Tuarascáil - A9-0200/2020Tuarascáil
A9-0200/2020

TUARASCÁIL ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint

29.10.2020 - (COM(2020)0360 – C9‑0279/2020 – 2020/0165(CNS)) - *

An Coiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta
Rapóirtéir: Irene Tinagli
(Nós imeachta simplithe – Riail 52(1) de na Rialacha Nós Imeachta)

Nós Imeachta : 2020/0165(CNS)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0200/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0200/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

DRÉACHT-RÚN REACHTACH Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar an togra le haghaidh treoir ón gComhairle lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint

(COM(2020)0360 – C9‑0279/2020 – 2020/0165(CNS))

(An gnáthnós imeachta reachtach – comhairliúchán)

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don togra ón gCoimisiún chuig an gComhairle (COM(2020)0360),

 ag féachaint d’Airteagal 113 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, ar dá bhun a chuaigh an Chomhairle i gcomhairle leis an bParlaimint (C9‑0279/2020),

 ag féachaint do Riail 82 dá Rialacha Nós Imeachta,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta (A9-0200/2020),

1. ag formheas an togra ón gCoimisiún;

2. á iarraidh ar an gComhairle fógra a thabhairt don Pharlaimint má tá sé ar intinn aici imeacht ón téacs a d’fhormheas an Pharlaimint;

3. á iarraidh ar an gComhairle dul i gcomhairle leis an bParlaimint arís má tá sé ar intinn aici an téacs a d’fhormheas an Pharlaimint a leasú go substaintiúil;

4. á threorú dá hUachtarán a seasamh a chur ar aghaidh chuig an gComhairle, chuig an gCoimisiún agus chuig na parlaimintí náisiúnta.


 

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN

Amhail ón 1 Eanáir 2021, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag reachtaíocht CBL an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe. Mar sin féin, ar bhonn an Phrótacail maidir le hÉirinn/Tuaisceart Éireann, ar cuid den Chomhaontú um Tharraingt Siar é, beidh Tuaisceart Éireann faoi reachtaíocht CBL an Aontais maidir le hearraí d'fhonn teorainn chrua idir Éire agus Tuaisceart Éireann a sheachaint. I gcás seirbhísí, os a choinne sin, meastar go bhfuil Tuaisceart Éireann, in éineacht leis an gcuid eile den Ríocht Aontaithe, lasmuigh den Aontas.

Ionas go bhfeidhmeoidh córas CBL an Aontais mar is ceart, tá sé ríthábhachtach daoine inchánach a shainaithint chun críocha CBL de réir rialacha an Aontais, is é sin le rá daoine a bhíonn ag dáileadh soláthairtí earraí i dTuaisceart Éireann nó éadálacha earraí laistigh den Chomhphobal.

I bhfianaise an mhéid sin, tá sé tábhachtach go ndéantar na daoine inchánach sin a shainaithint i dTuaisceart Éireann trí bhíthin uimhir aitheantais CBL ar leithleach de chuid an Aontais, a dheonaítear de réir rialacha an Aontais agus atá difriúil le haon uimhir aitheantais CBL sa Ríocht Aontaithe. D’fhéadfadh sé gur ghá uimhir aitheantais CBL sin an Aontais a dheonú sa bhreis ar an uimhir aitheantais CBL a úsáidtear sa Ríocht Aontaithe i gcás, mar shampla, ina soláthraíonn gnólacht earraí agus seirbhísí araon i dTuaisceart Éireann.

I gcás gnólachtaí, go háirithe iad siúd atá i mbun trádáil earraí chuig Tuaisceart Éireann agus as Tuaisceart Éireann, ba cheart é a bheith soiléir sothuigthe cé na rialacha atá i bhfeidhm, is iad sin na rialacha atá i bhfeidhm san Aontas nó na rialacha is infheidhme sa Ríocht Aontaithe. Tá ról tábhachtach ag uimhir aitheantais CBL an Aontais i bhfeidhmiú chóras CBL an Aontais, e.g. chun bonn cirt a thabhairt leis an díolúine do sholáthairtí earraí laistigh den Chomhphobal, ‘soláthairtí laistigh den Chomhphobal’ mar a thugtar orthu, chun na nósanna imeachta um aisíocaíocht CBL is infheidhme a chinneadh.

Dá bhrí sin, molann an Coimisiún go mbeadh an réimír shonrach “XI” roimh uimhreacha aitheantais CBL i dTuaisceart Éireann.

Tacaíonn an rapóirtéir leis an togra sin. Níl sé i gceist aici é a leasú agus molann sí go nglacfaí tuairim PE faoin nós imeachta simplithe (Riail 52) chun go bhféadfar an togra a ghlacadh go gasta in am maith roimh mhí Eanáir 2021.


AN NÓS IMEACHTA – COISTE FREAGRACH

Teideal

Lena leasaítear Treoir 2006/112/CE maidir leis an gcóras comhchoiteann cánach breisluacha i ndáil le daoine inchánach i dTuaisceart Éireann a shainaithint

Tagairtí

COM(2020)0360 – C9-0279/2020 – 2020/0165(CNS)

An dáta a ndearnadh comhairliúchán leis an bParlaimint

28.8.2020

 

 

 

An coiste freagrach

 Dáta a fógartha sa suí iomlánach

ECON

14.9.2020

 

 

 

Rapóirtéirí

 Dáta an cheapacháin

Irene Tinagli

7.9.2020

 

 

 

Nós Imeachta simplithe - dáta an chinnidh

27.10.2020

Pléite sa choiste

27.10.2020

 

 

 

Dáta a ghlactha

27.10.2020

 

 

 

Dáta don chur síos

29.10.2020

 

 

An nuashonrú is déanaí: 30 Deireadh Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais