthiúil neartaithe ann a bheidh sainmhínithe níos soiléire chun a áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise bearta éifeachtacha, amhail cur leis an úsáid a bhaintear as nósanna imeachta um brath uathoibrithe lena mbaineann maoirseacht dhaonna, agus gníomhú go gasta chun inneachar neamhdhleathach a bhaint óna seirbhísí agus cosc a chur ar inneachar sin a athlódáil;

19. á mheas, i gcás ina sáraítear inneachar beo, gur cheart do sholáthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise freagairt láithreach nuair a fhaigheann siad fógra ó shealbhóirí ceart, agus á iarraidh ar an gCoimisiún, sa chomhthéacs sin, soiléiriú a dhéanamh ar an gcoincheap ‘frithghníomh gasta’, atá ar áireamh cheana i dTreoir 2000/31/CE; agus ag tagairt, ag an am céanna, don chásdlí náisiúnta a bhí ann le déanaí, lena gcuirtear d’oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise an t-inneachar sáraitheach a bhaint anuas laistigh de 30 nóiméad;

20. á mholadh gur cheart prionsabal na tíre tionscnaimh a neartú trí chomhar idir na Ballstáit a mhéadú chun urraim do leasanna ginearálta dlisteanacha agus leasanna poiblí dlisteanacha a fhorfheidhmiú, rud a éilíonn níos mó rannpháirtíochta ó na húdaráis rialála agus athbhreithnithe ar na rialacha nós imeachta agus ar na modhanna forfheidhmiúcháin atá ann cheana chun forfheidhmiú dlí níos buaine agus níos éifeachtaí a bhaint amach i gcásanna trasteorann;

21. ag áitiú nach mór cosaint agus cur chun cinn na saoirse agus léiriú ar éagsúlacht tuairimí, faisnéise, an phreasa, léirithe ealaíonta agus cultúrtha, cearta maoine chomh maith le cosaint na príobháideachta cumarsáide idir daoine aonair a bheith cothrom agus ina mbunús don daonlathas liobrálach, ar líne agus as líne araon; á éileamh, dá bhrí sin, go mbeidh úsáid gach modha indéanta theicneolaíoch chun inneachar neamhdhleathach nó inneachar díobhálach, fuathchaint agus bréagaisnéis ar an idirlíon a chomhrac, sa chomhthéacs sin, bunaithe ar mhaoirseacht bhreithiúnach agus rialála; á chur i bhfios go láidir nach féidir aon bhearta rialaithe ex-ante ná 'scagadh uaslódála' an inneachair a bheith mar thoradh ar na bearta sin, nach gcomhlíonann Airteagal 15 de Threoir 2000/31/CE; á chur i bhfios go láidir freisin nach féidir a bheith mar thoradh ar na bearta sin go bhforchuirfí oibleagáid ghinearálta chun faireachán a dhéanamh ar an inneachar go léir; á mholadh, nuair a úsáidtear modhanna teicneolaíochta agus bearta sonracha i gcomhréir leis na forálacha dlíthiúla atá ann cheana, go bhfuil gá le coimircí láidre trédhearcachta agus cuntasachta, maille leis an acmhainneacht formhaoirseacht dhaonna neamhspleách neamhchlaonta ardoilte a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún rialacha a ghlacadh, a mhéid is féidir, a bheidh infheidhme go haonfhoirmeach agus éifeachtach maidir leis an nós imeachta ‘fógra agus gníomhaíochta’ chun dlús a chur le brath agus baint anuas inneachair atá neamhdhleathach nó atá á roinnt go neamhdhleathach, agus fós a áirithiú go bhfanfaidh inneachar dlíthiúil agus inneachar atá comhroinnte de réir dlí ar líne agus nach ndéanfar inneachar dlíthiúil a scriosadh go héagórach, úsáideoirí aonair a shainaithint, ná sonraí pearsanta a phróiseáil; á iarraidh go gcuirfear de cheangal ar sholáthraithe seirbhíse de chuid na sochaí faisnéise sásraí gearáin agus sásaimh a chur ar fáil d’úsáideoirí agus gearáin a phróiseáil gan moill mhíchuí;

22. á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go mbailítear agus go bpróiseáiltear na sonraí pearsanta go léir nach dtagann faoi raon feidhme Threoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[32], ná faoi raon feidhme Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[33], i gcomhréir le prionsabail na dlíthiúlachta, an riachtanais agus na comhréireachta, arna mbunú le hAirteagal 9 de Choinbhinsiún Chomhairle na hEorpa chun Daoine Aonair a Chosaint maidir le hUathphróiseáil Sonraí Pearsanta (Coinbhinsiún Uimh. 108);

23. á chur i bhfáth go bhfuil gá le rochtain ar an margadh a fheabhsú d’eintitis neamhphríobháideacha, amhail eagraíochtaí neamhrialtasacha, leabharlanna, institiúidí cultúrtha, ionaid taighde, líonraí cultúrtha agus ollscoileanna;

24. á iarraidh go dtabharfar rochtain do sholáthraithe seirbhíse meán ar na sonraí a ghineann na seirbhísí a sholáthraíonn siad nó an t-inneachar a tháirgeann siad, nó a bhfuil baint dhíreach acu leo, má thairgtear na seirbhísí agus an t-inneachar ar ardáin dhigiteacha dhomhanda, agus sa mhéid sin nach mór cloí i gcónaí leis na forálacha maidir le cosaint sonraí pearsanta agus príobháideachais chun iomaíocht éagórach a chosc; á iarraidh go mbeidh coimircí láidre ann chun mí-úsáid sonraí úsáideoirí a chosc, lena n-áirítear trí thrédhearcacht agus cuntasacht algartamach a áirithiú mar aon le rochtain ar shonraí ábhartha do thaighdeoirí agus do chomhlachtaí maoirseachta poiblí;

25. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí ardáin sásraí gearáin agus sásaimh ar fáil d’úsáideoirí agus go ndéanfar gearáin a phróiseáil gan moill mhíchuí;

26. á iarraidh go mbeidh réitigh ann a fhágfaidh go mbeidh iomaíocht chóir ann agus rochtain chomhionann ar an Margadh Aonair i gcás imeachtaí agus seirbhísí spóirt ó na Ballstáit go léir;

27. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfidh oibreoirí ardáin tuarascálacha trédhearcachta ar fáil, ina bhfuil faisnéis faoi líon na gcásanna ina ndearnadh inneachar a aithint mar chásanna neamhdhleathacha nó mar chásanna arna roinnt go neamhdhleathach agus go gcuirfidh na húdaráis inniúla faisnéis ar fáil faoi líon na gcásanna ina ndéantar an choireacht a imscrúdú agus a ionchúiseamh mar thoradh ar aistriú;

28. á mheas nach mór rialáil na teicneolaíochta a chur chun feidhme ar bhealach nach gcuireann isteach ar an nuálaíocht ná nach gcuireann srian leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; á chur i bhfáth nach mór rochtain oscailte ar an idirlíon, atá neodrach ó thaobh gréasáin agus teicneolaíochta de, a chosaint ó thaobh an dlí de mar gurb é sin an dúshraith d’idirinoibritheacht riachtanach seirbhísí agus córas, go n-áirithíonn sé éagúslacht, go gcothaíonn sé cruthú digiteach, agus go bhfágann sé iomaíocht chothrom a bheith ann agus gur féidir bonneagar digiteach do sheirbhísí a chruthú lena n-áirítear rochtain do gach saoránach den Aontas ar thairiscintí ardcháilíochta i réimsí na faisnéise, na meán, an oideachais, na heolaíochta agus an chultúir; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, dlús a chur leis na hiarrachtaí ar a áirithiú go ndéanfar an tsreabh sonraí ina hiomláine san Aontas a láimhseáil ar bhealach comhionann agus neamh-idirdhealaitheach, agus scrúdú criticiúil a dhéanamh uair eile ar thionchar tairiscintí rátála nialasaí ar an iomaíocht san Aontas; á thabhairt le fios gurb iad bogearraí foinse oscailte, caighdeáin oscailte agus teicneolaíochtaí oscailte is oiriúnaí chun idir-inoibritheacht, iomaíocht chothrom agus inrochtaineacht a áirithiú;

29. á iarraidh ar an gCoimisiún bearta a bhunú chun a cheangal ar ardáin agus ar sholáthraithe seirbhísí de chuid na sochaí faisnéise cosc a chur ar mhionaoisigh rochtain a fháil ar inneachar pornagrafach; á mheabhrú go bhfuil an t-inneachar sin, a bhíonn ar fáil go han-mhinic gan bhac, in ann an ghlúin óg a dhíchobhsú go mór tráth iad aithne a chur ar a gcuid mothúchán agus ar a ngnéasacht; á chur i bhfáth go bhfuil steiréitíopaí gnéasaíocha i gcuid mhór den inneachar pornagrafach ar líne is minic ina ndochar tromchúiseach do dhínit na mban, nó a chuidíonn fiú le beag is fiú a dhéanamh de mhí-úsáid nó d’fhoréigean; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, go néilíonn cearta ban a chosaint agus foréigean inscnebhunaithe agus gnéasach a chomhrac ndéanfaí gníomhaíocht dhaingean trí mheáin éifeachtacha theicneolaíocha chun cosc a chur ar mhionaoisigh a bheith neamhchosanta ar an inneachar sin; á mheabhrú gur gá rialacha uaillmhianacha a bhunú chun na críche sin, agus a thábhachtaí atá breis comhair ar an leibhéal Eorpach chun mionaoisigh a chosaint;

30. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tosaíocht ag rialacháin earnáilsonracha, mar phrionsabal, ar rialacháin chothrománacha; á chur i bhfáth go háirithe, sa chomhthéacs sin, go n-aithnítear go hiomlán mar lex specialis, le Gníomh um Sheirbhísí Digiteacha amach anseo, forálacha Threoir (AE) 2018/1808 atá ann cheana agus Threoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle[34];

31. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá tionscail nua dhigiteacha chultúrtha agus chruthaitheacha agus a thábhachtaí atá an breisluach a roinneann le teicneolaíochtaí digiteacha in earnálacha éagsúla a bhaineann leis an gcultúr, leis an oideachas, leis na meáin, leis an spórt leis an óige; á iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh lena bhféadfar an treocht nua sin a fhorbairt, lena ndéanfar saothair chultúrtha agus chruthaitheacha údar agus cruthaitheoirí a chosaint, agus lena ndéanfar margadh inmheánach cóir agus cothrom a áirithiú do chách gan beann ar a réigiún nó ar a mBallstáit;

 

32. á chur i bhfáth nach mór bearta a bheith ag gabháil le húsáid mhéadaitheac leabhar ón idirlíon chuig an margadh chun an éagsúlacht chultúrtha a áirithiú, ionas go mbeifear in ann a áirithiú go mbeidh rochtain chothrom ag cách ar an léitheoireacht, go ndéanfar an prionsabal maidir le luach saothair cóir agus cothrom do shealbhóirí ceart agus éagsúlacht an inneachair a fhoilsítear a chosaint; á athdhearbhú gur gá iomaíocht chóir a choinneáil ar bun sa mhargadh aonair digiteach, lena bhforchuirtear prionsabal na hidir-inoibritheachta;

33. ag áitiú go dtabharfar aghaidh ar neodracht gairis, ós rud é gur trí bhíthin a hidirghníomhaíochta le neodracht líonra, agus ar an gcaoi sin amháin, is féidir cinntí cumhachtaithe tomhaltóirí a éascú ceann go ceann;

34. á iarraidh ar na Ballstáit, i gcomhar le hoibreoirí idirlín, le Europol agus le Eurojust, nósanna imeachta maidir le fógra a thabhairt agus baint anuas a dhéanamh níos éifeachtaí chun inneachar foréigneach agus inneachar pornagrafaíochta leanaí a scriosadh.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

13.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

3

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Christine Anderson, Andrea Bocskor, Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Romeo Franz, Alexis Georgoulis, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Predrag Fred Matić, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Niklas Nienaß, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Isabel Benjumea Benjumea, Marcel Kolaja

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Angel Dzhambazki

 


 

VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

24

+

PPE

Asim Ademov, Isabel Benjumea Benjumea, Andrea Bocskor, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver

S&D

Hannes Heide, Petra Kammerevert, Predrag Fred Matić, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Massimiliano Smeriglio

RENEW

Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva

ECR

Angel Dzhambazki, Dace Melbārde, Andrey Slabakov

GUE/NGL

Alexis Georgoulis, Niyazi Kizilyürek

 

3

-

NA GLASAIGH/SCE

Romeo Franz, Marcel Kolaja, Niklas Nienaß

 

3

0

ID

Christine Anderson, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM GHNÓTHAÍ DLÍTHIÚLA (7.9.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra</CommissionInt>


<Titre>le moltaí don Choimisiún maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feabhas a Chur ar Fheidhmiú an Mhargaidh Aonair</Titre>

<DocRef>(2020/2018(INL))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Patrick Breyer</Depute>

(Tionscnamh – Riail 47 de na Rialacha Nós Imeachta)

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Ghnóthaí Dlíthiúla ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí go bhfuil roinnt ceisteanna a bhaineann leis an dlí sibhialta agus tráchtála agus le forfheidhmiú an dlí shibhialta agus riaracháin ábhartha go sonrach freisin maidir le fíorchaidreamh le tomhaltóirí, chomh maith le hiomaíochas agus iomaíocht ar líne;

B. de bhrí go raibh ról ríthábhachtach ag na rialacha a chumhdaítear i dTreoir 2000/31/CE maidir le tráchtáil leictreonach (‘an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil’) i ndáil le héascú seirbhísí digiteacha sa mhargadh inmheánach, agus go bhfuil siad bunriachtanach chun timpeallacht nuálach ghnó a choimirciú; de bhrí gur cheart é a bheith mar aidhm leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha nuashonrú a dhéanamh ar na dlíthe sibhialta agus tráchtála lena rialaítear an fhreagracht atá ar  ardáin ar líne agus soláthraithe seirbhísí óstála deimhneacht agus sábháilteacht a sholáthar do chuideachtaí, d’úsáideoirí agus don tsochaí trí chéile, trí oibleagáidí soiléire i gcomhair ardáin ar líne, lena n-áirítear margaí;

C. de bhrí go bhfuil fianaise ann a léiríonn go bhfuil go leor táirgí agus seirbhísí neamhdhleathacha á dtairiscint ar líne, lena gceanglaítear beart a dhéanamh faoin nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha;

D. de bhrí gur cheart go mbeadh sé mar aidhm leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha, trí chreat dlíthiúil atá éifeachtach agus cothrom, díriú ar mhuinín na dtomhaltóirí as úsáid na ríomhthráchtála agus fós, go comhuaineach, bonn daingean ar an margadh a thabhairt do ghnólachtaí nuathionscanta Eorpacha agus do FBManna Eorpacha;

1. á chur i bhfáth gur cheart é a bheith de cheangal ar idirghabhálaithe, i gcás ina bhfuil sé indéanta agus réasúnach go teicniúil agus go dleathach, úsáid anaithnid a gcuid seirbhísí a chumasú agus íocaíocht a dhéanamh ina leith, ós rud é go gcuireann anaithnideacht cosc a bheag nó a mhór ar nochtadh sonraí neamhúdaraithe, ar ghoid chéannachta agus ar chineálacha eile mí-úsáide sonraí pearsanta a bhailítear ar líne; ag tabhairt dá haire, i gcás ina gceanglaítear le dlí an Aontais ar thrádálaithe tráchtála a gcéannacht a chur in iúl, go bhféadfadh oibleagáid a bheith ar sholáthraithe ionad ceannasach nó sistéamach margaidh céannacht na dtrádálaithe a fhíorú; á mholadh gur cheart réitigh theicneolaíocha nua a mheas agus a úsáid le haghaidh sainaithint agus anaithnideacht úsáideoirí; á dhearbhú nach bhféadfaidh ardáin, aon uair a shainaithníonn siad úsáideoirí, céannachtaí úsáideoirí a nochtadh gan toiliú sainráite nó toiliú a tugadh faoi shaoirse ná gan ceanglas dlíthiúil maidir le nochtadh;

2. Leis an togra reachtach atá ar na bacáin maidir leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha, ba cheart lánurraim a thabhairt do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus do rialacha an Aontais lena gcosnaítear tomhaltóirí agus a sábháilteacht, a bpríobháideacht agus a sonraí pearsanta; á mheabhrú di a thábhachtaí atá príomhphrionsabail na Treorach maidir leis an Ríomhthráchtáil, eadhon prionsabal na tíre tionscnaimh, an clásal maidir le dliteanas teoranta agus an toirmeasc ar oibleagáid ghinearálta faireacháin, go leanfaidh siad de bheith bailí faoin Acht um Sheirbhísí Digiteacha; á thabhairt chun suntais, chun saoirse cainte a chosaint, coinbhleachtaí dlíthe a sheachaint, geobhlocáil neamhdhlisteanaithe agus neamhéifeachtach a chosc agus díriú ar mhargadh aonair digiteach comhchuibhithe, nár cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhísí óstála rochtain ar fhaisnéis atá dlíthiúil ina dtír thionscnaimh a bhaint nó a dhíchumasú;

3. ag cur i bhfáth a thábhachtaí atá sé creat rialála atá soiléir, aonfhoirmeach agus cothrom le dáta a bhunú, lena n-áirítear sainmhínithe soiléire, i measc nithe eile; ag tabhairt chun suntais gur gá ardáin cheannasacha nó shistéamacha a shainiú agus a saintréithe a leagan síos;

4. ag tabhairt dá haire gur cheart bailiú agus úsáid sonraí pearsanta a bhaineann le húsáid seirbhísí digiteacha a theorannú don mhéid is fíorghá chun an tseirbhís a sholáthar agus chun na húsáideoirí a bhilleáil, ós rud é go gceadaíonn gníomhaíochtaí ar líne daoine aonair léargas domhain a thabhairt ar a bpearsantacht agus go bhfágann siad gur féidir iad a ionramháil, go háirithe maidir le hardáin cheannasacha nó shistéamacha agus líonraí sóisialta; á chur i bhfáth gur gá reachtaíocht a fhorfheidhmiú chun teorainn a chur le bailiú sonraí pearsanta trí ardáin óstála inneachair, bunaithe, inter alia, ar idirghníomhaíochtaí úsáideoirí le hinneachar a óstáiltear ar ardáin óstála inneachair, chun próifílí fógraíochta spriocdhírithe a thiomsú; á iarraidh ar ardáin óstála inneachair fógraí spriocdhírithe a úsáid bunaithe ar réamh-idirghníomhaíocht an úsáideora le hinneachar ar an ardán óstála inneachair céanna nó ar shuíomhanna gréasáin tríú páirtí, ach amháin tar éis toiliú a fháil roimh ré ón úsáideoir, i gcomhréir le RGCS agus leis an Treoir maidir le Ríomh-phríobháideachas; á athdhearbhú nach dtabharfar rochtain d’údaráis phoiblí ar mheiteashonraí úsáideora ach amháin chun imscrúdú a dhéanamh ar dhaoine faoi dhrochamhras i gcionta coiriúla tromchúiseacha a bhfuil réamhúdarú breithiúnach acu;

5. á chur in iúl gur cúis imní di gur féidir seirbhísí sínithe isteach aonair a úsáid chun úsáideoirí a rianú ar fud na n-ardán; á mholadh gur cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe a thacaíonn le seirbhís sínithe isteach aonair trí sciar ceannasach den mhargadh a thabhairt di tacú freisin le córas fíordheimhnithe oscailte agus cónasctha amháin ar a laghad atá bunaithe ar chreat neamhdhílsithe;

6. á chur i bhfios, chun cearta bunúsacha a chosaint agus chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, nach n-úsáidfear leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha an coincheap ‘inneachar díobhálach’, nach bhfuil sainmhíniú dlíthiúil leis, ach go dtabharfar aghaidh inti ar fhoilsiú inneachair atá neamhdhleathach, agus é ag seasamh leis an bprionsabal ‘go bhfuil an méid atá neamhdhleathach as líne neamhdhleathach ar líne freisin’; ag tabhairt dá haire nach bhfuil uirlisí uathoibrithe in ann inneachar neamhdhleathach a idirdhealú ó inneachar atá dlíthiúil i gcomhthéacs ar leith; ag tabhairt dá haire, thairis sin, nach féidir le hathbhreithniú an duine ar thuarascálacha uathoibrithe ó sholáthraithe seirbhíse, óna bhfoireann nó óna gconraitheoirí, feabhas a chur ar fheidhmiú na dteicneolaíochtaí aitheanta inneachair mar sin; á thabhairt chun suntais, dá bhrí sin, gan dochar d’Airteagal 17 den Treoir maidir le Cóipcheart, gur cheart leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha aon oibleagáid maidir le huirlisí uathoibrithe a úsáid chun inneachar a mhaolú a eisiamh go sainráite agus a n-úsáid dheonach a rialáil, agus gur cheart dó staonadh ó shásraí fógra agus neamh-athsholáthair a fhorchur; á áitiú nár cheart aon bhearta rialaithe ex-ante bunaithe ar uirlisí uathoibrithe ná scagadh uaslódála inneachair a bheith mar thoradh ar nósanna imeachta modhnóireachta inneachair a úsáideann soláthraithe; á chur i bhfios go láidir gur cheart go gcuirfí oiliúint chuí agus tacaíocht leordhóthanach shíceolaíoch ar fáil do na modhnaitheoirí inneachair; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé a bheith ar an eolas go ndearna duine nó algartam cinneadh measarthachta inneachair agus, sa dara cás sin, an dearnadh athbhreithniú daonna; á chur i bhfáth gur gá níos mó trédhearcachta san athbhreithniú inneachair agus sa bhainistiú trí ardáin óstála inneachair agus, dá bhrí sin, á mholadh go mbeadh sásra athbhreithnithe ann d’ardáin óstála inneachair cheannasacha nó shistéamacha, chun meastóireacht a dhéanamh ar na rioscaí a bhaineann lena mbeartais bainistithe inneachair;

7. ag cur béim ar an tábhacht a bhaineann le muinín a chur i nGníomhaireacht Eorpach nó comhlacht Eorpach atá nua nó ann cheana chun an comhar idir na Ballstáit i dtaca le saincheisteanna trasteorann agus líonra na gcomhlachtaí forfheidhmithe náisiúnta neamhspleácha a chomhordú;

8. á chur i bhfios go láidir go mbeidh an chothroime agus an comhlíonadh le caighdeáin um chearta bunúsacha maidir le téarmaí agus coinníollacha arna bhforchur ag idirghabhálaithe ar úsáideoirí a seirbhísí faoi réir athbhreithniú breithiúnach;

9. á thabhairt chun suntais, chun tógáil go cuiditheach ar rialacha na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil agus chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, go leagfar amach go cuimsitheach agus go sainráite leis an reachtaíocht is infheidhme dualgais sholáthraithe na seirbhíse digití seachas dualgas ginearálta cúraim a fhorchur; á thabhairt chun suntais nár cheart go mbeadh an córas dlí maidir le dliteanas soláthraithe digiteacha ag brath ar bharúlacha éiginnte amhail ról ‘gníomhach’ nó ‘éighníomhach’ soláthraithe;

10. á chur i bhfáth gur cheart don fhreagracht as an dlí a fhorfheidhmiú, as dlíthiúlacht gníomhaíochtaí ar líne a chinneadh agus as ordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhísí óstála rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú a luaithe is féidir, lena n-áirítear ar na meáin shóisialta,  go háirithe chun úsáideoirí a chosaint, agus tar éis don soláthraí agus do na páirtithe bainteacha a bheith curtha ar an eolas, a bheith  ag na húdaráis bhreithiúnacha neamhspleácha, a ghlacann an cinneadh deiridh; ag tabhairt rabhaidh, dá bhrí sin, i gcoinne forálacha a spreagann bearta deonacha ag na hardáin; á chur i bhfios go láidir gur cheart a áirithiú leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha go n-urramófar go hiomlán na cearta bunúsacha agus go gcosnófar cearta na n-úsáideoirí sa dlí sibhialta agus gur cheart go n-áiritheofaí leis freisin go n-urramófaí go hiomlán na coimircí agus na réitigh dhlíthiúla atá ar fáil do gach beart a chuireann ardáin agus soláthraithe seirbhísí digiteacha i bhfeidhm; á mheas, a luaithe a bheidh an t-eolas iarbhír ag soláthraí seirbhísí óstála gur ann d’inneachar neamhdhleathach agus go bhfuil sé neamhdhleathach, trí fhógra bailí, gur cheart é a bheith faoi réir oibleagáidí maidir le hinneachar a bhaint anuas, agus gur féidir leis a bheith freagrach as measúnú a dhéanamh ar inneachar ar tugadh fógra ina leith, go háirithe i dtaca le seirbhísí an mhargaidh ar líne; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhísí óstála ceannasacha nó sistéamacha coireacht thromchúiseach a thuairisciú don údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, ar eolas iarbhír a fháil faoi choir den sórt sin;

11. á chur i bhfios go láidir gur cheart inneachar neamhdhleathach a bhaint san áit a bhfuil sé á óstáil, agus nach mbeidh ceangal ar sholáthraithe rochtana rochtain ar inneachar a bhlocáil;

12. á chur i bhfáth gur cheart smachtbhannaí comhréireacha a chur i bhfeidhm maidir le sáruithe ar an dlí, ar smachtbhainnaí iad nach gcuimseoidh daoine aonair a eisiamh ó sheirbhísí digiteacha;

13. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart scaipeadh inneachair atá dlíthiúil ach a d’fhéadfadh a bheith díobhálach amhail bréagaisnéis agus fuathchaint ar na meáin shóisialta a shrianadh trí smacht a thabhairt d’úsáideoirí ar an inneachar a mholtar dóibh; á chur i bhfáth gur cheart go n-éileofaí réamhthoiliú feasach an úsáideora chun inneachar a choimeád bunaithe ar ghníomhaíochtaí rianaithe úsáideoirí, agus gur cheart roghanna cothroma agus réasúnacha eile a thabhairt d’úsáideoirí a dhiúltaíonn toiliú a thabhairt chun rochtain a fháil ar an tseirbhís; á mholadh go mbeadh sé de cheart ag úsáideoirí líonraí sóisialta a n-amlíne a fheiceáil in ord croineolaíoch, bíodh aon choimeádaíocht inneachair ann nó ná bíodh; ag moladh gur cheart d’ardáin a mheastar a bheith ceannasach nó sistéamach API a sholáthar d’úsáideoirí a ligeann dóibh inneachar arna choimeád ag a rogha bogearraí nó seirbhísí, i gcás ina bhfuil sé sin indéanta go teicniúil; á chur i bhfios go láidir gur cheart go n-áiritheofaí le hardáin trédhearcacht níos airde i bpróisis chinnteoireachta uathoibrithe trína áirithiú nach bhfuil algartaim claonta, agus nach mór do na próisis chinnteoireachta laistigh de chóras algartam a bheith intuigthe agus chomh trédhearcach agus is féidir i gcónaí; á áitiú nach mór don Acht um Sheirbhísí Digiteacha toirmeasc a chur ar chleachtais mhodhnúcháin inneachair atá idirdhealaitheach;

14. á chur i bhfáth, chun tionchar glasála líonraí láraithe a shárú agus iomaíocht agus rogha do thomhaltóirí a áirithiú, gur cheart an cumas a thabhairt d’úsáideoirí seirbhísí meán sóisialta ceannasacha agus seirbhísí teachtaireachtaí idirghníomhaíocht trasardáin a rochtain trí chomhéadain oscailte (idirnascacht); á iarraidh ar an gCoimisiún cosc a chur ar éiceachóras dílsithe agus dúnta a fhorchur le haghaidh úsáid táirgí agus seirbhísí digiteacha i dtimpeallachtaí éagsúla, ionas go mbeidh idir-inoibritheacht fhíor agus ardleibhéil ann, agus na táirgí agus na seirbhísí sin á gcur ar fáil i bhformáid atá oscailte agus lena bhféadfar é a onnmhairiú chuig aon timpeallacht dhigiteach;

15. á chur i bhfáth gur gá go bhforálfaí leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha do rialacha sonracha agus mionsonraithe, amhail na forálacha a shoiléiriú d’ardáin agus do sheirbhísí meán sóisialta; á mheas gur gá na coinníollacha maidir le bailíocht na bhfógraí faoin inneachar agus maidir leis an obair leantach ina leith a shonrú; á mheas freisin gur cheart cosc a chur ar mhí-úsáid agus smachtbhannaí a ghearradh ina leith, arb é atá iontu go háirithe fógraí éagóracha nó mí-úsáideacha maidir le hinneachar a chur isteach arís agus arís eile, gur cheart é a bheith bunaithe ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh atá ann cheana;

á thabhairt chun suntais thairis sin gur gá freagracht na n-ardán maidir le seirbhísí a theorannú, go háirithe maidir le hinneachar na meán, atá faoi rialú eagarthóireachta soláthraí inneachair cheana féin, atá faoi réir rialáil chuimsitheach agus faoi réir maoirseacht neamhspleách agus éifeachtach ag údarás inniúil neamhspleách aitheanta, de réir córais fógartha agus gníomhaíochta lena n-urramaítear na prionsabail atá cumhdaithe sa Treoir maidir le Ríomhthráchtáil; á mheas nach mbeidh soláthraithe tráchtála agus neamhtráchtála níos lú faoi réir na n-oibleagáidí céanna; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór go mbeadh aon chreat dlí nua i réimse na seirbhísí digiteacha inláimhsithe do FBManna Eorpacha lena n-áirítear gnólachtaí nuathionscanta agus gur cheart, dá bhrí sin, oibleagáidí comhréireacha agus coimircí soiléire a chur san áireamh do gach earnáil; á chur i bhfáth gur cheart go gcuirfeadh na rialacha dá bhforáiltear leis an Acht um Sheirbhísí Digiteacha cosc ar oibreoirí ardán inneachar a athrú faoi rialú eagarthóireachta soláthraí inneachair, mar a fhoráiltear le dlí an Aontais; á chur i bhfios go láidir nach mór a áirithiú, má tá gá le hinneachar ó na meáin a bhaint de, nach féidir é sin a dhéanamh ach amháin bunaithe ar ordú cúirte; tabharfar éisteacht do sholáthraithe inneachair sula ndíchumasófar rochtain ar inneachar, ach amháin i gcás ina gcuirfeadh sé sin bac ar aon imscrúdú coiriúil atá ar siúl nó ina gcuirfí i mbaol é; á mheas gur cheart sásraí leordhóthanacha sásaimh a chur ar fáil, trí chomhlachtaí um réiteach díospóide agus trí údaráis bhreithiúnacha araon, agus tréimhsí ama réasúnta á gcur i bhfeidhm; den tuairim gur cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála tráchtála a mheastar a bheith ceannasach nó sistéamach sásra a sholáthar a bhfuil rochtain phoiblí anaithnid air chun inneachar a líomhnaítear a fhoilsítear ar a n-ardáin a thuairisciú; ag cur béim ar an bhfíoras sa chomhthéacs sin nach mbainfidh an Acht um Sheirbhísí Digiteacha an bonn de rialacha na Treorach maidir le Seirbhísí Meán Closamhairc ná nach bhfágfaidh sé as feidhm iad; á thabhairt chun suntais gur cheart rochtain a thabhairt do shealbhóirí cirt ar na sonraí neamhphearsanta arna nginiúint ag a n-inneachar nó a bhaineann lena n-inneachar ar ardáin, faoi na coinníollacha dá bhforáiltear le dlí an Aontais, agus tar éis measúnú tionchair cuí a dhéanamh;

16. ag moladh go láidir go gcuirfidh ardáin a fheidhmíonn mar mhargaí ar líne faisnéis ar fáil d’úsáideoirí maidir leis na príomhpharaiméadair lena gcinntear ord agus rangú na dtáirgí a chuirtear i láthair úsáideoirí mar thoradh ar a gcuardach, go háirithe má bhí tionchar ag aon luach saothair a d’íoc an soláthróir ar chuardach, nó i gcásanna ina ngníomhaíonn oibreoir an ardáin mar sholáthróir do roinnt de na táirgí a thaispeántar mar thorthaí an chuardaigh;

17. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé raon feidhme críochach an Achta um Sheirbhísí Digiteacha a leathnú chun gníomhaíochtaí soláthraithe seirbhísí digiteacha atá bunaithe i dtríú tíortha a chumhdach chomh fada agus a thairgeann siad a seirbhísí san Aontas; á mholadh, i gcás ina bhfuil idirghabhálaithe bunaithe i dtríú tír, gur cheart dóibh ionadaí dlíthiúil a ainmniú, atá bunaithe san Aontas, ar féidir é a thabhairt chun cuntais as na táirgí nó na seirbhísí a chuireann siad ar fáil;

18. á mholadh nach mór d’ardáin a chuireann córas clú ar fáil do sholáthraithe earraí nó seirbhísí faisnéis a chur ar fáil faoin gcaoi a ghintear na scóir clú sin; á mholadh i ndáil leis sin gur cheart go mbeadh athbhreithnithe a chuireann leis na córais chlú sin bunaithe ar fhíorthaithí agus go dtionscnaíonn siad ó pháirtí san idirbheart; á chur i bhfáth nár cheart aon athbhreithniú a fhoilsiú má bhaineann an t-údar aon tairbhe as athbhreithniú sonrach dearfach nó diúltach a thabhairt;

19. á chur i bhfios gur cheart don Acht um Sheirbhísí Digiteacha aird ar leith a thabhairt ar úsáideoirí atá faoi mhíchumas agus a n-inrochtaineacht ar sheirbhísí digiteacha a ráthú; ba cheart don Choimisiún soláthraithe seirbhíse a spreagadh chun uirlisí teicniúla a fhorbairt lena gcuirfear ar chumas daoine faoi mhíchumas atá ina gcónaí san Aontas leas ceart agus tairbhe a bhaint as seirbhísí Idirlín;

20. á mholadh go gceadódh ardáin a chuireann córas clú ar fáil do sholáthraithe earraí nó seirbhísí go n-aistreofaí athbhreithnithe atá ann cheana chuig córas clú ardáin eile arna iarraidh sin ag an soláthróir agus ar fhoirceannadh an chonartha do sholáthróir an ardáin; á chur i bhfáth nach mór tomhaltóirí a chur ar an eolas faoi thionscnamh na n-athbhreithnithe dá n-aistreofaí iad ó ardán eile.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

2.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

20

1

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Gunnar Beck, Geoffroy Didier, Angel Dzhambazki, Ibán García Del Blanco, Jean-Paul Garraud, Esteban González Pons, Mislav Kolakušić, Gilles Lebreton, Karen Melchior, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Stéphane Séjourné, Raffaele Stancanelli, Marie Toussaint, Adrián Vázquez Lázara, Axel Voss, Marion Walsmann, Tiemo Wölken, Lara Wolters, Javier Zarzalejos

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Patrick Breyer, Emmanuel Maurel, Emil Radev

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Bart Groothuis

 


 

VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

20

+

EPP

Geoffroy Didier, Esteban González Pons, Emil Radev, Axel Voss, Marion Walsmann

S&D

Ibán García Del Blanco, Franco Roberti, Marcos Ros Sempere, Tiemo Wölken, Lara Wolters

RENEW

Karen Melchior, Bart Groothuis, Stéphane Séjourné, Adrián Vázquez Lázara

VERTS/ALE

Patrick Breyer, Marie Toussain

ECR

Angel Dzhambazki, Raffaele Stancanelli

GUE/NGL

Emmanuel Maurel

NI

Mislav Kolakušić

 

1

-

ID

Gunnar Beck

 

3

0

EPP

Javier Zarzalejos

ID

Jean-Paul Garraud, Gilles Lebreton

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM SHAOIRSÍ SIBHIALTA, UM CHEARTAS AGUS UM GHNÓTHAÍ BAILE (16.7.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra</CommissionInt>


<Titre>le moltaí don Choimisiún maidir leis an nGníomh um Sheirbhísí Digiteacha: Feabhas a Chur ar Fheidhmiú an Mhargaidh Aonair</Titre>

<DocRef>(2020/2018(INL))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim (*): <Depute>Paul Tang</Depute>

(Tionscnamh – Riail 47 de na Rialacha Nós Imeachta)

(*) Coistí comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta)

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile ar an gCoiste um an Margadh Inmheánach agus um Chosaint an Tomhaltóra, mar an coiste atá freagrach:

  na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá go mbeadh cearta bunúsacha á n-urramú go hiomlán ag seirbhísí digiteacha agus ag a n-algartaim bhunúsacha, go háirithe príobháideachas, cosaint sonraí pearsanta, neamh-idirdhealú agus saoirse cainte agus faisnéise agus cearta an linbh, mar a chumhdaítear sna Conarthaí agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh iad; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, oibleagáid a chur chun feidhme maidir le neamh-idirdhealú, trédhearcacht agus inmhínitheacht algartam, pionóis chun na hoibleagáidí sin a fhorfheidhmiú agus leis an bhféidearthacht idirghníomhaíocht dhaonna a bheith ann, chomh maith le bearta eile comhlíonta, amhail faireachán, meastóireacht, iniúchtaí neamhspleácha agus saintástálacha struis chun cuidiú leis an gcomhlíonadh agus chun an comhlíonadh a fhorfheidhmiú; á chreidiúint gur cheart cur chuige riosca-bhunaithe a leanúint sa chás go gcuirfí rialacha níos déine i bhfeidhm maidir le halgartaim a bhféadfadh bagairtí féideartha a bheith acu ar chearta agus ar shaoirsí bunúsacha; á chur i bhfios go láidir gur cheart gurb é croílár choincheap na trédhearcachta agus na hinmhínítheachta algartam ná go gcuirtear an fhaisnéis a sholáthraítear don úsáideoir i láthair i bhfoirm ghonta, thrédhearcach, shothuigthe agus inrochtana go héasca, ag úsáid teanga shoiléir shimplí, go háirithe le haghaidh aon fhaisnéis atá dírithe go sonrach ar leanbh;

2. ag cur béim ar an bhfíoras go dteastaíonn creat láidir reachtach in aghaidh na todhchaí chun forbairt a dhéanamh ar sheirbhísí digiteacha chun sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint; ag tabhairt dá aire go dtéann an Treoir maidir le Ríomhthráchtáil siar go 2000, agus go bhfuil an córas cosanta sonraí nuashonraithe go suntasach ó shin, áfach. á mheabhrú, dá bhrí sin, go ndéanfaidh aon fhoráil in DSA sa todhchaí creat leathan na gceart bunúsach agus an réimis Eorpaigh maidir le príobháideacht agus cosaint sonraí a urramú go hiomlán; á chur i bhfios go láidir, ina leith sin, go bhfuil gá go ndéanfadh gach soláthraí seirbhíse digití dlí cosanta sonraí an Aontais a urramú, eadhon Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (RGCS) agus Treoir (CE) 2002/58 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (r-Phríobháideachas), atá á hathbhreithniú faoi láthair, an tsaoirse tuairimí a nochtadh agus neamh-idirdhealú agus slándáil agus sábháilteacht a gcóras agus a seirbhísí a áirithiú;

3. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé criptiú éifeachtach inn ar inn a chur i bhfeidhm ar shonraí, toisc go bhfuil sé bunriachtanach le haghaidh muinín agus slándáil ar an idirlíon agus go seachnaíonn sé rochtain tríú páirtí neamhúdaraithe a bheag nó a mhór; á chur i bhfios go láidir gur cheart do DSA machaire comhréidh a sholáthar trí shoiléireacht dlí a thairiscint maidir leis na coincheapa agus na sainmhínithe a chuimsítear sa reachtaíocht agus trí iarratas a dhéanamh ar gach gníomhaí ábhartha a thairgeann seirbhísí digiteacha san Aontas, is cuma an bhfuil siad bunaithe laistigh den Aontas agus lasmuigh de; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh DSA slán i bhfad na haimsire agus infheidhme maidir le teacht chun cinn teicneolaíochtaí nua a mbeidh tionchar acu ar an margadh aonair digiteach; á chur i bhfáth gur cheart do DSA seasamh leis an gceart chun seirbhísí digiteacha a úsáid ar bhonn anaithnid, i gcás nach n-éilíonn cineál na seirbhíse nó na reachtaíochta atá ann cheana an t-úsáideoir nó an custaiméir a shainaithint nó a fhíordheimhniú;

4. ag tabhairt dá aire, ós rud é go lamhálann gníomhaíochtaí ar líne daoine aonair léargas domhain a fháil ar a bpearsantacht agus go bhfuil sé indéanta iad a ionramháil, go gcuireann bailiú ginearálta agus neamh-idirdhealaitheach sonraí pearsanta maidir le gníomhartha agus idirghníomhaíochtaí úsáideoirí ar líne isteach go díréireach ar an gceart chun príobháideachais; á dhearbhú sé go bhfuil sé de cheart ag úsáideoirí gan a bheith faoi réir rianú forleathan agus iad ag úsáid seirbhísí digiteacha; á chur i bhfáth, de réir cásdlí maidir le meiteashonraí cumarsáide, nach dtabharfar rochtain d’údaráis phoiblí ar shuibscríobhaí agus ar mheiteashonraí úsáideora ach amháin chun daoine faoi dhrochamhras i gcionta coiriúla tromchúiseacha a imscrúdú le húdarú breithiúnach roimh ré; go bhfuil sé suite de, áfach, nach mór do sholáthraithe seirbhíse digití sonraí a choinneáil chun críocha fhorfheidhmiú an dlí mura n-ordaíonn údarás poiblí inniúil neamhspleách go díreach coinneáil sonraí úsáideora aonair a choinneáil ar bhonn spriocdhírithe i gcomhréir le dlí an Aontais;

5. ag tabhairt dá aire gur bhailigh seirbhísí digiteacha sonraí pearsanta gan ghá ag an bpointe cláraithe le haghaidh seirbhíse, amhail inscne, uimhir fóin póca, seoladh ríomhphoist agus seoladh poist, a tharlaíonn go minic trí úsáid a bhaint as féidearthachtaí aonair maidir le síniú isteach. á iarraidh ar an gCoimisiún seirbhís phoiblí a chruthú mar mhalairt ar chórais phríobháideacha aonair maidir le síniú isteach. á chur i bhfios go láidir gur cheart an tseirbhís sin a fhorbairt ionas go mbeidh sé dodhéanta go teicniúil na sonraí maidir le síniú isteach a bheith á mbailiú ag an soláthraí sínithe isteach agus go gcoinnítear na sonraí a bhailítear chomh híseal agus is féidir; á iarraidh ar an gCoimisiún oibleagáid a thabhairt isteach maidir le seirbhísí digiteacha rogha sínithe isteach de láimh a thairiscint i gcónaí, arna shocrú de réir réamhshocrú; á mholadh don Choimisiún freisin córas fíoraithe aoise a chruthú, mar sheirbhís phoiblí, d’úsáideoirí seirbhísí digiteacha, go háirithe chun mionaoisigh a chosaint; ag cur béim ar an bhfíoras nár cheart an dá sheirbhís phoiblí a úsáid chun na húsáideoirí a rianú ar shuíomhanna gréasáin éagsúla nó a úsáid ar bhonn tráchtála, gur cheart go mbeadh siad slán, trédhearcach, gan ach sonraí a phróiseáil atá riachtanach chun an t-úsáideoir a shainaithint, agus nár cheart go mbeadh feidhm acu maidir le haon seirbhísí digiteacha eile seachas iad siúd a éilíonn aitheantas pearsanta, fíordheimhniú, nó fíorú aoise, agus nár cheart iad a úsáid ach le cuspóir dlisteanach, agus nár cheart iad a úsáid ar bhealach ar bith chun rochtain ghinearálta ar an idirlíon a shrianadh; ag cur i bhfios go láidir nuair is gá cineál áirithe aitheantais oifigiúil as líne, gur gá córas aitheantais leictreonach slán coibhéiseach ar líne a chruthú;

6. ag cur béim ar a thábhachtaí atá sé cumhachtú úsáideoirí maidir le forfheidhmiú a gceart bunúsach féin ar líne; ag athdhearbhú go gcaithfidh soláthraithe seirbhíse digití ceart a n-úsáideoirí ar iniomparthacht sonraí a urramú agus a chumasú mar a leagtar síos i ndlí an Aontais; ag cur béim ar na deacrachtaí a thagann chun cinn do dhaoine aonair atá ag iarraidh a gcearta cosanta sonraí agus príobháideachais aonair a fhorfheidhmiú i gcoinne ardáin cheannasacha, atá gníomhach ar iliomad margaí agus a bhfuil cleamhnaithe iolracha acu; á iarraidh, dá bhrí sin, ar Bhallstáit agus ar sholáthraithe seirbhíse digití sásraí gearáin agus sásaimh trédhearcacha, éasca, éifeachtacha, cothroma agus gasta a chur i bhfeidhm chun lamháil do dhaoine leas a bhaint as a gcearta faoin RGCS agus iad a fhorfheidhmiú, chomh maith le ligean d’úsáideoirí agóid a dhéanamh i gcoinne a n-inneachar a bhaint den líonra; ag spreagann soláthraithe seirbhíse digití pointe teagmhála amháin a chruthú dá n-ardáin dhigiteacha bhunúsacha go léir, trínar féidir iarratais ó úsáideoirí a chur ar aghaidh chuig an bhfaighteoir ceart; ag tabhairt dá aire, thairis sin, gur cheart úsáideoirí a chur ar an eolas go sainráite i gcónaí an bhfuil siad ag dul i dteagmháil le duine nó le meaisín.

7. á chur i bhfios go meastar sonraí bithmhéadracha a bheith i gcatagóir speisialta de shonraí pearsanta a bhfuil rialacha ar leith ag ghabháil lena bpróiseáil; ag tabhairt dá aire gur féidir agus go n-úsáidtear bithmhéadracht níos mó agus níos mó chun daoine aonair a shainaithint agus a fhíordheimhniú, lena n-áirítear i roinnt réimsí íogaire amhail baincéireacht agus seirbhísí riachtanacha mar chúram sláinte, a d’fhéadfadh, gan beann ar na buntáistí féideartha, an leibhéal barántúlachta níos airde a sholáthar go sonrach i gcomparáid le gnéithe contúirteacha alfa-uimhriúla nó cóid PIN, nuair a bhíonn láithreacht fhisiciúil deacair, agus seirbhísí riachtanacha á bhfáil, go mbíonn rioscaí suntasacha ann maidir le cearta príobháideachais agus cosanta sonraí agus cur isteach tromchúiseach orthu, go háirithe nuair a dhéantar iad gan toiliú an duine is ábhar do na sonraí, chomh maith le calaois aitheantais a chumasú; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, an oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse digití sonraí bithmhéadracha a stóráil ar an bhfeiste féin amháin, mura lamháiltear stóráil lárnach de réir dlí, rogha eile a thabhairt i gcónaí d’úsáideoirí seirbhísí digiteacha tacar sonraí bithmhéadracha a úsáid de réir réamhshocrú maidir le feidhmiú seirbhíse, agus an oibleagáid na custaiméirí a chur ar an eolas go soiléir faoi na rioscaí a bhaineann le sonraí bithmhéadracha a úsáid; á chur i bhfáth nach bhféadfar seirbhís dhigiteach a dhiúltú i gcás nach dtoilíonn duine sonraí bithmhéadracha a úsáid;

8. ag tabhairt dá haire  gur ann do thionchar diúltach a d’fhéadfadh a bheith ag  fógraíocht phearsantaithe, go háirithe  fógraíocht mhicri-spriocdhírithe  agus iompraíochta, mar a dhéanann idirghabhálaithe iar-rianaithe agus ardáin tairisceana fíor-ama , agus measúnú daoine aonair gan a dtoiliú, go háirithe mionaoisigh, trí chur isteach ar an saol príobháideach na ndaoine aonair, ag cur ceisteanna maidir le bailiú agus úsáid na sonraí a úsáidtear chun fógraíocht a phearsanú agus maidir lena cumas cur isteach ar fheidhmiú na bpróiseas agus na dtoghchán daonlathach, ag tairiscint táirgí nó seirbhísí nó ag socrú praghsanna; go bhfuil sé ar an eolas faoi thionscnamh na n-ardán ar líne chun coimircí a thabhairt isteach mar shampla trédhearcacht agus rialú agus rogha úsáideora feabhsaithe mar atá mínithe sa Chód Cleachtais maidir le Mífhaisnéis; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, teorainneacha dochta a thabhairt isteach ar fhógraíocht spriocdhírithe bunaithe ar bhailiú sonraí pearsanta, ag tosú le toirmeasc a thabhairt isteach ar fhógra iompraíochta tras-chomhthéacs gan dochar a dhéanamh do chuideachtaí beaga agus meánmhéide; á mheabhrú nach lamhálann an Treoir maidir le r-phríobháideachas faoi láthair ach fógraíocht spriocdhírithe faoi réir toiliú um rogha a bheith páirteach, rud a fhágann go bhfuil sí neamhdhleathach ar shlí eile, agus á iarraidh ar an gCoimisiún toirmeasc a chur ar chleachtais idirdhealaitheacha a úsáid chun seirbhísí nó táirgí a sholáthar;

9. ag tabhairt faoi deara conas a chomhoibríonn seirbhísí digiteacha leis an domhan as líne, mar shampla sna hearnálacha iompair agus fáilteachais; ag tabhairt dá aire gur féidir le rialtais áitiúla agus leis an earnáil phoiblí leas a bhaint as sonraí de chineálacha áirithe seirbhísí digiteacha chun a mbeartais phleanála uirbeacha a fheabhsú, mar shampla; á mheabhrú go bhfuil bailiú, úsáid agus aistriú sonraí pearsanta, idir an earnáil phríobháideach agus an earnáil phoiblí freisin faoi réir fhorálacha RGCS; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, a thogra do DSA gan a bheith ar neamhréir leis an aidhm sin;

10. á iarraidh comhoibriú méadaithe a bheith ann maidir le maoirseacht rialála ar sheirbhísí digiteacha agus, dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún córas a bhunú chun maoirseacht a dhéanamh ar chur i bhfeidhm DSA agus seirbhísí digiteacha, trí chomhoibriú ó chomhlachtaí maoirseachta náisiúnta agus Eorpacha agus iniúchtaí seachtracha neamhspleácha bliantúla, a dhíríonn ar algartaim soláthraithe seirbhísí digití, ar bheartais inmheánacha agus ar oibriú cuí srianta agus ceartúchán inmheánach agus aird chuí á tabhairt ar dhlí an Aontais agus i ngach cás ar chearta bunúsacha úsáideoirí na seirbhísí, agus an tábhacht bhunúsach a bhaineann le neamh- idirdhealú agus saoirse cainte agus faisnéise i sochaí oscailte agus dhaonlathach á cur i gcuntas, agus chun a chur de chúram ar gníomhaireachtaí AE agus ar údaráis mhaoirseachta náisiúnta inniúla cur chun feidhme DSA a mhaoirsiú;

11. á thabhairt dá aire, agus é ina ábhar imní dó, go bhfuil údaráis mhaoirseachta sna Ballstáit faoi bhrú i bhfianaise na gcúraimí agus na bhfreagrachtaí méadaithe chun sonraí pearsanta a chosaint agus a n-easpa acmhainní airgeadais agus daonna leormhaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú a dhéanamh ar an bhféidearthacht go mbeadh cuideachtaí móra teicneolaíochta ilnáisiúnta ann chun rannchuidiú le hacmhainní na n-údarás maoirseachta;

12. ag tabhairt dá aire go n-úsáideann seirbhísí digiteacha ard-algartaim chun sainroghanna, leasanna nó iompar pearsanta a anailísiú nó a thuar, ar nithe iad a úsáidtear chun an t-inneachar a thaispeántar d’úsáideoirí a gcuid seirbhísí a scaipeadh agus a chur in ord; ag cur i bhfáth nach bhfuil an chaoi a n-oibríonn na halgartaim ná an chaoi a gcuireann siad t-inneachar a thaispeántar in ord, infheicthe nó mínithe do na húsáideoirí, rud a thógann uathu a rogha agus a rialú, a chumasaíonn seomraí athshondais a chruthú agus a mbíonn easpa muiníne sna seirbhísí digiteacha mar thoradh orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, iallach a chur ar sheirbhísí digiteacha ina thogra DSA an fhéidearthacht inneachar a fheiceáil in ord neamhroghnaithe, níos mó smachta a thabhairt d’úsáideoirí ar an mbealach a ndéantar inneachar a rangú ina leith, lena n-áirítear roghanna maidir le rangú lasmuigh dá ngnáthphatrúin tomhaltais agus diúltú iomlán d’aon chineál roghnaithe inneachair; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin córas dualgais cúraim a oibriú amach a fhágann go bhfuil seirbhísí digiteacha freagrach agus cuntasach as inneachar a roghnú, ar cheart é a shainiú i dtreoirlínte mionsonraithe earnála agus gealltananas a thabhairt ó thaobh na trédhearcachta de maidir leis an mbealach a roghnaíonn seirbhísí digiteacha inneachair;

13. á chur i bhfáth gur cheart do DSA, i gcomhréir le prionsabal an íoslaghdaithe sonraí arna bhunú ag RGCS, a cheangal ar idirghabhálaithe seirbhísí digiteacha úsáid anaithnid a gcuid seirbhísí agus íocaíocht a dhéanamh dóibh a mhéid is féidir é a dhéanamh go teicniúil agus gan a bheith srianta ag reachtaíocht shainiúil, toisc go gcuireann anaithnideacht cosc go héifeachtach ar nochtadh neamhúdaraithe, goid aitheantais agus cineálacha eile mí-úsáide ar shonraí pearsanta a bhailítear ar líne; á thabhairt chun suntais nach mbeadh sé de dhualgas ar sholáthraithe mórmhargai a n-aitheantas a fhíorú ach amháin i gcás ina n-éilítear le reachtaíocht atá ann cheana a n-aitheantas a chur in iúl, ach i gcásanna eile gur cheart seasamh leis an gceart chun seirbhísí digiteacha a úsáid ar bhonn anaithnid;

14. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil difríochtaí áirithe ann fós idir domhan ar líne agus as líne, mar shampla, i dtéarmaí anaithnideachta, easpa eintitis rialaithe, idir cóimheá na cumhachta agus cumais theicniúla; á thabhairt chun suntais gur féidir inneachar neamhdhleathach ar líne a iomadú go héasca mar gheall ar chineál an éiceachórais dhigitigh agus dá bhrí sin go méadaítear a thionchar diúltach laistigh de thréimhse an-ghearr. á thabhairt dá aire gur féidir le hinneachar neamhdhleathach ar líne an bonn a bhaint de mhuinín sna seirbhísí digiteacha, chomh maith le hiarmhairtí tromchúiseacha fadtéarmacha a bheith aige ar shábháilteacht agus ar chearta bunúsacha daoine aonair; á mheas go bhfuil sé tábhachtach a mheabhrú gur cheart an rud a mheastar a bheith ina inneachar neamhdhleathach as líne a mheas mar inneachar neamhdhleathach ar líne;

15. den tuairim nár cheart, maidir leis sin, go mbainfeadh aon bheart in DSA le hinneachar neamhdhleathach ach amháin mar a shainmhínítear é i ndlí an Aontais agus i ndlínsí náisiúnta agus nár cheart go mbeadh téarmaí doiléire agus neamhshainithe dlí, mar “inneachar díobhálach”, toisc go bhféadfadh spriocdhíriú ar innechar den sórt sin cearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh a chur i mbaol go tromchúiseach;

16. á chur i bhfáth gur ar údaráis phoiblí inniúla neamhspleácha atá an fhreagracht as an dlí a fhorfheidhmiú, cinneadh a dhéanamh maidir le dlíthiúlacht gníomhaíochtaí agus inneachar ar líne, chomh maith le hordú a thabhairt do sholáthraithe seirbhíse óstála rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú; ag cur béim ar an ngá lena áirithiú, maidir leis na cinntí oifigiúla chun inneachar a bhaint nó rochtain a dhíchumasú arna ndéanamh ag údaráis phoiblí inniúla neamhspleácha, go bhfuil siad cruinn, go bhfuil bunús maith leo agus go n-urramaítear cearta bunúsacha leo;

17. á iarraidh go bhfeabhsófar an comhar idir údaráis phoiblí inniúla neamhspleácha agus soláthraithe seirbhíse óstála chun sreabhadh tapa agus ceart faisnéise a áirithiú, rochtain ar inneachar neamhdhleathach a bhaint nó a dhíchumasú i gceart agus go tráthúil, arna ordú amhlaidh ag na húdaráis phoiblí inniúla neamhspleácha agus chun imscrúdú rathúil agus ionchúiseamh coireanna féideartha a ráthú;

18. ag athdhearbhú gur cheart go mbeadh rochtain ar shásamh breithiúnach ar fáil do sholáthraithe inneachair chun an ceart chun leigheas éifeachtach a shásamh; ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, rialacha a ghlacadh maidir le sásraí trédhearcacha fógra agus gníomhaíochta lena ndéantar foráil maidir le coimircí leormhaithe maidir le sásraí agus féidearthachtaí gearáin trédhearcacha, éifeachtacha, cothroma agus gasta chun leigheasanna éifeachtacha a lorg i gcoinne inneachar a bhaint;

19. ag tabhairt chun suntais sa chomhthéacs sin, chun saoirse cainte a chosaint, coinbhleachtaí dlíthe a sheachaint, geobhlocáil neamhdhlisteanaithe agus neamhéifeachtach a sheachaint agus díriú ar mhargadh aonair digiteach comhchuibhithe, nár cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhíse óstála srianta náisiúnta Ballstáit amháin a chur i bhfeidhm ar shaoirse cainte i mBallstát eile nó rochtain ar fhaisnéis atá dlíthiúil ina dtír bhunaíochta a bhaint nó a dhíchumasú;

20. ag tabhairt dá aire, agus é ina chúis imní dó, go bhfuil ilroinnt mhéadaitheach ag teacht ar dhlíthe náisiúnta maidir leis an gcomhrac in aghaidh inneachar neamhdhleathach, nó in aghaidh inneachar ar féidir é a mheas mar ábhar díobhálach; mar sin ag cur béim ar an ngá atá le comhar idir na Ballstáit a neartú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá an t-idirphlé sin, go háirithe maidir leis na sonrúcháín náisiúnta éagsúla ar cad is ábhar neamhdhleathach ann.

21. á iarraidh ar sholáthraithe seirbhíse digití, a thógann ábhar neamhdhleathach líomhnaithe as líne ar a gconlán féin, é sin a dhéanamh ar bhealach dúthrachtach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, agus aird chuí a thabhairt i ngach cás ar chearta bunúsacha na n-úsáideoirí,'tábhacht bhunúsach na saoirse cainte agus faisnéise i sochaí oscailte agus dhaonlathach a chur i gcuntas go háirithe d’fhonn nach mbainfí ábhar nach bhfuil neamhdhleathach; á thabhairt chun suntais maidir leis sin, gur cheart oibleagáidí trédhearcachta a fhorchur ar idirghabhálaithe ar líne maidir leis na critéir a chuirtear i bhfeidhm maidir le cinntí i dtaobh baint nó díchumasú rochtana ar ábhar agus ar an teicneolaíocht a úsáidtear chun go ráthófaí cur i bhfeidhm na gcoimircí riachtanacha, neamh-idirdhealú agus baint nó díchumasú neamhriachtanach rochtana; ag iarraidh sa bhreis ar sholáthraithe seirbhíse digití na bearta is gá a dhéanamh chun ábhar a uaslódálann botaí sóisialta a shainaithint agus a lipéadú;

22. ag tabhairt dá aire ina leith sin nach bhfuil uirlisí uathoibrithe in ann ábhar neamhdhleathach a idirdhealú ó ábhar atá dlíthiúil i gcomhthéacs ar leith agus á chur i bhfios go láidir go mbeadh aon uirlis den sórt sin faoi réir mhaoirsiú an duine agus thrédhearcacht iomlán an dearaidh agus na feidhmíochta; á thabhairt chun suntais nach réitíonn athbhreithniú ar thuarascálacha uathoibrithe ó sholáthraithe seirbhíse, a bhfoireann nó a gconraitheoirí an fhadhb sin toisc nach bhfuil neamhspleáchas, cáilíocht agus cuntasacht na n-údarás poiblí ag baill foirne príobháideacha; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur cheart do DSA toirmeasc sainráite a dhéanamh ar aon oibleagáid ar sholáthraithe seirbhíse óstála nó idirghabhálaithe teicniúla eile uirlisí uathoibrithe a úsáid chun ábhar a mhodhnú; á iarraidh, ina ionad sin, ar sholáthraithe seirbhíse digití, ar mian leo srian a chur ar ábhar dlíthiúil áirithe a gcuid úsáideoirí, iniúchadh a fhiosrú an bhféadfaí lipéadú a dhéanamh seachas an t-ábhar sin a thógáil as líne;

23. á chur i bhfáth nár cheart d’údaráis phoiblí oibleagáid ghinearálta a fhorchur ar sholáthraithe seirbhíse digití, de jurede facto, lena n-áirítear trí bhearta ex-ante, chun faireachán a dhéanamh ar an bhfaisnéis a tharchuireann siad nó a stórálann siad, ná oibleagáid ghinearálta chun ábhar a léiríonn gníomhaíocht neamhdhleathach, a lorg, a mhodhnú nó a scagadh go gníomhach. go bhfuil sé suite de freisin nár cheart go gceanglófaí ar sholáthraithe seirbhíse digití uaslódáil ábhar mídhleathach a chosc; á mholadh, dá bhrí sin, nuair is indéanta go teicneolaíoch, bunaithe ar orduithe a bhfuil bunús leordhóthanach leo ó údaráis phoiblí inniúla neamhspleácha, agus comhthéacs sonrach an inneachair á gcur san áireamh go hiomlán, go bhféadfadh sé go n-iarrfaí ar sholáthraithe seirbhíse digití cuardaigh thréimhsiúla a dhéanamh ar chodanna inneachair ar leith a bhí ag cúirt, ar codanna iad a dearbhaíodh cheana a bheith neamhdhleathach, ar choinníoll go bhfuil faireachán agus cuardach na faisnéise lena mbaineann an urghaire sin teoranta d’fhaisnéis a chuireann teachtaireacht in iúl nach bhfuil aon athrú bunúsach ar an ábhar i gcomparáid leis an ábhar lenar dearbhaíodh go raibh sé neamhdhleathacht agus gurbh ann do na heilimintí a sonraíodh san urghaire, atá, i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2019 i gCás C-18/18[35], comhionann nó coibhéiseach sa mhéid nach gceanglófaí ar an soláthróir óstach measúnú neamhspleách a dhéanamh ar an ábhar sin;

24. á iarraidh ar an gCoimisiún breithniú ar oibleagáid a chur ar sholáthraithe seirbhíse óstála ábhar neamhdhleathach is coir thromchúiseach a thuairisciú don údarás inniúil um fhorfheidhmiú an dlí, ar a bheith ar an eolas faoi; á iarraidh freisin ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar sholáthraithe seirbhíse óstála sásraí trédhearcacha fógra a bhunú d’úsáideoirí chun ábhar a d’fhéadfadh a bheith neamhdhleathach a chur in iúl do na húdaráis ábhartha; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, rochtain agus éifeachtúlacht a gcóras ceartais agus forfheidhmithe dlí a fheabhsú i ndáil le neamhdhleathacht ábhar ar líne a chinneadh agus maidir le réiteach díospóide faoi rochtain ar ábhar a scriosadh nó a dhíchumasú;

25. á thabhairt chun suntais, chun tógáil go cuiditheach ar rialacha na Treorach maidir le Ríomhthráchtáil agus chun cinnteacht dhlíthiúil a áirithiú, gur cheart go mbeadh an reachtaíocht is infheidhme comhréireach agus gur cheart di dualgais fhollasacha soláthraithe seirbhíse digití a shainiú seachas dualgas ginearálta cúraim a fhorchur; ag cur béim ar an bhfíoras gur féidir dualgais áirithe a shonrú tuilleadh le reachtaíocht earnála; á thabhairt chun suntais nár cheart go mbeadh an córas dlí maidir le dliteanas soláthraithe digiteacha ag brath ar bharúlacha éiginnte amhail ról ‘gníomhach’ nó ‘éighníomhach’ soláthraithe;

26. á chreidiúint nár cheart go mbeadh soláthraithe seirbhíse bonneagair, soláthraithe íocaíochta, ná cuideachtaí eile a thairgeann seirbhísí do sholáthraithe seirbhíse digití, faoi dhliteanas i leith an inneachair a uaslódálann nó a íoslódálann úsáideoir ar a gconlán féin; á chreidiúint nár cheart soláthraithe seirbhíse digití, a bhfuil caidreamh díreach acu le húsáideoir agus a bhfuil sé de chumas acu codanna ar leith d’ábhar an úsáideora a bhaint, a bheith faoi dhliteanas ach amháin má theipeann orthu freagairt go gasta d’orduithe um baint a bhfuil bunús leordhóthanach leo arna ndéanamh ag údaráis phoiblí inniúla neamhspleácha, nó i gcás ina bhfuil eolas iarbhír acu ar ábhar nó ar ghníomhaíochtaí neamhdhleathacha.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

16.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

40

4

23

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Konstantinos Arvanitis, Katarina Barley, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Marcel de Graaff, Lena Düpont, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Lívia Járóka, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Juan Fernando López Aguilar, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Emil Radev, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Michal Šimečka, Martin Sonneborn, Sylwia Spurek, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Bartosz Arłukowicz, Malin Björk, Delara Burkhardt, Gwendoline Delbos-Corfield, Nathalie Loiseau, Erik Marquardt, Sira Rego, Domènec Ruiz Devesa, Paul Tang, Hilde Vautmans, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Sven Mikser

 


VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

40

+

PPE

Bartosz Arłukowicz

S&D

Katarina Barley, Pietro Bartolo, Delara Burkhardt, Caterina Chinnici, Sylvie Guillaume, Evin Incir, Juan Fernando López Aguilar, Sven Mikser, Javier Moreno Sánchez, Domènec Ruiz Devesa, Sylwia Spurek, Paul Tang, Bettina Vollath, Elena Yoncheva

Renew

Abir Al-Sahlani, Sophia in 't Veld, Moritz Körner, Maite Pagazaurtundúa, Michal Šimečka, Ramona Strugariu, Hilde Vautmans

ID

Nicolaus Fest, Peter Kofod, Annalisa Tardino, Tom Vandendriessche

Verts/ALE

Saskia Bricmont, Damien Carême, Gwendoline Delbos-Corfield, Erik Marquardt, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Tineke Strik

GUE/NGL

Konstantinos Arvanitis, Malin Björk, Clare Daly, Sira Rego

NI

Laura Ferrara, Martin Sonneborn, Milan Uhrík

 

4

-

PPE

Javier Zarzalejos

ID

Nicolas Bay, Jean-Paul Garraud, Marcel de Graaff

 

23

0

PPE

Magdalena Adamowicz, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Lena Düpont, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Lívia Járóka, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Emil Radev, Paulo Rangel, Ralf Seekatz, Tomas Tobé, Tomáš Zdechovský

Renew

Fabienne Keller, Nathalie Loiseau

ECR

Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Patryk Jaki, Nicola Procaccini, Jadwiga Wiśniewska

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

28.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

39

1

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Alex Agius Saliba, Andrus Ansip, Pablo Arias Echeverría, Alessandra Basso, Brando Benifei, Adam Bielan, Hynek Blaško, Biljana Borzan, Vlad-Marius Botoş, Markus Buchheit, Dita Charanzová, Deirdre Clune, David Cormand, Carlo Fidanza, Evelyne Gebhardt, Alexandra Geese, Sandro Gozi, Maria Grapini, Svenja Hahn, Virginie Joron, Eugen Jurzyca, Arba Kokalari, Marcel Kolaja, Kateřina Konečná, Jean-Lin Lacapelle, Maria-Manuel Leitão-Marques, Morten Løkkegaard, Adriana Maldonado López, Antonius Manders, Beata Mazurek, Leszek Miller, Dan-Ştefan Motreanu, Kris Peeters, Anne-Sophie Pelletier, Miroslav Radačovský, Christel Schaldemose, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Kim Van Sparrentak, Marco Zullo

Na comhaltaí ionaid a bhí i láthair don vótáil chríochnaitheach

Anna-Michelle Asimakopoulou, Maria da Graça Carvalho, Anna Cavazzini, Edina Tóth

 


 

VOTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

39

+

EPP

S&D

RENEW

GREENS/EFA

ECR

EUL/NGL

NI

Pablo Arias Echeverría, Anna-Michelle Asimakopoulou, Maria da Graça Carvalho, Deirdre Clune, Arba Kokalari, Antonius Manders, Dan-Ştefan Motreanu, Kris Peeters, Andreas Schwab, Tomislav Sokol, Ivan Štefanec, Edina Tóth

Alex Agius Saliba, Brando Benifei, Biljana Borzan, Evelyne Gebhardt, Maria Grapini, Maria-Manuel Leitão-Marques, Adriana Maldonado López, Leszek Miller, Christel Schaldemose

Andrus Ansip, Vlad-Marius Botoş, Dita Charanzová, Sandro Gozi, Svenja Hahn, Morten Løkkegaard

Anna Cavazzini, David Cormand, Alexandra Geese, Marcel Kolaja, Kim Van Sparrentak

Adam Bielan, Carlo Fidanza, Eugen Jurzyca, Beata Mazurek

Kateřina Konečná

Miroslav Radačovský, Marco Zullo

 

1

-

ID

Hynek Blaško

 

5

0

ID

EUL/NGL

Alessandra Basso, Markus Buchheit, Virginie Joron, Jean-Lin Lacapelle

Anne-Sophie Pelletier

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

[1]. IO L 178, 17.7.2000, lch. 1.

[2]. IO L 186, 11.7.2019, lch. 57.

[3]  IO L 136, 22.5.2019, lch. 1.

[4]. IO L 136, 22.5.2019, lch. 28.

[5]. IO L 149, 11.6.2005, lch. 22.

[6]  IO L 169, 25.6.2019, lch. 1.

[7]. IO L 376, 27.12.2006, lch. 36.

[8]  IO C 50 E, 21.2.2012, lch. 1.

[9]. IO C 331, 18.9.2018, lch. 135.

[10]. IO L 63, 6.3.2018, lch. 50.

[11] IO L 119, 4.5.2016, lch. 1.

[12]. IO L 130, 17.5.2019, lch. 92.

[13]. IO L 201, 31.7.2002, lch. 37.

[14]  IO L 77, 27.3.1996, lch. 20.

[15] IO L 167, 22.6.2001, lch. 10..

[16]  IO L 95, 15.4.2010, lch. 1.

[17] Treoir 2001/95/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 3 Nollaig 2001 maidir le sábháilteacht ghinearálta táirgí (IO L 11, 15.1.2002, lch. 4).

[18] Treoir 85/374/CEE ón gComhairle an 25 Iúil 1985 maidir le comhfhogasú fhorálacha reachtaíochta, rialúcháin agus riaracháin na mBallstát a bhaineann le dliteanas i leith táirgí lochtacha (IO L 210, 7.8.1985, lch. 29).

[19] Rialachán 2013/11/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 21 Bealtaine 2013 maidir le réiteach malartach díospóidí le haghaidh díospóidí tomhaltóirí agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 2006/2004 agus Treoir 2009/22/CE (Treoir maidir le ADR le haghaidh tomhaltóirí) (IO L 165, 18.6.2013, lch. 63).

[20] Rialacha dá bhforáiltear i dTreoir (AE) 2019/770 agus i dTreoir (AE) 2019/771.

[21]. Treoir 93/13/CEE ón gComhairle an 5 Aibreán 1993 maidir le téarmaí éagóracha i gconarthaí tomhaltóra, arna leasú le déanaí ag Treoir (AE) 2019/2161 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Samhain 2019 lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoracha 98/6/CE, 2005/29/CE agus 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le forfheidhmiú níos fearr agus nuachóiriú rialacha an Aontais maidir le cosaint tomhaltóirí (IO L 328, 18.12.2019, lch. 7).

[22]  Treoir 2011/83/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Deireadh Fómhair 2011 maidir le cearta tomhaltóirí, lena leasaítear Treoir 93/13/CEE ón gComhairle agus Treoir 1999/44/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 85/577/CEE ón gComhairle agus Treoir 97/7/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 304, 22.11.2011, lch. 64).

[23]  Treoir (AE) 2018/958 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Meitheamh 2018 maidir le tástáil comhréireachta a dhéanamh sula nglacfar rialáil nua gairmeacha, (IO L 173, 9.7.2018, lch. 25).

[24] Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (IO L 119, 4.5.2016, lgh. 1-88)

[25] Treoir 2010/40/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2010 maidir le creat chun Córais Chliste Iompair a úsáid i réimse an iompair de bhóthar agus le haghaidh comhéadan le modhanna eile iompair Téacs atá ábhartha maidir le LEE (IO L 207, 6.8.2010, lgh. 1-13)

[26] Rialachán (AE) 2019/1150 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le cothroime agus trédhearcacht a chur chun cinn d’úsáideoirí gnó a bhaineann úsáid as seirbhísí idirghabhála ar líne ((IO L 186, 11.7.2019, lch. 57).

[27] Treoir (AE) 2019/1152 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le dálaí oibre trédhearcacha agus intuartha san Aontas Eorpach (IO L 186, 11.7.2019, lgh. 105-121).

[28] Moladh ón gComhairle an 8 Samhain 2019 maidir le rochtain ar chosaint shóisialta d’oibrithe agus do dhaoine féinfhostaithe (IO C 387, 15.11.2019, lgh. 1-8).

[29] Dálaí oibre cothroma, cearta agus cosaint shóisialta d’oibrithe ardáin – Cineálacha nua fostaíochta atá nasctha le forbairt dhigiteach (2019/2186(INI))

[30] Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, go háirithe an tráchtáil leictreonach, sa Mhargadh Inmheánach (‘an Treoir maidir le tráchtáil leictreonach’) (IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).

[31] Treoir (AE) 2018/1808 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 14 Samhain 2018 lena leasaítear Treoir 2010/13/AE maidir le comhordú forálacha áirithe a leagtar síos le dlí, le rialachán nó le gníomhaíocht riaracháin sna Ballstáit i dtaobh seirbhísí meán closamhairc a sholáthar (Treoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc) i bhfianaise athruithe ar an margadh (IO L 303, 28.11.2018, lch. 69).

[32] Treoir (AE) 2016/680 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 i ndáil le cosaint daoine nádúrtha maidir le próiseáil sonraí pearsanta ag údaráis inniúla chun cionta coiriúla a chosc, a imscrúdú, a bhrath nó a ionchúiseamh nó chun pionóis choiriúla a fhorghníomhú, agus saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Cinneadh Réime 2008/977/CGB ón gComhairle (IO L 119, 4.5.2016, lch. 89).

[33] Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena n-aisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).

[34] Treoir (AE) 2019/790 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir le cóipcheart agus cearta gaolmhara sa Mhargadh Aonair Digiteach agus lena leasaítear Treoracha 96/9/CE agus 2001/29/CE (IO L 130, 17.5.2019, lch. 92).

[35] Breithiúnas ón gCúirt Bhreithiúnais an 3 Deireadh Fómhair 2019, Eva Glawischnig-Piesczek v Facebook Ireland Limited, Cás C-18/18; ECLI:EU:C:2019:821.

An nuashonrú is déanaí: 19 Deireadh Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais