Tuarascáil - A9-0198/2020Tuarascáil
A9-0198/2020

TUARASCÁIL maidir leis an bPlean Infheistíochta Eorpach Inbhuanaithe - Conas is féidir an Comhaontú Glas a mhaoiniú

22.10.2020 - (2020/2058(INI))

An Coiste um Buiséid
An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéirí: Siegfried Mureşan, Paul Tang
(Nós imeachta comhchoiste – Riail 58 de na Rialacha Nós Imeachta)
Rapóirtéir don tuairim (*):
Petros Kokkalis, an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


Nós Imeachta : 2020/2058(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0198/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0198/2020
Téacsanna arna nglacadh :

TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

maidir leis an bPlean Infheistíochta Eorpach Inbhuanaithe - Conas is féidir an Comhaontú Glas a mhaoiniú

(2020/2058(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 14 Eanáir 2020 dar teideal ‘bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe, Comhaontú Glas don Eoraip’ (COM(2020)0021),

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2020 maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip (COM(2019)0640), agus don rún uaidh ina leith sin an 15 Eanáir 2020[1],

 ag féachaint don togra ón gCoimisiúin an 2 Bealtaine 2018 le haghaidh rialachán ón gComhairle lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil (MFF) do na blianta 2021 go 2027 (COM(2018)0322) agus do thogra leasaithe an 28 Bealtaine 2020 (COM(2020)0443), mar aon le togra leasaithe an 28 Bealtaine 2020 le haghaidh cinneadh maidir le córas Acmhainní Dílse an Aontais Eorpaigh (COM (2020) 0445),

 ag féachaint dá thuarascáil eatramhach an 14 Samhain 2018, maidir le Creat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027 – seasamh na Parlaiminte d’fhonn teacht ar chomhaontú[2],

 ag féachaint don rún uaithi an 10 Deireadh Fómhair 2019 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 agus acmhainní dílse: uain chun ionchais na saoránach a chomhlíonadh[3],

 ag féachaint do rún uaithi an 15 Bealtaine 2020 maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027, acmhainní dílse agus an plean téarnaimh[4],

 ag féachaint don tuarascáil chríochnaitheach agus do na moltaí ón nGrúpa Ardleibhéil um Acmhainní Dílse i mí na Nollag 2016,

 ag féachaint do rún reachtach uaithi an 16 Meán Fómhair 2020 maidir leis an dréachtchinneadh ón gComhairle i ndáil le córas acmhainní dílse an Aontais Eorpaigh[5],

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 27 Bealtaine dar teideal ‘Uain na hEorpa: Deisiú agus ullmhú don chéad ghlúin eile’ (COM(2020)0456) agus na tograí reachtacha a ghabhann leis,

 ag féachaint do Threoir (AE) 2018/410 an 14 Márta 2018 lena leasaítear Treoir 2003/87/CE chun laghduithe costéifeachtacha astaíochtaí agus infheistíochtaí ísealcharbóin a fheabhsú, agus do Chinneadh (AE) 2015/1814 maidir le cúlchiste cobhsaíochta margaidh a bhunú agus a oibriú do scéim trádála an Aontais maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa agus lena leasaítear Treoir 2003/87/CE,

 ag féachaint don rún uaithi an 18 Nollaig 2019 maidir le cánachas cothrom i ngeilleagar digitithe agus domhandaithe: BEPS 2.0[6],

 ag féachaint do rún uaithi an 17 Aibreán 2020 maidir le gníomh comhordaithe AE chun paindéim COVID-19 agus a hiarmhairtí a chomhrac[7],

 ag féachaint don tuarascáil deiridh ón nGrúpa Saineolaithe Ardleibhéil um Maoiniú Inbhuanaithe (HLEG) an 31 Eanáir 2018,

 ag féachaint do theachtaireacht ón gCoimisiún an 8 Márta 2018 dar teideal ‘Plean Gníomhaíochta: Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ (COM(2018)0097),

 ag féachaint don rún uaithi an 29 Bealtaine 2018 maidir le maoiniú inbhuanaithe[8],

 ag féachaint do rún uaithi an 23 Iúil 2020 maidir leis na conclúidí ón gcruinniú urghnách den Chomhairle Eorpach an 17-21 Iúil 2020[9],

 ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú agus do Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de san earnáil airgeadais,

 ag féachaint do Réamhaisnéisí Eacnamaíocha na hEorpa gach ráithe ón gCoimisiún,

 ag féachaint do Chreat-Choinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar an Athrú Aeráide (‘UNFCCC’), do Phrótacal Kyoto a ghabhann leis agus do Chomhaontú Pháras,

 ag féachaint do na Prionsabail um Infheistíocht Fhreagrach a dtacaíonn na Náisiúin Aontaithe leo, do na Prionsabail um Baincéireacht Fhreagrach agus do na Prionsabail um Árachas Inbhuanaithe,

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, don Bhille Idirnáisiúnta um Chearta an Duine, do Threoirlínte ECFE maidir le Fiontair Ilnáisiúnta, do Phrionsabail Threoracha na Náisiún Aontaithe maidir le Gnó agus Cearta an Duine, do Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe agus do dhearbhú na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair maidir le Cearta Bunúsacha agus Prionsabail Bhunúsacha san Obair agus d’ocht gcroíchoinbhinsiún EIS,

 ag féachaint do reachtanna an Bhainc Ceannais Eorpaigh (BCE),

 ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE),

 ag féachaint do chomhphléití an Choiste um Buiséid agus an Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta faoi Riail 58 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia, ón gCoiste um Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht, ón gCoiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe agus ón gcoiste um Chultúr agus um Oideachas,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Buiséid agus ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0198/2020),

A. de bhrí nach ndearnadh na hinfheistíochtaí is gá d’oiriúnú don athrú aeráide a mheasúnú ná a ionchorprú i bhfigiúirí aeráide CAI go fóill;

B. de bhrí go ndéanfaidh an bealach i dtreo na haeráidneodrachta faoi 2050 borradh a chur faoi iomaíochas gheilleagar an Aontais agus go mbeidh barrachas post inbhuanaithe agus ardchaighdeáin ann dá bharr;

C. de bhrí go léirítear go soiléir sa tuarascáil speisialta ó Phainéal Idir-Rialtasach 2019 ar an Athrú Aeráide (IPCC) maidir le téamh domhanda 1.5°C nach leor na beartais a glacadh go dtí seo chun cosc a chur leis an téamh domhanda a bheith níos airde ná 1.5°C, le cailliúint bithéagsúlachta agus le cur isteach ar shreafaí bith-gheoiceimicigh;

D. de bhrí go leagfar amach i ndlí aeráide AE tiomantas AE don aeráidneodracht faoi 2050, lena n-áirítear céimeanna uaillmhianacha idirghabhála is gá chun an cuspóir sin a bhaint amach;

E. de bhrí gur mheas an Coimisiún gur infheistíocht EUR 240 billiún  a theastódh ar leibhéal AE chun cuspóirí aeráide reatha 2030 a bhaint amach[10] móide méideanna breise de EUR 130 billiún in aghaidh na bliana do chuspóirí comhshaoil, EUR 192  billiún in aghaidh na bliana do bhonneagar sóisialta agus EUR 100 billiún in aghaidh na bliana do bhonneagar iompair na hEorpa ina iomláine; de bhrí gurb ionann sin agus ar a laghad EUR 662 billiún de riachtanais infheistíochta in aghaidh na bliana; de bhrí go bhfuil na figiúirí sin bunaithe ar chuspóir aeráide 2030 maidir le laghdú 40% a dhéanamh ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT); de bhrí gur aontaigh an Pharlaimint ar chuspóirí níos uaillmhianaí anois, tá an bhearna infheistíochta níos airde fós; de bhrí go bhfuil sé riachtanach na cistí uile atá ar fáil a shlógadh chun an bhearna infheistíochta a dhúnadh;

F. de bhrí go n-iarrtar le hAirteagal 2(1) de Chomhaontú Pháras go ndéanfaí sreafaí airgeadais a thabhairt ar aon dul leis an gcur chuige i dtreo leibhéal íseal astaíochtaí gás ceaptha teasa agus forbairt atá seasmhach ó thaobh na haeráide de;

G. de bhrí gur straitéis nua é an Comhaontú Glas don Eoraip arb é is aidhm leis sochaí chothrom agus rathúil a dhéanamh de AE, ina mbeidh geilleagar nua-aimseartha agus iomaíoch, atá tíosach ó thaobh acmhainní de, nach mbeidh aon ghlan-astaíochtaí gás ceaptha teasa ann faoi 2050, agus ina mbeidh an fás eacnamaíoch díchúpláilte ó úsáid acmhainní, agus ar cheart dó rannchuidiú freisin le neamhspleáchas straitéiseach AE a áirithiú;

H. de bhrí go gcuireann paindéim COVID-19 béim ar an tábhacht a bhaineann le hinfheistíochtaí i ngeilleagar atá inbhuanaithe ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de, go háirithe infheistíochtaí lena ndéantar taighde ceannródaíoch agus forbairt cheannródaíoch, earnáil thionsclaíoch iomaíoch, margadh aonair níos doimhne agus níos láidre, FBManna láidre, cúram sláinte, córas láidir leasa agus folláine shóisialta a chur chun cinn;

I. de bhrí go ndéanann an caiteachas is gá chun tacú le geilleagair na hEorpa an cheist a ardú maidir leis an gcaoi a n-aisíocfar an fiachas a tabhaíodh; de bhrí go bhfuil sé tábhachtach cosc a chur le méadú ar neamhionannais, mar a tharla tar éis na géarchéime a bhí ann roimhe seo;

J. de bhrí go bhfuil sé ríthábhachtach córas eacnamaíoch inbhuanaithe a chruthú chun neamhspleáchas straitéiseach fadtéarmach AE a fhorbairt agus chun athléimneacht AE a mhéadú;

K. de bhrí go mbíonn tionchar ag beartas trádála ar astaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT);

L. de bhrí gurb ionann astaíochtaí GCT ón earnáil iompair agus 27% d’astaíochtaí domhanda AE agus gurb iad na hastaíochtaí sin amháin atá fós ag dul i méid; de bhrí nach mór don iompar rannchuidiú, ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, le spriocanna AE maidir le laghdú astaíochtaí a bhaint amach, ar spriocanna iad atá dírithe ar aeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050, agus a áirithiú ag an am céanna go mbeidh an t-iompar fós inacmhainne agus iomaíoch; de bhrí gur féidir dlús a chur le laghdú astaíochtaí na hearnála iompair i gcás an bhonneagair agus an fhlít feithiclí araon trí shineirgí le hearnálacha eile a fhorbairt agus a threisiú, amhail na hearnálacha digiteacha nó fuinnimh;

M. de bhrí go bhféadfadh díolúintí cánach d’earnáil na heitlíochta agus don earnáil mhuirí saobhadh a dhéanamh ar an iomaíochas idir earnálacha tionsclaíocha, agus go bhféadfadh siad modhanna iompair neamhéifeachtúla agus truaillitheacha a chur chun cinn;

N. de bhrí go bhforáiltear in Airteagal 2 de Reachtanna BCE, má bhaintear amach an cuspóir maidir le cobhsaíocht praghsanna agus mura dtugtar faoi cheist é, nach mór beartas airgeadaíochta BCE a sheoladh d’fhonn cur le cuspóirí AE atá leagtha síos in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), lena bhforáiltear, i measc cuspóirí eile, do cháilíocht an chomhshaoil a chosaint;

O. de bhrí, i gcomhthéacs a athbhreithnithe ar a straitéis maidir le beartas airgeadaíochta, go measfaidh BCE an féidir leis agus conas is féidir leis, agus é ag gníomhú laistigh dá shainordú, breithnithe inbhuanaitheachta a chur san áireamh, go háirithe rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht an chomhshaoil;

P. de bhrí gurb é is aidhm le gníomhachtú an chlásail ghinearálta éalaithe ná ligean do na Ballstáit beartas fioscach a shaothrú lena n-éascófar cur chun feidhme na mbeart uile is gá chun déileáil go leordhóthanach leis an ngéarchéim agus, ag an am céanna, fanacht laistigh de chreat rialacha-bhunaithe an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis (CCF); de bhrí go leagtar síos sa chlásal ginearálta éalaithe nár cheart an inbhuanaitheacht fhioscach a chur i mbaol de dheasca chur i bhfeidhm an chlásail sin;

1. á chur in iúl gur geal léi an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (PIEI), a bhfuil ról lárnach aige lena áirithiú go mbeidh rath ar an gComhaontú Glas agus ar an aistriú i dtreo geilleagar a bheidh níos inbhuanaithe, níos iomaíche, níos ciorclaí agus níos athléimní, i gcomhréir le gealltanais chomhshaoil an Aontais, lena n-áirítear gealltanais aeráide faoi Chomhaontú Pháras agus faoi dhlí aeráide AE; á chur i bhfáth gur cheart don phlean a bheith i gcroílár freagairt chomhordaithe agus chuimsitheach ón Aontas ar gheilleagar agus sochaí níos athléimní a thógáil tar éis phaindéim COVID-19, agus gur cheart go gcothófar comhtháthú críochach, sóisialta agus eacnamaíoch leis; á chur i bhfios nach mór don inbhuanaitheacht a bheith i gcomhréir le breithnithe cobhsaíochta airgeadais;

2. á chur in iúl gur geal léi an Plean Téarnaimh don Eoraip ón gCoimisiún , a bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip agus an Straitéis maidir le Digitiú ina chroílár; á chur in iúl go bhformhuiníonn sí an bunphrionsabal go n-urramóidh infheistíochtaí poiblí an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH), agus á thabhairt chun suntais go bhfuil feidhm ag an bprionsabal sin maidir le cuspóirí sóisialta agus comhshaoil araon; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart go ndéanfadh pleananna náisiúnta téarnaimh agus athléimneachta an tAontas Eorpach a chur ar bhealach na haeráidneodrachta faoi 2050, mar a chumhdaítear i ndlí aeráide AE, lena n-áirítear na spriocanna idirmheánacha do 2030, lena n-áiritheofar aistriú na mBallstát i dtreo geilleagar ciorclach agus aeráidneodrach, bunaithe ar spriocanna eolaíochta agus aeráide a mbeidh teorainn ama leo;

3. á mheas gurb ionann aistriú cothrom chuig an aeráidneodracht agus mórfhreagracht de chuid AE; á iarraidh go ndéanfar bearta agus beartais iomchuí a chur chun feidhme chun go n-éireoidh leis an gclaochlú sin, agus na hearnálacha poiblí agus príobháideacha, réigiúin, cathracha agus na Ballstáit a bheith páirteach ann; á iarraidh go dtabharfar tús áite d’infheistíochtaí chun tacú le haistriú inbhuanaithe, leis an gclár oibre digiteach agus le ceannasacht Eorpach in earnálacha straitéiseacha trí bhíthin straitéis chomhsheasmhach thionsclaíoch; á chreidiúint go gcuideoidh digiteáil na n-earnálacha poiblí agus príobháideacha leis an aeráidneodracht a bhaint amach;

4. á chur i bhfáth go mbeidh an rath a bheidh ar aidhm AE aeráidneodracht a bhaint amach agus geilleagar ciorclach a bheith ann faoi 2050 ag brath, i measc tosca eile, ar mhaoiniú leordhóthanach agus comhtháthú comhleanúnach na hinbhuanaitheachta san airgeadas poiblí agus príobháideach; á chur i bhfios go láidir nach leor maoiniú poiblí amháin chun na spriocanna thuasluaite a bhaint amach agus chun rannchuidiú leis an aistriú; á chur i bhfáth go mbeidh gá le méideanna suntasacha breise d’infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha a chur chun cinn agus PIEI á fhorbairt; á chur i bhfios go láidir nach mbeidh na cistí a mbeidh fáil orthu neamhtheoranta, fiú amháin le cistiú uaillmhianach; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go ndéanfaidh PIEI foráil maidir le hinfheistíocht bhreise lena ngabhann breisluach réadach agus nach ndéanann maoiniú margaidh a phlódú agus go ndéanfaidh sé an infheistíocht sin a chumasú; á iarraidh ar an gCoimisiún creat láidir a bhunú don tuairisciú agus don fhaireachán lena áirithiú go mbeidh fíorthionchar ag caiteachas; á áitiú go mbeidh an nasc idir caiteachas agus ioncam, go háirithe trí acmhainní dílse nua a chruthú, ríthábhachtach do chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais;

5. ag tabhairt dá haire go mbeidh tionchar ag an aistriú i dtreo geilleagar glas ar gach earnáil de gheilleagar AE, agus á áitiú gur cheart go gcuirfidh an bealach i dtreo na haeráidneodrachta borradh faoi iomaíochas an gheilleagair Eorpaigh agus go mbeidh glanbharrachas de phoist inbhuanaithe ardcháilochta san Aontas mar thoradh air sin; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeidh an t-aistriú glas cuimsitheach agus i gcomhréir le prionsabail na hinbhuanaitheachta eacnamaíche, sóisialta agus comhshaoil; á mheas nár cheart do PIEI aon duine a fhágáil ar lár agus gur cheart go ndíreoidh sé, i gcás inar gá, ar éagothromaíochtaí a laghdú idir na Ballstáit agus na réigiúin maidir le cuspóirí aeráidneodrachta a bhaint amach; á mheabhrú go bhfuil an-tábhacht le sábháil agus cruthú post, mar aon le hoiliúint bhreise agus athoiliúint, san aistriú chuig fuinneamh inbhuanaithe;

6. á chur i bhfáth freisin go gcaithfidh táirgeoirí táirgí agus seirbhísí inbhuanaithe ón Eoraip buntáistí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a fheiceáil chun go n-éireoidh leis;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar PIEI a mhaoiniú go leordhóthanach lena áirithiú go mbeidh tionchar leordhóthanach ag na cláir a bheidh ann amach anseo, amhail an Straitéis maidir leis an Rabhartha Athchóirithe, ar gach foirgneamh in AE, go mbeidh glacadh ag saoránaigh uile an Aontais leo agus go bhfáilteoidh na saoránaigh rompu;

8. ag ceistiú an gcumasóidh PIEI, mar atá sé faoi láthair, EUR 1 trilliún a shlógadh faoi 2030, i bhfianaise an dearcaidh eacnamaíoch dhiúltaigh tar éis phaindéim COVID-19; á iarraidh go ndéanfaidh an Coimisiún trédhearcacht iomlán a áirithiú ar shaincheisteanna maoinithe, amhail an éifeacht giarála dóchasaí, comhaireamh dúbailte féideartha infheistíochtaí áirithe nó an easpa soiléireachta maidir le heachtarshuí méideanna áirithe; ag ceistiú, thairis sin, conas a chumasóidh an CAI nua mar a mhol an Coimisiún agus mar a comhaontaíodh sna Conclúidí ón gComhairle Eorpach spriocanna PIEI a bhaint amach; á chur in iúl gur ábhar imní go bhféadfadh bearna infheistíochta glaise teacht chun cinn ag deireadh na chéad tréimhse CAI eile trí thús áite a thabhairt do chláir AE; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit pleananna a thabhairt chun cinn lena míneofar conas a dhúnfaidh siad an bhearna shuntasach infheistíochta trí bhíthin infheistíochtaí poiblí agus príobháideacha araon, lena n-áirítear measúnú ar an ionchas nua eacnamaíoch a d’eascair as an ngéarchéim reatha agus an uaillmhian mhéadaithe a bhfuiltear ag dréim léi ó na spriocanna aeráide, fuinnimh agus comhshaoil do 2030; á chur i bhfios go láidir gur sprioc fhadtéarmach AE is ea PIEI agus nach féidir le CAInna níos ísle, lena leithdháiltear cion mór airgid ar aisíoc an fhiachais fhadtéarmaigh, an bonn a bhaint de amach anseo;

9. ag tabhairt dá haire gur mheas an Coimisiún, i dTeachtaireacht PIEI uaidh an 14 Eanáir 2020, go bhfuil infheistíocht EUR 662 billiún in aghaidh na bliana ar a laghad ag teastáil ar leibhéal AE chun na cuspóirí reatha aeráide do 2030 a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún na figiúirí nua sin a léiriú i struchtúr leasaithe PIEI;

10. á iarraidh go n-áiritheofar go rachaidh maoiniú ó PIEI, ar leibhéal AE, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach, i dtreo na mbeartas agus na gclár sin a bhfuil an acmhainneacht is mó acu chun rannchuidiú leis an gcomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus le cuspóirí comhshaoil eile, lena n-áirítear aistriú cuideachtaí AE, go háirithe FBManna, chuig Aontas níos iomaíche agus chuig cruthú post, agus iad ag oiriúnú do riachtanais éagsúla náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla ag an am céanna; ag súil leis an gcreat a fhoilseoidh an Coimisiún, roimh thús an chéad CAI eile, maidir le rianú a dhéanamh ar chaiteachas aeráide agus bithéagsúlachta agus ar chaiteachas inbhuanaithe eile lena n-úsáidfear, de réir mar is iomchuí, na critéir a bunaíodh leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; á iarraidh go n-áireofar leis an gcreat sin, inter alia, modheolaíocht faireacháin, mar aon le bearta ceartaitheacha comhfhreagrachta, agus sásra slánaithe agus rianaithe inbhuanaitheachta chun tionchair dhíobhálacha a shainaithint i gcomhréir le prionsabal DNSH agus le gealltanais faoi Chomhaontú Pháras;

11. á thabhairt chun suntais go mbraitheann rath PIEI ar leordhóthanacht an mhaoinithe phoiblí agus phríobháidigh, agus ar chomhleanúnachas bheartais AE; á chur i bhfios go láidir, dá bhrí sin, go bhfuil gá le táscairí comhchuibhithe inbhuanaitheachta agus le modheolaíocht chun tionchar a thomhas; á áitiú gur cheart, i bhfianaise PIEI, tús a chur le measúnuithe tionchair i ndáil le píosaí eile reachtaíochta, cibé acu atá siad fós ag an gcéim reachtach nó ar glacadh iad cheana féin, chun meastóireacht a dhéanamh ar chomhoiriúnacht reachtaíocht AE atá ann cheana le spriocanna comhshaoil AE;

12. ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart gurbh é ceann de chuspóirí PIEI aistriú ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe go gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe;

13. á chreidiúint gur cheart don airgeadas poiblí agus príobháideach an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a chur san áireamh agus cloí le prionsabal DNSH, chun a áirithiú nach gcuireann beartais agus maoiniú AE, lena n-áirítear buiséad AE, na cláir a mhaoinítear trí Next Generation EU (NGEU), tríd an Seimeastar Eorpach agus trí mhaoiniú an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI) le tionscadail agus gníomhaíochtaí a dhéanfaidh dochar mór do chuspóirí sóisialta nó comhshaoil, agus a bhainfidh an bonn d’iomaíochas eacnamaíoch nó a mbeidh cailliúint post mar thoradh orthu; á chur i bhfios nach mbeidh buiséid phoiblí agus bainc phoiblí in ann na bearnaí infheistíochta a líonadh leo féin; á mheabhrú go ndéanann 10 mórbhanc Eorpacha níos mó ná EUR 100 billiún a infheistiú i mbreoslaí iontaise gach bliain fós; á mheabhrú dó nach mór don Choimisiún, faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi dheireadh 2020 ina bhfuil critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go mór le maolú ar an athrú aeráide agus le hoiriúnú don athrú sin;

14. á iarraidh go ndéanfar prionsabal DNSH a oibríochtú i rialacháin ábhartha AE maidir le maoiniú, mar shampla trí dhíonadh ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar an inbhuanaitheacht shóisialta; á mheabhrú nár cheart rialacha dochta infheistíochta a thabhairt isteach gan dul i gcomhairle roimh ré le húdaráis phoiblí áitiúla agus réigiúnacha, le tionscail agus le FBManna;

15. á iarraidh go gcuirfear deireadh de réir a chéile le hinfheistíochtaí poiblí agus príobháideacha i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha dochracha, a bhfuil roghanna malartacha atá indéanta go heacnamaíoch ar fáil ina leith, agus lánurraim á tabhairt do chearta na mBallstát a meascán fuinnimh a roghnú, agus é mar chuspóir córas fuinnimh in-athnuaite agus eangach fuinnimh, a bheadh comhoiriúnach le Comhaontú Pháras, a chur chun feidhme; á chur i bhfios go láidir a phráinní atá sé teacht ar na roghanna malartacha sin trí infheistíochtaí ollmhóra a dhéanamh sa nuálaíocht teicneolaíochta agus san éifeachtúlacht fuinnimh; á áitiú nár cheart go gcuirfeadh gníomhaíochtaí a mhaoinítear le PIEI le tuilleadh neamhionannais shóisialta agus le doimhniú na scoilte eacnamaíche agus sóisialta Thoir-Thoir in AE; á mheabhrú, sa chomhthéacs sin, gur chaith 11 tír agus an tAontas Eorpach EUR 112 billiún in aghaidh na bliana idir 2014 agus 2016 chun breoslaí iontaise a fhóirdheonú; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit straitéisí a ullmhú chun deireadh a chur de réir a chéile leis na fóirdheontais uile a dhéanann dochar don chomhshaol d’fhonn feabhas a chur ar chomhsheasmhacht agus ar chreidiúnacht AE maidir leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais nádúrtha a chaomhnú, agus dlús a chur leis an aistriú i dtreo córais fuinnimh ghlain agus i dtreo geilleagar ciorclach atá neodrach ó thaobh na haeráide de;

16. á mheas gur cheart go ndéanfadh an t-aistriú chuig an aeráidneodracht cothrom na Féinne a chaomhnú do chuideachtaí AE agus dá n-iomaíochas, go háirithe i gcás iomaíocht éagórach ó thríú tíortha; á chreidiúint, d’fhonn a chuid aidhmeanna a bhaint amach, gur cheart go rannchuideodh PIEI freisin le táirgeadh inbhuanaithe na hEorpa, agus go laghdódh sé astaíochtaí domhanda trí bheartas trádála; á iarraidh nach ndéanfaidh comhaontuithe trádála cosaint infheisteoirí a ráthú ar chostas caighdeán comhshaoil, sóisialta nó sláinte; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé go gcuirfí caighdeáin in-fhorfheidhmithe aeráide agus caighdeáin chomhshaoil eile san áireamh i gcomhaontuithe trádála arna ndéanamh ag AE le tríú tíortha, agus freisin chun cothrom na Féinne a áirithiú do chuideachtaí Eorpacha; á iarraidh go n-áiritheofar go mbeidh tríú tíortha incháilithe do thionscadail trasteorann a rannchuidíonn le cuspóirí Chomhaontú Pháras;

17. á chur i bhfios go láidir, maidir le Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta, mar phríomhchláir AE maidir le hoideachas, saorálaíocht agus cultúr, gur uirlis bhunriachtanach iad sa fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide agus go bhfuil príomhról acu chun oideachas a chothú sna scileanna atá ag teastáil don aistriú glas, chun feasacht faoi shaincheisteanna comhshaoil agus an aistrithe aeráide a mhéadú, go háirithe i measc daoine óga i saorálaíocht chun an comhshaol a chosaint, agus i réitigh chruthaitheacha, chuimsitheacha agus inrochtana a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhshaoil; á chur i bhfáth go rannchuidíonn na cláir sin le spriocanna forbartha inbhuanaithe AE a bhaint amach; ag cur béim maidir leis sin ar a thábhachtaí atá intéirneachtaí talmhaíochta le tacaíocht ó Erasmus +;

Buiséad AE: acmhainní airgeadais a spriocdhíriú, a thionscnamh agus a spreagadh

18. ag cur béim ar ról lárnach bhuiséad AE maidir le PIEI a bhaint amach; ag athdhearbhú an tseasaimh fhadbhunaithe atá aici gur cheart tionscnaimh nua a bheith faoi réir measúnú agus díonadh inbhuanaitheachta, gur cheart iad a mhaoiniú i gcónaí trí leithreasaí breise agus nár cheart go mbeadh tionchar diúltach acu ar bheartais eile; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá beartais sheanbhunaithe AE, amhail beartais maidir leis an gcomhtháthú nó an talmhaíocht, mar aon le príomhréimsí beartais eile, amhail taighde, nuálaíocht nó oiriúnú don athrú aeráide agus maolú ar an athrú aeráide; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a ngealltanais pholaitiúla a chomhlíonadh, agus CAI a thabhairt don Aontas a bheidh dírithe ar an todhchaí agus a bheidh in ann freagairt d’ionchais na saoránach;

19. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá infheistíochtaí príobháideacha inbhuanaithe agus an ról atá acu maidir le cuspóirí PIEI a bhaint amach, agus á chreidiúint gur gá maoiniú príobháideach a éascú; á chur i bhfáth thairis sin gur cheart tacaíocht theicniúil a fheabhsú trí ghorlanna áitiúla agus náisiúnta agus trí naíolanna tionscadail ina dtugtar maoinitheoirí agus tionscnóirí tionscadail le chéile;

20. á chur in iúl gur geal léi gur ghlac an Chomhairle Eorpach le hIonstraim Théarnaimh an Aontais Eorpach mar ionstraim éigeandála chun tacú le hinfheistíochtaí agus le hathchóirithe; á chur in iúl gur saoth léi, áfach, an togra chun breisiú ar roinnt clár AE a laghdú go suntasach, agus a chur ar ceal go hiomlán i gcás cláir eile; á chreidiúint go dtéitear i gcoinne chlár oibre AE don Chomhaontú Glas leis na ciorruithe atá molta ar chláir lena dtacaítear le haistriú réigiún atá spleách ar charbón, agus go mbeidh tionchar acu ar mhaoiniú PIEI freisin ar deireadh;

21. á chur i bhfios go láidir gur cheart sciar uaillmhianach de chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht i mbuiséad AE a bheith mar bhonn taca le rannchuidiú AE leis na cuspóirí aeráide, chun a chuid oibleagáidí faoi Chomhaontú Pháras a chomhlíonadh; ag féachaint, dá bhrí sin, le sprioc chaiteachais 30% maidir le príomhshruthú aeráide agus sprioc chaiteachais 10% maidir leis an mbithéagsúlacht, ar spriocanna iad atá ceangailteach ó thaobh dlí de, a bhaint amach a luaithe is féidir; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh feidhm ag an sprioc chaiteachais aeráide maidir le CAI ina iomláine; á chur i bhfios go láidir gur cheart go mbeadh feidhm ag sprioc aeráide 37% maidir le caiteachas NGEU freisin; ag tathant ar an gCoimisiún creat monatóireachta agus faireacháin atá fóinteach agus trédhearcach a bhunú do chaiteachas a bhaineann leis an aeráid i mbuiséad AE; á chur i bhfáth go bhfuil ról ríthábhachtach ag acmhainní dílse nua chun cur ar chumas bhuiséad AE leibhéal níos airde maoinithe don aeráid a bhaint amach amach anseo;

22. á chur in iúl gur geal léi an togra chun an Ciste um Aistriú Cóir (CUAC) a bhreisiú, le cistí breise ó NGEU, ach á chur in gur oth léi an togra ón gComhairle chun an breisiú sin a laghdú, agus á chur i bhfáth go mbeidh gá le tacaíocht bhreise lena áirithiú go dtabharfar cúnamh leordhóthanach d’oibrithe a ndéanann an t-aistriú difear díreach nó indíreach dóibh; á athdhearbhú go bhféadfadh acmhainní ó CUAC na hacmhainní atá ar fáil faoi bheartas comhtháthaithe a chomhlánú, agus á chur in iúl nár cheart don togra nua dochar a dhéanamh do bheartas comhtháthaithe trí aistrithe éigeantacha ó imchlúdaigh náisiúnta na mBallstát agus nár cheart go mbeadh saobhadh ar an iomaíochas mar thoradh air;

23. á chreidiúint gur cheart prionsabal an aistrithe chóir a phríomhshruthú ar fud an Chomhaontaithe Ghlais, agus gur cheart go ndíreodh CUAC ar na réigiúin is mó atá ag brath ar bhreoslaí iontaise go háirithe; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do thionscadail dá dtugtar cistí a bheith inbhuanaithe san fhadtéarma ó thaobh an chomhshaoil, na sochaí agus na heacnamaíochta de; á iarraidh, dá bhrí sin, go mbeadh straitéis chuimsitheach AE ann chun na réigiúin a bhaineann tairbhe as CUAC a fhorbairt agus a nuachóiriú;

24. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh na geallsealbhóirí ábhartha go léir rannpháirteach i ndréachtú na bpleananna um aistriú cóir; á chreidiúint gur cheart túsphointí éagsúla na mBallstát agus na réigiún san aistriú chuig an aeráidneodracht a chur san áireamh sna pleananna um aistriú cóir; ag tabhairt dá haire gur cheart go mbeadh soiléireacht níos fearr ann maidir leis na critéir incháilitheachta le haghaidh cistithe; á chreidiúint gur cheart measúnú a dhéanamh ar na cláir atá á maoiniú ag CUAC trí úsáid a bhaint as rianú aeráide, cuntasaíocht caipitil nádúrtha agus modheolaíochtaí saolré;

25. á chur in iúl gur geal léi an dá cholún bhreise atá sa Sásra um Aistriú Cóir, go háirithe scéim thiomnaithe faoi InvestEU agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí, lena gcruthófar, in éineacht le CUAC, deiseanna nua eacnamaíocha agus lena gcuirfear le maolú éifeachtaí socheacnamaíocha an aistrithe chuig an aeráidneodracht agus le cur chun feidhme an gheilleagair chiorclaigh in AE sna réigiúin agus sna cathracha is leochailí agus is déine ó thaobh carbóin de, agus lena gcabhrófar le haghaidh a thabhairt ar na dúshláin inacmhainneachta fuinnimh a bheidh os comhair na saoránach le linn an phróisis aistrithe; á mheas, chun go mbeidh rath ar na colúin sin, go bhfuil sé ríthábhachtach cúnamh teicniúil leordhóthanach a ráthú do na Ballstáit, do réigiúin agus do chathracha;

26. á chur i bhfáth nach mbeifear in ann aistriú a bheidh cóir go sóisialta a dhéanamh gan rannchuidiú ollmhór ó limistéir uirbeacha; á mheas, dá bhrí sin, gur cheart go mbeadh fáil éasca ag cathracha ar acmhainní ón dara colún agus ón tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir, chun sásra mórscála airgeadais a fhorbairt ar mhaithe le cuidiú le hiarrachtaí aeráide agus sóisialta ar leibhéal na cathrach; á chur i bhfios go bhféadfar a áireamh leis sin cistí atá inrochtana go díreach do bheartais tithíochta, cláir athchóirithe foirgneamh, cláir iarfheistithe agus inslithe, tionscadail iompair phoiblí, feabhas a chur ar bhonneagar glas cathracha, ionstraimí geilleagair chiorclaigh a thabhairt isteach nó tionscadail inbhuanaithe bailithe uisce, i measc nithe eile;

27. á chur in iúl gur geal léi ról InvestEU i gcur chun feidhme agus i bhfeidhmiú PIEI agus á mheas gur cheart go mbeadh ról lárnach aige in athshlánú glas, cothrom agus athléimneach an Aontais; á chur in iúl gur saoth léi go ndearnadh an maoiniú a bhí beartaithe do InvestEU, trí CAI agus NGEU araon, a laghdú go suntasach i gcomparáid leis an togra is déanaí ón gCoimisiún; á chur in iúl gur geal léi an togra chun Saoráid Straitéiseach Infheistíochta a chruthú, go háirithe an cúigiú ionú – an t-ionú um infheistíocht san Eoraip – laistigh de InvestEU chun infheistíochtaí inbhuanaithe a chur chun cinn i bpríomhtheicneolaíochtaí agus i slabhraí luacha; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh tionscadail a mhaoinítear faoi InvestEU i gcomhréir le gealltanais aeráide agus chomhshaoil an Aontais do 2030;

28. á chur i bhfios go láidir go bhfuil an réamh-chomhaontú maidir le InvestEU, a baineadh amach idir an Pharlaimint agus an Chomhairle i mí na Bealtaine 2019, curtha san áireamh sa togra athbhreithnithe ón gCoimisiún cheana féin; á mheabhrú go bhforáiltear sa chomhaontú sin freisin, sa bhreis ar sheasamh pribhléideach do Ghrúpa BEI, do ról tábhachtach do chomhpháirtithe cur chun feidhme eile, amhail bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha nó institiúidí airgeadais idirnáisiúnta eile; á mheabhrú, thairis sin, gur ionstraim éileamhbhunaithe é InvestEU, agus gur cheart, ar an gcúis sin, comhchruinniú iomarcach earnála nó geografach a sheachaint; á chur i bhfáth gur gá a áirithiú go mbeidh cúnamh teicniúil leordhóthanach ar fáil ar an láthair chun tionscadail a mhaoiniú sna háiteanna is mó a bhfuil gá leo, agus ar bhealach a chuireann fíorbhreisíocht ar fáil; á thabhairt chun suntais, i ndáil leis an méid sin, gur rannchuiditheoir ríthábhachtach é an Mol Comhairleach ar gá leithdháileadh leordhóthanach airgeadais a áirithiú dó;

29. á athdhearbhú go bhfuil freagracht ar AE, mar cheannaire domhanda sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide, comhpháirtithe idirnáisiúnta eile a spreagadh chun cur chuige den chineál céanna a leanúint; á chreidiúint nár cheart na hacmhainní a dheonaítear do thríú tíortha le Buiséad AE a chaitheamh ar bhealach ar bith atá contrártha le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais, agus gur cheart é a bheith mar aidhm leo baint amach a chuid cuspóirí a éascú, agus leibhéal éagsúil forbartha gach tíre á chur san áireamh, mar aon leis na riachtanais éagsúla infheistíochta atá acu; á mheas gur léirigh an phaindéim go bhfuil dlúthnasc doscartha idir gníomhaíocht chun an comhshaol agus an bhithéagsúlacht a chosaint lasmuigh den Aontas agus an tsláinte sa bhaile, agus go bhfuil gníomhaíocht den sórt sin é costéifeachtach nuair a chuirtear i gcomparáid le tionchair na paindéime í;

30. ag tabhairt dá haire gur cheart go gcuirfeadh an Ciste Nuálaíochta agus an Ciste don Nuachóiriú go mór leis an aistriú inbhuanaithe i dtreo astaíochtaí GCT glan-nialasacha faoi 2020, agus á chur in iúl gur geal léi go háirithe an fíoras go bhfuil an Ciste don Nuachóiriú deartha chun tacú le hinfheistíochtaí chun éifeachtúlacht fuinnimh a fheabhsú i 10 mBallstát ar ioncam íseal agus mar sin gur uirlis thábhachtach é chun aistriú cóir a áirithiú; á thabhairt chun suntais, mar sin féin, gur gá grinnscrúdú méadaithe a dhéanamh ar an gCiste, ós rud é nár cheart go mbeadh infheistíochtaí i ngníomhaíochtaí lena ndéantar dochar suntasach do chuspóirí sóisialta agus comhshaoil incháilithe faoin gCiste Nuachóirithe;

31. á mheas gur gá aon fhorluí le gníomhaíochtaí gaolmhara arna maoiniú trí bhuiséad an Aontais a sheachaint, agus á chreidiúint go bhféadfadh sé go ndéanfadh na Cistí sin lasmuigh de bhuiséad an Aontais dochar do mhaoirseacht bhuiséadach; ag tathant ar an gCoimisiún an t-údarás buiséadach a choimeád ar an eolas mar is ceart maidir le cur chun feidhme na gCistí;

32. á chur in iúl gur geal léi go bhfuil sé ar intinn ag an gCoimisiún athbhreithniú a dhéanamh ar an gCiste don Nuachóiriú agus ar an gCiste Nuálaíochta araon mar chuid dá athbhreithniú ar an Scéim Trádála Astaíochtaí (ETS); á athdhearbhú go bhfuil éileamh seanbhunaithe aici go ndéanfar sciar suntasach d’ioncam ETS a aicmiú mar acmhainní dílse;

33. á chur i bhfáth go mbeidh ról tábhachtach ag an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT) agus ag an gComhbheartas Iascaigh maidir le cuspóirí PIEI a bhaint amach; ag tabhairt dá haire, agus earnálacha talmhaíochta agus iascaigh AE á dtreorú chun acmhainní nádúrtha a bhainistiú ar bhealach níos inbhuanaithe agus chun an bhithéagsúlacht a chaomhnú, gur cheart go gcoinneodh CBT a chuspóirí maidir le tacú le soláthar bia ar ardchaighdeán a chur ar fáil, ceannasacht bhia a ráthú do mhuintir na hEorpa, rannchuidiú le tuilleamh cobhsaí agus inghlactha d’fheirmeoirí agus d’iascairí, agus rannchuidiú le forbairt inbhuanaithe ceantar tuaithe; á thabhairt chun suntais gur gá a áirithiú go gcuirfidh CBT le spriocanna aeráide agus inbhuanaitheachta AE, mar a léiríodh sa tuarascáil ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa an 7 Samhain 2018;

34. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain ar an airgeadas poiblí agus príobháideach a éascú chun tacú le hinfheistíocht ghlas mhéadaithe, le forbairt uirlisí digiteála agus an rochtain a bhíonn orthu, leis an nuachóiriú agus leis an nuálaíocht, a chuirfidh ar chumas na hearnála talmhaíochta, na hearnála iascaigh agus na gceantar tuaithe aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus deiseanna chun cuspóirí agus uaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach;

35. á chur i bhfáth go mbeidh ról ríthábhachtach ag an mbeartas comhtháthaithe, mar phríomhbheartas infheistíochta AE, maidir le tacú leis an aistriú chuig an aeráidneodracht; ag tarraingt aird ar an bhfíoras, i ndiaidh phaindéim COVID-19, go mbeidh an beartas comhtháthaithe ar cheann de na hionstraimí cinntitheacha sa téarnamh eacnamaíoch inbhuanaithe, agus gur cheart go leanfadh sé de ról seanbhunaithe a bheith aige maidir le cur chun cinn an chomhtháthaithe shóisialta, eacnamaíoch agus chríochaigh, mar a leagtar síos i gConarthaí AE; ag áitiú gur cheart an beartas comhtháthaithe a neartú ionas go mbeidh sé in ann a phríomhchuspóirí a bhaint amach agus cur le rath an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip;

36. ag tacú le cur chuige nuálach an Choimisiúin a léirítear ina ráiteas go rannchuideoidh buiséad AE le cuspóirí aeráide agus comhshaoil a bhaint amach tríd an taobh ioncaim atá aige freisin; ag meabhrú sheasamh na Parlaiminte i bhfabhar acmhainní dílse nua a thabhairt isteach ar féidir leo breisluach a ghiniúint agus tacú go mór leis an gComhaontú Glas don Eoraip;

37. ag athdhearbhú an tseasaimh a bhí aici roimhe seo maidir le liosta na n-iarrthóirí féideartha ar acmhainní dílse nua, mar a leagtar amach ina tuarascáil eatramhach maidir le CAI, ar cheart dó a bheith ag teacht le cuspóirí riachtanacha AE lena n-áirítear an comhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus cosaint an chomhshaoil; á iarraidh, dá bhrí sin, go dtabharfar isteach acmhainní dílse nua, gan aon ualach breise a chur ar na saoránaigh, lena bhféadfaí, mar shampla, acmhainní ar thug an Coimisiún figiúirí ina leith in 2018 a áireamh, bunaithe ar na nithe seo a leanas:

(i) ioncam ceantála ETS, a d’fhéadfadh idir EUR 3 bhilliún agus EUR 10 mbilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;

(ii) ranníocaíocht maidir le dramhaíl ó phacáistíocht phlaisteach neamh-athchúrsáilte, a d’fhéadfadh idir EUR 3 bhilliún agus EUR 10 mbilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;

(iii) an sásra coigeartaithe carbóin ar theorainneacha a bheidh ann amach anseo, a d’fhéadfadh idir EUR 5 billiún agus EUR 14 bhilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;

(iv) comhbhonn comhdhlúite don cháin corparáide, a d’fhéadfadh breis agus EUR 12 bhilliún a chruinniú in aghaidh na bliana;

(v) cáin ar chuideachtaí móra digiteacha, a d’fhéadfadh idir EUR 750 milliún agus EUR 1.3 billiún a chruinniú in aghaidh na bliana, agus;

(vi) cáin ar idirbhearta airgeadais (FTT), a d’fhéadfadh suas le EUR 57 mbilliún a chruinniú in aghaidh na bliana, bunaithe ar an mbuntogra ón gCoimisiún in 2012 agus Brexit agus an fás eacnamaíoch á gcur san áireamh, ag brath ar raon feidhme na cánach;

á athdhearbhú, i ndáil leis an méid sin, gur iarr sí ar na Ballstáit go léir a bheith rannpháirteach sa chreat comhair fheabhsaithe maidir le FTT; á iarraidh ar an gCoimisiún sonraí a chur ar fáil a luaithe is féidir maidir leis na hacmhainní dílse a tíolacadh ina Theachtaireacht an 27 Bealtaine 2020 maidir leis an bPlean Téarnaimh, lena n-áirítear maidir leis an tobhach atá bunaithe ar oibríochtaí fiontar mór agus an fhéidearthacht chun ETS a leathnú chuig na hearnálacha muirí agus eitlíochta;

38. á áitiú gur cheart ciseán d’acmhainní dílse nua a áireamh i mbuiséad AE ó 2021 ar aghaidh, agus gur cheart féilire atá ceangailteach ó thaobh dlí de a bhunú freisin chun acmhainní dílse nua a mholadh agus a thabhairt isteach le linn an chéad CAI eile; á iarraidh go mbeidh na fáltais ó na hacmhainní nua dílse leordhóthanach chun ar a laghad na hoibleagáidí aisíocaíochta faoin Ionstraim Théarnaimh a chumhdach; ag dréim leis gur cheart aon ioncam thar an leibhéal sin a aistriú isteach i mbuiséad AE chun, inter alia, an bhearna chistiúcháin sa Chomhaontú Glas a líonadh, gan difear a dhéanamh do phrionsabal na huilíochta;

39. á chur i bhfios go láidir go mbeidh an dá chineál ioncaim, ioncam comhshaoil agus ioncam nach mbaineann go sonrach leis an gcomhshaol, fíor-riachtanach chun ciseán d’acmhainní dílse nua a bhunú, ós rud é go bhféadfadh an t-ioncam a tháirgtear le hioncaim chomhshaoil laghdú go comhréireach le himeacht ama de réir mar a théann AE i dtreo na haeráidneodrachta;

Institiúidí airgeadais – cur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais a chumasú

40. á chur in iúl gur geal léi an cinneadh ó BEI athbhreithniú a dhéanamh ar a bheartas iasachtaithe fuinnimh agus ar a straitéis aeráide, agus 50% dá chuid oibríochtaí a chur i leataobh don ghníomhú ar son na haeráide agus na hinbhuaineachta comhshaoil ó 2025 ar aghaidh agus é mar aidhm oibleagáidí AE faoi Chomhaontú Pháras a bhaint amach; á iarraidh ar BEI athbhreithniú a dhéanamh freisin ar a bheartas iasachtaithe iompair, agus a bheith tiomanta d’aistriú inbhuanaithe i dtreo na haeráidneodrachta agus geilleagar ciorclach agus meascáin fuinnimh éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh agus aird faoi leith á tabhairt ar na hearnálacha agus na réigiúin is mó a ndéanann an t-aistriú difear dóibh; á iarraidh go háirithe go ndéanfar beartais nua a chur chun feidhme sna hearnálacha tionsclaíocha sin a bhfuil BEI gníomhach iontu chun tacú le haistriú na n-earnálacha sin d’fhonn gach iasacht nua earnála a ailíniú leis an sprioc maidir le haeráidneodracht a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí; ag moladh thiomantas BEI chun deireadh a chur le tionscadail fuinnimh breosla iontaise a mhaoiniú faoi 2021; á éileamh go nglacfar agus go bhfoilseofar pleananna infhíoraithe aistrithe chun cuspóirí aeráidneodrachta a bhaint amach;

41. á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh freagairt BEI ar phaindéim COVID-19 i gcomhréir le cuspóirí PIEI; ag tabhairt dá haire, áfach, nach féidir le gach tionscadal a mhaoinítear rannchuidiú le cuspóirí aeráide AE a bhaint amach, agus á áitiú nár cheart go gcuirfeadh sé sin cosc ar mhaoiniú na dtionscadal sin; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, áfach, nach mór punann BEI a ailíniú le spriocanna inbhuanaitheachta AE agus le prionsabal DNSH; á iarraidh ar BEI treochlár nithiúil a bhunú chun an sprioc ghráinneach de 50% a bhaint amach faoi 2025, agus an sciar dá shócmhainní lena maoinítear gníomhaíochtaí a cháilíonn mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de i gcomhréir le Tacsanomaíocht AE a nochtadh gach bliain; á mheabhrú gur cheart go nginfear EUR 240 billiún d’infheistíochtaí le freagairt an Bhainc do phaindéim COVID-19, agus go rabhthas in ann sin a dhéanamh laistigh de chúpla seachtain;

42. á mheas go bhfuil cur chuige ón mbun aníos agus cur chuige rannpháirteach ríthábhachtach chun go mbeidh ról rathúil ag BEI maidir leis an gComhaontú Glas a mhaoiniú, agus gur cheart do BEI idirphlé sonrach idir an earnáil phoiblí agus an earnáil phríobháideach a chur chun cinn, agus comhordú níos fearr a dhéanamh le geallsealbhóirí éagsúla, amhail údaráis áitiúla agus réigiúnacha, agus le hionadaithe ón tsochaí sibhialta; ag cur tuilleadh béime ar neamhspleáchas BEI, agus á chur i bhfios go láidir ag an am céanna a thábhachtaí atá sé a áirithiú go ndéantar grinnscrúdú daonlathach ar infheistíochtaí;

43. á mheabhrú gurb é BEI an t-eisitheoir is mó bannaí glasa ar domhan, agus breis agus EUR 23 bhilliún cruinnithe aige thar thréimhse 11 bhliain; ag tabhairt dá haire gur mórdhúshlán a bhí ann caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos chun snas glas a sheachaint; á chur in iúl gur díol sásaimh di Bannaí Feasachta nua BEI maidir le hInbhuanaitheacht, a seoladh in 2018 agus a ceapadh chun tacú leis an infheistíocht a bhaineann le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé caighdeáin chomhchoiteanna a leagan síos do na bannaí nua sin lena áirithiú go mbeidh tionscadail trédhearcach, infhíoraithe agus intomhaiste; á iarraidh ar BEI leanúint leis an ngníomhaíocht sin agus eisiúint bannaí glasa agus bannaí feasachta inbhuanaitheachta a leathnú, lena bhféadfar cur chun feidhme PIEI a éascú agus cabhrú leis an margadh a fhorbairt le haghaidh bannaí inbhuanaitheachta sóisialta agus comhshaoil, ag tógáil ar an obair faoi Phlean Gníomhaíochta AE maidir le Fás Inbhuanaithe a Mhaoiniú agus faoi Thacsanomaíocht AE;

44. ag spreagadh EIB le ról gníomhach a imirt maidir le tacú le tionscadail a chuireann le haistriú cóir amhail taighde, nuálaíocht agus digiteáil, rochtain FBManna ar mhaoiniú, agus infheistíocht shóisialta agus scileanna sóisialta;

45. ag tabhairt dá haire go bhfuil béim curtha ag Uachtarán EIB, Werner Hoyer, ar an ngá atá le bonn caipitil BEI a neartú iontas go mbeidh sé in ann leanúint leis na tionscadail uaillmhianacha atá mar bhonn taca ag an aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe;

46. ag aithint a thábhachtaí atá ról na mbanc agus na n-institiúidí náisiúnta (NPBInna) le haghaidh spreagadh agus na n-institiúidí idirnáisiúnta airgeadais (IFInna), lena n-áirítear an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha agus an Banc Domhanda, i maoiniú tionscadal inbhuanaithe, agus ar an gcaoi sin cur le baint amach chuspóirí Chomhaontú Pháras; á chur i bhfáth, i bhfianaise a dtaithí agus a n-acmhainneachtaí ar an leibhéal náisiúnta agus réigiúnach, go bhféadfadh ról lárnach a bheith ag NPBInna maidir le tionchar na gcistí poiblí a uasmhéadú, lena n-áirítear trí chomhpháirtíochtaí faoi InvestEU, agus go bhféadfaidís, ar an gcaoi sin, cuidiú le cuspóirí aeráide an Aontais a bhaint amach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil maoiniú FBManna ríthábhachtach chun PIEI a chur chun feidhme go rathúil;

47. á chur i bhfios go láidir freisin go bhfuil NPBInna an-eolach maidir le tionscadail atá sách beag a cheapadh, a bhainistiú agus a mhaoiniú, mar gheall ar an taithí atá acu sa réimse sin; á chur in iúl gur geal léi, dá bhrí sin, a rannpháirtíocht i ngnéithe éagsúla de PIEI, mar na comhlachtaí is oiriúnaí chun infheistíochtaí ar an leibhéal Eorpach a dhíriú ar an bhfíorgheilleagar agus ar an scála áitiúil; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé tacaíocht theicniúil áitiúil a áirithiú do thionscnóirí tionscadal agus don nuálaíocht, agus á thabhairt chun suntais go bhfuil ról ag naíolanna tionscadail maidir le cabhrú le tionscadail a bheith sách aibí chun maoiniú a fháil; á iarraidh go ndéanfar athchóiriú ar státchabhair lena gceadófar do NPBInna iasachtaí fabhracha a chur ar fáil chun an inbhuanaitheacht a chur chun cinn;

48. ag tabhairt dá haire gur féidir le hinfheistíocht phoiblí agus phríobháideach cabhrú leis an téarnamh agus athléimneacht inbhuanaithe i gcás ina ndíreofar maoiniú ar infheistíochtaí glasa, amhail eangacha leictreachais, for-eangacha agus eangacha cliste, gréasáin iarnróid, éifeachtúlacht fuinnimh, agus tionscadail geilleagair chiorclaigh;

49. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ag méadú ar na rioscaí don chobhsaíocht airgeadais a bhíonn ag gabháil le tubaistí comhshaoil agus aeráide agus gur cheart, dá bhrí sin, na rioscaí fadtéarmacha sin a ionchorprú ar bhealach níos fearr sna measúnuithe a dhéantar ar rialáil stuamachta agus maoirseacht stuamachta; á mheas gur cheart aird níos mó a thabhairt ar an gcomhrac in aghaidh an athraithe aeráide agus ar chur chun cinn na hinbhuanaitheachta i mbeartais BCE, agus lánurraim á tabhairt dá shainordú agus dá neamhspleáchas, agus gan an ról atá aige mar chaomhnóir na cobhsaíochta airgeadais agus airgeadaíochta a chur i mbaol; ag meabhrú ráiteas Uachtarán BCE go bhfuil BCE ag tacú le tacsanomaíocht a fhorbairt mar bhealach chun ionchorprú breithnithe comhshaoil i bpunanna na mbanc ceannais a éascú; ag tabhairt dá haire gur léiríodh uaillmhian sa fhreagra a thug an Eurochóras ar chomhairliúcháin phoiblí an Choimisiúin maidir leis an Straitéis Airgeadais Inbhuanaithe Athnuaite agus maidir leis an athbhreithniú ar an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais (NFRD), inar luadh gur féidir le fórsaí margaidh a bheith ina bpríomhspreagadh d’atreorú na sreafaí airgeadais i dtreo gníomhaíochtaí eacnamaíocha inbhuanaithe agus gur cheart dóibh a bheith ina bpríomhspreagadh don mhéid sin; á chur in iúl gur geal léi gur iarr BCE agus Líonra na mBanc Ceannais agus na Rialtóirí ar an Líonra um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS) go ndéanfadh rialtóirí airgeadais measúnú níos fearr ar rioscaí airgeadais a bhaineann le hinbhuanaitheacht;

50. ag spreagadh BCE chun an straitéis atá aige maidir le beartas airgeadaíochta a thabhairt ar aghaidh agus lánurraim á tabhairt do shainordú BCE maidir le cobhsaíocht airgeadais a chumhdaítear in CFAE; ag tabhairt dá haire gurb amhlaidh, mar chuid den athbhreithniú ar an straitéis atá aige maidir le beartas airgeadaíochta, go ndéanfaidh BCE measúnú, i gcomhréir le Comhaontú Pháras, ar cibé agus conas is féidir leis, ag gníomhú dó faoina shainordú, breithnithe inbhuanaitheacta – agus go háirithe rioscaí a bhaineann le hinbhuanaitheacht comhshaoil – a chur san áireamh ina chreat comhthaobhachta agus ina chleachtadh bliantúil tástála struis, agus deighilt á coinneáil i gcónaí idir ról an bheartais airgeadaíochta agus ról na maoirseachta stuamachta; ag spreagadh BCE, thairis sin, leibhéal ailínithe an bheartais airgeadaíochta le Comhaontú Pháras a nochtadh agus, san am céanna, treochlár maidir le hailíniú amach anseo a shocrú, agus leas á bhaint go hiomchuí as tacsanomaíocht an Aontais le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin; á iarraidh ar BCE féachaint ar bhealaí eile le tacú le BEI chun acmhainneacht mhaoinithe BEI a mhéadú gan saobhadh margaidh a chruthú;

51. ag moladh do BCE go ndéanfadh sé, i gcomhthéacs Chlár Ceannaigh na hEarnála Corparáidí (CSPP) i bhfianaise ghealltanais aeráide BEI, measúnú ar athchothromú a phunainne bannaí ar mór a lorg carbóin;

52. á iarraidh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna), in éineacht leis na húdaráis inniúla náisiúnta, tástálacha struis aeráide bliantúla a fhorbairt i leith na n-institiúidí airgeadais a ndéanann siad maoirseacht orthu, mar atá á phlé faoi láthair, go háirithe in NGFS, chun tuiscint a fháil ar cá háit a bhfuil na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i bpunanna institiúidí airgeadais ábhartha an Aontais agus ar mhéid na rioscaí sin;

53. á chreidiúint go bhfuil iompar poiblí lárnach ó thaobh soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá cur leis an tacaíocht a thugtar do ghréasáin agus flíteanna iompair phoiblí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, mar uirlis éifeachtach don aistriú agus i dtreo na soghluaisteachta íseal-astaíochtaí, agus aistriú módach á chur chun cinn ag an am céanna, go háirithe in ionaid uirbeacha, mar aon leis an nascacht i gceantair thuaithe chun an comhtháthú críochach a chur chun cinn; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh nasc níos láidre ann idir maoiniú an iompair uirbigh agus na Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) chun borradh a chur faoi chlaochlú na soghluaisteachta uirbí; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun pleananna agus beartais soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht do chórais iompair phoiblí éifeachtúla agus do réitigh soghluaisteachta gníomhaí, amhail siúl agus rothaíocht, agus an inrochtaineacht agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn i measc modhanna éagsúla iompair;

Infheistíochtaí príobháideacha a shlógadh le haghaidh téarnamh inbhuanaithe

54. ag tacú le straitéis airgeadais inbhuanaithe athnuaite; á chur i bhfios go bhfuil gá le héicilipéad de chuid an Aontais le haghaidh táirgí airgeadais, ar éicilipéad é a bheadh ag síorathrú, go bhfuil gá le Caighdeán Bannaí Glas de chuid an Aontais (GBS AE), agus go bhfuil gá le sonraí inbhuanaitheachta níos iontaofa, níos inchomparáide agus níos inrochtana a fhaightear trí tháscairí inbhuanaitheachta a chomhchuibhiú; á mheabhrú go bhfuil tábhacht nach beag ag baint le maoiniú glas do ról idirnáisiúnta an Aontais agus an euro sna deich bliana amach romhainn; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé do FBManna go mbeadh caighdeáin tuairiscithe shimplithe ann lena gcuirfí ar a gcumas dóibh páirt iomlán a ghlacadh i margaí caipitil;

55. á áitiú go bhfuil sonraí inbhuanaitheachta níos iontaofa, níos inchomparáide agus níos inrochtana fíor-riachtanach chun go n-oibreoidh córas airgeadais inbhuanaithe an Aontais i gcleachtas; á chur in iúl gur geal léi an smaoineamh atá ag an bhFóram Ardleibhéil um Aontas na Margaí Caipitil maidir le pointe rochtana aonair Eorpach (ESAP) a bhunú chun faisnéis faoi chuideachtaí in AE a chomhiomlánú trí idirnascadh na gclár náisiúnta agus cláir AE agus bunachair sonraí cuideachtaí atá ann cheana, mar bhealach chun cabhrú le cuideachtaí, go háirithe sna Ballstáit bheaga, infheisteoirí a mhealladh; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh cuideachtaí in ann rialú a dhéanamh ar infhaighteacht a gcuid sonraí in ESAP; á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh le haghaidh pointe rochtana aonair Eorpach d’fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais i ndáil le cuideachtaí liostaithe agus neamhliostaithe AE agus, ag an am céanna, prionsabal na comhréireachta á urramú i gcás inarb iomchuí; á iarraidh ar an gCoimisiún na ceanglais trédhearcachta faoi NFRD a chuíchóiriú agus iad a thabhairt i gcomhréir leis na ceanglais sin a thagann faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus faoin Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe; á iarraidh go mbeadh ann do mhodheolaíochtaí trédhearcacha maidir le sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán sonraí éifeachtach agus tuairisciú éifeachtach ar chur chun feidhme PIEI a chur ar bun, agus é a chur ar fáil don phobal ionas go ráthófar trédhearcacht iomlán i gcás chaiteachas an Aontais ar an aistriú glas; á chur in iúl go measann sí, maidir le Bannaí an Aontais a eiseofar i gcomhthéacs an phlean téarnaimh, go bhfuil sciar suntasach díobh bunaithe ar GBS AE, mar a mhol an Coimisiún;

56. ag moladh an dul chun cinn atá déanta ar bhonn na dtionscnamh a bhí ar áireamh i bPlean Gníomhaíochta 2018 maidir le Maoiniú Inbhuanaithe; á iarraidh go ndéanfar na gníomhartha tarmligthe dá bhforáiltear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht a ghlacadh, agus raon na gcritéar agus na dtáscairí inbhuanaitheachta á chur san áireamh; á iarraidh go sonrach go ndéanfar prionsabal DNSH a chur chun feidhme go pras, mar a leagtar amach sa Rialachán maidir le Nochtadh Airgeadais Inbhuanaithe agus sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá ceanglais uaillmhianacha maidir le nochtadh i gcás na dtáirgí agus na n-eintiteas airgeadais go léir;

57. á mheas gur deis mhór í straitéis athnuaite airgeadais inbhuanaithe AE a bheidh ann amach anseo chun dlús a chur leis an aistriú chuig infheistíocht mhiondíola níos inbhuanaithe; á iarraidh ar an gCoimisiún na bearta is gá a mholadh chun infheistíocht mhiondíola inbhuanaithe a dhreasú;

58. ag tabhairt dá haire go dtugtar sainordú, le hAirteagal 26(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, don Choimisiún tuarascáil a fhoilsiú, faoin 31 Nollaig 2021, ina ndéanfar cur síos ar na forálacha a bheadh ag teastáil chun raon feidhme an Rialacháin sin a leathnú amach ó ghníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, lena n-áirítear cuspóirí inbhuanaitheachta eile, amhail cuspóirí sóisialta;

59. ag formhuiniú iarraidh an Ghrúpa Ardleibhéil Saineolaithe maidir le Maoiniú Inbhuanaithe i ndáil le bearta nua chun fadtéarmacht a chothú, ar rud é a théann chun tairbhe do dhaoine agus don phláinéad; á iarraidh ar an gCoimisiún anailís a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir peirspictíocht fhadtéarmach a ionchorprú ar bhealach níos fearr sa chóras agus sna rialacha maidir le rialachas corparáideach, agus moladh a dhéanamh ina leith sin; á chur in iúl gur geal léi tionscnamh um rialachas corparáideach inbhuanaithe a ullmhú;

60. á iarraidh ar an gCoimisiún a mharana a dhéanamh ar NFRD a athbhreithniú, a bhféadfaí nochtadh an tionchair a bhíonn ag gníomhaíochtaí corparáideacha ar inbhuanaitheacht chomhshaoil, shóisialta agus rialachais a ionchorprú leis;

61. á áitiú gurb amhlaidh, agus airgeadas á shlógadh don Chomhaontú Glas, go gcaithfidh infheistíocht phoibí agus infheistíocht phríobháideach a bheith ina gcomhlánú ar a chéile, i gcás inar féidir; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, ionas gur féidir maoiniú do PIEI a uasmhéadú, nár cheart infheistíocht ón earnáil phríobháideach a phlódú amach;

62. á mheabhrú go bhféadfadh sé a bheith mar thoradh ar infheistíochtaí agus iasachtú i ngníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-inbhuanaithe go mbeadh sócmhainní tréigthe nó infheistíochtaí báite ann, a mbeadh éifeachtaí glasála ag gabháil leo; á chur i bhfios gur gá an riosca sin a chomhtháthú go leordhóthanach i rátálacha creidmheasa agus i gcreataí stuamachta, lena n-áirítear i gcreat Basel; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, scrúdú a dhéanamh ar na bealaí a bhféadfaí rioscaí inbhuanaitheachta agus láimhseáil stuamachta infheistíochtaí fadtéarmacha agus iasachtú fadtéarmach a chuimsiú ar bhealach feabhsaithe, lena n-áirítear i Leabhar Rialacha Baincéireachta an Aontais, rud a dhéanfaidh, lena chois sin, cobhsaíocht shistéamach airgeadais fhoriomlán a chur chun cinn, agus á iarraidh air féachaint tuilleadh le hiontaofacht, inchomparáideacht agus trédhearcacht tosca inbhuanaitheachta i rátálacha creidmheasa a chur chun cinn; á chreidiúint go bhféadfaí aghaidh a thabhairt ar an ngné dheiridh sin sna hathbhreithnithe atá ar na bacáin ar an Rialachán maidir le Gníomhaireachtaí Rátála Creidmheasa, ar an Treoir / an Rialachán maidir le Ceanglais Chaipitil agus ar na creataí Sócmhainneachta;

63. á mheabhrú nach gá gur lú an phróifíl riosca a bhíonn ag gabháil le hinfheistíochtaí inbhuanaitheacha ná mar a bhíonn ag gabháil le cineálacha eile infheistíochtaí;

64. á chreidiúint gur cheart gur fusa a bheadh sé do FBManna san Aontas rochtain a fháil ar mhaoiniú poiblí agus príobháideach faoi PIEI; á thabhairt chun suntais go bhfuil gá le hiarrachtaí breise chun FBManna a chur ar an eolas faoi na deiseanna nua maoiniúcháin faoi PIEI;

Infheistíocht phoiblí inbhuanaithe a chur chun cinn tráthanna géarchéime

65. á iarraidh go gcruthófaí ionstraim d’infheistíochtaí inbhuanaithe poiblí chun na haidhmeanna a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach, ach á chur i bhfáth gur cheart, gan beann ar an tsamhail mhaoiniúcháin a roghnófar, go mbeadh leibhéil mhéadaithe infheistíochta poiblí ina rannchuidiú le hinbhuanaitheacht an airgeadais phoiblí san Aontas; á mheas gur cheart breithniú ar mholtaí an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh neamhspleách in athbhreithniú a d’fhéadfaí a dhéanamh ar chreat rialachais eacnamaíoch an Aontais; ag tacú leis an ngealltanas a thug an Coimisiún go bhféachfaí ar chreataí eile cumasúcháin, amhail Caighdeáin Bannaí Glas, agus ag spreagadh an Choimisiúin dea-chleachtais maidir le buiséadú glas a mhapáil;

66. á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht phoiblí d’earnáil an iompair, go háirithe d’aerlínte, d’earnáil na tuarasóireachta agus d’earnáil na ngluaisteán, atá le húsáid ar bhealach inbhuanaithe agus éifeachtúil; á iarraidh, maidir le gníomhaíochtaí idirthréimhseacha mar a sainmhínítear sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht iad, go mbeidís incháilithe chun cistiú a fháil faoi PIEI, agus á iarraidh go dtabharfaí aird ar leith ar rochtain ar chistiú agus ar chineálacha eile tacaíochta do mhicrifhiontair agus FBManna;

67. á iarraidh go ndéanfaí soláthar poiblí agus tairiscint phoiblí inbhuanaithe a phríomhshruthú agus go méadófaí ar an gcomhordú Eorpach maidir leis an méid sin;

68. á chur in iúl gur geal léi go mbeidh pleananna téarnaimh agus athléimneachta bunaithe ar thosaíochtaí comhroinnte AE; ag tarraingt suntas, maidir leis an méid sin, ar an gComhaontú Glas don Eoraip agus Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus freisin ar an gClár Oibre Digiteach agus an aidhm straitéiseach atá ann ceannasacht na hEorpa a bhaint amach in earnálacha straitéiseacha, lena mbeidh bonn tionsclaíoch inbhuanaithe ag gabháil; á mheabhrú go bhfuil gá le hinfheistíocht i dtéarnamh glas agus le méadú a dhéanamh ar an gcóineasú idir na Ballstáit maidir le PIEI a chur chun feidhme, rud a d’fhéadfadh cuidiú le dlús a chur leis an téarnamh eacnamaíoch; á iarraidh go gcuimseofaí tosaíochtaí i réimsí amhail fostaíocht, scileanna, oideachas, fiontraíocht dhigiteach, taighde agus nuálaíocht, agus sláinte, ach freisin i réimsí a bhaineann le gnó agus leis an earnáil neamhbhrabúis, lena n-áirítear riarachán poiblí agus an earnáil airgeadais; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh teicniúil a thabhairt d’údaráis phoiblí agus pleananna aistrithe á ndréachtú acu chun sócmhainní tréigthe a sheachaint; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na bpleananna téarnaimh agus athléimneachta, agus a áirithiú go ndéantar leithdháiltí a íocadh a aisghabháil i gcás sáruithe tromchúiseacha; á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach go ndéanfadh na Ballstáit a eisíonn na pleananna an smacht reachta agus ár gcuid luachanna daonlathacha a urramú;

69. á chur in iúl gur oth léi an cinneadh a rinne an Chomhairle Eorpach an Ionstraim um Thacaíocht Sócmhainneachta a bhaint de chlár NGEU; á chur in iúl go measann sí gur uirlis thábhachtach í chun cothroime iomaíochta a bhaint amach sa mhargadh aonair;

70. á iarraidh ar chuideachtaí a thairbhíonn de thacaíocht phoiblí gealltanas a thabhairt go dtabharfaidh siad faoi thuairisciú de réir tíre, agus urraim á tabhairt, san am céanna, don fhéidearthacht go dtabharfaí cosaint d’fhaisnéis atá íogair ó thaobh na tráchtála de le maoluithe dá bhforáiltear; á iarraidh ar na cuideachtaí sin go ndéanfaidh siad freisin iomaíocht chóir a áirithiú, a gcuid oibleagáidí tuairiscithe neamhairgeadais a urramú, poist a ráthú agus aon chóir thairbhiúil a fuarthas a nochtadh; á áitiú gur cheart do na cuideachtaí sin rannchuidiú cothrom a dhéanamh leis na hiarrachtaí téarnaimh trína gcion cothrom cánach a íoc; ag lorg, sa chomhthéacs sin, conradh sóisialta nua le haghaidh gnó, faoina ndéantar aidhmeanna brabúis a chomhchuibhiú le breithnithe do dhaoine agus don phláinéad;

71. á iarraidh ar an gCoimisiún na rialacha maidir le státchabhair a athbhreithniú, lena n-áirítear an Creat Sealadach a tugadh isteach mar fhreagairt ar phaindéim COVID-19, de réir mar is gá chun tacaíocht phoiblí níos mó a fháil don Chomhaontú Glas don Eoraip agus chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht státchabhrach coinníollach ar chuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach; ag tabhairt dá haire gur cheart aon athbhreithniú ar na rialacha maidir le státchabhair a cheapadh go cúramach chun saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc agus chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus cothroime iomaíochta a áirithiú in aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo;

72. á iarraidh ar an gCoimisiún, agus iarraidh ar státchabhair ó Bhallstát á formheas aige, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE, a chur san áireamh ina chinneadh forálacha lena gceanglaítear ar thairbhithe in earnálacha ar mór a lorg carbóin spriocanna aeráide agus treochláir don aistriú glas a ghlacadh, agus ailíniú a samhla gnó agus a ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí a leagtar amach i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 a léiriú;

73. á chur in iúl gur geal léi an t-athbhreithniú a bheartaítear a dhéanamh ar an Treoir maidir le Cánachas Fuinnimh do 2021, agus á iarraidh ar an gCoimisiún tograí reachtacha a thíolacadh chun rátaí CBL a thabhairt i gcomhréir le breithnithe comhshaoil, tobhach ar phlaistigh aonúsáide a thabhairt isteach agus dleachtanna máil íosta ábhartha a bhfuil a n-éifeacht caillte acu mar gheall ar bhoilsciú a mhéadú; ag féachaint leis na hathchóirithe sin a tharraingt le chéile le hiarrachtaí chun cumhacht cheannaigh na ndaoine sin is lú ioncam san Aontas a choinneáil;

74. á mheabhrú go bhfuil ag méadú ar na riachtanais infheistíochta a bhaineann leis an aistriú glas agus go bhfuil imghabháil cánach corparáide agus seachaint cánach corparáide ina gcúis le hacmhainní a d’fhéadfaí a chailliúint i gcás buiséid náisiúnta agus bhuiséad an Aontais, arb ionann a gcainníocht agus EUR 50-70 billiún go EUR 160-190 billiún a d’fhéadfaí a úsáid ar mhaithe le hinfheistíocht in PIEI; á iarraidh go dtreiseofaí an comhrac i gcoinne calaois chánach, imghabháil cánach, seachaint cánach agus pleanáil ionsaitheach cánach; á iarraidh go mbeadh comhordú ann ar leibhéal an Aontais chun scéimeanna maidir le pleanáil ionsaitheach cánach arna ndéanamh ag daoine aonair agus corparáidí a sheachaint; á iarraidh go mbeadh straitéis uaillmhianach ann maidir le cánachas gnó don 21ú haois; á iarraidh ar an gComhairle nuashonrú a dhéanamh ar na critéir maidir leis an sainmhíniú ar chórais chánach dhíobhálacha sa Chód Iompair maidir le Cánachas Gnó, agus ag athdhearbhú a seasaimh dar dáta an 26 Márta 2019 maidir le pleanáil ionsaitheach cánach a bheith á héascú ag na Ballstáit; ag spreagadh an Choimisiúin critéir a bhunú chun measúnú a dhéanamh ar chleachtais chánach na mBallstát; á mheabhrú don Choimisiún, i gcomhthéacs sainchomhaid a bhaineann le cáin, gur ann d’Airteagal 116 CFAE, agus ag spreagadh an Choimisiúin úsáid a bhaint as an bhforáil sin chun saobhadh iomaíochta laistigh den mhargadh aonair a sheachaint;

75. á chur in iúl gur mian léi go n-áiritheofaí go rannchuidíonn gach duine go cothrom leis an téarnamh i ndiaidh COVID-19 agus leis an aistriú i dtreo geilleagar atá iomaíoch agus inbhuanaithe, agus acmhainneachtaí éagsúla na mBallstát á gcur san áireamh san am céanna; á mheas gurb amhlaidh, mar a thug Uachtarán BCE, Christine Lagarde, chun suntais an 7 Iúil 2020, gur minic gurb iad na daoine leochaileacha ‘is mó a ndéantar difear dóibh’ mar gheall ar phaindéim COVID-19, ach gur ag ardú atá praghsanna sócmhainní go dtí seo sa ghéarchéim; ag spreagadh na mBallstát agus an Choimisiúin féachaint ar acmhainní nua lena gcuirtear an méid sin san áireamh chun an téarnamh eacnamaíoch a chur san áireamh;

76. á chur i bhfáth go mbeidh méid suntasach smachta bhuiséadaigh agus grinnscrúdaithe i gceist le maoiniú méadaithe ar an gComhaontú Glas chun calaois agus atreorú cistí a chosc; ag tabhairt dá haire nach bhfuil sé d’acmhainneacht ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) calaois airgeadais a chosc as a stuaim féin; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, dul i bpáirt le hOifig an Ionchúisitheora Phoibli Eorpaigh (OIPE);

77. á chreidiúint gur féidir leis an meascán tograí sa tuarascáil seo EUR 660 billiún in aghaidh na bliana a ardú, arb é sin an méid is gá chun an cath ar son na haeráide agus post a bhuachan;

°

° °

78. á threorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gCoimisiún agus chuig rialtais agus Parlaimintí na mBallstát.


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM AN gCOMHSHAOL, UM SHLÁINTE PHOIBLÍ AGUS UM SHÁBHÁILTEACHT BIA (23.7.2020)

chuig an gCoiste um Buiséid agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

maidir leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe – Conas an Comhaontú Glas a mhaoiniú

(2020/2058(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Petros Kokkalis 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um an gComhshaol, um Shláinte Phoiblí agus um Shábháilteacht Bia ar an gCoiste um Buiséid agus ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, mar na coistí atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dtairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur in iúl gur geal léi an teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an bPlean Infheistíochta Eorpach Inbhuanaithe (PIEI) (COM(2020)0021), a bhfuil sé mar aidhm léi aistriú cóir agus dea-bhainistithe i dtreo sochaí athléimneach agus inbhuanaithe a chumasú; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh ról lárnach ag maoiniú inbhuanaithe poiblí agus príobháideach araon don Aontas agus do na Ballstáit d’fhonn cuspóirí comhshaoil agus aeráide an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, lena n-áirítear spriocanna aeráide, fuinnimh agus bithéagsúlachta athbhreithnithe 2030 agus 2050 agus gealltanais an Aontais a chomhlíonadh faoi Chomhaontú Pháras, faoin gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch agus faoi na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe (SDGanna), ar bhonn na heolaíochta is fearr atá ar fáil; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go gcumasófar leis an bplean infheistíochta infheistíochtaí breise lena ngabhann fíor-bhreisluach, go nginfear poist ghlasa inbhuanaithe agus go n-éascófar maoiniú margaidh leis;

2. á thabhairt dá haire go bhfuil an Comhaontú Glas don Eoraip i gcroílár an togra athbhreithnithe le haghaidh an chéad chreata airgeadais ilbhliantúil eile (CAI); ag dréim le méadú a bheidh i gcomhréir leis an aistriú glas, i dtreo geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de, athléimneach ó thaobh na sochaí agus an chomhshaoil de, cothrom ó thaobh inscne de agus cuimsitheach, agus i dtreo na spriocanna a leagfar síos leis an dlí aeráide; á chreidiúint gur cheart do CAI nua acmhainní leordhóthanacha a leithdháileadh ar chur chun cinn na mbeartas sin a rannchuidíonn le cuspóirí aeráide agus comhshaoil agus SDGanna a bhaint amach;

3. á thabhairt dá haire go bhféadfaí maoiniú an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a chomhlánú le sraith acmhainní dílse AE; á mholadh go bhféadfaí acmhainní dílse nua AE a thabhairt isteach amach anseo, inter alia, chuig maoiniú beart maolaithe agus oiriúnaithe don athrú aeráide agus chuig spriocanna aeráide, fuinnimh agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach sa ghearrthéarma agus san fhadtéarma, mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip agus mar a shainordaítear sna gealltanais a rinneadh faoi Chomhaontú Pháras; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar acmhainní airgeadais nua a d’fhéadfadh a bheith ann don aistriú, atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil agus na sochaí araon;

4. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le tosaíocht a thabhairt i measc chaiteachas CAI;

5. á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá fás eacnamaíoch méadaithe maidir leis na hinfheistíochtaí is gá a éascú chun an geilleagar a aistriú;

6. á iarraidh ar an gCoimisiún togra uaillmhianach a chur i dtoll a chéile chun athbhreithniú a dhéanamh ar na méideanna éagsúla arna leithdháileadh ar PIEI agus ar a straitéis infheistíochta inbhuanaithe, chun na riachtanais infheistíochta le haghaidh oiriúnú don aeráid nó dúshláin chomhshaoil eile, amhail bithéagsúlacht, a chur san áireamh, agus chun machnamh a dhéanamh ar an infheistíocht phoiblí is gá chun aghaidh a thabhairt ar na costais shóisialta a bhaineann leis an aistriú agus leis na costais a bhaineann le neamhghníomhaíocht;

7. á chur i bhfáth go bhféadfaí cabhrú linn galar zónóiseach nua amhail COVID-19 a sheachaint dá laghdófaí ár dtionchar ar an bhfiadhúlra agus dá ndéanfaí an bhithéagsúlacht a chosaint agus a athbhunú; á chreidiúint, chun athléimneacht ár sochaithe a neartú, gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit maoiniú poiblí don dúlra a mhéadú go suntasach agus a áirithiú go ndéanfar tástáil uaillmhianach a bheidh ceangailteach ar an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ do phleananna agus do bhearta téarnaimh agus athléimneachta;

8. á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do théarnamh cóir, cothrom agus inbhuanaithe ó ghéarchéim an choróinvíris lena n-áirithítear go ndéanfar airgead cáiníocóirí a infheistiú go héifeachtach sa todhchaí, ní san am atá thart; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do théarnamh faoinarb é an fairsingiú fioscach a spreagann an t-aistriú chuig geilleagar inbhuanaithe agus ciorclach a dhéanann sochaithe agus éiceachórais níos athléimní, ar téarnamh é lena n-áirithítear go bhfuil feidhm ag an bprionsabal de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip ‘gan dochar a dhéanamh’ maidir le gach plean téarnaimh, lena n-úsáidtear cistí poiblí agus príobháideacha chun earnálacha agus tionscadail a phrofáil ó thaobh na haeráide agus na bithéagsúlachta de lena spreagtar infheistíocht bhreise, gan aon airgead a chur ar fáil d’earnálacha ard-astaithe, agus lena dtugtar tús áite do réitigh dhúlra-bhunaithe, rud a chruthóidh poist ghlasa agus a chuirfidh feabhas ar fholláine do chách laistigh de theorainneacha pláinéadacha; á chur in iúl go bhfuil sí tiomanta do théarnamh a dhéanamh lena n-ionchorpraítear rioscaí agus deiseanna aeráide agus táscairí eile comhshaoil sa chóras airgeadais, mar aon le gach gné de cheapadh na mbeartas poiblí agus den bhonneagar poiblí, agus lena n-eisiatar go soiléir aon tacaíocht dhíreach nó indíreach do bhreoslaí iontaise sa Phlean don Téarnamh agus lena gcuirtear an prionsabal ‘gurb é údar an truaillithe a íocfaidh as’ i bhfeidhm; á iarraidh ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a ullmhú, faoin 30 Meitheamh 2021, a gheallann deireadh a chur de réir a chéile le tacaíocht do bhreoslaí iontaise, lena n-áirítear fóirdheontais indíreacha agus sásraí acmhainne; á chur i bhfáth nach mór don aistriú glas a bheith inbhuanaithe go sóisialta agus nach ngéaróidh sé na saincheisteanna maidir le fuinneamh agus bochtaineacht bhreosla; á chreidiúint nár cheart do theaghlaigh ar ioncam íseal costais athchóirithe éifeachtúlachta fuinnimh a íoc;

9. á chur i bhfáth go bhfuil gá le méideanna móra d’infheistíocht phoiblí agus phríobháideach chun an tAontas a chur go daingean ar an mbealach i dtreo neodracht aeráide agus i dtreo téarnamh inbhuanaithe, cothrom agus athléimneach ó phaindéim COVID-19 a bhaint amach; á iarraidh ar an gCoimisiún, faoi dheireadh na bliana seo ar a dhéanaí, treoirlínte maidir le díonadh ar an athrú aeráide a fhoilsiú do na cistí uile a chruinneofar faoi Ionstraim an Aontais Eorpaigh maidir le Téarnamh agus a sheolfar trí chláir AE; á iarraidh ar an gCoimisiún na prionsabail chéanna a bhaineann le pleananna téarnaimh in AE a chur i bhfeidhm maidir leis an tacaíocht a sholáthraítear do thríú tíortha mar chuid den téarnamh ó phaindéim COVID-19;

10. ag meabhrú na teachtaireachta ón gCoimisiún maidir lena Phlean Téarnaimh don Eoraip (COM(2020)0456)), lena dtacaítear le haistriú uaillmhianach glas chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de trí chistiú faoi chlár AE na Chéad Ghlúine Eile; á chur i bhfáth nach mór an chéad phlean téarnaimh a ailíniú le Comhaontú Pháras, agus á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún a áirithiú go n-urramófar leis na hinfheistíochtaí poiblí a dhéantar trí chlár na Chéad Ghlúine Eile de chuid an Aontais an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’, go bhfuil infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid i gcomhréir le Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht agus go mbeidh pleananna téarnaimh náisiúnta ailínithe leis na Pleananna Náisiúnta don Fhuinneamh agus don Aeráid (PNFAnna);

11. á chur i bhfáth go bhfuil sé cruthaithe ag an eolaíocht go bhfuil nasc idir géarchéimeanna sláinte, comhshaoil agus aeráide, go háirithe agus iad nasctha le hiarmhairtí an athraithe aeráide agus le cailliúint na bithéagsúlachta agus na n-éiceachóras; á athdhearbhú go bhfuil sé de cheangal ar an Aontais ina cháil mar ghníomhaí domhanda, de bharr géarchéimeanna sláintíochta amhail paindéim COVID-19, straitéis dhomhanda a chur chun feidhme, arb é is aidhm léi cosc a chur ar chásanna den sórt sin a bheith ina siocair le suaití aeráide amhail feiniméin adhaimsire, trí aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna is bunchúis leo agus trí chur chuige comhtháite lena gcuirtear SDGanna chun feidhme a chur chun cinn; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an Aontas feabhas a chur, mar chuid de shásraí maoinithe an Chomhaontaithe Ghlais, ar infheistíochtaí i mbainistiú riosca, i gcaomhnú, i maolú agus i mbeartais oiriúnaithe;

12. á áitiú go mbeidh gach infheistíocht agus maoiniú a fhaigheann tacaíocht ón Aontas faoi réir Rialachán AE maidir le Tacsanomaíocht agus táscairí uilechuimsitheacha inbhuanaitheachta, lena n-áirítear an prionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus faoi réir Chomhaontú Pháras;

13. á mheabhrú nach mór don Choimisiún, faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, gníomh tarmligthe a ghlacadh faoi dheireadh 2020 ina bhfuil critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go mór le maolú ar an athrú aeráide nó oiriúnú don athrú sin; á iarraidh ar an gCoimisiún a nochtadh cé na codanna de chaiteachas an Aontais atá i gcomhréir le Tacsanomaíocht AE agus leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, lena n-áirítear a ghné shóisialta; á iarraidh ar an gCoimisiún modheolaíocht rianaithe nuashonraithe a ghlacadh faoin 21 Meitheamh 2021 chun faireachán agus tuairisciú a dhéanamh ar threochtaí maidir le sreafaí caipitil i dtreo infheistíocht inbhuanaithe de réir Thacsanomaíocht AE;

14. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú agus sainaithint a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí a dhéanann dochar suntasach d’inbhuanaitheacht an chomhshaoil, i gcomhréir le hAirteagal 26(2)(a) de Rialachán (AE) 2020/852 agus mar a mhol an Banc Ceannais Eorpach agus Líonra na mbanc ceannais agus na rialtóirí um an gCóras Airgeadais a Ghlasú (LCAG);

15. á áitiú go mbeidh feidhm ag an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ de chuid an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip maidir le gach plean téarnaimh;

16. á mheabhrú go n-urramóidh infheistíochtaí faoin tSaoráid Aisghabhála agus Athléimneachta an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’; á chur i bhfáth gur cheart go mbeadh infheistíochtaí a bhaineann leis an aeráid i gcomhréir le Tacsanomaíocht AE agus gur cheart pleananna téarnaimh náisiúnta a ailíniú le PNFAnna;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú nach dtacaítear le CAI nua ná nach n-infheistítear i ngníomhaíochtaí as a dtiocfadh gaibhniú sócmhainní atá díobhálach do chuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais, agus saolré na sócmhainní á gcur san áireamh;

18. ag athdhearbhú a éilimh gur cheart do 40 % ar a laghad de na hinfheistíochtaí foriomlána faoi chlár InvestEU rannchuidiú le cuspóirí aeráide agus comhshaoil, agus gur cheart don infheistíocht incháilithe uile faoi InvestEU a bheith i gcomhréir le Comhaontú Pháras, lena n-áirítear sprioc teochta 1.5°C, agus prionsabal Thacsanomaíocht AE ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH); á chreidiúint go bhfuil an bhearna airgeadais ghlais insáraithe;

19. ag áitiú nár cheart aon tionscadal nach bhfuil ag teacht le cuspóirí aeráide ná comhshaoil an Aontais, go háirithe an cuspóir maidir leis an méadú ar an teocht dhomhanda a theorannú go 1.5°C os cionn na leibhéal réamhthionsclaíoch, a bheith incháilithe faoi chlár InvestEU;

20. ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil ról lárnach ag éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe foirgneamh chun an t-aistriú i dtreo sochaí atá neodrach ó thaobh carbóin de a chumasú; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le méid suntasach infheistíochta chun athchóiriú a dhéanamh ar fhoirgnimh atá dian ó thaobh fuinnimh chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a mhéadú agus, ar an gcaoi sin, a lorg aeráide agus comhshaoil a íoslaghdú; á chur i bhfáth i ndáil leis sin gur cheart do PIEI leas a bhaint as na hinfheistíochtaí is gá le haghaidh rabharta athchóirithe ollmhór;

21. á iarraidh go bhfuil bainistiú, caomhnú, oiriúnú agus athshlánú éiceachóras muirí agus cósta agus na bithéagsúlachta ríthábhachtach chun dul i ngleic leis an athrú aeráide agus chun neodracht aeráide a bhaint amach, agus go bhfuil gá le hinfheistíochtaí tábhachtacha sa réimse sin; á chur i bhfios go láidir go bhfuil ról tábhachtach ag Geilleagar Gorm inbhuanaithe, lena n-áirítear iascach inbhuanaithe, fuinneamh in-athnuaite muirí, muiriompar glan agus turasóireacht inbhuanaithe, san aistriú i dtreo athléimneacht shóisialta agus chríochach níos fearr; á iarraidh, dá bhrí sin, ar AE aird chuí a thabhairt ar an earnáil straitéiseach sin in PIEI;

22. á chur in iúl gur díol sásaimh dó an méadú a mholtar ar an gCiste um Aistriú Cóir; ag cur béim ar an bhfíoras go mbeidh, faoi PIEI, an Sásra um Aistriú Cóir ina cheannródaí ar iarrachtaí an Aontais chun bunús a thabhairt leis na deiseanna eacnamaíocha agus sóisialta a bhaineann leis an aistriú chuig neodracht aeráide i réigiúin agus earnálacha dianfhuinnimh AE;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go n-eisiafar aon infheistíocht nach gcáilíonn mar infheistíocht inbhuanaithe sna Pleananna Críochacha um Aistriú i gcomhréir le prionsabal Thacsanomaíocht AE agus leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’, agus garspriocanna agus amlínte nithiúla a leagan síos chun neodracht aeráide a bhaint amach faoi 2050 ar a dhéanaí;

24. á thabhairt dá haire, fiú amháin le cistiú uaillmhianach, nach bhfuil na cistí atá ar fáil neamhtheoranta; á iarraidh ar an gCoimisiún, ina leith sin, creat láidir a bhunú chun méadú a dhéanamh ar fhaireachán, profáil, tagarmharcáil agus tuairisciú ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol in uirlisí maoinithe uile PIEI, ionas go n-áiritheofar éifeachtacht na gcistí leithdháilte agus go mbeidh an tAontas ar an mbóthar ceart chun a ghealltanais a chomhlíonadh; ag tathant ar an gCoimisiún togra a thíolacadh, de réir mar is iomchuí, lena leagtar amach modheolaíocht chomhchuibhithe cheangailteach maidir le cuntasaíocht thrédhearcach agus láidir a dhéanamh ar chaiteachas a bhaineann leis an aeráid agus leis an mbithéagsúlacht faoi CAI a bheidh ann amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh, faoi dheireadh 2024, ina ndéanfar meastóireacht ar chaiteachas aeráide agus comhshaoil arna dhéanamh faoi Ionstraim Théarnaimh an Aontais agus CAI an Aontais, chun bearnaí a d’fhéadfadh a bheith sa mhaoiniú glas a shainaithint; á iarraidh ar Chúirt Iniúchóirí na hEorpa iniúchadh rialta a dhéanamh ar chur chun feidhme na sprice maidir le caiteachas aeráide sa chéad tréimhse CAI eile, mar a leag an Coimisiún amach;

25. á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar roghanna chun síneadh a chur le húsáid thacsanomaíocht AE chun caiteachas aeráide agus comhshaoil a rianú i gcistiú poiblí uile AE lena n-áirítear CAI nua, InvestEU, Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh, an Ionstraim Tacaíochta Sócmhainneachta, an tSaoráid um Théarnamh agus Athléimneacht agus cistí an Bhainc Eorpaigh Infheistíochta (BEI);

26. á iarraidh ar an gCoimisiún togra a chur chun cinn maidir le húsáid Thacsanomaíocht AE a leathnú chuig an earnáil phoiblí agus critéir soláthair phoiblí ghlasa agus inbhuanaithe a leagan síos do na Ballstáit chun a lorg comhshaoil a íoslaghdú agus caighdeáin tuairiscithe agus chuntasaíochta chomhtháite a fhorbairt chun táscairí inbhuanaitheachta agus Thacsanomaíocht AE a chomhtháthú, mar aon le sásra iomchuí fíorúcháin agus iniúchóireachta;

27. á iarraidh ar an gCoimisiún na rialacha maidir le Státchabhair a athbhreithniú, lena n-áirítear an Creat Sealadach a tugadh isteach mar fhreagairt ar ghéarchéim COVID-19, de réir mar is gá chun tacaíocht phoiblí níos fearr a chumasú don Chomhaontú Glas don Eoraip agus chun a áirithiú go mbeidh tacaíocht státchabhrach ag brath ar chuspóirí aeráide agus comhshaoil an Aontais a bhaint amach; á thabhairt dá haire gur cheart aon athbhreithniú ar na rialacha maidir le státchabhair a cheapadh go cúramach chun saobhadh ar an iomaíocht sa mhargadh inmheánach a chosc agus chun sláine an mhargaidh inmheánaigh agus cothroime iomaíochta a áirithiú in aon athbhreithniú a dhéanfar amach anseo;

28. á iarraidh ar an gCoimisiún, agus iarraidh ar státchabhair ó Bhallstát á formheas aige, i gcomhréir le hAirteagal 108 CFAE, a chur san áireamh ina chinneadh forálacha nach mór do thairbhithe in earnálacha ar mór a lorg carbóin spriocanna aeráide agus treochláir ghlasa aistrithe a ghlacadh, agus ailíniú a samhla gnó agus a ngníomhaíochtaí leis na cuspóirí a leagtar amach i gCaibidil 2 de Rialachán (AE) 2018/1999 a léiriú;

29. á thabhairt dá haire nach bhfuil measúnú déanta fós ar oiriúnú don athrú aeráide agus nach bhfuil sé ionchorpraithe i bhfigiúirí aeráide CAI; á iarraidh ar an gCoimisiún iarraidh ar thairbhithe a ionstraimí airgeadais in earnálacha ard-astaithe, lena n-áirítear tionscadail a dtacaíonn BEI leo, tástáil struis maidir le hoiriúnú don athrú aeráide a chur i gcrích; á chur i bhfios nach bhfuil tairbhithe a dteipeann orthu sa tástáil struis maidir le hoiriúnú don athrú aeráide incháilithe faoi ionstraimí airgeadais an Aontais; á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún treoir a thabhairt do thairbhithe, bunaithe ar Straitéis AE maidir le hoiriúnú don athrú aeráide agus ar shonraí na Gníomhaireachta Eorpaí Comhshaoil maidir leis an gcaoi le tionscadal infheistíochta a ailíniú le ceanglais oiriúnaithe don athrú aeráide; á chur i bhfáth go bhfuil gá le treoir den sórt sin chun na critéir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/852 a úsáid go hiomchuí;

30. á iarraidh ar an gCoimisiún próiseas an tSeimeastair Eorpaigh a leathnú tríd an gcur chuige atá ann faoi láthair atá bunaithe ar smacht fioscach agus buiséadach a chomhlánú le smacht aeráide agus comhshaoil, gan an próiseas rialachais eacnamaíoch atá ag an Aontas faoi láthair a lagú; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún táscaire nua aeráide a fhorbairt, lena léireofaí na táscairí eacnamaíocha, chun measúnú a dhéanamh ar an neamhréireacht idir struchtúr bhuiséid na mBallstát agus an dul chun cinn i dtreo cás a bheidh ailínithe le Comhaontú Pháras le haghaidh gach ceann de na buiséid náisiúnta; á chur i bhfáth gur gá don táscaire sin tásc a sholáthar do na Ballstáit maidir lena dtreocht teochta i gcreat Chomhaontú Pháras, rud a chuirfidh ar chumas an tSeimeastair Eorpaigh moltaí a sholáthar chun a bhfiachas aeráide a laghdú;

31. á chur i bhfáth gur féidir breithnithe agus rioscaí comhshaoil a ionchorprú i mbuiséid bhliantúla agus i bpleananna meántéarmacha na mBallstát trí thagarmharcáil a dhéanamh ar a gcleachtais maidir le buiséadú glas; á iarraidh ar an gCoimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú maidir leis an ról atá ag an infheistíocht phoiblí chun an Comhaontú Glas don Eoraip a bhaint amach;

32. á chur i bhfáth gur gá bacainní ar infheistíocht phoiblí a laghdú i bhfabhar an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de; á mheabhrú go dtacaíonn sí le láimhseáil shrianta le haghaidh infheistíochtaí poiblí tacsanomaíocht-chomhlíontacha; á chur in iúl gur geal léi gealltanas an Choimisiúin athbhreithniú a dhéanamh ar rialacha reatha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis, agus na moltaí ón mBord Fioscach Eorpach á gcur san áireamh; á chur i bhfáth go bhféadfadh sé go mbeadh gá le breis solúbthachta faoin gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun infheistíochtaí a chumasú i maolú an athraithe aeráide agus san oiriúnú don athrú sin agus chun tacú leis na Ballstáit san aistriú glas i dtreo neodracht aeráide, ar bhealach cóir agus cuimsitheach;

33. á mheas gur deis mhór í straitéis athnuaite airgeadais inbhuanaithe AE a bheidh ann amach anseo chun dlús a chur leis an aistriú chuig infheistíocht mhiondíola níos inbhuanaithe; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún na bearta reachtacha is gá a mholadh chun saoránaigh a dhreasú chun infheistíocht a dhéanamh i maoiniú inbhuanaithe, bunaithe ar na critéir a bunaíodh le Rialachán (AE) 2020/852 an 18 Meitheamh 2020 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú[11];

34. á iarraidh ar an gCoimisiún an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais a athchóiriú, agus cás ar leith FBManna á chur san áireamh, d’fhonn a áirithiú go dtuairisceoidh gach cuideachta ábhartha atá ag feidhmiú in earnálacha a bhfuil lorg mór carbóin acu agus go bhfoilseoidh siad a spriocanna maidir le hastaíochtaí carbóin a laghdú chun iad féin a ailíniú le Comhaontú Pháras; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar rioscaí, tionchair agus spleáchais a bhaineann leis an mbithéagsúlacht a chomhtháthú i reachtaíocht ábhartha an Aontais, lena n-áirítear an Treoir maidir le Tuairisciú Neamhairgeadais, gníomhartha tarmligthe an Rialacháin maidir le Nochtadh agus reachtaíocht chorparáideach agus airgeadais ábhartha eile;

35. á iarraidh ar an gCoimisiún go n-áiritheofaí aon bhannaí téarnaimh a fhaigheann tacaíocht ó AE sa todhchaí a eisiúint i gcomhréir le Caighdeán Bhanna Glas AE, le Tacsamaíocht AE agus leis an bprionsabal ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’;

36. á iarraidh go mbeidh ról neartaithe ag BEI agus ag an gCiste Eorpach Infheistíochta (CEI) maidir leis an aistriú a mhaoiniú; á chur i bhfáth gur cheart aird ar leith a thabhairt ar na critéir maidir le profáil ar an aeráid, ar an gcomhshaol agus ar an tsochaí lena rialaítear infheistíocht inbhuanaithe ó BEI agus ó CEI, bunaithe ar an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’; á chur in iúl gur geal léi beartas nua BEI maidir le hiasachtú fuinnimh agus á iarraidh air modheolaíocht shoiléir thrédhearcach a fhorbairt mar chuid de ‘Threochlár an Bhainc Aeráide 2021-2025’ atá aige, ina n-úsáidtear an Tacsanomaíocht, chun a áirithiú go ndéanfar na tionscadail uile a mhaoinítear a ailíniú le sprioc teochta 1.5°C de Chomhaontú Pháras, i gcomhréir leis an aistriú i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus leis an bprionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ i ndáil leis an mbithéagsúlacht agus leis na héiceachórais; ag dréim leis go n-urramófar an prionsabal ‘gan dochar a dhéanamh’ leis an 50 % eile de phunann BEI;

37. á mheabhrú gurb amhlaidh, i gcomhréir le sainordú BEI, gur cheart do bheartais eacnamaíocha BCE rannchuidiú le gnóthú chuspóirí an Aontais mar a leagtar síos iad in Airteagal 3 den Chonradh ar an Aontas Eorpach; á iarraidh ar BCE, dá bhrí sin, brú ar aghaidh leis an athbhreithniú ar a straitéis airgeadaíochta chun stop a chur, a luaithe is féidir, le maoiniú gníomhaíochtaí eacnamaíocha lena ndéantar dochar do chuspóirí comhshaoil nó sóisialta; á iarraidh ar BCE meastóireacht a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir critéir inbhuanaitheachta a áireamh ina chreat comhthaobhachta, a cheannach sócmhainní agus a oibríochtaí athmhaoinithe spriocdhírithe, agus measúnú á dhéanamh ag an am céanna ar bhealaí chun iasachtú i dtreo infheistíochtaí aistrithe fuinnimh a threorú, chun geilleagar inbhuanaithe a athbhunú i ndiaidh COVID-19; á mheabhrú gur thug BCE gealltanas Tacsanomaíocht AE a úsáid i gcás inarb ábhartha;

38. á iarraidh ar na hÚdaráis Mhaoirseachta Eorpacha (ÚMEnna), in éineacht leis na húdaráis inniúla náisiúnta, tástálacha struis aeráide bliantúla a dhéanamh go tapa ar na hinstitiúidí airgeadais a ndéanann siad maoirseacht orthu, mar atá á phlé faoi láthair i Líonra na mbanc ceannais agus na rialálaithe um Ghlasú an Chórais Airgeadais (NGFS), chun tuiscint a fháil ar sheasamh agus ar dhoimhneacht na rioscaí airgeadais a bhaineann leis an aeráid i bpunanna institiúidí airgeadais ábhartha AE;

39. á iarraidh an gCoimisiún an cistiú le haghaidh cúnamh teicniúil sa Mhol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht (MCEI) agus i gcistí ábhartha eile a mhéadú go suntasach, d’fhonn a áirithiú go sroichfidh an cúnamh teicniúil 1 % den mhéid iomlán a bheidh le caitheamh; á iarraidh ar an gCoimisiún cúnamh teicniúil a dhíriú ar thionscadail agus ar earnálacha a bhfuil an breisluach comhshaoil, sóisialta agus athléimneachta is mó ag baint leo, go háirithe réitigh bunaithe ar an dúlra ar féidir leo maolú ar an athrú aeráide, oiriúnú don athrú aeráide agus bithéagsúlacht a sholáthar ag an am céanna.

 


 

 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

16.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

42

35

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Nikos Androulakis, Bartosz Arłukowicz, Margrete Auken, Simona Baldassarre, Marek Paweł Balt, Traian Băsescu, Aurelia Beigneux, Monika Beňová, Sergio Berlato, Alexander Bernhuber, Malin Björk, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Pascal Canfin, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Nathalie Colin-Oesterlé, Miriam Dalli, Esther de Lange, Christian Doleschal, Marco Dreosto, Bas Eickhout, Eleonora Evi, Agnès Evren, Fredrick Federley, Andreas Glück, Catherine Griset, Jytte Guteland, Anja Hazekamp, Martin Hojsík, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Adam Jarubas, Petros Kokkalis, Athanasios Konstantinou, Ewa Kopacz, Joanna Kopcińska, Peter Liese, Sylvia Limmer, Javi López, César Luena, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Joëlle Mélin, Tilly Metz, Silvia Modig, Dolors Montserrat, Alessandra Moretti, Dan-Ștefan Motreanu, Ville Niinistö, Ljudmila Novak, Grace O’Sullivan, Jutta Paulus, Jessica Polfjärd, Luisa Regimenti, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Sándor Rónai, Rob Rooken, Silvia Sardone, Christine Schneider, Günther Sidl, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Edina Tóth, Véronique Trillet-Lenoir, Petar Vitanov, Alexandr Vondra, Mick Wallace, Pernille Weiss, Michal Wiezik, Tiemo Wölken, Anna Zalewska

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Margarita de la Pisa Carrión, Billy Kelleher

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Veronika Vrecionová

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

42

+

EPP

Michal Wiezik

S&D

Nikos Androulakis, Marek Paweł Balt, Monika Beňová, Simona Bonafè, Delara Burkhardt, Sara Cerdas, Mohammed Chahim, Tudor Ciuhodaru, Miriam Dalli, Jytte Guteland, César Luena, Javi López, Alessandra Moretti, Sándor Rónai, Günther Sidl, Petar Vitanov, Tiemo Wölken

RENEW

Pascal Canfin, Fredrick Federley, Martin Hojsík, Billy Kelleher, Frédérique Ries, María Soraya Rodríguez Ramos, Linea Søgaard-Lidell, Nicolae Ştefănuță, Véronique Trillet-Lenoir

GREENS/EFA

Margrete Auken, Bas Eickhout, Pär Holmgren, Yannick Jadot, Tilly  Metz, Ville Niinistö, Grace O’sullivan, Jutta Paulus

GUE/NGL

Malin Björk, Anja Hazekamp, Petros Kokkalis, Silvia  Modig, Mick Wallace

NI

Eleonora Evi, Athanasios Konstantinou

 

35

-

EPP

Bartosz Arłukowicz, Traian Băsescu, Alexander Bernhuber, Nathalie Colin-Oesterlé, Christian Doleschal, Agnès Evren, Adam Jarubas, Ewa Kopacz, Esther De Lange, Peter Liese, Fulvio Martusciello, Liudas Mažylis, Dolors Montserrat, Dan- Ștefan Motreanu, Ljudmila  Novak, Jessica Polfjärd, Christine Schneider, Edina Tóth, Pernille Weiss

RENEW

Andreas Glück

ID

Simona Baldassarre, Aurelia Beigneux, Marco Dreosto, Catherine Griset, Sylvia Limmer, Joëlle Mélin, Luisa Regimenti, Silvia  Sardone

ECR

Sergio Berlato, Margarita De La Pisa Carrión, Joanna Kopcińska, Rob Rooken, Alexandr Vondra, Veronika Vrecionová, Anna Zalewska

 

0

0

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


TUAIRIM ÓN gCOISTE UM IOMPAR AGUS UM THURASÓIREACHT (14.7.2020)

chuig an gCoiste um Buiséid agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

maidir leis an bPlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe – Conas an Comhaontú Glas a mhaoiniú

(2020/2058(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Caroline Nagtegaal

 

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar an gCoiste um Buiséid agus ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, mar na coistí atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dtairiscint i gcomhair rúin:

 

A. de bhrí go bhfuil gá, i réimse an iompair, le hinfheistíocht os cionn EUR 700 billiún don Ghréasán Tras-Eorpach Iompair amháin idir seo agus 2030 agus, i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais, go bhfuil gá le hinfheistíochtaí breise chun straitéisí nuálacha, córais chliste iompair, réitigh soghluaisteachta astaíochtaí ísle agus nialasacha, bonneagar luchtaithe agus breoslaí malartacha a imlonnú go hiomlán ar fud an ghréasáin agus sna ceantair lena bhfuil sé ceangailte; de bhrí go gciallaíonn an nuachóiriú ar chóras iompair AE infheistíocht shuntasach in uasghrádú agus iarfheistiú an bhonneagair iompair atá ann cheana;

B. de bhrí gur cuid bhunúsach de mhargadh inmheánach AE é an t-iompar agus go bhfuil ról tábhachtach aige i gcomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach AE, go háirithe sna réigiúin fhorimeallacha, thuaithe agus oileánacha agus sna réigiúin is forimeallaí, agus, i ndáil leis sin, nach mór do AE infheistíocht a dhéanamh in iomaíochas thionscal an iompair agus a chumas an t-aistriú chuig soghluaisteacht inbhuanaithe a chur i gcrích;

C. de bhrí gurb ionann na hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) ón earnáil iompair agus 27 % d’astaíochtaí iomlána AE agus gurb iad na hastaíochtaí sin amháin atá fós ag dul i méid, agus, i ndáil leis sin, nach mór don earnáil iompair rannchuidiú le spriocanna laghdaithe astaíochtaí AE i dtreo na haeráidneodrachta a bhaint amach faoi 2050 ar bhealach atá neodrach ó thaobh na teicneolaíochta de, agus, ag an am céanna, a áirithiú go mbeidh praghas réasúnta ar an iompar agus go mbeidh sé iomaíoch i gcónaí; de bhrí gur féidir dlús a chur le laghdú astaíochtaí na hearnála iompair i gcás an bhonneagair agus an fhlít araon trí shineirgí le hearnálacha eile a fhorbairt agus a threisiú, amhail na hearnálacha digiteacha nó fuinnimh;

D. de bhrí gur foinsí ríthábhachtacha spreagtha iad an taighde agus an nuálaíocht le haghaidh iomaíochas agus inbhuanaitheacht na hearnála iompair, agus go gcuirtear an infheistíocht faoi Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun feidhme trí bheartais earnála, toisc nach ann d’aon líne bhuiséid ar leithligh lena haghaidh;

E. de bhrí go bhfuil duine as gach deichniúr Eorpach ag obair san earnáil iompair ina hiomláine, agus go gcruthófar poist nua mar gheall ar infheistíocht a dhéanamh sa bhonneagar iompair mar go meastar go gcruthóidh gach billiún euro a infheistítear i gcroíghréasán TEN-T suas le 20 000 post nua, agus, dá bhrí sin, nach mór don earnáil iompair a bheith in ann dul i ngleic le forbairtí nua socheacnamaíocha agus teicneolaíochta, faoinar gá infheistíochtaí suntasacha a dhéanamh i samhlacha nua soghluaisteachta, sa digitiú, sa taighde agus nuálaíocht, i bhfoinsí malartacha fuinnimh agus san éifeachtúlacht fuinnimh;

F. de bhrí go bhfuil géarchéim eacnamaíoch ann ar fud an Aontais de dheasca phaindéim COVID-19 nach bhfacthas a leithéid cheana, go háirithe san earnáil iompair agus turasóireachta, agus go bhfuil sé léirithe aici gurb iad an earnáil iompair agus lóistíochta agus na hoibrithe atá ag obair inti cnámh droma gheilleagar na hEorpa, toisc go bhfuil an t-iompar lasta gan bhriseadh ríthábhachtach chun go bhfeidhmeoidh na slabhraí soláthair;

 

1. ag aithint na ngníomhaíochtaí a rinneadh san earnáil iompair, agus atá le déanamh inti, chun astaíochtaí sonracha a laghdú agus aistriú cóir chuig an aeráidneodracht a áirithiú faoi 2050; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá cur leis an tacaíocht airgeadais don taighde ar réitigh soghluaisteachta astaíochtaí ísle agus nialasacha, agus don nuálaíocht iontu, go háirithe maidir le hardteicneolaíochtaí agus an tsoghluaisteacht chliste i ngach modh iompair, lena n-áirítear breoslaí malartacha, teicneolaíochtaí feithiclí astaíochtaí ísle agus tionscadail bonneagair inbhuanaithe;

2. á chur i bhfáth gur príomhchumasóir í an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE) chun an gréasán TEN-T a chur i gcrích agus chun rannchuidiú le cuspóirí aeráide AE agus a Bhallstát i gcomhréir le spriocanna an Chomhaontaithe Ghlais, sa chaoi go ndéanfar suas le 80 % dá maoiniú a leithdháileadh ar an earnáil iompair chun cuspóirí aeráide a bhaint amach trí thionscadail bonneagair inbhuanaithe, an ilmhódúlacht, an t-iompar lasta iarnróid, agus gníomhaíochtaí nuálacha agus digiteacha amhail córais na bhfeidhmchlár teileamaitice agus imlonnú breoslaí malartacha a chur chun cinn; á áitiú go bhfuil gá le buiséad níos láidre de chuid SCE, agus ag tabhairt rabhaidh nár cheart go mbeadh maoiniú an Phlean Infheistíochta don Eoraip Inbhuanaithe (PIEI) ina chúis le hath-leithdháileadh airgeadais a mbeadh tionchar diúltach aige ar SCE;

3. á chur i bhfios go bhfuil infheistíocht ar mhórscála de dhíth ar thionscadail iompair agus, dá bhrí sin, chun infheisteoirí a mhealladh, go bhfuil ríthábhacht le deimhneacht dhlíthiúil, spriocanna seasmhacha agus intuartha agus infhaighteacht faisnéise; á thabhairt chun suntais go n-eascraíonn méadú ar chostais agus tuilleadh moille as nósanna imeachta riaracháin le haghaidh tionscadail iompair a chur i gcrích, nósanna imeachta atá ag dul i méid agus ag éirí níos casta, rud a chuireann isteach ar ghréasán iompair AE ina iomláine; á chur i bhfáth nár cheart na hinfheistíochtaí a rinneadh go dtí seo a chur i mbaol trí choinníollacha cistiúcháin a athrú, agus ag dréim leis go soláthrófar le PIEI creat tacaíochta le haghaidh infheistíochta atá réadúil agus cothrom agus a sheasfaidh an aimsir; ag tathant ar an gCoimisiún, i ndáil leis an méid sin, soiléireacht a chur ar fáil d’infheisteoirí trí na hacmhainní do gach ionstraim de chuid PIEI a leagan amach le haghaidh thréimhse iomlán CAI agus trí shoiléireacht a chur ar fáil maidir le cur i bhfeidhm na tacsanomaíochta le haghaidh inbhuanaitheachta ar fud AE nuair a mholtar gníomhartha tarmligthe; á aithint, thairis sin, go rannchuidíonn infheistíochtaí i bhfoirmeacha idirthréimhseacha breosla nach ndéanann dochar suntasach don chomhshaol le sprioc na soghluaisteachta atá neodrach ó thaobh na haeráide de ar fud réigiúin uile AE;

4. á chur i bhfáth go bhfuil sé ríthábhachtach, chun infheistíocht leordhóthanach i mbonneagar inbhuanaithe iompair a áirithiú, go ndéanfar gach ciste ábhartha de chuid AE (SCE, InvestEU, Fís Eorpach, Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa, etc.), iasachtaí ón mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) agus ionstraimí airgeadais eile a chur in oiriúint do riachtanais shonracha na hearnála iompair lena gcuirtear feabhas ar an aistriú inbhuanaithe, agus go ngabhfaidh na Ballstáit orthu féin an cistiú cuí a chur ar fáil; á thabhairt chun suntais go bhféadfadh sineirgí idir cláir ábhartha an Aontais i réimsí amhail an t-iompar, an fuinneamh agus an digitiú a bheith ríthábhachtach chun dlús a chur leis an dul chun cinn i dtreo fhorbairt na soghluaisteachta cliste agus inbhuanaithe ar leibhéal AE; á thabhairt chun suntais, thairis sin, go bhfuil an earnáil iompair agus lóistíochta comhdhéanta de mhicrifhiontair agus FBManna den chuid is mó, agus ag tathant ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, aird ar leith a thabhairt ar na cineálacha sin fiontar, e.g. trí rochtain níos fearr ar chistiú a chur ar fáil;

5. ag spreagadh AE agus na mBallstát úsáid na n-uirlisí atá ar fáil dóibh a uasmhéadú chun a áirithiú go rannchuideoidh an earnáil iompair leis an dícharbónú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go ndéanfaí measúnú tionchair ar na beartais agus na huirlisí uile a bheidh ann amach anseo (e.g. acmhainní dílse, leathnú ar an gCóras Trádála Astaíochtaí (ETS), costais sheachtracha) a mbíonn tionchar acu ar an earnáil iompair; á chreidiúint go láidir, thairis sin, gur cheart do na Ballstáit ioncam ó chánacha nó táillí agus ó ETS a bhaineann le hiompar a chur ar leataobh chun infheistíocht a chothú in inbhuanaitheacht na modhanna iompair ábhartha, chun na spriocanna maidir le héifeachtúlacht eacnamaíoch agus nascacht a bhaint amach;

6. á mheas go bhfuil gá le rialacha solúbtha maidir le státchabhair don aistriú chuig earnáil iompair agus lóistíochta atá neodrach ó thaobh na haeráide de, gan an machaire réidh laistigh den Eoraip a shaobhadh go díréireach; ag tathant ar an gCoimisiún soiléireacht a chur ar fáil maidir le tacaíocht stáit do thionscadail iompair inbhuanaithe; á chreidiúint go láidir, thairis sin, gur gá athbhreithniú a dhéanamh freisin ar na rialacha maidir le státchabhair d’aerfoirt chun líon na n-eitiltí ilchéime idir cinn scríbe san Eoraip a laghdú, rud a dhéanfadh laghdú suntasach ar astaíochtaí agus ar an am taistil agus a mhéadódh an éifeachtúlacht ag an am céanna;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún borradh a chur faoi úsáid InvestEU chun an turasóireacht agus an t-iompar inbhuanaithe a fhorbairt tuilleadh, lena n-áirítear gach modh agus gach bonneagar; á chur in iúl gur geal léi an méadú ar bhuiséad an chláir InvestEU a moladh le déanaí faoin ionstraim Next Generation EU; á mheas gur cheart don infheistíocht chliste sin ceannaireacht thionsclaíoch na hEorpa a dhreasú in earnálacha straitéiseacha agus i bpríomhshlabhraí luacha amhail an earnáil iompair agus lóistíochta, lena n-áirítear tionscal na haerloingseoireachta, agus i bhforbairt chórais na bhfeidhmchlár teileamaitice;

8. á iarraidh go leithdháilfí cistí ón gclár Fís Eorpach ar an taighde agus forbairt (T&F) atá tiomnaithe don earnáil iompair, go háirithe le haghaidh réitigh breosla ionadúil, cadhnraí agus comhpháirteanna do ghluaisteáin leictreacha, agus teicneolaíochtaí malartacha don rothstoc; á iarraidh, thairis sin, go dtabharfaí maoiniú leormhaith laistigh d’Fhís Eorpach do na Comhpháirtíochtaí Eorpacha atá tiomnaithe don iompar, amhail Clean Sky, Taighde um Bainistíocht Aerthráchta maidir leis an Aerspás Eorpach Aonair (SESAR), Shift2Rail agus Cealla Breosla agus Hidrigin (FCH);

9. á iarraidh ar an gCoimisiún modhanna iomchuí a chur san áireamh sa Sásra um Aistriú Cóir chun tacú le hationtú na dtionscal nach bhfuil a dtáirgí deiridh ag teacht leis an sprioc maidir le hAontas atá neodrach ó thaobh carbóin de;

10. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag an nuálaíocht agus an digitiú i ndícharbónú na hearnála iompair i gcomhréir le huaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip; á iarraidh go ndéanfaí infheistíocht sa digitiú, go háirithe i bhforbairt agus imlonnú na gCóras Cliste Iompair (ITS), na gCóras Faireacháin agus Faisnéise um Thrácht Árthach (VTMIS), na Seirbhísí Faisnéise Tráchta Abhann (RIS) agus an Chórais Eorpaigh um Bainistiú Tráchta Iarnróid (ERTMS);

11. á chreidiúint go bhfuil soghluaisteacht inbhuanaithe i ngach modh iompair agus bonneagar ilmhódach atá cothrom le dáta, lena n-áirítear an gréasán tras-Eorpach iompair (TEN-T) agus an fhorbairt a dhéanfar air amach anseo, ríthábhachtach chun geilleagar atá neodrach ó thaobh aeráide de a bhaint amach; á chur i bhfáth go bhfuil gá le plean infheistíochta nithiúil de chuid AE agus le bearta nithiúla ar leibhéal AE ar mhaithe leis an méadú ar chéatadán an iompair lasta iarnróid agus mhuirí in AE mar atá beartaithe sa Chomhaontú Glas don Eoraip; ag tathant ar an gCoimisiún, i ndáil leis sin, dlús a chur le hinfheistíochtaí, agus tús áite a thabhairt dóibh, ar infheistíochtaí iad le haghaidh tionscadail bhonneagair atá á gcur i gcrích chun deireadh a chur le scrogaill tráchta, an bhearna a líonadh idir naisc atá in easnamh, hidrigin ghlan a fhorbairt agus í a chur ar fáil agus an nuálaíocht inti a chur chun cinn san iompar ardluais ar iarnród agus sa loingseoireacht ar uiscebhealaí intíre, agus bearta maolaithe agus oiriúnaithe aeráide á bpríomhshruthú ag an am céanna;

12. á aithint gur gá feabhas suntasach a chur ar inseoltacht uiscebhealaí intíre na hEorpa; á iarraidh go mbunófaí maoiniú tiomnaithe laistigh d’ionstraimí cistiúcháin éagsúla, amhail SCE agus an Ciste Comhtháthaithe, nó i gcomhar le BEI;

13. á iarraidh go dtabharfaí tacaíocht do ‘Straitéis Tosaigh’ na hEagraíochta Muirí Idirnáisiúnta (IMO) agus go mbeadh straitéis shoiléir ann lena n-áirítear tagarmharcanna chun astaíochtaí a laghdú in earnáil mhuirí AE;

14. ag meabhrú an róil atá ag na Comhghnóthais Clean Sky 2 agus SESAR ó thaobh glanghéaruithe i dteicneolaíochtaí glasa a áirithiú arb é is aidhm dóibh an tsábháilteacht a fheabhsú agus astaíochtaí CO2 agus gás ceaptha teasa a laghdú, mar aon leis na leibhéil torainn a dhéanann aerárthaí; á iarraidh ar an gCoimisiún treochlár infheistíochta de chuid AE maidir leis an eitlíocht agus an aerloingseoireacht a fhorbairt agus tacú leis chun an nuálaíocht a spreagadh i dtreo na heitlíochta inbhuanaithe, lena n-áirítear taighde ar bhreoslaí malartacha, mar aon le hionstraimí a d‘fhéadfadh a bheith ann chun athsholáthar aerárthaí níos sine a dhreasú, d’fhonn an t-iomaíochas a chaomhnú agus ceannaireacht na hEorpa a choinneáil;

15. á thabhairt chun suntais go bhfuil ról lárnach ag Gníomhaireacht Iarnróid an Aontais Eorpaigh (ERA) agus ag an gComhghnóthas Shift2Rail ó thaobh aistriú marthanach ón mbóthar go dtí an t-iarnród a bhaint amach mar a leagtar amach sa Chomhaontú Glas don Eoraip; á chur i bhfáth go bhfuil ról lárnach ag an ngnóthas Shift2Rail ó thaobh constaicí teicniúla a shárú agus an idir-inoibritheacht a chur chun cinn, agus é d’aidhm aige, ar deireadh, an t-iompar iarnróid a dhéanamh níos saoire, níos éifeachtúla agus níos tarraingtí agus rannchuidiú le tionóiscí agus astaíochtaí CO2 a laghdú; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé infheistíocht AE in ERA agus Shift2Rail a mhéadú chun an Limistéar Eorpach Aonair Iarnróid a bhunú;

16. á mheas go bhfuil gá le cistí ó AE chun claochlú an tionscail gluaisteán i dtreo na haeráidneodrachta a áirithiú; á iarraidh, i ndáil leis sin, go mbeadh treochlár ann le haghaidh laghdú astaíochtaí ag an tionscal gluaisteán, bunaithe ar na cumais T&F agus teicneolaíochta, lena n-áirítear clár Eorpach tiomnaithe chun feithiclí a athchúrsáil, maoiniú ó AE chun imlonnú feithiclí astaíochtaí nialasacha a chur chun cinn, méaduithe ar tháirgeadh breoslaí malartacha inbhuanaithe agus imlonnú pointí athluchtaithe, agus infheistíocht i réitigh um shábháilteacht ar bhóithre atá nuálach agus cliste chun sprioc straitéiseach AE maidir le ‘Fís Nialais’ a chomhlíonadh; á chreidiúint gur cheart go mbeadh sé ina thosaíocht freisin an bonneagar a chur in oiriúint do phatrúin nua soghluaisteachta agus do chineálacha nua feithiclí, agus, i ndáil leis sin, á iarraidh go ndéanfaí treochlár maidir leis an mbonneagar bóthair a ailíniú le treochlár an tionscail gluaisteán maidir le hastaíochtaí a laghdú;

17. á chreidiúint go bhfuil an córas iompair phoiblí lárnach ó thaobh soghluaisteacht uirbeach inbhuanaithe a bhaint amach; á chur i bhfáth gur gá cur leis an tacaíocht a thugtar do ghréasáin agus flíteanna iompair phoiblí ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, mar uirlis éifeachtach don aistriú agus i dtreo na soghluaisteachta íseal-astaíochtaí, agus aistriú módach á chur chun cinn ag an am céanna, go háirithe in ionaid uirbeacha, mar aon leis an nascacht i gceantair thuaithe chun an comhtháthú críochach a chur chun cinn; á mheas go bhfuil sé ríthábhachtach go mbeadh nasc níos láidre ann idir maoiniú an chórais iompair uirbigh agus na Pleananna Soghluaisteachta Uirbí Inbhuanaithe (SUMPanna) chun borradh a chur faoi chlaochlú na soghluaisteachta uirbí; á iarraidh ar an gCoimisiún oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun pleananna agus beartais soghluaisteachta uirbí inbhuanaithe a fhorbairt, lena n-áirítear tacaíocht do chórais iompair phoiblí éifeachtúla agus do réitigh soghluaisteachta gníomhaí amhail siúl agus rothaíocht agus an inrochtaineacht agus an ilmhódúlacht a chur chun cinn i measc na modhanna éagsúla iompair;

18. á chur i bhfios go bhfuil iarmhairtí eacnamaíocha ann de dheasca phaindéim COVID-19 don earnáil iompair, go háirithe don iompar comhchoiteann do phaisinéirí; á iarraidh ar na Ballstáit an tionscal iompair a áireamh mar thosaíocht ina bpleananna náisiúnta téarnaimh, chun a áirithiú go mbeidh rochtain chuimsitheach aige ar na hacmhainní a leithdháiltear ó thionscnaimh éagsúla an Phlean Eorpaigh don Téarnamh; á iarraidh ar an gCoimisiún, thairis sin, oibriú i gcomhar leis na Ballstáit chun réitigh mhaoiniúcháin a áirithiú le haghaidh modhanna iompair chomhchoitinn do phaisinéirí, agus tionscnaimh infheistíochta cliste a leagan amach ar mhaithe le téarnamh inbhuanaithe agus athléimneach na hearnála;

19. á chreidiúint gur cheart go dtacódh an Plean Eorpach don Téarnamh le maoiniú a dhéanamh ar théarnamh agus claochlú inbhuanaithe earnáil na turasóireachta; á iarraidh ar na Ballstáit earnáil na turasóireachta agus an taistil a áireamh mar thosaíocht ina bpleananna náisiúnta téarnaimh, agus béim ar leith á leagan ar FBManna; á iarraidh ar an gCoimisiún ‘Treochlár de chuid AE don Turasóireacht Inbhuanaithe agus Athléimneach’ a fhorbairt chun borradh a chur faoin infheistíocht i mbearta nuálacha agus digitithe amhail tionscnaimh an gheilleagair chiorclaigh in earnáil na turasóireachta; á éileamh go mbunófaí Beartas Turasóireachta de chuid AE agus go ndéanfaí leithdháileadh sonrach buiséid a chruthú agus a thabhairt isteach maidir leis an turasóireacht inbhuanaithe, mar atá luaite go soiléir i seasamh na Parlaiminte maidir leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil don tréimhse 2021-2027;

20. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé go mbeadh aistriú cóir, cuimsitheach agus neamh-idirdhealaitheach ag gabháil leis an gComhaontú Glas chun a áirithiú gur féidir le gnólachtaí, FBManna agus lucht saothair na hearnála iompair dul in oiriúint, agus chun tacú leis na réigiúin (na réigiúin is forimeallaí san áireamh) agus na pobail is mó atá buailte, chun an comhtháthú críochach agus sóisialta a chaomhnú agus chun a áirithiú nach bhfágfar aon duine ná aon réigiún ar deireadh; á iarraidh ar an gCoimisiún na caillteanais post a d’fhéadfadh tarlú de bharr an ationtaithe san earnáil iompair agus san earnáil turasóireachta a chur san áireamh, trí bhreithniú a dhéanamh ar thacú le hinfheistíocht a bhaineann leis an gcuimsitheacht inbhuanaithe agus shóisialta, agus é mar aidhm, mar shampla, oiliúint agus athoiliúint oibrithe a chur chun cinn faoi ionú beartais nua na hinfheistíochta straitéisí Eorpaí laistigh den chlár InvestEU.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

14.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

38

6

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Andris Ameriks, José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Marco Campomenosi, Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Johan Danielsson, Andor Deli, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Ismail Ertug, Gheorghe Falcă, Giuseppe Ferrandino, Mario Furore, Søren Gade, Isabel García Muñoz, Jens Gieseke, Elsi Katainen, Kateřina Konečná, Elena Kountoura, Julie Lechanteux, Bogusław Liberadzki, Benoît Lutgen, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Marian-Jean Marinescu, Tilly Metz, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Philippe Olivier, Rovana Plumb, Dominique Riquet, Dorien Rookmaker, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, István Ujhelyi, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Lucia Vuolo, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Leila Chaibi, Angel Dzhambazki, Markus Ferber, Carlo Fidanza, Maria Grapini, Roman Haider, Alessandra Moretti

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

38

+

ECR

Angel Dzhambazki, Carlo Fidanza, Roberts Zīle, Kosma Złotowski

GUE/NGL

Leila Chaibi, Kateřina Konečná, Elena Kountoura

PPE

Magdalena Adamowicz, Andor Deli, Gheorghe Falcă, Markus Ferber, Jens Gieseke, Benoît Lutgen, Marian-Jean Marinescu, Giuseppe Milazzo, Cláudia Monteiro de Aguiar, Massimiliano Salini, Barbara Thaler, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska

RENEW

José Ramón Bauzá Díaz, Izaskun Bilbao Barandica, Søren Gade, Elsi Katainen, Caroline Nagtegaal, Jan-Christoph Oetjen, Dominique Riquet

S&D

Andris Ameriks, Johan Danielsson, Ismail Ertug, Giuseppe Ferrandino, Isabel García Muñoz, Maria Grapini, Bogusław Liberadzki, Alessandra Moretti, Rovana Plumb, István Ujhelyi

NI

Mario Furore

 

6

-

ID

Marco Campomenosi, Roman Haider, Julie Lechanteux, Philippe Olivier, Lucia Vuolo

NI

Dorien Rookmaker

 

5

0

VERTS/ALE#

Ciarán Cuffe, Jakop G. Dalunde, Karima Delli, Anna Deparnay-Grunenberg, Tilly Metz

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 


 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM THALMHAÍOCHT AGUS UM FHORBAIRT TUAITHE  (9.7.2020)

chuig an gCoiste um Buiséid agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

ar an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe – conas an Comhaontú Glas a mhaoiniú

(2020/2058(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Salvatore De Meo

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Thalmhaíocht agus um Fhorbairt Tuaithe ar an gCoiste um Buiséid agus ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, mar na coistí atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dtairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur in iúl gur geal léi an togra leasaithe ón gCoimisiún maidir leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil (CAI) an 27 agus an 28 Bealtaine 2020, lena n-áirítear an teachtaireacht uaidh an 27 Bealtaine dar teideal ‘Tráth na hEorpa: Deisiú agus Ullmhú don Chéad Ghlúin Eile’ (COM(2020)0456), leis an bhforáil atá ann chun maoiniú don chomhbheartas talmhaíochta (CBT) a mhéadú i gcomparáid leis an togra CAI a bhí ann roimhe seo; á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le hacmhainní breise sealadacha trí Chiste AE don Chéad Ghlúin Eile, ach á chur i bhfios go láidir go bhfuil an-tábhacht fós le CAI láidir a bheith ann; á chur i bhfios go láidir go bhfuil an méadú ar an maoiniú, i gcomparáid leis an togra CAI a bhí ann roimhe seo, riachtanach chun na cuspóirí agus na huaillmhianta atá beartaithe don CBT a bheidh ann amach anseo a bhaint amach, lena n-áirítear slándáil bia a áirithiú, caighdeán réasúnta maireachtála a áirithiú d’fheirmeoirí, cur le pobail bheoga tuaithe agus cuspóirí talmhaíochta an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach trí athléimneacht na hearnála agraibhia a neartú agus trí tháirgeadh inbhuanaithe bia a áirithiú; ag cur béim ar an bhfíoras nach amháin go bhfuil na cuspóirí sin ag brath ar CBT dea-mhaoinithe ach freisin ar ionstraimí eile CAI amhail taighde, infheistíocht sa nuálaíocht nó sa teicneolaíocht dhigiteach, agus na hacmhainní sin a dhéanamh níos inrochtana d’fheirmeoirí agus don earnáil agraibhia;

2. á chur in iúl gur geal léi an togra ón gCoimisiún maidir le EUR 15 bhilliún a leithdháileadh ar fhorbairt tuaithe i gcomhthéacs ionstraim AE don Chéad Ghlúin Eile, ach á chur in iúl gurb oth léi nár moladh aon leithdháileadh don chéad cholún de CBT san ionstraim nua seo, i bhfianaise an ghá atá le híocaíochtaí díreacha a atreisiú agus le tacú le cláir earnála chun cabhrú le feirmeoirí géarchéim COVID-19 a shárú agus cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a chomhlíonadh;

3. á chur in iúl gur geal léi an togra maidir le borradh a chur faoi na hacmhainní don Chiste um Aistriú Cóir (JTF) le EUR 32.5 billiún sa bhreis, lena n-áirítear le cistí breise ó ionstraim AE don Chéad Ghlúin Eile, mar aon leis an dá cholún bhreise den Sásra um Aistriú Cóir, eadhon scéim thiomnaithe faoi InvestEU agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí, agus á chur i bhfáth, chun go n-éireoidh le JTF agus leis an aistriú glas agus chun go rachaidh siad chun tairbhe na talmhaíochta agus na gceantar tuaithe, go gcaithfear iad a chur i gcrích ar bhealach cothrom, cuimsitheach agus ar mhodh a mbeidh bonn taca eolaíoch leis agus go ndéanfar an méid sin in éineacht le geallsealbhóirí;

4. á chur in iúl gur geal léi an méadú caipitil EUR 1.5 billiún atá beartaithe don Chiste Eorpach Infheistíochta agus á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá sé rochtain ar an airgeadas poiblí agus príobháideach a éascú do chuideachtaí beaga agus meánmhéide tuaithe, lena n-áirítear feirmeacha, chun tacú le hinfheistíocht ghlas mhéadaithe, le forbairt uirlisí digiteála agus an rochtain a bhíonn orthu, leis an nuachóiriú agus leis an nuálaíocht, a chuirfidh ar chumas feirmeoirí, na hearnála talmhaíochta agus na gceantar tuaithe aghaidh a thabhairt ar na dúshláin agus glacadh leis na deiseanna chun cuspóirí agus uaillmhianta an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach;

5. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta a úsáid, i gcás inarb iomchuí, chun tacaíocht chomhlántach a chur ar fáil d’fheirmeoirí na hEorpa agus do ghnólachtaí comharchumainn chun go bhféadfaidh siad déileáil go comhleanúnach leis na dúshláin atá ag eascairt as an ngá atá le comhlíonadh na rialacha nua a áirithiú agus chun go bhféadfaidh siad dul in oiriúint do dhrochthionchair an athraithe aeráide ar bhealach nach gcuireann táirgeadh bia i mbaol agus lena n-urramaítear prionsabal na hinbhuanaitheachta;

6. á mheas go bhfuil an Coimisiún, trína thograí leasaithe maidir le CAI agus maidir le AE don Chéad Ghlúin Eile, tar éis céim chun tosaigh, a bhfuil fáilte roimpi, a ghlacadh i dtreo sheasamh na Parlaiminte, eadhon go gcaithfear, sa chéad chreat airgeadais eile do AE, an méid atá dírithe ar an talmhaíocht agus ar fhorbairt tuaithe a choimeád ar a leibhéal reatha i dtéarmaí réadacha ar a laghad ar fad; á iarraidh ar an gComhairle Eorpach aon laghduithe ar na méideanna atá curtha i leataobh don talmhaíocht agus d’fhorbairt tuaithe sna tograí is déanaí ón gCoimisiún a chur as an áireamh; á áitiú go gcaithfear aon bhearta breise a bhaineann leis an aistriú glas, lena n-áirítear cuspóirí na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus na straitéise Bithéagsúlachta, a mhaoiniú le hairgead úr agus le hacmhainní dílse breise AE; á chur i bhfios nár cheart na bearta breise faoin gComhaontú Glas don Eoraip a mhaoiniú ar chostas mhaoiniú CBT atá ann cheana;

7. á chur i bhfáth don Choimisiún nach mór don aistriú glas sa talmhaíocht cur chuige cothrom a áirithiú maidir leis na trí ghné den inbhuanaitheacht, i.e. an ghné shóisialta, an ghné chomhshaoil agus an ghné eacnamaíoch; á chur i bhfios go láidir a thábhachtaí atá Airteagal 2.1(b) de Chomhaontú Pháras, lena n-aithnítear an tosaíocht bhunúsach a bhaineann le slándáil bia a choimirciú trí chur leis an gcumas oiriúnú do dhrochthionchair an athraithe aeráide;

8. ag tabhairt dá haire gur ann don teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (COM(2020)0021), ach ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil na heilimintí a mholtar inti, lena n-áirítear an Ciste um Aistriú Cóir, ag brath go hiomlán ar chomhaontú uaillmhianach maidir le CAI; á chur in iúl gur cúis mhór buartha di go bhféadfadh sé, mar gheall ar thús-ualú chistí buiséid AE chun ceanglais nua chaiteachais de dheasca phaindéim COVID-19 a chumhdach, go mbeadh tionchar aige sin ar chumas na hearnála talmhaíochta cuspóirí na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus na straitéise Bithéagsúlachta a bhaint amach toisc go mbeadh níos lú tacaíochta ag feirmeoirí AE, rud a bheadh thar a bheith díobhálach má táthar ag dréim leis go ndéanfaidís na hoibleagáidí nua faoin gComhaontú Glas a chomhlíonadh; á chur i bhfios go láidir nach mór go mbeidh an t-aistriú i dtreo na hinbhuanaitheachta cóir, cothrom agus freagrach, agus go mbeidh baint ag na hearnálacha eacnamaíocha agus sóisialta uile leis chun go seachnófar aon bhrú míchuí ar earnáil na talmhaíochta;

9. á thabhairt dá haire go bhfuil an Plean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe ag brath go pointe áirithe ar shlua-chistiú in infheistíocht phríobháideach, ar dócha nach mbeidh fáil chomh mór sin air sna blianta tar éis phaindéim COVID-19, agus á thabhairt dá haire go mbaineann níos mó tábhachta arís le CAI láidir dá bharr;

10. á chur i bhfios gurb í an talmhaíocht in AE agus an t-aon phríomhchóras ar domhan a laghdaigh a chuid astaíochtaí gás ceaptha teasa (laghdú de 20% ó 1990 i leith);

11. á chur i bhfáth nach mór na túsphointí agus na féidearthachtaí éagsúla chun forbairt a dhéanamh ar réigiúin agus ar Bhallstáit éagsúla a chur san áireamh agus pleananna naisiúnta á bhforbairt, agus maoiniú á leithdháileadh agus sa pheirspictíocht airgeadais níos fadtéarmaí;

12. á iarraidh ar an gCoimisiún athruithe a dhéanamh ar na rialacha Státchabhrach agus na rialacha iomaíochta chun nach ndéanfar dochar do chomóntacht CBT;

13. á mheabhrú go gcuirfidh CBT nuachóirithe agus inbhuanaithe go cinntitheach le rath spriocanna ginearálta agus uaillmhianacha aeráide AE agus go ndéanfaidh sé slándáil bia a áirithiú ag an am céanna, agus go ndíreofar cuid shuntasach de CBT ar thacú le cuspóirí a bhaineann leis an aeráid; á mheabhrú go bhfuil an t-athchóiriú ar CBT fós ar bun agus nach ndearnadh cinneadh fós faoin ranníocaíocht bheacht le cuspóirí agus ceanglais maidir leis an gcomhshaol agus an aeráid; á chur i bhfáth go mbeidh baint amach na gcuspóirí sin ag brath, den chuid is mó, ar chistí leordhóthanacha a bheith leithdháilte i mbuiséid amach anseo; á chur i bhfios i ndáil leis sin nár cheart go mbeadh íosghrádú ar ár gcuspóirí, go háirithe an cuspóir chun slite beatha inbhuanaithe a áirithiú dár bhfeirmeoirí, mar thoradh ar chur chun feidhme an Chomhaontaithe Ghlais agus na straitéise ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’, agus ag cur béim ar an bhfíoras nach féidir níos mó a iarraidh ar fheirmeoirí agus níos lú maoinithe ann; ag tnúth le dul i mbun caibidlíochta leis an gComhairle maidir le CBT a bheidh ann amach anseo d’fhonn teacht ar chomhaontú agus d’fhonn cinnteacht pleanála a sholáthar do tháirgeoirí AE, agus ag cur béim ar an bhfíoras gurb é an togra athchóirithe ón gCoimisiún an bonn ar a bhfuil na comhreachtóirí ag obair agus nár cheart é a mhodhnú nó a tharraingt siar ag an gcéim seo;

14. á thabhairt dá haire go ndéanann an Coimisiún, ina theachtaireacht maidir leis an bPlean Infheistíochta d’Eoraip Inbhuanaithe (COM(2020)0021), riachtanais shuntasacha infheistíochta a shainaithint sa talmhaíocht, go sonrach chun dul i ngleic le dúshláin chomhshaoil níos leithne, lena n-áirítear cailliúint na bithéagsúlachta agus truailliú; á thabhairt chun suntais, áfach, go gcuireann an Coimisiún síos ar na riachtanais sin mar mheastacháin choimeádacha, ós rud é go bhfuil easpa sonraí ann chun measúnú cruinn a dhéanamh ar riachtanais infheistíochta maidir le hoiriúnú don aeráid agus athshlánú nó athchóiriú éiceachóras agus na bithéagsúlachta;

15. ag tarraingt aird ar tháirgeadh amhábhar in-athnuaite agus fuinnimh in-athnuaite ar bhonn intíre agus ar bhealach atá seasmhach in aghaidh géarchéimeanna agus á iarraidh, chun Straitéis Bhithgheilleagair AE a chur chun feidhme agus chun leanúint dá brú ar aghaidh, go dtabharfar faoi mhóriarracht i bhfoirgníocht adhmaid agus faoi mhóriarracht athchóirithe lena ndíreofar ar amhábhair in-athnuaite intíre agus fuinnimh in-athnuaite agus inbhuanaithe a úsáid;

16. á iarraidh go ndéanfar ceanglais mhéadaitheacha éiceolaíocha a fhritháireamh ó thaobh airgeadais de i gcónaí; á chur i bhfios nach dtéann coinníollacha aontaobhacha chun tairbhe do thalmhaíocht na hEorpa ná don chomhshaol más é an toradh a bhíonn leo go n-athlonnaítear táirgeadh bia Eorpaigh go tríú tíortha;

17. ag cur béim ar an ngá atá le prionsabal ginearálta an chomhionannais inscne a fhorfheidhmiú i gcomhthéacs bhearta CBT a bhfuil sé mar aidhm leo cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach, chun a ráthú go n-áireofar banfheirmeoirí san aistriú éiceolaíoch;

18. á chur i bhfios gur nocht an ráig de COVID-19 a thit amach le deireanas an ról straitéiseach atá ag an talmhaíocht i ndáil le bia sábháilte agus ardcháilíochta a sholáthar ar phraghsanna inacmhainne agus i ndáil le géarchéim bhia a sheachaint; ag cur i dtreis a thábhachtaí a bhí ról na ‘n-oibrithe riachtanacha’ sna hearnálacha talmhaíochta agus próiseála bia le linn na géarchéime, agus á áitiú go gcaithfidh na hoibrithe sin tairbhe a bhaint as dálaí oibre atá cuí agus sábháilte; á áitiú nach bhféadfaidh allmhairiú táirgí ó thríú tíortha nach gcomhlíonann caighdeáin sábháilteachta bia, cosanta comhshaoil, leasa ainmhithe agus shóisialta AE an bonn a bhaint ó na hiarrachtaí atá á ndéanamh ag feirmeoirí AE ar bhia a tháirgeadh ar bhealach níos inbhuanaithe; ag tabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé foghlaim ó ghéarchéim COVID-19, go háirithe maidir le hearnálacha straitéiseacha;

19. á mheas, chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach ar an leibhéal Eorpach agus chun iad a chur chun cinn ar an leibhéal idirnáisiúnta, go gcaithfidh an Coimisiún measúnú a dhéanamh ar na rátaí taraife allmhairithe do tháirgí talmhaíochta agus méadú orthu a mholadh do na tíortha sin nár chuir caighdeáin agus ceanglais i bhfeidhm, atá inchomparáide leo sin atá in AE, maidir lena dtáirgeoirí talmhaíochta, nó nach ndearna foráil dá gcur i bhfeidhm sa todhchaí is intuartha;

20. á chur in iúl gur geal léi an uaillmhian atá leagtha amach sa straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ chun critéir íosta éigeantacha a fhorbairt do sholáthar bia inbhuanaithe agus chun úsáid cistí pobail a ailíniú leis an gComhaontú Glas; á iarraidh go ndéanfar ábhair imní maidir leis an gcothú agus leis an tsláinte a chomhtháthú níos mó i soláthar poiblí bia;

21. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé maoiniú a dhéanamh ar thaighde agus ar nuálaíocht lena bhféachtar le teicneolaíochtaí glasa agus malartacha aistrithe a shainaithint, agus á chreidiúint go gcaithfidh rochtain a bheith ag gach feirmeoir, lena n-áirítear feirmeoirí beaga, orthu;

22. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go mbeidh coimircí seachtracha leordhóthanacha ann do tháirgí íogaire talmhaíochta agus á shonrú go gcaithfear, le linn an phróisis sin, na hardchaighdeáin a bhaineann le táirgeadh bia in AE a léiriú go soiléir do thomhaltóirí;

23. á áitiú go bhfuil gá le hacmhainní breise airgeadais a sholáthar a rachaidh níos faide ná an t-imchlúdach CBT atá ann d’éilimh feirmeoirí a eascraíonn as géarchéim COVID-19 nó as cásanna eile géarchéime;

24. á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar, sa straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ agus sa bheartas aeráide a bheidh ann amach anseo araon, talmhaíocht na hEorpa a aithint mar earnáil a mbaineann tábhacht shistéamach léi agus go ndéanfar slándáil an tsoláthair, mar thoisc chobhsaíochta, a chur san áireamh agus a choinneáil i gcuimhne i gcónaí;

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

7.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

37

8

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Mazaly Aguilar, Clara Aguilera, Atidzhe Alieva-Veli, Álvaro Amaro, Eric Andrieu, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Adrian-Dragoş Benea, Benoît Biteau, Mara Bizzotto, Daniel Buda, Isabel Carvalhais, Asger Christensen, Angelo Ciocca, Ivan David, Paolo De Castro, Jérémy Decerle, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Luke Ming Flanagan, Dino Giarrusso, Francisco Guerreiro, Martin Häusling, Martin Hlaváček, Krzysztof Jurgiel, Jarosław Kalinowski, Elsi Katainen, Gilles Lebreton, Norbert Lins, Chris MacManus, Mairead McGuinness, Marlene Mortler, Ulrike Müller, Maria Noichl, Juozas Olekas, Pina Picierno, Maxette Pirbakas, Eugenia Rodríguez Palop, Bronis Ropė, Bert-Jan Ruissen, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Michaela Šojdrová, Veronika Vrecionová

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Franc Bogovič, Francesca Donato, Valter Flego, Claude Gruffat, Balázs Hidvéghi, Pär Holmgren, Zbigniew Kuźmiuk, Tilly Metz, Christine Schneider, Marc Tarabella, Riho Terras, Irène Tolleret, Thomas Waitz

 


TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

37

+

ECR

Mazaly Aguilar, Krzysztof Jurgiel

EPP

Álvaro Amaro, Daniel Buda, Salvatore De Meo, Herbert Dorfmann, Jarosław Kalinowski, Norbert Lins, Mairead McGuinness, Marlene Mortler, Anne Sander, Petri Sarvamaa, Simone Schmiedtbauer, Annie Schreijer-Pierik, Michaela Šojdrová

GUE/NGL

Eugenia Rodríguez Palop

ID

Gilles Lebreton, Maxette Pirbakas

NI

Dino Giarrusso

S&D

Clara Aguilera, Eric Andrieu, Attila Ara-Kovács, Carmen Avram, Adrian-Dragoş Benea, Isabel Carvalhais, Paolo De Castro, Maria Noichl, Juozas Olekas, Pina Picierno

Renew

Atidzhe Alieva-Veli, Asger Christensen, Jérémy Decerle, Martin Hlaváček, Elsi Katainen, Ulrike Müller, Irène Tolleret

Verts/ALE

Bronis Ropė

 

8

-

ECR

Veronika Vrecionová

GUE/NGL

Luke Ming Flanagan, Chris MacManus

ID

Ivan David

Verts/ALE

Benoît Biteau, Francisco Guerreiro, Pär Holmgren, Tilly Metz

 

3

0

ECR

Bert-Jan Ruissen

ID

Mara Bizzotto, Angelo Ciocca

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (16.7.2020)

chuig an gCoiste um Buiséid agus chuig an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta

maidir leis an bPlean Infheistíochta Eorpach inbhuanaithe - Conas is féidir an Comhaontú Glas a mhaoiniú

(2020/2058(INI))

Rapóirtéir: Romeo Franz

 

 

PA_NonLeg


 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta, mar na coistí atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina dtairiscint i gcomhair rúin:

1. á chur i bhfios go láidir, maidir le Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta, mar phríomhchláir AE maidir le hoideachas, saorálaíocht agus cultúr, gur uirlis bhunriachtanach iad sa fhreagairt dhomhanda ar an athrú aeráide agus go bhfuil príomhról acu chun oideachas a chothú sna scileanna atá ag teastáil don aistriú glas, chun feasacht faoi shaincheisteanna comhshaoil agus an aistrithe aeráide a mhéadú, go háirithe i measc daoine óga i saorálaíocht chun an comhshaol a chosaint, agus i réitigh chruthaitheacha, chuimsitheacha agus inrochtana a fhorbairt chun dul i ngleic leis na dúshláin chomhshaoil agus rannchuidiú i dtreo spriocanna forbartha inbhuanaithe AE a bhaint amach; ag cur béim maidir leis sin ar a thábhachtaí atá intéirneachtaí talmhaíochta le tacaíocht ó Erasmus +;

2. á mheas go gcaithfidh an plean infheistíochta beartais, cláir agus cistí ábhartha eile an Aontais a chomhlánú, go háirithe iad siúd a bhaineann le hoideachas agus le daoine óga, cultúr agus spórt, talmhaíocht agus forbairt tuaithe, agus an comhshaol agus an aeráid;

3. á chur i bhfios gur cheart don phlean infheistíochta tacú le taighde ar réitigh nádúrbhunaithe, teicneolaíochtaí glasa agus réitigh inbhuanaithe eile a chabhróidh leis an gcomhshaol agus leis an aeráid a chosaint; á chur i bhfios go láidir gur cheart go háirithe go mbeadh rochtain ag gnólachtaí nuathionscanta, ag gairmithe óga agus ag daoine óga atá ag obair ar réitigh ghlasa nuálacha ar chistiú;

4. á chur i bhfios go bhféadfar, faoin bplean infheistíochta, maoiniú a thiomnú do thionscadail théamacha i réimse an oideachais, na saorálaíochta agus an chultúir; á iarraidh ar an gCoimisiún dlús a chur le sineirgí idir an Comhaontú Glas agus Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta chun a modhanna sonracha chun dul i ngleic le saincheisteanna comhshaoil a chomhlánú agus spreagadh smaointeoireachta a chothú ina leith;

5. ag cur i bhfáth go bhfuil gá lena áirithiú go ndéanfar gach beart a ghlacfar i réimse na n-earnálacha cultúrtha agus cruthaitheacha tar éis dul i gcomhairle leis na heagraíochtaí go léir a dhéanann ionadaíocht ar na geallsealbhóirí agus ar na hoibrithe éagsúla agus d’fhonn fostaíocht a choinneáil agus cruthú post a chothú;

6. á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le scileanna agus inniúlachtaí nua ag an aistriú i dtreo sochaí atá neodrach ó thaobh na haeráide de; ag tabhairt dá haire gur cheart cistí a leithdháileadh ina leith sin maidir le cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme do mhic léinn agus d’oibrithe chun soláthar a dhéanamh don tsainoiliúint, don eolas agus do na scileanna atá riachtanach chun oiriúnú don chomhthéacs socheacnamaíoch nua agus chun go mbeifí rathúil ann;

7. á iarraidh ar an gCoimisiún dreasachtaí airgeadais a thabhairt isteach sa phlean infheistíochta chun cláir Erasmus+, an Cór Dlúthpháirtíochta Eorpach agus Eoraip na Cruthaitheachta a chomhlánú i dtreo modh iompair inbhuanaithe, níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol, agus cuimsiú agus inrochtaineacht a chur chun cinn freisin; á chur in iúl go bhfuil sé den tuairim gur cheart dreasachtaí den sórt sin a bheith tacaithe le buiséad uaillmhianach agus tiomnaithe laistigh den phlean infheistíochta; ag tathant ar an gCoimisiún rannpháirtithe a spreagadh agus a chumasú an modh iompair is lú truailliú a roghnú, go háirithe an traein, ach ag an am céanna gan na rannpháirtithe nach bhfuil aon rogha acu seachas aeriompar a stiogmatú, idirdhealú a dhéanamh ina n-aghaidh ná iad a eisiamh;

8. á chur i bhfios go láidir go mbeidh éifeachtúlacht fuinnimh fheabhsaithe foirgneamh ar cheann de phríomhchumasóirí an aistrithe i dtreo geilleagar atá neodrach ó thaobh carbóin de; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil gá le hinfheistíochtaí méadaithe chun foirgnimh atá dian ar fhuinneamh, scoileanna, ollscoileanna agus institiúidí oideachais agus cultúrtha eile a athchóiriú chun a bhfeidhmíocht fuinnimh a fheabhsú agus ar an gcaoi sin iad a dhéanamh níos inbhuanaithe agus níos neamhdhíobhálaí don aeráid;

9. á chur in iúl gur cúis bhuartha dó faoin staid a d'eascair as géarchéim COVID-19, go háirithe staid na ndaoine agus na n-earnálacha is leochailí, mar shampla daoine féinfhostaithe agus fiontraithe a bhfuil a ngnólachtaí agus a bpoist faoi bhagairt, nó teaghlaigh a bhfuil orthu aghaidh a thabhairt ar dhrochthionchair na dífhostaíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún go ndéanfar na bearta uile is gá chun an togra do phlean infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais a oiriúnú chun cur chuige comhordaithe le bearta éigeandála a fhorbairt, amhail an Tionscnamh Infheistíochta mar Fhreagairt ar an gCoróinvíreas agus scéim SURE atá molta, agus ionstraimí téarnaimh, agus á iarraidh go measfaí go straitéiseach infheistíochtaí i réimse an chultúir, an oideachais, na hóige agus an spóirt chun an t-aistriú glas atá curtha chun cinn tríd an gComhaontú Glas a chothú.

10. á iarraidh ar an gCoimisiún comhar níos láidre AE a éileamh i réimse an oideachais ar an gcomhshaol agus ar an athrú aeráide;

11. á chur i bhfios go láidir an méid a chuireann staidéir agus cláir shonracha ó thaobh ábhair de leis an réimse sin.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

13.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

24

5

1

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Christine Anderson, Andrea Bocskor, Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Romeo Franz, Alexis Georgoulis, Hannes Heide, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Predrag Fred Matić, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Niklas Nienaß, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Isabel Benjumea Benjumea, Marcel Kolaja

Comhaltaí ionaid faoi Riail 209(7) a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Angel Dzhambazki

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

24

+

PPE

Asim Ademov, Isabel Benjumea Benjumea, Andrea Bocskor, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver

S&D

Hannes Heide, Petra Kammerevert, Predrag Fred Matić, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Massimiliano Smeriglio

RENEW

Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva

VERTS/ALE

Romeo Franz, Marcel Kolaja, Niklas Nienaß

GUE/NGL

Alexis Georgoulis, Niyazi Kizilyürek

 

5

-

ID

Christine Anderson, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re

ECR

Angel Dzhambazki, Andrey Slabakov

 

1

0

ECR

Dace Melbārde

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 



FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

16.10.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

68

16

13

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Rasmus Andresen, Clotilde Armand, Gunnar Beck, Marek Belka, Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Robert Biedroń, Anna Bonfrisco, Gilles Boyer, Olivier Chastel, Lefteris Christoforou, Paolo De Castro, Francesca Donato, Derk Jan Eppink, Engin Eroglu, Markus Ferber, José Manuel Fernandes, Jonás Fernández, Raffaele Fitto, Frances Fitzgerald, José Manuel García-Margallo y Marfil, Eider Gardiazabal Rubial, Luis Garicano, Alexandra Geese, Valentino Grant, Claude Gruffat, Elisabetta Gualmini, Francisco Guerreiro, Enikő Győri, Valérie Hayer, Eero Heinäluoma, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Danuta Maria Hübner, Stasys Jakeliūnas, Herve Juvin, Othmar Karas, Billy Kelleher, Mislav Kolakušić, Moritz Körner, Joachim Kuhs, Zbigniew Kuźmiuk, Georgios Kyrtsos, Aurore Lalucq, Hélène Laporte, Pierre Larrouturou, Aušra Maldeikienė, Margarida Marques, Pedro Marques, Costas Mavrides, Jörg Meuthen, Csaba Molnár, Siegfried Mureşan, Caroline Nagtegaal, Luděk Niedermayer, Lefteris Nikolaou-Alavanos, Andrey Novakov, Jan Olbrycht, Dimitrios Papadimoulis, Piernicola Pedicini, Lídia Pereira, Kira Marie Peter-Hansen, Sirpa Pietikäinen, Dragoș Pîslaru, Evelyn Regner, Antonio Maria Rinaldi, Bogdan Rzońca, Alfred Sant, Joachim Schuster, Ralf Seekatz, Pedro Silva Pereira, Nicolae Ştefănuță, Paul Tang, Irene Tinagli, Nils Torvalds, Ernest Urtasun, Nils Ušakovs, Inese Vaidere, Johan Van Overtveldt, Rainer Wieland, Angelika Winzig, Stéphanie Yon-Courtin, Marco Zanni, Roberts Zīle

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Matteo Adinolfi, Manon Aubry, Tiziana Beghin, Damien Carême, Tamás Deutsch, Niels Fuglsang, Henrike Hahn, Martin Hlaváček, Eugen Jurzyca, Petros Kokkalis, Eva Maydell, Mick Wallace

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

68

+

GUE/NGL

Petros Kokkalis, Dimitrios Papadimoulis

NI

Tiziana Beghin, Mislav Kolakušić, Piernicola Pedicini

PPE

Isabel Benjumea Benjumea, Stefan Berger, Lefteris Christoforou, Markus Ferber, José Manuel Fernandes, José Manuel García-Margallo y Marfil, Niclas Herbst, Monika Hohlmeier, Danuta Maria Hübner, Othmar Karas, Georgios Kyrtsos, Aušra Maldeikienė, Eva Maydell, Siegfried Mureşan, Luděk Niedermayer, Jan Olbrycht, Lídia Pereira, Sirpa Pietikäinen, Ralf Seekatz, Inese Vaidere, Rainer Wieland, Angelika Winzig

RENEW

Clotilde Armand, Gilles Boyer, Olivier Chastel, Luis Garicano, Valérie Hayer, Moritz Körner, Dragoș Pîslaru, Nils Torvalds, Stéphanie Yon-Courtin, Nicolae Ştefănuță

S&D

Marek Belka, Robert Biedroń, Paolo De Castro, Jonás Fernández, Niels Fuglsang, Eider Gardiazabal Rubial, Elisabetta Gualmini, Eero Heinäluoma, Aurore Lalucq, Pierre Larrouturou, Margarida Marques, Pedro Marques, Costas Mavrides, Csaba Molnár, Evelyn Regner, Alfred Sant, Joachim Schuster, Pedro Silva Pereira, Paul Tang, Irene Tinagli, Nils Ušakovs

Verts/ALE

Rasmus Andresen, David Cormand, Alexandra Geese, Francisco Guerreiro, Damien Carême, Claude Gruffat, Henrike Hahn, Stasys Jakeliūnas, Kira Marie Peter-Hansen, Ernest Urtasun

16

-

ECR

Derk Jan Eppink, Raffaele Fitto, Eugen Jurzyca, Zbigniew Kuźmiuk, Bogdan Rzońca, Roberts Zīle

GUE/NGL

Mick Wallace

ID

Gunnar Beck, Herve Juvin, Joachim Kuhs, Hélène Laporte, Jörg Meuthen

NI

Lefteris Nikolaou-Alavanos

RENEW

Engin Eroglu, Billy Kelleher, Caroline Nagtegaal

13

0

ECR

Johan Van Overtveldt

GUE/NGL

Manon Aubry

ID

Matteo Adinolfi, Anna Bonfrisco, Francesca Donato, Valentino Grant, Antonio Maria Rinaldi, Marco Zanni

PPE

Tamás Deutsch, Frances Fitzgerald, Enikő Győri, Andrey Novakov

RENEW

Martin Hlaváček

 

Eochair do na siombailí a úsáidtear:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

An nuashonrú is déanaí: 9 Samhain 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais