Tuarascáil - A9-0196/2020Tuarascáil
A9-0196/2020

TUARASCÁIL maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”)

20.10.2020 - (COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD)) - ***I

An Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
Rapóirtéir don tuairim: Cristian-Silviu Buşoi


Nós Imeachta : 2020/0102(COD)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0196/2020

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”)

(COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD))

(An gnáthnós imeachta reachtach: an chéad léamh)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle (COM(2020)0405),

 ag féachaint d’Airteagal 294(2) agus d’Airteagal 168(5) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá mbun a thíolaic an Coimisiún an togra do Pharlaimint na hEorpa (C9-0152/2020),

 ag féachaint d’Airteagal 294(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa an … [1],

 ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún an ...[2],

 ag féachaint do Riail 59 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuairim ón gCoiste um Buiséid agus don seasamh i bhfoirm leasuithe ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia (A9-0196/2020),

1. ag glacadh a seasaimh ar an gcéad léamh mar a leagtar amach ina dhiaidh seo é;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún an t-ábhar a tharchur chuig Parlaimint na hEorpa arís má dhéanann sé téacs eile a chur in ionad a thogra, má dhéanann sé a thogra a leasú go substaintiúil nó má tá sé ar intinn aige a thogra a leasú go substaintiúil;

3. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) De réir Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh sé d'aidhm ag an Aontas neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur ar aghaidh, ag bunú phrionsabal an phríomhshruthaithe inscne.

Leasú  2

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) I gcomhréir le hAirteagail 9 agus 168 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), tá ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme.

(2) I gcomhréir le hAirteagail 9, 168, 114, agus 191 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an Chairt), tá ardleibhéal cosanta le haghaidh shláinte an duine le háirithiú agus beartais agus gníomhaíochtaí uile an Aontais á sainiú agus á gcur chun feidhme.

Leasú  3

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Foráiltear le hAirteagal 168 de CFAE go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacú leo, comhar idir na Ballstáit a spreagadh agus comhordúchán idir a gcláir a chur chun cinn, ag urramú go hiomlán dó freagrachtaí na mBallstát as a mbeartais sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú agus a sholáthar.

(3) Foráiltear le hAirteagal 168 de CFAE go bhfuil sé de dhualgas ar an Aontas beartais sláinte náisiúnta a chomhlánú agus tacú leo, comhar idir na Ballstáit, go háirithe sna réigiúin teorann, a spreagadh agus comhordúchán idir a gcláir a chur chun cinn, ag urramú go hiomlán dó freagrachtaí gach Ballstáit as a mbeartas sláinte féin a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram sláinte a eagrú, a sholáthar agus a bhainistiú.

Leasú  4

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gurbh é a bhí i ráig úrnua an choróinvíris (COVID-19). paindéim dhomhanda. Is í an phaindéim sin ba cúis le géarchéim sláinte dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe as ar eascair iarmhairtí socheacnamaíocha fíordhíobhálacha agus fulaingt an duine.

(5) An 11 Márta 2020, rinne an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), mar gheall ar mhéadú easpónantúil cásanna, COVID-19 (an galar a d’eascair as an gcoróinvíreas nua SARS-CoV-2), agus an galar riospráide a ghabhann leis a dhearbhú mar ráig de phaindéim dhomhanda. Maidir le paindéim COVID-19 agus go sonrach na cásanna ó mheasartha go trom den ghalar a bhfuil gá acu le cúram míochaine idirmheánach agus dian, chuir siad córas sláinte go dtí an brisphointe laistigh den Aontas agus lasmuigh de, ba iad ba chúis le géarchéim sláinte gan fasach ar fud an domhain le hiarmhairtí socheacnamaíocha troma agus fulaingt don duine, ag bualadh daoine go trom le riochtaí ainsealacha, iad ina gcúis le bás anabaí agus le riochtaí ainsealacha, agus is iad na daoine is leochailí, othair, mná, leanaí, cúramóirí agus daoine scothaosta is troime a buaileadh. Léiríonn déine na géarchéime freisin an tábhacht a bhaineann le gníomhaíocht an Aontais agus freagairt go leormhaith ar bhagairtí a thagann ó ghalair thógálacha, agus go ginearálta gníomhaíochtaí an Aontais a neartú chun beartais náisiúnta i réimse na sláinte poiblí a chomhlánú.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5 a) Is mná den chuid is mó iad na hoibrithe cúraim sláinte, a bhí bunriachtanach le linn ghéarchéim COVID-19, agus bhí siad neamhchosanta ar rioscaí sláinte níos mó le linn na géarchéime.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5 b) Ag cur san áireamh gur féidir éifeachtaí galair a bheith difriúil idir fir agus mná, mar is léir le Covid 19, a bhfuil ráta básmhaireachta níos airde aige i measc na bhfear, ba cheart leis an gClár go ndéanfaí staidéar ar chúiseanna an iompair sin chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le paiteolaíocht, cóireáil agus leighis.

Leasú  7

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, táthar ag súil go ndéanfaidh siad an tsláinte phoiblí a chosaint de mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí8. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim leanúnach COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht dhaingean bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar chosc agus ar rialú leathadh galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac agus chun sláinte agus folláine daoine san Aontas a chosaint.

(6) Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, táthar ag súil go ndéanfaidh siad an tsláinte phoiblí a chosaint de mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí8. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim leanúnach COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht dhaingean bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit, go háirithe idir réigiúin teorann chomharsanacha, agus idir údaráis agus geallsealbhóirí ábhartha. Ba cheart leis an gcomhar go gcuirfí feabhas ar ullmhacht, cosc agus ar rialú leathadh ionfhabhtuithe agus galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun táirgí a fhorbairt agus a chur ar fáil chun galair a chosc agus a chóireáil, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac, agus chun sláinte agus folláine gach duine san Aontas a choimirciú agus a fheabhsú. Is í an ullmhacht an eochair chun athléimneacht i leith bagairtí sa todhchaí a fheabhsú, agus ba cheart do Bhallstáit, i bhfianaise a bhfreagrachta as cúram sláinte a sholáthar, tástálacha struis a dhéanamh ar a gcórais cúraim sláinte chun laigí a aithint agus a fhíorú go bhfuil siad ullmhaithe do ghéarchéim sláinte a d’fhéadfadh a bheith ann amach anseo.

__________________

__________________

8 Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19, COM(2020) 112 final an 13.3.2020.

8 Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19, COM(2020) 112 final an 13.3.2020.

Leasú  8

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a) Cé go bhfuil gníomhaíocht an Aontais teoranta i réimse na sláinte, ba cheart don Aontas straitéis chomhleanúnach sláinte poiblí a leanúint chun freagairt ar eipidéimí atá ann cheana agus aird á tabhairt ar shainiúlachtaí réigiúnacha agus náisiúnta agus a bheith in ann aghaidh a thabhairt ar réaltachtaí arb ábhar buartha iad agus bagairtí sláinte sa todhchaí, amhail paindéimí agus bagairtí trasteorann, lena n-áirítear frithsheasmhacht fhrithmhiocróbach, sláinte an chomhshaoil agus tionchair an athraithe aeráide ar an tsláinte. Ba cheart don Aontas tacú leis na Ballstáit éagothromaíochtaí sláinte a laghdú agus clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe a sholáthar, aghaidh a thabhairt ar ionfhabhtuithe a bhaineann le cúram sláinte, aghaidh a thabhairt ar dhúshláin grúpaí leochaileacha, mar shampla leanaí, cúram naíonán agus máthartha, daonra atá ag dul in aois, galair ainsealacha, agus galair a chosc, chun stíl mhaireachtála shláintiúil a chur chun cinn, seirbhísí coiscthe agus a gcórais sláinte a ullmhú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn d’fhonn leas iomlán a bhaint as an réabhlóid dhigiteach agus sineirgí á lorg acu le cláir ábhartha eile an Aontais amhail Fís Eorpach, an Eoraip Dhigiteach, clár na Saoráide um Chónascadh na hEorpa nó Clár Spáis an Aontais.

Leasú  9

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) Is iomchuí, mar sin, Clár nua a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte, clár ar a dtabharfar Clár EU4Health (“an Clár”) don tréimhse 2021-2027. I gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht an Aontais agus lena inniúlachtaí i réimse na sláinte poiblí, ba cheart don Chlár béim a leagan ar ghníomhaíochtaí a bhfuil buntáistí agus gnóthachain éifeachtúlachta iontu a eascróidh as comhoibriú agus comhar ar leibhéal an Aontais agus ar ghníomhaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an margadh inmheánach.

(7) Is iomchuí, mar sin, Clár nua a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte poiblí, clár ar a dtabharfar Clár EU4Health (“an Clár”) don tréimhse 2021-2027. I gcomhréir le cuspóirí ghníomhaíocht an Aontais agus lena inniúlachtaí i réimse na sláinte poiblí, ba cheart don Chlár béim a leagan ar ghníomhaíochtaí a bhfuil buntáistí agus gnóthachain éifeachtúlachta iontu a eascróidh as comhoibriú ar leibhéal an Aontais agus as comhar trasteorann ar an leibhéal réigiúnach agus as gníomhaíochtaí a bhfuil tionchar acu ar an margadh inmheánach. Teastaíonn cur chuige iomlánaíoch chun torthaí sláinte a fheabhsú, agus ba cheart do lucht déanta beartas AE a áirithiú go gcuirtear prionsabal na ‘gcúrsaí sláinte a chuimsiú i ngach réimse beartais’ i bhfeidhm i ngach ceapadh beartas.

Leasú  10

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú do ghéarchéim sláinte, freagairt di agus í a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis sin freisin soláthairtí riachtanacha leighis a stoc-charnadh go straitéiseach nó acmhainní a fhorbairt chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir neartaithe faireachais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cabhrú le cosc, ullmhacht, faireachas, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”. Ba cheart, trína bhíthin, éascaíocht a dhéanamh do chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca a chur i bhfeidhm i ngach céim de ghéarchéim sláinte — cosc, ullmhacht agus freagairt.

(10) Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais, agus idir réigiúin chomharsanacha chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú d’aon ghéarchéimeanna sláinte a bheidh ann amach anseo, freagairt orthu agus iad a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí a bheith san áireamh leis  fothú acmhainneachta chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir faireachais neartaithe, faisnéis sláinte, agus ardáin chun na cleachtais is fearr a roinnt. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cabhrú le cosc, ullmhacht, faireachas, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis na cuir chuige “Aon Sláinte Amháin” agus “cúrsaí sláinte a chuimsiú i ngach réimse beartais”. Ba cheart, trína bhíthin, éascaíocht a dhéanamh do chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca a chur i bhfeidhm i ngach céim de ghéarchéim sláinte — cosc, ullmhacht agus freagairt.

__________________

__________________

10 Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

10 Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

Leasú  11

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ós rud é gur féidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte éigeandála agus le trialacha cliniciúla rannchuidiú le forbairt ghasta frithbheart leighis le linn géarchéim sláinte, ba cheart tacaíocht a sholáthar trí bhíthin an Chláir chun gníomhaíochtaí den sórt sin a éascú. Ghlac an Coimisiún togra11 maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (HTA) chun tacú leis an gcomhar maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte ar leibhéal an Aontais.

(11) I gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte poiblí, is féidir le measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte (HTA), agus trialacha cliniciúla cur le forbairt thapa, sainaithint agus infhaighteacht frithbheart leighis. Ghlac an Coimisiún togra11 maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (HTA) chun tacú leis an gcomhar maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte ar leibhéal an Aontais. Ba cheart leis an gclár go soláthrófaí tacaíocht chun na gníomhaíochtaí sin a éascú.

__________________

__________________

11 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE, COM(2018) 51 final an 31.01.20118.

11 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE, COM(2018) 51 final an 31.01.20118.

Leasú  12

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair agus galair ainsealacha orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh ar thionchair chomhthaobhacha na géarchéime sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad.

(12) D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair orthu, atá ag maireachtáil le galair theagmhálacha nó neamhtheagmhálacha nó is mó atá thíos leo agus galair ainsealacha orthu, amhail otracht, ailse, diaibéiteas, galar cardashoithíoch agus neamhoird néareolaíocha, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh ar thionchair chomhthaobhacha na géarchéime sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad. D’fhonn ardchaighdeáin leanúnacha seirbhísí cúraim sláinte riachtanacha, lena n-áirítear cosc, a ráthú, ba cheart don Chlár, go háirithe in amanna géarchéime agus paindéime, aistriú go teilileigheas inrochtana agus inacmhainne, cógais a thabhairt sa bhaile agus pleananna coisctheacha agus féinchúraim a chur chun feidhme, a gcás inar féidir agus inarb iomchuí, agus ag an am céanna a áirithiú go gcuirtear rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus coisc ar fáil d’othair ainsealacha agus d’othair atá i mbaol.

Leasú  13

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Géarchéim COVID-19 is rud é a chuir i bhfáth na dúshláin iomadúla a bhaineann le soláthar cógas, feistí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta a theastaíonn san Aontas le linn na bpaindéimí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus comhlántacht agus comhleanúnachas ionstraimí eile an Aontais á n-áirithiú.

(13) Géarchéim COVID-19 is rud é a chuir i bhfáth dúshláin iomadúla lena n-áirítear spleáchas an Aontais ar thríú tíortha chun go n-áiritheofaí soláthar amhábhar ceimiceach, agus ábhar tosaigh ceimiceach, comhábhar gníomhacha cógaisíochta, cógas, feistí leighis agus trealaimh chosanta phearsanta a theastaíonn san Aontas le linn na bpaindéimí a áirithiú. Ba cheart, dá bhrí sin, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena méadófar slándáil táirgeachta, soláthair, bainistíochta agus dáilte táirgí leighis agus feistí leighis san Aontas agus lena laghdófar an spleáchas ar thríú tíortha trí éagsúlú na slabhraí soláthair a spreagadh, an táirgeadh a chothú san Aontas agus comhsholáthar agus comhbhainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus comhlántacht ionstraimí eile an Aontais á n-áirithiú, chun an riosca ganntanas a mhaolú, go háirithe i dtréimhsí géarchéimeanna sláinte.

Leasú  14

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár comhordú na ngníomhaíochtaí lena neartaítear idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas chórais sláinte na mBallstát a chumhdach trí thagarmharcáil, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus a áirithiú go mbeidh ar a gcumas dóibh freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na foirne cúraim sláinte agus na foirne sláinte poiblí agus sásraí a bhunú le haghaidh faireachán éifeachtúil agus leithdháileadh atá bunaithe ar riachtanais a dhéanamh ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil gá leo in am géarchéime.

(14) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár comhordú na ngníomhaíochtaí lena neartaítear idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas chórais sláinte na mBallstát a chumhdach trí thagarmharcáil, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus freisin trí líon méadaithe gníomhaíochtaí comhpháirteacha agus a áirithiú go mbeidh ar a gcumas freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na foirne cúraim sláinte agus na foirne sláinte poiblí agus sásraí a bhunú le haghaidh faireachán éifeachtúil agus leithdháileadh atá bunaithe ar riachtanais a dhéanamh ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil gá leo in am géarchéime, a bheadh tairbheach go háirithe i gcomhthéacs trasteorann.

 

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(14a) Le tairseach chumarsáide a bhunú don phobal, lamhálfaí don Aontas faisnéis bhailíochtaithe a roinnt, foláirimh a chur chuig saoránaigh na hEorpa agus bréagaisnéis a chomhrac; D’fhéadfadh réimse leathan faisnéise, feachtais choisc agus clár oideachais óige a bheith san áireamh ann. D’fhéadfaí an tairseach sin a úsáid freisin chun clúdach láidir imdhíonta ar an leibhéal Eorpach a chur chun cinn, i gcomhar leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Rialú (‘ECDC’).

Leasú  16

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Léirigh taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá ginearálta le tacaíocht a thabhairt do chlaochlú struchtúrach agus d’athchóirithe córasacha na gcóras sláinte ar fud an Aontais chun cur lena n-éifeachtacht, lena n-inrochtaineacht agus lena n-athléimneacht. I gcomhthéacs an chlaochlaithe agus na n-athchóirithe sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, i sineirgíocht leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, gníomhaíochtaí a chur chun cinn trína gcuirfear le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte agus trína gcuirfear le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin, cur le hacmhainneacht na gcóras sláinte chun galar a chosc agus chun an tsláinte a chur chun cinn, samhlacha cúraim nua agus seirbhísí comhtháite a sholáthar, idir réimse an chúraim sláinte phríomhúil agus an chúraim sláinte pobail agus seirbhísí speisialaithe bunaithe ar riachtanais daoine, agus lucht saothair éifeachtúil a áirithiú i réimse na sláinte poiblí a bhfuil na scileanna cuí acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha. Trí bhíthin spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte a fhorbairt, bheadh córais cúraim sláinte, taighdeoirí agus údaráis phoiblí in ann infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus ar chóireáil leighis, ceart a chumhdaítear in Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 200612 ba cheart an Clár a bheith ina thaca ag gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí uilíochas agus cuimsitheacht an chúraim sláinte, rud a chiallaíonn nach gcuirfear cosc ar aon duine rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus go n-urramófar na gníomhaíochtaí sin lena n-áirithítear cearta othar.

(15) Léirigh taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá ginearálta le tacaíocht a thabhairt do chlaochlú struchtúrach agus d’athchóirithe córasacha na gcóras sláinte ar fud an Aontais chun cur lena n-éifeachtacht, lena n-inrochtaineacht, lena n-inbhuanaitheacht agus lena n-athléimneacht. I gcomhthéacs an chlaochlaithe agus na n-athchóirithe sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, i sineirgíocht leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, gníomhaíochtaí a chur chun cinn trína gcuirfear le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte chun go gcothófaí cosc galar agus cur chun cinn na sláinte ar bhonn príomhordúil, príomhúil, tánaisteach, treasach, ceathartha agus trína gcuirfear le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin, cur le hacmhainneacht na gcóras sláinte chun galar a chosc agus chun an tsláinte a chur chun cinn, samhlacha cúraim nua bunaithe ar thorthaí a sholáthar agus seirbhísí comhtháite a chur ar fáil, idir réimse an chúraim sláinte phríomhúil agus an chúraim sláinte pobail agus seirbhísí speisialaithe bunaithe ar riachtanais daoine lena ndéanfar leibhéil litearthachta sláinte agus litearthachta sláinte digití do shaoránaigh, agus lucht saothair éifeachtúil a áirithiú i réimse na sláinte poiblí a bhfuil na scileanna cuí acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha, a dhéanfar a nuashonrú go rialta i bhfianaise an dul chun cinn eolaíoch agus teicneolaíochta, mar a fhoráiltear i dTreoir 2005/36 maidir le cáilíochtaí gairmiúla a aithint. Ba cheart go gcuirfeadh an tsineirgíocht idir an Clár Sláinte Eorpach agus an Clár Eorpach Digiteach le cur chun agus leathnú r-shláinte, ag laghdú taistil gan ghá agus riachtanais chúram sláinte gan chomhlíonadh. Trí bhíthin spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte agus Taifead sláinte leictreonach Eorpach a fhorbairt, bheadh córais cúraim sláinte, taighdeoirí agus údaráis phoiblí in ann inrochtaineacht, inacmhainneacht, infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú, an méid sonraí atá ar fáil d’othair agus d’oibrithe sláinte a mhéadú, agus ar an gcaoi sin cáilíocht an chúraim shláinte agus saoirse gluaiseachta an othair timpeall an Aontais a fheabhsú. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus ar chóireáil leighis, ceart a chumhdaítear in Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 200612 ba cheart an Clár a bheith ina thaca ag gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí uilíochas agus cuimsitheacht an chúraim sláinte, rud a chiallaíonn nach gcuirfear cosc ar aon duine rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus go n-urramófar na gníomhaíochtaí sin lena n-áirithítear cearta othar. Ba cheart leis an gClár go dtacófaí le rochtain ar shonraí sláinte pearsanta agus iad a roinnt, gan dochar do chur i bhfeidhm RGCS agus scileanna digiteacha othar a mhéadú.

__________________

__________________

12 Conclúidí ón gComhairle maidir le luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

12 Conclúidí ón gComhairle maidir le luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15 a) Is gá íogaireacht agus eolas inscne agus gnéis a fheabhsú in oideachas gairmithe cúraim sláinte, taighde, diagnóisiú , cóireáil agus tionchar cógas agus teiripe chun an dá ghnéas a thuiscint agus a chóireáil níos fearr.

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15 b) Faoi Airteagal 153 CFAE, tá an tAontas chun tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát maidir le feabhas a chur ar an timpeallacht oibre agus chun sláinte, sábháilteacht agus dálaí oibre oibrithe a chosaint agus a chomhlánú. Tá sé tábhachtach an méid mór ama a chaitheann oibrithe ina n-ionaid oibre agus an riosca sláinte a bhféadfaidís a bheith neamhchosanta air a chur san áireamh, amhail substaintí guaise sláinte agus carcanaiginí agus gluaiseachtaí arís agus arís eile, rud a fhágann go bhfuil ualach ard ann maidir le héagumas agus líon na laethanta oibre a cailleadh, a mbíonn iarmhairtí aige dá réir sin ar an duine aonair, ar an teaghlach agus ar an tsochaí. Ba cheart go léireodh an clár tábhacht na sláinte ceirde agus a thionchar ar oibrithe sláinte agus ar an tsochaí. Ba cheart don Choimisiún oibriú leis na Ballstáit chun reachtaíocht nua a chruthú chun dálaí sláinte oibrithe a fheabhsú, a ndálaí oibre a fheabhsú, an chothromaíocht idir an obair agus an saol, folláine agus meabhairshláinte níos fearr a chur chun cinn, luathscor a chosc mar gheall ar dhrochshláinte agus drochbhainistíocht sláinte.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(15 c) Ba cheart go n-éascódh an clár an t-athbhreithniú ar shainordú AE-OSHA chun ionaid oibre shláintiúla agus shábháilte a chur chun cinn ar fud an Aontais agus chun tacú le gníomhaíochtaí agus anailís na Gníomhaireachta maidir le sábháilteacht agus sláinte ceirde. Ba cheart don Choimisiún creat straitéiseach nua de chuid an Aontais a mholadh maidir le sábháilteacht agus sláinte ceirde don tréimhse 2021 - 2027 agus leanúint den nuashonrú maidir le hoibrithe a chosaint ar na rioscaí a bhaineann le carcanaiginí nó só-ghineacha ag an obair. Ba cheart go dtacódh an clár le gníomhaíochtaí chun filleadh ar an ionad oibre a éascú tar éis saoire bhreoiteachta fhadtéarma agus chun daoine atá tinn go hainsealach nó atá faoi mhíchumas sa lucht saothair a áireamh níos fearr.

Leasú  20

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Trí dhaoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte, déanfar tairbhe ó thaobh na sláinte, éagothromaíochtaí sláinte, chaighdeán na beatha, táirgiúlachta, iomaíochais agus cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na buiséid náisiúnta freisin. Thug an Coimisiún gealltanas cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe sprioc uimhir 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus an fholláine a chur cinn do chách ag gach aois”13. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an Clár leis na gníomhaíochtaí a dhéantar chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

(16) Is infheistíocht í an tsláinte agus ba cheart go an coincheap sin a bheith ag croílár an Chláir. Trí dhaoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte, trína litearthacht sláinte a fheabhsú, déanfar tairbhe ó thaobh na sláinte, éagothromaíochtaí sláinte, neamhionannas sláinte, chaighdeán na beatha, táirgiúlachta, iomaíochais agus cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na córais agus ar na buiséid sláinte náisiúnta freisin. Ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíocht freisin chun éagothromaíochtaí i soláthar cúraim sláinte a laghdú, i gceantair thuaithe agus iargúlta lena n-áirítear sna réigiúin is forimeallaí, chun fás cuimsitheach a bhaint amach. Thug an Coimisiún gealltanas cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe sprioc uimhir 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus an fholláine a chur cinn do chách ag gach aois”13 Ba cheart, dá bhrí sin, go rannchuideodh an Clár leis na bearta a dhéantar chun spriocanna SFI a bhaint amach, agus dá réir sin, feabhas a chur ar dheitéarmanaint shóisialta na sláinte agus sláinte shaoránaigh an Aontais a fheabhsú.

__________________

__________________

13 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip. Gníomhaíocht Eorpach don inbhuanaitheacht COM (2016) 739 final an 22.11.2016.

13 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip. Gníomhaíocht Eorpach don inbhuanaitheacht COM (2016) 739 final an 22.11.2016.

Leasú  21

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta. Galair neamhtheagmhálacha amhail galair chardashoithíocha, ailse, galair riospráide ainsealacha, agus diaibéiteas, is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus sprioc 3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, Sprioc 3.4, chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar chosc ar fud na n-earnálacha agus réimsí beartais, i gcomhar le hiarrachtaí chun córais sláinte a neartú.

(17) Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim de dheitéarmanaintí géiniteacha agus sláinte, (fiseolaíocha, iompraíochta, agus comhshaoil). Galair neamhtheagmhálacha amhail galair chardashoithíocha, ailse, otracht, galair riospráide ainsealacha, diaibéiteas, meabhairghalar agus neamhord néareolaíoch is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas, fad a bhí galair neamh-theagmhálacha freagrach as 87% de na Blianta Saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais (DALYanna) san Aontas in 2017, agus bhí iarmhairtí suntasacha mothálacha tionchair, sóisialta agus eacnamaíocha mar thoradh air. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus sprioc 3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, Sprioc 3.4 go háirithe ach gan go heisiach, chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar chur chun cinn na sláinte agus ar chosc ar fud earnálacha, speisialtachtaí agus réimsí beartais agus cineál idirghaolmhar fhormhór na ngalar á chur san áireamh, i gcomhar le hiarrachtaí chun córais sláinte a neartú agus cógais iomchuí a sholáthar, chun cur chun feidhme Chreat-Choinbhinsiún EDS maidir le Rialú Tobac a neartú, tá sé ríthábhachtach chun laghdú éifeachtach, inbhuanaithe a bhaint amach ar ghalair neamh-theagmhálacha inseachadta. Ba cheart leis an gClár go dtacófaí le gníomhaíochtaí atá dírithe ar mheabhairshláinte a chomhtháthú i ngach réimse, lena n-áirítear sa spás oibre agus i scoileanna, agus gníomhaíochtaí a chur chun cinn chun dul i ngleic le dúlagar agus féinmharú agus chun cúram meabhairshláinte comhtháite a chur chun feidhme.

Leasú  22

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le galair a chosc le linn saol duine aonair agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe riosca coiteanna, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus tógáil a n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil agus caitheamh drugaí aindleathacha. Anuas air sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, nósanna cothaithe mífholláine agus neamhghníomhaíocht choirp agus tógáil thruailliú an chomhshaoil a laghdú agus le timpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát sna réimsí sin a chomhlánú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta.

(18) Tá cur chun cinn na sláinte agus cúram sláinte coisctheach i bhfad níos costéifeachtaí ná cóireáil, i dtéarmaí airgid agus i mblianta dea-shláinte atá coigeartaithe ó thaobh na cáilíocht de, dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le galair a chosc le linn saol duine aonair agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint sláinte, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus tógáil a n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil, timpeallacht mhíshláintiúil bhia, agus caitheamh drugaí aindleathacha agus substaintí sícighníomhacha. Chun an stádas sláinte is fearr is féidir a bhaint amach, ba cheart don Chlár dul i ngleic leis na deitéarmanaint sláinte go léir. Ba cheart go mbeadh cur chun cinn na sláinte, cosaint na sláinte agus galar a chosc ar feadh shaolré an duine i gcroílár an chláir trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe riosca sláinte agus meabhrach, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus a bheith neamhchosanta dá n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil agus caitheamh drugaí aindleathacha agus iompraíochtaí andúileacha eile. Anuas air sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, otracht agus nósanna cothaithe mífholláine, neamhghníomhaíocht choirp, agus tógáil thruailliú an chomhshaoil a laghdú agus le timpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát sna réimsí sin a chomhlánú. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an Clár le leibhéal ard cosanta agus coiscthe maidir le sláinte an duine, ar feadh shaolré iomlán an duine aonair, lena n-áirítear trí chur chun cinn gníomhaíochta coirp, cúraim chothaithe agus oideachas sláinte a chur chun cinn. Ba cheart leis an gClár freisin go ndéanfaí cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais a bhaineann le sláinte a neartú agus tacú léi, lena n-áirítear i réimse na sláinte comhshaoil, agus leis an gcur chuige ‘cúrsaí sláinte i ngach réimse beartais’ a chothú. Ba cheart don Chlár rannchuidiú freisin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta agus na straitéise Ceimiceán don inbhuanaitheacht.

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18a) Ba cheart go leanfadh an Clár de bheith ag tacú le gníomhaíochtaí i réimse na díobhála a bhaineann le halcól a laghdú agus a chosc á thaobh straitéis athbhreithnithe alcóil an Aontais. Ba cheart go mbeadh cosaint leanaí ó chumarsáid tráchtála alcóil chomh maith le socrúchán táirgí agus urraíocht ar bhrandaí alcóil, go háirithe sa timpeallacht ar líne, ar cheann de thosaíochtaí an Chláir.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(18 b) Tá ualach na ngalar ainsealach fós suntasach san Aontas. Forbraíonn galair ainsealacha go mall, bíonn siad fadmharthanach agus go minic doleigheasta. Bíonn baint ag galair ainsealacha, in go leor cásanna, le níos mó ná comhghalracht amháin, rud a fhágann go mbíonn sé níos deacra iad a chóireáil agus a bhainistiú. Ba iad faoi deara mórfhulaingt dhaonna agus chuir siad ualach ollmhór freisin ar chórais sláinte. D’fhéadfaí go leor galair ainsealacha, mar ghalair chardashoithíocha agus diaibéiteas cineál 2, a chosc trí roghanna sláintiúla stíle maireachtála, fad is féidir tinnis eile, mar shampla galair néareolaíocha, a bhainistiú chun an tús a mhoilliú má aimsítear iad go luath, nó cabhrú le hothair a ndícheall a dhéanamh agus fanacht gníomhach ar feadh níos faide. Dá bhrí sin, is féidir leis an Aontas agus na Ballstáit ualach na mBallstát a laghdú go mór trí oibriú le chéile chun bainistiú níos fearr agus níos éifeachtaí ar ghalair a bhaint amach, agus ba cheart don Chlár tacú le gníomhaíochtaí sa réimse sin. Ba cheart don Chlár tacú le forbairt agus cur chun feidhme na dTreoirlínte Eorpacha maidir le treoirlínte sonracha Eorpacha um chosc agus bainistiú galar i réimse na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach araon, amhail galair chardashoithíocha, galair néarmheathlúcháin, galair riospráide agus diaibéiteas.

Leasú  25

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Tar éis galair chardashoithíocha is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, tá sí ar cheann de na galair neamhtheagmhálacha a bhfuil gnéithe riosca coiteanna aici, galar a rachadh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach ach í a chosc agus a rialú. In 2020, d’fhógair an Coimisiún ‘Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac’, plean lena gcumhdófaí timthriall iomlán an ghalair ó chosc agus ó fháthmheas luath go cóireáil agus caighdeán saoil othar agus marthanóirí. Ba cheart go mbainfeadh na bearta tairbhe as an gClár agus as Misean Ailse an chláir Fís Eorpach.

(19) Tar éis galair chardashoithíocha is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó sna Ballstáit. Is iomaí gné is cúis le hailse agus dá bhrí sin teastaíonn paraidím nua um chosc a thugann aghaidh ar dheitéarmanaint sláinte aonair (géiniteach, stíl mhaireachtála) agus deitéarmanaint níos leithne (daonraí) a bhaineann le gnéithe neamhchosanta ceirde, comhshaoil agus sóisialta; Chomh maith leis sin, tá sí ar cheann de na galair neamhtheagmhálacha a bhfuil gnéithe riosca coiteanna aici le daoine eile, galar a rachadh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach ach í a chosc agus a rialú. Is tosca riosca iad droch-chothú, neamhghníomhaíocht choirp, otracht, tobac agus alcól atá coiteann do ghalair ainsealacha eile, amhail galair chardashoithíocha, agus dá bhrí sin ba cheart cláir coiscthe ailse a chur chun feidhme i gcomhthéacs clár comhtháite um chosc ar ghalair ainsealacha. In 2020, d’fhógair an Coimisiún ‘Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac’, plean lena gcumhdófaí gach céim ríthábhachtach den ghalar. cosc, fáthmheas, cóireáil, an saol mar mharthanóir ailse, ath-imeascadh agus cúram maolaitheach agus bainistiú péine. Ba cheart go gcuirfeadh an clár gníomhaíochtaí chun cinn chun ‘Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac’ a chomhlánú agus ar an gcaoi sin cáilíocht saoil othar ailse a fheabhsú. Ba cheart go mbainfeadh na bearta tairbhe as an gClár agus as Misean Ailse an chláir Fís Eorpach, go háirithe trí thionscnaimh a thacaíonn le haidhmeanna meántéarmacha agus fadtéarmacha an Phlean, agus a thugann aghaidh ar thosca riosca agus sineirgí coitianta ailse le mór-ghalair neamh-theagmhálacha eile.

 

Leasú  26

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Oibreoidh an Clár i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas), lena n-áirítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ciste InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin, Erasmus, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE), agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III. I gcás inarb iomchuí, bunófar comhrialacha d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir cistí a áirithiú agus san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+.

(20) Oibreoidh an Clár i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas), lena n-áirítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ciste InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), lena n-airítear Interreg, Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin, Erasmus, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE), agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III. I gcás inarb iomchuí, bunófar comhrialacha d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir cistí a áirithiú, lena seachnófar aon fhorluí nó dúbláil ar mhaoiniú, agus san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+.

Leasú  27

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 21

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(21) I gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE, ba cheart ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú sa reachtaíocht a ghlacann an tAontas maidir le bunú agus feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. Ar bhonn Airteagal 114 CFAE agus phointe (c) d’Airteagal 168(4) CFAE, rinneadh corpas suntasach d’acquis an Aontais a fhorbairt lena ráthaítear na hardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis. I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar chúram sláinte, tá dúshláin roimh chórais cúraim sláinte na mBallstát maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht cógas leighis agus feistí leighis. Chun cosaint sláinte poiblí níos fearr a áirithiú chomh maith le sábháilteacht agus cumhachtú othar san Aontas, is rud fíor-riachtanach é rochtain a bheith ag othair agus ag córais sláinte ar tháirgí cúraim sláinte ar ardchaighdeán agus gur féidir leo tairbhiú go hiomlán de na táirgí sin.

(21) I gcomhréir le hAirteagal 114 CFAE, ba cheart ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú sa reachtaíocht a ghlacann an tAontas maidir le bunú agus feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh. Ar bhonn Airteagal 114 CFAE agus phointe (c) d’Airteagal 168(4) CFAE, rinneadh corpas suntasach d’acquis an Aontais a fhorbairt lena ráthaítear na hardchaighdeáin cháilíochta agus sábháilteachta do tháirgí íocshláinte agus d’fheistí leighis. I bhfianaise go bhfuil méadú ag teacht ar an éileamh ar chúram sláinte, tá dúshláin roimh chórais cúraim sláinte na mBallstát maidir le hinfhaighteacht agus inacmhainneacht cógas leighis agus feistí leighis. Chun cosaint sláinte poiblí níos fearr a áirithiú chomh maith le sábháilteacht agus cumhachtú othar san Aontas, is rud fíor-riachtanach é go mbeadh rochtain ag othair agus ag córais sláinte ar tháirgí cúraim sláinte inbhuanaithe, éifeachtúil, cothromasach, inacmhainne agus ar ardcháilíocht, lena n-áirítear i gcomhthéacs trasteorann, agus gur féidir leo tairbhiú go hiomlán díobh, bunaithe ar fhaisnéis liachta atá trédhearcach, comhleanúnach agus dírithe ar an othar, bunaithe ar fhaisnéis leighis trédhearcach, chomhsheasmhach, dírithe ar an othair.

Leasú  28

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Ba cheart don Chlár, dá bhrí sin, tacú le gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas, feistí leighis agus táirgí cúraim sláinte eile agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus go ndéanfar, ag an am céanna, spleáchas a slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do thrialacha cliniciúla chun dlús a chur le forbairt, údarú agus rochtain ar chógais leighis nuálacha agus éifeachtacha, chun dreasachtaí a chur chun cinn chun na táirgí íocshláinte sin amhail frithmhiocróbaigh a fhorbairt agus chun an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí cúraim sláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar chógais agus lena mbailítear sonraí fúthu.

(22) Ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le córas faireacháin, tuairiscithe agus fógra Eorpach a fhorbairt do ghanntanais cógas, feistí leighis, vacsaíní, uirlisí diagnóiseacha, agus táirgí eile cúraim sláinte, chun ilroinnt an mhargaidh aonair a sheachaint, agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus spleáchas a slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú ag an am céanna. Ba cheart leis an gClár, dá bhrí sin, forbairt táirgí leighis agus feistí leighis a spreagadh laistigh den Aontas. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart don Chlár tacú le trialacha cliniciúla agus giniúint fianaise san fhíorshaol chun go gcumasófaí forbairt, údarú meastóireacht ar chógais leighis agus rochtain orthu, lena n-áirítear táirgí íocshláinte cineálacha agus bithshamhlacha, feistí leighis, agus cóireáil, taighde agus forbairt táirgí míochaine nua a chur chun cinn, agus aird ar leith le tabhairt ar fhrithmhiocróbaigh agus ar vacsaíní chun dul i ngleic le AMR agus galair inchoiscthe trí vacsaíniú, agus chun dlús leis an acmhainneacht táirgeachta do fhrithmhiocróbaigh, do chóireáil phearsantaithe agus do vacsaíniú agus chun an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí cúraim sláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar chógais leighis agus lena mbailítear sonraí fúthu. Ba cheart leis an gClár freisin go ndéanfaí an chinnteoireacht ar chógais leighis a neartú trí rochtain agus anailís ar shonraí cúraim sláinte san fhíorshaol a chumasú do rialálaithe agus do chomhlachtaí um measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte (‘HTA’). Ba cheart go gcabhródh an Clár freisin chun an úsáid is fearr a bhaint as torthaí taighde agus glacadh, uas-scálú agus imscaradh nuálaíochta sláinte i gcórais cúraim sláinte agus i gcleachtas cliniciúil a éascú.

Leasú  29

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(22 a) Ba cheart sainmhíniú comhchuibhithe a leagan síos ar leibhéal an Aontais do na téarmaí ‘ganntanas’, ‘teannas’, ‘suaitheadh soláthair’, ‘anás stoic’ agus ‘ró-stocáil’. Ba cheart don Choimisiún oibriú i dtreo na sainmhínithe comhchuibhithe sin a fhorbairt i ndlúthchomhar leis na Ballstáit agus na geallsealbhóirí ábhartha uile, lena n-áirítear eagraíochtaí othar; Thairis sin, ba cheart don Choimisiún, go háirithe, an sainmhíniú ar ‘ghanntanas’ mar a mhol tascfhórsa comhpháirteach na Gníomhaireachta Leigheasra Eorpaí (EMA) agus Stiúrthóirí na nGníomhaireachtaí Leigheasra (HMA) in 2019 a neartú;

Leasú  30

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Ós rud é gur chun tairbhe do dhaoine aonair agus do chórais sláinte go háirithe an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cógais agus frithmhiocróbáin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, úsáid stuama agus éifeachtúil na gcógas sin a chur chun cinn. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach14, plean a glacadh mí an Mheithimh 2017 tar éis na hiarrata ó na Ballstáit, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas de bharr na n-ionfhabhtuithe tánaisteacha baictéaracha a bhaineann le COVID-19, is rud fíor-riachtanach é go dtacóidh an Clár le gníomhaíochtaí atá dírithe ar úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha i ndaoine, in ainmhithe agus i mbarra, faoi chuimsiú beartas comhtháite maidir le sábháilteacht othar agus maidir le hearráidí leighis a chosc.

(23) Ós rud é gur chun tairbhe do dhaoine aonair agus do chórais sláinte go háirithe an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cógais agus frithmhiocróbáin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, úsáid stuama agus éifeachtúil na gcógas sin a chur chun cinn. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach14, plean a glacadh mí an Mheithimh 2017 tar éis na hiarrata ó na Ballstáit, agus ós rud é go bhfuil ionfhabhtuithe agus seipseas mar thoradh ar bhaictéir atá frithsheasmhach in aghaidh antaibheathach freagrach as líon ard básanna san Aontas, is rud fíor-riachtanach é go dtacóidh an Clár le gníomhaíochtaí atá dírithe ar úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha i ndaoine, in ainmhithe agus i mbarra, agus gníomhaíochtaí lena n-áirítear cóireálacha comhtháite neamh-antaibheathach a úsáid, faoi chuimsiú beartas comhtháite maidir le sábháilteacht othar agus maidir le hearráidí leighis a chosc. Ba cheart go dtacódh an Clár leis na cláir faireacháin agus faireachais ar úsáid frithmhiocróbach agus AMR, agus an tacaíocht do chur chun feidhme pleananna áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta chun troid i gcoinne AMR, le tacaíocht ó straitéisí fianaise-bhunaithe agus dea-chleachtais a roinnt laistigh den Aontas.

__________________

__________________

14 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha’, COM (2017)0339 final an 29.6.2017.

14 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha’, COM (2017)0339 final an 29.6.2017.

Leasú  31

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 24

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(24) Ós rud é gur fadhb chomhshaoil atá ag teacht chun cinn é truailliú an chomhshaoil, fadhb a bhíonn ann de dheasca substaintí cógaisíochta daonna agus tréidliachta agus gur féidir leis tionchar a bheith aige ar an tsláinte phoiblí, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, bearta a chothú chun feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú iomchuí na rioscaí comhshaoil a bhaineann le táirgeadh, úsáid agus diúscairt táirgí íocshláinte i gcomhréir le Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le Cógaisíocht sa Chomhshaol.

(24) Ós rud é gur fadhb chomhshaoil atá ag teacht chun cinn é truailliú an chomhshaoil, fadhb a bhíonn ann de dheasca substaintí cógaisíochta daonna agus tréidliachta agus gur féidir leis tionchar a bheith aige ar an tsláinte phoiblí, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, bearta a chothú chun feabhas a chur ar mheasúnú agus ar bhainistiú iomchuí na rioscaí comhshaoil a bhaineann le táirgeadh, úsáid agus diúscairt táirgí íocshláinte i gcomhréir le Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh maidir le Cógaisíocht sa Chomhshaol.

__________________

__________________

15 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ‘Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol’, COM(2019)128 final an 11.3.2019.

15 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle, Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa ‘Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol’, COM(2019)128 final an 11.3.2019.

Leasú  32

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), chomh maith leis an reachtaíocht maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is rud fíor-riachtanach é chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar chun bheith ina dtaca do cheapadh beartas agus faireachán.

(25) Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte agus sábháilteacht phoiblí, ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), chomh maith leis an reachtaíocht maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is rud fíor-riachtanach é chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais, i gcomhar le comhpháirtithe lárnacha amhail EMA agus ECDC, sonraí ardcháilíochta, neamhchlaonta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar, lena n-áirítear sonraí cúraim sláinte san fhíorshaol a bhailítear go háitiúil ar fud na hEorpa, trí mhodheolaíocht aonchineálach dea-shainithe, chun tacú le ceapadh beartas agus faireachán, spriocanna a leagan síos agus uirlisí a fhorbairt chun dul chun cinn a thomhas.

Leasú  33

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) An comhar trasteorann maidir le cúram sláinte a sholáthar d’othair a aistríonn idir Ballstáit, comhoibriú maidir le measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte (HTA), agus líonraí tagartha Eorpacha, is samplaí iad de réimsí lena ngabhann breisluach mór agus an-phoitéinseal de thairbhe obair chomhtháite idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte a agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tsláinte i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun gur féidir obair chomhtháite agus chomhordaithe den sórt sin a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena gcothaítear cur chun feidhme cleachtais ardtionchair, cleachtais arb é is aidhm dóibh na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh ar an mbealach is éifeachtaí is féidir ar an bpobal agus ar na réimsí lena mbaineann chun a dtionchar a uasmhéadú.

(26) An comhar trasteorann maidir le cúram sláinte a sholáthar d’othair a aistríonn idir Ballstáit nó ag maireachtáil i réigiúin teorann, comhoibriú maidir le measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte (HTA), agus líonraí tagartha Eorpacha, is samplaí iad de réimsí lena ngabhann breisluach mór agus an-phoitéinseal de thairbhe obair chomhtháite idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte a agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tsláinte i gcoitinne. Ba cheart don Chlár dá bhrí a bheith dírithe ar a áirithiú go ndéanfar an obair chomhtháite agus chomhordaithe sin a fhorbairt agus a chur chun feidhme a mhéid is féidir é i réimsí amhail HTA agus ERNanna. D’fhóinfeadh sé sin chun cleachtais ardtionchair a chur chun feidhme, ar cleachtais iad a bhfuil sé mar aidhm leo na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh ar an mbealach is éifeachtaí is féidir ar na grúpaí ábhartha den phobal agus ar na réimsí lena mbaineann chun a dtionchar a uasmhéadú.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(26 a) Is prionsabail de chuid an Aontais iad dlúthpháirtíocht agus aontacht agus ba cheart go n-áiritheodh an clár go bhfuil cur chuige comhleanúnach ag an Aontas i leith bagairtí sláinte trasteorann a chomhrac, d’fhonn freagairt ar bhagairtí sláinte poiblí, ba cheart don Chlár faoi Airteagal 168 CFAE tacú le cruthú Sásra Eorpaigh um Fhreagairt Sláinte, arna chomhordú ag ECDC agus faoi stiúir an Choimisinéara Sláinte agus an Choimisinéara um Bainistiú Géarchéime, i ndlúthchomhordú le gníomhaireachtaí eile AE i réimse na sláinte. Ba cheart an Sásra sin lena acmhainní dílse leighis faoi Shásra Aontais um Chosaint Shibhialta neartaithe a ullmhú le plean éigeandála paindéime, chun freagairt chomhordaithe a bheith aige agus an cumas an fhreagairt ar ghéarchéimeanna sláinte sa todhchaí a uas-scálú go tapa, bunaithe ar fhaisnéis chaighdeánaithe.

Leasú  35

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(27) Is líonraí fíorúla iad na líonraí tagartha Eorpacha, a bunaíodh de bhun Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, líonraí a bhaineann le soláthraithe cúraim sláinte ar fud na hEorpa. Is é is aidhm dóibh plé a éascú maidir le galair aimpléiseacha nó galair neamhchoitianta agus maidir le neamhoird a dteastaíonn cóireáil ardspeisialaithe agus ard-dlús eolais agus acmhainní lena n-aghaidh. Ós rud é gur féidir leis na Líonraí feabhas a chur ar an rochtain ar fháthmheas agus ar sholáthar cúraim sláinte ar ardchaighdeán d’othair a bhfuil neamhoird neamhchoitianta orthu agus gur féidir leo a bheith ina bpointí fócais maidir le hoiliúint leighis agus taighde agus scaipeadh faisnéise, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an líonrú a mhéadú trí líonraí tagartha Eorpacha, agus trí líonraí trasnáisiúnta eile. Ba cheart dó breithniú a dhéanamh ar líonraí tagartha Eorpacha a leathnú amach chun galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha amhail ailse a chumhdach chomh maith le galair neamhchoitianta.

(27) Is líonraí fíorúla iad na líonraí tagartha Eorpacha, a bunaíodh de bhun Threoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, líonraí a bhaineann le soláthraithe cúraim sláinte ar fud na hEorpa. Is é is aidhm dóibh plé a éascú maidir le galair aimpléiseacha nó galair neamhchoitianta agus maidir le neamhoird a dteastaíonn cóireáil ardspeisialaithe agus ard-dlús eolais agus acmhainní lena n-aghaidh. Is ardán ceannródaíoch atá in ERNanna a thugann deis uathúil agus, bunaithe ar úsáid agus comhroinnt nuálach eolais agus sonraí sláinte trasna teorainneacha, a bhfuil sé mair aidhm leo feabhas a chur ar dhiagnóis agus ar chúram do dhaoine a bhfuil galair neamhchoitianta nó aimpléiseacha orthu. Ba cheart don Chlár, dá bhrí sin, cistiú leormhaith a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí comhordúcháin agus comhoibríochta arna ndéanamh ag ERNanna atá cheana ann nó a bheidh ann sa todhchaí trí bhíthin deontais nó ionstraimí eile atá cuí don chuspóir. Ba cheart go ndéanfadh sé méadú ar an gcistiú atá faoi láthair ann lena áirithiú go ndéanann ERNanna na cuspóirí atá leagtha amach ina misean a chomhall. Ós rud é gur féidir leis na Líonraí feabhas a chur ar an rochtain ar dhiagnóis agus ar sholáthar cúraim sláinte ardcháilíochta d’othair a bhfuil neamhoird neamhchoitianta orthu agus gur féidir leo a bheith ina bpointí fócais maidir le hoiliúint leighis agus taighde agus scaipeadh faisnéise, ba cheart don Chlár freisin rannchuidiú le huas-scálú an líonraithe trí na ERNanna agus trí líonraí trasnáisiúnta eile. Ba cheart dó smaoineamh ar ERNanna a atreisiú agus ar thacú le ERNanna nua a chruthú chun galair ionfhabhtaíocha, toirchis chasta agus galair mheabhairshláinte neamhchoitianta agus aimpléiseacha a chlúdach. Is féidir le hatreisiú ERNanna ról ríthábhachtach a bheith aige chun tacú le creat scagthástála nuafhorbartha coiteann a ghlacadh ar leibhéal an Aontais, ag tosú le critéir agus sásraí roghnúcháin i gcás galar, agus é mar aidhm aige an ceann is fearr a fháil ar na héagothromaíochtaí atá ann cheana ó thaobh an chlúdaigh scagthástála de ar fud na mBallstát. Ba cheart leis an gclár go ndéanfaí breithniú freisin ar líonraí barr feabhais a fhorbairt i réimse na ngalar teagmhálach agus neamh-theagmhálach, lena n-áirítear ailse agus ailse phéidiatrach, galar cardashoithíoch, galar riospráide ainsealach, diaibéiteas, riochtaí meabhairshláinte, galair néarmheathlúcháin agus mórghalair ainsealacha eile, agus i réimse an bhainistithe géarchéime sláinte.

__________________

__________________

16 Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

16 Treoir 2011/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 9 Márta 2011 maidir le cearta othar i gcúram sláinte trasteorann a chur i bhfeidhm (IO L 88, 4.4.2011, lch. 45).

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27 a) Tá dúshláin shuntasacha roimh na ERNanna maidir lena áirithiú go bhfuil siad inbhuanaithe ó thaobh airgeadais agus go bhfuil siad in ann oibriú go héifeachtach laistigh agus ar fud na gcóras náisiúnta cúram sláinte, mar a thug Cúirt Iniúchóirí na hEorpa chun suntais, ina “Tuarascáil speisialta uimh. 07/2019: Gníomhaíochtaí an Aontais maidir le cúram sláinte trasteorann”[3].

Leasú  37

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Chun an breisluach agus an tionchar is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na sineirgí sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun an úsáid is mó is fearr a bhaint as na sineirgí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata leis an gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus do chlár eile de chuid an Aontais.

(30) Chun an breisluach agus an tionchar is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na sineirgí sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus gníomhaireachtaí an Aontais, go háirithe clár Interreg, a thugann aghaidh cheana ar chomhar trasteorann i réimse na sláinte agus a chabhraíonn le soghluaisteacht trasteorann othar agus gairmithe sláinte a éascú, agus chun rochtain ar chúram sláinte ardcháilíochta a fhorbairt trí threalamh coiteann, seirbhísí comhroinnte agus saoráidí comhpháirteacha a úsáid i gceantair trasteorann. Chun an úsáid is mó is fearr a bhaint as na sineirgí sin, agus dúbláil a sheachaint, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata leis an gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus do chlár eile de chuid an Aontais, agus tuairisciú mionsonraithe agus trédhearcach á ráthú.

Leasú  38

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) I bhfianaise chineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár, is iad údaráis inniúla na mBallstát is fearr a bheidh in ann i gcásanna áirithe na gníomhaíochtaí gaolmhara a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, maidir le húdaráis dá leithéidí, arna n-ainmniú ag na Ballstáit iad féin, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críoch Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart na deontais a dhámhachtain ar na húdaráis sin gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

(31) I bhfianaise chineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár, is iad údaráis inniúla na mBallstát is fearr a bheidh in ann i gcásanna áirithe na gníomhaíochtaí gaolmhara a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, maidir le húdaráis dá leithéidí, arna n-ainmniú ag na Ballstáit iad féin, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críoch Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart na deontais a dhámhachtain ar na húdaráis sin gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré. Ba cheart infheistíochtaí ón gClár a chur chun feidhme i ndlúthchomhar leis na Ballstáit go háirithe i réimsí a thagann faoi inniúlachtaí náisiúnta.

Leasú  39

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(31 a) Chun a áirithiú go ndéanfar gach ceann de na cuspóirí sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún an buiséad a mhéadú agus ba cheart dó togra a thíolacadh chun sainorduithe ECDC agus EMA a neartú, a bhfuil roinnt de chuspóirí EU4 maidir le Sláinte á saothrú cheana acu ar a leibhéal féin, agus ba cheart go mbeadh ról níos mó acu i gcur chun feidhme an Chláir.

Leasú  40

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte19, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a mhéadú.

(33) Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach inrochtana, cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán, lena n-áirítear i gcomhthéacs trasteorann, a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte19, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a mhéadú.

__________________

__________________

19 Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, an 3011ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2010.

19 Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, an 3011ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2010.

Leasú  41

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34.

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(34) Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a uasmhéadú, ba cheart comhar a chothú le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Banc Domhanda, agus Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), chun an tsraith Sláinte a chur chun feidhme. De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE20 ón gComhairle, daoine agus eintitis atá lonnaithe i dTíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna) tá siad incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil na tíortha agus na críocha thar lear nasctha leis.

(34) Chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus gníomhaíochtaí idirnáisiúnta a uasmhéadú, ba cheart comhar a chothú leis na Ballstáit agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS), an Banc Domhanda, agus Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta (OECD), chun an tsraith Sláinte a chur chun feidhme. De bhun Airteagal 94 de Chinneadh 2013/755/AE20 ón gComhairle, daoine agus eintitis atá lonnaithe i dTíortha agus Críocha Thar Lear (TCLanna) tá siad incháilithe do chistiú faoi réir rialacha agus chuspóirí an Chláir agus faoi réir aon socrú féideartha is infheidhme maidir leis an mBallstát a bhfuil na tíortha agus na críocha thar lear nasctha leis.

__________________

__________________

20 Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

20 Cinneadh 2013/755/AE ón gComhairle an 25 Samhain 2013 maidir le comhlachas na dtíortha agus na gcríoch thar lear leis an Aontas Eorpach (“an Cinneadh maidir le Comhlachas Thar Lear”) (IO L 344, 19.12.2013, lch. 1).

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34 a) Ba cheart go ráthódh an clár go bhfuil baint láidir ag an tsochaí shibhialta, go háirithe cumainn othar, agus lucht acadúil, go háirithe cumainn gairmithe cúram sláinte, chun ionadaíocht chothrom agus rannpháirtíocht i gcuspóirí sláinte poiblí a bhaint amach. Ba cheart d’eagraíochtaí sláinte na hEorpa rannchuidiú le cur chun feidhme an chláir agus meastóireacht a dheanamh air.

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 34 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(34 b) Ionas go ndéanfar na gníomhaíochtaí atá sa Chlár a chur chun feidhme go comhleanúnach, ba cheart Bord Stiúrtha EU4Health a bhunú.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 39 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(39a) De réir EDS, déanann an t-athrú aeráide difear do dheitéarmanaint shóisialta agus chomhshaoil na sláinte, lena-n-áirítear aer glan, uisce óil atá sábháilte, dóthain bia agus dídean slán agus meastar go dtarlóidh 250 000 bás breise, ó droch-chothú, maláire, an bhuinneach agus strus teasa, gach bliain idir 2030 agus 2050, le teochtanna aeir fíor-ard ag rannchuidiú go díreach le básanna, go háirithe i measc daoine scothaosta agus daoine leochaileacha. Trí thuilte, teastonnta, triomaigh agus dóiteáin, tá tionchar as cuimse ag an athrú aeráide ar shláinte an duine, lena n-áirítear tearc-chothú, galair chardashoithíocha agus riospráide agus infhabhtuithe veicteoir-iompartha.

Leasú  45

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40) Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár seo leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán a bhaint amach go gcaithfear 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar na gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma ar an gClár.

(40) Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár seo leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán a bhaint amach go gcaithfear 30 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar na gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma ar an gClár.

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40 a) I bhfianaise a thábhachtaí atá sé comhionannas inscne a bhaint amach, ba cheart don Chlár seo rannchuidiú le comhionannas inscne a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais. Ba cheart dó uirlisí príomhshruthaithe inscne agus buiséadaithe inscne chun a áirithiú go bhfreagraítear ar ghéarchéimeanna sláinte ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne agus claochlaitheach agus go dtugtar aghaidh ar shainriachtanais sláinte na mban agus na gcailíní le linn géarchéim sláinte agus ina diaidh.

Leasú  47

 

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) I dtaca leis an gcuspóir maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar i bhfianaise chineál agus scála na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát leibhéal ard cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus dea-chleachtais a chur chun feidhme i measc na mBallstát, agus chun aghaidh thabhairt ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcuirtear leis an éifeachtúlacht agus le tionchair bhreisluacha nach bhféadfadh a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe sa Chlár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(43) I dtaca leis an gcuspóir maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar i bhfianaise chineál agus scála na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ba cheart gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát leibhéal ard cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht, inbhuanaitheacht, inghlacthacht, inrochtaineacht, sábháilteacht agus ar inacmhainneacht cógas, feistí leighis agus táirgí agus seirbhísí eile atá ábhartha i gcás géarchéim sláinte san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus dea-chleachtais a chur chun feidhme i measc na mBallstát agus i measc a réigiún, agus chun aghaidh thabhairt ar éagothromaíochtaí agus ar neamhionannais maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcuirtear leis an éifeachtúlacht agus le tionchair bhreisluacha nach bhféadfadh a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe sa Chlár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

Leasú  48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) Ciallaíonn “an cur chuige Aon Sláinte Amháin” cur chuige ina n-aithnítear go bhfuil sláinte an duine agus sláinte ainmhithe nasctha le chéile, gur féidir galair a tharchur ó dhaoine go hainmhithe agus vice versa agus gur gá, dá bhrí sin, dul i ngleic leo i ndaoine agus in ainmhithe araon, agus gur nasc é an timpeallacht idir na daoine agus na hainmhithe;

(5) Ciallaíonn “an cur chuige Aon Sláinte Amháin” cur chuige ina n-aithnítear an t-idirnasc idir na réimsí daonna, ainmhithe agus comhshaoil, gur féidir galair a tharchur ó cholún amháin go colún eile agus dá bhrí sin go gcaithfear dul i ngleic leo i gcur chuige iomlánaíoch;

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3) ciallaíonn “géarchéim shláinte” aon ghéarchéim nó aon teagmhas tromchúiseach a eascraíonn ó bhagairt de bhunús daonna, ainmhíoch, plandaí, an bhia nó na timpeallachta, a mbaineann gné shláinte leis agus ar gá do na húdaráis beart a dhéanamh dá barr;

(3) ciallaíonn “géarchéim sláinte” aon ghéarchéim nó aon teagmhas tromchúiseach a eascraíonn ó bhagairt de bhunús daonna, ainmhíoch, plandaí, an bhia, ceimiceach, bitheolaíoch, raideolaíoch, núicléach, comhshaoil nó anaithnid a mbaineann gné na sláinte leis agus ar gá do na húdaráis beart práinneach a dhéanamh dá barr;

Leasú  50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) ciallaíonn “táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime” táirgí agus substaintí a bhfuil gá leo, i gcomhthéacs géarchéime sláinte, chun galar agus na hiarmhairtí a bhaineann leis a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil, ina n-áirítear an méid seo, ach nach bhfuil teoranta dó: táirgí íocshláinte – lena n-áirítear vacsaíní – agus a n-idirmheánaigh, a gcomhábhair chógaisíochta ghníomhacha agus a n-amhábhair; feistí leighis; trealamh ospidéil agus leighis (amhail aerálaithe, éadaí agus trealamh cosanta, ábhair agus uirlisí diagnóiseacha); trealamh cosanta pearsanta; díghalráin agus a dtáirgí idirmheánacha agus amhábhair atá riachtanach lena dtáirgeadh);

4) ciallaíonn “táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime” táirgí, uirlisí agus substaintí a bhfuil gá leo, i gcomhthéacs géarchéime sláinte, chun galar agus na hiarmhairtí a bhaineann leis a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil, agus chun faireachán a dhéanamh ar fhaireachas eipidéimeolaíoch galar agus ionfhabhuithe ina n-áirítear an méid seo, ach nach bhfuil teoranta dó: táirgí íocshláinte – lena n-áirítear vacsaíní – agus a n-idirmheánaigh, a gcomhábhair chógaisíochta ghníomhacha agus a n-amhábhair; feistí leighis; trealamh ospidéil agus leighis (amhail aerálaithe, éadaí agus trealamh cosanta, ábhair agus uirlisí diagnóiseacha); trealamh cosanta pearsanta; díghalráin agus a dtáirgí idirmheánacha agus amhábhair atá riachtanach lena dtáirgeadh);

Leasú  51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) ciallaíonn “bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte” guais atá ina bagairt ar an mbeatha nó atá ina bagairt thromchúiseach ar bhealach eile ar an tsláinte ar de bhunús bitheolaíoch, ceimiceach nó na timpeallachta í nó nach eol a bunús a scaipeann thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát nó a bhfuil baol mór ann go scaipfidh sé tharstu agus ar féidir gur gá comhordú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ann ó thaobh shláinte an duine de;

 

9) ciallaíonn “bagairt thromchúiseach trasteorann ar an tsláinte” guais atá ina bagairt ar an mbeatha nó atá ina bagairt thromchúiseach ar bhealach eile ar an tsláinte ar de bhunús bitheolaíoch, ceimiceach, raideolaíoch, núicléach, nó na timpeallachta í nó nach eol a bunús a scaipeann thar theorainneacha náisiúnta na mBallstát nó a bhfuil baol mór ann go scaipfidh sé tharstu agus ar féidir gur gá comhordú a dhéanamh ar leibhéal an Aontais chun a áirithiú go mbeidh ardleibhéal cosanta ann ó thaobh shláinte an duine de;

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9) Ciallaíonn ‘cúrsaí sláinte a chuimsiú i ngach réimse beartais’ cur chuige maidir le beartais phoiblí a fhorbairt, a chur chun feidhme agus athbhreithniú a dhéanamh orthu, gan beann ar an earnáil, trína gcuirtear na himpleachtaí sláinte de chinntí san áireamh, agus lena bhféachtar le sineirgí a bhaint amach, agus tionchair dhíobhálacha sláinte a d’fheadfadh a bheith mar thoradh ar bheartais den sórt sin a sheachaint, chun sláinte an daonra agus cothromas sláinte a fheabhsú;

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 9 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(9b) Ciallaíonn “deitéarmanaint sláinte” raon tosca, amhail tosca bitheolaíocha, socheacnamaíocha agus comhshaoil a bhaineann le hiompar, a mbíonn tionchar acu ar stádas sláinte duine;

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is iad na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bheidh ag an gClár, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin” i gcás inarb ábhartha:

Is iad na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bheidh ag an gClár, i gcomhréir leis an gcur chuige “cúrsaí sláinte a chuimsiú i ngach réimse beartais’ i gcás inarb infheidhme” agus leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’:

Leasú  55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1) daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte;

(1) sláinte san Aontas a fheabhsú agus a chothú, trí thacú le cur chun cinn na sláinte agus le galair a chosc, éagothromaíochtaí sláinte a laghdú agus rochtain chomhionann agus iomlán ar shláinte a áirithiú;

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1a) daoine san Aontas a chosaint ar aon bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte; tacú le hullmhacht agus comhordú níos fearr a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh de na Ballstáit agus eatarthu maidir le héigeandálaí sláinte;

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) Feabhas a chur ar infhaighteacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile san Aontas atá ábhartha ó thaobh na géarchéime de, rannchuidiú lena n-inacmhainneacht, agus tacú le nuálaíocht.

(2) tacú le reachtaíocht agus beartais an Aontais atá ann agus a bheidh ann amach anseo, d’fhonn, inter alia, neamhspleáchas cógaisíochta a athbhunú agus aghaidh a thabhairt ar ghanntanais, infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht cúraim agus seirbhísí sláinte san Aontas a fheabhsú, agus tacú le taighde agus nuálaíocht chomh maith le forbairt i sláinte. agus cúram sláinte gan iarrachtaí a mhacasamhlú faoi chláir eile, lena n-áirítear Fís Eorpach;

Leasú  58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) Córais sláinte agus an lucht saothair cúraim sláinte a dhaingniú, lena n-áirítear le claochlú digiteach agus le hobair mhéadaithe chomhtháthaithe idir na Ballstáit, le cur chun feidhme marthanach an dea-chleachtais agus na comhroinnte sonraí, chun leibhéal ginearálta na sláinte poiblí a ardú.

(3) córais sláinte agus a n-inbhuanaitheacht a neartú, chomh maith leis an lucht saothair cúraim sláinte, lena n-áirítear trí chlaochlú digiteach agus trí obair chomhtháite agus chomhordaithe mhéadaithe i measc na mBallstát, lena n-áirítear ar an leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus áitiúil, trí chur chun feidhme marthanach na gcleachtas is fearr, agus trí chomhroinnt sonraí inchomparáide agus idir-inoibritheacha, agus é mar aidhm leibhéal ginearálta na sláinte poiblí, na litearthachta sláinte a mhéadú agus córais sláinte a dhéanamh níos athléimní agus níos freagraí.

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Déanfar na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”, i gcás inarb ábhartha:

Déanfar na cuspóirí ginearálta dá dtagraítear in Airteagal 3 a shaothrú trí na cuspóirí sonracha seo a leanas, i gcomhréir leis an gcur chuige ‘Sláinte i mbeartais uile’ agus leis an gcur chuige ‘Aon Sláinte Amháin’ i gcás inarb ábhartha:

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) acmhainn an Aontais a neartú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus maidir le bainistíocht géarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú, a sholáthar agus a chur in úsáid, trí bhailiú sonraí agus trí fhaireachas;

(1) acmhainn an Aontais a neartú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt ghasta i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus maidir le bainistíocht géarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú, a sholáthar agus a chur in úsáid, trí bhailiú sonraí agus trí fhaireachas, trí thástáil struis na gcóras cúraim sláinte náisiúnta a chomhordú agus trí chaighdeáin cúraim sláinte ar ardcháilíocht a fhorbairt, agus tástail struis na gcóras cúraim sláinte náisiúnta a chomhordú;

Leasú  61

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) infhaighteacht cúlchistí nó stoc-charn de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú san Aontas chomh maith le cúltaca oibrithe leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta lena gcur i mbun oibre i gcás géarchéime;

(2) tacú le gníomhaíochtaí chun lamháil d’fhoireann leighis a shlógadh i gcás géarchéime amhail foireann an Chóir Liachta Eorpaigh, lena n-áirítear trí fheabhas a chur ar oiliúnt na ngairmithe sláinte agus nuachóiriú a dhéanamh ar a n-eolas;

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) tacú le gníomhaíochtaí chun infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus soláthairtí riachtanacha sláinte eile a áirithiú;

(3) Margadh Leigheasra na hEorpa a neartú, chun a áirithiú ar bhealach inbhuanaithe infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí íocshláinte, réitigh r-shláinte, gairis leighis agus soláthairtí riachtanacha eile a bhaineann le sláinte agus táirgí íocshláinte a bhaineann le géarchéim;

Leasú  63

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú, lena n-áirítear trí thacú le claochlú digiteach, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha, athchóirithe sistéamacha, cur chun feidhme samhlacha cúraim nua agus clúdach sláinte uilíoch, agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i réimse na sláinte;

(4) éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú, lena n-áirítear trí thacú le claochlú digiteach, lena n-áirítear Spás Eorpach Sonraí Sláinte a chruthú agus a chur chun feidhme, athchóirithe sistéamacha, cur chun feidhme samhlacha cúraim nua feabhas a chur ar an rochtain chomhionann agus thráthúil ar sheirbhísí cúraim sláinte inbhuanaithe, inacmhainne, dírithe ar an duine, bunaithe ar thorthaí agus seirbhísí cúraim ghaolmhara, agus clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach, éagothromaíochtaí agus neamhionannais i sláinte a laghdú;

Leasú  64

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(4a) nuálaíocht an Aontais a neartú chun a áirithiú go ndéanfar an chéad ghlúin eile de chógais leighis, de vacsaíní agus d’fheistí leighis a fhorbairt, agus go nglacfar leo, ar mhaithe le freastal ar na dúshláin agus ionchais mhéadaithe sa chúram sláinte a thiocfaidh chun cinn;

Leasú  65

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu acmhainn córas sláinte a neartú i dtaca le galar a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn, cearta othar agus cúram sláinte trasteorann, agus a fheabhas atá gairmithe leighis agus gairmithe cúraim sláinte a chur chun cinn;

(5) tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar chumas an chórais sláinte a neartú chun galair a chosc, a scagadh agus a dhiagnóisiú go luath, agus cur chun cinn na sláinte a chur chun feidhme, aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint sláinte, litearthacht sláinte, cearta agus sábháilteacht othar agus cúram sláinte trasteorann a fheabhsú;

Leasú  66

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6a) comhrac an Aontais i gcoinne ailse a neartú i sineirgíocht le Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac, lena n-áirítear trí thacú le gníomhartha chun faireachas, cosc, fáthmheas luath agus cóireáil agus cúram ailse, lena n-áirítear ailse phéidiatrach, agus trí thacú le hInstitiúid Ailse na hEorpa a bhunú;

Leasú  67

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6b) an comhrac i gcoinne galair theagmhálacha agus bagairtí sláinte a neartú;

Leasú  68

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6c) aghaidh a thabhairt ar an drogall roimh an vacsainiú , agus tacú le gníomhaíocht chun galair inchoiscthe trí vacsaíniú a dhíchur, lena n-áirítear ailsí;

Leasú  69

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(7) tacú le húsáid stuama éifeachtúil cógas, ábhair fhrithmhiocróbacha go háirithe, agus an úsáid sin a chothú, agus tacú le cógais agus feistí leighis a tháirgeadh agus a dhiúscairt ar bhealach níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus an táirgeadh agus diúscairt sin a chothú;

(7) úsáid eolasach, stuama agus éifeachtúil cógais a chothú agus tacú leis, agus go háirithe frithmhiocróbach, forbairt cógas nach bhfuil chomh díobhálach don chomhshaol, táirgeadh cógas atá níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol agus diúscairt atá slán ó thaobh an chomhshaoil de tháirgí íocshláinte agus de fheistí leighis;

Leasú  70

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais maidir leis an tsláinte agus sonraí ardcháilíochta inchomparáide iontaofa a sholáthar chun bheith mar bhonn taca le ceapadh beartas agus faireachán, agus measúnuithe tionchair sláinte a dhéanamh ar bheartais ábhartha a chur chun cinn;

(8) tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú, agus, i gcás inar gá, athbhreithniú ar reachtaíocht sláinte an Aontais, agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide, iontaofa, mar bhonn le ceapadh beartais agus leis an bhfaireachán ar bheartais, tacú le soláthar cúraim agus freagairt do riachtanais leighis gan chomhlíonadh, agus úsáid measúnuithe tionchair sláinte beartas ábhartha eile de chuid an Aontais a chur chun cinn.

Leasú  71

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(9) tacú le hobair chomhtháite i measc na mBallstát, agus a gcórais sláinte go háirithe, lena n-áirítear cur chun feidhme cleachtas coisctheacha ardtionchair, agus cur le líonrú trí na líonraí tagartha Eorpacha nó líonraí trasnáisiúnta eile;

(9) tacú le hobair chomhtháite i measc na mBallstát, agus go háirithe ina gcórais sláinte, lena n-áirítear cur chun feidhme cleachtas coisctheach ardtionchair, tacú le sainaithint teicneolaíochtaí sláinte a éilítear le dul faoi mheasúnú an Aontais, agus líonrú a neartú agus a uas-scálú trí na ERNanna, líonraí barr feabhais a fhorbairt agus a chur chun feidhme maidir le galair theagmhálacha agus neamh-theagmhálacha an-choitianta agus líonraí trasnáisiúnta eile, i sineirgíocht iomlán le Fís Eorpach agus a Misin agus a Comhpháirtíochtaí, agus é mar aidhm aige clúdach na n-othar agus an fhreagairt ar ghalair, agus fadhbanna sláinte, a mhéadú;

Leasú  72

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) tacú le ranníocaíocht an Aontais le tionscnaimh idirnáisiúnta agus dhomhanda maidir le sláinte.

(10) tacú le ranníocaíocht an Aontais le gealltanais agus tionscnaimh idirnáisiúnta agus dhomhanda maidir le sláinte.

Leasú  73

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is é EUR 1 946 614 000, de réir praghsanna reatha, a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an chláir don tréimhse 2021-27.

1. Is é EUR 10 398 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 9 370 000 000 i bpraghsanna seasta) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-27.

Leasú  74

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

2. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid freisin le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Ní rachaidh na costais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha thar 5 % den mhéid iomlán faoin gClár.

Leasú  75

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Airteagal 6

scriosta

Acmhainní ó Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh

 

Na bearta dá dtagraítear in Airteagal 2 de Rialachán [Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh] cuirfear chun feidhme faoin gClár iad le méid suas go dtí EUR 8 451 000 000 de réir praghsanna reatha dá dtagraítear i bpointe (iii) d’Airteagal 3(2)(a) den Rialachán sin, faoi réir Airteagal 5(4) agus (8).

 

Is éard a bheidh sna méideanna sin ioncam sannta seachtrach i gcomhréir le hAirteagal 21(5) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

 

Leasú  76

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) Áireofar ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe uile sna codanna ábhartha den Chlár. Déanfaidh an Coimisiún an buiséad iomlán maidir le gach cuid den Chlár a thuairisciú don Chomhairle agus don Pharlaimint le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil, agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe, a ranníocaíochtaí aonair agus a gcomhardú airgeadais á sainaithint aige.

Leasú  77

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó tríd an mbainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1) (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.

1. Is tríd an mbainistíocht dhíreach a chuirfear an Clár chun feidhme i gcomhréir le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 nó tríd an mbainistíocht indíreach leis na comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 62(1) (c) de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, chun a áirithiú nach bhfuil aon fhorluí ná dúbailt le cláir mhaoinithe eile ar leibhéal an Aontais.

Leasú  78

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féachfaidh an Coimisiún le cumhdach geografach éifeachtach agus cothromaithe a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cur le cáilíocht na dtionscadal trí fhothú acmhainneachta.

Leasú  79

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir a éascú agus simpliú riaracháin uasta á lorg aige. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an Clár agus cláir agus cistí eile an Aontais a áirithiú.

 

Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

 

(a) a áirithiú go bhfuil comhlántacht, comhleanúnachas agus sineirgíocht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

 

(b) sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint;

 

(c) dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha agus cuíchóirithe a bhaint amach faoin ionstraim.

Leasú  80

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b. Déanfaidh an Coimisiún comhar a chothú le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), agus le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus an Clár á chur chun feidhme aige, chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a uasmhéadú.

Leasú  81

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 c (nua))

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4c. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát sa Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach nó i ngrúpaí saineolaithe ábhartha eile de chuid an Choimisiúin chomh maith le geallsealbhóirí, go háirithe comhlachtaí gairmiúla in earnáil na sláinte agus ENRanna atá gníomhach sa réimse, ag gach céim de chur chun feidhme an Chláir.

Leasú  82

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

‘Airteagal 9a

 

Critéir dhámhachtana

 

Déanfar na critéir dhámhachtana a shainiú sna cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 18 agus sna glaonna ar thograí agus cuirfear san áireamh, a mhéid is infheidhme, na heilimintí seo a leanas:

 

(a) comhsheasmhacht leis na sainchuspóirí dá bhforáiltear in Airteagal 4;

 

(b) rannchuidiú le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht an chórais sláinte;

 

(c) an ghné thrasteorann;

 

(d) rannchuidiú le claochlú digiteach;

 

(e) tionchar sóisialta (sochair agus costais);

 

(f) comhsheasmhacht le forálacha Iarscríbhinn 1;

 

(g) rannchuidiú le galair a chosc agus go háirithe ailse;

 

(h) rannchuidiú le rochtain ar leigheas;

 

(i) aibíocht na gníomhaíochta maidir le forbairt an tionscadail;

 

(j) a fhónta is a bheidh an plean cur chun feidhme a bheartaítear;

Leasú  83

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cruthuthófar sásra iontaofa agus éifeachtúil chun aon dúbláil ar chistiúchán a sheachaint agus chun sineirgí a áirithiú idir na cláir agus na beartais éagsúla de chuid an Aontais a bhfuil cuspóirí sláinte á saothrú acu. Déanfar na sonraí uile faoi oibríochtaí agus gníomhaíochtaí cistithe arna maoiniú faoi chláir agus cistí éagsúla de chuid an Aontais a lárú faoin sásra seo. Leanfaidh sé prionsabail na trédhearcachta agus na cuntasachta agus fágfaidh go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lena saothraítear cuspóirí sláinte.

Leasú  84

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

(b) aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht ábhartha idirnáisiúnta amhail údaráis phoiblí, comhlachtaí san earnáil phoiblí, bunaíochtaí sláinte, institiúidí taighde, ollscoileanna agus bunaíochtaí ardoideachais, cumainn othar;

Leasú  85

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

3. Eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ba cheart dóibh costais a rannpháirtíochta a thabhú.

Leasú  86

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí, chun gníomhaíochtaí a chistiú a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas agus atá cómhaoinithe ag na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó sna tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte nó ag comhlachtaí den earnáil phoiblí agus ag comhlachtaí neamhrialtasacha, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó mar líonra, agus sainordú acu ó na húdaráis sin.

5. Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí, chun gníomhaíochtaí a chistiú más amhlaidh atá údar cuí leis na deontais sin, más amhlaidh atá breisluach soiléir acu don Aontas a bheith acu agus más amhlaidh iad a bheith á gcómhaoiniú ag na húdaráis inniúla áitiúla, réigiúnacha nó náisiúnta atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó sna tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte ábhartha nó ag cláir Interreg, nó ag comhlachtaí den earnáil phoiblí agus ag comhlachtaí neamhrialtasacha, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó mar líonra, agus sainordú acu ó 

na húdaráis sin.

Leasú  87

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí do líonraí tagartha Eorpacha. Féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain freisin do líonraí trasnáisiúnta eile a leagtar amach i gcomhréir le rialacha an Aontais.

6. Faoin gClár, déanfar deontais dhíreacha, d’uireasa glao ar thograí, a dhámhachtain do ERNanna a bhaineann úsáid as córas simplithe um thuairisciú airgeadais agus teicniúil. Féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain freisin do líonraí trasnáisiúnta eile, lena n-áirítear cláir Interreg, a leagtar amach i gcomhréir le dlí an Aontais.

Leasú  88

 

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6a. Áiritheofar cistiú leormhaith chun an tsamhail ERN de chúram sláinte trasteorann a chomhdhlúthú agus a fhorleathnú trí sholáthar raoin seirbhísí cliniciúla a dhaingniú ar bhealaí éagsúla, lena n-áirítear dara tuairimí ar líne agus comhairle speisialtóra d’othair maidir le cóireáil agus bainistiú agus i ndáil le clinicí ‘othair sheachtraigh ar líne’.

Leasú  89

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát laistigh den Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach i dtaobh na bpleananna oibre arna mbunú don Chlár agus i dtaobh a thosaíochtaí agus a threonna straitéiseacha agus a chur chun feidhme.

1. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát laistigh den Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach i dtaobh na bpleananna oibre bliantiúla arna mbunú don Chlár agus i dtaobh a thosaíochtaí agus a threoshuíomhanna straitéiseacha agus a chur chun feidhme agus i dtaobh sineirgí féideartha le hacmhainní dílse na mBallstát chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach gníomhaíochtaí a áirithiú.

Leasú  90

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2a. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle leis an nGrúpa Stiúrtha EU4Health maidir leis na pleananna oibre bliantúla arna mbunú don Chlár agus maidir le tosaíochtaí, treoshuíomhanna straitéiseacha agus cur chun feidhme an Chláir, agus maidir le sineirgí féideartha le cistí Eorpacha chun éifeachtúlacht agus inbhuanaitheacht fhadtéarmach na ngníomhaíochtaí a áirithiú.

Leasú  91

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2b. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle freisin le gníomhaireachtaí díláraithe ábhartha an Aontais agus le geallsealbhóirí, amhail ionadaithe eagraíochtaí na sochaí sibhialta, go háirithe eagraíochtaí othar, maidir le pleananna oibre bliantúla arna mbunú don Chlár agus maidir le tosaíochtaí, treoshuíomhanna straitéiseacha agus cur chun feidhme an Chláir.

Leasú  92

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 2 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2c. Glacfaidh an Coimisiún na pleananna oibre bliantúla trí bhíthin gníomhartha tarmligthe. Déanfar na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 den Rialachán seo.

Leasú  93

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Airteagal 16 a

 

Grúpa Stiúrtha EU4Health a bhunú

 

1. Bunóidh an Coimisiún Grúpa Stiúrtha EU4Health (‘an Grúpa Stiúrtha’).

 

2. Déanfaidh an Grúpa Stiúrtha an méid seo a leanas:

 

(i) ionchur a sholáthar, i bhfoirm straitéise agus stiúrtha chuimsithigh, agus rannchuidiú leis na pleananna oibre bliantúla don Chlár;

 

(ii) treoirphlean a fhorbairt le haghaidh comhordú, comhar agus sineirgí idir an Clár agus Cláir eile ina bhfuil gné shláinte comhtháite a stiúradh;

 

(iii) gníomhaíochtaí sláinte luach-dhírithe, inbhuanaitheacht agus réitigh sláinte níos fearr a sholáthar, rochtain ar shláinte a chothú agus éagothromaíochtaí sláinte a laghdú, rannpháirteachas ag othair agus ag an tsochaí a chur chun cinn.

 

3. Beidh an Grúpa Stiúrtha ina ghrúpa de gheallsealbhóirí neamhspleácha, a bheidh comhdhéanta de ghníomhaithe i réimse na sláinte poiblí, amhail ionadaithe Pharlaimint na hEorpa, saineolaithe sláinte neamhspleácha agus ionadaithe othar.

 

4. Beidh an Grúpa Stiúrtha comhdhéanta de 20 duine aonair ardleibhéil agus urraim á tabhairt do phrionsabal na cothromaíochta geografaí agus inscne, ó dhisciplíní agus ó ghníomhaíochtaí éagsúla dá dtagraítear i mír 3.

 

5. Is é an Coimisiún, i gcomhchomhairle leis an bParlaimint, a dhéanfaidh comhaltaí an Bhoird Stiúrtha a cheapadh agus déanfar an méid sin i ndiaidh glao oscailte ar ainmniúcháin nó glao oscailte ar léiriú spéise.

Déanfar comhaltaí a cheapadh ar feadh na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 1(2). Ceapfaidh an Coimisiún Cathaoirleach as measc a chomhaltaí freisin.

 

6. Beidh cruinniú ag an nGrúpa Stiúrtha trí huaire sa bhliain ar a laghad, rud a cheadóidh malartú tuairimí go tráthrialta agus malartú tuairimí trédhearcach.

 

Maidir leis an treoirphlean le haghaidh comhordú, comhar agus sineirgí a stiúradh, éascóidh sé sin infheictheacht agus comhordú a áirithiú i dtaca leis na sásraí airgeadais uile atá ann cheana agus atá ábhartha don tsláinte, agus cuideoidh an treoirphlean sin le comhordú agus comhar a stiúradh.

 

Féadfaidh an Coimisiún dul i gcomhairle leis an nGrúpa Stiúrtha i dtaobh nithe seachas na nithe sin dá dtagraítear i mír 2.

Leasú  94

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

Is leis na cláir oibre bliantúla dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

Leasú  95

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Tacóidh measúnú tionchair inscne leis na cláir oibre.

Leasú  96

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is in Iarscríbhinn II a leagtar amach na táscairí a úsáidfear le tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an gClár maidir le gnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4.

1. Na táscairí, lena n-áirítear táscairí don Chlár agus táscairí atá sonrach do ghníomhaíochtaí, a úsáidfear chun tuairisciú a dhéanamh ar an dul chun cinn atá déanta ag an gClár ionsar ghnóthú na gcuspóirí ginearálta agus sonracha a leagtar amach in Airteagail 3 agus 4, tá siad leagtha amach in Iarscríbhinn II.

Leasú  97

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistiú agus ar chur chun feidhme an Chláir. Chun trédhearcacht a fheabhsú, cuirfear ar fáil go poiblí na sonraí a dhéantar a nuashonrú ar bhonn leanúnach maidir leis an mbainistiú agus cur chun feidhme ar bhealach inrochtana ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

 

Go háirithe, áireofar sonraí do thionscadail atá cistithe sa bhunachar céanna. Áireofar an méid seo a leanas leis na sonraí:

 

(a) faisnéis maidir leis na cineálacha maoinithe agus na cineálacha tairbhithe, lena gceadaítear do rianú trédhearcach ar leithdháiltí airgeadais; forléargas mionsonraithe ar na sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag gníomhaireachtaí an Aontais, lena gceadaítear d’anailís cheart ar an gcomhlántacht idir gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le déanamh.

 

(b) leibhéil an chaiteachais imdhealaithe ag an leibhéal tionscadail chun ceadú d’anailís shonrach, lena n-áirítear in aghaidh limistéar idirghabhála mar a shainítear in Airteagal 13 agus in Iarscríbhinn I.

Leasú  98

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 maidir le leasuithe ar Iarscríbhinn II chun na táscairí a leasú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gá a bheith leis sin.

2. Tugtar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 24 a bhaineann le leasuithe ar Iarscríbhinn II chun na táscairí, lena n-áirítear táscairí don chlár agus táscairí atá sonrach do ghníomhaíochtaí, a leasú nó a fhorlíonadh i gcás ina measfar gá a bheith leis sin.

Leasú  99

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a. Baileofar táscairí, i gcás inarbh ábhartha, agus iad imdhealaithe de réir inscne.

Leasú  100

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an chláir ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil gan an t-ualach riaracháin a mhéadú do thairbhithe. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

Leasú  101

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

4. Déanfaidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí eatraimh agus críochnaitheacha araon chomh maith lena bharúlacha féin a fhoilsiú, a chur in iúl agus a thíolacadh do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

Leasú  102

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheofar leis an gcóras iniúchóireachta don Chlár go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach le linn an Chláir.

Leasú  103

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh an straitéis iniúchóireachta don Chlár bunaithe ar iniúchóireacht airgeadais arna déanamh ar shampla ionadaíoch den chaiteachas ar fud an Chláir trí chéile. Comhlánófar an sampla ionadaíoch le rogha bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas. Gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu sin, lena gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann agus a rialacha is infheidhme faoi seach.

Leasú  104

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin a bheith ag brath ar athbhreithnithe ar chóras comhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hathbhreithnithe comhcheangailte den sórt sin roghnach do chineálacha áirithe tairbhithe agus déanfar iniúchadh ar chórais agus ar phróisis, rud a bheidh á chomhlánú le hiniúchadh ar idirbhearta, arna ndéanamh ag iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtacha a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE.1a Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin iad a úsáid chun cinnteacht fhoriomlán maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex-post agus deimhnithe i ndáil le ráitis airgeadais a athmheas.

 

__________________

 

1a Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87)

Leasú  105

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain tar éis íocaíocht an iarmhéid.

Leasú  106

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta, leis an aidhm go n-áiritheofar cur i bhfeidhm agus léiriú iontaofa agus aonfhoirmeach ar na nósanna imeachta agus rialacha iniúchóireachta le linn ré an chláir.

Leasú  107

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 24 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

2. Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19(2) a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse trí bliana ón [dáta theacht i bhfeidhm an Rialachán seo]. Déanfaidh an Coimisiún, tráth nach déanaí ná naoi mí roimh dheireadh na tréimhse 3 bliana, tuarascáil a ullmhú maidir le tarmligean na cumhachta. Déanfar tarmligean na cumhachta a fhadú go hintuigthe go ceann tréimhsí comhfhaid, mura rud é go gcuireann Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle in aghaidh an fhadaithe sin tráth nach déanaí ná 3 mhí roimh dheireadh gach tréimhse.

Leasú  108

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe a – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Bonneagar sláinte criticiúil atá ábhartha i gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte, uirlisí, struchtúir, próisis, táirgeadh agus acmhainn saotharlainne, lena n-áirítear uirlisí chun faireachas, samhaltú, tuar, cosc agus bainistiú a dhéanamh ar ráigeanna.

(ii) Gníomhaíocht chomhordaithe atá ábhartha i gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte, uirlisí, sásraí, struchtúir, próisis, táirgeadh agus acmhainn saotharlainne, lena n-áirítear uirlisí chun faireachas, samhaltú, tuar, cosc agus bainistiú a dhéanamh ar ráigeanna.

Leasú  109

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Aistriú, oiriúnú agus cur i bhfeidhm dea-chleachtas agus réiteach nuálach ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus tacaíocht shaincheaptha thírshonrach do thíortha, nó do ghrúpaí tíortha, ina bhfuil an ganntar is mó, trí thionscadail shonracha a chistiú lena n-áirítear nascadh, comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht piaraí.

(b) Aistriú, oiriúnú agus cur i bhfeidhm dea-chleachtas agus réiteach nuálach ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit nó réigiúin, agus tacaíocht shaincheaptha thírshonrach do réigiúin nó do thíortha, nó do ghrúpaí réigiún nó tíortha, ina bhfuil an ganntar is mó, trí thionscadail shonracha a chistiú lena n-áirítear nascadh, comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht piaraí.

Leasú  110

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe c – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Suirbhéanna, staidéir, bailiú sonraí agus staidrimh, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, táscairí, bróicéireacht eolais agus cleachtaí tagarmharcanna;

(i) Suirbhéanna, staidéir, bailiú sonraí agus staidrimh inchomparáide, i gcás inarb ábhartha lena n-áirítear sonraí imdhealaithe de réir inscne agus aoise, modheolaíochtaí, aicmithe, micrea-ionsamhlaithe, staidéir phíolótacha, táscairí, bróicéireacht eolais agus cleachtaí tagarmharcanna;

Leasú  111

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe c – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Grúpaí agus painéil saineolaithe a chuireann comhairle, sonraí agus faisnéis ar fáil chun tacú le beartais sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(iii) Grúpaí agus painéil saineolaithe, lena n-áirítear ionadaithe geallsealbhóirí ábhartha i gcás inarb infheidhme, a chuireann comhairle, measúnú, sonraí agus faisnéis ar fáil chun tacú le beartais sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear measúnuithe leantacha ar chur chun feidhme na mbeartas sláinte;

Leasú  112

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe c – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Staidéir agus anailísiú, agus comhairle eolaíoch chun tacú le ceapadh beartas, agus tacaíocht do na coistí eolaíocha maidir le “Sábháilteacht Tomhaltóirí” agus “Rioscaí Sláinte, Rioscaí Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn”.

(iv) Staidéir agus anailís, measúnú córasach ar an tionchar ar an tsláinte de ghníomhaíochtaí beartais eile de chuid an Aontais agus comhairle eolaíoch chun tacú le ceapadh beartas atá bunaithe ar fhianaise, agus tacaíocht do na coistí eolaíocha maidir le ‘Sábháilteacht Tomhaltóirí’ agus ‘Rioscaí Sláinte, Rioscaí Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn’, mar aon leis an ngrúpa saineolaithe maidir leMeasúnú ar Fheidhmíocht na gCóras Sláinte’.

Leasú  113

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(d) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a fhorbairt agus a chur chun feidhme, go háirithe trí thacú leis an méid seo a leanas:

(d) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a fhorbairt, a chur chun feidhme agus a mheas, go háirithe trí thacú leis an méid seo a leanas:

Leasú  114

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil;

(i) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear an tsláinte a chur chun cinn; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt do chur chun feidhme iomlán na gceanglas dlíthiúil agus oibríochtúla ar fud na mBallstát;

Leasú  115

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Bunachair sonraí agus uirlisí digiteacha a fhorbairt agus a oibriú agus idir-inoibritheacht na nithe sin, lena n-áirítear le teicneolaíochtaí braistinte eile i gcás inarb iomchuí, mar shampla teicneolaíochtaí spásbhunaithe;

(iv) Bunachair sonraí agus uirlisí digiteacha a fhorbairt, a oibriú agus a chothabháil agus idir-inoibritheacht na nithe sin, lena n-áirítear tionscadail atá bunaithe cheana, le teicneolaíochtaí braistinte eile i gcás inarb iomchuí, mar shampla teicneolaíochtaí spásbhunaithe agus an intleacht shaorga;

Leasú  116

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Obair iniúchóireachta agus measúnaithe i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais;

(v) Obair iniúchóireachta, measúnaithe agus cigireachta i gcomhréir le reachtaíocht an Aontais;

Leasú  117

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe x

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(x) Pointí teagmhála náisiúnta a thugann treoraíocht, faisnéis agus cúnamh a bhaineann le reachtaíocht sláinte an Aontais agus an Clár a chur chun feidhme;

(x) Pointí teagmhála náisiúnta a thugann treoraíocht, faisnéis agus cúnamh a bhaineann le reachtaíocht sláinte an Aontais agus an Clár a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;

Leasú  118

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe xi

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(xi) Páirtithe leasmhara, ar mhaithe le comhar trasnáisiúnta.

(xi) Páirtithe leasmhara, ar mhaithe le comhar trasnáisiúnta agus réigiúnach.

Leasú  119

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe e

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(e) Stoc-charn struchtúrach agus ullmhúchán le haghaidh géarchéimeanna:

scriosta

(i) Sásra a bhunú chun táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a fhorbairt, a sholáthar agus a bhainistiú agus tacú leis an sásra sin.

 

(ii) Cúltaiscí agus stoc-chairn de chuid an Aontais, de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, i gcomhlántacht le hionstraimí eile an Aontais;

 

(iii) Bunú agus bainistiú a dhéanamh ar shásraí chun faireachán agus leithdháileadh éifeachtúil a dhéanamh ar na saoráidí cúraim atá ar fáil (mar shampla leapacha ospidéil agus spásanna in Aonaid Dianchúraim), chun na hearraí agus na seirbhísí is gá a dháileadh nó a leithdháileadh i gcás géarchéim shláinte, agus chun soláthar agus úsáid shábháilte cógas, cógas imscrúdaitheach agus feistí leighis a áirithiú;

 

(iv) Soláthar na n-earraí agus na seirbhísí is gá chun géarchéimeanna sláinte a chosc agus a bhainistiú agus gníomhaíocht chun rochtain ar na hearraí agus na seirbhísí ríthábhachtacha sin a dhéanamh seasta;

 

(v) Cúltaisce de chuid an Aontais de bhaill foirne agus de shaineolaithe leighis agus cúraim sláinte a bhunú agus a oibriú chomh maith le sásra chun sochar a bhaint as an bhfoireann sin agus as na saineolaithe sin de réir mar is gá chun géarchéim sláinte a chosc nó freagairt uirthi ar fud an Aontais; foireann Éigeandála Sláinte de chuid an Aontais a bhunú agus a oibriú chun comhairle ó shaineolaithe agus cúnamh teicniúil a sholáthar arna iarraidh sin don Choimisiún i gcás géarchéim shláinte

 

Leasú  120

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Gníomhaíochtaí, maidir le gníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cabhrú le cosc, ullmhacht, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, ar fud an Aontais agus ar bhonn trasearnálach, lena n-áirítear an phleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na bhfoirne atá i réimsí an leighis, an chúraim sláinte agus na sláinte poiblí;

(i) Gníomhaíochtaí, maidir le gníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cabhrú le cosc, ullmhacht, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, ar fud an Aontais agus ar bhonn trasearnálach, lena n-áirítear tástálacha struis, an phleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na bhfoirne atá i réimsí an leighis, an chúraim sláinte agus na sláinte poiblí;

Leasú  121

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i a) Sásra Eorpach um Fhreagairt Sláinte (EHRM) a bhunú chun freagairt ar gach cineál bagartha agus géarchéime sláinte agus chun comhordú oibríochtúil ag an leibhéal Eorpach a neartú, arna gcomhordú ag ECDC le cúnamh ó na gníomhaireachtaí ábhartha;

Leasú  122

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Tacú le frithbhearta leighis agus/nó soláthar a dhéanamh ar tháirgeadh éigeandála frithbheart leighis, lena n-áirítear ceimiceáin fhíor-riachtanacha agus substaintí gníomhacha, agus comhar i dtaca le measúnú ar theicneolaíocht sláinte éigeandála agus le trialacha cliniciúla a mhaoiniú;

scriosta

Leasú  123

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Gníomhaíochtaí coisctheacha chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar bhagairtí sláinte agus gníomhaíochtaí chun an fhreagairt ar an ngéarchéim agus bainistiú na géarchéime a choigeartú chun freastal ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin;

(iv) Gníomhaíochtaí coisctheacha chun saoránaigh ar fad, go háirithe grúpaí leochaileacha a chosaint ar bhagairtí sláinte agus gníomhaíochtaí chun an fhreagairt ar an ngéarchéim agus bainistiú na géarchéime a choigeartú chun freastal ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin, amhail cúram bunúsach a áirithiú d’othair a bhfuil galar ainsealach orthu agus a bhfuil cúram maolaitheach agus cóireáil bainistithe péine ag teastáil uathu;

Leasú  124

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe iv a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iv a) Gníomhaíochtaí chun tacú le r-shláinte, amhail an t-aistriú chuig an teilileigheas, cógas a thabhairt sa bhaile agus pleananna coisctheacha / féinchúraim a chur chun feidhme, i gcás inarb indéanta agus inarb iomchuí;

Leasú  125

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe iv b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iv b) Gníomhaíochtaí chun tacú le comhar trasteorann chun rochtain ar chóireáil ghasta a áirithiú d’othair uile ar fud an Aontais, go háirithe iad siúd a bhfuil galar neamhchoitianta orthu;

Leasú  126

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sláinte comhthaobhacha a bhaineann le géarchéim shláinte, go háirithe na hiarmhairtí sin i leith na sláinte meabhrach, i leith othair atá ag fulaingt ó ghalair ainsealacha agus i leith grúpaí leochaileacha eile;

(v) Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sláinte comhthaobhacha a bhaineann le géarchéim shláinte, agus chun iad a bhainistiú, go háirithe na hiarmhairtí sin i leith na sláinte meabhrach, i leith othair atá ag fulaingt ó ghalair ainsealacha agus i leith staideanna leochaileacha eile, lena n-áirítear daoine a bhfuil andúil acu, a bhfuil VEID/SEIF orthu, nó a bhfuil eitinn orthu;

Leasú  127

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe viii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(viii a) Tacú le gníomhaíocht maidir le faireachas eipidéimeolaíochta, lena ndírítear ar eintitis sláinte náisiúnta, agus dá réir sin, lena rannchuidítear le measúnú ar ghnéithe a dhéanann difear nó a chinneann sláinte na saoránach;

Leasú  128

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe viii b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(viii b) Gníomhaíochtaí lena n-áirithítear nach gcuirtear isteach ar rochtain ar chógais, agus lena n-áirithítear leanúnachas cúraim agus cóireála, go háirithe d’othair a bhfuil riochtaí ainsealacha orthu;

Leasú  129

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(g) Córais náisiúnta sláinte a neartú:

(g) Córais náisiúnta sláinte a neartú, an tsláinte a chur chun cinn agus a chosaint agus galair a chosc:

Leasú  130

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach agus chun cúram sláinte príomhúil a neartú, cúram sláinte a chomhtháthú agus tabhairt faoi chlúdach sláinte uilíoch agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte;

(i) Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht, agus cistiú an Aontais atá ar fáil a nascadh ag an am céanna, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach agus ag Moltaí Tírshonracha maidir leis an tsláinte, agus chun cúram sláinte príomhúil a neartú, cúram sláinte a chomhtháthú agus tabhairt faoi chlúdach sláinte uilíoch agus rochtain chomhionann a bhaint amach ar chúram sláinte atá ar ardchaighdeán;

Leasú  131

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i a) Tacú le beartais agus gníomhaíochtaí cur chun feidhme chun éagothromaíochtaí sláinte agus éagothromaíochtaí maidir le cúram sláinte a laghdú;

Leasú  132

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Cláir oiliúna le haghaidh baill foirne leighis agus cúraim sláinte, agus cláir chun baill foirne a mhalartú ar bhonn sealadach;

(ii) Tacú, i sineirge le Cláir eile, le cláir oiliúna, oideachais agus soghluaisteachta do bhaill foirne leighis agus cúraim sláinte, lena n-áirítear cláir ar líne, agus cláir chun baill foirne a mhalartú ar bhonn sealadach, go háirithe d’fhonn feabhas a chur ar a gcuraclaim agus ar a scileanna digiteacha;

Leasú  133

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Tacaíocht chun feabhas a chur ar dháileadh geografach na n-oibrithe cúraim sláinte agus ‘fásaigh leighis’ a sheachaint;

(iii) Tacú, i sineirge le Cláir eile, chun feabhas a chur ar dháileadh geografach an lucht saothair cúraim sláinte, agus ag an am céanna a áirithiú go bhfuil dáileadh den sórt sin den lucht saothair comhréireach le daonra an limistéir nó an réigiúin i dtrácht, agus dá réir sin ‘fásaigh leighis’ a sheachaint agus beartais choinneála a chur chun cinn agus a chur chun feidhme;

Leasú  134

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Tacaíocht chun Saotharlanna agus Ionaid Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh a bhunú agus a chomhordú, mar aon le hIonaid bairr feabhais;

(iv) Tacú le bunú, comhordú agus imlonnú Saotharlanna agus Ionad Tagartha de chuid an Aontais Eorpaigh, Ionad Bairr Feabhais, agus ardán de chuid AE atá sonrach do ghalair chun dea-chleachtais idir na Ballstáit a mhalartú, a chur i gcomparáid le chéile agus a thagarmharcáil;

Leasú  135

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Iniúchadh a dhéanamh ar ullmhacht na mBallstát agus ar a socruithe maidir le freagairt (mar shampla bainistiú géarchéime, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, vacsaíniú);

(v) Iniúchadh a dhéanamh ar ullmhacht na mBallstát agus ar a socruithe maidir le freagairt (mar shampla bainistiú géarchéime, frithsheasmhacht in aghaidh ábhar frithmhiocróbach, vacsaíniú) agus ar chur chun feidhme a gclár nó a straitéisí náisiúnta maidir leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc;

Leasú  136

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe viii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(viii a) Tacú le creat de chuid an Aontais agus leis na huirlisí digiteacha idir-inoibritheach a bhaineann leo chun comhar maidir le measúnú ar theicneolaíochtaí sláinte i measc na mBallstát agus i líonraí a neartú, lena n-áirítear líonraí chun go mbeidh sé ar chumas na mBallstát measúnuithe cliniciúla comhpháirteacha, comhairliúcháin eolaíocha chomhpháirteacha agus gníomhaíochtaí ábhartha eile atá tráthúil, iontaofa agus ar ardcháilíocht a sholáthar agus a mhalartú chun tacú le cinnteoirí torthaí comhair maidir le HTA a mhalartú;

Leasú  137

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe ix

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ix) Tacú le cláir a bhunú agus a chur chun feidhme lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit agus dá ngníomhaíocht chun cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú (i ndáil le galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha);

(ix) Tacú le cláir náisiúnta agus Eorpacha a bhunú agus a chur chun feidhme, lena n-áirítear cláir dhigiteacha agus atá bunaithe ar fhianaise, lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit agus dá ngníomhaíocht chun cur chun cinn na sláinte, feasacht maidir leis an tsláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú (i ndáil le galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha) in aonaid sláinte agus i bpobail, agus na príomhghnéithe de ghalair ainsealacha a mhaolú;

Leasú  138

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe ix a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ix a) Tacú le bunú agus feidhmiú ardán de chuid an Aontais a bhaineann go sonrach le galair chun dea-chleachtais idir na Ballstáit a mhalartú, a chur i gcomparáid lena chéile agus a thagarmharcáil, san fhoirm líonraí barr feabhais i réimse na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach, go háirithe i réimse na ngalar ainsealach;

Leasú  139

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe ix b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ix b) Tacú le treoirlínte a bhunú chun galair i réimse na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach araon a chosc agus a bhainistiú;

Leasú  140

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe x

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(x) Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun timpeallachtaí uirbeacha, oibre agus scoile a chruthú a bheidh sláintiúil agus sábháilte, chun roghanna saoil sláintiúla a chumasú agus chun aistí bia sláintiúla a chur chun cinn agus riachtanais grúpaí leochaileacha á gcur san áireamh;

(x) Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun timpeallachtaí uirbeacha, oibre agus scoile a chruthú a bheidh sláintiúil agus sábháilte, chun meabhairshláinte agus oideachas sláinte a chur chun cinn, chun roghanna saoil sláintiúla a chumasú agus chun gníomhaíocht choirp rialta agus aistí bia sláintiúla a chur chun cinn agus riachtanais daoine ag gach céim dá saol á gcur san áireamh leis an aidhm sláinte ar feadh an tsaoil a chur chun cinn;

Leasú  141

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe x a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(x a) Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun aghaidh a thabhairt ar thosca sláinte, lena n-áirítear laghdú ar dhochar a bhaineann le halcól agus an úsáid tabac;

Leasú  142

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe x b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(x b) Tacú le gníomhaíochtaí na mBallstát chun rochtain ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe agus ar tháirgí leighis a bhaineann leo a áirithiú, agus cuir chuige comhtháite agus trasnacha maidir le cosc, diagnóis, cóireáil agus cúram a thacú;

Leasú  143

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe x c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(x c) Gníomhaíochtaí lena gcuirtear cúram agus tacaíocht chun cinn d’íospartaigh ar fhoréigean inscne;

Leasú  144

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe x d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(x d) Gníomhaíochtaí lena ndéantar rochtain chomhionann ar sheirbhísí cúraim sláinte agus saoráidí a bhaineann leo agus ar chúram do dhaoine faoi mhíchumas a chur chun cinn;

Leasú  145

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xi a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(xi a) Tacú leis na Ballstáit agus athbhreithniú á dhéanamh acu ar a bpleananna náisiúnta maidir le galair neamhchoitianta chun na socruithe airgeadais agus eagraíochtúla is gá a chur i bhfeidhm chun córas na Líonraí Tagartha Eorpacha a chomhtháthú go héifeachtach sna córais sláinte náisiúnta trí tacú freisin le forbairt agus cur chun feidhme thacar na mbeartas, na rialacha agus na nósanna imeachta atá ag teastáil chun an córas ERN a dhaingniú ag an leibhéal náisiúnta;

Leasú  146

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xi b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(xi b) Tacú le cur chun feidhme chóras na líonraí tagartha Eorpacha chun measúnú, faireachán, meastóireacht agus feabhsú cáilíochta leanúnach a dhéanamh;

Leasú  147

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xi c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(xi c) Cistiú a chur i leataobh chun sásraí éifeachtacha agus buana a chruthú le haghaidh comhoibriú ERNanna chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais ilchórais a thagann ó ghalair íseal-leitheadúlachta agus ó ghalair neamhchoitianta agus chun líonrú trasnánach idir speisialtachtaí agus disciplíní éagsúla a éascú;

Leasú  148

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xi d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(xi d) Tacú leis na mBallstáit a Lárionaid Saineolais do ghalair neamhchoitianta a neartú chun inniúlachtaí na gcóras sláinte náisiúnta a mhéadú maidir le galair den sórt sin a dhiagnóisiú, a chóireáil agus a bhainistiú, maidir le comhar trasnáisiúnta i ndáil le códú, faisnéis agus eolas i réimse galar neamhchoitianta, go háirithe bunachar sonraí Orphanet;

Leasú  149

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(xii a) Tacú le comhar agus comhordú idir na Ballstáit chun Líonra Eorpach le haghaidh Barr feabhais Ospidéal a chruthú, lena bhfeabhsaítear cóireáil thrasteorann do ghalair neamhchoitianta agus rochtain ar chóireáil do gach saoránach an Aontais a mhéadú;

Leasú  150

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(h) Gníomhaíochtaí i gcoinne na hailse:

(h) Gníomhaíochtaí maidir le hailse, lena n-áirítear hailse phéidiatrach:

Leasú  151

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Tacú leis na Ballstáit agus le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha i gcur chun cinn agus i gcur chun feidhme mholtaí an Chóid Eorpaigh i gCoinne na hAilse;

(i) Tacú leis na Ballstáit, leis an nGníomhaireacht Idirnáisiúnta um Thaighde ar Ailse agus le hEagraíochtaí Neamhrialtasacha i gcur chun cinn agus i gcur chun feidhme mholtaí an Chóid Eorpaigh i gCoinne na hAilse; tacú le hathbhreithniú agus nuashonrú leanúnach ar eagrán reatha an Chóid Eorpaigh i gCoinne na hAilse;

Leasú  152

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i a) Tacú le hInstitiúid Eorpach um Ailse (ECI) a bhunú mar ardán le haghaidh cur chun feidhme na Líonraí Tagartha Eorpacha maidir le hAilse, bailiú sonraí cliniciúla i measc ionad ó gach tír rannpháirteach ar fud an Aontais agus tosaíocht a thabhairt do chláir taighde barr feabhais acadúla agus cliniciúla i réimse na hailse lena n-áirítear ailse phéidiatrach;

Leasú  153

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Tacú le cláir choisc maidir leis na príomhthosca riosca a bhaineann leis an ailse;

(iii) Tacú le cláir choisc maidir leis na príomhthosca riosca a bhaineann leis an ailse a bhfuil a n-éifeachtúlacht léirithe agus a bhfuil tacaíocht acu ó fhianaise;

Leasú  154

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe iv a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iv a) Gníomhaíocht chun tacú le cur chun feidhme na clárlanna ailse sna Ballstáit uile;

Leasú  155

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Gníomhaíochtaí chun tacú le rochtain ar sheirbhísí ailse agus ar chógais nuálacha don ailse;

(v) Gníomhaíochtaí chun tacú le beartais, cláir náisiúnta agus treoirlínte a chur chun feidhme, i gcomhréir le plean na hEorpa maidir le Deireadh a Chur le hAilse, chun éagothromaíochtaí a laghdú agus rochtain ar sheirbhísí ailse, ar chúram tacúil agus maolaitheach, agus ar scagthástáil, chóireáil agus cógais atá nuálach, inrochtana agus éifeachtach maidir le hailse a dheonú ar fud na mBallstát uile, i sineirge iomlán leis an bhFís Eorpach agus lena bunchuspóirí agus le comhpháirtíochtaí;

Leasú  156

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe v a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(v a) Gníomhaíochtaí lena dtacaítear le rochtain chomhionann agus thráthúil ar chógais agus theiripí nua agus nuálach, lena n-áirítear le haghaidh cúram tacúil agus maolaitheach, le haghaidh urchóideachtaí péidiatracha, ar fud na hEorpa, agus infhaighteacht agus inacmhainneacht na gcógas agus na gcóireálacha sin i ndáileoga agus i bhfoirmlithe atá fabhrach do leanaí a chothú;

Leasú  157

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe v b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(v b) Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leanaí agus déagóirí a bhfuil ailse orthu, agus na ndaoine a tháinig slán ón ailse, ar riachtanais iad nach bhfuiltear ag freastal orthu, trí chláir agus pleananna tiomnaithe a chuirfidh ERN ar a chumas, lena n-áirítear cláir agus pleananna maidir le hAilse Phéidiatrach;

Leasú  158

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe vii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(vii) Gníomhaíochtaí chun tacú le cáilíocht i dtaca le cosc agus cúram ailse, lena n-áirítear diagnóis agus cóir leighis;

(vii) Gníomhaíochtaí chun tacú le cáilíocht i dtaca le cosc agus cúram ailse, lena n-áirítear diagnóis agus cóir leighis, obair leantach, agus cúram tacúil agus maolaitheach;

Leasú  159

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe viii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(viii) Gníomhaíochtaí chun tacú le cáilíocht saoil na ndaoine a tháinig slán ón ailse agus na gcúramóirí;

(viii) Gníomhaíochtaí chun tacú le cáilíocht saoil daoine a tháinig slán ón ailse agus le cáilíocht saoil cúramóirí, lena n-áirítear tacaíocht shíceolaíoch, bainistíocht péine, agus athimeascadh gairmiúil a sholáthar;

Leasú  160

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe ix

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ix) Tacú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht rialaithe tobac an Aontais;

(ix) Tacú le cur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht rialaithe tobac an Aontais, agus le cur chun feidhme reachtaíochta gaolmhaire eile i réimse an choisc agus na sláinte a chur chun cinn, lena n-áirítear chun dhochar a bhaineann le halcól a laghdú;

Leasú  161

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe x

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(x) Sásraí a bhunú, agus tacú leo, le haghaidh forbairt acmhainní tras-speisialtachtaí agus oideachas leanúnach i réimse an chúraim ailse.

(x) Sásraí a bhunú, agus tacú leo, le haghaidh forbairt acmhainní tras-speisialtachtaí agus oideachas leanúnach de ghairmithe cúraim sláinte agus de chúramóirí neamhfhoirmiúla i réimse an chúraim ailse, na scagthástála agus an fháthmheasa luaith, go háirithe i réimse na hailse péidiatraí, leis an aidhm cáilíocht an chúraim a fheabhsú;

Leasú  162

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe x a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(x a) Gníomhaíochtaí chun tacú le cur chuige atá comhtháiteach, comhordaithe, ildisciplíneach agus dírithe ar an othar maidir le hothair ailse agus daoine a tháinig slán ón ailse;

Leasú  163

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Tacú le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an drogall roimh an vacsaíniú;

(ii) Tacú le gníomhaíochtaí chun dul i ngleic leis an drogall roimh an vacsaíniú agus bréagaisnéis, agus imdhíonadh ar feadh céimeanna uile de shaol an duine a chur chun cinn;

Leasú  164

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe ii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ii a) Tacú le huirlisí agus ardáin chun fíorfhianaise a bhailiú maidir le sábháilteacht, éifeachtacht agus tionchar vacsaíní tar éis úsáid a bhaint astu, gan dochar do ghiniúint na fianaise láidre sa chéim réamhcheadaithe;

Leasú  165

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe ii b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ii b) tacú le gníomhaíocht le haghaidh deireadh a chur le galair atá inchoiscthe trí vacsaíniú;

Leasú  166

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Tacú le trialacha cliniciúla chun dlús a chur le cógais agus vacsaíní nuálacha, sábháilte agus éifeachtacha a fhorbairt, a údarú agus a chur ar fáil;

(iii) Tacú le trialacha cliniciúla agus le húsáid a bhaint as fíorshonraí, lena n-áirítear iad siúd lena mbaineann comhordú méadaithe ar leibhéal an Aontais agus le EMA, chun dlús a chur le forbairt, údarú agus rochtain cógas agus vacsaíní nuálacha, sábháilte agus éifeachtacha;

Leasú  167

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe iii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii a) Tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d'aidhm acu sásra digiteach Eorpach a chruthú agus a fhorbairt chun tuairisciú, fógra a thabhairt agus faireachán a dhéanamh ar bhealach níos fearr ar ghanntanais a d’fhéadfadh a bheith ann, i bhfoirm ardán an Aontais le haghaidh ganntanais cógas, vacsaíní agus feistí leighis, bunaithe ar shamhail bailithe sonraí comhchuibhithe agus idir-inoibritheach amháin agus ar chórais tuairiscithe náisiúnta le haghaidh ganntanas, lena n-áirítear bonneagar teileamaitice éifeachtach an Aontais a nascfaidh sonraí maidir le cógais agus slabhraí soláthair a chur chun feidhme go hiomlán;

Leasú  168

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe iii b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii b) Tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu méadú a spreagadh i dtáirgeadh APInna agus táirgí íocshláinte atá bunriachtanach san Aontas, lena n-áirítear trí shlabhraí soláthair a éagsúlú i dtáirgeadh comhábhar gníomhach agus cógas cineálach laistigh den Aontas chun spleáchas na mBallstát ar thríú tíortha áirithe a laghdú;

Leasú  169

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Tacú le gníomhaíocht lena n-áiritheofar go mbeidh fáil níos mó ar chógais agus ar fheistí leighis san Aontas agus cuidiú lena n-inacmhainneacht d’othair agus do chórais leighis;

(iv) Tacú le gníomhaíocht lena n-áiritheofar go mbeidh fáil níos mó ar tháirgí íocshláinte agus ar fheistí leighis san Aontas agus ranncuidiú lena n-inacmhainneacht d’othair agus do chórais leighis;

Leasú  170

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Tacú le gníomhaíocht chun forbairt táirgí nuálacha agus táirgí ar lú an díol spéise iad ó thaobh na tráchtála de, amhail ábhair fhrithmhiocróbacha, a spreagadh;

(v) Tacú le gníomhaíocht chun fionnachtain agus forbairt cógas agus vacsaíní nuálacha a spreagadh chun dúshláin cúraim sláinte agus riachtanais othar a bhaint amach;

Leasú  171

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe v a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(v a) Tacú le gníomhaíochtaí chun nuálaíocht a chothú ó thaobh cógais iarphaitinne a athphróifíliú, a athmhúnlú agus a chomhcheangal lena soláthraítear feabhsuithe ábhartha d’othair, do ghairmithe cúraim sláinte agus do chórais cúraim sláinte;

Leasú  172

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe v b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(v b) Gníomhaíocht chun aghaidh a thabhairt ar chlistí margaidh maidir le hantaibheathaigh agus infheistíochtaí inbhuanaithe a spreagadh le haghaidh ábhair frithmhicróbacha nua, cógais do ghalair neamhchoitianta agus cógais chun comhrac i gcoinne galair teagmhálacha a fhionnadh agus a fhorbairt, agus rochtain chothrom a áirithiú ag an am céanna;

Leasú  173

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe vi

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(vi) Tacú le gníomhaíocht chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas agus feistí leighis sna hospidéil agus sna cógaslanna dáileacháin, chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin agus chun seasmhacht an tsoláthair a fheabhsú;

(vi) Tacú le gníomhaíocht chun ganntanais cógas agus feistí leighis sna hospidéil agus sna cógaslanna dáileacháin a chosc, a bhainistiú, a thuairisciú, fógra a thabhairt orthu agus faireachán a dhéanamh orthu, chun ganntanais tuairiscithe a bhailiú i mbunachar sonraí láraithe, atá idir-inoibritheach le bunachair shonraí ina bhfuil sonraí rialála maidir le cógais, chun aghaidh a thabhairt ar na ganntanais sin agus chun seasmhacht an tsoláthair a fheabhsú;

Leasú  174

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe viii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(viii) Gníomhaíocht chun measúnú riosca don chomhshaol, ó earraí cógaisíochta, a neartú;

(viii) Gníomhaíocht chun measúnú riosca don chomhshaol, ó earraí cógaisíochta agus feistí leighis, a neartú;

Leasú  175

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe ix

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ix) Gníomhaíocht chun úsáid agus diúscairt stuama ábhar frithmhiocróbach a chur chun cinn;

(ix) Gníomhaíocht chun úsáid agus diúscairt stuama cógas, go háirithe ábhair fhrithmhiocróbach a chur chun cinn agus úsáid fhoriomlán na gcógas a laghdú, gníomhaíocht chun tacú le faireachas ar úsáid ábhair fhrithmhiocróbaigh agus chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne frithsheasmhacht fhaighte fhrithmhiocróbach (AMR);

Leasú  176

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe x

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(x) Tacú le gníomhaíocht chun cóineasú rialála idirnáisiúnta a chothú i dtaobh cógas agus feistí leighis.

(x) Tacú le gníomhaíocht chun cóineasú rialála idirnáisiúnta agus spleáchas a chothú i dtaobh táirgí íocshláinte agus feistí leighis, agus chun formhaoirseacht rialála ón Aontas a fheabhsú.

Leasú  177

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Tacú le bonneagair seirbhísí digiteacha idir-inoibritheacha sheanbhunaithe a chur in úsáid, a oibriú agus a chothabháil, chomh maith le próisis dearbhaithe cáilíochta sonraí le haghaidh malartú, rochtain, úsáid agus athúsáid sonraí; tacú le líonrú trasteorann, lena n-áirítear trí ríomhthaifid leictreonacha, clárlanna agus bunachair sonraí eile a úsáid;

(i) Tacú le bonneagair seirbhísí digiteacha idir-inoibritheacha sheanbhunaithe a chur in úsáid, a oibriú agus a chothabháil, chomh maith le próisis dearbhaithe cáilíochta agus sonraí slándála le haghaidh malartú, rochtain, úsáid agus athúsáid sonraí; tacú le líonrú trasteorann, lena n-áirítear trí ríomhthaifid sláinte, clárlanna agus bunachair sonraí eile a fheabhsú agus a úsáid ar bhealach níos fearr;

Leasú  178

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i a) Taifead Sláinte Leictreonach Eorpach a bhunú agus tacú lena chur chun feidhme sna Ballstáit chun úsáid r-shláinte a mhéadú agus chun inbhuanaitheacht agus athléimneacht na gcóras cúraim sláinte a fheabhsú;

Leasú  179

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe i b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(i b) Tacú leis na Ballstáit chun clárlanna ERN a fheabhsú, a fhorbairt agus a chur chun feidhme tuilleadh;

Leasú  180

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainní chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha; uas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte;

(ii) Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainní chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha agus úsáid shábháilte agus ath-úsáid sonraí sláinte a neartú, i gcomhréir le RGCS; tacú agus cur chun feidhme uas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte agus na saoránach, trí bhearta feabhsaithe oideachais, oiliúna agus feasacht maidir leis an tsláinte (dhigiteach);

Leasú  181

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Tacú le cur in úsáid agus idir-inoibritheacht uirlisí agus bonneagar laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus le hInstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais; forbairt a dhéanamh ar struchtúir rialachais iomchuí agus ar chórais faisnéise sláinte de chuid an Aontais, ar córais iad a bheidh inbhuanaithe idir-inoibritheach, mar chuid den spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte, agus rochtain agus smacht na saoránach ar a sonraí sláinte a neartú;

(iii) Tacú le cur in úsáid agus idir-inoibritheacht uirlisí agus bonneagar digiteach laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus le hInstitiúidí, gníomhaireachtaí agus comhlachtaí an Aontais; forbairt a dhéanamh ar struchtúir rialachais iomchuí agus ar chórais faisnéise sláinte de chuid an Aontais, ar córais iad a bheidh inbhuanaithe idir-inoibritheach, mar chuid den spás Eorpach haghaidh sonraí sláinte d’fhonn imlonnú sábháilte agus éifeachtúil IS ó thaobh cúram sláinte lena ndéantar rochtain agus smacht na saoránach ar a sonraí sláinte a neartú agus a éascú; tacú le glacadh agus cur chun feidhme níos leithne tionscnamh agus tionscadal reatha rathúil maidir le sláinte dhigiteach atá dírithe ar an duine agus maidir le sonraí sláinte;

Leasú  182

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Tacú leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an teilileigheas/teileashláinte, lena n-áirítear trí chumarsáid satailíte le haghaidh ceantair iargúlta, nuálaíocht eagraíochtúil dhigiteach a chothú i saoráidí cúraim sláinte agus uirlisí digiteacha a thacaíonn le cumhachtú an tsaoránaigh agus cúram daonlárnach a chur chun cinn.

(iv) Tacú le rochtain agus an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an teilileigheas/teileashláinte, lena n-áirítear trí chumarsáid satailíte le haghaidh ceantair iargúlta, nuálaíocht eagraíochtúil dhigiteach a chothú i saoráidí cúraim sláinte agus uirlisí digiteacha a thacaíonn le cumhachtú an tsaoránaigh agus cúram daonlárnach a chur chun cinn; rannpháirtíocht othar agus gairmithe cúraim a chur chun cinn ó thaobh comhdhearadh agus comhfhorbairt teilileighis/teileashláinte agus réitigh dhigiteacha eile atá soláimhsithe, inrochtana, slán agus éifeachtach.

Leasú  183

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Teachtaireacht chun cosc ar ghalair agus stíleanna maireachtála sláintiúla a chur chun cinn, i gcomhar leis na gníomhaithe go léir lena mbaineann ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta.

(iii) Teachtaireacht chun an tsláinte, stíleanna maireachtála sláintiúla agus cosc ar ghalair a chur chun cinn, i gcomhar leis na gníomhaithe go léir lena mbaineann ar an leibhéal idirnáisiúnta, ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach;

Leasú  184

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k – pointe iii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii a) Feachtais ardaithe feasachta don phobal i gcoitinne mar aon le spriocghrúpaí agus tionscadail atá faoi stiúir geallsealbhóirí, lena n-áirítear cosc ar bhréagaisnéis agus í a chomhrac;

Leasú  185

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k – pointe iii b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii b) Gníomhaíochtaí cumarsáide chun mífhaisnéis agus bréagaisnéis a chomhrac, amhail bréagnuacht, maidir le cógais, vacsaíní, táirgí íocshláinte, cúiseanna agus cóireálacha galar;

Leasú  186

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k – pointe iii c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii c) Cumarsáid le saoránaigh maidir le rioscaí sláinte agus tosca sláinte;

Leasú  187

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k – pointe iii d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii d) Cumarsáid, faisnéis agus feachtais feasachta maidir le deonú comhchodanna fola, orgán, fíochán agus ceall a chuireann an pobal ar an eolas faoi a thábhachtaí atá deonú den sórt sin, ó thaobh dlúthpháirtíochta, beartas sláinte agus tairbhí teiripeacha de.

Leasú  188

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe I

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

I. Cáilíocht agus iomláine phleanáil ullmhachta agus freagartha an Aontais agus na mBallstát i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte

I. Cáilíocht agus iomláine phleanáil ullmhachta agus freagartha an Aontais agus na mBallstát i gcomhair bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, lena n-áirítear táscairí um mheasúnú athléimneachta ar fud an Aontais

Leasú  189

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe II

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

II. Rochtain ar chógais arna n-údarú go lárnach, mar shampla, líon na n-údaruithe dílleachtaí, Táirgí Íocshláinte Ardteiripe, Táirgí Íocshláinte le haghaidh Úsáid Phéidiatraiceach nó vacsaíní, le haghaidh riachtanais nach bhfuil comhlíonta

II. Rochtain ar chógais agus feistí leighis arna n-údarú go lárnach, mar shampla, líon na n-údaruithe dílleachtaí nua agus atá ann cheana, Táirgí Íocshláinte Ardteiripe, Táirgí Íocshláinte le haghaidh Úsáid Phéidiatraiceach nó vacsaíní, le haghaidh riachtanais nach bhfuil comhlíonta

 

Leasú  190

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe III

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

III. Líon na ngníomhaíochtaí agus na ndea-chleachtas atá ag cur go díreach le SDG 3.4/Ballstát

III. Líon na ngníomhaíochtaí agus na ndea-chleachtas atá ag cur go díreach le baint amach Clúdaigh Sláinte Uilíoch in aghaidh an Bhallstáit

Leasú  191

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe IV

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

IV. An méid atá na Ballstáit ag cur na ndea-chleachtas chun feidhme

IV. Cur chun feidhme na gclár sláinte ag Ballstáit AE, lena gcuirtear an tsláinte chun cinn, lena gcuirtear cosc ar ghalair agus lena dtugtar aghaidh ar éagothromaíochtaí sláinte

Leasú  192

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe IV a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

IV a. Spás Eorpach Sonraí Sláinte (EHDS) a chur chun feidhme

Leasú  193

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Líon na nósanna imeachta nua le haghaidh dlús a chur le forbairt agus measúnú cógas le haghaidh mór-riachtanais sláinte poiblí, agus teicneolaíochtaí núíosacha á gcur san áireamh

Leasú  194

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 b. Líon na mBallstát a bhfuil leibhéal leormhaith de bhonneagar sláinte digití acu

Leasú  195

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 c. An líon Ballstát a chuir an Taifead Sláinte Leictreonach Eorpach chun feidhme

Leasú  196

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 1 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 d. Cion de shaoránaigh na mBallstát a bhfuil rochtain acu ar a gcuid sonraí ar EHDS, in aghaidh an Bhallstáit

Leasú  197

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Líon na ndáileog vacsaíne a tugadh amach

3. Líon na ndáileog vacsaíne a cuireadh ar fáil de réir cineáil agus de réir Ballstát

Leasú  198

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

3 a. Cuimsiú vacsaínithe, ó thaobh aoise de, agus ó thaobh galair inchoiscthe trí vacsaíniú

Leasú  199

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

6. Glanráta marthanais cúig bliana, caighdeánaithe de réir aoise, i gcomhair ailse i mbéal na broinne, ailse chíche agus ailse chalaireicteach

6. Glanráta marthanais cúig bliana, caighdeánaithe ó thaobh aoise de, i gcomhair ailse de réir cineáil, aoise, inscne agus Ballstáit

Leasú  200

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6 a. Glanráta marthanais cúig bliana, caighdeánaithe ó thaobh aoise de, i gcomhair ailse phéidiatrach de réir cineáil, aoise, inscne agus Ballstáit

Leasú  201

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

6 b. Clúdach scagthástála na gclár scagthástála le haghaidh ailse chíche, ailse i mbéal na broinne agus ailse chalaireicteach, de réir cineáil, aoise, inscne agus Ballstáit

Leasú  202

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

7. Cóimheas na gClárlann Ailse agus líon na mBallstát a thuairiscíonn faisnéis maidir le hailse i mbéal na broinne, ailse chíche agus ailse chalaireicteach ag céim na diagnóise

7. Cóimheas na gClárlann Ailse agus líon na mBallstát a thuairiscíonn faisnéis maidir le hailse ag céim na diagnóise

Leasú  203

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 a. An cóimheas idir ospidéalú le haghaidh cúram maolaitheach agus an toradh i gcás ailse, agus i gcás ailse phéidiatrach, de réir cineáil, aoise, inscne agus Ballstáit

Leasú  204

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 b. Cóimheas na gClárlann Ailse Péidiatraí in aghaidh an Bhallstáit agus líon na mBallstát a thuairiscíonn faisnéis maidir le hailse phéidiatrach ag céim na diagnóise

Leasú  205

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 c. Leitheadúlacht mórghalar ainsealach in aghaidh an Bhallstáit, de réir galar, inscne agus aoise

Leasú  206

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 d. Ráta básmhaireachta de bharr galar neamhtheagmhálach, caighdeánaithe ó thaobh aoise de, (in aghaidh 100 000 duine), de réir galair

Leasú  207

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 e. Céatadán othar le VEID/SEIF le rochtain acu ar chóireáil leormhaith, de réir Ballstáit, inscne agus aoise

Leasú  208

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 7 f (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

7 f. Cion othar eitinne le rochtain acu ar chóireáil leormhaith, de réir Ballstáit, inscne agus aoise

Leasú  209

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

8. Leitheadúlacht a bhaineann le caitheamh tobac

8. Leitheadúlacht úsáide tobac, caighdeánaithe ó thaobh aoise de, de réir inscne

Leasú  210

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid B – pointe 9

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

9. Líon na nganntanas cógas i líonra an phointe teagmhála aonair

9. Líon na nganntanas cógas sna Ballstáit

Leasú  211

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 9 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

9 a. Gníomhaíochtaí atá dírithe ar tháirgeadh APInna agus táirgí íocshláinte bunriachtanacha sa AE a spreagadh

Leasú  212

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

12 a. Úsáid fhrithmhiocróbach de réir cineál Ceimiceach Teiripeach Anatamaíoch agus in aghaidh an Bhallstáit

Leasú  213

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 12 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

12 b. Básmhaireacht inchurtha i leith ionfhabhtú bainteach leis an gcúram sláinte, de réir aoise, inscne agus Ballstáit

Leasú  214

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 12 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

12 c. Básanna inseachanta a cuireadh i leith galar cardashoithíoch, ailse, diaibéitis, blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh an mhíchumais de atá inchurtha i leith galair neamhtheagmhálacha agus blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh cáilíochta de, galar riospráide ainsealach, le haghaidh daoine níos óige ná 75 bliana d’aois, de réir inscne agus Ballstáit

Leasú  215

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

13. Líon na n-aonad ospidéil atá páirteach i líonraí tagartha Eorpacha agus líon na n-othar a fhaigheann diagnóisiú agus cóir ó bhaill de líonraí tagartha Eorpacha

13. Líon na n-aonad sláinte atá páirteach i líonraí tagartha Eorpacha agus líon na n-othar a fhaigheann diagnóisiú agus cóir ó bhaill de líonraí tagartha Eorpacha

Leasú  216

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14 a. Líon na measúnuithe tionchair sláinte ar bheartais an Aontais

Leasú  217

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 14 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14 b. Leitheadúlacht murtaill caighdeánaithe ó thaobh aoise de, de réir inscne agus Ballstáit

Leasú  218

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 14 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14 c. Cóimheas na mortlaíochta máthartha, de réir aoise agus de réir Ballstáit

Leasú  219

 

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 14 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14 d. Ráta mortlaíochta naíonán de réir Ballstáit


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Réamhrá

An 28 Bealtaine 2020, chuir an Coimisiún Clár EU4Health nua neamhspleách EUR 9.4 billiún ar aghaidh do 2021-2027 mar chuid den Phlean don Téarnamh, a d’iarr ENVI le fada, chun córais sláinte athléimneacha a thógáil san Aontas trí dhul i ngleic le bagairtí sláinte trasteorann, trí chógais leighis a chur ar fáil agus ar phraghas réasúnta, agus trí chórais sláinte a neartú. Faoi thogra tosaigh CAI 2021-2027, bhí an Clár Sláinte ina chuid lárnach de Chiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+) agus ba cheann de shraitheanna an Chiste é.

Tá sé mar aidhm leis an gClár nua arna mholadh ag an gCoimisiún a chinntiú go bhfanfaidh an tAontas de bheith ar an réigiún is sláintiúla ar domhan agus go mbeidh na huirlisí uile dá bhfuil ann ar fáil dó chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin sláinte ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais agus go mbeidh sé níos ullmhaithe d'aon bhagairt sláinte nua a thiocfaidh chun cinn agus a d'fhéadfadh muintir an Aontais a chur i mbaol. I gClár EU4Health, déantar foráil maidir le gníomhaíochtaí nua, lena líonfar bearnaí a léiríodh de thoradh phaindéim COVID-19 i ndáil le forbairt agus monarú táirgí íocshláinte, le soláthar leormhaith cógas agus trealaimh in ospidéil agus acmhainní daonna leighis leordhóthanacha, le glacadh uirlisí digiteacha agus seirbhísí lena n-éascaítear leanúnachas cúraim, agus leis an ngá le rochtain ar earraí agus seirbhísí fíor-riachtanacha le linn géarchéime a choinneáil. Leis sin, cuirfear ar chumas an Aontais níos mó uirlisí a bheith aige chun gníomhaíocht thapa, chinntitheach agus chomhordaithe a dhéanamh leis na Ballstáit chun ullmhú le haghaidh géarchéimeanna agus chun iad a bhainistiú.

Mhol an Coimisiún Clár EU4Health neamhspleách agus uaillmhianach chun tacaíocht thiomnaithe a sholáthar le haghaidh na ndúshlán sláinte atá romhainn amach mar a aithníodh sa mheasúnú ar riachtanais. Faoin togra seo, beidh an cistiú don Chlár nua, cistiú a bheidh cothrom le EUR 9.4 billiún, ina threisiú mór i gcomparáid le tograí roimhe seo faoi CSE+ (EUR 413 milliún). Déanfar an Clár a chistiú ón CAI atá ar na bacáin (EUR 1.7 billiún) agus ón Ionstraim Téarnaimh (ar a dtugtar anois ‘Aontas Eorpach na chéad ghlúine eile’) (EUR 7.7 billiún).

Tuairimí an Rapóirtéara

Is geal leis an Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún le haghaidh Clár EU4Health neamhspleách, lena ngabhann buiséad atá méadaithe go suntasach, i gcomparáid leis an mbuiséad a bhí ann roimhe. Athdhearbhaíonn sé nach mbeidh sé d’acmhainneacht ach ag Clár leithleach agus stóinsithe dul i ngleic le paindéimí agus bagairtí sláinte a bheidh ann amach anseo, agus go mór mór, córais sláinte an Aontais a dhéanamh níos athléimní, aghaidh a thabhairt ar laigí reatha, amhail ganntanas míochaine, éagothromaíochtaí sláinte agus tacú le hearnáil na sláinte san aistriú digiteach.

Ag an am céanna, measann an Rapóirtéir go bhfuil sé tábhachtach go mbeadh níos mó i gceist le Clár EU4Health ná díreach freagairt do ghéarchéim COVID-19. Ba cheart go gcomhlíonfadh sé ní hamháin bainistiú géarchéime gearrthéarmach, ach, chomh maith leis sin, cuspóirí fadtéarmacha. Ba cheart go mbeadh sé mar chuid de chomhphlean gníomhaíochta chun tacú le beartais sláinte in AE as seo go ceann seacht mbliana. Is gné thábhachtach é an Clár i ndáil lena áirithiú go bhforbrófar córais sláinte láidre agus athléimneacha i mBallstáit chun a bheith in ann dul i ngleic leis an dara sraith COVID-19, sraith a d’fhéadfadh a bheith ann, agus le haon ghéarchéimeanna sláinte eile a bheidh ann amach anseo; ag an am céanna, ba cheart don Chlár tacú freisin le córais sláinte na mBallstát agus le beartais sláinte poiblí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin fhadtéarmacha, amhail frithsheasmhacht in aghaidh ábhair fhrithmhiocróbacha, an t-aosú, galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha, agus ag an am céanna ullmhú do theicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn.

Thairis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara go dtugtar tús áite d’fhormhór an bhuiséid sláinte de EUR 9.4 billiún, rud a chiallaíonn go bhfuil gá le cuspóirí soiléire agus spriocdhírithe, agus, dá bhrí sin, beidh gá leis na tograí sin a bheith an-struchtúrtha agus nithiúil.

Agus an méid thuas á thabhairt ar aird, measann an Rapóirtéir gur cheart an togra ón gCoimisiún le haghaidh Clár EU4Health a atreisiú sna príomhghnéithe seo a leanas:

- Tá gá le tuilleadh infheistíochta sna córais cúraim sláinte, go háirithe i mbonneagar, lena n-áirítear ar leibhéal an chúraim phríomhúil, chun oibriú ionsar neartú fadtéarmach córas sláinte, infheistíocht is mó i bhfad ná an infheistíocht atáthar a dhéanamh i leith na ndúshlán sláinte cheana.

- Tá gá le tograí nithiúla agus soiléire don tús-ualú, lena n-áirítear na cistí a aistriú chuig cúram sláinte níos fearr, rochtain chomhionann ar chúram sláinte agus córais sláinte athléimneacha.

- Ba cheart cur chuige sláinte duine-lárnach agus toradhbhunaithe a bheith ag gníomhaíochtaí uile an Chláir, faoina ndíreofaí ar chosc agus ar riachtanais cúraim sláinte shonracha an duine aonair, agus spriocanna an othair féin maidir le cóireáil á gcur san áireamh in éineacht le saineolas cliniciúil is fearr an tsoláthraí san ábhar mar ghairmí leighis.

 

- Ní mór éagothromaíochtaí sláinte a bheith i gcroílár an Chláir, agus é á chur san áireamh gur éagothromaíochtaí inseachanta sa tsláinte idir grúpaí daoine laistigh de thíortha agus idir tíortha, agus go n-eascraíonn siad as éagothromaíochtaí laistigh de shochaithe agus idir sochaithe. Tá éagothromaíochtaí i stádas sláinte i measc grúpaí daonra, tíortha agus réigiún, agus rochtain ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus íceach de dhea-cháilíocht i measc na ndúshlán mór i réimsí na slándála sláinte agus na gcóras sláinte lena gcuirtear bac ar a bhfeidhmiú foriomlán.

- Ba cheart don Chlár díriú níos mó ar ghalair a chosc le linn saol duine aonair agus ar an tsláinte a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar thosca riosca sláinte, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus neamhchosaint ar a n-astaíochtaí, úsáid dhíobhálach alcóil, caitheamh drugaí aindleathacha agus substaintí sícighníomhacha, murtall agus nósanna cothaithe mífholláine agus neamhghníomhaíocht choirp. Ba cheart cosc galar agus cur chun cinn na sláinte a bheith mar phríomhchuspóir ag an gClár.

- Ba cheart go dtacódh an Clár le hinfheistíochtaí i bhfáthmheas agus scagthástáil luath chun cosc agus scagthástáil galar teagmhálach agus neamhtheagmhálach araon, amhail galair chardashoithíocha, galair néarmheathlúcháin, galair riospráide, diaibéiteas, ailse agus ailse phéidiatrach, a neartú.

- Ba cheart go dtacódh an Clár le forbairt Taifid Sláinte Leictreonaigh Eorpaigh a thabharfadh caoi do chórais cúraim sláinte infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú, agus d’othair rochtain ar chóireáil a fháil níos tapa agus níos éasca.

- Ba cheart go bhforbródh an Coimisiún treoirlínte maidir le sábháilteacht othar, agus infheistíochtaí a chur chun cinn maidir le córais sláinte a nuachóiriú chun Ionfhabhtuithe a bhaineann le Cúram Sláinte (HAIanna) a shárú agus a laghdú, agus é á chur san áireamh gur féidir HAIanna tarlú in aon saoráid cúraim sláinte, lena n-áirítear ospidéil, ionaid shiúlacha mháinliachta, saoráidí galar duánach ag na céimeanna deiridh, agus saoráidí cúraim fhadtéarmaigh.

 

- Tá gá le treoirlínte Eorpacha chun galair ainsealacha a bhainistiú, eadhon i bhfoirm Treoirlínte Eorpacha maidir le Bainistiú Galar, de réir na hearnála le haghaidh gach galair, le haghaidh galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha, amhail ailse. Thairis sin, is gá Líonraí Tagartha Eorpacha (ERNanna) atá ann cheana a threisiú agus iad a leathnú amach chun go mbeidís ina Líonraí Barr Feabhais i réimse na ngalar teagmhálach agus neamhtheagmhálach.

 

- Tá sé tábhachtach go dtreiseofaí ról agus feidhmiú ghníomhaireachtaí AE, amhail an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú (ECDC) agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach (EMA).

- Ba cheart a áirithiú go gcruthóidh Clár EU4Health sineirgí agus comhlántachtaí le Cláir eile, chun Straitéis do Lucht Saothair na Sláinte a bhunú agus a chur chun feidhme d’fhonn curaclaim gairmithe sláinte agus a scileanna digiteacha, cuimsiú na seirbhíse sláinte agus cáilíocht na sláinte a fheabhsú, ach freisin d’fhonn aghaidh a thabhairt ar imirce daoine oilte agus ar shoghluaisteacht neamhchothromaithe.

- Tá sé tábhachtach freisin go mbeadh sásra rialachais ann chun comhlántacht, comhordú agus sineirgí a áirithiú idir Clár EU4Health agus ionstraimí agus cláir chistiúcháin eile de chuid an Aontais, amhail Sásra feabhsaithe an Aontais um Chosaint Shibhialta (UCPM/rescEU), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+), Fís Eorpach, an Clár don Eoraip Dhigiteach (CED) agus Saoráid um Chónascadh na hEorpa 2 Digiteach (SCE Digiteach). Leis an gClár freisin, ba cheart go rannchuideofaí go suntasach le treisiú ceart othar in AE mar chearta gach duine chun an chaighdeáin sláinte fisicí agus meabhrach is airde is féidir, agus cur chun feidhme iomlán na Treorach maidir le Cúram Sláinte Trasteorann a chothú, lena ráthófar ardleibhéal cosanta don tsláinte phoiblí agus fós prionsabal na saorghluaiseachta daoine laistigh den mhargadh inmheánach a urramú.

- Ba cheart Bord Stiúrtha EU4Health a chruthú agus go ndíreodh sé ar shineirgí a chruthú idir an Clár agus cláir eile ina ndéantar gné na sláinte a chomhtháthú, trí chomhordú agus comhar, trí othair agus rannpháirtíocht na sochaí a chur chun cinn, agus trí chomhairle eolaíoch agus moltaí eolaíocha a sholáthar.

- Chun rialachas éifeachtach agus rannpháirtíocht ghníomhach na mBallstát a áirithiú, tá sé tábhachtach go mbeadh páirt níos mó ag na Ballstáit agus ag an mBord Stiúrtha i gcur chun feidhme an Chláir, lena n-áirítear i nglacadh agus i gcur chun feidhme clár oibre bliantúil.

- An mheabhairshláinte agus an t-aosú. Tá mórdhúshlán déimeagrafach le sárú ag formhór thíortha AE faoi láthair. Tá na himpleachtaí fós le ríomh – ach aontaíonn rialtais agus lucht déanta beartas cheana go mbeidh orainn athruithe tábhachtacha a dhéanamh go luath sa chaoi a ndéileálaimid le líon méadaitheach na ndaoine scothaosta a iarrann tacaíocht agus éileamh leormhaith agus a bhfuil rannpháirtíocht iomlán inár sochaithe tuillte acu. Dá bhrí sin, ba cheart go dtacódh an Clár le hiarrachtaí na mBallstát i réimsí amhail fáthmheas luath, cóireáil, tacaíocht agus cosc, oiliúint cleachtóirí sa mheabhairshláinte nó feasacht a ardú agus a áirithiú go bhfuil eolas níos fearr ar fhadhbanna meabhairshláinte daoine scothaosta agus go dtugtar aghaidh orthu go cuí.

- Ar deireadh, ach go tábhachtach, tá an drogall roimh an vacsaíniú a thagraíonn, dar le ECDC, do mhoill a dhéanamh le glacadh le vacsaíní, nó diúltú dóibh, in ainneoin seirbhísí um vacsaíniú a bhfuil ar fáil, atá casta agus comhthéacs-sonrach agus atá éagsúil ó thaobh ama, áite agus vacsaíní de, ina dúshlán tábhachtach eile sa chúram sláinte ar cheart díriú air faoin gClár. D’fhógair an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte go raibh an drogall roimh an vacsaíniú, lena n-áirítear bogás agus easpa muiníne agus áisiúlachta, ceann de na deich mbagairt ar an tsláinte dhomhanda in 2019. Dá bhrí sin, ba cheart go dtacódh an Clár le gníomhaíocht atá dírithe ar rochtain chothrom ar vacsaíní a áirithiú do shaoránaigh uile an Aontais, ar bhréagaisnéis a chomhrac agus ar an muinín as vacsaíní a fheabhsú.

Conclúid

Measann an Rapóirtéir go bhfuil an togra an Choimisiúin le haghaidh Clár EU4Health neamhspleách ina bhonn maith don Pharlaimint mar chomhreachtóir chun a seasamh a dhréachtú agus a leagan amach ar bhealach tapa (beidh feidhm ag an Rialachán lena mbunaítear an Clár amhail ón 1 Eanáir 2021). Shainaithin an Rapóirtéir, tar éis dó éisteacht go haireach le tuairimí geallsealbhóirí éagsúla, roinnt réimsí inar gá an togra ón gCoimisiún a shoiléiriú nó a threisiú tuilleadh chun an Clár Sláinte is fearr is féidir a áirithiú do shaoránaigh na hEorpa.


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM BUISÉID (4.9.2020)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”)

(COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD))

Rapóirtéir don tuairim: Nicolae Ştefănuță

 

RÉASÚNÚ GEARR

Léirigh an ghéarchéim gur cheann de na ceachtanna gur féidir baint as paindéim COVID-19 ná Ciste/Clár Sláinte AE uaillmhianach a chur i bhfeidhm. Nílimid ag iarraidh go mbeadh ganntanais trealaimh leighis ann riamh arís. Níor cheart go mbeadh oibrithe cúraim sláinte i staid riamh arís ina gcaithfidh siad cinneadh a dhéanamh cén othair a gheobhaidh trealamh tarrthála. Léirítear le paindéim COVID-19 go bhfuil gá ann le comhordú agus comhar níos láidre idir na córais sláinte náisiúnta éagsúla. Baineann sé le freagairt a thabhairt ar ghlaonna ár saoránaigh go mbeadh ról níos gníomhaí ag AE i réimse na sláinte.

Go minic, rinne Parlaimint na hEorpa an tsaincheist sin a phlé, agus a chur ar aghaidh, agus ní dhearnadh ach dul chun cinn beag ina leith, fiú gan leas iomlán a bhaint as na féidearthachtaí teoranta atá ar fáil sna Conarthaí. Léiríodh leis an bpaindéim, má tá córas sláinte náisiúnta amháin leochaileach, nó nach bhfuil sé chomh athléimneach céanna, d’fhéadfadh tionchar a bheith aige ar an Aontas ina iomláine.

Dá bhrí sin, is geal leis an Rapóirtéir an togra ón gCoimisiún le haghaidh Clár EU4Health sin. Is athrú stairiúil atá ann, agus aghaidh á tabhairt againn ar uaillmhian agus fealsúnacht an chláir. Ar deireadh, tá clár neamhspleách ar scála ábhartha faighte againn. Fós, dar le teachtaireacht ón gCoimisiún, léiríodh le paindéim COVID-19 go bhfuil gá le hinfheistíochtaí EUR 70 billiún i mbonneagar sláinte[4].

Molann an Coimisiún 3 chuspóir ginearálta agus 10 gcuspóir sonrach. Léirítear le hIarscríbhinn I 50 cineál gníomhaíochtaí incháilithe a d’fhéadfadh a bheith ann. Táthar ag dréim leis go neartóidh an bosca uirlisí sin athléimneacht na gcóras sláinte sna Ballstáit uile. Dá bhrí sin, molann an rapóirtéir clúdach geografach leathan agus cothrom na ngníomhaíochtaí.

Tá méid an bhuiséid méadaithe go mór i gcomparáid le buiséad bunaidh na sraithe sláinte laistigh de CSE+ atá molta. Mar sin féin, tá sé molta go mbeidh sciar an leithdháilte airgeadais is mó comhdhéanta d’ioncam sannta seachtrach ó Next Generation EU (NGE) agus go dtabharfar tús áite dó sna blianta tosaigh. Dar leis an rapóirtéir, is cosúil go bhfuil dhá rud cinnte. Ar an gcéad dul síos, is íosmhéid é an méid foriomlán atá molta más rud é go dteastaíonn uainn freagairt a thabhairt ar ionchais na saoránach agus ar laigí aitheanta ár gcóras sláinte atá méadaithe ag an bpaindéim. Agus ar an dara dul síos, beidh gá le clár Sláinte AE uaillmhianach i ndiaidh 2024 freisin.

Ós rud é nach bhfuil aon chumhacht ag Parlaimint na hEorpa go foirmiúil mar údarás buiséadach maidir le méid bhuiséad Next Generation EU a chinneadh, molann an rapóirtéir, dá bhrí sin, ina dhréacht-tuairim na hacmhainní a eascraíonn ó CAI a mhéadú.

Maidir le cistiú, rialachas agus cur chun feidhme an Chláir, tuigeann an Rapóirtéir gur oibrigh an Coimisiún ar an togra sin faoi an-bhrú ama, ach mar sin féin chreideann sé nár cheart don tsolúbthacht ollmhór atá molta dochar a dhéanamh do phrionsabail an dea-rialachais, rannpháirtíocht Pharlaimint na hEorpa, na trédhearcachta agus na cuntasachta. Dá bhrí sin, molann sé na sineirgí agus comhlántacht le comhlachtaí, cláir agus cístí AE eile a neartú, go háirithe trí shásra iontaofa agus éifeachtúil a chruthú a chabhródh chun aon dúbláil cistiúcháin a sheachaint agus sineirgí a áirithiú. Iarrann sé freisin ar shainorduithe agus buiséid na ngníomhaireachtaí de chuid an Aontais atá ag plé le cuspóirí sláinte a threisiú. Ina theannta sin, áitíonn sé chomh maith ar a thábhachtaí atá an mheastóireacht ar an gClár sin agus a iniúchadh.  Leis an leasuithe molta iarrtar na gnéithe sin a shoiléiriú agus an togra a dhéanamh níos soiléire agus níos intuartha freisin do na geallsealbhóirí mar aon le breisluach AE de Chláir den sórt sin a áirithiú go soiléir.

 

LEASUITHE

Iarrann an Coiste um Buiséid ar an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach, na leasuithe seo a leanas a chur san áireamh:

Leasú 1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 7 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(7a) Ba cheart don Chlár tacú le haonaid éigeandála leighis Eorpacha choiteanna bhuana, faoin ainm ‘Cór Leighis Gorm AE’, a chruthú. Ba cheart go mbeadh an cór nua seo comhdhéanta de ghairimithe leighis agus éigeandála leighis ó Bhallstáit éagsúla agus ba cheart go mbeadh na haonaid éigeandála leighis i gceannas ar thacaíocht a chur ar fáil do staideanna nó géarchéimeanna leighis trasteorann agus uile-Eorpacha. Ba cheart don Chór Leighis Gorm AE úsáid a bhaint as torthaí dearfacha na soghluaisteachta deonaí foirne leighis arna maoiniú ag an Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú do ghéarchéim sláinte, freagairt di agus í a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin soláthairtí riachtanacha leighis a stoc-charnadh go straitéiseach nó acmhainní a fhorbairt chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir neartaithe faireachais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cabhrú le cosc, ullmhacht, faireachas, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”. Ba cheart, trína bhíthin, éascaíocht a dhéanamh do chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca a chur i bhfeidhm i ngach céim de ghéarchéim sláinte — cosc, ullmhacht agus freagairt.

(10) Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú do ghéarchéim sláinte, freagairt di agus í a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais. D’fhéadfaí a áireamh leis sin freisin soláthairtí riachtanacha leighis a stoc-charnadh go straitéiseach, chomh maith leis na cúlchistí frithghníomhacha arna gcruthú faoi rescEU le linn phaindéim COVID-19, nó acmhainní a fhorbairt chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir neartaithe faireachais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil cosc, ullmhacht, faireachas, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin a chothú i dtaca le géarchéim trasearnála agus ar fud an Aontais, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”. Ba cheart, trína bhíthin, éascaíocht a dhéanamh do chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca a chur i bhfeidhm i ngach céim de ghéarchéim sláinte — cosc, ullmhacht agus freagairt.

__________________

__________________

10 Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

10 Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

 

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10a) Ós rud é gur cheart go leanfadh Clár uaillmhianach freisin i ndiaidh Next Generation EU agus i ndiaidh an Chreata Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh na blianta 2021 go dtí 2027, a thábhachtaí a bheadh sé dul níos faide chun Aontas Sláinte Eorpach a bhaint amach, rud a d’fhéadfadh ról níos láidre a thabhairt don Aontas i réimse na sláinte trí straitéis Eorpach agus freagairt chomhordaithe agus chuimsitheach ar riachtanais sláinte an phobail a sholáthar.  Ba cheart leanúint an Chláir fiú i ndiadh 2027 a chur san áireamh, tar éis tuarascáil meastóireachta a dhéanamh arna formheas ag Parlaimint na hEorpa, ós rud é go gcabhródh a leanúint lena thorthaí a chomhdhlúthú.

 

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 11

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(11) Ós rud é gur féidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte éigeandála agus le trialacha cliniciúla rannchuidiú le forbairt ghasta frithbheart leighis le linn géarchéim sláinte, ba cheart tacaíocht a sholáthar trí bhíthin an Chláir chun gníomhaíochtaí den sórt sin a éascú. Ghlac an Coimisiún togra11 maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (HTA) chun tacú leis an gcomhar maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte ar leibhéal an Aontais.

(11) Ós rud é gur féidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte éigeandála agus le trialacha cliniciúla rannchuidiú le forbairt ghasta frithbheart leighis le linn géarchéim sláinte, ba cheart tacaíocht a sholáthar trí bhíthin an Chláir chun gníomhaíochtaí den sórt sin a éascú. Ghlac an Coimisiún togra11 maidir le Measúnú ar Theicneolaíocht Sláinte (HTA) chun tacú leis an gcomhar maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte ar leibhéal an Aontais. I ndiadh a ghlactha, ba cheart don Mheasúnú ar Theicneolaíocht Sláinte imréiteach a thabhairt d’fheistí leighis agus cógais nua dul isteach sa mhargadh fad is ar éirigh leo sna trialacha cliniciúla, mar aon le treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do thaighdeoirí trí cheanglais a leagan síos do thrialacha cliniciúla, agus ar an gcaoi sin teorainn a chur leis an ngá do tháirge nua trialacha cliniciúla a dhéanamh i mBallstáit uile.

__________________

__________________

11 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE, COM(2018) 51 final an 31.01.20118.

11 Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le measúnú ar theicneolaíocht sláinte agus lena leasaítear Treoir 2011/24/AE, COM(2018) 51 final an 31.01.20118.

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair agus galair ainsealacha orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh ar thionchair chomhthaobhacha na géarchéime sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad.

(12) D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair, galair ainsealacha, galair chroí, galair scamhóige, ailse agus uathachas orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh ar thionchair chomhthaobhacha na géarchéime sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Géarchéim COVID-19 is rud é a chur i bhfáth na dúshláin iomadúla a bhaineann le soláthar cógas, feistí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta a theastaíonn san Aontas le linn na bpaindéimí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus comhlántacht agus comhleanúnachas ionstraimí eile an Aontais á n-áirithiú.

(13) Géarchéim COVID-19 is rud é a chur i bhfáth na dúshláin iomadúla a bhaineann le soláthar cógas, feistí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta a theastaíonn san Aontas le linn na bpaindéimí a áirithiú. Le géarchéim COVID-19, tugadh chun suntais, ach go háirithe, spleáchas an Aontais ar thríú tíortha le haghaidh cumas monaraíochta, le haghaidh soláthar comhábhar gníomhach cógaisíochta agus le haghaidh ábhair thosaigh. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus comhlántacht ionstraimí eile an Aontais á n-áirithiú.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár comhordú na ngníomhaíochtaí lena neartaítear idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas chórais sláinte na mBallstát a chumhdach trí thagarmharcáil, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus a áirithiú go mbeidh ar a gcumas dóibh freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na foirne cúraim sláinte agus na foirne sláinte poiblí agus sásraí a bhunú le haghaidh faireachán éifeachtúil agus leithdháileadh atá bunaithe ar riachtanais a dhéanamh ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil gá leo in am géarchéime.

(14) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár comhordú na ngníomhaíochtaí lena neartaítear idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas chórais sláinte na mBallstát a chumhdach trí thagarmharcáil, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus a áirithiú go mbeidh ar a gcumas dóibh freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na foirne cúraim sláinte agus na foirne sláinte poiblí agus sásraí a bhunú le haghaidh faireachán éifeachtúil agus leithdháileadh atá bunaithe ar riachtanais agus atá cothrom a dhéanamh ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil gá leo in am géarchéime. Chun cuspóirí an Chláir a shaothrú agus chun sineirgí agus comhlántacht idir an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus comhlachtaí eile de chuid an Aontais a neartú, ba cheart don Choimisiún sainordú an Lárionaid a leathnú agus a bhuiséad a mhéadú.

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Léirigh taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá ginearálta le tacaíocht a thabhairt do chlaochlú struchtúrach agus d’athchóirithe córasacha na gcóras sláinte ar fud an Aontais chun cur lena n-éifeachtacht, lena n-inrochtaineacht agus lena n-athléimneacht. I gcomhthéacs an chlaochlaithe agus na n-athchóirithe sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, i sineirgíocht leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, gníomhaíochtaí a chur chun cinn trína gcuirfear le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte agus trína gcuirfear le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin, cur le hacmhainneacht na gcóras sláinte chun galar a chosc agus chun an tsláinte a chur chun cinn, samhlacha cúraim nua agus seirbhísí comhtháite a sholáthar, idir réimse an chúraim sláinte phríomhúil agus an chúraim sláinte pobail agus seirbhísí speisialaithe bunaithe ar riachtanais daoine, agus lucht saothair éifeachtúil a áirithiú i réimse na sláinte poiblí a bhfuil na scileanna cuí acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha. Trí bhíthin spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte a fhorbairt, bheadh córais cúraim sláinte, taighdeoirí agus údaráis phoiblí in ann infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus ar chóireáil leighis, ceart a chumhdaítear in Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 200612 ba cheart an Clár a bheith ina thaca ag gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí uilíochas agus cuimsitheacht an chúraim sláinte, rud a chiallaíonn nach gcuirfear cosc ar aon duine rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus go n-urramófar na gníomhaíochtaí sin lena n-áirithítear cearta othar.

(15) Léirigh taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá ginearálta le tacaíocht a thabhairt do chlaochlú struchtúrach agus d’athchóirithe córasacha na gcóras sláinte ar fud an Aontais chun cur lena n-éifeachtacht, lena n-inrochtaineacht agus lena n-athléimneacht. I gcomhthéacs an chlaochlaithe agus na n-athchóirithe sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, i sineirge leis an gClár don Eoraip Dhigiteach agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, gníomhaíochtaí a chur chun cinn trína gcuirfear le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte agus trína gcuirfear le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin, lena gcuirfear chun feidhme Straitéis Teileamaitice AE maidir le digiteáil táirgí íocshláinte agus cógas, cur le hacmhainneacht na gcóras sláinte chun galar a chosc agus chun an tsláinte a chur chun cinn, samhlacha cúraim nua agus seirbhísí comhtháite a sholáthar, idir réimse an chúraim sláinte phríomhúil agus an chúraim sláinte pobail agus seirbhísí speisialaithe bunaithe ar riachtanais daoine, agus lucht saothair éifeachtúil a áirithiú i réimse na sláinte poiblí a bhfuil na scileanna cuí acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha. Trí bhíthin spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte a fhorbairt, bheadh córais cúraim sláinte, taighdeoirí agus údaráis phoiblí in ann infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus ar chóireáil leighis, ceart a chumhdaítear in Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 200612, ba cheart an Clár a bheith ina thaca ag gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí uilíochas agus cuimsitheacht an chúraim sláinte, rud a chiallaíonn nach gcuirfear cosc ar aon duine rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus go n-urramófar na gníomhaíochtaí sin lena n-áirithítear cearta othar.

__________________

__________________

12 Conclúidí ón gComhairle maidir le luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

12 Conclúidí ón gComhairle maidir le luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta. Galair neamhtheagmhálacha amhail galair chardashoithíocha, ailse, galair riospráide ainsealacha, agus diaibéiteas, is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus sprioc 3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, Sprioc 3.4, chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar chosc ar fud na n-earnálacha agus réimsí beartais, i gcomhar le hiarrachtaí chun córais sláinte a neartú.

(17) Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta. Galair neamhtheagmhálacha amhail galair chardashoithíocha, ailse, galair riospráide ainsealacha, agus diaibéiteas, is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus sprioc 3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, Sprioc 3.4, chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar chosc agus an tsláinte a chur chun cinn ar fud na n-earnálacha agus réimsí beartais, i gcomhar le hiarrachtaí chun córais sláinte a neartú.

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le galair a chosc le linn saol duine aonair agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe riosca coiteanna, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus tógáil a n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil agus caitheamh drugaí aindleathacha. Anuas air sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, nósanna cothaithe mífholláine agus neamhghníomhaíocht choirp agus tógáil thruailliú an chomhshaoil a laghdú agus le timpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát sna réimsí sin a chomhlánú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta.

(18) Tá cur chun cinn na sláinte agus an cosc i bhfad níos cost-éifeachtúla ná cóireáil, maidir le hairgead agus maidir le blianta saoil a choigeartaítear ó thaobh cáilíochta de. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le galair a chosc le linn saol duine aonair agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe riosca coiteanna, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus tógáil a n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil agus caitheamh drugaí aindleathacha. Anuas air sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, nósanna cothaithe mífholláine agus neamhghníomhaíocht choirp agus tógáil thruailliú an chomhshaoil a laghdú agus le timpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát sna réimsí sin a chomhlánú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta agus i gcomhréir le Comhaontú Pháras agus le cuspóirí aeráidneodrachta an Aontais.

 

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Oibreoidh an Clár i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas), lena n-áirítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ciste InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin, Erasmus, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE), agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III. I gcás inarb iomchuí, bunófar comhrialacha d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir cistí a áirithiú agus san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+.

(20) Oibreoidh an Clár i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas), lena n-áirítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ciste InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin, Erasmus, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE), agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III, mar aon leis an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú agus an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach. I gcás inarb iomchuí, bunófar comhrialacha d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir cistí a áirithiú, lena seachnófar aon fhorluí nó dúbláil ar mhaoiniú, agus san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+.

 

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas, feistí leighis agus táirgí cúraim sláinte eile agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus spleáchas a slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú ag an am céanna. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do thrialacha cliniciúla chun dlús a chur le forbairt, údarú agus rochtain ar chógais leighis nuálacha agus éifeachtacha, chun dreasachtaí a chur chun cinn chun táirgí íocshláinte amhail frithmhiocróbaigh a fhorbairt agus chun an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí cúraim sláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar chógais agus lena mbailítear sonraí fúthu.

(22) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas, feistí leighis agus táirgí cúraim sláinte eile, agus iad a chosc, agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus spleáchas a slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú ag an am céanna. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do thrialacha cliniciúla chun dlús a chur le forbairt, údarú agus rochtain ar chógais leighis nuálacha agus éifeachtacha, chun dreasachtaí a chur chun cinn chun táirgí íocshláinte amhail frithmhiocróbaigh a fhorbairt agus chun an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí cúraim sláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar chógais agus lena mbailítear sonraí fúthu.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 23

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(23) Ós rud é gur chun tairbhe do dhaoine aonair agus do chórais sláinte go háirithe an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cógais agus frithmhiocróbáin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, úsáid stuama agus éifeachtúil na gcógas sin a chur chun cinn. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach14, plean a glacadh mí an Mheithimh 2017 tar éis na hiarrata ó na Ballstáit, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas de bharr na n-ionfhabhtuithe tánaisteacha baictéaracha a bhaineann le COVID-19, is rud fíor-riachtanach é go dtacóidh an Clár le gníomhaíochtaí atá dírithe ar úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha i ndaoine, in ainmhithe agus i mbarra, faoi chuimsiú beartas comhtháite maidir le sábháilteacht othar agus maidir le hearráidí leighis a chosc.

(23) Ós rud é gur chun tairbhe do dhaoine aonair agus do chórais sláinte go háirithe an úsáid is fearr is féidir a bhaint as cógais agus frithmhiocróbáin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, úsáid stuama agus éifeachtúil na gcógas sin a chur chun cinn. I gcomhréir leis an bPlean Gníomhaíochta Eorpach “Aon Sláinte Amháin” i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhar Frithmhiocróbach14, plean a glacadh mí an Mheithimh 2017 tar éis na hiarrata ó na Ballstáit, agus i bhfianaise na taithí a fuarthas de bharr na n-ionfhabhtuithe tánaisteacha baictéaracha a bhaineann le COVID-19, is rud fíor-riachtanach é go dtacóidh an Clár le gníomhaíochtaí atá dírithe ar úsáid stuama a bhaint as ábhair fhrithmhiocróbacha i ndaoine, in ainmhithe agus i mbarra, faoi chuimsiú beartas comhtháite maidir le sábháilteacht othar agus maidir le hearráidí leighis a chosc. Ba cheart go mbeadh maoiniú an Chláir bunaithe ar ghníomhaíochtaí atá inrianaithe, lena gcuirtear i bhfeidhm spriocanna laghdaithe ar fud an Aontais le haghaidh úsáid antaibheathach agus cógais, agus ba cheart go dtacóidh sé le taighde agus forbairt maidir le hantaibheathaigh nua.

__________________

__________________

14 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach ‘Aon Sláinte Amháin i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha’, COM (2017)0339 final an 29.6.2017.

14 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig an gComhairle agus chuig Parlaimint na hEorpa ‘Plean Gníomhaíochta Eorpach Aon Sláinte Amháin i gcoinne Frithsheasmhacht in aghaidh Ábhair Fhrithmhiocróbacha’, COM (2017)0339 final an 29.6.2017.

 

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), chomh maith leis an reachtaíocht maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is rud fíor-riachtanach é chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar chun bheith ina dtaca do cheapadh beartas agus faireachán.

(25) Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), chomh maith leis an reachtaíocht maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is rud fíor-riachtanach é chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais, i gcomhar le comhpháirtithe lárnacha amhail an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach agus an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar chun bheith ina dtaca do cheapadh beartas agus faireachán.

 

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 29

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(29) Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart breithniú ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais mar atá beartaithe in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais.

(29) Na cineálacha maoinithe agus na modhanna cur chun feidhme a úsáidfear faoin Rialachán seo, is ar bhonn a fhónta atá siad ó thaobh cuspóirí sainiúla na ngníomhaíochtaí a bhaint amach agus torthaí a bhaint amach ba cheart iad a roghnú, agus aird á tabhairt, go háirithe, ar chostais rialuithe, ar an ualach riaracháin, agus ar an riosca neamh-chomhlíontachta a mheastar a bheith ann. Ba cheart breithniú ar úsáid a bhaint as cnapshuimeanna, as rátaí comhréidhe agus costais aonaid, agus as maoiniú nach mbaineann le costais mar atá beartaithe in Airteagal 125(1) den Rialachán Airgeadais. Ba cheart go mbeadh na mionsonraí sin sonraithe sna cláir oibre.

 

 

 

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(30) Chun an breisluach agus an tionchar is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na sineirgí sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte. Chun an úsáid is mó is fearr a bhaint as na sineirgí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata leis an gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus do chlár eile de chuid an Aontais.

(30) Chun an breisluach agus an tionchar is fearr a fháil ó infheistíochtaí a chistítear go hiomlán nó go páirteach trí bhuiséad an Aontais, ba cheart sineirgí a lorg go háirithe idir an Clár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear na sineirgí sin atá faoi bhainistíocht chomhroinnte agus gníomhaireachtaí an Aontais. Chun an úsáid is mó is fearr a bhaint as na sineirgí sin, ba cheart príomhshásraí cumasúcháin a áirithiú, lena n-áirítear cistiú carnach i ngníomhaíocht ón gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus ó chlár eile de chuid an Aontais, chomh fada agus nach mó an cistiú carnach sin ná costais incháilithe iomlána na gníomhaíochta. Chun na críche sin, ba cheart rialacha iomchuí a leagan amach leis an Rialachán seo, go háirithe maidir leis an bhféidearthacht an costas nó an caiteachas céanna a dhearbhú ar bhonn pro rata leis an gClár do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte agus do chlár eile de chuid an Aontais agus ba cheart go gceanglófaí ina leith go ndéanfaí tuairisciú mionsonraithe agus trédhearcach.

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 30 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(30 a) Chun a áirithiú go ndéanfar gach ceann de na cuspóirí sin a chur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ba cheart don Choimisiún an buiséad a mhéadú agus ba cheart dó togra a thíolacadh chun sainorduithe ghníomhaireachtaí an Aontais a neartú, amhail an Lárionad Eorpach um Ghalair a Chosc agus a Rialú, an Ghníomhaireacht Leigheasra Eorpach, an tÚdarás Eorpach um Shábháilteacht Bia, an Ghníomhaireacht Eorpach Ceimiceán, agus an Ghníomhaireacht Eorpach um Shábháilteacht agus Sláinte ag an Obair, a bhfuil roinnt de chuspóirí EU4 maidir le Sláinte á saothrú cheana acu ar a leibhéal féin, agus ba cheart go mbeadh ról níos mó acu i rialachas an Chláir.

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 31

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(31) I bhfianaise chineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár, is iad údaráis inniúla na mBallstát is fearr a bheidh in ann i gcásanna áirithe na gníomhaíochtaí gaolmhara a chur chun feidhme. Dá bhrí sin, maidir le húdaráis dá leithéidí, arna n-ainmniú ag na Ballstáit iad féin, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críoch Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart na deontais a dhámhachtain ar na húdaráis sin gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

(31) I bhfianaise chineál sonrach na gcuspóirí agus na ngníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an gClár, is iad údaráis inniúla na mBallstát is fearr a bheidh in ann i gcásanna áirithe na gníomhaíochtaí gaolmhara a chur chun feidhme má bhíonn údar maith leis sin sna cláir oibre. Dá bhrí sin, maidir le húdaráis dá leithéidí, arna n-ainmniú ag na Ballstáit iad féin, ba cheart a mheas gur tairbhithe sainaitheanta iad chun críche Airteagal 195 den Rialachán Airgeadais agus ba cheart na deontais a dhámhachtain ar na húdaráis sin gan glao ar thograí a fhoilsiú roimh ré.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte19, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a mhéadú.

(33) Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ardcháilíochta a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte19, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, ar bhealach a chomhlánaíonn cláir ábhartha eile de chuid an Aontais, agus a ghnóthaíonn sineirgí leo, agus trí úsáid a bhaint as an mbreisluach a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaireachtaí an Aontais agus gníomhaireachtaí náisiúnta atá speisialaithe sa tsláinte, tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a mhéadú.

__________________

__________________

19 Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, an 3011ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2010.

19 Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, an 3011ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2010.

 

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 42

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(42) Maidir le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart go n-urramófaí leis na freagrachtaí atá ar na Ballstáit maidir lena mbeartas sláinte a shainiú agus seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar.

(42) Le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart go n-urramófaí agus go léireofaí na freagrachtaí atá ar na Ballstáit as a mbeartas sláinte a shainiú agus as seirbhísí sláinte agus cúram liachta a eagrú agus a sholáthar. Chun cuidiú le cur chun feidhme an Chláir, ba cheart cúnamh teicniúil a sholáthar do Bhallstáit atá i ngátar chun cumhdach geografach leormhaith a áirithiú do chur chun feidhme an Chláir.

 

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) I dtaca leis an gcuspóir maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar i bhfianaise chineál agus scála na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát leibhéal ard cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus dea-chleachtais a chur chun feidhme i measc na mBallstát, agus chun aghaidh thabhairt ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcuirtear leis an éifeachtúlacht agus le tionchair bhreisluacha nach bhféadfadh a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe sa Chlár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(43) I dtaca leis an gcuspóir maidir le daoine atá ina gcónaí san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar i bhfianaise chineál agus scála na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát leibhéal ard cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus dea-chleachtais a chur chun feidhme i measc na mBallstát, agus chun aghaidh thabhairt ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcuirtear leis an éifeachtúlacht agus le tionchair bhreisluacha nach bhféadfadh a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe sa Chlár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

 

 

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – an chuid réamhráiteach

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is iad na cuspóirí ginearálta seo a leanas a bheidh ag an gClár, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin” i gcás inarb ábhartha:

Leis an gClár, saothrófar an cuspóir ginearálta i dtaobh rannchuidiú le hardleibhéal cosanta do shláinte an duine agus galar a chosc, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin” i gcás inarb ábhartha agus á threorú ag Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SFI) chun a áirithiú go mbainfidh an tAontas agus na Ballstáit spriocanna SFI 3 amach, i.e. ‘Beatha shláintiúil a áirithiú agus folláine a chur chun cinn do chách ag gach aois’:

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe -1 (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(-1) cúram sláinte a dhéanamh níos sábháilte, neamhionannais sláinte a laghdú, ionchas saoil a mhéadú tráth breithe, agus reachtaíocht an Aontais a bhaineann le sláinte a neartú agus tacú léi, lena n-áirítear i réimse na sláinte comhshaoil, agus an tSláinte i ngach Beartas a chothú;

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) córais sláinte agus an lucht saothair cúraim sláinte a dhaingniú, lena n-áirítear le claochlú digiteach agus le hobair mhéadaithe chomhtháthaithe idir na Ballstáit, le cur chun feidhme marthanach an dea-chleachtais agus na comhroinnte sonraí, chun leibhéal ginearálta na sláinte poiblí a ardú.

(3) rannchuidiú le héifeachtacht, inrochtaineacht agus athléimneacht córas sláinte agus an lucht saothair cúraim sláinte, lena n-áirítear le claochlú digiteach agus le hobair mhéadaithe chomhtháthaithe idir na Ballstáit, le cur chun feidhme marthanach an dea-chleachtais agus na comhroinnte sonraí, chun leibhéal ginearálta na sláinte poiblí a ardú.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfar breisluach an Aontais a uasmhéadú leis an gClár trí dhíriú ar chuspóirí agus gníomhaíochtaí nach féidir leis na Ballstáit a bhaint amach go héifeachtach ach amháin má ghníomhaíonn siad i gcomhar le chéile in áit gníomhú ina n-aonar;

 

Leasú  26

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(1) acmhainn an Aontais a neartú maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus maidir le bainistíocht géarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú, a sholáthar agus a chur in úsáid, trí bhailiú sonraí agus trí fhaireachas;

(1) neartú a dhéanamh ar acmhainneacht an Aontais maidir le cosc, ullmhacht agus freagairt i leith bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, agus maidir le bainistíocht géarchéimeanna sláinte, lena n-áirítear trí acmhainn an chúraim sláinte éigeandála a chomhordú, a sholáthar agus a chur in úsáid, trí bhailiú sonraí, trí thacaíocht do bhonneagar ospidéal agus trí fhaireachas;

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) tacú le cur chun feidhme chlár an Taifid Sláinte Leictreonaigh Eorpaigh i ngach Ballstát chun go mbeidh sonraí sláinte inaistrithe go héasca ó Bhallstát amháin go Ballstát eile.

Leasú  28

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) infhaighteacht cúlchistí nó stoc-charn de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú san Aontas chomh maith le cúltaca oibrithe leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta lena gcur i mbun oibre i gcás géarchéime;

(2) infhaighteacht cúlchistí straitéiseacha nó stoc-charn de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime a áirithiú san Aontas chomh maith le cúltaca foirne leighis, cúraim sláinte agus tacaíochta lena cur i mbun oibre i gcás géarchéime;

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú, lena n-áirítear trí thacú le claochlú digiteach, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha, athchóirithe sistéamacha, cur chun feidhme samhlacha cúraim nua agus clúdach sláinte uilíoch, agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i réimse na sláinte;

(4) éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú, lena n-áirítear trí thacú le claochlú digiteach, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha, athchóirithe sistéamacha, cur chun feidhme samhlacha cúraim nua agus clúdach sláinte uilíoch, agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i réimse na sláinte agus sa rochtain ar chúram sláinte agus ar chógais; sonraí caighdeánaithe is féidir a aistriú agus a roinnt go héasca idir córais sláinte náisiúnta na mBallstát a áirithiú.

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Déanfar cuspóirí Airteagal 4 a bhaint amach ar bhealach comhsheasmhach agus trédhearcach agus ar bhealach a bheidh comhordaithe le gníomhaíochtaí clár agus gníomhaireachtaí eile de chuid an Aontais.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

1. Is é EUR 1 946 614 000, de réir praghsanna reatha, a bheidh san imchlúdach airgeadais le haghaidh chur chun feidhme an chláir don tréimhse 2021-27.

1. Is é EUR 10 398 000 000 i bpraghsanna reatha (EUR 9 370 000 000 i bpraghsanna seasta) a bheidh san imchlúdach airgeadais do chur chun feidhme an Chláir don tréimhse 2021-27.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 5 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha.

2. Féadfar an méid dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus cúnamh riaracháin chun an Clár a chur chun feidhme, cuir i gcás gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialaithe, iniúchóireachta agus meastóireachta, lena n-áirítear córais teicneolaíochta faisnéise chorparáideacha. Ní rachaidh na speansais riaracháin a bhaineann le gníomhaíochtaí indíreacha thar 5 % den mhéid iomlán faoin gClár.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 6 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Úsáidfear na méideanna sin go príomha chun tacú le gníomhaíochtaí is féidir athléimneacht córas sláinte náisiúnta a neartú sna réigiúin is mó atá buailte ag géarchéim COVID-19 agus sna réigiúin ina bhfuil na córais sláinte is lú athléimneacht.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 7 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) Áireofar ranníocaíochtaí na dtíortha comhlachaithe uile sna codanna ábhartha den Chlár. Tabharfaidh an Coimisiún tuarascáil don Chomhairle agus don Pharlaimint le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil ar an mbuiséad iomlán de gach cuid den Chlár, agus gach ceann de na tíortha comhlachaithe, a ranníocaíochtaí aonair agus a gcomhardú airgeadais á sainaithint aige.

Leasú  35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar.

2. Féadfar cistiú a sholáthar ón gClár, agus an cistiú sin in aon cheann de na foirmeacha a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go háirithe deontais, duaiseanna agus soláthar. Féachfaidh an Coimisiún le cumhdach geografach éifeachtach agus cothromaithe a bhaint amach ar fud an Aontais, lena n-áirítear trí thacú leis na Ballstáit cur le cáilíocht na dtionscadal trí fhothú acmhainneachta.

 

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a. Beidh na hacmhainní ó Next generation EU spriocdhírithe agus rachaidh siad chun tairbhe do na Ballstáit is mó atá buailte ag paindéim COVID-19 agus a bhfuil na córais sláinte is lú athléimneacht iontu, agus é ag iarraidh cumhdach geografach cothromaithe foriomlán a bhaint amach.

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. Déanfaidh an Coimisiún cur chun feidhme comhsheasmhach an Chláir a éascú agus simpliú riaracháin uasta á lorg aige. Déanfaidh an Coimisiún agus na Ballstáit, i gcomhréir lena gcuid freagrachtaí faoi seach, sineirgí a chothú agus comhordú éifeachtach idir an Clár agus cláir agus cistí eile an Aontais a áirithiú.

 

Chun na críche sin, déanfaidh siad na nithe seo a leanas:

 

(a) a áirithiú go bhfuil comhlántacht, comhleanúnachas agus sineirgíocht idir ionstraimí éagsúla ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta, agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach, go háirithe i ndáil le bearta arna maoiniú le cistí de chuid an Aontais, le linn chéim na pleanála agus le linn chéim an chur chun feidhme;

 

(b) sásraí comhordúcháin a bharrfheabhsú chun athobair a sheachaint;

 

(c) dlúthchomhar a áirithiú idir iad sin atá freagrach as cur chun feidhme ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus, i gcás inarb iomchuí, ar an leibhéal réigiúnach chun gníomhaíochtaí tacaíochta comhleanúnacha agus cuíchóirithe a bhaint amach faoin ionstraim.

 

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4b. Déanfaidh an Coimisiún comhar a chothú le heagraíochtaí idirnáisiúnta ábhartha amhail na Náisiúin Aontaithe agus a ngníomhaireachtaí speisialaithe, go háirithe an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO), agus le Comhairle na hEorpa agus an Eagraíocht um Chomhar agus Fhorbairt Eacnamaíochta (OECD), agus an Clár á chur chun feidhme aige, chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht gníomhaíochtaí ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal idirnáisiúnta a uasmhéadú.

 

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 8 – mír 4 c (nua))

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4c. Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát sa Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach nó i ngrúpaí saineolaithe ábhartha eile de chuid an Choimisiúin chomh maith le geallsealbhóirí, go háirithe comhlachtaí gairmiúla in earnáil na sláinte agus ENRanna atá gníomhach sa réimse, ag gach céim de chur chun feidhme an Chláir.

Leasú  40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 9 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a. Féadfaidh tairbhithe ó thíortha a bhfuil acmhainneacht riaracháin lag acu cúnamh teicniúil a iarraidh chun a áirithiú go mbeidh deis chothrom ann na deontais a dhámhachtain ar na tionscadail go léir.

 

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 12 – mír 3 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Cruthóidh an Coimisiún sásra iontaofa agus éifeachtúil chun aon dúbláil ar chistiúchán a sheachaint agus chun sineirgí a áirithiú idir na cláir agus na beartais éagsúla de chuid an Aontais a bhfuil cuspóirí sláinte á saothrú acu. Déanfar na sonraí uile faoi oibríochtaí agus gníomhaíochtaí cistithe arna maoiniú faoi chláir agus cistí éagsúla de chuid an Aontais a lárú faoin sásra seo. Leanfaidh sé prionsabail na trédhearcachta, na hinrianaitheachta agus na cuntasachta agus fágfaidh go mbeifear in ann faireachán agus meastóireacht níos fearr a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí lena saothraítear cuspóirí sláinte.

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 13 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Ní bheidh ach gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 chun feidhme incháilithe chun cistiú a fháil, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I.

Na gníomhaíochtaí lena gcuirtear na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagail 3 agus 4 chun feidhme, lena n-áirítear iad siúd a leagtar amach in Iarscríbhinn I, beidh siad incháilithe chun cistiú a fháil. Ní bheidh gníomhaíochtaí nach liostaítear in Iarscríbhinn I incháilithe ar bhonn eisceachtúil ach amháin má thugann cláir oibre bonn cirt sonrach don ghá atá leo.

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 1 – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) aon eintiteas dlíthiúil a bunaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta;

(b) aon eintiteas dlíthiúil a cruthaíodh faoi dhlí an Aontais nó aon eagraíocht idirnáisiúnta ábhartha;

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. I bprionsabal, ba cheart d’eintitis dhlítheanacha atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gclár costais a rannpháirtíochta a sheasamh.

3. Eintitis dhlíthiúla atá bunaithe i dtríú tír nach bhfuil comhlachaithe leis an gClár, ba cheart dóibh costais a rannpháirtíochta a thabhú.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 14 – mír 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

5. Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí, chun gníomhaíochtaí a chistiú a bhfuil breisluach soiléir acu don Aontas agus atá cómhaoinithe ag na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó sna tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte nó ag comhlachtaí den earnáil phoiblí agus ag comhlachtaí neamhrialtasacha, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó mar líonra, agus sainordú acu ó na húdaráis sin.

5. Faoin gClár, féadfar deontais dhíreacha a dhámhachtain gan glao ar thograí, chun gníomhaíochtaí a chistiú más amhlaidh údar cuí leis na deontais sin, más amhlaidh breisluach soiléir acu don Aontas a bheith acu agus más amhlaidh iad a bheith á gcómhaoiniú ag na húdaráis inniúla atá freagrach as gnóthaí sláinte sna Ballstáit nó sna tríú tíortha atá comhlachaithe leis an gClár, ag eagraíochtaí idirnáisiúnta sláinte nó ag comhlachtaí den earnáil phoiblí agus ag comhlachtaí neamhrialtasacha, ag gníomhú dóibh ina n-aonar nó mar líonra, agus sainordú acu ó na húdaráis sin.

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát laistigh den Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach i dtaobh na bpleananna oibre arna mbunú don Chlár agus i dtaobh a thosaíochtaí agus a threonna straitéiseacha agus a chur chun feidhme.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát sa Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach, le gníomhaireachtaí an Aontais, agus leis na saineolaithe neamhspleácha seachtracha i dtaobh na gclár oibre arna mbunú don Chlár agus i dtaobh a thosaíochtaí agus a threonna straitéiseacha agus a chur chun feidhme.

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Is leis na cláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 a chuirfear an Clár chun feidhme. Leagfar amach leis na cláir oibre, i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

Glacfaidh an Coimisiún gníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 19 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh trí chláir oibre dá dtagraítear in Airteagal 110 de Rialachán (AE, Euratom) 2019/1046 a bhunú. Leagfar amach sna cláir oibre sin go háirithe mionsonraí na ngníomhaíochtaí atá beartaithe lena n-áirítear na méideanna dá bhforáiltear, cineálacha agus suíomh geografach na dtairbhithe ionchasacha, na cineálacha maoiniúcháin agus na modhanna cur chun feidhme faoin Rialachán seo, agus i gcás inarb infheidhme, an méid foriomlán arna chur i leataobh le haghaidh oibríochtaí measctha.

Leasú  48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Déanfaidh an Coimisiún faireachán leanúnach ar bhainistiú agus cur chun feidhme an Chláir. Chun trédhearcacht a fheabhsú, déanfar na sonraí a nuashonraítear go leanúnach maidir leis an mbainistiú agus leis an gcur chun feidhme a chur ar fáil go poiblí ar bhealach inrochtana ar shuíomh gréasáin an Choimisiúin.

 

Go háirithe, áireofar sonraí do thionscadail atá cistithe sa bhunachar céanna. Áireofar an méid seo a leanas ar na sonraí sin:

 

(a) faisnéis maidir leis na cineálacha maoinithe agus na cineálacha tairbhithe, a fhágann gur féidir rianú trédhearcach a dhéanamh ar leithdháiltí airgeadais; forléargas mionsonraithe ar na sineirgí le cláir eile de chuid an Aontais, lena n-áirítear gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme ag gníomhaireachtaí an Aontais, a fhágann gur féidir anailís cheart a dhéanamh ar an gcomhlántacht idir gníomhaíochtaí éagsúla a bheidh le déanamh.

 

(b) leibhéil an chaiteachais imdhealaithe ar leibhéal an tionscadail chun anailís shonrach a éascú, lena n-áirítear in aghaidh an limistéir idirghabhála mar a shainítear in Airteagal 13 agus in Iarscríbhinn I.

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme an chláir, go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

3. Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus ar thorthaí an Chláir ar bhealach atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil gan an t-ualach riaracháin a mhéadú do thairbhithe. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar fhaighteoirí cistí ón Aontas agus, i gcás inarb ábhartha, ar na Ballstáit.

Leasú  50

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

2. Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an gClár nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le cur chun feidhme an Chláir, ach tráth nach faide ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

2. Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an gClár agus cuirfear faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle í nuair a bheidh faisnéis leordhóthanach ar fáil faoina gcur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana ó thosach chur chun feidhme an Chláir.

Leasú  51

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

3. Ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár.

3. Ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme, ach tráth nach déanaí ná ceithre bliana tar éis dheireadh na tréimhse a shonraítear in Airteagal 1, déanfaidh an Coimisiún meastóireacht deiridh ar an gClár agus cuirfidh sé í faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle.

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

4. Cuirfidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí, chomh maith lena bharúlacha féin, in iúl do Pharlaimint na hEorpa, don Chomhairle, do Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus do Choiste na Réigiún.

4. Foilseoidh an Coimisiún torthaí na meastóireachtaí chomh maith lena bharúlacha féin agus déanfaidh sé iad a chur faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle, Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus Choiste na Réigiún.

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 4 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

4 a. Cumhdófar an méid seo a leanas ar a laghad sa mheastóireacht:

 

(a) gnéithe cáilíochtúla agus cainníochtúla de chur chun feidhme an chláir;

 

(b) éifeachtúlacht úsáid na n-acmhainní;

 

(c) a mhéid a baineadh amach cuspóirí na mbeart uile, agus fós na torthaí agus an tionchar a shonrú, i gcás inar féidir;

 

(d) a mhéid a baineadh amach sineirgí idir na cuspóirí agus a chomhlántacht le cláir ábhartha eile de chuid an Aontais;

 

(e) breisluach Eorpach agus tionchar fadtéarmach an Chláir, d’fhonn cinneadh a dhéanamh maidir le roinnt cuspóirí agus beart a athnuachan, a mhodhnú nó a chur ar fionraí,

 

(f) a mhéid a bhí na geallsealbhóirí rannpháirteach;

 

(g) anailís ar an gcumhdach geografach ar fud an Aontais, amhail dá dtagraítear in Airteagal 8(2c), agus, mura mbainfear cumhdach den sórt sin amach, anailís ar na bunchúiseanna atá leis sin.

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Áiritheofar leis an gcóras rialaithe don Chlár go mbeidh cothromaíocht iomchuí ann idir iontaoibh agus rialú, agus costais riaracháin agus costais eile a bhaineann le rialú ar gach leibhéal á gcur san áireamh, go háirithe i dtaca le tairbhithe. Beidh rialacha iniúchóireachta soiléir, comhsheasmhach agus comhleanúnach le linn an Chláir.

Leasú  55

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh an straitéis iniúchóireachta don Chlár bunaithe ar iniúchóireacht airgeadais arna déanamh ar shampla ionadaíoch den chaiteachas ar fud an Chláir trí chéile. Comhlánófar an sampla ionadaíoch le rogha bunaithe ar mheasúnú ar na rioscaí a bhaineann leis an gcaiteachas. Gníomhaíochtaí a fhaigheann comhchistiú ó chláir éagsúla de chuid an Aontais, ní dhéanfar ach iniúchadh amháin orthu sin, lena gcumhdófar na cláir uile lena mbaineann agus a rialacha is infheidhme faoi seach.

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin a bheith ag brath ar athbhreithnithe ar chórais chomhcheangailte ar leibhéal na dtairbhithe. Beidh na hathbhreithnithe comhcheangailte den sórt sin roghnach do chineálacha áirithe tairbhithe agus déanfar iniúchadh ar chórais agus ar phróisis, rud a bheidh á chomhlánú le hiniúchadh ar idirbhearta, arna ndéanamh ag iniúchóir neamhspleách inniúil atá cáilithe chun iniúchtaí reachtacha a dhéanamh ar dhoiciméid chuntasaíochta i gcomhréir le Treoir 2006/43/CE.1a Féadfaidh an Coimisiún nó an comhlacht cistiúcháin iad a úsáid chun cinnteacht fhoriomlán maidir le bainistíocht fhónta airgeadais an chaiteachais agus chun leibhéal na n-iniúchtaí ex-post agus deimhnithe i ndáil le ráitis airgeadais a athmheas.

 

__________________

 

1a Treoir 2006/43/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Bealtaine 2006 maidir le hiniúchtaí reachtúla ar chuntais bhliantúla agus ar chuntais chomhdhlúite, lena leasaítear Treoracha 78/660/CEE agus 83/349/CEE ón gComhairle agus lena n-aisghairtear Treoir 84/253/CEE ón gComhairle (IO L 157, 9.6.2006, lch. 87)

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Féadfar iniúchtaí a dhéanamh suas le dhá bhliain tar éis íocaíocht na hiarmhéide.

Leasú  58

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 21 – mír 1 e (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Foilseoidh an Coimisiún treoirlínte iniúchóireachta agus é mar aidhm leis sin go n-áiritheofar cur i bhfeidhm iontaofa agus aonfhoirmeach na nósanna imeachta agus na rialacha iniúchóireachta le linn ré an chláir, maille le léiriú iontaofa agus aonfhoirmeach orthu.

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe a – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Bonneagar sláinte criticiúil atá ábhartha i gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte, uirlisí, struchtúr, próiseas, táirgthe agus acmhainneachta saotharlainne, lena n-áirítear uirlisí chun faireachas, samhaltú, tuar, cosc agus bainistiú a dhéanamh ar ráigeanna.

(ii) Bonneagar sláinte criticiúil atá ábhartha i gcomhthéacs géarchéimeanna sláinte, uirlisí, struchtúr, próiseas, táirgthe agus acmhainneachta saotharlainne, lena n-áirítear uirlisí le haghaidh faireachas, samhaltú, tuar, cosc agus bainistiú ráigeanna, go háirithe le hinfheistíocht sna córais sláinte náisiúnta is lú athléimneacht;

 

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe a – pointe ii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ii a) Tacú le tógáil ospidéal agus bonneagar bunúsach sláinte i réigiúin bheagfhorbartha an Aontais; ba cheart don Chlár a bheith rannpháirteach i sineirgíocht agus i gcomhlántacht leis na cistí ón mbeartas comhtháthaithe;

Leasú  61

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe c – pointe iv a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iva) Gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo faireachán a dhéanamh ar an tionchar carnach ar an tsláinte atá ag tosca riosca comhshaoil, lena n-áirítear iad siúd a eascraíonn as éilleáin i mbia, in uisce, san aer agus i bhfoinsí eile, chomh maith le gníomhaíochtaí lena ndéantar faireachán ar thionchair sláinte reachtaíocht an Aontais, amhail cógas-aireachas agus a leithéid;

 

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil;

(i) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil lena n-áirítear i réimse shláinte an chomhshaoil;

Leasú  63

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe i a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(ia) Ceapadh beartas an Aontais chun comhtháthú na sláinte sna beartais uile a chothú agus go háirithe bearta chun measúnú agus bainistiú iomchuí ar rioscaí comhshaoil a bhaineann le táirgeadh, úsáid agus diúscairt táirgí leighis a neartú;

 

Leasú  64

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe viii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(viii) Líonrú eagraíochtaí neamhrialtasacha agus a rannpháirtíocht i dtionscadail a chumhdaíonn an Clár;

(viii) Líonrú ag eagraíochtaí neamhrialtasacha lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach agus a rannpháirtíocht i dtionscadail a chumhdaítear leis an gClár;

Leasú  65

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe e – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Cúltaiscí agus stoc-chairn de chuid an Aontais, de tháirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, i gcomhlántacht le hionstraimí eile an Aontais;

(ii) Cúlchistí straitéiseacha breise de chuid AE agus stoc-chairn táirgí ábhartha géarchéime a bhunú agus a bhainistiú i gcomhlántacht le hionstraimí eile de chuid an Aontais;

Leasú  66

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Gníomhaíochtaí coisctheacha chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar bhagairtí sláinte agus gníomhaíochtaí chun an fhreagairt ar an ngéarchéim agus bainistiú na géarchéime a choigeartú chun freastal ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin;

(iv) Gníomhaíochtaí coisctheacha chun grúpaí leochaileacha a chosaint ar bhagairtí sláinte agus gníomhaíochtaí chun an fhreagairt ar an ngéarchéim agus bainistiú na géarchéime a choigeartú chun freastal ar riachtanais na ngrúpaí leochaileacha sin, lena n-áirítear freisin faisnéis leormhaith agus iomchuí a sholáthar dóibh siúd lena mbaineann, agus aird ar leith á tabhairt ar dhaoine faoi mhíchumas;

 

 Leasú  67

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Gníomhaíochtaí chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí sláinte comhthaobhacha a bhaineann le géarchéim shláinte, go háirithe na hiarmhairtí sin i leith na sláinte meabhrach, i leith othair atá ag fulaingt ó ghalair ainsealacha agus i leith grúpaí leochaileacha eile;

(v) Gníomhaíochtaí chun maolú a dhéanamh ar na sláinte comhthaobhacha a bhaineann le géarchéim shláinte, go háirithe ó thaobh na meabhairshláinte, chomh maith leis na hiarmhairtí sonracha d’othair a bhfuil galair ainsealacha orthu agus do dhaoine faoi mhíchumas agus do ghrúpaí leochaileacha eile;

 

Leasú  68

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe vi

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(vi) Gníomhaíochtaí chun neartú a dhéanamh ar acmhainn bhorrtha, taighde, forbairt, acmhainn saotharlainne, táirgeadh agus cur in úsáid táirgí nideoige atá ábhartha i gcás géarchéime;

(vi) Gníomhaíochtaí chun neartú a dhéanamh ar acmhainneacht bhorrtha, taighde, forbairt, acmhainneacht saotharlainne, táirgeadh agus cur in úsáid táirgí nideoige atá ábhartha i gcás géarchéime agus infhaighteacht táirgí a áirithiú;

 

Leasú  69

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe f – pointe viii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(viii) Gníomhaíochtaí chun tacú le hobair imscrúdúcháin, measúnaithe riosca agus bainistithe riosca ar an nasc idir sláinte ainmhithe, tosca comhshaoil, agus galair dhaonna, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte.

(viii) Gníomhaíochtaí chun tacú le himscrúdú, measúnú riosca agus obair bhainistithe riosca ar an nasc idir sláinte ainmhithe, tionchar an athraithe aeráide agus chailliúint na bithéagsúlachta, agus tosca eile comhshaoil, agus galair dhaonna, lena n-áirítear le linn géarchéimeanna sláinte.

Leasú  70

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach agus chun cúram sláinte príomhúil a neartú, cúram sláinte a chomhtháthú agus tabhairt faoi chlúdach sláinte uilíoch agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte;

(i) Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach agus chun cúram sláinte príomhúil a neartú, cúram sláinte a chomhtháthú agus tabhairt faoi chlúdach sláinte uilíoch agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte; go háirithe sna réigiúin bheagfhorbartha san Aontas;

Leasú  71

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Cláir oiliúna le haghaidh baill foirne leighis agus cúraim sláinte, agus cláir chun baill foirne a mhalartú ar bhonn sealadach;

(ii Cláir oiliúna do bhaill foirne leighis agus cúraim sláinte, inrochtaineacht ar fhaisnéis faoi shamhlacha nua cúraim, claochlú digiteach, uirlisí agus seirbhísí agus cláir le haghaidh malartuithe sealadacha foirne;

Leasú  72

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe ix

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ix) Tacú le cláir a bhunú agus a chur chun feidhme lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit agus dá ngníomhaíocht chun cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú (i ndáil le galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha);

(ix) Tacú le cláir a bhunú agus a chur chun feidhme lena dtabharfar cúnamh do na Ballstáit agus dá ngníomhaíocht chun cur chun cinn na sláinte agus cosc ar ghalair a fheabhsú (i ndáil le galair theagmhálacha agus neamhtheagmhálacha), go háirithe sna réigiúin bheagfhorbartha;

Leasú  73

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xiii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(xiii a) Tacú le comhar agus comhordú idir na Ballstáit chun Líonra Eorpach le haghaidh Barr feabhais Ospidéal a chruthú, lena bhfeabhsaítear cóireáil thrasteorann do ghalair neamhchoitianta agus rochtain ar chóireáil do gach saoránach an Aontais a mhéadú.

 

Leasú  74

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainní chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha; uas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte;

(ii) Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus fothú acmhainneachta chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha agus litearthacht an phobail i gcoitinne sa chúram sláinte; uas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte;

Leasú  75

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Tacú le cur in úsáid agus idir-inoibritheacht uirlisí agus bonneagar laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus le hInstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais; forbairt a dhéanamh ar struchtúir rialachais iomchuí agus   ar chórais faisnéise sláinte de chuid an Aontais, ar córais iad a bheidh inbhuanaithe idir-inoibritheach, mar chuid den spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte, agus rochtain agus smacht na saoránach ar a sonraí sláinte a neartú;

(iii) Tacú le cur in úsáid agus idir-inoibritheacht uirlisí agus bonneagar laistigh de na Ballstáit agus eatarthu, agus le hInstitiúidí agus comhlachtaí an Aontais, le hurraim iomlán do chosaint sonraí daoine aonair; forbairt a dhéanamh ar struchtúir rialachais iomchuí agus  ar chórais faisnéise sláinte de chuid an Aontais, ar córais iad a bheidh inbhuanaithe idir-inoibritheach, mar chuid den spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte, agus rochtain agus smacht na saoránach ar a sonraí sláinte, agus bainistiú na saoránach orthu, a neartú;

 

Leasú  76

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Tacú leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an teilileigheas/teileashláinte, lena n-áirítear trí chumarsáid satailíte le haghaidh ceantair iargúlta, nuálaíocht eagraíochtúil dhigiteach a chothú i saoráidí cúraim sláinte agus uirlisí digiteacha a thacaíonn le cumhachtú an tsaoránaigh agus cúram daonlárnach a chur chun cinn.

(iv) Tacú leis an úsáid is fearr is féidir a bhaint as an teilileigheas/teileashláinte trí úsáid a bhaint as na teicneolaíochtaí digiteacha is déanaí atá ar fáil, amhail róbataic, IS agus úsáid cumarsáide satailíte le haghaidh ceantair iargúlta, nuálaíocht eagraíochtúil dhigiteach a chothú i saoráidí cúraim sláinte agus uirlisí digiteacha a thacaíonn le cumhachtú an tsaoránaigh agus cúram daonlárnach a chuireann srian le neamhionannais cúraim sláinte a chur chun cinn .

 

Leasú  77

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(k) Cumarsáid agus caidreamh le páirtithe leasmhara agus saoránaigh, go háirithe:

(k) Cumarsáid agus caidreamh le páirtithe leasmhara, lena n-áirítear eagraíochtaí den tsochaí shibhialta ar an leibhéal Eorpach a bhíonn ag obair ar shaincheisteanna sláinte agus ar shaincheisteanna a bhaineann leis an tsláinte, agus le saoránaigh, go háirithe:

 

Leasú  78

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe k – pointe iii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iiia) Cumarsáid atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar bhréagnuacht maidir le teiripí leighis, nó cúiseanna galar.

 

NÓS IMEACHTA – AN COISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Teideal

Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”)

Tagairtí

COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD)

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

17.6.2020

 

 

 

Tuairim ó

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

17.6.2020

Rapóirtéir

 Dáta an cheapacháin

Nicolae Ştefănuță

18.6.2020

Pléite sa choiste

13.7.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

1.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

1

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Clotilde Armand, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, David Cormand, Paolo De Castro, José Manuel Fernandes, Eider Gardiazabal Rubial, Alexandra Geese, Valentino Grant, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Janusz Lewandowski, Margarida Marques, Siegfried Mureşan, Victor Negrescu, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Karlo Ressler, Bogdan Rzońca, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Nils Ušakovs, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Petros Kokkalis


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

ECR

Zbigniew KUŹMIUK, Bogdan RZOŃCA, Johan VAN OVERTVELDT

GUE/NGL

Petros KOKKALIS, Dimitrios PAPADIMOULIS

ID

Hélène LAPORTE

NI

Mislav KOLAKUŠIĆ

EPP

Lefteris CHRISTOFOROU, José Manuel FERNANDES, Niclas HERBST, Monika HOHLMEIER, Janusz LEWANDOWSKI, Siegfried MUREŞAN, Andrey NOVAKOV, Jan OLBRYCHT, Karlo RESSLER, Rainer WIELAND, Angelika WINZIG

RENEW

Clotilde ARMAND, Olivier CHASTEL, Valérie HAYER, Moritz KÖRNER, Nicolae ŞTEFĂNUȚĂ, Nils TORVALDS

S&D

Robert BIEDROŃ, Paolo DE CASTRO, Eider GARDIAZABAL RUBIAL, Elisabetta GUALMINI, Eero HEINÄLUOMA, Pierre LARROUTUROU, Margarida MARQUES, Victor NEGRESCU, Nils UŠAKOVS

NA GLASAIGH/SCE

Rasmus ANDRESEN, David CORMAND, Alexandra GEESE, Francisco GUERREIRO

 

1

-

ID

Joachim KUHS

 

2

0

ID

Anna BONFRISCO, Valentino GRANT

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 


 

SEASAMH I bhFOIRM LEASUITHE ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE (14.9.2020)

chuig an gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia

maidir leis an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”)

(COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD))

Thar ceann an Choiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne Chrysoula Zacharopoulou (Rapóirtéir)

 

 

LEASUITHE

Déanann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne na leasuithe seo a leanas a chur faoi bhráid an Choiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, mar an coiste atá freagrach:

Leasú  1

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) De réir Airteagal 8 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, beidh sé d'aidhm ag an Aontas, i ngach ceann dá ghníomhaíochtaí, neamhionannais idir fir agus mná a dhíchur agus comhionannas eatarthu a chur chun cinn, ag bunú phrionsabal an phríomhshruthaithe inscne.

Leasú  2

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim dhomhanda a bhí i ráig úrnua an choróinvíris (COVID-19). Is í an phaindéim is cúis le géarchéim sláinte dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe seo as ar eascair iarmhairtí socheacnamaíocha fíordhíobhálacha agus fulaingt an duine.

(5) An 11 Márta 2020, dhearbhaigh an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (EDS) gur paindéim dhomhanda a bhí i ráig úrnua an choróinvíris (COVID-19). An phaindéim is cúis le géarchéim sláinte dhomhanda nach bhfacthas a leithéid riamh roimhe as ar eascair iarmhairtí socheacnamaíocha fíordhíobhálacha agus fulaingt an duine, go háirithe i ngrúpaí áirithe sa tsochaí, lena n-áirítear othair, mná, cúramóirí agus daoine scothaosta.

Leasú  3

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 5 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(5 a) Bhí tionchar díréireach ar mhná ag an bpaindéim agus ag na bearta freagartha, agus níor cheart go gcuirfeadh ana hiarmhairtí fadtéarmacha leis na neamhionannais atá ann cheana. Tá tearcionadaíocht ag mná ar feadh a saoil i dtaighde agus sonraí bithleighis agus sláinte. Mar thoradh air sin, tá an bonn fianaise níos laige do mhná agus do dhaoine scothaosta chomh maith, agus tá go leor riochtaí tearcdhiagnóisithe, amhail galar cardashoithíoch, i measc na mban. Bíonn táirgí míochaine níos sábháilte agus níos éifeachtaí do gach duine nuair a chuimsíonn staidéir taighde chliniciúla grúpaí de phobail éagsúla. Chun neamhionannais agus éagothromaíochtaí sláinte a laghdú, ba cheart gnéas agus inscne a ionchorprú i rith an phróisis sláinte ó dhearadh prótacal trialach cliniciúla, anailís sonraí, measúnú teicneolaíochta sláinte go rochtain ar chúram.

Leasú  4

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, táthar ag súil go ndéanfaidh siad an tsláinte phoiblí a chosaint de mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí8. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim leanúnach COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht dhaingean bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar chosc agus ar rialú leathadh galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac agus chun sláinte agus folláine daoine san Aontas a chosaint.

(6) Cé gurb iad na Ballstáit atá freagrach as a mbeartais sláinte, táthar ag súil go ndéanfaidh siad an tsláinte phoiblí a chosaint de mheon na dlúthpháirtíochta Eorpaí8. Is léir ón taithí a fuarthas ó ghéarchéim leanúnach COVID-19 go bhfuil gá le gníomhaíocht dhaingean bhreise ar leibhéal an Aontais chun tacú leis an gcomhar agus leis an gcomhordú idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar chosc agus ar rialú leathadh galar tromchúiseach daonna thar theorainneacha, chun táirgí atá riachtanach do ghéarchéim a áirithiú chun freagairt do na riachtanais sláinte sna ceantair is mó atá buailte, chun infhaighteacht agus inrochtaineacht táirgí a fhorbairt agus a ráthú chun galair a chosc agus a chóireáil, lena n-áirítear frithghiniúint, chun bagairtí tromchúiseacha eile trasteorann ar an tsláinte a chomhrac agus chun sláinte agus folláine daoine san Aontas a chosaint, agus idirdhealú d’aon chineál a sheachaint maidir le hospidéalú, cúnamh leighis agus cóireáil.

__________________

__________________

8 Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19, COM(2020) 112 final an 13.3.2020.

8 Teachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig an mBanc Eorpach Infheistíochta agus chuig an nGrúpa Euro maidir le freagairt eacnamaíoch chomhordaithe ar ráig COVID-19, COM(2020) 112 final an 13.3.2020.

 

Leasú  5

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a) Tacóidh an tAontas leis na Ballstáit i ndáil le neamhionannais i gcúram sláinte coisctheach agus i gcóireáil a bhaineann le hinscne a laghdú.

Leasú  6

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 6 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 b) Ag cur san áireamh gur féidir éifeachtaí galair a bheith difriúil idir fir agus mná, mar is léir le COVID-19, a bhfuil ráta básmhaireachta níos airde aige i measc na bhfear, molann sé staidéar a dhéanamh ar chúiseanna an iompair sin chun dul chun cinn a dhéanamh sa phaiteolaíocht, sa chóireáil agus sa leigheas.

Leasú  7

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú do ghéarchéim sláinte, freagairt di agus í a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais. B’fhéidir a áireamh leis sin freisin soláthairtí riachtanacha leighis a stoc-charnadhgo straitéiseach nó acmhainní a fhorbairt chun freagairt ar ghéarchéimeanna, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir neartaithe faireachais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, chun cabhrú le cosc, ullmhacht, faireachas, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”. Ba cheart, trína bhíthin, éascaíocht a dhéanamh do chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca a chur i bhfeidhm i ngach céim de ghéarchéim sláinte — cosc, ullmhacht agus freagairt.

(10) Mar gheall ar a thromchúisí atá na bagairtí trasteorann ar an tsláinte, ba cheart don Chlár tacú le bearta comhordaithe sláinte poiblí ar leibhéal an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar ghnéithe éagsúla de bhagairtí den sórt sin. D’fhonn cur leis an gcumas san Aontas chun ullmhú do gach gné de ghéarchéimeanna sláinte agus a dtionchar gaolmhar ar sholáthar na seirbhíse sláinte ar bhealach iomlánaíoch, freagairt dóibh agus iad a bhainistiú, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do na gníomhaíochtaí arna ndéanamh faoi chuimsiú na sásraí agus na struchtúr a bhunaítear faoi Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle10 agus do shásraí agus do struchtúir ábhartha eile a bhunaítear ar leibhéal an Aontais. B’fhéidir a áireamh leis sin freisin soláthairtí riachtanacha leighis a stoc-charnadh go straitéiseach nó acmhainní a fhorbairt chun freagairt ar ghéarchéimeanna, pleanáil theagmhasach chun soláthar riachtanach seirbhíse sláinte agus inrochtaineacht, bearta coisctheacha a bhaineann le hoideachas agus faisnéis sláinte a áirithiú, bearta coisctheacha a bhaineann le vacsaíniú agus imdhíonadh, cláir neartaithe faireachais. Sa chomhthéacs sin, ba cheart go ndéanfaí, trí bhíthin an Chláir, cumas na ngníomhaithe ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta, ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil, cosc atá íogair ó thaobh na hinscne de agus treasearnála, ullmhacht, faireachas, bainistiú agus acmhainn freagartha na ngníomhaithe sin i dtaca le géarchéim shláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach agus cleachtaí ullmhachta a chothú, i gcomhréir leis an gcur chuige “Aon Sláinte Amháin”. Ba cheart, trína bhíthin, éascaíocht a dhéanamh do chreat trasghearrthach comhtháite cumarsáide maidir le riosca a chur i bhfeidhm i ngach céim de ghéarchéim sláinte — cosc, ullmhacht agus freagairt.

__________________

__________________

10 Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

10 Cinneadh Uimh. 1082/2013/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2013 maidir le bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte agus lena n-aisghairtear Cinneadh Uimh. 2119/98/CE (IO L 293, 5.11.2013, lch. 1).

Leasú  8

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10 a) I bhfianaise an tionchair atá ag géarchéim COVID-19 ar rochtain ar sheirbhísí cúraim sláinte agus ar a soláthar, go háirithe do mhná agus do chailíní, nach bhfuil baint dhíreach acu le hionfhabhtuithe COVID-19 a chóireáil ach atá fós ina seirbhísí cúraim sláinte riachtanacha, lena n-áirítear seirbhísí cúraim sláinte gnéis agus atáirgthe, ba cheart don Chlár freagairt do ghéarchéimeanna sláinte ar bhealach iomlánaíoch agus tacú le gníomhaíochtaí lena ráthaítear rochtain leanúnach ar sheirbhísí riachtanacha cúraim sláinte.

Leasú  9

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10 a) Tá tionchar díréireach ag géarchéim COVID-19 ar mhná agus ar chailíní mar gheall ar na neamhionannais atá ann cheana ba shiocair le riosca méadaithe foréigin inscne-bhunaithe a bheith ann le linn na dianghlasála, i measc nithe eile.

 

Leasú  10

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 10 c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(10 c) Is mná den chuid is mó iad na hoibrithe cúraim sláinte, a bhí bunriachtanach le linn ghéarchéim COVID-19, agus bhí siad neamhchosanta ar mhór-rioscaí sláinte le linn na géarchéime.

 

Leasú  11

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(12) D’fhonn daoine atá i staideanna leochaileacha a chosaint, lena n-áirítear iad siúd a bhfuil meabhairghalair agus galair ainsealacha orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, gníomhaíochtaí a chur chun cinn freisin lena dtabharfar aghaidh ar thionchair chomhthaobhacha na géarchéime sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha den sórt sin iad.

(12) D’fhonn daoine a chosaint i gcásanna leochaileacha, lena n-áirítear leanaí, daoine scothaosta, daoine faoi mhíbhuntáiste socheacnamaíoch, mná, íospartaigh/marthanóirí foréigin ghnéasaigh agus inscne-bhunaithe, daoine LGBTI +, mionlaigh chiníocha agus eitneacha, daoine imirceacha, daoine faoi mhíchumas agus iad siúd atá ag fulaingt ó ghalair mheabhracha agus galair ainsealacha, ba cheart don Chlár gníomhaíochtaí a chur chun cinn a thugann aghaidh ar neamhionannais sláinte atá ann cheana agus ar chinntithigh shóisialta na sláinte, lena n-áirítear inscne de réir cur chuige trasnach chomh maith le tionchair chomhthaobhacha na géarchéime sláinte ar dhaoine ar de ghrúpaí leochaileacha nach ndéantar freastal mar is cóir orthu iad amhail mná torracha, trí ardchaighdeáin de sheirbhísí bunriachtanacha cúraim sláinte, go háirithe in amanna géarchéime, aistriú go teilileigheas a spreagadh, cógais a thabhairt sa bhaile agus pleananna coisctheacha agus féinchúraim a chur chun feidhme, lena n-áirítear i réimse an chúraim sláinte gnéis agus atáirgthe agus sainriachtanais sláinte á gcursan áireamh d’fhonn rochtain leanúnach ar gach seirbhís cúraim sláinte a áirithiú.

Leasú  12

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12 a) Chun iarmhairtí na paindéime ar shláinte na mban a íoslaghdú agus córais sláinte níos athléimní atá freagrúil ó thaobh inscne de a thógáil, ba cheart príomhshruthú inscne a chur i bhfeidhm ar fud an Chláir seo ar cheart dó tacú le gníomhaíochtaí a thugann aghaidh ar shainriachtanais sláinte na mban, lena n-áirítear saincheisteanna a bhaineann le sláinte d’íospartaigh an fhoréigin ghnéasaigh agus inscne-bhunaithe, cineálacha sonracha ailse agus sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, sonraí imdhealaithe agus inscne-shonracha a bhailiú nuair is ábhartha agus faisnéis sláinte, oideachas agus cur chun cinn, bearta coiscthe agus cóireáil sláinte atá íogair ó thaobh inscne a sholáthar.

Leasú  13

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 12 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(12 a) Ba cheart go rannchuideodh an Clár seo leis na cuspóirí coiteanna a leagtar amach sna conclúidí ón gComhairle maidir le sláinte na mban dar dáta an 22 Meitheamh 2006 agus sa Straitéis maidir le Comhionannas Inscne a bhaint amach.

 

Leasú  14

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 13

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(13) Géarchéim COVID-19, is rud é a chuir i bhfáth na dúshláin iomadúla a bhaineann le soláthar cógas, feistí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta a theastaíonn san Aontas le linn na bpaindéimí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, agus comhlántacht agus comhleanúnachas ionstraimí eile an Aontais á n-áirithiú.

(13) Géarchéim COVID-19, is rud é a chuir i bhfáth na dúshláin iomadúla a bhaineann le soláthar cógas, trealaimh leighis, feistí leighis agus trealaimh cosanta pearsanta a theastaíonn san Aontas le linn na bpaindéimí a áirithiú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do ghníomhaíochtaí lena gcothaítear táirgeadh, soláthar agus bainistiú táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, lena n-áirítear na táirgí leighis go léir atá fós riachtanach le linn géarchéime, amhail tráchtearraí sláinte gnéis agus atáirgthe lena n-áirítear táirgí frithghiniúna agus cógais agus cóireálacha hormónacha, agus comhlántacht agus comhleanúnachas ionstraimí eile an Aontais á n-áirithiú.

Leasú  15

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 14

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(14) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár comhordú na ngníomhaíochtaí lena neartaítear idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas chórais sláinte na mBallstát a chumhdach trí thagarmharcáil, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus a áirithiú go mbeidh ar a gcumas dóibh freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na foirne cúraim sláinte agus na foirne sláinte poiblí agus sásraí a bhunú le haghaidh faireachán éifeachtúil agus leithdháileadh atá bunaithe ar riachtanais a dhéanamh ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil gá leo in am géarchéime.

(14) Chun na hiarmhairtí don tsláinte phoiblí ó bhagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte a laghdú a mhéid is féidir, ba cheart a bheith in ann le gníomhaíochtaí a dtugtar tacaíocht dóibh faoin gClár comhordú na ngníomhaíochtaí lena neartaítear idir-inoibritheacht agus comhleanúnachas chórais sláinte na mBallstát a chumhdach trí thagarmharcáil, trí chomhar agus trí dhea-chleachtais a chomhroinnt agus a áirithiú go mbeidh ar a gcumas dóibh freagairt d’éigeandálaí sláinte, lena n-áirítear pleanáil theagmhasach, cleachtaí ullmhachta agus uas-sciliú na foirne cúraim sláinte agus na foirne sláinte poiblí agus sásraí a bhunú le haghaidh faireachán éifeachtúil, soláthar leanúnach, inrochtaineacht ar leithdháileadh atá bunaithe ar riachtanais a dhéanamh ar earraí agus ar sheirbhísí a bhfuil gá leo tráth géarchéime, lena n-áirítear iad siúd a bhaineann le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, lena n-áirítear frithghiniúint, cúram ginmhillte, cóireáil torthúlachta, tástáil VEID agus STI, scagthástáil ailse atáirgthe agus cúram sláinte do mháithreacha.

 

Leasú  16

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 15

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(15) Léirigh taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá ginearálta le tacaíocht a thabhairt do chlaochlú struchtúrach agus d’athchóirithe córasacha na gcóras sláinte ar fud an Aontais chun cur lena n-éifeachtacht, lena n-inrochtaineacht agus lena n-athléimneacht. I gcomhthéacs an chlaochlaithe agus na n-athchóirithe sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, i sineirgíocht leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, gníomhaíochtaí a chur chun cinn trína gcuirfear le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte agus trína gcuirfear le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin, cur le hacmhainneacht na gcóras sláinte chun galar a chosc agus chun an tsláinte a chur chun cinn, samhlacha cúraim nua agus seirbhísí comhtháite a sholáthar, idir réimse an chúraim sláinte phríomhúil agus an chúraim sláinte pobail agus seirbhísí speisialaithe bunaithe ar riachtanais daoine, agus lucht saothair éifeachtúil a áirithiú i réimse na sláinte poiblí a bhfuil na scileanna cuí acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha. Trí bhíthin spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte a fhorbairt, bheadh córais cúraim sláinte, taighdeoirí agus údaráis phoiblí in ann infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus ar chóireáil leighis, ceart a chumhdaítear in Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 200612 ba cheart an Clár a bheith ina thaca ag gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí uilíochas agus cuimsitheacht an chúraim sláinte, rud a chiallaíonn nach gcuirfear cosc ar aon duine rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus go n-urramófar na gníomhaíochtaí sin lena n-áirithítear cearta othar, lena n-áirítear maidir le príobháideachas a gcuid sonraí.

(15) Léirigh taithí a fuarthas ó ghéarchéim COVID-19 go bhfuil gá ginearálta le tacaíocht a thabhairt do chlaochlú struchtúrach agus d’athchóirithe córasacha na gcóras sláinte ar fud an Aontais chun cur lena n-éifeachtacht, lena n-inrochtaineacht agus lena n-athléimneacht. I gcomhthéacs an chlaochlaithe agus na n-athchóirithe sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, i sineirgíocht leis an gClár don Eoraip Dhigiteach, gníomhaíochtaí a chun cinn trína gcuirfear le claochlú digiteach na seirbhísí sláinte, lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, agus trína gcuirtear le hidir-inoibritheacht na seirbhísí sin, cur le hacmhainneacht na gcóras sláinte chun galar a chosc agus chun go gcuirfí chun cinn an tsláinte, faisnéis agus oideachas, lena n-áirítear cur chun cinn na sláinte atá íogair ó thaobh inscne de chun samhlacha cúraim nua agus feabhsaithe, lena n-áirítear cúram a sholáthar do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, agus chun seirbhísí comhtháite a sholáthar, lena gcumhdaítear gach gné den tsláinte, idir réimse an chúraim sláinte phríomhúil agus an chúraim sláinte pobail agus seirbhísí speisialaithe lena n-áirítear seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe, bunaithe ar riachtanais daoine, agus cur chuige trasnach agus íogair ó thaobh inscne a ghlacadh chun aghaidh a thabhairt ar dheitéarmanaint shóisialta sláinte agus leochaileachtaí difreálacha as a dtiocfaidh torthaí sláinte éagothroma, agus lucht saothair éifeachtúil a áirithiú i réimse na sláinte poiblí a bhfuil na scileanna cuí acu, lena n-áirítear scileanna digiteacha. Trí bhíthin spás Eorpach le haghaidh sonraí sláinte a fhorbairt, bheadh córais cúraim sláinte, taighdeoirí agus údaráis phoiblí in ann infhaighteacht agus cáilíocht an chúraim sláinte a fheabhsú. Ba cheart go dtacódh an Clár seo le bailiú sonraí atá ar ardchaighdeán, inchomparáide, iontaofa, cuimsitheach agus imdhealaithe de réir aoise agus inscne chomh maith le sonraí inscne-shonracha, chun dul chun cinn a thomhas i dtreo spriocanna SDG 3 go léir lena n-áirítear SDG 3.7 i gcomhréir le creat táscairí domhanda SDG. I bhfianaise an chirt bhunúsaigh chun rochtain a fháil ar chúram sláinte coisctheach agus ar chóireáil leighis, ceart a chumhdaítear in Airteagal 35 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i bhfianaise luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh mar a leagtar amach iad sna Conclúidí ón gComhairle an 2 Meitheamh 200612 ba cheart an Clár a bheith ina thaca ag gníomhaíochtaí lena n-áiritheofaí uilíochas agus cuimsitheacht an chúraim sláinte, rud a chiallaíonn nach dtoirmiscfear ná nach gcuirfear cosc ar aon duine rochtain a fháil ar chúram sláinte, agus go n-urramófar go cuí na gníomhaíochtaí sin lena n-áirithítear cearta othar, lena n-áirítear an ceart chun cúram measúil agus dínitiúil saor ó gach cineál idirdhealaithe, mí-úsáide nó foréigin, an ceart faisnéis chruinn neamhchlaonta a fháil ar gach gné den tsláinte, lena n-áirítear sláinte gnéis agus atáirgthe, an ceart chun rúndacht othar agus an ceart chun a gcuid sonraí a bheith príobháideach.

__________________

__________________

12 Conclúidí ón gComhairle maidir le luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

12 Conclúidí ón gComhairle maidir le luachanna comhchoiteanna agus prionsabail chomhchoiteanna i gCórais Sláinte an Aontais Eorpaigh (IO C 146, 22.6.2006, lch. 1).

Leasú  17

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(16) Trí dhaoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte, déanfar tairbhe ó thaobh na sláinte, éagothromaíochtaí sláinte, chaighdeán na beatha, táirgiúlachta, iomaíochais agus cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na buiséid náisiúnta freisin. Thug an Coimisiún gealltanas cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe sprioc uimhir 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus an fholláine a chur cinn do chách ag gach aois”.13 Ba cheart, dá bhrí sin, go rannchuideodh an Clár leis na gníomhaíochtaí a dhéantar chun na haidhmeanna sin a bhaint amach.

(16) Ach daoine a choinneáil folláin agus gníomhach níos faide agus é a chur ar a gcumas ról gníomhach a bheith acu i mbainistiú a sláinte agus tosca riosca inscne-shonracha á gcur san áireamh, déanfar tairbhe ó thaobh na sláinte, éagothromaíochtaí na sláinte, chaighdeán na beatha, táirgiúlachta, iomaíochais agus cuimsitheachta, agus laghdófar an brú ar na buiséid náisiúnta freisin. Thug an Coimisiún gealltanas cuidiú leis na Ballstáit a spriocanna forbartha inbhuanaithe a leagtar amach i gClár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe a bhaint amach, go háirithe sprioc uimhir 3 “Beatha shláintiúil a áirithiú agus an fholláine a chur cinn do chách ag gach aois”13 Ba cheart, dá bhrí sin, go rannchuideodh an Clár leis na bearta a dhéantar chun na haidhmeanna sin a bhaint amach lena n-áirítear spriocanna 3.7, 3.8, 3.B agus 5.6..

__________________

__________________

13 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip. Gníomh Eorpach don inbhuanaitheacht COM (2016) 739 final an 22.11.2016.

13 Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún – Na chéad chéimeanna eile i dtaca le todhchaí inbhuanaithe don Eoraip. Gníomh Eorpach don inbhuanaitheacht COM (2016) 739 final an 22.11.2016.

 

Leasú  18

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16 a) Tá difríochtaí sa rochtain ar chúram sláinte i ngach Ballstát: tá níos lú rochtana ag mná ó cheantair thuaithe agus iargúlta ar liachleachtóirí, cláir sláinte meabhrach, scagadh, áiseanna cúraim sláinte, seirbhísí pleanála clainne, rud a chiallaíonn níos lú den chúram coisctheach agus amanna freagartha níos faide i gcásanna éigeandála. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an Clár níos mó le rochtain chomhionann ar sheirbhísí cúraim sláinte a éascú do gach Eorpach, go háirithe iad siúd atá ina gcónaí i réigiúin bruachbhailte uirbeacha, tuaithe agus shléibhtiúil.

Leasú  19

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 16 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(16 a) Is gá íogaireacht agus eolas inscne agus gnéis a fheabhsú in oideachas gairmithe cúraim sláinte, taighde, diagnóisiú , cóireáil agus tionchar cógas agus teiripe chun an dá ghnéas a thuiscint agus a chóireáil níos fearr.

Leasú  20

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(17) Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta. Galair neamhtheagmhálacha amhail galair chardashoithíocha, ailse, galair riospráide ainsealacha, agus diaibéiteas, is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus sprioc 3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, Sprioc 3.4, chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar chosc ar fud na n-earnálacha agus réimsí beartais, i gcomhar le hiarrachtaí chun córais sláinte a neartú.

(17) Is toradh iad galair neamhtheagmhálacha ar theaglaim gnéithe géiniteacha, fiseolaíocha, comhshaoil agus iompraíochta. Galair neamhtheagmhálacha amhail galair chardashoithíocha, ailse, galair riospráide ainsealacha, agus diaibéiteas, is iad is príomhthrúig le míchumas, drochshláinte, scor de dheasca drochshláinte, agus bás anabaí san Aontas agus leagtar costais shuntasacha ar an tsochaí agus ar an ngeilleagar mar gheall orthu. Chun tionchar na ngalar neamhtheagmhálach ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí san Aontas a laghdú agus sprioc 3 de na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe a bhaint amach, Sprioc 3.4, chun an mhortlaíocht anabaí de bharr galair ainsealacha neamhtheagmhálacha a laghdú aon trian faoi 2030, is ríthábhachtach an rud é freagairt chomhtháite a sholáthar lena ndíreofar ar chosc ar fud na n-earnálacha agus réimsí beartais, i gcomhar le hiarrachtaí chun córais sláinte a neartú. Chomh maith le SDG 3.4, beidh sé bunriachtanach SDG 3.7 a bhaint amach maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe. Ba cheart, dá bhrí sin, go gcuirfeadh an Clár seo le rochtain uilíoch ar SRHR agus é a urramú go hiomlán ar leibhéal an Aontais agus idirnáisiúnta.

 

Leasú  21

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17 a) Is féidir le galair theagmhálacha amhail VEID /SEIF, eitinn agus heipitíteas víreasach dul i bhfeidhm ar fhir agus ar mhná ar bhealach difriúil agus gné shóisialta a bheith acu nach mór aghaidh a thabhairt uirthi ar bhealach ildisciplíneach. Ba cheart dul i ngleic leo ní hamháin le frithvíreas agus vacsaíní, ach freisin le hoideachas, faisnéis, agus bearta sóisialta agus síceolaíocha iomchuí. Tuigtear go maith an cur chuige sin maidir le fadhbanna amhail andúil i ndrugaí nó in alcól. Chuige sin, tá sé bunriachtanach infheistíocht a dhéanamh i gcur chuige nuálacha pobalbhunaithe i leith straitéisí le haghaidh galair theagmhálacha a rialú agus straitéisí coisctheacha le haghaidh ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha.

Leasú  22

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 17 b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(17 b) Is ualach sláinte atá ag dul i méid iad galair ghnéas-tarchurtha, agus tá rioscaí breise ailse agus ilfhriotaíochta ag gabháil leo.

Leasú  23

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 18

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(18) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le galair a chosc le linn saol duine aonair agus leis an tsláinte a chur chun cinn trí aghaidh a thabhairt ar ghnéithe riosca coiteanna, amhail úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus tógáil a n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil agus caitheamh drugaí aindleathacha. Anuas air sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, nósanna cothaithe mífholláine agusneamhghníomhaíocht choirp agus tógáil thruailliú an chomhshaoil a laghdú agus le timpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát sna réimsí sin a chomhlánú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta.

(18) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú le galair a chosc le linn saol duine aonaire le cur chuige atá íogair ó thaobh inscne de, agus rioscaí inscne-shonracha á gcur i gcuntas lena n-áirítear tionchar steiréitíopaí as a dtagann rioscaí breise sláinte agus a rannchuidíonn le faisnéis, oideachas agus cur chun cinn na sláinte trí aghaidh a thabhairt ar thosca riosca sláinte, amhail iompraíochtaí díobhálacha, úsáid tobac agus táirgí gaolmhara agus tógáil a n-astaíochtaí, mí-úsáid alcóil agus caitheamh drugaí aindleathacha. Anuas air sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú leis an dochar a dhéantar don tsláinte le drugaí, nósanna cothaithe mífholláine agusneamhghníomhaíocht choirp agus tógáil thruailliú an chomhshaoil a laghdú agus le timpeallachtaí tacúla do stíleanna maireachtála folláine a chothú d’fhonn gníomhaíocht na mBallstát sna réimsí sin a chomhlánú. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, rannchuidiú freisin le gnóthú chuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip, na Straitéise ón bhFeirm go dtí an Forc agus na Straitéise Bithéagsúlachta.

Leasú  24

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 19

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(19) Tar éis galair chardashoithíocha is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, tá sí ar cheann de na galair neamhtheagmhálacha a bhfuil gnéithe riosca coiteanna aici, galar a rachadh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach ach í a chosc agus a rialú. In 2020, d’fhógair an Coimisiún ‘Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac’, plean lena gcumhdófaí timthriall iomlán an ghalair ó chosc agus ó fháthmheas luath go cóireáil agus caighdeán saoil othar agus marthanóirí. Ba cheart go mbainfeadh na bearta tairbhe as an gClár agus as Misean Ailse an chláir Fís Eorpach.

(19) Tar éis galair chardashoithíocha is í an ailse an dara trúig mhortlaíochta is mó sna Ballstáit. Chomh maith leis sin, tá sí ar cheann de na galair neamhtheagmhálacha a bhfuil gnéithe riosca coiteanna aici, galar a rachadh sé chun tairbhe d’fhormhór na saoránach ach í a chosc agus a rialú. In 2020, d’fhógair an Coimisiún ‘Plean na hEorpa chun an Ailse a Chomhrac’, plean lena gcumhdófaí timthriall iomlán an ghalair ó chosc agus ó fháthmheas luath go cóireáil agus caighdeán saoil othar agus marthanóirí. Ba cheart go mbainfeadh na bearta tairbhe as an gClár agus as Misean Ailse an chláir Fís Eorpach. Ba cheart aird ar leith a thabhairt ar ailsí atáirgthe, lena n-áirítear ailse chíche.

Leasú  25

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 20

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(20) Oibreoidh an Clár i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais, le cláir agus le cistí eile de chuid an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas), lena n-áirítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ciste InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin, Erasmus, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE), agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III. I gcás inarb iomchuí, bunófar comhrialacha d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir cistí a áirithiú agus san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+.

(20) Oibreoidh an Clár i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le beartais, cláir agus cistí eile an Aontais amhail gníomhaíochtaí arna gcur chun feidhme faoin gClár don Eoraip Dhigiteach, Fís Eorpach, cúlchiste rescEU faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta, an Ionstraim Tacaíochta Éigeandála, Ciste Sóisialta na hEorpa + (CSE+, lena n-áirítear maidir le sineirgí i dtaca le sláinte agus sábháilteacht na milliún oibrithe a chosaint san Aontas), lena n-áirítear an Clár um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (EaSI), ciste InvestEU, Clár an Mhargaidh Aonair, Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), Saoráid Téarnaimh agus Athléimneachta lena n-áirítear an Uirlis Athchóiriúcháin, Erasmus, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach, an clár um Cheartas, Cearta agus Luachanna, Tacaíocht chun rioscaí dífhostaíochta le linn éigeandálaí a mhaolú (SURE), agus ionstraimí eile de chuid an Aontais le haghaidh bearta seachtracha, amhail an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta agus an Ionstraim um Chúnamh Réamhaontachais III. I gcás inarb iomchuí, bunófar comhrialacha d’fhonn comhsheasmhacht agus comhlántacht idir cistí a áirithiú agus san am céanna, deimhin a dhéanamh de go ndéanfar sainiúlachtaí na mbeartas sin a urramú, agus d’fhonn riachtanais straitéiseacha na mbeart, na gclár agus na gcistí sin a ailíniú, amhail na coinníollacha cumasúcháin faoi CFRE agus CSE+.

Leasú  26

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 22

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(22) Ba cheart don Chlár, dá bhrí sin, tacú le gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas, feistí leighis agus táirgí cúraim sláinte eile agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus go ndéanfar, ag an am céanna, spleáchas a slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do thrialacha cliniciúla chun dlús a chur le forbairt, údarú agus rochtain ar chógais leighis nuálacha agus éifeachtacha, chun dreasachtaí a chur chun cinn chun táirgí íocshláinte amhail frithmhiocróbaigh a fhorbairt agus chun an claochlú digiteach a chothú i dtaca le táirgí cúraim sláinte agus ardáin lena ndéantar faireachán ar chógais agus lena mbailítear sonraí fúthu.

(22) Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar ghanntanais cógas, feistí leighis, agus táirgí eile cúraim sláinte, lena n-áirítear soláthairtí sláinte agus atáirgthe gnéis, agus táirgí atá bunriachtanach chun stíleanna maireachtála sláintiúla a chothabháil agus chun a áirithiú gur mó rochtain atá orthu agus go bhfuil siad níos inacmhainne agus spleáchas a slabhraí soláthair ar thríú tíortha á theorannú ag an am céanna. Go háirithe, chun aghaidh a thabhairt ar riachtanais leighis nach bhfuiltear ag freastal orthu, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacaíocht a sholáthar do thrialacha cliniciúla chun dlús a chur le forbairt, údarú agus rochtain ar chógais leighis nuálacha agus éifeachtacha do chách, lena n-áirítear mná torracha, chun dreasachtaí a chur chun cinn chun táirgí íocshláinte amhail frithmhiocróbaigh a fhorbairt agus chun claochlú digiteach táirgí cúraim sláinte agus ardán lena ndéantar faireachán ar chógais agus lena mbailítear sonraí fúthu a chothú, agus fós a áirithiú go ndéanfaidh trialacha cliniciúla éagsúlacht phobal na hEorpa, lena n-áirítear comhionannas inscne, a chur san áireamh ina gcuid taighde.

 

Leasú  27

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 25

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(25) Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), chomh maith leis an reachtaíocht maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is rud fíor-riachtanach é chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar chun bheith ina dtaca do cheapadh beartas agus faireachán.

(25) Bíonn tionchar láithreach ag reachtaíocht an Aontais ar an tsláinte phoiblí, ar shaol na saoránach, ar éifeachtúlacht agus athléimneacht na gcóras sláinte agus ar dhea-fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh. An creat rialála atá ann do tháirgí agus teicneolaíochtaí leighis (táirgí íocshláinte, feistí leighis agus substaintí de bhunús daonna), chomh maith leis an reachtaíocht maidir le tobac, cearta othar i gcúram sláinte trasteorann agus bagairtí tromchúiseacha trasteorann ar an tsláinte, is rud fíor-riachtanach é chun an tsláinte a chosaint san Aontas. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide, atá imdhealaithe de réir inscne agus iontaofa a sholáthar chun bheith ina dtaca do cheapadh beartas agus faireachán.

Leasú  28

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 26

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(26) An comhar trasteorann maidir le cúram sláinte a sholáthar d’othair a aistríonn idir Ballstáit, comhoibriú maidir le measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte (HTA), agus líonraí tagartha Eorpacha, is samplaí iad de réimsí lena ngabhann breisluach mór agus an-phoitéinseal de thairbhe obair chomhtháite idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte a agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tsláinte i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun gur féidir obair chomhtháite agus chomhordaithe den sórt sin a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena gcothaítear cur chun feidhme cleachtais ardtionchair, cleachtais arb é is aidhm dóibh na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh ar an mbealach is éifeachtaí is féidir ar an bpobal agus ar na réimsí lena mbaineann chun a dtionchar a uasmhéadú.

(26) An comhar trasteorann maidir le cúram sláinte a sholáthar d’othair a aistríonn idir Ballstáit, comhoibriú maidir le measúnuithe ar theicneolaíocht sláinte (HTA), agus líonraí tagartha Eorpacha, is samplaí iad de réimsí lena ngabhann breisluach mór agus an-acmhainneacht de thairbhe obair chomhtháite idir na Ballstáit chun feabhas a chur ar éifeachtúlacht na gcóras sláinte a agus, dá bhrí sin, feabhas a chur ar an tsláinte i gcoitinne. Dá bhrí sin, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le gníomhaíochtaí chun gur féidir obair chomhtháite agus chomhordaithe den sórt sin a dhéanamh, ar gníomhaíochtaí iad lena gcothaítear cur chun feidhme cleachtais ardtionchair, cleachtais arb é is aidhm dóibh na hacmhainní atá ar fáil a dháileadh ar an mbealach is éifeachtaí is féidir ar an bpobal agus ar na réimsí lena mbaineann chun a dtionchar a uasmhéadú, trí neamhionannais a laghdú trí ghnéas, inscne agus aois a bhreithniú agus Líonra Tagartha a bhunú chun cógais a úsáid go sábháilte i dtoircheas agus i lachtadh.

Leasú  29

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 27 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(27 a) Ba cheart go n-áiritheodh an clár rochtain thráthúil ar earraí a theastaíonn chun sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a sholáthar go sábháilte (m.sh. cógais, frithghiniúnaigh de chineálacha éagsúla, trealamh leighis do nósanna imeachta SRHR).

Leasú  30

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 33

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(33) Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte19, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte a fheabhsú, aghaidh a thabhairt ar an neamhionannas agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a mhéadú.

(33) Toisc luachanna coiteanna na dlúthpháirtíochta maidir le cumhdach cothrom uilíoch a dhéanamh ar sheirbhísí sláinte ar ardchaighdeán a bheith mar bhonn do bheartais an Aontais sa réimse sin agus toisc ról lárnach a bheith ag an Aontas maidir le dlús a chur leis an dul chun cinn a dhéanfar i dtaca le dúshláin dhomhanda sláinte19, ba cheart, trí bhíthin an Chláir, tacú le rannchuidiú an Aontais le tionscnaimh sláinte idirnáisiúnta agus dhomhanda d’fhonn an tsláinte a fheabhsú, lena n-áirítear sláinte gnéis agus atáirgthe, aghaidh a thabhairt ar neamhionannais, go háirithe neamhionannais inscne, agus cosaint i gcoinne bagairtí sláinte domhanda a mhéadú.

__________________

__________________

19 Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, an 3011ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2010.

19 Conclúidí ón gComhairle maidir le ról an Aontais Eorpaigh sa tSláinte Dhomhanda, an 3011ú cruinniú de chuid na Comhairle Gnóthaí Eachtracha, an Bhruiséil, an 10 Bealtaine 2010.

Leasú  31

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(40) Tá tábhacht ag baint le dul i ngleic leis an athrú aeráide i gcomhréir leis na gealltanais atá tugtha ag an Aontas Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, agus léiriú air sin is ea é go rannchuideoidh an clár seo chun na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus le baint amach na sprice arb é atá ann [25 %] de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar na gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma ar an gClár.

(40) Mar léiriú ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic leis an athrú aeráide, agus a thionchar ar mhná agus ar chailíní, i gcomhréir le gealltanais an Aontais Comhaontú Pháras agus Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe a chur chun feidhme, rannchuideoidh an Clár seo leis na gníomhaíochtaí a dhéantar ar son na haeráide a phríomhshruthú i mbeartais an Aontais agus leis an sprioc fhoriomlán a bhaint amach go gcaithfear 25 % de chaiteachas bhuiséad an Aontais a bheith ag tacú le cuspóirí aeráide. Sainaithneofar na gníomhaíochtaí ábhartha le linn ullmhú agus chur chun feidhme an Chláir, agus déanfar athmheasúnú orthu i gcomhthéacs na meastóireachta meántéarma ar an gClár.

Leasú  32

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 40 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(40 a) I bhfianaise a thábhachtaí atá sé comhionannas inscne a bhaint amach, rannchuideoidh an Clár seo le comhionannas inscne a phríomhshrutha i mbeartais an Aontais. Úsáidfidh sé uirlisí príomhshruthaithe inscne agus buiséadaithe inscne chun a áirithiú go bhfreagraítear ar ghéarchéimeanna sláinte ar bhealach atá íogair ó thaobh inscne agus claochlaitheach agus go dtugtar aghaidh ar shainriachtanais sláinte na mban agus na gcailíní le linn géarchéim sláinte agus ina diaidh.

Leasú  33

Togra le haghaidh rialacháin

Aithris 43

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(43) I dtaca leis an gcuspóir maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar i bhfianaise chineál agus scála na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát leibhéal ard cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile atá ábhartha i gcás géarchéime san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus dea-chleachtais a chur chun feidhme i measc na mBallstát, agus chun aghaidh thabhairt ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais ar bhealach lena gcuirtear leis an éifeachtúlacht agus le tionchair bhreisluacha nach bhféadfadh a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe sa Chlár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

(43) I dtaca leis an gcuspóir maidir le daoine san Aontas a chosaint ar bhagairtí den sórt sin agus maidir le cosc agus ullmhacht ar ghéarchéimeanna a fheabhsú, ní féidir leis na Ballstáit an cuspóir sin a ghnóthú go leordhóthanach agus iad ag gníomhú ina n-aonar i bhfianaise chineál agus scála na mbagairtí trasteorann ar shláinte an duine. I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, is féidir gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais freisin chun tacú le hiarrachtaí na mBallstát leibhéal ard cosanta don tsláinte phoiblí a bhaint amach, chun feabhas a chur ar infhaighteacht agus ar inacmhainneacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile atá ábhartha i gcás géarchéim san Aontas, chun tacú leis an nuálaíocht agus chun tacú le hobair chomhtháite chomhordaithe agus dea-chleachtais a chur chun feidhme i measc na mBallstát, agus chun aghaidh thabhairt ar éagothromaíochtaí maidir le rochtain ar chúram sláinte ar fud an Aontais. Ba cheart tacú le cur chun feidhme dea-chleachtas i ngach gné den tsláinte lena n-áirítear gnéithe inscne, mar atá luaite sa Straitéis Comhionannais Inscne. Ba cheart dul i ngleic le neamhionannais sláinte idir na Ballstáit  agus laistigh díobh, agus fós aghaidh a thabhairt ar deitéarmanaint shóisialta uile na sláinte lena n-áirítear inscne. Ba cheart na gníomhaíochtaí sin a chur i gcrích ar bhealach lena gcuirtear leis an éifeachtúlacht agus le tionchair bhreisluacha nach bhféadfadh a bhaint amach trí ghníomhaíochtaí a dhéanamh ar an leibhéal náisiúnta agus inniúlacht agus freagracht na mBallstát sna réimsí sin atá cumhdaithe sa Chlár á n-urramú. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun na cuspóirí sin a ghnóthú.

Leasú  34

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 2 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) ciallaíonn “táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime” táirgí agus substaintí a bhfuil gá leo, i gcomhthéacs géarchéime sláinte, chun galar agus na hiarmhairtí a bhaineann leis a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil, ina n-áirítear an méid seo, ach nach bhfuil teoranta dó: táirgí íocshláinte – lena n-áirítear vacsaíní – agus a n-idirmheánaigh, a gcomhábhair chógaisíochta ghníomhacha agus a n-amhábhair; feistí leighis; trealamh ospidéil agus leighis (amhail aerálaithe, éadaí agus trealamh cosanta, ábhair agus uirlisí diagnóiseacha); trealamh cosanta pearsanta; díghalráin agus a dtáirgí idirmheánacha agus amhábhair atá riachtanach lena dtáirgeadh);

(4) ciallaíonn “táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime” táirgí agus substaintí a bhfuil gá leo, i gcomhthéacs géarchéime sláinte, chun galar agus na hiarmhairtí a bhaineann leis a chosc, a dhiagnóisiú nó a chóireáil, chomh maith le táirgí agus substaintí eile leighis atá fós bunriachtanach sa chomhthéacs cúram sláinte níos leithne le linn géarchéim sláinte, ina n-áirítear an méid seo, ach nach bhfuil teoranta dó: táirgí íocshláinte – lena n-áirítear vacsaíní – agus a n-idirmheánaigh, a gcomhábhair chógaisíochta ghníomhacha agus a n-amhábhair; feistí leighis; trealamh ospidéil agus leighis (amhail aerálaithe, éadaí agus trealamh cosanta, ábhair agus uirlisí diagnóiseacha); trealamh cosanta pearsanta; díghalráin agus a dtáirgí idirmheánacha agus amhábhair atá riachtanach lena dtáirgeadh);

Leasú  35

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(1 a) iarracht a dhéanamh ar dheireadh a chur le neamhionannais, agus ar chomhionannas a chur chun cinn, idir fir agus mná;

Leasú  36

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 2

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(2) feabhas a chur ar infhaighteacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile san Aontas atá ábhartha ó thaobh na géarchéime de, rannchuidiú lena n-inacmhainneacht, agus tacú le nuálaíocht.

(2) feabhas a chur ar infhaighteacht cógas, feistí leighis agus táirgí eile san Aontas atá ábhartha ó thaobh na géarchéime de, rannchuidiú lena n-inrochtaineacht agus lena n-inacmhainneacht, agus tacú le nuálaíocht;

Leasú  37

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 3 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3)  córais sláinte agus an lucht saothair cúraim sláinte a dhaingniú, lena n-áirítear le claochlú digiteach agus le hobair mhéadaithe chomhtháthaithe idir na Ballstáit, le cur chun feidhme marthanach an dea-chleachtais agus na comhroinnte sonraí, chun leibhéal ginearálta na sláinte poiblí a ardú.

(3)  córais cúraim sláinte agus an lucht saothair cúraim sláinte a neartú, lena n-áirítear trí chlaochlú digiteach agus trí obair chomhtháite chomhordaithe mhéadaithe idir na Ballstáit, cur chun feidhme marthanach an dea-chleachtais agus na comhroinnte sonraí cuimsithí sonraí maidir le gach gné den tsláinte, chun leibhéal ginearálta na sláinte poiblí a ardú.

Leasú  38

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 3

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(3) tacú le gníomhaíochtaí chun infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime agus soláthairtí riachtanacha sláinte eile a áirithiú;

(3) tacú le gníomhaíochtaí chun infhaighteacht, inrochtaineacht agus inacmhainneacht iomchuí táirgí atá ábhartha i gcás géarchéime, táirgí atá bunriachtanach chun stíleanna maireachtála sláintiúla a chothabháil agus soláthairtí sláinte eile bunriachtanacha a áirithiú;

Leasú  39

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 4

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(4) éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú, lena n-áirítear trí thacú le claochlú digiteach, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha, athchóirithe sistéamacha, cur chun feidhme samhlacha cúraim nua agus clúdach sláinte uilíoch, agus aghaidh a thabhairt ar éagothromaíochtaí i réimse na sláinte;

(4) éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht córas sláinte a neartú, lena n-áirítear trí thacú le claochlú digiteach, glacadh uirlisí agus seirbhísí digiteacha, athchóirithe sistéamacha, cur chun feidhme samhlacha cúraim nua, lena n-áirítear cúram a sholáthar do dhaoine scothaosta agus do dhaoine faoi mhíchumas, clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach a chuimsíonn rochtain ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe, agus aghaidh a thabhairt ar neamhionannais i gcúram sláinte agus soláthar cúraim sláinte, lena n-áirítear neamhionannais inscne agus thrasnacha;

Leasú  40

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 5

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(5) tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu acmhainn córas sláinte a neartú i dtaca le galar a chosc agus an tsláinte a chur chun cinn, cearta othar agus cúram sláinte trasteorann agus a fheabhas atá gairmithe leighis agus gairmithe cúraim sláinte a chur chun cinn;

(5) tacú le gníomhaíochtaí a bhfuil sé d’aidhm acu acmhainneacht córais sláinte a neartú i dtaca le cosc galar agus cur chun cinn na sláinte, faisnéis ar an tsláinte agus an t-oideachas sláinte a chothú agus gné inscne á húsáid, cearta othar agus cúram sláinte trasteorann a chur chun cinn, agus a fheabhas atá gairmithe leighis agus gairmithe cúraim sláinte a chur chun cinn;

Leasú  41

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(6) tacú le gníomhaíocht maidir le galair neamhtheagmhálacha, an ailse go háirithe, a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil, faireachas a dhéanamh orthu agus cóir leighis a thabhairt ina leith;

(6) tacú le gníomhaíocht maidir le galair neamhtheagmhálacha, an ailse go háirithe, a chosc, a dhiagnóisiú, a chóireáil, faireachas a dhéanamh orthu agus cóir leighis a thabhairt ina leith, agus aird ar leith ar ailsí atáirgthe, lena n-áirítear ailse chíche;

Leasú  42

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 6 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(6 a) tacú le gníomhaíochtaí atá dírithe ar aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna sláinte a bhaineann le foréigean inscne agus tacú le hothair atá ina n-íospartaigh ar fhoréigean inscne;

Leasú  43

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 8

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(8) tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais maidir leis an tsláinte agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide agus iontaofa a sholáthar chun bheith mar bhonn taca le ceapadh beartas agus faireachán, agus measúnuithe tionchair sláinte a dhéanamh ar bheartais ábhartha a chur chun cinn;

(8) Tacú le forbairt, cur chun feidhme agus forfheidhmiú reachtaíocht sláinte an Aontais agus sonraí ardcháilíochta, inchomparáide, iontaofa, cuimsitheach agus imdhealaithe de réir inscne agus aoise agus inscne-shonrach a sholáthar chun bheith mr bhonn le ceapadh beartais agus leis an bhfaireachán ar bheartais, tacú le soláthar cúraim agus freagairt do riachtanais leighis gan chomhlíonadh, agus chun úsáid measúnuithe tionchair sláinte inscne-fhreagrúil ar bheartais ábhartha a chur chun cinn.

Leasú  44

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 4 – mír 1 – pointe 10

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(10) tacú le ranníocaíocht an Aontais le tionscnaimh idirnáisiúnta agus dhomhanda maidir le sláinte.

(10) tacú le ranníocaíocht an Aontais le tionscnaimh idirnáisiúnta agus dhomhanda maidir le sláinte, lena n-áirítear tionscnaimh dhomhanda a thacaíonn le soláthar seirbhísí agus ceart sláinte gnéis agus atáirgthe, maille le rochtain shábháilte agus thráthúil orthu.

Leasú  45

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 16 – mír 1

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte na mBallstát laistigh den Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach i dtaobh na bpleananna oibre arna mbunú don Chlár agus i dtaobh a thosaíochtaí agus a threonna straitéiseacha agus a chur chun feidhme.

Rachaidh an Coimisiún i gcomhairle le húdaráis sláinte agus comhlachtaí ábhartha um chomhionannas inscne na mBallstát laistigh den Ghrúpa Stiúrtha um Chur Chun Cinn na Sláinte, Cosc Galar agus Bainistiú Galar Neamhtheagmhálach i dtaobh na bpleananna oibre arna mbunú don Chlár agus i dtaobh a thosaíochtaí agus a threonna straitéiseacha agus a chur chun feidhme.

Leasú  46

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 18 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

Beidh measúnú tionchair inscne ina bhonn leis na cláir oibre.

Leasú  47

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 19 – mír 2 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

2 a. Baileofar táscairí, i gcás inarb ábhartha, agus iad imdhealaithe de réir inscne.

Leasú  48

Togra le haghaidh rialacháin

Airteagal 20 – mír 1 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

1 a. Beidh na meastóireachtaí freagrúil ó thaobh inscne de. Tabharfar aird ar leith ar chaiteachas a rianú atá tiomnaithe do spriocanna a bhaineann le comhionannas inscne.

Leasú  49

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe b

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(b) Aistriú, oiriúnú agus cur i bhfeidhm dea-chleachtas agus réiteach nuálach ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus tacaíocht shaincheaptha thírshonrach do thíortha, nó do ghrúpaí tíortha, ina bhfuil an ganntar is mó, trí thionscadail shonracha a chistiú lena n-áirítear nascadh, comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht piaraí.

(b) Aistriú, oiriúnú agus cur i bhfeidhm dea-chleachtas agus réiteach nuálach, lena n-áirítear maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus gnéithe eile den tsláinte a bhaineann le hinscne, ag a bhfuil breisluach cinnte ar leibhéal an Aontais idir na Ballstáit, agus tacaíocht shaincheaptha thírshonrach do thíortha, nó do ghrúpaí tíortha, ina bhfuil an ganntar is mó, trí thionscadail shonracha a chistiú lena n-áirítear nascadh, comhairle ó shaineolaithe agus tacaíocht piaraí.

Leasú  50

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe c – pointe iii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iii) Grúpaí agus painéil saineolaithe a chuireann comhairle, sonraí agus faisnéis ar fáil chun tacú le beartais sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme;

(iii) Grúpaí agus painéil saineolaithe a sholáthraíonn comhairle, sonraí agus faisnéis chun tacú le beartais sláinte a fhorbairt agus a chur chun feidhme; beidh gach sainghrúpa agus painéal a chisteofar cothrom ó thaobh inscne de;

Leasú  51

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe c – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Staidéir agus anailísiú, agus comhairle eolaíoch chun tacú le ceapadh beartas, agus tacaíocht do na coistí eolaíocha maidir le “Sábháilteacht Tomhaltóirí” agus “Rioscaí Sláinte, Rioscaí Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn”.

(iv) Staidéir agus anailísiú, agus comhairle eolaíoch chun tacú le ceapadh beartas, agus tacaíocht do na coistí eolaíocha maidir le “Sábháilteacht Tomhaltóirí” agus “Rioscaí Sláinte, Rioscaí Comhshaoil agus Rioscaí atá ag Teacht Chun Cinn”; beidh gach staidéar agus anailís a chistítear, agus comhairle eolaíoch freagrúil ó thaobh inscne de.

Leasú  52

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe d – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil;

(i) Reachtaíocht agus gníomhaíocht sláinte an Aontais a chur chun feidhme, a fhorfheidhmiú agus faireachán a dhéanamh orthu, lena n-áirítear na gnéithe sláinte de Straitéis AE maidir leis an gComhionannas Inscne; agus tacaíocht theicniúil a thabhairt do chur chun feidhme na gceanglas dlíthiúil;

Leasú  53

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe e – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Soláthar na n-earraí agus na seirbhísí is gá chun géarchéimeanna sláinte a chosc agus a bhainistiú agus gníomhaíocht chun rochtain ar na hearraí agus na seirbhísí ríthábhachtacha sin a dhéanamh seasta;

(iv) Soláthar na n-earraí agus na seirbhísí atá bunriachtanach chun géarchéimeanna sláinte a chosc agus a bhainistiú agus gníomhaíocht chun rochtain ar na hearraí agus na seirbhísí ríthábhachtacha sin a dhéanamh seasta;

Leasú  54

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe e – pointe v

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(v) Cúltaisce de chuid an Aontais de bhaill foirne agus de shaineolaithe leighis agus cúraim sláinte a bhunú agus a oibriú chomh maith le sásra chun sochar a bhaint as an bhfoireann sin agus as na saineolaithe sin de réir mar is gá chun géarchéim sláinte a chosc nó freagairt uirthi ar fud an Aontais; foireann Éigeandála Sláinte de chuid an Aontais a bhunú agus a oibriú chun comhairle ó shaineolaithe agus cúnamh teicniúil a sholáthar arna iarraidh sin don Choimisiún i gcás géarchéim shláinte

(v) Cúltaisce de chuid an Aontais de bhaill foirne agus de shaineolaithe leighis agus cúraim sláinte a bhunú agus a oibriú chomh maith le sásra chun sochar a bhaint as an bhfoireann sin agus as na saineolaithe sin de réir mar is gá chun géarchéim sláinte a chosc nó freagairt uirthi ar fud an Aontais; foireann Éigeandála Sláinte de chuid an Aontais a bhunú agus a oibriú chun comhairle ó shaineolaithe agus cúnamh teicniúil a sholáthar arna iarraidh sin don Choimisiún i gcás géarchéim shláinte beidh gach comhlacht a chruthaítear faoin gclár sin comhdhéanta de 50% ar a laghad de mhná agus beidh saineolaithe ann ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus gnéithe eile den tsláinte a bhaineann le hinscne;

Leasú  55

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe i

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(i) Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht agus athléimneacht, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach agus chun cúram sláinte príomhúil a neartú, cúram sláinte a chomhtháthú agus tabhairt faoi chlúdach sláinte uilíoch agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte;

(i) Tacú le gníomhaíochtaí aistrithe eolais agus comhar ar leibhéal an Aontais chun cúnamh a thabhairt do phróisis athchóirithe náisiúnta lena ngabhfar i dtreo feabhsú ar éifeachtacht, inrochtaineacht, inbhuanaitheacht, athléimneacht agus gné na hinscne a phríomhshruthú, go háirithe chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá sainaitheanta sa Seimeastar Eorpach agus chun cúram sláinte príomhúil a neartú, comhtháthú an chúraim a threisiú agus clúdach sláinte uilíoch a bhaint amach lena n-áirítear rochtain ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus rochtain chomhionann ar chúram sláinte lena n-áirítear trí neamhionannais inscne agus thrasnacha i gcórais sláinte a chomhrac;

Leasú  56

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe iii a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(iii a) Tacaíocht chun dálaí oibre na foirne leighis agus cúraim sláinte a fheabhsú;

Leasú  57

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe g – pointe xi

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(xi) Tacú le feidhmiú na Líonraí Tagartha Eorpacha agus le bunú agus oibriú líonraí nua trasnáisiúnta arna leagan amach i gcomhréir le reachtaíocht sláinte an Aontais, agus tacú leis an méid a dhéanfaidh na Ballstáit chun gníomhaíochtaí na líonraí sin a chomhordú le hoibriú na gcóras sláinte náisiúnta;

(xi) Tacú le feidhmiú na Líonraí Tagartha Eorpacha agus le bunú agus oibriú líonraí nua trasnáisiúnta arna leagan amach i gcomhréir le reachtaíocht sláinte an Aontais, agus tacú leis an méid a dhéanfaidh na Ballstáit chun gníomhaíochtaí na líonraí sin a chomhordú le hoibriú na gcóras sláinte náisiúnta; beidh gach líonra cistithe comhdhéanta de 50% ar a laghad de mhná agus beidh san áireamh iontu saineolaithe maidir le sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe agus gnéithe eile den tsláinte a bhaineann le hinscne;

Leasú  58

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(h a) Gníomhaíochtaí maidir le seirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe:

(i) Tacú le Ballstáit agus ENRanna maidir le rochtain uilíoch ar sheirbhísí sláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe a chur chun cinn agus a sholáthar lena n-áirítear pleanáil clainne, faisnéis agus oideachas, agus sláinte atáirgthe a chomhtháthú i straitéisí agus i gcláir náisiúnta i gcomhréir le Clár Gníomhaíochta na Comhdhála Idirnáisiúnta maidir le Daonra agus Forbairt agus Clár Oibre Bhéising don Ghníomhaíocht agus doiciméid toraidh a gcomhdhálacha athbhreithnithe agus SDGanna 3 agus 5 na Náisiún Aontaithe;

(ii) Gníomhaíochtaí a thacaíonn le rochtain ar sheirbhísí sláinte gnéis agus atáirgthe agus cógais agus táirgí gaolmhara;

(iii) Gníomhaíochtaí a thacaíonn le leanúnachas cúraim gnéis agus atáirgthe (cuir chuige cúraim chomhtháite agus thrasnála maidir le cosc, diagnóisiú, cóir leighis agus cúram leantach);

Leasú  59

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe h – pointe x a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

(h a) Gníomhaíochtaí maidir le saincheisteanna sláinte a bhaineann le foréigean inscne agus tacaíocht d’othair atá ina n-íobartaigh ar fhoréigean inscne;

 

(i) Gníomhaíochtaí a choisceann agus a laghdaíonn foréigean in aghaidh na mban a bhfuil fadhbanna sláinte acu nó atá faoi mhíchumas;

 

(ii) Gníomhaíochtaí chun tacú le saincheisteanna a bhaineann le sláinte íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban, lena n-áirítear aimridiú éigeantais agus ginmhilleadh éigeantais;

 

(iii) Oiliúint agus fothú acmhainneachta do ghairmithe chun tacú le híospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban;

 

(iv) Feachtais ardaithe feasachta maidir le cearta agus rochtain ar cheartas d’íospartaigh an fhoréigin in aghaidh na mban.

Leasú  60

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe i – pointe iv

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(iv) Tacú le gníomhaíocht lena n-áiritheofar go mbeidh fáil níos mó ar chógais agus ar fheistí leighis san Aontas agus cuidiú lena n-inacmhainneacht d’othair agus do chórais leighis;

(iv) Tacú le gníomhaíocht chun a áirithiú go mbeidh fáil agus inrochtaineacht níos mó ar chógais agus ar fheistí leighis san Aontas agus rannchuidiú lena n-inacmhainneacht d’othair agus do chórais leighis;

 

Leasú  61

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn I – pointe j – pointe ii

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

(ii) Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainní chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha; uas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte;

(ii) Tacú le claochlú digiteach an chúraim sláinte agus na gcóras sláinte lena n-áirítear trí thagarmharcáil agus forbairt acmhainní chun dul i muinín uirlisí agus teicneolaíochtaí nuálacha; uas-sciliú digiteach na ngairmithe cúraim sláinte, go háirithe chun an bhearna dhigiteach inscne a dhúnadh;

Leasú  62

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe III a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

III a. An líon gníomhaíochtaí agus dea-chleachtas lena rannchuidítear go díreach le SDG 3.7/Ballstát

Leasú  63

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe III b (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

III b. An líon gníomhaíochtaí agus dea-chleachtas lena rannchuidítear go díreach le SDG 5/Ballstát.

Leasú  64

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe III c (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

III b. Buiséad arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí agus dea-chleachtais lena rannchuidítear go díreach le SDG 3.7/Ballstát

Leasú  65

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 1 – pointe III d (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

III d. Buiséad arna leithdháileadh ar ghníomhaíochtaí agus dea-chleachtais lena rannchuidítear go díreach le SDG 5/Ballstát

Leasú  66

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 8 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

8 a. Ionfhabhtuithe gnéas-tarchurtha;

Leasú  67

Togra le haghaidh rialacháin

Iarscríbhinn II – cuid 2 – pointe 14 a (nua)

 

Téacs arna mholadh ag an gCoimisiún

Leasú

 

14 a. Bearna phá idir na hinscní sa lucht saothair cúraim sláinte

 

 

AN NÓS IMEACHTA - COISTE FREAGRACH

Teideal

Clár a bhunú do ghníomhaíocht an Aontais i réimse na sláinte don tréimhse 2021-2027 agus lena n‐aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 282/2014 (“Clár EU4Health”)

Tagairtí

COM(2020)0405 – C9-0152/2020 – 2020/0102(COD)

Dáta tíolactha chun PE

28.5.2020

 

 

 

An Coiste Freagrach

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

ENVI

17.6.2020

 

 

 

Coistí ar iarradh tuairim uathu

 Dáta a fógraíodh sa suí iomlánach

BUDG

17.6.2020

EMPL

17.6.2020

ITRE

17.6.2020

IMCO

17.6.2020

 

FEMM

23.7.2020

 

 

 

Gan tuairim a thabhairt

 Dáta an chinnidh

EMPL

25.6.2020

ITRE

25.6.2020

IMCO

15.6.2020

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Cristian-Silviu Buşoi

2.6.2020

 

 

 

Pléite sa choiste

7.7.2020

 

 

 

Dáta an ghlactha

14.10.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

74

5

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurelia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Miriam Dalli, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Agnès Evren, Fredrick Federley, Pietro Fiocchi, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Teuvo Hakkarainen, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Jan Huitema, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Ryszard Antoni Legutko, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ştefan Motreanu, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Stanislav Polčák, Jessica Polfjärd, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Nils Torvalds, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Kateřina Konečná

Dáta don chur síos

20.10.2020

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

74

+

ECR

Sergio BERLATO, Pietro FIOCCHI, Joanna KOPCIŃSKA, Ryszard Antoni LEGUTKO, Alexandr VONDRA, Anna ZALEWSKA

GUE/NGL

Malin BJÖRK, Petros KOKKALIS, Kateřina KONEČNÁ, Silvia MODIG, Mick WALLACE

ID

Simona BALDASSARRE, Marco DREOSTO, Luisa REGIMENTI, Silvia SARDONE

NI

Eleonora EVI, Athanasios KONSTANTINOU

EPP

Bartosz ARŁUKOWICZ, Traian BĂSESCU, Alexander BERNHUBER, Nathalie COLIN-OESTERLÉ, Christian DOLESCHAL, Agnès EVREN, Adam JARUBAS, Ewa KOPACZ, Esther de LANGE, Peter LIESE, Fulvio MARTUSCIELLO, Liudas MAŽYLIS, Dolors MONTSERRAT, Dan-Ştefan MOTREANU, Ljudmila NOVAK, Stanislav POLČÁK, Jessica POLFJÄRD, Christine SCHNEIDER, Edina TÓTH, Pernille WEISS, Michal WIEZIK

RENEW

Pascal CANFIN, Fredrick FEDERLEY, Andreas GLÜCK, Martin HOJSÍK, Jan HUITEMA, Frédérique RIES, María Soraya RODRÍGUEZ RAMOS, Nicolae ŞTEFĂNUȚĂ, Linea SØGAARD-LIDELL, Nils TORVALDS, Véronique TRILLET-LENOIR

S&D

Nikos ANDROULAKIS, Marek Paweł BALT, Monika BEŇOVÁ, Simona BONAFÈ, Delara BURKHARDT, Sara CERDAS, Mohammed CHAHIM, Tudor CIUHODARU, Miriam DALLI, Jytte GUTELAND, Javi LÓPEZ, César LUENA, Alessandra MORETTI, Sándor RÓNAI, Günther SIDL, Petar VITANOV, Tiemo WÖLKEN

NA GLASAIGH/SCE

Margrete AUKEN, Bas EICKHOUT, Pär HOLMGREN, Yannick JADOT, Tilly METZ, Ville NIINISTÖ, Grace O'SULLIVAN, Jutta PAULUS

 

5

-

ID

Aurelia BEIGNEUX, Catherine GRISET, Teuvo HAKKARAINEN, Sylvia LIMMER, Joëlle MÉLIN

 

1

0

ECR

Rob ROOKEN

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

An nuashonrú is déanaí: 9 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais