Nós Imeachta : 2019/0226M(NLE)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe : A9-0182/2020

Téacsanna arna gcur síos :

A9-0182/2020

Díospóireachtaí :

Vótaí :

PV 11/11/2020 - 26

Téacsanna arna nglacadh :

P9_TA(2020)0295

<Date>{07/10/2020}7.10.2020</Date>
<NoDocSe>A9-0182/2020</NoDocSe>
PDF 163kWORD 67k

<TitreType>TUARASCÁIL</TitreType>

<Titre>ina bhfuil tairiscint i gcomhair rún neamhreachtach ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a thabhairt i gcrích</Titre>

<DocRef>(13484/2019 – C9‑0178/2019 – 2019/0226M(NLE))</DocRef>


<Commission>{PECH}An Coiste um Iascach</Commission>

Rapóirtéir: <Depute>Izaskun Bilbao Barandica</Depute>

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA
 TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT
 FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH
 TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN NEAMHREACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir le Prótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a thabhairt i gcrích

(13484/2019 – C9‑0178/2019 – 2019/0226M(NLE))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don dréachtchinneadh ón gComhairle (13484/2019),

 ag féachaint don Chomhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe (SFPA) idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile, a tháinig i bhfeidhm an 20 Samhain 2014,

 ag féachaint don tuarascáil meastóireachta siarbhreathnaithí agus réamhbhreathnaithí ar an bPrótacal a ghabhann leis an SFPA idir an tAontas Eorpach agus an tSeineagáil,

 ag féachaint do Phrótacal chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile (13483/2019),

 ag féachaint don iarraidh ar thoiliú a thíolaic an Chomhairle i gcomhréir le hAirteagal 43(2) agus le hAirteagal 218(6), an dara fomhír, pointe (a)(v) mar aon le hAirteagal 218(7) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) (C9-0178/2019),

 ag féachaint do rún neamhreachtach uaithi an ... 2020[1] maidir leis an dréachtchinneadh,

 ag féachaint do Riail 31(4) den Chomhbheartas Iascaigh[2],

 ag féachaint do rún uaithi an 12 Aibreán 2016 maidir le rialacha comhchoiteanna i ndáil le cur i bhfeidhm na gné seachtraí de CBI, lena n-áirítear comhaontuithe iascaigh[3],

 ag féachaint do Phlean Straitéiseach Tíre na Seineagáile (2019-2023),

 ag féachaint do Straitéis Náisiúnta na Seineagáile chun Poist Ghlasa a Chur Chun Cinn (2015-2020),

 ag féachaint do mhéid fhlít na hÁise a oibríonn in uiscí na Seineagacha a mhéadú,

 ag féachaint do Riail 105(2) dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Fhorbairt,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Iascach (A9-0182/2020),

A. de bhrí gur tháinig an Comhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile i bhfeidhm an 20 Samhain 2014, de bhrí go ndeachaigh an Prótacal reatha lena gcuirtear an Comhaontú chun feidhme in éag an 19 Samhain 2019 agus de bhrí gur cuireadh inisealacha le Prótacal nua an 19 Iúil 2019;

B. De bhrí gurb é tátal na tuarascála meastóireachta réamhbhreathnaithí don Phrótacal deiridh (2014-2019) go raibh an Prótacal éifeachtach go ginearálta chun cuidiú le saothrú inbhuanaithe acmhainní i gcrios iascaigh na Seineagáile a áirithiú agus moltar ann gur cheart Prótacal nua a chur i gcrích.

C. de bhrí go raibh éifeachtacht an Phrótacail deiridh sásúil a mhéid a bhain leis an gcomhchuid tuinníní den chomhaontú agus de bhrí nár úsáid soithí an Aontais, áfach, cuid de na deiseanna iascaireachta a bhí ar fáil dóibh chun saothrú a dhéanamh ar stoic ghrinnill ar an domhain; de bhrí go bhfuil na gabhálacha de cholmóirí dubha in uiscí na Seineagáile níos lú ná 10 % de ghabhálacha an Aontais san fho-réigiún;

D. de bhrí gur chuidigh forbairt iascach grinnill domhainfharraige a spriocdhíríonn ar cholmóirí dubha, chomh maith le gabhálacha breise de cholmóirí dubha i gcrios iascaireachta na Seineagáile agus i gcriosanna iascaigh na dtíortha comharsanachta, leis an mbrú iascaireachta ar na stoic sin a mhéadú;

E. de bhrí go bhfuil soithí iascaireachta an Aontais teorannaithe do na criosanna iascaigh ar an mórmhuir, rud a íoslaghdaíonn an trasnú ar earnáil na hiascaireachta ar mhionscála sa tSeineagáil agus ar an gcaoi sin nach gcruthaítear baol do shlite beatha na n-iascairí sin;

F. de bhrí go gcumhdaíonn an Prótacal nua tréimhse cúig bliana agus go bhforáiltear ann do dheiseanna iascaireachta ag soithí de chuid an Aontais (28 mbád saighne tuinnín ina bhfuil saoráidí reoiteora, 10 mbád cuaille agus dorú, 5 bhád spiléireachta agus 2 thrálaer) le haghaidh tonnáiste tagartha de 10 000 tona tuinníní in aghaidh na bliana agus le cainníocht ghabhála údaraithe i gcolmóirí dubha de 1 750 tona in aghaidh na bliana;

G. de bhrí gurb é EUR 3 050 750 in aghaidh na bliana an ranníocaíocht airgeadais, arna miondealú ar an gcaoi seo a leanas: méid bliantúil de EUR 800 000 le haghaidh rochtain ar acmhainní, EUR 900 000 in aghaidh na bliana chun an beartas earnála a chur chun feidhme agus EUR 1 350 750 in aghaidh na bliana a fhreagraíonn do na táillí a mheastar a bheidh iníoctha ag na húinéirí soithí;

H. de bhrí, leis an bPrótacal nua, go gcuirtear deiseanna iascaireachta nua ar fáil do shoithí de chuid an Aontais in uiscí na Seineagáile, bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr dá bhfuil ar fáil agus i gcomhréir le moltaí an Choimisiúin Idirnáisiúnta um Chaomhnú Thuinníní an Atlantaigh (ICCAT).

I. de bhrí go bhfuil caibidil san athchóiriú ar an gcomhbheartas iascaigh ar an ngné sheachtrach atá dírithe ar phrionsabail na hiascaireachta inbhuanaithe a chur chun cinn; de bhrí go mbunaítear le comhaontuithe déthaobhacha creat cobhsaí dlíthiúil, eacnamaíoch agus comhshaoil chun go mbeidh rochtain ag flít AE ar uiscí tríú tíortha agus go bhforáiltear leo do ‘thacaíocht earnála’ chun acmhainní áitiúla riaracháin a neartú agus na caighdeáin inbhuanaithe maidir le bainistiú iascaigh sa tír chomhpháirtíochta a fheabhsú;

J. de bhrí, faoin gComhbheartas Iascaigh, nach ngabhfaidh cabhlach na hEorpa ach an barrachas de ghabhálacha atá ceadaithe, i gcomhréir le hAirteagal 62 de Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe maidir le Dlí na Farraige 1982;

K. de bhrí gur dhaingnigh an tSeineagáil an chuid is mó de na hionstraimí idirnáisiúnta maidir le rialachas idirnáisiúnta iascaigh agus gur páirtí comhoibritheach í de na comhlachtaí ábhartha réigiúnacha bainistithe iascaigh maidir leis na hiascaigh a shaothraíonn soithí na Seineagáile;

L. de bhrí go bhfuil an Prótacal nua a ghabhann leis an gComhaontú Comhpháirtíochta Iascaigh leis an tSeineagáil ina cuid de ghníomhaíocht sheachtrach AE i ndáil le tíortha san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (Tíortha ACC) agus cuireann sí san áireamh, go háirithe, cuspóirí an Aontais maidir le prionsabail dhaonlathacha agus cearta an duine a urramú.

M. de bhrí gur cheart go dtacódh an comhaontú seo leis na comhréitigh a rinne AE maidir le comhaontuithe idirnáisiúnta, go háirithe Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe (SDGanna), agus go háirithe SDG 14, agus go gcaithfidh gach beart AE, amhail an SFPA seo, rannchuidiú leis na cuspóirí sin a bhaint amach;

N. de bhrí go leanann an tAontas Eorpach agus an tSeineagáil dá gcomhar le creat uileghabhálach Chomhaontú Contonou agus go ndéantar na bearta tacaíochta eacnamaíocha, a mhéid a bhaineann leis an iascach, a chur chun feidhme trí chlár PESCAO, arb é is aidhm dó feabhas a chur ar rialachas na hearnála iascaigh agus ar an gcomhrac in aghaidh na hiascaireachta neamhdhleathaí, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), agus buiséad EUR 15 mhilliún ag gabháil leis don tréimhse 2018-2024;

O. de bhrí nach amháin go n-ídíonn iascaireacht NNN an bonn acmhainní nádúrtha agus go laghdaíonn sí táirgiúlacht nádúrtha, ach go mbíonn tionchar diúltach aici freisin ar shlite beatha iascairí agus ar ioncam náisiúnta;

P. de bhrí gur gá Parlaimint na hEorpa a chur ar an eolas go hiomlán agus láithreach, ag gach céim, faoi nósanna imeachta a bhaineann leis an bPrótacal nó lena athnuachan;

Q. de bhrí go roinneann roinnt tíortha comharsanachta i réigiún Iarthuaisceart na hAfraice stoic peiligeach beag, ar tíortha iad a bhfuil comhaontuithe comhpháirtíochta iascaigh ag AE leo lena dtugtar rochtain ar na stoic sin; de bhrí gur cheart don Choimisiún údaráis na Seineagáile a spreagadh chun comhairliúcháin a thionscnamh le tíortha comharsanachta maidir le rialacha ceangailteacha coiteanna bainistíochta bunaithe ar chomhairle eolaíoch chun iascaireacht inbhuanaithe a áirithiú, go háirithe do stoic peiligeach beag, cé nach dtugtar rochtain leis an gcomhaontú idir AE agus an tSeineagáil;

R. de bhrí go n-áirítear ar na cuspóirí straitéiseacha faoi Phlean Straitéiseach Tíre na Seineagáile (2019-2023) bainistíocht inbhuanaithe agus táirgiúlacht fheabhsaithe iascaigh agus méadú foriomlán ar rochtain ar an margadh agus ar iomaíochas don tionscal iascaireachta;

S. de bhrí go gcuireann earnáil an iascaigh fostaíocht ar fáil do bhreis agus 600 000 de mhuintir na Seineagáile, atá thart ar 17 % den daonra oibre;

1. ag dearbhú go gcuirfidh an Prótacal ar chumas an Aontais Eorpaigh agus na Seineagáile leanúint den dlúthchomhar ar mhaithe le saothrú freagrach acmhainní iascaigh a ráthú in uiscí na Seineagáile agus chun tacú le hiarrachtaí na Seineagáile forbairt a dhéanamh ar bhainistiú inbhuanaithe na n-acmhainní agus cosaint a thabhairt don bhithéagsúlacht mhuirí;

2. ag tacú le straitéis an Aontais leanúint de shraith comhaontuithe a choimeád ar bun sa réigiún ar mhaithe le gníomhaíochtaí a thabhairt i gcrích le haghaidh inbhuanaitheacht na bpobal laistigh d’Eagraíochtaí Réigiúnacha Iascaigh (ERInna);

3. ag tabhairt dá haire, agus i gcomhréir le conclúidí na tuarascála meastóireachta, go dtugann an Prótacal nua laghdú ar an tonnáiste de cholmóirí dubha isteach (ó 2 000 go 1 750 tona in aghaidh na bliana) mar aon le méadú ar an ranníocaíocht airgeadais don tacaíocht earnála (méadú de EUR 150 000) agus ar na táillí a mheastar a bheidh iníoctha ag na húinéirí soithí;

4. ag tabhairt chun suntais go moltar laghdú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta do thrálaeir ar an domhain (i gcás colmóirí dubha) de réir chomhairle eolaíoch an Choiste Iascaigh um an Atlantach Thoir Láir (CECAF) chun ráta básmhaireachta an speicis sin ag an iascaireacht a laghdú;

5. á chur in iúl gur geal léi go gcuirtear i gcuntas sa Phrótacal speicis íogaire a ghabhtar mar fhoghabháil; á chur i bhfáth gur gá bearta a fheabhsú tuilleadh chun an t-éiceachóras muirí a chosaint; ag cur béim ar an ról lárnach atá ag breathnóirí eolaíocha oilte maidir le faireachán a dhéanamh ar fhoghabhálacha;

6. á chur i bhfáth go bhfuil caibidil sa Chomhaontú maidir le comhar eolaíoch chun a áirithiú go ndéanfar faireachán níos fearr ar staid acmhainní bitheolaíocha na mara in uiscí na Seineagáile; ag tabhairt dá haire go bhfuil deacrachtaí ann faireachán eolaíoch a dhéanamh ar shaothrú acmhainní stoc grinnill ar an domhain agus ag tathant go ndéanfaidh an mheastóireacht an brú iascaireachta ó fhlíteanna tríú tíortha in uiscí na dtíortha comharsanacha eile (an Mháratáin, Maracó, Guine Bissau agus an Ghaimbia) a chur san áireamh, ós rud é go bhfuil na deiseanna iascaireachta atá ar fáil do shoithí an Aontais in uiscí na Seineagáile sách teorannaithe;

7. á mheas, chun an rochtain ar na stoic bharrachais atá ann cheana in uiscí na Seineagáile a ráthú, gur gá faisnéis a fháil ar an iarracht iascaireachta go ginearálta — lena n-áirítear flíteanna na Seineagáíle agus tríú tíortha — agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm an t-airteagal ar an trédhearcacht faoin bPrótacal reatha, agus freisin sna pléití laistigh de na ERInna inniúla;

8. ag tabhairt dá haire go bhféadfar athbhreithniú a dhéanamh ar na deiseanna iascaireachta agus go bhféadfar feachtais iascaireachta thurgnamhacha a chomhaontú i gcriosanna iascaigh na Seineagáile; á chur in iúl gur geal léi na coinníollacha a leagtar amach sa Phrótacal maidir le hinbhuanaitheacht agus cloí le moltaí eolaíocha, agus á iarraidh ar an gCoimisiún an Pharlaimint a choimeád ar an eolas i gcás ina mbeadh na modhnuithe sin le formheas ag an gComhchoiste; ag fáiltiú roimh an bhfaireachán ar ghabhálacha trí bhíthin an chórais fógartha leictreonaigh (CFL); agus á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an córas sin ag feidhmiú chomh luath agus is féidir;

9. á chur in iúl gur geal léi gur glacadh bearta teicniúla nua chun laghdú a dhéanamh ar ghabhálacha de thaisme de speicis faoi chosaint (éin mhara, turtair, siorcanna agus mamaigh mhuirí), agus ag tathant ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar ghlacadh na mbeart is gá chun feabhas a chur ar roghnaíocht an trealaimh iascaireachta i gcomhréir leis na moltaí eolaíocha agus leis an reachtaíocht a thagann ó ERInna;

10. á chur i bhfios go láidir go mbunaíonn an Comhaontú creat dlíthiúil chun comhar a dhéanamh i réimse an fhaireachais agus an chomhraic i gcoinne iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte (NNN), agus gur geal léi gur dhaingnigh an tSeineagáil Comhaontú FAO maidir le Bearta Stát an Chalafoirt 2017, arbh ionann é agus céim dhearfach i bhfianaise na tábhachta a bhaineann le calafort Dhacár i ndáil le táirgí iascaigh arna ngabháil i roinnt limistéar den fhoréigiún ag soithí a bhfuil bratacha éagsúla tríú tíortha ar foluain acu;

11. á mheas gur rud dearfach é mairnéalaigh as an tSeineagáil a fhostú ar shoithí ón Aontas Eorpach agus í ag cur béim ar na dea-thorthaí a bhí ag cur chun feidhme an Phrótacail roimhe seo; á chur in iúl gur geal léi gur dhaingnigh an tSeineagáil Coinbhinsiún C188 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le hObair san Iascaireacht agus á iarraidh ar údaráis na Seineagáile a fhorálacha a chur chun feidhme; agus á iarraidh ar an gCoimisiún, i gcruinnithe an Chomhchoiste, measúnú tráthrialta a dhéanamh ar chur chun feidhme éifeachtach an Choinbhinsiúin sin, go háirithe na dálaí oibre agus tuarastail, dá dtagraítear freisin sa Phrótacal;

12. á mheas go bhféadfaidh ról tábhachtach a bheith ag na Ballstáit agus go bhféadfaidh siad páirt ghníomhach a ghlacadh in iarrachtaí fothaithe acmhainneachta agus in iarrachtaí oiliúna chun an sprioc sin a bhaint amach;

13. ag moladh, chun a ráthú go gcomhlíonfar cuspóirí na tacaíochta earnála dá bhforáiltear in Airteagal 5 agus gan dochar do ghníomhaíochtaí eile, go ndéanfar na gníomhaíochtaí tosaíochta agus straitéiseacha seo a leanas:

 feabhas a chur ar fhaireachán, ar rialú agus ar fhaireachas tríd an Lárionad Faireacháin Iascaigh (FMC) a nuachóiriú go tapa, eadhon an gá atá le bogearraí rianaithe a nuashonrú i gcás láithreacha soithí i gcrios iascaireachta na Seineagáile trí shatailít (inter alia VMS) faoi na coinníollacha teicniúla iomchuí, agus a bheith in ann logleabhair leictreonacha iascaireachta a fháil;

 tacú le hiarrachtaí na Seineagáile sa chomhrac in aghaidh na hiascaireachta NNN trí chóras rialaithe a bheith ann do shoithí a bhíonn i gcalafort Dhacár;

 acmhainn eolaíoch a fhorbairt agus sonraí eolaíocha a bhailiú ionas go mbeidh údaráis na Seineagáile in ann cinntí a dhéanamh bunaithe ar an measúnú ar an stoc eolaíoch is fearr atá ar fáil, chomh maith le luath-sheoladh suirbhéanna aigéaneolaíochta atá beartaithe d’fhonn an faireachán eolaíoch ar iascaigh ghrinnill dhomhainfharraige agus eolas ar éiceachórais mhuirí agus chósta a neartú;

 tacú le dálaí cuibhiúla oibre do na hiascairí agus do na gníomhaíochtaí iascaigh uile, go háirithe do mhná, trí fhorbairt a dhéanamh ar bhailiú sonraí lena sainaithnítear bearnaí inscne agus trí chumhachtú a chothú agus a ról agus a gceannaireacht in eagraíochtaí iascaigh agus in eagraíochtaí dobharshaothraithe a fheabhsú;

 idirghabhálacha chun tacú le breisluach na dtáirgí iascaigh, trí bhíthin clár cothrománach um acmhainneachtaí feabhsaithe do ghníomhaithe na hearnála;

 tacú le hiascaigh agus le pobail chósta ar mhionscála na Seineagáile, lena n-áirítear poist a chruthú agus bonneagar iascaigh a fhorbairt lena dtacaítear le gníomhaíocht iascaireachta ar mhionscála agus lena n-éascaítear forbairt earnáil an iascaigh;

 cláir in oiliúint bhunúsach agus i ngairmoiliúint a bhunú do bhreathnóirí eolaíocha agus do mhairnéalaigh (oiliúint i dteicnící iascaireachta, ach freisin slándáil ar bord, etc.), le haird ar leith ar oiliúint d’iascairí óga agus do mhná a bhfuil ról tábhachtach acu i margaíocht agus i bpróiseáil agus atá ina gcónaí agus ag obair san earnáil iascaigh;

 faoi chuimsiú na Cairte Beartais Earnála um Fhorbairt Iascaigh agus Dobharshaothraithe don tréimhse 2016-2023 a ghlac an tSeineagáil, athbhreithniú comhpháirteach bliantúil le comhpháirtithe, lena n-áirítear an tAontas, chun cur chun feidhme na n-athchóirithe beartais earnála atá beartaithe a áirithiú;

 iarrachtaí méadaithe chun cur chun feidhme moillithe na tacaíochta earnála a chosc i ngeall ar dheacrachtaí ar thaobh na Seineagáile maidir le cur chun feidhme na sásraí riaracháin chun na cistí a dhiúscairt;

 a ráthú go mbeidh gníomhaíochtaí atá maoinithe ag an Aontas níos feiceálaí agus tuiscint chuí ar a mhéid a dhéanann an Prótacal rannchuidiú go nithiúil le forbairt na hearnála a chur chun cinn i measc na bpobal iascaireachta agus sa tsochaí shibhialta;

 bearta a neartú chun daoine óga a spreagadh chun dul i mbun na hiascaireachta;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún staidéar cuimsitheach a dhéanamh ar thionchar chomhaontuithe déthaobhacha iascaigh an Aontais agus, go háirithe, ar a mhéid a théann tacaíocht earnála agus gníomhaíochtaí fhlít na hEorpa in uiscí tríú tíortha chun tairbhe do gheilleagair áitiúla (forbairt an iascaigh inbhuanaithe, fostaíocht áitiúil, bonneagair, feabhsuithe sóisialta, etc.), agus cur chuige aontaithe comhsheasmhach a ghlacadh i leith thíortha uile Iarthar na hAfraice;

15. á chur in iúl gur cúis bhuartha di an méadú atá ag teacht ar líon na bplandaí mine éisc agus ola éisc ar chósta na hAfraice Thiar a soláthraítear stoic pheiligeacha bheaga dóibh ó uiscí na Seineagáile ach freisin ó thíortha comharsanacha arna ngabháil ag flíteanna eachtracha (neamh-AE); ag cáineadh chontrárthacht na hinbhuanaitheacht, ina leith sin, ó thaobh acmhainní luachmhara próitéine a sholáthar don phobal áitiúil;

16. den tuairim, roimh aon dúnadh ar iascach a d’fhéadfadh tarlú ná aon srianta a shocrú ar iascach, chun inbhuanaitheacht áiseanna a áirithiú, gur gá riachtanais na hiascaireachta ar an leibhéal áitiúil a chur san áireamh ar dtús, ar bhonn comhairle eolaíoch iontaofa;

17. á chur in iúl gur mór léi na hiarrachtaí a dhéantar ar leibhéal AE i dtéarmaí trédhearcachta i dtéacs na bprótacal agus i dtéacsanna na gcoistí eolaíocha comhpháirteacha atá ar fáil anois; á chur i bhfáth gur gá trédhearcacht agus rannpháirtíocht comhlachas pobail cósta a mhéadú i mbainistiú na tacaíochta earnála; á iarraidh ar an gCoimisiún tuarascálacha poiblí rialta a chur ar fáil maidir le húsáid na tacaíochta earnála, agus na conclúidí ó chruinnithe an Chomhchoiste agus torthaí a meastóireachtaí bliantúla a chur ar aghaidh chuig an bParlaimint; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht ionadaithe na Parlaiminte mar bhreathnóirí i gcruinnithe an Chomhchoiste a éascú agus feabhas a chur ar rannpháirtíocht chomhlachais agus phobail iascaireachta na Seineagáile; á chur i bhfáth go bhfuil gá le trédhearcacht ó Rialtas na Seineagáile maidir le comhpháirtíochtaí iascaireachta le tíortha eile;

18. ag moladh go nglacfaidh na geallsealbhóirí páirt in ullmhú agus i gcur chun feidhme clár oibríochtúil agus i bhfaireachán agus meastóireacht a dhéanamh orthu trí rannpháirtíocht na bpobal iascaireachta áitiúla agus trí dhul i gcomhairle leo i gcomhréir le dlí na Seineagáile;

19. á iarraidh go mbeidh tuairisciú níos fearr agus comhchuibhiú níos fearr ar thuairisciú i limistéir mhuirí faoi chosaint (MPAnna) chomh maith le phlean bainistíochta iomlánaíoch comhaontaithe a ghlacadh lena leithdháiltear róil agus lena gcinntear an comhlacht atá freagrach as comhordú foriomlán na ngníomhaíochtaí bainistíochta;

20. ag tabhairt dá haire go bhfuil tíortha talamhiata amhail Mailí ag brath ar onnmhairí iascaigh ón tSeineagáil arb ionann iad agus níos mó ná 40 % dá n-allmhairí iascaigh; ag tabhairt dá haire go rannchuidíonn onnmhairí na Seineagáile le cothú tíortha talamhiata;

21. ag tabhairt dá haire go ndéantar an cúigiú cuid d’onnmhairí na Seineagáile a onnmhairiú chuig tíortha talamhiata, go háirithe chuig Mailí, chuig Buircíne Fasó agus chuig an Nígir, agus go rannchuidíonn siad le lánpháirtíocht eacnamaíoch ilchríoch na hAfraice;

22. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus Phoblacht na Seineagáile.


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHORBAIRT (2.6.2020)

<CommissionInt>chuig an gCoiste um Iascach</CommissionInt>


<Titre>ar thairiscint i gcomhair rún neamhreachtach ar an dréachtchinneadh ón gComhairle maidir leis an bPrótacal ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh Inbhuanaithe idir an tAontas Eorpach agus Poblacht na Seineagáile a thabhairt i gcrích thar ceann an Aontais</Titre>

<DocRef>(2019/0226M(NLE))</DocRef>

Rapóirtéir don tuairim: <Depute>Beata Kempa</Depute>

 

 

MOLTAÍ

Iarann an Coiste um Fhorbairt ar an gCoiste um Iascach, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1. ag cur in iúl gur geal léi gurb ionann an tonnáiste tagartha dá bhforáiltear sa Phrótacal nua, i gcomhthéacs ró-iascaireachta, agus laghdú i gcomórtas leis an bPrótacal a bhí ann roimhe seo; á chur i bhfios go láidir, áfach, go bhfuil sé tábhachtach i gcónaí faireachán cúramach a dhéanamh ar stoic iascaireachta;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar Phoblacht na Seineagáile faisnéis níos mionsonraithe a sholáthar maidir le héifeachtaí carnacha na gcomhaontuithe iascaigh éagsúla atá i bhfeidhm sa limistéar eacnamaíoch eisiach ar stoic éisc agus ar bhithéagsúlacht mhuirí;

3. á iarraidh ar an gCoimisiún breis faisnéise a sholáthar maidir le forbairt gníomhaíochtaí mine éisc sa réigiún agus maidir le tionchar eacnamaíoch an chleachtais sin ar iascaigh áitiúla;

4. ag moladh go leagfaí síos rialacha bainistíochta réigiúnacha maidir leis an stoc de pheiligigh bheaga; ag moladh go gcomhroinnfeadh an tSeineagáil agus ag a tíortha comharsanacha na rialacha sin;

5. á áitiú gur cheart an Prótacal a chur in oiriúint do riachtanais agus tosaíochtaí Phoblacht na Seineagáile; ag moladh, sa chomhthéacs sin, go ndíreodh an chuid den Phrótacal a bhaineann le tacaíocht earnála ar na tosaíochtaí seo a leanas:

(a) dlús a chur le faireachán, rialú agus faireachas iascach, agus, ar an gcaoi sin, iascaireacht neamhdhleathach, neamhthuairiscithe agus neamhrialáilte a chosc, agus aird ar leith á tabhairt ar a mhéid a chomhlíontar oibleagáidí bratstát agus ar chur chun feidhme comhaontuithe muirí;

(b) geilleagar gorm inbhuanaithe a fhorbraíonn laistigh de theorainneacha éiceolaíocha a chur chun cinn trí thacú le hiascaigh áitiúla ar mhionscála agus trí stádas na mban agus an ógra, ag a bhfuil ról tábhachtach sa mhargaíocht agus sa phróiseáil, a neartú;

(c) forbairt eacnamaíoch áitiúil a chothú agus pobail chósta atá ag brath ar acmhainní muirí agus atá buailte go mór ag an athrú aeráide a neartú, trí athléimneacht gníomhaithe áitiúla in aghaidh iarmhairtí an athraithe aeráide agus in aghaidh creimeadh cósta a mhéadú;

(d) feabhas a chur ar an eolas eolaíoch sa réigiún trí oiliúint a chur ar bhreathnóirí eolaíocha agus trí chur ar chumas eolaithe áitiúla taisteal ar bord soithí atá ag oibriú sa limistéar sin;

(e) bearta a chur chun cinn chun éiceachórais mhuirí agus chósta, lena n-áirítear foraoisí mangróibh, atá ina ngnáthóg forbartha agus plandlainne do bheatha mhuirí agus ina stóráil carbóin inbhuanaithe agus nádúrtha agus, i gcomhthéacs an athraithe aeráide, ina bhfoinse d’athléimneacht éiceolaíoch, a chosaint agus a athbhunú;

(f) d’fhonn saibhreas éiceachóras muirí a chaomhnú, tacú le hoibríochtaí trína mbailítear dramhaíl agus trealamh iascaireachta agus trína dtéitear i ngleic le foinsí truaillithe a úsáideann gníomhaithe áitiúla;

6. ag tabhairt dá haire go bhfuil gníomhaíochtaí iascaigh tábhachtach do ghiniúint post i bpobail chósta, go rannchuidíonn siad le dífhostaíocht a laghdú agus go n-éascaíonn siad rochtain ar obair chuibhiúil;

7. Á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh an tsochaí shibhialta agus pobail iascaireachta áitiúla rannpháirteach i gcur chun feidhme an Phrótacail agus i sainiú na dtionscnamh a dhéanfar trí thacaíocht earnála;

8. ag tabhairt dá haire go n-allmhairíonn tíortha talamhiata, amhail Mailí, níos mó ná 40 % dá n-allmhairiú iascaigh ón tSeineagáil agus go mbraitheann siad ar onnmhairiú iascaigh na Seineagáile; ag tabhairt dá haire go rannchuidíonn onnmhairí na Seineagáile le cothú tíortha talamhiata;

9.  ag tabhairt dá haire go ndéantar an cúigiú cuid d’onnmhairí na Seineagáile a onnmhairiú chuig tíortha talamhiata, go háirithe chuig Mailí, chuig Buircíne Fasó agus chuig an Nígir, agus go rannchuidíonn siad le lánpháirtíocht eacnamaíoch ilchríoch na hAfraice;

10. á iarraidh go mbeadh trédhearcacht ann maidir le cistiú earnála AE a úsáid chun go bhféadfar faireachán níos fearr a dhéanamh agus naisc níos fearr a dhéanamh le gníomhaíochtaí AE agus deontóra eile a mhaoinítear in earnáil an iascaigh, d’fhonn dúbailt a chosc agus d’fhonn feasacht an phobail ar na roghanna maoiniúcháin do thionscadail a áirithiú; ag tathant ar an gCoimisiún, ina leith sin, tuarascálacha poiblí rialta maidir le húsáid tacaíochta earnála a sholáthar.

 


NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Prótacal maidir le cur chun feidhme an Chomhaontaithe Comhpháirtíochta Iascaigh idir Poblacht na Seineagáile agus an tAontas Eorpach

Tagairtí

2019/0226M(NLE)

An Coiste Freagrach

 

PECH

 

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

DEVE

13.2.2020

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Beata Kempa

16.12.2019

Pléite sa choiste

18.2.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

29.5.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

21

1

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anna-Michelle Asimakopoulou, Hildegard Bentele, Dominique Bilde, Udo Bullmann, Catherine Chabaud, Ryszard Czarnecki, Gianna Gancia, Charles Goerens, Mónica Silvana González, Pierrette Herzberger-Fofana, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Beata Kempa, Pierfrancesco Majorino, Erik Marquardt, Norbert Neuser, Jan-Christoph Oetjen, Michèle Rivasi, Christian Sagartz, Marc Tarabella, Tomas Tobé, Miguel Urbán Crespo, Bernhard Zimniok

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Barry Andrews, Frances Fitzgerald

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

21

+

PPE

Anna‑Michelle Asimakopoulou, Hildegard Bentele, György Hölvényi, Rasa Juknevičienė, Frances Fitzgerald, Christian Sagartz, Tomas Tobé

S&D

Udo Bullmann, Mónica Silvana González, Pierfrancesco Majorino, Norbert Neuser, Marc Tarabella

Renew

Catherine Chabaud, Charles Goerens, Jan‑Christoph Oetjen, Barry Andrews

ID

Gianna Gancia

Na Glasaigh/ALE

Erik Marquardt, Michèle Rivasi

ECR

Beata Kempa

GUE/NGL

Miguel Urbán Crespo

 

1

-

Na Glasaigh/ALE

Pierrette Herzberger‑Fofana

 

3

0

ID

Dominique Bilde, Bernhard Zimniok

ECR

Ryszard Czarnecki

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

 


 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

1.10.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Clara Aguilera, François-Xavier Bellamy, Izaskun Bilbao Barandica, Isabel Carvalhais, Rosanna Conte, Rosa D’Amato, Fredrick Federley, Giuseppe Ferrandino, João Ferreira, Søren Gade, Francisco Guerreiro, Niclas Herbst, Pierre Karleskind, Predrag Fred Matić, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Grace O’Sullivan, Manuel Pizarro, Caroline Roose, Bert-Jan Ruissen, Annie Schreijer-Pierik, Ruža Tomašić, Peter van Dalen, Theodoros Zagorakis

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Manuel Bompard, Nicolás González Casares, Valentino Grant

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ SA CHOISTE FREAGRACH

24

+

ECR

Bert‑Jan Ruissen, Ruža Tomašić

GUE/NGL

João Ferreira

NI

Rosa D'Amato

PPE

François‑Xavier Bellamy, Niclas Herbst, Francisco José Millán Mon, Cláudia Monteiro de Aguiar, Annie Schreijer‑Pierik, Theodoros Zagorakis, Peter van Dalen

RENEW

Izaskun Bilbao Barandica, Fredrick Federley, Søren Gade, Pierre Karleskind

S&D

Clara Aguilera, Isabel Carvalhais, Giuseppe Ferrandino, Nicolás González Casares, Predrag Fred Matić, Manuel Pizarro

VERTS/ALE

Francisco Guerreiro, Grace O'Sullivan, Caroline Roose

 

1

-

GUE/NGL

Manuel Bompard

 

2

0

ID

Rosanna Conte, Valentino Grant

 

Eochair do na siombailí:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

[1]Téacsanna a glacadh an dáta sin, P9_TA(0000)0000.

[2] Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, IO L 354 28.12.2013, lch. 22.

[3] IO C 58, 15.2.2018, lch. 93.

An nuashonrú is déanaí: 28 Deireadh Fómhair 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais